|
||||
|
[EN] | ||||||||||||
| ||||||||||||
Uimhir 12 de 1989 | ||||||||||||
[EN] |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (UIMH. 2), 1989 | |||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||
| ||||||||||||
| ||||||||||||
| ||||||||||||
Uimhir 12 de 1989 | ||||||||||||
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (UIMH. 2), 1989 | ||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1981 GO 1989. [7 Meitheamh, 1989] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Cúnamh dífhostaíochta — lánúineacha. |
1. —Leasaítear leis seo alt 12 (arna leasú le halt 25 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1988 ) den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1985 — |
[EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): | |
[EN] | “(1) I gcás lánúin a bhfuil an bheirt acu i dteideal cúnamh dífhostaíochta a íoc leo, ní rachaidh an méid iomlán is iníoctha leo de bhun Chaibidil 2 de Chuid III den Phríomh-Acht thar an méid a bheadh iníoctha sa chás nach raibh ach aon duine amháin díobh i dteideal cúnamh dífhostaíochta a íoc leis agus gur chleithiúnaí aosaithe an duine eile, agus beidh gach duine acu i dteideal leath an méid a íoc leis a bheadh iníoctha leis dá mba é an duine eile a chleithiúnaí aosaithe.”, agus | |
[EN] | (b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3): | |
[EN] | “(4) I gcás duine de lánúin a bheith i dteideal sochair míchumais, sochair dífhostaíochta, sochair díobhála, pinsin míthreorach, pinsin seanaoise (ranníocach), pinsin seanaoise, pinsin scoir nó pinsin easláine, agus an duine eile a bheith i dteideal cúnaimh dífhostaíochta, ní rachaidh iomlán an méid is iníoctha leo, ar mhodh an tsochair nó an phinsin sin, de réir mar a bheidh, agus an chúnaimh dífhostaíochta sin (dá ngairtear‘an méid iomchuí’san fho-alt seo) thar an méid iomlán sochair nó pinsin, de réir mar a bheidh, nó an méid iomlán cúnaimh dífhostaíochta, cibé acu is mó (dá ngairtear ‘an méid is mó’san fho-alt seo) a bheadh, iníoctha sa chás nach mbeadh ach aon duine amháin den lánúin ag fáil sochair, pinsin nó cúnaimh dífhostaíochta, de réir mar a bheidh, agus go raibh méadú i leith an duine eile mar a chleithiúnaí aosaithe ar áireamh sa sochar, sa phinsean nó sa chúnamh dífhostaíochta; agus i gcás gur mhó, murach an fo-alt seo, an méid iomchuí ná an méid is mó, déanfar an méid cúnaimh dífhostaíochta is iníoctha leis an gcéile atá i dteideal an chúnaimh dífhostaíochta sin a laghdú de mhéid na breise. | |
[EN] | (5) San alt seo ciallaíonn ‘lánúin’ lánúin phósta atá in aontíos nó fear agus bean nach bhfuil pósta le chéile ach atá ag maireachtáil i bhfochair a chéile mar fhearchéile agus banchéile. | |
[EN] | (6) I bhfo-alt (4) den alt seo ciallaíonn ‘céile’ gach duine de lánúin i ndáil leis an duine eile.”. | |
[EN] |
Éilimh áirithe. |
2. —(1) Duine a éilíonn nó a d'éiligh, an 9ú lá de Bhealtaine, 1989, nó dá éis, i leith tréimhse roimh dháta an Achta seo a rith, cúnamh dífhostaíochta de mhéid nach mbeadh sé ina theideal dá mbeadh alt 12 infheidhme, ní bheidh sé i dteideal an cúnamh sin a íoc leis ach amháin de réir alt 12. |
[EN] | (2) (a) Aon duine nach ndearna, roimh an 9ú lá de Bhealtaine, 1989, i leith tréimhse roimh dháta an Achta seo a rith, aon mhéid breise i leith cúnaimh dífhostaíochta a éileamh go sonrach ar méid é nach mbeadh sé ina theideal dá mbeadh alt 12 infheidhme, ní bheidh sé i dteideal an méid breise a íoc leis. | |
[EN] | (b) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “a éileamh” a éileamh i scríbhinn ón Aire nó a éileamh in imeachtaí a tionscnaíodh in aghaidh an Aire in aon chúirt. | |
[EN] | (3) San alt seo ciallaíonn “alt 12” fo-ailt (1), (4), (5) agus (6) d'alt 12 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1985 . | |
[EN] |
Neamhinghnóthaitheacht. |
3. —Aon mhéid a íocadh go cuí le haon duine roimh dháta an Achta seo a rith ar mhodh cúnaimh dífhostaíochta a bheadh inghnóthaithe ag an Aire de thoradh an Achta seo, ní bheidh sé inghnóthaithe amhlaidh. |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1989 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Forléireofar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1989, agus an tAcht seo mar aon ní amháin. | |
[EN] | (3) Folóidh an comhlua “na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1989” an tAcht seo. |