4 1997

/images/harp.jpg


Uimhir 4 de 1997


AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1997

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Leasú ar alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984.

3.

Bannaí stáisiúin.

4.

Tréimhsí athchuir faoi choimeád a fhadú.

5.

Dlínse na Cúirte Dúiche agus áit athchuir.

6.

Deimhnithe fianaise a bhaineann le nithe áirithe.

7.

Fianaise a thaifeadadh.

8.

Toiliú an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí le diúscairt achomair cionta áirithe.

9.

Toiliú an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí le cionta eile a chur san áireamh le linn pionós a ghearradh.

10.

Barántais chuardaigh i ndáil le cionta tromaí.

11.

Méarloirg agus loirg dhearnana a thaifeadadh go leictreonach.

12.

Leasú ar alt 28 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984.

13.

Leathnú ar alt 8 den Acht um an Dlí Coiriúil, 1976.

14.

Leasú ar alt 32 d'Acht 1994.

15.

Leasú ar Acht 1994.

16.

Leasú ar alt 2 den Acht um Fhianaise Choiriúil, 1992.

17.

Leasú ar alt 23 d'Acht 1951.

18.

Leasú ar alt 15 d'Acht 1951.

19.

Cumhacht chun Rialacha Príosún a dhéanamh.

20.

Leasú ar Acht na gCúirteanna, 1971.

21.

Tosach feidhme.

22.

Caiteachais.

23.

Achtacháin a aisghairm.

24.

Gearrtheideal.

AN CHÉAD SCEIDEAL

AN DARA SCEIDEAL


Na hAchtanna dá dTagraítear

Children Act, 1908

8 Edw. 7. c.67

Acht na gCúirteanna, 1971

1971, Uimh. 36

Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986

1986, Uimh. 26

Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte, 1995

1995, Uimh. 31

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924

1924, Uimh. 10

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1953

1953, Uimh. 32

An tAcht um Fhianaise Choiriúil, 1992

1992, Uimh. 12

An tAcht um Cheartas Coiriúil, 1951

1951, Uimh. 2

An tAcht um Dhlínse Choiriúil, 1960

1960, Uimh. 27

An tAcht um Cheartas Coiriúil, 1984

1984, Uimh. 22

An tAcht um Cheartas Coiriúil, 1993

1993, Uimh. 6

An tAcht um Cheartas Coiriúil, 1994

1994, Uimh. 15

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil), 1962

1962, Uimh. 12

An tAcht um an Dlí Coiriúil, 1976

1976, Uimh. 32

Criminal Law Amendment Act, 1885

48 & 49 Vict. c.69

Acht Leasuithe an Dlí Choiriúla, 1935

1935, Uimh. 6

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Imeachtaí Ciorraithe Coil), 1995

1995, Uimh. 12

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú), 1990

1990, Uimh. 32

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 1993

1993, Uimh. 20

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967

1967, Uimh. 12

General Prisons (Ireland) Act, 1877

40 & 41 Vict. c.49

Penal Servitude (Ireland) Act, 1891

54 & 55 Vict. c.69

Achtanna na bPríosún, 1826 go 1956

Prisons (Ireland) Act, 1907

7 Edw. 7. c.19

Acht na bPríosún (Coistí Cuairte), 1925

1925, Uimh. 11

Probation of Offenders Act, 1907

7 Edw. 7. c.17

Punishment of Incest Act, 1908

8 Edw. 7. c.45

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961

1961, Uimh. 24

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1984

1984, Uimh. 16

/images/harp.jpg


Uimhir 4 de 1997


AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1997

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE hIMEACHTAÍ IN ÁBHAIR CHOIRIÚLA SA CHÚIRT DÚICHE, CHUN NA CRÍCHE SIN AGUS CHUN CRÍOCH EILE DO LEASÚ AN ACHTA CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1924 , AN ACHTA UM CHEARTAS COIRIÚIL, 1951 , AN ACHTA UM NÓS IMEACHTA COIRIÚIL, 1967 , AGUS ACHTACHÁN EILE, DO THABHAIRT ÉIFEACHTA D'AIRTEAGAL 11 DE THREOIR NA COMHAIRLE 91/308/CEE AN 10 MEITHEAMH 1991 Ó CHOMHAIRLE NA gCOMHPHOBAL EORPACH MAIDIR LE COSC A CHUR LE hÚSÁID AN CHÓRAIS AIRGEADAIS LE hAGHAIDH SCIÚRADH AIRGID, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN SÉALA A GHREAMÚ D'ORDUITHE CÚIRTE DÚICHE, DÁ CHUMASÚ DON AIRE DLÍ AGUS CIRT RIALACHA A DHÉANAMH MAIDIR LE RIALÁIL AGUS DEA-RIALÚ PRÍOSÚN, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [4 Márta, 1997]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1924” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ;

ciallaíonn “Acht 1951” an tAcht um Cheartas Coiriúil, 1951 ;

ciallaíonn “Acht 1967” an tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 ;

ciallaíonn “Acht 1994” an tAcht um Cheartas Coiriúil, 1994;

ciallaíonn “comhalta” comhalta den Gharda Síochána.

(2) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(3) Déanfar tagairt san Acht seo d'achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú, cibé acu roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis, le haon achtachán ina dhiaidh sin nó faoi, lena n-áirítear an tAcht seo.

Leasú ar alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 .

2. —Leasaítear leis seo an tAcht um Cheartas Coiriúil, 1984 , in alt 4—

(a) trí “nó de bhun údaráis ó bhreitheamh den Chúirt Dúiche faoi alt 10 (1)” a chur isteach i ndiaidh “gan bharántas” i bhfo-alt (2),

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) Más rud é, aon tráth le linn duine a choinneáil de bhun an ailt seo, nach bhfuil forais réasúnacha ann a thuilleadh chun a chreidiúint gur gá é a choinneáil chun an cion lena mbaineann an choinneáil a imscrúdú go cuí, déanfar, faoi réir fho-alt (6), é a scaoileadh as coimeád láithreach mura rud é go gcúiseofar é nó go gcuirfear faoi deara é a chúiseamh i gcion agus go dtabharfar é os comhair cúirte a luaithe is féidir i dtaca leis an gcúiseamh sin nó go mbeidh a choinneáil údaraithe ar leith ón Acht seo.

(6) Más rud é, aon tráth le linn duine a choinneáil de bhun an ailt seo, go bhfuil drochamhras ag comhalta den Gharda Síochána air, agus cúis réasúnach aige leis sin, go ndearna an duine sin cion lena mbaineann an t-alt seo, seachas cion lena mbaineann an choinneáil, agus go bhfuil forais réasúnacha ag an gcomhalta den Gharda Síochána atá i gceannas an stáisiúin Garda Síochána an tráth sin chun a chreidiúint gur gá leanúint den duine sin a choinneáil chun an cion eile sin a imscrúdú go cuí, féadfar leanúint den duine sin a choinneáil i ndáil leis an gcion eile amhail is dá mba é an cion sin an cion ar ina leith a ndearnadh an duine a choinneáil i dtosach.”,

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(8A) I gcás ina ndéantar duine atá á choinneáil de bhun fho-alt (2) a thabhairt chuig cúirt i dtaca le hiarratas a bhaineann le dlíthiúlacht a choinneála, déanfar an t-am ar lena linn a bheidh sé as láthair ón stáisiún chun na críche sin a eisiamh nuair a bheidh tréimhse choinneála a cheadaítear leis an alt seo á ríomh.”, agus

(d) trí “fho-alt (6), (8) nó (8A)” a chur in ionad “fho-alt (6) nó (8)” i bhfo-alt (9).

Bannaí stáisiúin.

3. —Leasaítear leis seo alt 31 d'Acht 1967—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Aon uair a dhéanfaidh comhalta den Gharda Síochána duine a thabhairt faoi choimeád go dtí stáisiún Garda Síochána, féadfaidh an sáirsint nó an comhalta eile i gceannas an stáisiúin, má mheasann sé gur den chríonnacht é agus mura mbeidh aon bharántas i bhfeidhm á ordú an duine sin a choinneáil, é a scaoileadh faoi bhannaí agus chuige sin glacfaidh sé uaidh cúirtbhanna, le hurraí nó gan urraí, go láithreoidh sé go cuí—

(a) os comhair na Cúirte Dúiche ag an gcéad suí eile den Chúirt sin sa Cheantar Cúirte Dúiche inar gabhadh an duine sin nó ag aon suí dá éis sin den Chúirt sin sa Cheantar Cúirte Dúiche sin le linn na tréimhse tríocha lá díreach i ndiaidh an chéad suí eile sin, nó

(b) i gcás na Cúirte Dúiche i nDúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath, os comhair an chéad suí eile den Chúirt sin nó ag aon suí dá éis sin den Chúirt sin le linn na tréimhse tríocha lá díreach i ndiaidh an chéad suí eile sin.”,

(b) tríd an dara habairt i bhfo-alt (3) a scriosadh,

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(3A) Maidir le haon chúirtbhanna a ghlacfar faoin alt seo, nó aon suim airgid a nglacfar léi faoin alt seo in ionad urra nó urraí, déanfaidh an comhalta den Gharda Síochána a ghlacfaidh an cúirtbhanna sin, nó a gheobhaidh an tsuim airgid sin, é nó í a thabhairt don chléireach Cúirte Dúiche don Cheantar Cúirte Dúiche ina bhfuil suí na Cúirte ar chuici a rinneadh an duine a athchur.”, agus

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(5) Ní dochar forálacha an ailt seo d'fhorálacha alt 94 den Children Act, 1908.”.

Tréimhsí athchuir faoi choimeád a fhadú.

4. —Leasaítear leis seo Acht 1967 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 24 (arna leasú le halt 8 (2) d'Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986 ):

“24. (1) Ní dhéanfaidh an Chúirt duine a athchur, ar an ócáid a láithríonn an duine sin den chéad uair os comhair na Cúirte agus é cúisithe i gcion áirithe, go ceann tréimhse is faide ná ocht lá ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt leis an alt seo.

(2) Féadfaidh an Chúirt duine a athchur faoi bhannaí go ceann tréimhse is faide ná ocht lá má thoilíonn an duine agus an t-ionchúisitheoir leis sin.

(3) Féadfaidh an Chúirt duine a athchur faoi choimeád (seachas ar an ócáid a láithríonn an duine sin den chéad uair os comhair na Cúirte agus é cúisithe i gcion áirithe) go ceann tréimhse nach faide ná cúig lá dhéag, ach amháin, más é tuairim na Cúirte sna himthosca uile go mbeadh sé míréasúnach an duine a athchur faoi choimeád go ceann tréimhse cúig lá dhéag, is é a bheidh sa tréimhse athchuir cibé tréimhse is lú ná cúig lá dhéag a mheasfaidh an Chúirt a bheith iomchuí.

(4) Féadfaidh an Chúirt duine a athchur faoi choimeád (seachas ar an ócáid a láithríonn an duine sin den chéad uair os comhair na Cúirte agus é cúisithe i gcion áirithe) go ceann tréimhse is faide ná cúig lá dhéag ach nach faide ná tríocha lá, má thoilíonn an duine agus an t-ionchúisitheoir leis sin.

(5) (a) Más deimhin leis an gCúirt, i gcás duine atá arna athchur faoi choimeád, nach féidir de dheasca tinnis nó tionóisce é a thabhairt os comhair na Cúirte i ndeireadh na tréimhse athchuir, féadfaidh an Chúirt, gan an duine sin a bheith i láthair, an duine sin a athchur go ceann cibé tréimhse breise, is féidir a bheith níos faide ná cúig lá dhéag, a mheasfaidh an Chúirt a bheith réasúnach.

(b) Más deimhin leis an gCúirt, i gcás duine atá arna athchur faoi bhannaí, nach féidir leis de dheasca tinnis nó tionóisce láithriú os comhair na Cúirte i ndeireadh na tréimhse athchuir, féadfaidh an Chúirt, gan an duine sin a bheith i láthair, an duine sin a athchur go ceann cibé tréimhse breise, is féidir a bheith níos faide ná ocht lá, a mheasfaidh an Chúirt a bheith réasúnach.

(6) (a) Más rud é go ndearnadh duine a athchur faoi choimeád agus nach suífidh an Chúirt an lá a mbeidh sé athchurtha chuige, beidh an duine sin arna athchur amhlaidh go dtí an chéad suí eile den Chúirt a thionólfar sa Dúiche Chúirte Dúiche chéanna.

(b) Más rud é go ndearnadh duine a athchur faoi bhannaí agus nach suífidh an Chúirt an lá a mbeidh sé athchurtha chuige, beidh an duine sin arna athchur amhlaidh go dtí an chéad suí eile den Chúirt a thionólfar sa Cheantar Cúirte Dúiche céanna.”.

Dlínse na Cúirte Dúiche agus áit athchuir.

5. —(1) D'ainneoin alt 27 (3) den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1953 , féadfaidh an chúirt ar os a comhair a láithríonn duine den chéad uair agus é nó í cúisithe i gcion áirithe nó breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh ag feidhmiú dlínse faoi fho-alt (2) d'alt 79 d'Acht 1924 (arna chur isteach le halt 41 d'Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte, 1995) an duine sin a athchur faoi choimeád chun láithriú ag suí den Chúirt Dúiche (“cúirt ionadúil”) sa Dúiche Chúirte Dúiche ina bhfuil an príosún nó an áit choinneála ina bhfuil sé nó sí le coinneáil faoi choimeád nó i nDúiche Chúirte Dúiche atá tadhlach leis an Dúiche Chúirte Dúiche chéadluaite.

(2) Féadfaidh an chúirt ionadúil, ó am go ham, de réir riachtanas na hócáide, duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt sin 79 a athchur tuilleadh, faoi choimeád nó faoi bhannaí, chuig an gcúirt sin nó chuig cúirt ionadúil eile.

(3) Déanfaidh cúirt ionadúil, d'fhonn réamhscrúdú faoi Acht 1967 a dhéanamh i ndáil le duine, nó, de réir mar a bheidh, chun críocha trialach duine, an duine a athchur chuig suí den chúirt sa Dúiche Chúirte Dúiche—

(a) ina ndearnadh an cion lena mbaineann an réamhscrúdú nó an triail, nó

(b) ina bhfuil cónaí ar an duine nó inar gabhadh an duine.

(4) Leasaítear leis seo an t-alt sin 79 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Maidir le breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh ag feidhmiú dlínse faoi fho-alt (2) ní bheidh dlínse ag an mbreitheamh sin chun—

(a) réamhscrúdú faoi fhorálacha an Achta um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , a dhéanamh, nó

(b) cúisí a thriail i gcion,

mura rud é go bhfeidhmítear an dlínse sin sa Dúiche Chúirte Dúiche—

(i) ina ndearnadh an cion, nó

(ii) ina bhfuil cónaí ar an gcúisí nó inar gabhadh an cúisí.”.

(5) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (4) den alt sin 79 maidir le cúirt ionadúil.

(6) Leasaítear leis seo alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil), 1962 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Má fheictear don Chúirt Dúiche ar os a comhair a chúisítear duine i gcion nó do chúirt ionadúil de réir bhrí alt 5 den Acht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1997 ar os a comhair atá duine ag láithriú—

(a) nach leor acmhainn an duine atá os a comhair chun go mbeadh ar a chumas cúnamh dlíthiúil a fháil, agus

(b) mar gheall ar thromaíocht an chiona a bhfuil sé cúisithe ann nó ar imthosca eisceachtúla gur gá, ar mhaithe leis an gceartas, go mbeadh cúnamh dlíthiúil aige chun a chosaint a ullmhú agus a stiúradh os a comhair,

déanfaidh an Chúirt Dúiche sin nó an chúirt ionadúil, de réir mar is iomchuí, ar iarratas faoina choinne sin a dhéanamh chuici, deimhniú um chúnamh dlíthiúil in aisce (dá ngairtear deimhniú um chúnamh dlíthiúil (An Chúirt Dúiche) san Acht seo) a dheonú ina leith agus air sin beidh sé i dteideal an cúnamh sin a fháil agus aturnae agus (i gcás é a chúiseamh i ndúnmharú agus inar cuí leis an gCúirt Dúiche sin nó, de réir mar a bheidh, leis an gcúirt ionadúil é) abhcóide a shannadh dó chun na críche sin i cibé slí a bheidh ordaithe le rialacháin faoi alt 10 den Acht seo.”.

Deimhnithe fianaise a bhaineann le nithe áirithe.

6. —(1) I gcás ina láithríonn duine, a gabhadh ar shlí seachas faoi bharántas, os comhair na Cúirte Dúiche den chéad uair agus é nó í cúisithe i gcion, beidh aon deimhniú a airbheartaíonn a bheith sínithe ag comhalta agus ina luafar go ndearna an comhalta sin, tráth sonraithe agus in áit shonraithe, aon cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas, eadhon—

(a) an duine sin a ghabháil maidir le cion sonraithe,

(b) an duine sin a chúiseamh i gcion sonraithe, nó

(c) rabhadh a thabhairt don duine sin ar é nó í a ghabháil maidir le cion sonraithe nó a chúiseamh i gcion sonraithe,

inghlactha mar fhianaise ar na nithe a bheidh luaite sa deimhniú.

(2) In aon imeachtaí coiriúla, beidh aon deimhniú a airbheartaíonn a bheith sínithe ag comhalta agus ina luafar—

(a) go ndearna an comhalta sin aon cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas, eadhon—

(i) dualgas a thosú, nó ionad comhalta shonraithe ar dualgas a ghlacadh, tráth sonraithe in áit—

(I) ina líomhnaítear go ndearnadh an cion lena mbaineann na himeachtaí sin,

(II) atá tadhlach leis an áit dá dtagraítear i gclásal 1 den fhomhír seo, nó

(III) ina bhfuil fianaise ar an gcion lena mbaineann na himeachtaí,

(ii) fanacht ar dualgas in áit dá dtagraítear i bhfomhír (i) go dtí tráth sonraithe nó go dtí gur ghlac comhalta sonraithe a ionad nó a hionad tráth sonraithe,

(b) i ndáil le háit dá dtagraítear i mír (a), nach ndeachaigh aon duine isteach san áit sin le linn tréimhse sonraithe gan cead ón gcomhalta sin agus nár corraíodh aon fhianaise san áit sin fad a bhí sé nó sí ar dualgas san áit sin,

inghlactha mar fhianaise ar na nithe a bheidh luaite sa deimhniú.

(3) I gcás ina dtéann duine isteach in áit dá dtagraítear i mír (a) d'fho-alt (2) tráth a mbeidh comhalta ar dualgas san áit sin, luafar i ndeimhniú dá dtagraítear san fho-alt sin ainm an duine sin agus an cuspóir dár ceadaíodh don duine sin dul isteach san áit sin.

(4) In aon imeachtaí coiriúla, féadfaidh an chúirt, más dóigh léi gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe leis an gceartas, a ordú go dtabharfar fianaise béil ar na nithe a bheidh luaite i ndeimhniú faoin alt seo, agus féadfaidh an chúirt na himeachtaí a chur ar atráth go dtí dáta is déanaí chun fianaise béil a ghlacadh.

(5) Déanfaidh comhalta nach ísle céim ná sáirsint deimhniú faoin alt seo a thairiscint i bhfianaise.

(6) Ar dhuilleog na gcúiseamh agus cúirtbhanna a bheith leagtha faoi bhráid na Cúirte Dúiche, ceanglóidh an chúirt ar an duine (más ann) atá i láthair agus lena mbaineann duilleog na gcúiseamh agus an cúirtbhanna, é féin nó í féin a chéannú, agus dá réir sin, ar cheangal a bheith curtha air nó uirthi amhlaidh, déanfaidh an duine é féin nó í féin, de réir mar a bheidh, a chéannú don chúirt.

(7) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, le rialacháin, an fhoirm ina mbeidh deimhniú faoin alt seo a fhorordú.

Fianaise a thaifeadadh.

7. —Leasaítear leis seo Acht 1924 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 33:

“33. (1) Má dheonaítear an deimhniú nó an cead achomhairc sin, déanfaidh an Chúirt Achomhairc Choiriúil (‘an chúirt’) an t-achomharc a éisteacht agus a chinneadh—

(a) ar thaifead de na himeachtaí sa triail agus ar scríbhinn de arna bhfíorú ag an mbreitheamh ar trialadh an cás os a chomhair, agus

(b) i gcás gurb é tuairim bhreitheamh na trialach nach léiriú an taifead nó an scríbhinn dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo ar ar tharla le linn na trialach, ar thuairisc uaidh i dtaobh na lochtanna a mheasann sé atá sa taifead nó sa scríbhinn sin, de réir mar a bheidh,

ach beidh cumhacht ag an gcúirt chun fianaise nua nó bhreise a éisteacht agus chun aon ní a chur chun an bhreithimh sin chun tuairisc air a fháil uaidh.

(2) I gcás gurb é tuairim na cúirte go bhfuil an taifead nó an scríbhinn de lochtach in aon phonc ábhartha, féadfaidh sí an t-achomharc a chinneadh i cibé modh is iomchuí léi, sna himthosca uile.

(3) San alt seo, folaíonn ‘taifead’, i dteannta taifid i scríbhinn—

(a) nótaí luathscríbhneoireachta nó diosca, téip, fuaimrian nó feiste eile ina gcorpraítear faisnéis, fuaimeanna nó comharthaí ionas gur féidir (le cúnamh nó gan chúnamh aon ghléis eile) iad a atáirgeadh i bhfoirm inléite nó inchloiste,

(b) téip scannáin nó feiste eile ina gcorpraítear amharcíomhánna ionas gur féidir (le cúnamh nó gan chúnamh aon ghléis eile) iad a atáirgeadh in amharcfhoirm, agus

(c) grianghraf.

(4) Aisghairtear leis seo alt 97 d'Acht 1924.”.

Toiliú an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí le diúscairt achomair cionta áirithe.

8. —Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1951 (arna leasú le halt 19 d'Acht 1967) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Féadfaidh an Chúirt Dúiche duine a chúiseofar i gcion sceidealta a thriail go hachomair—

(a) más é tuairim na Cúirte gur mionchion is intriailte go hachomair na fíorais a cruthaíodh nó a líomhnaíodh,

(b) mura ndéanfaidh an cúisí, ar an gCúirt á chur in iúl dó go bhfuil de cheart aige go dtrialfadh giúiré é, agóid i gcoinne é a thriail go hachomair, agus

(c) má thoilíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí leis an gcúisí a thriail go hachomair sa chion sin.”.

Toiliú an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí le cionta eile a chur san áireamh le linn pionós a ghearradh.

9. —Leasaítear leis seo alt 8 d'Acht 1951 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) I gcás go n-admhóidh duine, ar é a chiontú i gcion, go bhfuil sé ciontach in aon chion eile, agus go n-iarrfaidh sé go ndéanfar an cion eile sin a chur san áireamh nuair a bheidh pionós á ghearradh, féadfaidh an Chúirt, má thoilíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, an cion eile sin a chur san áireamh dá réir sin.”.

Barántais chuardaigh i ndáil le cionta tromaí.

10. —(1) Más rud é gur deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche, ar fhianaise arna tabhairt faoi mhionn ag comhalta nach ísle céim ná cigire a éisteacht, go bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann go bhfuil fianaise ar aon ní díobh seo a leanas nó fianaise maidir le déanamh aon ní díobh seo a leanas, eadhon—

(a) cion indíotáilte lena ngabhann bás aon duine nó díobháil mhór choirp d'aon duine,

(b) cion príosúnaithe neamhdhleathaigh,

(c) cion éignithe, nó

(d) cion faoi achtachán atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo,

le fáil in aon áit, féadfaidh sé nó sí barántas a eisiúint chun an áit sin agus aon daoine a gheofar san áit sin a chuardach.

(2) Maidir le barántas faoin alt seo, beidh sé sainráite ann agus oibreoidh sé chun a údarú do chomhalta ainmnithe, in éineacht le haon chomhalta eile, dul isteach (trí fhorneart réasúnach a úsáid más gá) san áit a bheidh ainmnithe ar an mbarántas, laistigh de sheachtain amháin ó dháta eisiúna an bharántais, agus an áit sin agus aon daoine a gheofar san áit sin a chuardach agus aon rud a gheofar san áit sin, nó aon rud a gheofar i seilbh duine a bheidh i láthair san áit sin tráth an chuardaigh, a urghabháil, ar rud é a gcreideann an comhalta sin le réasún ina leith gur fianaise é ar chion dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó a bhaineann le cion den sórt sin.

(3) Féadfaidh comhalta a bheidh ag gníomhú faoi údarás barántais faoin alt seo—

(a) a cheangal ar aon duine a bheidh i láthair san áit ina ndéanfar an cuardach a ainm agus a sheoladh, nó a hainm agus a seoladh, a thabhairt don chomhalta, agus

(b) aon duine a ghabháil ar shlí seachas ar scór barántais, ar duine é nó í—

(i) a chuirfidh bac, nó a fhéachfaidh le bac a chur, ar an gcomhalta sin le linn dó nó di a dhualgais nó a dualgais a chomhall,

(ii) a mhainneoidh ceanglas faoi mhír (a) a chomhlíonadh, nó

(iii) a thabharfaidh ainm nó seoladh a bhfuil cúis réasúnach ag an gcomhalta chun a chreidiúint go bhfuil sé bréagach nó míthreorach.

(4) Aon duine a chuirfidh bac, nó a fhéachfaidh le bac a chur, ar chomhalta a bheidh ag gníomhú faoi údarás barántais faoin alt seo, a mhainneoidh ceanglas faoi mhír (a) d'fho-alt (3) a chomhlíonadh nó a thabharfaidh ainm nó seoladh atá bréagach do chomhalta, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500, nó príosúnacht ar feadh tréimhse nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(5) Maidir leis na gcumhacht chun barántas a eisiúint faoin alt seo, is cumhacht í i dteannta, agus ní cumhacht í in ionad, aon chumhachta eile chun barántas a eisiúint chun aon áit nó duine a chuardach.

(6) San alt seo—

folaíonn “déanamh” i ndáil le cion, iarracht ar an gcion sin a dhéanamh; agus

folaíonn “áit” teaghais.

Méarloirg agus loirg dhearnana a thaifeadadh go leictreonach.

11. —(1) Maidir le cumhacht faoi aon achtachán, cibé acu a ritear é roimh an Acht seo a rith nó dá éis, chun méarloirg nó loirg dhearnana aon duine a thógáil áireofar inti an chumhacht chun íomhá de mhéarloirg nó de loirg dhearnana an duine sin a thaifeadadh trí mheán leictreonach nó ar aon mhodh eile.

(2) Maidir le grianghraf, nó íomhá d'aon mhéarlorg nó lorg dearnan, a bheidh ceangailte le deimhniú nó a bheidh i ndeimhniú, ar deimhniú é a airbheartóidh a bheith sínithe ag an gcomhalta a thóg an grianghraf sin nó a thaifead an íomhá sin agus a luafaidh—

(a) gur grianghraf de dhuine sonraithe é an grianghraf sin, nó

(b) gurb íomhá de mhéarlorg nó de lorg dearnan, de réir mar a bheidh, duine shonraithe an íomhá sin,

agus gurb é nó í an comhalta sin a thóg é nó a thaifead í, de réir mar a bheidh, beidh sé nó sí, mura gcruthófar a mhalairt, ina fhianaise nó ina fianaise ar na nithe a luaitear sa deimhniú.

Leasú ar alt 28 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 .

12. —Leasaítear leis seo an tAcht um Cheartas Coiriúil, 1984 , tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 28:

“Méarloirg, loirg dhearnana nó grianghraif dhuine a thógáil ar duine é a ndéileáiltear leis faoin Probation of Offenders Act, 1907, nó a chiontaítear.

28. (1) I gcás duine, ar é a ionchúiseamh i leith ciona indíotáilte, a bheith ina ábhar d'ordú faoi fho-alt (1) nó (2) d'alt 1 den Probation of Offenders Act, 1907, nó a chiontú agus déileáil leis i slí eile, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána—

(a) méarloirg, loirg dhearnana nó grianghraf an duine sin a thógáil in aon áit chaoithiúil, laistigh de 7 lá ó thráth déanta an ordaithe sin nó óna chiontú, nó

(b) a cheangal i scríbhinn ar an duine sin freastal, laistigh de 7 lá ó thráth déanta an ordaithe sin nó óna chiontú, ag stáisiún Garda Síochána ainmnithe chun go dtógfar a mhéarloirg, a loirg dhearnana nó a ghrianghraf:

Ar choinníoll, i gcás inar fhág duine nárbh indéanta a mhéarloirg, a loirg dhearnana nó a ghrianghraf a thógáil laistigh den tréimhse sin 7 lá, go bhféadfaidh comhalta den Gharda Síochána a cheangal (nó i gcás duine a bheidh ag freastal ag stáisiún Garda Síochána de bhun ceanglais faoin alt seo, a cheangal tuilleadh) i scríbhinn, ar an duine sin freastal ag stáisiún Garda Síochána ainmnithe ar lá sonraithe chun go dtógfar a mhéarloirg, a loirg dhearnana nó a ghrianghraf.

(2) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána méarloirg, loirg dhearnana nó grianghraf duine a thógáil ar fhreastal ag stáisiún Garda Síochána don duine sin de bhun ceanglais faoin alt seo.

(3) Beidh feidhm ag forálacha alt 8 maidir le méarloirg, loirg dhearnana nó grianghraif dhuine a thógfar de bhun an ailt seo ar duine é atá ina ábhar d'ordú faoi fho-alt (1) nó (2) d'alt 1 den Probation of Offenders Act, 1907, mar atá feidhm acu maidir le méarloirg, loirg dhearnana nó grianghraif a thógfar de bhun na gcumhachtaí a thugtar le halt 6.

(4) Aon duine a dhiúltóidh ceanglas faoin alt seo a chomhlíonadh nó a dhiúltóidh a cheadú a mhéarloirg, a loirg dhearnana nó a ghrianghraf a thógáil de bhun an ailt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air.”.

Leathnú ar alt 8 den Acht um an Dlí Coiriúil, 1976 .

13. —Leasaítear leis seo alt 8 den Acht um an Dlí Coiriúil, 1976 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh mhír (j):

“(k) le cion faoi alt 112 (2) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 (arna ionadú le halt 3 (7) den Acht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1984 ).”.

Leasú ar alt 32 d'Acht 1994.

14. —Leasaítear leis seo alt 32 d'Acht 1994 trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach:

“(9A) Déanfaidh comhlacht ainmnithe, i ndáil le seoladh a ghnó, bearta a ghlacadh chun déanamh ciona faoi alt 31 den Acht seo a chosc agus a bhrath.

(9B) Áireofar sna bearta a ghlacfar faoi fho-alt (9A) den alt seo—

(a) nósanna imeachta a bhunú a bheidh le leanúint ag stiúrthóirí nó oifigigh eile, agus ag fostaithe i seoladh ghnó an chomhlachta ainmnithe,

(b) treoruithe a thabhairt do stiúrthóirí nó d'oifigigh eile, agus d'fhostaithe i dtaca le feidhm Threoir na Comhairle 91/308/CEE an 10 Meitheamh 1991 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais le haghaidh sciúradh airgid1 , agus i dtaca le héifeacht Chuid IV den Acht seo agus ailt 57 agus 58 den Acht seo, agus

(c) oiliúint stiúrthóirí nó oifigeach eile, agus fostaithe chun a chumasú dóibh idirbhearta a d'fhéadfadh a bheith bainteach le déanamh ciona faoi alt 31 den Acht seo a aithint, agus treoruithe a thabhairt dóibh i dtaobh conas is cóir do stiúrthóir, d'oifigeach eile nó d'fhostaí gníomhú a luaithe a bheidh idirbheart den sórt sin aitheanta aige nó aici, de réir mar a bheidh.

(9C) I bhfo-alt (9B) den alt seo forléireofar tagairtí do stiúrthóirí’, ‘oifigigh’ nó ‘fostaithe’ mar thagairtí do stiúrthóirí, oifigigh nó fostaithe, de réir mar a bheidh, de chuid comhlachta ainmnithe.”.

Leasú ar Acht 1994.

15. —Leasaítear leis seo Acht 1994—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) d'alt 55:

“(4) Ní dhéanfar aon iarratas ar bharántas faoin alt seo, nó ar ordú faoi alt 63 den Acht seo arna oiriúnú le fo-alt (2) den alt seo, ach amháin de bhun ordacháin arna thabhairt ag an Aire mar fhreagra ar iarraidh a bheidh faighte aige ó rialtas tíre a bhfuil feidhm ag an alt seo i ndáil léi, nó ó dhuine ag gníomhú ar údarás an rialtais sin, agus a rinneadh—

(a) thar ceann cúirte nó binse a fheidhmíonn dlínse choiriúil sa tír atá i gceist nó thar ceann údaráis ionchúisimh sa tír sin, nó

(b) thar ceann aon údaráis eile sa tír sin a fheictear don Aire a bheith ina údarás cuí chun críocha an ailt seo,

agus déanfaidh comhalta den Gharda Síochána aon fhianaise a urghabhfaidh nó a gheobhaidh sé de bhua an ailt seo a thabhairt don Aire lena cur ar aghaidh chuig an rialtas nó chuig an duine lena mbaineann nó, má iarrann an rialtas nó an duine sin amhlaidh, chuig an gcúirt, chuig an mbinse nó chuig an údarás dá ndearnadh í a urghabháil nó a fháil.”, agus

(b) tríd an alt nua seo a leanas a chur isteach i gCuid VII:

“Cionta ioncaim.

56A. (1) Chun amhras a sheachaint dearbhaítear leis seo, i ndáil le cion faoi dhlí tíre nó críche seachas an Stát, go bhforléireofar tagairtí i gCuid VII do chion mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chion ioncaim.

(2) San alt seo, ciallaíonn ‘cion ioncaim’ cion i dtaca le cánacha, dleachtanna nó rialú malairte.”.

Leasú ar alt 2 den Acht um Fhianaise Choiriúil, 1992.

16. —Leasaítear leis seo alt 2 den Acht um Fhianaise Choiriúil, 1992, tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cion gnéasach”:

“ciallaíonn ‘cion gnéasach’ éigniú, cion faoi alt 3 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 1993, ionsaí gnéasach (de réir bhrí alt 2 den Acht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú), 1990 ), tromionsaí gnéasach (de réir bhrí alt 3 den Acht sin), banéigean faoi alt 4 den Acht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú), 1990 nó cion—

(a) faoi alt 3 (arna leasú le halt 8 d'Acht 1935) nó 6 (arna leasú le halt 9 d'Acht 1935) den Criminal Law Amendment Act, 1885,

(b) faoi alt 4 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 1993,

(c) faoi alt 1 (arna leasú le halt 12 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1993 agus le halt 5 den Acht um an Dlí Coiriúil (Imeachtaí Ciorraithe Coil), 1995) nó 2 (arna leasú le halt 12 d'Acht 1935) den Punishment of Incest Act, 1908,

(d) faoi alt 17 (arna leasú le halt 11 d'Acht 1935) den Children Act, 1908,

(e) faoi alt 1 nó 2 d'Acht 1935, nó

(f) faoi alt 5 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 1993,

gan iarracht ar aon chion den sórt sin a dhéanamh a áireamh;”.

Leasú ar alt 23 d'Acht 1951.

17. —Leasaítear leis seo Acht 1951—

(a) trí fho-alt (3) d'alt 23 a scriosadh, agus

(b) tríd an alt seo a leanas a chur isteach:

“23A (1) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, aon chumhacht de chuid an Rialtais faoi alt 23 den Acht seo a tharmligean chun an Aire Dlí agus Cirt.

(2) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, ordú faoin alt seo a chúlghairm.”.

Leasú ar alt 15 d'Acht 1951.

18. —Leasaítear leis seo Acht 1951 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 15 (arna ionadú le halt 26 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 ):

“15. (1) Duine a ghabhfar de bhun barántais, déanfar, ar é a ghabháil, é a thabhairt, a luaithe is indéanta, os comhair breithimh den Chúirt Dúiche ag a mbeidh dlínse chun déileáil leis an gcion lena mbaineann.

(2) Duine a ghabhfar gan bharántas, déanfar, ar é a chúiseamh i gcion, é a thabhairt, a luaithe is indéanta, os comhair breithimh den Chúirt Dúiche ag a mbeidh dlínse chun déileáil leis an gcion lena mbaineann.

(3) I gcás ina ngabhfar duine de bhun barántais tráth is déanaí ná a 5 a chlog aon tráthnóna nó, ar é a bheith gafa gan bharántas, i gcás ina gcúiseofar é tar éis an ama sin agus go mbeidh breitheamh den Chúirt Dúiche le suí sa Dúiche Chúirte Dúiche inar gabhadh an duine tráth nach déanaí ná meán lae an lá dár gcionn, is leorchomhlíonadh ar fho-alt (1) nó (2) den alt seo, de réir mar a bheidh, é a thabhairt os comhair breithimh den Chúirt Dúiche ag suí dó sa Dúiche Chúirte Dúiche sin ag tosach an tsuí.

(4) Má dhéantar an cúisí a athchur faoi bhannaí agus go bhfaighidh sé bannaí láithreach bonn, tarchuirfear an cás chun an chéad suí eile den Chúirt Dúiche.

(5) In aon chúinsí eile, tarchuirfear an cás chun suí den Chúirt Dúiche a bheidh ann, laistigh de thréimhse nach faide ná 8 lá ó dháta na gabhála, in áit a ainmneofar.

(6) Ní dochar an t-alt seo d'fhorálacha aon achtacháin a bhaineann le himeachtaí tar éis gabháil nó cúiseamh i gcásanna áirithe.”.

Cumhacht chun Rialacha Príosún a dhéanamh.

19. —(1) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt rialacha a dhéanamh maidir le rialáil agus dea-rialú príosún.

(2) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn “príosún” áit choimeádta a riarann an tAire Dlí agus Cirt.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, féadfar foráil a dhéanamh le rialacha faoin alt seo—

(a) maidir le dualgais agus iompar rialtóra agus oifigeach príosúin,

(b) maidir le haicmiú daoine a bheidh arna gcoinneáil i bpríosún,

(c) maidir leis an mbail a chuirfear ar dhaoine a bheidh arna gcoinneáil i bpríosún, lena n-áirítear aiste bia, éadaí, cothabháil, fostaíocht, teagasc, araíonacht agus ceartú na ndaoine sin,

(d) maidir le soláthar saoráidí agus seirbhísí do dhaoine a bheidh arna gcoinneáil i bpríosún, lena n-áirítear saoráidí oideachais, seirbhísí leighis, agus seirbhísí a bhaineann le leas ginearálta morálta agus coirp na ndaoine sin,

(e) maidir le forchur pionós ag rialtóir príosúin, nó ag oifigeach de chuid an phríosúin sin ag gníomhú thar a cheann nó thar a ceann, i leith cibé sáruithe ar araíonacht phríosúin, a bheidh sonraithe sna rialacha sin, ag daoine a bheidh arna gcoinneáil i bpríosún,

(f) maidir le loghadh de thoradh dea-iompair i gcuid de phianbhreith duine chiontaithe,

(g) maidir le grianghraif a thógáil de dhaoine a bheidh arna gcoinneáil i bpríosún agus a dtoisí a thógáil agus maidir le méarloirg agus loirg dhearnana a thógáil ó na daoine sin le linn iad a bheith á gcoinneáil i bpríosún.

(4) Féadfaidh rialtóir príosúin, nó oifigeach de chuid an phríosúin sin ag gníomhú thar a cheann nó thar a ceann, cóipeanna de ghrianghraif, de thoisí, de mhéarloirg nó de loirg dhearnana a gheofar de réir rialacha arna ndéanamh faoin alt seo a thabhairt don Gharda Síochána.

(5) Leasaítear leis seo alt 3 d'Acht na bPríosún (Coistí Cuairte), 1925, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Maidir le hachomharc i gcoinne cinnidh ó rialtóir príosúin nó ó oifigeach de chuid an phríosúin sin ag gníomhú thar a cheann nó thar a ceann chun pionós a fhorchur ar dhuine, de réir rialacha arna ndéanamh faoi alt 19 den Acht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1997 , féadfaidh coiste cuairte é a éisteacht faoi réir agus de réir rialacha arna ndéanamh faoin Acht seo.”.

(6) Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 13 den Acht um Dhlínse Choiriúil, 1960

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) d'Achtanna na bPríosún, 1826 go 1956 (seachas alt 12 den General Prisons (Ireland) Act, 1877, an Prisons (Ireland) Act, 1907, agus alt 8 den Penal Servitude (Ireland) Act, 1891) agus na rialacha arna ndéanamh fúthu, cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin é,”,

agus

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach:

“(aa) do rialacha arna ndéanamh faoi alt 19 den Acht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1997 , agus”.

(7) Déanfar rialacha arna ndéanamh faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacha a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialacha, beidh na rialacha ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacha.

(8) Aon rialacha a rinneadh faoi alt 12 den General Prisons (Ireland) Act, 1877, agus faoin Prisons (Ireland) Act, 1907, agus aon rialacháin a rinneadh faoi alt 8 den Penal Servitude (Ireland) Act, 1891, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm amhail is dá mba faoin alt seo a rinneadh iad agus féadfar iad a leasú nó a chúlghairm dá réir sin.

Leasú ar Acht na gCúirteanna, 1971 .

20. —Leasaítear leis seo Acht na gCúirteanna, 1971

(a) tríd an alt seo a leanas a chur isteach:

“Séala Cúirte Dúiche.

13A. (1) Déanfaidh an Chúirt Dúiche, a luaithe is féidir tar éis dháta rite an Achta um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1997 , séala amháin nó, de réir mar is cuí, níos mó ná séala amháin a sholáthar di féin—

(a) i leith gach Ceantair Cúirte Dúiche, agus

(b) i leith Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath, le húsáid sa Cheantar Cúirte Dúiche lena mbaineann nó i nDúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath, de réir mar a bheidh.

(2) Maidir le séala faoin alt seo, beidh uimhir na Dúiche Cúirte Dúiche agus ainm an Cheantair Cúirte Dúiche lena mbaineann sé nó, i gcás Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath, ainm na Dúiche sin, inscríofa air.

(3) I gcás ina bhfuil níos mó ná séala amháin ann i leith Ceantair Cúirte Dúiche, beidh ar gach séala den sórt sin, i dteannta na huimhreach is gá a bheith air faoi fho-alt (2), uimhir á idirdhealú ó gach séala eile i leith an Cheantair Cúirte Dúiche sin.

(4) Ar gach séala i leith Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath, beidh, i dteannta an ainm is gá a bheith air faoi fho-alt (2), uimhir á idirdhealú ó gach séala eile i leith na Dúiche sin.

(5) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacha cúirte maidir le coimeád séala faoin alt seo.”,

agus

(b) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 14:

“14. (1) In aon imeachtaí dlíthiúla ní thabharfar aird ar aon taifead, a bhaineann le cinneadh ó bhreitheamh den Chúirt Dúiche in aon chás dlínse achomaire, seachas ordú a dhéanfar, nuair a bheidh gá le hordú, a tharraingt suas ag an gcléireach Cúirte Dúiche agus—

(a) a shíniú ag an mbreitheamh a rinne an t-ordú, nó

(b) a mbeidh séala na Cúirte Dúiche i leith an Cheantair Cúirte Dúiche ina ndearnadh an t-ordú greamaithe de, nó i gcás inar bhreitheamh den Chúirt Dúiche ag suí dó i nDúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath a rinne an t-ordú, a mbeidh séala na Dúiche sin greamaithe de,

nó cóip d'ordú den sórt sin agus í deimhnithe de réir rialacha cúirte.

(2) Nuair a bheidh séala den Chúirt Dúiche greamaithe d'ordú arna tharraingt suas de réir an ailt seo, déanfar é a fhíordheimhniú le síniú an bhreithimh a rinne an t-ordú nó le síniú an chléirigh Cúirte Dúiche a tharraing suas an t-ordú.”.

Tosach feidhme.

21. —Tiocfaidh ailt 3 go 10, 12 agus 18 i ngníomh mí amháin tar éis an tAcht seo a rith.

Caiteachais.

22. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Dlí agus Cirt ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Achtacháin a aisghairm.

23. —Aisghairtear leis seo na hachtacháin a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Gearrtheideal.

24. —Féadfar an tAcht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1997 , a ghairm den Acht seo.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Alt 10.

Uimhir agus Bliain

Achtachán

(1)

(2)

8 Edw.7. c.45

Alt 1 den Punishment of Incest Act, 1908

Uimh. 6 de 1935

Ailt 1 agus 2 d'Acht Leasuithe an Dlí Choiriúla, 1935

Uimh. 32 de 1990 0

Ailt 3 agus 4 den Acht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú), 1990

Uimh. 20 de 1993

Ailt 3 agus 5 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 1993

AN DARA SCEIDEAL

Alt 23.

Uimhir agus Bliain

Achtachán

(1)

(2)

40 & 41 Vict. c.49

Alt 12 den General Prisons (Ireland) Act, 1877

54 & 55 Vict. c.69

Alt 8 den Penal Servitude (Ireland) Act, 1891

7 Edw. 7. c.19

Alt 1 den Prisons (Ireland) Act, 1907

1O.J. Uimh. L 166/77, an 28 Meitheamh, 1991.