|
||||
|
[EN] | ||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
Uimhir 14 de 1989 | ||||||||||||||||||||
[EN] |
AN tACHT UM OLLSCOIL LUIMNIGH, 1989 | |||||||||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
Uimhir14 de 1989 | ||||||||||||||||||||
AN tACHT UM OLLSCOIL LUIMNIGH, 1989 | ||||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ GO dTIOCFAIDH AN FORAS NÁISIÚNTA UM ARD-OIDEACHAS, LUIMNEACH, CHUN BHEITH, AGUS GO mBEIDH SÉ, INA OLLSCOIL, DO LEASÚ AN ACHTA UM CHOMHAIRLE NÁISIÚNTA NA gCÁILÍOCHTAÍ OIDEACHAIS, 1979 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAIN-EANN LEIS SIN. [11 Meitheamh, 1989] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1980” Acht an Fhorais Náisiúnta um Ard-Oideachas, Luimneach, 1980 ; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Oideachais; | |
[EN] | ciallaíonn “an Ollscoil” Ollscoil Luimnigh. | |
[EN] |
An Ollscoil a bhunú. |
2. —(1) De bhua an ailt seo, tiocfaidh an Foras Náisiúnta um Ard-Oideachas, Luimneach, chun bheith agus beidh sé ina ollscoil agus tabharfar Ollscoil Luimnigh air sa Ghaeilge agus the University of Limerick sa Bhéarla agus comhlíonfaidh sé na feidhmeanna a shanntar dó le hAcht 1980 arna leasú leis an Acht seo. |
[EN] | (2) Déanfar tagairtí in aon reacht nó in aon ionstraim reachtúil (de réir bhrí an Achta Ionstraimí Reachtúla, 1947 ) nó i meabhrán nó airteagail aon chuideachta nó in aon doiciméad dlíthiúil eile a fhorléiriú, a mhéid a bhaineann siad leis an bhForas Náisiúnta um Ard-Oideachas, Luimneach, mar thagairtí d'Ollscoil Luimnigh. | |
[EN] | (3) Más rud é go mbeidh, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, aon imeachtaí dlí ar feitheamh i ndáil leis an bhForas Náisiúnta um Ard-Oideachas, Luimneach, agus gur páirtí sna himeachtaí an Foras Náisiúnta um Ard-Oideachas, Luimneach, déanfar ainm Ollscoil Luimnigh a chur in ionad ainm an Fhorais sna himeachtaí agus ní thitfidh na himeachtaí ar lár mar gheall ar an gcur-in-ionad sin. | |
[EN] |
Leasú ar alt 4 d'Acht 1980. |
3. —Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht 1980— |
[EN] | (a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (1): | |
[EN] | “(a) léann a dhéanamh agus eolas a chur chun cinn trí theagasc, trí thaighde agus trí oibriú i gcomhar le comhlachtaí oideachais, gnó, gairmiúla, cultúir agus ceardchumainn agus le comhlachtaí eile agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, beidh mar fheidhmeanna ag an Ollscoil— | |
[EN] | (i) cúrsaí staidéir nó teagaisc a chur ar fáil i cibé réimsí is iomchuí leis an gComhlacht Ceannais, | |
[EN] | (ii) ar mholadh ón gComhairle Acadúil, céimeanna, dioplómaí, teastais nó cáilíochtaí oideachais eile a bhronnadh ar dhaoine nó a dheonú nó a thabhairt do dhaoine a shásaíonn an Chomhairle Acadúil gur fhreastail siad ar chúrsaí staidéir, teagaisc nó taighde iomchuí, nó go ndearna siad nó gur lean siad ar dhóigh eile na cúrsaí sin, a chuir an Ollscoil ar fáil, nó a chuir cibé coláistí nó forais eile a bheidh ceadaithe ag an gComhlacht Ceannais ar fáil, agus a mbeidh caighdeán iomchuí sroichte acu i scrúduithe nó i dtástálacha eile eolais nó ábaltachta nó a mbeidh cleachtais eile déanta acu i slí a mheasfaidh an Chomhairle Acadúil a bheith sásúil, | |
[EN] | (iii) céimeanna oinigh a bhronnadh ar dhaoine i cibé slí agus faoi réir cibé coinníollacha a mheasfaidh an Comhlacht Ceannais, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an gComhairle Acadúil, a bheith iomchuí, agus | |
[EN] | (iv) comhshocraíochtaí a dhéanamh le forais iomchuí eile laistigh den Stát agus lasmuigh de d'fhonn comhchúrsaí a thairiscint agus obair taighde agus forbartha a sheoladh agus comhshocraíochtaí a dhéanamh, ar a n-áirítear a bheith páirteach i gcuideachtaí atá teoranta ó thaobh dliteanais, chun torthaí taighde agus oibre forbartha a ghabhann an Ollscoil de láimh, go leithleach nó i gcomhpháirt, a shaothrú.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (2): | |
[EN] | “(a) Féadfaidh an tAire ar mholadh ón gComhlacht Ceannais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás, cibé feidhmeanna breise a mheasfaidh an tAire a bheith cuí, a shannadh le hordú don Fhoras.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 7 d'Acht 1980 agus ar an Sceideal a ghabhann leis an Acht sin. |
4. —(1) Leasaítear leis seo alt 7 d'Acht 1980 agus an Sceideal a ghabhann leis an Acht sin trí “an tUachtarán” a chur in ionad “an Stiúrthóir” i ngach áit a bhfuil sé. |
[EN] | (2) Aon tagairtí do Stiúrthóir an Fhorais Náisiúnta um Ard-Oideachas, Luimneach, in aon reacht nó ionstraim reachtúil (de réir bhrí an Achta Ionstraimí Reachtúla, 1947 ) nó aon tagairtí don Stiúrthóir in airteagail nó meabhrán comhlachais aon chuideachta nó in aon doiciméad dlíthiúil, forléireofar iad mar thagairtí d'Uachtarán Ollscoil Luimnigh. | |
[EN] |
Leasú ar alt 8 d'Acht 1980. |
5. —Leasaítear leis seo alt 8 d'Acht 1980— |
[EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2): | |
[EN] | “(2) (a) Féadfaidh an Comhlacht Ceannais le rialacháin a dhéanfar faoin alt seo socrú a dhéanamh do chomhaltas agus téarmaí oifige na Comhairle Acadúla a bhunófar de bhun fho-alt (1) den alt seo agus is sealbhóirí ceapachán acadúil a bheidh i dtromlach an chomhaltais agus is mic léinn de chuid na hOllscoile, is ionadaithe do na mic léinn i gcoitinne, 3 ar a laghad den chomhaltas. | |
[EN] | (b) Na comhaltaí a cheapfar ar an gComhairle Acadúil beidh siad i seilbh oifige go ceann tréimhse trí bliana agus beidh siad cáilithe lena n-athcheapadh.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (g) d'fho-alt (3): | |
[EN] | “(g) moltaí a chur faoi bhráid an Chomhlachta Ceannais i ndáil leis an méid seo— | |
[EN] | (i) scrúdaitheoirí seachtracha a cheapadh, | |
[EN] | (ii) ánrachtaí, scoláireachtaí, duaiseanna nó cáilíochtaí eile a dhámhachtain, | |
[EN] | (iii) céimeanna, dioplómaí, teastais nó cáilíochtaí oideachais eile a bhronnadh, a dheonú nó a dhámhachtain, | |
[EN] | (iv) céimeanna oinigh a bhronnadh.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 5 den Acht um Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais, 1979 . |
6. —Leasaítear leis seo an tAcht um Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais, 1979 — |
[EN] | (a) trí mhíreanna (b) agus (c) d'fho-alt (1) d'alt 5 a scriosadh, | |
[EN] | (b) trí “ceathrar” a scriosadh agus “seisear” a chur isteach i mír (f) d'fho-alt (1) d'alt 5, agus | |
[EN] | (c) trí “triúr” a scriosadh agus “cúigear” a chur isteach i mír (g) d'fho-alt (1) d'alt 5. | |
[EN] |
Leasú ar alt 56 den Acht Cóipchirt, 1963 . |
7. —Leasaítear leis seo alt 56 den Acht Cóipchirt, 1963 , trí “agus cóip den leabhar don údarás ag a bhfuil urlámhas ar an Leabharlann ag Ollscoil Luimnigh” a chur isteach i ndiaidh “Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath”. |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme. |
8. —(1) Féadfar an tAcht um Ollscoil Luimnigh, 1989 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Forléireofar Acht 1980 agus an tAcht seo le chéile mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Ollscoil Luimnigh, 1980 agus 1989, a ghairm díobh le chéile. | |
[EN] | (3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú. |