|
||||
|
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE SOLÁTHAR AGUS ALLMHAIRIÚ FÍSTAIFEADTAÍ A RIALÚ AGUS A RIALÁIL AGUS MAIDIR LE NITHE GAOLMHARA AGUS DO LEASÚ ALT 3 DEN ACHT UM SCRÚDÓIR-EACHT SCANNÁN, 1923 . [27 Nollaig, 1989] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an Bord Achomhairc” an Bord Athchomhairc um Scrúdóireacht Scannán, arna bhunú leis an Acht um Scrúdóireacht Scannán, 1923 ; | |
[EN] | folaíonn “gnó” ach amháin i bhfo-ailt (1) (b) agus (3) (a) d'alt 2 agus alt 19 (2) (c) den Acht seo, aon ghníomhaíocht a sheolann club; | |
[EN] | ciallaíonn “aicmiú” aicmiú ar fhís-saothar ag an Scrúdóir Oifigiúil faoi alt 4 den Acht seo; | |
[EN] | tá le “soláthar díolmhaithe” an bhrí a shanntar dó le halt 2 den Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “saothar díolmhaithe” fís-saothar arb amhlaidh dó, agus é a thógáil ina iomláine— | |
[EN] | (a) go bhfuil sé ceaptha chun eolas, oideachas nó teagasc a thabhairt, | |
[EN] | (b) go mbaineann sé le creideamh, ceol nó spórt, nó | |
[EN] | (c) gur físchluiche é, | |
[EN] | agus nach dtagann faoi thuairisc a shonraítear i mír (a) nó (b) d'alt 3 (1) den Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas mórdhíola nó ceadúnas miondíola; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt; | |
[EN] | ciallaíonn “an Scrúdóir Oifigiúil” Scrúdóir Oifigiúil na Scannán a cheaptar faoin Acht um Scrúdóireacht Scannán, 1923 , agus folaíonn sé duine a cheaptar faoi alt 2 (3) den Acht sin; | |
[EN] | folaíonn “áitreabh” aon fheithicil, soitheach nó stalla; | |
[EN] | ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire; | |
[EN] | tá le “ordú toirmisc” an bhrí a shanntar dó le halt 7 den Acht seo; | |
[EN] | tá le “ceadúnas miondíola” an bhrí a shanntar dó le halt 18 (2) den Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “soláthar” soláthar in aon slí cibé acu ar luaíocht nó nach ea agus, dá bhrí sin, folaíonn sé soláthar ar mhodh díola, ligean ar fruiliú, malartú nó iasacht, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin; | |
[EN] | tá le “deimhniú soláthair” an bhrí a shanntar dó le halt 3 den Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “fístaifeadadh” aon diosca nó téip mhaighnéadach ina bhfuil faisnéis ar féidir, trí úsáid a bhaint aisti, an fís-saothar go léir nó cuid de a tháirgeadh; | |
[EN] | ciallaíonn “fís-saothar” aon sraith d'amharc-íomhánna (cibé acu le fuaim nó gan fuaim)— | |
[EN] | (a) a tháirgtear, cibé acu go leictreonach nó ar shlí eile, trí fhaisnéis a úsáid atá ar aon diosca nó téip mhaighnéadach, agus | |
[EN] | (b) a thaispeántar mar phictiúr gluaiste; | |
[EN] | tá le “ceadúnas mórdhíola” an bhrí a shanntar dó le halt 18 (1) den Acht seo. | |
[EN] | (2) Chun críocha an Achta seo, beidh fís-saothar i bhfhístaifeadadh má bhíonn faisnéis san fhístaifeadadh ar féidir, trí úsáid a bhaint aisti, an saothar go léir nó cuid de a tháirgeadh; ach i gcás sliocht as físsaothar eile a bheith ina chuid d'fhís-saothar, ní mheasfar, chun críocha an fho-ailt seo, an sliocht sin a bheith sa saothar eile sin. | |
[EN] | (3) I gcás go ndéanfar athrú ar fhís-saothar (agus folaíonn an abairt sin cur le fís-saothar) a bhfuil deimhniú soláthair i bhfeidhm maidir leis de thuras na huaire, ní dhéileálfar leis an deimhniú chun críocha an Achta seo mar dheimhniú a bheidh i bhfeidhm maidir leis an saothar athraithe. | |
[EN] | (4) Folaíonn tagairtí san Acht seo do dhíol nó do ligean ar fruiliú tagairtí do chomhaontú nó do thairiscint le haghaidh díola nó ligean ar fruiliú agus do thairiscintí a lorg le haghaidh díola nó tógála ar fruiliú. | |
[EN] |
Soláthairtí díolmhaithe. |
2. —(1) San Acht seo ciallaíonn “soláthar díolmhaithe” soláthar d'fhístaifeadadh— |
[EN] | (a) nach soláthar ar luaíocht ná soláthar i gcúrsa gnó nó ag bisiú gnó, nó | |
[EN] | (b) ag duine chuig duine eile (lena n-áirítear duine a ghníomhaíonn thar ceann an duine eile sin) a dhéanann fís-saothair nó a sholáthraíonn fístaifeadtaí i gcúrsa gnó, ar soláthar é— | |
[EN] | (i) nach faoi choinne aon soláthair bhreise den taifeadadh a dhéantar é, nó | |
[EN] | (ii) i gcás go ndéantar amhlaidh é, nach faoi choinne an taifeadadh a sholáthar faoi dheoidh don phobal a dhéantar é nó gur faoi choinne é a sholáthar faoi dheoidh don duine céadluaite a dhéantar é, | |
[EN] | nó | |
[EN] | (c) i gcás go bhfuil fís-saothar ina chuid den taifeadadh agus gur fís-saothar é atá deartha chun taifead d'imeacht nó d'ócáid a chur ar fáil dóibh sin a ghlac páirt san imeacht nó san ócáid nó dóibh siúd a bhaineann leis na daoine sin a ghlac páirt amhlaidh agus nach dtagann an saothar faoi thuairisc a shonraítear i mír (a) nó (b) d'alt 3 (1) den Acht seo, agus gur do dhuine mar a dúradh an soláthar, nó | |
[EN] | (d) ar soláthar é nach ndéantar ach amháin le go bhféadfar an fís-saothar lena mbaineann a thaispeáint go poiblí de réir deimhniú faoi na hAchtanna um Scrúdóireacht Scannán, 1923 go 1970, nó | |
[EN] | (e) ar soláthar é nach ndéantar ach amháin faoi choinne a úsáide le haghaidh nó i dtaca le seirbhís faoi na hAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 go 1979, nó le haghaidh nó i leith seirbhíse a chuirtear ar fáil de bhun ceadúnais faoi na hAchtanna Raidió-Theileagrafaíochta, 1926 go 1988, nó | |
[EN] | (f) ar soláthar é nach ndéantar ach amháin chun an fís-saothar lena mbaineann a chur faoi bhráid an Scrúdóra Oifigiúil i dtaca le hiarratas ar dheimhniú soláthair maidir leis an saothar nó nach ndéantar ach amháin chun achomharc a dhéanamh chuig an mBord Achomhairc faoi alt 10 den Acht seo, nó | |
[EN] | (g) ar soláthar é nach ndéantar ach amháin faoi choinne a úsáide— | |
[EN] | (i) in oiliúint do shlí bheatha, nó chun slí bheatha a sheoladh, a gceanglaítear ar dhuine, chun an tslí bheatha sin a sheoladh, a bheith cláraithe faoi Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978 , nó faoi Acht na nAltraí, 1985 , nó | |
[EN] | (ii) chun críche seirbhísí a sholáthraítear de bhun na nAchtanna Sláinte, 1947 go 1987, | |
[EN] | nó | |
[EN] | (h) ar soláthar é a dhéantar ar shlí seachas ar luaíocht agus nach ndéantar ach amháin chun an taifeadadh a sholáthar do dhuine a sholáthair ar mhodh díolmhaithe é roimhe sin. | |
[EN] | (2) Más rud é go gcuirtear saoráidí chun fístaifeadtaí a sholáthar ar fáil in aon áitreabh i gcúrsa gnó nó ag bisiú gnó, is soláthar i gcúrsa gnó nó ag bisiú gnó é, chun críocha fho-alt (1) (a) den alt seo, duine do sholáthar fístaifeadadh san áitreabh sin. | |
[EN] | (3) Chun críocha fho-alt (1) (b) den alt seo, is soláthar don phobal soláthar— | |
[EN] | (a) mura soláthar é do dhuine a dhéanann fís-saothair, nó a sholáthraíonn fístaifeadtaí, i gcúrsa gnó, | |
[EN] | (b) mura soláthar díolmhaithe é de bhua mhír (a), (c), (d), (e), (f) nó (g) d'fho-alt (1) den alt seo, nó | |
[EN] | (c) mura soláthar lasmuigh den Stát é. | |
[EN] |
Fís-saothair a dheimhniú. |
3. —(1) Déanfaidh an Scrúdóir Oifigiúil, ar iarratas a bheith déanta chuige i ndáil le fís-saothar, deimhniú (dá ngairtear deimhniú soláthair san Acht seo) a dheonú don duine a dhéanann an t-iarratas (dá ngairtear an t-iarratasóir san alt seo) á dhearbhú go bhfuil an saothar oiriúnach lena bhreathnú mura dóigh leis go bhfuil an saothar míoiriúnach lena bhreathnú mar— |
[EN] | (a) dá mbreathnófaí air— | |
[EN] | (i) gur dhóigh gur chúis é le daoine do dhéanamh coireanna, cibé acu trína ngríosadh nó trína spreagadh chun déanamh amhlaidh nó trí shlite a léiriú nó a mholadh le déanamh amhlaidh nó le nach bhfaighfí amach iad, nó | |
[EN] | (ii) gur dhóigh go músclófaí fuath in aghaidh grúpa daoine sa Stát nó in áit eile mar gheall ar a gcine, a ndath, a náisiúntacht, a gcreideamh, a mbunadh eitneach nó náisiúnta, nó toisc gur den lucht siúil iad nó mar gheall ar a gclaonadh gnéasach, nó | |
[EN] | (iii) go dtiocfadh den saothar, de bharr ábhar graosta nó mígheanasach a bheith ann, go ndéanfaí daoine a bhreathnódh air a thruailliú nó a chur ar a n-aimhleas, | |
[EN] | nó | |
[EN] | (b) go dtaispeántar gníomhartha mórfhoréigneacha nó mórchruálachta ann (lena n-áirítear ciorrú agus céasadh) in aghaidh daoine nó ainmhithe. | |
[EN] | (2) Ní dhiúltóidh an Scrúdóir Oifigiúil deimhniú soláthair a dheonú maidir le fís-saothar a bhfuil deimhniú ginearálta nó deimhniú teoranta i bhfeidhm maidir leis faoi na hAchtanna um Scrúdóireacht Scannán, 1923 go 1970. | |
[EN] | (3) Más rud é, de bhun fho-alt (1) den alt seo, gur dóigh leis an Scrúdóir Oifigiúil nár cheart deimhniú soláthair maidir le fís-saothar a dheonú, déanfaidh sé air sin— | |
[EN] | (a) ordú toirmisc maidir leis an saothar faoi alt 7 den Acht seo, agus | |
[EN] | (b) fógra i scríbhinn a chur chuig an iarratasóir á rá go bhfuil sé ag diúltú deimhniú soláthair a dheonú maidir leis an saothar agus go bhfuil ordú toirmisc á dhéanamh i leith an tsaothair. | |
[EN] | (4) Cuirfidh an t-iarratasóir faoi bhráid an Scrúdóra Oifigiúil fístaifeadadh den fhís-saothar lena mbaineann a iarratas agus cibé faisnéis eile a éileoidh an Scrúdóir Oifigiúil le réasún agus íocfaidh sé leis an Scrúdóir Oifigiúil, maidir leis an iarratas, cibé táille a bheidh forordaithe le toiliú an Aire Airgeadais. | |
[EN] |
Fís-saothair a aicmiú. |
4. —(1) Nuair a bheidh deimhniú soláthair á dheonú ag an Scrúdóir Oifigiúil cinnfidh sé, agus áireoidh sé ráiteas sa deimhniú a thaispeánfaidh, cé acu aicme de na haicmí seo a leanas lena mbaineann an físsaothar áirithe: |
[EN] | (a) oiriúnach lena bhreathnú ag daoine i gcoitinne, | |
[EN] | (b) oiriúnach lena bhreathnú ag daoine i gcoitinne ach, i gcás linbh faoi bhun 12 bhliain d'aois, nach mór duine fásta freagrach a bheith ina chuideachta, | |
[EN] | (c) oiriúnach lena bhreathnú ag daoine atá 15 bliana d'aois nó os a chionn, | |
[EN] | (d) oiriúnach lena bhreathnú ag daoine atá 18 mbliana d'aois nó os a chionn, | |
[EN] | agus chun críocha an Achta seo is í an aicme a shonraítear i mír (a) den fho-alt seo an t-aicmiú is airde agus is í an aicme a shonraítear i mír (d) den fho-alt seo an t-aicmiú is ísle, agus an aicme a shonraítear i mír (b) den fho-alt seo is airde í ná an aicme sin a shonraítear i mír (c) den fho-alt seo, agus forléireofar tagairtí san Acht seo d'aicmiú, nó d'aicmiú níos airde nó d'aicmiú níos ísle, dá réir sin. | |
[EN] | (2) Ní thabharfar, i ndeimhniú soláthair, ráiteas a léiríonn aicmiú seachas an t-aicmiú is airde mura mbeidh fístaifeadadh ina bhfuil an fís-saothar lena mbaineann an deimhniú scrúdaithe ag an Scrúdóir Oifigiúil. | |
[EN] | (3) I gcás nach é an t-aicmiú is airde an t-aicmiú a tugadh d'fhíssaothar, féadfaidh an Scrúdóir Oifigiúil an t-aicmiú a tharraingt siar agus aicmiú níos airde a thabhairt don saothar agus, má dhéanann sé amhlaidh, cúlghairfidh sé an deimhniú soláthair lena mbaineann agus deonóidh sé deimhniú soláthair eile i leith an tsaothair ina mbeidh ráiteas a léireoidh an t-aicmiú níos airde. | |
[EN] | (4) (a) Féadfaidh an tAire le rialacháin na haicmí a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a leasú (cibé acu trí aicmí a chur leo, a scriosadh nó a athrú): | |
[EN] | Ar choinníoll, áfach, nach mbeidh d'éifeacht le leasú faoin mír seo aicmiú a chur ar fáil a léiríonn nach bhfuil fís-saothar oiriúnach lena bhreathnú ach amháin ag daoine os cionn 18 mbliana d'aois. | |
[EN] | (b) I gcás go mbeartaítear rialacháin a dhéanamh faoin bhfo-alt seo, leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh sin. | |
[EN] |
Soláthar fístaifeadtaí d'fhíssaothair neamhdheimhnithe a thoirmeasc. |
5. —(1) Duine a sholáthróidh fístaifeadadh nó a thairgfidh fístaifeadadh a sholáthar, ina mbeidh fís-saothar nach mbeidh deimhniú soláthair i bhfeidhm maidir leis de thuras na huaire, beidh sé ciontach i gcion— |
[EN] | (a) mura soláthar díolmhaithe an soláthar nó mura soláthar díolmhaithe a bheadh ann dá ndéanfaí é, nó | |
[EN] | (b) mura saothar díolmhaithe an saothar. | |
[EN] | (2) Is cosaint ar chúiseamh go ndearnadh cion faoin alt seo a chruthú gur chreid an cúisí ar fhorais réasúnacha— | |
[EN] | (a) gurb é a bhí san fhís-saothar lena mbaineann nó, má bhí níos mó ná saothar amháin lena mbaineann an cúiseamh san fhístaifeadadh áirithe, gurb é a bhí i ngach ceann de na saothair, saothar díolmhaithe nó saothar a raibh deimhniú soláthair i bhfeidhm maidir leis an tráth a ndearnadh an cion a líomhnaítear, nó | |
[EN] | (b) gur soláthar díolmhaithe de bhua mhír (b) nó (c) d'alt 2 (1) den Acht seo a bhí sa soláthar lena mbaineann nó a bheadh sa soláthar sin dá ndéanfaí é. | |
[EN] | (3) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear— | |
[EN] | (a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí nó iad araon, a chur air, nó | |
[EN] | (b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 bliana, nó iad araon, a chur air. | |
[EN] |
Toirmeasc ar fhístaifeadtaí a shealbhú lena soláthar contrártha d'alt 5. |
6. —(1) Duine a mbeidh fístaifeadadh ina sheilbh aige lena sholáthar, ar fístaifeadadh é ina bhfuil fís-saothar nach bhfuil deimhniú soláthair i bhfeidhm maidir leis de thuras na huaire, beidh sé ciontach i gcion— |
[EN] | (a) mura bhfuil sé ina sheilbh aige ach amháin chun críche soláthair ar soláthar díolmhaithe a bheadh ann dá ndéanfaí é, nó | |
[EN] | (b) mura saothar díolmhaithe an saothar. | |
[EN] | (2) Is cosaint ar chúiseamh go ndearnadh cion faoin alt seo a chruthú— | |
[EN] | (a) gur chreid an cúisí ar fhorais réasúnacha gurb é a bhí san fhís-saothar lena mbaineann nó, má bhí níos mó ná saothar amháin lena mbaineann an cúiseamh san fhístaifeadadh áirithe, gurb é a bhí i ngach ceann de na saothair, saothar díolmhaithe nó saothar a raibh deimhniú soláthair i bhfeidhm maidir leis an tráth a ndearnadh an cion a líomhnaítear, | |
[EN] | (b) nach raibh an fístaifeadadh lena mbaineann ina sheilbh ag an gcúisí ach amháin chun críche soláthair ar chreid sé ar fhorais réasúnacha gur soláthar díolmhaithe de bhua mhír (b) nó (c) d'alt 2 (1) den Acht seo a bheadh ann dá ndéanfaí é, nó | |
[EN] | (c) nach raibh sé ar intinn ag an gcúisí an fístaifeadadh lena mbaineann a sholáthar go dtí go ndeonófaí deimhniú soláthair maidir leis an bhfís-saothar lena mbaineann. | |
[EN] | (3) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear— | |
[EN] | (a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó | |
[EN] | (b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 bliana, nó iad araon, a chur air. | |
[EN] |
Orduithe toirmisc maidir le físsaothair. |
7. —(1) Más é tuairim an Scrúdóra Oifigiúil, tar éis dó fístaifeadadh ina bhfuil fís-saothar (cibé acu is fís-saothar é a bhfuil deimhniú soláthair i bhfeidhm maidir leis de thuras na huaire nó nach ea) a scrúdú, go bhfuil an saothar mí-oiriúnach lena bhreathnú mar— |
[EN] | (a) dá mbreathnófaí air— | |
[EN] | (i) gur dhóigh gur chúis é le daoine do dhéanamh coireanna, cibé acu trína ngríosadh nó trína spreagadh chun déanamh amhlaidh nó trí shlite a léiriú nó a mholadh le déanamh amhlaidh nó le nach bhfaighfí amach iad, nó | |
[EN] | (ii) gur dhóigh go músclófaí fuath in aghaidh grúpa daoine sa Stát nó in áit eile mar gheall ar a gcine, a ndath, a náisiúntacht, a gcreideamh, a mbunadh eitneach nó náisiúnta, toisc gur den lucht siúil iad nó mar gheall ar a gclaonadh gnéasach, nó | |
[EN] | (iii) go dtiocfadh den saothar, de bharr ábhar graosta nó mígheanasach a bheith ann, go ndéanfaí daoine a bhreathnódh air a thruailliú nó a chur ar a n-aimhleas, | |
[EN] | nó | |
[EN] | (b) go dtaispeántar gníomhartha mórfhoréigneacha nó mórchruálachta ann (lena n-áirítear ciorrú agus céasadh) in aghaidh daoine nó ainmhithe, | |
[EN] | féadfaidh sé ordú (dá ngairtear ordú toirmisc san Acht seo) a dhéanamh a thoirmiscfidh fístaifeadtaí ina bhfuil an saothar, a sholáthar. | |
[EN] | (2) Má dhéantar ordú toirmisc maidir le fís-saothar agus má bhíonn deimhniú soláthair i bhfeidhm maidir leis an saothar, scoirfidh an deimhniú soláthair d'éifeacht a bheith leis ar theacht i ngníomh don ordú. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Scrúdóir Oifigiúil, le hordú, ordú toirmisc a chúlghairm agus má dhéanann sé amhlaidh deonóidh sé deimhniú soláthair maidir leis an bhfís-saothar lena mbaineann ar an dáta a mbeidh éifeacht leis an gcúlghairm. | |
[EN] | (4) Cuirfidh an Scrúdóir Oifigiúil faoi deara cóip d'ordú toirmisc agus d'ordú ag cúlghairm ordú toirmisc a fhoilsiú san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus tiocfaidh ordú den sórt sin i ngníomh tráth an fhoilsithe sin. | |
[EN] |
Soláthar fístaifeadtaí d'fhíssaothair thoirmiscthe a thoirmeasc. |
8. —(1) Duine a sholáthróidh fístaifeadadh, nó a thairgfidh fístaifeadadh a sholáthar, ina mbeidh fís-saothar a mbeidh ordú toirmisc i bhfeidhm maidir leis de thuras na huaire, beidh sé ciontach i gcion mura soláthar díolmhaithe an soláthar nó mura soláthar díolmhaithe a bheadh ann dá ndéanfaí é. |
[EN] | (2) Is cosaint ar chúiseamh go ndearnadh cion faoin alt seo a chruthú gur chreid an cúisí ar fhorais réasúnacha— | |
[EN] | (a) (i) nár shaothar an fís-saothar lena mbaineann a raibh ordú toirmisc i bhfeidhm maidir leis an tráth a ndearnadh an cion a líomhnaítear, nó | |
[EN] | (ii) má bhí níos mó ná fís-saothar amháin lena mbaineann an cúiseamh san fhístaifeadadh áirithe, nár shaothar a raibh ordú toirmisc i bhfeidhm maidir leis an tráth a dúradh aon cheann de na saothair, | |
[EN] | nó | |
[EN] | (b) gur sholáthar díolmhaithe de bhua mhír (b) nó (c) d'alt 2 (1) den Acht seo a bhí sa soláthar lena mbaineann nó a bheadh sa soláthar sin dá ndéanfaí é. | |
[EN] | (3) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear— | |
[EN] | (a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó | |
[EN] | (b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 bliana, nó iad araon, a chur air. | |
[EN] |
Toirmeasc ar fhístaifeadtaí a shealbhú lena soláthar contrártha d'alt 8. |
9. —(1) Duine a mbeidh fístaifeadadh ina sheilbh aige lena sholáthar, ar fístaifeadadh é ina bhfuil fís-saothar a bhfuil ordú toirmisc i bhfeidhm maidir leis de thuras na huaire, beidh sé ciontach i gcion mura bhfuil sé ina sheilbh aige ach amháin chun críche soláthair ar soláthar díolmhaithe a bheadh ann dá ndéanfaí é. |
[EN] | (2) Is cosaint ar chúiseamh go ndearnadh cion faoin alt seo a chruthú— | |
[EN] | (a) gur chreid an cúisí ar fhorais réasúnacha— | |
[EN] | (i) nár shaothar an fís-saothar lena mbaineann a raibh ordú toirmisc i bhfeidhm maidir leis an tráth a ndearnadh an cion a líomhnaítear, nó | |
[EN] | (ii) i gcás go raibh níos mó ná fís-saothar amháin lena mbaineann an cúiseamh san fhístaifeadadh áirithe, nár shaothar a raibh ordú toirmisc i bhfeidhm maidir leis an tráth a dúradh aon cheann de na saothair, | |
[EN] | nó | |
[EN] | (b) nach raibh an fístaifeadadh lena mbaineann ina sheilbh ag an gcúisí ach amháin chun críche soláthair ar chreid sé ar fhorais réasúnacha gur soláthar díolmhaithe de bhua mhír (b) nó (c), d'alt 2 (1) den Acht seo a bheadh ann dá ndéanfaí é. | |
[EN] | (3) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear— | |
[EN] | (a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó | |
[EN] | (b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 bliana, nó iad araon, a chur air. | |
[EN] |
Achomharc chun an Bhoird Achomhairc um Scrúdóireacht Scannán. |
10. —(1) Duine arb éagóir leis ordú toirmisc féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dháta foilsithe an ordaithe san Iris Oifigiúil, achomharc a dhéanamh sa tslí fhorordaithe chun an Bhoird Achomhairc in aghaidh an ordaithe agus féadfaidh an Bord Achomhairc cinneadh an Scrúdóra Oifigiúil a dhaingniú nó an t-ordú a chúlghairm. |
[EN] | (2) Duine arb éagóir leis aicmiú féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an deimhniú soláthair lena mbaineann a dheonú, achomharc a dhéanamh sa tslí fhorordaithe chun an Bhoird Achomhairc in aghaidh an aicmithe agus féadfaidh an Bord Achomhairc an t-aicmiú a dhaingniú nó a ordú aicmiú níos airde a bheidh sonraithe a thabhairt don fhís-saothar lena mbaineann. | |
[EN] | (3) I gcás go dtionscnófar achomharc faoin alt seo, déanfaidh an Scrúdóir Oifigiúil— | |
[EN] | (a) má iarrann an Bord Achomhairc air amhlaidh, ráiteas i scríbhinn a thabhairt dóibh faoi na cúiseanna a ndearnadh an t-ordú toirmisc, nó ar tugadh an t-aicmiú, lena mbaineann, agus | |
[EN] | (b) ar iarratas chuige ó aon duine chuige sin agus ar cibé táille a bheidh forordaithe le toiliú an Aire Airgeadais a íoc leis maidir leis an gcéanna, cóip den ráiteas a thabhairt don duine. | |
[EN] | (4) Déanfaidh an Bord Achomhairc, a luaithe is féidir, a chinneadh ar achomharc faoin alt seo a chur in iúl don Scrúdóir Oifigiúil agus— | |
[EN] | (a) más é an cinneadh an t-ordú toirmisc lena mbaineann a chúlghairm, tabharfaidh an Scrúdóir Oifigiúil, a luaithe is féidir, deimhniú soláthair maidir leis an bhfís-saothar lena mbaineann, agus | |
[EN] | (b) más é an cinneadh a ordú go dtabharfaí aicmiú níos airde don fhís-saothar lena mbaineann, déanfaidh an Scrúdóir Oifigiúil, a luaithe is féidir, an deimhniú soláthair lena mbaineann a chúlghairm agus deimhniú soláthair eile a dheonú maidir leis an saothar ina mbeidh ráiteas a thaispeánfaidh an t-aicmiú a bheidh sonraithe ag an mBord Achomhairc. | |
[EN] | (5) Cuirfidh an Scrúdóir Oifigiúil faoi deara go ndéanfar cóip d'aon ordú ón mBord Achomhairc ag cúlghairm ordú toirmisc a fhoilsiú san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis a dhéanta. | |
[EN] | (6) Duine a thionscnóidh achomharc faoin alt seo íocfaidh sé leis an Scrúdóir Oifigiúil, i leith an achomhairc, cibé táille a bheidh forordaithe le toiliú an Aire Airgeadais. | |
[EN] |
Toirmeasc ar fhíssaothair áirithe a thaispeáint. |
11. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, duine a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh, nó a bheidh bainteach le cur faoi deara nó le ceadú, fís-saothar— |
[EN] | (a) nach bhfuil deimhniú soláthair i bhfeidhm maidir leis de thuras na huaire, nó | |
[EN] | (b) a bhfuil ordú toirmisc i bhfeidhm maidir leis de thuras na huaire, | |
[EN] | a bhreathnú— | |
[EN] | (i) in áit seachas in áit chónaithe phríobháideach, | |
[EN] | (ii) in áit chónaithe phríobháideach ar luaíocht, nó | |
[EN] | (iii) in áit chónaithe phríobháideach ag daoine seachas an duine féin, áititheoir na háite cónaithe príobháidí ina mbreathnaítear é, baill de theaghlach nó de líon tí an duine féin nó an áititheora sin nó aíonna bona fide an duine féin nó an áititheora sin, | |
[EN] | beidh sé ciontach i gcion, mura rud é, i gcás lena mbaineann mír (a) den fho-alt seo, gur saothar díolmhaithe an fís-saothar. | |
[EN] | (2) Ní beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i ndáil le fís-saothar a bhreathnú mura rud é— | |
[EN] | (a) nach mbreathnóidh é ach daoine ar soláthar díolmhaithe, de bhua mhír (b), (c), (d), (e), (f) nó (g) d'alt 2 (1) den Acht seo, a bheadh in aon soláthar dóibh d'fhístaifeadadh ina bhfuil an saothar, nó | |
[EN] | (b) nach bhfuil sa bhreathnú ach breathnú de cibé méid teoranta a bheidh de réir ceada faoi alt 16 den Acht seo lena n-údaraítear fístaifeadadh ina bhfuil an saothar a allmhairiú isteach sa Stát. | |
[EN] | (3) Is cosaint ar chúiseamh go ndearnadh cion faoin alt seo a chruthú gur chreid an cúisí ar fhorais réasúnacha— | |
[EN] | (a) i gcás gur cúiseamh lena mbaineann mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo cúiseamh an chiona, gurb é a bhí san fhís-saothar lena mbaineann saothar díolmhaithe nó saothar a raibh deimhniú soláthair i bhfeidhm maidir leis an tráth a ndearnadh an cion a líomhnaítear, | |
[EN] | (b) i gcás gur cúiseamh lena mbaineann mír (b) den fho-alt sin (1) cúiseamh an chiona— | |
[EN] | (i) nár shaothar an fís-saothar lena mbaineann a raibh ordú toirmisc i bhfeidhm maidir leis an tráth a ndearnadh an cion a líomhnaítear, nó | |
[EN] | (ii) nach raibh sa bhreathnú lena mbaineann ach breathnú de cibé méid teoranta a bhí de réir ceada faoin alt 16 den Acht seo lena n-údaraítear fístaifeadadh, ina bhfuil an fís-saothar lena mbaineann, a allmhairiú isteach sa Stát, | |
[EN] | nó | |
[EN] | (c) maidir leis na daoine a bhreathnaigh an fís-saothar lena mbaineann, gur dhaoine iad ar soláthar díolmhaithe, de bhua mhír (b) nó (c) d'alt 2 (1) den Acht seo, a bheadh in aon soláthar dóibh d'fhístaifeadadh, ina mbeadh an saothar lena mbaineann. | |
[EN] | (4) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air. | |
[EN] |
Lipéadú, etc. |
12. —(1) Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas i ndáil le fístaifeadadh ina bhfuil fís-saothar a bhfuil deimhniú soláthair i bhfeidhm maidir leis de thuras na huaire: |
[EN] | (a) beidh greamaithe den spól, nó den rud eile ar a gcoimeádtar an taifeadadh, lipéad san fhoirm fhorordaithe (a fhéadfaidh daoine d'earnálacha forordaithe a fháil ón Scrúdóir Oifigiúil ar cibé táille a íoc leis a bheidh forordaithe le toiliú an Aire Airgeadais), | |
[EN] | (b) beidh, ar aon chás nó rud eile ina gcoimeádtar an taifeadadh, cibé tásc a bheidh forordaithe faoina bhfuil ráite ar an lipéad, agus | |
[EN] | (c) áireofar sa taifeadadh cibé tásc (más ann) a bheidh forordaithe i ndáil leis an lipéad. | |
[EN] | (2) (a) Aon duine a sholáthróidh fístaifeadadh, nó spól, cás nó rud eile a gcoimeádtar fístaifeadadh air nó ann, nach gcomhlíonann fo-alt (1) den alt seo (cibé acu trí aon ráiteas bréagach a bheith sa lipéad nó sa tásc áirithe nó ar shlí eile), nó a thairgfidh é a sholáthar nó a mbeidh sé ina sheilbh aige chun é a sholáthar, beidh sé ciontach i gcion mura soláthar díolmhaithe atá sa soláthar, nó a bheadh sa soláthar dá ndéanfaí é, nó mura saothar díolmhaithe an fís-saothar lena mbaineann. | |
[EN] | (b) Measfar maidir le fístaifeadadh nó le spól, cás nó rud eile ar a gcoimeádtar nó ina gcoimeádtar é nach mbeidh sé ar dhóigh eile seachas de réir fho-alt (1) den alt seo de bhíthin amháin gurb ísle an t-aicmiú a thaispeántar air ná an t-aicmiú atá i bhfeidhm ag an tráth iomchuí. | |
[EN] | (3) Is cosaint ar chúiseamh go ndearnadh cion faoin alt seo a chruthú— | |
[EN] | (a) gur chreid an cúisí ar fhorais réasúnacha— | |
[EN] | (i) gur shaothar díolmhaithe an fís-saothar lena mbaineann nó, i gcás níos mó ná saothar amháin a bheith san fhístaifeadadh lena mbaineann, gur shaothar díolmhaithe gach ceann de na saothair, nó | |
[EN] | (ii) gur sholáthar díolmhaithe, de bhua mhír (b) nó (c) d'alt 2 (1) den Acht seo, an soláthar lena mbaineann, nó gur sholáthar díolmhaithe a bheadh ann dá ndéanfaí é, | |
[EN] | nó | |
[EN] | (b) nach raibh a fhios ag an gcúisí agus nach raibh cúis réasúnach aige lena chreidiúint nach raibh an taifeadadh, an spól, an cás nó an rud eile, de réir mar a bheidh, lena mbaineann, de réir fho-alt (1) den alt seo. | |
[EN] | (4) San alt seo ciallaíonn “spól”, i gcás cáis nó airteagail eile nach gá fístaifeadadh a thógáil amach as le go bhféadfar an fís-saothar atá sa taifeadadh a tháirgeadh, an cás sin nó an t-airteagal eile sin. | |
[EN] | (5) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air. | |
[EN] |
Toirmeasc ar sholáthar fístaifeadtaí ina bhfuil tásc bréagach maidir le deimhniú soláthair. |
13. —(1) Aon duine a sholáthróidh fístaifeadadh nó a thairgfidh é a sholáthar nó a mbeidh sé ina sheilbh aige chun é a sholáthar ar fístaifeadadh é ina bhfuil fís-saothar nach bhfuil deimhniú soláthair i bhfeidhm maidir leis de thuras na huaire, beidh sé ciontach i gcion má bhíonn tásc sa taifeadadh, nó ar aon spól, cás nó rud eile ar a gcoimeádtar nó ina gcoimeádtar é, a léireoidh go bhfuil deimhniú den sórt sin i bhfeidhm de thuras na huaire. |
[EN] | (2) Duine a sholáthróidh fístaifeadadh ina bhfuil fís-saothar, nó a thairgfidh é a sholáthar nó a mbeidh sé ina sheilbh aige chun é a sholáthar, beidh sé ciontach i gcion má bhíonn tásc sa taifeadadh nó ar aon spól, cás nó rud eile ar a gcoimeádtar nó ina gcoimeádtar é, a léireoidh go bhfuil aicmiú an tsaothair níos airde ná an t-aicmiú atá i bhfeidhm de thuras na huaire. | |
[EN] | (3) Is cosaint ar chúiseamh go ndearnadh cion faoin alt seo a chruthú— | |
[EN] | (a) i gcás gur cion faoi fho-alt (1) den alt seo an cion, gur chreid an cúisí ar fhorais réasúnacha gur shaothar é an fís-saothar lena mbaineann a raibh deimhniú soláthair i bhfeidhm maidir leis an tráth a ndearnadh an cion a líomhnaítear, nó | |
[EN] | (b) i gcás gur cion faoi fho-alt (2) den alt seo an cion, gur chreid an cúisí ar fhorais réasúnacha go raibh an t-aicmiú a shonraítear sa tásc lena mbaineann, nó aicmiú níos airde, i bhfeidhm i ndáil leis an bhfís-saothar lena mbaineann an tráth a ndearnadh an cion a líomhnaítear, nó | |
[EN] | (c) nach raibh a fhios ag an gcúisí, agus nach raibh cúis réasúnach aige lena chreidiúint, go raibh an tásc lena mbaineann an cion sa taifeadadh, spól, cás nó eile, de réir mar a bheidh, lena mbaineann. | |
[EN] | (4) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air. | |
[EN] |
Clár na bhFís Saothar Deimhnithe. |
14. —(1) Bunóidh an Scrúdóir Oifigiúil, agus coimeádfaidh sé, clár san fhoirm fhorordaithe (ar a dtabharfar Clár na bhFís-Saothar Deimhnithe agus dá ngairtear an clár san alt seo) d'fhís-saothair a bhfuil deimhniú soláthair i bhfeidhm maidir leo de thuras na huaire. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Scrúdóir Oifigiúil, de réir riachtanais na hócáide, iontráil sa chlár a leasú nó a scriosadh. | |
[EN] | (3) (a) Féadfaidh baill den phobal an clár a iniúchadh saor in aisce gach tráth réasúnach agus cóipeanna a dhéanamh d'iontrálacha sa chlár nó de shleachta astu. | |
[EN] | (b) In aon imeachtaí, aon deimhniú a bheidh sínithe ag an Scrúdóir Oifigiúil nó ag duine a bheidh údaraithe aige agus a deir— | |
[EN] | (i) gur scrúdaigh sé an clár agus fís-saothar (nó cuid d'fhíssaothar) a bhí i bhfístaifeadadh a aithnítear leis an deimhniú, agus | |
[EN] | (ii) go dtaispeánann an clár nach raibh deimhniú soláthair i bhfeidhm maidir leis an saothar ar an dáta nó le linn na tréimhse a shonraítear sa deimhniú, | |
[EN] | beidh an deimhniú sin inghlactha mar fhianaise nach raibh deimhniú soláthair i bhfeidhm maidir leis an saothar ar an dáta nó, de réir mar a bheidh, le linn na tréimhse a dúradh. | |
[EN] | (c) Féadfaidh deimhniú faoi mhír (b) den fho-alt seo a lua freisin— | |
[EN] | (i) go bhfuil difríocht, i cibé slite a shonraítear sa deimhniú, idir an fís-saothar lena mbaineann agus físsaothar eile a scrúdaigh an duine a shíníonn an deimhniú agus a aithnítear leis an deimhniú, agus | |
[EN] | (ii) go dtaispeánann an clár gur deonaíodh deimhniú soláthair maidir leis an saothar eile sin ar dháta a bheidh sonraithe sa deimhniú faoin mír sin (b), | |
[EN] | agus má luann sé amhlaidh, beidh sé inghlactha mar fhianaise go bhfuil difríocht idir an saothar lena mbaineann agus an saothar eile sin ar na slite sin. | |
[EN] | (d) In aon imeachtaí, aon deimhniú a bheidh sínithe ag an Scrúdóir Oifigiúil nó ag duine a bheidh údaraithe aige agus a deir— | |
[EN] | (i) gur scrúdaigh sé an clár agus fís-saothar a bhí i bhfístaifeadadh a aithnítear leis an deimhniú, agus | |
[EN] | (ii) go dtaispeánann an clár go raibh deimhniú soláthair i bhfeidhm maidir leis an saothar ar an dáta nó le linn na tréimhse a shonraítear sa deimhniú, agus | |
[EN] | (iii) gur cóip den deimhniú soláthair a bhí i bhfeidhm mar a dúradh doiciméad a aithnítear leis an deimhniú agus atá greamaithe de, | |
[EN] | beidh an deimhniú sin inghlactha mar fhianaise go raibh deimhniú soláthair i bhfeidhm maidir leis an saothar ar an dáta nó, de réir mar a bheidh, le linn na tréimhse a dúradh agus mar fhianaise ar théarmaí an deimhnithe soláthair. | |
[EN] | (e) Aon doiciméad a airbheartaíonn gur deimhniú é faoi mhír (b) nó (d) den fho-alt seo, measfar gur deimhniú den sórt sin é agus gur shínigh an duine é a airbheartaíonn a shínigh é (agus, i gcás doiciméid den sórt sin a airbheartaíonn a bheith sínithe ag duine a bhí údaraithe ag an Scrúdóir Oifigiúil, measfar gur síníodh é de réir an údaraithe), mura suífear a mhalairt. | |
[EN] |
Clár na bhFís-Saothar Toirmiscthe. |
15. —(1) Bunóidh an Scrúdóir Oifigiúil, agus coimeádfaidh sé, clár san fhoirm fhorordaithe (ar a dtabharfar Clár na bhFís-Saothar Toirmiscthe agus dá ngairtear an clár san alt seo) d'fhís-saothair a bhfuil ordú toirmisc i bhfeidhm maidir leo de thuras na huaire. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Scrúdóir Oifigiúil, de réir riachtanais na hócáide, iontráil sa chlár a leasú nó a scriosadh. | |
[EN] | (3) (a) Féadfaidh baill den phobal an clár a iniúchadh saor in aisce gach tráth réasúnach agus cóipeanna a dhéanamh d'iontrálacha sa chlár nó de shleachta astu. | |
[EN] | (b) In aon imeachtaí, aon deimhniú a bheidh sínithe ag an Scrúdóir Oifigiúil nó ag duine a bheidh údaraithe aige agus a deir— | |
[EN] | (i) gur scrúdaigh sé an clár agus fís-saothar (nó cuid d'fhíssaothar) a bhí i bhfístaifeadadh a aithnítear leis an deimhniú, agus | |
[EN] | (ii) go dtaispeánann an clár go raibh ordú toirmisc i bhfeidhm maidir leis an saothar ar an dáta le linn na tréimhse a shonraítear sa deimhniú, agus | |
[EN] | (iii) gur cóip den ordú toirmisc a bhí i bhfeidhm mar a dúradh doiciméad a aithnítear leis an deimhniú agus atá greamaithe de, | |
[EN] | beidh an deimhniú sin inghlactha mar fhianaise go raibh ordú toirmisc i bhfeidhm maidir leis an saothar ar an dáta nó, de réir mar a bheidh, le linn na tréimhse a dúradh agus mar fhianaise ar théarmaí an ordaithe. | |
[EN] | (c) In aon imeachtaí, aon deimhniú a bheidh sínithe ag an Scrúdóir Oifigiúil nó ag duine a bheidh údaraithe aige agus a deir— | |
[EN] | (i) gur scrúdaigh sé an clár agus fís-saothar a bhí i bhfístaifeadadh a aithnítear leis an deimhniú, agus | |
[EN] | (ii) go dtaispeánann an clár nach raibh ordú toirmisc i bhfeidhm maidir leis an saothar ar an dáta nó le linn na tréimhse a shonraítear sa deimhniú, | |
[EN] | beidh an deimhniú sin inghlactha mar fhianaise nach raibh ordú toirmisc i bhfeidhm maidir leis an saothar ar an dáta nó, de réir mar a bheidh, le linn na tréimhse a dúradh. | |
[EN] | (d) Aon doiciméad a airbheartaíonn gur deimhniú é faoi mhír (b) nó (c) den fho-alt seo, measfar gur deimhniú den sórt sin é agus gur shínigh an duine é a airbheartaíonn a shínigh é (agus, i gcás doiciméid den sórt sin a airbheartaíonn a bheith sínithe ag duine a bhí údaraithe ag an Scrúdóir Oifigiúil, measfar gur síníodh é de réir an údaraithe), mura suífear a mhalairt. | |
[EN] | (4) (a) Cuirfidh an Scrúdóir Oifigiúil faoi deara, ó am go ham, liosta de na fís-saothair atá iontráilte sa chlár a fhoilsiú ar cibé slí is cuí leis. | |
[EN] | (b) Coinneoidh an Scrúdóir Oifigiúil na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas i dtaobh na bhfís-saothar atá iontráilte de thuras na huaire sa chlár, agus má iarrann duine a bheidh ag teacht isteach sa Stát air amhlaidh, déanfaidh oifigeach custam agus máil, liosta de na fís-saothair a bheidh iontráilte de thuras na huaire sa chlár a sholáthar dó lena scrúdú. | |
[EN] |
Srian ar fhístaifeadtaí áirithe a allmhairiú. |
16. —(1) Ní dhéanfaidh duine, ach amháin faoi réim agus de réir ceada faoin alt seo, fístaifeadadh ina bhfuil fís-saothar a bhfuil ordú toirmisc i bhfeidhm maidir leis de thuras na huaire, a allmhairiú isteach sa Stát. |
[EN] | (2) Gan dochar do na cumhachtaí maidir le forghéilleadh agus diúscairt fístaifeadtaí a allmhairítear isteach sa Stát de shárú ar fho-alt (1) den alt seo, is cumhachtaí a thugtar do na Coimisinéirí Ioncaim leis na hAchtanna Custam, is cosaint ar chúiseamh go ndearnadh cion in aghaidh na nAchtanna Custam i ndáil le fístaifeadadh ina bhfuil fís-saothar, a bhfuil ordú toirmisc i bhfeidhm maidir leis de thuras na huaire, a allmhairiú isteach sa Stát, a chruthú gur chreid an cúisí ar fhorais réasúnacha— | |
[EN] | (a) nár shaothar an saothar a raibh ordú toirmisc i bhfeidhm maidir leis an tráth a ndearnadh an cion a líomhnaítear, nó | |
[EN] | (b) má bhí níos mó ná saothar amháin lena mbaineann an cúiseamh sa taifeadadh, nár shaothar a raibh ordú toirmisc i bhfeidhm maidir leis an tráth a dúradh aon cheann de na saothair. | |
[EN] | (3) (a) Más deimhin leis an Aire nárbh é ba chuspóir don allmhairiú beartaithe lena mbaineann— | |
[EN] | (i) soláthar den fhístaifeadadh lena mbaineann, nó soláthar de seachas go feadh an méid teoranta a bheidh sonraithe sa chead faoin bhfo-alt seo, a chur ar fáil, nó | |
[EN] | (ii) a chur ar chumas daoine an fís-saothar lena mbaineann a bhreathnú seachas go feadh cibé méid teoranta a bheidh sonraithe mar a dúradh, | |
[EN] | féadfaidh an tAire, ar iarratas i scríbhinn a fháil chuige sin, cead a dheonú i scríbhinn ag údarú do dhuine sonraithe líon sonraithe d'fhístaifeadtaí ina mbeidh fís-saothar sonraithe, a bhfuil ordú toirmisc i bhfeidhm maidir leis de thuras na huaire, a allmhairiú isteach sa Stát agus féadfaidh sé coinníollacha a shonrú sa chead a mbeidh an cead faoina réir; agus comhlíonfaidh sealbhóir ceada faoin bhfo-alt seo aon choinníollacha a mbeidh an cead faoina réir. | |
[EN] | (b) Beidh duine a sháróidh coinníoll de chuid ceada faoin bhfo-alt seo ciontach i gcion. | |
[EN] | (c) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air. | |
[EN] |
Oifigigh chustam agus máil do tharchur fístaifeadtaí áirithe chun Scrúdóir Oifigiúil na Scannán |
17. —(1) Féadfaidh oifigeach custam agus máil aon fhístaifeadadh a choinneáil tráth a allmhairithe isteach sa Stát más dóigh leis gur cheart don Scrúdóir Oifigiúil é a scrúdú faoin Acht seo agus féadfaidh an t-oifigeach sin é a tharchur chuige le haghaidh scrúdú den sórt sin. |
[EN] | (2) Má choinnítear fístaifeadadh de bhun fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh an t-oifigeach custam agus máil lena mbaineann, a luaithe is féidir— | |
[EN] | (a) an taifeadadh a chur chuig an Scrúdóir Oifigiúil, agus | |
[EN] | (b) (i) i gcás go raibh an taifeadadh tráth a choinneála i gcoimeád duine a bhí ag teacht isteach sa Stát, a chur in iúl dó i scríbhinn, agus | |
[EN] | (ii) in aon chás eile, a chur in iúl i scríbhinn don duine a bhfuil an taifeadadh coinsínithe chuige, nó dá ghníomhaire cuí-údaraithe, | |
[EN] | go bhfuil sé beartaithe aige an taifeadadh a chur chuig an Scrúdóir Oifigiúil nó go bhfuil sé curtha aige chuige de bhun an ailt seo. | |
[EN] | (3) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'fheidhmiú na nAchtanna Custam. | |
[EN] |
Ceadúnais mhórdhíola agus ceadúnais mhiondíola chun fístaifeadtaí a dhíol, etc. |
18. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, déanfaidh an Scrúdóir Oifigiúil, ar iarratas ó dhuine i scríbhinn chuige sin agus ar cibé táille a bheidh forordaithe le toiliú an Aire Airgeadais a íoc leis an Scrúdóir Oifigiúil, ceadúnas (dá ngairtear ceadúnas mórdhíola san Acht seo) a dheonú don duine á údarú don duine fístaifeadtaí a dhíol ar mórdhíol nó iad a ligean ar fruiliú. |
[EN] | (2) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, déanfaidh an Scrúdóir Oifigiúil, ar iarratas ó dhuine i scríbhinn chuige sin agus ar cibé táille a bheidh forordaithe le toiliú an Aire Airgeadais a íoc leis an Scrúdóir Oifigiúil, ceadúnas (dá ngairtear ceadúnas miondíola san Acht seo) a dheonú don duine á údarú don duine fístaifeadtaí a dhíol ar miondíol nó iad a ligean ar fruiliú. | |
[EN] | (3) (a) Aon cheadúnas i ndáil le haon áitreabh (seachas feithicil nach feithicil inneallghluaiste (de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 ) nó soitheach nó stalla)— | |
[EN] | (i) údaróidh sé, agus beidh sé sainráite ann go n-údaraíonn sé, fístaifeadtaí a dhíol agus a ligean ar fruiliú ag na háitribh sin, agus ó na háitribh sin, amháin, | |
[EN] | (ii) má bhaineann sé le háitreabh seachas feithicil inneallghluaiste (de réir na brí a dúradh), sonróidh sé an t-áitreabh, agus | |
[EN] | (iii) má bhaineann sé le feithicil inneallghluaiste (de réir na brí a dúradh), sonróidh sé an marc aitheantais a bheidh greamaithe den fheithicil de bhun an Roads Act, 1920. | |
[EN] | (b) Aon cheadúnas seachas ceadúnas i ndáil le háitreabh lena mbaineann mír (a) den fho-alt seo údaróidh sé, agus beidh sé sainráite ann go n-údaraíonn sé, fístaifeadtaí a dhíol agus a ligean ar fruiliú ach sin in aon áit amháin. | |
[EN] | (4) Ní dheonóidh an Scrúdóir Oifigiúil ceadúnas do dhuine i leith tréimhse a mbeidh sé dícháilithe, faoi alt 24 den Acht seo, chun ceadúnas a shealbhú ar a feadh. | |
[EN] | (5) Fanfaidh ceadúnas i bhfeidhm ar feadh tréimhse 12 mhí mura ngéilltear nó mura bhforghéilltear é roimhe sin agus rachaidh sé in éag ansin. | |
[EN] | (6) (a) Aon duine a dhéanfaidh iarratas chuig an Scrúdóir Oifigiúil ar cheadúnas tabharfaidh sé cibé faisnéis don Scrúdóir Oifigiúil a theastóidh uaidh le réasún chun a chuid feidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear an uimhir thagartha cánach nó, i gcás níos mó ná uimhir amháin a bheith aige, ceann d'uimhreacha tagartha cánach an duine. | |
[EN] | (b) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “uimhir thagartha cánach” uimhir a shonraítear sa mhíniú ar “uimhir thagartha cánach” in alt 22 den Acht Airgeadais, 1983 . | |
[EN] |
Díol nó ligean ar fruiliú fístaifeadtaí ag daoine neamhcheadúnaithe a thoirmeasc. |
19. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, ní dhíolfaidh duine fístaifeadadh ná ní ligfidh sé fístaifeadadh ar fruiliú ach amháin de réir ceadúnais a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire. |
[EN] | (2) Ní bhaineann an t-alt seo— | |
[EN] | (a) le díol nó ligean fístaifeadta nach bhfuil ann ach saothair dhíolmhaithe, | |
[EN] | (b) le díol nó ligean chun críche soláthair dhíolmhaithe, | |
[EN] | (c) le díol a dhéanann duine, a mhonaraíonn fístaifeadtaí i gcúrsa gnó, le duine a bhfuil ceadúnas mórdhíola aige atá i bhfeidhm de thuras na huaire, | |
[EN] | (d) le díol ar cuid d'idirbheart é a bhaineann le maoin ghinearálta aon duine a dhiúscairt, | |
[EN] | (e) le díol a dtaispeánfaidh an díoltóir maidir leis— | |
[EN] | (i) gur le haghaidh críocha carthanacha, nó críocha eile nach bhfaighfear aon bhrabús príobháideach uathu, a úsáidfear aon bhrabúis uaidh, agus | |
[EN] | (ii) nach bhfabhróidh aon luach saothair, díolaíocht, gnóchan nó brabús uaidh don díoltóir nó dá sheirbhísigh nó dá ghníomhairí, | |
[EN] | (f) le díol a dhéanfaidh pearsa aonair le pearsa aonair eile, seachas i gcúrsa gnó nó ag bisiú gnó, nó | |
[EN] | (g) le díol ar mórdhíol chun an fístaifeadadh lena mbaineann a onnmhairiú, nó i ndáil lena onnmhairiú, as an Stát. | |
[EN] | (3) Is cosaint ar chúiseamh go ndearnadh cion faoin alt seo a chruthú gur chreid an cúisí ar fhorais réasúnacha nár dhíol ná ligean ar fruiliú lena mbaineann an t-alt seo an díol nó an ligean ar fruiliú áirithe nó go raibh sé de réir ceadúnais a bhí i bhfeidhm de thuras na huaire. | |
[EN] | (4) Duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion. | |
[EN] | (5) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air. | |
[EN] |
Toirmeasc ar fhístaifeadtaí a shealbhú lena ndíol nó lena ligean ar fruiliú contrártha d'alt 19. |
20. —(1) Duine a mbeidh fístaifeadadh ina sheilbh aige lena dhíol nó lena ligean ar fruiliú contrártha d'alt 19 den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion. |
[EN] | (2) Is cosaint ar chúiseamh go ndearnadh cion faoin alt seo a chruthú nach raibh an fístaifeadadh lena mbaineann ina sheilbh ag an gcúisí ach amháin chun críche díola nó ligin ar fruiliú ar chreid sé maidir leis, ar fhorais réasúnacha, nár dhíol nó ligean ar fruiliú lena mbaineann alt 19 den Acht seo a bheadh ann dá ndéanfaí é nó go mbeadh sé de réir ceadúnais atá i bhfeidhm de thuras na huaire. | |
[EN] | (3) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air. | |
[EN] |
Toirmeasc ar fhaisnéis bhréagach agus ar cheadúnais a athrú. |
21. —(1) Ní thabharfaidh duine go feasach faisnéis bhréagach don Scrúdóir Oifigiúil i ndáil le hiarratas ar cheadúnas. |
[EN] | (2) Ní bhrionnóidh duine doiciméad a airbheartaíonn gur ceadúnas é, ná ní úsáidfidh sé aon doiciméad den sórt sin, le hintinn mheabhlaireachta. | |
[EN] | (3) Ní athróidh ná ní úsáidfidh duine ceadúnas, ná ní úsáidfidh sé ceadúnas athraithe, le hintinn mheabhlaireachta. | |
[EN] | (4) Duine a sháróidh an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air. | |
[EN] |
Ceadúnais a chur ar taispeáint. |
22. —(1) (a) Aon duine a dhíolfaidh fístaifeadtaí nó a ligfidh fístaifeadtaí ar fruiliú ag nó ó aon áitreabh déanfaidh sé an ceadúnas ag údarú an díola nó an ligin a chur ar taispeáint i cibé ionad sa chuid den áitreabh ina bhfuil an díol nó an ligean á dhéanamh le go mbeidh sé le feiceáil go soiléir agus le léamh go héasca ag baill den phobal. |
[EN] | (b) I gcás go mbeidh an díol nó an ligean a dúradh á dhéanamh i mbreis is aon chuid amháin den áitreabh lena mbaineann, cuirfear an ceadúnas lena mbaineann ar taispeáint mar a dúradh i gcuid den áitreabh ina mbeidh cion substaintiúil den díol nó den ligean á dhéanamh. | |
[EN] | (2) Duine a bheidh ag díol fístaifeadtaí nó ag ligean fístaifeadtaí ar fruiliú in áit seachas in áitribh tabharfaidh sé an ceadúnas lena mbaineann ar aird d'aon duine san áit ina mbeidh an díol nó an ligean á dhéanamh, má éilítear sin. | |
[EN] | (3) Duine a sháróidh an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air. | |
[EN] |
Cláir na gceadúnas. |
23. —(1) Bunóidh an Scrúdóir Oifigiúil, agus coimeádfaidh sé, clár san fhoirm fhorordaithe de na ceadúnais mhórdhíola a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus clár de na ceadúnais mhiondíola a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire (ar a dtabharfar, faoi seach, Clár na gCeadúnas Mórdhíola Fístaifeadtaí agus Clár na gCeadúnas Miondíola Fístaifeadtaí). |
[EN] | (2) Féadfaidh an Scrúdóir Oifigiúil, de réir riachtanais na hócáide, iontrálacha sna cláir a leasú nó a scriosadh. | |
[EN] | (3) (a) Féadfaidh baill den phobal na cláir a iniúchadh saor in aisce gach tráth réasúnach agus cóipeanna a dhéanamh d'iontrálacha sna cláir nó de shleachta astu. | |
[EN] | (b) In aon imeachtaí, aon deimhniú a bheidh sínithe ag an Scrúdóir Oifigiúil nó ag duine a bheidh údaraithe aige agus a deir— | |
[EN] | (i) gur scrúdaigh sé ceann de na cláir, agus | |
[EN] | (ii) go dtaispeánann an clár sin nach raibh ceadúnas mórdhíola nó, de réir mar a bheidh, ceadúnas miondíola i bhfabhar duine shonraithe i bhfeidhm nó nach raibh sé i bhfeidhm i ndáil le háitreabh sonraithe, ar an dáta nó le linn na tréimhse a shonraítear sa deimhniú, | |
[EN] | beidh an deimhniú sin inghlactha mar fhianaise nach raibh ceadúnas mórdhíola nó, de réir mar a bheidh, ceadúnas miondíola i bhfabhar an duine shonraithe i bhfeidhm, nó, de réir mar a bheidh, i bhfeidhm i ndáil leis an áitreabh sonraithe, ar an dáta nó, de réir mar a bheidh, le linn na tréimhse a dúradh. | |
[EN] | (c) In aon imeachtaí, aon deimhniú a bheidh sínithe ag an Scrúdóir Oifigiúil nó ag duine a bheidh údaraithe aige agus a deir— | |
[EN] | (i) gur scrúdaigh sé ceann de na cláir, agus | |
[EN] | (ii) go dtaispeánann an clár sin go raibh ceadúnas mórdhíola nó, de réir mar a bheidh, ceadúnas miondíola i bhfabhar duine shonraithe i bhfeidhm nó go raibh sé i bhfeidhm i ndáil le háitreabh sonraithe, ar an dáta nó le linn na tréimhse a shonraítear sa deimhniú, agus | |
[EN] | (iii) gur cóip den cheadúnas a bhí i bhfeidhm mar a dúradh doiciméad a aithnítear leis an deimhniú agus atá greamaithe de, | |
[EN] | beidh an deimhniú sin inghlactha mar fhianaise go raibh ceadúnas mórdhíola nó, de réir mar a bheidh, ceadúnas miondíola i bhfabhar an duine shonraithe i bhfeidhm nó, de réir mar a bheidh, i bhfeidhm i ndáil leis an áitreabh sonraithe ar an dáta nó, de réir mar a bheidh, le linn na tréimhse a dúradh agus mar fhianaise ar théarmaí an cheadúnais. | |
[EN] | (d) Aon doiciméad a airbheartaíonn gur deimhniú é faoi mhír (b) nó (c) den fho-alt seo, measfar gur deimhniú den sórt sin é agus gur shínigh an duine é a airbheartaíonn a shínigh é (agus, i gcás doiciméid den sórt sin a airbheartaíonn a bheith sínithe ag duine a bhí údaraithe ag an Scrúdóir Oifigiúil, measfar gur síníodh é de réir an údaraithe), mura suífear a mhalairt. | |
[EN] |
Ceadúnais a fhorghéilleadh agus dícháiliú. |
24. —(1) Más rud é— |
[EN] | (a) go gciontaítear duine i gcion faoi alt 5, 6, 8, 9, 12, 13, 19, 20 nó 21 den Acht seo, i gcion dá dtagraítear in alt 16 (2) den Acht seo a rinneadh tar éis thosach feidhme an ailt seo nó i gcion faoi na dlíthe a bhaineann le cóipcheart a rinneadh i ndáil le fístaifeadadh tar éis an tosach feidhme sin, | |
[EN] | (b) gur ciontaíodh é roimhe sin in aon cheann de na cionta sin, agus | |
[EN] | (c) maidir leis an gcion nó na cionta dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo agus ar ciontaíodh é ina leith roimhe sin, go ndearnadh é nó iad aon tráth nach luaithe ná 5 bliana roimh dhéanamh an chiona dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo, | |
[EN] | ordóidh an chúirt— | |
[EN] | (i) i gcás gur sealbhóir é an duine ar cheadúnas atá i bhfeidhm de thuras na huaire i ndáil le háitreabh ina ndearnadh aon cheann de na cionta a dúradh, go ndéanfar an ceadúnas nó na ceadúnais a fhorghéilleadh, agus | |
[EN] | (ii) go ndícháileofar an duine, ar feadh tréimhse 5 bliana ón dáta a dtiocfaidh an t-ordú in éifeacht, chun ceadúnas a shealbhú i ndáil le haon áitreabh ina ndearnadh aon chion de na cionta dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo nó le haon áitreabh nach sealbhóir ceadúnais é i ndáil leis ar an dáta sin. | |
[EN] | (2) Ní thiocfaidh ordú faoin alt seo in éifeacht go dtí go mbeidh an gnáth-am caite chun achomharc a thionscnamh in aghaidh an chiontaithe nó an ordaithe lena mbaineann nó, i gcás achomharc den sórt sin a bheith tionscanta, go dtí go ndéanfar an t-achomharc sin, nó aon achomharc breise, a chinneadh go críochnaitheach nó go dtí go n-éireofar as nó go dtí go mbeidh an gnáth-am caite chun aon achomharc breise a thionscnamh. | |
[EN] |
Cuardach agus urghabháil. |
25. —(1) Más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche nó le Feidhmeannach Síochána, de thoradh faisnéise faoi mhionn ó chomhalta den Gharda Síochána nach bhfuil faoi bhun chéim sháirsint, go bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann— |
[EN] | (a) go bhfuil cion faoin Acht seo, nó cion dá dtagraítear in alt 16 (2) den Acht seo déanta nó á dhéanamh in nó ag aon áitreabh nó in nó ag aon áit eile, agus | |
[EN] | (b) go bhfuil fianaise go ndearnadh an cion nó go bhfuil sé á dhéanamh ar fáil ar an áitreabh nó ag an áitreabh sin nó san áit nó ag an áit sin, | |
[EN] | féadfaidh sé barántas a eisiúint faoina láimh á údarú d'aon chomhalta den Gharda Síochána, i dteannta aon chomhaltaí eile den Gharda Síochána, tráth nó tráthanna ar bith laistigh de mhí amháin ó dháta eisiúna an bharántais, ar an mbarántas a thabhairt ar aird má iarrtar amhlaidh, dul isteach, le forneart más gá, agus an t-áitreabh nó an áit eile a shonraítear sa bharántas a chuardach agus— | |
[EN] | (i) aon rud a gheofar ann a urghabháil má chreideann sé ar fhorais réasúnacha go mbeidh an rud sin ag teastáil lena úsáid i bhfianaise in aon imeachtaí i leith ciona faoin Acht seo nó i leith ciona dá dtagraítear in alt 16 (2) den Acht seo, agus | |
[EN] | (ii) a cheangal ar aon duine a gheofar ann a ainm agus a sheoladh a thabhairt dó. | |
[EN] | (2) Aon duine— | |
[EN] | (a) a choiscfidh nó a bhacfaidh comhalta den Gharda Síochána agus é ag gníomhú faoi údarás barántais faoin alt seo, nó | |
[EN] | (b) a bhfaighidh comhalta den Gharda Síochána ag gníomhú dó mar a dúradh é san áitreabh nó san áit, nó ag an áitreabh nó ag an áit, a shonraítear sa bharántas agus a mhainníonn nó a dhiúltaíonn a ainm agus a sheoladh a thabhairt don chomhalta nuair a iarrfaidh an comhalta air déanamh amhlaidh nó a thugann ainm nó seoladh dó atá bréagach nó míthreorach, | |
[EN] | beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair— | |
[EN] | (i) más cion é faoi mhír (a) den fho-alt seo, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air, nó | |
[EN] | (ii) más cion é faoi mhír (b) den fho-alt seo, fíneáil nach mó ná £500 a chur air. | |
[EN] |
Cumhachtaí gabhála. |
26. —(1) Má bhíonn drochamhras ar chomhalta den Gharda Síochána le réasún go ndearna duine cion faoin Acht seo (seachas cion faoi fho-alt (2) (b) d'alt 25), féadfaidh sé a cheangal air a ainm agus a sheoladh a thabhairt dó agus, má mhainníonn nó má dhiúltaíonn an duine déanamh amhlaidh nó má thugann sé ainm nó seoladh a bhfuil drochamhras ar an gcomhalta le réasún é a bheith bréagach nó míthreorach, féadfaidh an comhalta é a ghabháil gan bharántas. |
[EN] | (2) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána, ag gníomhú dó faoi údarás barántais faoin alt sin 25, duine a ghabháil gan bharántas má bhíonn drochamhras ar an gcomhalta le réasún go ndearna sé cion faoin bhfo-alt sin (2) (b). | |
[EN] |
Cionta ag comhlachtaí corpraithe. |
27. —(1) I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, no gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir ar an gcomhlacht nó arb é bainisteoir nó rúnaí an chomhlachta é nó ar oifigeach eile don chomhlacht é, nó duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach sa chion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne agus é a phionósú dá réir. |
[EN] | (2) I gcás gurb iad comhaltaí comhlachta chorpraithe a dhéanann bainisteoireacht ar a ghnóthaí, beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i ndáil le gníomhartha agus mainneachtaintí comhalta i dtaca lena fheidhmeanna bainisteoireachta amhail is dá mba stiúrthóir nó bainisteoir é ar an gcomhlacht corpraithe. | |
[EN] |
Fístaifeadtaí a fhorghéilleadh. |
28. —(1) Má chiontaítear duine i gcion faoin Acht seo (seachas cion faoi alt 21 nó 22 den Acht seo) nó i gcion dá dtagraítear in alt 16 (2) den Acht seo a rinneadh tar éis thosach feidhme an ailt seo, féadfaidh an chúirt a ordú go ndéanfar fístaifeadadh a suífear chun sástacht na cúirte baint a bheith aige leis an gcion a fhorghéilleadh agus é a dhíothú nó a dhiúscairt thairis sin i cibé slí a chinnfidh an chúirt. |
[EN] | (2) Ní ordóidh cúirt fístaifeadadh a fhorghéilleadh faoin alt seo má dhéanann duine a éilíonn gurb é an t-úinéir é nó go bhfuil leas aige ann ar shlí eile iarratas ar éisteacht a fháil ón gcúirt, mura mbeidh deis tugtha dó cúis a shuíomh cén fáth nár cheart an t-ordú a dhéanamh. | |
[EN] | (3) Ní thiocfaidh ordú faoin alt seo in éifeacht go dtí go mbeidh an gnáth-am caite chun achomharc a thionscnamh in aghaidh an chiontaithe nó an ordaithe lena mbaineann nó, i gcás achomharc den sórt sin a bheith tionscanta, go dtí go ndéanfar an t-achomharc sin, nó aon achomharc breise, a chinneadh go críochnaitheach nó go dtí go n-éireofar as nó go dtí go mbeidh an gnáth-am caite chun aon achomharc breise a thionscnamh. | |
[EN] | (4) Folaíonn tagairtí san alt seo d'fhístaifeadadh tagairtí d'aon spól, cás nó rud eile ar a gcoimeádtar, nó ina gcoimeádtar, an taifeadadh. | |
[EN] |
Tuarascálacha bliantúla. |
29. —(1) (a) Ullmhóidh an Scrúdóir Oifigiúil, gach bliain ag tosú leis an mbliain 1990, tuarascáil faoina chuid gníomhaíochtaí an bhliain roimhe sin faoin Acht seo agus faoi na hAchtanna um Scrúdóireacht Scannán, 1923 go 1970, agus cuirfidh sé an tuarascáil sin faoi bhráid an Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna di a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. |
[EN] | (b) Ullmhóidh an Bord Achomhairc, gach bliain ag tosú leis an mbliain 1990, tuarascáil faoina chuid gníomhaíochtaí an bhliain roimhe sin faoin Acht seo agus faoi na hAchtanna um Scrúdóireacht Scannán, 1923 go 1970, agus cuirfidh sé an tuarascáil sin faoi bhráid an Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna di a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
[EN] | (2) Aon uair a mheasann sé gurb inmhianaithe dó déanamh amhlaidh nó a iarrann an tAire air é, déanfaidh an Scrúdóir Oifigiúil nó an Bord Achomhairc, de réir mar a bheidh, tuarascáil speisialta a thabhairt don Aire i ndáil le haon ábhar a éiríonn i dtaca lena chuid feidhmeanna faoin Acht seo nó faoi na hAchtanna um Scrúdóireacht Scannán, 1923 go 1970. | |
[EN] |
Comhdhéanamh an Bhoird Achomhairc um Scrúdóireacht Scannán. |
30. —(1) Leasaítear leis seo alt 3 den Acht um Scrúdóireacht Scannán, 1923 , trí “, ar fear duine acu ar a laghad agus ar bean duine acu ar a laghad” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “ina Chathaoirleach”. |
[EN] | (2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh ar dhul in éag do théarma oifige na gCoimisinéirí a bheidh i seilbh oifige mar chomhaltaí den Bhord Achomhairc ar dháta an Achta seo a rith. | |
[EN] |
Rialacháin. |
31. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun go bhféadfaidh an tAcht seo lánéifeacht a bheith aige agus, go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh— |
[EN] | (a) i ndáil le hiarratais ar dheimhnithe soláthair agus ceadúnais agus leis an nós imeachta le haghaidh na n-iarratas sin agus i ndáil leo, | |
[EN] | (b) i ndáil le hachomhairc faoin Acht seo chuig an mBord Achomhairc agus leis an nós imeachta le haghaidh na n-achomharc sin agus i ndáil leo, agus | |
[EN] | (c) i ndáil le Clár na bhFís-Saothar Deimhnithe, Clár na bhFís-Saothar Toirmiscthe, Clár na gCeadúnas Mórdhíola Fístaifeadtaí agus Clár na gCeadúnas Miondíola Fístaifeadtaí. | |
[EN] | (2) Féadfaidh rialacháin faoin Acht seo forálacha éagsúla a dhéanamh le haghaidh cineálacha éagsúla fís-saothar agus ceadúnas agus le haghaidh imthosca éagsúla. | |
[EN] |
Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. |
32. —Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo (seachas alt 4) leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. |
[EN] |
Táillí. |
33. —(1) Déanfar táillí a gheobhaidh an Scrúdóir Oifigiúil faoin Acht seo a íoc isteach sa Státchiste nó a dhiúscairt ar mhaithe leis an Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais. |
[EN] | (2) Beidh suim iomlán na dtáillí a mhuirearófar go bliantúil faoin Acht seo, chomh gar agus is féidir, agus blianta a ghlacadh le chéile, comhionann leis an gcaiteachas iomlán a thabhófar go bliantúil ag riaradh an Achta seo. | |
[EN] | (3) Ní bhainfidh an Public Offices Fees Act, 1879, le haon táillí a mhuirearófar faoin Acht seo. | |
[EN] |
Caiteachais an Aire. |
34. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] |
Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
35. —(1) Féadfar an tAcht um Fhístaifeadtaí, 1989 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht seo (seachas ailt 29 agus 30) i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla. |