25 1990

/images/harp.jpg


Uimhir 25 de 1990


ACHT NA bPINSEAN, 1990


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

2.

Léiriú.

3.

Cionta.

4.

Faisnéis a mhalartú.

5.

Rialacháin i gcoitinne.

6.

Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

7.

Caiteachais.

CUID II

An Bord Pinsean a Bhunú

8.

An lá bunaithe.

9.

An Bord a bhunú.

10.

Feidhmeanna an Bhoird.

11.

Feidhmeanna breise a thabhairt don Bhord.

12.

Sainchomhairleoirí agus comhairleoirí.

13.

Bronntanais.

14.

Coistí an Bhoird.

15.

Príomhfheidhmeannach.

16.

Foireann an Bhoird.

17.

Aoisliúntas fhoireann an Bhoird.

18.

Daoine údaraithe.

19.

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa ag comhaltaí den Bhord nó ag foireann an Bhoird.

20.

Airleacain ón Aire chun an Bhoird.

21.

Comhalta den Bhord do nochtadh leasa i gconradh beartaithe.

22.

Cuntais agus iniúchtaí an Bhoird.

23.

Tuarascálacha agus faisnéis don Aire.

24.

Nochtadh faisnéise.

25.

Táillí is iníoctha leis an mBord.

26.

Foráil i ndáil le cinntí ag an mBord faoi ailt 38, 53, 58 agus 75.

CUID III

Sochair a Chaomhnú

27.

Léiriú (Cuid III).

28.

Teideal chun sochar caomhnaithe a fháil.

29.

Sochar caomhnaithe — scéim shochair shainithe.

30.

Sochar caomhnaithe — scéim ranníoca shainithe.

31.

Sochar caomhnaithe a íoc.

32.

Neamhtheideal chun aisíoc ranníocaí a fháil.

33.

Sochar caomhnaithe a athluacháil.

34.

Teideal chun íocaíocht aistritheach a fháil.

35.

Cumhacht iontaobhaithe íocaíocht aistritheach a dhéanamh.

36.

Ní thabharfar aird ar fhorálacha scéimeanna a bhaineann le forghéilleadh agus lian.

37.

Eisiamh ó Chuid III agus ón Dara Sceideal agus modhnú orthu.

38.

Easaontas idir Cuid III agus scéimeanna.

39.

Féadfaidh scéimeanna sochair níos airde a chur ar fáil.

CUID IV

Caighdeán Maoiniúcháin

40.

Léiriú (Cuid IV).

41.

Feidhm (Cuid IV).

42.

Deimhniú maoiniúcháin achtúireach.

43.

Dátaí éifeachtacha do dheimhnithe maoiniúcháin achtúireacha.

44.

Forálacha a bhaineann le caighdeán maoiniúcháin.

45.

Forálacha a bhaineann le scéimeanna a thosaíonn roimh thosach feidhme na Coda seo.

46.

Nithe a mbeidh aird ag an achtúire orthu.

47.

Teorainneacha le ríomh acmhainní scéime iomchuí.

48.

Tosaíochtaí ar fhoirceannadh scéime iomchuí.

49.

Togra maoiniúcháin.

50.

Ordachán ón mBord chuig iontaobhaithe.

51.

Cáilíocht duine chun a cheaptha mar achtúire scéime.

52.

Eisiamh ó Chuid IV agus ón Tríú Sceideal agus modhnú orthu.

53.

Easaontas idir Cuid IV agus scéimeanna.

CUID V

Nochtadh Faisnéise i nDáil le Scéimeanna

54.

Nochtadh faisnéise i ndáil le scéimeanna.

55.

Tuarascálacha bliantúla.

56.

Cuntais iniúchta agus luachálacha achtúireacha.

57.

Modhnú ar Chuid V.

58.

Easaontas idir Cuid V agus scéimeanna.

CUID VI

Iontaobhaithe Scéimeanna

59.

Dualgais ghinearálta iontaobhaithe scéime.

60.

Dualgas scéim a chlárú.

61.

Srian leis an Acht Síor-Chistí (Clárú), 1933.

62.

Comhaltaí scéimeanna maoinithe do roghnú daoine chun a gceaptha mar iontaobhaithe.

63.

An Ard-Chúirt do cheapadh iontaobhaithe agus dá gcur as oifig.

64.

An Bord do cheapadh iontaobhaithe agus dá gcur as oifig.

CUID VII

Déileáil go Comhionann le Fir agus Mná i Scéimeanna Sochair Ceirde

65.

Léiriú (Cuid VII).

66.

Scéimeanna do chomhlíonadh an phrionsabail um dhéileáil chomhionann.

67.

An prionsabal um dhéileáil chomhionann.

68.

Dualgas cruthúnais i gcásanna áirithe.

69.

Forálacha d'fhorlíonadh alt 66.

70.

Déileáil chomhionann agus rochtain ar scéimeanna.

71.

Neamhchomhlíonadh, uaschothromú éigeantach.

72.

Forálacha máithreachais.

73.

Forálacha um shaoire teaghlaigh.

74.

An prionsabal um dhéileáil chomhionann agus comhaontuithe comhchoiteanna, etc.

75.

Díospóidí a chinneadh.

76.

Oifigigh chomhionannais.

77.

Imscrúdú díospóidí ag an gCúirt.

78.

Cumhachtaí na Cúirte faoi alt 77.

79.

Mainneachtain cinneadh ón gCúirt a fheidhmiú.

80.

Cionta a bhaineann le dífhostuithe áirithe agus éifeacht, etc.

81.

Forálacha d'fhorlíonadh alt 80.

AN CHÉAD SCEIDEAL

An Bord Pinsean — The Pensions Board

AN DARA SCEIDEAL

Sochair a Chaomhnú agus a Athluacháil

CUID A

Sochair a Chaomhnú

CUID B

Sochair Chaomhnaithe a Athluacháil

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Caighdeán Maoiniúcháin — Sochair


Na hAchtanna dá dTagraítear

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977

1977, Uimh. 30

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984

1984, Uimh. 6

An tAcht Airgeadais, 1972

1972, Uimh. 19

Na hAchtanna Sláinte, 1970 go 1987

An tAcht Caidrimh Thionscail, 1946

1946, Uimh. 26

An tAcht Árachais, 1989

1989, Uimh. 3

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 23

An tAcht um Chosaint Mháithreachais d'Fhostaithe, 1981

1981, Uimh. 2

An tAcht Síor-Chistí (Clárú), 1933

1933, Uimh. 22

An tAcht um Chlárú Teidil, 1964

1964, Uimh. 16

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981

1981, Uimh. 1

An tAcht Ceárd-Chumann, 1941

1941, Uimh. 22

/images/harp.jpg


Uimhir 25 de 1990


ACHT NA bPINSEAN, 1990

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO RIALÁIL SCÉIMEANNA PINSEAN CEIRDE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN DÉILEÁIL GO COMH-IONANN LE FIR AGUS MNÁ FAOI SCÉIMEANNA SOCHAIR CEIRDE, CHUN NA gCRÍOCH SIN DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN COMHLACHT A BHUNÚ (DÁ nGAIRFEAR AN BORD PINSEAN — THE PENSIONS BOARD) CHUN MAOIRSEACHT A DHÉANAMH AR NA SCÉIMEANNA SIN AGUS AR A nOIBRIÚ, DO MHÍNIÚ FHEIDHMEANNA AN CHOMHLACHTA SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMH-GHAOLMHARA. [24 Iúil, 1990]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar Acht na bPinsean, 1990 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfar le hordú nó le horduithe ón Aire, i gcoitinne nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla den Acht seo.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “luach achtúireach” luach comhionann sochair in airgead tirim (lena n-áirítear, más cuí, foráil le haghaidh aon athluacháil ar an sochar sin) arna ríomh faoi threoir toimhdeana airgeadais cuí agus á chur san áireamh go cuí an dóchúlacht go mairfidh duine go dtí gnáthaois inphinsin agus dá éis sin de réir gnáthionchais saoil, ar an toimhde go bhfuil an comhalta den scéim, ar an dáta ríomha éifeachtach, i ngnáthbhail sláinte ag féachaint dá aois;

ciallaíonn “achtúire”, i ndáil le scéim, duine a cheapfar de bhun an Achta seo chun gníomhú mar achtúire, chun críocha an Achta seo, ar an scéim, agus forléireofar “achtúireach” dá réir sin;

ciallaíonn “ranníocaí saorálacha breise” cibé ranníocaí (más ann) a íocann comhalta de scéim ar bhonn saorálach agus a bhfuil sé ceaptha dóibh sochair bhreise a chur ar fáil go hiomlán;

tá le “riarthóir” an bhrí a shanntar dó le halt 13 (1) den Acht Airgeadais, 1972 ;

ciallaíonn “iniúchóir”, i ndáil le scéim, duine a cheapfar de bhun an Achta seo chun gníomhú mar iniúchóir, chun críocha an Achta seo, ar an scéim;

ciallaíonn “sochair”, i ndáil le scéim, seachas i gCuid VII, ceachtar díobh seo a leanas nó iad araon, is é sin le rá—

(a) sochar do chomhalta de scéim ag gnáthaois inphinsin dó nó i leith é do scor níos luaithe nó níos déanaí, nó ar é d'fhágáil na fostaíochta iomchuí, agus

(b) sochar do bhaintreach nó do bhaintreach fir an chomhalta, nó dá chleithiúnaithe nó do dhaoine eile, ar an gcomhalta d'fháil bháis;

ciallaíonn “an Bord” an comhlacht a bhunófar le halt 9;

forléireofar “cathaoirleach an Bhoird” de réir mhír 3 den Chéad Sceideal;

ciallaíonn “an príomhfheidhmeannach” príomhoifigeach an Bhoird a cheapfar faoi alt 15;

ciallaíonn “scéim shochair shainithe”, faoi réir alt 27, scéim nach scéim ranníoca shainithe;

ciallaíonn “scéim ranníoca shainithe”, faoi réir alt 27, scéim a chuireann ar fáil, faoina rialacha, sochar fadseirbhíse a ndéantar a ráta nó a mhéid a chinneadh, go hiomlán agus go díreach, ar bhonn mhéid na ranníocaí a d'íoc an comhalta nó a íocadh ina leith, agus folaíonn sé scéim a ndéantar na ranníocaí fúithi a úsáid, go díreach nó go neamhdhíreach, chun na nithe seo a leanas a chur ar fáil, eadhon—

(a) sochair, seachas sochar fadseirbhíse, agus

(b) sochar fadseirbhíse a ndéantar a ráta nó a mhéid a chinneadh, go hiomlán agus go díreach, ar bhonn na coda de na ranníocaí sin a dúradh a úsáidtear chun an sochar fadseirbhíse a chur ar fáil;

ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfaidh an tAire faoi alt 8;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “scéim mhaoinithe” scéim faoina ndéantar cuid dá hacmhainní, nó iad go léir, a chur i leataobh roimh ré chun sochair a chur ar fáil ar shlí atá neamhspleách ar ghníomhaíochtaí gnó an fhostóra;

ciallaíonn “sochar fadseirbhíse” na sochair a bheidh iníoctha faoi scéim de réir oibleagáide do chomhalta, nó i leith comhalta, de scéim ar an toimhde go bhfanfaidh sé i bhfostaíocht iomchuí go dtí go mbeidh gnáthaois inphinsin slánaithe aige;

ciallaíonn “comhalta”, i ndáil le scéim, aon duine a leanfaidh, tar éis é a bheith glactha mar chomhalta faoi rialacha na scéime, de bheith i dteideal sochair ar bith faoin scéim;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Leasa Shóisialaigh;

ciallaíonn “gnáthaois inphinsin” an aois is luaithe ag a bhfuil comhalta de scéim i dteideal sochair a fháil faoi rialacha na scéime ar é do scor ó fhostaíocht iomchuí, gan féachaint d'aon fhorálacha faoi na rialacha sin le haghaidh luathscoir ar fhorais drochshláinte nó eile;

ciallaíonn “scéim pinsean ceirde” aon scéim nó comhshocraíocht—

(a) atá ar áireamh in ionstraim nó comhaontú amháin nó níos mó, agus

(b) a chuireann sochair ar fáil, nó atá in ann sochair a chur ar fáil, i ndáil le fostaithe i bhfostaíocht de thuairisc ar bith a chónaíonn sa Stát, agus

(c)  (i) atá ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim chun críche Chaibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1972 , nó

(ii) a bhfuil an t-iarratas ar í a cheadú faoi Chaibidil II de Chuíd I den Acht Airgeadais, 1972 , á bhreithniú, nó

(iii) ar scéim reachtúil í lena mbaineann alt 17 den Acht Airgeadais, 1972 ;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

tá le “sochar caomhnaithe” an bhrí a shanntar dó le halt 28 (2);

ciallaíonn “comhalta ionchasach” aon duine atá i bhfostaíocht iomchuí cheana féin agus atá nó a bheidh, de bhua a chonartha seirbhíse nó rialacha na scéime, i dteideal dul isteach sa scéim nó a rachaidh isteach sa scéim ar aon nós má mhaireann a chuid seirbhíse i bhfostaíocht iomchuí agus go mbeidh téarmaí iomchuí a chonartha fostaíochta nó, de réir mar a bheidh, téarmaí iomchuí rialacha na scéime, fós gan athrú i gcaitheamh an ama sin;

ciallaíonn “seirbhís ináirithe” seirbhís san fhostaíocht iomchuí le linn do dhuine bheith ina chomhalta den scéim ach ní fholaíonn sé seirbhís mar chomhalta den scéim i gcás—

(a) gurb é an t-aon sochar fúithi sochar i leith báis roimh ghnáthaois inphinsin, nó

(b) go mbeidh na hiontaobhaithe tar éis a chur in iúl i scríbhinn don chomhalta nach dtugann an tseirbhís sin teideal chun sochair fadseirbhíse dó;

ciallaíonn “rialacháin” rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

ciallaíonn “fostaíocht iomchuí” aon fhostaíocht (nó aon tréimhse a ndéileáiltear léi mar fhostaíocht) lena mbaineann scéim;

ciallaíonn “acmhainní”, i ndáil le scéim, na cistí as arb iníoctha, ó am go ham, na sochair a chuireann an scéim ar fáil, lena n-áirítear na fáltais ó aon pholasaí árachais a thógtar amach, nó aon chonradh blianachta a dhéantar, chun críocha na scéime;

tá le “céatadán athluachála” an bhrí a shanntar dó le halt 33;

ciallaíonn “rialacha”, i ndáil le scéim, forálacha scéime, cibé ainm a thugtar orthu;

ciallaíonn “scéim” scéim pinsean ceirde;

ciallaíonn “iontaobhaithe”, i ndáil le scéim atá bunaithe faoi iontaobhas, iontaobhaithe na scéime agus, i ndáil le scéim nach bhfuil bunaithe amhlaidh, ciallaíonn sé riarthóir na scéime agus, dá réir sin, déanfar tagairtí d'iontaobhaithe, ach amháin in ailt 59, 62, 63 agus 64, a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do riarthóirí.

(2) San Acht seo—

(a) aon tagairt do Chuid is tagairt í do Chuid den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt do Chuid de Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó d'achtachán éigin eile atá beartaithe,

(b) aon tagairt d'alt nó do Sceideal is tagairt í d'alt den Acht seo, nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,

(c) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(3) San Acht seo déanfar tagairt d'achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

Cionta.

3. —(1) (a) I gcás ina sáróidh iontaobhaí, ina cháil mar iontaobhaí, foráil den Acht seo nó rialachán faoi, beidh sé ciontach i gcion.

(b) I gcás ina sáróidh achtúire nó iniúchóir scéime, ina cháil mar achtúire nó iniúchóir den sórt sin, foráil den Acht seo nó rialachán faoi, beidh sé ciontach i gcion.

(c) In ionchúiseamh i leith ciona faoi mhír (a) nó (b) is cosaint é don duine cúisithe a chruthú go raibh an sárú lena mbaineann an cion inchurtha i leith sárú a rinne duine amháin, nó níos mó ná duine amháin, eile ar fhoráil den Acht seo nó ar rialachán faoi agus go ndearna sé sna himthosca cibé bearta réasúnacha (más ann) a bhí ar fáil dó chun a áirithiú go gcomhlíonfadh an duine nó na daoine a dúradh an fhoráil lena mbaineann.

(2) Más rud é, in aon tuarascáil, deimhniú nó doiciméad eile a cheanglaítear a thabhairt chun críocha aon fhorála den Acht seo nó rialachán faoi, go ndéanfaidh duine ráiteas is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1) nó (2) dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó iad araon, a chur air,

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air.

(4) I gcás ina ndéanfaidh comhlacht corpraithe cion faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú sa cháil sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne agus é a phionósú ionann is dá mbeadh sé ciontach sa chion céadluaite.

(5) Féadfaidh an Bord imeachtaí í leith ciona achomair faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

Faisnéis a mhalartú.

4. —D'ainneoin aon ní in aon achtachán, féadfaidh an Bord faisnéis a bheidh ina sheilbh ag an mBord chun críocha an Achta seo a aistriú chuig na Coimisinéirí Ioncaim agus féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis a bheidh ina seilbh ag na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha Chaibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1972 , agus a bhaineann le scéimeanna pinsean ceirde, a aistriú chuig an mBord.

Rialacháin i gcoitinne.

5. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) chun aon chríche a bhforáiltear do rialacháin ina leith le haon fhoráil d'fhorálacha an Achta seo, agus

(b) d'fhorordú aon ní nó rud dá dtagraítear san Acht seo mar ní nó rud atá forordaithe nó le forordú.

(2) Ach amháin a mhéid a fhoráiltear a mhalairt san Acht seo, féadfar aon chumhacht chun rialacháin a dhéanamh a thugtar ann a fheidhmiú—

(a) i ndáil le gach cás chuig a síneann an chumhacht, nó i ndáil leis na cásanna sin go léir ach sin faoi réir eisceachtaí sonraithe, nó i ndáil le haon chásanna sonraithe nó aicmí sonraithe cáis, agus

(b) chun go ndéanfar, maidir leis na cásanna a bhfeidhmítear ina leith í—

(i) an fhoráil iomlán chuig a síneann an chumhacht nó aon fhoráil is lú (cibé trí eisceacht a dhéanamh nó ar shlí eile),

(ii) an fhoráil chéanna do gach cás a bhfeidhmítear an chumhacht ina leith nó foráil éagsúil do chásanna éagsúla nó d'aicmí éagsúla cáis, nó foráil éagsúil maidir leis an gcás céanna nó leis an aicme chéanna cáis chun críocha éagsúla den Acht seo,

(iii) aon fhoráil den sórt sin, d'éagmais coinníollacha nó faoi réir aon choinníll shonraithe.

(3) Gan dochar d'aon fhoráil shonrach de chuid an Achta seo, féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha nó forlíontacha is dóigh leis an Aire is fóirsteanach chun críche na rialachán a bheith in aon rialacháin.

Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

6. —Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh faoin rialachán.

Caiteachais.

7. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID II

Bord Pinsean a Bhunú

An lá bunaithe.

8. —Féadfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha na Coda seo.

An Bord a bhunú.

9. —(1) Ar an lá bunaithe beidh comhlacht arna bhunú, ar a dtabharfar An Bord Pinsean — The Pensions Board, agus dá ngairtear “an Bord” san Acht seo, chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh éifeacht le forálacha an Chéad Sceidil maidir leis an mBord.

Feidhmeanna an Bhoird.

10. —(1) Is iad feidhmeanna an Bhoird—

(a) faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar oibriú an Achta seo agus ar fhorbairtí i gcúrsaí pinsean i gcoitinne;

(b) comhairle a thabhairt don Aire, ar iarratas uaidh nó ar a gconlán féin, i dtaobh gach ní a bhaineann leis na feidhmeanna a shanntar don Bhord faoin Acht seo agus i dtaobh nithe a bhaineann le pinsin i gcoitinne;

(c) treoirlínte a eisiúint maidir le dualgais agus freagrachtaí iontaobhaithe scéimeanna agus cóid chleachtais a eisiúint maidir le gnéithe sonracha dá gcuid freagrachtaí;

(d) spreagadh a thabhairt le go gcuirfear saoráidí oiliúna iomchuí ar fáil d'iontaobhaithe scéimeanna;

(e) comhairle a thabhairt don Aire i dtaobh caighdeán d'iontaobhaithe scéimeanna agus i dtaobh na caighdeáin sin a chur i ngníomh;

(f) tuarascáil bhliantúil, agus cibé tuarascálacha eile is dóigh leis is gá ó am go ham, a fhoilsiú;

(g) cibé tascanna a dhéanamh a iarrfaidh an tAire ó am go ham.

(2) Beidh ag an mBord cibé cumhachtaí is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh nó a bhaineann lena gcomhlíonadh.

Feidhmeanna breise a thabhairt don Bhord.

11. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú, le toiliú an Aire Airgeadais—

(a) cibé feidhmeanna breise a bhaineann le feidhmeanna an Bhoird de thuras na huaire, agus is dóigh leis is cuí, a thabhairt don Bhord, agus

(b) cibé foráil a dhéanamh is dóigh leis is gá nó is fóirsteanach i ndáil le nithe atá coimhdeach le feidhmeanna a thabhairt amhlaidh don Bhord, nó a éiríonn as an tabhairt sin.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.

(3) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Sainchomhairleoirí agus comhairleoirí.

12. —Faoi réir thoiliú roimh ré ón Aire, féadfaidh an Bord ó am go ham cibé sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhostú a mheasfaidh sé is gá lena fheidhmeanna a chomhlíonadh, agus íocfaidh an Bord as airgead a bheidh faoina réir aige aon táillí a bheidh dlite do shainchomhairleoir nó do chomhairleoir a fostaíodh faoin alt seo.

Bronntanais.

13. —(1) Féadfaidh an Bord bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais nó coinníollacha (más ann) a shonróidh an deontóir.

(2) Ní ghlacfaidh an Bord bronntanas má bhíonn na hiontaobhais nó na coinníollacha a ghabhann leis ar neamhréir lena chuid feidhmeanna.

Coistí an Bhoird.

14. —(1) Féadfaidh an Bord coistí a bhunú chun cabhrú leis, agus comhairle a chur air, i ndáil le haon fheidhm dá chuid feidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Is é an Bord a cheapfaidh comhaltaí coiste a bhunófar faoin alt seo.

(3) Féadfaidh daoine nach comhaltaí den Bhord a bheith ar choiste a bhunófar faoin alt seo.

(4) Féadfaidh an Bord tráth ar bith comhalta de choiste a bhunófar faoin alt seo a chur as oifig.

(5) Féadfaidh an Bord tráth ar bith coiste a bhunófar faoin alt seo a dhíscaoileadh.

(6) Féadfaidh an Bord duine a cheapadh chun bheith ina chathaoirleach ar choiste a bhunófar faoin alt seo.

(7) Féadfar a íoc as ioncam an Bhoird, le comhaltaí coiste a bhunófar faoin alt seo, cibé liúntais i leith caiteachas a thabhóidh siad a chinnfidh an Bord, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

Príomhfheidhmeannach.

15. —(1) Beidh príomhoifigeach ar an mBord ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, an príomhfheidhmeannach.

(2) Is é an Bord, le toiliú an Aire, a cheapfaidh an príomhfheidhmeannach agus féadfaidh an Bord, leis an toiliú sin, é a chur as oifig tráth ar bith.

(3) Ní bheidh an príomhfheidhmeannach ina chomhalta den Bhord.

(4) Seolfaidh an príomhfheidhmeannach riarachán agus gnó an Bhoird agus déanfaidh sé iad a bhainistiú agus a rialú i gcoitinne agus comhlíonfaidh sé cibé feidhmeanna eile a chinnfidh an Bord.

(5) Caithfidh an príomhfheidhmeannach a chuid ama go léir ar a dhualgais mar phríomhfheidhmeannach agus ní shealbhóidh sé aon oifig ná post eile gan toiliú ón mBord.

(6) Sealbhóidh an príomhfheidhmeannach oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha, agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair) a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(7) Íocfar leis an bpríomhfheidhmeannach, as airgead a bheidh faoina réir ag an mBord, cibé liúntais i leith caiteachas a thabhóidh sé i gcomhlíonadh a fheidhmeanna, a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(8) Féadfaidh an príomhfheidhmeannach tograí a dhéanamh chun an Bhoird maidir le haon ní a bhaineann le gníomhaíochtaí an Bhoird.

Foireann an Bhoird.

16. —(1) Féadfaidh an Bord cibé daoine agus cibé líon daoine a chinnfidh sé, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann an Bhoird.

(2) (a) Sealbhóidh comhalta d'fhoireann an Bhoird a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair agus le haoisliúntas) a chinnfidh an Bord, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(b) Íocfar le comhalta d'fhoireann an Bhoird dá dtagraítear i mír (a), as an airgead a bheidh faoina réir ag an mBord, cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas a thabhóidh sé, a chinnfidh an Bord le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(c) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, aon oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a chur tráth ar bith as a oifig mar oifigeach nó mar sheirbhíseach dó.

(3) Cinnfidh an Bord, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, gráid fhoireann an Bhoird agus an líon foirne i ngach grád.

(4) Féadfaidh an Bord aon fheidhm dá chuid a chomhlíonadh trí nó ag an bpríomhfheidhmeannach nó trí nó ag aon chomhalta eile dá fhoireann a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an mBord.

Aoisliúntas fhoireann an Bhoird.

17. —(1) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna a dhéanamh chun sochair aoisliúntais a dheonú do dhaoine, nó i leith daoine, atá ceaptha chun poist lánaimseartha ar fhoireann an Bhoird.

(2) Socróidh scéim faoi fho-alt (1) an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) a mbeidh sochair aoisliúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim nó faoi na scéimeanna agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, scéim a dhéanamh ag leasú nó ag cúlghairm scéime faoin alt seo, lena n-áirítear scéim faoin bhfo-alt seo.

(4) Má bhíonn aon díospóid ann i dtaobh éileamh aon duine ar aon sochar aoisliúntais is iníoctha de bhun scéime nó scéimeanna faoin alt seo, nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun an Aire Airgeadais í, agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh ina chinneadhsan.

(5) Ní dheonóidh an Bord aon sochair aoisliúntais ar chomhalta d'fhoireann an Bhoird (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis ach amháin de réir scéime nó scéimeanna faoin alt seo.

(6) Leagfar scéim faoin alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Daoine údaraithe.

18. —(1) Féadfaidh an Bord duine is fostaí de chuid an Bhoird (dá ngairtear “duine údaraithe” san alt seo) a údarú i scríbhinn le hiniúchadh nó imscrúdú a dhéanamh ar staid agus seoladh scéime.

(2) Féadfaidh an Bord nó duine údaraithe, i ndáil le scéim, a cheangal ar an bhfostóir lena mbaineann nó ar iontaobhaithe na scéime cibé faisnéis agus mínithe, agus cibé leabhair chuntais agus doiciméid eile, i ndáil leis an scéim de réir mar a bheidh sonraithe a thabhairt dó laistigh de cibé tréimhse réasúnach a bheidh sonraithe.

(3) Féadfaidh duine údaraithe, ar a údarú a thabhairt ar aird má cheanglaítear sin air—

(a) dul isteach gach uile thráth réasúnach in áitreabh aon fhostóra, iontaobhaithe nó gníomhaire, de réir mar a bheidh, agus

(b) cibé scrúdú nó fiosrú a dhéanamh is gá chun a fhionnadh an bhfuil forálacha an Achta seo á gcomhlíonadh nó comhlíonta.

(4) Maidir leis an dualgas aon fhaisnéis, doiciméad, ábhar nó míniú a thabhairt ar aird nó a chur ar fáil, bainfidh sé freisin le haon duine ar oifigeach nó fostaí de chuid an fhostóra é nó ar iontaobhaí nó gníomhaire é, de réir mar a bheidh, nó ar dealraitheach don Bhord nó don duine údaraithe an fhaisnéis, an doiciméad, an t-ábhar nó an míniú sin a bheith ina sheilbh nó faoina rialú aige.

(5) Má dhéanann aon fhostóir, nó aon oifigeach nó fostaí de chuid an fhostóra, nó aon iontaobhaí scéime nó gníomhaire don scéim—

(a) bac a chur go toiliúil ar dhuine údaraithe agus é ag feidhmiú a chumhachtaí faoin alt seo, nó

(b) diúltú a thabhairt, gan leithscéal réasúnach, aon fhaisnéis, doiciméad, ábhar nó míniú a thabhairt ar aird don duine sin nuair a cheanglaítear air é sin a dhéanamh faoin alt seo, nó

(c) diúltú a thabhairt, gan leithscéal réasúnach, aon cheisteanna a fhreagairt a chuirfidh an duine údaraithe air maidir le gnóthaí na scéime,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó iad araon, a chur air,

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air.

(6) San alt seo folaíonn “gníomhaire”, i ndáil le scéim, na hachtúirí, na hiniúchóirí agus na cuntasóirí eile agus na comhairleoirí airgeadais agus na comhairleoirí eile don scéim.

(7) Aon tagairt san alt seo d'oifigeach, d'fhostaí nó do ghníomhaire scéime folaíonn sí tagairt do dhuine a bhí, ach nach bhfuil a thuilleadh, ina oifigeach, ina fhostaí nó ina ghníomhaire (de réir mar a bheidh) de chuid na scéime.

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa ag comhaltaí den Bhord nó ag foireann an Bhoird.

19. —(1) Más rud é, i gcás comhalta den Bhord—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó mar ionadaí i bParlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh,

scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Bhord.

(2) Más rud é, i gcás comhalta d'fhoireann an Bhoird—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó mar ionadaí i bParlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh,

beidh sé air sin ar iasacht ó fhostaíocht ag an mBord agus ní íocfaidh an Bord leis ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón mBord aon luach saothair ná liúntais i leith na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a thofa amhlaidh nó an tráth a measfar amhlaidh é a bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de cheachtar Teach acu sin nó mar ionadaí sa Pharlaimint sin.

(3) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is ionadaí i bParlaimint na hEorpa beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina ionadaí amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord nó d'fhoireann an Bhoird.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt a thoirmisceann, inter alia, tréimhse a luaitear san fho-alt sin a ríomh mar sheirbhís leis an mBord chun críocha aon sochar aoisliúntais.

Airleacain ón Aire chun an Bhoird.

20. —Féadfaidh an tAire, ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a chinnfidh an tAire chun críocha caiteachais ag an mBord i gcomhlíonadh a chuid feidhmeanna a airleacan chuig an mBord as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Comhalta den Bhord do nochtadh leasa i gconradh beartaithe.

21. —Aon chomhalta den Bhord—

(a) a bhfuil aon leas ábhartha nó airgeadais aige in aon chomhlacht corpraithe a mbeartaíonn an Bord aon chonradh a dhéanamh leis, nó

(b) a bhfuil aon leas ábhartha nó airgeadais aige in aon chonradh a bheartaíonn an Bord a dhéanamh,

nochtfaidh sé don Bhord go bhfuil an leas sin aige agus cad é an leas é, agus ní ghlacfaidh sé páirt in aon phlé nó cinneadh ag an mBord maidir leis an gconradh, agus taifeadfar an nochtadh sin i miontuairiscí an Bhoird.

Cuntais agus iniúchtaí an Bhoird.

22. —(1) Coimeádfaidh an Bord, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh an Bord nó a chaithfidh sé, lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe agus, go háirithe, coimeádfaidh sé na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tAire ó am go ham.

(2) Maidir le cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo déanfar, a luaithe is féidir tar éis dheireadh na bliana airgeadais de chuid an Bhoird lena mbaineann siad, iad a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus déanfar cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais agus den chlár comhardaithe agus den chuid eile sin (más ann) dá chuid cuntas a ordóidh an tAire agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar an gcuntas a thíolacadh a luaithe is féidir don Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de gach ceann de na doiciméid réamhráite a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascálacha agus faisnéis don Aire.

23. —(1) Tabharfaidh an Bord don Aire cibé faisnéis i ndáil le hioncam agus caiteachas an Bhoird a cheanglóidh sé ó am go ham.

(2) A luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana airgeadais de chuid an Bhoird, ach tráth nach déanaí ná 6 mhí ina dhiaidh sin, tabharfaidh an Bord tuarascáil don Aire faoina ghníomhaíochtaí le linn na bliana sin agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(3) I ngach tuarascáil faoi fho-alt (2) beidh faisnéis i cibé foirm, agus maidir le cibé ábhair, a ordóidh an tAire.

(4) Déanfaidh an Bord, aon uair a iarrfaidh an tAire é sin air, faisnéis a thabhairt dó i ndáil le cibé nithe a shonróidh an tAire i dtaca nó i ndáil le réimse a chuid gníomhaíochtaí i gcoitinne, nó maidir le haon chuntas a d'ullmhaigh an Bord nó le haon tuarascáil atá sonraithe i bhfo-alt (2) nó (4) nó in alt 22 (2) nó maidir le beartas agus gníomhaíochtaí an Bhoird, seachas a chuid gníomhaíochtaí ó lá go lá.

Nochtadh faisnéise.

24. —(1) Ní nochtfaidh aon duine, gan toiliú an Bhoird, aon fhaisnéis a fuair sé agus é ag comhlíonadh dualgas (nó de thoradh aon dualgas a chomhlíonadh) mar chomhalta den Bhord nó mar chomhalta d'fhoireann an Bhoird nó mar chomhairleoir nó mar shainchomhairleoir don Bhord.

(2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

(3) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1) faisnéis i dtuarascáil a thabharfar don Bhord nó a thabharfaidh an Bord nó a thabharfar thar a cheann don Aire a nochtadh.

Táillí is iníoctha leis an mBord.

25. —Déanfaidh iontaobhaithe scéime táillí de cibé méid a bheidh forordaithe le toiliú an Aire Airgeadais a íoc leis an mBord gach bliain as acmhainní na scéime agus féadfar táillí éagsúla a fhorordú faoin alt seo maidir le scéimeanna d'aicmí éagsúla.

Foráil i ndáil le cinntí ag an mBord faoi ailt 38, 53, 58 agus 75.

26. —(1) (a) Maidir le haon cheist a bheidh le cinneadh ag an mBord faoi alt 38, 53, 58 nó 75, cinnfidh an Bord í, dá lánrogha féin, d'éagmais nó tar éis éisteacht ó bhéal ag an mBord (nó ag cibé comhalta nó comhaltaí den Bhord nó cibé duine nó daoine eile a údaróidh an Bord chun na críche sin).

(b) Féadfaidh aon duine lena mbaineann sé uiríll a dhéanamh chun an Bhoird i ndáil le ceist den sórt sin a dúradh agus beidh aird ag an mBord ar aon uiríll den sórt sin nuair a bheidh a chinneadh á dhéanamh aige.

(2) Is i scríbhinn a dhéanfar uiríll faoi fho-alt (1) nó, má tá éisteacht ó bhéal á seoladh faoi fho-alt (1) i ndáil leis an gceist lena mbaineann, déanfar ag an éisteacht iad.

(3) Beidh cumhacht ag an duine nó na daoine a bheidh ag seoladh éisteacht ó bhéal faoin alt seo fianaise a ghlacadh faoi mhionn agus, chun na críche sin, féadfaidh aon duine de na daoine a dúradh daoine a bheidh ag láithriú mar fhinnéithe ag an éisteacht a chur faoi mhionn.

(4) (a) Féadfaidh an duine, nó aon duine de na daoine, a bheidh ag seoladh éisteacht ó bhéal faoin alt seo, trí fhógra chuige sin a thabhairt i scríbhinn do dhuine, a cheangal ar an duine láithriú cibé lá agus ag cibé am agus i cibé áit a bheidh sonraithe san fhógra chun fianaise a thabhairt ag an éisteacht i ndáil leis an gceist a bheidh le cinneadh ag an mBord, nó chun aon doiciméid a bheidh ina sheilbh nó ina choimeád nó faoina rialú agus a bhaineann le haon cheist den sórt sin a thabhairt ar aird ag an éisteacht.

(b) Féadfar fógra faoi mhír (a) a thabhairt trína sheachadadh ar an duine lena mbaineann sé nó trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuig an duine ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air.

(c) Aon duine a mbeidh fógra faoi mhír (a) tugtha dó agus a dhiúltóidh fianaise a thabhairt, nó a thabharfaidh fianaise bhréagach, ag éisteacht ó bhéal faoin alt seo, nó a dhiúltóidh nó a mhainneoidh go toiliúil aon doiciméad lena mbaineann an fógra a thabhairt ar aird ag éisteacht den sórt sin, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó iad araon, a chur air,

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air.

(5) Féadfaidh an duine nó na daoine a bheidh ag seoladh éisteacht ó bhéal faoin alt seo a ordú do dhuine lena mbaineann, suim réasúnach a íoc le haon duine eile lena mbaineann i leith na gcaiteachas a thabhaigh an duine i ndáil leis an éisteacht agus féadfaidh an duine lena mbaineann aon suim den sórt sin a ghnóthú ón duine eile lena mbaineann, mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(6) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, is de réir mar a bheidh forordaithe a bheidh an nós imeachta ag éisteachtaí ó bhéal faoin alt seo agus aon rialacháin a dhéanfar chun críocha an fho-ailt seo féadfar, gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ansin roimhe seo, foráil a dhéanamh iontu maidir le fógra a thabhairt do dhaoine lena mbaineann i dtaobh uiríll a dhéanamh faoin alt seo, i dtaobh dháta, am agus ionad na n-éisteachtaí sin agus i dtaobh chinntí an Bhoird faoi alt 38, 53, 58 nó 75, maidir leis na himthosca (más ann) ina bhféadfaidh daoine lena mbaineann a gcásanna a chur i láthair ag an éisteacht sin trí ionadaithe (lena n-áirítear ionadaithe dlí), maidir le taifead leordhóthanach a dhéanamh ar na himeachtaí ag na héisteachtaí sin agus maidir le cibé nithe eile is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach chun críocha an ailt seo agus chun lánéifeacht a thabhairt don alt seo.

CUID III

Sochair a Chaomhnú

Léiriú (Cuid III).

27. —(1) Sa Chuid seo agus sa Dara Sceideal, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “seirbhís cháilitheach”, i ndáil le comhalta de scéim, comhiomlán gach tréimhse de sheirbhís ináirithe, bíodh nó ná bíodh sí leanúnach i ngach cás—

(a) faoin scéim,

(b) faoi gach scéim eile a bhaineann leis an bhfostaíocht chéanna,

(c) faoi gach scéim eile a bhaineann le haon fhostaíocht eile a mbeidh cearta chun sochair fhadseirbhíse deonaithe ina leith faoin scéim in ionad cearta fabhraithe faoin scéim eile sin:

Ar choinníoll nach gcomhairfear aon tréimhse den sórt sin, ná aon chuid de, níos mó ná uair amháin;

tá le “íocaíocht aistritheach” an bhrí a shanntar dó le halt 34 (2).

(2) I gcás ina ndéantar ráta nó méid coda den sochar fadseirbhíse is iníoctha faoi scéim shochair shainithe a chinneadh, go díreach, ar bhonn méid ranníoca a d'íoc an comhalta nó a íocadh ina leith, ansin, chun críocha na Coda seo agus an Dara Sceideal, déileálfar leis an scéim, sa mhéid go mbaineann sí leis an gcuid sin den sochar fadseirbhíse, mar scéim ranníoca shainithe agus, sa mhéid go mbaineann sí le sochair eile (lena n-áirítear an chuid eile den sochar fadseirbhíse) déileálfar léi mar scéim shochair shainithe.

(3) Déanfar tagairtí sa Chuid seo agus sa Dara Sceideal do scéim ranníoca shainithe nó do scéim shochair shainithe a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chuid den scéim sin.

Teideal chun sochar caomhnaithe a fháil.

28. —(1) Faoi réir alt 37, beidh feidhm ag an gCuid seo agus ag an Dara Sceideal maidir le haon chomhalta de scéim a bhfuil seirbhís aige i bhfostaíocht iomchuí tar éis thosach feidhme na Coda seo.

(2) Aon chomhalta de scéim a gcríochnaíonn a sheirbhís i bhfostaíocht iomchuí, ar shlí seachas ar é d'fháil bháis, tar éis thosach feidhme na Coda seo ach roimh ghnáthaois inphinsin agus a mbeidh 5 bliana ar a laghad de sheirbhís cháilitheach comhlánaithe aige ar tar éis thosach feidhme na Coda seo a thiteann 2 bhliain ar a laghad den sórt sin, beidh sé i dteideal sochar (dá ngairtear “sochar caomhnaithe” san Acht seo) a fháil.

Sochar caomhnaithe — scéim shochair shainithe.

29. —(1) San alt seo—

tá le “pinsean teagmhasach” an bhrí a shanntar dó le fo-alt (5);

ciallaíonn “scéim” scéim shochair shainithe.

(2) Ní chuirfear sochar caomhnaithe ar fáil faoi scéim ach amháin—

(a) maidir le sochar fadseirbhíse, nó

(b) i gcás ina gcinnfidh na hiontaobhaithe amhlaidh trí rogha a fheidhmiú faoi fho-alt (5), maidir le pinsean teagmhasach.

(3) Déanfar sochar caomhnaithe a ríomh de réir Chuid A den Dara Sceideal.

(4) Faoi réir fho-alt (5), ar chomhalta de scéim atá i dteideal soch air chaomhnaithe faoin scéim d'fháil bháis sula dtosóidh an sochar sin de bheith iníoctha, beidh méid iníoctha ina leith sin faoin scéim lena ionadaí pearsanta ar méid é is ionann agus luach achtúireach an tsochair chaomhnaithe (lena n-áirítear aon sochar caomhnaithe faoi fho-ailt (6) agus (7)) díreach roimh bhás an chomhalta lena mbaineann.

(5) (a) I gcás ina ndéantar foráil i scéim le haghaidh pinsean a íoc le baintreach fir nó mná an chomhalta lena mbaineann nó le haon chleithiúnaithe de chuid an chomhalta sin, nó leo araon, nó le haghaidh ceachtar acu nó lena n-aghaidh araon, i gcás an comhalta sin d'fháil bháis le linn dó bheith i bhfostaíocht iomchuí ach sula mbeidh gnáthaois inphinsin slánaithe aige (dá ngairtear “pinsean teagmhasach” san alt seo), féadfaidh iontaobhaithe na scéime, in ionad an tsochair a shonraítear i bhfo-alt (4), pinsean teagmhasach, arna ríomh de réir mhír 1 de Chuid A den Dara Sceideal, a chur ar fáil faoin scéim agus measfar gur cuid de shochar caomhnaithe an chomhalta sin an sochar sin.

(b) Chun críocha mhír (a), déanfar tagairtí i mír 1 de Chuid A den Dara Sceideal do shochar fadseirbhíse a fhorléiriú mar thagairtí do phinsean teagmhasach de réir bhrí an ailt seo.

(6) I gcás comhalta de scéim a bheith i dteideal sochair fadseirbhíse bhreise faoin scéim de bhrí gur íocadh ranníocaí saorálacha breise, déanfar sochar caomhnaithe i leith an tsochair sin a ríomh de réir mhír 3 de Chuid A den Dara Sceideal agus cuirfear ar fáil é de bhreis ar an sochar caomhnaithe faoi fho-alt (2):

Ar choinníoll, má bhíonn an comhalta tar éis aisíoc aon ranníocaí den sórt sin a fháil a d'íoc sé le linn aon tréimhse seirbhíse ináirithe roimh thosach feidhme na Coda seo, go ndéanfar ansin, le linn méid aon sochair chaomhnaithe faoin bhfo-alt seo a bheith á ríomh, neamhaird a thabhairt ar aon tréimhse seirbhíse ináirithe roimh thosach feidhme na Coda seo.

(7) I gcás go mbeidh sochar fadseirbhíse breise deonaithe do chomhalta faoi scéim i leith cearta fabhraithe a aistriú ó scéim eile, cuirfear an sochar sin ar fáil de bhreis ar an sochar caomhnaithe faoi fho-alt (2):

Ar choinníoll, má bhíonn an comhalta tar éis aisíoc na ranníocaí a fháil a d'íoc sé leis an scéim eile roimh thosach feidhme na Coda seo, is ranníocaí a bhí ar áireamh sna cearta a aistríodh ón scéim eile, go ndéanfar ansin, le linn méid aon sochair chaomhnaithe faoin bhfo-alt seo a bheith á ríomh, neamhaird a thabhairt ar aon sochar fadseirbhíse breise a bhí fabhraithe faoin scéim eile sin roimh thosach feidhme na Coda seo.

Sochar caomhnaithe — scéim ranníoca shainithe.

30. —(1) San alt seo—

forléireofar “ranníocaí cuí” de réir fho-ailt (4), (5) agus (6);

ciallaíonn “scéim” scéim ranníoca shainithe.

(2) Cuirfear sochar caomhnaithe ar fáil faoi scéim agus is sochar a bheidh ann arb ionann a luach achtúireach ar an dáta a dtosófar á íoc agus luach carnaithe na ranníocaí cuí faoin scéim i leith an chomhalta lena mbaineann ar an dáta sin.

(3) Ar chomhalta de scéim atá i dteideal sochair chaomhnaithe d'fháil bháis sula dtosóidh an sochar sin de bheith iníoctha, beidh méid iníoctha ina leith sin faoin scéim lena ionadaí pearsanta ar méid é is ionann agus luach carnaithe na ranníocaí cuí faoin scéim i leith an chomhalta díreach roimh bhás dó.

(4) Faoi réir fho-ailt (5) agus (6), is iad na ranníocaí cuí na ranníocaí a d'íoc an comhalta lena mbaineann, nó a íocadh ina leith, chun críocha sochair fadseirbhíse ó thosach feidhme na Coda seo, nó, más déanaí é, ón dáta a dtosóidh an fhostaíocht iomchuí, ach gan ranníocaí saorálacha breise, ná aon íocaíocht in ionannas d'aistriú ar chearta fabhraithe ó scéim eile, a áireamh.

(5) I gcás comhalta de scéim a bheith i dteideal sochair fadseirbhíse bhreise faoin scéim de bhrí gur íocadh ranníocaí saorálacha breise, is iad na ranníocaí cuí na ranníocaí sin go léir:

Ar choinníoll, má bhíonn an comhalta tar éis aisíoc aon ranníocaí den sórt sin a fháil a d'íoc sé roimh thosach feidhme na Coda seo, gurb iad na ranníocaí cuí na ranníocaí a d'íoc sé ó thosach feidhme na Coda seo.

(6) I gcás go mbeidh sochar fadseirbhíse breise deonaithe do chomhalta faoi scéim i leith cearta fabhraithe a aistriú ó scéim eile, is iad na ranníocaí cuí méid na híocaíochta a fuair iontaobhaithe na scéime i leith na gceart fabhraithe sin:

Ar choinníoll, má bhíonn an comhalta tar éis aisíoc na ranníocaí a fháil a d'íoc sé roimh thosach feidhme na Coda seo faoin scéim sin, is ranníocaí a bhí ar áireamh sna cearta a aistríodh, gurb iad na ranníocaí cuí an chuid den íocaíocht a fuair na hiontaobhaithe a bhí in ionannas do chearta a d'fhabhraigh tar éis an tosach feidhme sin.

(7) I gcás sochair faoi scéim a bheith urraithe faoi pholasaí árachais amháin nó níos mó, ansin, chun críocha na Coda seo, is é an luach carnaithe a bheidh, ar an dáta a dtosófar ar an sochar caomhnaithe a íoc, ag na ranníocaí cuí a d'íoc comhalta nó a íocadh thar a cheann, ná an cion d'fháltais gach polasaí den sórt sin is infheidhme maidir leis na ranníocaí sin.

Sochar caomhnaithe a íoc.

31. —(1) Beidh sochar caomhnaithe iníoctha as acmhainní na scéime.

(2) Ach amháin mar a fhoráiltear sa Chuid seo, beidh sochar caomhnaithe iníoctha de réir agus faoi réir rialacha na scéime arb iad na rialacha iad amhail ar dháta foirceanta na fostaíochta iomchuí.

Neamhtheideal chun aisíoc ranníocaí a fháil.

32. —Aon chomhalta de scéim atá i dteideal sochar caomhnaithe a fháil faoin scéim de réir fhorálacha na Coda seo, ní bheidh sé i dteideal aisíoc aon ranníocaí a fháil a íocfar leis an scéim sin tar éis thosach feidhme na Coda seo.

Sochar caomhnaithe a athluacháil.

33. —(1) San alt seo agus i gCuid B den Dara Sceideal ciallaíonn “bliain athluachála” bliain dar tosach 5 bliana ar a laghad tar éis thosach feidhme na Coda seo.

(2) Más rud é, maidir le haon sochar caomhnaithe is iníoctha faoi scéim shochair shainithe le comhalta, nó i leith comhalta, agus a ríomhtar de réir mhír 1 nó 3, nó de réir na míreanna sin araon, de Chuid A den Dara Sceideal, go mbeidh tréimhse bliana ar a laghad idir—

(a) tosach na chéad bhliana athluachála nó an dáta a gcríochnaíonn fostaíocht iomchuí an chomhalta, cibé acu is déanaí, agus

(b) an dáta a mbaineann nó a mbainfeadh sé amach gnáthaois inphinsin nó dáta a bháis, cibé acu is luaithe,

ansin, déanfar an sochar caomhnaithe a athluacháil gach bliain a luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana athluachála de réir fhorálacha Chuid B den Sceideal sin.

(3) Ní dhéanfar athlúacháil faoin alt seo i leith comhalta de scéim—

(a) tar éis an dáta a n-íoctar sochar caomhnaithe leis nó ina leith, nó

(b) tar éis an dáta a mbaineann sé amach gnáthaois inphinsin, nó

(c) tar éis dháta a bháis,

cibé acu is luaithe.

(4) Déanfaidh an tAire maidir le gach bliain athluachála, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, an céatadán (dá ngairtear “an céatadán athluachála” san Acht seo) a fhorordú a mbeidh an sochar caomhnaithe le méadú trína athluacháil faoin alt seo don bhliain sin.

(5) Is é an céatadán a fhorordófar faoi fho-alt (4) maidir le bliain athluachála—

(a) an céatadán arb ionann é agus an méadú ar an leibhéal ginearálta praghsanna do thomhaltóirí i rith na bliana sin arna ríomh ag an Aire ar cibé caoi is cuí leis, nó

(b) 4 faoin gcéad,

cibé acu is lú.

(6) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, an céatadán a shonraítear i bhfo-alt (5) (b) a athrú, ach ní bheidh feidhm ag aon athrú den sórt sin i gcás sochair chaomhnaithe a n-eascraíonn an teideal chuige roimh dháta déanta na rialachán lena mbaineann.

(7) Más rud é, i dtuairim an Aire, nach raibh aon mhéadú ar an leibhéal ginearálta praghsanna do thomhaltóirí i rith bliana athluachála, ní fhorordóidh sé céatadán faoi fho-alt (4) i ndáil leis an mbliain sin agus ní dhéanfar an athluacháil a bheadh, murach an fo-alt seo, le déanamh ar aon sochar caomhnaithe a luaithe is féidir tar éis dheireadh na bliana sin.

Teideal chun íocaíocht aistritheach a fháil.

34. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le comhalta de scéim mhaoinithe atá i dteideal sochair chaomhnaithe faoin gCuid seo.

(2) Beidh comhalta de scéim lena mbaineann an t-alt seo i dteideal go n-aistreofaí méid airgid ón scéim (dá ngairtear “íocaíocht aistritheach” sa Chuid seo) de réir fho-alt (3), ar méid é is comhionann—

(a) i gcás scéim shochair shainithe, le luach achtúireach an tsochair chaomhnaithe ar an dáta a bhfaighidh na hiontaobhaithe an t-iarratas iomchuí faoi fho-alt (3), agus

(b) i gcás scéim ranníoca shainithe, le luach carnaithe na ranníocaí cuí faoin scéim i leith an chomhalta ar an dáta sin:

Ar choinníoll, i gcás sochair faoi scéim den sórt sin a bheith urraithe faoi pholasaí árachais amháin nó níos mó, gurb é luach carnaithe na ranníocaí cuí ná an cion d'fháltais gach polasaí den sórt sin is infheidhme maidir leis na ranníocaí sin.

(3) Aon chomhalta de scéim atá i dteideal íocaíocht aistritheach a fháil faoi fho-alt (2), féadfaidh sé an ceart sin a fheidhmiú trí iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig iontaobhaithe na scéime ag tabhairt cibé faisnéise dóibh a cheanglóidh siad le réasún agus á ordú dóibh an íocaíocht aistritheach a chur chun feidhme—

(a) chun íocaíocht a dhéanamh le scéim eile, nó

(b) chun íocaíocht amháin nó níos mó a dhéanamh atá le déanamh faoi pholasaithe nó conarthaí árachais atá bainte amach thar ceann an chomhalta le gnóthas amháin nó níos mó (de réir bhrí an Achta Árachais, 1989 ) agus atá ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi Chaibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1972 .

(4) I gcás ina bhfaighidh iontaobhaithe scéime iarratas faoi fho-alt (3), cuirfidh siad an íocaíocht aistritheach lena mbaineann chun feidhme, laistigh den tréimhse 3 mhí tar éis dháta an iarratais a fháil, ar an gcaoi a bheidh ordaithe leis an iarratas faoi fho-alt (3).

(5) I gcás—

(a) go mbeidh duine tar éis an teideal a thugtar dó faoi fho-alt (2) a fheidhmiú, agus

(b) go mbeidh iontaobhaithe na scéime a bhfuil an íocaíocht aistritheach á déanamh aisti tar éis forálacha fho-alt (4) a chomhlíonadh,

ansin beidh siad urscaoilte ó aon oibleagáid sochair lena mbaineann an íocaíocht aistritheach a chur ar fáil.

(6) I gcás ina n-ordóidh comhalta scéime go gcuirfear íocaíocht aistritheach chun feidhme de réir fho-alt (3) (a), glacfaidh iontaobhaithe na scéime lena bhfuil an íocaíocht aistritheach á déanamh leis an íocaíocht sin agus déanfaidh siad sochair, arb ionann a luach achtúireach agus méid na híocaíochta aistrithí, a chur ar fáil i cibé foirm a chinnfidh siad.

(7) Ní bheidh comhalta scéime i dteideal íocaíocht aistritheach a fháil faoin alt seo más rud é—

(a) go mbeidh tosaithe ar a shochar caomhnaithe a íoc, nó

(b) go mainneoidh sé an teideal a fheidhmiú laistigh de thréimhse 2 bhliain (nó cibé tréimhse is faide ná sin dá bhforálfar sa scéim nó ar a gcinnfidh iontaobhaithe na scéime) tar éis an dáta ar chríochnaigh an fhostaíocht iomchuí lena mbaineann.

Cumhacht iontaobhaithe íocaíocht aistritheach a dhéanamh.

35. —(1) D'ainneoin aon ní in alt 34, féadfaidh iontaobhaithe scéime, i cibé imthosca a bheidh forordaithe, in ionad sochar caomhnaithe a chur ar fáil as acmhainní na scéime, íocaíocht aistritheach a dhéanamh as an scéim, gan toiliú an chomhalta lena mbaineann, trí íocaíocht amháin nó níos mó dá dtagraítear in alt 34 (3) (b) a dhéanamh.

(2) I gcás ina mbeidh iontaobhaithe scéime tar éis íocaíocht aistritheach a dhéanamh de réir fho-alt (1), beidh siad urscaoilte ó aon oibleagáid sochair lena mbaineann an íocaíocht aistritheach a chur ar fáil.

Ní thabharfar aird ar fhorálacha scéimeanna a bhaineann le forghéilleadh agus lian.

36. —Ní thabharfar aird, chun críche na Coda seo, ar aon fhoráil de chuid scéime—

(a) ina bhforáiltear d'fhorghéilleadh sochair chaomhnaithe, nó

(b) a chumasaíonn d'fhostóir comhalta lian a fheidhmiú ar shochar caomhnaithe an chomhalta.

Eisiamh ó Chuid III agus ón Dara Sceideal agus modhnú orthu.

37. —(1) I gcás inarb é tuairim an Aire, maidir leis na sochair a chuirtear ar fáil faoi scéimeanna nó earnálacha scéimeanna i rith tréimhse is dóigh leis an Aire atá réasúnta fada chun críocha an fho-ailt seo, nach lú fabhar iad do na comhaltaí lena mbaineann ná na sochair a gceanglaítear leis an Acht seo iad a chur ar fáil faoi na scéimeanna nó na hearnálacha scéimeanna, féadfaidh sé, le rialacháin arna ndéanamh le toiliú an Aire Airgeadais, na scéimeanna sin nó na hearnálacha sin scéimeanna a eisiamh ó fheidhm na Coda seo agus an Dara Sceideal.

(2) I gcás inar dóigh leis an Aire go mbeadh sé míréasúnach, ag féachaint dá gcineál agus dá ngné, agus go mbeadh sé contrártha do leasanna a gcuid comhaltaí, a cheangal go gcomhlíonfadh scéimeanna sonraithe nó earnálacha sonraithe scéimeanna go hiomlán forálacha sonraithe den Chuid seo agus den Dara Sceideal, féadfaidh sé, le rialacháin arna ndéanamh le toiliú an Aire Airgeadais, a fhoráil go mbeidh feidhm ag na forálacha sin i ndáil leis na scéimeanna sin nó na hearnálacha sin scéimeanna fara modhnuithe sonraithe, is modhnuithe is dóigh leis an Aire a bheith réasúnach agus nach ndéanann athrú ábhartha ar na forálacha sin.

(3) I gcás ina bhforálfaidh an tAire amhlaidh le rialacháin, ansin, d'ainneoin aon ní sa Chuid seo, sna cásanna a bheidh sonraithe sna rialacháin—

(a) féadfar tréimhse seirbhíse ináirithe duine faoi scéim i bhfostaíochtaí éagsúla a áireamh, chun críocha na Coda seo, mar thréimhse seirbhíse ináirithe faoin scéim i cibé ceann amháin nó níos mó de na fostaíochtaí sin a bheidh sonraithe;

(b) féadfar seirbhís ináirithe duine in aon fhostaíocht a áireamh, i gcás an fhostaíocht sin a bheith bearnaithe, mar sheirbhís atá foirceanta nó nach bhfuil foirceanta.

(4) Féadfaidh an tAire le rialacháin an modh a shonrú ina ndéanfar sochar caomhnaithe is iníoctha faoi scéimeanna a ríomh agus chun cibé coigeartuithe a dhéanamh ar mhéideanna an tsochair sin is gá chun a ríomh a éascú.

Cd.III Easaontas idir Cuid III agus scéimeanna.

38. —(1) Beidh sáraíocht ag forálacha na Coda seo, aon rialachán arna ndéanamh fúithi agus an Dara Sceideal ar aon riail scéime sa mhéid go mbeidh easaontas idir an riail sin agus na forálacha sin.

(2) Maidir le haon cheist i dtaobh—

(a) cibé acu atá easaontas idir aon fhoráil den Chuid seo (lena n-áirítear feidhm aon fhorála arna modhnú le rialacháin), aon rialacháin arna ndéanamh fúithi nó an Dara Sceideal, agus aon riail scéime, nó

(b) cibé acu is scéim shochair shainithe nó scéim ranníoca shainithe chun críocha na Coda seo aon scéim,

is é an Bord a chinnfidh í, ar iarratas chuige sin a bheith déanta i scríbhinn chuige ag duine a shonraítear i bhfo-alt (3).

(3) Beidh na daoine seo a leanas i dteideal iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (2) maidir le scéim:

(a) iontaobhaithe na scéime;

(b) aon duine is fostóir daoine i bhfostaíocht iomchuí lena mbaineann an scéim;

(c) aon chomhalta nó comhalta ionchasach den scéim;

(d) cibé daoine eile (más ann) a bheidh forordaithe, ar daoine iad ar chóir dóibh, i dtuairim an Aire, a bheith i dteideal iarratas den sórt sin a dhéanamh.

(4) Féadfaidh an duine a rinne an t-iarratas lena mbaineann faoi fho-alt (2), nó duine a bhí i dteideal é a dhéanamh, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí in aghaidh cinnidh ón mBord faoi fho-alt (2) i ndáil le scéim.

Féadfaidh scéimeanna sochair níos airde a chur ar fáil.

39. —Ní dhéanfar aon ní sna forálacha eile den Chuid seo nó sa Dara Sceideal a fhorléiriú mar ní a chuireann de chosc ar scéim sochair a chur ar fáil, in ionad sochair chaomhnaithe, de réir scála is airde, nó is iníoctha aon tráth is luaithe nó is fabhraí ar shlí eile ná mar a fhoráiltear faoin gCuid seo:

Ar choinníoll—

(a) go mbeidh luach achtúireach na sochar sin comhionann le, nó níos mó ná, luach achtúireach sochair chaomhnaithe,

(b) ar chomhalta d'fháil bháis sula dtosóidh aon sochar den sórt sin de bheith iníoctha, nach lú a mhéid ná an méid ab iníoctha, murach an t-alt seo, de bhua alt 29 (4) nó 30 (3), de réir mar is cuí,

(c) nach mbeidh comhalta, atá i dteideal sochar caomhnaithe a fháil faoin gCuid seo, i dteideal aisíoc aon ranníocaí a fháil a íocfar leis an scéim tar éis thosach feidhme na Coda seo.

CUID IV

Caighdeán Maoiniúcháin

Léiriú (Cuid IV).

40. —Sa Chuid seo agus sa Tríú Sceideal, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

tá le “deimhniú maoiniúcháin achtúireach” an bhrí a shanntar dó in alt 42;

tá le “an dáta éifeachtach” an bhrí a shanntar dó in alt 42;

tá le “togra maoiniúcháin” an bhrí a shanntar dó in alt 49;

forléireofar “caighdeán maoiniúcháin” de réir alt 44;

ciallaíonn “scéim iomchuí” scéim a bhfuil feidhm ag an gCuid seo maidir léi de bhua alt 41;

ciallaíonn “céatadán deimhnithe” céatadán a bheidh sonraithe chun críocha alt 45 (4);

tá le “céatadán sonraithe” an bhrí a shanntar dó le halt 44.

Feidhm (Cuid IV).

41. —Faoi réir alt 52, beidh feidhm ag an gCuid seo maidir le haon scéim seachas scéim ranníoca shainithe.

Deimhniú maoiniúcháin achtúireach.

42. —(1) Déanfaidh iontaobhaithe scéime iomchuí deimhniú, dá ngairtear “deimhniú maoiniúcháin achtúireach” sa Chuid seo agus sa Tríú Sceideal, a chur faoi bhráid an Bhoird ó am go ham de réir alt 43.

(2) Cuirfidh iontaobhaithe scéime iomchuí faoi deara go ndéanfaidh achtúire deimhnithe maoiniúcháin achtúireacha a ullmhú agus deimhneoidh seisean iontu gurb amhlaidh, ar an dáta, dá ngairtear “an dáta éifeachtach” sa Chuid seo, a ndéantar dliteanais agus acmhainní na scéime a ríomh chun críocha alt 44—

(a) go gcomhlíonann an scéim an caighdeán maoiniúcháin dá bhforáiltear in alt 44, nó

(b) nach gcomhlíonann an scéim an caighdeán maoiniúcháin.

(3) I gcás scéime iomchuí a thosaigh roimh thosach feidhme na Coda seo déanfar, sa chéad deimhniú maoiniúcháin achtúireach a chuirfear faoi bhráid an Bhoird de réir alt 43, an céatadán deimhnithe i ndáil leis an scéim a lua freisin.

(4) Is i cibé foirm a bheidh forordaithe a bheidh deimhniú maoiniúcháin achtúireach.

Dátaí éifeachtacha do dheimhnithe maoiniúcháin achtúireacha.

43. —(1) Is é an dáta éifeachtach don chéad deimhniú maoiniúcháin achtúireach—

(a) i gcás scéime iomchuí a thosaigh roimh thosach feidhme na Coda seo, dáta nach déanaí ná 3 bliana tar éis an tosach feidhme sin, agus

(b) i gcás scéime iomchuí a thosaigh ar an tosach feidhme sin nó dá éis, dáta nach déanaí ná 3½ bliana tar éis thosach feidhme na scéime,

agus is é an dáta éifeachtach do dheimhniú maoiniúcháin achtúireach dá éis sin, dáta nach déanaí ná 3½ bliana tar éis dháta éifeachtach an deimhnithe díreach roimhe sin.

(2) Mura bhforordófar a mhalairt, cuirfidh iontaobhaithe na scéime deimhniú maoiniúcháin achtúireach faoi bhráid an Bhoird laistigh de 9 mí ó dháta éifeachtach an deimhnithe.

Forálacha a bhaineann le caighdeán maoiniúcháin.

44. —Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den Chuid seo, measfar an caighdeán maoiniúcháin a bheith comhlíonta ag scéim iomchuí más rud é, i dtuairim an achtúire, go mbeadh acmhainní na scéime, i gcás go ndéanfaí an scéim a fhoirceannadh ar dháta éifeachtach an deimhnithe maoiniúcháin achtúirigh, leordhóthanach ar an dáta sin faoi chomhair—

(a) dliteanais na scéime arb éard iad—

(i) sochair atá i gcúrsa a n-íoctha lena mbaineann mír 1 den Tríú Sceideal,

(ii) sochair, seachas iad sin dá dtagraítear i bhfomhír (i), arb éard iad sochair bhreise arna n-urrú nó arna ndeonú faoin scéim, thar ceann an chomhalta lena mbaineann, ar mhodh ranníocaí saorálacha breise nó aistriú ceart ó scéim eile lena mbaineann mír 2 den Tríú Sceideal,

(iii) sochair, seachas iad sin dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii), is iníoctha i leith seirbhíse ináirithe a chríochnófar tar éis thosach feidhme na Coda seo lena mbaineann mír 3 den Tríú Sceideal, agus

(iv) an céatadán (dá ngairtear an “céatadán sonraithe” sa Chuid seo) d'aon sochair, seachas iad sin dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii), is iníoctha i leith seirbhíse ináirithe a críochnaíodh roimh an tosach feidhme sin lena mbaineann mír 4 den Tríú Sceideal, agus

(b) na gcaiteachas measta a bhaineann le foirceannadh na scéime a riar.

Forálacha a bhaineann le scéimeanna a thosaíonn roimh thosach feidhme na Coda seo.

45. —(1) Baineann an t-alt seo le scéimeanna iomchuí a tháinig i ngníomh roimh thosach feidhme na Coda seo.

(2) Cinnfidh an t-achtúire an céatadán, más ann, de na sochair faoi scéim lena mbaineann mír 4 den Tríú Sceideal a d'fhéadfadh, ina thuairim, a bheith curtha ar fáil, ar dháta éifeachtach an chéad deimhnithe maoiniúcháin achtúirigh i ndáil leis an scéim, as acmhainní na scéime dá mba rud é—

(a) go ndearnadh foirceannadh ar an scéim ar an dáta sin, agus

(b) (i) go raibh dliteanais na scéime i leith sochar faoin scéim a shonraítear i bhfomhíreanna (i), (ii) agus (iii) d'fho-alt (a) d'alt 44, agus

(ii) go raibh na caiteachais mheasta a bhaineann le foirceannadh a riar,

urscaoilte cheana féin as acmhainní na scéime.

(3) Le linn an céatadán dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a bheith á chinneadh, beidh aird ag an achtúire ar an ord tosaíochta a thugtar do gach earnáil comhaltais i rialacha na scéime lena mbaineann maidir lena foirceannadh ach sin a mhéid amháin atá feidhm acu maidir leis na sochair lena mbaineann an mhír sin 4 agus féadfaidh an t-achtúire céatadán éagsúil a chinneadh maidir le gach earnáil comhaltais den sórt sin.

(4) Luafar, sa chéad deimhniú maoiniúcháin achtúireach i ndáil le scéim, céatadán maidir le gach earnáil comhaltais a bhfuil, de bhun fho-alt (3), feidhm ag céatadán éagsúil maidir léi (dá ngairtear “an céatadán deimhnithe” sa Chuid seo), arb é an ceann is lú díobh seo a leanas é, eadhon—

(a) an céatadán a chinnfidh an t-achtúire de bhun fho-ailt (2) agus (3), agus

(b) 100 faoin gcéad.

(5) Chun críocha na Coda seo—

(a) i gcás go mbaineann deimhniú maoiniúcháin achtúireach le dáta éifeachtach nach mó ná 10 mbliana tar éis thosach feidhme na Coda seo, is é an céatadán sonraithe an céatadán deimhnithe,

(b) i gcás go mbaineann deimhniú maoiniúcháin achtúireach le dáta éifeachtach is mó ná 10 mbliana tar éis an tosach feidhme sin agus gur scéim mhaoinithe a bhí sa scéim áirithe ar an tosach feidhme sin, is é an céatadán sonraithe 100 faoin gcéad.

Nithe a mbeidh aird ag an achtúire orthu.

46. —(i) Le linn dó deimhniú maoiniúcháin achtúireach a chomhlánú, beidh aird ag an achtúire, i dteannta na forálacha iomchuí eile den Chuid seo a chomhlíonadh, ar cibé toimhdeana airgeadais nó eile is dóigh leis is cuí ar dháta éifeachtach an deimhnithe.

(2) Le linn dó na sochair a bheidh le híoc ar fhoirceannadh scéime iomchuí a chinneadh, beidh aird ag an achtúire, i dteannta alt 48 a chomhlíonadh, ar cibé toimhdeana airgeadais nó eile is dóigh leis is cuí.

Teorainneacha le ríomh acmhainní scéime iomchuí.

47. —Maidir le haon ríomhaireacht a dhéanfar chun críocha na Coda seo, déanfar infheistíochtaí de bhreis ar chéatádán forordaithe laistigh d'aicme nó de thuairisc fhorordaithe infheistíochtaí a eisiamh ó acmhainní scéime iomchuí ar dháta ar bith lena mbaineann an ríomhaireacht sin.

Tosaíochtaí ar fhoirceannadh scéime iomchuí.

48. —D'ainneoin aon ní i rialacha scéime iomchuí atá á foirceannadh, déanfar acmhainní na scéime atá á foirceannadh a chur chun feidhme, tráth an fhoirceanta, chun a áirithiú—

(a) sa chéad áit, go leanfar de na sochair a shonraítear i mír 1 den Tríú Sceideal a íoc leis na daoine sin, nó i leith na ndaoine sin, a bhí, ar dháta an fhoirceanta, ag fáil na sochar sin, agus

(b) sa dara háit, go n-íocfar na sochair a shonraítear i míreanna 2 agus 3 den Tríú Sceideal leis na comhaltaí sin, nó i leith na gcomhaltaí sin, den scéim a bhí, ar dháta an fhoirceanta, laistigh de na hearnálacha dá dtagraítear sna míreanna sin,

sula n-urscaoilfear aon dliteanais eile de chuid na scéime:

Ar choinníoll, áfach, go mbeidh na caiteachais, na táillí agus na costais a bhaineann le foirceannadh na scéime iníoctha i dtosaíocht ar aon éilimh eile ar an scéim.

Togra maoiniúcháin.

49. —(1) Más rud é, de réir fhorálacha alt 43, go gcuirfidh iontaobhaithe scéime deimhniú maoiniúcháin achtúireach isteach a dheimhníonn nach gcomhlíonann an scéim, ar dháta éifeachtach an deimhnithe, an caighdeán maoiniúcháin, cuirfidh siad togra (dá ngairtear “togra maoiniúcháin” sa Chuid seo) faoi bhráid an Bhoird de réir fhorálacha an ailt seo.

(2) Maidir le togra maoiniúcháin—

(a) beidh togra ann atá ceaptha chun a chinntiú go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, i dtuairim an achtúire, go gcomhlíonfadh an scéim an caighdeán maoiniúcháin ar dháta éifeachtach an chéad deimhnithe maoiniúcháin achtúirigh eile,

(b) beidh sé deimhnithe ag an achtúire mar thogra a chomhlíonann ceanglais mhír (a),

(c) beidh sé sínithe ag an bhfostóir, nó thar ceann an fhostóra, mar chomhartha go gcomhaontaíonn sé leis an togra, agus

(d) cuirfidh iontaobhaithe na scéime an togra maoiniúcháin sin faoi bhráid an Bhoird i dteannta an deimhnithe maoiniúcháin achtúirigh lena mbaineann sé.

(3) Féadfaidh an Bord, más dóigh leis gur gá nó gur cuí é in aon chás áirithe, ceanglaís fho-alt (2) a mhodhnú i leith na scéime nó na scéimeanna lena mbaineann an cás sin i cibé imthosca agus ar cibé téarmaí is cuí leis.

Ordachán ón mBord chuig iontaobhaithe.

50. —(1) Féadfaidh an Bord, le fógra i scríbhinn, a ordú d'iontaobhaithe scéime cibé bearta a dhéanamh is gá chun laghdú a dhéanamh, maidir le comhaltaí na scéime atá i bhfostaíocht iomchuí an tráth sin, ar na sochair a bheadh iníoctha leo nó ina leith as an scéim i gcás—

(a) go mainneoidh iontaobhaithe na scéime deimhniú maoiniúcháin achtúireach a chur isteach laistigh den tréimhse a shonraítear in alt 43, nó

(b) go ndeimhneofar sa deimhniú maoiniúcháin achtúireach nach gcomhlíonann an scéim an caighdeán maoiniúcháin agus nach mbeidh togra maoiniúcháin curtha isteach ag iontaobhaithe na scéime de réir alt 49.

(2) Maidir leis an laghdú ar shochair faoi fho-alt (1), is de chineál é a fhágfaidh go gcomhlíonfadh an scéim, i dtuairim an achtúire lena mbaineann, an caighdeán maoiniúcháin de réir alt 44 díreach tar éis an laghdaithe.

(3) I gcás ina dtabharfaidh an Bord ordachán faoi fho-alt (1), déanfaidh iontaobhaithe na scéime—

(a) fógra faoin laghdú ar shochair a thabhairt do chomhaltaí na scéime laistigh de thréimhse 2 mhí, nó cibé tréimhse is faide ná sin is cuí leis an mBord,

(b) laistigh de thréimhse bhreise míosa, na nithe seo a leanas a chur faoi bhráid an Bhoird—

(i) sonraí an laghdaithe ar shochair, lena n-áirítear cóipeanna de na fógraí a eisíodh chuig comhaltaí na scéime, agus

(ii) deimhniú maoiniúcháin achtúireach á dheimhniú go gcomhlíonann an scéim, ar an dáta éifeachtach, arb é dáta an laghdaithe ar shochair é, an caighdeán maoiniúcháin.

Cáilíocht duine chun a cheaptha mar achtúire scéime.

51. —(1) Ní bheidh duine cáilithe chun a cheaptha mar achtúire chun críocha an Achta seo do scéim—

(a) mura mbeidh na cáilíochtaí forordaithe aige, nó

(b) más comhalta é d'aicme daoine a bheidh forordaithe de thuras na huaire chun críocha an ailt seo.

(2) Ní ghníomhóidh duine mar achtúire do scéim áirithe tráth a mbeidh sé dícháilithe faoin Acht seo chun a cheaptha chun na hoifige sin agus, má thagann achtúire scéime chun bheith dícháilithe amhlaidh le linn a théarma oifige mar achtúire den sórt sin, scarfaidh sé air sin lena oifig agus tabharfaidh sé fógra i scríbhinn d'iontaobhaithe na scéime go bhfuil scartha aige lena oifig mar gheall ar an dícháilíocht sin.

Eisiamh ó Chuid IV agus ón Tríú Sceideal agus modhnú orthu.

52. —(1) I gcás inar dóigh leis an Aire go ndéantar nó go bhféadfar cuid de na sochair, nó na sochair go léir, faoi scéimeanna sonraithe nó faoi earnálacha sonraithe scéimeanna a íoc go hiomlán nó go páirteach as airgead a chuirtear ar fáil as an bPríomh-Chiste nó as airgead a sholáthraíonn an tOireachtas, féadfaidh sé, le rialacháin arna ndéanamh le toiliú an Aire Airgeadais, na scéimeanna sin nó na hearnálacha sin scéimeanna a eisiamh ó fheidhm na Coda seo agus an Tríú Sceideal.

(2) I gcás inar dóigh leis an Aire—

(a) go mbeadh sé míréasúnach, ag féachaint dá gcineál, dá ngné agus dá n-acmhainní agus do na modhanna ar a maoinítear sochair is iníoctha fúthu, agus

(b) go mbeadh sé contrártha do leasanna a gcuid comhaltaí,

a cheangal go gcomhlíonfadh scéimeanna sonraithe nó earnálacha sonraithe scéimeanna go hiomlán forálacha sonraithe den Chuid seo agus den Tríú Sceideal, féadfaidh sé, le rialacháin arna ndéanamh le toiliú an Aire Airgeadais, a fhoráil go mbeidh feidhm ag na forálacha sin i ndáil leis na scéimeanna sin nó na hearnálacha sin scéimeanna fara modhnuithe sonraithe, is modhnuithe is dóigh leis an Aire a bheith réasúnach agus nach ndéanann athrú ábhartha ar na forálacha sin.

Easaontas idir Cuid IV agus scéimeanna.

53. —(1) Beidh sáraíocht ag forálacha na Coda seo agus aon rialachán arna ndéanamh fúithi ar aon riail scéime sa mhéid go mbeidh easaontas idir an riail sin agus na forálacha sin.

(2) Maidir le haon cheist i dtaobh—

(a) cibé acu atá easaontas idir aon fhoráil den Chuid seo (lena n-áirítear aon fhoráil den sórt sin arna modhnú le rialacháin), aon rialachán arna ndéanamh fúithi nó an Tríú Sceideal, agus aon riail scéime, nó

(b) cibé acu is scéim shochair shainithe nó scéim ranníoca shainithe chun críocha na Coda seo aon scéim,

is é an Bord a chinnfidh í, ar iarratas chuige sin a bheith déanta i scríbhinn chuige ag duine atá, i ndáil leis an scéim, ag freagairt do dhuine a luaitear in alt 38 (3) i ndáil le scéim a luaitear ansin.

(3) Féadfaidh an duine a rinne an t-iarratas lena mbaineann faoi fho-alt (2), nó duine a bhí i dteideal é a dhéanamh, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí in aghaidh cinnidh ón mBord faoi fho-alt (2) i ndáil le scéim.

CUID V

Nochtadh Faisnéise i nDáil le Scéimeanna

Nochtadh faisnéise i ndáil le scéimeanna.

54. —(1) Beidh sé de dhualgas ar iontaobhaithe scéime faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas a thabhairt do na daoine a shonraítear i bhfo-alt (2), is é sin le rá—

(a) comhdhéanamh na scéime,

(b) riar agus airgeadas na scéime,

(c) na cearta agus na hoibleagáidí atá nó a fhéadfaidh a bheith ann faoin scéim, agus

(d) cibé nithe eile is dóigh leis an Aire is iomchuí do scéimeanna i gcoitinne nó do scéimeanna de thuairisc áirithe lena mbaineann an scéim agus a bheidh forordaithe.

(2) Is iad na daoine lena mbaineann fo-alt (1)—

(a) comhaltaí agus comhaltaí ionchasacha na scéime,

(b) céilí comhaltaí agus comhaltaí ionchasacha na scéime,

(c) daoine atá laistigh de réim na scéime agus a cháilíonn, nó a cháilíonn go hionchasach, le haghaidh a cuid sochar,

(d) ceardchumann údaraithe a fheidhmíonn do na comhaltaí lena mbaineann.

(3) D'ainneoin fho-alt (1), féadfaidh an tAire a fhoráil le rialacháin go ndéanfaidh iontaobhaithe na scéime faisnéis i ndáil le cibé de na nithe a dúradh a bheidh sonraithe a thabhairt do cibé de na daoine a shonraítear i bhfo-alt (2) a bheidh sonraithe sna rialacháin, ach sin sa chás amháin go n-iarrfaidh na daoine sin amhlaidh.

(4) (a) Féadfaidh iontaobhaithe, achtúire nó iniúchóir scéime a iarraidh ar fhostóir lena mbaineann an scéim cibé faisnéis a thabhairt dóibh nó dó a bheidh ag teastáil uathu nó uaidh le réasún chun críocha a bhfeidhmeanna nó a fheidhmeanna faoin Acht seo nó rialacháin faoi, agus déanfaidh an fostóir de réir aon iarrata den sórt sin.

(b) Féadfaidh achtúire nó iniúchóir scéime a iarraidh ar iontaobhaithe na scéime cibé faisnéis a thabhairt dó a bheidh ag teastáil uaidh le réasún chun críocha a fheidhmeanna faoin Acht seo nó rialacháin faoi, agus déanfaidh na hiontaobhaithe de réir aon iarrata den sórt sin.

(5) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) nó (4) nó rialacháin faoi fho-alt (3), beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

(6) San alt seo ciallaíonn “ceardchumann údaraithe” comhlacht dár eisíodh ceadúnas margántaíochta (de réir bhrí Chuid II den Acht Ceárd-Chumann, 1941 ) faoin gCuid sin II.

Tuarascálacha bliantúla.

55. —(1) Ullmhóidh iontaobhaithe scéime tuarascáil bhliantúil ina mbeidh faisnéis i ndáil le cibé nithe a bheidh forordaithe le toiliú an Aire Airgeadais ar nithe iad a bhaineann le hoibriú na scéime le linn cibé tréimhsí acu seo a leanas a roghnóidh na hiontaobhaithe, is é sin le rá:

(a) gach bliain dar tosach an dáta a bheidh sonraithe chun críche na scéime—

(i) in aon doiciméad a chuimsíonn an scéim nó atá ar áireamh sna doiciméid a chuimsíonn í, nó

(ii) i rialacha na scéime,

(b) gach bliain dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, nó

(c) gach bliain dar tosach cibé lá eile ar a gcomhaontóidh na hiontaobhaithe agus an Bord.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le scéim—

(a) arb é an t-aon sochar amháin fúithi sochar i leith báis roimh ghnáthaois inphinsin, agus

(b) a mbeidh na hiontaobhaithe tar éis fógra i scríbhinn a thabhairt dá comhaltaí á rá nach dtugann seirbhís ag comhalta san fhostaíocht iomchuí tar éis dháta an fhógra teideal don chomhalta sochar fadseirbhíse a fháil.

Cuntais iniúchta agus luachálacha achtúireacha.

56. —(1) Cuirfidh iontaobhaithe scéime faoi deara go ndéanfaidh iniúchóir na scéime iniúchadh ar chuntais na scéime i leith cibé tréimhsí a bheidh forordaithe agus cuirfidh siad faoi deara go ndéanfaidh achtúire na scéime luacháil ar acmhainní agus dliteanais na scéime ag cibé tráthanna a bheidh forordaithe agus, maidir le gach iniúchadh agus luacháil den sórt sin, cuirfidh siad faoi deara go n-ullmhófar na doiciméid lena mbaineann an t-alt seo.

(2) Is iad na doiciméid lena mbaineann an t-alt seo—

(a) cuntais iniúchta na scéime lena mbaineann,

(b) tuarascáil an iniúchóra maidir leis na cuntais a shonraítear i mír (a), agus

(c) tuarascáil an achtúire maidir leis an luacháil a rinne sé ar shócmhainní agus dliteanais na scéime.

(3) Ní bheidh duine cáilithe chun a cheaptha mar iniúchóir chun críocha an Achta seo ar scéim—

(a) mura comhalta é de chomhlacht cuntasóirí a mbeidh comhaltas de aitheanta ag an Aire Tionscail agus Tráchtála, faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, mar chomhaltas a cháilíonn duine chun bheith ina iniúchóir ar chuid eachta, nó mura mbeidh sé thairis sin údaraithe de thuras na huaire ag an Aire sin faoi na hAchtanna sin chun a cheaptha mar iniúchóir ar chuideachta, nó

(b) más comhalta é d'aicme daoine a bheidh forordaithe de thuras na huaire chun críocha an ailt seo.

(4) Ní ghníomhóidh duine mar iniúchóir ar scéim áirithe tráth a mbeidh sé dícháilithe faoin alt seo chun a cheaptha chun na hoifige sin agus, má thagann iniúchóir ar an scéim chun bheith dícháilithe amhlaidh le linn a théarma oifige mar iniúchóir den sórt sin, scarfaidh sé air sin lena oifig agus tabharfaidh sé fógra i scríbhinn d'iontaobhaithe na scéime go bhfuil scartha aige lena oifig mar gheall ar an dícháilíocht sin.

(5) Féadfar foirm agus ábhar aon doiciméid lena mbaineann an t-alt seo a fhorordú le toiliú an Aire Airgeadais agus comhlíonfaidh na doiciméid sin aon rialachán faoin bhfo-alt seo.

(6) (a) Ní bheidh feidhm ag míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2) maidir le scéim—

(i) nach scéim mhaoinithe,

(ii) arb é an t-aon sochar amháin fúithi sochar i leith báis roimh ghnáthaois inphinsin, agus

(iii) a mbeidh na hiontaobhaithe tar éis fógra i scríbhinn a thabhairt dá comhaltaí á rá nach dtugann seirbhís ag comhalta i bhfostaíocht iomchuí tar éis dháta an fhógra teideal don chomhalta sochar fadseirbhíse a fháil faoin scéim.

(b) Ní bheidh feidhm ag mír (c) d'fho-alt (2) maidir le scéim—

(i) is scéim ranníoca shainithe,

(ii) nach scéim mhaoinithe,

(iii) arb é an t-aon sochar amháin fúithi sochar i leith báis roimh ghnáthaois inphinsin, agus

(iv) a mbeidh na hiontaobhaithe tar éis fógra i scríbhinn a thabhairt dá comhaltaí á rá nach dtugann seirbhís ag comhalta i bhfostaíocht iomchuí tar éis dháta an fhógra teideal don chomhalta sochar fadseirbhíse a fháil faoin scéim.

Modhnú ar Chuid V.

57. —I gcás inar dóigh leis an Aire go mbeadh sé míréasúnach, ag féachaint dá gcineál agus dá ngné agus don mhéid comhaltaí atá iontu, a cheangal go gcomhlíonfadh scéimeanna sonraithe nó earnálacha sonraithe scéimeanna ailt 54, 55 agus 56 go hiomlán, féadfaidh sé, le rialacháin arna ndéanamh le toiliú an Aire Airgeadais, a fhoráil go mbeidh feidhm ag na hailt sin i ndáil leis na scéimeanna sin nó na hearnálacha sin scéimeanna fara modhnuithe sonraithe, is modhnuithe is dóigh leis an Aire a bheith réasúnach agus nach modhnuithe iad de chineál a shaorann na hiontaobhaithe ón oibleagáid cibé faisnéis faoi na hailt sin a thabhairt is cuí sna himthosca go léir.

Easaontas idir Cuid V agus scéimeanna.

58. —(1) Beidh sáraíocht ag forálacha na Coda seo agus aon rialachán arna ndéanamh fúithi ar aon riail scéime sa mhéid go mbeidh easaontas idir an riail sin agus na forálacha sin.

(2) Maidir le haon cheist i dtaobh—

(a) cibé acu atá easaontas idir aon fhoráil den Chuid seo (lena n-áirítear feidhm aon fhorála arna modhnú le rialacháin) nó aon rialachán arna dhéanamh fúithi, agus aon riail scéime, nó

(b) cibé acu is scéim shochair shainithe nó scéim ranníoca shainithe chun críocha na Coda seo aon scéim.

is é an Bord a chinnfidh í, ar iarratas chuige sin a bheith déanta i scríbhinn chuige ag duine atá, i ndáil leis an scéim, ag freagairt do dhuine a luaitear in alt 38 (3) i ndáil leis an scéim a luaitear ann.

(3) Féadfaidh an duine a rinne an t-iarratas lena mbaineann faoi fho-alt (2), nó duine a bhí i dteideal é a dhéanamh, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí in aghaidh cinnidh ón mBord faoi fho-alt (2) i ndáil le scéim.

CUID VI

Iontaobhaithe Scéimeanna

Dualgais ghinearálta iontaobhaithe scéime.

59. —Gan dochar do dhualgais iontaobhaithe i gcoitinne agus i dteannta ceanglais eile an Achta seo a chomhlíonadh, áireofar na nithe seo a leanas i ndualgais iontaobhaithe scéimeanna:

(a) a chinntiú, a mhéid is réasúnach, go bhfaighfear na ranníocaí is iníoctha ag an bhfostóir agus ag comhaltaí na scéime, más cuí;

(b) socrú a dhéanamh le hinfheistiú cuí a dhéanamh ar acmhainní na scéime de réir rialacha na scéime;

(c) comhshocruithe a dhéanamh, más cuí, chun na sochair a íoc mar a fhoráiltear faoi rialacha na scéime de réir mar a thiocfaidh siad chun bheith dlite;

(d) a chinntiú go gcoimeádfar taifid chomhaltais agus airgeadais cuí.

Dualgas scéim a chlárú.

60. —(1) Faoi réir na bhfo-alt seo a leanas, beidh sé de dhualgas ar iontaobhaithe scéime a chinntiú go gclárófar an scéim leis an mBord.

(2) Clárófar scéim tráth nach déanaí ná—

(a) i gcás gur thosaigh an scéim roimh thosach feidhme an ailt seo, bliain tar éis an tosach feidhme sin,

(b) in aon chás eile, bliain tar éis thosach feidhme na scéime.

(3) Beidh sé de dhualgas ar iontaobhaithe scéime cibé faisnéis a bheidh forordaithe chun críocha an ailt seo a chur ar fáil don Bhord i cibé slí a bheidh forordaithe.

Srian leis an Acht Síor-Chistí (Clárú), 1933 .

61. —Ní bheidh feidhm ag ailt 7, 8, 10, 12 (2), ná, a mhéid a bhaineann sé leis na hailt sin, alt 14 den Acht Síor-Chistí (Clárú), 1933 , i gcás scéime.

Comhaltaí scéimeanna maoinithe do roghnú daoine chun a gceaptha mar iontaobhaithe.

62. —(1) Forálfaidh an tAire le rialacháin, maidir le scéimeanna a bhfuil líon nach lú ná líon sonraithe comhaltaí iontu, go bhféadfaidh comhaltaí aon scéime den sórt sin, má chinneann tromlach na gcomhaltaí ar é sin a dhéanamh, duine nó líon sonraithe daoine a roghnú nó, de rogha an tromlaigh sin, roghnú an chéanna ag an bhfostóir lena mbaineann a cheadú, chun a gceaptha mar iontaobhaithe na scéime agus féadfar líonta éagsúla daoine (lena n-áirítear duine amháin) a shonrú amhlaidh le haghaidh scéimeanna éagsúla.

(2) I rialacháin faoin alt seo—

(a) sonrófar an modh ina ndéanfaidh comhaltaí scéimeanna cinntí, agus ina roghnóidh comhaltaí scéimeanna daoine chun a gceaptha mar iontaobhaithe scéimeanna, chun críche fho-alt (1),

(b) féadfar cibé foráil eile a dhéanamh is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach chun críche an ailt seo agus chun a chumasú dó lánéifeacht a bheith aige.

An Ard-Chúirt do cheapadh iontaobhaithe agus dá gcur as oifig.

63. —(1) Féadfaidh an Ard-Chúirt (dá ngairtear “an chúirt” sa Chuid seo), ar iarratas a bheith déanta chuici ag an mBord trí achainí, ordú a dhéanamh chun iontaobhaí nua amháin nó níos mó a cheapadh don scéim in ionad iontaobhaithe láithreacha na scéime.

(2) Féadfaidh an chúirt ordú faoi fho-alt (1) a dhéanamh i ndáil le hiontaobhaithe scéime más dóigh léi—

(a) go bhfuil mainnithe ag na hiontaobhaithe na dualgais a forchuireadh orthu le dlí (lena n-áirítear an tAcht seo) a chomhlíonadh, agus

(b) go bhfuil nó go raibh an scéim á riar ar dhóigh a chuireann nó a chuir cearta agus leasanna chomhaltaí na scéime faoin scéim i mbaol.

(3) (a) Is ar na hiontaobhaithe láithreacha, agus orthusan amháin, a sheirbheálfar achainí faoin alt seo, mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt.

(b) Le linn achainí faoin alt seo a bheith á héisteacht, beidh an Bord, iontaobhaithe láithreacha na scéime lena mbaineann, an fostóir lena mbaineann agus comhaltaí na scéime i dteideal éisteacht a fháil, mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt.

(4) Beidh ag iontaobhaí scéime a cheapfar faoin alt seo, roimh agus tar éis acmhainní na scéime a theacht chun bheith dílsithe dó le dlí, na cumhachtaí, na húdaráis agus na discréidí céanna, agus féadfaidh sé gníomhú ar gach caoi, ionann is dá mbeadh sé ceaptha ina iontaobhaí i gcéaduair le rialacha na scéime.

(5) Féadfar socrú a dhéanamh, in ordú faoin alt seo, i dtaobh cibé nithe coimhdeacha agus iarmhartacha (lena n-áirítear maoin na scéime lena mbaineann a dhílsiú do na hiontaobhaithe a bheidh ceaptha leis an ordú agus (d'ainneoin aon ní i rialacha na scéime) íocaíochtaí a dhéanamh as acmhainní na scéime leis na hiontaobhaithe a bheidh ceaptha leis an ordú maidir le táillí caiteachais nó nithe eile a bhaineann lena ndualgais mar iontaobhaithe den sórt sin) is dóigh leis an gcúirt is gá nó is fóirsteanach.

(6) Ní oibreoidh ordú faoin alt seo a thuilleadh nó thairis sin mar urscaoileadh d'aon iar-iontaobhaí de chuid na scéime lena mbaineann seachas mar a d'oibreodh ceapachán iontaobhaithe nua faoi aon chumhacht chun na críche sin atá in aon ionstraim.

(7) I gcás ina dtiocfaidh aon talamh a mbeidh a úinéireacht cláraithe faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 , chun bheith dílsithe, le hordú faoin alt seo, d'aon duine nó aon daoine, déanfaidh an t-údarás clárúcháin faoin Acht sin, ar an ordú iomchuí faoin alt seo a bheith tugtha ar aird, agus ar an táille chuí a bheith íoctha, an duine nó na daoine sin a chlárú sa chlár cuí a chothabháiltear faoin Acht sin mar úinéir (de réir bhrí an Achta sin) na talún.

(8) I gcás ina ndéanfar ordú faoin alt seo, aon sócmhainní a dhílsítear leis an ordú a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ordaithe, cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta nó a bhí taifeadta in aon chlár a choinnítear de bhun aon achtacháin in ainmneacha iar-iontaobhaithe na scéime lena mbaineann, déanfar, ar an tosach feidhme sin, iad a aistriú chun ainmneacha iontaobhaithe nua na scéime.

An Bord do cheapadh iontaobhaithe agus dá gcur as oifig.

64. —(1) Más rud é, i ndáil le scéim, nach bhfuil aon iontaobhaithe ann nó nach féidir na hiontaobhaithe a fhionnadh, féadfaidh an Bord, más dóigh leis gur gá é sin a dhéanamh, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuige ag duine a bhfuil leas aige, na nithe seo a leanas a dhéanamh le hordú faoina shéala—

(a) iontaobhaí nua nó iontaobhaithe nua a cheapadh don scéim in ionad, más cuí, aon iontaobhaí láithrigh nó iontaobhaithe láithreacha; agus

(b) sócmhainní na scéime a dhílsiú, faoi reir a n-aistrithe más gá i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, do na daoine a cheapfar leis an ordú mar iontaobhaithe na scéime.

(2) Déanfaidh an Bord—

(a) tráth nach déanaí ná 14 lá roimh an dáta ar a mbeartaíonn sé ordú a dhéanamh faoin alt seo, fógra a fhoilsiú i nuachtán laethúil a scaiptear ar fud an Stáit ag lua an bheartaithe agus ag tabhairt sonraí i dtaobh an ordaithe bheartaithe,

(b) laistigh de 10 lá tar éis dháta déanta an ordaithe, fógra a fhoilsiú i nuachtán laethúil a scaiptear ar fud an Stáit ag lua an bheartaithe agus ag tabhairt sonraí i dtaobh an ordaithe bheartaithe.

(3) Beidh ag gach iontaobhaí scéime a cheapfar faoin alt seo, roimh agus tar éis acmhainní na scéime a theacht chun bheith dílsithe dó le dlí, na cumhachtaí, na húdaráis agus na discréidí céanna, agus féadfaidh sé gníomhú ar gach caoi, ionann is dá mbeadh sé ceaptha ina iontaobhaí i gcéaduair le rialacha na scéime.

(4) (a) Féadfaidh duine a bhfuil leas aige, laistigh de 21 lá tar éis fógra faoi fho-alt (2) (b) a bheith foilsithe (nó cibé tréimhse is faide ná sin a shocróidh an chúirt, is tréimhse is dóigh leis an gcúirt a bheith réasúnach ag féachaint d'imthosca aon cháis áirithe) achomharc a dhéanamh chun na cúirte in aghaidh déanamh an ordaithe lena mbaineann an fógra.

(b) Ar achomharc faoin bhfo-alt seo féadfaidh an chúirt cibé ordú is cuí léi a dhéanamh ag daingniú, ag cealú nó ag athrú an ordaithe lena mbaineann agus féadfaidh sí cibé ordú is cuí léi a dhéanamh i dtaobh costas, ach má chealaíonn nó má athraíonn an chúirt ordú faoin alt seo atá tagtha i ngníomh, ní dochar an cealú nó an t-athrú do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(c) Beidh an Bord, na hiontaobhaithe, an fostóir agus comhaltaí na scéime lena mbaineann i dteideal go bhfeidhmeofaí ar a son agus go bhfaighidís éisteacht ar aon achomharc faoin bhfo-alt seo.

(d) Ní thiocfaidh ordú faoin alt seo i ngníomh—

(i) le linn na tréimhse 21 lá ó dháta foilsithe an fhógra faoi fho-alt (2) (b) i ndáil leis an ordú, nó

(ii) i gcás go dtionscnaítear achomharc i gcoinne an ordaithe le linn na tréimhse a dúradh, sula ndéanfar cinneadh críochnaitheach ar an achomharc nó ar aon achomharc i gcoinne an chinnidh sin, sula dtarraingeofar siar ceachtar de na hachomhairc sin.

(5) Féadfar socrú a dhéanamh, in ordú faoin alt seo, i dtaobh cibé nithe coimhdeacha agus iarmhartacha (lena n-áirítear maoin na scéime lena mbaineann a dhílsiú do na hiontaobhaithe a bheidh ceaptha leis an ordú agus (d'ainneoin aon ní i rialacha na scéime) íocaíochtaí a dhéanamh as acmhainní na scéime leis na hiontaobhaithe a bheidh ceaptha leis an ordú maidir le táillí, caiteachais nó nithe eile a bhaineann lena ndualgais mar iontaobhaithe den sórt sin) is dóigh leis an mBord is gá nó is fóirsteanach.

(6) Ní oibreoidh ordú faoin alt seo mar urscaoileadh ar aon dliteanais de chuid iar-iontaobhaí na scéime lena mbaineann go feadh méid ar bith is mó ná an méid, nó nach ionann agus an méid, a d'oibreodh ceapachán iontaobhaithe nua faoi aon chumhacht chun na críche sin atá in aon ionstraim.

(7) I gcás ina gceapfar comhlacht corpraithe faoin alt seo chun bheith, nó ina dtiocfaidh comhlacht corpraithe a bheidh ceaptha faoin alt seo chun bheith, ina iontaobhaí aonair do scéim a mbeidh foráil nó ceanglas ina téarmaí go gceapfar níos mó ná iontaobhaí amháin, ansin, le linn don chomhlacht corpraithe a bheith i seilbh oifige mar iontaobhaí na scéime agus arb é an t-aon iontaobhaí amháin den sórt sin é—

(a) measfar go bhfuil foráil nó ceanglas i rialacha na scéime nach gceapfar ach iontaobhaí amháin, agus

(b) measfar nár ceapadh i gcéaduair, faoi théarmaí na scéime, ach iontaobhaí amháin.

(8) I gcás ina dtiocfaidh aon talamh a mbeidh a úinéireacht cláraithe faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 , chun bheith dílsithe, le hordú faoin alt seo, d'aon duine nó aon daoine, déanfaidh an t-údarás clárúcháin faoin Acht sin, ar chóip den ordú agus í sealaithe le séala an Bhoird a bheith tugtha ar aird, agus ar an táille chuí a bheith íoctha, an duine nó na daoine sin a chlárú sa chlár cuí a chothabháiltear faoin Acht sin mar úinéir (de réir bhrí an Achta sin) na talún.

(9) I gcás ina ndéanfar ordú faoin alt seo, aon sócmhainní a dhílsítear leis an ordú a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ordaithe, cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta nó a bhí taifeadta in aon chlár a choinnítear de bhun aon achtacháin in ainmneacha iar-iontaobhaithe na scéime lena mbaineann, déanfar, ar chóip den ordú agus í séalaithe le séala an Bhoird a bheith tugtha ar aird tar éis an tosach feidhme sin, iad a aistriú chun ainmneacha iontaobhaithe nua na scéime.

CUID VII

Déileáil go Comhionann le Fir agus Mná i Scéimeanna Sochair Ceirde

Léiriú (Cuid VII).

65. —Sa Chuid seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht Caidrimh Thionscail, 1946 ;

ciallaíonn “an Ghníomhaireacht” an Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta;

ciallaíonn “an Chúirt” an Chúirt Oibreachais;

ciallaíonn “fostaí” duine a rinne conradh fostaíochta nó a oibríonn (nó, i gcás conradh atá foirceanta, a d'oibrigh) faoi chonradh fostaíochta le fostóir, cibé acu is conradh (nó ba chonradh) le haghaidh obair láimhe, obair chléireachais nó eile é, atá (nó a bhí) sainráite nó intuigthe, a rinneadh de bhriathra béil nó i scríbhinn, agus cibé acu is conradh (nó ba chonradh) seirbhíse nó printíseachta nó eile é, agus folaíonn sé státseirbhíseach de chuid an Stáit nó de chuid an Rialtais agus oifigeach nó seirbhíseach d'údarás áitiúil de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 , oifigeach nó seirbhíseach d'údarás cuain, do bhord sláinte nó do choiste gairmoideachais agus is dá réir sin a fhorléireofar aon tagairt d'fhostaíocht;

ciallaíonn “fostóir”, i ndáil le fostaí, an duine ag a bhfuil (nó, i gcás deireadh a bheith leis an bhfostaíocht, ag a raibh) an fostaí fostaithe faoi chonradh fostaíochta, agus chun críocha an mhínithe seo measfar státseirbhíseach de chuid an Stáit nó de chuid an Rialtais a bheith fostaithe ag an Stát nó ag an Rialtas (de réir mar a bheidh) agus measfar oifigeach nó seirbhíseach d'údarás áitiúil de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 , nó d'údarás cuain, do bhord sláinte nó do choiste gairmoideachais a bheith fostaithe ag an údarás áitiúil, ag an údarás cuain, ag an mbord sláinte nó ag an gcoiste gairmoideachais (de réir mar a bheidh);

ciallaíonn “comhalta” aon duine a leanfaidh, tar éis é a bheith glactha mar chomhalta faoi rialacha scéime sochair ceirde, de bheith i dteideal shochair na scéime sin;

ciallaíonn “scéim sochair ceirde” aon scéim nó comhshocraíocht atá ar áireamh in ionstraim nó comhaontú amháin nó níos mó agus a chuireann sochair cheirde ar fáil, nó atá in ann sochair cheirde a chur ar fáil, do dhaoine atá fostaithe nó féinfhostaithe ach ní fholaíonn sé—

(a) aon chonradh aonair arna dhéanamh ag duine fostaithe nó féinfhostaithe, nó thar a cheann, nó

(b) aon scéim nach bhfuil ach comhalta amháin inti, nó

(c) aon scéim chun sochair d'fhostaithe faoina gcuirtear na sochair ar fáil go hiomlán trí ranníocaí a íocann na fostaithe;

ciallaíonn “sochair cheirde” sochair, i bhfoirm pinsean nó ar shlí eile, is iníoctha in airgead nó go comhchineálach maidir le—

(a) foirceannadh seirbhíse,

(b) scor, seanaois nó bás,

(c) bearnaí seirbhíse mar gheall ar bhreoiteacht nó easláine,

(d) tionóiscí, díobhálacha nó galair a tharlaíonn de dhroim nó i gcúrsa fostaíochta duine,

(e) dífhostaíocht, nó

(f) caiteachais a thabhaítear i dtaca le leanaí nó le cleithiúnaithe eile;

agus, i gcás comhalta ar fostaí é, folaíonn sé aon sochar eile atá ar comhréir le sochar a chuirtear ar fáil de bhua na nAchtanna Leasa Shóisialaigh, an Achta um Chosaint Mháithreachais d'Fhostaithe, 1981 , nó na nAchtanna Sláinte, 1970 go 1987, is iníoctha leis an gcomhalta nó i leith an chomhalta de dhroim a fhostaíochta;

ciallaíonn “na hAchtanna Leasa Shóisialaigh” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 , agus gach achtachán, cibé acu arna rith roimh an Acht seo nó dá éis, atá le forléiriú leis mar aon Acht amháin.

Scéimeanna do chomhlíonadh an phrionsabail um dhéileáil chomhionann.

66. —Faoi réir ailt 69 agus 72, comhlíonfaidh gach scéim sochair ceirde an prionsabal um dhéileáil chomhionann.

An prionsabal um dhéileáil chomhionann.

67. —(1) Is é an prionsabal um dhéileáil chomhionann nach ndéanfar aon idirdhealú ar bhonn gnéis i leith aon ní a bhaineann le scéim sochair ceirde.

(2) Beidh feidhm ag an bprionsabal um dhéileáil chomhionann i ndáil le cleithiúnaithe comhaltaí mar atá feidhm aige i ndáil le comhaltaí.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar idirdhealú ar bhonn gnéis tarlú i leith aon ní a bhaineann le scéim sochair ceirde sna cásanna seo a leanas agus iontusan amháin—

(a) más rud é, mar gheall ar ghnéas duine, go ndéileáiltear leis an duine le níos lú fabhair ná mar a dhéileáiltear le duine den ghnéas eile,

(b) má dhéileáiltear le duine, faoi threoir a stádais phósta nó teaghlaigh, le níos lú fabhair ná mar a dhéileáiltear le duine den ghnéas eile a bhfuil an stádas céanna aige,

(c) más rud é, mar gheall ar ghnéas duine, nach bhfuil an duine in ann ceanglas nó coinníoll a chomhlíonadh—

(i) ar mó go mór an cion daoine den ghnéas eile atá in ann an ceanglas nó an coinníoll sin a chomhlíonadh ná an cion daoine den chéad ghnéas a luadh atá in ann é sin a dhéanamh, agus

(ii) nach bhfuil inchosanta is cuma cad é gnéas na ndaoine lena mbaineann sé,

(d) más rud é, mar gheall ar stádas pósta nó teaghlaigh duine, nach bhfuil an duine in ann ceanglas nó coinníoll a chomhlíonadh—

(i) ar mó go mór an cion daoine den ghnéas eile, a bhfuil an stádas céanna acu, atá in ann an ceanglas nó an coinníoll sin a chomhlíonadh ná an cion daoine den chéad ghnéas a luadh atá in ann é sin a dhéanamh, agus

(ii) nach bhfuil inchosanta is cuma cad é gnéas na ndaoine lena mbaineann sé,

(e) má dhéantar duine a phionósú toisc go ndearna sé, de mheon macánta—

(i) tarchur faoi alt 75, 76 nó 77,

(ii) fianaise a thabhairt in aon imeachtaí faoin gCuid seo, nó

(iii) fógra a thabhairt é a bheith ar intinn áige aon ní a dhéanamh dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii).

Dualgas cruthúnais i gcásanna áirithe.

68. —Má éiríonn aon cheist i dtaobh ceanglas nó coinníoll, a thagann faoi réim mhíreanna (c) agus (d) d'fho-alt (3) d'alt 67, a bheith inchosanta is cuma cad é gnéas na ndaoine lena mbaineann sé, is fúthu sin a dhearbhaíonn go bhfuil sé inchosanta a bheidh sé é sin a chruthú.

Forálacha d'fhorlíonadh alt 66.

69. —(1) Le linn bheith ag cinneadh an gcomhlíonann scéim an prionsabal um dhéileáil chomhionann faoi alt 66, ní chuirfear na nithe seo a leanas i gcuntas—

(a) aon difríocht, ar bhonn ghnéas na gcomhaltaí, idir leibhéil na ranníocaí a dhéanann an fostóir, a mhéid gurb é is cuspóir don difríocht sin deireadh nó teorainn a chur le difríochtaí, amhail idir fir agus mná, idir mhéid nó luach na sochar a chuirtear ar fáil faoi scéim ranníoca shainithe,

(b) aon difríocht, ar bhonn gnéis, idir mhéid nó luach na sochar a chuirtear ar fáil faoi scéim ranníoca shainithe a mhéid a bheidh an difríocht sin inchosanta ar fhorais achtúireacha,

(c) aon déileáil speisialta chun sochair do mhná lena mbaineann alt 72 (1),

(d) aon déileáil dhifriúil i ndáil le sochair do chéile marthanach comhalta éagtha nó do chleithiúnaithe eile dá chuid,

(e) aon déileáil dhifriúil i ndáil le haon fhorálacha roghnacha atá ar fáil.

(2) San alt seo—

tá le “scéim ranníoca shainithe” an bhrí a shanntar dó faoi alt 2, ach sin ionann is dá mba thagairt do “sochair cheirde” an tagairt atá ann do “sochair”;

ciallaíonn “forálacha roghnacha atá ar fáil” na forálacha sin de scéim—

(a) nach bhfuil feidhm acu ach amháin i gcás comhaltaí a roghnaíonn go mbeidh feidhm acu, agus

(b) arb é is cuspóir dóibh na nithe seo a leanas a áirithiú do na comhaltaí sin—

(i) sochair i dteannta na sochar a chuirtear ar fáil thairis sin faoin scéim, nó

(ii) rogha maidir leis an dáta a dtosóidh sochair faoin scéim, nó

(iii) rogha idir aon dá shochar nó níos mó.

(3) Scoirfidh fo-alt (1) (d) d'éifeacht a bheith leis ar cibé dáta a bheidh forordaithe.

Déileáil chomhionann agus rochtain ar scéimeanna.

70. —Comhlíonfaidh fostóir an prionsabal um dhéileáil chomhionann i ndáil leis an gcaoi a dtugann sé rochtain dá fhostaithe ar scéim sochair ceirde.

Neamhchomhlíonadh, uaschothromú éigeantach.

71. —(1) Más rud é nach gcomhlíonann riail i scéim sochair ceirde an prionsabal um dhéileáil chomhionann beidh sí, sa mhéid nach gcomhlíonann sí an prionsabal sin, curtha ar neamhní le forálacha na Coda seo, agus an déileáil níos fabhraí a thugtar inti do dhaoine de ghnéas amháin, tabharfar inti í do dhaoine den ghnéas eile.

(2) Má thugtar déileáil níos fabhraí do dhaoine ar bith faoi scéim de bhua fho-alt (1), déanfaidh iontaobhaithe na scéime nó (más cuí) an fostóir cibé bearta is gá chun éifeacht a thabhairt don fho-alt sin.

(3) Más rud é, ar thosach feidhme na Coda seo, go gcuirtear aon riail scéime ar neamhní le fo-alt (1), ansin, le linn cibé tréimhse a bheidh forordaithe, dar tosach an tosach feidhme sin agus nach faide ná deich mbliana, ní dhéanfaidh aon ní sa Chuid seo difear d'aon chearta a d'fhabhraigh, nó d'aon oibleagáidí a tabhaíodh, faoin scéim roimh an tosach feidhme sin, agus féadfar tréimhsí éagsúla a fhorordú faoin bhfo-alt seo i ndáil le cearta d'aicmí éagsúla agus le hoibleagáidí d'aicmí éagsúla.

Forálacha máithreachais.

72. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, ní choiscfidh aon ní sa Chuid seo ar scéim déileáil go speisialta le mná i dtaca le toircheas nó luí seoil.

(2) Más rud é go bhfuil riail i scéim sochair ceirde—

(a) a bhaineann le comhaltas leanúnach den scéim, nó le fabhrú ceart faoin scéim, le linn aon tréimhse asláithreachta máithreachais le pá i gcás mná—

(i) atá, nó

(ii) a bhí, díreach roimh thosach na tréimhse sin,

ina fostaí agus a dhéileálann leis an mbean sin ar shlí seachas an tslí a ndéileálfaí léi faoin scéim mura mbeadh sí as láthair ón obair agus í ag fáil luach saothair óna fostóir le linn na tréimhse sin, nó

(b) a cheanglaíonn go ndéanfar méid aon sochair is iníoctha faoin scéim le haon bhean den sórt sin nó ina leith, sa mhéid go mbeidh sé le cinneadh faoi threoir a cuid tuilleamh le linn tréimhse ar cuid di tréimhse asláithreachta máithreachais le pá, a chinneadh ar shlí seachas mar a chinnfí é amhlaidh mura mbeadh sí as láthair ón obair agus í ag fáil luach saothair óna fostóir le linn na tréimhse sin,

measfar nach gcomhlíonann sí, sa mhéid sin, an prionsabal um dhéileáil chomhionann.

(3) I gcás ina measfar nach gcomhlíonann scéim an prionsabal um dhéileáil chomhionann de bhua fho-alt (2), déanfaidh iontaobhaithe na scéime nó (más cuí) an fostóir lena mbaineann, cibé bearta is gá chun a áirithiú nach ndéileálfar leis an mbean áirithe faoin scéim le níos lú fabhair ná mar a dhéileálfaí léi fúithi ar feadh na tréimhse asláithreachta máithreachais lena mbaineann mura mbeadh sí as láthair ón obair agus í ag fáil luach saothair óna fostóir le linn na tréimhse sin.

(4) San alt seo ciallaíonn “tréimhse asláithreachta máithreachais le pá” aon tréimhse—

(a) a mbeidh bean as láthair ón obair ar a feadh mar gheall ar thoircheas nó luí seoil, agus

(b) a n-íocann a fostóir, nó (mura bhfuil sí ar fostú aige a thuilleadh) a hiarfhostóir, aon luach saothair conarthach léi ina haghaidh.

Forálacha um shaoire teaghlaigh.

73. —(1) Más rud é go bhfuil riail i scéim sochair ceirde—

(a) a bhaineann le comhaltas leanúnach den scéim, nó le fabhrú ceart faoin scéim, le linn aon tréimhse saoire teaghlaigh le pá i gcás comhalta ar fostaí é agus a dhéileálann leis an gcomhalta ar shlí seachas an tslí a ndéileálfaí leis faoin scéim mura mbeadh sé as láthair ón obair, agus é ag fáil luach saothair óna fhostóir, le linn na tréimhse sin, nó

(b) a cheanglaíonn go ndéanfar méid aon sochair is iníoctha faoin scéim le haon chomhalta den sórt sin nó ina leith, sa mhéid go mbeidh sé le cinneadh faoi threoir a chuid tuilleamh le linn tréimhse ar cuid di tréimhse saoire teaghlaigh le pá, a chinneadh ar shlí seachas mar a chinnfí é amhlaidh mura mbeadh sé as láthair ón obair agus é ag fáil luach saothair óna fhostóir le linn na tréimhse sin,

measfar nach gcomhlíonann sí, sa mhéid sin, an prionsabal um dhéileáil chomhionann.

(2) I gcás ina measfar nach gcomhlíonann scéim an prionsabal um dhéileáil chomhionann de bhua fho-alt (1), déanfaidh iontaobhaithe scéime nó (más cuí) an fostóir lena mbaineann, cibé bearta is gá chun a áirithiú nach ndéileálfar leis an gcomhalta áirithe faoin scéim le níos lú fabhair ná mar a dhéileálfaí leis fúithi ar feadh na tréimhse saoire teaghlaigh lena mbaineann mura mbeadh sé as láthair ón obair agus é ag fáil luach saothair óna fhostóir le linn na tréimhse sin.

(3) San alt seo cialiaíonn “tréimhse saoire teaghlaigh le pá” aon tréimhse—

(a) a mbeidh comhalta as láthair ón obair ar a feadh ar chúiseanna teaghlaigh, agus

(b) a n-íocann an fostóir aon luach saothair conarthach leis lena linn.

An prionsabal um dhéileáil chomhionann agus comhaontuithe comhchoiteanna, etc.

74. —(1) (a) Más rud é go bhfuil riail nach gcomhlíonann an prionsabal um dhéileáil chomhionann i gcomhaontú nó in ordú lena mbaineann an t-alt seo, beidh an riail ar neamhní.

(b) Baineann an t-alt seo—

(i) le comhaontú comhchoiteann,

(ii) le hordú rialaithe fostaíochta de réir bhrí Chuid IV d'Acht 1946, agus

(iii) le comhaontú fostaíochta cláraithe de réir bhrí Chuid III d'Acht 1946 a bheidh cláraithe sa Chlár de Chomhaontuithe Fostaíochta.

(2) Más rud é go bhfuil téarma (cibé acu sainráite nó intuigthe) nach gcomhlíonann an prionsabal um dhéileáil chomhionann i gconradh fostaíochta, beidh an téarma ar neamhní.

Díospóidí a chinneadh.

75. —(1) Aon díospóid i dtaobh—

(a) cibé acu is scéim ranníoca shainithe scéim chun críocha na Coda seo,

(b) cibé acu a chomhlíonann aon riail de chuid scéime, ar scéim sochair ceirde í freisin chun críocha na Coda seo, an prionsabal um dhéileáil chomhionann, nó

(c) cibé acu a chuirtear, agus a mhéid a chuirtear, aon riail den sórt sin ar neamhní le halt 71,

is é an Bord a chinnfidh í, ar iarratas chuige sin a bheith déanta i scríbhinn chuige ag duine atá, i ndáil leis an scéim, ag freagairt do dhuine a luaitear in alt 38 (3) i ndáil leis an scéim a luaitear ann.

(2) Má dhealraíonn sé don Ghníomhaireacht nach gcomhlíonann rialacha scéime dá dtagraítear i bhfo-alt (1) an prionsabal um dhéileáil chomhionann, féadfaidh an Ghníomhaireacht an t-ábhar a tharchur chuig an mBord agus déileálfar leis an tarchur, chun críche an Achta seo, mar iarratas faoi fho-alt (1).

(3) Féadfaidh an duine a rinne an t-iarratas lena mbaineann faoi fho-alt (1), nó duine a bhí i dteideal é a dhéanamh, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí in aghaidh cinnidh ón mBord faoi fho-alt (1) i ndáil le scéim.

Oifigigh chomhionannais.

76. —(1) Aon díospóid i dtaobh—

(a) cibé acu a chomhlíonann aon riail de chuid scéime sochair ceirde, seachas scéim pinsean ceirde, an prionsabal um dhéileáil chomhionann,

(b) cibé acu a chuirtear, agus a mhéid a chuirtear, aon riail den sórt sin ar neamhní le halt 71,

(c) cibé acu a dhéanann aon téarma i gcomhaontú comhchoiteann, in ordú rialaithe fostaíochta nó i gconradh fostaíochta a shonraítear in alt 74, a mhéid a bhaineann sé le sochair cheirde a chuirtear ar fáil faoi scéim dá dtagraítear i mír (a), an prionsabal um dhéileáil chomhionann a chomhlíonadh, nó

(d) cibé acu a chomhlíonann fostóir forálacha alt 70,

tarchuirfidh aon duine lena mbaineann í chuig oifigeach comhionannais lena himscrúdú agus moladh a dhéanamh.

(2) Má dhealraíonn sé don Ghníomhaireacht nach ndéanann—

(a) riail de chuid scéime sochair ceirde dá dtagraítear i bhfo-alt (1), nó

(b) téarma i gcomhaontú comhchoiteann, in ordú rialaithe fostaíochta nó i gconradh fostaíochta, a mhéid a bhaineann sé le sochair cheirde a chuirtear ar fáil faoi scéim dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a),

an prionsabal um dhéileáil chomhionann a chomhlíonadh nó nach bhfuil fostóir ag comhlíonadh fhorálacha alt 70, féadfaidh an Ghníomhaireacht an t-ábhar a tharchur chuig oifigeach comhionannais agus déileálfar leis an tarchur, chun críche an Achta seo, mar tharchur faoi fho-alt (1).

(3) I gcás díospóid a tharchur faoin alt seo chuig oifigeach comhionannais, imscrúdóidh sé an díospóid agus eiseoidh sé moladh ina leith.

(4) Ní dhéanfar aon fhaisnéis a gheobhaidh oifigeach comhionannais, i gcúrsa imscrúdú nó achomhairc faoin gCuid seo, maidir le haon cheardchumann nó duine nó maidir leis an ngnó a sheolann aon duine, ar faisnéis í nach bhfuil ar fáil ar dhóigh eile, a chur in aon mholadh nó cinneadh gan toiliú ón gceardchumann nó ón duine lena mbaineann, ná ní dhéanfaidh aon duine a bhfuil baint aige le himeachtaí os comhair oifigigh comhionannais nó na Cúirte aon fhaisnéis den sórt sin a nochtadh gan an toiliú sin.

(5) Cuirfear moladh faoin alt seo i bhfios—

(a) don Chúirt agus do na páirtithe sa díospóid, nó

(b) i gcás tarchur faoi fho-alt (2), don Chúirt, don Ghníomhaireacht agus do cibé duine nó daoine is dealraitheach don oifigeach comhionannais baint a bheith acu leis.

(6) Féadfaidh oifigeach comhionannais socrú a dhéanamh le haghaidh rialáil imeachtaí os a chomhair i ndáil le himscrúdú os a chomhair faoin Acht seo.

(7) (a) Féadfaidh oifigeach comhionannais, chun aon fhaisnéis a fháil a bheidh ag teastáil uaidh chun a chumasú dó a fheidhmeanna faoin Acht seo a fheidhmiú, aon ní amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(i) dul isteach in áitreabh gach uile thráth réasúnach,

(ii) a cheangal ar fhostóir nó ar a ionadaí aon taifid, leabhair nó doiciméid a thabhairt ar aird dó, atá faoina chumhacht nó faoina rialú ag an bhfostóir agus a bhfuil forais réasúnacha ag an oifigeach chun a chreidiúint go bhfuil faisnéis iontu den chineál atá ag teastáil amhlaidh, agus cibé faisnéis a thabhairt dó a bheidh ag teastáil uaidh le réasún i dtaca le haon iontrálacha in aon taifid, leabhair nó doiciméid den sórt sin,

(iii) aon taifid, leabhair nó doiciméid den sórt sin a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó de shleachta astu.

(b) Aon duine a chuirfidh bac nó treampán ar oifigeach comhionannais agus é ag feidhmiú a chumhachtaí faoin bhfo-alt seo, nó nach gcomhlíonfaidh ceanglas de chuid oifigigh comhionannais faoin bhfo-alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó iad araon, a chur air,

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air.

(8) Is go príobháideach a sheolfar imscrúdú ag oifigeach comhionannais faoin Acht seo.

Imscrúdú díospóidí ag an gCúirt.

77. —(1) Féadfaidh duine lena mbaineann nó (i gcás tarchur faoi alt 76 (2)) an Ghníomhaireacht achomharc a dhéanamh chun na Cúirte—

(a) in aghaidh mholadh faoi alt 76, nó

(b) le cinneadh a dhéanamh nár comhlíonadh moladh den sórt sin.

(2) Éistfidh agus cinnfidh an Chúirt achomharc faoin alt seo agus cuirfidh sí a cinneadh i bhfios—

(a) i gcás tarchur faoi alt 76 (1), do na páirtithe sa díospóid,

(b) i gcás tarchur faoi alt 76 (2), don Ghníomhaireacht agus do cibé duine nó daoine is dealraitheach don Chúirt baint a bheith acu leis.

(3) (a) Is go príobháideach a sheolfar éisteacht faoin alt seo, ach féadfaidh an Chúirt an éisteacht a sheoladh go poiblí má iarrann páirtí sa díospóid nó duine dá dtagraítear in alt 76 (2) uirthi é sin a dhéanamh.

(b) I gcás éisteacht faoin alt seo a bheith á seoladh go poiblí féadfaidh an Chúirt, más deimhin léi go mbaineann aon chuid den éisteacht le hábhar ar chóir, ar mhaithe le haon pháirtí sa díospóid, nó le haon duine dá dtagraítear in alt 76 (2), déileáil leis i modh rúin, an chuid sin den éisteacht a sheoladh go príobháideach.

(c) Bainfidh ailt 14 agus 21 d'Acht 1946 le hachomharc faoin alt seo.

(d) Taiscfear achomharc faoin alt seo sa Chúirt tráth nach déanaí ná 42 lá tar éis dháta an mholta ón oifigeach comhionannais agus sonróidh an fógra forais an achomhairc.

(4) Ní dhéanfar aon fhaisnéis a gheobhaidh an Chúirt, i gcúrsa imscrúdú nó achomhairc faoin gCuid seo, maidir le haon cheardchumann nó duine nó maidir leis an ngnó a sheolann aon duine, ar faisnéis í nach bhfuil ar fáil ar dhóigh eile, a chur in aon mholadh nó cinneadh gan toiliú ón gceardchumann nó ón duine lena mbaineann, ná ní dhéanfaidh aon duine a bhfuil baint aige le himeachtaí os comhair oifigigh comhionannais nó na Cúirte aon fhaisnéis den sórt sin a nochtadh gan an toiliú sin.

(5) Féadfaidh páirtí i ndíospóid a chinnfidh an Chúirt faoi fho-alt (1) nó, i gcás cinneadh maidir le hábhar dá dtagraítear faoi alt 76 (2), féadfaidh an Ghníomhaireacht nó aon duine eile lena mbaineann, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí.

Cumhachtaí na Cúirte faoi alt 77.

78. —Féadfaidh an Chúirt, de bhun cinneadh ón gCúirt, faoi alt 77, de réir mar is cuí—

(a) a chinneadh cibé acu a chomhlíonann riail scéime dá dtagraítear in alt 76 (1) (a) an prionsabal um dhéileáil chomhionann,

(b) a chinneadh cibé acu a chuirtear aon riail den sórt sin ar neamhní le halt 71,

(c) a chinneadh cibé acu a dhéanann na téarmaí i gcomhaontú comhchoiteann, in ordú rialaithe fostaíochta nó i gconradh fostaíochta a shonraítear in alt 74, a mhéid a bhaineann siad le sochair cheirde a chuirtear ar fáil faoi scéim dá dtagraítear in alt 76 (1) (a), an prionsabal um dhéileáil chomhionann a chomhlíonadh,

(d) a chinneadh cibé acu a chomhlíon an fostóir áirithe forálacha alt 70,

(e) a mholadh do dhuine nó do dhaoine lena mbaineann gníomh sonraithe a dhéanamh.

Mainneachtain cinneadh ón gCúirt a fheidhmiú.

79. —(1) I gcás go ndéanfaidh duine lena mbaineann nó (i gcás a bhaineann le tarchur faoi alt 76 (2)) an Ghníomhaireacht gearán leis an gCúirt nár feidhmíodh cinneadh faoi mhíreanna (a) go (e) d'alt 78, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:

(a) breithneoidh an Chúirt an gearán agus éistfidh sí gach duine is dealraitheach don Chúirt leas a bheith aige san ábhar agus ar mian leis go n-éistfí é,

(b) más deimhin leis an gCúirt tar éis an bhreithnithe sin go bhfuil bonn leis an ngearán, féadfaidh an Chúirt le hordú a threorú don duine nár fheidhmigh an cinneadh cibé nithe a dhéanamh dá dtiocfaidh, i dtuairim na Cúirte, an cinneadh a bheith feidhmithe ag an duine sin.

(2) Más rud é, i gcás an Chúirt do dhéanamh ordú faoi fho-alt (1), nach ndéanfar an treoir san ordú a chomhlíonadh laistigh de 2 mhí ó dháta an ordaithe a dhéanamh (nó, i gcás achomharc faoi alt 77 (5), laistigh de 2 mhí ó dháta an ordaithe ón Ard-Chúirt ar an achomharc), beidh an duine ar díríodh an treoir chuige ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó iad araon, a chur air,

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó prí osúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air.

Cionta a bhaineann le dífhostuithe áirithe agus éifeacht, etc.

80. —(1) I gcás fostaí a dhífhostú as fostaíocht go heisiach nó go príomha toisc go ndearna an fostaí, de mheon macánta—

(a) tarchur faoi alt 75, 76 nó 77,

(b) fianaise a thabhairt in aon imeachtaí faoin Acht seo, nó

(c) fógra a thabhairt dá fhostóir go raibh sé ar intinn aige aon ní a dhéanamh dá dtagraítear i bhfomhír (a) nó (b),

beidh an fostóir ciontach i gcion agus dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó iad araon, a chur air,

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air.

(2) In ionchúiseamh i gcion faoin alt seo is ar an bhfostóir a bheidh sé a chruthú don chúirt nárbh é déanamh aon ní dá dtagraítear i bhfo-alt (1) an t-aon chúis nó an phríomhchúis a bhí leis an dífhostú.

(3) (a) Ar fhostóir a chiontú i gcion faoin alt seo, féadfaidh an chúirt, más cuí léi agus an fostaí dífhostaithe nó ionadaí uaidh a bheidh i láthair sa chúirt agus do thoiliú leis—

(i) a ordú go ndéanfaidh an fostóir an duine dífhostaithe a athfhostú sa phost a bhí ag an duine sin díreach roimh an dífhostú ar na téarmaí agus na coinníollacha ar a raibh an duine sin fostaithe díreach roimh an dífhostú sin, maille le téarma go measfar gur thosaigh an t-athfhostú lá an dífhostaithe,

(ii) a ordú go ndéanfaidh an fostóir an duine dífhostaithe a athfhruiliú sa phost a bhí ag an duine sin díreach roimh an dífhostú nó i bpost eile a bheadh réasúnta oiriúnach don duine sin ar cibé téarmaí agus coinníollacha a bheidh réasúnach ag féachaint do na himthosca go léir, nó

(iii) fíneáil a ghearradh ar an bhfostóir, i dteannta aon fhíneála a gearradh faoi fho-alt (1), nach mó ná an méid a bheadh, i dtuairim na cúirte, faighte ag an duine dífhostaithe ón bhfostóir áirithe mar luach saothair dá mba nár tharla an dífhostú:

Ar choinníoll nach mó an méid sin—

(I) má ba chiontú go hachomair an ciontú, ná méid nach mó, i dteannta na fíneála a gearradh faoi fho-alt (1), ná £1,000,

(II) má ba chiontú ar díotáil an ciontú, ná méid is ionann agus luach saothair 104 sheachtain de chuid an duine dífhostaithe.

(b) Déanfar méid fíneála a gearradh faoi mhír (a) a íoc leis an bhfostaí áirithe.

(c) Gan dochar d'aon cheart achomhairc a bheidh ag aon duine eile, féadfaidh an fostaí áirithe achomharc a dhéan amh in aghaidh mhéid na fíneála faoin bhfo-alt seo, chun na hArd-Chúirte nó (de réir mar a bheidh) chun an bhreithimh den Chúirt Chuarda ar ina chuaird atá dúiche (nó aon chuid de dhúiche) an bhreithimh den Chúirt Dúiche a ghearr an fhíneáil, agus is cinneadh críochnaitheach an cinneadh ar achomharc den sórt sin.

(d) Má chruthaítear gur íoc fostóir fíneáil a gearradh faoi mhír (a), is cosaint é an cruthú sin in aon chaingean shibhialta a thionscnóidh an fostaí áirithe ina choinne maidir leis an luach saothair dá dtagraítear i bhfomhír (iii) den mhír sin.

Forálacha d'fhorlíonadh alt 80.

81. —(1) I gcás duine, nár tionscnaíodh ionchúiseamh i gcion faoi alt 80 i ndáil lena dhífhostú as a fhostaíocht, do dhéanamh gearáin leis an gCúirt gur dífhostaíodh amhlaidh é go heisiach nó go príomha toisc go ndearna sé, de mheon macánta, ní a shonraítear in alt 80 (1), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) imscrúdóidh an Chúirt an gearán agus éistfidh sí gach duine ar dealraitheach don Chúirt leas a bheith aige san ábhar agus ar mian leis go n-éistfí é;

(b) is go príobháideach a sheolfar imscrúdú faoin bhfo-alt seo ach seolfaidh an Chúirt an t-imscrúdú go poiblí má iarrann aon phairtí sa díospóid uirthi sin a dhéanamh;

(c) i gcás imscrúdú faoin bhfo-alt seo a bheith á sheoladh go poiblí, féadfaidh an Chúirt, más deimhin léi go mbaineann aon chuid den imscrúdú le hábhar ar chóir, ar mhaithe le haon pháirtí sa díospóid, déileáil leis ar mhodh rúin, an chuid sin den imscrúdú a sheoladh go príobháideach;

(d) más deimhin leis an gCúirt, tar éis an imscrúdaithe sin, go bhfuil bonn leis an ngearán, féadfaidh an Chúirt—

(i) a ordú go ndéanfaidh an fostóir an duine dífhostaithe a athfhostú sa phost a bhí ag an duine sin díreach roimh an dífhostú ar na téarmaí agus na coinníollacha ar a raibh an duine sin fostaithe an tráth sin, agus go measfar gur thosaigh an t-athfhostú lá an dífhostaithe,

(ii) a ordú go ndéanfaidh an fostóir an duine dífhostaithe a athfhruiliú sa phost a bhí ag an duine sin díreach roimh an dífhostú nó i bpost eile a bheadh réasúnta oiriúnach don duine sin ar cibé téarmaí agus coinníollacha a bheidh réasúnach ag féachaint do na himthosca go léir, nó

(iii) a ordú go ndéanfaidh an fostóir cibé cúiteamh a íoc leis an duine dífhostaithe a mheasfaidh an Chúirt a bheith réasúnach sna himthosca, ach nach mó é ná méid is ionann agus luach saothair 104 sheachtain de chuid an duine sin.

(2) Faoi réir fho-alt (5), mura ndéanfaidh an fostóir áirithe ordú faoi fho-alt (1) a chomhlíonadh laistigh de 2 mhí ó dháta a dhéanta, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó iad araon, a chur air,

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air.

(3) (a) Ar dhuine a chiontú i gcion faoin alt seo, féadfaidh an chúirt, más cuí léi agus an duine dífhostaithe áirithe nó ionadaí uaidh a bheith i láthair sa chúirt agus do thoiliú leis—

(i) a ordú go ndéanfaidh an fostóir an duine dífhostaithe áirithe a athfhostú sa phost a bhí ag an duine sin díreach roimh an dífhostú sin ar na téarmaí agus na coinníollacha ar a raibh an duine sin fostaithe an tráth sin agus go measfar gur thosaigh an t-athfhostú lá an dífhostaithe,

(ii) a ordú go ndéanfaidh an fostóir an duine dífhostaithe a athfhruiliú sa phost a bhí ag an duine sin díreach roimh an dífhostú nó i bpost eile a bheadh réasúnta oiriúnach don duine sin ar cibé téarmaí agus coinníollacha a bheidh réasúnach ag féachaint do na himthosca go léir, nó

(iii) fíneáil a ghearradh ar an bhfostóir, i dteannta aon fhíneála a gearradh faoi fho-alt (2), nach mó ná an méid a bheadh, i dtuairim na cúirte, faighte ag an duine dífhostaithe ón bhfostóir áirithe mar luach saothair dá mba nár tharla an dífhostú:

Ar choinníoll nach mó an méid sin—

(I) má ba chiontú go hachomair an ciontú, ná méid nach mó, i dteannta na fíneála a gearradh faoi fho-alt (2), ná £1,000,

(II) má ba chiontú ar díotáil an ciontú, ná méid is ionann agus luach saothair 104 sheachtain de chuid an duine dífhostaithe.

(b) Déanfar méid fíneála a gearradh faoi mhír (a) a íoc leis an bhfostaí áirithe.

(c) Gan dochar d'aon cheart achomhairc a bheidh ag aon duine eile, féadfaidh an fostaí áirithe achomharc a dhéanamh in aghaidh méid fíneála a gearradh faoin bhfo-alt seo, chun na hArd-Chúirte nó (de réir mar a bheidh) chun an bhreithimh den Chúirt Chuarda ar ina chuaird atá dúiche (nó aon chuid de dhúiche) an bhreithimh den Chúirt Dúiche a ghearr an fhíneáil, agus is cinneadh críochnaitheach an cinneadh ar achomharc den sórt sin.

(d) Má chruthaítear gur íoc duine ciontaithe fíneáil a gearradh faoi mhír (a), is cosaint é an cruthú sin in aon chaingean shibhialta a thionscnóidh an fostaí áirithe ina choinne maidir leis an luach saothair dá dtagraítear i bhfomhír (iii) den mhír sin.

(4) Déanfar gearán faoin alt seo leis an gCúirt tráth nach déanaí ná 6 mhí ó dháta an dífhostaithe lena mbaineann nó cibé tréimhse is faide ná sin a mheasfaidh an Chúirt a bheith réasúnach ag féachaint do na himthosca.

(5) Féadfaidh an fostóir áirithe, d'ainneoin alt 17 d'Acht 1946, achomharc a dhéanamh in aghaidh ordaithe faoi fho-alt (1) chun an bhreithimh den Chúirt Chuarda ar ina chuaird a sheolann an duine gnó.

AN CHÉAD SCEIDEAL

An Bord Pinsean — The Pensions Board

Alt 9 (2).

1. Beidh an Bord ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain agus séala oifigiúil aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige, le toiliú an Aire, talamh nó leas i dtalamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt nó aon mhaoin eile a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

2. Is é a bheidh ar an mBord cathaoirleach, agus 12 ghnáthchomhalta, a cheapfaidh an tAire ar an mBord.

3. Aon duine a cheapfar mar chathaoirleach ar an mBord féadfar tagairt dó (lena n-áirítear in aon doiciméad a bhaineann le ceapachán) faoin ainm sin nó faoi cibé ainm eile is cuí leis an mBord le comhthoiliú an Aire.

4. Féadfaidh cathaoirleach an Bhoird éirí as a oifig tráth ar bith trí litir a bheidh dírithe chun an Aire.

5. D'ainneoin mhír 10 (1) féadfaidh an tAire tráth ar bith cathaoirleach an Bhoird a chur as oifig.

6. Faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, beidh cathaoirleach an Bhoird i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire.

7. Íocfar le cathaoirleach an Bhoird, as airgead a bheidh faoina réir ag an mBord, cibé luach saothair (más ann) agus liúntais le haghaidh caiteachas a thabhóidh sé (más ann) a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

8. (1) Maidir le gnáthchomhaltaí an Bhoird—

(a) comhalta de cheardchumann a bheidh i nduine acu,

(b) comhalta fostóirí a bheidh i nduine acu,

(c) ionadaithe do scéimeanna pinsean ceirde a bheidh i mbeirt acu,

(d) ionadaí do ghairm na hachtúireachta a bheidh i nduine acu,

(e) ionadaí do ghairm na cuntasaíochta a bheidh i nduine acu,

(f) ionadaí do ghairm an dlí a bheidh i nduine acu,

(g) ionadaí don Aire Airgeadais a bheidh i nduine acu, agus

(h) ionadaí don Aire a bheidh i nduine acu.

(2) Is é a bheidh i gcomhalta ceardchumainn an Bhoird duine a bheidh ainmnithe chun a cheaptha ar an mBord ag cibé eagraíocht a mheasfaidh an tAire a bheith ionadaíoch do cheardchumainn oibrithe agus a chinnfidh an tAire.

(3) Is é a bheidh i gcomhalta fostóirí an Bhoird duine a bheidh ainmnithe chun a cheaptha ar an mBord ag cibé eagraíocht a mheasfaidh an tAire a bheith ionadaíoch d'fhostóirí agus a chinnfidh an tAire.

(4) Na comhaltaí den Bhord is ionadaithe do scéimeanna pinsean ceirde, is é a bheidh iontu daoine a bheidh ainmnithe chun a gceaptha ar an mBord ag cibé eagraíocht nó eagraíochtaí a mheasfaidh an tAire a bheith ionadaíoch do scéimeanna pinsean ceirde.

(5) An comhalta den Bhord is ionadaí do ghairm na hachtúireachta, is é a bheidh ann duine a bheidh ainmnithe chun a cheaptha ar an mBord ag cibé eagraíocht nó eagraíochtaí a mheasfaidh an tAire a bheith ionadaíoch do ghairm na hachtúireachta.

(6) An comhalta den Bhord is ionadaí do ghairm na cuntasaíochta, is é a bheidh ann duine a bheidh ainmnithe chun a cheaptha ar an mBord ag cibé eagraíocht nó eagraíochtaí a mheasfaidh an tAire a bheith ionadaíoch do ghairm na cuntasaíochta.

(7) An comhalta den Bhord is ionadaí do ghairm an dlí, is é a bheidh ann duine a bheidh ainmnithe chun a cheaptha ar an mBord ag cibé eagraíocht a mheasfaidh an tAire a bheith ionadaíoch do ghairm an dlí.

(8) An comhalta den Bhord is ionadaí don Aire Airgeadais, is é a bheidh ann cibé oifigeach don Aire Airgeadais a chinnfidh an tAire Airgeadais.

(9) An comhalta den Bhord is ionadaí don Aire, is é a bheidh ann cibé oifigeach don Aire a chinnfidh an tAire.

9. Is comhalta páirtaimseartha den Bhord a bheidh i ngach gnáthchomhalta den Bhord agus, faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, beidh sé i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire.

10. (1) Is 5 bliana a bheidh mar théarma oifige ag an gcathaoirleach.

(2) Is é a bheidh i dtéarma oifige ghnáthchomhalta den Bhord cibé tréimhse nach faide ná 5 bliana a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, nuair a bheidh sé á cheapadh aige agus, faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, beidh sé inathcheaptha mar chomhalta den sórt sin.

11. (1) Más rud é go n-éagfaidh gnáthchomhalta den Bhord, go n-éireoidh sé as oifig, go dtiocfaidh sé chun bheith dícháilithe nó go gcuirfear as oifig é, féadfaidh an tAire duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta den Bhord chun an corrfholúntas a tharla amhlaidh a líonadh agus an duine a cheapfar amhlaidh ceapfar é sa tslí chéanna ar ceapadh an comhalta den Bhord ar tharla an corrfholúntas dá bharr.

(2) Duine a cheapfar chun bheith ina chomhalta den Bhord de bhua na fomhíre seo beidh sé i seilbh oifige ar feadh a mbeidh fágtha de théarma oifige an chomhalta ba chionsiocair leis an bhfolúntas a gceapfar é lena líonadh agus beidh sé inathcheaptha mar chomhalta den Bhord.

12. Beidh comhalta den Bhord a rachaidh a théarma oifige in éag trí imeacht aimsire inathcheaptha mar chomhalta den Bhord.

13. D'ainneoin mhír 10 (2) féadfaidh an tAire tráth ar bith gnáthchomhalta den Bhord a chur as oifig.

14. Féadfaidh gnáthchomhalta den Bhord éirí as a oifig mar chomhalta trí litir a bheidh dírithe chun an Aire.

15. Beidh comhalta den Bhord dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe nó má ghearrann cúirt dlínse inniúla téarma príosúnachta nó pianseirbhíse air.

16. Íocfar le gach gnáthchomhalta den Bhord, as airgead a bheidh faoina réir ag an mBord, cibé luach saothair (más ann) agus liúntais le haghaidh caiteachas a thabhóidh sé (más ann), a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

17. Tionólfaidh an Bord cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is cuí leis chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

18. Féadfaidh an tAire dáta, am agus áit chéad-chruinniú an Bhoird a shocrú.

19. 5 is córam do chruinniú den Bhord.

20. Ag cruinniú den Bhord—

(a) is é cathaoirleach an Bhoird, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(b) mura mbeidh, agus fad nach mbeidh, cathaoirleach an Bhoird i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh comhaltaí an Bhoird a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

21. Beidh vóta ag cathaoirleach an Bhoird agus ag gach gnáthchomhalta den Bhord a bheidh i láthair ag cruinniú den chéanna.

22. Déanfar gach ceist a éireoidh ag cruinniú den Bhord a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

23. Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntais nó folúntas i measc a chomhaltaí.

24. Faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, rialálfaidh an Bord, le buan-orduithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó an Bhoird.

25. Soláthróidh an Bord séala dó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe.

26. Fíordheimhneofar séala an Bhoird le síniú chathaoirleach an Bhoird nó le síniú comhalta éigin eile den Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord chun gníomhú chuige sin agus le síniú oifigigh don Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord chun gníomhú chuige sin.

27. Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Bhoird agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Bord agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir mhír 26) an Bhoird glacfar i bhfianaise é agus measfar gur ionstraim den sórt sin é gan chruthúnas mura suífear a mhalairt.

28. Aon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala dá mba dhuine nach comhlacht corpraithe a dhéanfadh nó a fhorghníomhódh é, féadfaidh aon duine a bheidh údaraithe i gcoitinne nó go speisialta chuige sin ag an mBord é a dhéanamh nó a fhorghníomhú thar ceann an Bhoird.

AN DARA SCEIDEAL

Sochair a Chaomhnú agus a Athluacháil

Alt 29.

CUID A

Sochair a Chaomhnú

Sochar caomhnaithe a ríomh — scéim shochair shainithe

1. (1) I gcás scéime sochair shainithe, i gcás nach n-athraíonn an bonn ar a ríomhtar sochar fadseirbhíse idir tosach feidhme Chuid III nó, más déanaí é, an dáta a dtosaíonn fostaíocht iomchuí an chomhalta agus dáta foirceanta na fostaíochta iomchuí, déanfar méid an tsochair chaomhnaithe a ríomh de réir na foirmle—

A ×

B

_

C

i gcás—

gurb é A méid an tsochair fadseirbhíse (gan aon sochar den sórt sin atá á urrú trí ranníocaí saorálacha breise, nó arb ionannas dó aistriú ceart fabhraithe ó scéim eile, a áireamh) arna ríomh ar dháta foirceanta fhostaíocht iomchuí an chomhalta,

gurb é B an tréimhse seirbhíse ináirithe a chríochnaíonn tar éis thosach feidhme Chuid III, agus

gurb é C an tréimhse seirbhíse ináirithe a bheadh críochnaithe dá bhfanfadh an comhalta i bhfostaíocht iomchuí go dtí gnáthaois inphinsin agus dá leanfadh an tseirbhís sin de bheith cáilithe le haghaidh sochair fadseirbhíse.

(2) I gcás ina ndéantar an bonn ar a ríomhtar sochar fadseirbhíse a athrú idir tosach feidhme Chuid III nó, más déanaí é, an dáta a dtosaíonn fostaíocht iomchuí an chomhalta agus dáta foirceanta fhostaíocht iomchuí an chomhalta, is é méid an tsochair chaomhnaithe a gcomhshuim seo a leanas—

(a) an méid a ríomhfar de réir na foirmle atá leagtha amach i bhfomhír (1) i gcás ina ríomhtar A ar bhonn rialacha na scéime a bhí i bhfeidhm ar thosach feidhme Chuid III nó, más déanaí é, ar an dáta a dtosaíonn fostaíocht iomchuí an chomhalta, agus

(b) méid a ríomhfar de réir na foirmle—

D ×

E

_

F

i gcás—

gurb é D méid na difríochta i sochar fadseirbhíse arna ríomh ar dháta foirceanta na fostaíochta iomchuí is infheidhme maidir leis an athrú,

gurb é E an tréimhse seirbhíse ináirithe a chríochnaíonn tar éis an dáta ar ar athraíodh an bonn ríomha, agus

gurb é F an tréimhse seirbhíse ináirithe a bheadh críochnaithe ó dháta an athraithe sin dá bhfanfadh an comhalta i bhfostaíocht iomchuí go dtí gnáthaois inphinsin agus dá leanfadh an tseirbhís sin de bheith cáilithe le haghaidh sochair fadseirbhíse:

Ar choinníoll go ndéanfar, i gcás breis agus athrú amháin den sórt sin a bheith ann, gach athrú acu a ríomh ar leithligh de réir na foirmle seo agus iad a chomhiomlánú chun an méid a ríomh.

(3) Beidh aon sochar caomhnaithe a ríomhfar faoin mír seo faoi réir íosmhéid ina mbeidh cibé méid a áiritheoidh gurb ionann luach achtúireach an tsochair sin agus méid aon ranníocaí (gan ranníocaí saorálacha breise a áireamh) a d'íoc an comhalta i leith na tréimhse seirbhíse ináirithe a chríochnaigh tar éis thosach feidhme Chuid III maille leis an ús iolraithe ar an gcéanna de réir an ráta, más ann, is infheidhme faoi rialacha na scéime maidir le ranníocaí comhaltaí a aisíoc ar iad d'fhágáil na seirbhíse.

2. I gcás ina bhfuil foráil i scéim go ndéanfar sochair a ríomh i ndáil le tuillimh inphinsin chomhalta ar ghnáthaois inphinsin a bheith sroichte aige nó i dtréimhse shonraithe roimhe sin nó ar é d'fháil bháis níos luaithe, nó ar bhealach éigin eile a bhaineann leis na tuillimh sin, déanfar sochar caomhnaithe a ríomh, ar mhodh comhréireach, faoi threoir a thuilleamh ar dháta foirceanta a fhostaíochta iomchuí nó sa tréimhse chéanna roimh an dáta sin.

Sochar a chuirtear ar fáil de bharr ranníocaí saorálacha breise

3. (1) I gcás sochair fadseirbhíse bhreise dá dtagraítear in alt 29 (6) áireofar ar shochar caomhnaithe i leith an tsochair bhreise sin méid a ríomhfar de réir na foirmle—

X ×

Y

_

Z

i gcás—

gurb é X méid an tsochair bhreise sin (nó an mhéadaithe sin ar shochar),

gurb é Y an tréimhse seirbhíse ináirithe dá mbeidh an comhalta den scéim tar éis ranníoc a dhéanamh faoi chomhair an tsochair sin (nó an mhéadaithe sin ar shochar), agus

gurb é Z an tréimhse seirbhíse ináirithe a mbeadh an comhalta sin tar éis ranníoc a dhéanamh faoi chomhair an tsochair sin (nó an mhéadaithe sin ar shochar) dá bhfanfadh sé i bhfostaíocht iomchuí go dtí gnáthaois inphinsin.

(2) Chun críocha fhomhír (1) ciallaíonn “méadú ar shochar” sochar a urraítear trí mhéadú ar an ráta ranníoca a conraíodh roimhe sin agus, chun críocha na míre seo, déileálfar ar leithligh le gach méadú den sórt sin ar shochar.

CUID B

Sochair Chaomhnaithe a Athluacháil

4. (1) Déanfar aon sochar caomhnaithe is iníoctha faoi scéim shochair shainithe a athluacháil gach bliain i ndeireadh gach bliana athluachála, tríd an méid cuí a chur le méid an tsochair chaomhnaithe amhail ar an lá deiridh den bhliain athluachála roimhe sin agus aon athluacháil roimhe sin a bheith san áireamh sa sochar caomhnaithe sin.

(2) Ach amháin mar a fhoráiltear i míreanna 5 agus 6 thíos, déanfar an méid cuí a ríomh de réir na foirmle—

P × R

_____

100

i gcás—

gurb é P méid an tsochair chaomhnaithe amhail ar an lá deiridh den bhliain athluachála roimhe sin, agus

gurb é R an céatadán athluachála.

5. (1) Tá feidhm ag an mír seo maidir le scéim a chuireann sochar fadseirbhíse ar fáil a ndéantar a ráta nó a mhéid a ríomh faoi threoir—

(a) meántuillimh inphinsin an chomhalta thar an tréimhse seirbhíse ar a bhfuil an sochar sin bunaithe, nó

(b) tuillimh inphinsin iomlána an chomhalta thar an tréimhse seirbhíse ar a bhfuil an sochar sin bunaithe.

(2) Déanfar aon sochar caomhnaithe a chuirtear ar fáil faoi scéim lena mbaineann fomhír (1) a athluacháil—

(a) trí thuillimh inphinsin an chomhalta lena mbaineann a athluacháil le linn gach bliana athluachála ar aon tslí ar a bhféadfaí iad a athluacháil le linn na bliana sin dá bhfanfadh an comhalta sa tseirbhís ináirithe chéanna, nó

(b) de réir mhír 4,

cibé acu is cuí le hiontaobhaithe na scéime.

6. (1) Tá feidhm ag an mír seo maidir le scéim a chuireann sochar fadseirbhíse ar fáil—

(a) a ndéantar a ráta nó a mhéid a ríomh faoi threoir fhad seirbhíse an chomhalta agus faoina threoir sin amháin, nó

(b) ar de mhéid seasta é.

(2) Déanfar aon sochar caomhnaithe a chuirtear ar fáil faoi scéim lena mbaineann fomhír (1) a athluacháil—

(a) le linn gach bliana athluachála ar aon tslí ar a bhféadfaí é a athluacháil le linn na bliana sin dá bhfanfadh an comhalta sa tseirbhís ináirithe chéanna, nó

(b) de réir mhír 4,

cibé acu is cuí le hiontaobhaithe na scéime.

7. Ní dhéanfar aon chuid den mhéid cuí atá le cur le sochar caomhnaithe faoin gCuid seo a chur ar fáil trí laghdú a dhéanamh ar mhéid aon sochair is iníoctha faoi rialacha na scéime lena mbaineann i leith seirbhíse ináirithe a chríochnaigh roimh thosach feidhme Chuid III.

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Caighdeán Maoiniúcháin — Sochair

Alt 44.

1. Is iad na sochair chun críocha na míre seo na sochair thodhchaí go léir is iníoctha faoi rialacha na scéime le duine, nó i leith duine, a bheidh ag fáil na sochar sin amhail ar dháta éifeachtach an deimhnithe.

2. Beidh feidhm ag na sochair chun críocha na míre seo maidir le comhalta de scéim, nó i leith comhalta de scéim, a mbeidh aon sochar breise urraithe nó deonaithe thar a cheann faoin scéim ar mhodh ranníocaí saorálacha breise nó aistriú ceart ó scéim eile agus ríomhfar na sochair sin amhail ar dháta éifeachtach an deimhnithe agus is é a bheidh iontu—

(a) más rud é, ar dháta éifeachtach an deimhnithe, go mbeidh seirbhís an chomhalta i bhfostaíocht iomchuí tar éis foirceannadh agus nach mbeidh íocaíocht aistritheach curtha chun feidhme de réir alt 34 nó 35, sochar caomhnaithe is iníoctha i leith na sochar breise sin arna ríomh de réir Chuid III, agus

(b) más rud é, ar dháta éifeachtach an deimhnithe, go bhfuil an comhalta i bhfostaíocht iomchuí, sochar caomhnaithe i leith na sochar breise sin arna ríomh de réir Chuid III, ionann is dá mbeadh seirbhís an chomhalta i bhfostaíocht iomchuí tar éis foirceannadh ar an dáta sin, ach gan aird a thabhairt ar aon fhoráil a cheanglaíonn go mbeadh tréimhse íosta de sheirbhís cháilitheach críochnaithe.

3. Déanfar na sochair chun críocha na míre seo a ríomh amhail ar dháta éifeachtach an deimhnithe agus is é a bheidh iontu—

(a) i gcás comhalta den scéim sin a mbeidh a sheirbhís i bhfostaíocht iomchuí tar éis foirceannadh tar éis thosach feidhme Chuid IV ach roimh dháta éifeachtach an deimhnithe, agus nach mbeidh íocaíocht aistritheach curtha i bhfeidhm ina leith de réir alt 34 nó 35, an ceann is mó acu seo a leanas—

(i) na sochair chaomhnaithe go léir (lena n-áirítear athluachálacha orthu sa todhchaí agus na sochair sin is iníoctha ar bhás an chomhalta atá i dteideal sochar caomhnaithe a fháil) arna ríomh de réir Chuid III, agus

(ii) na sochair is iníoctha faoi rialacha na scéime i leith seirbhíse ináirithe a chríochnaíonn tar éis thosach feidhme Chuid IV, agus

(b) i gcás comhalta den scéim sin a bheidh i bhfostaíocht iomchuí an tráth sin, an ceann is mó acu seo a leanas—

(i) sochair chaomhnaithe (lena n-áirítear athluachálacha orthu sa todhchaí agus na sochair sin is iníoctha ar bhás an chomhalta atá i dteideal sochar caomhnaithe a fháil) arna ríomh de réir fhorálacha Chuid III, agus

(ii) na sochair is iníoctha faoi rialacha na scéime i leith seirbhíse ináirithe a chríochnaíonn tar éis thosach feidhme Chuid IV ach roimh dháta éifeachtach an deimhnithe,

arna ríomh ionann is dá mbeadh seirbhís an chomhalta i bhfostaíocht iomchuí tar éis foirceannadh ar dháta éifeachtach an deimhnithe ach gan aird a thabhairt ar aon fhoráil a cheanglaíonn go mbeidh tréimhse íosta de sheirbhís cháilitheach críochnaithe ná ar aon fhoráil eile a fhéadfaidh an comhalta lena mbaineann a chosc ar theideal chun sochair a fháil ar fhoirceannadh na fostaíochta sin.

4. Déanfar na sochair chun críocha na míre seo a ríomh amhail ar dháta éifeachtach an deimhnithe agus is é a bheidh iontu—

(a) aon sochar is iníoctha faoi rialacha na scéime i leith seirbhíse ináirithe a chríochnaigh roimh thosach feidhme Chuid IV le comhalta, nó i leith comhalta, den scéim sin—

(i) a mbeidh a sheirbhís i bhfostaíocht iomchuí tar éis foirceannadh roimh dháta éifeachtach an deimhnithe, agus

(ii) nár fheidhmigh aon cheart chun íocaíocht aistritheach a dhéanamh isteach i scéim eile,

agus

(b) sochar is iníoctha le comhalta, nó i leith comhalta, a bheidh i bhfostaíocht iomchuí an tráth sin agus ar thosaigh a sheirbhís ináirithe roimh thosach feidhme Chuid IV, arb é a bheidh ann—

(i) faoi réir chlásal (iii), i gcás scéime sochair shainithe, an ceann is mó acu seo a leanas—

(I) an méid a chinnfear de réir na foirmle—

L ×

M

__

N

i gcás—

gurb é L méid an tsochair fadseirbhíse arna ríomh amhail ar dháta éifeachtach an deimhnithe ar bhonn rialacha na scéime a bheidh i bhfeidhm ar thosach feidhme Chuid IV,

gurb é M an tréimhse seirbhíse ináirithe a chríochnaigh roimh thosach feidhme Chuid IV, agus

gurb é N an tréimhse seirbhíse ináirithe a bheadh críochnaithe dá bhfanfadh an comhalta i bhfostaíocht iomchuí go dtí gnáthaois inphinsin agus dá leanfadh an tseirbhís sin de bheith cáilithe le haghaidh sochair fadseirbhíse:

Ar choinníoll, i gcás ina raibh foráil i rialacha na scéime a bhí i bhfeidhm ar thosach feidhme Chuid IV, go ndéanfaí sochair a ríomh i ndáil le tuillimh inphinsin chomhalta ar ghnáthaois inphinsin a bheith sroichte aige nó i dtréimhse shonraithe roimhe sin, nó ar bhealach éigin eile a bhaineann leis na tuillimh sin, go bhféadfar an sochar faoin gclásal seo a ríomh ar mhodh comhréireach faoi threoir a thuilleamh ar dháta éifeachtach an deimhnithe nó sa tréimhse chéanna roimh an dáta sin, agus

(II) na sochair is iníoctha faoi rialacha na scéime i leith seirbhíse ináirithe a chríochnaigh roimh thosach feidhme Chuid IV, arna ríomh ionann is dá mbeadh seirbhís an chomhalta i bhfostaíocht iomchuí tar éis foirceannadh ar dháta éifeachtach an deimhnithe ach gan aird a thabhairt ar aon fhoráil a fhéadfaidh an comhalta lena mbaineann a chosc ar theideal chun sochair a fháil ar fhoirceannadh na fostaíochta iomchuí,

(ii) i gcás scéime ranníoca shainithe, sochar arb ionann a luach achtúireach agus an luach carnaithe a bheidh, an tráth sin, ag na ranníocaí a bheidh íoctha ag an gcomhalta den scéim, nó ina leith, chun críche sochair fadseirbhíse roimh thosach feidhme Chuid IV,

(iii) i gcás scéime sochair shainithe sa chás go ndéantar ráta nó méid chuid den sochar fadseirbhíse is iníoctha fúithi a chinneadh go díreach faoi threoir méid ranníoca a bheidh íoctha ag an gcomhalta nó ina leith, a mhéid a bhaineann leis an gcuid sin den sochar fadseirbhíse, sochar arna ríomh de réir chlásal (ii), agus a mhéid a bhaineann leis an gcuid eile den sochar fadseirbhíse, sochar arna ríomh de réir chlásal (i).