|
||||
|
[EN] | ||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
Uimhir 18 de 1989 | ||||||||||||||||||||
[EN] |
ACHT NA LEANAÍ, 1989 | |||||||||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
Uimhir 18 de 1989 | ||||||||||||||||||||
ACHT NA LEANAÍ, 1989 | ||||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA LEANAÍ, 1908 GO 1957. [9 Samhain, 1989] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
“Duine oiriúnach”. |
1. —Folaíonn an abairt “fit person” in alt 38 den Children Act, 1908, agus measfar gur fholaigh riamh, bord sláinte arna bhunú faoin Acht Sláinte, 1970 , agus folóidh feidhmeanna boird sláinte agus measfar gur fholaigh siad riamh na feidhmeanna a thugtar do dhuine oiriúnach leis an Acht céadluaite arna leasú le haon Acht ina dhiaidh sin. |
[EN] |
Forléiriú ar orduithe a rinneadh roimh dháta an Achta seo a rith. |
2. —Gach ordú a rinneadh roimh dháta an Achta seo a rith de bhun Chuid II nó IV den Children Act, 1908, i ndáil le cúram linbh nó duine óig forléireofar é agus beidh éifeacht leis amhail is dá mbeadh an tAcht seo i bhfeidhm nuair a rinneadh an t-ordú. |
[EN] |
Leanaí agus daoine óga i gcúram ag dáta an Achta seo a rith. |
3. —Más rud é ar dháta an Achta seo a rith go mbeidh leanbh nó duine óg i seilbh nó faoi rialú iarbhír aon duine de dhroim ordaithe a rinneadh nó a airbheartaítear a bheith déanta faoi Chuid II nó IV den Children Act, 1908, ag cur an linbh nó an duine óig faoi chúram boird sláinte, cibé acu ina aonar nó i dteannta duine eile agus go mbeadh an t-ordú bailí an tráth a ndearnadh é nó ar airbheartaíodh go ndearnadh é dá mba go raibh an tAcht seo i bhfeidhm an tráth sin, measfar go mbeidh sé i seilbh nó faoi rialú den sórt sin go dleathach agus féadfaidh aon duine iarratas a dhéanamh chun cúirte ar ordú faoi Chuid II nó IV den Acht sin ag déanamh forála do chúram an linbh nó an duine óig nó ar aon ordú den sórt sin a athnuachan, a athrú nó a chúlghairm amhail is dá mba gur ábhar d'ordú a rinneadh faoin Acht sin an duine sin. |
[EN] |
Leanaí agus daoine óga i gcúram a chothabháil. |
4. —(1) I gcás leanbh nó duine óg a bheith faoi chúram boird sláinte de bhun ordaithe a rinneadh faoi Chuid II nó IV den Children Act, 1908, cuirfidh an bord sláinte cibé cúram ar fáil dó, faoi réir a rialaithe agus a mhaoirseachta, i cibé slí de na slite seo a leanas a mheasann sé is mó a rachaidh chun tairbhe dó— |
[EN] | (a) trína chur faoi chúram altramais, nó | |
[EN] | (b) trína chur i dteaghlach nó i scoil oiriúnach nó i scoil saothair dheimhnithe nó áit chónaithe oiriúnach eile, nó | |
[EN] | (c) i gcás leanbh nó duine óg a d'fhéadfadh a bheith i dteideal a uchtála faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1988, trína chur le duine oiriúnach d'fhonn é a uchtáil, nó | |
[EN] | (d) trí cibé socruithe oiriúnacha eile a dhéanamh is cuí leis an mbord sláinte. | |
[EN] | (2) Ní choiscfidh aon ní san alt seo ar bhord sláinte leanbh nó duine óg ina chúram a chur chuig aon ospidéal nó aon fhoras a chuireann banaltracht nó cúram ar fáil do dhaoine a bhfuil míchumas fisiceach nó meabhrach orthu. | |
[EN] | (3) Gan dochar d'fho-alt (1) féadfaidh bord sláinte, ar feadh tréimhse socraithe nó go dtí go gcinnfidh an bord sláinte ar shlí eile, cead a thabhairt leanbh nó duine óg a chuirtear faoina chúram faoi ordú a dhéantar de bhun Chuid II nó IV den Children Act, 1908, a bheith faoi chúram agus rialú tuismitheora nó duine oiriúnaigh eile. | |
[EN] | (4) I gcás go ndéileálfar le leanbh nó le duine óg faoi mhír (a) d'fho-alt (1) measfar é a bheith curtha amach ar iostas faoi alt 55 den Acht Sláinte, 1953 , ach ní gá toiliú aon duine faoin alt sin. | |
[EN] | (5) San alt seo, folaíonn tagairtí do bhord sláinte tagairtí d'aon oifigeach nó seirbhíseach don bhord sláinte atá ag gníomhú thar a cheann cibé acu leis féin nó i dteannta an bhoird sláinte. | |
[EN] |
Feidhmeanna an phríomh-oifigigh feidhmiúcháin. |
5. —Na feidhmeanna de chuid boird sláinte dá dtagraítear in ailt 1 agus 4 den Acht seo, is feidhmeanna iad de chuid phríomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird nó de chuid duine atá ag gníomhú mar leasphríomh-oifigeach feidhmiúcháin de réir alt 13 den Acht Sláinte, 1970 . |
[EN] |
Cumhachtaí na cúirte i gcás orduithe a bheith neamhbhailí. |
6. —I gcás go ndearnadh ordú a chuir leanbh nó duine óg faoi chúram duine oiriúnaigh faoi Chuid II nó IV den Children Act, 1908, agus go bhfaigheann cúirt amach nó go ndearbhaíonn sí in aon imeachtaí go bhfuil an t-ordú, ar cibé cúis, neamhbhailí, féadfaidh an chúirt sin ar fhoriarratas dá cuid féin nó ar iarratas ó aon duine leasmhar diúltú aon chumhacht a fheidhmiú chun ordú a thabhairt an leanbh nó an duine óg a thabhairt ar láimh nó a thabhairt ar ais do thuismitheoir nó d'aon duine eile más é tuairim na cúirte nach chun leasa an linbh an tabhairt ar láimh nó an tabhairt ar ais sin agus in aon chás den sórt sin féadfaidh an chúirt ar fhoriarratas dá cuid féin nó ar iarratas ó aon duine leasmhar— |
[EN] | (a) ordú a dhéanamh a chuirfidh an leanbh nó an duine óg faoi chúram duine oiriúnaigh faoi Chuid II nó IV den Acht sin amhail is dá mba chúirt í ar tugadh an leanbh nó an duine óg os a comhair faoi alt 24, 58 nó 59 den Acht sin, | |
[EN] | (b) ordú a dhéanamh a tharchuirfidh an t-ábhar go breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta de thuras na huaire don dúiche chúirte dúiche ina gcónaíonn an leanbh nó an duine óg nó ina gcónaíonn sé de thuras na huaire nó inar chónaigh sé nó ina raibh sé an tráth a ndearnadh an t-ordú neamhbhailí nó ina ndearnadh an t-iarratas chuige sin; agus i gcás an t-ábhar a bheith tarchurtha amhlaidh measfar an leanbh nó an duine óg a bheith tugtha os comhair an bhreithimh sin faoi alt 24, 58 nó 59 den Acht sin de réir mar a ordóidh an chúirt, | |
[EN] | (c) más rud é, maidir le duine atá i bhfeighil linbh nó duine óig nó a bhfuil leanbh nó duine óg faoina choimeád nó faoina chúram— | |
[EN] | (i) go gciontófar é i gcion a dhéanamh i leith an linbh nó an duine óig sin faoi Chuid II den Acht sin nó i gcion ar bith de na cionta a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, nó | |
[EN] | (ii) go gcuirfear chun a thrialach é mar gheall ar aon chion den sórt sin, nó | |
[EN] | (iii) go gcuirfear bannaí síochána air i leith an linbh nó an duine óig sin, | |
[EN] | ordú a dhéanamh faoi alt 21 den Acht sin, nó an cheist ar chóir ordú den sórt sin a dhéanamh a tharchur chun na cúirte a chiontaigh an duine sin nó a chuir chun trialach é nó a chuir bannaí air, | |
[EN] | (d) a ordú go ndéanfar, más gá, aon ordú faoi mhír (a) nó (c) a mheas, chun críocha an Children Act, 1908, mar ordú a rinne breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh, de thuras na huaire, sannta do dhúiche chúirte dúiche a bheidh sonraithe ag an gcúirt, nó | |
[EN] | (e) i gcás go ndéanann sí ordú faoi mhír (b) nó (c), ordú sealadach a dhéanamh faoi mhír (a) go dtí go ndéanfaidh an chúirt a bhfuil an t-ábhar nó an cheist tarchurtha chuici, ordú. | |
[EN] |
Cosaint. |
7. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear d'aon ordú de chuid cúirte a rinneadh roimh dháta an Achta seo a rith trína bhfuarthas, nó trínar dearbhaíodh go raibh, ordú faoi Chuid II nó IV den Children Act, 1908, neamhbhailí. |
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
8. —(1) Féadfar Acht na Leanaí, 1989 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar Achtanna na Leanaí, 1908 go 1989, a ghairm d'Achtanna na Leanaí, 1908 go 1957, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar iad mar aon Acht amháin. |