17 2004

/images/harp.jpg


Uimhir 17 de 2004


AN tACHT UM GHÁINNEÁIL AR LEANAÍ AGUS PORNAGRAFAÍOCHT LEANAÍ (LEASÚ) 2004

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

 

1.

Leasú ar an Acht um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí 1998.

2.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí 1998

1998, Uimh. 22

An tAcht um Choistí Thithe an Oireachtais (Inordaitheacht, Pribhléidí agus Díolúintí Finnéithe) 1997

1997, Uimh. 17

/images/harp.jpg


Uimhir 17 de 2004


AN tACHT UM GHÁINNEÁIL AR LEANAÍ AGUS PORNAGRAFAÍOCHT LEANAÍ (LEASÚ) 2004

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM GHÁINNEÁIL AR LEANAÍ AGUS PORNAGRAFAÍOCHT LEANAÍ 1998 AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [2 Meitheamh 2004]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar an Acht um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí 1998.

1. —Leasaítear an tAcht um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí 1998 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 12:

“13.—Ní choiscfidh aon ní san Acht seo—

(a)  ordachán faoi alt 3 den Acht um Choistí Thithe an Oireachtais (Inordaitheacht, Pribhléidí agus Díolúintí Finnéithe) 1997 a thabhairt nó a chomhlíonadh, nó

(b)  ar cheachtar Teach den Oireachtas, ar choiste (de réir bhrí an Achta sin), nó ar aon duine pornagrafaíocht leanaí a shealbhú, a dháileadh, a chlóbhualadh, a fhoilsiú nó a thaispeáint chun aon fheidhm a fheidhmiú, nó i dtaca le haon fheidhm a fheidhmiú, is feidhm a thugtar do na Tithe sin leis an mBunreacht nó le dlí nó a thugtar do choiste den sórt sin le rún ó cheachtar Teach díobh sin nó le rúin uathu araon.”.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí (Leasú) 2004 a ghairm den Acht seo.

(2)  Féadfar na hAchtanna um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí 1998 go 2004 a ghairm den Acht um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí 1998 agus den Acht seo le chéile.