13 1986

/images/harp.jpg


Uimhir 13 de 1986


AN tACHT AIRGEADAIS, 1986


RIAR NA nALT

CUID I

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Caibidil I

Cáin Ioncaim

Alt

1.

Leasú ar alt 2 (díolúine aoise) den Acht Airgeadais, 1980.

2.

Athrú ar na rátaí cánach ioncaim.

3.

Faoisimh phearsanta.

4.

Leasú ar alt 141 (leanaí) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

5.

Leasú ar alt 12 (faoiseamh i leith costais sláinte) den Acht Airgeadais, 1967.

6.

Leasú ar alt 6 (liúntas speisialta i leith Á.S.P.C. do 1982-83) den Acht Airgeadais, 1982.

7.

Leasú ar alt 8 (buanscéimeanna sochair sláinte) den Acht Airgeadais, 1979.

8.

Faoiseamh maidir le bronntanais do Chospóir.

9.

Mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le stiúrthóirí cuideachtaí agus fostaithe dá ndeonaítear cearta chun scaireanna nó sócmhainní eile a fháil.

10.

Scéimeanna scair-rogha ceadaithe.

11.

Scéimeanna brabús-roinnte.

12.

Faoiseamh i leith scaireanna nua arna gceannach, tráth a n-eisithe, ag fostaithe.

13.

Leasú ar na forálacha a bhaineann le faoiseamh i leith infheistíochta i dtrádálacha corpraithe.

14.

Mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le díbhinní áirithe.

Caibidil II

Cánachas ar Bhrabúis Fheirmeoireachta

15.

Feirmeoireacht: leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiseamh i leith méadú ar stocluachanna.

16.

Creidmheas i leith cánach feirme.

Caibidil III

Faoiseamh i leith Infheistíochta i dTaighde agus Forbairt

17.

Léiriú (Caibidil III).

18.

An faoiseamh.

19.

Teorainneacha le faoiseamh.

20.

Pearsana aonair a bheidh cáilithe le haghaidh faoisimh.

21.

Cuideachta cháilitheach taighde agus forbartha.

22.

Cuideachta choimircíochta cháilitheach.

23.

Tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha a sheoladh.

24.

Cánachas ar chuideachta cháilitheach taighde agus forbartha.

25.

Scaireanna a dhiúscairt.

26.

Mí-úsáid a chosc.

27.

Éilimh.

28.

Measúnachtaí chun faoiseamh a tharraingt siar.

29.

Faisnéis.

30.

Cáin ghnóchan caipitiúil.

Caibidil IV

Íocaíochtaí Úis ag Glacadóirí Taisce Áirithe

31.

Léiriú (Caibidil IV).

32.

Cáin a asbhaint ó ús iomchuí.

33.

Tuairisceáin agus bailiú cánach cuí.

34.

Leasú ar alt 31 (cumainn fhoirgníochta) den Acht Cánach Corparáide, 1976.

35.

Cánachas ar ús iomchuí, etc.

36.

Ráiteas arna thabhairt ag glacadóir taisce iomchuí.

37.

Dearbhuithe i ndáil le taiscí de chuid neamhchónaitheoirí.

38.

Dearbhuithe i ndáil le taiscí de chuid carthanas.

39.

Cáin chuí a aisíoc i gcásanna áirithe.

40.

Pionóis.

Caibidil V

Athnuachan Uirbeach: Faoiseamh ó Cháin Ioncaim agus ó Cháin Chorparáide

41.

Léiriú (Caibidil V), etc.

42.

Liúntas i ndáil le háitribh thráchtála áirithe a fhoirgniú

43.

Asbhaint i leith caiteachais áirithe ar chóiríocht chónaithe ar cíos a chur ar fáil.

44.

Liúntas d'úinéirí-áititheoirí maidir le háitreabh áirithe.

45.

Liúntas cíosa dúbailte mar asbhaint le linn ioncam trádála a bheith á ríomh.

Caibidil VI

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

46.

Comhpháirtíochtaí teoranta: srianta le faoiseamh.

47.

Leasú ar alt 16 (bronntanais do Scéim Chearnmhír an Uachtaráin) den Acht Airgeadais, 1985.

48.

Formhuirear as tuairisceáin a chur isteach déanach.

49.

Leasú ar alt 30 (achomhairc in aghaidh measúnachtaí agus íocaíochtaí ar cuntas) den Acht Airgeadais, 1976.

50.

Liúntais chaipitiúla d'fheithiclí, agus asbhaint i leith feithiclí.

51.

Leasú ar alt 25 (liúntas i leith caiteachais áirithe ar charrchlóis ilstóir a fhoirgniú) den Acht Airgeadais, 1981.

52.

Liúntais chaipitiúla: mar a dhéileálfar le deontais, etc.

53.

Feidhm alt 40 (liúntais chaipitiúla i leith sócmhainní léasaithe áirithe) den Acht Airgeadais, 1984.

Caibidil VII

Cáin Chorparáide

54.

Leasú ar alt 84A (teorainn leis an míniú ar “dáileadh”) den Acht Cánach Corparáide, 1976.

55.

Leasú ar theorainneacha ama áirithe.

56.

Aerfort na Sionna: deimhnithe áirithe a chúlghairm.

57.

Leasú ar alt 155 (léiriú) den Acht Cánach Corparáide, 1976.

58.

Laghdú ar cháin chorparáide i ndáil le hús ar iasachtaí áirithe d'fheirmeoirí.

59.

Leasú ar fhorálacha a bhaineann le cánachas ar chuideachtaí árachais.

Caibidil VIII

Cáin Ghnóchan Caipitiúil

60.

Athrú ar na rátaí cánach gnóchan caipitiúil.

61.

Scaireanna ar Mhargadh na Mionchuideachtaí agus scaireanna áirithe eile a dhiúscairt.

CUID II

Custaim agus Mál

62.

Léiriú (Cuid II).

63.

Táirgí tobac.

64.

Leann úll agus leann piorraí.

65.

Hidreacarbóin.

66.

Biotáille.

67.

Beoir.

68.

Fíon agus fíon déanta.

69.

Uiscí boird.

70.

Liúntais áirithe maidir le biotáille, lasáin agus eastóscán nicitín agus tobac do scor.

71.

Feidhm alt 76 (6) den Acht Airgeadais, 1984, maidir le gach áitreabh nach oifig geall-ghlacadóireachta chláraithe.

72.

Marcáil fhorordaithe, etc., a bhaint as ola hidreacarbóin.

73.

Cumhacht áitreabh a chuardach i ndáil le hola hidreacarbóin.

74.

Deireadh a theacht le dleachtanna máil ar bhoinn rubair agus ar cheadúnas monaróra boinn rubair.

75.

Laghdú ar an dleacht máil ar pháirteanna agus gabhálais mhótarfheithiclí, agus deireadh a theacht léi.

76.

Mótarfheithiclí.

77.

Dleacht máil ar fheithiclí inneallghluaiste.

78.

Orduithe a dhaingniú.

CUID III

Cáin Bhreisluacha

79.

Léiriú (Cuid III).

80.

Leasú ar alt 1 (léiriú) den Phríomh-Acht.

81.

Leasú ar alt 5 (seirbhísí a dhéanamh) den Phríomh-Acht.

82.

Leasú ar alt 8 (daoine cuntasacha) den Phríomh-Acht.

83.

Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht.

84.

Leasú ar alt 12 (asbhaint i leith cánach a iompraíodh nó a íocadh) den Phríomh-Acht.

85.

Leasú ar alt 12A (forálacha speisialta i leith cánach arna sonrasc ag feirmeoirí cothrom-ráta) den Phríomh-Acht.

86.

Leasú ar alt 17 (sonraisc) den Phríomh-Acht.

87.

Leasú ar alt 20 (aisíoc cánach) den Phríomh-Acht.

88.

Leasú ar alt 32 (rialacháin) den Phríomh-Acht.

89.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

90.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

91.

Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

CUID IV

Dleachtanna Stampa

92.

Tobhach ar bhainc.

93.

Tobhach ar ioncam áirithe infheistíochta.

94.

Dleacht stampa ar ráitis áirithe úis.

95.

Dleacht stampa ar litreacha tréigin.

96.

Dleacht stampa ar ionstraimí áirithe.

97.

Dleacht stampa ar stoic agus urrúis inmhargaidh a thíolacadh agus a aistriú de dhroim díola.

98.

Dleacht stampa ar ionstraimí áirithe a aisíoc.

99.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891.

100.

Leasú ar alt 1 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927.

101.

Leasú ar alt 93 (ionstraimí áirithe a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa) den Acht Airgeadais, 1982.

CUID V

Cáin Fháltas Caipitiúil

Caibidil I

Iontaobhais Lánroghnacha

102.

Léiriú (Cuid V).

103.

Fáltais bhliantúla ag iontaobhais lánroghnacha.

104.

Feidhm an Phríomh-Achta.

105.

Díolúintí.

106.

Cáin a ríomh.

107.

Luachanna ar a gcomhaontófar.

108.

Pionós.

Caibidil II

Ginearálta

109.

Leasú ar alt 46 (ró-íoc cánach) den Phríomh-Acht.

110.

Leasú ar alt 61 (airgead in ainmneacha beirt daoine nó níos mó a íoc) den Phríomh-Acht.

CUID VI

Ilghnéitheach

111.

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

112.

Feidhm an Achta um Lán-Aois, 1985.

113.

Sonra-phróiseáil leictreonach a úsáid.

114.

Leasú ar na forálacha a bhaineann le hús a íoc ar cháin a ró-íocadh.

115.

Cáin etc. a bheith dlite de shealbhóir muirir shocraithe ar fhiacha leabhair de chuid cuideachta.

116.

Leasú ar alt 161 (cigirí cánach) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

117.

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

118.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Leasú ar Achtacháin

AN DARA SCEIDEAL

Scéimeanna Scair-Rogha Ceadaithe

AN TRÍÚ SCEIDEAL

An Cháin is Iomchuí do na Brabúis nó na Gnóchain Ó Fheirmeoireacht

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Athnuachan Uirbeach: Faoiseamh ó Cháin Ioncaim agus ó Cháin Chorparáide

CUID I

Léiriú

CUID II

Tuairisc ar Limistéar Duganna Theach an Chustaim

CUID III

Tuairisc ar Limistéir Ainmnithe i mBaile Átha Cliath (seachas Limistéar Duganna Theach an Chustaim)

CUID IV

Tuairisc ar Limistéir Ainmnithe i gCorcaigh

CUID V

Tuairisc ar Limistéar Ainmnithe Luimnigh

CUID VI

Tuairisc ar Limistéar Ainmnithe Phort Láirge

CUID VII

Tuairisc ar Limistéar Ainmnithe na Gaillimhe

AN CÚIGIÚ SCEIDEAL

Na Rátaí Dleachta Máil ar Tháirgí Tobac

AN SÉÚ SCEIDEAL

Na Rátaí Dleachta Máil ar Leann Úll agus Leann Piorraí

AN SEACHTÚ SCEIDEAL

Na Rátaí Dleachta Máil ar Bhiotáille

AN tOCHTÚ SCEIDEAL

Na Rátaí Dleachta Máil ar Fhíon agus ar Fhíon Déanta


Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976

An tAcht um Lán-Aois, 1985

1985, Uimh. 2

An tAcht um Gheall-Chur, 1931

1931, Uimh. 27

Na hAchtanna Cumann Foirgníochta, 1976 go 1983

An tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976

1976, Uimh. 8

An tAcht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975

1975, Uimh. 20

Acht an Bhainc Ceannais, 1971

1971, Uimh. 24

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983

1983, Uimh. 13

Conveyancing Act, 1881

1881, c. 41

An tAcht Cánach Corparáide, 1976

1976, Uimh. 7

An tAcht um Chomhar Creidmheasa, 1966

1966, Uimh. 19

Customs and Inland Revenue Act, 1885

1885, c. 51

An tAcht um Cháin Fheirme, 1985

1985, Uimh. 17

Finance Act, 1895

1895, c. 16

Finance Act, 1914 (Session 2)

1914, c. 7

An tAcht Airgid, 1935

1935, Uimh. 28

An tAcht Airgeadais, 1950

1950, Uimh. 18

An tAcht Airgeadais, 1964

1964, Uimh. 15

An tAcht Airgeadais, 1967

1967, Uimh. 17

An tAcht Airgeadais, 1970

1970, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais, 1972

1972, Uimh. 19

An tAcht Airgeadais, 1973

1973, Uimh. 19

An tAcht Airgeadais, 1974

1974, Uimh. 27

An tAcht Airgeadais, 1975

1975, Uimh. 6

An tAcht Airgeadais, 1976

1976, Uimh. 16

An tAcht Airgeadais, 1978

1978, Uimh. 21

An tAcht Airgeadais, 1979

1979, Uimh. 11

An tAcht Airgeadais, 1980

1980, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais, 1981

1981, Uimh. 16

An tAcht Airgeadais, 1982

1982, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais, 1983

1983, Uimh. 15

An tAcht Airgeadais, 1984

1984, Uimh. 9

An tAcht Airgeadais, 1985

1985, Uimh. 10

An tAcht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932

1932, Uimh. 34

An tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952

1952, Uimh. 24

An tAcht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977

1977, Uimh. 32

An tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968

1968, Uimh. 7

Finance (New Duties) Act, 1916

1916, c. 11

An tAcht Saorphort, 1986

1986, Uimh. 6

Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979

1979, Uimh. 27

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967

1967, Uimh. 6

An tAcht um Bord Scannán na hÉireann, 1980

1980, Uimh. 36

Limited Partnerships Act, 1907

1907, c. 24

An tAcht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927

1927, Uimh. 7

Revenue Act, 1906

1906, c. 20

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981

1981, Uimh. 1

Stamp Act, 1891

1891, c. 39

Succession Duty Act, 1853

1853, c. 51

Na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1979

An tAcht Cánach Breisluacha, 1972

1972, Uimh. 22

An tAcht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978

1978, Uimh. 34

/images/harp.jpg


Uimhir 13 de 1986


AN tACHT AIRGEADAIS, 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS d'FHORCHUR DLEACHTANNA ÁIRITHE CUSTAM AGUS IONCAIM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE CUSTAIM AGUS IONCAM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL) AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁLACHA I dTAOBH AIRGEADAIS.

[27 Bealtaine, 1986]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Caibidil I

Cáin Ioncaim

Leasú ar alt 2 (díolúine aoise) den Acht Airgeadais, 1980 .

1. —Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Airgeadais, 1980 , maidir leis an mbliain 1986-87 agus blianta measúnachta dá éis, i bhfo-alt (6), trí “£6,300” a chur in ionad “£6,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985 ), trí “£7,350” a chur in ionad “£7,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985 ), trí “£3,150” a chur in ionad “£3,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985 ) agus trí “£3,675” a chur in ionad “£3,500” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985 ), agus tá an fo-alt sin (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(6) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”—

(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear i mír (a) den alt sin 138, £6,300:

Ar choinníoll, má bhí an phearsa aonair nó a chéile cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn “an méid sonraithe” £7,350;

(b) in aon chás eile, £3,150:

Ar choinníoll, má bhí an phearsa aonair cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn “an méid sonraithe” £3,675.

Athrú ar na rátaí cánach ioncaim.

2. —Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Airgeadais, 1984 , maidir leis an mbliain 1986-87 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann leis an alt sin:

“AN TÁBLA

CUID I

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £4,700

...

...

35 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An chéad £2,800 eile

...

48 faoin gcéad

na hard-rátaí

An fuílleach...

...

...

58 faoin gcéad

CUID II

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £9,400

...

...

35 faoin gcéad.

an ráta caighdeánach

An chéad £5,600 eile

...

48 faoin gcéad

na hard-rátaí

An fuílleach...

...

...

58 faoin gcéad

Faoisimh phearsanta.

3. —(1) I gcás ina mbeidh asbhaint le déanamh as ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain 1986-87 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis i leith faoisimh a mbeidh an phearsa aonair ina theideal faoi fhoráil a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus gur mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin méid na hasbhainte mura mbeadh an t-alt seo, is é méid na hasbhainte, in ionad an méid a shonraítear sa cholún sin (2), an méid a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne lua an méid sin sa cholún sin (2).

AN TÁBLA

An fhoráil reachtúil

An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1985-86

An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1986-87 agus do bhlianta dá éis

(1)

(2)

(3)

£

£

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967 :

alt 138

(fear pósta)

...

...

...

3,800

4,000

(baintreach fir nó mná)

...

...

2,400

2,500

(baintreach mná ar sa bhliain mheasúnachta a d'éag a fearchéile)

3,800

4,000

(duine singil)

...

...

...

1,900

2,000

alt 138A

(liúntas breise do bhaintreacha agus do dhaoine eile maidir le leanaí)

(baintreach fir nó mná)

...

...

1,400

1,500

(daoine eile)

...

...

...

1,900

2,000

alt 138B

(liúntas fostaí)

...

...

...

600

700

An tAcht Airgeadais, 1974 :

alt 8

(liúntas aoise, duine singil nó baintreach

fir nó mná)

...

...

100

200

(liúntas aoise, fear pósta)

...

200

400

(2) Beidh éifeacht le halt 2 den Acht Airgeadais, 1981 , le halt 2 den Acht Airgeadais, 1982 , agus le hailt 3 agus 4 den Acht Airgeadais, 1985 , faoi réir fhorálacha an ailt seo.

(3) Beidh éifeacht leis an gCéad Sceideal chun fo-alt (1) a fhorlíonadh.

Leasú ar alt 141 (leanaí) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

4. —Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an mbliain 1986-87 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 141:

“Leanaí éagumasaithe.

141.—(1) Má chruthaíonn an t-éilitheoir go maireann, tráth ar bith i gcaitheamh na bliana measúnachta, aon leanbh leis—

(a) atá faoi bhun 16 bliana d'aois agus atá buanéagumasaithe mar gheall ar éiglíocht meabhrach nó coirp, nó

(b) atá, má tá sé os cionn 16 bliana d'aois i dtosach na bliana sin, buanéagumasaithe, mar gheall ar éiglíocht meabhrach nó coirp, ar é féin a chothabháil agus gur tháinig sé chun bheith buanéagumasaithe amhlaidh sula raibh 21 bliain d'aois slán aige nó gur tháinig sé chun bheith buanéagumasaithe amhlaidh tar éis dó 21 bliain d'aois a shlánú ach sin le linn dó a bheith ag fáil teagasc lánaimseartha in aon ollscoil, coláiste, scoil nó bunachas eile oideachais,

beidh sé, faoi réir fhorálacha an ailt seo, i dteideal asbhaint £600 i leith gach linbh den sórt sin:

Ar choinníoll—

(i) nach n-áireofar leanbh atá faoi bhun 16 bliana d'aois mar leanbh atá buanéagumasaithe mar gheall ar éiglíocht meabhrach nó coirp ach amháin i gcás gur éiglíocht í den chineál go mbeadh ionchas réasúnach ann, dá mbeadh an leanbh os cionn 16 bliana d'aois, go mbeadh sé éagumasaithe ar é féin a chothabháil,

(ii) i gcás leanbh lena mbaineann mír (b), gurb é a bheidh san asbhaint £600 nó an méid a chaith an t-éilitheoir sa bhliain mheasúnachta ag cothabháil an linbh, cibé acu is lú, agus

(iii) i gcás aon asbhaint faoin bhfo-alt seo, gur asbhaint í in ionad, agus nach asbhaint í i dteannta, aon asbhainte a mbeadh teideal ag an éilitheoir chuici i leith an linbh chéanna faoi alt 142.

(2) Má chruthaíonn an t-éilitheoir go bhfuil aon leanbh á choimeád agus á chothabháil ar a chostas féin aige don bhliain mheasúnachta ar leanbh den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a bheadh ann ach amháin nach leanbh leis an éilitheoir é agus nach bhfuil teideal aigesean ná ag aon phearsa aonair eile chun asbhainte i leith an linbh chéanna faoi fho-alt (1) nó faoi aon cheann d'fhorálacha eile na Coda seo nó, má bhíonn aon phearsa aonair eile i dteideal asbhainte den sórt sin, go bhfuil an phearsa aonair eile sin tar éis scaradh lena éileamh chuige sin, beidh sé i dteideal na hasbhainte céanna i leith an linbh agus dá mba leanbh leis féin an leanbh.

(3) (a) An tagairt i bhfo-alt (1) do leanbh atá ag fáil teagasc lánaimseartha i mbunachas oideachais, folóidh sí tagairt do leanbh atá á oiliúint ag aon duine (dá ngairtear ‘an fostóir’ anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) d'aon cheird nó gairm in imthosca de shórt go bhfuil ar an leanbh a chuid ama go léir a chaitheamh leis an oiliúint ar feadh tréimhse nach lú ná dhá bhliain.

(b) Chun críche éilimh maidir le leanbh atá á oiliúint, féadfaidh an cigire a cheangal ar an bhfostóir sonraí i dtaobh oiliúint an linbh a thabhairt i cibé foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim.

(4) Ní lamhálfar aon asbhaint faoin alt seo maidir le haon leanbh a bhfuil teideal ina cheart féin aige chun ioncaim de bhreis ar £720 sa bhliain, ach amháin, más lú méid na breise ná an asbhaint ab inlamháilte ar leith ón bhfo-alt seo, go lamhálfar asbhaint arna laghdú den mhéid sin:

Ar choinníoll nach ndéanfar, le linn ioncam an linbh a bheith á ríomh chun críocha na forála sin roimhe seo, aon ioncam a bhfuil teideal ag an leanbh chuige mar shealbhóir scoláireachta, sparánachta nó dearlaice oideachais eile dá samhail a chur i gcuntas.

(5) Má éiríonn aon cheist i dtaobh teideal a bheith ag aon duine chun liúntais faoin alt seo maidir le leanbh atá os cionn 21 bliain ar leanbh é a tháinig chun bheith buanéagumasaithe, mar gheall ar éiglíocht meabhrach nó coirp, ar é féin a chothabháil tar éis dó an aois sin a shlánú ach le linn dó bheith ag fáil teagasc lánaimseartha den chineál sin a dúradh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais.

(6) Más rud é, maidir le haon bhliain mheasúnachta, go bhfuil nó go mbeadh, mura mbeadh forálacha an fho-ailt seo, teideal faoin alt seo ag dhá phearsa aonair nó níos mó, chun faoisimh i leith an linbh chéanna, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) ní lamhálfar ach aon asbhaint amháin faoin alt seo i leith an linbh sin;

(b) i gcás nach mbeidh an leanbh sin á chothabháil ach ag aon tuiste amháin, is é an tuiste sin amháin a bheidh i dteideal an asbhaint sin a éileamh;

(c) i gcás ina mbeidh an leanbh sin á chothabháil ag an dá thuiste i dteannta a chéile, beidh gach tuiste acu i dteideal cibé cuid den asbhaint sin a éileamh a bheidh i gcomhréir leis an méid a chaith seisean nó sise ag cothabháil an linbh sin; agus

(d) nuair a bheifear á fháil amach chun críocha an fho-ailt seo an bhfuil leanbh á chothabháil ag tuiste agus, má tá, cá mhéad atá sé á chothabháil, measfar nach íocaíocht faoi chomhair nó i leith chothabháil an linbh sin aon íocaíocht a rinne an tuiste sin faoi chomhair nó i leith chothabháil an linbh sin is íocaíocht a bheidh an tuiste sin i dteideal a asbhaint le linn dá ioncam nó dá hioncam iomlán a bheith á ríomh chun críocha an Achta seo.

(7) Sna forálacha sin roimhe seo den alt seo folaíonn ‘leanbh’ leasleanbh, agus leanbh neamhdhlisteanach ar pósadh a thuistí ar a chéile tar éis a bhreithe agus leanbh a bhfuil ordú uchtála faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, i bhfeidhm ina leith.”.

Leasú ar alt 12 (faoiseamh i leith costais sláinte) den Acht Airgeadais, 1967 .

5. —Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1967 , maidir leis an mbliain 1986-87 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an méid seo a leanas a chur isteach, sa mhíniú ar “cleithiúnach” i bhfo-alt (1), i ndiaidh mhír (b):

“agus

(c) leanbh atá, sa bhliain mheasúnachta—

(i)   (I) faoi bhun 16 bliana d'aois, nó

(II) má tá sé os cionn 16 bliana d'aois i dtosach na bliana measúnachta, ag fáil teagasc lánaimseartha in aon ollscoil, coláiste, scoil nó bunachas eile oideachais, agus

(ii) ina leanbh de chuid na pearsan aonair nó, mura leanbh den sórt sin é, á choimeád ag an bpearsa aonair agus á chothabháil ag an bpearsa aonair ar a chostas féin ar feadh iomlán na bliana measúnachta nó ar feadh cuid di:

Ar choinníoll go mbeidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha fho-ailt (3), (4), (5) agus (7) d'alt 141 (arna gcur isteach leis an Acht Airgeadais, 1986 ) d'fhonn a chinneadh an mbeidh faoiseamh le tabhairt faoin alt seo mar atá feidhm acu lena chinneadh an mbeidh asbhaint le lamháil faoin alt sin, ach amháin nach lamhálfar faoiseamh faoin alt seo i gcás inar mó ioncam an linbh ná an méid a shonraítear san fho-alt sin (4);”.

Leasú ar alt 6 (liúntas speisialta i leith Á.S.P.C. do 1982-83) den Acht Airgeadais, 1982 .

6. —Beidh éifeacht le halt 6 den Acht Airgeadais, 1982 , d'fhonn a fhionnadh cad é méid an ioncaim ar a mbeidh cáin ioncaim don bhliain 1986-87 le muirearú ar phearsa aonair dá dtagraítear san alt sin, ionann is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (2)—

(a) “1986-87” a chur in ionad “1982-83”, agus

(b) “£286” a chur in ionad “£312”, gach áit a bhfuil sé.

Leasú ar alt 8 (buanscéimeanna sochair sláinte) den Acht Airgeadais, 1979 .

7. —Leasaítear leis seo alt 8 den Acht Airgeadais, 1979 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) (a) Aon pholasaí buanárachais sláinte, árachais breoiteachta nó árachais eile dá shamhail a eiseofar i leith árachais a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, is buanscéim sochair sláinte de réir bhrí an ailt seo a bheidh ann má tá sé i gcomhréir le foirm arb eard í, tráth eisithe an pholasaí—

(i) foirm chaighdeánach a bheidh formheasta ag na Coimisinéirí Ioncaim mar fhoirm chaighdeánach do bhuanscéim sochair sláinte; nó

(ii) foirm nach bhfuil de dhifear idir í agus foirm chaighdeánach arna formheas amhlaidh ach amháin go ndéantar inti cibé athruithe ar an bhfoirm sin a bheidh, tráth eisithe an pholasaí, formheasta ag na Coimisinéirí Ioncaim mar athruithe atá i gcomhréir le buanscéim sochair sláinte má dhéantar ar an bhfoirm chaighdeánach sin iad agus a chomhlíonann aon choinníollacha ar faoina réir a dhéantar na hathruithe a fhormheas amhlaidh.

 (b) Le linn dóibh polasaí a fhormheas mar fhoirm chaighdeánach do bhuanscéim sochair sláinte de bhun mhír (a), féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim neamhshuim a dhéanamh d'aon fhoráil den pholasaí is dóigh leo a bheith gan tábhacht.”.

Faoiseamh maidir le bronntanais do Chospóir.

8. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Cospóir” an Chomhairle Náisiúnta Spóirt a bhunaigh an tAire Stáit ag an Roinn Oideachais an 10ú lá d'Fheabhra, 1978;

ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim nó cáin chorparáide, de réir mar a bheidh.

(2) (a) Baineann an t-alt seo le bronntanas airgid a thabharfar, an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, don Aire Oideachais

chun tairbhe do Chospóir agus nach inasbhainte le linn ríomh a dhéanamh, chun críocha cánach, ar bhrabúis nó gnóchain trádála nó gairme nó nach ioncam lena mbaineann forálacha alt 439 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(b) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais i ndáil le haon cheist a éireoidh i dtaca le mír (a).

(3) I gcás ina gcruthóidh duine go bhfuil bronntanas lena mbaineann an t-alt seo tugtha aige agus go n-éileoidh sé faoiseamh ó cháin faoina threoir sin, beidh feidhm ag forálacha fho-alt (4) nó, de réir mar a bheidh, ag forálacha fho-alt (5):

Ar choinníoll go ndéanfar, le linn glanmhéid an bhronntanais a bheith á chinneadh chun críocha na bhfo-alt sin, méid nó luach aon chomaoine a fuair an duine sin de bhíthin an bronntanas a thabhairt, cibé acu a fuair sé go díreach nó go neamhdhíreach é ó Chospóir nó ó aon duine eile, a asbhaint ó mhéid an bhronntanais.

(4) Chun críocha cánach ioncaim don bhliain mheasúnachta ina dtugann duine bronntanas lena mbaineann an t-alt seo, déanfar, faoi réir fho-alt (5), glanmhéid an bhronntanais sin a asbhaint ó aon ioncam, nó a fhritháireamh in aghaidh aon ioncaim, de chuid an duine is ioncam ar arb inmhuirearaithe cáin ioncaim don bhliain sin agus déanfar cáin a urscaoileadh nó a aisíoc dá réir sin de réir mar is gá; agus is dá réir sin a dhéanfar ioncam iomlán an duine nó, i gcás inar banchéile an duine a measúnaítear a fearchéile i leith cánach ioncaim de réir fhorálacha alt 194 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ioncam iomlán an fhearchéile, a ríomh:

Ar choinníoll nach dtabharfar faoiseamh faoin alt seo do dhuine maidir le bliain mheasúnachta—

(a) mura mó ná £100 glanmhéid an bhronntanais (nó comhiomlán ghlanmhéideanna na mbronntanas) a thug sé an bhliain sin, is bronntanas nó bronntanais, de réir mar a bheidh, lena mbaineann an t-alt seo, nó

(b) sa mhéid gur mó ná £10,000 glanmhéid an bhronntanais (nó comhiomlán ghlanmhéideanna na mbronntanas) a thug sé sa bhliain sin, is bronntanas nó bronntanais, de réir mar a bheidh, lena mbaineann an t-alt seo.

(5) I gcás ina dtugann cuideachta bronntanas lena mbaineann an t-alt seo—

(a) measfar, chun críocha cánach corparáide, gur caillteanas a thabhaigh an chuideachta i dtrádáil leithleach sa tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta ina dtugtar an bronntanas, glanmhéid an bhronntanais, agus

(b) déanfar na tagairtí sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (4) do bhliain mheasúnachta a fhorléiriú mar thagairtí do thréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta.

Mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le stiúrthóirí cuideachtaí agus fostaithe dá ndeonaítear cearta chun scaireanna nó sócmhainní eile a fháil.

9. —(1) (a) San alt seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

tá le “cuideachta” an bhrí a shanntar dó le halt 1 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

tá le “stiúrthóir” agus le “fostaí” na bríonna a shanntar dóibh faoi seach le halt 13 (1) den Acht Airgeadais, 1972 ;

ciallaíonn “ceart” ceart chun aon sócmhainn nó sócmhainní, lena n-áirítear scaireanna in aon chuideachta, a fháil;

déanfar “margadhluach” a fhorléiriú de réir alt 49 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 ;

folaíonn “scaireanna” urrúis (de réir bhrí Chuid IX den Acht Cánach Corparáide, 1976 ) agus stoc.

 (b) San alt seo—

(i) folaíonn tagairtí do scaoileadh cirt tagairtí d'aontú le feidhmiú an chirt a shrianadh;

(ii) déanfar aon cheist i dtaobh baint a bheith ag duine le duine eile a chinneadh de réir fhorálacha alt 157 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

(iii) measfar go bhfaigheann duine ceart mar stiúrthóir cuideachta nó mar fhostaí—

(I) más rud é, mar gheall ar a oifig nó a fhostaíocht, go ndeonaítear dó é, nó go ndeonaítear é do dhuine eile a shannann dó é, agus

(II) mura bhfuil feidhm ag alt 76 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le linn brabúis nó gnóchain na hoifige nó na fostaíochta sin a bheith á muirearú i leith cánach,

agus beidh feidhm ag clásail (I) agus (II) maidir le ceart a dheonaítear mar gheall ar oifig nó fostaíocht duine sula dtosaíonn sé ar a bheith á sealbhú nó tar éis dó scor de bheith á sealbhú mar a bheadh feidhm acu dá mba go raibh sé tosaithe ar an oifig nó an fhostaíocht a shealbhú nó dá mba nár scoir sé den oifig nó den fhostaíocht a shealbhú, de réir mar a bheidh.

(2) I gcás ina réadóidh duine gnóchan trí cheart a fheidhmiú, a shannadh nó a scaoileadh, is ceart a bheidh faighte ag an duine sin an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, mar stiúrthóir cuideachta nó mar fhostaí, beidh sé inmhuirearaithe i leith cánach faoi Sceideal E don bhliain mheasúnachta ina réadaítear an gnóchan amhlaidh ar mhéid is comhionann le méid a ghnóchain, arna ríomh de réir an ailt seo.

(3) Faoi réir fho-alt (5), i gcás ina bhféadfadh, de bhua an ailt seo, cáin a bheith inmhuirearaithe i leith aon ghnóchain a d'fhéadfaí a réadú trí fheidhmiú cirt, ní bheidh cáin inmhuirearaithe faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach maidir leis an gceart a fháil.

(4) Maidir leis an ngnóchan a réadófar—

(a) trí aon cheart a fheidhmiú tráth ar bith, measfar gurb é atá ann an difear idir margadhluach na sócmhainne nó na sócmhainní, de réir mar a bheidh, tráth na fála agus méid nó luach comhiomlán na comaoine, más ann, a tugadh chun an tsócmhainn nó na sócmhainní a fháil agus as an gceart a dheonú, agus

(b) trí aon cheart a shannadh nó a scaoileadh, measfar gurb é atá ann an difear idir méid nó luach na comaoine i leith sannadh nó scaoileadh an chirt agus méid nó luach na comaoine, más ann, a tugadh as an gceart a dheonú,

agus chun na críche sin féadfaidh an cigire cionroinnt chóir a dhéanamh ar aon chomaoin iomlán a tugadh as an gceart a dheonú nó as an gceart a dheonú agus as ní éigin thairis sin:

Ar choinníoll go measfar nach bhfuil ar áireamh sa chomaoin a tugadh as an gceart a dheonú nó in aon chomaoin iomlán den sórt sin comhlíonadh aon dualgas in oifig nó i bhfostaíocht nó i ndáil leis an gcéanna agus nach ndéanfar aon chuid de mhéid nó de luach na comaoine a tugadh i leith an deonaithe a asbhaint níos mó ná uair amháin faoin bhfo-alt seo.

(5) (a) I gcás ceart den chineál a luaitear i bhfo-alt (2) a fháil mar a luaitear san fho-alt sin, agus gur féidir an ceart a fheidhmiú breis agus seacht mbliana tar éis é a fháil, ní choiscfidh fo-alt (3) cáin a mhuirearú faoi aon fhorálacha eile de na hAchtanna Cánach maidir leis an gceart a fháil; ach i gcás ina muirearófar cáin faoi aon cheann de na forálacha sin asbhainfear í ó aon cháin is inmhuirearaithe, faoi fho-alt (2), faoi threoir an ghnóchain a réadófar tríd an gceart a fheidhmiú, a shannadh nó a scaoileadh.

(b) Chun críche aon mhuirir i leith cánach a chumasaítear a dhéanamh leis an bhfo-alt seo, measfar gurb é luach cirt méid nach lú ná margadhluach, tráth fála an chirt, na sócmhainne nó na sócmhainní a fhéadfar a fháil tríd an gceart a fheidhmiú nó aon sócmhainne nó sócmhainní ar ar féidir an tsócmhainn nó na sócmhainní arna bhfáil amhlaidh a mhalartú, arna laghdú de mhéid nó de luach (nó, más inathraithe é, de mhéid nó de luach íosta) na comaoine ar ar féidir an tsócmhainn nó na sócmhainní a fháil amhlaidh.

(6) Faoi réir fho-alt (7), beidh duine, i gcás cirt a dheonaítear mar gheall ar a oifig nó a fhostaíocht, inmhuirearaithe i leith cánach faoin alt seo i leith gnóchain arna réadú ag duine eile—

(a) más don duine eile sin a deonaíodh an ceart, nó

(b) má fuair an duine eile an ceart ar shlí seachas trí shannadh nó faoi shannadh, a rinneadh ar mhodh margáin ar neamhthuilleamaí, nó más daoine bainteacha an bheirt tráth réadaithe an ghnóchain,

ach i gcás a thagann faoi réim mhír (b) measfar an gnóchan a réadaíodh a bheith laghdaithe de mhéid aon ghnóchain a réadaigh sealbhóir roimhe sin ar an gceart a shannadh.

(7) Ní bheidh duine inmhuirearaithe i leith cánach de bhua fho-alt (6) (b) i leith aon ghnóchain arna réadú ag duine eile má baineadh an ceart den duine céadluaite trí oibriú dlí ar a fhéimheacht nó ar shlí eile, ach beidh an duine eile inmhuirearaithe i leith cánach i leith an ghnóchain faoi Chás IV de Sceideal D.

(8) Má shanntar nó má scaoiltear ceart go hiomlán nó go páirteach ar chomaoin arb éard í, nó ar cuid di, ceart eile, ní áireofar an ceart eile sin mar chomaoin i leith sannadh nó scaoileadh an chirt ach beidh feidhm ag an alt seo maidir leis mar atá feidhm aige maidir leis an gceart a bheidh sannta nó scaoilte agus ionann is dá mba nár áiríodh ar an gcomaoin i leith a fhála luach an chirt a sannadh nó a scaoileadh ach gur áiríodh uirthi méid nó luach na comaoine a tugadh i ndáil le deonú an chirt a sannadh nó a scaoileadh sa mhéid nár fritháiríodh ina aghaidh sin aon chomaoin luachmhar i ndáil leis an sannadh nó an scaoileadh seachas an chomaoin arb éard í an ceart eile.

(9) (a) Más rud é, mar gheall ar dhá idirbheart nó níos mó, go scoireann duine de cheart a shealbhú agus go dtagann sé, nó go dtagann duine bainteach, chun ceart eile a shealbhú (cibé acu a fuarthas é ón duine dár sannadh an ceart eile nó nach bhfuarthas) agus go ndearnadh aon cheann de na hidirbhearta sin faoi chomhshocraíochtaí ar páirtithe iontu dhá dhuine nó níos mó a shealbhaíonn cearta a bhféadfadh cáin a bheith inmhuirearaithe ina leith faoin alt seo, áireofar na hidirbhearta sin, chun críocha fho-alt (8), mar idirbheart amháin trína sanntar an t-aon cheart amháin ar chomaoin arb éard í, nó ar cuid di, an ceart eile.

(b) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le dhá idirbheart nó níos mó cibé acu an sannadh roimh fháil, i gcomhthráth le fáil nó i ndiaidh fála atá i gceist leo.

(10) I gcás ina ndéantar gnóchan ar arb inmhuirearaithe cáin faoi fho-alt (2) nó fho-alt (6) a réadú trí fheidhmiú cirt, beidh feidhm ag mír 3 de Sceideal 1 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , ionann is dá mba chuid den chomaoin a thug an duine a fuair na scaireanna as iad a fháil suim ar cóimhéid le méid an ghnóchain ar arb inmhuirearaithe cáin amhlaidh.

(11)    (a) Más rud é, sa bhliain 1986-87 nó in aon bhliain mheasúnachta dá éis, go ndeonóidh duine ceart a dtiocfaidh cáin chun bheith inmhuirearaithe ina leith faoin alt seo, nó go leithroinnfidh sé aon scaireanna nó go n-aistreoidh sé aon sócmhainn de bhun cirt den sórt sin, nó go dtabharfaidh sé aon chomaoin as ceart den sórt sin a shannadh nó a scaoileadh go hiomlán nó go páirteach, nó go bhfaighidh sé fógra i scríbhinn i dtaobh sannadh cirt den sórt sin a bheith déanta, tabharfaidh sé sonraí faoi sin i scríbhinn don chigire tráth nach déanaí ná tríocha lá i ndiaidh dheireadh na bliana sin.

 (b) Leasaítear leis seo Sceideal 15 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí “An tAcht Airgeadais, 1986 , alt 9 (11) (a)” a chur isteach i gcolún 2.

Scéimeanna scairrogha ceadaithe.

10. —(1) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo más rud é, an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, go bhfaighidh pearsa aonair ceart chun scaireanna a fháil i gcomhlacht corpraithe—

(a) mar gheall ar a oifig nó a fhostaíocht mar stiúrthóir nó mar fhostaí de chuid an chomhlachta chorpraithe sin nó aon chomhlachta chorpraithe eile; agus

(b) de réir forálacha scéime arna ceadú faoin Dara Sceideal.

(2) Má fheidhmíonn an phearsa aonair an ceart de réir fhorálacha na scéime tráth a bheidh sí ceadaithe faoin Dara Sceideal—

(a) ní bheidh cáin inmhuirearaithe faoi alt 9 i leith aon ghnóchain a réadófar tríd an gceart a fheidhmiú,

(b) i gcás a mbeadh, murach an mhír seo, feidhm ag alt 9 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , ní bheidh feidhm ag an alt sin tráth a bheidh ríomh á dhéanamh ar an gcomaoin as é d'fháil na scaireanna nó as aon diúscairt chomhréireach ar na scaireanna chuige, agus

(c) maidir le scaireanna lena mbaineann fo-alt (3), ar scaireanna iad a bheidh faighte ag pearsa aonair tríd an gceart a fheidhmiú, déanfar tréimhse úinéireachta na scaireanna sin, chun críocha fho-alt (3) d'alt 3 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , a fhorléiriú, d'ainneoin fho-alt (4) den alt sin, ionann is dá mba ar an dáta a fuair an phearsa aonair an ceart a fuair sé na scaireanna.

(3) (a) Baineann an fo-alt seo le scaireanna a fhaightear de bhun ceart a fheidhmiú is ceart chun scaireanna a fháil i gcuideachta ar chuideachta cháilitheach í an tráth a fuarthas an ceart.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, is cuideachta cháilitheach cuideachta tráth ar bith más rud é i gcaitheamh na tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an tráth sin nó, má thosaigh an chuideachta ag seoladh trádála le linn na tréimhse sin, i gcaitheamh na tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach an dáta ar thosaigh an chuideachta ag seoladh trádála amhlaidh, go raibh sí ann d'aontoisc chun trádáil shonraithe a sheoladh.

(4) Chun críocha fho-alt (3), ciallaíonn “trádáil shonraithe” trádáil arb éard í go hiomlán nó go formhór—

(a) monarú earraí (lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bheadh le háireamh mar mhonarú earraí chun críocha Chaibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980 , dá ndéanfadh an chuideachta a sheolann an trádáil éileamh ar fhaoiseamh faoin gCaibidil sin i leith na trádála), nó

(b) oibríochtaí trádála díolmhaithe de réir bhrí Chuid V (Brabúis ó Thrádáil in Aerfort na Sionna) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(5) Chun críocha fho-ailt (3) agus (4), áireofar trádáil, maidir le tréimhse dhá mhí dhéag, mar thrádáil arb éard í go hiomlán nó go formhór gníomhaíochtaí áirithe más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, nach lú an méid iomlán is infhaighte ag an gcuideachta a sheolann an trádáil ó dhíolacháin a dhéanfar nó, de réir mar a bheidh, mar íocaíocht i leith seirbhísí a thabharfar i gcúrsa na ngníomhaíochtaí sin sa tréimhse dhá mhí dhéag ná 75 faoin gcéad den mhéid iomlán is infhaighte ag an gcuideachta ó na díolacháin go léir a dhéanfar nó, de réir mar a bheidh, mar íocaíocht i leith na seirbhísí go léir a thabharfar i gcúrsa na trádála sa tréimhse sin.

(6) Leasaítear leis seo Sceideal 15 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “An tAcht Airgeadais, 1986 , mír 14 den Dara Sceideal” a chur isteach i gColún 2.

Scéimeanna brabús-roinnte.

11. —Leasaítear leis seo alt 52 den Acht Airgeadais, 1982 , maidir leis an mbliain 1986-87 agus blianta measúnachta dá éis, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (7) agus (8):

“(7) Sa Chaibidil seo ciallaíonn ‘an dáta scaoilte', i ndáil le haon scaireanna de chuid rannpháirtí, comhaireamh cúig bliana an dáta a leithreasaíodh na scaireanna chuige.

(8) Faoi réir alt 56 (4), chun críocha fhorálacha na Caibidle seo lena muirearaítear cáin ioncaim ar phearsa aonair faoi Sceideal E de bhíthin teagmhas a bhaineann le haon scaireanna dá chuid tarlú, déanfar aon tagairt don ‘céatadán iomchuí’ i ndáil leis na scaireanna sin a chinneadh de réir thráth an teagmhais sin mar a leanas:—

(a) más roimh chomhaireamh ceithre bliana an dáta a leithreasaíodh na scaireanna chuig an rannpháirtí a tharlóidh an teagmhas agus mura mbeidh feidhm ag mír (c), 100 faoin gcéad an céatadán iomchuí;

(b) más ar chomhaireamh ceithre bliana, nó dáta dá éis, agus roimh chomhaireamh cúig bliana an dáta a leithreasaíodh na scaireanna chuig an rannpháirtí a tharlóidh an teagmhas agus mura mbeidh feidhm ag mír (c), 75 faoin gcéad an céatadán iomchuí; agus

(c) más rud é, i gcás ina mbeidh an rannpháirtí, tráth an teagmhais,—

(i) tar éis scor de bheith ina fhostaí nó ina stiúrthóir de chuideachta iomchuí amhail mar a luaitear i bhfo-alt (5) (a), nó

(ii) tar éis aois inphinsin, mar a mhínítear sin in alt 2 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 , a shroicheadh,

go dtarlóidh an teagmhas roimh chomhaireamh cúig bliana an dáta a leithreasaíodh na scaireanna chuige, 50 faoin gcéad an céatadan iomchuí.”.

Faoiseamh i leith scaireanna nua arna gceannach, tráth a n-eisithe, ag fostaithe.

12. —(1) (a) San alt seo—

tá le “stiúrthóir” an bhrí chéanna atá leis i gCaibidil III de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “fostaí cáilithe” i ndáil le cuideachta cháilitheach—

(i) i gcás inar cuideachta thrádála an chuideachta, stiúrthóir lánaimseartha nó fostaí lánaimseartha de chuid na cuideachta, nó

(ii) i gcás inar cuideachta shealbhaíochta an chuideachta, stiúrthóir lánaimseartha nó fostaí lánaimseartha de chuid na cuideachta nó de chuid cuideachta ar fochuideachta 75 faoin gcéad don chuideachta sin í;

ciallaíonn “scaireanna cáilithe”, i ndáil le cuideachta cháilitheach, scaireanna nua is cuid de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta agus ar scaireanna iad—

(i) a eiseofar an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis,

(ii) atá láníoctha,

(iii) nach mbeidh ag gabháil leo, i gcaitheamh na tréimhse cúig bliana dar tosach dáta a n-eisiúna, aon cheart tosaíochta, anois nó feasta, chun díbhinní, ná chun sócmhainní na cuideachta ar í a fhoirceannadh, ná aon cheart tosaíochta chun fuascailte, anois nó feasta,

(iv) nach bhfuil faoi réir aon srianta seachas srianta a ghabhann le gach scair den aicme chéanna, agus

(v) a eiseofar chuig, agus a gheobhaidh, fostaí cáilithe i ndáil leis an gcuideachta ar mhéid nach lú ná a margadhluach tráth a n-eisiúna;

tá le “stiúrthóir lánaimseartha” agus le “fostaí lánaimseartha”, na bríonna céanna atá le “stiúrthóir lánaimsire” agus “fostaí lánaimsire” faoi seach in alt 8 den Acht Airgeadais, 1978 ;

ciallaíonn “cuideachta shealbhaíochta” cuideachta arb é a gnó, go hiomlán nó go formhór, scaireanna nó urrúis de chuid cuideachtaí trádála ar fochuideachtaí 75 faoin gcéad dá cuid iad, a shealbhú;

forléireofar “margadhluach” de réir alt 49 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 ;

tá le “gnáth-scairchaipiteal” an bhrí a shanntar dó le halt 155 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

ciallaíonn “cuideachta cháilitheach” cuideachta arb amhlaidh di, tráth eisiúna na scaireanna cáilithe—

(i) go mbeidh sí corpraithe sa Stát,

(ii) go mbeidh cónaí uirthi sa Stát agus nach mbeidh cónaí uirthi áit ar bith eile, agus

(iii) (I) gur cuideachta thrádála í, nó

(II) gur cuideachta shealbhaíochta í;

ciallaíonn “cuideachta thrádála” cuideachta arb é a gnó, go hiomlán nó go formhór, trádáil nó trádálacha a sheoladh go hiomlán nó go formhór sa Stát.

(b) San alt seo tá le “fochuideachta 75 faoin gcéad”, i ndáil le cuideachta, an bhrí a shanntar dó chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide le halt 156 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , mar a chuirtear i bhfeidhm é, chun críocha alt 107 den Acht sin, le fo-ailt (6) agus (7) den alt sin.

(c) Aon tagairtí san alt seo do dhiúscairt scaireanna folaíonn siad tagairtí do dhiúscairt leasa nó cirt sna scaireanna nó tharstu agus i gcás ina n-áirítear pearsa aonair, de bhua mhír 5 de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , mar phearsa aonair a mhalartaigh scaireanna ar scaireanna eile, áireofar é, chun críocha an ailt seo, mar phearsa aonair a dhiúscair na scaireanna sin.

(d) Ní áireofar scaireanna i gcuideachta chun críocha an ailt seo mar scaireanna den aicme chéanna mura n-áireofaí amhlaidh iad dá ndéileálfaí iontu ar stocmhargadh sa Stát.

(2) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, más rud é, sa bhliain 1986-87 nó in aon bhliain mheasúnachta dá éis, go ndéanfaidh fostaí cáilithe i ndáil le cuideachta cháilitheach suibscríobh le haghaidh scaireanna cáilithe sa chuideachta cháilitheach, beidh sé i dteideal, le linn méid a ioncaim iomláin don bhliain mheasúnachta ina n-eiseofar na scaireanna a bheith á mheas, go ndéanfar asbhaint de mhéid comhionann leis an méid a suibscríobhadh:

Ar choinníoll nach dtabharfar asbhaint sa mhéid gur mó ná £750 an méid a shuibscríobhfaidh fostaí cáilithe i leith scaireanna cáilithe arna n-eisiúint chuige sna blianta measúnachta go léir.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le haon mhéid a shuibscríobhfar le haghaidh scaireanna cáilithe más rud é, laistigh den tréimhse cúig bliana ó dháta a bhfála—

(a) go ndiúscrófar iad, nó

(b) go bhfaighidh an fostaí cáilithe a rinne an suibscríobh aon airgead nó luach airgid i leith na scaireanna ar airgead nó luach airgid é nach ioncam ina lámha chun críocha cánach ioncaim,

agus déanfar na measúnachtaí, na measúnachtaí breise nó na coigeartuithe ar mheasúnachtaí uile is gá chun aon fhaoiseamh ó cháin ioncaim, a bheidh lamháilte cheana féin faoi fho-alt (2) maidir leis an méid a suibscríobhadh, a tharraingt siar:

Ar choinníoll más i ndiaidh chomhaireamh ceithre bliana an dáta a eisíodh na scaireanna chuig an bhfostaí cáilithe a tharlaíonn teagmhas a luaitear i mír (a) nó (b), nach dtarraingeofar siar faoiseamh ach amháin go feadh 75 faoin gcéad den mhéid a tharraingeofaí siar thairis sin.

(4) Ach amháin i gcás gurb é atá sna scaireanna, scaireanna i gcuideachta ar scaireanna d'aon aicme amháin a gnáth-scairchaipiteal an tráth a gheobhaidh an fostaí cáilithe na scaireanna, ní mór, maidir le formhór na scaireanna eisithe ar den aicme chéanna iad leis na scaireanna cáilithe, gur scaireanna iad seachas—

(a) scaireanna cáilithe, agus

(b) scaireanna atá á sealbhú ag daoine a fuair a gcuid scaireanna de bhun cirt nó deise a tugadh dóibh mar stiúrthóir nó fostaí de chuid na cuideachta cáilithí nó de chuid aon cheann dá fochuideachtaí 75 faoin gcéad.

(5) I ndáil le scaireanna ar tugadh faoiseamh ina leith faoi fho-alt (2) agus nár tarraingíodh siar é, déanfar aon cheist—

(a) i dtaobh cé acu scaireanna den chineál sin (más ann) a eisíodh chuig fostaí cáilithe tráthanna éagsúla a mbaineann diúscairt leo, nó

(b) i dtaobh cé acu an leis na scaireanna sin nó le scaireanna eile a bhaineann diúscairt,

a chinneadh chun críocha an ailt seo amhail mar a chinnfí í chun críocha alt 17 den Acht Airgeadais, 1984 .

(6) Más rud é, i ndáil le haon scaireanna de scaireanna cáilithe fostaí cháilithe (dá ngairtear “an sealbhán bunaidh” anseo ina dhiaidh seo), go dtarlóidh idirbheart a mbeidh de thoradh air sealbhán nua, mar a mhínítear sin i mír 2 (1) (b) de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , a ionannú leis an sealbhán bunaidh chun críocha cánach gnóchan caipitiúil, ansin, chun críocha fho-alt (3)—

(a) áireofar an sealbhán nua mar scaireanna ar tugadh faoiseamh faoin alt seo ina leith,

(b) ní áireofar an t-idirbheart mar idirbheart lena mbaineann diúscairt ar an sealbhán bunaidh,

(c) ní áireofar mar airgead nó luach airgid an chomaoin i leith an diúscartha ar an sealbhán bunaidh sa mhéid gurb é an sealbhán nua í, agus

(d) déanfar diúscairt ar an sealbhán nua go léir nó ar chuid de a áireamh mar dhiúscairt ar na scaireanna go léir, nó ar chuid chomhréireach de na scaireanna, ar tugadh faoiseamh ina leith faoin alt seo.

(7) Aon mhéid a lamhálfar faoiseamh ina leith faoi fho-alt (2) agus nach dtarraingeofar siar é, áireofar é mar shuim atá, de bhíthin mhír 4 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , le heisiamh ó na suimeanna is inlamháilte faoi mhír 3 den Sceideal sin.

(8) Ní bheidh fostaí cáilithe i dteideal faoisimh faoi fho-alt (2) i leith aon scaireanna mura rud é gur ar chúiseanna tráchtála bona fide agus nach mar chuid de scéim nó comhshocraíocht arb é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, atá léi cáin a sheachaint a shuibscríobhfar le haghaidh na scaireanna agus a eiseofar iad.

(9) Na forálacha uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm acu i ndáil leis na hasbhaintí a shonraítear in ailt 138 go 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , beidh feidhm acu, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le faoiseamh faoin alt seo.

Leasú ar na forálacha a bhaineann le faoiseamh i leith infheistíochta i dtrádálacha corpraithe.

13. —Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1984 , trí “in aon bhliain de na sé bliana measúnachta” a chur in ionad “i gceachtar den dá bhliain mheasúnachta” i bhfo-alt (11), agus tá an fo-alt sin (11), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(11) Níl feidhm ag an alt seo ach amháin nuair is sa bhliain 1984-85 nó in aon bhliain de na sé bliana measúnachta díreach ina dhiaidh sin a eiseofar na scaireanna atá i gceist.

Mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le díbhinní áirithe.

14. —(1) Aon díbhinn arna híoc, an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, ag cuideachta a chónaíonn sa Stát, ar dáileadh iomchuí í chun críocha alt 45 den Acht Airgeadais, 1980 , is díbhinn cháilitheach í chun críocha an ailt seo.

(2) I gcás ina ndéanfaidh pearsa aonair a chónaíonn sa Stát agus nach gcónaíonn áit ar bith eile éileamh, agus ina gcruthóidh sé, go bhfuil teideal tairbhiúil aige chuig díbhinní cáilitheacha d'aon bhliain mheasúnachta (arb í an bhliain 1986-87 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis í) beidh sé, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, ar leith ón alt seo, i dteideal, le linn méid a ioncaim iomláin don bhliain mheasúnachta sin a bheith á ríomh, go ndéanfaí an méid dá ioncam don bhliain sin dá bhfreagraíonn na díbhinní cáilitheacha a laghdú de 50 faoin gcéad den mhéid sin, ach déanfar méid aon chreidmheasa cánach a bhfuil teideal aige chuige maidir le haon díbhinn cháilitheach atá ar áireamh ina ioncam don bhliain sin a chinneadh de réir alt 45 (3) den Acht Airgeadais, 1980 , ionann is dá mba nár achtaíodh an t-alt seo:

Ar choinníoll nach mó ná £7,000 an méid a ndéanfar ioncam pearsan aonair dá bhfreagraíonn díbhinní cáilitheacha a laghdú de réir an ailt seo d'aon bhliain mheasúnachta.

(3) Ná forálacha uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm acu i ndáil leis na hasbhaintí a shonraítear in ailt 138 go 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , beidh feidhm acu, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le faoiseamh faoin alt seo.

(4) Leasaítear leis seo alt 198 (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i mír (a) i ndiaidh fhomhír (viii):

“(ix) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 14 den Acht Airgeadais, 1986 , sa chomhréir ina bhfuil teideal tairbhiúil acu chuig an ioncam ó na díbhinní cáilitheacha ar dá mbarr an faoiseamh,”

Caibidil II

Cánachas ar Bhrabúis Fheirmeoireachta

Feirmeoireacht: leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiseamh i leith méadú ar stocluachanna.

15. —(1) Leasaítear leis seo alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1975 , trí “1986” a chur in ionad “1985” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985 )—

(a) i mír (iv) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979 ) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (4) (a), agus

(b) i ngach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (7) agus (9) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ),

agus tá an mhír sin (iv), an fo-alt sin (7) (ar leith ón gcoinníoll) agus an fo-alt sin (9) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(iv) nach lamhálfar asbhaint faoi fhorálacha an ailt seo le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó aon lá dá éis.

(7) I gcás ar mó, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, stocluach oscailte cuideachta ná a stocluach dúnta, déanfar, más ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1986, do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, méid na breise (dá ngairtear “laghdú ar stocluach” na cuideachta san alt seo) a áireamh, le linn ioncam trádála na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin:

(9) Le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, a mbeidh laghdú ar stocluach, áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C

i gcás—

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis,

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, agus

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar, faoin bhfo-alt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin:

(2) Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1976

(a) trí “1986-87” a chur in ionad “1985-86” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985 ) i bhfo-alt (3), agus

(b) trí “1986” a chur in ionad “1985” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985 ) gach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (5) agus (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ),

agus tá an fo-alt sin (3), an fo-alt sin (5) (ar leith ón gcoinníoll) agus an fo-alt sin (6) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(3) Aon asbhaint a lamhálfar de bhua an ailt seo le linn brabúis thrádála duine do thréimhse chuntasaíochta a bheith a ríomh ní bheidh éifeacht leis chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1974-75 nó tar éis na bliana 1986-87.

(5) Le linn brabúis trádála duine a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1976 go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1986, áireofar méid an laghdaithe sin mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin:

(6) Le linn brabúis trádála duine a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, áireofar mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C

i gcás—

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis,

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, agus

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis:

(3) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo ach amháin maidir le trádáil feirmeoireachta.

Creidmheas i leith cánach feirme.

16. —(1) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, más rud é, don bhliain 1986-87 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis, go mbeidh pearsa aonair inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim maidir le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht agus go ndlífidh sé ar dháta ar bith sa bhliain mheasúnachta sin, de réir fhorálacha alt 9 den Acht um Cháin Fheirme, 1985 , cáin fheirme a íoc i leith feirme inchánach, déanfar méid na cánach ioncaim is inmhuirearaithe amhlaidh a laghdú—

(a) i gcás feidhm a bheith ag mír (a) d'fho-alt (2) den alt sin 9, de mhéid na cánach feirme a bheidh íoctha aige sa bhliain mheasúnachta sin de réir fhorálacha na míre sin,

(b) i gcás feidhm a bheith ag mír (b) den fho-alt sin (2)—

(i) má dhéanann gach duine a dhlíonn, i gcomhpháirt agus go leithleach, an cháin fheirme a íoc faoin mír sin a chuid ar leith den cháin fheirme a íoc, de mhéid na cánach feirme a bheidh íoctha amhlaidh aige sa bhliain mheasúnachta sin,

(ii) mura ndéanann gach duine a dhlíonn íocaíocht a dhéanamh amhlaidh a chuid ar leith den cháin fheirme sin a íoc, de cibé cion den cháin fheirme iomlán is iníoctha faoin mír sin a bhféadfaí le réasún a mheas gur cháin í a d'iompair sé sa bhliain mheasúnachta sin, agus

(c) i gcás feidhm a bheith ag mír (c) den fho-alt sin (2)—

(i) má dhéanann gach duine a dhlíonn, i gcomhpháirt agus go leithleach, an cháin fheirme a íoc faoin mír sin i leith cibé cuid den fheirm nach mbeidh cionroinnte faoi alt 3 (2) den Acht sin a chuid ar leith den cháin fheirme sin a íoc, de mhéid na cánach feirme sin a bheidh íoctha amhlaidh aige sa bhliain mheasúnachta sin,

(ii) mura ndéanann gach duine a dhlíonn amhlaidh an cháin fheirme sin a íoc a chuid ar leith den cháin fheirme sin a íoc, de cibé cion den cháin fheirme iomlán is iníoctha faoin mír sin i leith cibé cuid den fheirm nach mbeidh cionroinnte amhlaidh a bhféadfaí le réasún a mheas gur cháin í a d'iompair sé:

Ar choinníoll—

(a) nach mó méid an laghdaithe a thabharfar d'aon bhliain mheasúnachta faoin bhfo-alt seo ná—

(i) méid na cánach feirme is iníoctha ag an bpearsa aonair don bhliain fhéilire ar críoch di sa bhliain mheasúnachta, agus

(ii) an cháin is iomchuí do na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht i ndáil leis an bpearsa aonair sin don bhliain mheasúnachta sin, agus

(b) le linn an t-ioncam ar arb inmhuirearaithe cáin ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta a bheith á chinneadh, nach ndéanfar aon suim a asbhaint i leith cánach feirme.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) i gcás fearchéile is inmhuirearaithe i leith cánach de réir fhorálacha alt 194 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is dá bhfolódh tagairtí do bhrabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht aon bhrabúis nó gnóchain den sórt sin de chuid a bhanchéile agus ionann is dá bhfolódh tagairtí do cháin fheirme a íocadh nó atá le híoc tagairtí do cháin fheirme a d'íoc a bhanchéile nó atá le híoc aici.

(3) Chun críocha fho-alt (1) déanfar an cháin is iomchuí do na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht i ndáil le pearsa aonair do bhliain mheasúnachta a chinneadh de réir an Tríú Sceideal.

(4) San alt seo tá le “cáin fheirme” agus “feirm inchánach” na bríonna faoi seach a shanntar dóibh le halt 1 (1) den Acht um Cháin Fheirme, 1985 .

Caibidil III

Faoiseamh i leith Infheistíochta i dTaighde agus Forbairt

Léiriú (Caibidil III).

17. —(1) Sa Chaibidil seo—

tá le “comhlach” an bhrí chéanna i ndáil le duine atá leis, de bhua alt 103 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i ndáil le rannpháirtí;

forléireofar “rialú”, ach amháin in alt 20 (7), de réir fho-ailt (2) go (6) d'alt 102 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

forléireofar “stiúrthóir” de réir alt 103 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

forléireofar “margadhluach” de réir alt 49 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 ;

ciallaíonn “gnáthscaireanna” scaireanna is cuid de ghnáth-scairchaipiteal cuideachta;

ciallaíonn “an tréimhse tionscadail”, i ndáil le tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha, an tréimhse dar tosach an dáta a gcuirtear tús leis an obair i ndáil leis an tionscadal agus dar críoch an dáta—

(a) a mbeidh deireadh leis an obair go léir i ndáil leis an tionscadal, agus

(b) a mbeidh na méideanna go léir den chineál dá dtagraítear in alt 24 (b) a bhaineann leis an tionscadal sin faighte ag an gcuideachta cháilitheach taighde agus forbartha a sheol an tionscadal;

ciallaíonn “tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha” tionscadal—

(a) arb é an t-aon chuspóir amháin atá leis próiseanna, modhanna nó táirgí tionsclaíocha nua nó feabhsaithe a fhorbairt, agus

(b) a sheolfar go hiomlán nó go formhór sa Stát;

ciallaíonn “trádáil cháilitheach” trádáil—

(a) arb é atá inti, go hiomlán nó go formhór, monarú earraí de réir bhrí Chaibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980 ;

(b) atá á stiúradh ar bhonn tráchtála agus á seoladh d'fhonn brabúis a réadú,

agus déanfar tagairtí do thrádáil sa Chaibidil seo a fhorléiriú gan féachaint don mhéid sin den mhíniú ar “trádáil” in alt 1 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bhaineann le fiontair nó cúraim de chineál trádála:

Ar choinníoll, i gcás trádáil arb é atá inti le linn tréimhse iomchuí, monarú earraí, de réir na brí sin a dúradh, go páirteach, agus oibríochtaí trádála eile go páirteach, go n-áireofar í chun críocha an mhínithe seo mar thrádáil arb é atá inti, go hiomlán nó go formhór, monarú earraí de réir na brí sin a dúradh más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, nach lú an méid iomlán is infhaighte sa tréimhse iomchuí ó dhíolacháin na n-earraí sin ná 75 faoin gcéad den mhéid iomlán is infhaighte ag an gcuideachta ó na díolacháin go léir a dhéantar agus na seirbhísí go léir a thugtar i gcúrsa na trádála sa tréimhse iomchuí;

tá le “an tréimhse iomchuí” an bhrí a shanntar dó le halt 18 (7);

agus

ciallaíonn “an faoiseamh” agus “faoiseamh” faoiseamh faoi alt 18 agus déanfar tagairtí do mhéid an fhaoisimh a fhorléiriú de réir fho-alt (3) den alt sin.

(2) Tá feidhm ag alt 157 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , chun críocha fhorálacha na Caibidile seo cé is moite d'alt 20.

(3) Aon tagairtí sa Chaibidil seo do dhiúscairt scaireanna folaíonn siad tagairtí do dhiúscairt leasa nó cirt sna scaireanna nó tharstu agus i gcás ina n-áirítear pearsa aonair, de bhua mhír 5 de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , mar phearsa aonair a mhalartaigh scaireanna ar scaireanna eile, áireofar é, chun críocha na Caibidle seo, mar phearsa aonair a dhiúscair na scaireanna sin.

(4) Aon tagairtí sa Chaibidil seo d'aon mhéid a laghdú folaíonn siad tagairtí dá laghdú go nialas.

An faoiseamh.

18. —(1) Tá éifeacht leis an gCaibidil seo chun faoiseamh a thabhairt ó cháin ioncaim i gcás—

(a) ina ndéanfaidh pearsa aonair, a bheidh cáilithe le haghaidh an fhaoisimh, suibscríobh le haghaidh scaireanna cáilithe i gcuideachta cháilitheach taighde agus forbartha, agus

(b) ina n-eiseofar na scaireanna sin chuige chun airgead a chruinniú le haghaidh tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha a bheidh á sheoladh ag an gcuideachta nó a bheartaíonn sí a sheoladh.

(2) Sa Chaibidil seo ciallaíonn “scaireanna cáilithe” gnáthscaireanna nua nach mbeidh ag gabháil leo, i gcaitheamh na tréimhse cúig bliana dar tosach dáta a n-eisiúna, aon cheart tosaíochta, anois nó feasta, chun díbhinní, ná chun sócmhainní cuideachta ar í a fhoirceannadh, ná aon cheart tosaíochta chun fuascailte, anois nó feasta.

(3) Tabharfar an faoiseamh i leith an méid a shuibscríobh pearsa aonair le haghaidh aon scaireanna cáilithe tríd an méid sin a asbhaint óna ioncam iomlán don bhliain mheasúnachta ina n-eisítear na scaireanna, agus is tagairtí do mhéid na hasbhainte sin aon tagairtí sa Chaibidil seo do mhéid an fhaoisimh.

(4) Is ar éileamh a thabharfar an faoiseamh agus ní lamhálfar é—

(a) mura mbeidh, agus go dtí go mbeidh, an tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha dár cruinníodh an t-airgead trí eisiúint na scaireanna a bhfuil faoiseamh á éileamh ina leith, á sheoladh ag an gcuideachta ar feadh ceithre mhí ar a laghad, nó ar feadh na tréimhse tionscadail más giorra í, agus

(b) i gcás nach mbeidh an tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha sin á sheoladh ag an gcuideachta an tráth a eiseofar na scaireanna, mura dtosóidh an chuideachta á sheoladh laistigh de dhá bhliain i ndiaidh an ama sin.

(5) Féadfar géilleadh d'éileamh ar an bhfaoiseamh tráth ar bith tar éis don chuideachta bheith ag seoladh an tionscadail cháilithigh taighde agus forbartha ar feadh na tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (4) (a), má bhíonn na coinníollacha le haghaidh an fhaoisimh comhlíonta an tráth sin; ach ní ghéillfear d'aon éileamh roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1987.

(6) I gcás ina ngéillfear d'éileamh roimh dheireadh na tréimhse iomchuí, tarraingeofar siar an faoiseamh más rud é, mar gheall ar aon teagmhas dá éis sin, gur dealraitheach nach raibh an t-éilitheoir i dteideal an fhaoisimh a lamháladh.

(7) Sa Chaibidil seo ciallaíonn “an tréimhse iomchuí”, i ndáil le faoiseamh i leith aon scaireanna cáilithe arna n-eisiúint ag cuideachta cháilitheach taighde agus forbartha d'fhonn airgead a chruinniú do thionscadal cáilitheach taighde agus forbartha—

(a) maidir le hailt 20 agus 25, an tréimhse dar tosach dáta corpraithe na cuideachta coimircíochta cáilithí ar thar a ceann a dhéanann an chuideachta taighde agus forbartha, nó a bheartaíonn sí, an tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha a sheoladh (nó, má corpraíodh an chuideachta choimircíochta cháilitheach breis agus dhá bhliain roimh dháta eisiúna na scaireanna, an tréimhse dar thosach dhá bhliain roimh an dáta sin) agus dar críoch cibé dáta acu seo a leanas is luaithe, is é sin le rá—

(i) an dáta atá cúig bliana i ndiaidh dháta eisiúna na scaireanna, agus

(ii) an dáta a dtiocfaidh deireadh leis an tréimhse thionscadail (dá ngairtear “an tréimhse thionscadail iomchuí” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) i ndáil leis an tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha dá bhfuil an t-airgead a cruinníodh trí na scaireanna a eisiúint caite nó le caitheamh,

(b) maidir le halt 21, an tréimhse a fhreagraíonn don tréimhse thionscadail iomchuí nó don tréimhse dar tosach dáta eisiúna na scaireanna agus dar críoch an dáta atá cúig bliana tar éis dháta eisiúna na scaireanna, cibé tréimhse acu is túisce a thiocfaidh chun deiridh, agus

(c) maidir le halt 22, an tréimhse dar tosach dáta eisiúna na scaireanna agus dar críoch cibé dáta acu seo a leanas is déanaí, is é sin le rá—

(i) an dáta atá trí bliana tar éis thosach na tréimhse tionscadail iomchuí, agus

(ii) an dáta a dtiocfaidh deireadh leis an tréimhse thionscadail iomchuí.

(8) Más rud é, de bharr a foirceanta, nó de bharr a díscaoilte gan foirceannadh, go seolann an chuideachta an tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha ar feadh tréimhse is giorra ná an tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (4) (a), beidh éifeacht leis an bhfo-alt sin (4) (a) ionann is dá mba thagairt don tréimhse is giorra sin a bhí ann ach sin ar an gcoinníoll amháin go suífear gur ar chúiseanna tráchtála bona fide a rinneadh an foirceannadh nó an díscaoileadh agus nach mar chuid de scéim nó comhshocraíocht arb é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, a bhí léi cáin a sheachaint.

(9) Na forálacha uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm acu i ndáil leis na hasbhaintí a shonraítear in ailt 138 go 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , beidh feidhm acu, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le faoiseamh faoin gCaibidil seo.

(10) Faoi réir fhorálacha alt 30, ní dhéanfar an faoiseamh, sa mhéid nach dtarraingeofar siar é, a chur i gcuntas nuair a bheifear á chinneadh an bhfuil aon suimeanna le heisiamh, de bhua mhír 4 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , as na suimeanna is inlamháilte mar asbhaint le linn gnóchain nó caillteanais a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

(11) Níl feidhm ag an alt seo ach amháin nuair is sa bhliain 198687 nó in aon bhliain de na ceithre bliana measúnachta díreach ina dhiaidh sin a eiseofar na scaireanna atá i gceist.

Teorainneacha le faoiseamh.

19. —(1) Ní thabharfar an faoiseamh i leith aon mhéideanna a bheidh suibscríofa ag pearsa aonair le haghaidh scaireanna cáilithe a bheidh eisithe ag aon chuideachta cháilitheach taighde agus forbartha chuige in aon bhliain mheasúnachta mura £200 nó níos mó an méid nó an méid iomlán a bheidh suibscríofa aige le haghaidh na scaireanna cáilithe a bheidh eisithe ag an gcuideachta chuige an bhliain sin;

Ar choinníoll i gcás pearsa aonair is fearchéile a mheasúnaítear i leith cánach do bhliain mheasúnachta de réir fhorálacha alt 194 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , go ndéanfar, d'fhonn a chinneadh an bhfuil feidhm ag an bhfo-alt seo, aon mhéid a bheidh suibscríofa ag a chéile le haghaidh scaireanna cáilithe a bheidh eisithe ag an gcuideachta chuici sa bhliain mheasúnachta sin, a mheas mar mhéid a bheidh suibscríofa aige féin le haghaidh scaireanna cáilithe a bheidh eisithe ag an gcuideachta chuige.

(2) Ní thabharfar an faoiseamh sa mhéid gur mó ná £25,000 an méid nó an méid iomlán a bheidh suibscríofa ag pearsa aonair le haghaidh scaireanna cáilithe a bheidh eisithe chuige in aon bhliain mheasúnachta (cibé acu ag an gcuideachta chéanna nó nach ea).

(3) Leasaítear leis seo alt 198 (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i mír (a) i ndiaidh fhomhír (ix) (arna cur isteach le halt 14):

“(x) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi Chaibidil III de Chuid I den Acht Airgeadais, 1986 , sa chomhréir inar shuibscríobh siad le haghaidh na scaireanna cáilithe ar dá mbarr an faoiseamh,”.

Pearsana aonair a bheidh cáilithe le haghaidh faoisimh.

20. —(1) (a) Beidh pearsa aonair cáilithe le haghaidh an fhaoisimh más rud é go suibscríobhfaidh sé thar a cheann féin le haghaidh na scaireanna cáilithe i gcuideachta cháilitheach taighde agus forbartha, agus nach mbeidh, tráth ar bith le linn na tréimhse iomchuí. baint aige le cuideachta choimircíochta cháilitheach ar thar a ceann a sheolann an chuideachta cháilitheach taighde agus forbartha tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha.

(b) Chun críocha an ailt seo, is de réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo a chinnfear aon cheist i dtaobh baint a bheith ag pearsa aonair le cuideachta choimircíochta cháilitheach.

(2) Tá baint ag pearsa aonair le cuideachta choimircíochta cháilitheach—

(a) más fostaí de chuid na cuideachta nó de chuid comhpháirtí don chuideachta é féin nó aon chomhlach dá chuid,

(b) más comhpháirtí don chuideachta é féin nó aon chomhlach dá chuid, nó

(c) faoi réir fho-alt (3), más stiúrthóir de chuid na cuideachta nó de chuid cuideachta eile is comhpháirtí don chuideachta sin é féin nó aon chomhlach dá chuid.

(3) Níl baint ag pearsa aonair le cuideachta choimircíochta cháilitheach de bhíthin amháin gur stiúrthóir de chuid na cuideachta nó de chuid cuideachta eile is comhpháirtí don chuideachta sin é féin nó aon chomhlach dá chuid, mura bhfaighidh sé féin nó a chomhlach (nó comhpháirtíocht ar comhalta di é féin nó a chomhlach) íocaíocht ó cheachtar cuideachta i rith na tréimhse cúig bliana dar tosach dáta eisiúna na scaireanna nó mura mbeidh sé i dteideal íocaíocht den sórt sin a fháil i leith na tréimhse sin nó aon chuid di; ach ní thabharfar aon aird ar na nithe seo a leanas chun na críche sin—

(a) aon íocaíocht nó aisíocaíocht i leith caiteachais taistil nó caiteachais eile a thabhaigh sé féin nó a chomhlach go hiomlán, go heisiach agus de riachtanas ag comhlíonadh a dhualgais dó mar stiúrthóir den sórt sin,

(b) aon ús nach bhfreagraíonn ach d'fháltas tráchtála réasúnach ar airgead a tugadh ar iasacht do cheachtar cuideachta,

(c) aon díbhinn nó dáileadh eile a d'íoc nó a rinne ceachtar cuideachta agus nach mó ná gnáthfháltas ar an infheistíocht,

(d) aon íocaíocht i leith earraí a sholáthar do cheachtar cuideachta nach mó ná margadhluach na n-earraí sin, agus

(e) aon luach saothair réasunach is gá—

(i) is luach saothair a íoctar i leith seirbhísí a tugadh do cheachtar cuideachta i gcúrsa trádála nó gairme (nach seirbhísí rúnaíochta nó bainistíochta ná seirbhísí de chineál a chuireann an chuideachta féin ar fáil), agus

(ii) is luach saothair a chuirtear i gcuntas le linn brabúis nó gnóchain na trádála nó na gairme a bheith á ríomh faoi Chás I nó II de Sceideal D nó is luach saothair a chuirfí i gcuntas amhlaidh dá mba i dtréimhse ar ar a bonn a mheasúnaítear na brabúis nó na gnóchain sin faoin Sceideal sin a d'íocfaí é.

(4) Tá baint ag pearsa aonair le cuideachta choimircíochta cháilitheach má shealbhaíonn sé go díreach nó go neamhdhíreach, breis agus 30 faoin gcéad—

(a) de ghnáth-scairchaipiteal eisithe na cuideachta, nó

(b) de chaipiteal iasachta agus scairchaipiteal eisithe na cuideachta, nó

(c) den chumhacht vótála sa chuideachta.

nó má tá sé i dteideal breis agus 30 faoin gcéad den chéanna a fháil.

(5) Chun críocha fho-alt (4) (b) agus alt 21 (7) (b) measfar go bhfolaíonn caipiteal iasachta cuideachta aon fhiach, seachas fiach dá dtagraítear i bhfo-alt (9), a thabhaigh an chuideachta—

(a) i leith aon airgid a fuair an chuideachta ar iasacht nó aon sócmhainní caipitiúla a fuair an chuideachta, nó

(b) i leith aon chirt chun ioncam a bunaíodh i bhfabhar na cuideachta a ghlacadh, nó

(c) i leith comaoine ar lú go mór a luach don chuideachta (an tráth a tabhaíodh an fiach) ná méid an fhéich (lena n-áirítear aon phréimh air sin).

(6) Tá baint ag pearsa aonair le cuideachta choimircíochta cháilitheach má shealbhaíonn sé, go díreach nó go neamhdhíreach, cibé cearta, nó má tá sé i dteideal cibé cearta a fháil, a thabharfadh teideal dó, i gcás foirceannadh na cuideachta nó in aon imthoisc eile, breis agus 30 faoin gcéad de shócmhainní na cuideachta a fháil ar sócmhainní iad ab inchomhairimh an tráth sin lena ndáileadh ar shealbhóirí cothromais de chuid na cuideachta, agus chun críocha an fho-ailt seo déanfar—

(a) na daoine is sealbhóirí cothromais de chuid na cuideachta, agus

(b) an céatadán de shócmhainní na cuideachta a mbeadh teideal ag an bpearsa aonair chucu,

a chinneadh de réir ailt 109 agus 111 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ach tagairtí san alt sin 111 don chéad chuideachta a ghlacadh mar thagairtí do shealbhóir cothromais agus tagairtí d'fhoirceannadh a ghlacadh mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'aon imthoisc eile inarb inchomhairimh sócmhainní de chuid na cuideachta lena ndáileadh ar a sealbhóirí cothromais.

(7) Tá baint ag pearsa aonair le cuideachta choimircíochta cháilitheach más é a rialaíonn í, de réir bhrí alt 158 den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(8) Chun críocha an ailt seo áireofar pearsa aonair a bheith i dteideal aon rud a fháil má bhíonn sé i dteideal é a fháil tráth éigin sa todhchaí nó más rud é go mbeidh sé, tráth éigin sa todhchaí, i dteideal é a fháil; agus glacfar leis go bhfuil ag aon duine aon chearta nó cumhachtaí atá ag aon duine eile is comhlach dá chuid.

(9) Nuair a bheifear ag cinneadh, chun críocha an ailt seo, cibé atá nó nach bhfuil baint ag pearsa aonair le cuideachta choimircíochta cháilitheach, ní dhéileálfar le haon fhiach a thabhaigh an chuideachta trí chuntas a rótharraingt le duine atá ag seoladh gnó baincéireachta mar chaipiteal iasachta de chuid na cuideachta más i ngnáthchúrsa an ghnó sin a tabhaíodh an fiach.

Cuideachta cháilitheach taighde agus forbartha.

21. —(1) Is cuideachta cháilitheach taighde agus forbartha cuideachta (dá ngairtear “cuideachta taighde agus forbartha” anseo ina dhiaidh seo san alt seo agus in alt 23) má tá sí corpraithe sa Stát agus má chomhlíonann sí ceanglais an ailt seo agus ceanglais alt 23.

(2) Ní mór don chuideachta taighde agus forbartha, i gcaitheamh na tréimhse iomchuí—

(a) cónaí a bheith uirthi sa Stát agus gan cónaí a bheith uirthi áit ar bith eile, agus

(b) a bheith ann d'aon toisc chun tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha a sheoladh.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2) ach faoi réir fho-alt (4), scoirfidh cuideachta taighde agus forbartha d'fho-alt (2) a chomhlíonadh más rud é, roimh dheireadh na tréimhse iomchuí, go ritear rún, nó go ndéantar ordú, chun an chuideachta a fhoirceannadh (nó, i gcás foirceannadh a dhéantar ar shlí seachas faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , go ndéantar aon ghníomh eile chun na críche sin) nó má dhíscaoiltear an chuideachta gan foirceannadh a dhéanamh.

(4) Ní mheasfar go scoirfidh cuideachta taighde agus forbartha d'fho-alt (2) a chomhlíonadh más de bharr a foirceanta, nó de bharr a díscaoilte gan foirceannadh, a scoireann sí dá chomhlíonadh agus má shuitear gur ar chúiseanna tráchtála bona fide a rinneadh an foirceannadh nó an díscaoileadh agus nár chuid é de scéim nó comhshocraíocht arbh é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, a bhí léi cáin a sheachaint.

(5) Ní cead, tráth ar bith le linn na tréimhse iomchuí, aon scaireanna nach scaireanna cáilithe a áireamh i scairchaipiteal eisithe na cuideachta taighde agus forbartha.

(6) (a) Ní cead don chuideachta taighde agus forbartha, tráth ar bith le linn na tréimhse iomchuí—

(i) rialú a bheith aici (nó aici agus ag aon duine a bhfuil baint aige léi) ar chuideachta eile nó bheith faoi rialú ag cuideachta eile (nó ag cuideachta eile agus ag aon duine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta eile sin), nó

(ii) bheith ina fochuideachta 51 faoin gcéad do chuideachta eile nó fochuideachta 51 faoin gcéad a bheith aici féin,

agus ní cead aon chomhshocraíochtaí a bheith ar marthain tráth ar bith i rith na tréimhse sin a bhféadfadh an chuideachta dá mbua teacht faoi réim fhomhír (i) nó (ii).

(b) San fho-alt seo tá le “fochuideachta 51 faoin gcéad”, i ndáil le haon chuideachta, an bhrí a shanntar dó, chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide, le halt 156 den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(7) Aon chuideachta choimircíochta cháilitheach a ndéanann an chuideachta taighde agus forbartha tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha a sheoladh ina leith, ní cead di, sa tréimhse iomchuí, breis agus 49 faoin gcéad—

(a) de ghnáth-scairchaipiteal eisithe na cuideachta taighde agus forbartha, nó

(b) de chaipiteal iasachta agus scairchaipiteal eisithe na cuideachta taighde agus forbartha, nó

(c) den chumhacht vótála sa chuideachta taighde agus forbartha

a shealbhú, nó teideal a bheith aici breis agus 49 faoin gcéad den chéanna a fháil, go díreach nó go neamhdhíreach.

(8) Más rud é tráth ar bith go mbeidh cuideachta taighde agus forbartha i dteideal, nó go bhféadfadh sé teacht chun bheith i dteideal, aon mhéid a fháil de bhíthin tionscadal taighde agus forbartha a bheith seolta aici áireofar í, an tráth sin, mar chuideachta atá ann chun an tionscadal sin a sheoladh.

Cuideachta choimircíochta cháilitheach.

22. —(1) Is cuideachta choimircíochta cháilitheach cuideachta má tá sí corpraithe sa Stát agus má chomhlíonann sí ceanglais an ailt seo.

(2) Ní mór don chuideachta, i gcaitheamh na tréimhse iomchuí—

(a) cónaí a bheith uirthi sa Stát agus gan cónaí a bheith uirthi áit ar bith eile, agus

(b) a bheith ina cuideachta atá ann d'aon toisc chun trádáil cháilitheach amháin nó níos mó a sheoladh go hiomlán nó go formhór sa Stát.

(3) Maidir le haon tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha, ní cuideachta choimircíochta cháilitheach cuideachta ach amháin má thugann sí fianaise shásúil, agus gur dealraitheach chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim tar éis dóibh cibé comhairle, más ann, is dóigh leo is gá a ghlacadh ó cibé duine nó comhlacht daoine a mheasann siad a d'fhéadfadh cabhrú leo, go ndéanfaidh an chuideachta aon sochair a fhaibhreoidh chuig an gcuideachta ón tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha a chur chun feidhme, go hiomlán nó go formhór, chun críocha trádála cáilithí nó trádálacha cáilitheacha a bheidh á seoladh ag an gcuideachta.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2) ach faoi réir fho-alt (5), scoirfidh cuideachta d'fho-alt (2) a chomhlíonadh más rud é, roimh dheireadh na tréimhse iomchuí, go ritear rún, nó go ndéantar ordú, chun an chuideachta a fhoirceannadh (nó, i gcás foirceannadh a dhéantar ar shlí seachas faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , go ndéantar aon ghníomh eile chun na gcríoch sin) nó má dhíscaoiltear an chuideachta gan foirceannadh a dhéanamh.

(5) Ní mheasfar go scoirfidh cuideachta d'fho-alt (2) a chomhlíonadh más de bharr a foirceanta, nó de bharr a díscaoilte gan foirceannadh, a scoireann sí dá chomhlíonadh agus má shuitear gur ar chúiseanna tráchtála bona fide a rinneadh an foirceannadh nó an díscaoileadh agus nár chuid é de scéim nó de chomhshocraíocht arbh é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, a bhí léi cáin a sheachaint.

Tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha a sheoladh.

23. —(1) Faoi réir cheanglais an ailt seo, ní mheasfar tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha a bheith á sheoladh ag cuideachta taighde agus forbartha ach amháin más thar ceann cuideachta coimircíochta cáilithí atá an tionscadal sin á sheoladh aici.

(2) Is thar ceann cuideachta coimircíochta cáilithí a sheoltar tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha sa chás amháin go seoltar é in imthosca a fhágann gur chuig an gcuideachta sin a fhaibhríonn sochair an tionscadail, go hiomlán nó go formhór.

(3) Measfar, chun críocha an ailt seo, tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha a bheith á sheoladh ag cuideachta taighde agus forbartha thar ceann cuideachta coimircíochta cáilithí más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin—

(a) i gcás aon airgead a chaitheann an chuideachta taighde agus forbartha i gcúrsa an tionscadal sin a sheoladh, gur ar fhiontar na cuideachta taighde agus forbartha sin a chaitear é agus, gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ansin roimhe seo, ní mheasfar, chun na críche seo, airgead a bheith caite ar fhiontar cuideachta taighde agus forbartha más amhlaidh atá i gcás na cuideachta coimircíochta cáilithí ar thar a ceann a sheoltar an tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha, nó más amhlaidh atá i gcás aon duine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta choimircíochta cháilitheach sin, go bhfuil sí nó sé, nó go dtiocfaidh sí nó sé chun bheith, faoi dhliteanas, go díreach nó go neamhdhíreach—

(i) i leith aon chaiteachais a thabhóidh an chuideachta taighde agus forbartha, nó i leith aon chaillteanais a bhainfidh di, ag seoladh an tionscadail cháilithigh taighde agus forbartha, nó

(ii) aon scaireanna nó sócmhainní de chuid na cuideachta taighde agus forbartha a fháil ar phraghas is mó ná margadhluach na scaireanna nó na sócmhainní tráth a bhfála, agus

(b) go dtabharfaidh sí fianaise shásúil agus gur dealraitheach do na Coimisinéirí Ioncaim tar éis dóibh cibé comhairle, más ann, is dóigh leo is gá a ghlacadh ó cibé duine nó comhlacht daoine a mheasann siad a d'fhéadfadh cabhrú leo, agus faoi réir cibé coinníollacha maidir le fíorú na gcríoch chun a gcaitear airgead iarbhír, a fhorchuirfidh siad ar an gcuideachta taighde agus forbartha nó ar an gcuideachta choimircíochta cháilitheach, go raibh nó go bhfuil an t-airgead go léir a chruinnigh an chuideachta taighde agus forbartha ó shuibscríobhanna le haghaidh scaireanna cáilithe ó phearsana aonair a cháilíonn le haghaidh faoisimh i leith na scaireanna sin, á úsáid le haghaidh tionscadail cháilithigh taighde agus forbartha, nó go mbeartaítear é a úsáid amhlaidh.

(4) Aon tagairtí do sheoladh tionscadail cháilithigh taighde agus forbartha ag cuideachta taighde agus forbartha folaíonn siad tagairtí do sheoladh tionscadail den sórt sin, nó do sheoladh aon oibre a bheidh ar áireamh sa tionscadal sin, ag aon duine eile, lena n-áirítear an chuideachta choimircíochta cháilitheach, faoi chonradh idir an duine sin agus an chuideachta taighde agus forbartha.

(5) D'ainneoin mhír (b) d'fho-alt (3), i gcás inar deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim, maidir le haon airgead ba dhealraitheach dóibh faoi théarmaí na míre sin (b) a bheith beartaithe lena úsáid le haghaidh tionscadail cháilithigh taighde agus forbartha, nár úsáideadh le haghaidh tionscadail den sórt sin é agus nach raibh sé beartaithe é a úsáid amhlaidh, féadfaidh siad fógra i scríbhinn chuige sin a thabhairt don chuideachta taighde agus forbartha agus air sin measfar nach bhfuil, agus nach raibh riamh, an tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha á sheoladh ag an gcuideachta.

Cánachas ar chuideachta cháilitheach taighde agus forbartha.

24. —Measfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach, cé is moite de chríocha alt 22, gur seoladh trádála (dá ngairtear “an trádáil mhonarúcháin” anseo ina dhiaidh seo san alt seo), ar leith ó aon trádáil eile a sheolfaidh an chuideachta tráth ar bith, arb é atá inti go hiomlán monarú earraí de réir bhrí Chaibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980 , seoladh tionscadail cháilithigh taighde agus forbartha ag cuideachta cháilitheach taighde agus forbartha, agus, d'ainneoin aon ní dá mhalairt sna hAchtanna Cánach nó aon áit eile—

(a) measfar gur méid a bheidh caite chun críocha na trádála monarúcháin aon mhéid a bheidh caite ag an gcuideachta i gcúrsa tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha a sheoladh ar méid é nach mbeadh liúntas, faoiseamh nó asbhaint ar fáil, go díreach nó go neamhdhíreach, ina leith thairis sin faoi na hAchtanna Cánach ar an mbonn gur seoladh trádála seoladh an tionscadail cháilithigh taighde agus forbartha, agus

(b) measfar gur fáltas trádála de chuid na trádála monarúcháin don tréimhse chuntasaíochta ina bhfuarthas é aon mhéid a fuair an chuideachta, is cuma cén fhoirm ina raibh sé nó conas a tuairiscíodh é, de bhíthin nó de thoradh an tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha a sheoladh nó thairis sin i ndáil lena sheoladh,

agus measfar an trádáil mhonarúcháin a bheith á seoladh ag an gcuideachta fad a bheidh sí i dteideal aon mhéid dá dtagraítear i mír (b) a fháil.

Scaireanna a dhiúscairt.

25. —(1) I gcás ina ndiúscróidh pearsa aonair aon scaireanna cáilithe roimh dheireadh na tréimhse iomchuí, ansin—

(a) i gcás ina ndearnadh an diúscairt ar shlí seachas ar mhodh margán ar neamhthuilleamaí, ní bheidh teideal aige chun aon fhaoisimh i leith na scaireanna sin, agus

(b) in aon chás eile, déanfar méid an fhaoisimh a mbeidh teideal aige chuige i leith na scaireanna sin a laghdú de mhéid nó de luach na comaoine a gheobhaidh sé astu.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le diúscairt a dhéanfaidh banchéile chuig a fearchéile tráth a measfar í a bheith ina cónaí leis chun críocha cánach ioncaim mar a fhoráiltear in alt 192 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó maidir le diúscairt a dhéanfaidh seisean chuici tráth den sórt sin; ach i gcás inar trí idirbheart inter vivos a bheidh scaireanna, a eisíodh chuig duine acu, aistrithe chuig an duine eile—

(a) beidh feidhm ag an bhfo-alt sin tráth a dhiúscróidh an t-aistrí na scaireanna chuig tríú duine, agus

(b) más rud é, tráth ar bith, nach measfar a thuilleadh go bhfuil banchéile ina cónaí lena fearchéile chun na gcríoch thuasluaite agus go mbeidh aon chuid de na scaireanna sin nach mbeidh diúscartha ag an aistrí roimhe sin, is ar an aistrí a dhéanfar aon mheasúnacht chun faoiseamh i leith na scaireanna sin a tharraingt siar.

(3) I gcás ina sealbhaíonn pearsa aonair gnáthscaireanna d'aon aicme i gcuideachta cháilitheach taighde agus forbartha agus gur tugadh an faoiseamh i leith roinnt scaireanna den aicme sin ach nár tugadh é i gcás roinnt eile, déileálfar, chun críocha an ailt seo, le haon diúscairt a rinne sé ar ghnáthscaireanna den aicme sin sa chuideachta mar dhiúscairt a bhaineann leis na scaireanna sin ar tugadh faoiseamh ina leith faoin gCaibidil seo seachas le scaireanna eile.

(4) I gcás inar tugadh faoiseamh do phearsa aonair i leith scaireanna d'aon aicme i gcuideachta cháilitheach taighde agus forbartha, ar scaireanna iad a eisíodh chuige tráthanna éagsúla, déileálfar, chun críocha an ailt seo, le haon diúscairt a rinne sé ar scaireanna den aicme sin mar dhiúscairt a bhaineann leis na scaireanna sin a eisíodh níos luaithe seachas leo sin a eisíodh níos déanaí.

(5) I gcás ina raibh, de bhua aon leithroinnte den chineál a luaitear i bhfomhír (1) (a) (i) de mhír 2 de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (nach leithroinnt ar íocaíocht), scaireanna ar tugadh faoiseamh ina leith le háireamh faoi fhomhír (2) den mhír sin mar chomhshócmhainn le sealbhán nua—

(a) áireofar an sealbhán nua, chun críocha fho-alt (3), mar scaireanna ar tugadh an faoiseamh ina leith, agus

(b) déanfar diúscairt ar an sealbhán nua go léir nó ar chuid de a áireamh chun críocha an ailt seo mar dhiúscairt ar na scaireanna sin go léir nó ar chuid chomhréireach díobh.

(6) Ní dhéanfar scaireanna i gcuideachta a áireamh chun críocha an ailt seo mar scaireanna den aicme chéanna mura n-áireofaí amhlaidh iad dá ndéileálfaí iontu ar stocmhargadh sa Stát.

(7) I gcás ina ndéanfar cuideachta cháilitheach taighde agus forbartha a fhoirceannadh nó a dhíscaoileadh, áireofar sin, chun críocha an ailt seo, i gcás aon phearsan aonair, mar dhiúscairt, roimh dheireadh na tréimhse iomchuí, ar scaireanna cáilithe na pearsan aonair sa chuideachta ar phraghas neamhthuilleamaíoch is ionann agus an méid a mbeidh teideal ag an bpearsa aonair chuige ar an bhfoirceannadh nó ar an díscaoileadh a dhéanamh i leith aon airgid a suibscríobhadh le haghaidh scaireanna cáilithe sa mhéid nach mbeidh an t-airgead sin úsáidte le haghaidh tionscadail cháilithigh taighde agus forbartha.

Mí-úsáid a chosc.

26. —Níl pearsa aonair i dteideal faoisimh i leith aon scaireanna mura rud é gur chun críocha tráchtála bona fide agus nach mar chuid de scéim nó comhshocraíocht arbh é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, a bhí léi cáin a sheachaint, a suibscríobhadh le haghaidh na scaireanna agus a eisíodh iad.

Éilimh.

27. —(1) Aon éileamh ar an bhfaoiseamh i leith scaireanna cáilithe arna n-eisiúint ag cuideachta cháilitheach taighde agus forbartha in aon bhliain mheasúnachta déanfar é—

(a) tráth nach luaithe ná an lú lá d'Eanáir, 1987, nó más déanaí é, ná deireadh na tréimhse a luaitear in alt 18 (4) (a), agus

(b) tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis dheireadh na bliana measúnachta sin nó, más tar éis dheireadh na bliana sin a chríochnaigh an tréimhse a luaitear in alt 18 (4) (a), tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis dheireadh na tréimhse sin.

(2) Ní ghéillfear d'éileamh ar fhaoiseamh i leith scaireanna cáilithe i gcuideachta cháilitheach taighde agus forbartha mura mbeidh ag gabháil leis deimhniú arna eisiúint ag an gcuideachta, agus é i cibé foirm a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, á dheimhniú go bhfuil na coinníollacha i leith an fhaoisimh, a mhéid a bhaineann siad leis an gcuideachta cháilitheach taighde agus forbartha, leis an gcuideachta choimircíochta cháilitheach agus leis an tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha, comhlíonta i ndáil leis na scaireanna sin.

(3) Sula n-eiseoidh sí deimhniú chun críocha fho-alt (2) tabharfaidh cuideachta cháilitheach taighde agus forbartha ráiteas don chigire á rá go bhfuil na coinníollacha i leith an fhaoisimh, a mhéid a bhaineann siad leis an gcuideachta, leis an gcuideachta choimircíochta cháilitheach agus leis an tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha, comhlíonta aici agus go raibh siad comhlíonta amhlaidh gach uile thráth ó thosach na tréimhse iomchuí.

(4) Ní eiseofar aon deimhniú den sórt sin gan údarás ón gcigire ná ní eiseofar é i gcás ina mbeidh an chuideachta cháilitheach taighde agus forbartha nó an chuideachta choimircíochta cháilitheach, nó duine a bhfuil baint aige le ceachtar cuideachta, tar éis fógra a thabhairt don chigire faoi alt 29 (2).

(5) Beidh in aon ráiteas faoi fho-alt (3) cibé faisnéis a iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le réasún agus beidh an ráiteas sin i cibé foirm a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh dearbhú ann go bhfuil sé ceart de réir mar is fearr is eol don chuideachta cháilitheach taighde agus forbartha agus mar a chreideann sí.

(6) I gcás ina mbeidh cuideachta cháilitheach taighde agus forbartha tar éis deimhniú a eisiúint chun críocha fho-alt (2) nó ráiteas a thabhairt faoi fho-alt (3) agus—

(a) gur tugadh an deimhniú nó an ráiteas go calaoiseach nó go faillíoch, nó

(b) gur eisíodh an deimhniú de shárú ar fho-alt (4),

dlífear pionós nach mó ná £500 nó, i gcás calaoise, nach mó ná £1,000, a chur ar an gcuideachta agus féadfar, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, imeachtaí a shaothrú i leith an phionóis sin agus é a ghnóthú go hachomair amhail mar a dhéantar in imeachtaí achoimre chun aon fhíneáil nó pionós a ghnóthú faoi aon Acht a bhaineann leis an mál.

(7) Chun críche rialachán faoi alt 127 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ní thabharfar aon aird ar an bhfaoiseamh mura mbeidh éileamh air sin déanta, agus mura mbeidh glactha leis, go cuí.

(8) Chun críocha alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le haon cháin a mhuirearófar le haon mheasúnacht—

(a) áireofar í mar cháin atá dlite agus iníoctha d'ainneoin faoiseamh ón gcáin (cibé acu trí urscaoileadh nó trí aisíoc) a thabhairt dá éis sin de chionn éileamh ar an bhfaoiseamh, ach

(b) mura rud é gur íocadh níos luaithe ná sin í nó go mbeidh sí dlite agus iníoctha níos déanaí ná sin, áireofar í mar cháin a íocadh, sa mhéid go mbeidh faoiseamh ó cháin dlite faoin gCaibidil seo, ar an dáta a rinneadh an t-éileamh ar dá chionn a tugadh an faoiseamh,

agus ní bheidh feidhm ag alt 551 den Acht sin de thoradh aon urscaoileadh nó aisíoc lena dtabharfar éifeacht don fhaoiseamh.

Measúnachtaí chun faoiseamh a tharraingt siar.

28. —(1) I gcás inar tugadh aon fhaoiseamh agus go bhfaighfear amach dá éis sin nach raibh sé dlite, tarraingeofar siar é trí mheasúnacht i leith cánach a dhéanamh faoi Chás IV de Sceideal D don bhliain mheasúnachta dár tugadh an faoiseamh.

(2) I gcás inar tugadh aon fhaoiseamh i leith scaireanna ar shuibscríobh fearchéile nó a bhanchéile lena n-aghaidh ar scaireanna iad a eisíodh le linn dó bheith á mheasúnú de réir fhorálacha alt 194 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus go mbeidh an faoiseamh sin le tarraingt siar de bhua diúscairt a dhéanfaidh an duine a shuibscríobh le haghaidh na scaireanna sin orthu dá éis sin agus gurb amhlaidh, tráth na diúscartha, nach mbeidh an fearchéile inmheasúnaithe amhlaidh, is ar an duine a dhéanfaidh an diúscairt a dhéanfar aon mheasúnacht chun an faoiseamh sin a tharraingt siar agus déanfar í faoi threoir an laghdú cánach a thig ó mhéid an fhaoisimh gan féachaint d'aon leithroinnt ar an laghdú sin faoi alt 198 (1) nó (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ná d'aon leithroinnt ar aisíoc cánach faoi alt 195A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(3) Faoi réir na bhforálacha sin ina dhiaidh seo den alt seo, aon mheasúnacht chun faoiseamh a tharraingt siar a dhéanfar mar gheall ar theagmhas a tharlóidh tar éis dháta an éilimh, féadfar í a dhéanamh laistigh de dheich mbliana tar éis dheireadh na bliana measúnachta ina dtarlaíonn an teagmhas sin.

(4) Ní dhéanfar aon mheasúnacht chun faoiseamh a tharraingt siar i leith scaireanna a eisíodh chuig duine ar bith mar gheall ar aon teagmhas a tharlóidh tar éis dó bás a fháil.

(5) I gcás ina ndearna duine, trí dhiúscairt nó diúscairtí lena mbain eann alt 25 (1) (b), na gnáthscaireanna go léir a bheidh eisithe ag cuideachta cháilitheach taighde agus forbartha chuige a dhiúscairt, ní dhéanfar aon mheasúnacht chun faoiseamh a tharraingt siar i leith aon scair de na scaireanna sin mar gheall ar aon teagmhas ina dhiaidh sin mura dtarlóidh sé tráth a mbeidh baint aige leis an gcuideachta choimircíochta cháilitheach de réir bhrí alt 20.

(6) Ní dochar fo-alt (3) don choinníoll a ghabhann le halt 186 (2) (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(7) Beidh éifeacht ag alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir lena fheidhmiú i ndáil le measúnacht a dhéanfar de bhua an ailt seo, ionann is dá mba é an dáta a dtiocfaidh an cháin a mhuirearófar leis an measúnacht chun bheith dlite agus iníoctha—

(a) i gcás faoiseamh arna tharraingt siar de bhua alt 20, 21, 22, nó 23 de thoradh aon teagmhais a tharlóidh tar éis an faoiseamh a dheonú, dáta an teagmhais sin,

(b) i gcás faoiseamh arna tharraingt siar de bhua alt 25 (1) de thoradh diúscartha tar éis an faoiseamh a dheonú, dáta na diúscartha,

(c) i gcás faoiseamh arna tharraingt siar de bhua alt 26—

(i) a mhéid a bheidh éifeacht tugtha don fhaoiseamh de réir rialachán faoi alt 127 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , an 5ú lá d'Aibreán sa bhliain mheasúnachta inar tugadh éifeacht dó amhlaidh, agus

(ii) a mhéid nach mbeidh éifeacht tugtha dó amhlaidh, an dáta ar ar deonaíodh an faoiseamh.

(8) Chun críocha fho-alt (7) is é dáta deonaithe an fhaoisimh an dáta ar tugadh aisíoc cánach chun éifeacht a thabhairt don fhaoiseamh nó, murar tugadh aon aisíoc den sórt sin, an dáta ar ar eisigh an cigire fógra chuig an éilitheoir inar léiríodh méid na cánach ab iníoctha tar éis éifeacht a thabhairt don fhaoiseamh.

Faisnéis.

29. —(1) I gcás ina dtarlóidh teagmhas a mbeidh aon fhaoiseamh a tugadh do phearsa aonair le tarraingt siar dá bharr de bhua alt 20 nó 25, déanfaidh an phearsa aonair, laistigh de sheasca lá ón la a dtiocfaidh an teagmhas ar a eolas, fógra i scríbhinn a thabhairt don chigire ina mbeidh sonraí i dtaobh an teagmhais.

(2) I gcás ina dtarlóidh teagmhas a mbeidh aon fhaoiseamh i leith aon scaireanna i gcuideachta le tarraingt siar dá bharr de bhua alt 21, 22, 23 nó 26, déanfaidh—

(a) an chuideachta cháilitheach taighde agus forbartha nó an chuideachta choimircíochta cháilitheach, de réir mar a bheidh, agus

(b) aon duine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta sin agus a bhfuil eolas aige faoin ábhar sin,

laistigh de sheasca lá ó dháta an teagmhais nó, i gcás duine a thagann faoi réim mhír (b), laistigh de sheasca lá ón lá a dtiocfaidh sin ar a eolas, fógra i scríbhinn a thabhairt don chigire ina mbeidh sonraí i dtaobh an teagmhais.

(3) Má tá cúis ag an gcigire chun a chreidiúint nach bhfuil fógra, a cheanglaítear ar dhuine a thabhairt faoi fho-alt (1) nó (2) i dtaobh aon teagmhais, tugtha aige, féadfaidh an cigire, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar an duine sin cibé faisnéis i ndáil leis an teagmhas a iarrfaidh an cigire le réasún chun críocha na Caibidle seo a chur ar fáil dó laistigh de cibé tréimhse ama (nach lú ná seasca lá) a bheidh sonraithe san fhógra.

(4) I gcás ina n-éileofar faoiseamh i leith scaireanna i gcuideachta cháilitheach taighde agus forbartha agus go mbeidh cúis ag an gcigire chun a chreidiúint nach bhfuil sé dlite mar gheall ar aon chomhshocraíocht nó scéim den sórt a luaitear in alt 21 (6) nó 26, féadfaidh sé, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar aon duine lena mbaineann, na nithe seo a leanas a chur ar fáil dó laistigh de cibé tréimhse ama (nach lú ná seasca lá) a bheidh sonraithe san fhógra—

(a) dearbhú i scríbhinn á rá cibé acu atá nó nach bhfuil, de réir na faisnéise atá ag an duine sin nó a fhéadfaidh sé le réasún a fháil, comhshocraíocht nó scéim den sórt sin ann, nó an raibh riamh, agus

(b) cibé faisnéis eile a iarrfaidh an cigire le réasún chun críocha na forála atá i gceist ar faisnéis í atá ag an duine sin nó a fhéadfaidh sé le réasún a fháil.

(5) Na tagairtí i bhfo-alt (4) don duine lena mbaineann, is tagairtí iad, i ndáil le halt 26, don éilitheoir agus, i ndáil le hailt 21 (6) agus 26, don chuideachta cháilitheach taighde agus forbartha nó don chuideachta choimircíochta cháilitheach, de réir mar a bheidh, agus d'aon duine a rialaíonn an chuideachta sin.

(6) I gcás inar éilíodh faoiseamh i leith scaireanna i gcuideachta cháilitheach taighde agus forbartha ní mór d'aon duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh scaireanna sa chuideachta agus d'aon duine a bhfuil nó a raibh aon scaireanna den sórt sin á sealbhú thar a cheann, má cheanglaíonn an cigire air sin a dhéanamh, a rá maidir leis na scaireanna a shealbhaíonn nó a shealbhaigh sé nó na scaireanna atá nó a bhí á sealbhú thar a cheann, ar thar ceann aon duine eile seachas é féin atá nó a bhí siad á sealbhú agus, más amhlaidh atá, tabharfaidh sé ainm agus seoladh an duine sin.

(7) Ní bheidh aon oibleagáid maidir le rúndacht a fhorchuirtear le reacht nó ar shlí eile ina bac ar an gcigire a nochtadh do chuideachta cháilitheach taighde agus forbartha gur tugadh nó gur éilíodh faoiseamh i leith líon nó cion áirithe dá cuid scaireanna.

(8) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “An tAcht Airgeadais, 1986 , alt 29 (3) agus (4)” a chur isteach i gcolún 2; agus

(b) trí “An tAcht Airgeadais, 1986 , alt 29 (1) agus (2)” a chur isteach i gcolún 3.

Cáin ghnóchan caipitiúil.

30. —(1) Déanfar na suimeanna is inlamháilte mar asbhaintí as an gcomaoin, le linn ríomh a bheith á dhéanamh, chun críocha cánach gnóchan caipitiúil, ar an ngnóchan nó ar an gcaillteanas a d'fhaibhrigh chuig pearsa aonair as diúscairt scaireanna ar tugadh, agus nár tarraingíodh siar, aon fhaoiseamh ina leith, a chinneadh gan féachaint don fhaoiseamh sin, ach amháin go ndéanfar, i gcás inar mó na suimeanna sin ná an chomaoin, iad a laghdú méid is ionann agus—

(a) méid an fhaoisimh sin, nó

(b) an bhreis,

cibé acu is lú, ach ní bheidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo maidir le diúscairt a thagann faoi réim alt 13 (5) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 .

(2) I ndáil le scaireanna ar tugadh, agus nár tarraingíodh siar, faoiseamh ina leith, déanfar, chun críocha cánach gnóchan caipitiúil, aon cheist—

(a) i dtaobh cé acu de na scaireanna den sórt sin, a eisíodh chuig duine tráthanna éagsúla, a mbaineann diúscairt leo, nó

(b) i dtaobh cibé acu an leis na scaireanna sin nó le scaireanna eile a bhaineann diúscairt,

a chinneadh amhail mar a chinntear chun críocha ailt 25.

(3) I gcás ina sealbhaíonn pearsa aonair gnáthscaireanna i gcuideachta agus go bhfuil an faoiseamh tugtha i leith cuid acu ach nach bhfuil i gcás cuid eile, ansin, má tharlaíonn atheagrú, de réir bhrí mhír (2) (1) de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , a dhéanann difear do na scaireanna sin, beidh feidhm ar leithligh ag mír 2 (2) den Sceideal sin maidir leis na scaireanna ar tugadh an faoiseamh ina leith agus maidir leis na scaireanna eile (sa chaoi go ndéileálfar leis na scaireanna de gach cineál mar shealbhán ar leithligh de scaireanna bunaidh agus go sonrófar iad le sealbhán nua ar leithligh).

(4) Déanfar na coigeartuithe sin go léir ar cháin ghnóchan caipitiúil, cibé acu trí mheasúnacht nó trí urscaoileadh nó aisíoc cánach, is gá de dhroim an faoiseamh a thabhairt nó a tharraingt siar.

Caibidil IV

Íocaíochtaí Úis ag Glacadóirí Taisce Áirithe

Léiriú (Caibidil IV).

31. —(1) Sa Chaibidil seo—

déanfar “méid ar cuntas cánach cuí” a fhorléiriú de réir alt 33 (4);

ciallaíonn “cáin chuí”, i ndáil le híocaíocht úis iomchuí, suim in ionannas cánach ioncaim ar mhéid na híocaíochta sin de réir an ráta chaighdeánaigh a bheidh i bhfeidhm tráth na híocaíochta;

ciallaíonn “cumann foirgníochta” cumann de réir bhrí na nAchtanna Cumann Foirgníochta, 1976 go 1983;

ciallaíonn “taisce” suim airgid a íocfar le glacadóir taisce iomchuí ar théarmaí faoina n-aisíocfar é i dteannta nó d'éagmais úis agus sin ar éileamh nó ag tráth agus in imthosca ar a gcomhaontófar idir, nó thar ceann, an duine a dhéanfaidh an íocaíocht agus an duine lena ndéanfar í;

ciallaíonn “ús” aon ús airgid, cibé acu bliantúil nó eile, lena n-áirítear aon mhéid, cibé acu atá nó nach bhfuil sé tuairiscthe mar ús, arna íoc i gcomaoin taisce a dhéanamh agus, maidir le cumann foirgníochta, folaíonn sé aon díbhinn nó dáileadh eile i leith scaireanna sa chumann:

Ar choinníoll nach n-áireofar mar ús chun críocha na Caibidle seo aon mhéid arb é atá ann aon bhreis a bheidh ag an méid a gheofar trí fhuascailt aon sealbháin de Bhannaí Bónais C.C.T. — An Chéad Sraith, arna n-eisiúint ag Corparáid an Chairde Talmhaíochta, c.p.t., ar an méid a íocadh i leith an tsealbháin;

ciallaíonn “taisce iomchuí” taisce a shealbhaíonn glacadóir taisce iomchuí seachas taisce—

(a) a dhéantar acu seo a leanas agus a bhfuil an t-ús air ar úinéireacht thairbhiúil ag an gcéanna—

(i) glacadóir taisce iomchuí,

(ii) Banc Ceannais na hÉireann, nó

(iii) Corparáid Árachais na hÉireann, c.p.t.,

(b) is fiach ar urrús a eisíonn an glacadóir taisce iomchuí agus a bheidh liostaithe ar stocmhargadh,

(c) atá, i gcás glacadóir taisce iomchuí a bhfuil cónaí air sa Stát chun críocha cánach corparáide, á shealbhú ag brainse den ghlacadóir taisce iomchuí atá suite lasmuigh den Stát,

(d) atá, i gcás glacadóir taisce iomchuí nach bhfuil cónaí air sa Stát chun críocha cánach corparáide, á shealbhú in áit seachas ag brainse den ghlacadóir taisce iomchuí atá suite sa Stát,

(e) is taisce atá ainmnithe in airgeadra coigríche,

(f) arb amhlaidh atá ina leith—

(i) nach mbeidh teideal tairbhiúil ag aon duine a bhfuil gnáthchónaí air sa Stát chuig aon ús ina leith, agus

(ii) go mbeidh dearbhú den chineál a luaitear in alt 37 déanta ina leith chuig an nglacadóir taisce iomchuí, nó

(g)  (i) a mbeidh an t-ús air díolmhaithe—

(I) ó cháin ioncaim faoi Sceideal D de bhua mhír (b) d'alt 333 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó

(II) ó cháin chorparáide de bhua na díolúine a thugtar leis an mír sin (b) den alt sin 333 (1) amhail mar atá éifeacht léi chun críocha cánach corparáide faoi alt 11 (6) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ,

de réir mar a bheidh, agus

(ii) a mbeidh dearbhú den chineál a luaitear in alt 38 déanta ina leith chuig an nglacadóir taisce iomchuí;

ciallaíonn “glacadóir taisce iomchuí” aon duine de na daoine seo a leanas, is é sin le rá:

(a) duine is sealbhóir ar cheadúnas arna dheonú faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ,

(b) cumann foirgníochta,

(c) banc taisce iontaobhais de réir bhrí na nAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1979,

(d) Corparáid an Chairde Talmhaíochta, c.p.t.,

(e) Corparáid an Chairde Tionscail, c.p.t., agus

(f) Banc Taisce an Phoist;

ciallaíonn “ús iomchuí” ús arna íoc an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, i leith taisce iomchuí;

ciallaíonn “tuairisceán” tuairisceán faoi alt 33 (2).

(2) Chun críocha na Caibidle seo—

(a) aon mhéid a chreidiúnófar mar ús i leith taisce iomchuí déileálfar leis mar íocaíocht úis, agus déanfar tagairtí sa Chaibidil seo d'ús iomchuí a íoc a fhorléiriú dá réir sin,

(b) aon tagairt sa Chaibidil seo do mhéid d'íocaíocht úis iomchuí forléireofar í mar thagairt don mhéid arbh é méid na híocaíochta sin é mura mbeadh aon cháin chuí le hasbhaint uaidh, agus

(c) is ag brainse de ghlacadóir taisce iomchuí atá taisce á shealbhú má tá sé taifeadta mar dhliteanas de chuid an bhrainse sin i leabhair an bhrainse sin.

Cáin a asbhaint ó ús iomchuí.

32. —(1) I gcás ina ndéanfaidh glacadóir taisce iomchuí íocaíocht úis iomchuí asbhainfidh sé ó mhéid na híocaíochta an cháin chuí i ndáil leis an íocaíocht; agus déanfaidh an duine lena ndéanfar an íocaíocht sin an asbhaint sin a lamháil ar iarmhar na híocaíochta a fháil; agus beidh an glacadóir taisce iomchuí saortha agus urscaoilte i leith an oiread sin airgid arb ionannas dó an asbhaint amhail is dá mba gur íocadh an méid sin airgid iarbhír leis an duine.

(2) Déileálfaidh glacadóir taisce iomchuí le gach taisce a dhéanfar leis mar thaisce iomchuí mura deimhin leis nach taisce iomchuí é; ach i gcás ina ndeimhneoidh sé dó féin nach taisce iomchuí taisce beidh sé i dteideal déileáil amhlaidh fós leis an taisce go dtí go mbeidh faisnéis aige a bhféadfar glacadh léi, le réasún, mar fhaisnéis a léiríonn gur taisce iomchuí an taisce nó go bhféadfadh sé bheith ina thaisce iomchuí.

(3) Aon íocaíocht úis iomchuí a thagann faoi réim fho-alt (1) déileálfar léi mar íocaíocht nach dtagann faoi réim alt 31 den Acht Airgeadais, 1974 .

Tuairisceáin agus bailiú cánach cuí.

33. —(1) D'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna Cánach, beidh éifeacht leis an alt seo chun rialáil a dhéanamh ar an tráth agus ar an modh a dtabharfar cuntas ar cháin chuí i ndáil le híocaíocht úis iomchuí agus ar thráth íoctha agus ar mhodh íoctha na cánach sin.

(2) Faoi réir fho-alt (5), ní mór do ghlacadóir taisce iomchuí, maidir leis an mbliain 1986-87 agus gach bliain mheasúnachta dá éis, tuairisceán a thabhairt don Ard-Bhailitheoir, laistigh de 15 lá ó dheireadh na bliana measúnachta, i dtaobh an úis iomchuí a d'íoc sé an bhliain sin agus ar an gcáin chuí i ndáil le híoc an úis sin.

(3) An cháin chuí i ndáil le híocaíocht úis iomchuí a cheanglaítear a bheith ar áireamh i dtuairisceán, beidh sí dlite an tráth faoina mbeidh an tuairisceán le tabhairt agus íocfaidh an glacadóir taisce iomchuí leis an Ard-Bhailitheoir í, agus beidh an cháin chuí a bheidh dlite amhlaidh iníoctha ag an nglacadóir taisce iomchuí gan measúnacht a bheith déanta; ach féadfar cáin chuí a bheidh tagtha chun bheith dlite mar a dúradh a mheasúnú ar an nglacadóir taisce iomchuí (bíodh nó ná bíodh sí íoctha tráth na measúnachta a dhéanamh) mura mbeidh an cháin sin, nó aon chuid di, íoctha ar an dáta dlite nó roimhe.

(4) D'ainneoin fho-alt (3), ní mór do ghlacadóir taisce iomchuí, maidir le gach bliain mheasúnachta (arb í an bhliain 1986-87 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis í), méid ar cuntas cánach cuí a íoc leis an Ard-Bhailitheoir laistigh de 15 lá ón 5ú lá de Dheireadh Fómhair sa bhliain mheasúnachta sin ar méid é nach lú ná méid na cánach cuí a bheadh dlite agus iníoctha aige don bhliain mheasúnachta sin de réir an fho-ailt sin (3) dá mba go raibh méid iomlán an úis iomchuí a d'fhaibhrigh (agus déileálfar le hús, chun na críche sin, mura ndéileáiltear leis amhlaidh thairis sin, mar ús a fhaibhríonn ó lá go lá) sa tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán agus dar críoch an 5ú lá de Dheireadh Fómhair sa bhliain mheasúnachta sin ar na taiscí iomchuí go léir a bhí á sealbhú ag an nglacadóir taisce iomchuí sa tréimhse sin (ach nach raibh níos mó ná sin) íoctha aige sa bhliain mheasúnachta sin; agus aon mhéid ar cuntas cánach cuí a bheidh íoctha amhlaidh ag an nglacadóir taisce iomchuí do bhliain mheasúnachta, déileálfar leis, a mhéid is féidir, mar íocaíocht ar cuntas aon chánach cuí a bheidh dlite agus iníoctha aige don bhliain mheasúnachta sin faoin bhfo-alt sin (3):

Ar choinníoll, i gcás inar mó an méid ar cuntas cánach cuí a íocfaidh glacadóir taisce iomchuí do bhliain mheasúnachta faoin bhfo-alt seo ná méid na cánach cuí a bheidh dlite agus iníoctha aige don bhliain mheasúnachta sin faoin bhfo-alt sin (3), go déanfar an bhreis a thabhairt ar aghaidh agus a fhritháireamh in aghaidh aon mhéid a bheidh dlite agus iníoctha faoin bhfo-alt seo nó faoin bhfo-alt sin (3) ag an nglacadóir taisce iomchuí d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin (ach déanfar an fritháireamh sin, a mhéid is féidir, in aghaidh méid a bheidh dlite agus iníoctha amhlaidh ar dháta níos luaithe seachas ar dháta níos déanaí).

(5) (a) Aon mhéid ar cuntas cánach cuí a bheidh iníoctha ag glacadóir taisce iomchuí faoi fho-alt (4) beidh sé iníoctha amhlaidh gan measúnacht a bheith déanta,

(b) na forálacha uile den Chaibidil seo a bhaineann le bailiú agus gnóthú cánach cuí beidh feidhm acu, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le bailiú agus gnóthú aon mhéid ar cuntas cánach cuí, agus

(c) beidh i dtuairisceán a cheanglaítear ar ghlacadóir taisce iomchuí a thabhairt do bhliain mheasúnachta ráiteas faoi mhéid an úis a mbeidh méid ar cuntas cánach cuí dlite agus iníoctha ag an nglacadóir taisce iomchuí ina leith don bhliain mheasúnachta sin agus faoin méid ar cuntas cánach cuí a bheidh dlite agus iníoctha amhlaidh; agus ceanglófar ar ghlacadóir taisce iomchuí tuairisceán a thabhairt amhlaidh do bhliain mheasúnachta d'ainneoin nár íoc sé aon ús iomchuí sa bhliain mheasúnachta sin.

(6) Más dealraitheach don chigire go bhfuil aon mhéid cánach cuí i ndáil le híocaíocht úis iomchuí ba chóir a áireamh, agus nár áiríodh, i dtuairisceán, nó má bhíonn an cigire mí-shásta faoi aon tuairisceán, féadfaidh sé measúnacht a dhéanamh ar an nglacadóir taisce iomchuí go feadh a bhreithiúnais; agus aon mhéid cánach cuí i ndáil le híocaíocht úis iomchuí a bheidh dlite faoi mheasúnacht a rinneadh de bhua an fho-ailt seo, déileálfar leis chun críocha úis ar cháin neamhíoctha mar cháin ab iníoctha an tráth arbh iníoctha í dá mba gur tugadh tuairisceán ceart.

(7) I gcás ina mbeidh aon ítim curtha isteach go mícheart i dtuairisceán mar íocaíocht úis iomchuí, féadfaidh an cigire cibé measúnachtaí, coigeartuithe nó fritháirimh a dhéanamh is dóigh leis is gá chun a áirithiú gur mar a chéile, a mhéid is féidir é, do na dliteanais cánach (lena n-áirítear ús ar cháin neamhíoctha) a bheidh dá thoradh sin ar an nglacadóir taisce iomchuí nó ar aon duine eile, agus na dliteanais a bheadh orthu mura mbeadh an ítim curtha isteach amhlaidh.

(8) (a) Beidh aon cháin chuí a mheasúnófar ar ghlacadóir taisce iomchuí faoin gCaibidil seo dlite laistigh de mhí tar éis an fógra measúnachta a eisiúint (mura mbeidh an cháin sin nó aon mhéid a ndéileálfar leis mar mhéid ar cuntas na cánach sin dlite níos luaithe ná sin faoi fho-alt (3) nó (4)) faoi réir aon achomhairc i gcoinne na measúnachta, ach ní dhéanfaidh aon achomharc den sórt sin difear don dáta ar a mbeidh aon mhéid dlite faoin bhfo-alt sin (3) nó (4), agus

(b) tar éis achomharc i gcoinne measúnachta faoin gCaibidil seo a chinneadh aisíocfar aon cháin chuí a ró-íocadh.

(9) (a) Na forálacha uile de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann—

(i) le measúnachtaí cánach ioncaim,

(ii) le hachomhairc i gcoinne measúnachtaí den sórt sin (lena n-áirítear achomhairc a athéisteacht agus cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil), agus

(iii) le cáin ioncaim a bhailiú agus a ghnóthú,

beidh feidhm acu, a mhéid is infheidhme iad, maidir le cáin chuí a mheasúnú, a bhailiú agus a ghnóthú;

(b) aon mhéid cánach cuí nó méid ar cuntas cánach cuí is iníoctha de réir na Caibidle seo gan measúnacht a bheith déanta béarfaidh sé ús de réir ráta 1.25 faoin gcéad in aghaidh gach míosa nó cuid de mhí ón dáta a dtiocfaidh an méid chun bheith dlite agus iníoctha go dtí go n-íocfar é;

(c) beidh feidhm ag forálacha fho-ailt (3) go (5) d'alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i ndáil le hús is iníoctha faoi mhír (b) mar atá feidhm acu i ndáil le hús is iníoctha faoin alt sin 550;

(d) le linn alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bheith á fheidhmiú ar aon cháin chuí a mhuirearófar le haon mheasúnacht a dhéanfar de réir na Caibidle seo, beidh éifeacht leis ach an coinníoll a ghabhann le fo-alt (1) agus fo-ailt (2) agus (2A) a fhágáil ar lár; agus

(e) d'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim, ní bheidh feidhm ag forálacha alt 419 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ná ag alt 30 den Acht Airgeadais, 1976 , i ndáil le haon cháin chuí a mhuirearófar le measúnacht a dhéanfar de réir na Caibidle seo.

(10) Is i bhfoirm a bheidh forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh gach tuairisceán agus beidh dearbhú ann á rá gur tuairisceán ceart iomlán an tuairisceán.

Leasú ar alt 31 (cumainn fhoirgníochta) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

34. —Maidir leis an mbliain 1986-87 agus aon bhliain mheasúnachta dá éis—

(a) scoirfidh fo-ailt (1) go (3) agus (6) d'alt 31 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , d'éifeacht a bheith leo, agus

(b) beidh éifeacht le fo-ailt (4) agus (9) den alt sin ionann is dá bhfágfaí ar lár na tagairtí sna fo-ailt sin do chomh-shocraíochtaí faoin alt sin a bheith i bhfeidhm nó a bheith á ndéanamh ag cumann foirgníochta.

Cánachas ar ús iomchuí, etc.

35. —(1) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach—

(a) ní dhéanfar aon chuid d'aon ús a íocfaidh cumann foirgníochta an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, i leith aon scaireanna sa chumann a áireamh, chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide, mar dháileadh de chuid an chumainn nó mar ioncam infheistíochta frainceáilte de chuid aon chuideachta a chónaíonn sa Stát,

(b) ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt in alt 39, ní dhéanfar aon aisíoc cánach cuí i leith aon úis iomchuí le haon duine a gheobhaidh an íocaíocht den ús iomchuí nó a bheidh i dteideal í a fháil ar duine é nach cuideachta atá laistigh de réim cánach corparáide maidir leis an íocaíocht,

(c) déanfar méid aon íocaíochta úis iomchuí a áireamh mar ioncam ar arb inmhuirearaithe cáin faoi Chás IV de Sceideal D agus ní faoi aon Chás nó Sceideal eile agus cuirfear i gcuntas é le linn ioncam iomlán an duine a bheidh i dteideal an méid sin a fháil a bheith á ríomh, ach, faoi réir mhír (d), ní dhéanfar aon mheasúnacht cánach ioncaim maidir le haon ús iomchuí ar an duine a gheobhaidh an íocaíocht den ús iomchuí nó a bheidh i dteideal í a fháil,

(d) ní choiscfidh mír (c) measúnacht a dhéanamh i leith cánach ioncaim de réir na n-ard-rátaí nó i leith formhuirir faoi alt 13 den Acht Airgeadais, 1976 , ar aon ús iomchuí a mbeidh cáin chuí inasbhainte ina leith, agus

(e) beidh éifeacht le halt 4 den Acht Airgeadais, 1974 , ionann is dá mbeadh tagairt do cháin chuí is inasbhainte de bhua na Caibidle seo ar áireamh i mír (a) den alt sin.

(2) I gcás nach taisce ús-chánaithe de réir bhrí fho-alt (4) taisce is bunadh ioncaim d'aon duine (dá ngairtear “an t-iasachtóir” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) is inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim maidir le haon ús is iníoctha ar an taisce ach go ndéanfar taisce den sórt sin de tráth ar bith, ansin, d'ainneoin alt 75 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , beidh feidhm ag alt 77 (3) den Acht sin ionann is dá mba é a bhí sa taisce bunadh ioncaim a ordaítear a ríomh ar leithligh faoi fho-alt (2) den alt sin 75 agus ionann is dá mba é a bhí sa taisce bunadh ioncaim ar scoir an t-iasachtóir dá shealbhú díreach sula ndearnadh taisce ús-chánaithe den sórt sin de:

Ar choinníoll, i gcás taisce a ndéantar taisce ús-chánaithe de an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nach mbeidh feidhm ag an alt sin 77 (3) chun a cheangal go ndéanfar aon choigeartú ar ioncam iomlán iasachtóra sa mhéid go mbeidh aon ús a íocadh i leith na taisce sin d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1985-86 ar áireamh san ioncam sin.

(3) I gcás ina scoirfidh taisce is bunadh ioncaim d'iasachtóir de bheith ina taisce ús-chánaithe de réir bhrí fho-alt (4) ansin, d'ainneoin alt 75 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) d'alt 77 den Acht sin, maidir leis an mbliain mheasúnachta ina scoirfidh sí amhlaidh agus leis an gcéad bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, ionann is dá mba é a bhí sa taisce bunadh ioncaim a ordaítear a ríomh ar leithligh faoi fho-alt (2) den alt sin 75 agus ionann is dá mba é a bhí sa taisce bunadh nua ioncaim arna fháil ag an iasachtóir díreach tar éis don taisce sin scor de bheith ina taisce úschánaithe den sórt sin.

(4) Chun críocha fho-ailt (2) agus (3), is taisce ús-chánaithe taisce tráth ar bith más amhlaidh atá maidir léi, dá ndéanfadh an glacadóir taisce iomchuí a shealbhaíonn í íocaíocht úis ina leith an tráth sin, go mbeadh de cheangal ar an nglacadóir taisce iomchuí sin an cháin chuí a asbhaint ón íocaíocht.

(5) Ní bheidh éifeacht le halt 344 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le haon ús iomchuí.

Ráiteas arna thabhairt ag glacadóir taisce iomchuí.

36. —Ní mór do ghlacadóir taisce iomchuí, ar aon duine a bheidh i dteideal aon úis iomchuí ar thaisce iomchuí a bheidh á shealbhú ag an nglacadóir taisce iomhcuí á iarraidh air déanamh amhlaidh, ráiteas a thabhairt don duine sin maidir le haon íocaíocht den ús iomchuí sin, ar ráiteas é a thaispeánfaidh—

(a) méid na híocaíochta sin,

(b) méid na cánach cuí a asbhaineadh uaidh,

(c) glanmhéid na híocaíochta, agus

(d) dáta na híocaíochta.

Dearbhuithe i ndáil le taiscí de chuid neamhchónaitheoirí.

37. —(1) Maidir leis an dearbhú dá dtagraítear i mír (f) (ii) den mhíniú ar “taisce iomchuí” in alt 31 (1), is dearbhú i scríbhinn chuig glacadóir taisce iomchuí é—

(a) ó dhuine (dá ngairtear “an dearbhóir” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) a mbeidh aon ús ar an taisce a bhfuil an dearbhú á dhéanamh ina leith iníoctha ag an nglacadóir taisce iomchuí leis, agus é sínithe ag an dearbhóir,

(b) a dhéanfar i cibé foirm a bheidh forordaithe nó údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim,

(c) a dhearbhóidh gurb amhlaidh, an tráth a dhéantar an dearbhú, nach bhfuil gnáthchónaí sa Stát ar an duine a mbeidh teideal tairbhiúil aige chuig an ús i ndáil leis an taisce sin nó, de réir mar a bheidh, ar na daoine go léir a mbeidh teideal acu amhlaidh,

(d) ina mbeidh, maidir leis an duine nó, de réir mar a bheidh, gach duine de na daoine, a luaitear i mír (c)—

(i) ainm an duine,

(ii) seoladh a phríomháite cónaithe, agus

(iii) ainm na tíre ina bhfuil gnáthchónaí air an tráth a dhéantar an dearbhú,

(e) ina mbeidh geallúint ón dearbhóir go ndéanfaidh sé, má thagann an duine, nó, de réir mar a bheidh, aon duine de na daoine dá dtagraítear i mír (c) chun bheith ina ghnáthchónaí sa Stát, é sin a chur in iúl don ghlacadóir taisce iomchuí, agus

(f) ina mbeidh cibé faisnéis eile a bheidh ag teastáil le réasún ó na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha na Caibidle seo:

Ar choinníoll—

(i) faoi réir fho-ailt (3) agus (4), más rud é i ndáil le taisce, gur seirbheáladh fógra, an 29ú lá d'Eanáir, 1986, nó roimhe, ar ghlacadóir taisce iomchuí faoi alt 175 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , go measfar chun críocha na Caibidle seo, ar leith ó fho-alt (2), gur dearbhú den chineál a luaitear san alt seo maidir leis an taisce sin an fógra gach uile thráth roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1987, agus

(ii) go measfar chun críocha uile na Caibidle seo gur dearbhú den chineál a luaitear san alt seo dearbhú a rinneadh, roimh dháta an Achta seo a rith, i bhfoirm a bhí údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi mhír (22) de Rún Airgeadais Uimh. 12 a rith Dáil Éireann an 30ú lá d'Eanáir, 1986.

(2) (a) Déanfaidh glacadóir taisce iomchuí na dearbhuithe uile den chineál a luaitear san alt seo a bheidh déanta i leith taiscí arna sealbhú ag an nglacadóir taisce iomchuí—

(i) a choinneáil agus a choimeád ar feadh cibé tréimhse díobh seo a leanas is faide, is é sin le rá—

(I) tréimhse sé bliana, agus

(II) tréimhse ar críoch di, i ndáil leis an taisce ar ina leith a rinneadh an dearbhú, tráth nach luaithe ná trí bliana tar éis an dáta ar a n-aisíoctar an taisce nó, de réir mar a bheidh, an dáta a ndéantar taisce iomchuí de, agus

(ii) a chur ar fáil do chigire, ar é sin a bheith ceangailte air le fógra i scríbhinn a bheidh tugtha ag an gcigire dó, laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe san fhógra.

(b) Féadfaidh an cigire aon dearbhuithe a bheidh curtha ar fáil dó faoi mhír (a) a scrúdú nó sleachta a thógáil astu nó cóipeanna a dhéanamh díobh.

(3) Más rud é, ar lá (dá ngairtear “an lá iomchuí” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) i ndiaidh an 29ú lá d'Eanáir, 1986, go laghdófar méid taisce go dtí méid is lú ná trí cheathrú de mhéid na taisce mar a bhí an 29ú lá d'Eanáir, 1986, ní bheidh, maidir le mír (i) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1), dá mba rud é go mbeadh éifeacht léi ar leith ón bhfo-alt seo maidir leis an taisce, éifeacht léi amhlaidh tráth ar bith ar an lá iomchuí nó dá éis.

(4) I gcás ina ndearnadh fógra (dá ngairtear “an fógra iomchuí” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) den chineál a luaitear i mír (i) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) a sheirbheáil ar ghlacadóir taisce iomchuí an 29ú lá d'Eanáir, 1986, nó roimhe, i ndáil le taisce, agus go dtarlóidh, tráth ar bith tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1986, ach sula mbeidh dearbhú den chineál a luaitear san alt seo déanta maidir leis an taisce, go scoirfidh an taisce de bheith á shealbhú ag an nglacadóir taisce iomchuí, ansin déanfaidh an duine arbh iníoctha aon ús ar an taisce leis tráth ar bith tar éis an 29ú lá d'Eanáir, 1986, dearbhú den chineál a luaitear san alt seo, maidir leis an taisce sin, leis an nglacadóir taisce iomchuí (nó, i gcás níos mó ná duine amháin den chineál sin a bheith ann, féadfaidh aon duine de na daoine sin an dearbhú a dhéanamh):

Ar choinníoll, mura ndéanfar dearbhú amhlaidh maidir leis an taisce, go measfar, chun críocha fho-alt (2), gur dearbhú den chineál a luaitear san alt seo maidir leis an taisce an fógra iomchuí.

Dearbhuithe i ndáil le taiscí de chuid carthanas.

38. —(1) Maidir leis an dearbhú dá dtagraítear i mír (g) (ii) den mhíniú ar “taisce iomchuí” in alt 31 (1), is dearbhú i scríbhinn chuig glacadóir taisce iomchuí é—

(a) ó dhuine (dá ngairtear “an dearbhóir” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) a mbeidh aon ús ar an taisce a bhfuil an dearbhú á dhéanamh ina leith iníoctha ag an nglacadóir taisce iomchuí leis, agus é sínithe ag an dearbhóir,

(b) a dhéanfar i cibé foirm a bheidh forordaithe nó údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim,

(c) a dhearbhóidh gurb amhlaidh, an tráth a dhéantar an dearbhú, maidir leis an ús ar an taisce a bhfuil an dearbhú á dhéanamh ina leith—

(i)   (I) gur cuid é d'ioncam comhlachta daoine nó iontaobhais a ndéileálann na Coimisinéirí Ioncaim leis mar chomhlacht nó iontaobhas a bunaíodh chun críocha carthanúla amháin, nó

(II) gurb infheidhme é, de réir na Rialacha nó na Rialachán a bunaíodh le reacht, le cairt, le foraithne, le gníomhas iontaobhais nó le huacht, chun críocha carthanúla amháin agus go ndéileálann na Coimisinéirí Ioncaim amhlaidh leis, agus

(ii) gur chun críocha carthanúla amháin a chuirfear chun feidhme é,

(d) ina mbeidh ainm agus seoladh an duine nó, de réir mar a bheidh, gach duine de na daoine a bheidh, maidir leis an ús i ndáil leis an taisce, i dteideal díolúine—

(i) ó cháin ioncaim faoi Sceideal D de bhua mhír (b) d'alt 333 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó

(ii) de réir mar a bheidh, ó cháin chorparáide de bhua na díolúine a thugtar leis an mír sin (b) den alt sin 333 (1) mar atá éifeacht léi chun críocha cánach corparáide faoi alt 11 (6) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ,

(e) ina mbeidh geallúint ón dearbhóir go ndéanfaidh sé, má scoireann an duine, nó, de réir mar a bheidh, aon duine de na daoine dá dtagraítear i mír (d) de bheith díolmhaithe amhlaidh maidir leis an ús sin, é sin a chur in iúl don ghlacadóir taisce iomchuí, agus

(f) ina mbeidh cibé faisnéis eile a bheidh ag teastáil le réasún ó na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha na Caibidle seo.

(2) Beidh éifeacht le fo-alt (2) d'alt 37 maidir le dearbhuithe den chineál a luaitear san alt seo mar atá éifeacht leis maidir le dearbhuithe den chineál a luaitear san alt sin.

Cáin chuí a aisíoc i gcásanna áirithe.

39. —(1) D'ainneoin alt 35 (1) (b), tabharfar aisíoc cánach cuí maidir le haon ús iomchuí do dhuine a bheidh, maidir leis an ús sin, i dteideal díolúine—

(a) ó cháin ioncaim faoi Sceideal D de bhua mhír (b) d'alt 333 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó

(b) de réir mar a bheidh, ó cháin chorparáide de bhua na díolúine a thugtar leis an mír sin (b) den alt sin 333 (1) mar atá éifeacht léi chun críocha cánach corparáide faoi alt 11 (6) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(2) Más rud é, sa bhliain 1986-87 nó in aon bhliain mheasúnachta dá éis (dá ngairtear “an bhliain iomchuí” anseo ina dhiaidh seo san alt seo), go mbeidh aon ús iomchuí ar áireamh in ioncam iomlán duine iomchuí agus, ar leith ó alt 35 (1) (b), go mbeadh an duine iomchuí i dteideal go n-aisíocfaí leis an cháin chuí iomlán, nó aon chuid di, a asbhaineadh ón ús iomchuí, ansin, d'ainneoin alt 35 (1) (b), féadfar an t-aisíoc a mbeadh an duine iomchuí ina theideal amhlaidh a thabhairt dó ar é do dhéanamh éilimh chuige sin chuig an gcigire tráth nach luaithe ná deireadh na bliana iomchuí.

(3) I bhfo-alt (2), ciallaíonn “duine iomchuí” pearsa aonair a chruthaíonn chun sástachta an chigire nó, ar achomharc, a chruthaíonn do na Coimisinéirí Achomhairc—

(a) go raibh sé féin nó a chéile, tráth éigin i gcaitheamh na bliana iomchuí, cúig bliana is seasca d'aois nó os a chionn, nó

(b) go raibh sé féin nó a chéile ar feadh na bliana iomchuí, nó gur tháinig sé nó sí chun bheith, amhail ar agus ó thráth éigin i gcaitheamh na bliana iomchuí, buanéagumasaithe, mar gheall ar éiglíocht meabhrach nó coirp, ar é féin nó í féin a chothabháil.

Pionóis.

40. —(1) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “An tAcht Airgeadais, 1986 , alt 33 (2)” a chur isteach i gcolún 2,

agus

(b) trí “An tAcht Airgeadais, 1986 , alt 32 (1)” a chur isteach i gcolún 3.

(2) Leasaítear leis seo alt 94 (2) den Acht Airgeadais, 1983 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d):

“(dd)  (i) go mainneoidh sé aon asbhaint a dhéanamh a cheanglaítear air a dhéanamh le halt 32 (1) den Acht Airgeadais, 1986 ,

(ii) go mainneoidh sé, tar éis dó an asbhaint a dhéanamh, an tsuim a asbhaineadh a íoc leis an Ard-Bhailitheoir laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe chuige sin in alt 33 (3) den Acht sin, nó

(iii) go mainneoidh sé méid ar cuntas cánach cuí (de réir bhrí Chaibidil IV de Chuid I den Acht sin) a íoc leis an Ard-Bhailitheoir laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe chuige sin in alt 33 (4) den Acht sin,”.

Caibidil V

Athnuachan Uirbeach: Faoiseamh ó Cháin Ioncaim agus ó Cháin Chorparáide

Léiriú (Caibidil V), etc.

41. —(1) Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn “Limistéar Duganna Theach an Chustaim” an limistéar a thuairiscítear i gCuid II den Cheathrú Sceideal;

ciallaíonn “limistéar ainmnithe” Limistéar Duganna Theach an Chustaim nó aon limistéar eile a thuairiscítear i gCuid III, IV, V, VI nó VII den Cheathrú Sceideal, agus déanfar tagairt do limistéar ainmnithe contaebhuirge a fhorléiriú, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sonrach, mar thagairt don chuid sin nó do na codanna sin den chontaebhuirg sin a thuairiscítear sa Chuid nó sna Codanna iomchuí den Sceideal sin.

(2) Maidir le feidhmiú na Caibidle seo i gcás aon chaiteachais a thabhófar, nó aon chíosa is iníoctha, i ndáil le haon áitreabh a bhfuil a shuíomh go hiomlán laistigh de Limistéar Duganna Theach an Chustaim—

ciallaíonn “an lá sonraithe” an lá a bheidh ceaptha le hordú ag an Aire Airgeadais mar an lá sonraithe chun críocha na Caibidle seo;

ciallaíonn “an tréimhse shonraithe” an tréimhse cúig bliana dar tosach an lá sonraithe.

(3) Beidh éifeacht leis an gCeathrú Sceideal chun an Chaibidil seo a fhorlíonadh.

Liúntas i ndáil le háitribh thráchtála áirithe a fhoirgniú.

42. —(1) San alt seo—

tá le “carrchlós ilstóir” an bhrí a thugtar dó le halt 25 den Acht Airgeadais, 1981 ;

ciallaíonn “tréimhse cháilitheach” an tréimhse dar tosach an 23ú lá de Dheireadh Fómhair, 1985, agus dar críoch an 31ú lá de Bhealtaine, 1989, nó, i gcás feidhm a bheith ag alt 41 (2), an tréimhse shonraithe;

ciallaíonn “áitreabh cáilitheach” foirgneamh nó déanmhas a bhfuil a shuíomh go hiomlán laistigh de limistéar ainmnithe agus arb amhlaidh atá maidir leis—

(a) ar leith ón alt seo, nach foirgneamh nó déanmhas tionscail é de réir bhrí alt 255 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus

(b)  (i) go bhfuil sé á úsáid chun críocha trádála nó gairme, nó

(ii) bíodh nó ná bíodh sé á úsáid amhlaidh, go bhfuil sé ligthe ar théarmaí tráchtála bona fide ar cibé comaoin a bhféadfaí a bheith ag súil go n-íocfaí í dá ligfí an foirgneamh nó an déanmhas ar théarmaí a caibidlíodh ar neamhthuilleamaí,

140

ach ní fholaíonn sé aon fhoirgneamh ná déanmhas atá á úsáid mar theach cónaithe nó mar chuid de theach cónaithe;

aon tagairtí d'ailt 254, 264 agus 265 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , is tagairtí iad do na hailt sin arna gcur isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(2) Faoi réir na modhnuithe dá bhforáiltear i bhfo-ailt (3) go (7), beidh feidhm, d'ainneoin aon ní dá mhalairt iontu, ag forálacha uile na nAchtanna Cánach a bhaineann le liúntais a thabhairt nó muirir a ghearradh i leith caiteachais chaipitiúil ar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail a fhoirgniú—

(a) ionann is dá mba é a bhí in áitreabh cáilitheach, gach uile thráth ar áitreabh cáilitheach é, foirgneamh nó déanmhas a mbeidh liúntas le tabhairt ina leith, chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi Chaibidil II de Chuid XV nó faoi Chaibidil I de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mar gheall ar é a bheith á úsáid chun críche a shonraítear in alt 255 (1) (a) den Acht sin, agus

(b) i gcás nach trádáil aon ghníomhaíocht atá á seoladh san áitreabh cáilitheach, ionann is dá mba thrádáil í:

Ar choinníoll nach dtabharfar liúntas de bharr an fho-ailt seo i leith aon chaiteachais chaipitiúil a tabhaíodh ag foirgniú áitribh cháilithigh ach amháin sa mhéid gur sa tréimhse cháilitheach a tabhaíodh an caiteachas sin.

(3) Chun críocha fho-alt (2), na tagairtí don 1ú lá d'Aibreán, 1988 (mar a fhoráiltear le halt 20 den Acht Airgeadais, 1985 ) sna forálacha den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , atá sonraithe sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo, measfar gur tagairtí iad don 1ú lá de Mheitheamh, 1989, nó, i gcás feidhm a bheith ag alt 41 (2), don chéad lá eile díreach i ndiaidh dheireadh na tréimhse sonraithe.

AN TÁBLA

Fo-alt (2A) (a) d'alt 254 (liúntas foirgníochta tionscail)

Mír (ii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) agus mír (ii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (3) d'alt 264 (liúntais bhliantúla)

Mír (iii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 265 (liúntais chothromaíochta agus muirir chothromaíochta)

(4) Maidir le háitreabh cáilitheach a bhfuil a shuíomh go hiomlán laistigh de limistéar ainmnithe i mBaile Átha Cliath seachas Limistéar Duganna Theach an Chustaim, déanfar aon liúntas nó muirear a bheadh, ar leith ón bhfo-alt seo, le tabhairt nó le gearradh faoi fho-alt (2) i leith caiteachais chaipitiúil ag foirgniú an áitribh cháilithigh a laghdú go dtí leath den mhéid arbh é a bheadh ann, ar leith ón bhfo-alt seo, méid an liúntais nó an mhuirir sin; agus chun críocha an fho-ailt seo déanfar méid liúntais nó muirir a bheidh le laghdú amhlaidh go dtí leath an méid sin a ríomh—

(a) ionann is dá mba nár achtaíodh an fo-alt seo, agus

(b) ionann is dá mbeadh éifeacht tugtha do na liúntais go léir a bheidh curtha i gcuntas le linn an méid sin a bheith á ríomh:

Ar choinníoll nach ndéanfaidh aon ní san alt seo difear d'fheidhmiú alt 265 (5) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(5) Faoi réir fho-alt (6), ní bheidh éifeacht le halt 25 den Acht Airgeadais, 1981 , maidir le háitreabh cáilitheach is carrchlós ilstóir a mbeidh aon liúntas i leith caiteachais a tabhaíodh á fhoirgniú le tabhairt faoi fho-alt (2) i ndáil leis.

(6) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (4) maidir le haon chaiteachas caipitiúil—

(a) arna thabhú roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1988, ag foirgniú carrchlóis ilstóir a bhfuil a shuíomh go hiomlán laistigh de limistéar ainmnithe i mBaile Átha Cliath seachas Limistéar Duganna Theach an Chustaim, agus

(b) is caiteachas iomchuí de réir bhrí alt 25 den Acht Airgeadais, 1981 .

(7) D'fhonn cinneadh a dhéanamh agus chuige sin amháin, i ndáil le héileamh ar liúntas de bhua fho-alt (2), an sa tréimhse cháilitheach a tabhaíodh caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag foirgniú áitribh cháilithigh agus cá mhéad ar tabhaíodh an caiteachas sin sa tréimhse sin, ní dhéanfar ach cibé méid den chaiteachas caipitiúil sin a chinnfidh an cigire, de réir mar is fearr is eol dó agus mar a mheasfaidh sé, is inchurtha go cuí i leith obair ag foirgniú an áitribh a rinneadh iarbhír le linn na tréimhse cáilithí a mheas (d'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna Cánach maidir leis an am a mbeidh aon chaiteachas caipitiúil, nó a mbeidh sé le meas go mbeidh sé, tabhaithe) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse sin:

Ar choinníoll go bhféadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc nó an Chúirt Chuarda aon mhéid a chinnfidh an cigire de bhua an fho-ailt seo a leasú ar achomharc i gcoinne an chinnidh sin a éisteacht nó a athéisteacht.

Asbhaint i leith caiteachais áirithe ar chóiríocht chónaithe ar cíos a chur ar fáil.

43. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “caiteachas foirgníochta nó athchóiriúcháin” caiteachas a mbeadh, dá mba sa tréimhse cháilitheach a thabhófaí é, faoiseamh le tabhairt ina leith faoi fho-alt (2) den phríomh-alt seachas de bhua alt 21 den Acht Airgeadais, 1985 ;

ciallaíonn “caiteachas lena mbaineann an t-alt seo” caiteachas foirgníochta nó athchóiriúcháin arna thabhú sa tréimhse shonraithe i ndáil le háitreabh cáilitheach a bhfuil a shuíomh go hiomlán laistigh de Limistéar Duganna Theach an Chustaim; agus chun a chinneadh ar tabhaíodh agus cá mhéad a tabhaíodh an caiteachas sin amhlaidh sa tréimhse shonraithe, beidh éifeacht le fo-alt (1) (b) den phríomh-alt ionann is dá mba thagairtí don tréimhse shonraithe na tagairtí i bhfomhír (i) den fho-alt sin don tréimhse cháilitheach agus fara aon mhodhnuithe eile is gá;

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 23 den Acht Airgeadais, 1981 .

(2) Forléireofar an t-alt seo agus an príomh-alt le chéile.

(3) Beidh éifeacht leis an bpríomh-alt agus le halt 24 den Acht Airgeadais, 1981 , maidir le caiteachas lena mbaineann an t-alt seo—

(a) ionann is dá gcuirfí an míniú seo a leanas in ionad an mhínithe ar “tréimhse cháilitheach” i bhfo-alt (1) (a) den phríomhalt:

“ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’ an tréimhse shonraithe de réir bhrí alt 41 den Acht Airgeadais, 1986 ;”,

(b) chun críocha an mhínithe ar “áitreabh cáilitheach” san fho-alt sin (1) (a), ionann is dá mba thagairt do chaiteachas lena mbaineann an t-alt seo an tagairt i bhfo-alt (2) d'alt 29 den Acht Airgeadais, 1983 , do chaiteachas lena mbaineann an t-alt sin,

(c) i bhfo-ailt (1) agus (2) d'alt 22 den Acht Airgeadais, 1985 , ionann is dá gcuirfí an tréimhse shonraithe in ionad na tréimhse atá luaite iontu, agus

(d) ionann is dá mba nár achtaíodh na forálacha de na hAchtanna Cánach atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

Fo-ailt (3) agus (4) d'alt 29 den Acht Airgeadais, 1983

Na fo-ailt sin (3) agus (4) mar a chuirtear chun feidhme iad le halt 30 (1) den Acht Airgeadais, 1983

Alt 21 den Acht Airgeadais, 1985

Liúntas d'úinéirí-áititheoirí maidir le háitreabh áirithe.

44. —(1) (a) San alt seo—

ciallaíonn “caiteachas cáilitheach” i ndáil le pearsa aonair, faoi réir mhír (c), méid is ionann agus méid an chaiteachais a thabhaigh an phearsa aonair sa tréimhse cháilitheach ag foirgniú áitribh cháilithigh ar teaghais úinéir-áitithe cháilitheach é i ndáil leis an bpearsa aonair, tar éis aon suim i leith nó faoi threoir an chaiteachais sin, nó i leith nó faoi threoir an áitribh cháilithigh nó na hoibre foirgníochta ar tabhaíodh ina leith é, a bheidh faighte ag an bpearsa aonair, nó atá sé i dteideal a fháil, go díreach nó go neamhdhíreach, ón Stát, ó aon bhord a bunaíodh le reacht nó ó aon údarás poiblí nó áitiúil, a bheith asbhainte ón méid sin caiteachais;

ciallaíonn “teaghais úinéir-áitithe cháilitheach”, i ndáil le pearsa aonair, áitreabh cáilitheach a bhfuil a shuíomh go hiomlán laistigh de limistéar ainmnithe seachas Limistéar Duganna Theach an Chustaim agus a úsáideann an phearsa aonair sin i gcéaduair, tar éis an caiteachas cáilitheach sin a bheith tabhaithe, mar a aon-áit nó a phríomh-áit chónaithe;

forléireofar “áitreabh cáilitheach” de réir mhír (b);

ciallaíonn “tréimhse cháilitheach” an tréimhse dar tosach an 23ú lá de Dheireadh Fómhair, 1985, agus dar críoch an 31ú lá de Bhealtaine, 1989;

tá le “athfheistiú” an bhrí chéanna atá leis in alt 21 den Acht Airgeadais, 1985 .

(b) Aon áitreabh ar áitreabh cáilitheach a bheadh ann chun críocha alt 23 den Acht Airgeadais, 1981 , mar atá feidhm ag an alt sin maidir le caiteachas lena mbaineann alt 29 den Acht Airgeadais, 1983 , dá mba rud é—

(i) go scriosfaí clásal (iv) den mhíniú ar “áitreabh cáilitheach” san alt sin 23, agus

(ii) nár achtaíodh fo-alt (8) den alt sin,

is áitreabh cáilitheach é chun críocha an ailt seo, agus beidh feidhm, chun críocha an ailt seo, ag forálacha uile an ailt sin 23 sa mhéid go bhfuil feidhm acu chun a chinneadh an áitreabh cáilitheach áitreabh, ach sin faoi réir na modhnuithe a luaitear i bhfomhíreanna (i) agus (ii) agus fara aon mhodhnuithe eile is gá.

(c) Measfar gur thabhaigh duine caiteachas sa tréimhse cháilitheach ag foirgniú áitribh cháilithigh sa mhéid go measfaí gur thabhaigh sé caiteachas ag foirgniú nó ag athfheistiú an áitribh sin chun críocha alt 23 den Acht Airgeadais, 1981 , dá gcuirfí an míniú ar “tréimhse cháilitheach” san alt seo in ionad an mhínithe ar “tréimhse cháilitheach” san alt sin agus in alt 21 den Acht Airgeadais, 1985 , agus beidh feidhm, chun críocha an ailt seo, ag forálacha uile na n-alt sin 23 agus 21 sa mhéid go bhfuil feidhm acu chun a chinneadh cad é méid an chaiteachais a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach ag foirgniú nó ag athfheistiú áitribh cháilithigh, ach sin faoi réir an mhodhnaithe a dúradh ar an míniú ar “tréimhse cháilitheach” agus fara aon mhodhnuithe eile is gá.

(d) Chun críocha an ailt seo, seachas chun a chinneadh ar tabhaíodh agus cá mhéad a tabhaíodh caiteachas ag foirgniú nó ag athfheistiú áitribh cháilithigh sa tréimhse cháilitheach, measfar caiteachas a tabhaíodh ag foirgniú nó ag athfheistiú áitribh cháilithigh a bheith tabhaithe ar an dáta is luaithe a mbeidh an t-áitreabh á úsáid mar theaghais tar éis an caiteachas a bheith tabhaithe iarbhír.

(e)  (i) I gcás ina dtabhóidh dhá dhuine nó níos mó an caiteachas cáilitheach i ndáil le háitreabh cáilitheach, measfar nár thabhaigh gach duine de na daoine sin ach cibé méid den chaiteachas is dóigh leis an gcigire, de réir mar is fearr is eol dó agus mar a mheasfaidh sé, a bheith cóir agus réasúnach agus déanfar an caiteachas a chionroinnt dá réir sin.

(ii) Féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc nó an Chúirt Chuarda cionroinnt a rinneadh faoi fhomhír (i) a leasú ar achomharc i gcoinne asbhainte a tugadh ar bhonn na cionroinnte a éisteacht nó a athéisteacht.

(2) I gcás ina gcruthóidh pearsa aonair, tar éis dó éileamh a dhéanamh chuige sin, gur thabhaigh sé caiteachas cáilitheach i mbliain mheasúnachta, beidh sé i dteideal, don bhliain mheasúnachta sin agus d'aon bhliain de na naoi mbliana measúnachta díreach ina dhiaidh sin inarb aon-áit nó príomh-áit chónaithe na pearsan aonair an t-áitreabh cáilitheach ar tabhaíodh an caiteachas ina leith, go ndéanfar méid is ionann agus 5 faoin gcéad de mhéid an chaiteachais cháilithigh a asbhaint óna ioncam iomlán.

(3) Féadfar achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc maidir le haon cheist faoin alt seo, seachas ceist ar féidir achomharc a dhéanamh maidir léi faoi alt 18 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979 , sa tslí chéanna ina bhféadfaí achomharc a dhéanamh i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin leis na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomhairc.

(4) Na forálacha uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm acu i ndáil leis na hasbhaintí a shonraítear in ailt 138 go 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , beidh feidhm acu, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le hasbhaintí faoin alt seo.

(5) Leasaítear leis seo alt 198 (1) (a) den Acht Cánach Ioncaim,1967, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (x) (arna cur isteach le halt 19):

“(xi) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 44 den Acht Airgeadais, 1986 , sa chomhréir inar thabhaigh siad an caiteachas ar dá bharr an faoiseamh,”.

Liúntas cíosa dúbailte mar asbhaint le linn ioncam trádála a bheith á ríomh.

45. —(1) (a) San alt seo—

tá le “léas”, “léasaí”, “léasóir” agus “cíos” na bríonna faoi seach a shanntar dóibh le Caibidil VI de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “léas cáilitheach” léas i leith áitribh cháilithigh arna dheonú sa tréimhse cháilitheach ar théarmaí tráchtála bona fide ag léasóir chuig léasaí nach bhfuil baint aige leis an léasóir ná le haon duine eile atá i dteideal cíos a fháil i leith an áitribh cháilithigh, cibé acu faoin léas sin nó aon léas eile;

ciallaíonn “tréimhse cháilitheach” an tréimhse dar tosach an 23ú lá de Dheireadh Fómhair, 1985, agus dar críoch an 31ú lá de Bhealtaine, 1989, nó, i gcás feidhm a bheith ag alt 41 (2), an tréimhse shonraithe;

ciallaíonn “áitreabh cáilitheach” foirgneamh nó déanmhas a bhfuil a shuíomh go hiomlán laistigh de limistéar ainmnithe agus—

(i)   (I) is foirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí alt 255 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó

(II) a mbeidh liúntas le tabhairt ina leith chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi Chaibidil II de Chuid XV nó faoi Chaibidil I de Chuid XVI den Acht sin, mar gheall ar alt 42, agus

(ii) atá ligthe ar cibé téarmaí dá dtagraítear i mír (b) (ii) den mhíniú ar “áitreabh cáilitheach” san alt sin 42;

ciallaíonn “tréimhse chíosa iomchuí”, i ndáil le háitreabh cáilitheach, an tréimhse deich mbliana dar tosach an lá a mbeidh cíos i leith an áitribh sin iníoctha i gcéaduair faoi aon léas cáilitheach.

(b) Measfar chun críocha an ailt seo baint a bheith ag duine le duine eile i gcás go measfaí sin maidir leis chun críocha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 .

(2) Más rud é, le linn méid na ngnóchan nó na mbrabús ó thrádáil nó ó ghairm a bheith á ríomh, go mbeidh duine, ar leith ón alt seo, i dteideal aon asbhaint a fháil (dá ngairtear “an asbhaint chéadluaite” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) ar cuntas cíosa i leith áitribh cháilithigh a bheidh á áitiú aige chun críocha na trádála nó na gairme sin ar cíos é is iníoctha aige sa tréimhse chíosa iomchuí i ndáil leis an áitreabh cáilitheach sin faoi léas cáilitheach, beidh sé i dteideal, le linn an ríomha sin, asbhaint eile a fháil is ionann agus méid na hasbhainte céadluaite.

Caibidil VI

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Comhpháirtíochtaí teoranta: srianta le faoiseamh.

46. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an méid comhiomlán”, i ndáil le trádáil—

(a) i gcás pearsa aonair, comhiomlán na méideanna a thabharfar nó a lamhálfar dó tráth ar bith faoi aon cheann de na forálacha sonraithe—

(i) maidir le caillteanas a bhain dó sa trádáil, nó le hús a d'íoc sé mar gheall ar é bheith rannpháirteach sa trádáil, in aon bhliain mheasúnachta iomchuí, nó

(ii) mar liúntas a bheidh le tabhairt dó d'aon bhliain mheasúnachta iomchuí le linn an trádáil a chur faoi cháin nó mar urscaoileadh nó aisíoc cánach a mbeidh teideal aige chuige mar gheall ar é bheith ranpháirteach sa trádáil,

agus

(b) i gcás cuideachta, comhiomlán na méideanna a thabharfar nó a lamhálfar don chuideachta (dá ngairtear “an chuideachta chomhpháirtíochta” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) nó do chuideachta eile tráth ar bith faoi aon cheann de na forálacha sonraithe—

(i) maidir le caillteanas a thabhaigh an chuideachta chomhpháirtíochta sa trádáil, nó le muirir a d'íoc sí féin nó cuideachta eile mar gheall ar í bheith rannpháirteach sa trádáil, in aon tréimhse chuntasaíochta iomchuí, nó

(ii) mar liúntas a bheidh le tabhairt don chuideachta chomhpháirtíochta d'aon tréimhse chuntasaíochta iomchuí le linn an trádáil a chur faoi cháin nó mar urscaoileadh nó aisíoc cánach a mbeidh teideal aici chuige mar gheall ar í bheith rannpháirteach sa trádáil;

ciallaíonn “comhpháirtí teoranta”, i ndáil le trádáil—

(a) duine a sheolann an trádáil mar chomhpháirtí teoranta i gcomhpháirtíocht theoranta atá cláraithe faoin Limited Partnerships Act, 1907,

(b) duine a sheolann an trádáil mar chomhpháirtí ginearálta i gcomhpháirtíocht, nach bhfuil i dteideal páirt a ghlacadh i mbainistí na trádála agus atá i dteideal go ndéanfaidh duine éigin eile a chuid dliteanas, nó a chuid dliteanas thar theorainn áirithe, i leith fiacha nó oibleagáidí a tabhaíodh chun críocha na trádála, a urscaoileadh nó a chúiteamh, nó

(c) duine a sheolann an trádáil i gcomhpháirt le daoine eile agus nach bhfuil, faoi dhlí aon chríche lasmuigh den Stát, i dteideal páirt a ghlacadh i mbainistí na trádála agus nach bhfuil faoi dhliteanas thar theorainn áirithe i leith fiacha nó oibleagáidí a tabhaíodh chun críocha na trádála;

ciallaíonn “tréimhse chuntasaíochta iomchuí” tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta comhpháirtíochta ar críoch di an dáta sonraithe nó dá éis agus a raibh an chuideachta sin ag seoladh trádála mar chomhpháirtí teoranta tráth ar bith lena linn;

ciallaíonn “an tráth iomchuí”—

(a) i gcás pearsa aonair, deireadh na bliana measúnachta iomchuí inar tabhaíodh an caillteanas nó inar íocadh an t-ús, nó a mbeidh an liúntas le tabhairt maidir léi (ach amháin, i gcás inar scoir sé de bheith ag seoladh na trádála le linn na bliana measúnachta sin, gurb é a bheidh ann an tráth ar scoir sé amhlaidh), agus

(b) i gcás cuideachta comhpháirtíochta, deireadh na tréimhse cuntasaíochta iomchuí inar tabhaíodh an caillteanas nó inar íocadh na muirir, nó a mbeidh an liúntas le tabhairt maidir léi (ach amháin, i gcás inar scoir an chuideachta chomhpháirtíochta de bheith ag seoladh na trádála le linn na tréimhse cuntasaíochta sin, gurb é a bheidh ann an tráth ar scoir sí amhlaidh);

ciallaíonn “bliain mheasúnachta iomchuí” bliain mheasúnachta ar críoch di dáta i ndiaidh an dáta shonraithe agus a raibh an phearsa aonair ag seoladh trádála mar chomhpháirtí teoranta tráth ar bith lena linn;

ciallaíonn “an dáta sonraithe” an 22ú lá de Bhealtaine, 1985;

ciallaíonn “na forálacha sonraithe”—

(a) i gcás pearsa aonair—

(i) alt 296 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

(ii) alt 307 den Acht sin, agus

(iii) Caibidil III de Chuid I den Acht Airgeadais, 1974 ,

agus

(b) i gcás cuideachta, na forálacha seo a leanas den Acht Cánach Corparáide, 1976

(i) alt 10,

(ii) alt 14 (6),

(iii) alt 16 (2), agus

(iv) fo-ailt (1), (2) agus (6) d'alt 116.

(2) (a) Más rud é, i gcás pearsa aonair is comhpháirtí teoranta i ndáil le trádáil, go bhféadfar, ar leith ón alt seo, méid a thabhairt nó a lamháil faoi aon cheann de na forálacha sonraithe—

(i) maidir le caillteanas a bhain dó sa trádáil, nó le hús a d'íoc sé mar gheall ar é bheith rannpháirteach sa trádáil, i mbliain mheasúnachta iomchuí, nó

(ii) mar liúntas a bheidh le tabhairt dó do bhliain mheasúnachta iomchuí le linn an trádáil a chur faoi cháin nó mar urscaoileadh nó aisíoc cánach a mbeidh teideal aige chuige mar gheall ar é bheith rannpháirteach sa trádáil,

féadfar an méid sin a thabhairt nó a lamháil, seachas in aghaidh ioncaim arb é atá ann na brabúis nó na gnóchain ón trádáil, sa mhéid, agus sa mhéid amháin, nach mó an méid a thabharfar nó a lamhálfar nó, de réir mar a bheidh, an méid comhiomlán i ndáil leis an trádáil sin, ná méid a ranníoca i leith na trádála amhail ag an tráth iomchuí.

(b) Más rud é, i gcás cuideachta chomhpháirtíochta is comhpháirtí teoranta i ndáil le trádáil, go bhféadfar, ar leith ón alt seo, méid a thabhairt nó a lamháil faoi aon cheann de na forálacha sonraithe—

(i) maidir le caillteanas a bhain don chuideachta chomhpháirtíochta sa trádáil, nó le muirir a d'íoc an chuideachta chomhpháirtíochta nó cuideachta eile mar gheall ar í bheith rannpháirteach sa trádáil, i dtréimhse chuntasaíochta iomchuí, nó

(ii) mar liúntas a bheidh le tabhairt don chuideachta chomhpháirtíochta do thréimhse chuntasaíochta iomchuí le linn an trádáil a chur faoi cháin nó mar urscaoileadh nó aisíoc cánach a mbeidh teideal aici chuige mar gheall ar í bheith rannpháirteach sa trádáil,

féadfar an méid sin a thabhairt nó a lamháil don chuideachta chomhpháirtíochta, seachas in aghaidh brabús nó gnóchan ón trádáil, nó do chuideachta eile, sa mhéid, agus sa mhéid amháin, nach mó an méid a thabharfar nó a lamhálfar nó, de réir mar a bheidh, an méid comhiomlán ná ranníoc na cuideachta comhpháirtíochta i leith na trádála amhail ag an tráth iomchuí.

(3) (a) Is é is ranníoc duine i leith trádála tráth ar bith comhiomlán na méideanna seo a leanas—

(i) méid an ranníoca a bheidh déanta aige ina leith mar chaipiteal agus nach mbeidh tarraingthe amach nó faighte ar ais aige, go díreach nó go neamhdhíreach, ina dhiaidh sin ón gcomhpháirtíocht nó ó dhuine a bhfuil baint aige leis an gcomhpháirtíocht (seachas aon ní, i ndáil le caiteachas a bheidh tabhaithe aige thar ceann na trádála comhpháirtíochta nó ag soláthar saoráidí don trádáil chomhpháirtíochta, a bheidh sé nó a fhéadfaidh sé a bheith i dteideal a tharraingt amach nó a fháil ar ais amhlaidh tráth ar bith le linn dó bheith ag seoladh na trádála mar chomhpháirtí teoranta, nó a bheidh sé nó a fhéadfaidh sé a bheith i dteideal a cheangal ar dhuine eile a chúiteamh leis), agus

(ii) méid aon ghnóchan nó brabús de chuid na trádála a mbeidh teideal aige chuige ach nach mbeidh faighte aige in airgead nó i luach airgid.

(b) Chun críocha mhír (a), áireofar méid a bheidh ranníoctha ag duine i leith na comhpháirtíochta a bheith faighte ar ais aige más rud é—

(i) go bhfuair sé comaoin an méid nó an luacha sin as a leas, nó aon chuid dá leas, sa chomhpháirtíocht a dhíol,

(ii) go ndéanann an chomhpháirtíocht nó aon duine a bhfuil baint aige leis an gcomhpháirtíocht an méid sin d'iasacht nó d'airleacan uaidh a aisíoc, nó

(iii) go bhfaigheann an duine an méid sin luacha as sannadh aon fhéich a bheidh dlite dó den chomhpháirtíocht nó d'aon duine a bhfuil baint aige leis an gcomhpháirtíocht.

(4) Sa mhéid go gcuirfear liúntas i gcuntas le linn brabúis nó gnóchain nó caillteanais sa bhliain chaillteanais a bheith á ríomh de bhua alt 318 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , déileálfar leis an liúntas sin, chun críocha an ailt seo, mar liúntas a bheidh le tabhairt sa bhliain chaillteanais (agus ní sa bhliain mheasúnachta arb í an bhliain chaillteanais an bhonn-bhliain ina leith).

(5) Chun críocha an ailt seo, measfar baint a bheith ag duine le comhpháirtíocht i gcás go measfaí sin maidir leis chun críocha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 .

Leasú ar alt 16 (bronntanais do Scéim Chearnmhír an Uachtaráin) den Acht Airgeadais, 1985 .

47. —Leasaítear leis seo alt 16 den Acht Airgeadais, 1985 , trí “1987” a chur in ionad “1986” i bhfo-alt (1) (b) (i) agus tá an fo-alt sin (1) (b) (i), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(i) a thabharfar an 5ú lá d'Aibreán, 1987, nó roimhe, d'iontaobhaithe Scéim Chearnmhír an Uachtaráin lena úsáid acu chun críocha na scéime sin, agus

Formhuirear as tuairisceáin a chur isteach déanach.

48. —(1) (a) San alt seo—

ciallaíonn “tuairisceán ar ioncam” tuairisceán, ráiteas, dearbhú nó liosta a cheanglaítear ar dhuine a sheachadadh ar an gcigire de bharr fógra arna thabhairt ag an gcigire faoi aon cheann nó níos mó de na hailt shonraithe;

ciallaíonn “dáta sonraithe”, i ndáil le tuairisceán ar ioncam do bhliain mheasúnachta nó do thréimhse chuntasaíochta—

(i)    (I) maidir leis an mbliain 1986-87, an 31ú lá de Nollaig, 1987,

(II) maidir leis an mbliain 1987-88 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis, an 31ú lá de Nollaig an bhliain sin,

(III) maidir le tréimhsí cuntasaíochta ar críoch dóibh sa bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1986, agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1987, an 31ú lá de Nollaig, 1987, agus

(IV) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1987, nó dá éis, an lá deiridh den tréimhse naoi mí dar tosach an chéad lá díreach i ndiaidh dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, nó

(ii) an lá deiridh den tréimhse sé mhí dar tosach an lá díreach i ndiaidh an dáta a gceanglaítear ar an duine, le fógra, an tuairisceán ar ioncam a sheachadadh,

cibé acu is déanaí;

ciallaíonn “ailt shonraithe”—

(i) ailt 70, 94 (a), 94 (d), 169, 170, 172 agus 197 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

(ii) alt 11 den Acht Airgeadais, 1976 , agus

(iii) alt 143 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim, cáin chorparáide nó cáin ghnóchan caipitiúil, de réir mar is cuí.

(b) Chun críocha an ailt seo—

(i) i gcás ina ndéanfaidh duine tuairisceán mícheart ar ioncam a sheachadadh go calaoiseach nó go faillíoch, ar nó roimh an dáta sonraithe i ndáil leis an tuairisceán ar ioncam, measfar gur mhainnigh sé an tuairisceán ar ioncam a sheachadadh ar an dáta sin nó roimhe mura ndéanfar an earráid sa tuairisceán ar ioncam a cheartú ar an dáta sin nó roimhe,

(ii) i gcás ina ndéanfaidh duine tuairisceán mícheart ar ioncam a sheachadadh, ar nó roimh an dáta sonraithe i ndáil leis an tuairisceán sin ar ioncam ach nach go calaoiseach ná go faillíoch a dhéanfaidh sé amhlaidh agus go dtiocfaidh sé ar a iúl (nó, má tá sé tar éis bás a fháil, go dtiocfaidh sé ar iúl dá ionadaithe pearsanta) go bhfuil sé mícheart, measfar gur mhainnigh sé an tuairisceán ar ioncam a sheachadadh, ar nó roimh an dáta sonraithe i ndáil leis an tuairisceán ar ioncam, mura ndéanfar an earráid sa tuairisceán ar ioncam a cheartú gan mhoill mhíréasúnach,

(iii) i gcás ina seachadfaidh duine tuairisceán ar ioncam, ar nó roimh an dáta sonraithe i ndáil leis an tuairisceán ar ioncam, ach go ndéanfaidh an cigire, mar gheall ar é bheith mí-shásta le haon ráiteas ar bhrabúis nó gnóchain a d'eascair chuig an duine ó aon trádáil nó gairm agus atá sa tuairisceán ar ioncam, a cheangal ar an duine, le fógra i scríbhinn arna sheirbheáil ar an duine sin faoi alt 174 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , aon rud a dhéanamh, measfar nár sheachaid an duine an tuairisceán ar ioncam ar an dáta sonraithe nó roimhe mura ndéanfaidh sé an rud sin laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe san fhógra,

(iv) déanfar tagairtí do cibé cinn de na hailt shonraithe a chuirtear chun feidhme, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le cáin ghnóchan caipitiúil le mír 3 de Sceideal 4 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do na hailt sin arna gcur chun feidhme amhlaidh, agus

(v) déanfar tagairtí do thuairisceán ar ioncam do bhliain mheasúnachta nó i ndáil le bliain mheasúnachta a fhorléiriú mar thagairtí do thuairisceán ar ioncam lena gceanglaítear ráiteas nó sonraí a thabhairt ar aon ioncam de chuid na bliana dar chríoch an 5ú lá d'Aibreán díreach roimh thosach na bliana measúnachta sin.

(2) Más rud é, i ndáil le bliain mheasúnachta (arb í an bhliain 198687 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis í) nó le tréimhse chuntasaíochta (ar tréimhse chuntasaíochta í ar críoch di an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis) go mainneoidh duine ar a gceanglaítear tuairisceán ar ioncam a sheachadadh ar an gcigire an tuairisceán ar ioncam a sheachadadh ar nó roimh an dáta sonraithe i ndáil leis an tuairisceán ar ioncam, déanfar aon mhéid cánach don bhliain mheasúnachta sin nó don tréimhse chuntasaíochta sin a bheidh nó a bheadh, ar leith ón alt seo, ar áireamh i measúnacht i leith cánach arna déanamh nó a bheadh le déanamh ar dhuine (dá ngairtear an “duine inmhuirearaithe” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) is inmhuirearaithe i leith cánach don bhliain mheasúnachta nó don tréimhse chuntasaíochta sin ar an iomlán nó ar aon chuid, nó faoi threoir an iomláin nó aon chuid, den ioncam, de na brabúis nó de na gnóchain inmhuirearaithe atá ar áireamh nó tuairiscthe sa tuairisceán ar ioncam nó a bheadh ar áireamh nó tuairiscthe amhlaidh sa tuairisceán ar ioncam dá seachadfaí é, a mhéadú méid (dá ngairtear an “formhuirear” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) is ionann agus 10 faoin gcéad den mhéid sin cánach agus, murab é atá sa cháin atá ar áireamh sa mheasúnacht i leith cánach an méid cánach arna mhéadú amhlaidh, beidh feidhm ag na forálacha uile de na hAchtanna Cánach agus de na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, ar leith ón alt seo ach lena n-áirítear go háirithe iad siúd a bhaineann le bailiú agus gnóthú cánach agus le hús a íoc ar cháin neamhíoctha, ionann is dá mba é a bhí sa cháin atá ar áireamh sa mheasúnacht i leith cánach an méid cánach arna mhéadú amhlaidh:

Ar choinníoll go measfar, le linn méid an fhormhuirir a bheith á ríomh, an cháin atá ar áireamh sa mheasúnacht i leith cánach a bheith laghdaithe de chomhiomlán na méideanna seo a leanas—

(a) aon cháin a asbhaineadh, de bhua aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Cánach nó na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, ó aon ioncam, brabúis nó gnóchain inmhuirearaithe a bheidh muirearaithe sa mheasúnacht i leith cánach sa mhéid nach mbeidh an cháin sin aisíoctha, nó nach inaisíoctha í, leis an duine inmhuirearaithe agus sa mhéid gur féidir an cháin a asbhaineadh amhlaidh a fhritháireamh in aghaidh na cánach atá ar áireamh sa mheasúnacht i leith cánach,

(b) méid aon chreidmheasa cánach a mbeidh an duine inmhuirearaithe ina theideal maidir le haon ioncam, brabúis nó gnóchain inmhuirearaithe a bheidh muirearaithe sa mheasúnacht i leith cánach, agus

(c) aon mhéideanna eile a fhritháireofar sa mheasúnacht i leith cánach, in aghaidh na cánach atá ar áireamh ann.

Leasú ar alt 30 (achomhairc in aghaidh measúnachtaí agus íocaíochtaí ar cuntas) den Acht Airgeadais, 1976 .

49. —Leasaítear leis seo alt 30 den Acht Airgeadais, 1976 , tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an méid iomchuí” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ) i bhfo-alt (1):

“ciallaíonn ‘an méid iomchuí'—

(a) i gcás measúnacht i leith cánach ioncaim (seachas measúnacht i leith méid in ionannas cánach ioncaim chun críocha alt 31 (1) (a) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ) don bhliain 1984-85 nó 1985-86, 85 faoin gcéad den mhéid cánach a fionnadh a bheith inmhuirearaithe leis an measúnacht tar éis an t-achomharc a chinneadh,

(b) i gcás—

(i) measúnacht i leith cánach ioncaim nó cánach gnóchan caipitiúil don bhliain 1986-87 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis, nó

(ii) measúnacht i leith cánach corparáide do thréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis,

90 faoin gcéad den mhéid cánach a fionnadh a bheith inmhuirearaithe leis an measúnacht tar éis an t-achomharc a chinneadh, agus

(c) i gcás aon mheasúnacht eile i leith cánach, 80 faoin gcéad den mhéid cánach a fionnadh a bheith inmhuirearaithe leis an measúnacht tar éis an t-achomharc a chinneadh;”.

Liúntais chaipitiúla d'fheithiclí, agus asbhaint i leith feithiclí.

50. —(1) (a) Beidh éifeacht le hailt 25 go 29 den Acht Airgeadais, 1973 , i ndáil le caiteachas a tabhaíodh ag soláthar nó ag fruiliú feithicle lena mbaineann na hailt sin, ionann is dá gcuirfí “£4,000” in ionad “£2,500” gach áit a bhfuil sé sna hailt sin.

 (b) Ní fholaíonn an tagairt i mír (a) do chaiteachas a tabhaíodh ag soláthar nó ag fruiliú feithicle—

(i) maidir leis na hailt sin 25 go 27, tagairt do chaiteachas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó a thabhófar laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an lae sin faoi chonradh a rinneadh roimh an lá sin, agus

(ii) maidir le fo-ailt (2) agus (3) den alt sin 28 agus leis an alt sin 29, tagairt do chaiteachas faoi chonradh a rinneadh roimh an 6ú lá sin d'Aibreán, 1986.

(2) Beidh éifeacht le halt 32 den Acht Airgeadais, 1976 , i ndáil le caiteachas cáilitheach (de réir bhrí an ailt sin) a tabhaíodh maidir le tréimhse i ndiaidh an 5ú lá d'Aibreán, 1986, ionann is dá gcuirfí “£4,000” in ionad “£3,500”, gach áit a bhfuil sé.

Leasú ar alt 25 (liúntas i leith caiteachais áirithe ar charrchlóis ilstóir a fhoirgniú) den Acht Airgeadais, 1981 .

51. —(1) Leasaítear leis seo alt 25 den Acht Airgeadais, 1981 , trí “1988” a chur in ionad “1987” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ) sa mhíniú ar “caiteachas iomchuí” i bhfo-alt (1), agus tá an míniú sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

ciallaíonn “caiteachas iomchuí” caiteachas caipitiúil arna thabhú an 29ú lá d'Eanáir, 1981, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1988, ag foirgniú carrchlóis ilstóir.

(2) Déantar leis seo an t-alt sin 25 a leasú tuilleadh tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ):

“(2) Na forálacha uile de na hAchtanna Cánach (seachas alt 25 den Acht Airgeadais, 1978 ) a bhaineann le liúntais a thabhairt nó muirir a ghearradh i leith caiteachais chaipitiúil a tabhaíodh ag foirgniú foirgneamh nó déanmhas tionscail, beidh feidhm acu maidir le caiteachas iomchuí ionann is dá mba chaiteachas é a tabhaíodh ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi Chaibidil II de Chuid XV nó faoi Chaibidil I de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear in alt 255 (1) (a) den Acht sin.”.

Liúntais chaipitiúla: mar a dhéileálfar le deontais, etc.

52. —(1) (a) Faoi réir mhír (b), i gcás ina mbeidh liúntas le tabhairt chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi alt 241 nó 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus gur ar an 29ú lá d'Eanáir, 1986, nó dá éis, a tabhaíodh an caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag soláthar an innealra nó an ghléasra a mbeidh an liúntas le tabhairt ina leith, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:—

(i) ní mheasfar caiteachas a bheith tabhaithe ag duine sa mhéid go mbeidh sé íoctha nó le híoc, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an Stát, ag aon bhord a bunaíodh le reacht nó ag aon údarás poiblí nó áitiúil, agus

(ii) chun críocha an ailt sin 241, measfar gurb é costas iarbhír aon innealra nó gléasra d'aon duine méid an chaiteachais chaipitiúil a tabhaíodh ag soláthar an innealra nó an ghléasra sin lúide aon chaiteachas den chineál dá dtagraítear i bhfomhír (i).

(b) Ní bheidh éifeacht le mír (a) i ndáil le haon chaiteachas caipitiúil a bheidh íoctha nó le híoc sa tslí a luaitear i mír (a) (i)—

(i) faoi théarmaí comhaontaithe a bheidh ceadaithe go críochnaitheach an 29ú lá d'Eanáir, 1986, nó roimhe, ag Roinn Stáit, ag aon bhord a bunaíodh le reacht nó ag aon údarás poiblí nó áitiúil, nó

(ii) faoi théarmaí comhaontaithe—

(I) is ábhar caibidlí a bhí ar siúl an 29ú lá d'Eanáir, 1986, le Roinn Stáit, le haon bhord a bunaíodh le reacht nó le haon údarás poiblí nó áitiúil, agus

(II) a bheidh ceadaithe go críochnaitheach ag an Roinn sin, ag an mbord sin nó ag an údarás sin tráth nach déanaí ná an 31ú lá de Nollaig, 1986.

(2) Leasaítear leis seo alt 264 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Le linn an liúntas síos-scríofa a bheidh le tabhairt do dhuine faoi fho-alt (3) a bheith á fhionnadh, glacfar leis gurb é iarmhar an chaiteachais a luaitear san fho-alt sin, i gcás inar mó é ná méid an chaiteachais a thabhaigh an duine sin i leith an díola, méid an chaiteachais a tabhaíodh amhlaidh.”.

Feidhm alt 40 (liúntais chaipitiúla i leith sócmhainní léasaithe áirithe) den Acht Airgeadais, 1984 .

53. —Leasaítear leis seo alt 40 den Acht Airgeadais, 1984 , maidir le hinnealra nó gléasra a sholáthrófar lena léasú an 13ú lá de Bhealtaine, 1986, nó dá éis—

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh an mhínithe ar “tréimhse inmhuirearaithe nó a bonn-tréimhse”:

“ciallaíonn ‘léasaí’ agus ‘léasóir', i ndáil le hinnealra nó gléasra a sholáthraítear lena léasú, an duine a bhfuil nó a mbeidh an t-innealra nó an gléasra á léasú chuige agus an duine a sholáthraíonn an t-innealra nó an gléasra lena léasú, faoi seach, agus folaíonn ‘léasaí’ agus ‘léasóir', faoi seach, comharbaí i dteideal de chuid léasaí nó léasóra;”,

(b) i bhfo-alt (1), trí “, (7) nó (8)” a chur isteach i ndiaidh “fo-alt (6)” sa mhíniú ar “na liúntais chaipitiúla shonraithe” agus tá an míniú sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo,

(c) i bhfo-alt (5), trí “nó (7)” a chur isteach i ndiaidh “fo-alt (6)”, agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo, agus

(d) trí fho-alt (6) a scriosadh agus trí na fo-ailt seo a leanas a chur ina ionad:

“(6) Aon tagairtí san alt seo d'innealra nó gléasra lena mbaineann an fo-alt seo is tagairtí iad d'innealra nó gléasra arna sholáthar an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, lena léasú más faoi oibleagáid faoina ndeachaigh an léasóir agus an léasaí—

(a) roimh an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó

(b) roimh an lú lá de Mhárta, 1984, de bhun caibidlí a bhí ar siúl idir an léasóir agus an léasaí roimh an 25ú lá d'Eanáir, 1984,

a tabhaíodh an caiteachas a tabhaíodh ag soláthar an innealra nó an ghléasra.

(7) Aon tagairtí san alt seo d'innealra nó gléasra lena mbaineann an fo-alt seo is tagairtí iad d'innealra nó gléasra arna sholáthar an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, lena léasú más rud é, maidir leis an gcaiteachas a tabhaíodh ag soláthar an innealra nó an ghléasra (nó, i gcás scannán lena mbaineann alt 6 nó 7 den Acht um Bord Scannán na hÉireann, 1980 , maidir leis an gcostas a bhain leis an scannán a dhéanamh), go bhfuil sé íoctha nó le híoc go díreach nó go neamhdhíreach, go hiomlán nó go páirteach, ag an Údarás Forbartha Tionscail, Bord Scannán na hÉireann, Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta nó Údarás na Gaeltachta:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an alt seo maidir le hinnealra nó gléasra arna sholáthar lena léasú an 13ú lá de Bhealtaine, 1986, nó dá éis, mura rud é—

(a) gur scannán lena mbaineann alt 6 nó 7 den Acht um Bord Scannán na hÉireann, 1980 , an t-innealra nó an gléasra, nó

(b) gur faoi oibleagáid faoina ndeachaigh an léasóir agus an léasaí—

(i) roimh an 13ú lá de Bhealtaine, 1986, nó

(ii) roimh an lú lá de Mheán Fómhair, 1986, de bhun caibidlí a bhí ar siúl idir an léasóir agus an léasaí roimh an 13ú lá de Bhealtaine, 1986,

a tabhaíodh an caiteachas a tabhaíodh ag soláthar an innealra nó an ghléasra (nach scannán den chineál a luaitear i mír (a)).

(8) (a) An tagairt sa mhíniú ar ‘na liúntais chaipitiúla shonraithe’ i bhfo-alt (1) d'innealra nó gléasra lena mbaineann an t-alt seo is tagairt í d'innealra nó gléasra (nach scannán den chineál a luaitear i mír (a) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (7)) arna sholáthar an 13ú lá de Bhealtaine, 1986, nó dá éis, lena léasú ag léasóir chuig léasaí (nach duine é a bhfuil baint aige leis an léasóir) faoi léas a bhfuil ar áireamh ina théarmaí geallúint ón léasaí gurb amhlaidh, le linn tréimhse (dá ngairtear ‘an tréimhse iomchuí’ anseo ina dhiaidh seo san alt seo) nach lú ná trí bliana agus dar tosach an lá a dtosóidh an léasaí ag úsáid an innealra nó an ghléasra i gcéaduair, nach mbeidh an t-innealra nó an gléasra a soláthraíodh amhlaidh á úsáid ag an leásaí ach amháin chun críocha trádála sonraithe arna seoladh sa Stát ag an léasaí:

Ar choinníoll, maidir le haon innealra nó gléasra a mbeidh geallúint den sórt sin tugtha ag léasaí ina leith, agus a bheidh áirithe tráth ar bith mar innealra nó gléasra lena mbaineann an fo-alt seo, go scoirfidh sé aon tráth dá éis sin de bheith ina innealra nó gléasra lena mbaineann an fo-alt seo más rud é, an tráth sin dá éis sin, gur dealraitheach don chigire (nó, ar achomharc, do na Coimisinéirí Achomhairc) nach mbeidh an gheallúint comhlíonta ag an léasaí; agus, i gcás ina scoirfidh aon innealra nó gléasra amhlaidh de bheith ina innealra nó gléasra lena mbaineann an fo-alt seo, déanfar cibé measúnachtaí nó coigeartuithe ar mheasúnachtaí chun aon fhaoiseamh ó cháin a ghnóthú ón léasóir a tugadh dó mar gheall ar an innealra nó gléasra a áireamh mar innealra nó gléasra lena mbaineann an fo-alt seo.

(b) Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le hinnealra nó gléasra arna sholáthar lena léasú an 13ú lá de Bhealtaine, 1986, nó dá éis, más faoi oibleagáid faoina ndeachaigh an léasóir agus an léasaí—

(i) roimh an 13ú lá de Bhealtaine, 1986, nó

(ii) roimh an lú lá de Mheán Fómhair, 1986, de bhun caibidlí a bhí ar siúl idir an léasóir agus an léasaí roimh an 13ú lá de Bhealtaine, 1986,

a tabhaíodh an caiteachas a tabhaíodh ag soláthar an innealra nó an ghléasra.

(9) Chun críocha fho-ailt (6), (7) agus (8)—

(a) áireofar oibleagáid mar oibleagáid faoina ndeachthas roimh dháta áirithe más rud é, agus ar an gcoinníoll sin amháin, go raibh ar marthain, roimh an dáta sin, conradh ceangailteach i scríbhinn ba bhun leis an oibleagáid sin, agus

(b) ní mheasfar caibidlí a ndeachthas faoi oibleagáid dá mbun a bheith ar siúl idir léasóir agus léasaí roimh dháta áirithe mura rud é go ndearna an léasóir agus an léasaí, ar an dáta sin nó roimhe réamhghealltanais nó réamhchomhaontuithe i ndáil leis an oibleagáid sin.

(10) I bhfo-alt (8) (a), ciallaíonn ‘trádáil shonraithe' i ndáil le léasaí, trádáil arb é atá inti, go hiomlán nó go formhór, i gcaitheamh na tréimhse sonraithe—

(a) monarú earraí (lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bheadh, dá ndéanfadh an t-iasachtaí éileamh ar fhaoiseamh i leith na trádála faoi Chaibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980 , le háireamh chun críocha na Caibidle sin mar mhonarú earraí), nó

(b) oibríochtaí trádála díolmhaithe de réir bhrí Chuid V (Brabúis ó Thrádáil in Aerfort na Sionna) den Acht Cánach Corparáide, 1976 :

Ar choinníoll go n-áireofar trádáil, maidir leis an tréimhse iomchuí, mar thrádáil arb é atá inti go hiomlán nó go formhór gníomhaíochtaí áirithe más rud é, agus ar an gcoinníoll sin amháin, nach lú an méid iomlán is infhaighte ag an léasaí ó dhíolacháin a rinneadh nó, de réir mar a bheidh, mar íocaíocht i leith seirbhísí a tugadh, i gcúrsa na ngníomhaíochtaí sin sa tréimhse iomchuí ná 75 faoin gcéad den mhéid iomlán is infhaighte ag an léasaí ó na díolacháin go léir a rinneadh nó, de réir mar a bheidh, mar íocaíocht i leith na seirbhísí go léir a tugadh i gcúrsa na trádála sa tréimhse iomchuí.

(11) Beidh feidhm ag alt 157 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , chun críocha fho-alt (8) (a) ach amháin go mbeidh feidhm ag forálacha alt 16 (3) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 , chun a chinneadh an bhfuil baint ag duine le duine eile a bhfuil a bhrabúis nó a ghnóchain inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim.”.

AN TÁBLA

ciallaíonn “na liúntais chaipitiúla shonraithe” liúntais chaipitiúla maidir le—

(i) caiteachas a tabhaíodh ar innealra nó gléasra a sholáthrófar an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, lena léasú i gcúrsa trádála léasúcháin, nó

(ii) luach laghdaithe an innealra nó an ghléasra sin mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt,

seachas liúntais chaipitiúla maidir le hinnealra nó gléasra lena mbaineann fo-alt (6), (7) nó (8);

(5) Ní bheidh éifeacht leis an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 296 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ná le hailt 14 (6) agus 116 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i ndáil le liúntais chaipitiúla—

(a) maidir le caiteachas arna thabhú an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, ag soláthar innealra nó gléasra, nó

(b) maidir le luach laghdaithe innealra nó gléasra mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt más rud é, maidir leis an duine a bhfuil na liúntais chaipitiúla le tabhairt nó tugtha dó, gur ar an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, a fuair sé an t-innealra nó an gléasra sin i gcéaduair,

seachas liúntais chaipitiúla maidir le hinnealra nó gléasra lena mbaineann fo-alt (6) nó (7).

Caibidil VII

Cáin Chorparáide

Leasú ar alt 84A (teorainn leis an míniú ar “dáileadh”) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

54. —Leasaítear leis seo alt 84A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):

“(10)  (a) Baineann an fo-alt seo le haon ús nó dáileadh eile ar dháileadh a bheadh ann chun críocha an Achta seo murach an fo-alt seo, seachas aon ús nó dáileadh eile arna íoc ag an iasachtaí faoi oibleagáid faoina ndeachthas—

(i) roimh an 13ú lá de Bhealtaine, 1986, nó

(ii) roimh an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1986, de bhun caibidlí a bhí ar siúl idir an t-iasachtaí agus iasachtóir roimh an 13ú lá de Bhealtaine, 1986.

(b) Beidh éifeacht le fo-alt (2) maidir le haon ús nó dáileadh eile lena mbaineann an fo-alt seo ionann is dá mbeadh mír (c) d'fho-alt (3) fágtha ar lár.

(c) Chun críocha mhír (a)—

(i) áireofar oibleagáid mar oibleagáid faoina ndeachthas roimh dháta áirithe más rud é, agus ar an gcoinníoll sin amháin, go raibh ar marthain, roimh an dáta sin, conradh ceangailteach i scríbhinn ba bhun leis an oibleagáid sin, agus

(ii) ní mheasfar caibidlí a ndeachthas faoi oibleagáid dá mbun a bheith ar siúl roimh an 13ú lá de Bhealtaine, 1986 mura rud é go ndearna an t-iasachtaí dá dtagraítear sa mhír sin agus an t-iasachtóir, ar an dáta sin nó roimhe, réamhghealltanais nó réamhchomhaontuithe i ndáil leis an oibleagáid sin.”.

Leasú ar theorainneacha ama áirithe.

55. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Corparáide, 1976

(a) i bhfo-alt (5) d'alt 25 agus i bhfo-alt (4) d'alt 26 trí “agus déanfar an mheasúnacht sin tráth nach déanaí ná dhá bhliain ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta iardain” a scriosadh, agus

(b) trí “agus is í an teorainn ama d'éileamh faoin bhfo-alt seo dhá bhliain ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta iardain” a chur isteach i ndiaidh “méid an chreidmheasa cánach sin” i bhfo-alt (4) d'alt 26,

agus tá an fo-alt sin (5) (ar leith ón gcoinníoll) agus an fo-alt sin (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

25) I gcás íocaíocht creidmheasa cánach a bheith faighte ag cuideachta ar éileamh a dhéanamh faoin alt seo nó faoi alt 15 (4) agus go bhféadfaí, ar leith ó éileamh den sórt sin, aon mhéid a fhritháireamh in aghaidh na mbrabús do thréimhse chuntasaíochta iardain nó a bhaint as na brabúis sin, ansin, féadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfaí an méid sin a fhritháireamh nó a asbhaint amhlaidh ach, sa chás sin, a mhéid a úsáideadh an méid sin chun íocaíocht creidmheasa cánach a fháil, beidh an creidmheas cánach sin inghnóthaithe ón gcuideachta trí cháin ioncaim a mheasúnú uirthi faoi Chás IV de Sceideal D don bhliain mheasúnachta ina mbeidh deireadh leis an tréimhse chuntasaíochta iardain ar mhéid arb ionann an cháin ioncaim air de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta sin agus méid an chreidmheasa cánach sin:

(4) I gcás íocaíocht creidmheasa cánach a bheith faighte, de bhua an ailt seo, ag cuideachta ar éileamh faoi alt 16 (1) agus go bhféadfaí ar leith ó éileamh den sórt sin caillteanas a fhritháireamh in aghaidh brabúis tréimhse cuntasaíochta iardain nó a bhaint as na brabúis sin, ansin féadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfar an caillteanas a fhritháireamh nó a asbhaint amhlaidh ach, sa chás sin, a mhéid a úsáideadh an caillteanas chun íocaíocht creidmheasa cánach a fháil, gnóthófar an creidmheas cánach sin ón gcuideachta trí cháin ioncaim a mheasúnú uirthi faoi Chás IV de Sceideal D don bhliain mheasúnachta ina mbeidh deireadh leis an tréimhse chuntasaíochta iardain ar mhéid arb ionann an cháin ioncaim air de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta sin agus méid an chreidmheasa cánach sin agus is í an teorainn ama d'éileamh faoin bhfo-alt seo dhá bhliain ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta iardain.

(2) Beidh éifeacht leis an bhfo-alt seo—

(a) maidir le fo-alt (1) (a), i ndáil le haon mheasúnacht arna dhéanamh faoi alt 25 (5) nó 26 (4) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , chun creidmheas cánach a ghnóthú ó chuideachta de dhroim éileamh faoin alt sin 25 (5) nó 26 (4), de réir mar a bheidh, a bheith déanta ag an gcuideachta an 4ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, agus

(b) maidir le fo-alt (1) (b), i ndáil le haon éileamh faoin alt sin 26 (4) a dhéanfar ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis.

Aerfort na Sionna: deimhnithe áirithe a chúlghairm.

56. —(1) Leasaítear leis seo alt 70 den Acht Cánach Corparáide, 1976

(a) i bhfo-alt (2), trí “nó (4A)” a chur isteach i ndiaidh “fho-alt (4)”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) Más rud é, i gcás cuideachta a mbeidh deimhniú faoi fho-alt (2) tugtha i ndáil léi, gurb é tuairim an Aire go raibh, nó go bhféadfadh go mbeadh, drochthoradh ag aon ghníomhaíocht de chuid na cuideachta ar úsáid nó forbairt an aerfoirt nó go bhfuil sé, thairis sin, mífhabhrach d'fhorbairt an aerfoirt, ansin—

(a) féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheáil leis an bpost cláraithe ar an gcuideachta, a cheangal ar an gcuideachta éirí as an ngníomhaíocht sin le héifeacht ó cibé dáta a bheidh sonraithe san fhógra, agus

(b) mura deimhin leis an Aire go bhfuil ceanglais an fhógra sin a dúradh comhlíonta ag an gcuideachta, féadfaidh sé, trí fhógra eile i scríbhinn a sheirbheáil leis an bpost cláraithe ar an gcuideachta, an deimhniú a chúlghairm le héifeacht ó cibé dáta a bheidh sonraithe san fhógra eile sin a dúradh.”,

agus tá an fo-alt sin (2) (seachas an coinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(2) Faoi réir fho-ailt (5) agus (6), féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt á dheimhniú gur oibríochtaí trádála díolmhaithe chun críocha na Coda seo, le héifeacht amhail ó dháta a dtosaithe, na hoibríochtaí trádála sin de chuid cuideachta cáilithe a shonrófar sa deimhniú, agus fanfaidh aon deimhniú a thabharfar amhlaidh i bhfeidhm go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1990, mura gcúlghairfear é faoi fho-alt (4) nó (4A):

(2) Leasaítear leis seo alt 39A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ) den Acht Airgeadais, 1980

(a) i bhfo-alt (2), trí “nó (4A)” a chur isteach i ndiaidh “fho-alt (4)”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) Más rud é, i gcás cuideachta a mbeidh deimhniú faoi fho-alt (2) tugtha i ndáil léi, gurb é tuairim an Aire go raibh, nó go bhféadfadh go mbeadh, drochthoradh ag aon ghníomhaíocht de chuid na cuideachta ar úsáid nó forbairt an aerfoirt nó go bhfuil sé, thairis sin, mífhabhrach d'fhorbairt an aerfoirt, ansin—

(a) féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheáil leis an bpost cláraithe ar an gcuideachta, a cheangal ar an gcuideachta éirí as an ngníomhaíocht sin le héifeacht ó cibé dáta a bheidh sonraithe san fhógra, agus

(b) mura deimhin leis an Aire go bhfuil ceanglais an fhógra sin a dúradh comhlíonta ag an gcuideachta, féadfaidh sé, trí fhógra eile i scríbhinn a sheirbheáil leis an bpost cláraithe ar an gcuideachta, an deimhniú a chúlghairm le héifeacht ó cibé dáta a bheidh sonraithe san fhógra eile sin a dúradh.”,

agus tá an fo-alt sin (2) (seachas an coinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(2) Faoi réir fho-ailt (5) agus (6), féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt á dheimhniú gur oibríochtaí trádála iomchuí chun críche an ailt seo, le héifeacht ó dháta a bheidh sonraithe sa deimhniú, na hoibríochtaí trádála sin de chuid cuideachta cáilithe a bheidh sonraithe sa deimhniú, agus aon deimhniú a thabharfar amhlaidh, mura ndéanfar é a chúlghairm faoi fho-alt (4) nó (4A), fanfaidh sé i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 2000:

Leasú ar alt 155 (léiriú) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

57. —(1) Leasaítear leis seo alt 155 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (10):

“(10) Na tagairtí sna hAchtanna Cánach Corparáide—

(a) do bhrabúis ar a muirearaítear cáin chorparáide is tagairtí iad do mhéid na mbrabús sin ar arb inmhuirearaithe cáin chorparáide sula ndéantar aon asbhaint uathu i leith muirir ar ioncam, costais bhainistí nó méideanna eile is féidir a asbhaint ó bhrabúis de bhreis agus tuairisc amháin nó is féidir a fhritháireamh in aghaidh na mbrabús sin nó ar féidir déileáil leo mar nithe a laghdaíonn na brabúis sin,

(b) d'ioncam iomlán ar a muirearaítear cáin chorparáide, is tagairtí iad do mhéid, arna ríomh sula ndéantar aon asbhaint den chineál a luaitear i mír (a), an ioncaim iomláin ó gach bunadh a bheidh ar áireamh in aon bhrabúis ar a muirearaítear cáin chorparáide, agus

(c) do mhéid brabús ar a mbeidh cáin chorparáide le hiompar faoi dheoidh, is tagairtí iad do mhéid na mbrabús sin tar éis na hasbhaintí go léir a dhéanamh agus na faoisimh go léir a thabhairt a dhéantar as na brabúis sin, nó a thugtar in aghaidh na mbrabús sin, chun críocha cánach corparáide, lena n-áirítear asbhaintí agus faoisimh a ndéileálfar leo faoi aon fhoráil mar asbhaintí agus faoisimh a laghdaíonn iad chun na gcríoch sin.”.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo—

(a) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 4ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, agus

(b) maidir le haon tréimhse chuntasaíochta eile ach sin i ndáil le haon éileamh ar fhaoiseamh ó cháin chorparáide faoi alt 58 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , nó alt 41 den Acht Airgeadais, 1980 , is éileamh a dhéanfar an dáta sin nó dá éis, agus i ndáil leis an éileamh sin amháin.

Laghdú ar cháin chorparáide i ndáil le hus ar iasachtaí áirithe d'fheirmeoirí.

58. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an banc rannpháirteach” Bainc-Aontas Éireann, c.p.t.;

ciallaíonn “feirmeoir cáilitheach” feirmeoir a bhfuil glactha leis mar fheirmeoir atá cáilithe le bheith san áireamh i scéim 1985;

ciallaíonn “tréimhse chuntasaíochta iomchuí” tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta ar laistigh den tréimhse ón lú lá d'Aibreán, 1985 go dtí an 31ú lá de Mhárta, 1986 di;

ciallaíonn “faoiseamh ó ús”, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta iomchuí de chuid an bhainc rannpháirtigh an méid ar mó B ná A i gcás—

arb é A méid an úis a d'íoc feirmeoirí cáilitheacha leis an mbanc i gcaitheamh na tréimhse sin i ndáil le hiasachtaí a bhfuil an ráta úis ina leith le laghdú faoi scéim 1985, agus

arb é B méid an úis a bheadh le híoc ag na feirmeoirí sin leis an mbanc i gcaitheamh na tréimhse sin i ndáil leis na hiasachtaí sin murach an t-ús sin a bheith laghdaithe faoi scéim 1985;

ciallaíonn “scéim 1985” an scéim ar a dtugtar an Scéim um Ús Laghdaithe d'Fheirmeoirí i nGéarbhroid Airgid, 1985.

(2) Faoi réir fho-alt (3), i gcás ina n-éileoidh an banc rannpháirteach, agus ina gcruthóidh sé, gur lamháil sé faoiseamh ó ús le linn tréimhse cuntasaíochta iomchuí, déanfar an cháin chorparáide is iníoctha ag an mbanc don tréimhse chuntasaíochta atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, nó ar cuid di an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, a laghdú méid a chinnfear de réir na foirmle

C - D

____

5

i gcás—

arb é C méid an fhaoisimh ó ús a lamháil an banc rannpháirteach le linn na tréimhse cuntasaíochta iomchuí, agus

arb é D méid na cánach corparáide ab inmhuirearaithe, faoi ailt 1 (1) agus 6 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , don tréimhse chuntasaíochta atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, nó ar cuid di an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, ar bhrabúis ar cóimhéid le C.

(3)  (a) Ní dhéanfar laghdú, faoi fho-alt (2), ar cháin chorparáide is iníoctha ag an mbanc rannpháirteach ach amháin i ndáil le faoiseamh ó ús a mbeidh sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta gur faoiseamh ó ús é a lamháladh de réir choinníollacha agus rialacháin scéim 1985.

(b) Maidir le haon fhaoiseamh ó ús (dá ngairtear “faoiseamh dílamháilte” anseo ina dhiaidh seo sa mhír seo) a lamháil an banc rannpháirteach a mbeidh sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta gur faoiseamh ó ús é a lamháladh de réir choinníollacha agus rialacháin scéim 1985 agus go ndeimhneoidh an tAire Talmhaíochta ina dhiaidh sin gur faoiseamh ó ús é nach raibh le lamháil de réir na gcoinníollacha agus na rialachán sin, ní bheidh teideal ag an mbanc rannpháirteach, maidir leis an bhfaoiseamh dílamháilte, aon laghdú faoi fho-alt (2) a fháil ar an gcáin chorparáide is iníoctha aige agus, má bhíonn aon laghdú den sórt sin déanta i ndáil le haon fhaoiseamh dílamháilte den sórt sin, déanfar cibé measúnachtaí breise nó cibé coigeartuithe ar mheasúnachtaí is gá chun an laghdú sin a ghnóthú.

Leasú ar fhorálacha a bhaineann le cánachas ar chuideachtaí árachais.

59. —Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Corparáide, 1976

(a) in alt 33, maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch dáta i ndiaidh dháta rite an Achta seo, trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) I gcás ina n-áireofar ar ghnó árachais saoil cuideachta árachais breis agus cineál amháin de na cineálacha gnó seo a leanas, is é sin le rá:

(a) gnó pinsean,

(b) gnó ginearálta blianachtaí, agus

(c) gnó árachais saoil (gan an gnó pinsean sin agus an gnó ginearálta blianachtaí sin a áireamh),

ainsin, chun críocha an Achta seo, déileálfar le gach cineál gnó díobh sin mar ghnó ar leithligh agus beidh feidhm ar leithligh ag fo-alt (1) maidir le gach cineál gnó díobh sin:

Ar choinníoll go bhféadfar, chun críocha alt 15 (1), aon mhéid breise den chineál dá dtagraítear in alt 15 (2) a thabharfar ar aghaidh ó thréimhse chuntasaíochta dar críoch dáta roimh dháta rite an Achta Airgeadais, 1986 , a asbhaint le linn brabúis na cuideachta a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta níos déanaí maidir le cibé cineálacha gnó díobh sin a roghnóidh an chuideachta; ach aon mhéid a asbhainfear amhlaidh le linn na brabúis ó chineál amháin de na cineálacha sin gnó a bheith á ríomh ní asbhainfear é le linn brabúis na cuideachta ó chineál eile de na cineálacha sin gnó a bheith á ríomh.

(1B) Ní thabharfar faoiseamh faoi fho-alt (1) maidir le haon mhéid dleachta stampa (ach amháin aon chuid den mhéid sin is inchurtha i leith gnó pinsean) a mhuirearófar faoi mhír (c) d'fho-alt (8) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ) d'alt 92 den Acht Airgeadais,1982, ar aon ráiteas a sheachadfaidh cuideachta de bhun mhír (b) den fho-alt sin (8) maidir le haon ráithe dar tosach dáta i ndiaidh dháta rite an Achta Airgeadais, 1986 .”,

(b) in alt 39, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) D'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna Cánach Corparáide, aon bhlianacht a íocfaidh cuideachta agus is inchurtha i leith a ghnó eisiata blianachtaí—

(a) ní dhéileálfar léi mar mhuirear ar ioncam chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide;

(b) beidh sí inasbhainte le linn brabúis na cuideachta i leith a gnó árachais saoil a bheith á ríomh chun críocha Chás I de Sceideal D.”,

(c) in alt 40, maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch dáta i ndiaidh dháta rite an Achta seo, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) D'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna Cánach Corparáide, aon bhlianachtaí a ndéileálfar leo faoi fho-alt (1) mar mhuirir ar ioncam cuideachta (dá ngairtear ‘an chuideachta chéadluaite' anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) do thréimhse chuntasaíochta, ní lamhálfar iad mar asbhaintí in aghaidh aon bhrabús (cibé acu de chuid na cuideachta céadluaite nó de chuid aon chuideachta eile) seachas in aghaidh an chuid sin de na brabúis iomlána (lena n-áirítear, i gcás ina ndéanfar éileamh faoi alt 25 chun na gcríoch a luaitear i bhfo-alt (2) (b) den alt sin, aon ioncam infheistíochta frainceáilte) a eascróidh sa tréimhse chuntasaíochta sin don chuideachta chéadluaite óna gnó ginearálta blianachtaí.”,

agus

(d) in alt 50, maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch dáta i ndiaidh dháta rite an Achta seo—

(i) i bhfo-alt (2), tríd an míniú ar “gnó ginearálta blianachtaí” a scriosadh agus na mínithe seo a leanas a chur ina ionad:

“ciallaíonn ‘gnó eisiata blianachtaí', i ndáil le cuideachta árachais, gnó blianachtaí—

(a) nach gnó pinsean, nó nach ndéantar dliteanas na cuideachta ina leith a chur i gcuntas le linn ciste árachais saoil coigríche (de réir bhrí alt 42 (5)) na cuideachta a bheith á chinneadh, agus

(b) a éiríonn as conradh chun blianacht a dheonú ar shaol duine ar conradh é a rinneadh, a síneadh nó a athraíodh an 6ú lá de Bhealtaine, 1986, nó dá éis, agus nach gcomhlíonann aon choinníoll amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas, is é sin le rá:

(i) beidh an bhlianacht iníoctha (cibé acu atá nó nach bhfuil a tosach feidhme curtha siar ar feadh tréimhse ar bith) go dtí deireadh saoil duine nó ar feadh tréimhse nach féidir a fhionnadh ach amháin faoi threoir deiridh saoil duine (cibé acu a leanann nó nach leanann sí tar éis deiridh saoil duine),

(ii) ní dhéanfar méid na blianachta a laghdú ach amháin ar bhás duine is blianachtóir faoin gconradh nó faoi threoir innéacs bona fide de phraghsanna nó de luachanna infheistíochta, agus

(iii) toirmiscfear ar an gcuideachta, go sainráite agus go neamh-inchúlghairthe, sa doiciméad polasaí a fhianaíonn an conradh, comhaontú aon bhlianacht a éiríonn faoin gconradh a iomalartú, go hiomlán nó go páirteach;

ciallaíonn ‘gnó ginearálta blianachtaí’aon ghnó blianachtaí nach—

(a) gnó eisiata blianachtaí, nó

(b) gnó pinsean,

agus forléireofar ‘gnó pinsean’ de réir fho-ailt (3) agus (4);”,

agus

(ii) i bhfo-alt (3), trí mhír (b) a scriosadh agus tríd an mír seo a leanas a chur ina hionad:

“(b) go ndéanfar an gnó blianachtaí eile go léir seachas gnó eisiata blianachtaí a leithroinnt ar an ngnó ginearálta blianachtaí,”.

Caibidil VIII

Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Athrú ar na rátaí cánach gnóchan caipitiúil.

60. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (3) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ) d'alt 3 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as aon diúscairt a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) 35 faoin gcéad i gcás ar mó ná trí bliana ach nach mó ná sé bliana a thréimhse úinéireachta ar an tsócmhainn, nó

(d) in aon chás eile, 30 faoin gcéad,”

agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(3) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, is é a bheidh sa ráta cánach gnóchan caipitiúil i leith gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn chuig duine as sócmhainn a dhiúscairt—

(a) 60 faoin gcéad i gcás nach mó ná bliain a thréimhse úinéireachta ar an tsócmhainn,

(b) 50 faoin gcéad i gcás ar mó ná bliain ach nach mó ná trí bliana a thréimhse úinéireachta ar an tsócmhainn,

(c) 35 faoin gcéad i gcás ar mó ná trí bliana ach nach mó ná sé bliana a thréimhse úinéireachta ar an tsócmhainn, nó

(d) in aon chás eile, 30 faoin gcéad,

agus déanfar aon tagairt sna hAchtanna sin don ráta a shonraítear san alt seo a fhorléiriú dá réir sin.

(2) I bhfo-alt (1) ní fholaíonn “diúscairt” diúscairt iomchuí de réir bhrí alt 36 (1) den Acht Airgeadais, 1982 .

Scaireanna ar Mhargadh na Mionchuideachtaí agus scaireanna áirithe eile a dhiúscairt.

61. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “tréimhse cháilitheach” an tréimhse trí bliana dar tosach an 4ú lá d'Aibreán, 1986;

ciallaíonn “scaireanna cáilitheacha”—

(a) i bhfo-alt (2), scaireanna de chineál a ndéileáiltear iontu ar Mhargadh na Mionchuideachtaí de Stocmhargadh na hÉireann (dá ngairtear “an margadh iomchuí” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) agus nach ndéileáiltear iontu thairis sin ar Stocmhargadh na hÉireann nó ar aon stocmhargadh eile, agus

(b) i bhfo-alt (3), scaireanna is cuid de ghnáth-scairchaipiteal cuideachta poiblí de réir bhrí alt 2 (1) d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 , a d'eisigh scaireanna a mbeidh faoiseamh tugtha ina leith—

(i) faoi Chaibidil III de Chuid I den Acht Airgeadais, 1984 , nó

(ii) faoi Chaibidil III den Chuid seo,

agus ar scaireanna iad nach ndéileáiltear iontu ar stocmhargadh aitheanta.

(2) D'ainneoin alt 3 (3) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , 30 faoin gcéad an ráta cánach gnóchan caipitiúil maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh chuig duine as scaireanna, ar scaireanna cáilitheacha iad tráth na diúscartha, a dhiúscairt ar an margadh iomchuí sa tréimhse cháilitheach.

(3) D'ainneoin alt 3 (3) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , 30 faoin gcéad an ráta cánach gnóchan caipitiúil maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh chuig duine as scaireanna, ar scaireanna cáilitheacha iad tráth na diúscartha, a dhiúscairt sa tréimhse cháilitheach.

(4) I bhfo-ailt (2) agus (3), ní fholaíonn “diúscairt” diúscairt iomchuí de réir bhrí alt 36 (1) den Acht Airgeadais, 1982 .

CUID II

Custaim agus Mál

Léiriú (Cuid II).

62. —Sa Chuid seo ciallaíonn “Ordú 1975” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975 (I.R. Uimh. 307 de 1975).

Táirgí tobac.

63. —(1) San alt seo agus sa Chúigiú Sceideal tá le “toitíní”, “todóga”, “cavendish nó negrohead”, “tobac cruafháiscthe”, “tobac píopa eile”, “tobac chun a chaite ina dheatach”, “tobac chun a choganta” agus “táirgí tobac” na bríonna céanna atá leo san Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977 , arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 243) (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1979 (I.R. Uimh. 296 de 1979).

(2) Déanfar an dleacht máil ar tháirgí tobac a fhorchuirtear le halt 2 den Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 30ú lá d'Eanáir, 1986, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Chúigiú Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1985 .

Leann úll agus leann piorraí.

64. —(1) Sa Séú Sceideal—

ciallaíonn “an neart alcóil iarbhír de réir toirte” an líon toirteanna d'alcól íon atá, ag teocht 20°C, i 100 toirt den táirge ag an teocht sin;

ciallaíonn “% toirte” an neart alcóil de réir toirte.

(2) Déanfar an dleacht máil ar leann úll agus leann piorraí a fhorchuirtear le mír 8 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 30ú lá d'Eanáir, 1986, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Séú Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1984 , arna leasú le halt 28 den Acht Airgeadais, 1985 .

(3) Déanfar mír 8 d'Ordú 1975 a leasú, amhail ar an agus ón 1ú lá d'Iúil, 1986, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (2):

“(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha a bheith comhlíonta is cuí leo a fhorchur chun a áirithiú go n-íocfar an dleacht máil a fhorchuirtear le fomhír (2) den mhír seo ar leann úll agus leann piorraí a allmhairítear isteach sa Stát, a cheadú go ndéanfar íoc na dleachta sin a chur siar go dtí lá nach déanaí ná an lá deiridh den chéad mhí eile i ndiaidh na míosa ina muirearaítear an dleacht sin.”.

Hidreacarbóin.

65. —(1) San alt seo ciallaíonn “Ordú 1986” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 281) (Hidreacarbóin), 1986 (I.R. Uimh. 3 de 1986 ).

(2) Déanfar an dleacht máil ar ola éadrom hidreacarbóin mhianra a fhorchuirtear le mír 11 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 30ú lá d'Eanáir, 1986, de réir £27.37 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear i mír 4 (1) d'Ordú 1986.

(3) Déanfar an dleacht máil ar ola hidreacarbóin a fhorchuirtear le mír 12 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 30ú lá d'Eanáir, 1986, de réir £21.09 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear i mír 4 (2) d'Ordú 1986.

Biotáille.

66. —(1) Sa Seachtú Sceideal ciallaíonn “alcól” alcól eitileach íon.

(2) Déanfar an dleacht máil ar bhiotáille a fhorchuirtear le mír 4 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 30ú lá d'Eanáir, 1986, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Seachtú Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 270) (Biotáille), 1984 (I.R. Uimh. 252 de 1984).

(3) Faoi réir fho-alt (4), ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ón dleacht máil bhreise i leith biotáille neamhaibí a fhorchuirtear le mír 4 (2) d'Ordú 1975 agus leis an tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú sin, arna leasú le mír 4 (2) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 244) (Dleachtanna Máil ar Bhiotáille, Beoir agus Olaí Hidreacarbóin), 1979 (I.R. Uimh. 415 de 1979), agus leis an tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú sin, ná chun dochar nó difear a dhéanamh don dleacht máil sin.

(4) Le héifeacht ar an 1ú lá d'Iúil, 1986, nó dá éis, ní dhéanfar—

(a) an dleacht máil bhreise i leith biotáille neamhaibí a luaitear i bhfo-alt (3), agus

(b) an dleacht máil bhreise ar bhiotáille a fhorchuirtear le mír 4 (4) d'Ordú 1975,

a mhuirearú ná a thobhach.

Beoir.

67. —(1) Faoi réir mhír 4 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 258) (Beoir) (Uimh. 2), 1982 (I.R. Uimh. 37 de 1982), déanfar an dleacht máil ar bheoir a fhorchuirtear le mír 7 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 30ú lá d'Eanáir, 1986, de réir £149.347, i gcás na beorach go léir arna grúdú sa Stát, ar gach 36 ghalún foirte de shaindlús 1,055 chéim, agus, i gcás na beorach go léir arna hallmhairiú, ar gach 36 ghalún beorach a raibh saindlús 1,055 chéim ina foirt roimh ghiosáil, in ionad an ráta a shonraítear in alt 69 (1) den Acht Airgeadais, 1984 .

(2) Faoi réir mhír 5 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 271) (Beoir), 1984 (I.R. Uimh. 352 de 1984) déanfar an aistarraingt ar bheoir dá bhforáiltear i mír 7 (3) d'Ordú 1975 a ríomh, maidir le beoir a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh dleacht uirthi de réir an ráta a shonraítear i bhfo-alt (1), de réir shaindlús bunaidh na beorach, de réir £149.347 ar gach 36 ghalún beorach ar 1,055 chéim a saindlús bunaidh.

(3) Na forálacha d'alt 6 den Finance Act, 1914 (Session 2), a bhaineann le haistarraingt a íoc ar bheoir ar ar íocadh dleacht agus a thaisctear i stóras lena honnmhairiú nó lena loingsiú mar stóir, beidh feidhm acu maidir le beoir ar ar íocadh dleacht agus atá á taisceadh i stóras lena húsáid i monarú táirge (nach beoir) lena honnmhairiú.

Fíon agus fíon déanta.

68. —(1) San Ochtú Sceideal—

ciallaíonn “an neart alcóil iarbhír de réir toirte” an líon toirteanna d'alcól íon atá, ag teocht 20°C, i 100 toirt den táirge ag an teocht sin;

ciallaíonn “% toirte” an neart alcóil de réir toirte.

(2) Déanfar na dleachtanna máil ar fhíon agus ar fhíon déanta a fhorchuirtear le míreanna 5 (2) agus 6 (2), faoi seach, d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 30ú lá d'Eanáir, 1986, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear san Ochtú Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCodanna I agus II, faoi seach, den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1984 .

Uiscí boird.

69. —(1) Déanfar an lacáiste ar dhleacht máil dá bhforáiltear le mír (a) d'fho-alt (3) d'alt 69 den Acht Airgeadais, 1980 (a cuireadh isteach le halt 37 (2) den Acht Airgeadais, 1981 ) a ríomh, maidir le huiscí boird ar ar íocadh dleacht sna blianta a shonraítear anseo ina dhiaidh seo, ar an modh seo a leanas in ionad é a ríomh ar an modh a shonraítear sa mhír sin (a):

An Ráta Lacáiste

Más rud é, maidir leis an gcainníocht a mhonaraigh monaróir i ngach áitreabh ina monaraíonn sé uiscí boird ar ar íoc sé dleacht—

(a) sa bhliain dar tosach an 1ú lá de Mhárta, 1986, nach mó ná 40,000 galún í   ...     ...

£0.16 an galún ar gach galún

di.

gur mó ná 40,000 galún ach nach mó ná 80,000 galún í

£0.16 an galún ar gach galún

den chéad 40,000 galún agus £0.08 an galún ar gach galún eile.

gur mó ná 80,000 galún í

£0.16 an galún ar gach galún den chéad 40,000 galún agus £0.08 an galún ar gach galún den chéad 40,000 galún ina dhiaidh sin.

(b) sa bhliain dar tosach an 1ú lá de Mhárta, 1987, nach mó ná 40,000 galún í   ...     ...

£0.16 an galún ar gach galún

di

gur mó ná 40,000 galún í

£0.16 an galún ar gach galún den chéad 40,000 galún.

(c) sa bhliain dar tosach an 1ú lá de Mhárta, 1988, nach mó ná 20,000 galún í   ...     ...

£0.16 an galún ar gach galún

di.

gur mó ná 20,000 galún í

£0.16 an galún ar gach galún den chéad 20,000 galún.

(2) Ní lamhálfar aon lacáiste ar dhleacht máil faoi mhír (a) d'fho-alt (3) d'alt 69 den Acht Airgeadais, 1980 (a cuireadh isteach le halt 37 (2) den Acht Airgeadais, 1981 ), maidir le huiscí boird ar ar íocadh dleacht, an 1ú lá de Mhárta, 1989, nó dá éis.

(3) Déanfar an dleacht máil ar uiscí boird a fhorchuirtear le mír 9 (2) d'Ordú 1975 (a cuireadh isteach le halt 37 (1) den Acht Airgeadais, 1981 ) a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1986, de réir £0.36 an galún in ionad an ráta a shonraítear in alt 69 (1) den Acht Airgeadais, 1980 .

(4) Leasaítear leis seo mír 9 (3) d'Ordú 1975 (a cuireadh isteach le halt 37 (1) (b) den Acht Airgeadais, 1981 ), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad chlásail (c) agus (d):

“(c) anraithí agus bratanna,

(d) súnna torthaí agus glasraí nach mbeidh, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, a gcáil bhunaidh caillte acu trí uisce nó substaintí eile a chur leo lena milsiú, lena leasú nó le haghaidh críocha eile, agus

(e) an bainne ionaid ar a dtugtar bainne soighe de ghnáth (ar táirge é a fhaigheann a shaincháil ó phróitéin pónaire soighe) bíodh nó ná bíodh sé milsithe ach gan aon ábhar blaisithe eile a bheith curtha leis.”.

Liúntais áirithe maidir le biotáille, lasáin agus eastóscán nicitín agus tobac do scor.

70. —(1) Ní bheidh aon liúntas iníoctha an 1ú lá d'Iúil, 1986, nó dá éis—

(a) maidir le biotáille, faoi alt 3 den Customs and Inland Revenue Act, 1885, alt 6 den Finance Act, 1895, agus ailt 1 agus 3 den Revenue Act, 1906, nó

(b) maidir le lasáin, faoi alt 3 (4) den Finance (New Duties) Act, 1916, agus Rialachán 16 de na Match Duty Regulations, 1928 (R. & O. R. Uimh. 74 de 1928), nó

(c) maidir le heastóscán nicitín nó tobac nó aon ullmhóid a n-úsáidtear eastóscán nicitín nó tobac mar chomhábhar le linn a monaraithe, faoi alt 11 (1) den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 .

(2) I gcás gur ar an 30ú lá de Mheitheamh, 1986, nó roimhe, a tharla an teagmhas a rialódh íoc liúntais mura mbeadh fo-alt (1), beidh an liúntas sin iníoctha d'ainneoin an fho-ailt sin.

Feidhm alt 76 (6) den Acht Airgeadais, 1984 , maidir le gach áitreabh nach oifig geallghlacadóireachta chláraithe.

71. —(1) San alt seo—

tá le “áitreabh” an bhrí chéanna atá leis san Acht um Gheall-Chur, 1931 ;

ciallaíonn “clár” an clár d'oifigí geall-ghlacadóireachta a choimeádann na Coimisinéirí Ioncaim faoin Acht um Gheall-Chur, 1931 .

(2) Amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo, beidh feidhm agus éifeacht le forálacha fho-alt (6) d'alt 76 den Acht Airgeadais, 1984 (a bhfuil feidhm acu maidir le háitreabh a bhaintear den chlár faoi fho-alt (4) den alt sin) i ndáil le haon áitreabh nach bhfuil cláraithe sa chlár de thuras na huaire.

Marcáil fhorordaithe, etc., a bhaint as ola hidreacarbóin.

72. —(1) San alt seo—

tá le “ola hidreacarbóin” an bhrí a shanntar do “íle híodrocarbóin”, agus tá le “forordú” an bhrí a shanntar dó, le halt 21 (15) den Acht Airgid, 1935 , arna leasú;

folaíonn “talamh” aon déanmhas ar thalamh;

ciallaíonn “earraí toirmiscthe” aon innealra, gaireas, trealamh, soitheach, substaint nó ní eile atá nó a bhí á úsáid, nó a bheartaítear a úsáid, chun aon mharcáil fhorordaithe a bhaint as aon ola hidreacarbóin nó chun é a dhéanamh deacair marcáil fhorordaithe in aon ola hidreacarbóin a aithint.

(2) Ní cead d'aon duine earraí toirmiscthe a choinneáil in aon áitreabh nó ar aon talamh.

(3) Ní dhéanfaidh aon duine déileáil go feasach in aon ola hidreacarbóin as ar baineadh aon mharcáil fhorordaithe nó inar cuireadh aon substaint chun é a dhéanamh deacair aon mharcáil fhorordaithe san ola hidreacarbóin sin a aithint.

(4) Aon duine a sháróidh forálacha fho-alt (2) nó (3) beidh sé, gan dochar d'aon phionós eile a dhlífear a chur air, ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós £1,000 a chur air faoin dlí a bhaineann le custaim nó faoin dlí a bhaineann le mál (de réir mar a bheidh), agus dlífear aon earraí toirmiscthe agus aon ola hidreacarbóin a ndéantar an cion ina leith, agus aon ola hidreacarbóin a fuarthas, an tráth a rinneadh an cion, san áitreabh nó ar an talamh ar ann a rinneadh an cion, a fhorghéilleadh, agus aon mhodh iompair nó coimeádán nó aon ní eile a úsáideadh chun aon earraí toirmiscthe nó ola hidreacarbóin den sórt sin a iompar, a stóráil nó a cheilt, dlífear é a fhorghéilleadh freisin.

(5) Aon uair a chúisítear duine in aon imeachtaí dlíthiúla mar gheall ar fho-alt (2) a shárú, agus gur duine é is úinéir nó áititheoir, de thuras na huaire, ar áitreabh nó talamh a bhfuarthas earraí toirmiscthe ann nó air, toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go raibh na hearraí toirmiscthe sin á gcoinneáil ag an duine sin san áitreabh sin nó ar an talamh sin (de réir mar a bheidh), de shárú ar an bhfo-alt sin.

(6) Féadfaidh oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim nó comhalta den Gharda Síochána duine a ghabháil gan bharántas má tá forais réasúnacha aige chun a chreidiúint go bhfuil cion faoin alt seo á dhéanamh, nó déanta, ag an duine sin.

Cumhacht áitreabh a chuardach i ndáil le hola hidreacarbóin.

73. —(1) San alt seo forléireofar aon tagairt do dhéileáil in ola hidreacarbóin mar thagairt a fholaíonn tagairt d'ola hidreacarbóin a cheannach, a dhíol nó a stóráil nó d'aon idirbheart eile a dhéanamh i ndáil le hola hidreacarbóin.

(2) Féadfaidh oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, gach uile thráth réasúnach, dul isteach in aon áitreabh a bhfuil, nó a gcreideann an t-oifigeach le réasún go bhfuil, aon déileáil in ola hidreacarbóin, ar a ndlitear an dleacht máil a fhorchuirtear le mír 12 d'Ordú 1975 a íoc, á déanamh ann nó ina gcoimeádtar aon leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile a bhaineann, nó a gcreideann an t-oifigeach le réasún go mbaineann siad, le haon déileáil in ola hidreacarbóin den sórt sin agus féadfaidh sé ansin a cheangal ar aon duine na leabhair, na taifid, na cuntais nó na doiciméid eile go léir a bhaineann le haon déileáil in ola hidreacarbóin den sórt sin a thabhairt ar aird agus féadfaidh sé cuardach a dhéanamh le haghaidh aon leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile den sórt sin a bhaineann, nó a gcreideann an t-oifigeach go mbaineann siad, le haon déileáil in ola hidreacarbóin den sórt sin agus féadfaidh sé iad a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu agus féadfaidh sé na leabhair, na taifid, na cuntais nó na doiciméid eile sin a thógáil chun siúil agus a choinneáil go ceann cibé tréimhse is réasúnach chun iad a scrúdú tuilleadh.

(3) Aon duine a mhainneoidh, gan leithscéal dlíthiúil leordhóthanach, déanamh de réir aon cheanglais faoin alt seo nó a chomhracfaidh, a bhacfaidh nó a choiscfidh oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim agus é ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar dó leis an alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £500 a chur air.

Deireadh a theacht le dleachtanna máil ar bhoinn rubair agus ar cheadúnas monaróra boinn rubair.

74. —(1) San alt seo ciallaíonn “Ordú 1935” an tOrdú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 66), 1935 (R.& O.R. Uimh. 81 de 1935).

(2) Le héifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá de Mheán Fómhair, 1986, scoirfidh forálacha mhír 5 d'Ordú 1935 d'éifeacht a bheith leo.

(3) Ní dhéanfar na dleachtanna máil ar bhoinn rubair a fhorchuirtear le—

(a) mír 6 d'Ordú 1935, agus

(b) mír 15 (3) d'Ordú 1975,

a mhuirearú ná a thobhach an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1986, nó dá éis.

Laghdú ar an dleacht máil ar pháirteanna agus gabhálais mhótarfheithiclí, agus deireadh a theacht léi.

75. —(1) Leasófar Ordú 1975, le héifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá de Mheán Fómhair, 1986, trí “5 faoin gcéad” a chur in ionad “10 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le halt 34 den Acht Airgeadais, 1985 ) i gcolún (2) den Chúigiú Sceideal ag uimhir thagartha 2.

(2) Ní dhéanfar an dleacht máil ar pháirteanna agus gabhálais mhótarfheithiclí a fhorchuirtear le mír 14 (3) d'Ordú 1975 a mhuirearú ná a thobhach an 1ú lá d'Eanáir, 1987, nó dá éis.

Mótarfheithiclí.

76. —Déanfar an dleacht máil ar mhótarfheithiclí earnáil A a fhorchuirtear le mír 4 (1) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 236) (Dleachtanna Máil ar Mhótarfheithiclí, Teilifíseáin agus Ceirníní Gramafóin), 1979 (I.R. Uimh. 57 de 1979) a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 1ú lá de Mhárta, 1986—

(i) sa mhéid gurb inmhuirearaithe í ar mhótarfheithiclí earnáil A ar mó ná 2012 ceintiméadar ciúbach toilleadh sorcórach a n-inneall, de réir méid is ionann agus 24.7 faoin gcéad den luach inmhuirearaithe, agus

(ii) sa mhéid gurb inmhuirearaithe í ar mhótarfheithiclí eile earnáil A, de réir méid is ionann agus 21.7 faoin gcéad den luach inmhuirearaithe,

in ionad na rátaí a shonraítear i mír 5 (a) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 272) (Dleachtanna Máil ar Mhótarfheithiclí), 1984 (I.R. Uimh. 353 de 1984), arna leasú le mír 4 (b) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 279) (Mótarfheithiclí agus Gluaisrothair) (Leasú), 1985 (I.R. Uimh. 267 de 1985).

Dleacht máil ar fheithiclí inneallghluaiste.

77. —Leasófar an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht sin a bhainfear amach in aghaidh tréimhsí dar tosach an 1ú lá de Mhárta, 1986, nó dá éis, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (d) (a cuireadh isteach le halt 33 den Acht Airgeadais, 1985 ) de mhír 6 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin:

“(d) feithiclí eile lena mbaineann an mhír seo—

nach mó ná 1,000 ceintiméadar ciúbach     ...

£70

is mó ná 1,000 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,500 ceintiméadar

ciúbach     ...

£9.50 ar gach 100 ceintiméadar ciúbach nó cuid den chéanna

is mó ná 1,500 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,700 ceintiméadar

ciúbach     ...

£11 ar gach 100 ceintiméadar ciúbach nó cuid den chéanna

is mó ná 1,700 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 2,000 ceintiméadar

ciúbach     ...

£12 ar gach 100 ceintiméadar ciúbach nó cuid den chéanna

is mó ná 2,000 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 2,500 ceintiméadar

ciúbach     ...

£14 ar gach 100 ceintiméadar ciúbach nó cuid den chéanna

is mó ná 2,500 ceintiméadar

ciúbach     ...

£15 ar gach 100 ceintiméadar ciúbach nó cuid den chéanna

a thiomáintear le leictreachas ...     ...     ...

£70.”

Orduithe a dhaingniú.

78. —Daingnítear leis seo na hOrduithe a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

I.R. Uimh. 267 de 1985

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 279) (Mótarfheithiclí agus Gluaisrothair) (Leasú), 1985

I.R. Uimh. 304 de 1985

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 280) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1985

I.R. Uimh. 3 de 1986

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 281) (Hidreacarbóin), 1986.

CUID III

Cáin Bhreisluacha

Léiriú (Cuid III).

79. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha, 1972 ;

ciallaíonn “Acht 1978” an tAcht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978 ;

ciallaíonn “Acht 1985” an tAcht Airgeadais, 1985 .

Leasú ar alt 1 (léiriú) den Phríomh-Acht.

80. —Leasaítear leis seo alt 1 den Phríomh-Acht tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh an mhínithe ar “coisbheart”:

“ciallaíonn ‘saorphort’ an talamh a ndearbhaítear gur saorphort é, chun críocha an Achta Saorphort, 1986 ( Uimh. 6 de 1986 ), le hordú faoi alt 2 den Acht sin;”.

Leasú ar alt 5 (seirbhísí a dhéanamh) den Phríomh-Acht.

81. —Leasaítear leis seo alt 5 (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) I gcás ina bhfaighidh duine seirbhís, seachas seirbhís a shonraítear sa Cheathrú Sceideal, chun críocha a ghnó agus gurb amhlaidh do na himthosca nach bhfuil cáin bhreisluacha dá dtagraítear i dTreoir Uimh. 77/388/CEE1 ó Chomhairle an Chomhphobail iníoctha ar an soláthar nó, más iníoctha í, go bhfuil sí, de réir dhlíthe na tíre ina bhfuil foras an tsoláthróra, inaisíoctha leis an duine nó inasbhainte aige, measfar, chun críocha an Achta seo, gurbh é an duine sin é féin a sholáthair an tseirbhís ar chomaoin i gcúrsa nó ag bisiú a ghnó agus dlífidh sé cáin a íoc ar an soláthar ach amháin i gcás ina mbeadh an cháin sin, dá mba inmhuirearaithe í, inasbhainte go hiomlán faoi alt 12.”, agus

(b) i bhfo-alt (6)—

(i) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(d) I ndaingniú na bhforálacha atá sna Rialacháin Cánach Breisluacha (Ionad Soláthair Seirbhísí Áirithe), 1985 (I.R. Uimh. 343 de 1985), rialacháin a chúlghairtear leis seo, measfar gurb é an áit a soláthraítear seirbhísí, arb é atá iontu fruiliú earraí sochorraithe ag duine ar lasmuigh den Chomhphobal dá fhoras, an áit ina bhfuil nó ina mbeidh na hearraí sochorraithe á n-úsáid go héifeachtach.”,

agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (e):

“(e) Measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é an áit a soláthraítear seirbhísí d'aon tuairisc a shonraítear sa Cheathrú Sceideal, cé is moite de sheirbhísí den tuairisc a shonraítear i mír (ia) den Sceideal sin arna soláthar ag duine ar lasmuigh den Chomhphobal dá fhoras,—

(i) i gcás ina bhfaighidh duine iad, seachas chun críche gnó, is duine ar lasmuigh den Chomhphobal dá ghnáth-áit chónaithe, an áit a gcónaíonn sé de ghnáth,

(ii) i gcás ina bhfaighidh duine iad, chun críocha aon ghnó a sheolann sé, agus—

(I) gur duine é ar lasmuigh den Chomhphobal dá fhoras agus nach bhfuil foras aige sa Chomhphobal chomh maith, nó

(II) gur duine é ar laistigh den Chomhphobal dá fhoras ach nach sa tír ina measfaí, ar leith ón bhfomhír seo, na seirbhísí a bheith á soláthar dá fhoras nó, má tá breis agus foras amháin aige, dá phríomhfhoras,

an áit a bhfuil a fhoras aige nó, má tá breis agus foras amháin aige, an foras dá chuid ar ann is dírí, nó ar chun a chríocha is dírí, a úsáidtear nó a úsáidfear na seirbhísí, de réir mar a bheidh,

(iii) i gcás ina bhfaighidh duine iad chun críocha aon ghnó a sheolann sé, is duine a bhfuil cónaí air sa Chomhphobal agus nach bhfuil aon fhoras aige áit ar bith, an áit a gcónaíonn sé de ghnáth,

(iv) i gcás ina bhfaighidh Roinn Stáit, údarás áitiúil nó comhlacht a bunaíodh le reacht iad agus—

(I) gur duine ar lasmuigh den Chomhphobal dá fhoras, agus nach bhfuil foras aige sa Chomhphobal chomh maith, a sholáthraíonn iad, nó

(II) gur duine ar i mBallstát eile de chuid an Chomhphobail dá fhoras a sholáthraíonn iad in imthosca a fhágann nach bhfuil cáin bhreisluacha dá dtagraítear i dTreoir Uimh. 77/388/CEE ó Chomhairle an Chomhphobail iníoctha sa Bhallstát sin i leith an tsoláthair,

an Stát,

(v) in aon chás eile, an áit a shonraítear i bhfo-alt (5) agus is iomchuí do na himthosca.”.

Leasú ar alt 8 (daoine cuntasacha) den Phríomh-Acht.

82. —Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht trí “, (iii) nó (iv)” a chur isteach i ndiaidh “alt 5 (6) (e) (ii)” i bhfo-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1978).

Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht.

83. —Leasaítear leis seo alt 11 (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) trí “25 faoin gcéad” a chur in ionad “23 faoin gcéad” i mír (a), agus

(ii) trí “2.4 faoin gcéad” a chur in ionad “2.2 faoin gcéad” i mír (d),

agus

(b) i bhfo-alt (4A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973 ), trí “alt 11 (1) (c)” a chur in ionad “alt 11 (1) (a)”.

Leasú ar alt 12 (asbhaint i leith cánach a iompraíodh nó a íocadh) den Phríomh-Acht.

84. —Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d) i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1978):

“(dd) an cháin ab inmhuirearaithe i gcaitheamh na tréimhse, is cáin a dhlíonn sé a íoc de bhua alt 5 (3A), i leith seirbhísí a fuair sé,”

agus

(b) i bhfo-alt (2) trí “, ach faoi réir alt 20 (1A)” a chur isteach i ndiaidh “alt 20 (1)”.

Leasú ar alt 12A (forálacha speisialta i leith cánach arna sonrasc ag feirmeoirí cothrom-ráta) den Phríomh-Acht.

85. —Leasaítear leis seo alt 12A (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht trí “2.4 faoin gcéad” a chur in ionad “2.2 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1985).

Leasú ar alt 17 (sonraisc) den Phríomh-Acht.

86. —Leasaítear leis seo alt 17 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) (a) Aon sonrasc nó doiciméad eile a cheanglaítear a eisiúint faoin alt seo measfar, faoi réir mhír (b), é a bheith eisithe amhlaidh má dhéantar na sonraí a cheanglaítear le rialacháin a bheith ar áireamh sa sonrasc nó sa doiciméad eile sin, de réir mar a bheidh, a thaifeadadh agus a choinneáil i gcóras sonra-phróiseála leictreonach agus a thraiseoladh trí mheán leictreonach gan aon sonrasc nó doiciméad eile a eisiúint.

(b) Aon sonrasc nó doiciméad eile a cheanglaítear a eisiúint faoin alt seo ní mheasfar, faoi mhír (a), é a bheith eisithe mura mbeidh fógra i scríbhinn tugtha do na Coimisinéirí Ioncaim mí ar a laghad roimh ré ag an duine ar a gceanglaítear an sonrasc nó an doiciméad eile sin, de réir mar a bheidh, a eisiúint, á rá go mbeartaíonn sé cibé taifid a choimeád agus a choinneáil agus cibé traiseoltaí a dhéanamh dá dtagraítear sa mhír sin, agus mura gcomhlíonfaidh sé cibé ceanglais eile a bheidh sonraithe le rialacháin.

(c) Aon duine a gheobhaidh na traiseoltaí dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) ní mheasfar sonrasc nó doiciméad eile, de réir mar a bheidh, a cheanglaítear a eisiúint faoin alt seo, a bheith eisithe chuige mura mbeidh fógra i scríbhinn tugtha aige do na Coimisinéirí Ioncaim mí ar a laghad roimh ré á rá go mbeartaíonn sé na traiseoltaí sin a fháil, agus mura gcomhlíonfaidh sé cibé coinníollacha eile a bheidh sonraithe le rialacháin.”.

Leasú ar alt 20 (aisíoc cánach) den Phríomh-Acht.

87. —Leasaítear leis seo alt 20 den Phríomh-Acht—

(a) trí “Faoi réir fho-alt (1A), más rud é” a chur in ionad “Más rud é” i bhfo-alt (1),

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aisíoc na cánach go léir, nó aon chuid den cháin, is inaisíoctha le haon duine inchánach faoi fho-alt (1), a chur siar i gcás inar deimhin leo go bhfuil gníomhaíochtaí gnó an duine inchánach sin chomh hidircheangailte sin le gníomhaíochtaí gnó duine nó daoine inchánach eile go mbeadh sé fóirsteanach forálacha alt 8 (8) a chur i bhfeidhm i ndáil leis na daoine inchánach go léir atá i gceist, dá mbeadh an iarraidh a shonraítear san alt sin déanta, agus mura mbeidh an duine inchánach eile, nó aon duine de na daoine inchánach eile, tar éis na tuairisceáin go léir a thabhairt agus na méideanna cánach go léir a íoc, dá dtagraítear in alt 19 (3).”.

Leasú ar alt 32 (rialacháin) den Phríomh-Acht.

88. —Leasaítear leis seo alt 32 den Phríomh-Acht—

(a) i mír (h), trí “nó sonraí taifeadta eile” a chur isteach i ndiaidh “tacaíochta”,

agus

(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (i):

“(i) foirm an tsonraisc, an nóta sochair, an nóta dochair agus an dearbháin socraíochta, lena n-áirítear an fhoirm leictreonach, a cheanglaítear a úsáid chun críocha an Achta seo, na sonraí a cheanglaítear a chur isteach sna doiciméid sin nó a thaifeadadh go leictreonach agus an tréimhse ar laistigh di a cheanglaítear na doiciméid nó na sonraí leictreonacha sin a eisiúint nó a thraiseoladh agus cibé coinníollacha eile i ndáil le sonrasc, nóta sochair, nóta dochair agus dearbhán socraíochta a eisiúint nó a fháil, i bhfoirm ar bith, a fhorchuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim;”.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

89. —Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1978) a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (iii):

“(iiia) soláthar seirbhísí de chineál déidliachta, agus soláthar fiacla bréige nó próistéiteas eile, ag teicneoirí déidliachta;”.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

90. —Leasaítear leis seo an Dara Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) i mír (i)—

(i) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-mhír (a):

“(aa) ag duine cláraithe laistigh de shaorphort do dhuine cláraithe eile laistigh de shaorphort,”,

agus

(ii) trí “nó laistigh de shaorphort” a chur isteach i bhfomhír (b) i ndiaidh “aerfort neamhchustam” sa dara háit ina bhfuil sé sin,

agus

(b) i mír (xii)—

(i) trí “, cé is moite den soláthar a shonraítear i mír (xic) den Séú Sceideal ar an gcéanna” a chur isteach i ndiaidh “bia agus deoch de chineál a chaitheann daoine”,

agus

(ii) trí “, sliseoga prátaí” a scriosadh as fomhír (e).

Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

91. —Leasaítear leis seo an Séú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1985) a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (x):

“(x)  (a) nuachtáin, a fhoilsítear go laethúil de ghnáth, arb é atá go hiomlán nó go formhór in ábhar gach eagráin, ó thaobh méid an ábhair chlóite iontu, faisnéis faoi na príomhchúrsaí reatha agus nithe is díol spéise don phobal i gcoitinne,

(b) nuachtáin, a fhoilsítear de ghnáth uair sa choicís ar a laghad, a bhfuil raon agus cineál na n-ábhar iontu ar aon dul le haon nuachtán de chineál a shonraítear i bhfomhír (a) agus a bhfuil a leagan amach freisin ar aon dul le haon nuachtán a fhoilsítear sa Stát agus is de chineál a shonraítear i bhfomhír (a);”,

(b) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (xi):

“(xia) soláthar bia agus dí de chineál a shonraítear i mír (xii) den Dara Sceideal i bhfoirm atá oiriúnach lena chaitheamh ag daoine gan a thuilleadh ullmhúcháin—

(a) le meaisín díola,

(b) le linn óstán, bialann, caife, teach úrúcháin, ceaintín, bunaíocht atá ceadúnaithe chun deochanna meisciúla a dhíol lena n-ól san áitreabh, gnó lónadóireachta nó gnó dá shamhail a bheith á oibriú, nó

(c) le linn aon ghnó eile a bheith á oibriú a bhfuil saoráidí ann i ndáil le seoladh an ghnó sin chun an bia nó an deoch a sholáthraítear a chaitheamh;

(xib) soláthar earraí, le linn béile a bheith á chur ar fáil, is earraí de chineál a shonraítear i bhfomhír (c), (d) nó (e) de mhír (xii) den Dara Sceideal, agus súnna torthaí seachas súnna torthaí is inchurtha faoi dhleacht máil—

(a) le linn óstán, bialann, caife, teach úrúcháin, ceaintín, bunaíocht atá ceadúnaithe chun deochanna meisciúla a dhíol lena n-ól san áitreabh, gnó lónadóireachta nó gnó dá shamhail a bheith á oibriú, nó

(b) le linn aon ghnó eile a bheith á oibriú a bhfuil saoráidí ann i ndáil le seoladh an ghnó sin chun an bia nó an deoch a sholáthraítear a chaitheamh;

(xic) soláthar bia agus dí (seachas deochanna a shonraítear i bhfomhír (a) nó (b) de mhír (xii) den Dara Sceideal) arb é atá ann, nó ar cuid de, bia nó deoch—

(a) atá téite chun gur féidir é a chaitheamh ag teocht is airde ná teocht aeir na timpeallachta, nó

(b) a coinníodh te tar éis cócaireachta chun gur féidir é a chaitheamh ag teocht is airde ná teocht aeir na timpeallachta, nó

(c) a sholáthraítear, agus é fós bogthe tar éis cócaireachta, chun gur féidir é a chaitheamh ag teocht is airde ná teocht aeir na timpeallachta,

agus atá os cionn teocht aeir na timpeallachta tráth an tsoláthair;

(xid) taibhithe cineamatagrafacha a sheoladh agus daoine a ligean isteach chucu;

(xie) taibhithe beo amharclainne nó ceoil a sheoladh agus daoine a ligean isteach chucu, ach gan na nithe seo a leanas a áireamh—

(a) damhsaí lena mbaineann alt 11 (7), agus

(b) taibhithe a shonraítear i mír (viii) den Chéad Sceideal;

(xif) seirbhísí siamsaíochta, seachas damhsaí lena mbaineann alt 11 (7) agus sorcais, arna gcur ar fáil i bpáirceanna aonaigh ag fir seó taistil i gcás, in aon chás aírithe, nach mó ná 19 lá as a chéile an tréimhse iomlán a chaitear in aon ionad amháin i ndáil le sraith taibhithe i ndiaidh a chéile agus go mbeidh mí amháin ar a laghad caite sula seolfar an chéad taibhiú eile san ionad céanna;”,

(c) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (xii):

“(xiia) seirbhísí arb é atá iontu —

(a) deisiú nó cothabháil earraí sochorraithe, nó

(b) athchóiriú earraí athláimhe sochorraithe,

seachas aon seirbhísí den sórt sin a shonraítear i mír (v) nó (xvi) den Dara Sceideal,

ach gan soláthar na nithe seo a leanas i gcúrsa aon seirbhíse deisithe, cothabhála nó athchóiriúcháin den sórt sin a áireamh, eadhon—

(I) gabhálais, aidhlicí nó batairí, nó

(II) boinn, cásanna boinn, tráchtanna boinn idirmhalartacha, lamhnáin agus flapaí boinn, do rothaí de gach cineál;

(xiib) seirbhísí arb é atá iontu obair ar earraí dochorraithe, seachas seirbhísí arb é atá iontu obair den chineál a shonraítear i mír (xiv) agus seirbhísí a shonraítear i mír (iii);

(xiic) seirbhísí arb éard iad aire do chorp an duine, gan na seirbhísí sin a shonraítear sa Chéad Sceideal a áireamh, ach lena n-áirítear seirbhísí a sholáthraítear i gcúrsa gnó stiúideó sláinte nó gnó dá shamhail;”,

agus

(d) trí mhír (xiii) a scriosadh.

CUID IV

Dleachtanna Stampa

Tobhach ar bhainc.

92. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “méid inmheasúnaithe” an méid a gheofar tríd an méid sonraithe a roinnt ar a dó dhéag agus £10,000,000 a bhaint as an gcomhrann;

ciallaíonn “banc” duine ar shealbhóir é, an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1985, ar cheadúnas a deonaíodh faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ;

ciallaíonn “suim iomchuí”, i ndáil le tuairisceán, suim a thaispeántar sa tuairisceán seachas suim a thaispeántar i leith airgead reatha coigríche;

ciallaíonn “tuairisceáin”, i ndáil le banc, na tuairisceáin, dar teideal “TUAIRISCEÁN MÍOSÚIL Ó NA BAINC CHEADÚNAITHE UILE: BRAINSÍ CÓNAITHEACHA” a chuireann an banc ar fáil do Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le sócmhainní agus dliteanais an bhainc amhail ar an 16ú lá d'Eanáir, 1985, an 20ú lá d'Fheabhra, 1985, an 31ú lá de Mhárta, 1985, an 17ú lá d'Aibreán, 1985, an 15ú lá de Bhealtaine, 1985, an 30ú lá de Mheitheamh, 1985, an 17ú lá d'Iúil, 1985, an 21ú lá de Lúnasa, 1985, an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1985, an 16ú lá de Dheireadh Fómhair, 1985, an 20ú lá de Shamhain, 1985, agus an 31ú lá de Nollaig, 1985;

ciallaíonn “méid sonraithe”, i ndáil le banc, an méid a gheofar trí chomhiomlán na suimeanna iomchuí a thaispeántar maidir le Mír 302.2 i bhforlíonadh 1 de thuairisceáin an bhainc a asbhaint as comhiomlán na suimeanna iomchuí a thaispeántar sna tuairisceáin maidir le taiscí Rialtais agus taiscí Neamh-Rialtais agus a thaispeántar mar dhliteanais de chuid an bhainc sna tuairisceáin sin.

(2) Déanfaidh banc, tráth nach déanaí ná an 17ú lá de Mheán Fómhair, 1986, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim a thaispeánfaidh an méid inmheasúnaithe le haghaidh an bhainc sin, an méid sonraithe le haghaidh an bhainc sin agus na suimeanna dá dtagraítear sa mhíniú ar “méid sonraithe” i bhfo-alt (1) ar faoina dtreoir a ríomhadh an méid sonraithe sin.

(3) Ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2), muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid lena gcomhshuim seo a leanas:

(a) 0.25 faoin gcéad den chuid sin den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann nach mó ná £100,000,000, agus

(b) 0.316 faoin gcéad den chuid sin den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann is mó ná £100,000,000:

Ar choinníoll, in aon chás nach mó ná £100,000,000 an méid inmheasúnaithe a thaispeántar sa ráiteas, go muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid le 0.25 faoin gcéad den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann.

(4) Déanfaidh an banc an dleacht a mhuirearófar le fo-alt (3) ar ráiteas a sheachadfaidh banc de bhun fho-alt (2) a íoc an tráth a sheachadfar an ráiteas.

(5) Tabharfaidh banc cibé sonraí do na Coimisinéirí Ioncaim a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá i ndáil le haon ráiteas a cheanglaíonn an t-alt seo ar an mbanc a sheachadadh.

(6) I gcás ina mainneoidh banc aon ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) a sheachadadh laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san fho-alt sin nó ina mainneoidh sé an dleacht is inmhuirearaithe ar aon ráiteas den sórt sin a íoc, tráth a sheachadta, dlífidh an banc, amhail ó dháta rite an Achta seo go dtí an lá a n-íocfar an dleacht, ús de réir 15 faoin gcéad sa bhliain a íoc uirthi mar phionós, i dteannta na dleachta, agus, ina theannta sin dlífidh sé mar phionós breise ón 17ú lá de Mheán Fómhair, 1986, suim a íoc is ionann agus 1 faoin gcéad den dleacht in aghaidh gach lae a fhanfaidh an dleacht gan íoc agus beidh gach pionós inghnóthaithe sa tslí chéanna amhail is dá mba chuid den dleacht an pionós.

(7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seachadadh aon ráitis a cheanglaítear le fo-alt (2) a fheidhmiú faoi alt 47 den Succession Duty Act, 1853, ar gach cuma amhail is dá mba chuntas mar a luaitear san alt sin an ráiteas sin agus amhail is dá mba fhaillí mar a luaitear san alt sin an mhainneachtain an ráiteas sin a sheachadadh.

(8) Ní dhéanfar an dleacht stampa a mhuirearaítear leis an alt seo a lamháil mar asbhaint chun aon cháin nó dleacht atá faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim agus is iníoctha ag an mbanc a ríomh.

Tobhach ar ioncam áirithe infheistíochta.

93. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “méid inmheasúnaithe” méid iomlán an ioncaim, gan asbhaint ar bith a dhéanamh, a eascróidh chuig árachóir ó infheistíochtaí i rith na bliana 1986, agus, i gcás aon infheistíocht a dhíoltar an bhliain sin, folaíonn sé an méid ar mó praghas díola na hinfheistíochta ná an praghas ar a bhfuarthas an infheistíocht:

Ar choinníoll nach ndéanfar, chun críocha an mhínithe seo, méid iomlán an ioncaim a eascróidh a laghdú d'aon mhéid a asbhaintear nó a choinnítear siar ón ioncam de bhun aon fhorála de chuid na nAchtanna Cánach agus folóidh sé, i gcás aon ioncam lena ngabhann teideal chun creidmheasa cánach, méid an chreidmheasa cánach sin;

ciallaíonn “maoin eisiata” maoin a dhíorthaíonn ó na nithe seo a leanas nó is maoin in ionannas dóibh, eadhon—

(a) gnó a sheolann an t-árachóir lasmuigh den Stát;

(b) ciste pinsean de réir bhrí alt 50 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

(c) gnó árachais tionscail de réir bhrí na Rialachán;

(d) gnó i ndáil le cumann ar comhar creidmheasa é chun críocha an Achta um Chomhar Creidmheasa, 1966 ;

ciallaíonn “céadráiteas” ráiteas i scríbhinn ina dtaispeántar méid a measann an t-árachóir gur méid é is ionann agus 90 faoin gcéad den mhéid inmheasúnaithe don árachóir sin;

ciallaíonn “árachóir” duine ar sealbhóir é ar údarú de réir bhrí na Rialachán nó ar sealbhóir é ar cheadúnas árachais a meastar, de réir na Rialachán sin, gur údarú é;

folaíonn “infheistíochtaí” maoin de gach tuairisc seachas maoin eisiata;

ciallaíonn “Rialacháin” Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil), 1984 (I.R. Uimh. 57 de 1984);

ciallaíonn “dara ráiteas” ráiteas i scríbhinn ina dtaispeántar méid is ionann agus an difear idir an méid a thaispeántar sa chéadráiteas agus an méid inmheasúnaithe don árachóir.

(2) Déanfaidh an t-árachóir an céadráiteas a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim an 1ú lá de Shamhain, 1986, nó roimhe, agus an dara ráiteas a sheachadadh orthu an 30ú lá de Mheitheamh, 1987, nó roimhe.

(3) Ar gach céadráiteas agus ar gach dara ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2), muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid le 9 faoin gcéad den mhéid a thaispeántar i ngach ráiteas díobh.

(4) Déanfaidh an t-árachóir an dleacht a mhuirearófar le fo-alt (3) ar chéadráiteas nó ar dhara ráiteas a sheachadfaidh árachóir de bhun fho-alt (2) a íoc an tráth a sheachadfar an ráiteas.

(5) Tabharfaidh árachóir cibé sonraí agus cuntais do na Coimisinéirí Ioncaim a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá i ndáil le céadráiteas nó dara ráiteas a cheanglaíonn an t-alt seo ar an árachóir a sheachadadh agus i ndáil leis an méid inmheasúnaithe i leith an árachóra.

(6) I gcás ina mainneoidh árachóir—

(a) céadráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) a sheachadadh laistigh den tréimhse ama a shonraítear san fho-alt sin,

(b) méid dleachta nach lú ná 85 faoin gcéad den dleacht is iníoctha maidir leis an méid inmheasúnaithe a íoc an tráth a sheachadfar an céadráiteas,

(c) dara ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) a sheachadadh laistigh den tréimhse ama a shonraítear san fho-alt sin, nó

(d) an dleacht a íoc ar an dara ráiteas an tráth a sheachadfar an ráiteas sin,

dlífidh an t-árachóir, amhail ó dháta na mainneachtana go dtí an lá a n-íocfar an dleacht, ús de réir 15 faoin gcéad sa bhliain a íoc mar phionós, i dteannta na dleachta, ar an dleacht neamhíoctha.

(7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seachadadh aon ráitis a cheanglaítear le fo-alt (2) a fheidhmiú faoi alt 47 den Succession Duty Act, 1853, ar gach cuma amhail is dá mba chuntas mar a luaitear san alt sin an ráiteas sin agus amhail is dá mba fhaillí mar a luaitear san alt sin an mhainneachtain an ráiteas sin a sheachadadh.

(8) Ní dhéanfar an dleacht stampa a mhuirearaítear leis an alt seo a lamháil mar asbhaint chun aon cháin nó dleacht atá faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim, agus is iníoctha ag aon duine, a ríomh.

Dleacht stampa ar ráitis áirithe úis.

94. —(1) (a) San alt seo—

ciallaíonn “cáin chorparáide” an cháin a mhuirearaítear leis na hAchtanna Cánach Corparáide;

tá le “na hAchtanna Cánach Corparáide” an bhrí a thugtar dó le halt 155 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

ciallaíonn “ús iomchuí” aon ús nó dáileadh eile—

(i) a fhaigheann cuideachta (dá ngairtear “an t-iasachtóir” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) atá laistigh de réim cánach corparáide, agus

(ii) is iníoctha as sócmhainní cuideachta eile (dá ngairtear “an t-iasachtaí” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) a bhfuil cónaí uirthi sa Stát chun críocha cánach corparáide, i leith urrús de chuid an iasachtaí ar urrús é a thagann faoi réim fhomhír (ii), (iii) (I) nó (v) d'alt 84 (2) (d) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , agus

(iii) is dáileadh chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide; ciallaíonn “tréimhse iomchuí” an tréimhse dar tosach an 30ú lá d'Eanáir, 1986, agus dar críoch an 31ú lá d'Iúil, 1986, an tréimhse sé mhí dar críoch an 31ú lá d'Eanáir, 1987, nó aon tréimhse sé mhí dá éis sin dar críoch an 31ú lá d'Eanáir nó an 31ú lá d'Iúil.

(b) Chun críocha an ailt seo, aon mhéid atá, i dtréimhse iomchuí, curtha chun dochair do chuntas iasachtaí le hiasachtóir i leith úis iomchuí déileálfar leis mar mhéid a bheidh faighte ag an iasachtóir sa tréimhse iomchuí sin.

(2) Déanfaidh iasachtóir, laistigh de 30 lá ó dheireadh gach tréimhse iomchuí, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim a thaispeánfaidh méid an úis iomchuí le haghaidh an iasachtóra sin maidir leis an tréimhse iomchuí sin.

(3) Ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2) muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid le 12 faoin gcéad de mhéid an úis iomchuí a thaispeántar ann:

Ar choinníoll, i gcás inar lú méid an úis iomchuí a fuair iasachtóir i leith urrúis dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ná an méid a gheobhadh an t-iasachtóir sin dá mbéarfadh an t-urrús ús simplí de réir ráta 6 faoin gcéad sa bhliain i gcaitheamh na tréimhse ar ina leith ab iníoctha an t-ús iomchuí, gur méid is ionann agus 8 faoin gcéad den mhéid a fuarthas a bheidh sa dleacht stampa a mhuirearófar ar an ráiteas ar mhéid an úis iomchuí le haghaidh an urrúis sin.

(4) Déanfaidh an t-iasachtóir an dleacht a mhuirearófar le fo-alt (3) ar ráiteas a sheachadfaidh iasachtóir de bhun fho-alt (2) a íoc an tráth a sheachadfar an ráiteas.

(5) Tabharfaidh iasachtóir cibé sonraí do na Coimisinéirí Ioncaim a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá i ndáil le haon ráiteas a cheanglaíonn an t-alt seo ar iasachtóir a sheachadadh.

(6) I gcás ina mainneoidh iasachtóir aon ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) a sheachadadh laistigh den tréimhse ama a shonraítear san fho-alt sin nó ina mainneoidh sé aon dleacht is inmhuirearaithe ar aon ráiteas den sórt sin a íoc tráth a sheachadta, dlífidh an t-iasachtóir, in aghaidh gach míosa nó cuid de mhí ó dheireadh na tréimhse iomchuí lena mbaineann an ráiteas go dtí an dáta a n-íocfar an dleacht, ús de réir 2.5 faoin gcéad a íoc uirthi, mar phionós, i dteannta na dleachta.

(7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seachadadh aon ráitis a cheanglaítear le fo-alt (2) a fheidhmiú faoi alt 47 den Succession Duty Act, 1853, ar gach cuma amhail is dá mba chuntas mar a luaitear san alt sin an ráiteas sin agus amhail is dá mba fhaillí mar a luaitear san alt sin an mhainneachtain an ráiteas sin a sheachadadh.

(8) Ní dhéanfar an dleacht stampa a mhuirearaítear leis an alt seo a lamháil mar asbhaint chun aon cháin nó dleacht atá faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim, agus is iníoctha ag an iasachtóir, a ríomh.

(9) Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 282) (Dleacht Stampa ar Ráitis Áirithe Úis), 1986 (I.R. Uimh. 27 de 1986 ).

Dleacht stampa ar litreacha tréigin.

95. —(1) San alt seo—

folaíonn “scair” stoc;

ciallaíonn “cuideachta neamhluaite” cuideachta nach bhfuil aon cheann dá scaireanna, dá stoic ná dá bintiúir liostaithe ar liosta oifigiúil stocmhargaidh aitheanta nó nach ndéileáiltear iontu ar mhargadh urrús neamhliostaithe atá aitheanta ag stocmhargadh den sórt sin.

(2) D'ainneoin fhorálacha alt 23 den Acht Airgeadais, 1964 , aon ionstraim a urscaoileann nó a thréigeann ceart faoi litir leithroinnte, nó faoi aon doiciméad eile ar chomhéifeacht le litir leithroinnte ar ceart é chun aon scair i gcuideachta neamhluaite, nó aon ionstraim arb é is éifeacht di ceart den sórt sin a urscaoileadh nó a thréigean, beidh dleacht stampa inmhuirearaithe uirthi ionann is dá mba é a bhí inti urscaoileadh nó tréigean maoine arb é atá inti stoic nó urrúis inmhargaidh faoi threoir an Cheannteidil “RELEASE or RENUNCI-ATION of any property, or of any right or interest in any property” sa Chéad Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1970 ) a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, agus forléireofar an Sceideal sin dá réir sin.

(3) Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 278) (Dleacht Stampa ar Litreacha Tréigin), 1985 (I.R. Uimh. 152 de 1985).

(4) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le haon ionstraim arna forghníomhú ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

Dleacht stampa ar ionstraimí áirithe.

96. —(1) Más rud é, i ndáil le maoin a dhíol nó ina oirchill sin, go ndéanfaidh díoltóir—

(a) comhaontú chun léas a dheonú ar an maoin go ceann tréimhse is faide ná 35 bliana, nó

(b) comhaontú (seachas conradh chun an mhaoin a dhíol) faoina ndeonaíonn an díoltóir aon chearta eile i ndáil leis an maoin,

déanfar, maidir le haon tíolacas nó aistriú, faoi réir an chomhaontaithe, a dhéanfaidh an díoltóir ar an maoin, dleacht stampa a mhuirearú air mar thíolacas nó aistriú na maoine de dhroim díola ar chomaoin ar cóimhéid le luach na maoine agus cinnfear an luach gan féachaint don chomhaontú.

(2) Aon dearbhú ar fhoras gníomhais faoi alt 65 (2) den Conveyancing Act, 1881, a deir go ndéanfar, ó dháta forghníomhaithe an ghníomhais agus dá éis, téarma atá ar marthain i dtalamh a mhéadú, déanfar, i gcás inar bunaíodh an téarma le hionstraim a forghníomhaíodh laistigh de 6 bliana ó dháta forghníomhaithe an ghníomhais, dleacht stampa a mhuirearú air mar thíolacas nó aistriú na talún sin de dhroim díola ar chomaoin ar cóimhéid le luach na talún agus cinnfear an luach sin gan féachaint don téarma sin ná d'aon chuid de.

(3) Ní bheidh feidhm ag forálacha alt 50 den Acht Airgeadais, 1979 , maidir le gníomhas ar arb inmhuirearaithe dleacht stampa faoi fho-alt (2).

(4) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le haon ionstraim arna forghníomhú ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

Dleacht stampa ar stoic agus urrúis inmhargaidh a thíolacadh agus a aistriú de dhroim díola.

97. —(1) Scoirfidh alt 83 den Acht Airgeadais, 1974 , d'éifeacht a bheith leis agus, ina ionad sin, i gcás aon stoic nó urrúis inmhargaidh a thíolacadh nó a aistriú de dhroim díola, beidh cibé dleacht stampa inmhuirearaithe ab inmhuirearaithe murach an t-alt sin a bheith achtaithe.

(2) Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 276) (Dleachtanna Stampa ar Stoic agus Urrúis Inmhargaidh a Thíolacadh agus a Aistriú de dhroim Díola), 1985 (I.R. Uimh. 146 de 1985).

(3) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le haon ionstraim arna forghníomhú ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

Dleacht stampa ar ionstraimí áirithe a aisíoc.

98. —(1) San alt seo—

(a) ciallaíonn “an Chéad Sceideal” an Chéad Sceideal, arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970 , agus le hachtacháin dá éis sin, a ghabhann leis an Stamp Act, 1891;

(b) tá leis na téarmaí “scéim cheadaithe”, “rannpháirtí”, “an dáta scaoilte” agus “scaireanna” na bríonna faoi seach a shanntar dóibh le halt 50 den Acht Airgeadais, 1982 .

(2) Más rud é, i ndáil le hionstraim, go suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go dtugann an ionstraim éifeacht, ar an dáta scaoilte nó dá éis, d'aistriú scaireanna ag duine, nó thar ceann duine, atá, nó a tháinig chun bheith, i dteideal na scaireanna sin a fháil mar rannpháirtí i scéim cheadaithe, aisíocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé méid den dleacht stampa a bheidh íoctha, faoi threoir an Cheannteidil “CONVEYANCE OR TRANSFER on sale of any stocks or marketable securities” sa Chéad Sceideal, ar an ionstraim i leith na scaireanna sin.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891.

99. —(1) Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970 , agus le hachtacháin dá éis sin) a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, tríd an gCeannteideal

“SURRENDER of any property, or of any right or interest in any property—

Upon a sale. See CONVEYANCE ON SALE.

By way of security. See MORTGAGE, etc.

In any other case.................................................................£5”

a chur in ionad an Cheannteidil

“SURRENDER, not being an instrument chargeable with duty as a conveyance on sale or a mortgage......................................£5”.

(2) Aon ionstraim a fhianaíonn nó a admhaíonn—

(a) géilleadh, ó bhéal nó ar shlí eile, ar leas léasach i maoin dhochorraithe, nó

(b) cumasc leasa den sórt sin in uasleas,

muirearófar an dleacht stampa chéanna uirthi a mhuirearófaí uirthi dá mba é a bhí inti géilleadh ar an leas léasach sin.

(3) Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 277) (Dleacht Stampa ar Ionstraimí Áirithe), 1985 (I.R. Uimh. 151 de 1985).

(4) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le haon ionstraim arna forghníomhú ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

Leasú ar alt 1 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 .

100. —Leasaítear leis seo alt 1 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 , trí “agus dleachtanna stampa” a chur isteach roimh “ach ní fholuíonn sé aon cháin ná diúité eile”.

Leasú ar alt 93 (ionstraimí áirithe a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa) den Acht Airgeadais, 1982 .

101. —(1) Leasaítear leis seo alt 93 den Acht Airgeadais, 1982 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le haon ionstraim a fhorghníomhófar tar éis dháta an Achta seo a rith agus roimh an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1986.”.

(2) Déantar leis seo an t-alt sin 93 a leasú tuilleadh—

(a) i bhfo-alt (4) (a), trí “30 bliain” a chur in ionad “35 bliana”, agus

(b) i bhfo-alt (4) (b) (i) (I), trí “150 uair an chloig” a chur in ionad “100 uair a chloig”, agus

beidh éifeacht leis an alt sin 93, arna leasú le míreanna (a) agus (b), maidir le haon ionstraim a fhorghníomhófar tar éis an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1986, agus laistigh d'imeacht bliana ón dáta sin.

CUID V

Cáin Fháltas Caipitiúil

Caibidil I

Iontaobhais Lánroghnacha

Léiriú (Cuid V).

102. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 ;

ciallaíonn “dáta inmhuirearaithe”, i ndáil le haon bhliain, an 5ú lá d'Aibreán an bhliain sin;

ciallaíonn “iontaobhas lánroghnach inmhuirearaithe” iontaobhas lánroghnach arb amhlaidh atá i ndáil leis—

(a) go bhfuil an diúscróir marbh, agus

(b) nach bhfuil aon duine de phríomhchuspóirí an iontaobhais, más ann, faoi bhun 25 bliana d'aois;

tá le “cuspóir” agus “príomhchuspóirí”, i ndáil le hiontaobhas lánroghnach, na bríonna faoi seach a shanntar dóibh le halt 104 den Acht Airgeadais, 1984 .

Fáltais bhliantúla ag iontaobhais lánroghnacha.

103. —(1) Más rud é, in aon bhliain dar tosach an bhliain 1986, faoi réim nó de dhroim aon diúscairt, go mbeidh maoin faoi réir iontaobhais lánroghnaigh inmhuirearaithe ar an dáta inmhuirearaithe, measfar, ar gach dáta den sórt sin, go dtiocfaidh an t-iontaobhas chun teideal tairbhiúil seilbhe a bheith aige chuig leas iomlán sa mhaoin sin, agus go nglacfaidh sé oidhreacht dá réir sin ar gach dáta den sórt sin, ionann is dá mba dhuine chun críocha an Phríomh-Achta an t-iontaobhas agus iontaobhaithe, mar atá de thuras na huaire, an iontaobhais le chéile, agus is é dáta na hoidhreachta sin gach dáta inmhuirearaithe den sórt sin.

(2) (a) Más rud é—

(i) faoi réim nó de dhroim aon diúscairt, go raibh maoin faoi réir iontaobhais lánroghnaigh roimh dháta inmhuirearaithe,

(ii) nach bhfuil an mhaoin sin, ar an dáta inmhuirearaithe sin, faoi réir an iontaobhais lánroghnaigh sin (ar iontaobhas lánroghnach inmhuirearaithe é an dáta sin) toisc gurb é atá sa mhaoin sin ar an dáta sin maoin a bhfuil, de thuras na huaire, teideal tairbhiúil ag duine chuici ar leas seilbhe, agus

(iii) gur maoin í an mhaoin, ar an dáta inmhuirearaithe sin, atá teorannaithe le teacht faoi réir an iontaobhais lánroghnaigh inmhuirearaithe sin arís, nó a thiocfaidh faoina réir trí chumhacht cúlghairme a fheidhmiú,

measfar an mhaoin sin a bheith faoi réir an iontaobhais lánroghnaigh inmhuirearaithe sin ar an dáta inmhuirearaithe más leas é an leas seilbhe sin atá inchúlghairthe nó atá teorannaithe le foirceannadh ar theagmhas tarlú, seachas—

(I) ar bhás an duine sin, nó

(II) ar thréimhse shonraithe a bheith caite, i gcás ina nglacann an duine sin an leas sin faoi chumhacht ceapacháin atá sa diúscairt sin agus ar leas é, tráth a cheaptha, ar feadh tréimhse cinnte cúig bliana nó níos mó.

(b) San fho-alt seo, folaíonn “maoin” maoin in ionannas leis an maoin sin.

(3) Chun críocha an ailt seo—

(a) ní maoin leas feifeach go dtí go dtarlóidh teagmhas a fhágfaidh go scoirfidh an leas de bheith ina leas feifeach nó go mbeidh maoin nach leas feifeach in ionannas leis;

(b) ní maoin leas i bpolasaí árachais ar shaol duine go dtí, agus ansin sa mhéid amháin, go dtiocfaidh an leas chun bheith ina leas seilbhe faoi fhorálacha alt 32 den Phríomh-Acht nó go mbeidh maoin nach leas feifeach in ionannas leis.

(4) Ní bheidh feidhm ná éifeacht leis an alt seo i ndáil le maoin atá faoi réir iontaobhais lánroghnaigh inmhuirearaithe ar dháta inmhuirearaithe má tá an mhaoin sin, nó maoin in ionannas leis an maoin sin, faoi réir muirir cánach a éiríonn faoi réim nó de dhroim na diúscartha céanna, de bharr fhorálacha alt 106 den Acht Airgeadais, 1984 , an dáta céanna sin nó laistigh den bhliain roimh an dáta sin.

Feidhm an Phríomh-Achta.

104. —I ndáil le muirear cánach a éiríonn de bharr fhorálacha alt 103—

(a) déanfar tagairt in alt 16 den Phríomh-Acht do chuideachta faoi rialú an chomharba a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do chuideachta atá faoi rialú duine nó daoine acu seo a leanas, is é sin le rá, iontaobhaithe an iontaobhais lánroghnaigh, cuspóirí beo an iontaobhais lánroghnaigh, gaolta na gcuspóirí sin, agus ainmnithigh de chuid na n-iontaobhaithe nó na gcuspóirí sin nó de chuid ghaolta na gcuspóirí sin;

(b)  (i) faoi réir fhorálacha fhomhír (ii), is é dáta luachála na hoidhreachta inchánach an dáta inmhuirearaithe iomchuí;

(ii) más rud é—

(I) go n-éireoidh muirear cánach ar dháta áirithe de bharr fhorálacha alt 106 den Acht Airgeadais, 1984 , is bun le hoidhreacht inchánach (dá ngairtear an chéad oidhreacht inchánach san fhomhír seo),

(II) go n-éireoidh muirear cánach, ar dháta is déanaí, faoi réim nó de dhroim na diúscartha céanna de bharr fhorálacha alt 103 is bun le hoidhreacht inchánach (dá ngairtear an dara hoidhreacht inchánach san fhomhír seo) arb é atá inti an mhaoin chéanna nó maoin in ionannas leis an maoin chéanna, agus

(III) gur dáta i ndiaidh dáta inmhuirearaithe an dara hoidhreacht inchánach dáta luachála na chéad oidhreachta inchánach,

is é a bheidh mar dháta luachála ag an dara hoidhreacht inchánach an dáta céanna le dáta luachála na chéad oidhreachta inchánach;

(c) aon duine is iontaobhaí don iontaobhas lánroghnach áirithe de thuras na huaire ar dháta na hoidhreachta nó ar aon dáta eile ina dhiaidh sin is duine é a bheidh cuntasach go príomha in íoc na cánach;

(d) aon chuspóir don iontaobhas lánroghnach áirithe a ndéanfar aon chuid den mhaoin atá faoi réir an iontaobhais a chur chun feidhme nó a cheapadh dó nó chun sochair dó, beidh an duine sin cuntasach chomh maith in íoc na cánach ar éirigh an muirear ina leith roimh dháta na maoine a chur chun feidhme nó a cheapadh dó nó chun sochair dó, agus beidh éifeacht leis an bPríomh-Acht, ina fheidhm maidir leis an muirear cánach sin, ionann is dá mba dhuine dá dtagraítear in alt 35 (2) den Phríomh-Acht an cuspóir sin don iontaobhas lánroghnach;

(e) aon duine a bheidh cuntasach go príomha in íoc cánach de bhua mhír (c) déanfaidh sé, laistigh de thrí mhí tar éis an dáta luachála nó tar éis dháta rite an Achta seo, cibé dáta acu is déanaí—

(i) tuairisceán iomlán ceart a sheachadadh ar na Coimisinéirí—

(I) maidir le gach oidhreacht a bhfuil sé cuntasach go príomha amhlaidh inti;

(II) maidir leis an maoin go léir san oidhreacht sin; agus

(III) maidir le meastachán de mhargadhluach na maoine sin;

(ii) d'ainneoin fhorálacha an Phríomh-Achta, measúnacht a dhéanamh ar cibé méid cánach ba chóir, de réir mar is fearr is eol agus is feasach dó agus mar a chreideann sé, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an dáta luachála sin; agus

(iii) méid na cánach sin a íoc le hArd-Chuntasóir na gCoimisinéirí;

(f) beidh éifeacht le forálacha alt 41 den Phríomh-Acht, i bhfeidhmiú an Phríomh-Achta maidir le haon mhuirear cánach den chineál a dúradh a d'éirigh roimh dháta rite an Achta seo, ionann is dá mba thagairtí do dháta rite an Achta seo, nó don dáta luachála, cibé dáta acu is déanaí, na tagairtí don dáta luachála i bhfo-ailt (1), (2) agus (3) den alt sin;

agus

(g) ní bheidh feidhm ag alt 21, fo-alt (1) d'alt 35, fo-ailt (2), (3), (4) agus (5) d'alt 36 ná ag ailt 40, 43, 45 agus 57 den Phríomh-Acht ná ag an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

Díolúintí.

105. —Ní bheidh feidhm ná éifeacht le halt 103 i ndáil le hiontaobhas lánroghnach dá dtagraítear in alt 108 den Acht Airgeadais, 1984 , ná i leith na maoine nó na hoidhreachta dá dtagraítear in alt 65 den Acht Airgeadais, 1985 .

Cáin a ríomh.

106. —Déanfar an cháin is inmhuirearaithe ar luach inchánach oidhreachta inchánach ar a muirearaítear cáin de bharr fhorálacha alt 103 a ríomh de réir ráta aon faoin gcéad den luach inchánach sin.

Luachanna ar a gcomhaontófar.

107. —(1) Más rud é—

(a) faoi réim nó de dhroim aon diúscairt, go n-éireoidh muirear cánach de bharr fhorálacha alt 103 ar dháta inmhuirearaithe (dá ngairtear an chéad dáta inmhuirearaithe san alt seo),

(b) go mbeidh duine cuntasach tar éis an fhaisnéis go léir a thabhairt is gá chun a chumasú do na Coimisinéirí margadhluach—

(i) maoine réadaí, nó

(ii) scaireanna nach ndéileáiltear iontu ar stocmhargadh,

a fhionnadh, is maoin nó scaireanna atá ar áireamh san oidhreacht inchánach a ghlactar amhlaidh ar dháta luachála na hoidhreachta inchánach sin,

(c) de bhun iarratais i scríbhinn chun na gCoimisinéirí chuige sin, go gcomhaontóidh an duine sin agus na Coimisinéirí ar mhargadhluach na maoine sin ar an dáta luachála sin,

(d) faoi réim nó de dhroim na diúscartha céanna, go n-éireoidh muirear cánach, de bharr fhorálacha alt 103, ar ceachtar den dá dháta inmhuirearaithe, nó orthu araon, sna blianta díreach i ndiaidh na bliana ina raibh an chéad dáta inmhuirearaithe (dá ngairtear na dátaí inmhuirearaithe iardain san alt seo), agus

(e) go mbeidh an mhaoin chéanna amhail mar atá ag fomhír (i) nó (ii) de mhír (b) ar áireamh sna hoidhreachtaí inchánach a ghlactar amhlaidh ar na dátaí inmhuirearaithe iardain,

measfar, chun críocha na Coda seo, gurb é an luach ar a gcomhaontófar amhlaidh margadhluach na maoine sin ar an dáta luachála sin agus ar dhátaí luachála na n-oidhreachtaí inchánach a ghlactar amhlaidh ar na dátaí inmhuirearaithe iardain.

(2) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (1), ní bheidh an margadhluach ar a gcomhaontófar amhlaidh ina cheangal—

(a) in aon chás ina mainneofar fíorais ábhartha a nochtadh i ndáil le haon chuid den mhaoin atá ar áireamh sna hoidhreachtaí inchánach a ghlactar ar an gcéad dáta inmhuirearaithe nó ar na dátaí inmhuirearaithe iardain, nó

(b) más rud é, tráth ar bith i ndiaidh an chéad dáta inmhuirearaithe agus roimh an tríú dáta de na dátaí inmhuirearaithe sin—

(i) i gcás maoine réadaí, go mbeidh aon athrú ar an tionacht faoina sealbhaítear nó faoina ligtear an mhaoin, nó

(ii) i gcás scaireanna, go mbeidh aon athrú ar chaipiteal na cuideachta lena mbaineann nó ar úinéireacht an chaipitil sin nó ar chearta na scairshealbhóirí inter se, nó

(c) más rud é, tráth ar bith i ndiaidh an chéad dáta inmhuirearaithe agus roimh an tríú dáta de na dátaí inmhuirearaithe sin—

(i) i gcás maoine réadaí, go dtarlaíonn athrú ar bith a dhéanann difear don mhaoin sin nó d'aon mhaoin eile agus a thabharfadh méadú nó laghdú ábhartha ar an margadhluach de bhreis ar aon mhéadú nó laghdú a bhféadfaí bheith ag súil leis de ghnáth murach gur tharla an t-athrú sin, nó

(ii) i gcás scaireanna, go dtarlaíonn aon athrú ábhartha ar shócmhainní na cuideachta nó ar mhargadhluach na sócmhainní sin de bhreis ar aon athrú a bhféadfaí bheith ag súil leis de ghnáth,

agus i gcásanna den sórt sin féadfaidh na Coimisinéirí margadhluach na maoine réadaí, nó na scaireanna, a fhionnadh arís i gcás gach dáta de na dátaí inmhuirearaithe iomchuí:

Ar choinníoll, i gcás aon athrú dá dtagraítear i mír (c), nach bhféadfaidh na Coimisinéirí an margadhluach a fhionnadh arís ach amháin ar iarraidh ón duine atá cuntasach go príomha in íoc na cánach a éiríonn de bharr fhorálacha alt 103 ar an dáta luachála iomchuí sin.

(3) Ní bheidh aon chomhaontú faoin alt seo ina cheangal ach amháin ar na daoine atá cuntasach, iontu féin, in íoc na cánach a éiríonn de bharr fhorálacha alt 103 ar an gcéad dáta inmhuirearaithe agus ar na dátaí inmhuirearaithe iardain.

Pionós.

108. —Aon duine a sháróidh aon cheanglas faoi mhír (e) d'alt 104, nó a mhainneoidh déanamh dá réir, dlífear—

(a) pionós £1,000, nó

(b) pionós is ionann agus dhá oiread méid na cánach is iníoctha i leith na hoidhreachta inchánach lena mbaineann an tuairisceán,

cibé acu is lú, a ghearradh air.

Caibidil II

Ginearálta

Leasú ar alt 46 (ró-íoc cánach) den Phríomh-Acht.

109. —(1) Leasaítear leis seo alt 46 den Phríomh-Acht—

(a) trí “de réir ráta aon faoin gcéad, nó de réir cibé ráta eile (más ann) a bheidh forordaithe ag an Aire Airgeadais le rialacháin, in aghaidh gach míosa nó gach cuid de mhí ón dáta a rinneadh an íocaíocht, agus ní bheidh cáin ioncaim inasbhainte ó íocaíocht úis faoin alt seo agus ní áireofar an t-ús sin le linn ioncam a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach” a chur in ionad “, gan cáin ioncaim a asbhaint, ón dáta a rinneadh an t-íoc, de réir an ráta chéanna a d'iompródh an cháin ús ó am go ham dá mbeadh sí dlite agus an t-íoc sin a bheith gan déanamh”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.”,

agus tá an t-alt sin 46, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

46.—(1) I gcás ina ndéanfar iarratas chuig na Coimisinéirí ar fhaoiseamh faoin alt seo agus go gcruthófar chun a sástachta gur íocadh suim de bhreis ar an dliteanas i leith cánach nó i leith úis ar cháin, tabharfaidh siad faoiseamh tríd an mbreis a aisíoc nó ar mhodh réasúnach cóir eile; agus impróidh aon aisíoc den sórt sin ús simplí (nach mó ná méid na breise sin) de réir ráta aon faoin gcéad, nó de réir cibé ráta eile (más ann) a bheidh forordaithe ag an Aire Airgeadais le rialacháin, in aghaidh gach míosa nó gach cuid de mhí ón dáta a rinneadh an íocaíocht, agus ní bheidh cáin ioncaim inasbhainte ó íocaíocht úis faoin alt seo agus ní áireofar an t-ús sin le linn ioncam a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach.

(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht leis an alt seo i ndáil le hús is iníoctha faoin alt sin 46 in aghaidh aon mhíosa, nó aon chuid de mhí, dar tosach dáta rite an Achta seo nó aon dáta dá éis.

Leasú ar alt 61 (airgead in ainmneacha beirt daoine nó níos mó a íoc) den Phríomh-Acht.

110. —Leasaítear leis seo alt 61 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(8) Ní bheidh feidhm ná éifeacht leis an alt seo má dhéantar an tsuim airgid dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a lóisteáil nó a thaisceadh in ainmneacha beirt daoine i gcomhar, a bhfaigheann duine amháin acu bás an 30ú lá d'Eanáir, 1985, nó dá éis, agus gurb é céile an duine eile sin é tráth a bháis.”.

CUID VI

Ilghnéitheach

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

111. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ;

ciallaíonn “alt leasaitheach 1985” alt 66 den Acht Airgeadais, 1985 ;

ciallaíonn “an séú blianacht bhreise is tríocha” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4);

tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

(2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1986, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1985 ach “£38,647,426” a chur in ionad “£40,369,034”.

(3) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1985 ach “£29,258,176” a chur in ionad “£31,028,550”.

(4) D'fhonn iasachtaí, mar aon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt, déanfar suim £41,472,176 a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sa tríocha bliain airgeadais chomhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1986.

(5) Déanfar an séú blianacht bhreise is tríocha a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den séú blianacht bhreise is tríocha, nach mó ná £31,876,450 in aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Déanfar iarmhéid an séú blianacht bhreise is tríocha a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Feidhm an Achta um Lán-Aois, 1985 .

112. —(1) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (4) d'alt 2 den Acht um Lán-Aois, 1985 , beidh feidhm agus éifeacht, faoi réir fho-alt (2), le fo-ailt (2) agus (3) den alt sin 2 chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim agus aon fhorála reachtúla eile (de réir bhrí an Achta sin) a bhaineann le haon cháin nó dleacht eile atá faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim a fhorchur, a aisghairm, a loghadh, a athrú nó a rialáil agus scoirfidh fomhír (vii) de mhír (b) den fho-alt sin (4) d'éifeacht a bheith léi dá réir sin.

(2) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (1) difear do theideal éilitheora chuig asbhaint faoi alt 138A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985 ) nó alt 141 (arna chur isteach leis an Acht seo) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(3) Measfar gur tháinig an t-alt seo i bhfeidhm, agus glacfaidh sé éifeacht, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1986, agus a mhéid a bhaineann sé le cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta, beidh éifeacht leis i ndáil le bronntanais agus oidhreachtaí a ghlacfar an dáta sin nó dá éis.

Sonra-phróiseáil leictreonach a úsáid.

113. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “na hAchtanna”—

(a) na hAchtanna Cánach,

(b) na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil,

(c) alt 24 den Acht Cánach Breisluacha, 1972 ,

(d) an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin, agus

(e) Cuid VI den Acht Airgeadais, 1983 ,

agus aon ionstraimí arna ndéanamh faoin gcéanna;

ciallaíonn “taifid” doiciméid a cheanglaítear ar dhuine, le haon fhoráil de chuid na nAchtanna, a choinneáil, a eisiúint nó a thabhairt ar aird lena n-iniúchadh, agus aon ábhar scríofa nó clóite eile;

ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim, cáin chorparáide, cáin ghnóchan caipitiúil, cáin bhreisluacha nó cáin mhaoine cónaithe, de réir mar a bheidh.

(2) Faoi réir comhaontú ó na Coimisinéirí Ioncaim, féadfar taifid a stóráil, a chothabháil, a thraiseoladh, a atáirgeadh nó a pháirtiú, de réir mar a bheidh, trí aon phróiseas leictreonach, fótagrafach nó eile a bheidh ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim, in imthosca ina mbeidh úsáid an phróisis sin aontaithe acu agus faoi réir cibé coinníollacha a fhorchuirfidh siad.

(3) Más rud é, de bhun fho-alt (2), go gcaomhnaítear taifid trí phróiseas leictreonach, fótagrafach nó eile beidh, faoi réir na rialacha cúirte, aon ráiteas i ndoiciméad a tháirgtear trí aon phróiseas den sórt sin inghlactha mar fhianaise in aon imeachtaí, cibé acu imeachtaí sibhialta nó imeachtaí coiriúla, a mhéid céanna a ghlacfaí leis na taifid iad féin.

(4) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach, ní gá dúblaigh de mheasúnachtaí a dhéanamh, a thraiseoladh nó a sheachadadh.

(5) Má dhéanann cigire nó oifigeach údaraithe eile sonraí measúnachta agus na cánach a mhuirearaítear inti a thaifeadadh i dtaifead leictreonach, fótagrafach nó eile as ar féidir leis an Ard-Bhailitheoir na sonraí sin a thógáil trí phróiseas leictreonach, fótagrafach nó eile, glacfar leis gurb ionann é sin agus traiseoladh na sonraí sin ag an gcigire nó ag an oifigeach údaraithe eile chuig an Ard-Bhailitheoir.

(6) In aon imeachtaí sa Chúirt Chuarda, sa Chúirt Dúiche nó san Ard-Chúirt chun aon cháin a ghnóthú nó i ndáil leis an gcéanna, aon deimhniú, arna shíniú ag an Ard-Bhailitheoir nó ag oifigeach údaraithe eile, á dheimhniú go raibh, sular tionscnaíodh imeachtaí, suim shonraithe cánach, arna traiseoladh amhlaidh, tagtha chun bheith dlite agus iníoctha ag an gcosantóir—

(a)  (i) faoi mheasúnacht a tháinig chun bheith ina measúnacht chríochnaitheach dhochloíte,

 (ii) faoi fhorálacha alt 429 (4) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1971 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó

 (iii) faoi na forálacha a bhaineann leis an méid sonraithe cánach de réir bhrí alt 30 den Acht Airgeadais, 1976 ,

agus

(b) go bhfuil an t-éileamh ar íoc na cánach déanta go cuí,

beidh sé ina fhianaise prima facie, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar na fíorais sin agus féadfar deimhniú a dheimhneoidh mar a dúradh agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag an Ard-Bhailitheoir nó ag oifigeach údaraithe eile a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gurb é an tArd-Bhailitheoir, nó oifigeach údaraithe eile, a shínigh é.

Leasú ar na forálacha a bhaineann le hús a íoc ar cháin a ró-íocadh.

114. —(1) Leasaítear leis seo alt 429 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “de réir ráta aon faoin gcéad, nó de réir cibé ráta eile (más ann) a bheidh forordaithe ag an Aire Airgeadais le rialacháin, in aghaidh gach míosa nó gach cuid de mhí” a chur in ionad “de réir an ráta a fhoráiltear le halt 550 (1)” i mír (a) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (4), agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.”,

agus tá an mhír sin (a), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(a) Má bhíonn suim ró-mhór cánach íoctha, déanfar an tsuim nó na suimeanna a ró-íocadh, ach amháin i gcás inar lú ná £1 an t-ús, a aisíoc mar aon le hús de réir ráta aon faoin gcéad, nó de réir cibé ráta eile (más ann) a bheidh forordaithe ag an Aire Airgeadais le rialacháin, in aghaidh gach míosa nó gach cuid de mhí ó dháta nó ó dhátaí an tsuim nó na suimeanna a íoc dá dtáinig an ró-íoc go dtí an dáta nó na dátaí a dhéanfar an t-aisíoc; nó

(2) Leasaítear leis seo alt 30 den Acht Airgeadais, 1976

(a) trí “de réir ráta aon faoin gcéad, nó de réir cibé ráta eile (más ann) a bheidh forordaithe ag an Aire Airgeadais le rialacháin, in aghaidh gach míosa nó gach cuid de mhí” a chur in ionad “de réir an ráta nó na rátaí a bheidh i bhfeidhm de bhua alt 550 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,” i bhfo-alt (4), agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(9) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.”,

agus tá an fo-alt sin (4) (ar leith ón gcoinníoll a ghabhann leis), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(4) I gcás a mbeidh ró-íocaíocht cánach le haisíoc faoi fho-alt (3), iompróidh an ró-íocaíocht ús de réir ráta aon faoin gcéad, nó de réir cibé ráta eile (más ann) a bheidh forordaithe ag an Aire Airgeadais le rialacháin, in aghaidh gach míosa nó gach cuid de mhí in aghaidh na tréimhse ó dháta nó ó dhátaí íoca an méid nó na méideanna ba bhun leis an ró-íocaíocht, de réir mar is gá sa chás, go dtí dáta an aisíoca:

(3) Leasaítear leis seo alt 107 den Acht Airgeadais, 1983

(a) trí “de réir ráta aon faoin gcéad, nó de réir cibé ráta eile (más ann) a bheidh forordaithe ag an Aire Airgeadais le rialacháin,” a chur in ionad “de réir 1.25 faoin gcéad” i bhfo-alt (2), agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.”,

agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(2) I gcás ina mbeidh, faoin alt seo, aon mhéid le haisíoc nó le coinneáil, cuirfear leis an méid sin ús simplí de réir ráta aon faoin gcéad, nó de réir cibé ráta eile (más ann) a bheidh forordaithe ag an Aire Airgeadais le rialacháin, den mhéid a bheidh le haisíoc nó le coinneáil in aghaidh gach míosa nó gach coda de mhí ón dáta a íocadh an t-anbharr is bun leis an aisíoc go dtí dáta an aisíoca nó na coinneála, de réir mar a bheidh. Ní bheidh cáin ioncaim inasbhainte le linn ús a bheith á íoc faoin bhfo-alt seo agus ní dhéanfar an t-ús sin a áireamh nuair a bheidh ioncam á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach.

(4) Beidh feidhm agus éifeacht leis an alt seo i ndáil le hús is iníoctha faoin mír sin (a) agus faoi na fo-ailt sin (4) agus (2) in aghaidh aon mhíosa, nó aon chuid de mhí, dar tosach dáta rite an Achta seo nó aon dáta dá éis.

Cáin etc. a bheith dlite de shealbhóir muirir shocraithe ar fhiacha leabhair de chuid cuideachta.

115. —(1) I gcás ina sealbhaíonn duine muirear socraithe (is muirear socraithe arna bhunú ar dháta rite an Achta seo nó dá éis) ar fhiacha leabhair de chuid cuideachta (de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 ) agus ina mainníonn an chuideachta aon mhéid iomchuí a íoc a dhlitear di a íoc, ansin tiocfaidh an duine sin, ar fhógra i scríbhinn dá réir sin a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim, chun bheith faoi dhliteanas an méid iomchuí sin a íoc ar éileamh cuí, agus má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn sé an méid sin a íoc féadfar imeachtaí a thionscnamh ina choinne amhail mar a dhéantar i gcás aon mhainnitheora eile:

Ar choinníoll—

(i) nach mó an méid nó an méid comhiomlán a dhlífidh an duine a íoc i ndáil le cuideachta de réir an ailt seo ná an méid nó an méid comhiomlán a bheidh, le linn don mhuirear socraithe ar fhiacha leabhair i ndáil leis an gcuideachta sin a bheith ar marthain, faighte ag an duine sin, go díreach nó go neamhdhíreach, ón gcuideachta sin mar íocaíocht nó mar pháirt-íocaíocht i leith aon fhiach a bheidh dlite den chuideachta don duine sin, agus

(ii) ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon mhéideanna a bheidh faighte ag sealbhóir an mhuirir shocraithe ón gcuideachta roimh an dáta a bhfaighidh sé fógra i scríbhinn ó na Coimisinéirí Ioncaim á rá go ndlíonn sé, de bharr an ailt seo, méid iomchuí a íoc atá dlite den chuideachta.

(2) San alt seo ciallaíonn “méid iomchuí” aon mhéid a dhlíonn an chuideachta a íoc—

(a) faoi Chaibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

agus

(b) faoin Acht Cánach Breisluacha, 1972 .

Leasú ar alt 161 (cigirí cánach) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

116. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 161:

“161.—(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cigirí cánach a cheapadh, agus déanfaidh gach uile chigire den sórt sin agus gach uile oifigeach nó duine eile a bheidh fostaithe ag cur an Achta seo i ngníomh orduithe, treoracha agus ordacháin na gCoimisinéirí Ioncaim a urramú agus a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ceapachán a bheidh déanta acu faoin alt seo a chúlghairm.”.

(2) Cigirí cánach a bheidh ceaptha ag an Aire Airgeadais roimh dháta rite an Achta seo, measfar gurbh iad na Coimisinéirí Ioncaim a cheap iad.

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

117. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna go léir (seachas na dleachtanna máil ar fheithiclí inneallghluaiste a fhorchuirtear le halt 77) a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

118. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1986 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Cuid I (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

(3) Déanfar Cuid II (a mhéid a bhaineann le custaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus (a mhéid a bhaineann le dleachtanna máil) a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(4) Forléireofar Cuid III i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1985, agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1986, a ghairm díobh le chéile.

(5) Déanfar Cuid IV a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide.

(6) Forléireofar Cuid V i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(7) Déanfar Cuid VI (a mhéid a bhaineann sí le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann sí le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann sí le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil agus (a mhéid a bhaineann sí le custaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus (a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil) a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin agus (a mhéid a bhaineann sí le cáin bhreisluacha) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1986, agus (a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna stampa) a fhorléiriú i dteannta an Stamp Acht, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin agus (a mhéid a bhaineann sí le cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta) a fhorléiriú i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin agus (a mhéid a bhaineann sí le cáin mhaoine cónaithe) a fhorléiriú i dteannta Chuid VI den Acht Airgeadais, 1983 .

(8) Measfar, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite inti, gur tháinig Cuid I i bhfeidhm amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1986, agus glacfaidh sí éifeacht amhail ar an agus ón dáta sin.

(9) I gCuid III, measfar gur tháinig ailt 79, 83 (a) agus 85 i bhfeidhm amhail ar an agus ón lú lá de Mhárta, 1986, agus glacfaidh siad éifeacht amhlaidh amhail ar an agus ón dáta sin agus tiocfaidh ailt 83 (b) agus 89 go 91 (seachas mír (a) d'alt 91) i bhfeidhm an 1ú lá d'Iúil, 1986.

(10) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

(11) Tagairt ar bith san Acht seo do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(12) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil (lena n-áirítear Sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Leasú ar Achtacháin

Alt 3.

Leasuithe de dhroim Athruithe ar Fhaoisimh Phearsanta

1.—Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) in alt 138—

(i) i mír (a), trí “£4,000” a chur in ionad “£3,800” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985 ),

(ii) i mír (b), trí “£2,500” a chur in ionad “£2,400” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985 ) agus trí “£4,000” a chur in ionad “£3,800” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985 ),

agus

(iii) i mír (c), trí “£2,000” a chur in ionad “£1,900” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985 ),

(b) in alt 138A (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985 ), trí “£1,500” a chur in ionad “£1,400” agus trí “£2,000” a chur in ionad “£1,900”,

agus

(c) in alt 138B (1), trí “£700” a chur in ionad “£600” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ) gach áit a bhfuil sé.

2.—Leasaítear leis seo alt 8 den Acht Airgeadais, 1974 , i bhfo-alt (1), trí “£400” a chur in ionad “£200” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ) agus trí “£200” a chur in ionad “£100” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ).

AN DARA SCEIDEAL

Scéimeanna Scair-Rogha Ceadaithe

Léiriú

1.—(1) Sa Sceideal seo—

tá le “cuideachta chomhlachaithe” an bhrí chéanna atá leis in alt 102 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

tá le “rialú” an bhrí chéanna atá leis in alt 158 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

tá le “stiúrthóir lánaimseartha” an bhrí chéanna atá le “stiúrthóir lánaimsire” in alt 8 den Acht Airgeadais, 1978 ;

tá le “deontóir” an bhrí a thugtar le mír 2 (1);

tá le “grúpscéim” agus, i ndáil le scéim den sórt sin, tá le “cuideachta rannpháirteach”, na bríonna a thugtar le mír 2;

forléireofar “margadhluach” de réir alt 49 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 ;

ciallaíonn “fostaí cáilitheach”, i ndáil le cuideachta, fostaí de chuid na cuideachta (seachas fostaí is stiúrthóir de chuid na cuideachta nó, i gcás grúpscéime, de chuid cuideachta rannpháirtí) a gceanglaítear air, faoi théarmaí a fhostaíochta, oibriú don chuideachta ar feadh fiche uair an chloig ar a laghad sa tseachtain;

tá le “scaireanna scéime” an bhrí a thugtar le mír 6; agus

folaíonn “scaireanna” stoc.

(2) Beidh éifeacht le fo-alt (3) d'alt 103 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i gcás inar grúpscéim an scéim, ach tagairtí do na cuideachtaí rannpháirteacha go léir a chur in ionad na chéad tagartha don chuideachta i mír (ii) den choinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin.

(3) Beidh feidhm, chun críocha an Sceidil seo, ag alt 157 den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(4) Chun críocha an Sceidil seo is comhalta de chomheagras, a bhfuil cuideachta eile ar úinéireacht aige, cuideachta más ceann í de líon cuideachtaí a bhfuil trí cheathrú ar a laghad de ghnáthscairchaipiteal na cuideachta eile ar úinéireacht thairbhiúil acu eatarthu agus a bhfuil an fichiú cuid ar a laghad den chaipiteal sin ar úinéireacht thairbhiúil ag gach cuideachta díobh.

Scéimeanna a Cheadú

2.—(1) Ar iarratas ó chomhlacht corpraithe (dá ngairtear “an deontóir” sa Sceideal seo) a mbeidh scéim scair-rogha bunaithe aige, ceadóidh na Coimisinéirí Ioncaim an scéim más deimhin leo go gcomhlíonann sí ceanglais an Sceidil seo, ach ní cheadóidh siad í más dealraitheach dóibh go bhfuil gnéithe den scéim nach bhfuil riachtanach, ná nach ngabhann le réasún, le sochair i bhfoirm cearta chun scaireanna a fháil a chur ar fáil d'fhostaithe agus do stiúrthóirí.

(2) Is i scríbhinn a dhéanfar aon iarratas faoi fhomhír (1) agus beidh cibé sonraí ann, agus beidh cibé fianaise mar thaca leis, a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim.

(3) I gcás ina mbeidh rialú ag an deontóir ar chuideachta nó ar chuideachtaí eile, féadfar a rá sa scéim go mbaineann sí leis na cuideachtaí go léir a bhfuil rialú aige orthu, nó go mbaineann sí le haon cheann acu, agus “grúpscéim” a ghairfear sa Sceideal seo de scéim a ndeirtear inti go mbaineann sí amhlaidh.

(4) Ciallaíonn “cuideachta rannpháirteach”, i ndáil le grúpscéim. an deontóir nó aon chuideachta eile a ndeirtear sa scéim go mbaineann sí leis nó léi de thuras na huaire.

3.—(1) Más rud é, tráth ar bith tar éis do na Coimisinéirí Ioncaim scéim a cheadú, go scoirfear d'aon cheanglas de chuid an Sceidil seo a chomhlíonadh nó go mainneoidh an deontóir faisnéis a bheidh ag teastáil ó na Coimisinéirí Ioncaim faoi mhír 14 a chur ar fáil, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an ceadú a tharraingt siar le héifeacht ón tráth sin nó ó cibé tráth is déanaí ná sin a shonróidh na Coimisinéirí Ioncaim.

(2) Má dhéantar athrú ar an scéim tráth ar bith tar éis do na Coimisinéirí Ioncaim an scéim a cheadú, ní bheidh éifeacht leis an gceadú i ndiaidh dháta an athraithe mura mbeidh an t-athrú ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.

4.—Más éagóir leis an deontóir—

(a) mainneachtain na gCoimisinéirí Ioncaim maidir leis an scéim a cheadú nó le hathrú ar an scéim a cheadú, nó

(b) ceadú a bheith tarraingthe siar,

féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de thríocha lá ón dáta a gcuirfear cinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim in iúl dó, a cheangal go mbreithneoidh na Coimisinéirí Achomhairc an t-ábhar, agus déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc an t-ábhar a éisteacht agus a chinneadh mar a dhéanfaidís i gcás achomhairc chucu i gcoinne measúnachta agus beidh feidhm dá réir sin, fara aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim i ndáil le hachomharc den sórt sin (lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le hachomharc a athéisteacht agus le cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí).

Cáilitheacht

5.—(1) Ní dhéanfar foráil sa scéim chun go mbeidh aon duine cáilithe chun bheith rannpháirteach inti, is é sin le rá, chun go bhfaighidh nó go bhfeidhmeoidh sé cearta fúithi—

(a) mura stiúrthóir lánaimseartha nó fostaí cáilitheach é de chuid an deontóra nó, i gcás grúpscéime, de chuid cuideachta rannpháirtí;

(b) tráth ar bith a mbeidh, nó a raibh laistigh den dá mhí dhéag roimhe sin, leas ábhartha aige i ndlúthchuideachta de réir bhrí Chuid X den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ar cuideachta í—

(i) a bhféadfar a scaireanna a fháil de bhun cearta, a fuarthas faoin scéim, a fheidhmiú; nó

(ii) a bhfuil rialú aici ar chuideachta den sórt sin nó is comhalta de chomheagras a bhfuil cuideachta den sórt sin ar úinéireacht aige.

(2) D'ainneoin fhomhír (1) (a) féadfar foráil a bheith sa scéim go bhféadfaidh duine cearta a fuair sé fúithi a fheidhmiú d'ainneoin go bhfuil sé scortha de bheith ina stiúrthóir lánaimseartha nó ina fhostaí cáilitheach.

(3) Le linn bheith ag cinneadh an dlúthchuideachta cuideachta chun críocha fhomhír (1), déanfar neamhshuim d'ailt 94 (1) (a) agus 95 den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(4) Le linn bheith ag cinneadh, chun críocha na míre seo, an bhfuil nó an raibh leas ábhartha ag duine i gcuideachta, beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt 97 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , agus le mír (ii) den choinníoll a ghabhann le halt 103 (3) den Acht sin, ach tagairtí do 10 faoin gcéad a chur in ionad na dtagairtí sna forálacha sin do 5 faoin gcéad.

Scaireanna Scéime

6.—Déanfar foráil sa scéim chun go bhfaighfidh stiúrthóirí agus fostaithe cearta chun scaireanna (dá ngairtear “scaireanna scéime” sa Sceideal seo) a chomhlíonann ceanglais mhíreanna 7 go 11, a fháil.

7.—Beidh scaireanna scéime mar chuid de ghnáth-scairchaipeal—

(a) an deontóra; nó

(b) cuideachta a bhfuil rialú aici ar an deontóir; nó

(c) cuideachta arb éard í cuideachta nó cuideachta a bhfuil rialú aici ar chuideachta—

(i) is comhalta de chomheagras a bhfuil an deontóir, nó cuideachta a bhfuil rialú aici ar an deontóir, ar úinéireacht aige; agus

(ii) a bhfuil trí fichiú ar a laghad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta atá ar úinéireacht amhlaidh ar úinéireacht thairbhiúil aici.

8.—Is é a bheidh i scaireanna scéime—

(a) scaireanna d'aicme a luaitear ar stocmhargadh; nó

(b) scaireanna i gcuideachta nach bhfuil faoi rialú cuideachta eile; nó

(c) scaireanna i gcuideachta atá faoi rialú cuideachta (seachas cuideachta atá, nó a bheadh dá mbeadh cónaí uirthi sa Stát, ina dlúthchuideachta de réir bhrí alt 94 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ) a luaitear a scaireanna ar stocmhargadh.

9.—Maidir le scaireanna scéime—

(a) beidh siad láníoctha;

(b) ní bheidh siad infhuascailte; agus

(c) ní bheidh siad faoi réir aon srianta seachas srianta a ghabhann leis na scaireanna uile den aicme chéanna.

10.—(1) Le linn bheith ag cinneadh, chun críocha mhír 9 (c), an bhfuil scaireanna scéime, atá faighte nó le fáil ag aon duine, faoi réir aon srianta, measfar gur srian a ghabhann leis na scaireanna aon chonradh, comhaontú, comhshocraíocht nó coinníoll faoina sriantar a shaoirse chun diúscairt a dhéanamh ar na scaireanna nó ar aon leas iontu nó ar na fáltais óna ndíol nó chun aon cheart a thugann siad a fheidhmiú nó faoina gcuirfeadh diúscairt nó feidhmiú den sórt sin faoi aon mhíbhuntáiste é féin nó aon duine a bhfuil baint aige leis.

(2) Níl feidhm ag fomhír (1) maidir le cibé cuid d'aon chonradh, comhaontú, comhshocraíocht nó coinníoll ina bhfuil forálacha atá cosúil, maidir le cuspóir agus éifeacht, le haon fhorálacha de na Rialacha Eiseamláracha a leagadh amach sa Chód Eiseamlárach le haghaidh Idirbhearta Urrús ag Stiúrthóirí Cuideachtaí Liostaithe a d'eisigh Údarás Chomhairle an Stocmhargaidh i Samhain, 1984.

11.—Ach amháin i gcás gurb é atá sna scaireanna scéime scaireanna i gcuideachta ar scaireanna d'aon aicme amháin a gnáth-scairchaipiteal, ní mór formhór na scaireanna eisithe den aicme chéanna a bheith ar seilbh ag daoine seachas—

(a) daoine a fuair a scaireanna de bhun cirt nó deise a tugadh dóibh mar stiúrthóir nó fostaí de chuid an deontóra, nó de chuid aon chuideachta eile agus ní de bhun tairisceana don phobal;

(b) iontaobhaithe a bhfuil scaireanna á sealbhú acu thar ceann daoine a fuair a leasanna tairbhiúla sna scaireanna de réir mar a luaitear i mír (a); agus

(c) i gcás ina dtagann na scaireanna faoi réim mhír 8 (c) agus nach dtagann siad faoi réim mhír 8 (a), cuideachtaí a bhfuil rialú acu ar an gcuideachta arb iad a scaireanna atá i gceist, nó cuideachtaí ar cuideachta chomhlachaithe dóibh an chuideachta sin.

Cearta a aistriú

12.—Ní cheadóidh an scéim d'aon duine a fhaigheann cearta fúithi aon cheann de na cearta sin a aistriú ach beidh socrú inti go bhféadfar, má fhaigheann duine den sórt sin bás sula bhfeidhmeofar iad, iad a fheidhmiú i ndiaidh dó bás a fháil, ach tráth nach déanaí ná bliain dá éis sin.

Praghas Scaireanna

13.—Déanfar an praghas ar a bhféadfar scaireanna scéime a fháil, trí fheidhmiú cirt a fuarthas faoin scéim, a lua tráth fála an chirt agus ní lú é ná margadhluach scaireanna den aicme chéanna an tráth sin nó, má chomhaontaíonn na Coimisinéirí Ioncaim agus an deontóir air sin i scríbhinn, cibé tráth nó tráthanna is luaithe ná sin a fhoráiltear sa chomhaontú, ach—

(a) féadfar foráil a dhéanamh sa scéim chun go ndéanfar cibé athrú ar an bpraghas a luafar amhlaidh is gá a dhéanamh chun aon athrú ar an scairchaipiteal, ar cuid de na scaireanna scéime, a chur i gcuntas, agus

(b) forálfar sa scéim go ndéanfar, má tharlaíonn ina dhiaidh sin gur lú an praghas a luafar amhlaidh ná margadhluach na scaireanna den aicme chéanna an tráth sin, an praghas sin a mhéadú go dtí an margadhluach sin.

Faisnéis

14.—Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar aon duine cibé faisnéis a mheasann na Coimisinéirí Ioncaim is gá chun go gcomhlíonfadh siad a bhfeidhmeanna faoin Sceideal seo a thabhairt dóibh laistigh de cibé tréimhse ama (nach lú ná tríocha lá) a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar faisnéis í atá ag an duine, nó atá ar fáil go réasúnta ag an duine, dá seoltar an fógra, lena n-áirítear go háirithe faisnéis—

(a) lena chumasú do na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh a dhéanamh—

(i) i dtaobh ar chóir scéim a cheadú nó ceadú atá tugtha cheana féin a tharraingt siar; nó

(ii) i dtaobh dliteanas cánach, lena n-áirítear dliteanas cánach gnóchan caipitiúil, aon duine a bhí rannpháirteach i scéim; agus

(b) i ndáil le riaradh scéime agus le haon athrú ar théarmaí scéime.

AN TRÍÚ SCEIDEAL

An Cháin is Iomchuí do na Brabúis nó na Gnóchain ó Fheirmeoireacht

Alt 16.

1.—Ciallaíonn “an cháin is iomchuí do na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht”, i ndáil le pearsa aonair is inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim do bhliain mheasúnachta ar bhrabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht, an méid cánach a chinnfear de réir na foirmle—

A

____

 × C

A+B

i gcás—

arb é A, faoi réir mhír 2, méid na mbrabús nó na ngnóchan ó fheirmeoireacht a bhfuil cáin inmhuirearaithe ar an bpearsa aonair ina leith don bhliain mheasúnachta sin (lena n-áirí tear, i gcás fearchéile ar arb inmhuirearaithe cáin don bhliain mheasúnachta de réir fhorálacha alt 194 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , aon bhrabúis nó gnóchain den sórt sin de chuid a bhanchéile),

arb é B ioncam na pearsan aonair, seachas ioncam atá ar áireamh in A, don bhliain sin, ó gach bunadh (lena n-áirítear, i gcás fearchéile ar arb inmhuirearaithe cáin de réir fhorálacha an ailt sin 194, aon ioncam den sórt sin de chuid a bhanchéile) tar éis comhiomlán na méideanna a shonraítear i mír 3 a asbhaint ón ioncam ó gach bunadh ar leith, agus

arb é C méid na cánach ioncaim is inmhuirearaithe ar ioncam iomlán na pearsan aonair don bhliain sin roimh aon fhaoiseamh a thugtar le halt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus le halt 16, a chur i gcuntas.

2.—Le linn A i mír 1 a bheith á chinneadh, déanfar méid na mbrabús nó na ngnóchan ó fheirmeoireacht a laghdú de chomhiomlán na méideanna seo a leanas—

(a) an oiread sin d'aon liúntas caipitiúil a bheidh le cur i gcuntas le linn cáin ioncaim a bheith á muirearú ar na brabúis nó na gnóchain, agus

(b) an oiread sin d'aon chaillteanas, de réir bhrí Chaibidil I de Chuid XIX den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bheidh le hasbhaint ó na brabúis nó na gnóchain sin nó le fritháireamh ina n-aghaidh, nó a mheasfar a bheith asbhainte uathu nó fritháirithe ina n-aghaidh.

3.—Le linn B i mír 1 a bheith á chinneadh, is é an méid a bheidh le baint as an ioncam ó bhunadh, le linn méid an ioncaim ón mbunadh sin a bheidh le háireamh i B a bheith á fhionnadh, comhiomlán na méideanna seo a leanas—

(a) an oiread sin de na méideanna seo a leanas a bheidh le hasbhaint ón ioncam sin nó le fritháireamh ina aghaidh, nó a bheidh le lamháil le linn cáin ioncaim a bheith á muirearú ar an ioncam sin, eadhon—

(i) aon asbhaint i leith caiteachas,

(ii) aon asbhaint i leith ranníocaí, agus

(iii) aon liúntas caipitiúil, agus

(b) an oiread sin d'aon chaillteanas, de réir bhrí Chaibidil I de Chuid XIX den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bheidh le baint as an ioncam ón mbunadh sin nó le fritháireamh ina aghaidh nó a mheasfar a bheith bainte as nó fritháirithe ina aghaidh.

4.—Sa Sceideal seo tá le “liúntas caipitiúil”, le “asbhaint i leith caiteachas” agus le “asbhaint i leith ranníocaí” na bríonna céanna atá leo in alt 16 den Acht Airgeadais, 1976 , agus tá le “feirmeoireacht” an bhrí chéanna atá leis i gCaibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1974 .

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Athnuachan Uirbeach: Faoiseamh ó Cháin Ioncaim agus ó Cháin Chorparáide

Alt 41.

CUID I

Léiriú

Sa Sceideal seo—

folaíonn “mórbhealach” aon bhóthar, sráid, lána, plás, cé, ardán, rae, cearnóg, cnoc, paráid, diamant, cúirt, droichead, cainéal agus abhainn;

tagairt do líne arna tarraingt feadh aon mhórbhealaigh is tagairt í do líne arna tarraingt feadh lár an mhórbhealaigh sin;

tagairt d'fhadú aon mhórbhealaigh is tagairt í d'fhadú líne arna tarraingt feadh lár an mhórbhealaigh sin;

tagairt don phointe mar a dtrasnaíonn aon mhórbhealach nó fadú aon mhórbhealaigh aon mhórbhealach nó fadú mórbhealaigh eile nó don phointe mar a mbuaileann siad le chéile is tagairt í don phointe mar a ndéanfaí líne arna tarraingt feadh lár mórbhealaigh amháin, nó i gcás fadú mórbhealaigh, feadh an fhadaithe a thrasnú ag líne arna tarraingt feadh lár an mhórbhealaigh eile nó, i gcás fadú eile mórbhealaigh, feadh an fhadaithe eile nó don phointe mar a mbuailfeadh siad le chéile;

tagairt do phointe mar a dtrasnaíonn aon mhórbhealach nó fadú mórbhealaigh teorainn nó do phointe mar a mbuaileann sé leis an teorainn sin is tagairt í don phointe mar a ndéanfadh líne arna tarraingt feadh lár an mhórbhealaigh sin nó, i gcás fadú mórbhealaigh, feadh an fhadaithe, an teorainn sin a thrasnú nó don phointe mar a mbuailfeadh an líne sin leis an teorainn sin.

CUID II

Tuairisc ar Limistéar Duganna Theach an Chustaim

An chuid sin de chontaebhuirg Bhaile Átha Cliath a theorannaítear le líne a thosaíonn ag an bpointe (dá ngairtear “an pointe is túisce a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) mar a ndéanfaí líne arna tarraingt feadh fhadú siar theorainn thuaidh Ché Theach an Chustaim a thrasnú ag líne arna tarraingt feadh Bhóthar an Chuimhneacháin, a leanann ansin ó thuaidh feadh Bhóthar an Chuimhneacháin agus Sráid Amiens go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Shirriam Íochtarach, a leanann ansin, soir i dtosach, feadh Shráid Shirriam Íochtarach agus Shráid an Choimínis go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí fadú soir theorainn thuaidh Ché Theach an Chustaim, agus a leanann ansin siar feadh an fhadaithe sin agus feadh na teorann sin agus feadh fhadú siar na teorann sin go dtí an pointe is túisce a luadh.

CUID III

Tuairisc ar Limistéir Ainmnithe i mBaile Átha Cliath (seachas Limistéar Duganna Theach an Chustaim)

Na Céanna

An chuid sin de chontaebhuirg Bhaile Átha Cliath a theorannaítear le líne a thosaíonn ag an bpointe (dá ngairtear “an pointe is túisce a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) mar a dtrasnaíonn fadú ó thuaidh Lána an Phrísigh an Life, a leanann ansin ó dheas feadh an fhadaithe sin agus feadh Lána an Phrísigh go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid na Tuinne, a leanann ansin siar feadh Shráid na Tuinne, Bharra an Teampaill agus Shráid Essex Thoir go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Lána an Chraein, a leanann ansin feadh Lána an Chraein go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid an Dáma, a leanann ansin siar feadh Shráid an Dáma agus Chnoc Chorcaí go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid an Tiarna Éadbhard, a leanann ansin feadh Shráid an Tiarna Éadbhard, Phlás Theampall Chríost agus Shráid Niocláis go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an Lána Cúil, a leanann ansin feadh an Lána Chúil, Mhargadh an Arbhair, Shráid an Droichid Uachtarach, Gheata Ghormáin,Mhuileann an Chaca, Shráid Oilibhéir de Bond agus Lána Mharascail go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí Lána Marshalsea, a leanann ansin, ó thuaidh i dtosach, feadh Lána Marshalsea go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Bonham, a leanann ansin siar feadh Shráid Bonham go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Watling, a leanann ansin ó thuaidh feadh Shráid Watling agus Dhroichead Ruairí Uí Mhóra go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí an Life, a leanann ansin siar feadh na Life go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí fadú ó dheas (dá ngairtear “an dara fadú a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) Shráid na Life Thiar, a leanann ansin o thuaidh feadh an dara fadú a luadh agus feadh Shráid na Life Thiar go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid na Binne Boirbe, a leanann ansin soir feadh Shráid na Binne Boirbe go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid na Banríona, a leanann ansin ó thuaidh feadh Shráid na Banríona go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le hArdán Ché Árann, a leanann ansin soir feadh Ardán Ché Árann agus feadh fhadú soir Ardán Ché Árann go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí fadú siar ó thuaidh (dá ngairtear “an tríú fadú a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) Shráid an Fhionnuisce Thuaidh, a leanann ansin soir feadh an tríú fadú a luadh, feadh Shráid an Fhionnuisce Thuaidh agus feadh Lána an Chrochaire go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid an Teampaill, a leanann ansin ó thuaidh feadh Shráid an Teampaill go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid na Seansaireachta, a leanann ansin soir feadh Shráid na Seansaireachta go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Árann Thoir, a leanann ansin ó dheas feadh Shráid Árann Thoir go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Bheag na Trá, a leanann ansin feadh Shráid Bheag na Trá agus Shráid Mhór na Trá go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid na Life Íochtarach, a leanann ansin ó thuaidh feadh Shráid na Life Íochtarach, go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis na Scaireanna, a leanann ansin feadh na Scaireanna go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Rae Mhic Uilliam, a leanann ansin ó dheas feadh Rae Mhic Uilliam agus feadh fhadú ó dheas Rae Mhic Uilliam go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí an Life, a leanann ansin siar feadh na Life go dtí an pointe is túisce a luadh.

An Lárchathair Thuaidh

An chuid sin de chontaebhuirg Bhaile Átha Cliath a theorannaítear le líne a thosaíonn ag an bpointe (dá ngairtear “an pointe is túisce a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) mar a dtrasnaíonn Sráid na Mainistreach Íochtarach Sráid Maoilbhríde, a leanann ansin ó thuaidh feadh Shráid Maoilbhríde go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Parnell, a leanann ansin siar ó dheas feadh Shráid Parnell go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Rae Uí Chíobháin, a leanann ansin feadh Rae Uí Chíobháin, Chearnóg Parnell Thoir agus Shráid na nGort Arbhair go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Hardwicke, a leanann ansin feadh Shráid Hardwicke go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Plás Hardwicke, a leanann ansin ó thuaidh feadh Phlás Hardwicke go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Dorset Íochtarach, a leanann ansin feadh Shráid Dorset Íochtarach go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Ghairnéir Uachtarach, a leanann ansin feadh Shráid Ghairnéir Uachtarach go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Shéathra Uachtarach, a leanann ansin feadh Shráid Shéathra Uachtarach go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an gCuarbhóthar Thuaidh, a leanann ansin soir feadh an Chuarbhóthair Thuaidh go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Lána Mhic Giobúin, a leanann ansin soir ó dheas feadh Lána Mhic Giobúin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Mhic Giobúin, a leanann ansin soir ó thuaidh feadh Shráid Mhic Giobúin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Lána Shéarlais, a leanann ansin feadh Lána Shéarlais go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Mhór Shéarlais, a leanann ansin siar ó dheas feadh Shráid Mhór Shéarlais go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí fadú siar ó thuaidh theorainn thiar theas Chúirt Mhait Talbóid, a leanann ansin soir ó dheas feadh an fhadaithe sin, feadh na teorann thiar theas sin agus feadh fhadú soir ó dheas na teorann thiar theas sin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le teorainn thiar thuaidh bhusáras Chóras Iompair Éireann, a leanann ansin siar ó dheas feadh na teorann thiar thuaidh sin go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí teorainn thoir thuaidh Phlás Mhuinseo, a leanann ansin soir ó dheas feadh na teorann thoir thuaidh sin agus na hiarshráide dá ngairtí Plás Hutain go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Cnoc an tSamhraidh, a leanann ansin siar ó dheas feadh Chnoc an tSamhraidh go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an lána céimnithe a cheanglaíonn Cnoc an tSamhraidh le Plás Gloucester Uachtarach, a leanann ansin siar ó dheas feadh Phlás Gloucester Uachtarach go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Plás Gloucester, a leanann ó dheas ansin feadh Phlás Gloucester, Dhiamant Gloucester, Phlás Gloucester Íochtarach agus Shráid an Bhardais, a leanann ansin, ó dheas i dtosach, feadh Shráid na Stór agus feadh an chuid sin de Shráid na Stór ar an taobh thiar thuaidh de Bhusáras go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Plás Beresford, a leanann ansin siar feadh Phlás Beresford go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid na Mainistreach Íochtarach, a leanann ansin feadh Shráid na Mainistreach Íochtarach go dtí an pointe is túisce a luadh.

Sráid Henrietta

An chuid sin de chontaebhuirg Bhaile Átha Cliath a theorannaítear le líne a thosaíonn ag an bpointe (dá ngairtear “an pointe is túisce a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) mar a dtrasnaíonn fadú siar ó thuaidh Lána Henrietta teorainn thoir Óstaí an Rí, a leanann ansin, soir ó dheas i dtosach, feadh an fhadaithe sin, feadh Lána Henrietta agus Phlás Henrietta go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí fadú soir ó dheas (dá ngairtear “an dara fadú a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) theorainneacha thiar theas uimhreacha 11, 12, 13, 14 agus 15 Sráid Henrietta, a leanann ansin siar ó thuaidh feadh an dara fadú a luadh, feadh na dteorainneacha thiar theas sin agus feadh fhadú siar ó thuaidh (dá ngairtear “an fadú is deireanaí a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) na dteorainneacha thiar theas sin go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn an fadú is deireanaí a luadh teorainn thoir Chlárlann na nGníomhas, a leanann ansin ó thuaidh feadh theorainn thoir Chlárlann na nGníomhas agus Óstaí an Rí go dtí an pointe is túisce a luadh.

CUID IV

Tuairisc ar Limistéir Ainmnithe i gCorcaigh

An Lárchathair

An chuid sin de chontaebhuirg Chorcaí a theorannaítear le líne a thosaíonn ag an bpointe (dá ngairtear “an pointe is túisce a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) mar a mbuaileann Droichead Naomh Uinseann le Plás Grenville, a leanann ansin siar ó dheas feadh Phlás Grenville, Shraith an Radhairc agus Shráid Woods go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn fadú ó dheas Shráid Woods cainéal theas na Laoi, a leanann ansin, soir i dtosach, feadh an chainéil sin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le fadú ó thuaidh (dá ngairtear “an dara fadú a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) Shráid Sharman Crawford, a leanann ansin ó dheas feadh an dara fadú a luadh agus feadh Shráid Sharman Crawford go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid an Easpaig, a leanann ansin soir feadh Shráid an Easpaig go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid an Déin, a leanann ansin feadh Shráid an Déin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid an Bhiocáire, a leanann ansin feadh Shráid an Bhiocáire go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid na Beairice, a leanann ansin soir ó thuaidh feadh Shráid na Beairice go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Cearnóg Reid, a leanann ansin feadh Chearnóg Reid go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid an Tionscail, a leanann ansin soir ó thuaidh feadh Shráid an Tionscail go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an tSráid Shíorghlas, a leanann ansin soir ó dheas feadh na Sráide Síorghlaise go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid na Mainistreach, a leanann ansin feadh Shráid na Mainistreach agus Shráid na Dúghlaise go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Niocláis, a leanann ansin feadh Shráid Niocláis go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an tSráid Shíorghlas, a leanann ansin soir ó dheas feadh na Sráide Síorghlaise go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Bóthar Chumann na gCairde, a leanann ansin feadh Bhóthar Chumann na gCairde go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Cnoc an tSamhraidh Theas, a leanann ansin ó thuaidh feadh Chnoc an tSamhraidh Theas go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid na Dúghlaise, a leanann ansin siar ó thuaidh feadh Shráid na Dúghlaise go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sraith Langford, a leanann ansin feadh Shraith Langford agus Bóthar na hOtharlainne go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an Ardán Theas, a leanann ansin feadh an Ardáin Theas go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Mhic Coitir, a leanann ansin feadh Shráid Mhic Coitir go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Lána an Stábla, a leanann ansin feadh Lána an Stábla go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Copley, a leanann ansin siar feadh Shráid Copley agus feadh fhadú siar (dá ngairtear “an tríú fadú a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) Shráid Copley go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn an tríú fadú a luadh cainéal theas na Laoi, a leanann ansin, siar ó dheas i dtosach, feadh an chainéil sin go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí Droichead Uí Chléirigh, a leanann ansin ó thuaidh feadh Dhroichead Uí Chléirigh agus Shráid Wandesford go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Hanover, a leanann ansin soir feadh Shráid Hanover go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an bPríomhshráid Theas, a leanann ansin ó thuaidh feadh na Príomhshráide Theas go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid an Tóibínigh, a leanann ansin feadh Shráid an Tóibínigh go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid an Chapaill Bhuí, a leanann ansin ó thuaidh feadh Shráid an Chapaill Bhuí go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Naomh Agaistín, a leanann ansin feadh Shráid Naomh Agaistín go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an bPríomhshráid Theas, a leanann ansin ó thuaidh feadh na Príomhshráide Theas go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid na Saoirse, a leanann ansin siar feadh Shráid na Saoirse go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Mhig Reachtain, a leanann ansin ó thuaidh feadh Shráid Mhig Reachtain agus feadh a fadaithe (dá ngairtear “an ceathrú fadú a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) go dtí an pointe mar a mbuaileann an ceathrú fadú a luadh le cainéal thuaidh na Laoi, a leanann ansin soir feadh an chainéil sin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le fadú ó dheas Lána na Farantóireachta, a leanann ansin ó thuaidh feadh an fhadaithe ó dheas sin agus feadh Lána na Farantóireachta go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Doiminic, a leanann ansin siar feadh Shráid Doiminic go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Naomh Proinsias, a leanann ansin ó thuaidh feadh Shráid Naomh Proinsias go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Sheáin Réamonn, a leanann ansin siar feadh Shráid Sheáin Réamonn go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid an Mhalartáin, a leanann ansin feadh Shráid an Mhalartáin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid na hEaglaise, a leanann ansin siar feadh Shráid na hEaglaise go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid an tSeandúin, a leanann ansin ó dheas feadh Shráid an tSeandúin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le hAibhinne Mhargadh na hAirnéise, a leanann ansin feadh Aibhinne Mhargadh na hAirnéise go dtí an pointe mar a gcéadbhuaileann sí le Plás an tSeanmhargaidh, a leanann ansin ó dheas feadh Phlás an tSeanmhargaidh go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid na Blárnan, a leanann ansin siar feadh Shráid na Blárnan go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Bailtíní na Carraige, a leanann ansin, ó dheas i dtosach, feadh Bhailtíní na Carraige agus feadh an lána chéimnithe a cheanglaíonn Bailtíní na Carraige le hIostáin na Carraige go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le hIostáin na Carraige, a leanann ansin, soir i dtosach, feadh Iostáin na Carraige agus Lána Crispin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an Meal Thuaidh, a leanann ansin siar feadh an Mheal Thuaidh go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Droichead Naomh Uinseann, a leanann ansin ó dheas feadh Dhroichead Naomh Uinseann go dtí an pointe is túisce a luadh.

An Linn Dubh

An chuid sin de chontaebhuirg Chorcaí a theorannaítear le líne a thosaíonn ag an bpointe (dá ngairtear “an pointe is túisce a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) mar a mbuaileann Bóthar Popham le Bóthar na gCoimíní, a leanann ansin, ó dheas i dtosach, feadh Bhóthar na gCoimíní agus Dhroichead na Linne Duibhe go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Thomáis Dáibhis, a leanann ansin ó thuaidh feadh Shráid Thomáis Dáibhis, Shráid Bhaile Átha Cliath agus Bhóthar na Ceárta Deirge go dtí an pointe (dá ngairtear “an pointe is deireanaí a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) mar a dtrasnaíonn fadú siar theorainn thuaidh uimhir 1 Cnoc Bhaile Átha Cliath Íochtarach Bóthar na Ceárta Deirge, a leanann ansin siar feadh líne a cheanglaíonn an pointe is deireanaí a luadh leis an bpointe is túisce a luadh.

CUID V

Tuairisc ar Limistéar Ainmnithe Luimnigh

An chuid sin de chontaebhuirg Luimnigh a theorannaítear le líne a thosaíonn ag an bpointe (dá ngairtear “an pointe is túisce a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) mar a mbuaileann Cé Artúir le Sráid Phroinsias, a leanann ansin siar ó thuaidh feadh fhadú siar ó thuaidh Shráid Phroinsias go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí an tSionainn, a leanann ansin, ó thuaidh i dtosach, feadh na Sionainne go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le fadú siar ó dheas (dá ngairtear “an dara fadú a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) bhalla thoir theas Chaisleán Rí Eoin, a leanann ansin soir ó thuaidh feadh an dara fadú a luadh agus feadh an bhalla sin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le fadú siar ó thuaidh (dá ngairtear “an tríú fadú a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) Ascaill Churaidh an Ghabhair, a leanann ansin soir ó dheas feadh an tríú fadú a luadh agus feadh Ascaill Churaidh an Ghabhair go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Lána Gheata Nua, a leanann ansin siar ó dheas feadh Lána Gheata Nua go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Rae an Chrosánaigh, a leanann ansin soir ó dheas feadh Rae an Chrosánaigh go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Plás San Agaistín, a leanann ansin siar ó dheas feadh Phlás San Agaistín go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Cé na gCeannaithe, a leanann ansin feadh Ché na gCeannaithe go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid an Droichid, a leanann ansin ó dheas feadh Shráid an Droichid agus Dhroichead Mhaitiais go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Plás an Bhainc, a leanann ansin, soir ó thuaidh i dtosach, feadh Phlás an Bhainc, Ché Shéarlait agus Ché na Comhla Uisce go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Lána Uí Chomhraí, a leanann ansin ó dheas feadh Lána Uí Chomhraí go dtí an pointe mar a gcéadbhuaileann sí le Seansráid an Chláir, a leanann ansin feadh Sheansráid an Chláir go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Plás Uí Shúilleabháin, a leanann ansin feadh Phlás Uí Shúilleabháin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Lána Uí Mhóra, a leanann ansin feadh Lána Uí Mhóra go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Lile Naofa, a leanann ansin ó dheas feadh Shráid Lile Naofa go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an mBóthar Nua, a leanann ansin siar ó dheas feadh an Bhóthair Nua go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Eoin, a leanann ansin siar ó thuaidh feadh Shráid Eoin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid an Teampaill, a leanann ansin feadh Shráid an Teampaill go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Seansráid Phroinsias, a leanann ansin siar ó thuaidh feadh Sheansráid Phroinsias go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Mhangairit, a leanann ansin soir ó thuaidh feadh Shráid Mhangairit go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an mbealach coisithe atá suite taobh le teorainn thoir thuaidh uimhir 72 Sráid Mhangairit, a leanann ansin siar ó thuaidh feadh an bhealaigh coisithe sin agus feadh a fhadaithe siar ó thuaidh go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le teorainn thoir theas Chúirt Teamhrach, a leanann ansin soir ó thuaidh feadh na teorann sin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an gcosán atá suite taobh le teorainneacha thuaidh Chúirt Teamhrach agus Chúirt Mhichíl Naofa, a leanann ansin feadh an chosáin sin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Mhichíl, a leanann ansin siar ó dheas feadh Shráid Mhichíl go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Rae Phúinse, a leanann ansin soir feadh Rae Phúinse go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Uí Charra, a leanann ansin ó dheas feadh Shráid Uí Charra go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Eibhlín, a leanann ansin feadh Shráid Eibhlín go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Phádraig, a leanann ansin siar ó dheas feadh Shráid Phádraig go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Cé Uí Eoghanáin, a leanann ansin feadh Ché Uí Eoghanáin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Cé Artúir, a leanann ansin feadh Ché Artúir go dtí an pointe is túisce a luadh.

CUID VI

Tuairisc ar Limistéar Ainmnithe Phort Láirge

An chuid sin de chontaebhuirg Phort Láirge a theorannaítear le líne a thosaíonn ag an bpointe (dá ngairtear “an pointe is túisce a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) mar a mbuaileann Cé Mheachair le Sráid Gladstone, a leanann ansin ó dheas feadh Shráid Gladstone go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Uí Chonaill, a leanann ansin siar feadh Shráid Uí Chonaill go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Lána Sháirgeant, a leanann ansin ó dheas feadh Lána Sháirgeant go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le hArdán an Rí, a leanann ansin, soir ó dheas i dtosach, feadh Ardán an Rí, Pháirc Charraigín agus Shráid Stiofáin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Mhic Alsandair, a leanann ansin soir feadh Shráid Mhic Alsandair go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Mhicil, a leanann ansin ó thuaidh feadh Shráid Mhicil go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Lána Mhuire, a leanann ansin soir feadh Lána Mhuire go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Plás Phroinsias Naofa, a leanann ansin ó thuaidh feadh Phlás Phroinsias Naofa agus Shráid Olaf go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an tSráid Mhór, a leanann ansin siar feadh na Sráide Móire agus feadh Shráid na nDúbhráithre go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Leathan, a leanann ansin ó thuaidh feadh Shráid Leathan agus feadh Shráid na mBioránach go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Cé Mheachair, a leanann ansin siar feadh Ché Mheachair go dtí an pointe is túisce a luadh.

CUID VII

Tuairisc ar Limistéar Ainmnithe na Gaillimhe

An chuid sin de chontaebhuirg na Gaillimhe a theorannaítear le líne a thosaíonn ag an bpointe (dá ngairtear “an pointe is túisce a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) mar a dtrasnaíonn an Choirib fadú siar ó dheas Bhóthar na gCeannaithe Íochtarach, a leanann ansin, soir ó thuaidh i dtosach, feadh an fhadaithe sin, feadh Bhóthar na gCeannaithe Íochtarach agus Bhóthar na gCeannaithe go dtí an pointe mar a mbuaileann Bóthar na gCeannaithe le Plás Victoria, a leanann ansin siar ó thuaidh feadh Phlás Victoria go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí fadú soir ó thuaidh (dá ngairtear “an dara fadú a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) theorainn thoir theas fhoirgneamh Bhanc na hÉireann (Brainse Náisiúnta), a leanann ansin, siar ó dheas i dtosach, feadh an dara fadú a luadh agus feadh na teorann thoir theas sin agus feadh theorainneacha thiar theas agus thiar thuaidh charrchlós an bhainc go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an gcuid thiar theas de Lána an Phinniúir, a leanann ansin siar ó thuaidh feadh Lána an Phinniúir go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Gheata Liam, a leanann ansin, siar ó dheas i dtosach, feadh Shráid Gheata Liam agus Shráid Liam go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid na Súdairí, a leanann ansin soir ó dheas feadh Shráid na Súdairí go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an tSráid Mheánach, a leanann ansin siar ó dheas feadh na Sráide Meánaí go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Trasna Íochtarach, a leanann ansin siar ó thuaidh feadh Shráid Trasna Íochtarach go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid na Céibhe, a leanann ansin siar ó dheas feadh Shráid na Céibhe agus Dhroichead Wolfe Tone go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí an Choirib, a leanann ansin soir ó dheas feadh na Coiribe go dtí an pointe is túisce a luadh.

AN CÚIGIÚ SCEIDEAL

Na Rátaí Dleachta Máil ar Tháirgí Tobac

Alt 63.

An Cineál Táirge

An Ráta Dleachta

Toitíní...

...

...

...

...

£35.80 an míle mar aon le méid is ionann agus 14.57 faoin gcéad den phraghas ar a miondíoltar na toitíní.

Todóga

...

...

...

...

£54.108 an cileagram

Cavendish nó negrohead

...

...

£54.678 an cileagram

Tobac cruafháiscthe

...

...

...

£34.967 an cileagram

Tobac píopa eile

...

...

...

£43.955 an cileagram

Tobac eile chun a chaite ina dheatach nó

chun a choganta

...

...

...

£45.660 an cileagram

AN SÉÚ SCEIDEAL

Na Rátaí Dleachta Máil ar Leann Úll agus Leann Piorraí

Alt 66.

An Cineál Leanna Úll agus Leanna Piorraí

An Ráta Dleachta

Nach mó ná 6% toirte a neart alcóil iarbhír de réir toirte

£0.73 an galún

Ar mó ná 6% toirte ach nach mó ná 8.7% toirte a neart alcóil iarbhír de réir toirte     ...     ...     ...     ...

£3.17 an galún

Ar mó ná 8.7% toirte a neart alcóil iarbhír de réir toirte

£9.09 an galún

AN SEACHTÚ SCEIDEAL

Na Rátaí Dleachta Máil ar Bhiotáille

Alt 66.

An Cineál Biotáille

An Ráta Dleachta

Aon chineál biotáille nach luaitear anseo ina dhiaidh seo, agus meascáin agus ullmhóidí allmhairithe ina bhfuil biotáille     ...     ...

£19.522 an lítear alcóil sa bhiotáille

Biotáille chumhraithe allmhairithe a bheidh taifeadta i slí a léireoidh nach bhfuil an neart le tástáil     ...     ...     ...     ...

£17.765 an lítear

Licéir, coirdéil, meascáin agus ullmhóidí eile allmhairithe, sa bhuidéal, a bheidh taifeadta i slí a léireoidh nach bhfuil an neart le tástáil     ...     ...     ...     ...

£15.031 an lítear

AN tOCHTÚ SCEIDEAL

Na Rátaí Dleachta Máil ar Fhíon agus ar Fhíon Déanta

An Cineál Fíona agus Fíona Dhéanta

An Ráta Dleachta

Neamhdhrithleach:

Nach mó ná 15% toirte a neart alcóil iarbhír de réir toirte

£2.00 an lítear

Ar mó ná 15% toirte a neart alcóil iarbhír de réir toirte

£2.90 an lítear

Drithleach     ...     ...     ...     ...     ...     ...     ...

£4.00 an lítear

Fíon agus Fíon Déanta, drithleach nó neamhdhrithleach, ar mó ná 22% toirte a neart alcóil iarbhír de réir toirte:

Dleacht bhreise in aghaidh gach 1% toirte nó gach codán de 1% toirte os cionn 22% toirte     ...     ...     ...     ...

£0.23 an lítear

1I.O. Uimh. L145/1 de 13.6.1977.