|
||||
|
[EN] | ||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
Uimhir 34 de 1990 | ||||||||||||||||||||
[EN] |
AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (FIANAISE DLÍ-EOLAÍOCHTA), 1990 | |||||||||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
Uimhir 34 de 1990 | ||||||||||||||||||||
AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (FIANAISE DLÍ-EOLAÍOCHTA), 1990 | ||||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN DLÍ D'FHONN A ÚDARÚ SAMPLAÍ COLAINNE A THÓGÁIL LE hAGHAIDH TÁSTÁLA DLÍ-EOLAÍOCHTA Ó DHAOINE A bhFUIL DROCHAMHRAS ANN MAR GHEALL ORTHU GO nDEARNA SIAD CIONTA COIRIÚLA ÁIRITHE. | ||
[24 Nollaig, 1990] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | tá le “toiliú iomchuí” an bhrí a shanntar dó le halt 2 (10) den Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt; | |
[EN] | ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoi alt 5 den Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “príosún” aon áit ar féidir rialacha nó rialacháin a dhéanamh ina leith faoi Achtanna na bPríosún, 1826 go 1980, nó faoi alt 13 den Acht um Dhlínse Choiriúil, 1960 ; | |
[EN] | ciallaíonn “fiaclóir cláraithe” duine a bhfuil a ainm taifeadta de thuras na huaire ar Chlár na bhFiaclóirí atá á chothabháil faoi Acht na bhFiaclóirí, 1985 ; | |
[EN] | tá le “lia-chleachtóir cláraithe” an bhrí a shanntar dó le halt 2 d'Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978 ; | |
[EN] | ciallaíonn “samplaí” samplaí nó nithe eile dá dtagraítear in alt 2 (1) (a) go (e) den Acht seo. | |
[EN] |
Cumhacht chun samplaí colainne a thógáil. |
2. —(1) Faoi réir fhorálacha fho-ailt (4) go (8) den alt seo, i gcás go mbeidh duine faoi choimeád faoi fhorálacha alt 30 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stát, 1939, nó faoi alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 , féadfaidh comhalta den Gharda Síochána gach ceann nó aon cheann de na samplaí seo a leanas a thógáil, nó a chur faoi deara iad a thógáil, ón duine sin chun críche tástála dlí-eolaíochta, eadhon— |
[EN] | (a) sampla— | |
[EN] | (i) d'fhuil, | |
[EN] | (ii) de ghruaig phúbasach, | |
[EN] | (iii) d'fhual, | |
[EN] | (iv) de sheile, | |
[EN] | (v) de ghruaig seachas gruaig phúbasach, | |
[EN] | (vi) d'ionga, | |
[EN] | (vii) d'aon ábhar a gheofar faoi ionga, | |
[EN] | (b) sváb ó aon pháirt den chorp seachas ó aon oscailt colainne nó ó réigiún na mball giniúna, | |
[EN] | (c) sváb ó aon oscailt colainne nó ó réigiún na mball giniúna, | |
[EN] | (d) múnla déadach, | |
[EN] | (e) lorg coise nó múnla dá shórt d'aon pháirt de cholainn an duine seachas páirt dá láimh nó dá bhéal. | |
[EN] | (2) Faoi réir fhorálacha fho-ailt (3) go (8) den alt seo, i gcás go mbeidh duine i bpríosún, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána gach ceann nó aon cheann de na samplaí a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a thógáil ón duine sin nó a chur faoi deara iad a thógáil chun críche tástála dlí-eolaíochta. | |
[EN] | (3) Ní bheidh an chumhacht a thugtar le fo-alt (2) den alt seo infheidhmithe ach amháin— | |
[EN] | (a) i gcás go mbeidh an sampla atá le tógáil ag teastáil i dtaca le cion seachas an cion a bhfuil an duine i bpríosún ina leith nó cion a bhféadfaí é a chiontú ann ar díotáil a líomhnaíonn an cion sin, agus | |
[EN] | (b) i gcás go mbeidh an sampla atá le tógáil ag teastáil i dtaca le himscrúdú i leith ciona a dhéantar faoin Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939 , nó ciona ar cion sceidealta é de thuras na huaire chun críocha Chuid V den Acht sin nó ciona lena mbaineann alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 . | |
[EN] | (4) Ní thógfar sampla faoin alt seo— | |
[EN] | (a) ach amháin sa chás go n-údaraíonn comhalta den Gharda Síochána nach bhfuil faoi bhun céim maoirseora é a thógáil, agus | |
[EN] | (b) i gcás sampla atá luaite i bhfomhír (i), (ii), (iii) nó (iv) de mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, nó i mír (c) nó (d) den fho-alt sin (1), ach amháin sa chás gur tugadh an toiliú iomchuí i scríbhinn. | |
[EN] | (5) Ní thabharfar údarú sampla a thógáil faoin alt seo mura mbeidh forais réasúnacha ag an gcomhalta den Gharda Síochána a thabharfaidh an t-údarú— | |
[EN] | (a) le drochamhras a bheith air go raibh an duine a mbeidh an sampla le tógáil uaidh— | |
[EN] | (i) i gcás ina mbeidh an duine faoi choimeád, páirteach sa chion a bhfuil sé faoi choimeád ina leith, nó | |
[EN] | (ii) i gcás an duine a bheith i bpríosún, páirteach i ndéanamh ciona faoin Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939 , nó ciona ar cion sceidealta é de thuras na huaire chun críocha Chuid V den Acht sin nó ciona lena mbaineann alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 , | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) lena chreidiúint go bhféadfadh an sampla a dheimhniú nó a bhréagnú cibé acu a bhí nó nach raibh an duine a bhfuil sé le tógáil uaidh páirteach sa chion a dúradh. | |
[EN] | (6) Sula dtógfaidh comhalta den Gharda Síochána sampla faoi fho-alt (1) den alt seo, nó sula gcuirfidh sé faoi deara é a thógáil nó sula lorgóidh sé toiliú an duine óna n-éilítear an sampla chun sampla den sórt sin a thógáil, cuirfidh an comhalta in iúl don duine— | |
[EN] | (a) an cineál ciona a bhfuil drochamhras ann go raibh an duine páirteach ann, | |
[EN] | (b) gur tugadh údarú faoi fho-alt (4) (a) den alt seo agus na forais ar ar tugadh é, agus | |
[EN] | (c) go bhféadfar torthaí aon tástálacha a dhéanfar ar an sampla a thabhairt i bhfianaise in aon imeachtaí. | |
[EN] | (7) Féadfar údarú faoi fho-alt (4) (a) den alt seo a thabhairt ó bhéal ach, má thugtar ó bhéal é, deimhneofar é i scríbhinn, a luaithe is féidir. | |
[EN] | (8) Ní fhéadfaidh ach lia-chleachtóir cláraithe sampla a thógáil den sórt a shonraítear i bhfomhír (i) nó (ii) de mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo nó i mír (c) den fho-alt sin (1) agus ní fhéadfaidh ach fiaclóir cláraithe nó lia-chleachtóir cláraithe múnla déadach a thógáil. | |
[EN] | (9) Aon duine a chuirfidh cosc, nó a fhéachfaidh le cosc a chur, ar aon chomhalta den Gharda Síochána nó ar aon duine eile ag gníomhú faoi na cumhachtaí a thugtar faoi fho-alt (1) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air. | |
[EN] | (10) San Acht seo ciallaíonn “toiliú iomchuí”— | |
[EN] | (a) i gcás duine a mbeidh 17 mbliana d'aois slánaithe aige, toiliú an duine sin, | |
[EN] | (b) i gcás duine nach mbeidh 17 mbliana d'aois slánaithe aige, ach a mbeidh 14 bliana d'aois slánaithe aige, toiliú an duine sin agus tuismitheora nó caomhnóra an duine sin, agus | |
[EN] | (c) i gcás duine nach mbeidh 14 bliana d'aois slánaithe aige, toiliú tuismitheora nó caomhnóra an duine sin. | |
[EN] | (11) Na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo is cumhachtaí gan dochar iad d'aon chumhachtaí eile is infheidhmithe ag comhalta den Gharda Síochána. | |
[EN] |
Tátail as diúltú toiliú a thabhairt chun sampla a thógáil. |
3. —(1) I gcás go ndiúltófar gan chúis mhaith toiliú a éilítear faoi alt 2 den Acht seo a thabhairt, in aon imeachtaí i gcoinne duine i leith ciona— |
[EN] | (a) féadfaidh an chúirt, le linn di a bheith á chinneadh— | |
[EN] | (i) an gcuirfear an duine sin ar aghaidh chun trialach, nó | |
[EN] | (ii) an bhfuil cás ann le freagairt, agus | |
[EN] | (b) féadfaidh an chúirt (nó faoi réir orduithe an bhreithimh féadfaidh an giúiré) le linn di nó dóibh a bheith á chinneadh an bhfuil an duine sin ciontach sa chion inar cúisíodh é (nó in aon chion eile a bhféadfaí é a chiontú go dleathach ann ar an gcúiseamh sin), | |
[EN] | cibé tátail, más ann, is dealraitheach is cuí, a bhaint as an diúltú; agus féadfar déileáil leis an diúltú, ar bhonn na dtátal sin, mar chomhthacaíocht, nó mar ní a d'fhéadfadh bheith ina chomhthacaíocht, le haon fhianaise ar i ndáil léi atá an diúltú ábhartha, ach ní chiontófar duine i gcion mar gheall ar thátal, agus mar gheall air sin amháin, a bhainfear as diúltú den sórt sin. | |
[EN] | (2) Measfar, i ndáil le réamhscrúdú ar chúiseamh, go bhfolaíonn an tagairt in bhfo-alt (1) den alt seo d'fhianaise, ráiteas ar an bhfianaise a thabharfaidh finné ag an triail. | |
[EN] | (3) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) den alt seo i ndáil le cúisí murar inis comhalta den Gharda Síochána dó i ngnáthchaint agus a thoiliú á lorg aige air go raibh an sampla ag teastáil chun críche tástála dlí-eolaíochta, go raibh a thoiliú riachtanach agus mura dtabharfadh sé a thoiliú cén éifeacht a d'fhéadfadh a bheith le diúltú dá chuid an toiliú sin a thabhairt. | |
[EN] | (4) Ní bheidh feidhm ag an alt seo— | |
[EN] | (a) maidir le duine nach mbeidh 14 bliana d'aois slánaithe aige, nó | |
[EN] | (b) i gcás ina mbeidh toiliú iomchuí diúltaithe ag tuismitheoir nó caomhnóir. | |
[EN] |
Taifid agus samplaí a dhíothú. |
4. —(1) Faoi réir fho-alt (5) den alt seo déanfar gach taifead lena n-aithnítear an duine a mbeidh sampla tógtha uaidh de bhun alt 2 den Acht seo a dhíothú, mura mbeidh sé díothaithe roimhe sin, mar a ordaítear leis an alt seo agus déanfar gach sampla a aithnítear leis an taifead sin a dhíothú sa tslí chéanna. |
[EN] | (2) I gcás nach mbeidh imeachtaí i leith aon chiona a bhféadfaí aon duine a choinneáil maidir leis faoi alt 30 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939 , nó faoi alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 , tionscanta, laistigh de shé mhí ó thógáil an tsampla, i gcoinne an duine ar tógadh an sampla uaidh agus nach é is cúis leis an bhfaillí na himeachtaí a thionscnamh laistigh den tréimhse sin gur éalaigh sé nó nach féidir teacht air, déanfar an taifead agus an sampla a aithnítear leis an taifead sin a dhíothú ag deireadh na tréimhse sin mura mbeidh ordú déanta faoi fho-alt (5) den alt seo. | |
[EN] | (3) I gcás go mbeidh imeachtaí tionscanta amhlaidh agus go n-éigiontófar nó go scaoilfear saor an duine nó go scoirfear de na himeachtaí, déanfar an taifead agus an sampla a aithnítear leis an taifead sin a dhíothú tar éis lá is fiche a bheith caite tar éis an éigiontaithe, an scaoilte nó an scoir mura mbeidh ordú déanta faoi fho-alt (5) den alt seo. | |
[EN] | (4) (a) I gcás gur ábhar d'ordú faoi fho-alt (1) nó (2) d'alt 1 den Probation of Offenders Act, 1907, duine a mbeidh sampla tógtha uaidh, déanfar an sampla sin agus gach taifead lena n-aithnítear an sampla sin a dhíothú ar 3 bliana a bheith imithe in éag ó dhéanamh an ordaithe; ar choinníoll nach gciontófar é i gcion lena mbaineann alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 , le linn na tréimhse sin. | |
[EN] | (b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) den fho-alt seo maidir le hordú faoi alt 1 (2) den Probation of Offenders Act, 1907, a urscaoiltear ar achomharc ó dhuine i gcoinne ciontú má dhaingnítear a chiontú ar achomharc. | |
[EN] | (5) Más deimhin le cúirt, ar iarratas a bheith déanta chuici ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó ag an duine ar tógadh an sampla uaidh, nó thar a gceann, go bhfuil cúis mhaith ann nár chóir taifid agus samplaí lena mbaineann an t-alt seo a dhíothú faoin alt seo, féadfaidh sí ordú a dhéanamh á údarú na taifid agus na samplaí sin a choinneáil chun cibé críche nó go ceann cibé tréimhse a ordóidh sí. | |
[EN] |
Rialacháin maidir le tógáil samplaí. |
5. —(1) Déanfaidh an tAire rialacháin maidir le tógáil samplaí chun críocha an Achta seo. |
[EN] | (2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, déanfar foráil leis na rialacháin— | |
[EN] | (a) chun an méid seo thíos a thaifeadadh i dtaifid stáisiúin de chuid an Gharda Síochána— | |
[EN] | (i) údarú chun sampla a thógáil a thugtar faoi alt 2 (4) (a) den Acht seo agus aon toiliú a thugtar faoi alt 2 (4) (b) den Acht seo, | |
[EN] | (ii) diúltú toiliú a thabhairt chun sampla a thógáil i gcásanna ina bhfuil toiliú le tabhairt faoi alt 2 (4) (b) den Acht seo, | |
[EN] | (iii) mionsonraí faoin am agus faoin tslí a tógadh sampla de bhun an Achta seo, agus | |
[EN] | (b) chun samplaí a thógáil ó dhaoine nach mbeidh 17 mbliana d'aois slánaithe acu. | |
[EN] | (3) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. | |
[EN] |
Aisghairm. |
6. —Aisghairtear leis seo alt 7 (1) (e) den Acht um an Dlí Coiriúil, 1976 , agus alt 6 (1) (e) den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 . |
[EN] |
Caiteachais. |
7. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] |
Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
8. —(1) Féadfar an tAcht um Cheartas Coiriúil (Fianaise Dlí-Eolaíochta), 1990 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar cibé lá a shocróidh an tAire dó le hordú. |