|
||||
|
[EN] | ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
Uimhir 2 de 1989 | ||||||||||||||||
[EN] |
AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (LEASÚ), 1989 | |||||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
Uimhir 2 de 1989 | ||||||||||||||||
AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (LEASÚ), 1989 | ||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ ALT 13 DEN ACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (LEASÚ), 1980 , CHUN A FHEIDH-MIÚ I nDÁIL LE TIONÓNTÁIN ÁIRITHE I LIMISTÉAR DUGANNA THEACH AN CHUSTAIM A SHRIANADH. | ||
[1 Márta, 1989] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Leasú ar alt 13 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1980 . |
1. —Leasaítear leis seo alt 13 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1980 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2): |
[EN] | “(3) (a) Ní mheasfar gur áitiú chun críocha mhír (a) nó (b) d'fho-alt (1) aon áitiú ag duine nó ag a réamhtheachtaithe i dteideal, faoi léas nó faoi chonradh eile tionóntachta, ar thionóntán i Limistéar Duganna Theach an Chustaim (de réir bhrí alt 41 den Acht Airgeadais, 1986 ), is tionóntán atá á úsáid bona fide an tráth a dtosaítear á áitiú faoin léas nó faoin gconradh tionóntachta, agus a n-údaraíonn nó a gceanglaíonn an léas nó an conradh sin go sainráite é a úsáid, go hiomlán nó go páirteach chun gníomhaíocht a sheoladh arb éard í nó ar cuid di oibríocht trádála iomchuí de réir bhrí alt 39B (a cuireadh isteach le halt 30 den Acht Airgeadais, 1987 , arna leasú le halt 36 den Acht Airgeadais, 1988 ) den Acht Airgeadais, 1980 , nó atá á úsáid bona fide chun ullmhú le haghaidh seoladh gníomhaíochta den sórt sin. | |
[EN] | (b) I gcás feidhm a bheith ag an bhfo-alt seo, de bhua mhír | |
[EN] | (a), i ndáil le háitiú— | |
[EN] | (i) beidh feidhm aige freisin maidir le háitiú faoin léas nó faoin gconradh lena mbaineann tráth ar bith nach mbeidh an tionóntán lena mbaineann á úsáid níos mó chun gníomhaíocht den chineál a dúradh a sheoladh, agus | |
[EN] | (ii) beidh feidhm aige i ndáil leis an tionóntán go léir, nó cuid den tionóntán, a áitiú faoi aon léas nó conradh tionóntachta eile a bheidh i bhfeidhm le linn ré iomlán nó cuid de ré an chéad léasa nó conartha tionóntachta a luadh agus a dhéantar tar éis an chéad léas nó chonradh tionóntacha a luadh a dhéanamh. | |
[EN] | (4) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (3) ach amháin i ndáil le léas nó conradh eile tionóntachta a dtosaíonn a théarma le linn na tréimhse 5 bliana ó dháta rite an Achta um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1989 , nó cibé tréimhse is faide ná sin a bheidh sonraithe de thuras na huaire i rialacháin arna ndéanamh ag an Aire tráth ar bith le linn na tréimshe 5 bliana sin nó le linn tréimhse a bheidh sonraithe amhlaidh. | |
(5) Déanfar dréacht de gach rialachán a bheartaítear a dhéanamh faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an rialachán go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.”. | ||
[EN] |
Gearrtheideal forléiriú agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1989 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Déanfar na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1967 go 1987, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1967 go 1989, a ghairm díobh le chéile. |