13 1985

/images/harp.jpg


Uimhir 13 de 1985


AN tACHT CHUN TAIRBH I GCOMHAIR SÍOLRÚCHÁIN A RIALÚ, 1985


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Srian le tairbh a shealbhú.

3.

Cead chun tarbh neamhchláraithe a shealbhú.

4.

Deimhniú nó cead a thabhairt ar aird lena iniúchadh.

5.

Tairbh a iniúchadh.

6.

Cumhacht an Aire a ordú tarbh a choilleadh nó a mharú.

7.

Fógraí a sheirbheáil.

8.

Cionta.

9.

Deimhniú nó cead a úsáid go calaoiseach.

10.

Ionchúiseamh i leith cionta.

11.

Rialacháin.

12.

Aisghairm.

13.

Caiteachais.

14.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.


An tAcht Dá dTagraítear

An tAcht Síolrúcháin Eallach Stuic, 1925

1925, Uimh. 3

/images/harp.jpg


Uimhir 13 de 1985.


AN tACHT CHUN TAIRBH I GCOMHAIR SÍOLRÚCHÁIN A RIALÚ, 1985

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH RIALÁIL AGUS RIALÚ TARBH A ÚSÁIDTEAR I gCOMHAIR SÍOL-RÚCHÁIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AN tACHT SÍOLRÚCHÁIN EALLACH STUIC, 1925 , A AISGHAIRM. [16 Iúil, 1985]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “eagraíocht cheadaithe” eagraíocht síolraitheoirí nó comhlachas a choimeádann leabhar tréada agus atá aitheanta ag an Aire mar eagraíocht a chomhlíonann na critéir arna mbunú le Cinneadh Uimh. 84/247/CEE an 27ú lá d'Aibreán, 1984, ón gCoimisiún;(1)

ciallaíonn “tarbh” fireannach iomlán den speiceas buaibheach os cionn naoi mí d'aois;

ciallaíonn “deimhniú”, i ndáil le tarbh, deimhniú arna eisiúint ag eagraíocht cheadaithe á dheimhniú go bhfuil an tarbh taifeadta i leabhar tréada de chuid na heagraíochta sin nó, más faoi bhun cúig mhí dhéag d'aois don tarbh, go bhfuil sé intaifeadta sa leabhar tréada sin;

ciallaíonn “leabhar tréada” aon leabhar, clár nó comhad—

(a) a choimeádann eagraíocht cheadaithe, agus

(b) ina dtaifeadtar nó ina gcláraítear tairbh shíolrúcháin íonsíolraithe mar aon le lua a sinsear;

ciallaíonn “cigire” aon duine arna údarú ag an Aire chun gach cumhacht nó aon cheann de na cumhachtaí a thugtar do chigire faoin Acht seo a fheidhmiú nó chun gach dualgas nó aon cheann de na dualgais a fhorchuirtear ar chigire faoin Acht seo a dhéanamh;

ciallaíonn “Aire” an tAire Talmhaíochta;

ciallaíonn “cead” cead arna dheonú faoi alt 3 den Acht seo;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin faoi alt 11 den Acht seo;

ciallaíonn “tarbh cláraithe” tarbh atá taifeadta nó, más faoi bhun cúig mhí dhéag d'aois don tarbh, atá intaifeadta i leabhar tréada síolraigh agus forléireofar “tarbh neamhchláraithe” dá réir sin.

Srian le tairbh a shealbhú.

2. —Ar thosach feidhme an Achta seo agus dá éis sin, ní bheidh sé dleathach d'aon duine tarbh neamhchláraithe a bheith ina sheilbh aige mura mbeidh an sealbhú sin údaraithe le cead faoi alt 3 den Acht seo.

Cead chun tarbh neamhchláraithe a shealbhú.

3. —(1) Féadfaidh an tAire, in imthosca forordaithe agus ar an táille fhorordaithe a bheith íoctha, cead a dheonú do dhuine á údarú don duine tarbh neamhchláraithe a bheith ina sheilbh aige faoi réir agus de réir cibé coinníollacha a bheidh sonraithe sa chead.

(2) Má fhaigheann an sealbhóir ar chead bás roimh dheireadh na tréimhse a luaitear an cead a bheith i bhfeidhm lena linn, féadfaidh ionadaí pearsanta an tsealbhóra an tarbh lena mbaineann an cead a bheith ina sheilbh aige go ceann tréimhse nach mó ná trí mhí ó dháta báis an tsealbhóra nó go dtí dáta éagtha an cheada, cibé acu is luaithe, agus ní cheanglóidh aon ní san Acht seo ar an ionadaí pearsanta, le linn na tréimhse sin, cead a fháil ina ainm féin chun an tarbh a bheith ina sheilbh aige agus measfar, le linn na tréimhse sin, gur deonaíodh an cead don ionadaí pearsanta.

(3) Féadfaidh an tAire cead arna dheonú faoin alt seo a chúlghairm nó a chur ar fionraí.

Deimhniú nó cead a thabhairt ar aird lena iniúchadh.

4. —(1) Beidh sé de dhualgas ar gach sealbhóir ar dheimhniú nó ar chead an deimhniú nó an cead, de réir mar a bheidh, a thabhairt ar aird, nó a chur faoi deara é a thabhairt ar aird, lena iniúchadh aon uair a iarrfaidh duine díobh seo a leanas air déanamh amhlaidh—

(a) cigire, nó

(b) comhalta den Gharda Síochána.

(2) Maidir le héileamh ar dheimhniú nó, de réir mar a bheidh, ar chead a thabhairt ar aird, measfar, chun críocha an ailt seo, go ndearnadh ar shealbhóir an deimhnithe nó an cheada é más ó bhéal san áit a gcoinnítear an tarbh lena mbaineann an deimhniú nó an cead a dhéantar an t-éileamh ar aon duine atá i bhfostaíocht an tsealbhóra ar an deimhniú nó ar an gcead agus a bhfuil an tarbh, de thuras na huaire, faoina chúram, faoina urláimh nó faoina choimeád.

(3) Beidh sé de dhualgas—

(a) ar aon duine a bhfuil tarbh faoina choimeád aige, agus

(b) ar úinéir aon tailte nó áitribh ar a bhfaighfear tarbh, nó ar aon duine ag a bhfuil urlámh nó bainisteoireacht ar aon tailte nó áitreabh den sórt sin,

má iarrann cigire nó comhalta den Gharda Síochána sin air, ainm agus seoladh úinéir an tairbh agus an duine a choinníonn an tarbh a thabhairt, a mhéid is eol dó na hainmneacha agus na seoltaí sin, don chigire nó, de réir mar a bheidh, don chomhalta den Gharda Síochána.

Tairbh a iniúchadh.

5. —(1) Féadfaidh cigire nó comhalta den Gharda Síochána, gach tráth réasúnach, chun a chumhachtaí faoin Acht seo a fheidhmiú, dul isteach ar aon talamh a gcreideann sé, le réasún, tarbh a bheidh á choinneáil ann.

(2) Aon uair a rachaidh cigire nó comhalta den Gharda Síochána isteach ar aon talamh de bhun fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh sé aon tarbh a gheobhaidh sé ann a iniúchadh agus a scrúdú chun a fhionnadh an tarbh cláraithe nó tarbh neamhchláraithe an tarbh agus féadfaidh sé, le linn dó a bheith ar an talamh, aon deimhniú nó cead, de réir mar a bheidh, nó aon doiciméid eile a bhaineann leis an tarbh a scrúdú.

Cumhacht an Aire a ordú tarbh a choilleadh nó a mharú.

6. —(1) Aon uair a chreidfidh an tAire go bhfuil tarbh neamhchláraithe nó tarbh nach bhfuil cead bailí ann i ndáil leis ar aon talamh, féadfaidh an tAire fógra a sheirbheáil, de bhun an ailt seo, ar úinéir an tairbh, ar aon duine is úinéir ainme an tairbh nó ar aon duine a bhfuil an tarbh ina sheilbh aige á cheangal ar an duine a bhfuil an fógra dírithe chuige ceann amháin de na nithe seo a leanas a dhéanamh, de réir mar is gá sa chás, laistigh den am (nach giorra ná 28 lá) a bheidh sonraithe san fhógra, is é sin le rá—

(a) a chur faoi deara an tarbh a choilleadh nó a mharú, nó

(b) más tarbh neamhchláraithe an tarbh, iarratas a dhéanamh ar chead faoin Acht seo i leith an tairbh.

(2) Aon uair nach ndéanfaidh an duine ar a seirbheálfar fógra de bhun an ailt seo téarmaí an fhógra a chomhlíonadh laistigh den am a bheidh sonraithe san fhógra, féadfaidh an tAire a ordú go ndéanfar an tarbh lena mbaineann an fógra a choilleadh nó, de réir mar is gá sa chás, a mharú, ar chostas a úinéara.

(3) Aon uair a bheartóidh an tAire a ordú, de bhun fho-alt (2) den alt seo, tarbh a choilleadh nó a mharú, déanfaidh sé fógra faoin mbeartú a sheirbheáil ar gach duine ar ar seirbheáladh fógra faoi fho-alt (1) den alt seo, agus má dhéanann aon duine den sórt sin uiríll chuige i scríbhinn nó má dhéantar aon uiríll chuige i scríbhinn thar ceann aon duine den sórt sin laistigh de cheithre lá dhéag, breithneoidh an tAire na huiríll.

(4) Aon uair a ordóidh an tAire, de bhun fho-alt (2) den alt seo, tarbh a choilleadh nó a mharú, féadfaidh aon duine a bheidh údaraithe chuige sin ag an Aire dul isteach in aon áitreabh ina bhfuil an tarbh, nó a bhféadfar a chreidiúint le réasún go bhfuil sé ann, agus le linn dó a bheith san áitreabh féadfaidh sé an tarbh a choilleadh nó, de réir mar a bheidh, a mharú, nó an tarbh a thabhairt chun bealaigh lena mharú de réir ordacháin an Aire.

(5) Duine a bheidh údaraithe ag an Aire de bhun fho-alt (4) den alt seo chun dul isteach in aon áitreabh agus aon tarbh a choilleadh nó a mharú nó an tarbh a thabhairt chun bealaigh lena mharú, tabharfar cóip dá údarú dó agus déanfaidh sé, le linn aon chumhachtaí a thugtar dó leis an Acht seo a fheidhmiú, an chóip a thabhairt ar aird lena hiniúchadh d'aon duine lena mbaineann, má iarrann an duine sin air déanamh amhlaidh.

(6) Aon chaiteachais a thabhóidh an tAire i ndáil le tarbh a choilleadh nó a mharú de bhun an ailt seo, íocfaidh úinéir an tairbh iad leis an Aire ar iad a éileamh agus féadfaidh an tAire iad a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Fógraí a sheirbheáil.

7. —(1) Féadfar fógra faoi alt 6 den Acht seo a bheidh dírithe chuig duine a bhféadfar é a sheirbheáil air de bhun fho-alt (1) nó (3) den alt sin a sheirbheáil ar an duine sin ar cheann de na dóigheanna seo a leanas—

(a) i gcás a mbeidh sé dírithe chuig duine ina ainm, trína sheachadadh ar an duine sin, nó trína fhágáil ag seoladh na háite ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine a bhfuil sé dírithe chuige;

(b) trína sheachadadh ar dhuine os cionn sé bliana déag d'aois ar na tailte nó san áitreabh ina bhfuil an tarbh lena mbaineann sé á choinneáil an tráth sin;

(c) trína chur, leis an bpost réamhíoctha, chuig an duine a bhfuil sé dírithe chuige ag an áit chónaithe dheireanach is eol a bheith aige nó ag an áit dheireanach arbh eol an tarbh, lena mbaineann sé, a bheith á choinneáil inti.

(2) Murab eol ainm úinéara tairbh lena mbaineann fógra faoi alt 6 den Acht seo agus mura féidir ainm an úinéara sin a fháil amach go héasca trí fhiosrú réasúnach, féadfar an fógra a dhíriú chuig úinéir an tairbh gan é a ainmniú agus féadfar é a sheirbheáil—

(a) trína chur leis an bpost chuig na tailte ar gnách an tarbh lena mbaineann an fógra a choinneáil orthu, nó

(b) trína sheachadadh ar dhuine os cionn sé bliana déag d'aois ar na tailte ar gnách an tarbh lena mbaineann an fógra a choinneáil orthu.

Cionta.

8. —(1) Duine a mbeidh tarbh neamhchláraithe ina sheilbh aige contrártha d'alt 2 den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £600 a chur air.

(2) Gach sealbhóir ar dheimhniú nó ar chead a mhainneoidh an deimhniú nó an cead a thabhairt ar aird nó a chur faoi deara é a thabhairt ar aird, de réir mar a bheidh, aon uair a iarrfar air de bhun alt 4 den Acht seo déanamh amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £250 a chur air.

(3) Gach duine a dhiúltóidh, nuair a iarrfaidh cigire nó comhalta den Gharda Síochána air déanamh amhlaidh de bhun alt 4 (3) den Acht seo, agus ainm agus seoladh úinéara tairbh nó an duine a choinníonn tarbh ar eolas aige, an t-ainm agus an seoladh, a iarrfar a thabhairt don chigire nó don chomhalta sin, de réir mar a bheidh, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £250 a chur air.

(4) Duine a bhacfaidh nó a choiscfidh cigire nó comhalta den Gharda Síochána agus é ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar don chigire nó don chomhalta sin le halt 5 den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(5) Duine a bhacfaidh nó a choiscfidh duine agus é ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó de bhua alt 6 den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

Deimhniú nó cead a úsáid go calaoiseach.

9. —(1) Duine a dhéanfaidh aon deimhniú nó cead a dheonófar faoin Acht seo a athrú nó a úsáid go calaoiseach nó a cheadóidh aon deimhniú nó cead a dheonófar faoin Acht seo a athrú nó a úsáid go calaoiseach, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.

(2) Aon uair a dhéanfar duine a mbeidh cead deonaithe dó faoi alt 3 den Acht seo a chiontú i gcion faoi fho-alt (1) den alt seo, tabharfaidh sé an deimhniú suas don Aire, air sin, agus beidh an cead ar neamhní agus gan éifeacht ó dháta an chiontaithe.

Ionchúiseamh i leith cionta.

10. —(1) Féadfaidh an tAire ionchúiseamh a shaothrú i leith gach ciona faoin Acht seo.

(2) Chun críocha ionchúisimh i leith alt 2 den Acht seo a shárú, measfar tarbh a bheith ina seilbh ag na daoine seo a leanas, is é sin le rá, duine—

(a) arb é úinéir an tairbh é;

(b) a bhfuil an tarbh tugtha ar iasacht, ar fruiliú nó ar léas dó;

(c) arb é úinéir na dtailte é, nó arb é an duine é ag a bhfuil urlámh nó bainisteoireacht ar na tailte, ar a gcoinnítear an tarbh agus nach suíonn go raibh an tarbh ar an talamh gan fhios dó nó gan a thoiliú.

(3) In ionchúiseamh i leith ciona faoin Acht seo, toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur tarbh lena mbaineann an tAcht seo fireannach iomlán den speiceas buaibheach ar ina leith a thionscnófar ionchúiseamh.

(4) In ionchúiseamh i leith ciona faoin Acht seo, doiciméad arna eisiúint ag oifigeach údaraithe de chuid eagraíochta ceadaithe á fhianú nach bhfuil tarbh taifeadta nó nach bhfuil sé intaifeadta i leabhar tréada de chuid an tsíolraigh sin, is fianaise é, gan cruthú ar shíniú an duine a airbheartaíonn gurbh é a shínigh an doiciméad nó gurbh é an duine ceart é lena shíniú, ar na nithe a bheidh fianaithe sa doiciméad, go dtí go suífear a mhalairt.

Rialacháin.

11. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le haon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú.

(2) Rialacháin a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar iad faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin ina dhiaidh sin, rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin.

Aisghairm.

12. —Aisghairtear leis seo an tAcht Síolrúcháin Eallach Stuic, 1925 .

Caiteachais.

13. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

14. —(1) Féadfar an tAcht chun Tairbh i gcomhair Síolrúcháin a Rialú, 1985 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a shocróidh an tAire le hordú.

(1) IO Uimh. L125 an 12.5.1984, 1. 58.