19 1989

/images/harp.jpg


Uimhir 19 de 1989


AN tACHT UM THOIRMEASC AR GHRÍOSÚ CHUN FUATHA, 1989


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Gníomhartha ar dóigh dóibh fuath a adhaint.

3.

Craoltaí ar dóigh dóibh fuath a adhaint.

4.

Ábhar a ullmhú agus a bheith i seilbh ábhair ar dóigh dó fuath a adhaint.

5.

Cosaintí do thuairiscí ar imeachtaí i dTithe an Oireachtais nó ar imeachtaí breithiúnacha.

6.

Pionóis.

7.

Cionta ag comhlachtaí corpartha.

8.

Ní ghlacfar imeachtaí áirithe ach amháin ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó lena thoiliú.

9.

Cuardach agus urghabháil.

10.

Cumhachtaí gabhála.

11.

Forghéilleadh.

12.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um an Scairbh Ilchríochach, 1968

1968, Uimh. 14

An tAcht um Chosaint Taibheoirí, 1968

1968, Uimh. 19

/images/harp.jpg


Uimhir 19 de 1989


AN tACHT UM THOIRMEASC AR GHRÍOSÚ CHUN FUATHA, 1989

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO THOIRMEASC GRÍOSÚ CHUN FUATHA MAR GHEALL AR CHINE, CREIDEAMH, NÁISIÚNTACHT NÓ CLAONADH GNÉASACH. [29 Samhain, 1989]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “craoladh” tarchur, leaschraoladh nó leathadh a dhéanamh, trí radaiteileagrafaíocht nó ar aon slí eile, nó trí radaiteileagrafaíocht i dteannta aon slí eile, ar chumarsáidí, fuaimeanna, síneacha, amharc-íomhánna nó comharthaí, a bhfuil sé beartaithe go nglacfar go díreach iad ag an bpobal i gcoitinne cibé acu a ghlactar nó nach nglactar na cumarsáidí, na fuaimeanna, na síneacha, na hamharc-íomhánna nó na comharthaí sin iarbhír;

ciallaíonn “leathadh” leathadh ar an bpobal nó ar chuid den phobal agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “fuath” fuath do ghrúpa daoine sa Stát nó in áit eile mar gheall ar a gcine, a ndath, a náisiúntacht, a gcreideamh, a mbunadh eitneach nó náisiúnta, toisc gur den lucht siúil iad nó mar gheall ar a gclaonadh gnéasach;

ciallaíonn “foilsiú” foilsiú don phobal nó do chuid den phobal agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “taifeadadh” aon taifead ónar féidir, ar aon slí, amharcíomhánna nó fuaimeanna a atáirgeadh, agus aon tagairtí do thaifeadadh a leathadh, a thaispeáint nó a sheinm is tagairtí iad dá leathadh, dá thaispeáint nó dá sheinm don phobal nó do chuid den phobal agus forléireofar “leathadh”, “taispeáint” agus “seinm”, agus focail ghaolmhara, i ndáil le taifeadadh, dá réir sin;

folaíonn “ábhar scríofa” aon sín nó aon amharc-léiriú eile.

(2) San Acht seo—

(a) forléireofar aon tagairt d'aon achtachán, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin,

(b) aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,

(c) aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Gníomhartha ar dóigh dóibh fuath a adhaint.

2. —(1) Is cion é do dhuine—

(a) ábhar scríofa a fhoilsiú nó a leathadh,

(b) focail a úsáid, é féin a iompar nó ábhar scríofa a chur ar taispeáint—

(i) in aon áit seachas laistigh d'áit chónaí phríobháideach, nó

(ii) laistigh d'áit chónaí phríobháideach ionas go gcloisfidh nó go bhfeicfidh daoine lasmuigh den áit chónaí na focail, an t-iompar nó an t-ábhar,

(c) taifeadadh d'amharc-íomhánna nó d'fhuaimeanna a leathadh, a thaispeáint nó a sheinm,

má tá an t-ábhar scríofa, na focail, an t-iompar, na hamharc-íomhánna nó na fuaimeanna, de réir mar a bheidh, bagrach, maslach nó tarcaisneach agus má tá siad beartaithe chun fuath a adhaint nó, ag féachaint d'imthosca uile an cháis, gur dóigh dóibh fuath a adhaint.

(2) (a) In imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (1), mura suitear, maidir leis an duine cúisithe, gur bheartaigh sé fuath a adhaint is cosaint dó a chruthú nárbh eol dó cad a bhí san ábhar nó sa taifeadadh áirithe agus nach raibh drochamhras air agus nach raibh aon chúis aige drochamhras a bheith air go raibh an t-ábhar nó an taifeadadh bagrach, maslach nó tarcaisneach.

(b) In imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (1) (b), is cosaint don duine cúisithe—

(i) a chruthú go raibh sé laistigh d'áit chónaí phríobháideach ag an am iomchuí agus nach raibh aon chúis aige a chreidiúint go gcloisfeadh nó go bhfeicfeadh duine lasmuigh den áit chónaí na focail, an t-iompar nó an t-ábhar áirithe, nó

(ii) mura suitear go raibh beartaithe aige fuath a adhaint, a chruthú nár bheartaigh sé go mbeadh na focail, an t-iompar nó an t-ábhar áirithe bagrach, maslach nó tarcaisneach agus narbh eol dó go bhféadfaidís a bheith amhlaidh.

(3) San alt seo ciallaíonn “áit chónaí phríobháideach” aon déanmhas (lena n-áirítear puball, carbhán, feithicil, soitheach nó déanmhas sealadach nó sochorraithe eile) nó cuid de dhéanmhas den sórt sin a úsáidtear mar theaghais ach ní fholaíonn sé aon chuid nach n-úsáidtear amhlaidh ná aon chuid ina mbíonn cruinniú poiblí á thionól; agus sa mhíniú seo ciallaíonn “cruinniú poiblí” cruinniú a bhfuil an pobal i dteideal a bheith i láthair aige ar íocaíocht nó ar shlí eile agus ó cheart nó de bhua ceada shainráite nó intuigthe.

Craoltaí ar dóigh dóibh fuath a adhaint.

3. —(1) Má chraoltar mír lena mbaineann amharc-íomhánna nó fuaimeanna bagracha, maslacha nó tarcaisneacha, beidh gach duine de na daoine a luaitear i bhfo-alt (2) ciontach i gcion má bheartaíonn sé trí sin a dhéanamh fuath a adhaint nó, ag féachaint do na himthosca uile, más dóigh go n-adhainfear fuath trí sin a dhéanamh.

(2) Is iad na daoine dá dtagraítear i bhfo-alt (1):

(a) an duine a sholáthraíonn an tseirbhís chraolta áirithe,

(b) aon duine is léiritheoir nó is stiúrthóir ar an mír áirithe, agus

(c) aon duine a bhfuil a chuid focal nó a iompar sa mhír áirithe bagrach, maslach nó tarcaisneach.

(3) In imeachtaí in aghaidh duine dá dtagraítear i mír (a) nó (b) d'fho-alt (2) i leith ciona faoin alt seo, mura suitear maidir leis an duine go raibh sé beartaithe aige fuath a adhaint, is cosaint dó a chruthú—

(a) nach raibh a fhios aige agus nach raibh aon chúis aige drochamhras a bheith air go mbainfeadh an mhír áirithe leis an ábhar lena mbaineann an cion, nó

(b) i gcás seachas cás lena mbaineann mír (a), nárbh fhéidir leis le réasún a áirithiú go dtógfaí amach an t-ábhar a dúradh, ag féachaint do na himthosca inar craoladh an mhír.

(4) In imeachtaí in aghaidh duine dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b) i leith ciona faoin alt seo, is cosaint don duine a chruthú nach raibh a fhios aige agus nach raibh aon chúis aige drochamhras a bheith air—

(a) go gcraolfaí an mhír, nó

(b) gur in imthosca de chineál ar dhóigh dóibh fuath a adhaint a chraolfaí an mhír.

(5) In imeachtaí in aghaidh duine dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (c) i leith ciona faoin alt seo, is cosaint don duine a chruthú nach raibh a fhios aige agus nach raibh aon chúis aige drochamhras a bheith air—

(a) go gcraolfaí mír ina n-úsáidfí an t-ábhar lena mbaineann an cion, nó

(b) gur in imthosca de chineál ar dhóigh dóibh fuath a adhaint a chraolfaí an mhír.

(6) In imeachtaí i leith ciona faoin alt seo, is cosaint don duine a chúiseofar a chruthú nach raibh a fhios aige agus nach raibh aon chúis aige drochamhras a bheith air go raibh an t-ábhar lena mbaineann an cion bagrach, maslach nó tarcaisneach.

(7) In aon imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a líomhnaítear a bheith déanta maidir le mír—

(a) aon scríbhinn ar ar bunaíodh an mhír is fianaise í i dtaobh a raibh ar áireamh sa mhír agus i dtaobh an mhodha inar taibhíodh an mhír nó aon chuid di, agus

(b) má thugtar scríbhinn den sórt sin i bhfianaise thar ceann aon pháirtí sna himeachtaí, ansin, ach amháin a mhéid a shuitear a mhalairt, cibé acu le fianaise a thabharfar thar ceann an pháirtí chéanna nó aon pháirtí eile, glacfar leis gur taibhíodh an mhír de réir na scríbhinne sin.

(8) (a) Má bhíonn cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána, nach bhfuil faoi bhun chéim cheannfoirt, drochamhras a bheith air—

(i) go ndearna duine cion faoin alt seo maidir le mír a bhí ar áireamh i gcraoladh, nó

(ii) go bhfuil mír le bheith ar áireamh amhlaidh agus gur dóigh go ndéanfaidh duine cion faoin alt seo maidir leis an mír,

féadfaidh sé ordú a dhéanamh i scríbhinn faoin alt seo ag údarú d'aon chomhalta den Gharda Síochána—

(I) ag aon tráth nó tráthanna laistigh de mhí amháin ó dháta déanta an ordaithe, ar é do thabhairt cóip den ordú ar aird má iarrtar amhlaidh, a cheangal ar aon duine a bheidh ainmnithe san ordú—

(A) scríbhinn ar a raibh nó, de réir mar a bheidh, ar a mbeidh, an mhír a dúradh bunaithe, nó

(B) taifeadadh a bheidh déanta ar aon ábhar a áiríodh sa mhír nó, de réir mar a bheidh, a áireofar sa mhír,

a thabhairt ar aird más ann dá leithéid,

agus

(II) má thugtar an scríbhinn nó an taifeadadh ar aird dó, a cheangal ar an duine caoi a thabhairt dó chun a chur faoi deara cóip díobh a dhéanamh.

(b) Aon ordú a dhéanfar faoin bhfo-alt seo beidh sé sínithe ag an duine a rinne é, ainmneofar ann an duine a bhfuil sé dírithe air agus tabharfar tuairisc ann ar an mír lena mbaineann sé ar mhodh a bheidh leordhóthanach le go bhféadfar an mhír a aithint.

(c) Beidh aon duine ciontach i gcion a mhainneoidh nó a dhiúltóidh gan chúis réasúnach ceanglas a dhéantar de bhun ordú faoi mhír (a) a chomhlíonadh.

(d) Más rud é, i gcás míre a bheidh bunaithe ar scríbhinn, go ndearna comhalta den Gharda Síochána nó go ndearnadh thar a cheann, de bhua ordú faoin bhfo-alt seo a bhaineann leis an mír, cóip de scríbhinn ar a raibh an mhír bunaithe, beidh feidhm ag fo-alt (7) i ndáil leis an gcóip sin amhail mar atá feidhm aige i ndáil le scríbhinn ar a raibh an mhír bunaithe; agus measfar, maidir le doiciméad a airbheartaíonn a bheith ina chóip den scríbhinn agus a bheith sínithe ag an gcomhalta, gur cóip den sórt sin é, chun críocha an ailt seo, agus gur síníodh amhlaidh é mura suífear a mhalairt.

(e) Maidir le haon ní a dhéantar faoin bhfo-alt seo nó de bhun ordaithe faoin bhfo-alt seo nó maidir le scríbhinn nó taifeadadh den sórt sin a dúradh, nó cóip díobh, a úsáid go heisiach chun an t-alt seo a fhorfheidhmiú—

(i) ní sárú é ar an gcóipcheart d'aon saothar, taifeadadh fuaime, scannán cineamatagrafach nó craoladh teilifíse nó fuaime, ná

(ii) ní cion é faoi aon cheann d'fhorálacha an Achta um Chosaint Taibheoirí, 1968 .

(9) San alt seo ciallaíonn “scríbhinn” i ndáil le mír, téacs na míre (cibé acu arna shonrú i bhfocail nó i nodaireacht cheoil nó i nodaireacht eile) mar aon le haon treoracha maidir lena thaibhiú, cibé acu is i ndoiciméad amháin dó nó nach ea.

Ábhar a ullmhú agus a bheith i seilbh ábhair ar dóigh dó fuath a adhaint.

4. —(1) Is cion a bheidh ann do dhuine—

(a) aon ábhar scríofa a ullmhú nó a bheith ina sheilbh le hintinn é a leathadh, a chur ar taispeáint, a chraoladh nó a fhoilsiú, ar shlí eile, sa Stát nó in áit eile, cibé acu aige féin nó ag duine eile, nó

(b) taifeadadh fuaimeanna nó amharc-íomhánna a dhéanamh nó a bheith ina sheilbh le hintinn é a leathadh, a thaispeáint, a sheinm, a chraoladh nó a fhoilsiú, ar shlí eile, sa Stát nó in áit eile, cibé acu aige féin nó ag duine eile,

i gcás an t-ábhar nó an taifeadadh a bheith bagrach, maslach nó tarcaisneach agus go mbeartaítear fuath a adhaint leis nó, ag féachaint do na himthosca go léir, lena n-áirítear cibé leathadh, cur ar taispeáint, craoladh, taispeáint, seinm nó foilsiú eile den chéanna atá ar intinn ag an duine, nó a d'fhéadfaí a thuiscint le réasún a bheith ar intinn aige, gur dóigh dó fuath a adhaint.

(2) In imeachtaí i leith ciona faoin alt seo, mura suitear maidir leis an duine cúisithe go raibh sé beartaithe aige fuath a adhaint, is cosaint dó a chruthú nach raibh a fhios aige cad a bhí san ábhar nó sa taifeadadh áirithe agus nach raibh drochamhras air agus nach raibh aon chúis aige drochamhras a bheith air go raibh an t-ábhar nó an taifeadadh bagrach, maslach nó tarcaisneach.

(3) In imeachtaí i leith ciona faoin alt seo, i gcás go gcruthaítear go raibh an duine cúisithe i seilbh ábhair nó taifeadta den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus gur réasúnach a bheith den bharúil nach raibh an t-ábhar nó an taifeadadh beartaithe le haghaidh úsáid phearsanta an duine, toimhdeofar maidir leis, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go raibh sé i seilbh an ábhair nó an taifeadta de shárú ar fho-alt (1).

Cosaintí do thuairiscí ar imeachtaí i dTithe an Oireachtais nó ar imeachtaí breithiúnacha.

5. —Ní bhaineann ailt 2, 3 agus 4—

(a) le tuairisc chóir bheacht ar imeachtaí i gceachtar Teach den Oireachtas nó i gcoiste den Oireachtas nó de cheachtar Teach díobh nó le tuairisc nó foilseachán oifigiúil den Oireachtas nó de cheachtar Teach díobh nó de choiste den sórt sin, ná

(b) le tuairisc chóir bheacht ar imeachtaí a éisteadh go poiblí os comhair cúirte nó binse a bheidh ag feidhmiú feidhmeanna nó cumhachtaí de chineál breithiúnach, i gcás go bhfoilsítear an tuairisc go comhaimseartha leis na himeachtaí nó, i gcás nach indéanta sin go réasúnach nó i gcás é bheith neamhdhleathach tuairisc orthu a fhoilsiú go comhaimseartha, a luaithe is indéanta agus is dleathach le réasún foilsiú a dhéanamh.

Pionóis.

6. —Duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 2, 3 nó 4 dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air.

Cionta ag comhlachtaí corpartha.

7. —(1) I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh an cion le toiliú nó le cúlcheadú nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh duine is stiúrthóir, bainisteoir nó rúnaí ar an gcomhlacht corpraithe nó is oifigeach eile dá samhail don chomhlacht corpraithe nó duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin mar aon leis an gcomhlacht corpraithe ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú amhail is dá mbeadh sé ciontach sa chion céadluaite.

(2) Más rud é go mbeidh gnóthaí comhlachta chorpraithe á mbainisteoireacht ag a chomhaltaí, beidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le gníomhartha agus mainneachtnaí comhalta i dtaca lena fheidhmeanna bainisteoireachta amhail is dá mba stiúrthóir ar an gcomhlacht corpraithe é.

Ní ghlacfar imeachtaí áirithe ach amháin ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó lena thoiliú.

8. —I gcás go gcúisítear duine i gcion faoi alt 2, 3, nó 4, ní ghlacfar aon imeachtaí breise maidir leis an ábhar (seachas aon athchur i gcoimeád nó faoi bhannaí) ach amháin ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó lena thoiliú.

Cuardach agus urghabháil.

9. —(1) (a) Más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche nó le Feidhmeannach Síochána, de thoradh faisnéise faoi mhionn ó chomhalta den Gharda Síochána nach bhfuil faoi bhun chéim sháirsint, go bhfuil forais réasúnacha ann chun drochamhras a bheith air go bhfuil ábhar nó taifeadadh ar shárú ar alt 4 a bheith ina sheilbh, nó go bhfuil scríbhinn nó taifeadadh dá dtagraítear in alt 3 (8) in aon áitreabh nó ag aon áitreabh nó áit eile, féadfaidh sé barántas a eisiúint faoina láimh ag údarú d'aon chomhalta den Gharda Síochána, i gcuideachta aon chomhaltaí eile den Gharda Síochána, ag aon tráth nó tráthanna laistigh de mhí amháin ó dháta eisiúna an bharántais, ar an mbarántas a thabhairt ar aird má iarrtar amhlaidh, dul isteach, le forneart más gá, agus an t-áitreabh nó an áit eile a shonraítear sa bharántas a chuardach agus—

(i) aon taifeadadh, ábhar nó scríbhinn den sórt sin mar a dúradh a gheofar ann a urghabháil, agus

(ii) a cheangal ar aon duine a gheofar ann a ainm agus a sheoladh a thabhairt.

(b) Ní eiseoidh breitheamh den Chúirt Dúiche ná Feidhmeannach Síochána barántas faoi mhír (a) i ndáil le scríbhinn nó taifeadadh dá dtagraítear in alt 3 (8) mura deimhin leis trí fhaisnéis faoi mhionn—

(i) go ndearnadh ceanglas a shonraítear i bhfomhír (I) d'alt 3 (8) (a) i ndáil leis agus nár comhlíonadh é,

(ii) go ndearnadh an ceanglas a shonraítear i bhfomhír (II) d'alt 3 (8) (a) i ndáil leis agus nár comhlíonadh é, nó

(iii) gur gá, sna himthosca go léir, an barántas a eisiúint d'ainneoin nach ndearnadh i ndáil leis ceanglas a shonraítear san fhomhír sin (I) nó an ceanglas a shonraítear san fhomhír sin (II).

(2) Aon duine—

(a) a choiscfidh nó a bhacfaidh comhalta den Gharda Síochána a bheidh ag gníomhú faoi údarás barántais faoin alt seo, nó

(b) a bhfaighidh comhalta den Gharda Síochána, a bheidh ag gníomhú mar a dúradh, é san áitreabh nó ag an áitreabh nó ag áit nó in áit eile a bheidh sonraithe sa bharántas agus a mhainníonn nó a dhiúltaíonn a ainm agus a sheoladh a thabhairt don chomhalta nuair a éilíonn an comhalta air é nó a thugann ainm nó seoladh dó atá bréagach nó míthreorach,

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair—

(i) más cion faoi mhír (a) an cion, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile a chur air, nó

(ii) más cion faoi mhír (b) an cion, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(3) San alt seo folaíonn “áitreabh” feithicil, soitheach, aerárthach nó sciorrárthach nó suiteáil sna farraigí teorann nó i limistéar ainm nithe (de réir bhrí an Achta um an Scairbh Ilchríochach, 1968 ) nó puball, carbhán nó déanmhas sealadach nó sochorraithe eile; agus féadfar glacadh leis, chun críocha dlínse breithimh den Chúirt Dúiche faoin alt seo, gur in aon áit sa Stát atá soitheach nó sciorrárthach nó suiteáil den sórt sin mar a dúradh.

Cumhachtaí gabhála.

10. —(1) Má bhíonn drochamhras, le réasún, ar chomhalta den Gharda Síochána go ndearna duine cion faoi alt 2 (1) (b), féadfaidh sé an duine sin a ghabháil gan bharántas.

(2) Má bhíonn drochamhras, le réasún, ar chomhalta den Gharda Síochána go ndearna duine cion faoin Acht seo (seachas cion faoi alt 2 (1) (b) nó 9 (2) (b)), féadfaidh sé a cheangal air a ainm agus a sheoladh a thabhairt dó agus, má mhainníonn an duine, nó má dhiúltaíonn sé, déanamh amhlaidh nó má thugann sé ainm nó seoladh a bhfuil drochamhras le réasún ar an gcomhalta é bheith bréagach nó míthreorach, féadfaidh an comhalta an duine sin a ghabháil gan bharántas.

(3) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána a bheidh ag gníomhú faoi údarás barántais faoi alt 9 duine a ghabháil gan bharántas ar duine é a bhfuil drochamhras, le réasún, ar an gcomhalta go ndearna sé cion faoi fho-alt (2) (b) den alt sin.

Forghéilleadh.

11. —(1) Féadfaidh an chúirt a chiontóidh duine i gcion, nó ar os a comhair a chiontófar duine i gcion, faoi alt 2, 3, nó 4, a ordú go ndéanfar aon ábhar scríofa nó aon taifeadadh, a suífear chun sástacht na cúirte go mbaineann sé leis an gcion, a fhorghéilleadh agus a scriosadh nó a chur de láimh ar shlí eile i cibé dóigh a chinnfidh an chúirt.

(2) Ní ordóidh cúirt ábhar scríofa nó taifeadadh a fhorghéilleadh faoin alt seo má dhéanann duine a éilíonn gur leis é nó go bhfuil leas ar shlí eile aige ann, iarratas ar éisteacht a fháil ón gcúirt, mura rud é go mbeidh deis tugtha dó chun cúis a shuíomh cén fáth nár chóir an t-ordú a dhéanamh.

(3) Ní bheidh éifeacht le haon ordú faoin alt seo go dtí go mbeidh an gnáth-am chun achomharc a thionscnamh in aghaidh an chiontaithe nó an ordaithe lena mbaineann imithe in éag nó, i gcás go dtionscnófar achomharc den sórt sin, go dtí go gcinnfear go críochnaitheach é nó aon achomharc breise nó go dtréigfear é nó go dtí go mbeidh an gnáth-am chun aon achomharc breise a thionscnamh imithe in éag.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

12. —(1) Féadfar an tAcht um Thoirmeasc ar Ghríosú chun Fuatha, 1989 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh mí amháin tar éis dháta a rite.