5 1987

/images/harp.jpg


Uimhir 5 de 1987


AN tACHT UM ÚDARÁS NA GAELTACHTA (LEASÚ), 1987


RIAR NA nALT

Alt

1.

Gearrtheideal agus comhlua.

2.

Leasú ar alt 23 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979.


An tAcht dá dTagraítear

An tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979

1979, Uimh. 5

/images/harp.jpg


Uimhir 5 de 1987


AN tACHT UM ÚDARÁS NA GAELTACHTA (LEASÚ), 1987


ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM ÚDARÁS NA GAEL-TACHTA, 1979 . [30 Bealtaine, 1987]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Gearrtheideal agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1987 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, 1979 agus 1987, a ghairm den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979 , agus den Acht seo le chéile.

Leasú ar alt 23 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979 .

2. —Leasaítear leis seo alt 23 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979 , trí “£60,000,000” a chur in ionad “£50,000,000” i bhfo-alt (4) agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(4) Ní rachaidh comhiomlán na suimeanna a bheidh airleactha faoin alt seo agus a bheidh gan aisíoc thar £60,000,000 aon tráth áirithe.