|
||||
|
[EN] | ||
| ||
Uimhir 7 de 1993 | ||
[EN] |
AN tACHT GÁIS (LEASÚ), 1993 | |
[An tiontú oifigiúil] |
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
Uimhir 7 de 1993 | ||||||||||||||||
AN tACHT GÁIS (LEASÚ), 1993 | ||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA GÁIS, 1976 GO 1987. [7 Aibreán, 1993] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
“an Príomh-Acht”. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Gáis, 1976 . |
[EN] |
Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht. |
2. —Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht— |
[EN] | (a) trí “laistigh den Stát nó lasmuigh de” a chur isteach i bhfo-alt (3) i ndiaidh “ar leith ón alt seo, féadfaidh an Bord”, agus | |
[EN] | (b) trí na focail go léir i bhfo-alt (7) (a cuireadh isteach leis an Acht Gáis (Leasú), 1987 ) ó “agus i dteannta” go dtí deireadh an fho-ailt sin a scriosadh, agus | |
[EN] | (c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7): | |
[EN] | “(7A) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, toiliú a thug sé faoi fho-alt (7) den alt seo a chúlghairm ach ní dhéanfaidh cúlghairm den sórt sin dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin de bhun agus de réir an toilithe.”. | |
[EN] |
Alt 8 den Phríomh-Acht a leasú tuilleadh. |
3. —Déantar leis seo alt 8 den Phríomh-Acht a leasú tuilleadh trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (8): |
[EN] | “(8) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (7) den alt seo, féadfaidh an tAire na coinníollacha seo a leanas a chur ag gabháil le toiliú a tugadh faoin bhfo-alt sin leis an mBord do dhéanamh píblíne— | |
[EN] | (a) coinníoll á cheangal go n-urramófar, maidir leis an bpíblíne, cóid agus caighdeáin shonraithe sábháilteachta nó éifeachtúlachta i ndáil le gach ceann nó aon cheann díobh seo a leanas: | |
[EN] | (i) déanamh píblínte, | |
[EN] | (ii) oibriú píblínte, | |
[EN] | (iii) cothabháil píblínte, | |
[EN] | (b) coinníoll á cheangal ar an mBord toiliú an Aire a fháil roimh ré leis an mBord d'aistriú leasa sa phíblíne nó i gcuid den phíblíne chuig duine eile nuair a bheidh sí déanta ag an mBord. | |
[EN] | (8A) Faoi réir fho-alt (8C) den alt seo, más rud é go n-aistreoidh an Bord chuig duine eile leas i bpíblíne nó i gcuid de phíblíne a rinne sé de bhun agus de réir toiliú ón Aire faoi fho-alt (7) den alt seo agus go bhfuair an Bord toiliú an Aire roimh ré leis an aistriú sin faoi choinníoll a ghabhann leis an toiliú sin, scoirfidh an coinníoll réamhráite agus aon choinníoll eile a ghabhann leis an toiliú céadluaite de bheith ina gceangal ar an mBord, maidir leis an bpíblíne nó leis an gcuid lena mbaineann, de réir mar a bheidh, agus tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad ina gceangal ar an duine sin. | |
[EN] | (8B) Faoi réir fho-alt (8C) den alt seo, más rud é, maidir le duine a ndearna an Bord leas i bpíblíne dá dtagraítear i bhfo-alt (8A) den alt seo a aistriú chuige le toiliú an Aire roimh ré, go n-aistreoidh sé leas sa phíblíne nó i gcuid den phíblíne chuig duine eile le toiliú an Aire roimh ré, scoirfidh an coinníoll nó na coinníollacha a ghabhann leis an toiliú iomchuí, agus atá ina cheangal nó ina gceangal ar an duine céadluaite de bhua an fho-ailt sin (8A), de bheith ina cheangal nó ina gceangal air, maidir leis an bpíblíne nó leis an gcuid lena mbaineann, de réir mar a bheidh, agus tiocfaidh sé nó siad chun bheith, agus beidh sé nó siad, ina cheangal nó ina gceangal ar an duine eile sin. | |
[EN] | (8C) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (8A) nó (8B), de réir mar a bheidh, den alt seo más rud é, maidir leis an aistriú leasa sa phíblíne nó sa chuid lena mbaineann, de réir mar a bheidh, lena mbaineann an fo-alt sin (8A) nó (8B), de réir mar is cuí, nach aistriú an t-aistriú leasa sin ar an leas iomlán ar ina leith a shealbhaíonn an Bord, nó an duine eile a dhéanfaidh an t-aistriú, an phíblíne nó an chuid lena mbaineann, mura sonróidh an tAire, nuair a bheidh a thoiliú á thabhairt aige leis an aistriú, go mbeidh feidhm ag an bhfo-alt sin (8A) nó (8B), de réir mar is cuí. | |
[EN] | (8D) Beidh feidhm ag fo-ailt (8B) agus (8C) den alt seo agus beidh éifeacht leo, fara na modhnuithe is gá, i ndáil le haon aistriú iardain a dhéanfar le toiliú an Aire roimh ré ar leas i bpíblíne nó i gcuid de phíblíne is leas ab ábhar d'aistriú lena mbaineann an fo-alt sin (8B). | |
[EN] | (8E) I gcás ina bhforáiltear le foráil roimhe seo den alt seo go mbeidh duine faoi cheangal ag coinníoll a ghabhann le toiliú ón Aire a tugadh faoi fho-alt (7) den alt seo, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas fad a bheidh an duine faoi cheangal ag an gcoinníoll faoi fhoráil réamhráite, is é sin le rá— | |
[EN] | (a) forléireofar tagairtí don Bhord sa choinníoll mar thagairtí don duine, | |
[EN] | (b) forléireofar an coinníoll thairis sin mar choinníoll a mbeidh éifeacht leis maidir leis an duine fara aon mhodhnuithe eile is gá, | |
[EN] | (c) ní bheidh feidhm ag alt 40 den Acht seo maidir leis an duine i dtaca leis an bpíblíne lena mbaineann nó leis an gcuid di ar ina leith atá an coinníoll ina cheangal air. | |
[EN] | (8F) I bhfo-ailt (8) go (8D) den alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn ‘leas’ aon eastát, ceart, teideal nó leas eile, dlíthiúil nó cothromasach, agus folaíonn sé ceadúnas; | |
[EN] | folaíonn an briathar ‘aistrigh’ na briathra deonaigh, forléas agus sann nó, de réir mar is cuí, folaíonn sé deonú, forléasadh agus sannadh. | |
[EN] | (8G) I gcás inar deimhin leis an Aire nach bhfuil coinníoll a ghabhann le toiliú a thug sé faoi fho-alt (7) den alt seo á chomhlíonadh, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar an mBord, nó, de réir mar is cuí, ar an duine atá faoi cheangal ag an gcoinníoll de bhua fho-alt (8A), (8B) nó (8D) den alt seo, á cheangal ar an mBord nó ar an duine— | |
[EN] | (a) an coinníoll a chomhlíonadh laistigh de thréimhse shonraithe dar tús dáta seirbheála an fhógra, | |
[EN] | (b) staonadh ón bpíblíne lena mbaineann nó aon chuid di nó an chuid di ar ina leith atá an coinníoll ina cheangal ar an mBord nó ar an duine nó aon chuid den chuid sin a oibriú nó a bhainistiú, más cuí leis an Aire a cheangal amhlaidh. | |
[EN] | (8H) (a) Faoi réir mhír (c) den fho-alt seo, más rud é go sáróidh duine coinníoll a ghabhann le toiliú a thug an tAire faoi fho-alt (7) den alt seo nó go mainneoidh sé ceanglas a chomhlíonadh atá i bhfógra faoi fho-alt (8G) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear— | |
[EN] | (i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó iad araon, a chur air, nó | |
[EN] | (ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £100,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana, nó iad araon, a chur air. | |
[EN] | (b) Faoi réir mhír (c) den fho-alt seo, i gcás cion faoi mhír (a) den fho-alt seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile den tsamhail sin de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú amhail is dá mbeadh sé ciontach sa chion céadluaite. | |
[EN] | (c) Ní bheidh feidhm ag míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo i gcás ina dtarlóidh an sárú nó an neamhchomhlíonadh atá i gceist lasmuigh den Stát nó lasmuigh de limistéar ainmnithe (de réir bhrí an Achta um an Scairbh Ilchríochach, 1968 ) mura saoránach Éireannach nó comhlacht arna bhunú sa Stát le haon achtachán nó faoi aon achtachán an duine atá freagrach as an sárú nó as an neamhchomhlíonadh. | |
[EN] | (d) Féadfaidh an tAire imeachtaí achoimre i leith ciona faoin bhfo-alt seo a thionscnamh.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 23 (2) den Phríomh-Acht. |
4. —Leasaítear leis seo alt 23 den Phríomh-Acht trí “£350,000,000” a chur in ionad “£170,000,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Gáis (Leasú), 1987 ) i bhfo-alt (2). |
[EN] |
Leasú ar alt 25 (2) den Phríomh-Acht. |
5. —Leasaítear leis seo alt 25 den Phríomh-Acht trí “£190,000,000” a chur in ionad “£80,000,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Gáis (Leasú), 1982 ) i bhfo-alt (2). |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
6. —(1) Féadfar an tAcht Gáis (Leasú), 1993 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Gáis, 1976 go 1993, a ghairm de na hAchtanna Gáis, 1976 go 1987, agus den Acht seo le chéile. |