|
||||
|
[EN] | ||||||||||||
| ||||||||||||
Uimhir 13 de 1989 | ||||||||||||
[EN] |
AN tACHT UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA (LEASÚ), 1989 | |||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||
| ||||||||||||
| ||||||||||||
| ||||||||||||
Uimhir 13 de 1989 | ||||||||||||
AN tACHT UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA (LEASÚ), 1989 | ||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMH-CHUSTAM NA SIONNA TEORANTA, 1959 GO 1986. | ||
[7 Meitheamh, 1989] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1970” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970 ; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1983” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1983 ; | |
[EN] | ciallaíonn “an tÚdarás” an tÚdarás Forbartha Tionscail; | |
[EN] | ciallaíonn “an Chuideachta” Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta. | |
[EN] | (2) Forléireofar na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1986, agus an tAcht seo mar aon ní amháin. | |
[EN] |
Leasú ar alt 2 d'Acht 1970. |
2. —(1) Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1970 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (arna leasú le hAcht 1983): |
[EN] | “(1) Féadfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála, le toiliú an Aire Airgeadais, deontais a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, don Chuideachta d'fhonn a chumasú di íoc as costais reatha na Cuideachta maidir lena feidhmeanna i ndáil le forbairt tionscail i gcontaetha Luimnigh, an Chláir (gan an t-aerfort a áireamh) agus Thiobraid Árann (an Trian Thuaidh), agus i gCeantar Uirbeach Bhiorra, na Toghranna Ceantair seo a leanas: Beannchar, Biorra (Tuath), Brochaill, an Clochán, Doirín Buí, Doire Fhada, Droim Maol, Droim Cuileann, Eaglais, an Féar Bán, Gallán, Baile an Fhiaigh, Cill Cholmáin, Cill Chormaic, Cill Liáin, Cionn Eitigh, Cnoc Bharráin, Tuath Léigh, Leitir, Lusmágh, Ard Éireann, Saighir Chiarán, Droichead na Sionainne agus Caladh na Sionainne i sean-Tuathcheantar Bhiorra Uimh. 1 agus na Toghranna Ceantair seo a leanas: Athán Con, Baile na Corra, Bearna, Cionn Gort, Cúil Ó nDubháin, Dún Cairin, Eiteach, Goirtín, Sceachanach, Roscumrua, Suí an Róin, Teampall Charra agus an Tulach i sean-Tuathcheantar Ros Cré Uimh. 2 ar i gcontae Uíbh Fhailí dóibh go léir, agus sna Toghranna Ceantair seo a leanas: Mainistir Ó dTorna, Arabeile, Ardach, Ard Fhearta, Eas Daoi, Bailte O Síoda, Baile an Chlochair, Baile Conraoi, An Baile Dubh, Baile Aodhgáin i sean-Tuathcheantar Lios Tuathail, Baile Aodhgáin i sean-Tuathcheantar Thrá Lí, Baile Uí Thaidhg, Baile Uí Argáin, Baile na hEaglaise, Baile an Óraigh, Banna, Béal, Cathair Uí Mhóráin, Brosnach, An Charraig, Oileán Ciarraí, An Tóchar, Clochar Bhriain, Cluain Tiobrad, Cordal, Crionna, Dún, Drom Mártain, Dubháth, Inis Mhór, Na Gnímh, Gallán, Baile Uí Dhonncha, Ceann Duimhche, Cill Feichne, Cill Feidhlim, Cill Flainn, Cill Leathan, Cill Eithne, Cill Lamhraighe, Cill Maighne, Cill Muire, Cill tSeanán, Cill Tóma, Cnoc na gCaiseal, Leaca Bhán, Liatroim, Lios Lachtín, Lios Tuathail (Tuath), Lios Tuathail (Uirbeach), Lios Eiltín, Leic Snámha, Cnocán an Iolair, Mágh Inse, Maigh Mheáin, Nuachongbháil, Ó Braonáin, Ráth Teas, Ráth Aodha, Srón Abhann, Tairbeart, Tearmon, Trá Lí (Tuath), Trá Lí (Uirbeach), Trian Iarthach, Tiobraid agus Urlaidhe, ar i gcontae Chiarraí agus i gcontaebhuirg Luimnigh dóibh go léir.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 4 d'Acht 1970. |
3. —Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht 1970 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (arna leasú le hAcht 1983): |
[EN] | “(1) D'ainneoin alt 3 den Acht seo, féadfaidh an tÚdarás cuid nó an t-iomlán de cibé cumhachtaí a bheidh ag an Údarás a tharmligean chun na Cuideachta d'fhonn cúnamh airgeadais a sholáthar do ghnóthas tionscail nó maidir le gnóthas tionscail i gcontaetha Luimnigh, an Chláir (gan an t-aerfort a áireamh) agus Thiobraid Árann (an Trian Thuaidh), agus i gCeantar Uirbeach Bhiorra, na Toghranna Ceantair seo a leanas: Beannchar, Biorra (Tuath), Brochaill, an Clochán, Doirín Buí, Doire Fhada, Droim Maol, Droim Cuileann, an Eaglais, an Féar Bán, Gallán, Baile an Fhiaigh, Cill Cholmáin, Cill Chormaic, Cill Liáin, Cionn Eitigh, Cnoc Bharráin, Tuath Léigh, Leitir, Lusmágh, Ard Éireann, Saighir Chiarán, Droichead na Sionainne agus Caladh na Sionainne i sean-Tuathcheantar Bhiorra Uimh. 1 agus na Toghranna Ceantair seo a leanas: Athán Con, Baile na Corra, Bearna, Cionn Gort, Cúil Ó nDubháin, Dún Cairin, Eiteach, Goirtín, Sceachanach, Roscumrua, Suí an Róin, Teampall Charra agus an Tulach i sean-Tuathcheantar Ros Cré Uimh. 2, ar i gcontae Uíbh Fhailí dóibh go léir, agus sna Toghranna Ceantair seo a leanas: Mainistir Ó dTorna, Arabeile, Ardach, Ard Fhearta, Eas Daoi, Bailte Ó Síoda, Baile an Chlochair, Baile Conraoi, An Baile Dubh, Baile Aodhgáin i sean-Tuathcheantar Lios Tuathail, Baile Aodhgáin i sean-Tuathcheantar Thrá Lí, Baile Uí Thaidhg, Baile Uí Argáin, Baile na hEaglaise, Baile an Óraigh, Banna, Béal, Cathair Uí Mhóráin, Brosnach, An Charraig, Oileán Ciarraí, An Tóchar, Clochar Bhriain, Cluain Tiobrad, Cordal, Crionna, Dún, Drom Mártain, Dubháth, Inis Mhór, na Gnímh, Gallán, Baile Uí Dhonncha, Ceann Duimhche, Cill Feichne, Cill Feidhlim, Cill Flainn, Cill Leathan, Cill Eithne, Cill Lamhraighe, Cill Maighne, Cill Muire, Cill tSeanán, Cill Tóma, Cnoc na gCaiseal, Leaca Bhán, Liatroim, Lios Lachtín, Lios Tuathail (Tuath), Lios Tuathail (Uirbeach), Lios Eiltín, Leic Snámha, Cnocán an Iolair, Mágh Inse, Maigh Mheáin, Nuachongbháil, Ó Braonáin, Ráth Teas, Ráth Aodha, Srón Abhann, Tairbeart, Tearmon, Trá Lí (Tuath), Trá Lí (Uirbeach), Trian Iarthach, Tiobraid agus Urlaidhe, ar i gcontae Chiarraí agus i gcontaebhuirg Luimnigh dóibh go léir.”. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1989 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1989, a ghairm de na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1986, agus den Acht seo le chéile. |