34 1986

/images/harp.jpg


Uimhir 34 de 1986


AN tACHT CÁNACH IONCAIM (LEASÚ), 1986


RIAR NA nALT

Alt

1.

Leasú ar alt 110 (na daoine is inmhuirearaithe agus méid an mhuirir) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

2.

Gearrtheideal agus forléiriú.


An tAcht dá dTagraítear

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967

1967, Uimh. 6

/images/harp.jpg


Uimhir 34 de 1986


AN tACHT CÁNACH IONCAIM (LEASÚ), 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ, LE hÉIFEACHT ÓN 6ú LÁ d'AIBREÁN, 1973, FORÁLACHA ÁIRITHE DEN ACHT CÁNACH ION-CAIM, 1967 . [19 Nollaig, 1986]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 110 (na daoine is inmhuirearaithe agus méid an mhuirir) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1. —Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 110, le héifeacht ón 6ú lá d'Aibreán, 1973:

“110.—(1) Déanfar cáin faoi Sceideal E a mhuirearú go bliantúil ar gach duine a mbeidh aige, nó a mbeidh á feidhmiú aige, oifig nó fostaíocht bhrabúis a luaitear sa Sceideal sin, nó arb iníoctha leis aon bhlianacht, pinsean, nó stipinn, is inmhuirearaithe faoin Sceideal sin, i leith na dtuarastal, na dtáillí, an phá, na bpeircisí nó na mbrabús uile de shórt ar bith uathu agus ríomhfar í:—

(a) i gcás díolaíochtaí a ndéantar forálacha Chaibidil IV den Chuid seo a fheidhmiú ina leith le halt 125, ar mhéid na ndíolaíochtaí sin don bhliain mheasúnachta, agus ní ar shlí eile;

(b) i gcás aon oifige nó fostaíochta a shealbhaítear nó a fheidhmítear, go hócáideach nó ó am go ham, sa Stát ag duine nach bhfuil ina chónaí ann go leanúnach, ar mhéid na dtuarastal, na dtáillí, an phá, na bpeircisí nó na mbrabús uile sin de shórt ar bith uathu don bhliain mheasúnachta;

(c) in aon chás eile, faoi réir fhorálacha alt 111, ar mhéid na dtuarastal, na dtáillí, an phá, na bpeircisí, nó na mbrabús sin uile de shórt ar bith uathu don bhliain roimh an mbliain mheasúnachta.

(2) San alt seo ciallaíonn ‘díolaíochtaí’ aon ní is inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim faoi Sceideal E.”.

Gearrtheideal agus forléiriú.

2. —(1) Féadfar an tAcht Cánach Ioncaim (Leasú), 1986 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna Cánach Ioncaim mar aon ní amháin.