|
||||
|
[EN] | ||
| ||
Uimhir 2 de 2004 | ||
[EN] |
AN tACHT UM THOGHCHÁIN DO PHARLAIMINT NA hEORPA (LEASÚ) 2004 | |
[An tiontú oifigiúil] |
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
Uimhir 2 de 2004 | ||||||||||||||||
AN tACHT UM THOGHCHÁIN DO PHARLAIMINT NA hEORPA (LEASÚ) 2004 | ||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||||||||||
[EN] |
Míniú. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “Acht 1997” an tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997. | ||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 11 d'Acht 1997. |
2. —Leasaítear alt 11 d'Acht 1997— | ||||||||||||||||
[EN] | (a) i bhfo-alt (2) (d), trí “Ballstáit baile an duine, nó” a chur in ionad “Ballstáit baile an duine.”, | |||||||||||||||||
[EN] | (b) trí na míreanna seo a leanas a chur le fo-alt (2): | |||||||||||||||||
[EN] | “(e) gur Aire den Rialtas é nó í, nó | |||||||||||||||||
[EN] | (f) gur comhalta de Rialtas Ballstáit eile é nó í, nó | |||||||||||||||||
[EN] | (g) gur comhalta de Choimisiún na gComhphobal Eorpach é nó í, nó | |||||||||||||||||
[EN] | (h) gur Breitheamh, Abhcóide Ginearálta nó Cláraitheoir de Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach nó den Chúirt Chéadchéime atá ag gabháil leis an gCúirt sin é nó í, nó | |||||||||||||||||
[EN] | (i) gur comhalta de Bhord Stiúrthóirí an Bhainc Ceannais Eorpaigh é nó í, nó | |||||||||||||||||
[EN] | (j) gur comhalta de Chúirt Iniúchóirí na gComhphobal Eorpach é nó í, nó | |||||||||||||||||
[EN] | (k) gurb é nó í Ombudsman na gComhphobal Eorpach é nó í, nó | |||||||||||||||||
[EN] | (l) gur comhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta an Chomhphobail Eorpaigh agus den Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach é nó í, nó | |||||||||||||||||
[EN] | (m) gur comhalta é nó í de choiste nó de chomhlacht eile arna bhunú de bhun na gConarthaí ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach chun cistí na gComhphobal a bhainistiú nó cúram buan díreach riaracháin a chomhlíonadh, nó | |||||||||||||||||
[EN] | (n) gur comhalta de Bhord Stiúrthóirí, de Choiste Bainistíochta nó d'fhoireann an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta é nó í, nó | |||||||||||||||||
[EN] | (o) gur oifigeach nó seirbhíseach gníomhach é nó í— | |||||||||||||||||
[EN] | (i) d'aon cheann d'institiúidí na gComhphobal Eorpach, | |||||||||||||||||
[EN] | (ii) d'aon cheann de na sainchomhlachtaí atá ag gabháil leis na hinstitiúidí sin, nó | |||||||||||||||||
[EN] | (iii) don Bhanc Ceannais Eorpach.”, | |||||||||||||||||
[EN] | (c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4): | |||||||||||||||||
[EN] | “(4A) (a) Faoi réir mhír (b), duine a thoghfar faoin Acht seo chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Pharlaimint nó a mheasfar de bhun alt 19 a bheith tofa amhlaidh, agus a bheidh, tráth a thofa nó a tofa nó an tráth a chéadmheasfar amhlaidh é nó í, ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Teach den Oireachtas lena mbaineann, ar a thoghadh nó ar a toghadh amhlaidh, nó, i gcás an duine a bheith le meas amhlaidh, an lá a chéadmheasfar amhlaidh é nó í. | |||||||||||||||||
[EN] | (b) Duine a thoghfar faoin Acht seo chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Pharlaimint sa bhliain 2004 nó a mheasfar tar éis an toghcháin sin, de bhun alt 19, a bheith tofa amhlaidh, agus a bheidh, tráth a thofa nó a tofa nó an tráth a chéadmheasfar amhlaidh é nó í, ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, féadfaidh sé nó sí a bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Pharlaimint agus den Teach den Oireachtas lena mbaineann— | |||||||||||||||||
[EN] | (i) go dtí an lánscor ar an Dáil díreach roimh olltoghchán chomhaltaí na Dála is túisce a dhéanfar tar éis an toghcháin faoin Acht seo sa bhliain 2004, más comhalta den Dáil an duine, nó | |||||||||||||||||
[EN] | (ii) go dtí an lá roimh an lá vótaíochta in olltoghchán chomhaltaí an tSeanaid is túisce a dhéanfar tar éis an toghcháin faoin Acht seo sa bhliain 2004, más comhalta den Seanad an duine. | |||||||||||||||||
[EN] | (c) San fho-alt seo ciallaíonn ‘comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas’ comhalta den Dáil nó den Seanad seachas— | |||||||||||||||||
[EN] | (i) Aire den Rialtas, | |||||||||||||||||
[EN] | (ii) Aire Stáit, nó | |||||||||||||||||
[EN] | (iii) Cathaoirleach nó Leas-Chathaoirleach na Dála nó Cathaoirleach nó Leas-Chathaoirleach an tSeanaid.”, | |||||||||||||||||
[EN] | agus | |||||||||||||||||
[EN] | (d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5): | |||||||||||||||||
[EN] | “(5) Más rud é, le linn do dhuine a bheith ina chomhalta nó ina comhalta de Pharlaimint na hEorpa— | |||||||||||||||||
[EN] | (a) go dtiocfaidh an duine chun bheith faoi réir aon cheann de na dícháilíochtaí dá dtagraítear i mír (a) d'fho-alt (2), | |||||||||||||||||
[EN] | (b) go dtiocfaidh an duine chun bheith ina shealbhóir nó ina sealbhóir ar oifig nó chun bheith i seilbh poist, de réir mar a bheidh, dá dtagraítear i mír (b), (e), (f), (g), (h), (i), (j), (k), (l), (m), (n) nó (o) d'fho-alt (2) nó i bhfo-alt (4), nó | |||||||||||||||||
[EN] | (c) go dtoghfar é nó í mar chomhalta den Dáil nó go dtoghfar nó go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta den Seanad, | |||||||||||||||||
[EN] | scoirfidh an duine, air sin, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Pharlaimint.”. | |||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1997. |
3. —Leasaítear an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1997 tríd an riail seo a leanas a chur in ionad riail 90: | ||||||||||||||||
[EN] | “90.—(1) Faoi réir mhír (2), nuair a bheidh comhaireamh na vótaí críochnaithe, cinnfidh agus dearbhóidh an ceann comhairimh toradh na vótaíochta agus air sin beidh na hiarrthóirí a mheastar a bheith tofa arna dtoghadh. | |||||||||||||||||
[EN] | (2) Ní dhearbhóidh an ceann comhairimh toradh na vótaíochta go dtí go mbeidh an vótaíocht críochnaithe sa Bhallstát arb iad a thoghthóirí na toghthóirí is deireanaí a vótálfaidh sa toghchán iomchuí.”. | |||||||||||||||||
[EN] |
Toghlaigh agus an líon comhaltaí atá le toghadh. |
4. —Leasaítear Acht 1997 maidir le toghcháin Eorpacha a dhéanfar tar éis an 1 Eanáir 2004 tríd an Sceideal seo a leanas a chur in ionad an Tríú Sceideal: | ||||||||||||||||
[EN] | “AN TRÍÚ SCEIDEAL | |||||||||||||||||
[EN] | Toghlaigh | |||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||
[EN] | Sa Sceideal seo, déanfar ‘contaetha’ agus ‘cathracha’ a fhorléiriú de réir alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil 2001 agus de réir Sceideal 5 a ghabhann leis an Acht sin.”. | |||||||||||||||||
[EN] |
Tagairtí a oiriúnú. |
5. —Déanfar aon tagairt d'ionadaí i bParlaimint na hEorpa in Acht 1997 agus i ngach Acht eile den Oireachtas agus i ngach ionstraim arna déanamh faoi aon cheann de na hAchtanna sin a fhorléiriú mar thagairt do chomhalta de Pharlaimint na hEorpa. | ||||||||||||||||
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
6. —(1) Féadfar an tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa (Leasú) 2004 a ghairm den Acht seo. | ||||||||||||||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1992 go 2004 a ghairm de na hAchtanna um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1992 go 2002 agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin. | |||||||||||||||||