8 1989

/images/harp.jpg


Uimhir 8 de 1989


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ), 1989


RIAR NA nALT

Alt

1.

“Acht 1963”.

2.

Leasú ar alt 91 d'Acht 1963.

3.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Toghcháin, 1963

1963, Uimh. 19

Na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1986

An tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979

1979, Uimh. 5

/images/harp.jpg


Uimhir 8 de 1989


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ), 1989

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ALT 91 DEN ACHT TOGHCHÁIN, 1963 .

[9 Bealtaine, 1989]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

“Acht 1963”.

1. —San Acht seo ciallaíonn “Acht 1963” an tAcht Toghcháin, 1963 .

Leasú ar alt 91 d'Acht 1963.

2. —Leasaítear leis seo alt 91 d'Acht 1963—

(a) i bhfo-alt (1), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(cc) an vótaíocht i dtoghchán chun comhaltaí a thoghadh d'Údarás na Gaeltachta faoin Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979 ;”, agus

(b) i bhfo-alt (5), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) an tslí ina ndéanfar costais tógála na vótaíochtaí lena mbaineann a chionroinnt idir cibé ceann díobh seo a leanas a d'íocfadh, murach an fhoráil seo, costais na vótaíochtaí lena mbaineann, is é sin le rá, an Príomh-Chiste, an t-údarás áitiúil nó na húdaráis áitiúla (de réir bhrí Chuid VI den Acht seo) lena mbaineann agus Aire na Gaeltachta.”.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú), 1989 , a ghairm den Acht seo agus forléireofar é le chéile leis na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1986, mar aon Acht amháin.

(2) Féadfar na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1989, a ghairm den Acht seo agus de na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1986, le chéile.