3 1986

/images/harp.jpg


Uimhir 3 de 1987


ACHT NA gCANÁLACHA, 1986


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Gnóthas canála a aistriú chuig na Coimisinéirí.

3.

Foireann a aistriú.

4.

Doiciméid a aistriú.

5.

Dualgas ginearálta na gCoimisinéirí agus an Bhoird.

6.

Cumhachtaí na gCoimisinéirí.

7.

Cumhacht na gCoimisinéirí chun fodhlíthe a dhéanamh.

8.

Na costais a roinnt i leith oibreacha áirithe.

9.

Oibreacha áirithe a éascú.

10.

Oibreacha áirithe de chuid údarás áitiúil, etc. a éascú.

11.

Cearta dul isteach agus cearta slí.

12.

Cearta áirithe de chuid an Bhoird a fheidhmchoimeád agus na Coimisinéirí do theachtadh ceart áirithe.

13.

Cumhacht chun deacrachtaí a dhíchur.

14.

Leasú ar an Midland Great Western Railway of Ireland Act, 1894.

15.

Leasú ar an Acht Rialtais Áitiúil, 1946.

16.

Droichid chanála a aistriú.

17.

Airgead is iníoctha faoin Acht a bhailiú agus a dhiúscairt.

18.

Aisghairm.

19.

Caiteachais.

20.

An lá dílseacháin.

21.

Gearrtheideal.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Talamh nach n-aistrítear leis an Acht seo

AN DARA SCEIDEAL

Forálacha a bhaineann le fáil éigeantach

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Aisghairm achtachán


Na hAchtanna dá dTagraítear

(seachas Achtanna dá dTagraítear sa Tríú Sceideal)

Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919

9 agus 10 Geo. 5,

c. 57

Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956

1956, Uimh. 45

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967

1967, Uimh. 12

Finance Act, 1985

58 agus 59 Vict.,

c. 16

An tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959

1959, Uimh. 14

Lands Clauses Consolidation Act, 1845

8 agus 9 Vict.,

c. 18

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1946

1946, Uimh. 24

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1955

1955, Uimh. 9

An tAcht Rialtais Áitiúil (Bóithre agus Mótarbhealaí), 1974

1974, Uimh. 6

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

14 agus 15 Vict.,

c. 93

Public Offices Fees Act, 1879

42 agus 43 Vict.,

c. 58

An tAcht Ionstraimí Reachtúla, 1947

1947, Uimh. 44

Na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963

An tAcht Aoisliúntas agus Pinsean, 1976

1976, Uimh. 22

/images/harp.jpg


Uimhir 3 de 1986


ACHT NA gCANÁLACHA, 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AN CHANÁIL MHÓR AGUS AN CHANÁIL RÍOGA A AISTRIÚ Ó CHÓRAS IOMPAIR ÉIREANN GO DTÍ COIMISINÉIRÍ NA nOIBREACHA POIBLÍ IN ÉIRINN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS SIN. [11 Márta, 1986].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “an Bord” Córas Iompair Éireann;

folaíonn “bád” aon bháirse, soitheach nó dobharárthach eile;

ciallaíonn “na canálacha” an Chanáil Mhór agus an Chanáil Ríoga agus folaíonn sé aon uiscebhealaí eile de chuid an ghnóthais canála a bhí dílsithe don Bhord díreach roimh an lá dílseacháin;

ciallaíonn “an gnóthas canála” an gnóthas canála a bhí á oibriú ag an mBord díreach roimh an lá dílseacháin;

ciallaíonn “maoin chanála” an mhaoin a aistrítear leis an Acht seo;

ciallaíonn “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;

ciallaíonn “maoin chomhleasa” aon mhaoin a bhí, díreach roimh an lá dílseacháin, ar áitiú ag an mBord agus á húsáid ag an mBord chun iarnród an Bhoird agus na canálacha araon a oibriú;

folaíonn “talamh” aon talamh atá clúdaithe le huisce;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Cumarsáide;

ciallaíonn “an mhaoin iarnróid” maoin an Bhoird nach n-úsáidtear ach chun críocha iarnród an Bhoird atá tadhlach leis an maoin chanála

ciallaíonn “an lá dílseacháin” an lá a cheaptar mar lá dílseacháin fao alt 20.

(2) Aon tagairt san Acht seo d'alt nó do Sceideal, is tagairt í d'al den Acht seo, nó do Sceideal a ghabhann leis, mura gcuirtear in iú gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(3) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt nó do mhír, is tagairt í d'fho alt nó do mhír den alt ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gu tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(4) Déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán nó faoi aon achtachán ina dhiaidh sin.

Gnóthas canála a aistriú chuig na Coimisinéirí.

2. —(1) Ar an lá dílseacháin—

(a) déanfar iomlán an ghnóthais canála lena n-áirítear an mhaoir (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), na sócmhainní, na cumhachtaí, na cearta, na ceadúnais, na pribhléidí agus na dliteanais go léir a shealbhaigh, a theacht nó a thabhaigh an Bord i ndáil leis na nithe sin nó a bhaineann leo a aistriú de bhua an ailt seo chuig na Coimisinéirí ach sir faoi réir a n-aistrithe, más gá sin, i leabhair aon bhainc corparáide nó cuideachta, agus

(b) talamh uile an ghnóthais canála (seachas an talamh a thuairiscítear sa Chéad Sceideal) dílseoidh sé, de bhua an ailt seo, do na Coimisinéirí ar feadh eastát, cheart, theideal agus leas uile an Bhoird.

(2) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, féadfaidh na Coimisinéirí, ar an lá dílseacháin agus dá éis, na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí réamhráite go léir a theachtadh, a fheidhmiú agus a chur i bhfeidhm agus beidh siad faoi réir na ndliteanas réamhráite go léir agus, dá réir sin, gach fiach agus dliteanas eile i ndáil leis an ngnóthas canála a bhí, díreach roimh an lá dílseacháin, dlite den Bhord agus gan íoc aige nó tabhaithe agus gan ghlanadh aige, tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad, ar an lá dílseacháin, ina bhfiach nó ina ndliteanas de chuid na gCoimisinéirí agus íocfaidh nó glanfaidh na Coimisinéirí iad agus féadfar iad a ghnóthú ó na Coimisinéirí agus iad a fheidhmiú ina gcoinne dá réir sin.

(3) (a) Gach conradh a rinne an Bord i ndáil leis an ngnóthas canála agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá dílseacháin, leanfaidh sé i bhfeidhm ar an lá dílseacháin agus dá éis ionann is dá mba iad na Coimisinéirí a rinne é agus forléireofar é agus beidh éifeacht leis agus beidh sé infheidhmithe ag na Coimisinéirí nó ina gcoinne dá réir sin.

(b) Gach ceadúnas a thug an Bord i ndáil leis an ngnóthas canála agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá dílseacháin, leanfaidh sé i bhfeidhm ar an lá dílseacháin agus dá éis ionann is dá mba iad na Coimisinéirí a thug é agus forléireofar é agus beidh éifeacht leis agus beidh sé infheidhmithe ag na Coimisinéirí nó ina gcoinne dá réir sin.

(c) Gach doiciméad eile a dheonaigh nó a rinne an Bord i ndáil leis an ngnóthas canála agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá dílseacháin, leanfaidh sé i bhfeidhm ar an lá dílseacháin agus dá éis ionann is dá mba iad na Coimisinéirí a dheonaigh nó a rinne é agus forléireofar é agus beidh éifeacht leis agus beidh sé infheidhmithe ag na Coimisinéirí nó ina gcoinne dá réir sin.

(4) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear leis an alt seo féadfaidh na Coimisinéirí, ar an lá dílseacháin nó dá éis, agairt ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm ina n-ainm féin agus ní gá do na Coimisinéirí fógra faoin aistriú a dhéantar leis an alt seo a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag aon ábhar i gcaingean den sórt sin.

(5) I gcás go mbeidh, díreach roimh an lá dílseacháin, aon imeachtaí dlí ar feitheamh i ndáil leis an ngnóthas canála ar páirtí iontu an Bord, cuirfear ainm na gCoimisinéirí in ionad ainm an Bhoird sna himeachtaí agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an gcur in ionad sin.

(6) Tagairtí don Bhord a bhí, díreach roimh an lá dílseacháin, in aon reacht nó ionstraim reachtúil (de réir bhrí an Achta Ionstraimí Reachtúla, 1947) nó i meabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais aon chuideachta déanfar, a mhéid a bhaineann siad le haon ní a aistrítear leis an alt seo, iad a fhorléiriú, ar an lá dílseacháin agus dá éis, mar thagairtí do na Coimisinéirí.

(7) Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le haon mhaoin nó cearta a dhílsiú faoin alt seo.

(8) Ní chuirfidh aon ní san alt seo faoi deara go nglacfar leis na Coimisinéirí mar ghnóthaire canála nó mar chuideachta canála chun críocha an achtacháin seo nó aon achtacháin eile.

Foireann a aistriú.

3. —(1) Cibé daoine a bhí ar fostú ag an mBord díreach roimh an lá dílseacháin i ndáil leis an ngnóthas canála agus a ainmneoidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí, tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad, ar an lá dílseacháin, ina n-oifigigh nó ina seirbhísigh, de réir mar a bheidh, do na Coimisinéirí.

(2) (a) Duine lena mbaineann fo-alt (1) teachtfaidh sé, ar an lá dílseacháin, coinníollacha seirbhíse nach lú tairbhe san iomlán ná na coinníollacha seirbhíse a raibh sé faoina réir díreach roimh an lá dílseacháin—

(i) ag féachaint d'aon choigeartú ar an scála pá ar faoina threoir a fuair an duine sin luach saothair nó na coinníollacha i ndáil le pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú tráth scoir nó báis a raibh sé faoina réir díreach roimh an lá dílseacháin, agus

(ii) ag féachaint d'aon chúiteamh a tugadh don duine sin i leith a theachta chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach, de réir mar a bheidh, do na Coimisinéirí.

(b) Má éiríonn easaontas ar an lá dílseacháin nó dá éis i dtaobh méid an chúitimh (más ann) a tugadh do dhuine lena mbaineann fo-alt (1) i leith a theachta chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach, de réir mar a bheidh, do na Coimisinéirí, tarchuirfear an t-easaontas sin chuig an gCúirt Oibreachais agus cinnfidh an Chúirt méid an chúitimh (más ann).

(3) Aon duine lena mbaineann fo-alt (1), beidh a thréimhse seirbhíse i gcáil inphinsin leis an mBord ináirithe chun críocha—

(a) na nAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, agus an Achta Aoisliúntas agus Pinsean, 1976 ,

(b) na scéime pinsin neamhranníocaí do dhaoine a shealbhaíonn poist neamhbhunaithe (de réir bhrí Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 ),

de réir mar is iomchuí, amhail is dá mba sheirbhís de réir bhrí na nAchtanna sin an tseirbhís sin agus ní bheidh sí ináirithe chun críocha aon teidil nó sochair aoisliúntais, pinsin nó aisce eile is iníoctha tráth scoir nó báis nó a sholáthraíonn an Bord fad a fhanfaidh an duine sin i seirbhís na gCoimisinéirí.

(4) Ar an lá dílseacháin, déanfaidh iontaobhaithe aon scéime aoisliúntais de chuid an Bhoird ar comhalta di aon duine a aistrítear faoi fho-alt (1) gach urrús agus airgead atá á sealbhú faoin scéim thar ceann an duine sin nó i ndáil leis a aistriú chuig an Aire Airgeadais.

Doiciméid a aistriú.

4. —(1) Tabharfaidh an Bord do na Coimisinéirí, a luaithe is féidir tar éis an lae dílseacháin—

(a) gach doiciméad teidil, taifead, leabhar, léarscáil, plean, líníocht agus doiciméad eile a shealbhaíonn an Bord ar an lá dílseacháin agus a bhaineann go heisiach leis an maoin chanála, agus

(b) cóipeanna deimhnithe de gach doiciméad teidil, taifead, leabhar, léarscáil, plean, líníocht agus doiciméad eile a shealbhaíonn an Bord ar an lá dílseacháin agus a bhaineann leis an maoin chanála agus le maoin an Bhoird araon.

(2) Ceadóidh an Bord do na Coimisinéirí, dá seirbhísigh nó dá ngníomhairí na doiciméid dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b) a iniúchadh in oifigí an Bhoird i Stáisiún Heuston, Baile Átha Cliath, nó in aon oifig eile de chuid an Bhoird inar gnách na doiciméid sin a choimeád, gach tráth a bhíonn na hoifigí sin ar oscailt le haghaidh gnó.

(3) Déanfaidh an Bord, ar an lá dílseacháin, léarscáileanna arna síniú ag oifigeach don Bhord a bheidh údaraithe chuige sin ag an mBord agus ag oifigeach do na Coimisinéirí a bheidh údaraithe chuige sin ag na Coimisinéirí a thaisceadh sa Roinn Cumarsáide, agus beidh ar na léarscáileanna sin na focail “Arna dtaisceadh faoi Acht na gCanálacha, 1986 ” agus taispeánfar orthu, de réir an Chéad Sceidil, an talamh nach n-aistrítear faoi alt 2 agus a thuairiscítear i míreanna 3, 4 agus 5 den Sceideal sin.

(4) I bhfo-alt (1) ciallaíonn “cóip dheimhnithe”, i ndáil le doiciméad, cóip a mbeidh sé deimhnithe go cuí ina leith ag oifigeach don Bhord a bheidh údaraithe chuige sin ag an mBord gur cóip dhílis den doiciméad sin í.

Dualgas gincarálta na gCoimisinéirí agus an Bhoird.

5. —(1) Faoi réir fho-alt (2), beidh sé de dhualgas ar na Coimisinéirí, ar an lá dílseacháin agus dá éis, tabhairt faoi chúram, bainisteoireacht agus cothabháil na gcanálacha agus na maoine canála eile mar thaitneamhacht phoiblí lena n-úsáid ag an bpobal le haghaidh loingseoireachta i cibé codanna de na canálacha a bheidh oscailte le haghaidh loingseoireachta ó am go ham nó le haghaidh iascaireachta nó eile ar mhaithe le pléisiúr agus caitheamh aimsire an phobail agus féadfaidh na Coimisinéirí codanna áirithe de na canálacha agus de mhaoin chanála eile a ainmniú chun críocha áirithe lena n-áirítear críocha a ghabhann leis na críocha sin mar a dúradh.

(2) Rachaidh na Coimisinéirí i gcomhairle leis an Aire Turasóireachta, Iascaigh agus Foraoiseachta i ndáil le haon cheist a fhearann, nó a d'fhéadfadh fearadh, ar iasc, iascra, stoic éisc nó iascaireacht sna canálacha.

(3) Beidh sé de dhualgas ar an mBord agus ar na Coimisinéirí tabhairt faoi chúram, bainisteoireacht agus cothabháil maoine comhleasa fad a bheidh maoin den sórt sin faoi urláimh an Bhoird nó faoi urláimh na gCoimisinéirí.

Cumhachtaí na gCoimisinéirí.

6. —Beidh ag na Coimisinéirí na cumhachtaí sin go léir is gá chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh faoin Acht seo agus, gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, beidh cumhacht acu cúram, bainisteoireacht, rialú, cothabháil, deisiú, feabhsú agus forbairt na gcanálacha agus na maoine canála eile a ghabháil de láimh agus—

(a) aon uisce is gá chun críocha na gcanálacha a tharraingt ó aon fhoinse ar bith a raibh teideal ag an mBord uisce den sórt sin a tharraingt uaithi roimh an lá dílseacháin, cibé acu de bhua aon achtacháin nó ar shlí eile;

(b) na canálacha a dhreideáil, a leathnú nó a dhoimhniú nó sruth na gcanálacha a athrú nó iad a fheabhsú ar shlí eile nó an soláthar uisce do na canálacha a fheabhsú agus chun na críche sin aon sruthán, abhainn, draein nó cainéal a iompraíonn aon soláthar uisce den sórt sin a dhreideáil, a leathnú nó a dhoimhniú agus aon phíopa a iompraíonn soláthar den sórt sin a athsholáthar nó a dheisiú;

(c) aon loc, cé, cuan, duga tirim, cora, bealach éisc, fánán, stáisiún caidéalaithe, foirgneamh, cosán tarraingthe, droichead, uisce-rian, claífort, lintéar nó bóthar (seachas bóthar poiblí de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Bóithre agus Mótarbhealaí), 1974 ) ar na canálacha, tharstu nó in aice leo a thógáil, a athrú, a thacú nó a fheabhsú;

(d) aon talamh nó aon éasúint nó ceart eile thar talamh a fháil agus a dhiúscairt agus féadfaidh siad, más gá, de réir an Dara Sceideal, aon talamh nó aon éasúint nó ceart eile thar talamh a fháil go héigeantach;

(e) leibhéil uisce na gcanálacha a athrú gan dochar do cheart an Bhoird nó aon duine eile uisce a fháil ó na canálacha;

(f) aon chuid de chanáil nach mbeidh ag teastáil le haghaidh loingseoireachta a dhúnadh in aghaidh loingseoireachta agus aon chuid de chanáil a bhí dúnta roimhe sin in aghaidh loingseoireachta a athoscailt agus a dhearbhú go bhfuil sí inseolta;

(g) maoin chanála a léasú nó a ligean le haon duine agus úsáid na gcanálacha agus uisce canála ag aon duine a cheadúnú.

Cumhacht na gCoimisinéirí chun fodhlíthe a dhéanamh.

7. —(1) Ar an lá dílseacháin agus dá éis, féadfaidh na Coimisinéirí fodhlíthe a dhéanamh maidir le cúram, bainisteoireacht, cothabháil agus rialú na gcanálacha agus maoine canála eile agus maidir le húsáid na gcanálacha agus maoine canála eile a rialáil agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, i ndáil le haon ní amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a) rialáil na gcoinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha i dtaobh sábháilteachta) faoina bhféadfar báid a úsáid ar na canálacha;

(b) aon chuid de na canálacha a dhúnadh in aghaidh loingseoireachta;

(c) aon chuid de na canálacha nach bhfuil oscailte le haghaidh loingseoireachta a oscailt le haghaidh loingseoireachta;

(d) leibhéil uisce na gcanálacha a athrú;

(e) snámh sna canálacha a rialáil;

(f) iascaireacht sna canálacha a rialáil (seachas nithe a bhféadfaidh an tAire Turasóireachta, Iascaigh agus Foraoiseachta fodhlíthe a dhéanamh ina leith faoi alt 9 den Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 );

(g) cosc a chur le damáiste do na canálacha nó do mhaoin chanála eile;

(h) aon bhád nó rud atá, nó a d'fhéadfadh a bheith, ina chontúirt don bheatha, do loingseoireacht nó do stoic éisc nó a chuirfeadh isteach ar shlí eile ar úsáid chuí na gcanálacha nó maoine canála eile a thógáil as na canálacha nó as aon mhaoin chanála eile;

(i) táillí, dolaí agus muirir a mhuirearú agus a shocrú maidir le húsáid na gcanálacha ag báid (lena n-áirítear úsáid loc ar na canálacha agus feistiú ar na canálacha) agus maidir le huisce a thógáil as na canálacha.

(2) Beidh i bhfodhlíthe faoin alt seo na forálacha teagmhasacha, foghabhálacha agus coimhdeacha sin go léir a mheasfaidh na Coimisinéirí is gá nó is fóirsteanach chun críocha na bhfodhlíthe.

(3) Duine a sháróidh fodhlí faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 (agus ina theannta sin, i gcás sárú leanúnach, fíneáil nach mó ná £100 in aghaidh gach lae a leanfar den sárú gan dul thar méid iomlán is ionann is £1,000 nuair a chuirtear le haon fhíneáil eile í faoin mír seo i ndáil leis an sárú lena mbaineann) nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil nó na fíneálacha sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000 (agus ina theannta sin, i gcás sárú leanúnach, fíneáil nach mó ná £500 in aghaidh gach lae a leanfar den sárú) nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil nó na fíneálacha sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(4) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le cion lena mbaineann fo-alt (3) amhail is dá sonrófaí ann, in ionad na bpionós dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) den alt sin, na pionóis dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) (a) den alt seo, agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin 13 do na pionóis dá bhforáiltear san fho-alt sin (3) a fhorléiriú, agus beidh éifeacht léi, dá réir sin.

(5) I gcás go ndéanfaidh comhlacht corpraithe cion lena mbaineann fo-alt (3) agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú nó go bhfuil sé inchurtha i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine (nó aon duine ag gníomhú thar ceann an duine sin) is stiúrthóir, bainisteoir nó rúnaí ar an gcomhlacht sin, beidh an duine sin, nó an duine a bheidh ag gníomhú amhlaidh, de réir mar a bheidh, ciontach sa chion sin freisin.

(6) (a)  Féadfaidh na Coimisinéirí imeachtaí a thionscnamh mar gheall ar chion achomair faoin alt seo.

(b)  D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre mar gheall ar chion lena mbaineann fo-alt (3) a thionscnamh laistigh de 12 mhí ó dháta an chiona.

(7) Gach fodhlí a dhéanfaidh na Coimisinéirí faoin alt seo, leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas é a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an fodhlí a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an fhodhlí sin, beidh an fodhlí sin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin bhfodhlí sin.

Na costais a roinnt i leith oibreacha áirithe.

8. —(1) I gcás go ndéanfaidh an Bord obair a rachaidh chun tairbhe do mhaoin na gCoimisinéirí agus ar gá le réasún a leithéid a dhéanamh le haghaidh chúram, bhainisteoireacht, rialú, chothabháil, dheisiú fheabhsú nó fhorbairt na maoine iarnróid, íocfaidh na Coimisinéirí leis an mBord cibé suim is réasúnach ag féachaint do chostas na hoibre a rinneadh agus do chineál agus do mhéid na tairbhe do mhaoin na gCoimisinéirí de thoradh na hoibre sin.

(2) I gcás go ndéanfaidh na Coimisinéirí obair a rachaidh chun tairbhe do mhaoin an Bhoird agus ar gá le réasún a leithéid a dhéanamh le haghaidh chúram, bhainisteoireacht, rialú, chothabháil dheisiú, fheabhsú nó fhorbairt na maoine canála, íocfaidh an Bord leis na Coimisinéirí cibé suim is réasúnach ag féachaint do chostas na hoibre a rinneadh agus do chineál agus do mhéid na tairbhe do mhaoin an Bhoird de thoradh na hoibre sin.

Oibreacha áirithe a éascú.

9. —(1) Tabharfaidh an Bord do na Coimisinéirí, dá seirbhísigh nó dá ngníomhairí gach saoráid ar an maoin iarnróid, nó i ndáil léi, a theastóidh ó na Coimisinéirí le réasún le haghaidh chúram, bhainisteoireacht, rialú, chothabháil, dheisiú, fheabhsú nó fhorbairt aon chuid den mhaoin chanála atá tadhlach leis an maoin iarnróid.

(2) Tabharfaidh na Coimisinéirí don Bhord, dá sheirbhísigh nó dá ghníomhairí gach saoráid ar an maoin chanála, nó i ndáil léi, a theastóidh ón mBord le réasún le haghaidh chúram, bhainisteoireacht, rialú, chothabháil, dheisiú, fheabhsú nó fhorbairt aon chuid den mhaoin iarnróid.

(3) I gcás go dtabharfaidh an Bord saoráidí do na Coimisinéirí faoi fho-alt (1), agus go bhfulaingeoidh an Bord aon chailliúint nó go dtabhóidh sé aon chaiteachas dá dhroim sin, íocfaidh na Coimisinéirí leis an mBord méid is comhionann le méid na cailliúna nó an chaiteachais.

(4) I gcás go dtabharfaidh na Coimisinéirí saoráidí don Bhord faoi fho-alt (2), agus go bhfulaingeoidh na Coimisinéirí aon chailliúint nó go dtabhóidh siad aon chaiteachas dá dhroim sin, íocfaidh an Bord leis na Coimisinéirí méid is comhionann le méid na cailliúna nó an chaiteachais.

Oibreacha áirithe de chuid údarás áitiúil, etc. a éascú.

10. —Féadfaidh na Coimisinéirí—

(a)  aon chuid de na canálacha a dhúnadh go sealadach in aghaidh loingseoireachta, agus

(b)  leibhéal uisce aon chuid de na canálacha a athrú go sealadach,

lena chumasú d'údarás áitiúil nó do dhuine eile aon oibreacha a bheidh riachtanach a dhéanamh, le toiliú na gCoimisinéirí, ar an maoin chanála nó gar di:

Ar choinníoll nach ndéanfaidh aon ní san alt seo difear—

(i) do chearta an Bhoird faoi alt 9(2) nó 12(1) nó

(ii) d'aon chomhaontú a bheidh ar marthain ar an lá dílseacháin agus lena ndéantar socrú maidir le huisce a sholáthar ó na canálacha.

Cearta dul isteach agus cearta slí.

11. —(1) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c) féadfaidh an Bord, trína sheirbhísigh nó trína ghníomhairí, i gcás gur gá déanamh amhlaidh, ar an lá dílseacháin nó dá éis, chun obair a dhéanamh i ndáil le cúram, bainisteoireacht, rialú, cothabháil, deisiú, feabhsú nó forbairt na maoine iarnróid, dul isteach sa mhaoin chanála agus, más gá déanamh amhlaidh chun aon obair den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh sé an mhaoin chanála a áitiú agus leas a bhaint aisti ar shlí eile.

(b) Sula bhfeidhmeoidh an Bord aon chumhachtaí faoi mhír (a) (chun críche seachas chun obair a dhéanamh is gá go práinneach), tabharfaidh sé fógra do na Coimisinéirí go bhfuil beartaithe aige dul isteach amhlaidh agus féadfaidh na Coimisinéirí coinníollacha a shonrú i ndáil leis an bhfeidhmiú sin (ar coinníollacha réasúnacha iad).

(c) Tar éis aon chumhachtaí faoi mhír (a) a fheidhmiú chun obair a dhéanamh ba ghá go práinneach, cuirfidh an Bord é sin in iúl do na Coimisinéirí a luaithe is féidir.

(2) (a)  Faoi réir mhír (b), féadfaidh na Coimisinéirí, trína seirbhísigh nó trína ngníomhairí, i gcás gur gá déanamh amhlaidh ar an lá dílseacháin nó dá éis, chun obair a dhéanamh i ndáil le cúram, bainisteoireacht, rialú, cothabháil, deisiú, feabhsú nó forbairt na maoine canála, dul isteach sa mhaoin iarnróid agus, más gá déanamh amhlaidh chun aon obair den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh siad an mhaoin iarnróid a áitiú agus leas a bhaint aisti ar shlí eile.

(b)  Sula bhfeidhmeoidh na Coimisinéirí aon chumhachtaí faoi mhír (a), tabharfaidh siad fógra don Bhord go bhfuil beartaithe acu dul isteach amhlaidh agus féadfaidh an Bord coinníollacha a shonrú i ndáil leis an bhfeidhmiú sin (ar coinníollacha réasúnacha iad).

(3) Comhlíonfaidh an Bord aon choinníollacha a shonróidh na Coimisinéirí faoi fho-alt (1) (b) agus comhlíonfaidh na Coimisinéirí aon choinníollacha a shonróidh an Bord faoi fho-alt (2) (b).

(4) I gcás go bhfulaingeoidh na Coimisinéirí aon chailliúint nó go dtabhóidh siad aon chaiteachas de dheasca an Bord d'fheidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le fo-alt (1) (a), íocfaidh an Bord leis na Coimisinéirí méid is comhionann le méid na cailliúna nó an chaiteachais.

(5) I gcás go bhfulaingeoidh an Bord aon chailliúint nó go dtabhóidh sé aon chaiteachas de dheasca na Coimisinéirí d'fheidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le fo-alt (2) (a), íocfaidh na Coimisinéirí leis an mBord méid is comhionann le méid na cailliúna nó an chaiteachais.

(6) (a)  Faoi réir mhíreanna (b), (c) agus (d), féadfaidh an Bord, trína sheirbhísigh nó trína ghníomhairí, i gcás gur gá déanamh amhlaidh ar an lá dílseacháin nó dá éis, chun iniúchadh agus suirbhéireacht a dhéanamh ar an maoin chanála agus ar aon talamh tadhlach léi (seachas talamh lena mbaineann fo-alt (2)), dul isteach sa talamh sin agus an t-iniúchadh agus an tsuirbhéireacht is gá a dhéanamh agus gach rud a dhéanamh atá coimhdeach leis na críocha sin nó is gá le réasún chun na gcríoch sin.

(b)  Sula bhfeidhmeoidh na Coimisinéirí aon chumhachtaí faoi mhír (a), tabharfaidh siad d'úinéir nó d'áititheoir na talún a mbeartaítear dul isteach ann fógra ceithre lá dhéag ar a laghad i scríbhinn i dtaobh é bheith beartaithe acu dul isteach agus i dtaobh na gcríoch ar lena n-aghaidh a bheartaítear dul isteach.

(c)  Duine dár tugadh fógra go raibh sé beartaithe dul isteach i dtalamh faoin bhfo-alt seo, féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag tar éis an fógra sin a thabhairt, iarratas a dhéanamh, ar fhógra a thabhairt do na Coimisinéirí, chuig an mBreitheamh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa dúiche cheantair dúiche ina bhfuil an talamh, ar ordú ag toirmeasc an dul isteach, agus, ar an iarratas a éisteacht, féadfaidh an Breitheamh, más cuí leis é, toirmeasc iomlán a chur ar an dul isteach nó coinníollacha a shonrú a bheidh le comhlíonadh ag an duine a bheidh ag dul isteach.

(d)  I gcás go ndéanfaidh Breitheamh den Chúirt Dúiche toirmeasc a chur faoin bhfo-alt seo ar dhul isteach atá beartaithe sa talamh, ní bheidh sé dleathach d'aon duine dul isteach sa talamh faoi mhír (a), agus i gcás go ndéanfaidh Breitheamh den Chúirt Dúiche coinníollacha a shonrú faoin bhfo-alt seo a bheidh le comhlíonadh ag daoine a bheidh ag dul isteach sa talamh, déanfaidh gach duine a rachaidh isteach i dtalamh faoin mír sin (a) na coinníollacha a bheidh sonraithe amhlaidh a chomhlíonadh.

(7) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c), féadfaidh na Coimisinéirí trína seirbhísigh nó trína ngníomhairí, i gcás gur gá déanamh amhlaidh ar an lá dílseacháin nó dá éis, chun obair is gá go práinneach a dhéanamh i ndáil le cúram, bainisteoireacht, rialú, cothabháil nó deisiú maoine canála, dul isteach in aon talamh (seachas talamh lena mbaineann fo-alt (2)) agus más gá déanamh amhlaidh chun aon obair den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh siad an talamh sin a áitiú agus leas a bhaint aisti ar shlí eile.

(b) Féachfaidh na Coimisinéirí le fógra a thabhairt d'úinéir nó d'áititheoir na talún a dteastaíonn uathu go práinneach dul isteach ann agus, mura féidir déanamh amhlaidh, déanfaidh na Coimisinéirí, a luaithe is féidir tar éis aon chumhachtaí faoi mhír (a) a fheidhmiú, feidhmiú na gcumhachtaí sin agus na críocha ar lena n-aghaidh a feidhmíodh na cumhachtaí sin a chur in iúl d'úinéir nó d'áititheoir na talún sin.

(c) Más rud é, maidir le húinéir nó áititheoir na talún ar a bhfearann feidhmiú aon chumhachtaí ag na Coimisinéirí faoi mhír (a), go bhfulaingeoidh sé aon chailliúint nó go dtabhóidh sé aon chaiteachas de dhroim fheidhmiú na gcumhachtaí sin, íocfaidh na Coimisinéirí leis méid is comhionann le méid na cailliúna nó an chaiteachais.

Cearta áirithe de chuid an Bhoird a fheidhmchoimeád agus na Coimisinéirí do theachtadh ceart áirithe.

12. —(1) Ar an lá dílseacháin agus dá éis leanfaidh an Bord de theachtadh na gceart céanna a theacht sé díreach roimh an lá dílseacháin chun—

(a) úsáid a bhaint as aon phíopaí, draenacha, sreangacha, cáblaí, cuaillí nó píolóin atá os cionn aon talún, nó air nó faoi, is talamh a aistrítear leis an Acht seo agus a úsáidtear chun críocha draenála nó séarachais nó chun seirbhísí uisce, leictreachais nó gáis nó seirbhísí eile a sholáthar agus chun aon talamh den sórt sin a úsáid chun aon cheann de na críocha sin, agus

(b) soláthairtí uisce ó na canálacha:

ar choinníoll go gcoimeádfaidh na Coimisinéirí cibé soláthairtí is gá le haghaidh loingseoireachta agus le haghaidh aon oibleagáidí a chomhlíonadh a éireoidh as aon chomhaontuithe a bheidh ar marthain an lá dílseacháin agus a dhéanann socrú i dtaobh uisce a sholáthar ó na canálacha.

(2) Teachtfaidh na Coimisinéirí, ar an lá dílseacháin agus dá éis, na cearta céanna a theacht an Bord roimh an lá dílseacháin chun aon phíopaí, draenacha, sreangacha, cáblaí, cuaillí nó píolóin atá os cionn na maoine iarnróid nó uirthi nó fúithi a úsáid chun críocha draenála nó séarachais nó chun seirbhísí uisce, leictreachais, gáis nó seirbhísí eile a sholáthar agus chun aon talamh den sórt sin a úsáid chun aon cheann de na críocha sin.

Cumhacht chun deacrachtaí a dhíchur.

13. —(1) Más rud é, in aon slí, go n-éireoidh aon deacracht le linn an tAcht seo a thabhairt i ngníomh, féadfaidh an tAire, le hordú, aon ní a dhéanamh a dhealraíonn a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun an tAcht seo a thabhairt i ngníomh, agus féadfar forálacha an Achta seo nó aon achtacháin eile a mhodhnú le hordú den sórt sin a mhéid a dhealróidh a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun an t-ordú a chur i bhfeidhm.

(2) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe sin, beidh an t-ordú sin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.

(3) Ní dhéanfar aon ordú faoin alt seo tar éis trí bliana a bheith caite ón lá dílseacháin.

Leasú ar an Midland Great Western Railway of Ireland Act, 1894.

14. —Déantar an Midland Great Western Railway of Ireland Act, 1894, a leasú leis seo le héifeacht ón lá dílseacháin—

(a) in alt 21, trí na focail “required within the functional districts of the sanitary authority” a chur in ionad na bhfocal “for the said town of Mullingar and such buildings contiguous thereto as may require the said supply” agus trí na focail “in such quantities as may be agreed from time to time with the Commissioners of Public Works in Ireland” a chur in ionad na bhfocal “not exceeding five hundred thousand gallons in every twenty-four hours”;

(b) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 23:

“Definition of sanitary authority.

23.—The words ‘sanitary authority’ in sections 21 and 22 of this Act shall mean the council of the country of Westmeath.”.

Leasú ar an Acht Rialtais Áitiúil, 1946 .

15. —Déantar an tAcht Rialtais Áitiúil, 1946 , a leasú leis seo le héifeacht ón lá dílseacháin—

(a) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (c) d'fho-alt (2) d'alt 47:

“(c) i gcás baint a bheith ag an ordú droichid le droichead nó tarbhealach thar iarnród nó le tollán faoi iarnród don Aire Cumarsáide, agus

(d) i gcás baint a bheith ag an ordú droichid le droichead nó tarbhealach thar an gCanáil Mhór nó thar an gCanáil Ríoga nó le tollán faoi aon cheann acu, do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn agus don Aire Cumarsáide, agus

(e) i gcás baint a bheith ag an ordú droichid le droichead nó tarbhealach thar uisce inseolta nó le tollán faoi uisce inseolta (lena n-áirítear canáil seachas canáil dá dtagraítear i mír (d) den fho-alt seo), don Aire Cumarsáide.”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) d'alt 48:

“(4) Ní dhéanfaidh an tAire ordú droichid—

(a) i ndáil le droichead nó tarbhealach thar iarnród nó le tollán faoi iarnród, ach amháin le toiliú an Aire Cumarsáide;

(b) i ndáil le droichead nó tarbhealach thar an gCanáil Mhór nó thar an gCanáil Ríoga nó le tollán faoi aon cheann acu, ach amháin le toiliú Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn agus an Aire Cumarsáide;

(c) i ndáil le droichead nó tarbhealach thar uisce inseolta nó le tollán faoi uisce inseolta (lena n-áirítear canáil seachas canáil dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo), ach amháin le toiliú an Aire Cumarsáide.”,

(c) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) d'alt 57 (a cuireadh isteach leis an Acht Rialtais Áitiúil, 1955 ):

“(2) Más rud é de bhua an ailt seo go mbaineann an t-ordú droichid le Córas Iompair Éireann, ní dhéanfaidh an tAire de bhua an ailt seo ceachtar de na nithe seo a leanas ach amháin le toiliú an Aire Cumarsáide, is é sin le rá:

(a) leasú faoi fho-alt (3) d'alt 53 den Acht seo ar fhoráil den ordú droichid á cheangal go ndéanfadh Córas Iompair Éireann ranníoc nó go ndéanfaí ranníoc le Córas Iompair Éireann;

(b) ordú faoi fho-alt (1A) nó fo-alt (2) d'alt 55 den Acht seo ag aistriú aon chumhachtaí nó dualgas de chuid údaráis bóithre chuig Córas Iompair Éireann.

(3) Más rud é de bhua an ailt seo go mbaineann an t-ordú droichid le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, ní dhéanfaidh an tAire de bhua an ailt seo ceachtar de na nithe seo a leanas ach amháin le toiliú na gCoimisinéirí sin, is é sin le rá:

(a) leasú faoi fho-alt (3) d'alt 53 den Acht seo ar fhoráil den ordú droichid á cheangal go ndéanfadh na Coimisinéirí ranníoc nó go ndéanfaí ranníoc leis na Coimisinéirí;

(b) ordú faoi fho-alt (1A) nó fo-alt (2) d'alt 55 den Acht seo ag aistriú aon chumhachtaí nó dualgas de chuid údaráis bóithre chuig na Coimisinéirí sin.”, agus

(d) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 60:

“Srian ginearálta maidir le hiarnród, uiscí inseolta, etc.

 60.—Ní thógfaidh ná ní atógfaidh údarás bóithre—

 (a) droichead nó tarbhealach thar iarnród, nó tollán faoi iarnród, mura ndéanfaidh siad amhlaidh faoin gCuid seo den Acht seo nó le toiliú an Aire Cumarsáide,

 (b) droichead nó tarbhealach thar an gCanáil Mhór nó thar an gCanáil Ríoga, nó tollán faoi aon cheann acu, mura ndéanfaidh siad amhlaidh faoin gCuid seo den Acht seo nó le toiliú Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn agus an Aire Cumarsáide, nó

 (c) droichead nó tarbhealach thar uisce inseolta nó tollán faoi uisce inseolta (lena n-áirítear canáil seachas canáil dá dtagraítear i mír (b) den alt seo), mura ndéanfaidh siad amhlaidh faoin gCuid seo den Acht seo nó le toiliú an Aire Cumarsáide.”.

Droichid chanála a aistriú.

16. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí agus an t-údarás bóithre a bhfuil droichead thar aon cheann de na canálacha ina limistéar feidhme comhaontú a dhéanamh chun an droichead agus an oibleagáid é a chothabháil a aistriú chuig an údarás bóithre sin, agus féadfaidh siad comhaontú den sórt sin a chur i bhfeidhm.

(2) Is feidhm fhorchoimeádta chun críocha na n-achtachán a bhaineann leis an údarás sin feidhmeanna údaráis bóithre faoi fho-alt (1).

Airgead is iníoctha faoin Acht a bhailiú agus a dhiúscairt.

17. —(1) Déanfar gach táille agus airgead eile is iníoctha leis na Coimisinéirí faoin Acht seo a bhailiú agus a ghlacadh i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Státchiste nó diúscrófar chun tairbhe don Státchiste iad de réir orduithe an Aire Airgeadais.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le táillí a luaitear i bhfo-alt (1).

Aisghairm.

18. —Déantar leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa dara colún den Tríú Sceideal a aisghairm le héifeacht ón lá dílseacháin a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin os coinne lua an achtacháin sa dara colún sin.

Caiteachais.

19. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh na Coimisinéirí ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

An lá dílseacháin.

20. —Déanfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh chun bheith ina lá dílseacháin chun críocha an Achta seo.

Gearrtheideal.

21. —Féadfar Acht na gCanálacha, 1986 , a ghairm den Acht seo.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Talamh nach nAistrítear leis an Acht seo

Alt 2.

1. An t-áitreabh ar a dtugtar uimhreacha 11 agus 12 Bell Bank, Cuan Shráid San Séamas i gcathair Bhaile Átha Cliath.

2. An t-áitreabh ar a dtugtar uimhir 18 Droichead Rialto, An Cuarbhóthar Theas, i gcathair Bhaile Átha Cliath.

3. An méid sin den limistéar atá tadhlach le Taiscumar na Rinne i gcathair Bhaile Átha Cliath agus a bhfuil dath dearg air ar an léarscáil darb uimhir “1” arna taisceadh faoi alt 4.

4. An méid sin den limistéar ar a dtugtar Duga Spionsair i gcathair Bhaile Átha Cliath agus a bhfuil dath dearg air ar an léarscáil darb uimhir “2” arna taisceadh faoi alt 4.

5. An méid sin den limistéar idir Droichead Bhéal an Átha, gar don Mhuileann gCearr, i gcontae na hIarmhí agus An Life ag an bPort Thuaidh i gcathair Bhaile Átha Cliath atá suite idir an t-iarnród agus an líne dhearg ar na léarscáileanna darb uimhir “3” arna dtaisceadh faoi alt 4.

AN DARA SCEIDEAL

Forálacha a Bhaineann le Fáil Éigeantach

Alt 6.

1. (1) I gcás go mbeartóidh na Coimisinéirí aon talamh nó aon leas i dtalamh nó aon cheart thar talamh a fháil faoi alt 6, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh chun an Aire Airgeadais ar ordú faoin Sceideal seo á údarú dóibh an mhaoin a fháil go héigeantach agus beidh ag gabháil leis an iarratas cibé léarscáileanna, pleananna agus leabhair thagartha dá dtagraítear i mír 5.

(2) Déanfaidh na Coimisinéirí fógra forordaithe an iarratais a fhoilsiú i gceann amháin, nó níos mó, de na nuachtáin a scaiptear sa cheantar ina bhfuil an mhaoin agus seirbheálfaidh siad cóip den fhógra ar gach duine a ndealraíonn sé do na Coimisinéirí go bhfuil eastát nó leas sa mhaoin acu, a mhéid is féidir le réasún na daoine sin a fhionnadh.

(3) Folóidh an fógra foráil a chuirfidh in iúl do dhaoine ag a bhfuil eastát nó leas sa mhaoin go bhfuil ceart acu agóid i gcoinne ordú a dhéanamh a thaisceadh leis an Aire Airgeadais laistigh de mhí amháin ón tráth a dhéanfaidh na Coimisinéirí an t-iarratas agus sonrófar ann na hamanna agus na háiteanna ina bhféadfar na léarscáileanna, na pleananna agus na leabhair thagartha a taisceadh de réir mhír 5 a iniúchadh.

(4) Déanfaidh an tAire Airgeadais aon agóid i gcoinne an iarratais a bhreithniú agus a chinneadh agus féadfaidh sé, más oiriúnach leis, comhairleoir a cheapadh chun cabhrú leis ina leith.

2. I gcás nach dtaiscfear aon agóid i gcoinne iarratas na gCoimisinéirí laistigh de mhí amháin ón tráth a dhéanfaidh na Coimisinéirí an t-iarratas nó i gcás go ndiúltóidh an tAire Airgeadais aon agóid den sórt sin, déanfaidh an tAire sin ordú á údarú do na Coimisinéirí an mhaoin a fháil go héigeantach de réir théarmaí a n-iarratais nó faoi réir cibé modhnuithe, más ann, a shonróidh sé.

3. (1) Aon tráth tar éis ordú fála a dhéanamh agus roimh thíolacadh nó fionnadh praghais, féadfaidh na Coimisinéirí, faoi réir na míre seo, dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar an talamh atá le fáil nó an ceart atá le fáil a fheidhmiú.

(2) (a) Ní rachaidh na Coimisinéirí isteach ar aon talamh, ná ní ghlacfaidh siad seilbh ar aon talamh, faoin mír seo gan fógra míosa ar a laghad a thabhairt roimhré i scríbhinn don áititheoir go mbeartaíonn siad déanamh amhlaidh.

(b) Ní fheidhmeoidh na Coimisinéirí aon cheart faoin mír seo gan fógra míosa ar a laghad a thabhairt roimhré i scríbhinn d'áititheoir na talún, ar ina leith atá an ceart le feidhmiú, go mbeartaíonn siad déanamh amhlaidh.

4. (1) Féadfar fógra faoin Sceideal seo a sheirbheáil ar aon duine trína chur leis an bpost cláraithe i gclúdach a bheidh díríthe chuige ag a ghnáthsheoladh nó ag an seoladh deireanach is eol a bheith aige.

(2) Más rud é, ar aon chúis, nach féidir an clúdach a dhíriú amhlaidh, féadfar é a dhíriú chuig an duine ar dó é ar ceachtar slí acu seo a leanas:

(a) leis an tuairisc “áititheoir” gan a ainm a lua,

(b) ag an talamh lena mbaineann an fógra.

5. (1) Cuirfidh na Coimisinéirí faoi deara léarscáileanna, pleananna agus leabhair thagartha a thaisceadh de réir na míre seo.

(2) Beidh cainníocht agus cáilíocht na léarscáileanna agus na bpleananna leordhóthanach chun an talamh nó an ceart, a bheartaítear a fháil, a thaispeáint de réir scálaí sásúla.

(3) Beidh sna leabhair thagartha ainmneacha úinéirí nó úinéirí ainme, léasaithe nó léasaithe ainme, agus áititheoiri na talún a bheartaítear a fháil nó ar ina leith a bheartaítear an ceart a fheidhmiú.

(4) Taiscfear na léarscáileanna, na pleananna agus na leabhair thagartha i cibé áit nó áiteanna a mheasfaidh na Coimisinéirí a bheith oiriúnach agus leanfaidh siad ar taisceadh amhlaidh ar feadh míosa ar a laghad agus beidh siad, fad a bheidh siad ar taisceadh amhlaidh, ar fáil lena n-iniúchadh ag aon duine, saor in aisce, idir a deich a chlog ar maidin agus a ceathair a chlog san iarnóin gach lá ach amháin an Satharn, an Domhnach agus laethanta saoire bainc.

6. (1) Cheal comhaontú, is faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, a shocrófar méid an phraghais a íocfaidh na Coimisinéirí, as aon talamh a gheofar, leis na daoine leithleacha ag a bhfuil teideal chuige nó ag a bhfuil eastáit nó leasanna ann nó méid an phraghais, as aon cheart a gheofar, leis na daoine leithleacha ag a bhfuil teideal chun na talún ar ina leith a fheidhmítear an ceart, nó ag a bhfuil eastáit nó leasanna ann.

(2) Beidh feidhm ag ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, maidir leis an bpraghas sin agus maidir le tíolacadh na talún nó an chirt a gheofar chuig na Coimisinéirí, agus chun críocha an fheidhmithe measfar gurb iad na Coimisinéirí tionscnóirí an ghnóthais.

7. Sa Sceideal seo ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Airgeadais.

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Aisghairm Achtachán

Alt 18.

CUID I

Reachtanna Éireannacha Réamh-Aontachta agus Reachtanna Briotanacha

Seisiún agus Caibidil

Gearrtheideal nó Ábhar

Méid na hAisghairme

11 & 12 Geo. 3, c. 31

Grand Canal (1771-2).

An tAcht iomlán.

26 Geo. 3, c. 60.

Naas Canal (1786).

An tAcht iomlán.

30 Geo. 3, c. 20.

Royal Canal (1790).

An tAcht iomlán.

31 Geo. 3, c. 42.

Inland Navigation: Grand Canal (1791).

An tAcht iomlán.

32 Geo. 3, c. 26.

Royal Canal Docks (1792)

An tAcht iomlán.

36 Geo. 3, c. 57.

Canal Bridges (1796).

An tAcht iomlán.

38 Geo. 3, c. 54.

Royal Canal Company (1798).

An tAcht iomlán.

40 Geo. 3, c. 51

Inland Navigation Act, 1800

An tAcht iomlán.

43 Geo. 3, c. xxii.

Royal Canal (1803).

An tAcht iomlán.

56 Geo. 3, c. 55.

Canals (Ireland) Act, 1816

An tAcht iomlán.

58 Geo. 3, c. 35.

Royal Canal (1818).

An tAcht iomlán.

8 & 9 Vict. c. 42

Canal Carriers Act, 1845

An tAcht iomlán.

8 & 9 Vict. c. cxix.

Midland Great Western Railway of Ireland Act, 1845

Ailt 31 go 36.

9 & 10 Vict. c. ccx.

Midland Great Western Railway of Ireland (Liffy Branches and Longford Deviation) Act, 1846.

Alt 29.

11 & 12 Vict. c. cxxiv.

Grand Canal Company Act, 1848.

An tAcht iomlán.

15 & 16 Vict. c. cxxxvii.

Midland Great Western Railway of Ireland (Longford Deviation and Cavan Branches) Act, 1852.

Alt 24.

17 & 18 Vict. c. 31.

Railway and Canal Traffic Act, 1854.

In alt 1—

sa léiriú ar an bhfocal “traffic” na focail “or canal company, or railway and canal company”, “boats”, agus “or canal”;

an abairt “canal”;

sa léiriú ar an bhfocal “company”, na focail “‘canal company’, or ‘railway and canal company’” agus “or canal or navigation”;

sa léiriú i ndáil le stáisiúin etc. a mheas a bheith gar dá chéile, na focail “, or wharf” sa dá áit a bhfuil siad agus “or wharves”.

In alt 6, na focail “or canal or railway and canal”.

22 & 23 Vict. c. liii.

Midland Great Western Railway of Ireland (Liffey Branches) Act, 1859

Ailt 7 agus 18

36 & 37 Vict. c. 48.

Regulation of Railways Act, 1873.

In alt 3, na mínithe ar “canal company” agus “canal” agus na focail “or canal company” agus “or canal”.

In alt 5, na focail “or canal company”.

In alt 7, na focail “or canal company”.

Ailt 8 agus 9.

In alt 14, na focail “and canal company”, “or canal company”, agus “or canal” sa dá áit a bhfuil siad.

Ailt 16 agus 17.

40 & 41 Vict. c. cxxxix.

Midland Great Western Railway of Ireland Act, 1877.

Ailt 19 go 26

44 & 45 Vict. c. xcvii.

Midland Great Western Railway of Ireland Act, 1881.

Ailt 18 agus 19

51 & 52 Vict. c. 25.

Railway and Canal Traffic Act, 1888.

An tAcht iomlán

54 Vict. c. 12.

Railway and Canal Traffic (Provisional Orders) Amendment Act, 1891.

An tAcht iomlán.

55 & 56 Vict. c. 44.

Railway and Canal Traffic Act, 1892.

An tAcht iomlán.

57 Vict. c. xxvi

Grand Canal Act, 1894.

An tAcht iomlán.

57 Vict. c. 54.

Railway and Canal Traffic Act, 1894.

An tAcht iomlán.

57 Vict. c. cl.

Midland Great Western Railway of Ireland Act, 1894.

Ailt 19 agus 20.

In alt 21—

na focail “of the town o Mullingar”;

na focail “and in the even of disagreement between the engineer of the Company and the sanitary authority the matter in dispute shall be referred to the decision of an engineer to be appointed by the Commissioners o: Public Works in Ireland”

na focail “and failing agreement the question in dispute shall be referred to the decision o: an engineer to be appointed by the Commissioners of Public Works in Ireland”.

In alt 22, na focail “making the total quantity six hundred thousand gallons in every twenty-four hours”.

Ailt 24 agus 25.

CUID II

Reachtanna Shaorstát Éireann agus an Oireachtais

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

Uimh. 26 de 1927

Acht Dréineála na Bearbha, 1927 .

Alt 28.

Uimh. 2 (Príobháideach) de 1929.

Acht Port agus Duganna Bhaile Atha Cliath (Droichid), 1929

Alt 51.

Uimh. 11 de 1933 .

An tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1933 .

In alt 158 (1), na focail “no chanála”.

 

Seisiún agus Caibidil

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

Uimh. 21 de 1944 .

An tAcht Iompair, 1944 .

Caibidil VI de Chuid IV.

In alt 102 (7), na focail “nó (c) gnóthaire canálach”.

Alt 126.

An Deichiú Sceideal.

Uimh. 10 de 1946 .

An tAcht Forbartha Móna, 1946 .

Alt 22 (4).

Uimh. 12 de 1950 .

An tAcht Iompair, 1950 .

Ailt 27, 47 (2) (3) (4) agus 65.

Uimh. 19 de 1958 .

An tAcht Iompair, 1958 .

Alt 23.

Uimh. 41 de 1960 .

An tAcht Iompair, 1960 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 24 de 1961 .

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 .

In alt 93 (1) (a), na focail “nó cánálach”.

Uimh. 1 de 1977 .

An tAcht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977 .

In alt 27, na focail “leis an Aire Cumarsáide”.