|
||||
|
[EN] | ||||||||
| ||||||||
Uimhir 22 de 1987 | ||||||||
[EN] |
AN tACHT UM NÍTRIGIN ÉIREANN TEORANTA, 1987 | |||||||
RIAR NA nALT | ||||||||
| ||||||||
| ||||||||
| ||||||||
Uimhir 22 de 1987 | ||||||||
AN tACHT UM NÍTRIGIN ÉIREANN TEORANTA, 1987 | ||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM NÍTRIGIN ÉIREANN TEORANTA, 1963 GO 1981. [24 Samhain, 1987] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | |||
[EN] |
An tAire do ráthú iasachtaí. |
1. —Leasaítear leis seo alt 7 den Acht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963 , trí “£180,000,000” a chur in ionad “£150,000,000” (a cuireadh isteach leis an Acht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1981 ) i bhfo-alt (2), agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |
| |||
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1987 , a ghairm den Acht seo. | |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963 go 1987, a ghairm de na hAchtanna um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963 go 1981, agus den Acht seo le chéile. |