21 1989

/images/harp.jpg


Uimhir 21 de 1989


AN tACHT UM BAINC THAISCE IONTAOBHAIS, 1989


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1.

Gearrtheideal.

2.

Tosach feidhme.

3.

Léiriú.

4.

Rialacháin agus treoracha.

5.

Rialacháin chun deireadh a chur le deacrachtaí.

6.

An tAcht a mhodhnú lena chur i gcomhréir le hathruithe ar dhlí na gcuideachtaí, na baincéireachta agus na gcumann foirgníochta.

7.

Aisghairm agus cosaintí.

8.

Caiteachais.

CUID II

Bunú agus Ceadúnú Banc Taisce Iontaobhais

9.

“Banc taisce iontaobhais”.

10.

Ceadúnais.

11.

Toirmeasc ar ghnó bainc taisce iontaobhais a sheoladh gan cheadúnas.

12.

Coinníollacha ceadúnas.

13.

Ceadúnais a chúlghairm.

14.

Ainm bainc taisce iontaobhais.

15.

Banc taisce iontaobhais do thabhairt agus d'fháil airgid ar iasacht.

16.

Rialacha bainc taisce iontaobhais.

CUID III

Iontaobhaithe Banc Taisce Iontaobhais

17.

Líon iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais.

18.

Teorainn aoise d'iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais.

19.

Dícháiliú chun bheith mar iontaobhaí ar bhanc taisce iontaobhais.

20.

Airgead onóra a íoc le hiontaobhaithe bainc taisce iontaobhais.

21.

Iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais do nochtadh leasa.

22.

Dliteanas iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais.

23.

Forálacha i ndáil le maoin bhanc taisce iontaobhais agus imeachtaí dlí.

CUID IV

Maoirsiú Banc Taisce Iontaobhais

24.

Banc taisce iontaobhais do choimeád leabhar, cuntas agus taifead eile agus an Banc Ceannais do dhéanamh scrúdú orthu.

25.

Faisnéis a thabhairt don Bhanc Ceannais.

26.

Treoracha ón mBanc Ceannais i ndáil le fionraí gníomhaíochtaí áirithe de chuid bainc taisce iontaobhais.

27.

Treoracha ón mBanc Ceannais i ndáil le fógráin.

28.

Ráiteas i dtaobh caiteachas bainistíochta.

29.

Banc taisce iontaobhais d'fhoilsiú ráiteas gnó.

30.

Banc taisce iontaobhais do chur ráiteas airgeadais ar taispeáint.

31.

Cóimheasanna idir sócmhainní agus dliteanais bainc taisce iontaobhais a rialáil.

32.

Cistí bainc taisce iontaobhais a infheistiú.

33.

Ráiteas bliantúil i dtaobh dhliteanais an Aire i leith banc taisce iontaobhais.

34.

Cumhacht na Cúirte sáruithe áirithe ar an Acht a thoirmeasc, etc.

CUID V

Bainistí agus Riaradh Banc Taisce Iontaobhais

35.

Cuntais bhliantúla bainc taisce iontaobhais.

36.

Ceapadh agus cáilíocht iniúchóra bainc taisce iontaobhais agus é a chur as oifig.

37.

Tuarascáil ó iniúchóir bainc taisce iontaobhais agus ceart rochtana ar leabhair an bhainc.

38.

Dualgais iniúchóra bainc taisce iontaobhais.

39.

Fochuideachtaí agus cuideachtaí eile do chomhlíonadh feidhmeanna, agus do sholáthar seirbhísí, de chuid bainc taisce iontaobhais.

40.

Banc taisce iontaobhais do choinneáil taifead, admhálacha agus doiciméad dá samhail.

41.

Banc taisce iontaobhais do dhéanamh íocaíochtaí le daoine nach bhfuil aois iomlán acu.

42.

Dúnadh agus díscaoileadh bainc taisce iontaobhais.

43.

Srian le díolúintí áirithe ó dhliteanas i gcás oifigeach de chuid bainc taisce iontaobhais.

44.

Cumhacht cúirte faoiseamh ó dhliteanas a thabhairt d'oifigigh de chuid bainc taisce iontaobhais i gcásanna áirithe.

45.

Aoisliúntas d'fhoireann bhainc taisce iontaobhais.

CUID VI

Cónascadh Banc Taisce iontaobhais

46.

Léiriú.

47.

Cumhacht bhanc taisce iontaobhais cónascadh a dhéanamh.

48.

Ceadú an Aire agus an Bhainc Ceannais le cónascadh banc taisce iontaobhais.

49.

Cuntais a aistriú.

50.

Urrúis a aistriú.

51.

Cearta agus oibleagáidí i ndáil le hurrúis aistrithe.

52.

Aistriú i gcás maoine a shealbhaítear ar earbadh.

53.

Oifigigh agus fostaithe eile a aistriú.

54.

Feidhm ionstraimí áirithe.

55.

Feidhm na nAchtanna um Fhianaise Leabhar Baincéirí, 1879 agus 1959.

56.

Imeachtaí dlí a bheidh ar feitheamh do leanúint ar marthain.

CUID VII

Ilghnéitheach

57.

An tAire d'údarú bainc thaisce iontaobhais a atheagrú ina gcuideachtaí.

58.

Srian le ráitis áirithe.

59.

Leasú ar an Bankers' Books Evidence Act, 1879.

60.

Banc taisce iontaobhais d'íoc taiscí beaga tráth báis.

61.

Aitheantas a thabhairt do chuntais bhainc taisce iontaobhais.

62.

Pionóis.

63.

Cionta ag bainc thaisce iontaobhais agus ag comhlachtaí corpraithe.

64.

Díolúine ó dhleacht stampa.

65.

Bannaí agus urraí.

66.

Forálacha i ndáil le cionta.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Na hAchtacháin a Aisghairtear

AN DARA SCEIDEAL

Nithe dá bhForálfar le Rialacha Bainc Taisce Iontaobhais


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Leithreasa, 1966

1966, Uimh. 29

Bankers' Books Evidence Act, 1879

1879, c. 11

Na hAchtanna um Fhianaise Leabhar Baincéirí, 1879 agus 1959

Bills of Sale (Ireland) Acts, 1879 and 1883

Na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil

Acht an Bhainc Ceannais, 1971

1971, Uimh. 24

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986

Customs, Inland Revenue, and Savings Banks Act, 1880

1880, c. 40

Acht na gComhphobal Eorpach, 1972

1972, Uimh. 27

Finance Act, 1895

1895, c. 16

An tAcht Airgeadais, 1940

1940, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais, 1942

1942, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais, 1946

1946, Uimh. 15

An tAcht Airgeadais, 1959

1959, Uimh. 18

An tAcht Airgeadais, 1968

1968, Uimh. 33

An tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1968

1968, Uimh. 37

An tAcht Airgeadais, 1973

1973, Uimh. 19

An tAcht um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973

1973, Uimh. 25

Na hAchtanna Árachais, 1909 go 1989

Judgment Mortgage (Ireland) Act, 1850

1850, c. 29

Na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 go 1984

National Debt (Supplemental) Act, 1888

1888, c. 15

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851, c. 93

Post Office Savings Banks Act, 1863

1863, c. 14

Acht Éireannach réamh-Aontachta 33 Geo. II c. 14 (Ir.)

1759, c. 14

Na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1984

Registration of Deeds Act, 1707

1707, c. 10

An tAcht um Chlárú Teidil, 1964

1964, Uimh. 16

Revenue Act, 1903

1903, c. 46

Savings Banks Act, 1880

1880, c. 36

Savings Banks Act, 1887

1887, c. 30

Savings Banks Act, 1891

1891, c. 21

Savings Banks Act, 1904

1904, c. 8

Savings Banks Act, 1920

1920, c. 12

An tAcht um Bainc Thaisce, 1958

1958, Uimh. 23

Savings Banks (Barrister) Act, 1876

1876, c. 52

Savings Bank Investment Act, 1863

1863, c. 25

Savings Bank Investment Act, 1866

1866, c. 5

Savings Bank Investment Act, 1869

1869, c. 59

An tAcht Comharbais, 1965

1965, Uimh. 27

Trustee Savings Banks Act, 1863

1863, c. 25

Trustee Savings Banks Act, 1887

1887, c. 47

Trustee Savings Banks Act, 1918

1918, c. 4

An tAcht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1965

1965, Uimh. 11

An tAcht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1979

1979, Uimh. 17

Na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1979

An tAcht um Dhífhostú Éagórach, 1977

1977, Uimh. 10

War Loan (Supplemental Provisions) Act, 1915

1915, c. 93

/images/harp.jpg


Uimhir 21 de 1989


AN tACHT UM BAINC THAISCE IONTAOBHAIS, 1989

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH ATHMHEAS GINEARÁLTA AR AN DLÍ A BHAINEANN LE BAINC THAISCE IONTAOBHAIS AGUS, CHUN NA CRÍCHE SIN, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN NA BAINC SIN A CHEADÚNÚ AGUS A MHAOIR-SIÚ AG AN mBANC CEANNAIS, DÁ CHUMASÚ DON AIRE AIRGEADAIS ÚDARÚ A THABHAIRT IAD A ATH-EAGRÚ INA gCUIDEACHTAÍ FAOI ÚINÉIREACHT AGUS RIALÚ AN AIRE AIRGEADAIS NÓ INA gCUID-EACHTAÍ A SHEOLANN, INTER ALIA, GNÁTHGHNÓ BAINCÉIREACHTA AGUS ATÁ FAOI ÚINÉIREACHT AGUS RIALÚ DAOINE EILE CIBÉ ACU I bPÁIRT-EACHAS LEIS AN AIRE AIRGEADAIS NÓ NACH EA AGUS d'AISGHAIRM NA nACHTANNA UM BAINC THAISCE IONTAOBHAIS, 1863 GO 1979, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE COMH-GHAOLMHARA. [23 Nollaig, 1989]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1989 , a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin, le hordú nó le horduithe a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo, go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus d'fhorálacha éagsúla.

Léiriú.

3. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1963” Acht na gCuideachtaí, 1963 ;

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1979;

ciallaíonn “an Banc Ceannais” Banc Ceannais na hÉireann;

tá le “cuideachta”, “scairchaipiteal cothromais”, “cuideachta shealbhaíochta” agus “fochuideachta” na bríonna a shanntar dóibh le hAcht 1963;

ciallaíonn “Achtanna na gCuideachtaí” Acht 1963 agus gach Acht atá le forléiriú le chéile leis mar aon Acht amháin;

ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt;

folaíonn “taisce” taisce i gcuntas reatha;

ciallaíonn “taisceoir” duine a choinníonn taisce le banc taisce iontaobhais agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “iarbhanc” banc taisce iontaobhais a bhí, díreach roimh thosach feidhme Chuid II, arna dheimhniú faoi na hAchtanna;

tá le “ceadúnas” an bhrí a shanntar dó le halt 10;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

tá le “an cuntas speisialta” an bhrí a shanntar dó le halt 32;

tá le “banc taisce iontaobhais” an bhrí a shanntar dó le halt 9.

(2) San Acht seo—

(a) déanfar tagairt d'aon achtachán a fhorléiriú, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán, nó faoi aon achtachán, ina dhiaidh sin lena n-áirítear an tAcht seo nó rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo,

(b) aon tagairt do Chuid, d'alt nó do sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, nó do sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,

(c) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe,

(d) déanfar tagairt d'aon fhoráil den Acht seo a fhorléiriú, más iomchuí, mar thagairt don fhoráil sin arna modhnú le rialacháin.

Rialacháin agus treoracha.

4. —(1) Gan dochar d'aon fhoráil shonrach den Acht seo, féadfaidh cibé forálacha teagmhascha, iarmhartacha, eatramhacha nó forlíontacha (lena n-áirítear forálacha chun an t-aistriú ó na hachtacháin a aisghairtear le halt 7 den Acht seo a chur in éifeacht) a bheith in aon rialacháin faoin Acht seo is dóigh leis an Aire is gá nó is iomchuí chun críche ar bith de chuid an Achta seo nó de dhroim aon fhorála ann nó chun lán-éifeacht a thabhairt d'aon fhoráil ann.

(2) Déanfar gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

(3) (a) Féadfaidh an Banc Ceannais treoir a thabhairt do bhanc taisce iontaobhais i ndáil le haon ní (seachas ní a bhféadfaidh an Banc Ceannais treoir a thabhairt do bhanc taisce iontaobhais i ndáil leis faoi aon fhoráil eile den Acht seo) a bhaineann leis an ngnó a sheolann an banc nó i gcás inar dóigh leis gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe le rialáil ordúil chuí banc taisce iontaobhais.

(b) Aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh déanamh de réir treorach faoin bhfo-alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(4) (a) Aon treoir ón mBanc Ceannais faoin Acht seo is oifigeach don Bhanc Ceannais, a bheidh údaraithe go cuí chuige sin, a thabharfaidh í i scríbhinn.

(b) Beidh feidhm, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha fho-alt (1) maidir le treoir den sórt sin mar atá feidhm acu maidir le rialacháin.

(c) Féadfar treoir den sórt sin a thabhairt do bhanc taisce iontaobhais trína cur leis an ngnáthphost réamhíoctha chuig rúnaí an bhainc, nó chuig oifigeach eile dá shamhail de chuid an bhainc, agus í dírithe chuige ag príomhoifig an bhainc.

(d) Féadfaidh an Banc Ceannais, trí threoir faoin mír seo, treoir a bheidh tugtha aige faoin Acht seo, lena n-áirítear an mhír seo, a leasú nó a chúlghairm.

Rialacháin chun deireadh a chur le deacrachtaí.

5. —Má éiríonn aon deacracht, ar bhealach ar bith, le linn aon fhoráil den Acht seo a thabhairt i ngníomh nó i ndáil le hoibriú aon fhorála den sórt sin, féadfaidh an tAire, le rialacháin, aon ní a dhéanamh is dóigh leis is gá nó is fóirsteanach chun deireadh a chur leis an deacracht sin, chun an fhoráil sin a thabhairt i ngníomh, nó chun oibriú na forála sin a áirithiú nó a urasú, agus féadfar le haon rialacháin den sórt sin aon fhoráil den Acht seo a mhodhnú a mhéid is gá nó is fóirsteanach chun an fhoráil sin a chur in éifeacht chun na gcríoch sin a dúradh ach ní dhéanfar aon rialacháin faoin alt seo i ndáil le haon fhoráil den Acht seo tar éis 3 bliana a bheith caite dar tosach an lá ar tháinig an fhoráil iomchuí den Acht seo i ngníomh.

An tAcht a mhodhnú lena chur i gcomhréir le hathruithe ar dhlí na gcuideachtaí, na baincéireachta agus na gcumann foirgníochta.

6. —(1) Má dhéantar aon mhodhnú ar na hachtacháin a bheidh i bhfeidhm i ndáil le cuideachtaí, le bainc nó le cumainn fhoirgníochta, agus gur dóigh leis an Aire gur fóirsteanach forálacha an Achta seo a mhodhnú chun go mbeidh an dlí a bhaineann le bainc thaisce iontaobhais ar aon dul leis na modhnuithe ar an dlí a bhaineann le cuideachtaí, le bainc nó le cumainn fhoirgníochta, féadfaidh an tAire, le rialacháin, cibé modhnú a dhéanamh ar aon fhorálacha den Acht seo is dóigh leis is cuí chuige sin.

(2) An chumhacht a thugtar le fo-alt (1) folaíonn sí cumhacht chun na forálacha iomchuí den Acht seo a mhodhnú—

(a) chun cumhacht a thabhairt orduithe, rialacháin nó ionstraimí eile a dhéanamh,

(b) chun socrú a dhéanamh maidir le táillí a ghearradh ach ní chun aon mhuirear de chineál cánachais a ghearradh.

(3) Féadfar le rialacháin faoin alt seo—

(a) leasuithe iarmhartacha nó aisghairm a dhéanamh ar fhorálacha eile den Acht seo;

(b) cibé forálacha eatramhacha nó cosantacha a dhéanamh is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach.

(4) San alt seo folaíonn “modhnú” aon bhreisiú agus, maidir le modhnuithe ar na hachtacháin a bhaineann le cuideachtaí, le bainc nó le cumainn fhoirgníochta, aon mhodhnú a chuirfear in éifeacht cibé acu le haon Acht sa todhchaí nó le hionstraim a dhéanfar, tar éis an tAcht seo a rith, faoi Acht a rithfear tráth ar bith.

Aisghairm agus cosaintí.

7. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

(2) Sa mhéid go bhféadfadh aon ionstraim nó ní ar bith eile a rinneadh faoi aon fhoráil a aisghairtear leis an Acht seo a bheith déanta faoi fhoráil chomhréire den Acht seo, ní bheidh an ionstraim ná an ní sin ó bhail de bharr aisghairm na forála sin ach má bhí siad i bhfeidhm díreach sular aisghaireadh an fhoráil sin, beidh éifeacht leo ionann is dá mba gur faoin bhforáil chomhréire den Acht seo a dhéanfaí iad.

(3) Aon tagairt d'iarbhanc in aon reacht, nó in aon ionstraim a rinneadh faoi reacht, nó in aon leabhar, taifead nó doiciméad eile, forléireofar í mar thagairt do bhanc taisce iontaobhais.

Caiteachais.

8. —(1) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an Banc Ceannais ag riaradh an Achta seo a íoc as ciste ginearálta an Bhainc Ceannais.

CUID II

Bunú agus Ceadúnú Banc Taisce Iontaobhais

"Banc taisce iontaobhais".

9. —(1) San Acht seo ciallaíonn “banc taisce iontaobhais” cumann a foirmíodh chun foras is de chineál bainc, agus a chomhlíonann forálacha an Achta seo, a bhunú agus a chothabháil, ar foras é—

(a) a bhfuil a ghnó á bhainistí agus á riaradh faoi mhaoirsiú iontaobhaithe de réir na bhforálacha sin, agus

(b) a sheolann, de bhun ceadúnais agus de réir na bhforálacha sin agus rialacha arna ndéanamh ag a iontaobhaithe, agus faoi réir mhaoirsiú ginearálta an Bhainc Ceannais, aon cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(i) gnó arb éard é glacadh taiscí is iníoctha ar éileamh nó ar fhógra nó ar dháta socraithe nó inchinnte sa todhchaí,

(ii) an gnó a bhíodh á sheoladh de ghnáth ag iarbhanc,

(iii) gnó arb éard é seirbhís airgeadais ar bith eile a chur ar fáil, le toiliú an Bhainc Ceannais.

(2) Féadfaidh banc taisce iontaobhais, le toiliú an Bhainc Ceannais, gnó a sheoladh lasmuigh den Stát.

(3) I bhfeidhmiú aon fheidhme dá chuid faoin Acht seo ní cheanglófar ar an mBanc Ceannais déileáil le sócmhainní nó dliteanais de chuid banc taisce iontaobhais lasmuigh den Stát ionann is dá mbeidís á sealbhú sa Stát.

Ceadúnais.

10. —(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, féadfaidh an Banc Ceannais, ar iarratas chuige sin a bheidh déanta chuige ag iontaobhaithe an chumainn lena mbaineann, ceadúnas a dheonú dóibh, nó diúltú ceadúnas a dheonú dóibh, á údarú dóibh banc taisce iontaobhais a bhunú agus a chothabháil agus gnó bainc den sórt sin a sheoladh (dá ngairtear “ceadúnas” san Acht seo).

(2) Ní dhiúltóidh an Banc Ceannais ceadúnas a dheonú gan toiliú an Aire agus mura deimhin leis nach rachadh deonú an cheadúnais chun leasa do rialáil ordúil chuí banc taisce iontaobhais nó nach bhfuil an tAcht seo á chomhlíonadh maidir leis an bhforas, nó leis na hiontaobhaithe, lena mbaineann agus ní thabharfaidh an tAire a thoiliú leis an diúltú mura deimhin leis nach rachadh deonú an cheadúnais chun leasa do rialáil ordúil chuí banc taisce iontaobhais nó nach bhfuil an tAcht seo á chomhlíonadh maidir leis an bhforas, nó leis na hiontaobhaithe, lena mbaineann.

(3) Aon uair a bheartóidh an Banc Ceannais diúltú ceadúnas a dheonú d'iontaobhaithe cumainn—

(a) tabharfaidh sé fógra i scríbhinn dóibh á rá go bhfuil beartaithe aige toiliú an Aire leis an diúltú a lorg agus cad iad na cúiseanna atá ag an mBanc leis an diúltú, agus go bhféadfaidh siad, laistigh de 21 lá ó dháta an fhógra a thabhairt, uiríll a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire i ndáil leis an diúltú atá beartaithe,

(b) féadfaidh na hiontaobhaithe uiríll den sórt sin a dhéanamh chun an Aire laistigh den am a dúradh, agus

(c) déanfaidh an tAire, sula gcinnfidh sé a thoiliú a thabhairt, nó gan a thoiliú a thabhairt, leis an diúltú atá beartaithe, breithniú ar aon uiríll a bheidh déanta go cuí chuige faoin bhfo-alt seo.

(4) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, déanfaidh an Banc Ceannais, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis iarratas ar cheadúnas a fháil, an ceadúnas a dheonú nó fógra faoi fho-alt (3) (a) a thabhairt do na daoine a rinne an t-iarratas.

(b) Beidh éifeacht le mír (a) i ndáil le cás ina n-iarrfaidh an Banc Ceannais ar na daoine lena mbaineann, de bhun fho-alt (6), faisnéis a thabhairt i ndáil le hiarratas ar cheadúnas ionann is dá mba thagairt don fhaisnéis a thabhairt an tagairt d'iarratas a fháil.

(5) Beidh iarratas ar cheadúnas i cibé foirm, agus beidh faisnéis ann i ndáil le cibé nithe, a shonróidh an Banc Ceannais.

(6) Féadfaidh an Banc Ceannais, tar éis dó iarratas ar cheadúnas a fháil, a iarraidh i scríbhinn ar na daoine lena mbaineann, faisnéis a thabhairt dó i ndáil le nithe sonraithe agus déanfaidh na daoine de réir na hiarrata sin.

(7) Más rud é go raibh iarbhanc ag seoladh gnó díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, déanfaidh an Banc Ceannais, ar iarratas ar cheadúnas a bheith déanta ag a iontaobhaithe, ceadúnas maidir lena ghnó a dheonú dóibh a luaithe is féidir dá éis sin agus beidh éifeacht leis an gceadúnas, agus measfar go raibh éifeacht leis, amhail ar an agus ón tosach feidhme sin.

(8) Má dheonaítear ceadúnas, ní hionann an deonú sin agus baránta ar shócmhainneacht an fhorais lena mbaineann agus ní bheidh an Banc Ceannais faoi dhliteanas maidir le haon chaillteanais a thabhófar trí dhócmhainneacht nó mainneachtain ag aon duine dá ndeonaítear ceadúnas nó ag an mbanc taisce iontaobhais a ndeonaítear ina leith é.

(9) Féadfaidh an Banc Ceannais ceadúnas a leasú trí ainmneacha iontaobhaithe an bhainc taisce iontaobhais lena mbaineann a chur isteach ann nó a scriosadh as, de réir mar is cuí.

Toirmeasc ar ghnó bainc taisce iontaobhais a sheoladh gan cheadúnas.

11. —(1) Ní dhéanfaidh duine, seachas duine a bheidh údaraithe le ceadúnas chun sin a dhéanamh, gnó bainc taisce iontaobhais a sheoladh thar a cheann féin nó thar ceann aon duine eile sa Stát nó lasmuigh den Stát ná ní thabharfaidh sé le fios nó le tuiscint go seolann sé gnó den sórt sin.

(2) Chun críocha an ailt seo, measfar go dtabharfaidh duine le fios go seolann sé gnó bainc taisce iontaobhais má dhéanann sé gníomh a shonraítear in alt 14 (2).

(3) Beidh duine a sháróidh an t-alt seo ciontach i gcion.

Coinníollacha ceadúnas.

12. —(1) Faoi réir fho-alt (2), beidh ceadúnas faoi réir cibé coinníollacha, más ann, a fhorchuirfidh an Banc Ceannais agus a shonróidh sé tráth a dheonaithe, ar coinníollacha iad a mbeidh sé ceaptha dóibh, i dtuairim an Bhainc, rialáil ordúil chuí banc taisce iontaobhais a chur chun cinn.

(2) Féadfaidh an Banc Ceannais, ó am go ham, coinníollacha ceadúnais a leasú nó a chúlghairm nó féadfaidh sé cur leo, agus féadfaidh sé coinníollacha a fhorchur i ndáil le ceadúnas, más rud é, i dtuairim an Bhainc Ceannais, go mbeidh sé ceaptha don leasú, don chúlghairm, don bhreisiú nó don fhorchur rialáil ordúil chuí banc taisce iontaobhais a chur chun cinn.

(3) Aon uair a bheartóidh an Banc Ceannais coinníoll a fhorchur i ndáil le ceadúnas nó coinníollacha ceadúnais a leasú nó cur leo—

(a) tabharfaidh sé fógra i scríbhinn do na daoine a shealbhaíonn an ceadúnas nó a mbeartaítear an ceadúnas a dheonú dóibh, á rá go bhfuil sé beartaithe aige an coinníoll a fhorchur nó coinníollacha an cheadúnais a leasú nó cur leo, de réir mar a bheidh, agus cad iad na cúiseanna atá aige leis sin a dhéanamh agus go bhféadfaidh siad, laistigh de 21 lá tar éis an fógra a thabhairt, uiríll a dhéanamh i scríbhinn chun an Bhainc Ceannais i ndáil leis an bhforchur, leis an leasú nó leis an mbreisiú, de réir mar a bheidh,

(b) féadfaidh na daoine uiríll den sórt sin a dhéanamh chun an Bhainc Ceannais laistigh de na tréimhsí ama a dúradh,

(c) déanfaidh an Banc Ceannais, sula gcinnfidh sé an coinníoll a fhorchur nó coinníollacha an cheadúnais a leasú nó cur leo, breithniú ar aon uiríll a bheidh déanta go cuí chuige faoin bhfo-alt seo, agus

(d) má dhéantar go cuí aon uiríll chun an Bhainc Ceannais faoin bhfo-alt seo, féadfaidh sé, ar an tréimhse 21 lá a dúradh a bheith caite, an togra a dúradh a tharraingt siar nó cibé coinníoll a fhorchur nó cibé leasuithe ar choinníollacha an cheadúnais, nó cibé breisithe leo, a dhéanamh is cuí leis an mBanc Ceannais ag féachaint do na huiríll, faoi réir an choinníll, agus faoina réir sin amháin, nach ndéanfaidh an Banc Ceannais gníomh a fhágfaidh go mbeidh sé níos dochraidí coinníollacha an cheadúnais a chomhlíonadh ná mar a bheadh sé dá mba iad coinníollacha an cheadúnais na coinníollacha a bhí sa cheadúnas an tráth ar tugadh an fógra faoi mhír (a), agus iad arna leasú nó arna mbreisiú, nó difear déanta dóibh thairis sin, de réir an fhógra.

(4) Aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh déanamh de réir coinníll i gceadúnas, beidh sé ciontach i gcion.

Ceadúnais a chúlghairm.

13. —(1) Féadfaidh an Banc Ceannais, le toiliú an Aire, ceadúnas a chúlghairm—

(a) má iarrann sealbhóirí an cheadúnais amhlaidh,

(b) mura mbeidh an foras lena mbaineann tosaithe ar an ngnó a údaraítear leis an gceadúnas a sheoladh laistigh de 12 mhí ón dáta ar ar deonaíodh an ceadúnas,

(c) má tá an banc taisce iontaobhais lena mbaineann á fhoirceannadh,

(d) má éiríonn an banc taisce iontaobhais neamhábalta freastal dá oibleagáidí i leith a chreidiúnaithe nó má fhionraíonn sé íocaíochtaí atá dlite go dleathach de nó, i dtuairim an Bhainc Ceannais—

(i) nach leor a thuilleadh na cistí a shealbhaíonn sé chun críocha an ghnó sin a dúradh, nó

(ii) nach féidir brath air a thuilleadh chun a oibleagáidí i leith a chreidiúnaithe, lena n-áirítear aisíoc na dtaiscí a bheidh á sealbhú aige agus íoc úis orthu, a chomhall,

(e) má chiontaítear an banc taisce iontaobhais, ar díotáil, i gcion faoin Acht seo nó má chiontaítear é i gcion lena ngabhann calaois nó mímhacántacht,

(f) má tá athrú tagtha, ón uair a deonaíodh an ceadúnas, ar na himthosca a bhaineann leis an deonú agus go ndiúltófaí ceadúnas a dheonú dá ndéanfaí iarratas ar é a dheonú sna himthosca athraithe,

(g) mura deimhin leis an mBanc Ceannais go bhfágann imthosca an bhainc taisce iontaobhais go bhfuil ar chumas an bhainc taiscí a bheidh glactha aige a aisíoc agus aon ús a bheidh dlite orthu do na taisceoirí, de réir théarmaí na dtaiscí, a íoc,

(h) má mhainníonn na hiontaobhaithe nó an banc taisce iontaobhais déanamh de réir treorach ón mBanc Ceannais faoin Acht seo,

(i) mura gcomhlíonfar an tAcht seo maidir leis na hiontaobhaithe nó leis an mbanc taisce iontaobhais, nó

(j) má tá scortha ag an mbanc taisce iontaobhais de bheith ag seoladh an ghnó a údaraítear leis an gceadúnas agus mura raibh sé á sheoladh aige le linn tréimhse is faide ná 6 mhí díreach tar éis an scoir.

(2) Aon uair a bheartóidh an Banc Ceannais ceadúnas a chúlghairm (ar shlí seachas de bhun iarrata ó shealbhóirí ar cheadúnais sin a dhéanamh)—

(a) tabharfaidh sé fógra i scríbhinn do na sealbhóirí á rá go bhfuil beartaithe aige toiliú an Aire leis an gcúlghairm a lorg agus cad iad na cúiseanna atá leis sin agus go bhféadfaidh na sealbhóirí, laistigh de 21 lá tar éis an dáta ar ar tugadh an fógra, uiríll a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire i ndáil leis an gcúlghairm atá beartaithe,

(b) féadfaidh an sealbhóir uiríll den sórt sin a dúradh a dhéanamh chun an Aire laistigh den tréimhse ama a dúradh, agus

(c) déanfaidh an tAire, sula gcinnnfidh sé a thoiliú leis an gcúlghairm a dheonú, nó gan é a dheonú, breithniú ar aon uiríll a bheidh déanta go cuí chuige faoin bhfo-alt seo.

(3) I gcás ina gcúlghairfear ceadúnas agus nach bhfoirceannfar an banc taisce iontaobhais lena mbaineann—

(a) leanfaidh an banc de bheith faoi dhliteanas maidir le taiscí a ghlac sé go dtí go mbeidh aon dliteanais ina leith urscaoilte chun sástacht an Bhainc Ceannais,

(b) ar na dliteanais sin a dúradh a bheith urscaoilte, dúnfar an banc de réir alt 42, agus

(c) déanfaidh iontaobhaithe an bhainc a ndliteanais go léir i leith a dtaisceoirí a urscaoileadh go hiomlán gan mhoill mhíchuí agus tabharfaidh siad fógra don Bhanc Ceannais agus do na taisceoirí leis an mbanc, ar cibé dóigh agus laistigh de cibé tréimhse ama a chinnfidh an Banc Ceannais, i dtaobh na mbearta atá á ndéanamh acu chuige sin.

(4) I gcás ina gcúlghairfear ceadúnas agus go mbeidh an banc taisce iontaobhais lena mbaineann á fhoirceannadh, féadfaidh leachtaitheoir an bhainc gnó an bhainc a sheoladh go feadh cibé méid is dóigh leis an mBanc Ceannais nó, más de bhun ordú ón gCúirt atá an foirceannadh á dhéanamh, is dóigh leis an gCúirt, is gá chun a chumasú don leachtaitheoir a fheidhmeanna a chomhall.

(5) Beidh duine a sháróidh fo-alt (3) (c) ciontach i gcion.

Ainm bainc taisce iontaobhais.

14. —(1) Beidh an abairt “banc taisce iontaobhais” nó an abairt “banc taisce” ar áireamh in ainm bainc taisce iontaobhais, mura dtoileoidh an Banc Ceannais lena fágáil ar lár.

(2) Maidir le duine seachas banc taisce iontaobhais—

(a) más comhlacht corpraithe é, ní bheidh ar áireamh aige in ainm an chomhlachta ceachtar de na habairtí a dúradh ná aon abairt is malairt nó aistriú ar cheachtar de na habairtí sin nó is díorthaíoch uathu nó atá ar aon dul leo,

(b) más pearsa aonair é a sheolann gnó faoi ainm nó teideal (seachas a ainm féin gan aon ní eile curtha leis), ní bheidh ar áireamh aige san ainm nó sa teideal ceachtar de na habairtí a dúradh ná aon abairt is malairt nó aistriú ar cheachtar de na habairtí sin nó is díorthaíoch uathu nó atá ar aon dul leo,

(c) más comhlacht neamhchorpraithe daoine é a sheolann gnó, ní bheidh ar áireamh aige san ainm faoina seolann an comhlacht gnó (nach é, i gcás comhpháirtíochta, ainm nó ainmneacha duine amháin nó níos mó de na comhpháirt ithe é gan aon ní eile curtha leis) ceachtar de na habairtí a dúradh ná aon abairt is malairt nó aistriú ar cheachtar de na habairtí sin nó is díorthaíoch uathu nó atá ar aon dul leo,

(d) ní úsáidfidh sé, i bhfógrán, i gciorclán, i gcárta gnó nó i ndoiciméad eile, ceachtar de na habairtí a dúradh ná aon abairt is malairt nó aistriú ar cheachtar de na habairtí sin nó is díorthaíoch uathu dá mba rud é, trína dhéanamh sin, go mbeadh sé ag tabhairt le fios nó le tuiscint gur banc taisce iontaobhais é.

(3) Beidh duine a sháróidh fo-alt (2) ciontach i gcion.

Banc taisce iontaobhais do thabhairt agus d'fháil airgid ar iasacht.

15. —(1) Is ar cibé dóigh, agus faoi threoir cibé nithe, a chinnfidh an Banc Ceannais a shocrófar na rátaí úis a mhuirearóidh banc taisce iontaobhais ar iasachtaí a thabharfaidh sé, agus na rátaí úis a íocfaidh sé ar thaiscí a ghlacfaidh sé.

(2) (a) Féadfaidh banc taisce iontaobhais airgead a fháil ar iasacht lena n-áirítear, le toiliú an Bhainc Ceannais, airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit.

(b) Féadfaidh an Banc Ceannais, más cuí leis, na nithe seo a leanas a shonrú i dtreoir a thabharfar do bhanc taisce iontaobhais—

(i) an dliteanas uasta a fhéadfaidh an banc a thabhú i leith iasachtaí a gheobhaidh sé agus i leith úis ar na hiasachtaí sin, agus

(ii) an dliteanas uasta a fhéadfaidh an banc a thabhú i ndáil le haon duine áirithe amháin i leith iasachtaí a gheobhaidh sé agus i leith úis ar na hiasachtaí sin, agus

(iii) na téarmaí agus na coinníollacha ar a bhféadfaidh an banc airgead a fháil ar iasacht (lena n-áirítear téarmaí nó coinníollacha ag sonrú an ráta úis, nó ag déanamh forála le haghaidh cinneadh an ráta úis, is iníoctha ar airgead a gheobhaidh sé ar iasacht agus an urrúis a bheidh le tabhairt aige i leith na n-iasachtaí a gheobhaidh sé).

(3) Ní sheolfaidh banc taisce iontaobhais, gan toiliú an Bhainc Ceannais, aon ghnó seachas taiscí a ghlacadh agus aon ghnó eile a bhíodh á sheoladh ag iarbhanc.

(4) Aon duine a sháróidh fo-alt (3) nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh déanamh de réir treorach faoi fho-alt (2), beidh sé ciontach i gcion.

Rialacha bainc taisce iontaobhais.

16. —(1) (a) (i) Sula dtosóidh banc taisce iontaobhais de bheith ag seoladh gnó nó, i gcás banc taisce iontaobhais a bhí ina iarbhanc díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an tosach feidhme sin, déanfaidh iontaobhaithe an bhainc rialacha (a bheidh faoi réir cheadú an Bhainc Ceannais) chun an banc a bhainistí agus a riaradh agus le haghaidh cibé nithe eile i ndáil leis an mbanc is dóigh leis is cuí.

(ii) Faoi réir cheadú an Bhainc Ceannais, féadfaidh iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais, le rialacha faoi fhomhír (i), rialacha faoin bhfomhír sin a leasú nó a chúlghairm.

(b) Déanfaidh an Banc Ceannais—

(i) maidir le rialacha atá beartaithe faoi mhír (a) (i), na rialacha a cheadú más deimhin leis go bhfuil siad ag teacht le cleachtas fónta na baincéireachta, go ndéanann siad foráil le haghaidh na nithe go léir ar chóir, i dtuairim an Bhainc Ceannais, foráil a dhéanamh dóibh leis na rialacha agus go bhfuil siad i gcomhréir leis an dlí (lena n-áirítear an tAcht seo),

(ii) maidir le rialacha atá beartaithe faoi mhír (a) (ii), na rialacha a cheadú más deimhin leis go gcomhlíonfaidh siad, maille leis na rialacha a bheadh i bhfeidhm tar éis an leasú atá beartaithe nó an chúlghairm atá beartaithe a dhéanamh, na coinníollacha a shonraítear i bhfomhír (i).

(c) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), déanfar foráil, i rialacha faoin mír sin, i ndáil leis na nithe a bheidh sonraithe de thuras na huaire sa Dara Sceideal.

(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin, arna ndéanamh tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais agus leis na bainc thaisce iontaobhais a bheidh ag seoladh gnó de thuras na huaire, an Dara Sceideal a leasú agus beidh éifeacht leis an Sceideal sin faoi réir aon rialachán faoin bhfo-alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

(3) Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas i ndáil le rialacha, faoin alt seo, de chuid bainc taisce iontaobhais:

(a) déanfaidh iontaobhaithe, bainisteoirí agus oifigigh eile an bhainc de réir na rialacha agus seolfar gnó an bhainc de réir na rialacha,

(b) tabharfar cóip de na rialacha do thaisceoir de chuid an bhainc ar é dá iarraidh sin ag aon oifig den bhanc,

(c) cuirfear cóip de na rialacha ar fáil, lena hiniúchadh ag taisceoirí an bhainc, ag gach oifig den bhanc le linn na dtráthanna a mbíonn an banc ar oscailt don phobal le gnó a dhéanamh,

(d) má thugtar ar aird, in imeachtaí in aon chúirt nó binse, doiciméad a airbheartaíonn gur cóip de na rialacha é agus go bhfuil sé deimhnithe ag oifigeach don bhanc gur cóip dhílis de na rialacha é, is fianaise é sin ar na rialacha mura suífear a mhalairt.

(4) Beidh duine a sháróidh fo-alt (3) (a) ciontach i gcion.

(5) Maidir le rialacha iarbhainc a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, leanfaidh siad i bhfeidhm go ceann na tréimhse 6 mhí díreach tar éis an tosach feidhme sin agus féadfaidh iontaobhaithe an bhainc taisce iontaobhais lena mbaineann iad a leasú nó a chúlghairm le linn na tréimhse sin ionann is dá mbeidís déanta de bhun an ailt seo agus measfar, le linn na tréimhse sin, go gcomhlíonann siad forálacha an Achta seo.

CUID III

Iontaobhaithe Banc Taisce Iontaobhais

Líon iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais.

17. —(1) Beidh 5 iontaobhaí ar a laghad, agus 10 iontaobhaí ar a mhéid, ag banc taisce iontaobhais.

(2) I gcás ina gcónascfaidh 2 bhanc taisce iontaobhais nó níos mó, agus gur mhó ná 10 líon iontaobhaithe na mbanc díreach roimh an gcónascadh, féadfar na hiontaobhaithe sin a cheapadh chun bheith ina n-iontaobhaithe ar an mbanc cónasctha ionann is dá mba nár mhó a líon ná 10, ach ní cheapfar aon iontaobhaithe eile i ndáil leis an mbanc cónasctha go dtí go mbeidh líon iontaobhaithe an bhainc chónasctha tite faoi bhun 10.

(3) Más rud é, tráth ar bith, go dtitfidh líon iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais faoi bhun 5, déanfar, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an trátha sin, oiread daoine a cheapadh chun bheith ina n-iontaobhaithe ar an mbanc a fhágfaidh gur líon nach lú ná 5 líon na n-iontaobhaithe, ach beidh aon ghníomhartha a dhéanfaidh iontaobhaithe an bhainc le linn na tréimhse 3 mhí sin, nó le linn na tréimhse ón tráth sin a dúradh go dtí go gceapfar daoine chun bheith ina n-iontaobhaithe ar an mbanc de bhun an ailt seo, cibé acu is giorra, chomh bailí céanna is a bheidís dá mba líon nach lú ná 5 líon iontaobhaithe an bhainc i gcaitheamh na tréimhse iomchuí.

(4) Ní cheapfar duine chun bheith ina iontaobhaí ar bhanc taisce iontaobhais gan toiliú an Bhainc Ceannais.

Teorainn aoise d'iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais.

18. —Scoirfidh duine d'oifig a shealbhú mar iontaobhaí ar bhanc taisce iontaobhais tráth nach déanaí ná an tráth a mbeidh 70 bliain d'aois slánaithe aige.

Dícháiliú chun bheith mar iontaobhaí ar bhanc taisce iontaobhais.

19. —(1) Aon duine—

(a) a bhreithneofar ina fhéimheach,

(b) a dhéanfaidh imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe,

(c) a bhí, tráth ar bith, faoi dhliteanas pearsanta de bhun alt 22 maidir lena iompar le linn dó bheith ag comhlíonadh a dhualgas mar iontaobhaí ar bhanc taisce iontaobhais,

(d) ar a gcuirfear pianbhreith príosúnachta ar feadh téarma nach giorra ná 6 mhí, nó

(e) a chiontófar i gcion lena ngabhann calaois nó mímhacántacht,

beidh sé dícháilithe chun bheith ina iontaobhaí ar bhanc taisce iontaobhais.

(2) Aon iontaobhaí ar bhanc taisce iontaobhais—

(a) a bhreithneofar ina fhéimheach,

(b) a dhéanfaidh imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe,

(c) a bheidh faoi dhliteanas pearsanta, de bhun alt 22, maidir lena iompar le linn dó bheith ag comhlíonadh a dhualgas mar iontaobhaí den sórt sin,

(d) ar a gcuirfear pianbhreith príosúnachta ar feadh téarma nach giorra ná 6 mhí, nó

(e) a chiontófar i gcion lena ngabhann calaois nó mímhacántacht,

tiocfaidh sé chun bheith, agus beidh sé, dícháilithe láithreach chun bheith ina iontaobhaí den sórt sin.

Airgead onóra a íoc le hiontaobhaithe bainc taisce iontaobhais.

20. —(1) (a) Féadfaidh banc taisce iontaobhais airgead onóra, ina mbeidh cibé méideanna a cheadóidh an Banc Ceannais, a íoc lena iontaobhaithe.

(b) Déanfar méid comhiomlán aon airgid onóra a d'íoc banc taisce iontaobhais lena iontaobhaithe in aon bhliain airgeadais de chuid an bhainc a shonrú i gcuntais an bhainc don bhliain sin.

(2) (a) Féadfaidh banc taisce iontaobhais airgead a thabhairt ar iasacht d'iontaobhaí de chuid an bhainc más rud é, ach ar an gcoinníoll amháin—

(i) go dtabharfar an iasacht de réir agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a shonróidh an Banc Ceannais,

(ii) nach mó an iasacht ná cibé méid, más ann, a shonróidh an Banc Ceannais, agus

(iii) nach mó méid comhiomlán na hiasachta agus aon mhéid nach mbeidh aisíoctha nó íoctha leis an mbanc i leith iasachtaí eile a thug an banc don iontaobhaí, maille le hús air sin, ná cibé méid, más ann, a shonróidh an Banc Ceannais.

(b) Déanfar méid comhiomlán aon iasachtaí faoin bhfo-alt seo nach mbeidh aisíoctha le banc taisce iontaobhais ag deireadh aon bhliana airgeadais de chuid an bhainc, agus méid comhiomlán aon úis ar na hiasachtaí a bheidh dlite agus iníoctha, ach nach mbeidh íoctha, leis an mbanc ag deireadh na bliana sin, a shonrú i gcuntais an bhainc don bhliain sin; beidh ag gabháil le haon ráiteas den sórt sin i gcuntais an bhainc ráiteas á rá gur tugadh na hiasachtaí lena mbaineann de réir agus faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha céanna le hiasachtaí a thugann an banc do dhaoine den phobal.

(3) Más rud é, i dtuairim iniúchóra bainc taisce iontaobhais, go mbeidh fo-alt (1) (b) nó (2) (b) sáraithe ag an mbanc maidir le bliain airgeadais de chuid an bhainc, cuirfidh an t-iniúchóir ráiteas á rá sin ina thuarascáil ar chuntais an bhainc don bhliain sin mar aon le ráiteas i dtaobh na méideanna, nó aon chuid díobh, dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b) nó (2) (b), de réir mar a bheidh, a mbeidh eolas aige orthu.

(4) Beidh duine a sháróidh an t-alt seo ciontach i gcion.

Iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais do nochtadh leasa.

21. —(1) Aon iontaobhaí de chuid bainc taisce iontaobhais—

(a) a mbeidh leas aige i gcuideachta nó i ngnóthas lena mbeartaíonn an banc conradh a dhéanamh nó lena mbeidh conradh déanta aige, nó

(b) a mbeidh leas aige i gconradh a bheartaíonn an banc a dhéanamh nó a bheidh déanta aige,

nó is duine lena bhfuil baint ag duine ag a bhfuil leas den sórt sin, nochtfaidh sé don bhanc agus do na hiontaobhaithe eile, ag cruinniú de na hiontaobhaithe, go bhfuil an leas sin aige agus cén cineál leasa é agus ní ghlacfaidh sé páirt ar bith in aon bhreithniú nó cinneadh a dhéanfar ag aon chruinniú den sórt sin i ndáil leis an gconradh.

(2) Déanfar nochtadh faoin alt seo a luaithe a bheidh deis ann.

(3) Má thugann iontaobhaí bainc taisce iontaobhais fógra ginearálta don bhanc agus d'iontaobhaithe an bhainc, ag cruinniú de na hiontaobhaithe, á rá gur comhalta é de chuideachta shonrach nó de ghnólacht sonrach agus go bhfuil sé le meas mar dhuine a bhfuil leas aige in aon chonradh a dhéanfar, tar éis dháta an fhógra, leis an gcuideachta nó leis an ngnólacht, measfar, chun críocha fho-alt (1), gur nochtadh leordhóthanach an fógra sin i dtaobh an leasa sin.

(4) Déanfar nochtadh a dhéanfar le hiontaobhaithe bainc taisce iontaobhais faoi fho-alt (1), agus fógra a thabharfar dóibh faoi fho-alt (3), a thaifeadadh i miontuairiscí chruinnithe na n-iontaobhaithe.

(5) (a) Chun críocha an ailt seo, tá baint ag duine le hiontaobhai de chuid bainc taisce iontaobhais más rud é, ach ar an gcoinníoll amháin—

(i) gurb é céile an iontaobhaí é nó go gcónaíonn sé in aontíos leis mar chéile,

(ii) gurb é tuismitheoir nó leanbh an iontaobhaí é, nó

(iii) gur duine é atá ag gníomhú ina cháil mar iontaobhaí (seachas mar iontaobhaí faoi scéim scaire fostaithe nó faoi scéim pinsin) ar aon iontaobhas a bhfuil iontaobhaí an bhainc taisce iontaobhais, a chéile nó aon leanbh dá chuid, nó comhlacht corpraithe lena bhfuil sé i gcomhlachas, i measc na dtairbhithe uaidh nó a dtugtar, faoina théarmaí, cumhacht do na hiontaobhaithe is cumhacht is féidir a fheidhmiú chun tairbhe d'iontaobhaí an bhainc taisce iontaobhais, dá chéile, nó d'aon leanbh dá chuid nó d'aon chomhlacht corpraithe den sórt sin,

(iv) gur duine é atá ag gníomhú ina cháil mar chomhpháirtí de chuid an iontaobhaí nó de chuid aon duine a bhfuil baint aige leis an iontaobhaí de bhua fhomhír (i), (ii) nó (iii), nó

(v) gur comhlacht corpraithe é (seachas fochuideachta de chuid an bhainc taisce iontaobhais nó cuideachta shealbhaíochta an bhainc nó fochuideachta de chuid chuideachta sealbhaíochta an bhainc) ar stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile dá chuid an t-iontaobhaí nó ar comhalta é an t-iontaobhaí de choiste bainistíochta nó d'údarás rialaithe eile maidir leis nó a bhfuil—

(I) sé féin agus aon daoine a bhfuil baint aige leo de bhua fhomhír (i), (ii), (iii) nó (iv), nó

(II) duine atá ag gníomhú ina cháil mar iontaobhaí ar aon iontaobhas a bhfuil iontaobhaí an bhainc taisce iontaobhais, a chéile nó aon leanbh dá chuid, i measc na dtairbhithe uaidh, ina sealbhóirí, i bpáirt, ar an gcúigiú cuid nó níos mó, de réir ainmluacha, dá scairchaipiteal cothromais eisithe nó i dteideal, i bpáirt, an cúigiú cuid nó níos mó den chumhacht vótála a fheidhmiú, nó feidhmiú na coda sin a rialú, ag aon chruinniú ginearálta dá chuid.

(b) Tá duine i gcomhlachas le comhlacht corpraithe má tá sé féin nó aon duine a bhfuil baint aige leis de bhua mhír (a) nó duine atá ag gníomhú ina cháil mar iontaobhaí ar aon iontaobhas a bhfuil an duine, a chéile nó aon leanbh dá chuid i measc na dtairbhithe uaidh—

(i) ina sealbhóirí, i bpáirt, ar an gcúigiú cuid nó níos mó, de réir ainmluacha, dá scairchaipiteal cothromais eisithe, nó

(ii) i dteideal, i bpáirt, an cúigiú cuid nó níos mó den chumhacht vótála a fheidhmiú, nó feidhmiú na coda sin a rialú, ag aon chruinniú ginearálta dá chuid.

(c) Aon tagairtí san fho-alt seo do leanbh duine folaíonn siad tagairtí do leasleanbh, deartháir, deirfiúr, leasdeartháir, leasdeirfiúr, tuismitheoir agus leastuismitheoir de chuid an duine.

(6) Beidh duine a sháróidh an t-alt seo ciontach i gcion.

Dliteanas iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais.

22. —(1) Ní bheidh duine is iontaobhaí de chuid bainc taisce iontaobhais faoi dhliteanas pearsanta maidir lena iompar (nach iompar calaoiseach) le linn dó bheith ag comhlíonadh a dhualgas mar iontaobhaí den sórt sin ach amháin—

(a) i leith airgid a fuair sé iarbhír ar cuntas an bhainc nó lena úsáid ag an mbanc agus nach mbeidh íoctha isteach agus diúscartha de réir rialacha an bhainc,

(b) i leith aon easnaimh i gcistí an bhainc de dheasca faillí nó mainneachtain déanamh de réir rialacha an bhainc a bhaineann leis na nithe a bheidh sonraithe de thuras na huaire sa Dara Sceideal nó aon fhaillí nó mainneachtain déanamh de réir rialacha an bhainc nó ceanglais an Bhainc Ceannais i ndáil le seiceáil a dhéanamh ar na hidirbhearta a sheolann an banc, le hiniúchadh agus scrúdú a dhéanamh ar chuntais an bhainc, le tionól cruinnithe de chuid iontaobhaithe an bhainc nó le miontuairiscí cruinnithe den sórt sin a choimeád:

Ar choinníoll nach mó ná £10,000 an méid iomlán a mbeidh iontaobhaí faoi dhliteanas maidir leis, i leith aon easnamh den sórt sin le linn a théarma oifige mar iontaobhaí den sórt sin.

(2) Féadfaidh an tAire an méid a shonraítear i bhfo-alt (1) (b) a athrú le rialacháin chun athruithe ar luachanna airgeadaíochta a chur i gcuntas agus beidh éifeacht le fo-alt (1) (b) faoi réir aon rialachán faoin bhfo-alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

Forálacha i ndáil le maoin bhanc taisce iontaobhais agus imeachtaí dlí.

23. —(1) Beidh maoin bhainc taisce iontaobhais dílsithe do na daoine arb iad iontaobhaithe an bhainc iad de thuras na huaire.

(2) Féadfaidh iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais agairt, agus féadfar agairt ina leith, faoin ainm “iontaobhaithe Bhanc Taisce Iontaobhais —” nó “iontaobhaithe Bhanc Taisce —”, de réir mar is cuí, agus, in imeachtaí dlí a bhaineann le haon mhaoin de chuid an bhainc, féadfar a dhearbhú gur maoin de chuid iontaobhaithe an bhainc an mhaoin.

(3) Féadfar maoin bhainc taisce iontaobhais a dhílsiú, agus a bheith dílsithe, d'iontaobhaithe an bhainc faoin tuairisc “iontaobhaithe Bhanc Taisce Iontaobhais —” nó “iontaobhaithe Bhanc Taisce —” agus ní gá, chun críche an dílsithe sin, ainmneacha nó tuairiscí na n-iontaobhaithe ar leithligh a thabhairt sa doiciméad lena mbaineann ná in aon doiciméad a bhaineann le maoin an bhainc.

(4) Aon doiciméad a bheadh le forghníomhú, murach an fo-alt seo, ag duine amháin nó níos mó d'iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais ina gcáil mar iontaobhaithe den sórt sin, féadfaidh oifigeach don bhanc, a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag iontaobhaithe an bhainc, é a fhorghníomhú trí shéala an bhainc a chur air agus tríd an séala a fhíordheimhniú lena shíniú.

(5) I gcás inar creidiúnaí banc taisce iontaobhais faoi bhreithiúnas, foraithne, ordú nó riail dá dtagraítear in alt 6, arna leasú, den Judgment Mortgage (Ireland) Act, 1850, féadfaidh rúnaí an bhainc nó oifigeach eile dá chuid nó gníomhaire dlí an bhainc, agus é údaraithe go cuí chuige sin ag an mbanc, an mhionnscríbhinn dá dtagraítear san alt sin a dhéanamh agus a chomhdú de réir an ailt sin.

(6) Ní dhéanfaidh iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais foirgnimh nó talamh eile a cheannach, a léasú, a dhíol ná a mhalartú, ná foirgnimh a thógáil ná caiteachas eile de chineál caipitiúil a thabhú ag déanamh oibre ar fhoirgnimh nó talamh eile de chuid an bhainc, gan toiliú an Bhainc Ceannais (cibé acu toiliú i gcoitinne nó toiliú nach mbaineann ach le hidirbheart áirithe) agus, chun críocha teidil duine chun maoine a ceannaíodh nó a fuarthas ar léas ó iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais, nó is ábhar malairte leo, measfar a thoiliú a bheith tugtha ag an mBanc Ceannais don cheannach, don léasú, don díol nó don mhalartú a rinne na hiontaobhaithe.

CUID IV

Maoirsiú Banc Taisce Iontaobhais

Banc taisce iontaobhais do choimeád leabhar, cuntas agus taifead eile agus an Banc Ceannais do dhéanamh scrúdú orthu.

24. —(1) Coimeádfaidh banc taisce iontaobhais, in oifig nó oifigí sa Stát, cibé leabhair, cuntais agus taifid eile a shonróidh an Banc Ceannais agus tabharfaidh sé fógra don Bhanc Ceannais, a luaithe is féidir, i dtaobh seoladh gach oifige ina gcoimeádtar iad de thuras na huaire; féadfaidh an Banc Ceannais leabhair, cuntais agus taifid éagsúla a shonrú faoin bhfo-alt seo i ndáil le bainc thaisce iontaobhais éagsúla.

(2) (a) Chun críche comhlíonadh a fheidhmeanna ag an mBanc Ceannais faoin Acht seo, féadfaidh oifigeach don Bhanc Ceannais, nó duine ag a bhfuil na cáilíochtaí nó an taithí is dóigh le Rialtóir an Bhainc Ceannais is cuí, is oifigeach nó duine a bheidh údaraithe go cuí i scríbhinn chuige sin ag Rialtóir an Bhainc Ceannais (dá ngairtear “oifigeach údaraithe” feasta san alt seo)—

(i) imscrúdú a dhéanamh ar ghnóthaí, nó ar aon chuid áirithe de ghnóthaí, bainc taisce iontaobhais agus ar an gcaoi a seolann sé a ghnó nó aon chuid áirithe dá ghnó agus tuarascáil a thabhairt don Bhanc Ceannais faoin gcéanna,

(ii) chun críocha an imscrúdaithe, ar a údarú a bheith tugtha ar aird aige, má iarrtar sin air, dul isteach gach uile thráth réasúnach in aon oifig de chuid an bhainc agus aon leabhair, cuntais nó taifid eile a gheofar ansin agus a bheidh á gcoimeád de bhun an ailt seo, agus aon taifid eile a bhaineann le gnó an bhainc agus a gheofar ansin, a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó de shleachta astu,

(iii) a cheangal ar aon duine san oifig sin—

(I) aon fhaisnéis is eol dó nó a bheidh ar fáil aige, agus is dóigh leis le réasún is gá chun críocha an imscrúdaithe, a thabhairt dó,

(II) aon leabhair, cuntais nó taifid mar a dúradh a bheidh faoina chumhacht nó ina sheilbh nó ar fáil aige a thabhairt ar aird dó,

(III) a cheadú dó aon leabhair, cuntais nó taifid den sórt sin a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó de shleachta astu, agus

(IV) aon fhaisnéis is eol dó nó a bheidh ar fáil aige i ndáil le hiontrálacha sna leabhair, sna cuntais nó sna taifid a thabhairt dó, is faisnéis is dóigh leis le réasún is gá chun críocha an imscrúdaithe.

(b)   (i) Aon tagairtí i mír (a) do bhanc taisce iontaobhais folaíonn siad tagairtí—

(I) d'fhochuideachta de chuid an bhainc,

(II) más fochuideachta an banc—

(A) dá chuideachta shealbhaíochta, agus

(B) d'aon fhochuideachta eile de chuid a chuideachta sealbhaíochta,

agus

(III) do chuideachta chomhlachaithe de chuid an bhainc.

(ii) I bhfómhir (i) ciallaíonn “cuideachta chomhlachaithe”, i ndáil le banc taisce iontaobhais, cuideachta (de réir bhrí alt 155 d'Acht 1963)—

(I) a bhfuil cuid nach lú ná 20 faoin gcéad de réir ainmluacha—

(A) dá scairchaipiteal cothromais, nó

(B) dá scaireanna lena ngabhann cearta vótála (seachas cearta vótála nach dtagann i gceist ach amháin in imthosca sonraithe),

á sealbhú ag an mbanc,

agus

(II) a bhfuil, i dtuairim an Bhainc Ceannais, imscrúdú ar a gnóthaí, nó ar chuid shonraithe dá gnóthaí, nó ar sheoladh a gnó nó cuid áirithe dá gnó, riachtanach chun críocha imscrúdú den chineál céanna i ndáil leis an mbanc.

(3) Na leabhair, na cuntais agus na taifid eile a choimeádfar de bhun an ailt seo, is leabhair, cuntais agus taifid iad de bhreis ar aon leabhair, cuntais nó taifid eile a cheanglaítear a choimeád faoi aon achtachán eile.

(4) Féadfar leabhair, cuntais agus taifid eile a choimeád chun críocha an Achta seo i bhfoirm inléite nó (cibé acu ar mhodh leictreonach nó ar mhodh uathoibríoch eile) i bhfoirm neamh-inléite is féidir a atáirgeadh i bhfoirm inléite.

(5) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) nó a choiscfidh nó a bhacfaidh oifigeach údaraithe i gcomhlíonadh a fheidhmeanna faoin alt seo nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh, gan leithscéal réasúnach, déanamh de réir ceanglais faoin alt seo nó a thabharfaidh d'oifigeach údaraithe, i gcomhlíonadh airbheartaithe ceanglais den sórt sin, faisnéis is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion.

Faisnéis a thabhairt don Bhanc Ceannais.

25. —(1) Tabharfaidh iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais don Bhanc Ceannais—

(a) ag cibé tráthanna a shonróidh an Banc Ceannais ó am go ham, cibé faisnéis agus tuairisceáin i dtaobh ghnó an bhainc a shonróidh an Banc Ceannais ó am go ham, is faisnéis agus tuairisceáin is dóigh leis an mBanc Ceannais is gá a bheith aige chun a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh go cuí, agus

(b) laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an Banc Ceannais, aon fhaisnéis agus tuairisceáin (nach faisnéis ná tuairisceáin a shonraítear faoi mhír (a)) i dtaobh ghnó an bhainc a iarrfaidh an Banc Ceannais i scríbhinn, is faisnéis agus tuairisceáin is dóigh leis an mBanc Ceannais is gá a bheith aige chun a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh go cuí.

(2) Ní thabharfaidh duine faisnéis don Bhanc Ceannais de bhun fho-alt (1) is faisnéis is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach.

(3) (a) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), folaíonn “faisnéis agus tuairisceáin”, i bhfo-alt (1), cuntais iniúchta na mbanc taisce iontaobhais lena mbaineann agus tuarascálacha an iniúchóra lena mbaineann i dtaobh na gcuntas sin.

(b) San alt seo folaíonn tagairtí do bhanc taisce iontaobhais tagairtí—

(i) d'fhochuideachta de chuid an bhainc,

(ii) más fochuideachta an banc—

(I) dá chuideachta shealbhaíochta, agus

(II) d'aon fhochuideachta eile de chuid a chuideachta sealbhaíochta,

agus

(iii) do chuideachta chomhlachaithe (de réir bhrí alt 24 (2) (b) (ii)) de chuid an bhainc.

(4) Beidh duine a sháróidh an t-alt seo ciontach i gcion.

Treoracha ón mBanc Ceannais i ndáil le fionraí gníomhaíochtaí áirithe de chuid bainc taisce iontaobhais.

26. —(1) I gcás inarb é tuairim an Bhainc Ceannais gurb é leas an phobail déanamh amhlaidh nó gurb é a thuairim, maidir le banc taisce iontaobhais—

(a) go bhfuil sé éirithe neamhábalta, nó gur dóigh dó éirí neamhábalta, freastal dá oibleagáidí i leith a chreidiúnaithe, nó

(b) nach bhfuil acmhainní caipitiúla leordhóthanacha á gcothabháil aige, nó gur dócha nach mbeidh ar a chumas iad a chothabháil, ag féachaint don méid agus don chineál gnó a sheolann sé, nó

(c) go bhfuil mainnithe aige déanamh de réir coinníll atá ina cheadúnas agus sin in imthosca inar dóigh leis an mBanc Ceannais go ndéanann an mhainneachtain sin difear do chobhsaíocht agus d'fhóntacht an bhainc, nó

(d) go bhfuil sé ag seoladh gnó ar dhóigh a chuireann i mbaol agus a dhochraíonn sábháilteacht taiscí leis an mbanc nó cearta agus leas taisceoirí leis an mbanc, nó

(e) go bhfuil an banc sin agus fiontraíocht amháin eile nó níos mó (cibé acu is banc taisce iontaobhais an fhiontraíocht eile sin nó nach ea) faoi rialú comhchoiteann agus gur dóigh leis an mBanc Ceannais nach dtéann an rialú comhchoiteann chun leasa do thaisceoirí leis an mbanc taisce iontaobhais céadluaite,

féadfaidh an Banc Ceannais treoir a thabhairt i scríbhinn don bhanc sin á ordú dó gach ní nó aon ní acu seo a leanas a fhionraí go ceann cibé tréimhse, nach faide ná 6 mhí, a bheidh sonraithe sa treoir, is é sin le rá:

(i) seoladh gnó bainc taisce iontaobhais,

(ii) déanamh íocaíochtaí (seachas íocaíochtaí lena mbaineann fomhír (i)),

(iii) fáil nó diúscairt sócmhainní nó tabhú nó urscaoileadh dliteanas,

nach mbeidh údaraithe ag an mBanc Ceannais.

(2) Féadfaidh an Banc Ceannais treoir a bheidh tugtha faoi fho-alt (1) a chúlghairm mura mbeidh ordú faoi fho-alt (4) déanta maidir leis an treoir.

(3) Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuici ag an mbanc taisce iontaobhais lena mbaineann, ordú a dhéanamh ag foirceannadh treorach faoi fho-alt (1).

(4) Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuici ag an mBanc Ceannais, ordú a dhéanamh ag daingniú treorach faoi fho-alt (1) nó ag daingniú na treorach agus, faoi réir fho-alt (5), ag fadú a tréimhse oibríochta go ceann cibé tréimhse nó tréimhsí ama (ach sin sa chaoi nach faide ná 12 mhí an tréimhse oibríochta) is cuí leis an gCúirt, ag féachaint do na himthosca go léir.

(5) Scoirfidh treoir lena mbaineann fo-alt (4) d'éifeacht a bheith léi—

(a) i gcás an treoir a bheith daingnithe, ar an tréimhse lena mbaineann an treoir a bheith caite,

(b) i gcás an treoir a bheith daingnithe agus a tréimhse oibríochta a bheith fadaithe, ar an tréimhse sin, arna fadú amhlaidh, a bheith caite,

(c) ar ordú foirceanta a dhéanamh maidir leis an mbanc taisce iontaobhais lena mbaineann, nó

(d) más rud é, ar iarratas ón mBanc Ceannais nó ón mbanc taisce iontaobhais lena mbaineann, gur dóigh leis an gCúirt nach ann a thuilleadh do na himthosca ba bhun leis an treoir a thabhairt agus nach mbeadh sé ceart ná cóir gan ordú a dhéanamh ag foirceannadh na treorach, ar cibé dáta a chinnfidh an Chúirt le hordú,

cibé acu is túisce a tharlóidh.

(6) Féadfaidh an Chúirt, i dteannta nó in ionad ordú a dhéanamh faoi fho-alt (3) nó (4), cibé ordú eile a dhéanamh i ndáil leis an ábhar is dóigh léi is gá, lena n-áirítear ordú á ordú d'aon duine a shealbhaíonn airgead nó sócmhainní eile don bhanc taisce iontaobhais lena mbaineann an treoir áirithe, nó thar a cheann, gan aon cheann de na sócmhainní sin a dhiúscairt ach amháin ar cibé coinníollacha agus i cibé imthosca a bheidh sonraithe san ordú.

(7) I gcás treoir faoin alt seo a bheith i bhfeidhm, ansin—

(a) ní thionscnófar imeachtaí foirceanta i ndáil leis an mbanc taisce iontaobhais lena mbaineann,

(b) ní cheapfar glacadóir ar mhaoin an bhainc, agus

(c) ní dhéanfar maoin an bhainc a astú, a fhorlámhú ná a thochsal ar shlí eile, ná ní dhéanfar í a ghlacadh i bhforghníomhú,

mura mbeidh cead faighte roimh ré ón gCúirt.

(8) (a) Más é tuairim an Bhainc Ceannais, d'ainneoin go ndealraíonn sé dó go bhfuil banc taisce iontaobhais dár tugadh treoir faoin alt seo in ann freastal dá oibleagáidí i leith a chreidiúnaithe, gur dócha go leanfaidh na himthosca ba bhun leis an treoir a thabhairt de bheith ann, déanfaidh sé iarratas láithreach chuig an gCúirt ar ordú, agus féadfaidh an Chúirt ordú a dheonú, á ordú don bhanc scéim a ullmhú, i gcomhairle leis an mBanc Ceannais, chun a ghnó mar bhanc taisce iontaobhais a fhoirceannadh go hordúil, agus chun a dhliteanais i leith a thaisceoirí a urscaoileadh, faoi mhaoirseacht an Bhainc Ceannais, agus an scéim a chur faoi bhráid na Cúirte laistigh de 2 mhí chun ceadú na Cúirte a fháil.

(b) Ní cheadóidh an Chúirt scéim faoi mhír (a) gan éisteacht a thabhairt don Bhanc Ceannais agus, má bhíonn díospóid ann i dtaobh téarmaí na scéime, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuici ag an mBanc Ceannais nó ag an mbanc taisce iontaobhais lena mbaineann, an t-ábhar a chinneadh.

(c) Má mhainníonn banc taisce iontaobhais déanamh de réir ordú ón gCúirt faoin bhfo-alt seo nó má mhainníonn sé scéim a bheidh ceadaithe ag an gCúirt faoin bhfo-alt seo a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuici ag an mBanc Ceannais, cibé ordú breise is cuí léi a dhéanamh i ndáil leis an ábhar, lena n-áirítear ordú chun iontaobhaithe an bhainc a chimiú nó, más dóigh léi gur ceart agus gur cóir é a dhéanamh, ordú chun an banc a fhoirceannadh.

(9) I gcás ina ndéanfar ordú faoin alt seo chun banc taisce iontaobhais a fhoirceannadh, beidh feidhm ag an dlí a bhaineann le cuideachtaí (lena n-áirítear an tAcht seo) ionann is dá mba go ndearnadh an t-ordú ar achainí foirceanta faoin dlí sin agus ionann is dá gcuirfí tagairt don ordú a dhéanamh faoin alt seo in ionad aon tagartha sa dlí sin don achainí foirceanta a thíolacadh.

(10) I gcás inar deimhin leis an gCúirt gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh mar gheall ar an gcineál cáis atá ann nó mar gheall ar imthosca an cháis nó thairis sin ar mhaithe leis an gceartas, féadfaidh sí na himeachtaí go léir nó aon chuid d'imeachtaí faoin alt seo a éisteacht ar shlí seachas go poiblí.

(11) Féadfaidh an Chúirt, le hordú, ordú a bheidh déanta aici faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(12) Chun críche fho-alt (1) (e) den alt seo measfar banc taisce iontaobhais agus fiontraíocht amháin, nó níos mó ná fiontraíocht amháin, eile a bheith faoi rialú comhchoiteann más féidir leis an duine céanna, nó leis an ngrúpa céanna daoine ag gníomhú dóibh de chomhbheart, a chinneadh conas a bhainisteofar, nó cé a bhainisteoidh, gach ceann acu.

(13) Aon bhanc taisce iontaobhais a mhainneoidh nó a dhiúltóidh déanamh de réir treorach faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Treoracha ón mBanc Ceannais i ndáil le fógráin.

27. —(1) Féadfaidh an Banc Ceannais treoir a thabhairt d'iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais i ndáil leis an bhfaisnéis a bheidh ar áireamh in aon fhógrán a fhoilseoidh siad féin nó an banc, nó a fhoilseofar thar a gceann nó thar a cheann, nó in aon ráiteas poiblí a dhéanfaidh siad féin nó an banc nó a dhéanfar thar a gceann nó thar a cheann.

(2) Féadfaidh an Banc Ceannais treoir a thabhairt d'iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais á ordú dóibh staonadh, nó a chur faoi deara don bhanc staonadh, le linn cibé tréimhse a bheidh sonraithe sa treoir—

(a) ó fhógrán a fhoilsiú, nó ó leanúint d'fhógrán a fhoilsiú, ag lorg taiscí ón bpobal ab iníoctha ar éileamh nó ar fhógra nó ar dháta socraithe nó inchinnte sa todhchaí, nó

(b) ó na taiscí sin a dúradh a lorg nó ó leanúint dá lorg.

(3) Ní thabharfaidh an Banc Ceannais treoir faoin alt seo mura deimhin leis gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh ar mhaithe le rialáil ordúil chuí na baincéireachta.

(4) Aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh déanamh de réir treorach faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Ráiteas i dtaobh caiteachas bainistíochta.

28. —(1) Aon uair a cheanglóidh an tAire amhlaidh trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Bhanc Ceannais, tabharfaidh an Banc Ceannais treoir d'iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais á cheangal orthu ráiteas i scríbhinn a thabhairt dó, laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe sa treoir, i dtaobh na gcaiteachas a thabhaigh an banc ar chúrsaí bainistíochta agus riaracháin, agus ag seoladh gnó an bhainc i gcoitinne, le linn cibé tréimhse a bheidh sonraithe san iarraidh.

(2) Déanfar ráitis a gheobhaidh an Banc Ceannais de bhun fho-alt (1) a chur ar aghaidh láithreach chuig an Aire.

(3) Aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh déanamh de réir treorach faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Banc taisce iontaobhais d'fhoilsiú ráiteas gnó.

29. —(1) Déanfaidh iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais ráiteas a fhoilsiú gach bliain i cibé foirm agus ar cibé dóigh, ag cibé tráthanna agus a mbeidh faisnéis ann i ndáil le cibé nithe a bhaineann le gnó an bhainc, a bheidh sonraithe i ndáil leis an mbanc, nó i ndáil le bainc thaisce iontaobhais i gcoitinne, i dtreoir a thabharfaidh an Banc Ceannais don bhanc nó, de réir mar a bheidh, do na bainc sin a dúradh.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), taispeánfar, i ráiteas i ndáil le banc taisce iontaobhais faoin bhfo-alt sin, staid ghnóthaí an bhainc ar cibé dáta a bheidh sonraithe sa treoir iomchuí faoin bhfo-alt sin agus torthaí na trádála a rinne sé le linn cibé tréimhse a bheidh sonraithe amhlaidh.

(3) Féadfaidh an Banc Ceannais nithe éagsúla a shonrú faoin alt seo i ndáil le bainc thaisce iontaobhais éagsúla.

(4) Beidh duine a sháróidh an t-alt seo ciontach i gcion.

Banc taisce iontaobhais do chur ráiteas airgeadais ar taispeáint.

30. —(1) Cuirfidh iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais faoi deara—

(a) go gcuirfear ar taispeáint, agus go gcoimeádfar ar taispeáint, in ionad feiceálach i ngach oifig, brainse den bhanc nó áit eile ina seolann an banc gnó, cóip den chlár comhardaithe is déanaí dá chuid agus, ina theannta sin, má shonraítear amhlaidh i dtreoir ón mBanc Ceannais, cóip de ráiteas i cibé foirm, agus ina mbeidh faisnéis i ndáil le cibé nithe a bhaineann le gnó an bhainc, a bheidh sonraithe amhlaidh, agus

(b) go dtabharfar cóip den chlár comhardaithe is déanaí den sórt sin agus den ráiteas is déanaí den sórt sin (más ann) d'aon chreidiúnaí de chuid an bhainc, ar é dá iarraidh sin.

(2) Féadfaidh an Banc Ceannais nithe éagsúla a shonrú faoin alt seo i ndáil le bainc thaisce iontaobhais éagsúla.

(3) Beidh duine a sháróidh an t-alt seo ciontach i gcion.

Cóimheasanna idir sócmhainní agus dliteanais bainc taisce iontaobhais a rialáil.

31. —(1) (a) Féadfaidh an Banc Ceannais treoir a thabhairt ó am go ham do bhanc taisce iontaobhais á cheangal air—

(i) cóimheas sonraithe,

(ii) cóimheas nach mó ná cóimheas sonraithe, nó

(iii) cóimheas nach lú ná cóimheas sonraithe,

a choimeád idir a shócmhainní agus a dhliteanais.

(b) Féadfar cóimheas sonraithe faoi mhír (a) a lua mar chéatadán de na sócmhainní nó de na dliteanais lena mbaineann.

(2) Féadfaidh sé a bheith sainráite i dtreoir faoin alt seo go bhfuil feidhm aici—

(a) i ndáil le gach banc taisce iontaobhais nó le banc taisce iontaobhais sonraithe nó bainc thaisce iontaobhais shonraithe,

(b) i ndáil le sócmhainní uile nó dliteanais uile an bhainc taisce iontaobhais nó gach ceann de na bainc thaisce iontaobhais lena mbaineann nó i ndáil le sócmhainní sonraithe nó sócmhainní de chineál sonraithe, nó le dliteanais shonraithe nó dliteanais de chineál sonraithe, de chuid an bhainc taisce iontaobhais lena mbaineann nó de chuid gach ceann de na bainc thaisce iontaobhais lena mbaineann,

(c) i ndáil le tráth nó tráthanna sonraithe nó le tréimhse nó tréimhsí sonraithe,

agus féadfar cóimheasanna, sócmhainní, dliteanais, tráthanna agus tréimhsí éagsúla a shonrú i dtreoir faoin alt seo i ndáil le bainc thaisce iontaobhais éagsúla.

(3) Aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh déanamh de réir treorach faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Cistí bainc taisce iontaobhais a infheistiú.

32. —(1) D'ainneoin aisghairm alt 31 den Acht Airgeadais, 1940 , leis an Acht seo, leanfaidh an cuntas speisialta in ainm an Aire a osclaíodh i mBanc na hÉireann de bhun an ailt sin (dá ngairtear “an cuntas speisialta” feasta san alt seo agus in alt 33) de bheith á chothabháil ag an Aire.

(2) Íocfaidh iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais isteach sa chuntas speisialta, nó infheisteoidh siad trí urrúis an Rialtais a cheannach, cibé cion den airgead a thaiscfear leis an mbanc (dá ngairtear “an cion ainmnithe” feasta san alt seo) a chinnfidh an Banc Ceannais tar éis dul i gcomhairle leis an Aire agus cinnfidh an Banc Ceannais, tar éis dul i gcomhairle mar a dúradh, cén cion (más aon chion é) den chion ainmnithe ba chóir a íoc mar a dúradh agus cén cion (más aon chion é) den chéanna ba chóir a infheistiú mar a dúradh.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) i ndáil le hairgead a íoc isteach sa chuntas speisialta agus a aistarraingt as, chun airgead a infheistiú chun creidmheasa an chuntais sin agus chun an cuntas sin a bhainistí i gcoitinne, agus

(b) i ndáil le réadú na n-urrús a cheannófar de bhun fho-alt (2),

agus féadfar na himthosca inar féidir, agus na coinníollacha ar faoina réir is féidir, na haistarraingtí agus na réaduithe sin a dhéanamh, agus na cionúireachtaí den airgead agus de na hurrúis, faoi seach, a dúradh is féidir a aistarraingt agus a réadú, a shonrú sna rialacháin.

(4) Déanfaidh an tAire ús de réir cibé ráta a chinnfidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais, a íoc le hiontaobhaithe bainc taisce iontaobhais ar aon airgead a bheidh íoctha isteach sa chuntas speisialta acu.

(5) Féadfar a fhoráil i rialacháin faoi fho-alt (3)—

(a) gur féidir airgead a íocfar isteach sa chuntas speisialta a íoc isteach i gCiste Bhanc Taisce an Phoist, agus

(b) go ndéanfar airgead a bheidh íoctha isteach sa Chiste sin amhlaidh a íoc as leis an Aire agus go ndéanfar ús, de réir cibé ráta nó rátaí a chinnfidh an tAire, ar airgead a bheidh íoctha isteach ann amhlaidh a íoc leis an Aire.

(6) I gcás ina mainneoidh nó ina ndiúltóidh duine íocaíocht nó infheistíocht a dhéanamh de réir fho-alt (2), beidh sé ciontach i gcion.

Ráiteas bliantúil i dtaobh dhliteanais an Aire i leith banc taisce iontaobhais.

33. —Leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, tráth nach déanaí ná an 30ú lá de Mheitheamh gach bliain, ráiteas ina dtaispeánfar an méid comhiomlán a bhí chun creidmheasa na mbanc taisce iontaobhais sa chuntas speisialta ar an lá deiridh den bhliain roimhe sin a raibh na bainc sin ar oscailt le haghaidh gnó.

Cumhacht na Cúirte sáruithe áirithe ar an Acht a thoirmeasc, etc.

34. —(1) Más rud é, ar iarratas a bheith déanta chuici ar an slí achomhair ag an mBanc Ceannais, gurb é tuairim na Cúirte go ndearnadh sárú ar alt 24 nó 25 nó go ndearnadh mainneachtain nó diúltú déanamh de réir coinníll i gceadúnas, nó de réir treorach faoi alt 27, féadfaidh an Chúirt, le hordú, a thoirmeasc ar an duine nó ar na daoine lena mbaineann leanúint den sárú, den mhainneachtain nó den diúltú.

(2) Féadfaidh an Chúirt cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach is cuí léi a dhéanamh ar iarratas chuici faoin alt seo.

(3) I gcás gur deimhin leis an gCúirt gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh mar gheall ar an gcineál cáis atá ann nó mar gheall ar imthosca an cháis nó thairis sin ar mhaithe leis an gceartas, féadfaidh sí na himeachtaí go léir nó aon chuid d'imeachtaí faoin alt seo a éisteacht ar shlí seachas go poiblí.

CUID V

Bainistí agus Riaradh Banc Taisce Iontaobhais

Cuntais bhliantúla bainc taisce iontaobhais.

35. —(1) Déanfaidh iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais suas cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe maidir le gach bliain airgeadais de chuid an bhainc.

(2) Tabharfaidh cuntas ioncaim agus caiteachais bainc taisce iontaobhais, faoi réir neamhnochtadh aon nithe (is nithe a bheidh luaite sa chuntas) nach gceanglaítear a nochtadh, léargas fíorcheart ar ioncam agus caiteachas an bhainc don bhliain airgeadais lena mbaineann agus tabharfaidh a chlár comhardaithe léargas fíorcheart ar staid ghnóthaí an bhainc amhail i ndeireadh na bliana airgeadais lena mbaineann.

(3) Maidir le cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe bainc taisce iontaobhais—

(a) beidh siad, faoi réir neamhnochtadh aon nithe (is nithe a bheidh, fad a bhaineann siad leis an gclár comhardaithe, luaite ann) nach gceanglaítear a nochtadh, i cibé foirm, agus beidh cibé sonraí iontu, a shonróidh an Banc Ceannais i dtreoir, i gcoitinne nó maidir le banc taisce iontaobhais sonraithe nó bainc thaisce iontaobhais shonraithe nó le banc taisce iontaobhais d'aicme shonraithe, agus

(b) beidh ar áireamh iontu chun críche comparáide, mura sonróidh an Banc Ceannais a mhalairt i dtreoir, sonraí don bhliain airgeadais díreach roimh an mbliain lena mbaineann siad, ar sonraí iad a fhreagraíonn do na sonraí atá sa chuntas ioncaim agus caiteachais agus sa chlár comhardaithe.

(4) Beidh clár comhardaithe agus cuntas ioncaim agus caiteachais bainc taisce iontaobhais sínithe ag 2 iontaobhaí ar a laghad de chuid an bhainc agus ag rúnaí an bhainc nó ag bainisteoir de chuid an bhainc.

(5) Déanfaidh iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais cóip de chlár comhardaithe agus de chuntas ioncaim agus caiteachais an bhainc do bhliain airgeadais de chuid an bhainc, mar aon le cóip de thuarascáil an iniúchóra orthu, a thabhairt don Aire agus don Bhanc Ceannais a luaithe is féidir tar éis don iniúchadh ar chuntais an bhainc don bhliain sin a bheith críochnaithe.

Ceapadh agus cáilíocht iniúchóra bainc taisce iontaobhais agus é a chur as oifig.

36. —(1) Déanfaidh iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais, i ngach bliain airgeadais de chuid an bhainc, iniúchóir a cheapadh chun iniúchadh a dhéanamh ar chuntais an bhainc don bhliain sin, agus aon iniúchóir a bheidh ag éirí as oifig beidh sé inathcheaptha faoin bhfo-alt seo.

(2) D'ainneoin aon chomhaontú idir iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais agus iniúchóir, agus gan dochar d'aon chearta de chuid an iniúchóra i ndáil lena chur as oifig faoin Acht seo, féadfaidh na hiontaobhaithe iniúchóir a chur as oifig sula mbeidh deireadh lena théarma oifige agus féadfaidh siad aon duine eile atá cáilithe faoin Acht seo chun bheith ina iniúchóir ar chumann, agus a mbeidh fógra cuí faoina ainmniú tugtha don Bhanc Ceannais, a cheapadh ina ionad.

(3) Mura gceapfar iniúchóir faoi fho-alt (1) do bhanc taisce iontaobhais laistigh de 3 mhí ó thosach bliana airgeadais de chuid an bhainc, féadfaidh an Banc Ceannais iniúchóir a cheapadh don bhanc don bhliain airgeadais sin agus féadfaidh an Banc Ceannais luach saothair agus caiteachais an iniúchóra sin a shocrú.

(4) Ní bheidh duine cáilithe chun a cheaptha mar iniúchóir bainc taisce iontaobhais mura comhalta é de chomhlacht cuntasóirí a bheidh aitheanta de thuras na huaire ag an Aire Tionscail agus Tráchtála chun críocha alt 162 d'Acht 1963 nó mura mbeidh sé údaraithe de thuras na huaire ag an Aire Tionscail agus Tráchtála faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt sin.

(5) Má chiontaítear iniúchóir i gcion de bharr comhlíonadh a chuid dualgas, nó de bharr a chuid iompair, mar iniúchóir nó i ndáil leis an gcéanna, beidh sé dícháilithe chun bheith ina iniúchóir ar bhanc taisce iontaobhais.

(6) Déanfaidh banc taisce iontaobhais—

(a) laistigh de sheachtain ón tráth a dtiocfaidh cumhacht an Bhainc Ceannais faoi fho-alt (3) chun bheith infheidhmithe, fógra ina thaobh sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, agus

(b) i gcás ina gcuirfear a iniúchóir as oifig faoi fho-alt (2), fógra ina thaobh sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, i cibé foirm a cheanglóidh an Banc Ceannais, laistigh de 14 lá tar éis é a chur as oifig amhlaidh.

(7) Féadfaidh iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais aon chorrfholúntas in oifig an iniúchóra a líonadh ach, fad a bheidh aon fholúntas den sórt sin ann, féadfaidh an t-iniúchóir nó na hiniúchóirí, marthanach nó leanunach, más ann, gníomhú.

(8) I gcás ina gceapfar gnólacht, faoi ainm an ghnólachta, chun bheith ina iniúchóir ar bhanc taisce iontaobhais, measfar gurb éard é an ceapadh sin ceapadh na ndaoine sin arb iad, ó am go ham le linn tréimhse an cheaptha, na comhpháirtithe iad sa ghnólacht sin mar a bheidh sé comhdhéanta ó am go ham agus ar daoine iad atá cáilithe chun bheith ina n-iniúchóirí ar an mbanc.

(9) I gcás gurb é tuairim an Bhainc Ceannais nárbh é leas bainc taisce iontaobhais nó leas a thaisceoirí é duine ainmnithe a cheapadh nó a athcheapadh chun oifig an iniúchóra, nó corrfholúntas san oifig sin a líonadh le duine ainmnithe, féadfaidh sé treoir sa chéill sin a thabhairt do na hiontaobhaithe agus déanfar de réir na treorach.

(10) Ní bheidh aon duine díobh seo a leanas cáilithe chun bheith ina iniúchóir ar bhanc taisce iontaobhais:

(a) oifigeach nó fostaí de chuid an bhainc,

(b) duine is comhpháirtí, fostóir nó fostaí de chuid oifigigh nó fostaí don bhanc.

(c) comhlacht corpraithe,

(d) duine a bhí ina oifigeach nó ina fhostaí de chuid an bhainc laistigh de thréimhse a mbeadh cuntais ina leith le hiniúchadh aige dá gceapfaí é ina iniúchóir ar an mbanc,

(e) céile (nó duine a chónaíonn in aontíos le hoifigeach don bhanc mar chéile), tuismitheoir, leastuismitheoir, leanbh, leasleanbh, deartháir, deirfiúr, leasdeartháir nó leasdeirfiúr de chuid oifigigh don bhanc,

(f) duine atá dícháilithe, faoi Achtanna na gCuideachtaí, chun a cheaptha mar iniúchóir ar fhochuideachta nó ar chuideachta shealbhaíochta de chuid an bhainc nó ar fhochuideachta de chuid chuideachta shealbhaíochta an bhainc.

(11) Ní ghníomhóidh duine mar iniúchóir bainc taisce iontaobhais tráth a mbeidh sé dícháilithe faoin Acht seo chun a cheaptha chun na hoifige sin agus má thagann iniúchóir bainc taisce iontaobhais chun bheith dícháilithe amhlaidh le linn a théarma oifige mar iniúchóir den sórt sin, scarfaidh sé air sin lena oifig agus tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don bhanc agus don Bhanc Ceannais á rá go bhfuil scartha aige lena oifig mar gheall ar an dícháilíocht sin.

(12) Beidh duine a sháróidh fo-alt (11) ciontach i gcion.

Tuarascáil ó iniúchóir bainc taisce iontaobhais agus ceart rochtana ar leabhair an bhainc.

37. —(1) Gach bliain tabharfaidh iniúchóir bainc taisce iontaobhais tuarascáil d'iontaobhaithe an bhainc ar na cuntais de chuid an bhainc a ndearna sé scrúdú orthu agus ar gach clár comhardaithe agus gach cuntas ioncaim agus caiteachais de chuid an bhainc a bheidh déanta suas ag na hiontaobhaithe, de bhun alt 35, le linn a théarma oifige.

(2) Déarfar i dtuarascáil an iniúchóra i ndáil le banc taisce iontaobhais—

(a) cibé acu an bhfuair sé an fhaisnéis agus na mínithe go léir ba ghá, fad ab eol dó agus mar a chreid sé, chun críocha a iniúchta,

(b) cibé acu an é a thuairim gur choimeád an banc leabhair chuntas chuí, chomh fada agus is léir dó ón scrúdú a rinne sé ar na leabhair sin, agus go bhfuarthas tuairisceáin chuí, a bhí leordhóthanach chun críocha a iniúchta, ó bhrainsí den bhanc nár thug sé cuairt orthu,

(c) cibé acu atá clár comhardaithe agus cuntas ioncaim agus caiteachais an bhainc ag teacht le leabhair chuntas agus taifid an bhainc, agus

(d) cibé acu an é a thuairim, fad is eol dó agus de réir na mínithe a tugadh dó, go dtugann clár comhardaithe agus cuntas ioncaim agus caiteachais an bhainc an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Acht seo ar an dóigh a cheanglaítear amhlaidh agus go dtugann siad léargas fíorcheart—

(i) i gcás an chláir chomhardaithe, ar staid ghnóthaí an bhainc amhail mar a bhí i ndeireadh a bhliana airgeadais, agus

(ii) i gcás an chuntais ioncaim agus caiteachais, ar ioncam agus caiteachas an bhainc in aghaidh a bhliana airgeadais.

(3) Beidh sé de dhualgas ar an iniúchóir, le linn a thuarascáil faoin alt seo i ndáil le banc taisce iontaobhais a bheith á hullmhú aige, cibé imscrúduithe a dhéanamh a chuirfidh ar a chumas teacht ar thuairim i dtaobh—

(a) cé acu ar choimeád an banc leabhair chuntas agus taifid chuí, agus

(b) cé acu ar chothaigh an banc córas sásúil chun rialú agus maoirsiú a dhéanamh ar a chuid idirbhearta agus ar a leabhair chuntas agus a thaifid eile,

agus más é tuairim an iniúchóra go bhfuil mainnithe ag an mbanc leabhair chuntas nó taifid chuí a choimeád nó córas sásúil a chothabháil i ndáil leis na nithe a shonraítear i mír (b), déarfaidh sé an méid sin ina thuarascáil.

(4) Beidh rochtain gach uile thráth réasúnach ag iniúchóir bainc taisce iontaobhais ar leabhair, cuntais, taifid agus dearbháin an bhainc agus ar gach doiciméad eile a bhaineann lena ghnóthaí agus féadfaidh sé a cheangal ar oifigigh an bhainc cibé faisnéis agus mínithe a thabhairt, agus de bhun ceanglais den sórt sin tabharfaidh siad cibé faisnéis agus mínithe, is dóigh leis is gá chun a dhualgais mar iniúchóir a chomhlíonadh.

(5) I gcás fochuideachta a bheith ag banc taisce iontaobhais nó go sealbhaíonn sé scaireanna i gcomhlacht corpraithe nó gur comhalta é de chomhlacht corpraithe—

(a) más comhlacht atá corpraithe sa Stát an fhochuideachta nó an comhlacht, is é dualgas na fochuideachta nó an chomhlachta, agus dualgas iniúchóirí an chéanna, cibé faisnéis agus mínithe, agus cibé rochtain ar dhoiciméid, a thabhairt d'iniúchóirí an bhainc a cheanglóidh na hiniúchóirí sin le réasún chun críocha a ndualgas mar iniúchóirí an chumainn, agus

(b) in aon chás eile, is é dualgas an bhainc, má cheanglaíonn a iniúchóirí air déanamh amhlaidh, gach beart a dhéanamh a bheidh ar fáil le réasún dó chun cibé faisnéis agus cibé rochtain a luaitear i mír (a) a fháil ón bhfochuideachta nó ón gcomhlacht.

Dualgais iniúchóra bainc taisce iontaobhais.

38. —(1) Más rud é, tráth ar bith—

(a) go mbeidh cúis ag iniúchóir bainc taisce iontaobhais chun a chreidiúint go bhfuil imthosca ann ar dóigh dóibh difear ábhartha a dhéanamh do chumas an bhainc a oibleagáidí i leith a thaisceoirí nó a chreidiúnaithe, nó aon oibleagáid airgeadais eile dá chuid, a chomhlíonadh,

(b) go mbeidh cúis ag iniúchóir bainc taisce iontaobhais chun a chreidiúint go bhfuil lochtanna ábhartha ar thaifid chuntasaíochta, ar chórais rialaithe gnó agus taifead nó ar na córais iniúchta agus tuairiscithe ar an gcéanna,

(c) go mbeidh cúis ag iniúchóir bainc taisce iontaobhais chun a chreidiúint go bhfuil míchruinnis ábhartha in aon tuairisceáin a thug an banc don Bhanc Ceannais nó go bhfuil nithe ábhartha fágtha ar lár astu,

(d) go mbeartóidh iniúchóir bainc taisce iontaobhais agús a chur le haon tuarascáil atá le tabhairt aige faoin Acht seo, nó

(e) go mbeidh cúis ag iniúchóir bainc taisce iontaobhais chun a chreidiúint go bhfuil lochtanna ábhartha ar an gcóras atá ann chun a áirithiú go gcoimeádtar slán doiciméid teidil de chuid an bhainc agus na gníomhais a bhaineann le maoin atá morgáistithe chun an bhainc,

tuairisceoidh sé an méid sin i scríbhinn láithreach don Bhanc Ceannais.

(2) Déanfaidh iniúchóir bainc taisce iontaobhais, má iarrann an Banc Ceannais air é, tuarascáil a thabhairt don Bhanc Ceannais á rá cé acu a rinne nó nach ndearna an banc, ina thuairim féin agus de réir mar is fearr is eol dó, de réir cibé ceanglas faoin Acht seo a bheidh sonraithe san iarraidh.

(3) Déanfaidh iniúchóir bainc taisce iontaobhais cóip d'aon tuarascáil a thug sé don Bhanc Ceannais faoi fho-alt (1) nó (2) a chur chuig an mbanc.

(4) (a) Aon uair is dóigh leis an mBanc Ceannais gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe le feidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht seo nó chun leasanna taisceoirí a chosaint, féadfaidh sé a cheangal ar iniúchóir bainc taisce iontaobhais cibé faisnéis a shonróidh an Banc Ceannais i ndáil leis an iniúchadh ar ghnó an bhainc a chur ar fáil don Bhanc Ceannais.

(b) Féadfaidh an Banc Ceannais a cheangal ar an iniúchóir gníomhú go neamhspleách ar an mbanc agus é ag cur faisnéise ar fáil chun críche an fho-ailt seo.

(5) Ní mheasfar aon dualgas a mbeidh iniúchóir bainc taisce iontaobhais faoina réir a bheith sáraithe, ná ní bheidh aon dliteanas ar an iniúchóir i leith an bhainc, a chreidiúnaithe ná páirtithe leasmhara eile, mar gheall ar é do chomhlíonadh aon oibleagáide a fhochuirtear air leis an alt seo nó faoi.

Fochuideachtaí agus cuideachtaí eile do chomhlíonadh feidhmeanna, agus do sholáthar seirbhísí, de chuid bainc taisce iontaobhais.

39. —(1) Féadfaidh fochuideachta de chuid bainc taisce iontaobhais nó cuideachta (dá ngairtear “comhchuideachta” anseo feasta san alt seo) a mbeadh an banc agus banc taisce iontaobhais amháin eile, nó níos mó, ina gcuideachta shealbhaíochta di, dá gcónascfaí iad, cibé feidhmeanna de chuid an bhainc, nó cibé seirbhísí atá le déanamh nó le soláthar ag an mbanc, a chinnfidh sé, le toiliú an Aire agus an Bhainc Ceannais, a dhéanamh nó a sholáthar agus, dá réir sin, féadfaidh banc taisce iontaobhais, nó 2 bhanc taisce iontaobhais nó níos mó ag gníomhú dóibh i gcomhar, le toiliú an Aire agus an Bhainc Ceannais agus chun críocha na nithe sin a dhéanamh nó a sholáthar, fochuideachta nó, de réir mar is cuí, comhchuideachta, amháin nó níos mó a fháil nó a fhoirmiú agus a chlárú agus beidh feidhm ag na forálacha eile den Acht seo i ndáil le fochuideachta agus comhchuideachta de chuid bainc taisce iontaobhais amhail mar atá feidhm acu i ndáil leis an mbanc, ach sin fara aon mhodhnuithe is gá.

(2) Féadfaidh banc taisce iontaobhais, le toiliú an Aire agus an Bhainc Ceannais, scaireanna i ngnó nó i gcuid de ghnó, nó leas i ngnó nó i gcuid de ghnó, fochuideachta nó comhchuideachta de chuid an bhainc a dhiúscairt nó scaireanna i gcuideachta, nó gnó nó cuid de ghnó cuideachta, a fháil.

Banc taisce iontaobhais do choinneáil taifead, admhálacha agus doiciméad dá samhail.

40. —(1) Coinneoidh banc taisce iontaobhais—

(a) a chuid leabhar agus taifead, agus a chuid admhálacha agus doiciméad dá samhail, nó

(b) cóipeanna den chéanna i bhfoirm inléite nó i bhfoirm neamhinléite is féidir a atáirgeadh i bhfoirm bhuan inléite,

go ceann tréimhse 6 bliana ar a laghad.

(2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion.

Banc taisce iontaobhais do dhéanamh íocaíochtaí le daoine nach bhfuil aois iomlán acu.

41. —Aon taisce i mbanc taisce iontaobhais is de chuid duine, nó atá chun sochair duine, nach bhfuil aois iomlán aige, féadfaidh an banc í a íoc, agus an t-ús uirthi a íoc, leis an duine agus is leor admháil an duine mar urscaoileadh don bhanc i leith na híocaíochta.

Dúnadh agus díscaoileadh bainc taisce iontaobhais.

42. —(1) Ní dhéanfaidh iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais an banc a dhúnadh ná a dhíscaoileadh, ná gnó an bhainc a sheoladh chun a ghnóthaí a fhoirceannadh agus chuige sin amháin, mura rud é—

(a) go dtoileoidh an Banc Ceannais leis an dúnadh nó leis an díscaoileadh, nó

(b) go n-ordófár an banc a fhoirceannadh faoi Acht 1963.

(2) Má thoilíonn an Banc Ceannais le togra de chuid na n-iontaobhaithe banc taisce iontaobhais a dhúnadh nó a dhíscaoileadh—

(a) tabharfaidh na hiontaobhaithe cibé fógra faoin togra do thaisceoirí leis an mbanc a cheanglóidh an Banc Ceannais, agus

(b) cuirfidh na hiontaobhaithe cibé saoráidí ar fáil is cuí leis an mBanc Ceannais chun taiscí a aistarraingt as an mbanc.

(3) Ar bhanc taisce iontaobhais a dhúnadh nó a dhíscaoileadh, déanfaidh na hiontaobhaithe, a luaithe is féidir—

(a) aon mhaoin nó sócmhainní eile de chuid an bhainc a chomhshó in airgead, agus

(b) más cuí, na nithe seo a leanas a tharchur chuig an Aire—

(i) liosta (a mbeidh sé deimhnithe ag 2 ar a laghad de na hiontaobhaithe gur liosta cruinn é) d'ainmneacha agus de sheoltaí aon taisceoirí leis an mbanc nach bhfuil iarratas déanta acu chuig an mbanc ar aisíoc a gcuid taiscí agus de na méideanna a bheidh dlite dóibh i leith na dtaiscí agus i leith úis ar na taiscí, agus

(ii) méid is leor chun na méideanna sin a dúradh a urscaoileadh,

agus

(c) aon airgead barrachais a bheidh fágtha, tar éis a dhliteanais a urscaoileadh agus tar éis aon chaiteachais a íoc a thabhaigh sé agus a bheidh údaraithe faoina rialacha nó faoin dlí, a íoc leis an Aire, agus cuirfidh seisean chun feidhme é chun tairbhe don Státchiste.

(4) (a) Faoi réir mhír (b), íocfaidh an tAire le taisceoir dá dtagraít ear i bhfo-alt (3), ar an taisceoir sin do chruthú cé hé, chun sástachta an Aire, méid ar comhionann—

(i) le méid na taisce agus aon ús a bheidh faibhrithe uirthi anuas go dtí an dáta ar tarchuireadh an méid iomchuí ina leith chuig an Aire, agus

(ii) le méid an úis ab iníoctha leis an taisceoir i leith úis air sin dá mbeadh an méid dá dtagraítear i bhfomhír (i) taiscthe aige i mBanc Taisce an Phoist don tréimhse ón dáta sin a dúradh go dtí an dáta a ndéanann an tAire an íocaíocht.

(b) I gcás inar lú an méid a íocfar leis an Aire faoi fho-alt (3) (b) ná iomlán na méideanna a bheidh le híoc aige faoi mhír (a), déanfaidh an tAire cibé íocaíochtaí (nach mó san iomlán ná an méid a bheidh íoctha amhlaidh leis) faoin mír sin leis na taisceoirí lena mbaineann is dóigh leis is réasúnach sna himthosca go léir.

(5) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1), (2) nó (3) den alt seo ciontach i gcion.

Srian le díolúintí áirithe ó dhliteanas i gcás oifigeach de chuid bainc taisce iontaobhais.

43. —(1) Faoi réir fho-alt (2), is foráil ar neamhní aon fhoráil i rialacha bainc taisce iontaobhais nó i gconradh arna dhéanamh idir banc taisce iontaobhais agus oifigeach nó iniúchóir de chuid an bhainc, is foráil a dhíolmhaíonn an t-oifigeach nó an t-iniúchóir sin ó aon dliteanas, nó a shlánaíonn é in aghaidh aon dliteanais, a bheadh air thairis sin, de bhua aon reachta nó riail dlí, i leith aon fhaiilí, mainneachtana, sárú dualgais nó sárú iontaobhais aige a tharla, tar éis thosach feidhme an ailt seo, i ndáil leis an mbanc nó lena fhostaíocht leis an mbanc.

(2) Féadfaidh banc taisce iontaobhais oifigeach nó iniúchóir de chuid an bhainc a shlánú in aghaidh aon dliteanais a thabhóidh sé mar chosantóir in imeachtaí sibhialta nó coiriúla in aon chúirt ina dtugtar breithiúnas ina fhabhar nó ina n-éigiontaítear é, ar imeachtaí iad i ndáil leis an mbanc nó lena fhostaíocht leis an mbanc nó i ndáil le haon iarratas faoi alt 44 ina dtugtar faoiseamh dó.

Cumhacht cúirte faoiseamh ó dhliteanas a thabhairt d'oifigigh de chuid bainc taisce iontaobhais i gcásanna áirithe.

44. —(1) Más rud é, in aon imeachtaí mar gheall ar fhaillí, mainneachtain, sárú dualgais nó sárú iontaobhais i gcoinne oifigeach nó iniúchóir bainc taisce iontaobhais i ndáil lena fhostaíocht leis an mbanc nó ag éirí as an bhfostaíocht sin, gur dealraitheach don chúirt a bheidh ag éisteacht na n-imeachtaí go bhfuil an t-oifigeach nó an t-iniúchóir, nó go bhféadfadh sé a bheith, faoi dhliteanas maidir leis an bhfaillí, leis an mainneachtain, leis an sárú dualgais nó leis an sárú iontaobhais, ach gur ghníomhaigh sé go hionraic agus go réasúnach agus gur chóir, ag féachaint d'imthosca uile an cháis (lena n-áirítear imthosca a cheaptha), an fhaillí, an mhainneachtain, an sárú dualgais nó an sárú iontaobhais a mhaitheamh dó, féadfaidh an chúirt faoiseamh, iomlán nó páirteach, a thabhairt dó óna dhliteanas, ar cibé téarmaí is cuí léi.

(2) I gcás go mbeidh cúis ag aon oifigeach nó iniúchóir den chineál a dúradh chun a bheith imníoch go ndéanfar, nó go bhféadfadh go ndéanfaí, aon éileamh ina aghaidh maidir le haon fhaillí, mainneachtain, sárú dualgais nó sárú iontaobhais den chineál a dúradh, féadfaidh sé faoiseamh a iarraidh ar an gCúirt agus beidh ag an gCúirt, ar aon iarratas den sórt sin, an chumhacht chéanna chun faoiseamh a thabhairt dó a bheadh aici faoin alt seo dá mba chúirt í a mbeadh imeachtaí tionscanta os a comhair in aghaidh an duine sin mar gheall ar fhaillí, mainneachtain, sárú dualgais nó sárú iontaobhais.

(3) I gcás aon chás lena mbaineann fo-alt (1) a bheith á thriail ag breitheamh mar aon le giúiré, féadfaidh an breitheamh, tar éis an fhianaise a éisteacht, más deimhin leis gur chóir, de bhun an fho-ailt sin faoiseamh a thabhairt, go hiomlán nó go páirteach, don chosantóir ón dliteanas a bheifear ag iarraidh a fheidhmiú ina choinne, an cás a tharraingt siar go hiomlán nó go páirteach ón ngiúiré agus a ordú breithiúnas a thaifeadadh i bhfabhar an chosantóra ar cibé téarmaí, i leith costas nó eile, is cuí leis an mbreitheamh.

Aoisliúntas d'fhoireann bhainc taisce iontaobhais.

45. —(1) Feadfaidh banc taisce iontaobhais scéim aoisliúntais amháin nó níos mó a ullmhú.

(2) Féadfaidh scéim aoisliúntais an tráth scoir agus na coinníollacha scoir a shocrú do na daoine go léir arb iníoctha sochair leo nó ina leith faoin scéim agus féadfar tráthanna agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfaidh banc taisce iontaobhais scéim ag leasú nó ag cúlghairm scéime aoisliúntais, nó scéime faoin bhfo-alt seo, a ullmhú.

(4) (a) Déanfar scéim a ullmhófar faoin alt seo a chur faoi bhráid an Bhainc Ceannais.

(b) Féadfaidh an Banc Ceannais scéim a bheidh curtha faoina bhráid faoin alt seo a cheadú agus, má dhéanann sé amhlaidh, cuirfidh iontaobhaithe an bhainc taisce iontaobhais áirithe an scéim i bhfeidhm de réir a téarmaí.

(5) Má bhíonn aon díospóid ann i dtaobh éileamh aon duine chun aon sochair, nó i dtaobh méid aon sochair, is iníoctha de bhun scéime nó scéimeanna faoin alt seo, cuirfear an díospóid faoi bhráid an Bhainc Ceannais agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Bhainc Ceannais uirthi.

(6) Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais ag ullmhú scéime, agus á cur i bhfeidhm, faoin alt seo a íoc mar chuid de chaiteachais reatha an bhainc.

(7) Aon duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme scéime aoisliúntais, ar fostú i gcáil bhuan lánaimseartha ag banc taisce iontaobhais, féadfaidh sé a roghnú bheith ina chomhalta den scéim agus, i ndáil le duine a roghnóidh faoin mír seo bheith ina chomhalta den scéim, ní lú fabhar dó téarmaí agus coinníollacha na scéime ná na téarmaí agus na coinníollacha faoi aon scéim nó comhshocraíocht eile a chuir sochair aoisliúntais ar fáil dó, nó i ndáil leis, díreach roimh an tosach feidhme sin agus, má dhéanann an duine roghnú faoin mír seo, scoirfidh an scéim nó an chomhshocraíocht dheiridh sin d'fheidhm a bheith aici i ndáil leis.

(8) San alt seo ciallaíonn “scéim aoisliúntais”, i ndáil le banc taisce iontaobhais, scéim chun pinsin, aiscí agus sochair eile is iníoctha maidir le seirbhís roimhe sin leis an mbanc, nó le cibé seirbhís eile roimhe sin a bheidh sonraithe sa scéim, a dheonú, tráth éirí as, scoir nó báis, d'oifigigh agus do chomhaltaí eile d'fhoireann an bhainc atá fostaithe aige i gcáil bhuan lánaimseartha agus is comhaltaí den scéim, nó i leith na ndaoine sin.

CUID VI

Cónascadh Banc Taisce Iontaobhais

Léiriú.

46. —Sa Chuid seo—

folaíonn “urrús” morgáiste (cibé acu is morgáiste dlí nó morgáiste cothromais), muirear, bintiúr, bille malairte, nóta gealltanais, ráthaíocht, lian, gealltán nó modh eile chun íoc féich, cibé acu láithreach nó todhchaí, nó urscaoileadh oibleagáide nó dliteanais cibé acu iarbhír nó teagmhasach, a urrú;

tá le “an lá cónasctha” a bhrí a shanntar dó le halt 47; tá le “na bainc” agus “an banc cónasctha” na bríonna a shanntar dóibh le halt 48.

Cumhacht bhanc taisce iontaobhais cónascadh a dhéanamh.

47. —(1) Féadfaidh dhá bhanc taisce iontaobhais nó níos mó cónascadh más rud é—

(a) go rithfidh gach banc acu rún speisialta ag údarú an cónascadh a dhéanamh, agus

(b) go ndéanfaidh an tAire agus an Banc Ceannais scéim don chónascadh, a bheidh curtha faoina mbráid faoi alt 48, a cheadú faoin alt sin.

(2) Glacfaidh cónascadh faoin alt seo éifeacht ar cibé lá (dá ngairtear “an lá cónasctha” sa Chuid seo) a bheidh sonraithe chuige sin sa scéim a dúradh, is lá nach luaithe ná 4 mhí tar éis an lae, nó tar éis an lá is déanaí de na laethanta, ar lorgaíodh ceadú an Aire agus an Bhainc Ceannais.

(3) San alt seo ciallaíonn “rún speisialta” rún—

(a) arna rith ag trí chúigiú ar a laghad díobh siúd a bheidh i láthair ag cruinniú d'iontaobhaithe bainc taisce iontaobhais a mbeidh fógra i scríbhinn ina thaobh, inar sonraíodh go raibh sé ar intinn an rún a mholadh, tugtha do na hiontaobhaithe de réir rialacha an bhainc, agus

(b) arna dhaingniú ag tromlach díobh siúd a bheidh i láthair ag cruinniú de na hiontaobhaithe a thionólfar 14 lá ar a laghad, agus 28 lá ar a mhéid, tar éis an chruinnithe dá dtagraítear i mír (a) ar cruinniú é a mbeidh fógra i scríbhinn ina thaobh, inar sonraíodh go raibh sé ar intinn a mholadh go ndaingneofaí an rún, tugtha do na hiontaobhaithe de réir rialacha an bhainc.

Ceadú an Aire agus an Bhainc Ceannais le cónascadh banc taisce iontaobhais.

48. —(1) Aon uair a bheartóidh dhá bhanc taisce iontaobhais nó níos mó (dá ngairtear “na bainc” sa Chuid seo) cónascadh—

(a) féadfaidh siad, 4 mhí ar a laghad roimh an lá cónasctha, scéim don chónascadh a chur faoi bhráid an Aire agus an Bhainc Ceannais lena gceadú a fháil,

(b) féadfaidh an tAire agus an Banc Ceannais le hordú, 2 mhí ar a laghad roimh an lá cónasctha, an scéim a cheadú nó diúltú í a cheadú, agus

(c) má cheadaíonn an tAire agus an Banc Ceannais an scéim faoin alt seo—

(i) déanfaidh na bainc, mí amháin ar a laghad roimh an lá cónasctha, fógra faoin gcónascadh a fhoilsiú i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a fhoilsítear sa Stát,

(ii) beidh éifeacht, má fhorálann an scéim amhlaidh agus sa mhéid amháin go bhforálfaidh sí amhlaidh, le forálacha ailt 49 go 54 agus 64 i ndáil leis an gcónascadh, agus

(iii) féadfaidh an tAire agus an Banc Ceannais, ar iarratas ó na bainc, cibé forálacha teagmhasacha, iarmhartacha agus forlíontacha a chur isteach san ordú lena gceadaítear an scéim is dóigh leis an Aire agus leis an mBanc Ceannais is cuí chun an cónascadh a urasú agus a chur i ngníomh agus chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go hiomlán agus go héifeachtúil é, lena n-áirítear forálacha chun ainm an bhainc a fhoirmítear trí chónascadh na mbanc (dá ngairtear “an banc cónasctha” sa Chuid seo) a chur in ionad ainmneacha na mbanc, nó chun oiriúnú thairis sin a dhéanamh ar thagairtí do na bainc in aon reacht nó in aon ionstraim arna déanamh faoi reacht.

(2) Féadfaidh an tAire agus an Banc Ceannais, le hordú, ordú faoi fho-alt (1) nó faoin bhfo-alt seo a leasú, le toiliú na mbanc nó an bhainc chónasctha, de réir mar is cuí.

Cuntais a aistriú.

49. —Aon chuntas idir ceann de na bainc agus aon duine in aon oifig nó brainse den bhanc sin sa Stát, aistreofar é, nó measfar é a bheith aistrithe, chuig an mbanc cónasctha ar an lá cónasctha agus is é a bheidh ann, amhail ar an agus ón lá sin, cuntas idir an banc cónasctha agus an duine sin a mbeidh na cearta céanna aige, agus a bheidh faoi réir na n-oibleagáidí agus na dteagmhas céanna (lena n-áirítear cearta fritháirimh) ab infheidhme maidir leis dá leanfadh an cuntas sin idir an banc céadluaite agus an duine, agus aon ordú, ordachán, treoir, mandáid, nó údarás arna thabhairt, cibé acu roimh an lá sin nó dá éis, ag an duine sin i ndáil leis an gcuntas sin nó aon oibleagáid faoina ndeachaigh an banc céadluaite i ndáil le haon duine agus a bheidh ar marthain an lá sin, beidh feidhm agus éifeacht leis tar éis an cuntas a aistriú mar a dúradh chuig an mbanc cónasctha, agus tiocfaidh aon airgead a bheidh dlite den duine sin don bhanc céadluaite ar an gcuntas sin an lá sin chun bheith dlite agus iníoctha ag an duine sin leis an mbanc cónasctha in ionad é a bheith dlite agus iníoctha leis an mbanc céadluaite agus tiocfaidh aon airgead a bheidh dlite den bhanc céadluaite don duine sin ar an gcuntas sin ar an dáta sin chun bheith dlite agus iníoctha ag an mbanc cónasctha leis an duine sin in ionad é a bheith dlite agus iníoctha ag an mbanc céadluaite.

Urrúis a aistriú.

50. —Aon urrús a bheidh á shealbhú ag aon cheann de na bainc i ndáil leis an ngnó a chomhaontaítear a chónascadh, mar urrús d'íoc na bhfiach nó na ndliteanas (cibé acu láithreach nó todhchaí, iarbhír nó teagmhasach) de chuid aon duine in aon oifig nó brainse de chuid an bhainc sin, aistreofar é, nó measfar é a bheith aistrithe, ar an lá cónasctha, chuig an mbanc cónasctha, agus sealbhóidh an banc sin é agus beidh sé ar fáil dó, mar urrús d'íoc na bhfiach agus na ndliteanas sin leis an mbanc cónasctha; agus i gcás airleacain chuig aon duine, nó a dhliteanais, sa todhchaí a bheith ar áireamh san airgead a urraítear le hurrús den sórt sin, beidh an t-urrús sin, amhail ón dáta sin, á shealbhú ag an mbanc cónasctha, agus ar fáil dó, mar urrús maidir le hairleacain sa todhchaí chuig an duine sin ón mbanc cónasctha, agus le dliteanais an duine sin i leith an bhainc sin sa todhchaí, a mhéid céanna a bhí airleacain ón mbanc céadluaite sa todhchaí, nó dliteanais ina leith sa todhchaí, urraithe leis an urrús sin díreach roimh an lá sin.

Cearta agus oibleagáidí i ndáil le hurrúis aistrithe.

51. —Beidh an banc cónasctha, i ndáil le haon urrús a aistrítear nó a mheastar a bheith aistrithe chuig an mbanc cónasctha de réir nó de bhua fhorálacha alt 50 agus leis an airgead a urraítear leis sin de réir na bhforálacha sin, i dteideal na gceart agus na dtosaíochtaí céanna, agus faoi réir na n-oibleagáidí agus na dteagmhas céanna, a mbeadh an banc lena mbaineann ina dteideal agus faoina réir dá leanfadh an t-urrús de bheith á shealbhú ag an mbanc lena mbaineann, agus beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas i ndáil leis an gcéanna:

(a) ní gá aistriú aon urrúis den sórt sin, a dhéantar nó a mheastar a bheith déanta le halt 50, a chlárú faoi réim nó de bhun an Registration of Deeds Act, 1707, an reachta Éireannaigh réamh-Aontachta 33 Geo. 2, c. 14 (Ir.), an Achta um Chlárú Teidil, 1964 , nó alt 99 d'Acht 1963, ach oibreoidh an t-aistriú sin, chun críocha na nAchtanna sin, ionann is dá mbeadh sé déanta trí ghníomhas arna chlárú go cuí ar an lá cónasctha faoi réim nó de bhun cibé Achtanna acu sin is infheidhme ina leith;

(b) i gcás ina ndéanann alt 50 leathnú ar aon urrús, nó i ndáil le haon urrús, den sórt sin ionas go n-áireofar ann airleacain ón mbanc cónasctha, nó dliteanais dó, sá todhchaí, ní gá an leathnú sin a chlárú faoi réim nó de bhun an Registration of Deeds Act, 1707, na Bills of Sale (Ireland) Acts, 1879 and 1883, an Achta um Chlárú Teidil, 1964 , nó alt 99 d'Acht 1963, ach oibreoidh an leathnú sin, chun críocha na nAchtanna sin, ionann is dá mbeadh sé déanta trí ghníomhas arna chlárú go cuí ar an lá cónasctha faoi réim nó de bhun cibé Achtanna acu sin is infheidhme ina leith.

Aistriú i gcás maoine a shealbhaítear ar earbadh.

52. —Déanfar coimeád aon doiciméid, earraí nó maoine eile a bheidh á shealbhú ag aon cheann de na bainc, i ndáil lena ghnó mar earbaí d'aon duine eile, in aon oifig nó brainse den bhanc sin sa Stát a aistriú, nó measfar é a bheith aistrithe, chuig an mbanc cónasctha ar an lá cónasctha agus déanfar cearta agus oibleagáidí an bhainc chéadluaite faoi aon chonradh earbaidh a bhaineann leis an doiciméad, leis na hearraí nó leis an maoin a aistriú, nó measfar iad a bheith aistrithe, chuig an mbanc cónasctha ar an dáta sin.

Oifigigh agus fostaithe eile a aistriú.

53. —(1) Déanfar gach oifigeach, nó comhalta eile den fhoireann, atá ar seirbhís nó ar fostú ag aon cheann de na bainc agus a mbeidh sé comhaontaithe ag na bainc agus, más cuí, ag an mbanc cónasctha é a aistriú faoin alt seo, a aistriú, ar an lá cónasctha, ó sheirbhís nó ó fhostaíocht an bhainc chéadluaite chuig an mbanc cónasctha, agus beidh sé ina oifigeach nó ina chomhalta eile d'fhoireann (de réir mar a bheidh) an bhainc chónasctha agus beidh na cearta céanna aige, agus beidh sé faoi réir na n-oibleagáidí agus na dteagmhas céanna, maidir leis an tseirbhís nó leis an bhfostaíocht sin, a raibh sé faoina réir mar oifigeach nó mar chomhalta eile d'fhoireann an bhainc chéadluaite.

(2) Gach oifigeach nó comhalta foirne eile den chineál a dúradh ar comhalta é de scéim pinsin nó aoisliúntais de chuid aon cheann de na bainc, nó atá i dteideal sochar a fháil faoin gcéanna, agus gach oifigeach nó comhalta foirne eile a bhí ar fostú roimhe sin ag aon cheann de na bainc i ndáil leis an ngnó a chomhaontaítear a chónascadh agus a bhí, díreach roimh an lá cónasctha, ina chomhalta d'aon scéim den sórt sin nó i dteideal sochar a fháil fúithi, beidh sé, le héifeacht ón lá cónasctha, ina chomhalta de scéim chomhréire pinsin nó aoisliúntais de chuid an bhainc chónasctha agus i dteideal an sochar comhréire a fháil fúithi, agus sin ar théarmaí nach lú fabhar ná na téarmaí faoin scéim chéadluaite agus aon duine atá, de bharr aon oifigeach nó comhalta eile den fhoireann atá ar fostú nó a bhí ar fostú in aon cheann de na bainc a bheith ina chomhalta den scéim chéadluaite nó i dteideal sochar a fháil fúithi, i dteideal sochar a fháil faoin scéim sin, beidh sé i dteideal, le héifeacht ón lá cónasctha, an sochar comhréire a fháil faoin scéim chomhréire sin a dúradh agus sin ar théarmaí nach lú fabhar ná na téarmaí faoin scéim chéadluaite.

(3) Aon sochar is iníoctha, faoi scéim pinsin nó aoisliúntais de chuid aon cheann de na bainc, le hionadaí pearsanta (ina cháil mar ionadaí pearsanta) aon oifigigh éagtha nó comhalta éagtha eile de chuid na foirne a bhí ar fostú ag an mbanc roimhe sin, agus a bheidh fós gan íoc ar an lá cónasctha, tiocfaidh sé chun bheith, agus beidh sé, iníoctha ar an dáta sin ag an mbanc cónasctha nó faoi scéim chomhréire pinsin nó aoisliúntais de chuid an bhainc chónasctha.

(4) Déanfar seirbhís nó fostaíocht le haon cheann de na bainc a chur i gcuntas, d'fhonn an ceart chun sochar a fháil faoi aon scéim chomhréire den sórt sin a fhionnadh agus a ríomh, ionann is dá mba sheirbhís nó fostaíocht leis an mbanc cónasctha í ach ní bheidh an t-aistriú seirbhíse nó fostaíochta ón mbanc céadluaite go dtí an banc cónasctha ina ábhar, ann féin, d'aon éileamh chun sochar a fháil faoi aon scéim den sórt sin.

(5) I ndáil le foireann a aistrítear le fo-alt (1) chuig foireann an bhainc chónasctha, is seirbhís ináirithe seirbhís roimhe sin le haon cheann de na bainc chun críocha na nAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1984, an Achta um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973 , na nAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 go 1984, agus an Achta um Dhífhostú Éagórach, 1977 , ach sin faoi réir aon eisceachtaí nó eisiataí eile sna hAchtanna sin.

(6) Féadfaidh an tAire agus an Banc Ceannais, ar iarratas ó aon cheann de na bainc agus ón mbanc cónasctha, cibé forálacha a chur san áireamh san ordú faoi alt 48 is dóigh leo is oiriúnach chun maoin agus sócmhainní uile aon scéime pinsin nó aoisliúntais de chuid an bhainc chéadluaite, nó aon chuid den mhaoin nó de na sócmhainní sin, a aistriú chuig scéim chomhréire pinsin nó aoisliúntais de chuid an bhainc chónasctha agus chun é a dhílsiú, chun críocha na scéime comhréire, do na hiontaobhaithe nó do na daoine eile a bhfuil sé de chúram orthu an scéim chomhréire sin a riaradh agus chun aon scéim den sórt sin de chuid an bhainc chéadluaite a fhoirceannadh, a dhíscaoileadh nó a mhodhnú nó chun deireadh a chur léi agus beidh éifeacht leis an scéim chomhréire de réir aon fhorálacha den sórt sin, ar aon scéim den sórt sin de chuid an bhainc chéadluaite a bheith foirceanta, díscaoilte nó modhnaithe nó ar deireadh a bheith curtha léi, de réir mar a bheidh.

(7) San alt seo—

ciallaíonn “sochar” aon phinsean, aisce nó sochar eile is iníoctha i leith iarseirbhíse leis an mbanc lena mbaineann, nó i leith iarseirbhíse sonraithe eile, tráth éirí as, scoir nó báis;

ciallaíonn “scéim pinsin nó aoisliúntais de chuid aon cheann de na bainc” scéim, comhshocraíocht nó ciste arna bhunú; i ndáil le gnó an bhainc sin, chun sochar a chur ar fáil d'oifigigh nó do chomhaltaí eile d'fhoireann an bhainc sin nó dá gcleithiúnaithe, agus forléireofar aon abairt ghaolmhar dá réir sin;

ciallaíonn “scéim pinsin nó aoisliúntais de chuid an bhainc chónasctha” scéim, comhshocraíocht nó ciste arna bhunú, i ndáil le gnó an bhainc chónasctha, chun sochar a chur ar fáil d'oifigigh nó do chomhaltaí eile d'fhoireann an bhainc chónasctha nó dá gcleithiúnaithe agus forléireofar aon abairt ghaolmhar dá réir sin.

Feidhm ionstraimí áirithe.

54. —I gcás—

(a) go mbeidh ar áireamh i ngnó aon cheann de na bainc a chomhaontaítear a chónascadh gnó arb éard é gníomhú mar iontaobhaí, mar sheiceadóir nó mar chaomhnóir nó in aon cháil mhuiníneach eile, agus

(b) gur ceapadh nó go gceapfar an banc sin chun gníomhú mar ionadaí pearsanta, mar iontaobhaí nó mar chaomhnóir nó in aon cháil mhuiníneach eile trí ionstraim arb é atá inti—

(i) ordú cúirte,

(ii) gníomhas, socraíocht, cúnant nó comhaontú iontaobhais, nó

(iii) uacht, codaisíl nó ionstraim thiomnach eile nó deonú riaracháin,

nó trí aon ghníomh tiomnach seachas iad sin a dúradh, cibé acu an roimh an lá cónasctha nó dá éis a rinneadh nó a forghníomhaíodh an ionstraim, an deonú nó an gníomh,

déanfar, amhail ón lá cónasctha, an ionstraim, an deonú nó an gníomh a léamh agus a fhorléiriú, agus beidh éifeacht léi nó leis, ionann is dá gcuirfí tagairt don bhanc cónasctha in ionad aon tagartha inti nó ann don bhanc sin.

Feidhm na nAchtanna um Fhianaise Leabhar Baincéirí, 1879 agus 1959.

55. —(1) Leanfaidh na hAchtanna um Fhianaise Leabhar Baincéirí, 1879 agus 1959, d'fheidhm a bheith acu maidir le haon leabhair de chuid na mbanc a aistrítear chuig an mbanc cónasctha i ndáil le gnó na mbanc, agus maidir le hiontrálacha a rinneadh sna leabhair sin roimh an lá cónasctha.

(2) San alt seo folaíonn “leabhair” mórleabhair, leabhair lae, leabhair airgid, leabhair chuntas agus na leabhair agus na taifid eile go léir a úsáideadh i ngnáthghnó an bhainc roimh an lá cónasctha.

Imeachtaí dlí a bheidh ar feitheamh do leanúint ar marthain.

56. —I gcás go mbeidh, díreach roimh an lá cónasctha, aon imeachtaí dlí ar feitheamh ar páirtí iontu aon cheann de na bainc agus go mbeidh tagairt sna himeachtaí do ghnó an bhainc, déanfar, ar an lá cónasctha, ainm an bhainc chónasctha a chur in ionad ainm an bhainc sin agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an gcur in ionad sin.

CUID VII

Ilghnéitheach

An tAire d'údarú bainc thaisce iontaobhais a atheagrú ina gcuideachtaí.

57. —(1) San alt seo—

déanfar “cuideachta” agus “atheagrú” a fhorléiriú de réir fho-alt (3);

ciallaíonn “ordú” ordú faoi fho-alt (2).

(2) Féadfaidh an tAire ordú a dhéanamh chun críocha an ailt seo agus féadfaidh sé ordú a dhéanamh ag leasú nó ag cúlghairm aon ordaithe a rinneadh faoin alt seo.

(3) (a) Féadfar a údarú, le hordú, go ndéanfar banc taisce iontaobhais amháin nó níos mó a atheagrú ina chuideachta dá dtagraítear i bhfomhír (i) nó (ii) de mhír (c) agus féadfar a shocrú, le hordú á dhéanamh sin, go n-aistreofar chuig an gcuideachta maoin agus cearta uile an bhainc nó na mbanc lena mbaineann, nó cuid den mhaoin agus de na cearta sin, agus na dliteanais nó na hoibleagáidí uile dá chuid nó dá gcuid, lena n-áirítear taiscí sa bhanc nó sna bainc agus na dliteanais is inchurtha ina leith sin.

(b) Féadfar a údarú le hordú go ndéanfar cuideachta dá dtagraítear san fhomhír sin (i) a atheagrú ina cuideachta dá dtagraítear san fhomhír sin (ii).

(c) San fho-alt seo ciallaíonn “cuideachta”—

(i) cuideachta a bhfuil comhdhéanamh a boird stiúrthóirí faoi rialú an Aire nó a sealbhaíonn an tAire breis agus a leath, de réir ainmluacha, dá scairchaipiteal cothromais agus breis agus a leath, de réir ainm luacha, de na scaireanna dá cuid lena ngabhann cearta vótála, nó

(ii) cuideachta a bhfuil comhdhéanamh a boird stiúrthóirí faoi rialú duine nó daoine seachas an tAire agus a sealbhaíonn duine nó daoine seachas an tAire breis agus a leath, de réir ainmluacha, dá scairchaipiteal cothromais nó breis agus a leath, de réir ainmluacha, de na scaireanna lena ngabhann cearta vótála,

agus, chun críocha fhomhír (i), measfar comhdhéanamh boird stiúrthóirí cuideachta a bheith faoi rialú duine nó daoine lena n-áirítear an tAire i gcás ina measfaí, dá mba chuideachta an duine nó na daoine, go raibh comhdhéanamh an bhoird sin, de bhua alt 155 (2) d'Acht 1963, faoi rialú na cuideachta is déanaí a luaitear.

(4) Féadfar socrú a dhéanamh, in ordú á údarú banc taisce iontaobhais a atheagrú ina chuideachta dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (c) (i), le haghaidh cibé nithe is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach chun críocha an atheagraithe agus, go háirithe ach gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, déanfar socrú ann—

(a) go mbeidh meabhrán agus airteagail chomhlachais na cuideachta i cibé foirm, a bheidh ar comhréir le haon orduithe a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, a cheadóidh an tAire agus an Banc Ceannais,

(b) nach mbeidh, d'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, aon athrú ar mheabhrán comhlachais nó ar airteagail chomhlachais na cuideachta bailí ná éifeachtúil mura ndéanfar é le ceadú roimh ré ón Aire agus ón mBanc Ceannais,

(c) go ndéanfar scaireanna sa chuideachta a leithroinnt ar an Aire agus a eisiúint chuig an Aire agus go sealbhóidh an tAire iad agus go sealbhófar ar iontaobhas don Aire aon scaireanna sa chuideachta a bheidh á sealbhú ag duine seachas an tAire,

(d) chun a údarú don Aire scaireanna sa chuideachta a thógáil ó am go ham trí shuibscríobh,

(e) go bhfeidhmeoidh an tAire, maidir le scaireanna sa chuideachta a bheidh á sealbhú aige, na cearta agus na cumhachtaí go léir, nó aon cheann de na cearta nó de na cumhachtaí, is infheidhmithe ó am go ham ag sealbhóir na scaireanna sin lena n-áirítear, i gcás na cearta agus na cumhachtaí sin a bheith infheidhmithe trí aturnae, go ndéanfaidh an tAire, más cuí leis amhlaidh, na cearta agus na cumhachtaí sin a fheidhmiú trína aturnae,

(f) chun a údarú don Aire daoine a cheapadh chun bheith ina stiúrthóirí ar an gcuideachta agus chun luach saothair na stiúrthóirí sin, agus téarmaí agus coinníollacha a ré oifige mar stiúrthóirí den sórt sin, a chinneadh,

(g) chun a thoirmeasc ar an Aire scaireanna sa chuideachta a bheidh á sealbhú aige a aistriú nó a choimhthiú ar shlí seachas chun an cháilíocht is gá a thabhairt do dhuine a cheaptar nó a bheartaítear a cheapadh chun bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta, agus chun a thoirmeasc, i gcás ar bith, aistriú a dhéanamh chun na críche sin a dúradh ar aon líon scaireanna sa chuideachta a laghdódh an líon scaireanna sa chuideachta a bheidh á sealbhú aige go dtí líon ba lú ná 51 faoin gcéad de scaireanna na cuideachta,

(h) chun a údarú don Aire a cheangal ar stiúrthóir de chuid na cuideachta scair nó scaireanna sa chuideachta a bheidh á sealbhú ag an stiúrthóir a aistriú chuig duine sonraithe chun na críche a luaitear i mír (g), agus

(i) chun go muirearófar ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis aon airgead is iníoctha ag an Aire i leith scaireanna sa chuideachta a leithroinnt agus a eisiúint chuige agus chuig daoine a shealbhaíonn ar iontaobhas dó iad.

(5) In ordú a shocraíonn go ndéanfar aon sócmhainní de chuid bainc taisce iontaobhais a aistriú chuig cuideachta, féadfar a shocrú go ndéanfar sócmhainní sonraithe de chuid an bhainc a aistriú chuig an Aire.

(6) (a) Déanfar socrú, in ordú a údaraíonn cuideachta dá dtagraítear i bhfomhír (i) d'fho-alt (3) (c) a atheagrú ina cuideachta dá dtagraítear i bhfomhír (ii) den fho-alt sin, maidir leis an Aire do dhiúscairt na bhfáltas ó aon díol, láithriú nó diúscairt eile a dhéanfar ar scaireanna sa chuideachta chéadluaite a bheidh á sealbhú aige nó ó aon díol nó diúscairt a dhéanfar ar shócmhainní na cuideachta sin.

(b) Féadfar socrú a dhéanamh, in ordú a údaraíonn banc taisce iontaobhais a atheagrú ina chuideachta dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (c) (ii), go n-íocfar leis an Aire na fáltais, nó cuid de na fáltais, ó aon díol, láithriú nó diúscairt eile a dhéanfar ar scaireanna sa chuideachta nó ó aon díol nó diúscairt eile a dhéanfar ar shócmhainní na cuideachta agus go ndéanfaidh an tAire aon fháltais den sórt sin a íocfar leis a íoc isteach sa Phríomh-Chiste.

(7) (a) Más cuideachta lena mbaineann fo-alt (3) (c) (i) cuideachta, agus fad is cuideachta den sórt sin í, beidh feidhm ag an Acht seo i ndáil leis an gcuideachta ach sin faoi réir aon mhodhnuithe nó oiriúnuithe (lena n-áirítear oiriúnú ar thagairtí d'iontaobhaithe agus do rialacha banc taisce iontaobhais) is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach agus mar a shonróidh sé in ordú, agus faoi réir aon mhodhnuithe agus oiriúnuithe eile is gá.

(b) Más cuideachta lena mbaineann fo-alt (3) (c) (ii) cuideachta, ní bheidh feidhm ag an Acht seo (seachas ag an alt seo) i ndáil leis an gcuideachta, agus na cearta, na dliteanais agus na hoibleagáidí is inchurtha i leith taisce sa bhanc (arb iad, maidir le taisce, dliteanais an taisce a thabhairt ar ais don taisceoir agus ús a íoc uirthi (dá mba iníoctha é) de réir an ráta a bhí i bhfeidhm díreach roimh an atheagrú) tiocfaidh siad chun bheith, ina ionad sin, ina gcearta, ina ndliteanais agus ina n-oibleagáidí a ghabhann leis an ngaol idir custaiméir agus baincéir agus beidh siad inathraithe, agus beidh feidhm dá réir sin ag alt 7 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 , i ndáil leis an gcuideachta.

(8) Chun críocha atheagrú, féadfar cibé socrú (más aon socrú é) is cuí leis an Aire, tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais, a dhéanamh in ordú chun foireann an bhainc taisce iontaobhais lena mbaineann a aistriú ó fhostaíocht leis an mbanc go dtí fostaíocht leis an gcuideachta lena mbaineann, agus ó fhostaíocht le cuideachta dá dtagraítear i bhfomhír (i) d'fho-alt (3) (c) go dtí fostaíocht le cuideachta dá dtagraítear i bhfomhír (ii) den fho-alt sin agus i ndáil le téarmaí agus coinníollacha na fostaíochta sin leis an gcuideachta lena mbaineann.

(9) Chun críocha atheagrú, féadfar a shocrú in ordú go ndéanfar banc taisce iontaobhais a dhíscaoileadh agus a fhoirceannadh agus féadfar leis an ordú sin, chun críocha an fhoirceanta, forálacha Achtanna na gCuideachtaí, fara aon mhodhnuithe is gá, a chur i bhfeidhm maidir leis.

(10) Gan dochar dá bhfuil anseo roimhe seo, féadfar socrú a dhéanamh in ordú le haghaidh cibé nithe eile, lena n-áirítear oiriúnú agus modhnú, maidir leis an gcuideachta lena mbaineann, ar reachtanna agus ar ionstraimí arna ndéanamh faoi reacht, is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach chun críocha an atheagraithe lena mbaineann agus chun lán-éifeacht a thabhairt d'aon atheagrú den sórt sin.

(11) Déanfar dréacht d'aon ordú a bheartaítear a dhéanamh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

Srian le ráitis áirithe.

58. —(1) Ní déarfar ná ní thabharfar le tuiscint i dteideal bainc taisce iontaobhais ná in aon ní a fhoilseoidh banc taisce iontaobhais go ndlíonn an Stát, an Rialtas, Aire den Rialtas nó an Banc Ceannais aon mhéid a íoc le taisceoir leis an mbanc i leith a thaisce.

(2) Más rud é, i ndáil le banc taisce iontaobhais, go mbeidh sárú ar fho-alt (1), beidh an banc ciontach i gcion.

Leasú ar an Bankers' Books Evidence Act, 1879.

59. —Leasaítear leis seo alt 9 (a cuireadh isteach leis an Acht um Fhianaise Leabhar Baincéirí, 1959) den Bankers' Books Evidence Act, 1879—

(a) i bhfo-alt (1), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (d):

“(d) a trustee savings bank within the meaning of the Trustee Savings Banks Act, 1989;”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4) (a cuireadh isteach le hAcht an Bhainc Ceannais, 1971 ):

“(5) A certificate that—

(a) purports to be signed by an officer of the Central Bank, and

(b) certifies that a licence was granted under section 10 of the Trustee Savings Banks Act, 1989, in respect of a specified trustee savings bank (within the meaning of that Act),

shall be prima facie evidence of the licence for the purposes of this Act, and it shall not be necessary to prove the signature of the officer or that he was in fact an officer of the Central Bank.”.

Banc taisce iontaobhais d'íoc taiscí beaga tráth báis.

60. —(1) I gcás taisceoir le banc taisce iontaobhais d'fháil bháis, féadfaidh an banc an tsuim a bheidh ar taisce nó cuid den tsuim sin, nach mó ná cibé méid a shocróidh an Banc Ceannais ó am go ham tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, a íoc, gan ionadaíocht de réir bhrí an Achta Comharbais, 1965 , a bheith deonaithe i leith eastát an taisceora, leis an duine a ndealraíonn sé don bhanc go bhfuil sé i dteideal í a fháil, cibé acu mar ionadaí pearsanta an taisceora nó ar shlí eile, ar an mbanc a bheith sásta, ó fhianaise atá i ndearbhú reachtúil, gur tharla an bás agus go bhfuil an duine, a bhfuil an tsuim á héileamh aige nó thar a cheann, i dteideal í a fháil.

(2) I gcás ina ndéanfar íocaíocht faoin alt seo le duine nach é seiceadóir an taisceora lena mbaineann é, déanfaidh an banc lena mbaineann, a luaithe is féidir, sonraí i dtaobh na híocaíochta a thabhairt i scríbhinn d'Uachtarán na hArd-Chúirte.

(3) I gcás ina ndéanfaidh banc íocaíocht go cuí faoin alt seo, is íocaíocht bhailí éifeachtúil an íocaíocht maidir le haon éilimh i gcoinne chistí an bhainc ag aon duine a bheidh ag déanamh éilimh i leith eastát an taisceora lena mbaineann ach is i gcoinne an duine lena ndearnadh an íocaíocht a bheidh a leigheas le haghaidh mhéid na híocaíochta ag an duine a bheidh ag déanamh an éilimh.

Aitheantas a thabhairt do chuntais bhainc taisce iontaobhais.

61. —Déanfar aon tagairt in aon achtachán d'airgead a thaisceadh nó do chuntas a choinneáil i mbanc a fhorléiriú, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt a fholaíonn tagairt d'airgead a thaisceadh le banc taisce iontaobhais nó do chuntas a choinneáil i mbanc taisce iontaobhais, agus na forálacha d'aon achtachán den sórt sin a bhaineann le cearta agus oibleagáidí bainc i leith cuntas i mbanc beidh feidhm acu maidir le banc taisce iontaobhais mar atá feidhm acu maidir le banc.

Pionóis.

62. —(1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 4, 11, 13, 20, 24, 26, 28, 29 nó 30 dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, i gcás pearsan aonair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó, i gcás pearsan aonair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 12, 15, 16, 21, 25, 27, 31, 32, 40, 42 nó 58 den Acht seo dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000,

a chur air.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 14 nó 36 dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £25,000,

a chur air.

(4) Má leantar, tar éis an chiontaithe, den sárú, den mhainneachtain nó den diúltú a gciontaítear duine i gcion dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó (2) ina leith, beidh an duine ciontach i gcion breise in aghaidh gach lae a leanfar den sárú, den mhainneachtain nó den diúltú agus, maidir le gach cion den sórt sin, dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000,

a chur ar an duine in ionad an phionóis a shonraítear don sárú, don mhainneachtain nó don diúltú bunaidh.

Cionta ag bainc thaisce iontaobhais agus ag comhlachtaí corpraithe.

63. —(1) I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe (cibé acu is banc taisce iontaobhais é nó nach ea) nó ag banc taisce iontaobhais tráth nach comhlacht corpraithe é, agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is iontaobhaí de chuid an bhainc nó is stiúrthóir ar an gcomhlacht corpraithe nó is bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe nó an bhainc, nó aon duine a d'airbheartaigh bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe nó leis an mbanc, de réir mar a bheidh, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú amhail is dá mbeadh sé ciontach sa chion céadluaite.

(2) I gcás inarb iad comhaltaí comhlachta chorpraithe a dhéanann bainistí ar a ghnóthaí, beidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le gníomhartha agus mainneachtana comhalta i ndáil lena fheidhmeanna bainistíochta ionann is dá mba stiúrthóir ar an gcomhlacht corpraithe é.

Díolúine ó dhleacht stampa.

64. —Ní bheidh dleacht stampa, seachas dleacht stampa dá bhforáiltear in ailt 67 go 75 den Acht Airgeadais, 1973 , inmhuirearaithe ar aon aistriú, tíolacas nó ionstraim eile a fhorghníomhófar chun cónascadh banc taisce iontaobhais faoi Chuid VI, nó atheagrú bainc taisce iontaobhais ina chuideachta faoi alt 57, a chur i gcrích.

Bannaí agus urraí.

65. —(1) I gcás ina rachaidh banc taisce iontaobhais i mbun aon ghníomhaíochta i gcúrsa a ghnó, ní mheasfar aon fhoráil de na hAchtanna Árachais, 1909 go 1989, ná rialacháin i ndáil le gnó árachais arna ndéanamh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , a bheith sáraithe aige de bhíthin amháin go dtugann, go ndéanann nó go nglacann sé banna nó conradh urraíochta nó ráthaíochta lena mbaineann an t-alt seo.

(2) Baineann an t-alt seo le haon bhanna nó le haon chonradh urraíochta nó ráthaíochta a thugann nó a dhéanann banc taisce iontaobhais, mar urra nó mar ráthóir, i gcúrsa a ghnó nó a thugann nó a dhéanann duine a chónaíonn lasmuigh den Stát, mar urra nó mar ráthóir, i gcúrsa a ghnó baincéireachta (de réir bhrí Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ) mar shásamh ar cheanglas, agus chun críocha ceanglais agus chuige sin amháin, is ceanglas—

(a) de chuid bainc taisce iontaobhais, agus

(b) a dhéanfar d'aontoisc chun saoráidí airgeadais atá le cur ar fáil ag an mbanc sin a urrú.

Forálacha i ndáil le cionta.

66. —(1) Féadfaidh an tAire nó an Banc Ceannais imeachtaí achoimre maidir le cion faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(2) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre maidir le cion faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de 2 bhliain ó dháta an chiona.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Na hAchtacháin a Aisghairtear

Alt 7.

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

26 & 27 Vict., c. 14

Post Office Savings Bank Act, 1863

Ailt 2 agus 3; alt 4, a mhéid a bhaineann sé le hiarbhainc, agus alt 6

26 & 27 Vict., c. 25

Savings Bank Investment Act, 1863

An tAcht iomlán, a mhéid a bhaineann sé le hiarbhainc

26 & 27 Vict., c. 87

Trustee Savings Banks Act, 1863

An tAcht iomlán

29 & 30 Vict., c. 5

Savings Bank Investment Act, 1866

An tAcht iomlán, a mhéid a bhaineann sé le hiarbhainc

32 & 33 Vict., c. 59

Savings Bank Investment Act, 1869

An tAcht iomlán, a mhéid a bhaineann sé le hiarbhainc

39 & 40 Vict., c. 52

Savings Bank (Barrister) Act, 1876

An tAcht iomlán, a mhéid a bhaineann sé le hiarbhainc

40 & 41 Vict., c. 13

Customs, Inland Revenue, and Savings Banks Act, 1877

Ailt 15 agus 17, a mhéid a bhaineann siad le hiarbhainc

43 & 44 Vict., c. 36

Savings Banks Act, 1880

An tAcht iomlán, a mhéid a bhaineann sé le hiarbhainc

50 & 51 Vict., c. 40

Savings Banks Act, 1887

Alt 2 agus Alt 3, a mhéid a bhaineann sé le hiarbhainc

50 & 51 Vict., c. 47

Trustee Savings Banks Act, 1887

An tAcht iomlán

51 & 52 Vict., c. 15

National Debt (Supplemental) Act, 1888

Alt 5

54 & 55 Vict., c. 21

Savings Banks Act, 1891

Ailt 1 go 10 agus ailt 12 (2), 15 agus 16, a mhéid a bhaineann siad le hiarbhainc, agus alt 18

3 Edw. VII, c. 46

Revenue Act, 1903

Na focail “of a savings bank or” in alt 16 (1)

4 Edw. VII, c. 8

Savings Banks Act, 1904

Alt 1, alt 2, a mhéid a bhaineann sé le hiarbhainc, ailt 4 go 7 agus ailt 8 go 10 agus 16, a mhéid a bhaineann siad le hiarbhainc

5 & 6 Geo. V, c. 93

War Loan (Supplemental Provisions) Act, 1915

Alt 10 agus alt 11, a mhéid a bhaineann sé le hiarbhainc

8 & 9 Geo. V, c. 4

Trustee Savings Banks Act, 1918

An tAcht iomlán

10 & 11 Geo. V, c. 12

Savings Banks Act, 1920

Ailt 1, 2 agus 4 go 6, a mhéid a bhaineann siad le hiarbhainc, agus fo-ailt (2) agus (3) d'alt 10, a mhéid a bhaineann siad leis an gcéanna

Uimh. 14 de 1940

An tAcht Airgeadais, 1940

Alt 31

Uimh. 14 de 1942

An tAcht Airgeadais, 1942

Alt 23

Uimh. 15 de 1946

An tAcht Airgeadais, 1946

Alt 29

Uimh. 23 de 1958

An tAcht um Bainc Thaisce, 1958

An tAcht iomlán, a mhéid a bhaineann sé le hiarbhainc

Uimh. 18 de 1959

An tAcht Airgeadais, 1959

Alt 78

Uimh. 11 de 1965

An tAcht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1965

An tAcht iomlán

Uimh. 29 de 1966

An tAcht Leithreasa, 1966

Alt 3, a mhéid a bhaineann sé le hiarbhainc

Uimh. 33 de 1968

An tAcht Airgeadais, 1968

Alt 41

Uimh. 37 de 1968

An tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1968

Alt 9 (2)

Uimh. 17 de 1979

An tAcht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1979

An tAcht iomlán

AN DARA SCEIDEAL

Nithe dá bhForálfar le Rialacha Bainc Taisce Iontaobhais

Alt 16.

1. Ainm an bhainc taisce iontaobhais.

2. An dóigh ina gceapfar iontaobhaithe an bhainc agus ina gcuirfear as oifig iad.

3. Ceapadh 2 dhuine ar a laghad (dá ngairtear “bainisteoirí” sa Sceideal seo) a dhéanfaidh gnó an bhainc a sheoladh, a bhainistí agus a stiúradh i gcoitinne agus an dóigh ina gceapfar agus ina gcuirfear as oifig iad.

4. An dóigh ina gceapfar, agus ina gcuirfear as oifig, comhaltaí aon choiste nó comhlachta eile a bhunófar chun gnó an bhainc a mhaoirsiú, a bhainistí nó a stiúradh i gcoitinne.

5. Cumhachtaí, feidhmeanna agus dualgais iontaobhaithe agus bhainisteoirí an bhainc agus aon choiste nó comhlachta eile de chuid an bhainc dá dtagraítear i mír 4.

6. An dóigh ina ndiúscrófar airgead a gheobhaidh iontaobhaithe ar cuntas an bhainc nó lena úsáid ag an mbanc.

7. Go ndéanfar fógra a bheidh ceadaithe ag an mBanc Ceannais, agus ina sonrófar na seirbhísí a chuireann an banc ar fáil, a chur ar taispeáint, i ngach oifig de chuid an bhainc atá ar oscailt don phobal chun gnó an bhainc a dhéanamh, in ionad inar féidir le gach duine den phobal a thagann isteach san oifig é a léamh.

8. Nach bhfaighidh iontaobhaí aon sochar ón mbanc seachas aon airgead onóra a íocfar de bhun alt 20.

9. Gairm agus tionól cruinnithe de na hiontaobhaithe agus an nós imeachta a leanfar ag na cruinnithe sin.

10. An dóigh ina gcruinneofar cistí an bhainc agus sonrú aon teorann lena méid.

11. Na críocha chun a gcuirfear cistí an bhainc chun feidhme agus an dóigh ina n-infheisteofar iad.

12. An dóigh ina bhfionnfar easnaimh an bhainc agus an dóigh ina bhforálfar dóibh.

13. An dóigh ina gceapfar iniúchóir don bhanc agus ina gcuirfear as oifig é, agus luach saothair an iniúchóra sin.

14. An dóigh ina bhféadfar an banc a dhúnadh nó a dhíscaoileadh.

15. Go dtoirmiscfear ar oifigigh an bhainc aon fhaisnéis i dtaobh gnóthaí nó gnó an bhainc nó taisceoirí leis an mbanc nó daoine a fhaigheann iasachtaí ón mbanc a nochtadh gan údarás ó bhainisteoir nó ó choiste nó comhlacht eile dá dtagraítear i mír 4; agus go dtoirmiscfear ar iontaobhaithe nó ar aon choiste nó comhlacht eile den chineál a dúradh aon fhaisnéis den chineál a dúradh a nochtadh ach amháin i gcás inar gá sin a dhéanamh chun gnó an bhainc a sheoladh, a bhainistí nó a stiúradh nó chun críocha imeachtaí in aon chúirt nó binse eile.