6 2006

/images/harp.jpg


Uimhir 6 de 2006


AN tACHT AIRGEADAIS 2006

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID 1

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Caibidil 1

Léiriú

Alt

1. Léiriú (Cuid 1).

Caibidil 2

Cáin Ioncaim

2. Leasú ar alt 15 (ráta muirir) den Phríomh-Acht.

3. Creidmheasanna cánach pearsanta.

4. Díolúine aoise.

5. Leasú ar alt 467 (duine fostaithe ag tabhairt aire do dhuine éagumasaithe) den Phríomh-Acht.

6. Leasú ar alt 472C (faoiseamh i leith suibscríobhanna ceardchumainn) den Phríomh-Acht.

7. Leasú ar alt 473 (liúntas maidir le cíos a íocann tionóntaí áirithe) den Phríomh-Acht.

8. Faoiseamh i leith muirear seirbhíse.

9. Leasú ar alt 248 (faoiseamh do phearsana aonair i leith iasachtaí a caitheadh ag fáil leasa i gcuideachtaí) den Phríomh-Acht.

10. Leasú ar Sceideal 13 (daoine cuntasacha chun críocha Chaibidil 1 de Chuid 18) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

11. Rialacha ríomha agus asbhaintí inlamhála.

12. Leasú ar alt 664 (faoiseamh i leith ioncaim áirithe ó thalamh feirmeoireachta a léasú) den Phríomh-Acht.

13. Faoiseamh i leith seirbhísí cúraim leanaí.

14. Sochair scoir.

15. Measúnacht ar bhonn cur ar aghaidh.

16. Cáin a asbhaint faoi ÍMAT.

17. Teorainn a chur le méid faoiseamh áirithe a mbaineann pearsana aonair áirithe a thuilleann mór-ioncam leas astu.

Caibidil 3

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

18. Leasú ar alt 481 (faoiseamh i leith infheistíochta i scannáin) den Phríomh-Acht.

19. Leasú ar alt 659 (feirmeoireacht: liúntais le haghaidh caiteachais chaipitiúil ar fhoirgniú foirgneamh feirme etc. chun truailliú a rialú) den Phríomh-Acht.

20. Urrúis ainmnithe a dheonú do chomhlachtaí ceadaithe.

21. Leasú ar alt 373 (léiriú (Cuid 11)) den Phríomh-Acht.

22. Leasú ar Chaibidil 3 (cáin ioncaim agus cáin chorparáide) de Chuid 7 (díolúintí cánach ioncaim agus cánach corparáide) den Phríomh-Acht.

23. Leasú ar Sceideal 26A (deonacháin do chomhlachtaí ceadaithe, etc.) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

24. Leasú ar alt 817 (scéimeanna chun dliteanas i leith cánach faoi Sceideal F a sheachaint) den Phríomh-Acht.

25. Faoisimh i leith áite cónaithe—scéimeanna éagsúla.

26. Srian ar chaiteachas a thabhaítear ar fhoirgniú agus ar athfheistiú foirgneamh tionscail agus tráchtála áirithe.

27. Liúntais chaipitiúla le haghaidh óstán, campaí saoire agus iostán saoire.

28. Liúntais chaipitiúla le haghaidh clinicí díobhálacha spóirt.

29. Liúntais chaipitiúla le haghaidh carrchlós ilstóir.

30. Liúntais chaipitiúla i gcomhair áitreabh tionscail agus tráchtála i limistéir athnuachana uirbí agus i gcomhair áitreabh tráchtála ar shráideanna ina bhfuil cónaí os cionn an tsiopa.

31. Liúntais chaipitiúla le haghaidh áitreabh tionscail agus tráchtála i limistéir athnuachana tuaithe.

32. Liúntais chaipitiúla le haghaidh saoráidí loctha agus marcaíochta agus le haghaidh áitreabh tráchtála gaolmhara.

33. Liúntais chaipitiúla le haghaidh áitreabh tionscail agus tráchtála i limistéir athnuachana baile.

34. Liúntais chaipitiúla le haghaidh foirgneamh a úsáidtear chun críoch oideachais tríú leibhéal.

35. Liúntais chaipitiúla le haghaidh ospidéal príobháideach cáilitheach.

36. Liúntais chaipitiúla le haghaidh ionad meabhair-shláinte cáilitheach.

37. Liúntais chaipitiúla le haghaidh tithe téarnaimh, tithe banaltrais cláraithe agus aonad cónaithe cáilitheach.

38. Liúntais chaipitiúla le haghaidh foirgneamh a úsáidtear chun críocha áirithe cúraim leanaí.

39. Liúntais chothromaíochta agus muirir chothromaíochta le haghaidh foirgneamh agus déanmhas áirithe.

40. Leasú ar alt 812 (cánachas ar ioncam a mheastar a éiríonn as aistrithe cirt chun ús a fháil ó urrúis) den Phríomh-Acht

41. Leasú ar Chuid 36A (cuntais dreasachta coigiltis speisialta) den Phríomh-Acht.

42. Pinsin: creidmheasanna cánach dreasachta.

43. Leasú ar alt 530 (léiriú (Caibidil 2)) de Phríomh-Acht.

44. Leasú ar alt 531 (íocaíochtaí le fochonraitheoirí i dtionscail áirithe) den Phríomh-Acht.

45. Comhchistí conarthacha.

46. Mar a dhéileálfar le díbhinní áirithe.

47. Leasú ar alt 246 (íocaíochtaí úis ag cuideachtaí agus le neamhchónaitheoirí) den Phríomh-Acht.

48. Leasú ar Chaibidil 5 (sealbhóirí polasaithe—bonn nua) de Chuid 26 den Phríomh-Acht, etc.

49. Leasú ar Chaibidil 6 (polasaithe saoil coigríche áirithe— cánachas agus tuairisceáin) de Chuid 26 den Phríomh Acht.

50. Nithe áirithe a bhaineann le gnóthais infheistíochta i gCaibidil 1A de Chuid 27 den Phríomh-Acht.

51. Leasú ar Chaibidil 4 (cistí eischósta áirithe—cánachas agus tuairisceáin) de Chuid 27 den Phríomh-Acht.

52. Cuideachtaí urrúsaithe agus cistí margaidh airgid.

53. Leasú ar alt 739G (cánachas ar shealbhóirí aonad i ngnóthais infheistíochta) den Phríomh-Acht.

54. Leasú ar alt 713 (ioncam infheistíochta in áirithe do shealbhóirí polasaithe) den Phríomh-Acht.

55. Leasú ar alt 141 (dáiltí ó ioncam as ríchíosanna paitinne) den Phríomh-Acht.

56. Leasú ar Chaibidil 7 (bearta speisialta ar scor de thrádáil nó de ghairm agus an bonn le ríomh brabús nó gnóchan ó thrádáil nó ó ghairm a athrú) de Chuid 4 den Phríomh-Acht.

57. Leasú ar alt 64 (ús ar Eorabhannaí luaite) den Phríomh-Acht.

58. Leasú ar alt 407 (srian le húsáid caillteanas agus liúntas caipitiúil le haghaidh trádála loingsithe cáilithí) den Phríomh Acht.

59. Míniú ar chuideachta árachais.

Caibidil 4

Cáin Chorparáide

60. Cur chun feidhme Threoir Uimh. 2005/19/CE ón gComhairle lena leasaítear Treoir 90/434/CEE maidir le cuideachtaí de chuid Ballstát éagsúil agus nithe áirithe eile.

61. Caighdeáin chuntasaíochta a bhfuil glacadh coitianta leo.

62. Sócmhainní airgeadra coigríche a chomhoiriúnú le scairchaipiteal airgeadra coigríche áirithe.

63. Leasú ar Sceideal 24 (faoiseamh ó cháin ioncaim agus ó cháin chorparáide de bhíthin creidmheasa i leith cánach coigríche) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

64. Leasú ar alt 626B (díolúine ó cháin i gcás gnóchan ar dhiúscairtí áirithe scaireanna) den Phríomh-Acht.

65. Leasú ar alt 247 (faoiseamh do chuideachtaí i leith iasachtaí a caitheadh ag fáil leasa i gcuideachtaí eile) den Phríomh-Acht.

66. Leasú ar alt 766 (creidmheas cánach i gcomhair caiteachais taighde agus forbartha) den Phríomh-Acht.

67. Cáin tonnáiste.

68. Leasú ar Chaibidil 4 (cáin ioncaim agus cáin chorparáide: mar a dhéileálfar le caillteanais áirithe agus liúntais chaipitiúla áirithe) de Chuid 12 den Phríomh-Acht.

69. Leasú ar Sceideal 4 (comhlachtaí Stát-tionscanta neamhthráchtála sonraithe a dhíolmhú ó fhorálacha cánach áirithe) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

Caibidil 5

Cáin Ghnóchan Caipitiúil

70. Leasú ar alt 598 (gnó nó feirm a dhiúscairt ar “scor”) den Phríomh-Acht.

71. Leasú ar alt 599 (gnó nó feirm a dhiúscairt laistigh de theaghlach) den Phríomh-Acht.

72. Leasú ar alt 603A (láithreán a dhiúscairt chuig leanbh) den Phríomh-Acht.

73. Leasú ar alt 606 (saothar ealaíne, etc., a tugadh ar iasacht lena thaispeáint go poiblí, a dhiúscairt) den Phríomh-Acht.

74. Leasú ar Sceideal 15 (liosta comhlachtaí chun críocha alt 610) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

75. Leasú ar Chaibidil 2 (cáin ghnóchan caipitiúil) de Chuid 44 den Phríomh-Acht.

76. Leasú ar alt 588 (cuideachtaí árachais a dhí-fhrithpháirtiú) den Phríomh-Acht.

77. Leasú ar Sceideal 16 (cumainn fhoirgníochta: athrú stádais) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

CUID 2

Mál

78. Leasú ar alt 75 (muirearú agus rátaí) den Acht Airgeadais 2003.

79. Rátaí cánach ola mianra.

80. Leasú ar alt 94 (léiriú) den Acht Airgeadais 1999.

81. Faoiseamh i leith bithbhreosla.

82. Leasú ar phionóis ar chiontú achomair i gcionta máil áirithe.

83. Leasú ar alt 153 (rialacháin) den Acht Airgeadais 2001.

84. Leasú ar alt 81 (rialacháin) den Acht Airgeadais 2003.

85. Leasú ar alt 104 (rialacháin) den Acht Airgeadais 1999.

86. Leasú ar alt 8 (rialacháin) den Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac) 1977.

87. Leasú ar alt 83 (rialacháin) den Acht Airgeadais 2005.

88. Loghadh nó aisíoc i leith cánach cláraithe feithiclí ar fheithiclí leictreacha hibrideacha áirithe nó ar fheithiclí breosla solúbtha áirithe.

89. Leasú ar alt 141 (rialacháin) den Acht Airgeadais 1992.

90. Leasú ar alt 67 (dleacht gealltóireachta) den Acht Airgeadais 2002.

91. Dleacht gealltóireachta a íoc.

CUID 3

Cáin Bhreisluacha

92. Léiriú (Cuid 3).

93. Leasú ar alt 1 (léiriú) den Phríomh-Acht.

94. Leasú ar alt 5 (seirbhísí a sholáthar) den Phríomh-Acht.

95. Leasú ar alt 8 (daoine inchánach) den Phríomh-Acht.

96. Leasú ar alt 10 (an méid ar ar inmhuirearaithe cáin) den Phríomh-Acht.

97. Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht.

98. Leasú ar alt 12 (asbhaint i leith cáin a iompraíodh nó a íocadh) den Phríomh-Acht.

99. Leasú ar alt 32 (rialacháin) den Phríomh-Acht.

100. Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

101. Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

CUID 4

Dleachtanna Stampa

102. Léiriú (Cuid 4).

103. Leasú ar alt 1 (léiriú) den Phríomh-Acht.

104. Cuideachtaí árachais a dhí-fhrithpháirtiú.

105. Leasú ar alt 81A (faoiseamh breise ó dhleacht stampa i leith aistrithe go feirmeoirí óga oilte) den Phríomh-Acht.

106. Comhlachtaí ceadaithe.

107. Cistí áirithe a athchóiriú nó a chónascadh.

108. An tSeirbhís Chúirteanna.

109. Teideal chun íocaíochta aonair feirme.

110. Leasú ar Chuid 8 (dleacht caipitil cuideachtaí) den Phríomh-Acht.

111. Leasú ar alt 123B (cártaí airgid, comhchártaí agus cártaí dochair) den Phríomh-Acht.

CUID 5

Cáin Fháltas Caipitiúil

112. Léiriú (Cuid 5).

113. Leasú ar alt 6 (bronntanas inchánach) den Phríomh-Acht.

114. Leasú ar alt 11 (oidhreacht inchánach) den Phríomh-Acht.

115. Leasú ar alt 77 (maoin oidhreachta a dhíolmhú) den Phríomh-Acht.

116. Leasú ar Chaibidil 3 (tobhach bliantúil ar iontaobhais lánroghnacha) de Chuid 3 den Phríomh-Acht.

117. Iontaobhais lánroghnacha: tuairisceáin.

118. Leasú ar Chuid 10 (faoisimh) den Phríomh-Acht.

119. Leasú ar alt 104 (liúntas i leith cánach gnóchan caipitiúil maidir leis an teagmhas céanna) den Phríomh-Acht.

CUID 6

Ilghnéitheach

120. Léiriú (Cuid 6).

121. Leasú ar alt 1003 (cáin a íoc trí dheonachán míreanna oidhreachta) den Phríomh-Acht.

122. Cáin a íoc trí dheonachán maoine oidhreachta a thabhairt d’iontaobhas oidhreachta Éireannach.

123. Foirmeacha, etc. a fhorordú.

124. Leasú ar Chaibidil 3A (Treoir 2003/48/CE an 3 Meitheamh 2003 ón gComhairle maidir le Cánachas ar Ioncam ó Choigiltis i bhFoirm Íocaíochtaí Úis a chur i bhfeidhm agus Nithe Gaolmhara) de Chuid 38 den Phríomh-Acht.

125. Leasú ar Chaibidil 3 (oibleagáidí agus tuairisceáin eile) de Chuid 38 den Phríomh-Acht.

126. Idirbhearta chun dliteanas cánach a sheachaint: formhuirear, ús agus fógraí cosantacha.

127. Leasuithe teicniúla ilghnéitheacha i ndáil le cáin.

128. An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

129. Cúram agus bainistiú cánacha agus dleachtanna.

130. Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

SCEIDEAL 1

Leasuithe de Dhroim Athruithe ar Chreidmheasanna Cánach Pearsanta

SCEIDEAL 2

Leasuithe Teicniúla Ilghnéitheacha i nDáil le Cáin


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Gheall-Chur 1931

1931, Uimh. 27

An tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003

2003, Uimh. 1

Acht an Bhainc Ceannais 1971

1971, Uimh. 24

An tAcht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000

2000, Uimh. 28

An tAcht Oideachais 1998

1998, Uimh. 51

An tAcht Airgeadais 1950

1950, Uimh. 18

An tAcht Airgeadais 1983

1983, Uimh. 15

An tAcht Airgeadais 1992

1992, Uimh. 9

An tAcht Airgeadais 1999

1999, Uimh. 2

An tAcht Airgeadais 2000

2000, Uimh. 3

An tAcht Airgeadais 2001

2001, Uimh. 7

An tAcht Airgeadais 2002

2002, Uimh. 5

An tAcht Airgeadais 2003

2003, Uimh. 3

An tAcht Airgeadais 2004

2004, Uimh. 8

An tAcht Airgeadais 2005

2005, Uimh. 5

An tAcht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac) 1977

1977, Uimh. 32

An tAcht Árachais 1936

1936, Uimh. 45

An tAcht Léiriúcháin 2005

2005, Uimh. 23

An tAcht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2005

2005, Uimh. 12

An tAcht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais) (Uimh. 2) 1983

1983, Uimh. 21

An tAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta) 1962

1962, Uimh. 26

Acht na Lia-Chleachtóirí 1978

1978, Uimh. 4

An tAcht Meabhair-Shláinte 2001

2001, Uimh. 25

An tAcht um Rúin Oifigiúla 1963

1963, Uimh. 1

Acht na bPinsean 1990

1990, Uimh. 25

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000

2000, Uimh. 30

Public Health (Ireland) Act 1878

41 & 42 Vic.c. 52

An tAcht um Aoisliúntas na Seirbhíse Poiblí (Forálacha Ilghnéitheacha) 2004

2004, Uimh. 7

An tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004

2004, Uimh. 27

An tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005

2005, Uimh. 26

An tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999

1999, Uimh. 31

An tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997

1997, Uimh. 39

An tAcht Cánach Breisluacha 1972

1972, Uimh. 22

An tAcht Cánach Breisluacha (Leasú) 1978

1978, Uimh. 34

Na hAchtanna Cánach Breisluacha 1972 go 2005

/images/harp.jpg


Uimhir 6 de 2006


AN tACHT AIRGEADAIS 2006

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE FORCHUR, AISGHAIRM, LOGHADH, ATHRÚ AGUS RIALÁIL CÁNACHAIS, DLEACHTANNA STAMPA AGUS DLEACHTANNA A BHAINEANN LE MÁL AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ EILE THAIRIS SIN I dTAOBH AIRGEADAIS LENA nÁIRÍTEAR RIALÁIL CUSTAM.

[31 Márta, 2006]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID 1

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Caibidil 1

Léiriú

Léiriú (Cuid 1).

1 .— Sa Chuid seo ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997.

Caibidil 2

Cáin Ioncaim

Leasú ar alt 15 (ráta muirir) den Phríomh-Acht.

2 .— Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2006 agus le blianta measúnachta dá éis, leasaítear alt 15 den Phríomh-Acht—

(a) trí “€23,000” a chur in ionad “€20,400” (a cuireadh isteach le hAcht Airgeadais 2005) i bhfo-alt (3), agus

(b) tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla (a cuireadh isteach amhlaidh) a ghabhann leis an alt sin:

“AN TÁBLA

CUID 1

An chuid den ioncam inchánach

An Ráta Cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad €32,000

20 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An fuílleach

42 faoin gcéad

an t-ard-ráta

CUID 2

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad €36,000

20 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An fuílleach

42 faoin gcéad

an t-ard-ráta

CUID 3

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad €41,000

20 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An fuílleach

42 faoin gcéad

an t-ard-ráta

Creidmheasanna cánach pearsanta.

3 .— (1) Más rud é, faoi fhoráil den Phríomh-Acht a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo, go mbeidh pearsa aonair i dteideal go ndéanfar an cháin ioncaim a bheidh le muirearú ar an bpearsa aonair, ar shlí seachas de réir alt 16(2) den Phríomh-Acht, a laghdú don bhliain mheasúnachta 2006 nó d’aon bhliain mheasúnachta dá éis agus gurbh é méid an laghdaithe, mura mbeadh an t-alt seo, méid arb é an méid is lú díobh seo a leanas—

(a) an méid a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin, agus

(b) an méid a laghdaíonn an dliteanas sin go neamhní,

is é méid an laghdaithe de réir mhír (a) méid an chreidmheasa cánach a shonraítear i gcolún (3) den Tábla.

AN TÁBLA

An Fhoráil Reachtúil

An creidmheas cánach láithreach (bliain iomlán)

An creidmheas cánach don bhliain 2006 agus do bhlianta dá éis

(1)

(2)

(3)

Alt 461

(bunchreidmheas cánach pearsanta)

(duine pósta)

€3,160

€3,260

(baintreach ar sa bhliain mheasúnachta a d’éag a chéile nó a céile)

€3,160

€3,260

(duine singil)

€1,580

€1,630

Alt 461A

(creidmheas cánach breise do bhaintreacha áirithe)

€400

€500

Alt 462

(creidmheas cánach teaghlaigh aontuismitheora)

€1,580

€1,630

Alt 463

(creidmheas cánach tuismitheora is baintreach)

(1ú bliain)

€2,800

€3,100

(2ú bliain)

€2,300

€2,600

(3ú bliain)

€1,800

€2,100

(4ú bliain)

€1,300

€1,600

(5ú bliain)

€800

€1,100

Alt 464

(creidmheas cánach aoise)

(duine pósta)

€410

€500

(duine singil)

€205

€250

Alt 465

(creidmheas cánach linbh éagumasaithe)

€1,000

€1,500

Alt 466

(creidmheas cánach gaoil chleithiúnaigh)

€60

€80

Alt 468

(creidmheas cánach daill)

(duine dall)

€1,000

€1,500

(an bheirt chéile dall)

€2,000

€3,000

Alt 472

(creidmheas cánach fostaí)

€1,270

€1,490

(2) Beidh éifeacht le halt 3 (arna leasú leis an Acht Airgeadais 2005) den Acht Airgeadais 2002 faoi réir fhorálacha an ailt seo.

(3) Beidh feidhm ag Sceideal 1 chun fo-alt (1) a fhorlíonadh.

Díolúine aoise.

4 .— Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2006 agus le blianta measúnachta dá éis, leasaítear alt 188 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (2), trí “€34,000” a chur in ionad “€33,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2005) agus “€17,000” a chur in ionad “€16,500” (a cuireadh isteach amhlaidh).

Leasú ar alt 467 (duine fostaithe ag tabhairt aire do dhuine éagumasaithe) den Phríomh-Acht.

5 .— Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2006 agus le blianta measúnachta dá éis, leasaítear alt 467 den Phríomh-Acht trí “€50,000” a chur in ionad “€30,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2002) sa dá áit a bhfuil sé.

Leasú ar alt 472C (faoiseamh i leith suibscríobhanna ceardchumainn) den Phríomh-Acht.

6 .— Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2006 agus le blianta measúnachta dá éis, leasaítear alt 472C den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1), trí “€300” a chur in ionad “€200” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2004) sa mhíniú ar “méid sonraithe”.

Leasú ar alt 473 (liúntas maidir le cíos a íocann tionóntaí áirithe) den Phríomh-Acht.

7 .— Leasaítear alt 473 den Phríomh-Acht, maidir leis an mbliain mheasúnachta 2006 agus le blianta measúnachta dá éis, tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “teorainn shonraithe” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2005) i bhfo-alt (1):

“ciallaíonn ‘teorainn shonraithe’, i ndáil le pearsa aonair do bhliain mheasúnachta—

(a) i gcás—

(i) duine phósta a mheasúnaítear i leith cánach de réir alt 1017, nó

(ii) baintrí fir nó mná,

€3,300 ach, má bhí an phearsa aonair 55 bliana d’aois nó os a chionn aon tráth i rith na bliana measúnachta, ciallaíonn ‘teorainn shonraithe’ €6,600, agus

(b) in aon chás eile, €1,650; ach, má bhí an phearsa aonair 55 bliana d’aois nó os a chionn aon tráth i rith na bliana measúnachta, ciallaíonn ‘teorainn shonraithe’ €3,300;”.

Faoiseamh i leith muirear seirbhíse.

8 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 477 maidir leis an mbliain mheasúnachta 2006 agus le blianta measúnachta dá éis:

“477.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘céatadán cuí’, i ndáil le bliain mheasúnachta, céatadán ar cóimhéid leis an ráta caighdeánach cánach don bhliain sin;

tá le ‘éilitheoir’ an bhrí a shanntar dó le fo-alt (2);

ciallaíonn ‘bliain airgeadais’, i ndáil le haon bhliain, an tréimhse 12 mhí dar críoch an 31 Nollaig sa bhliain sin;

ciallaíonn ‘grúpscéim soláthair uisce’ scéim dá dtagraítear i Rialacháin na dTithe (Deontais Fheabhsúcháin) 1983 (I.R. Uimh. 330 de 1983);

ciallaíonn ‘seirbhís’ aon cheann de na nithe seo a leanas a sholáthar ag údarás áitiúil nó thar a cheann—

(a) soláthar uisce le haghaidh críocha tís,

(b) bailiú nó diúscairt bruscair tís, nó

(c) saoráidí diúscartha séarachais tís;

ciallaíonn ‘muirear seirbhíse’ muirear arna fhorchur—

(a) faoin Acht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais) (Uimh. 2) 1983, nó

(b) faoi alt 65A (a cuireadh isteach leis an Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta) 1962, agus a leasaíodh leis an Acht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais) (Uimh. 2) 1983) den Public Health (Ireland) Act 1878,

i leith an t-údarás áitiúil do sholáthar aon seirbhíse nó seirbhísí;

ciallaíonn ‘méid sonraithe’, i ndáil le héilitheoir, an méid is lú díobh seo a leanas—

(a) an méid a chruthófar a íocadh sa bhliain airgeadais díreach roimh an mbliain mheasúnachta i leith muirear seirbhíse, nó

(b) €400,

ach más rud é, i leith na bliana airgeadais dar chríoch an 31 Nollaig 2005, go gcruthóidh éilitheoir gur íoc sé nó sí méid is mó ná €400 ar mhodh muirir bhliantúil sheasta, ansin, i ndáil leis an éilitheoir sin, ciallóidh an méid sonraithe don bhliain mheasúnachta 2006 an méid a chruthófar a íocadh amhlaidh.

(2) Más rud é, i ndáil le cáin ioncaim do bhliain mheasúnachta, go gcruthóidh pearsa aonair (dá ngairtear ‘éilitheoir’ san alt seo) go ndearna sé nó sí, sa bhliain airgeadais díreach roimh an mbliain mheasúnachta, muirir sheirbhíse a íoc don bhliain airgeadais sin, déanfar an cháin ioncaim a bheidh le muirearú ar an éilitheoir don bhliain mheasúnachta sin, seachas de réir alt 16 (2), a laghdú, faoi réir fho-alt (3), de mhéid arb é an méid is lú é díobh seo a leanas—

(a) an méid atá ar cóimhéid le céatadán cuí an mhéid shonraithe, agus

(b) an méid a laghdaíonn an cháin ioncaim sin go neamhní.

(3) (a) I gcás éilitheora a mheasúnaítear i leith cánach don bhliain mheasúnachta de réir alt 1017, déanfar aon íocaíochtaí a bheidh déanta ag céile an éilitheora, a mbeadh an céile sin i dteideal faoisimh ina leith faoin alt seo dá ndéanfaí an céile a mheasúnú i leith cánach don bhliain mheasúnachta de réir alt 1016 (ar leith ó fho-alt (2) den alt sin), a mheas mar íocaíochtaí a rinne an t-éilitheoir.

(b) I gcás pearsan aonair a chónaíonn ar bhonn lánaimseartha san áitreabh lena mbaineann na muirir sheirbhíse agus a íocann na muirir sheirbhíse sin thar ceann an éilitheora, féadfaidh an t-éilitheoir sin an faoiseamh a fhoráiltear leis an alt seo a shéanadh i bhfabhar na pearsan aonair, agus beidh an séanadh sin i cibé foirm a éileoidh na Coimisinéirí Ioncaim.

(4) I gcás inarb é atá sa tseirbhís bailiú agus diúscairt bruscair tís a sholáthar, agus ina soláthraíonn duine nó comhlacht daoine seachas údarás áitiúil an tseirbhís, agus i gcás ina mbeidh an duine nó an comhlacht daoine sin tar éis—

(a) fógra maidir le soláthar na seirbhíse a thabhairt don údarás áitiúil ar ina limistéar feidhme a sholáthraítear an tseirbhís sin, agus

(b) cibé faisnéis a iarrfaidh an t-údarás áitiúil sin ó am go ham maidir leis an duine sin nó maidir leis an gcomhlacht daoine sin nó maidir leis an tseirbhís a sholáthraíonn an duine sin nó an comhlacht daoine sin a thabhairt don údarás áitiúil sin,

measfar, chun críocha an ailt seo, go ndearnadh an tseirbhís a soláthraíodh a sholáthar thar ceann an údaráis áitiúil agus measfar gur íocaíocht i leith muirear seirbhíse íocaíocht i leith na seirbhíse sin.

(5) Maidir le soláthar uisce chun críocha tís arna dhéanamh trí ghrúpscéim soláthair uisce, déileálfar leis, chun críocha an ailt seo, amhail is dá mba thar ceann údaráis áitiúil a soláthraíodh é, agus measfar gur íocaíocht i leith muirear seirbhíse íocaíocht arna déanamh ag comhalta aonair de scéim den sórt sin i leith an tsoláthair sin.

(6) I gcás ina ndéanfaidh duine éileamh ar fhaoiseamh faoin alt seo, déanfaidh siad, nuair a iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim orthu é, ainm an údaráis áitiúil, nó ainm an duine dá dtagraítear i bhfo-alt (4) agus a sholáthraíonn an tseirbhís thar ceann údaráis áitiúil a chur in iúl, agus cuirfidh siad in iúl an ionann an muirear agus ceann amháin, nó an dá cheann, díobh seo a leanas—

(a) muirear is muirear bliantúil seasta, nó

(b) muirear a chinnfear ar mhodh eile.

(7) Aon asbhaint a dhéanfar faoin alt seo is asbhaint í in ionad, agus ní asbhaint í i dteannta, aon asbhainte a bhféadfadh an phearsa aonair a bheith ina teideal maidir leis an íocaíocht chéanna faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim.”.

Leasú ar alt 248 (faoiseamh do phearsana aonair i leith iasachtaí a caitheadh ag fáil leasa i gcuideachtaí) den Phríomh-Acht.

9 .— (1) Leasaítear alt 248 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)(a), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i), maidir le hiasacht a thabharfar tar éis an 7 Nollaig 2005:

“(i) de chuid cuideachta atá ann go hiomlán nó go formhór chun trádáil nó trádálacha a sheoladh, nó”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1)(c) maidir le hiasacht a thabharfar tar éis an 7 Nollaig 2005 agus a chaithfear chun iasacht eile a aisíoc a caitheadh ag fáil gnáth-scairchaipitil i gcuideachta, nó ag tabhairt iasachta do chuideachta, arb é atá ina hioncam, go hiomlán nó go formhór, brabúis nó gnóchain is inmhuirearaithe faoi Chás V de Sceideal D mura rud é—

(a) nach mó an iasacht ná an t-iarmhéid atá gan íoc, agus

(b) nach faide téarma na hiasachta ná an chuid atá fágtha den téarma,

i leith na hiasachta atá á haisíoc.”.

Leasú ar Sceideal 13 (daoine cuntasacha chun críocha Chaibidil 1 de Chuid 18) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

10 .— (1) Leasaítear Sceideal 13 a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 153 (arna cur isteach leis an Acht Airgeadais 2005)—

“154. An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta.

155. Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

156. Lárionad Tacaíochta Oideachais arna bhunú faoi alt 37 den Acht Oideachais 1998.

157. Bord Creidiúnaithe Sheirbhísí Sláinte na hÉireann.”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) i ngníomh an 1 Bealtaine 2006.

Rialacha ríomha agus asbhaintí inlamhála.

11 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 97, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2H) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais 2003):

“(2I) (a) d’ainneoin fho-alt (2), ní dhéanfar asbhaint a údarú le mír (e) den fho-alt sin faoi threoir úis is iníoctha do thréimhse inmhuirearaithe (de réir bhrí alt 321) ar airgead a fuarthas ar iasacht agus a chaithfear ar cheannach, ar fheabhsú nó ar dheisiú áitribh chónaithe cíosa mura rud é gur féidir leis an duine is inmhuirearaithe a shuíomh gur comhlíonadh ceanglais chlárúcháin Chuid 7 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004 i leith na dtionóntachtaí go léir a bhí ann i ndáil leis an áitreabh sin sa tréimhse inmhuirearaithe sin.

(b) Chun críocha mhír (a), maidir le teagmháil i scríbhinn ón mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha chuig an duine inmhuirearaithe lena ndeimhnítear clárú tionóntachta a bhaineann le háitreabh cónaithe cíosa a bhfuil feidhm ag mír (a) maidir leis, glacfar léi mar fhianaise gur comhlíonadh an ceanglas clárúcháin i ndáil leis an tionóntacht sin (agus i ndáil leis an tionóntacht sin amháin).”,

agus

(b) in alt 372AM(10), maidir le héilimh ar asbhaint faoi alt 372AP i leith tréimhse inmhuirearaithe i ndáil le háitreabh cáilitheach speisialta—

(i) i mír (a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (iii):

“(iii) Cuid 7 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004 i leith na dtionóntachtaí uile a bhaineann leis an áitreabh sin.”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a)—

“(aa) Chun críocha mhír (a)(iii), maidir le teagmháil i scríbhinn ón mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha chuig an duine inmhuirearaithe lena ndeimhnítear clárú tionóntachta a bhaineann le háitreabh cáilitheach speisialta, glacfar léi mar fhianaise gur comhlíonadh an ceanglas clárúcháin i ndáil leis an tionóntacht sin (agus i ndáil leis an tionóntacht sin amháin).”.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le tréimhsí inmhuirearaithe—

(a) arb iad an bhliain mheasúnachta 2006 agus blianta dá éis sin iad, i gcás gur bliain mheasúnachta an tréimhse inmhuirearaithe, agus

(b) in aghaidh tréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1 Eanáir 2006 nó dá éis, i gcás gur tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta an tréimhse inmhuirearaithe.

Leasú ar alt 664 (faoiseamh i leith ioncaim áirithe ó thalamh feirmeoireachta a léasú) den Phríomh-Acht.

12 .— (1) Leasaítear alt 664 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)(a) sa mhíniú ar “an méid sonraithe”—

(i) i bhfomhír (ii)(V)(B) trí “nó” a scriosadh san áit dheireanach a bhfuil sé, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii)(VI):

“(VI) sa tréimhse dar thosach an 1 Eanáir 2004 agus dar chríoch an 31 Nollaig 2005—

(A) €10,000, i gcás gur léas nó léasanna ar feadh téarma cinnte 7 mbliana nó níos mó an léas cáilitheach nó na léasanna cáilitheacha, agus

(B) €7,500, in aon chás eile,

(VII) an 1 Eanáir 2006 nó dá éis—

(A) €15,000, i gcás gur léas nó léasanna ar feadh téarma cinnte 7 mbliana nó níos mó an léas cáilitheach nó na léasanna cáilitheacha, agus

(B) €12,000, in aon chás eile,”,

(b) i bhfo-alt (1)(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (iv):

“(iv) ó léas cáilitheach nó ó léasanna cáilitheacha a dhéantar sa tréimhse dar tosach an 1 Eanáir 2004, agus dar críoch an 31 Nollaig 2005, agus ó léas cáilitheach a dhéantar roimh an 1 Eanáir 2004, ní mó an méid sonraithe ná—

(I) €10,000, i gcás gur léas nó léasanna ar feadh téarma cinnte 7 mbliana nó níos mó an léas cáilitheach nó na léasanna cáilitheacha, agus

(II) €7,500, in aon chás eile;

(v) ó léas cáilitheach nó ó léasanna cáilitheacha a dhéantar an 1 Eanáir 2006, nó dá éis, agus ó léas cáilitheach a dhéantar aon tráth eile, ní mó an méid sonraithe ná—

(I) €15,000, i gcás gur léas nó léasanna ar feadh téarma cinnte 7 mbliana nó níos mó an léas cáilitheach nó na léasanna cáilitheacha, agus

(II) €12,000, in aon chás eile.”,

agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) D’ainneoin aon fhorálacha eile de chuid na nAchtanna Cánach, d’fhonn méid aon fhaoisimh a bheidh le deonú faoin alt seo a chinneadh, aon íocaíocht a gheobhaidh an léasóir agus a bhaineann le talamh feirmeoireachta a léasú faoi léas cáilitheach, is íocaíocht de dhroim an léasaí d’fháil íocaíochta, nó de dhroim íocaíocht a mheastar a gheobhaidh sé nó sí, a bhaineann leis an talamh feirmeoireachta sin faoi Scéim Íocaíochta Aonair an AE a oibríonn an Roinn Talmhaíochta agus Bia faoi Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 an 29 Meán Fómhair 2003 ón gComhairle 1 , déileálfar le híocaíocht den sórt sin mar chíos ó thalamh feirmeoireachta.”.

(2) Tá feidhm ag fo-alt (1)(c) agus tá éifeacht leis amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2005.

Faoiseamh i leith seirbhísí cúraim leanaí.

13 .— Leasaítear Caibidil 1 de Chuid 7 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 216B:

“216C.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘seirbhísí cúraim leanaí’ aon chineál seirbhísí feighlíochta leanaí nó gníomhaíochtaí maoirsithe chun cúram a thabhairt do mhionaoisigh, cibé acu go rialta a sholáthraítear iad nó nach ea;

ciallaíonn ‘áit chónaithe cháilitheach’, i ndáil le pearsa aonair do bhliain mheasúnachta, áitreabh cónaithe sa Stát atá ar áitiú ag an bpearsa aonair mar aon-áit nó mar phríomh-áit chónaithe an duine sin i rith na bliana measúnachta agus ina soláthraítear seirbhísí cúraim leanaí tráth ar bith sa bhliain mheasúnachta do líon mionaoiseach nach mó ná 3, gan mionaoisigh a áitíonn an áit chónaithe cháilitheach mar aon-áit nó mar phríomh-áit chónaithe a áireamh;

ciallaíonn ‘suimeanna iomchuí’ na suimeanna go léir a éireoidh i leith úsáid seomra nó seomraí in áit chónaithe cháilitheach chun seirbhísí cúraim leanaí a chur ar fáil, seachas suimeanna a éireoidh as na seirbhísí sin a chur ar fáil do mhionaoisigh, arb amhlaidh maidir le haon duine nó daoine acu—

(a) gur leanbh nó leanaí de chuid na pearsan aonair a chuireann na seirbhísí sin ar fáil é, í nó iad, nó

(b) go n-áitíonn sé, sí nó siad an áit chónaithe cháilitheach mar aon-áit nó mar phríomh-áit chónaithe aige, aici nó acu,

agus folaíonn sé suimeanna a eascróidh i leith béilí, glantacháin, níocháin agus earraí agus seirbhísí eile dá samhail a sholáthraítear go teagmhasach i dtaca leis an úsáid sin;

ciallaíonn ‘áitreabh cónaithe’ foirgneamh nó cuid d’fhoirgneamh a úsáidtear mar theaghais.

(2) (a) Faoi réir fho-alt (3)(a), beidh feidhm ag an bhfo-alt seo más rud é—

(i) go n-eascraíonn suimeanna iomchuí, is inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim faoi Chás I nó Cás IV de Sceideal D, chuig pearsa aonair (is cuma an bhfuil na suimeanna iomchuí inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim faoi Chás I nó Cás IV nó faoi Chás I agus Cás IV araon), agus

(ii) nach mó méid na suimeanna iomchuí ná teorainn na pearsan aonair don bhliain mheasúnachta.

(b) Le linn méid na suimeanna iomchuí a fhionnadh chun críocha an fho-ailt seo ní dhéanfar aon asbhaint i leith caiteachas ná aon ní eile.

(c) I gcás ina mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo, measfar gur nialas an méid seo a leanas chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim—

(i) brabúis nó gnóchain na bliana measúnachta, agus

(ii) caillteanais aon bhliana measúnachta den sórt sin,

i leith suimeanna iomchuí a eascraíonn chuig pearsa aonair.

(d) I gcás ina mbeidh suimeanna iomchuí, is inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim faoi Chás I de Sceideal D, ag pearsa aonair agus go mbeidh roghnú faoi fho-alt (3)(a) déanta, measfar liúntas faoi alt 284, a dheonófaí ar éileamh a dhéanamh go cuí, a bheith arna dheonú.

(3) (a) Beidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le bliain mheasúnachta má roghnaíonn pearsa aonair amhlaidh le fógra i scríbhinn chuig an gcigire ar an dáta tuairisceáin sonraithe don tréimhse inmhuirearaithe (de réir bhrí alt 950), nó roimh an dáta sin, agus déanfaidh sé nó sí, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, fianaise a thaispeáint á léiriú gur chuir an phearsa aonair in iúl don duine, arna aithint nó arna haithint ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun críocha an fhógra sin, go bhfuil seirbhísí cúraim leanaí á soláthar ag an bpearsa aonair sa bhliain mheasúnachta nó go soláthróidh nó gur sholáthair sé nó sí na seirbhísí sin sa bhliain mheasúnachta.

(b) Ní bheidh éifeacht le roghnú faoin bhfo-alt seo ach amháin don bhliain mheasúnachta dá mbeidh sé déanta.

(4) Beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le tuairisceáin a dhéanamh amhail is nár achtaíodh an t-alt seo.

(5) Faoi réir fho-alt (6), is é €10,000 teorainn na pearsan aonair dá dtagraítear i bhfo-alt (2).

(6) I gcás go n-eascróidh suimeanna iomchuí chun níos mó ná pearsa aonair amháin i leith áitribh cháilithigh déanfar an teorainn dá dtagraítear i bhfo-alt (5) a roinnt ar líon na bpearsan aonair sin.

(7) I gcás go mbeidh feidhm ag fo-alt (2), ní oibreoidh fáil suimeanna iomchuí ar shlí go srianfaidh sé nó go laghdóidh sé aon teideal ar fhaoiseamh faoi alt 244 nó 604.”.

Sochair scoir.

14 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) i gCaibidil 1 de Chuid 30—

(i) in alt 772—

(I) i bhfo-alt (2)(c) trí “leis an gCaibidil seo agus le Caibidil 2C” a chur in ionad “leis an gCaibidil seo”, agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3E):

“(3F) Ní scoirfidh scéim sochar scoir de bheith ina scéim cheadaithe ná ní choiscfear ar na Coimisinéirí Ioncaim scéim sochar scoir a cheadú chun críocha na Caibidle seo de dheasca aon fhorála i rialacha na scéime trína bhféadfar teideal comhalta faoin scéim a iomalartú, a mhéid is gá, chun dliteanas cánach i dtaca leis an teideal sin a urscaoileadh faoi fhorálacha Chaibidil 2C den Chuid seo.”,

(ii) in alt 774(7)(c)—

(I) trí fhomhíreanna (iii) agus (iv) a scriosadh, agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iii) i gcás pearsa aonair a bhí 50 bliain d’aois nó os a chionn ach nach raibh 55 bliana d’aois slánaithe aige nó aici tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, 30 faoin gcéad,

(iv) i gcás pearsa aonair a bhí 55 bliana d’aois nó os a chionn ach nach raibh 60 bliain d’aois slánaithe aige nó aici tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, 35 faoin gcéad,

(v) i gcás pearsa aonair a bhí 60 bliain d’aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, 40 faoin gcéad, agus

(vi) in aon chás eile, 15 faoin gcéad,”,

(iii) in alt 776(2)(c)—

(I) trí fhomhíreanna (iii) agus (iv) a scriosadh, agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iii) i gcás pearsa aonair a bhí 50 bliain d’aois nó os a chionn ach nach raibh 55 bliana slánaithe aige nó aici tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, 30 faoin gcéad,

(iv) i gcás pearsa aonair a bhí 55 bliana d’aois nó os a chionn ach nach raibh 60 bliain slánaithe aige nó aici tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, 35 faoin gcéad,

(v) i gcás pearsa aonair a bhí 60 bliain d’aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, 40 faoin gcéad, agus

(vi) ina aon chás eile, 15 faoin gcéad,”,

agus

(iv) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 779—

Idirbhearta a mheastar a bheith ina bpinsin atá á n-íoc.

779A.— (1) Más rud é, maidir le sócmhainní scéime sochar scoir, atá ceadaithe, nó atá á breithniú lena ceadú, faoin gCaibidil seo (dá ngairtear ‘an scéim’ san alt seo), go n-úsáidtear iad i dtaca le haon idirbheart a mheasfaí ina leith faoi alt 784A, dá mba é a bheadh sna sócmhainní ná sócmhainní ciste cheadaithe scoir, go bhfuil siad ina gcúis le dáileadh chun críocha an ailt sin, measfar úsáid na sócmhainní a bheith ina pinsean arna íoc faoin scéim agus déanfar an méid a mheasfar amhlaidh a ríomh de réir an ailt sin.

(2) Maidir le méid a measfar ina leith, de réir an ailt seo, gur pinsean é arna íoc faoin scéim, ní mheasfar, chun aon chríche, gur sócmhainn sa scéim é.

(3) Maidir le haon mhaoin a measfar i ndáil lena fáil nó lena díol go bhfuil sé ina cúis le híocaíocht pinsin faoin scéim, ní mheasfar gur sócmhainn de chuid na scéime í.”,

(b) i gCaibidil 2 de Chuid 30—

(i) in alt 783(1)(a), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “stiúrthóir”:

“forléireofar ‘teorainn tuillimh’ de réir alt 790A;”,

(ii) in alt 784—

(I) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2C):

“(2D) D’ainneoin aon fhorálacha eile sa Chaibidil seo, ní scoirfidh conradh blianachta scoir de bheith ina chonradh blianachta arna cheadú de thuras na huaire ag na Coimisinéirí Ioncaim ná ní choiscfear ar na Coimisinéirí Ioncaim conradh den sórt sin a cheadú d’ainneoin go bhforálfar leis an gconradh go ndéanfar an bhlianacht a bheidh urraithe leis an gconradh do phearsa aonair a iomalartú a mhéid is gá chun dliteanas cánach a urscaoileadh i leith na pearsan aonair, faoi fhorálacha Chaibidil 2C den Chuid seo, i dtaca leis an mblianacht.”,

agus

(II) i bhfo-alt (4A) trí “leis an alt seo nó, de réir mar a bheidh, le halt 785 agus le Caibidil 2C” a chur in ionad “leis an alt seo, nó de réir mar a bheidh, le halt 785”,

(iii) in alt 784A—

(I) i bhfo-alt (1B)—

(A) trí “agus” a scriosadh ag deireadh mhír (e),

(B) i mír (f) trí “i dtaca leis an bhfáil sin, agus” a chur in ionad “i dtaca leis an bhfáil sin.”, agus

(C) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (f):

“(g) i gcás maoin a fháil a bheidh le húsáid i dtaca le haon ghnó de chuid na pearsan aonair ag a mbeidh teideal tairbhiúil chun na sócmhainní sa chiste scoir ceadaithe nó i dtaca le haon ghnó de chuid aon duine a bheidh bainteach leis an bpearsa aonair sin, is é an méid a measfar gur dáileadh é chun críocha an ailt seo méid atá ar cóimhéid le luach na sócmhainní sa chiste scoir ceadaithe a úsáidfear san fháil sin nó i dtaca leis an bhfáil sin, ach i gcás ina bhfaighfear maoin, an 2 Feabhra 2006 nó dá éis, agus nach ndéileálfar, i ndáil leis an maoin a fháil, le dáileadh mar dháileadh a eascróidh faoin gCaibidil seo agus go dtosófar ar an maoin sin a úsáid chun na críche a luaitear sa mhír seo, déileálfar leis an dáileadh mar dháileadh a eascróidh an dáta a thosófar ar an úsáid sin agus is é an méid a measfar gur dáileadh é chun críocha an ailt seo méid atá ar cóimhéid le luach na sócmhainní sa chiste scoir ceadaithe a úsáidfear san fháil nó i dtaca leis an bhfáil mar aon le haon sócmhainní a úsáidfear in aon chaiteachas, nó i dtaca le haon chaiteachas, ar fheabhsú nó ar dheisiú na maoine a bheidh i gceist.”,

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1B):

“(1BA) (a) San fho-alt seo, ciallaíonn an ráta faoin gcéad iomchuí i ndáil le bliain mheasúnachta—

(i) don bhliain mheasúnachta 2007, 1 faoin gcéad,

(ii) don bhliain mheasúnachta 2008, 2 faoin gcéad,

(iii) don bhliain mheasúnachta 2009 agus blianta measúnachta ina dhiaidh sin, 3 faoin gcéad.

(b) Faoi réir fhorálacha an fho-ailt seo, measfar, chun críocha an ailt seo, maidir leis an méid sonraithe dá dtagraítear i mír (c) gur dáileadh é i leith an mhéid sin arna dhéanamh sa chéad mhí den bhliain mheasúnachta i ndiaidh na bliana measúnachta a ndéantar an méid sonraithe a chinneadh ina leith.

(c) Is é a bheidh sa mhéid sonraithe do bhliain mheasúnachta ná méid atá coibhéiseach leis an méid a chinnfear de réir na foirmle—

(A x B) - C

100

i gcás inar mó ná nialas an méid a chinnfear amhlaidh agus i gcás—

gurb é A luach na sócmhainní i gciste scoir ceadaithe an 31 Nollaig sa bhliain mheasúnachta nó, más rud é go bhfuil níos mó ná ciste scoir ceadaithe amháin ann a bhfuil úinéireacht thairbhiúil ag an bpearsa aonair chéanna ar a shócmhainní agus a bhfuil a shócmhainní á mbainistiú ag an mbainisteoir céanna ciste cháilithigh, comhiomlán luachanna na sócmhainní i ngach ciste scoir ceadaithe ar an dáta sin (dá ngairtear, san fho-alt seo, ‘an luach iomchuí’ cibé acu atá ciste scoir ceadaithe amháin nó níos mó ná ciste scoir ceadaithe amháin den sórt sin ann),

gurb é B an ráta iomchuí faoin gcéad don bhliain mheasúnachta, agus

gurb é C méid nó luach an dáilte nó comhiomlán mhéideanna nó luachanna an dáilte nó na ndáiltí (dá ngairtear an ‘dáileadh iomchuí’ san fho-alt seo), más ann, a dhéanfaidh an bainisteoir ciste cháilithigh i rith na bliana measúnachta i leith sócmhainní arna sealbhú—

(i) sa chiste scoir ceadaithe nó, de réir mar a bheidh, sna cistí scoir ceadaithe, dá dtagraítear sa mhíniú ar ‘A’, agus

(ii) i gciste scoir íosta ceadaithe, más ann, a bhfuil úinéireacht thairbhiúil ag an bpearsa aonair ar a shócmhainní agus a bhfuil a shócmhainní á mbainistiú ag an mbainisteoir ciste cháilithigh sin,

(dá ngairtear ‘na cistí’ sa mhír seo ) ar cistí iad ar ghlac an bainisteoir ciste cháilithigh na sócmhainní atá iontu isteach sna cistí den chéad uair an 6 Aibreán 2000, nó dá éis.

(d) Chun críocha mhír (c), ní áireofar sa dáileadh iomchuí—

(i) méid sonraithe, más ann, a meastar gur dáileadh é faoi mhír (b),

(ii) idirbheart dá dtagraítear i bhfo-alt (1B) agus a meastar gur dáileadh é faoi fho-alt (1A) i leith an mhéid a shonraítear i bhfo-alt (1B), nó

(iii) aistriú dá dtagraítear in alt 784C(5)(a).

(e) Más rud é go bhfuil pearsa aonair ina úinéir tairbhiúil nó ina húinéir tairbhiúil ar na sócmhainní i níos mó ná ciste scoir ceadaithe amháin agus nach é nó í an duine céanna atá ina bhainisteoir nó ina bainisteoir ciste cháilithigh ar gach ceann de na cistí sin, féadfaidh an phearsa aonairduine amháin de na bainisteoiríciste cháilithigh (dá ngairtear ‘ant-ainmnitheach’ san fho-alt seo) a cheapadh chun críocha an fho-ailt seo agus i gcás ina gceapfar ainmnitheach amhlaidh déanfaidh an phearsa aonair, i ndáil leis an mbainisteoir ciste cháilithigh eile nó, de réir mar a bheidh, leis na bainisteoirí ciste cháilithigh eile (dá ngairtear ‘an bainisteoir nó na bainisteoirí eile’ sa mhír seo)—

(i) an ceapachán sin, chun críocha an fho-ailt seo, a chur in iúl don bhainisteoir nó do na bainisteoirí eile, agus

(ii) ainm agus seoladh iomlán an ainmnithigh a thabhairt don bhainisteoir nó do na bainisteoirí eile.

(f) I gcás ina gceapfaidh pearsa aonair ainmnitheach de réir mhír (e)—

(i) déanfaidh an bainisteoir ciste cháilithigh eile nó gach duine de na bainisteoirí ciste cháilithigh eile, laistigh de 14 lá ó dheireadh na bliana measúnachta, deimhniú i leith na bliana measúnachta sin a sholáthar don ainmnitheach, ar deimhniú é ina luafar—

(I) an luach iomchuí, agus

(II) an dáileadh iomchuí,

i leith an chiste scoir cheadaithe nó, de réir mar a bheidh, i leith na gcistí scoir ceadaithe a bhainistíonn an bainisteoir ciste cháilithigh eile sin, agus

(ii) déanfaidh an duine a cheapfar amhlaidh mar ainmnitheach gach deimhniú den sórt sin arna sholáthar amhlaidh a choinneáil agus a choimeád ar feadh tréimhse 6 bliana agus, ar é a éileamh air nó uirthi le fógra i scríbhinn ó oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, déanfaidh sé nó sí cibé deimhnithe a éileofar leis an bhfógra sin a chur ar fáil don oifigeach laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra.

(g) I gcás ina gceapfaidh pearsa aonair ainmnitheach de réir mhír (e) agus go bhfaighidh an t-ainmnitheach deimhniú nó, de réir mar a bheidh, deimhnithe a soláthraíodh de réir mhír (f), cinnfear an méid sonraithe ionann agus dá mbeadh an luach iomchuí agus an dáileadh iomchuí, faoi seach, a luaitear i ngach deimhniú a fhaightear amhlaidh le cur leis an luach iomchuí, agus le háireamh sa luach iomchuí, i leith cistí scoir ceadaithe a bhainistíonn an t-ainmnitheach agus le cur leis an dáileadh iomchuí, agus le háireamh sa dáileadh iomchuí, ag an ainmnitheach sa bhliain mheasúnachta sin.

(h) Más rud é—

(i) go gceapfaidh pearsa aonair lena mbaineann mír (e) ainmnitheach mar a fhoráiltear sa mhír sin agus nach mbeidh ach aon bhainisteoir ciste cháilithigh amháin eile ann agus nach bhfaighidh an t-ainmnitheach deimhniú dá dtagraítear i mír (f) i leith an bhainisteora ciste cháilithigh sin, ansin déanfaidh an t-ainmnitheach agus an bainisteoir ciste cháilithigh eile, nó

(ii) go mbeidh feidhm ag mír (g)agus nach bhfaighidh ant-ainmnitheach deimhniú dá dtagraítear i mír (f) i leith duine amháin nó níos mó de na bainisteoirí ciste cháilithigh eile, ansin déanfaidh gach bainisteoir ciste cháilithigh den sórt sin,

an méid sonraithe a chinneadh de réir mhír (c).

(i) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo—

(i) maidir le haon bhliain mheasúnachta ina raibh an duine ag a raibh teideal tairbhiúil chuig na sócmhainní i gciste scoir ceadaithe nó, de réir mar a bheidh, i gcistí scoir ceadaithe, 60 bliain d’aois nó os a chionn ar feadh iomlán na bliana measúnachta sin, agus

(ii) maidir le ciste scoir ceadaithe i gcás ina ndearna an bainisteoir ciste cháilithigh na sócmhainní sa chiste a ghlacadh isteach sa chiste den chéad uair an 6 Aibreán 2000 nó dá éis.”,

(III) i bhfo-alt (1C), trí “seachas méid sonraithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1BA)(b),” a chur isteach i ndiaidh “de réir an ailt seo,”, agus

(IV) i bhfo-alt (1E), trí “Chun críocha fho-ailt (1B) agus (1BA)” a chur in ionad “Chun críocha fho-alt (1B)”,

agus

(iv) in alt 787—

(I) i bhfo-alt (2A) trí “is mó ná an teorainn tuillimh” a chur in ionad “is mó ná €254,000”,

(II) i bhfo-alt (8) trí mhíreanna (c) agus (d) a scriosadh, agus

(III) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) i gcás pearsan aonair a bhí aon tráth i rith na bliana measúnachta 50 bliain d’aois nó os a chionn ach nach raibh 55 bliana d’aois slánaithe aige nó aici nó ar phearsa aonair shonraithe é nó í don bhliain mheasúnachta, 30 faoin gcéad,

(d) i gcás pearsan aonair a bhí aon tráth i rith na bliana measúnachta 55 bliana d’aois nó os a chionn ach nach raibh 60 bliain d’aois slánaithe aige nó aici, 35 faoin gcéad,

(e) i gcás pearsan aonair a bhí aon tráth i rith na bliana measúnachta 60 bliain d’aois nó os a chionn, 40 faoin gcéad, agus

(f) in aon chás eile, 15 faoin gcéad,”,

(c) i gCaibidil 2A de Chuid 30—

(i) in alt 787A tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “dáileadh”:

“forléireofar ‘teorainn tuillimh’ de réir alt 790A;”,

(ii) in alt 787B(8) trí “is mó ná an teorainn tuillimh” a chur in ionad “is mó ná €254,000”

(iii) in alt 787E—

(I) i bhfo-alt (1)—

(A) trí mhíreanna (c) agus (d) a scriosadh, agus

(B) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) i gcás pearsan aonair a bhí aon tráth i rith na bliana measúnachta 50 bliain d’aois nó os a chionn ach nach raibh 55 bliana d’aois slánaithe aige nó aici nó ar phearsa aonair shonraithe é nó í don bhliain mheasúnachta, 30 faoin gcéad,

(d) i gcás pearsan aonair a bhí aon tráth i rith na bliana measúnachta 55 bliana d’aois nó os a chionn ach nach raibh 60 bliain d’aois slánaithe aige nó aici, 35 faoin gcéad,

(e) i gcás pearsan aonair a bhí aon tráth i rith na bliana measúnachta 60 bliain d’aois nó os a chionn, 40 faoin gcéad, agus

(f) in aon chás eile, 15 faoin gcéad,”,

agus

(II) i bhfo-alt (3)(b)—

(A) trí mhíreanna (iii) agus (iv) a scriosadh, agus

(B) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iii) i gcás pearsan aonair a bhí aon tráth i rith na bliana measúnachta 50 bliain d’aois nó os a chionn ach nach raibh 55 bliana d’aois slánaithe aige nó aici, 30 faoin gcéad,

(iv) i gcás pearsan aonair a bhí aon tráth i rith na bliana measúnachta 55 bliana d’aois nó os a chionn ach nach raibh 60 bliain d’aois slánaithe aige nó aici, 35 faoin gcéad,

(v) i gcás pearsan aonair a bhí aon tráth i rith na bliana measúnachta 60 bliain d’aois nó os a chionn, 40 faoin gcéad, agus

(vi) in aon chás eile, 15 faoin gcéad,”,

(iv) in alt 787G—

(I) i bhfo-alt (3)—

(A) i mír (d)(ii) trí “ina leith,” a chur in ionad “ina leith.”, agus

(B) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d):

“(e) méid dá dtagraítear in alt 787K(2A).”,

agus

(II) i bhfo-alt (5) trí “de bhua na Caibidle seo agus Chaibidil 2C” a chur in ionad “de bhua na Caibidle seo”,

agus

(v) in alt 787K tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Ní scoirfidh táirge CCSP (de réir bhrí Chuid X d’Acht na bPinsean 1990) de bheith ina tháirge ceadaithe faoi alt 94 den Acht sin ná ní choiscfear ar na Coimisinéirí Ioncaim táirge a cheadú faoin alt sin d’ainneoin go gceadaítear don riarthóir CCSP leis an táirge méid a chur ar fáil ó shócmhainní an CCSP, a mhéid is gá, chun dliteanas i leith cánach a urscaoileadh i ndáil le ranníocóir CCSP, faoi fhorálacha Chaibidil 2C den Chuid seo, i dtaca le híocaíocht iomchuí leis an ranníocóir CCSP.”,

(d) in alt 787N(1) trí “faoi fhorálacha fho-ailt (6), (7) agus (8) d’alt 774 agus alt 778(1) de Chaibidil 1” a chur in ionad “faoi fhorálacha alt 774(6), 774(7) agus 778(1) de Chaibidil 1”,

(e) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chaibidil 2B—

“Caibidil 2C

Teorainn le Cistí Pinsean Cáinfhaoisimh

Léiriú agus ginearálta (Caibidil 2C).

787O.— (1) Sa Chaibidil seo agus i Sceideal 23B, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn ‘riarthóir’, i ndáil le socrú pinsin iomchuí, an duine nó na daoine ag a bhfuil bainistiú an tsocraithe, agus folaíonn sé—

(a) riarthóir, de réir bhrí alt 770(1),

(b) duine a luaitear in alt 784 agus a sheolann gnó ag deonú blianachtaí ar shaol daoine go dleathach, lena n-áirítear an duine a luaitear in alt 784(4A)(ii),

(c) riarthóir CCSP, de réir bhrí alt 787A(1), agus

(d) riarthóir socraithe pinsin iomchuí de chineál a thuairiscítear i míreanna (e) agus (f) den mhíniú ar shocrú iomchuí pinsin agus a shonrófar le rialacháin faoi alt 787U;

forléireofar ‘méid arna chriostalú trí theagmhas criostalaithe sochair’ de réir mhír 3 de Sceideal 23B agus forléireofar tagairt do ‘méid an teagmhais reatha’ mar an méid a chriostalófar tríd an teagmhas criostalaithe sochair arb é an teagmhas sin é;

déanfar ‘méid ceart pinsean neamhchriostalaithe ar an dáta sonraithe’, i ndáil le pearsa aonair, a chinneadh de réir mhír 1 de Sceideal 23B;

ciallaíonn ‘méid bliantúil pinsin’ an méid pinsin is iníoctha leis an bpearsa aonair sa tréimhse 12 mhí dar tosach an lá a thiocfaidh an phearsa aonair chun bheith i dteideal an phinsin agus sin ar an toimhde nach mbeidh aon mhéadú ar an bpinsean ar feadh na tréimhse sin;

tá le ‘ciste scoir ceadaithe’ an bhrí a shanntar dó le halt 784A;

tá le ‘ciste scoir íosta ceadaithe’ an bhrí a shanntar dó le halt 784C;

déanfar ‘teagmhas criostalaithe sochair’ agus an tráth a tharlóidh teagmhas den sórt sin a fhorléiriú de réir mhír 2 de Sceideal 23B;

ciallaíonn ‘ríomh A’, i ndáil le méid bliantúil pinsin, ríomh lena méadaítear an méid bliantúil sin de réir ráta bhliantúil faoin gcéad de 5 faoin gcéad i leith iomlán na tréimhse dar tosach an mhí a tháinig an phearsa aonair chun bheith i dteideal an phinsin agus dar críoch an mhí a thiocfaidh an phearsa aonair chun bheith i dteideal go n-íocfar an pinsean leis nó léi de réir méid bhliantúil mhéadaithe;

ciallaíonn ‘ríomh B’, i ndáil le méid bliantúil pinsin, ríomh lena méadaítear an méid bliantúil sin de 2 faoin gcéad móide an méid a bhogfaidh an Treoir-Uimhir Praghsanna do Thomhaltóirí — Gach Ítim arna tiomsú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ag tosú sa mhí a tháinig an phearsa aonair chun bheith i dteideal an phinsin agus ag críochnú sa mhí a thiocfaidh an phearsa aonair chun bheith i dteideal go n-íocfar an pinsean leis nó léi de réir méid bhliantúil mhéadaithe;

forléireofar ‘barrachas inmhuirearaithe’ de réir alt 787Q(4);

ciallaíonn ‘teagmhas reatha’ teagmhas criostalaithe sochair a tharlaíonn ar an dáta sonraithe nó dá éis;

ciallaíonn ‘dáta an teagmhais reatha’—

(a) an dáta a gheobhaidh an phearsa aonair teideal iarbhír go n-íocfar sochar leis nó léi i leith an teagmhais reatha faoin socrú pinsin iomchuí, cibé acu a íocfar nó nach n-íocfar an sochar, nó a thosófar nó nach dtosófar ar an sochar a íoc, an dáta sin,

(b) an dáta a thiocfadh an bhlianacht nó, de réir mar a bheidh, an pinsean, chun bheith iníoctha ar shlí eile faoi shocrú pinsin iomchuí i gcás ina bhfeidhmíonn an phearsa aonair rogha de réir alt 772(3A), 784(2A) nó, de réir mar a bheidh, alt 787H(1),

(c) an dáta a dhéanfar íocaíocht nó aistriú chuig socrú thar lear ar ordachán ón bpearsa aonair faoi fhorálacha na Rialachán um Scéimeanna Pinsean Ceirde agus Cuntais Choigiltis Scoir Phearsanta (Íocaíochtaí Aistritheacha Thar Lear) 2003 (I.R. Uimh. 716 de 2003), nó

(d) a thiocfaidh an phearsa aonair, tar éis dó nó di teacht chun bheith i dteideal pinsin faoi shocrú pinsin iomchuí an dáta sonraithe nó dá éis, chun bheith i dteideal go n-íocfaí an pinsean sin leis nó léi de réir méid bhliantúil mhéadaithe ar mó é, de mhéid is mó ná an cion ceadaithe, ná an méid bliantúil a raibh sé iníoctha dá réir an dáta a tháinig an phearsa aonair chun bheith ina theideal;

ciallaíonn ‘socrú sochair shainithe’ socrú pinsin iomchuí seachas socrú ranníoca shainithe;

ciallaíonn ‘socrú ranníoca shainithe’ socrú pinsin iomchuí a sholáthraíonn sochair arna ríomh faoi threoir méid atá ar fáil chun sochair a sholáthar don chomhalta nó ina leith, cibé acu a chinntear an méid a bheidh ar fáil amhlaidh go heisiatach faoi threoir na ranníocaí a bheidh íoctha ag an gcomhalta nó thar ceann an chomhalta isteach sa chiste agus an ghnóchain infheistíochta a tuilleadh ar na ranníocaí sin nó a chinntear é ar shlí eile, agus folaíonn sé socrú pinsin iomchuí den chineál a thuairiscítear i míreanna (b) agus (c) den mhíniú ar ‘socrú pinsin iomchuí’;

ciallaíonn “imthosca eiscthe” imthosca a fhágann go bhfuil coibhneas díreach ann idir an méadú ar an méid bliantúil pinsin a íoctar leis an bpearsa aonair agus méadú ar ráta luach saothair gach duine, nó aicme daoine, atá ar fostú san earnáil ina raibh an phearsa aonair ar fostú agus ar fostaíocht í ar ina leith atá an phearsa aonair i dteideal an pinsean a fháil faoin socrú pinsin iomchuí;

forléireofar ‘margadhluach’ de réir alt 548;

ciallaíonn ‘ciste pinsin uasta cáinfhaoisimh’, i ndáil le pearsa aonair, an teorainn fhoriomlán ar an méid a fhéadfaidh teagmhas criostalaithe sochair a chriostalú, nó i gcás ina dtarlóidh níos mó ná teagmhas amháin, comhiomlán na méideanna go léir den sórt sin ar an dáta sonraithe nó dá éis, gan barrachas inmhuirearaithe a theacht as;

ciallaíonn ‘comhalta’, i ndáil le socrú pinsin iomchuí, aon phearsa aonair a leanfaidh, tar éis é nó í a bheith glactha mar chomhalta faoi rialacha an tsocraithe, de bheith i dteideal aon sochair faoin socrú agus folaíonn sé fostaí de réir bhrí alt 770(1), an phearsa aonair dá dtagraítear in alt 784, ranníocóir CCSP de réir bhrí Chaibidil 2A agus comhalta imirceach iomchuí de réir bhrí alt 787M(1);

ciallaíonn ‘socrú thar lear’ socrú chun sochair scoir a sholáthar arna bhunú lasmuigh den Stát;

ciallaíonn ‘cion ceadaithe’ an méid ar mhó méid bliantúil an phinsin dá mbeadh sé méadaithe le cibé ríomh de ríomh A nó ríomh B a thugann an méid is mó;

ciallaíonn ‘tairseach ciste phearsanta’, i ndáil le pearsa aonair do bhliain mheasúnachta—

(a) do na blianta measúnachta 2005 agus 2006, méid na gceart pinsin neamhfhosaithe ar an dáta sonraithe i ndáil leis an bpearsa aonair i gcás inar mó méid na gceart sin ar an dáta sin ná an tairseach ciste chaighdeánach, agus

(b) do bhliain mheasúnachta (dá ngairtear ‘an bhliain iomchuí’ sa mhír seo) i ndiaidh na bliana measúnachta 2006, méid atá coibhéiseach leis an méid a chinnfear de réir na foirmle—

A x B

i gcás—

gurb é A an tairseach ciste phearsanta don bhliain mheasúnachta díreach roimh an mbliain iomchuí, agus

gurb é B an fachtóir coigeartaithe i leith tuillimh, a bheidh le hainmniú i scríbhinn ag an Aire Airgeadais i mí na Nollag sa bhliain mheasúnachta roimh an mbliain iomchuí agus a bhfoilseofar nóta ina thaobh a luaithe is indéanta san Iris Oifigiúil;

déanfar ‘ méid ar baineadh leas as roimhe sin’ , i ndáil leis an tairseach ciste chaighdeánach nó, de réir mar a bheidh, an tairseach ciste phearsanta, a fhorléiriú de réir mhír 5 de Sceideal 23B;

ciallaíonn ‘U imhir PSP ’, i ndáil le pearsa aonair, Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí na pearsan aonair de réir bhrí alt 262 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005;

ciallaíonn ‘ s ocr ú pinsin iomchuí’ —

(a) scéim sochar scoir, de réir bhrí alt 771, arna cheadú, de thuras na huaire, ag na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha Chaibidil 1,

(b) conradh blianachta nó scéim iontaobhais nó cuid de scéim iontaobhais arna cheadú nó arna ceadú, de thuras na huaire, ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 784,

(c) conradh CCSP, de réir bhrí alt 787A, maidir le táirge CCSP, de réir bhrí an ailt sin,

(d) plean cáilitheach pinsin thar lear de réir bhrí Chaibidil 2B,

(e) scéim pinsin seirbhíse poiblí de réir bhrí alt 1 den Acht um Aoisliúntas na Seirbhíse Poiblí (Forálacha Ilghnéitheacha) 2004, nó

(f) scéim reachtúil, de réir bhrí alt 770(1), seachas scéim pinsin seirbhíse poiblí dá dtagraítear i mír (e);

tá le ‘fachtóir luachála iomchuí’ an bhrí a shanntar dó le fo-alt (2);

ciallaíonn ‘dáta sonraithe’ an 7 Nollaig 2005;

ciallaíonn ‘ tairseach ciste chaighdeánach ’, i ndáil le pearsa aonair do bhliain mheasúnachta—

(a) do na blianta measúnachta 2005 agus 2006, €5,000,000, agus

(b) do bhliain mheasúnachta (dá ngairtear ‘an bhliain iomchuí’ sa mhír seo) tar éis na bliana measúnachta 2006, méid atá coibhéiseach leis an méid a chinnfear de réir na foirmle—

A x B

i gcás—

gurb é A an tairseach ciste chaighdeánach don bhliain mheasúnachta díreach roimh an mbliain iomchuí, agus

gurb é B an fachtóir coigeartaithe i leith tuillimh, a bheidh le hainmniú i scríbhinn ag an Aire Airgeadais i mí na Nollag sa bhliain mheasúnachta roimh an mbliain iomchuí agus a bhfoilseofar nóta ina thaobh a luaithe is indéanta san Iris Oifigiúil;

ciallaíonn ‘cearta pinsin neamhchriostalaithe ’ , i ndáil le pearsa aonair ar dháta ar bith, cearta pinsin nach raibh an phearsa aonair i dteideal ina leith go n-íocfaí sochair i ndáil leis na cearta sin ar an dáta sin.

(2) (a) Faoi réir mhír (b), chun críocha na Caibidle seo agus Sceideal 23B, is é 20 an fachtóir luachála iomchuí i ndáil le socrú pinsin iomchuí.

(b) Féadfaidh riarthóir socraithe pinsin iomchuí, le comhaontú roimh ré ó na Coimisinéirí Ioncaim, fachtóir luachála (dá ngairtear an ‘fachtóir céadluaite’ san fho-alt seo) a úsáid seachas an fachtóir dá dtagraítear i mír (a) (dá ngairtear an ‘dara fachtóir a luaitear’ san fho-alt seo) i gcás inar deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim—

(i) gur léir nach cuí an dara fachtóir a luaitear, agus

(ii) gur chuí an fachtóir céadluaite,

lena úsáid sna himthosca.

(c) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim duine a cheapadh chun comhairle a thabhairt dóibh—

(i) i dtaobh ar léir nach cuí an dara fachtóir a luaitear sna himthosca a bhaineann le socrú pinsin iomchuí áirithe, agus

(ii) i gcás gur léir nach cuí—

(I) i dtaobh ar léirigh riarthóir an tsocraithe pinsin iomchuí go sásúil gur chuí fachtóir malartach áirithe lena úsáid sna himthosca sin, agus

(II) i gcás nár léirigh an riarthóir é sin go sásúil, i dtaobh cén fachtóir ba chuí lena úsáid sna himthosca.

(d) Déanfaidh riarthóir socraithe pinsin iomchuí a bheidh ag lorg chomhaontú na gCoimisinéirí Ioncaim, dá dtagraítear i mír (b), an fhaisnéis sin go léir is iomchuí maidir le breithniú an fhachtóra luachála a bheidh le húsáid sna himthosca a bhaineann leis an socrú sin agus a iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a thabhairt do na Coimisinéirí.

(3) Chun críocha na Caibidle seo, más rud é go dtarlóidh níos mó ná aon teagmhas criostalaithe sochair amháin i ndáil le pearsa aonair an lá céanna, cinnfidh an phearsa aonair an t-ord ina measfar gur tharla siad.

(4) Beidh feidhm ag Sceideal 23B chun an Chaibidil seo a fhorlíonadh agus forléireofar é mar aon ní amháin leis an gCaibidil seo.

Ciste pinsin uasta cáinfhaoisimh.

787P.— (1) Ní mó ciste pinsin uasta cáinfhaoisimh pearsan aonair ná—

(a) an tairseach ciste chaighdeánach, nó

(b) i gcás ina gcomhlíonfar an coinníoll atá leagtha amach i bhfo-alt (2) agus go mbeidh deimhniú eisithe ag na Coimisinéirí Ioncaim de réir fho-alt (5), an tairseach ciste phearsanta.

(2) Is é an coinníoll dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b) go dtabharfaidh an phearsa aonair fógra do na Coimisinéirí Ioncaim i scríbhinn, laistigh den tréimhse 6 mhí ón dáta sonraithe, nó sula dtarlóidh an chéad teagmhas criostalaithe sochair tar éis an dáta shonraithe, cibé acu is luaithe, i dtaobh tairseach ciste phearsanta a bheith aige nó aici agus go soláthróidh sé nó sí na mionsonraí seo a leanas—

(a) a ainm agus a sheoladh iomlán nó a hainm agus a seoladh iomlán agus a Uimhir PSP nó a hUimhir PSP,

(b) sceideal ina dtabharfar mionsonraí faoi ríomh na tairsí ciste pearsanta, lena n-áirítear sonraí an tsocraithe, nó na socruithe, pinsin iomchuí ar ina leith a thiocfaidh an tairseach ciste phearsanta i gceist, agus

(c) cibé faisnéis agus sonraí eile a éileoidh na Coimisinéirí Ioncaim le réasún chun críocha na Caibidle seo.

(3) Beidh fógra dá dtagraítear i bhfo-alt (2) i cibé foirm a fhorordóidh nó a údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh dearbhú ann á rá go bhfuil an fógra cruinn agus iomlán.

(4) Measfar an coinníoll i bhfo-alt (2) a bheith comhlíonta ag pearsa aonair d’ainneoin go mbeidh an fógra (dá ngairtear an ‘fógra déanach’ sa Chaibidil seo) tugtha tar éis don am a theorannaítear leis an bhfo-alt sin a bheith caite más dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim, sna imthosca go léir, gur chóir neamhaird a thabhairt ar mhainneachtain na pearsan aonair an coinníoll a chomhlíonadh laistigh de na teorainneacha ama a shonraítear san fho-alt sin.

(5) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim—

(a) ar fhógra dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a fháil, nó

(b) ar fhógra déanach dá dtagraítear i bhfo-alt (4) a fháil, is fógra ar ina leith a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim sna imthosca go léir gur chóir neamhaird a thabhairt ar mhainneachtain na pearsan aonair an coinníoll a chomhlíonadh laistigh de na teorainneacha ama a shonraítear i bhfo-alt (2),

ar a bheith deimhin dóibh go bhfuil ríomh na tairsí ciste pearsanta san fhógra nó, de réir mar a bheidh, san fhógra déanach, ceart, agus laistigh de 30 lá ón bhfógra sin a fháil, nó cibé tráth is faide ná sin a theastóidh uathu chun críocha an fho-ailt seo, deimhniú a eisiúint don phearsa aonair ina luafar méid na tairsí ciste pearsanta.

Barrachas inmhuirearaithe.

787Q.— (1) Muirearófar cáin ioncaim de réir alt 787R más rud é, ar an dáta sonraithe nó dá éis, go dtarlóidh teagmhas criostalaithe sochair (dá ngairtear an ‘teagmhas reatha’ san alt seo) i ndáil le pearsa aonair is comhalta de shocrú pinsin iomchuí agus go gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha i bhfo-alt (2).

(2) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1)—

(a) go mbeidh tairseach ciste chaighdeánach uile na pearsan aonair nó aon chuid di nó, de réir mar a bheidh, tairseach ciste phearsanta uile na pearsan aonair nó aon chuid di, ar fáil dáta an teagmhais reatha ach gur mó méid an teagmhais sin ná méid na tairsí ciste caighdeánaí nó na tairsí ciste pearsanta, a bheidh ar fáil an dáta sin, nó

(b) nach mbeidh aon chuid de thairseach ciste chaighdeánach na pearsan aonair nó de thairseach ciste phearsanta na pearsan aonair, de réir mar a bheidh, ar fáil dáta an teagmhais reatha.

(3) Chun críocha fho-alt (2), déanfar an méid de thairseach ciste chaighdeánach na pearsan aonair nó, de réir mar a bheidh, de thairseach ciste phearsanta na pearsan aonair, a bheidh ar fáil dáta an teagmhais reatha a chinneadh de réir mhír 4 de Sceideal 23B.

(4) Faoi réir fho-alt (5), i gcás ina gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha i bhfo-alt (2), tabharfar ‘an barrachas inmhuirearaithe’ ar mhéid an teagmhais reatha nó, de réir mar a bheidh, ar an méid ar mó méid an teagmhais sin ná an méid den tairseach ciste chaighdeánach nó den tairseach ciste phearsanta a bheidh ar fáil an dáta sin i ndáil leis an bpearsa aonair.

(5) Más rud é go ndéanfaidh riarthóir socraithe pinsin iomchuí an méid cánach a éireoidh ar bharrachas inmhuirearaithe de réir alt 787R a íoc go hiomlán nó go páirteach, ansin déileálfar le cibé méid den cháin sin a íocfaidh an riarthóir mar chuid den bharrachas inmhuirearaithe mura rud é go laghdófar cearta na pearsan aonair faoin socrú pinsin iomchuí ionas go léireofar go hiomlán an méid cánach a bheidh íoctha amhlaidh nó go dtabharfaidh an phearsa aonair aisíocaíocht don riarthóir i leith aon chánach a bheidh íoctha amhlaidh.

(6) I gcás ina ndéanfaidh riarthóir socraithe pinsin iomchuí de chineál a thuairiscítear i míreanna (e) agus (f) den mhíniú ar shocrú pinsin iomchuí in alt 787O(1) méid cánach a íoc a éiríonn ar bharrachas inmhuirearaithe de réir alt 787S(3), ansin—

(a) beidh an méid cánach a íoctar amhlaidh ina fhiach atá dlite don riarthóir den phearsa aonair nó, i gcás an phearsa aonair a bheith éagtha, dá eastát nó dá heastát, agus

(b) féadfaidh an riarthóir teidil uile, nó cuid de theidil, na pearsan aonair faoin socrú pinsin iomchuí sin a leithreasú, agus ceadóidh an phearsa aonair an leithreasú sin d’fhonn aisíocaíocht a thabhairt don riarthóir i leith na cánach arna híoc amhlaidh.

Dliteanas cánach agus an ráta cánach ar bharrachas inmhuirearaithe.

787R.— (1) Gan dochar d’aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach lena n-áirítear, go háirithe, aon fhoráil eile de na hAchtanna sin a bhaineann le muirear i leith cánach—

(a) beidh méid iomlán barrachais inmhuirearaithe arna ríomh de réir alt 787Q, gan aon fhaoiseamh ná laghdú a shonraítear sa Tábla a ghabhann le halt 458 ná aon asbhaint eile as an méid sin, inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim faoi Chás IV de Sceideal D de réir ráta 42 faoin gcéad, agus

(b) ní bheidh feidhm ag ailt 187 agus 188 maidir le cáin ioncaim arna muirearú amhlaidh.

(2) Is iad seo a leanas na daoine a bheidh faoi dhliteanas cánach ioncaim arna muirearú faoi fho-alt (1)—

(a) i gcás ina dtarlóidh an teagmhas criostalaithe sochair as a n-éireoidh an barrachas inmhuirearaithe an dáta sonraithe nó dá éis ach roimh dháta rite an Achta Airgeadais 2006, an phearsa aonair ar i ndáil leis nó léi a tharlóidh an teagmhas criostalaithe sochair, agus

(b) i gcás ina dtarlóidh an teagmhas criostalaithe sochair as a n-éireoidh an barrachas inmhuirearaithe dáta rite an Achta Airgeadais 2006 nó dá éis, riarthóir an tsocraithe pinsin iomchuí faoina n-éireoidh an teagmhas criostalaithe sochair agus an phearsa aonair ar i ndáil leis nó léi a tharlóidh an teagmhas criostalaithe sochair agus is comhdhliteanas agus dliteanas leithleach a ndliteanas.

(3) Beidh duine dá dtagraítear i bhfo-alt (2) faoi dhliteanas aon chánach ioncaim arna muirearú de réir fho-alt (1) cibé acu atá nó nach bhfuil cónaí nó gnáthchónaí sa Stát ar an duine sin nó ar aon duine eile a bheidh faoi dhliteanas i leith an mhuirir.

(4) I gcás ina mbeidh teagmhas criostalaithe sochair le tarlú (dá ngairtear an ‘teagmhas todhchaí’ san fho-alt seo) i ndáil le pearsa aonair faoi shocrú pinsin iomchuí ar dháta rite an Achta Airgeadais 2006 nó dá éis, féadfaidh riarthóir an tsocraithe sin a iarraidh ar an bpearsa aonair dearbhú i scríbhinn a dhéanamh, roimh dháta an teagmhais todhchaí, chuig an riarthóir i cibé foirm a fhorordóidh nó a údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim chun na críche sin, agus ar dearbhú é ina mbeidh—

(a) ainm iomlán, seoladh agus Uimhir PSP na pearsan aonair,

(b) i leith gach teagmhais criostalaithe sochair a tharla i ndáil leis an bpearsa aonair an dáta sonraithe nó dá éis—

(i) an dáta a tharla an teagmhas sin, agus

(ii) an méid a criostalaíodh tríd an teagmhas sin,

(c) i leith teagmhais criostalaithe sochair nó teagmhas criostalaithe sochair atá le tarlú ó dháta an dearbhaithe arna dhéanamh ag an bpearsa aonair faoin bhfo-alt seo suas go dtí dáta an teagmhais todhchaí, agus an dáta sin san áireamh—

(i) dáta ionchasach gach ceann de na teagmhais sin, agus

(ii) an méid measta atá le criostalú le gach ceann de na teagmhas sin,

(d) más iomchuí, méid thairseach ciste phearsanta na pearsan aonair mar aon le cóip den deimhniú a d’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 787P(5), agus

(e) cibé faisnéis eile a theastóidh le réasún ó na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha na Caibidle seo.

(5) I gcás ina mbeifear tar éis a iarraidh ar phearsa aonair dearbhú a sholáthar i scríbhinn do riarthóir socraithe pinsin iomchuí de réir fho-alt (4) agus go mainneoidh sé nó sí an dearbhú sin a sholáthar, féadfaidh an riarthóir—

(a) más rud é gurb é atá sa teagmhas criostalaithe sochair ná teagmhas de chineál a thuairiscítear i bhfomhír (a) nó (d) de mhír 2 de Sceideal 23B, íoc aon sochair nó, de réir mar a bheidh, íoc aon mhéid bhliantúil mhéadaithe pinsin a choimeád siar, agus

(b) más rud é gurb é atá sa teagmhas criostalaithe sochair ná teagmhas de chineál a thuairiscítear i bhfomhír (b) nó (c) de mhír 2 de Sceideal 23B, diúltú méid, nó aon chuid de na cistí dá dtagraítear san fhomhír (b) sin, a aistriú chuig an duine nó, de réir mar a bheidh, íocaíocht nó aistriú a dhéanamh chuig socrú thar lear,

go dtí cibé uair a dhéantar dearbhú i scríbhinn ina bhfuil an fhaisnéis a shonraítear i míreanna (a) go (e) d’fho-alt (4) a thabhairt don riarthóir, i cibé foirm a fhorordóidh nó a údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha an fho-ailt sin.

(6) Déanfaidh riarthóir socraithe pinsin iomchuí dearbhú, nó dearbhuithe, den chineál a luaitear i bhfo-ailt (4) agus (5)—

(a) a choimeád agus a choinneáil ar feadh tréimhse 6 bliana, agus

(b) ar cheangal a bheith curtha air nó uirthi déanamh amhlaidh le fógra arna thabhairt don riarthóir i scríbhinn ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim, é nó iad a chur ar fáil don oifigeach laistigh den am a shonrófar san fhógra.

Cáin a dhlífear ar bharrachas inmhuirearaithe a íoc.

787S.— (1) I gcás inarb é an duine a dhlífidh cáin ioncaim a íoc de réir alt 787R—

(a) an duine dá dtagraítear i mír (a) d’fho-alt (2) den alt sin, déanfaidh an duine sin, laistigh de 6 mhí ón dáta sonraithe, tuairisceán a thabhairt don Ard-Bhailitheoir ina mbeidh—

(i) a ainm nó a hainm iomlán, a sheoladh nó a seoladh agus a uimhir PSP nó a huimhir PSP,

(ii) ainm iomlán agus seoladh riarthóir an tsocraithe pinsin iomchuí nó na socruithe pinsin iomchuí (agus i gcás go mbeidh níos mó ná riarthóir amháin den sórt sin ann, ainm iomlán agus seoladh gach duine acu) faoinar tharla an teagmhas, nó na teagmhais, criostalaithe sochair dá dtagraítear i bhfomhír (iii),

(iii) méid na mbarrachas inmhuirearaithe go léir a éireoidh i leith teagmhas criostalaithe sochair a tharlóidh an dáta sonraithe nó dá éis ach roimh dháta rite an Achta Airgeadais 2006 agus an bonn ar ar ríomhadh iad, agus

(iv) mionsonraí i dtaobh an mhéid cánach a gceanglófar ar an duine sin cuntas a thabhairt inti i ndáil le gach barrachas inmhuirearaithe,

(b) an riarthóir ar shocrú pinsin iomchuí dá dtagraítear in alt 787R(2)(b), déanfaidh an riarthóir laistigh de 3 mhí ó dheireadh na míosa ina dtarlóidh an teagmhas criostalaithe sochair as a n-éireoidh an barrachas inmhuirearaithe, tuairisceán a thabhairt don Ard-Bhailitheoir ina mbeidh—

(i) ainm agus seoladh an riarthóra,

(ii) ainm, seoladh agus Uimhir PSP na pearsan aonair ar i ndáil leis nó léi a tharla an teagmhas criostalaithe sochair,

(iii) mionsonraí i dtaobh an tsocraithe pinsin iomchuí faoinar tharla an teagmhas criostalaithe sochair as ar éirigh an barrachas inmhuirearaithe,

(iv) méid an bharrachais inmhuirearaithe a éireoidh i leith an teagmhais criostalaithe sochair agus an bonn ar ar ríomhadh é, agus

(v) mionsonraí i dtaobh na cánach a gceanglófar ar an riarthóir cuntas a thabhairt inti i ndáil leis an mbarrachas inmhuirearaithe.

(2) (a) Déanfaidh riarthóir socraithe pinsin iomchuí ráiteas a sholáthar do na Coimisinéirí Ioncaim, de réir mhír (b), laistigh de 2 mhí ó dháta rite an Achta Airgeadais 2006, más rud é, ar an dáta sonraithe nó dá éis ach roimh dháta rite an Achta sin, gur tharla teagmhas criostalaithe sochair amháin nó níos mó i ndáil le pearsa aonair faoi shocrú pinsin iomchuí amháin nó níos mó a bhainistíonn an riarthóir sin, agus gur mó ná €3,750,000 an méid a criostalaíodh tríd an teagmhas sin nó, de réir mar a bheidh, comhiomlán na méideanna a criostalaíodh trí na teagmhais sin.

(b) Maidir leis an ráiteas dá dtagraítear i mír (a)—

(i) beidh sé i cibé foirm a fhorordóidh nó a údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim,

(ii) beidh na mionsonraí seo a leanas ann—

(I) ainm iomlán, seoladh agus Uimhir PSP na pearsan aonair ar i ndáil leis nó léi a tharla an teagmhas criostalaithe sochair nó, de réir mar a bheidh, na teagmhais criostalaithe sochair,

(II) mionsonraí i dtaobh an tsocraithe nó na socruithe pinsin iomchuí faoinar tharla an teagmhas nó na teagmhais criostalaithe sochair, agus

(III) an méid a criostalaíodh trí gach teagmhas den sórt sin,

agus

(iii) beidh dearbhú ann á rá go bhfuil an ráiteas cruinn agus iomlán.

(3) Maidir leis an gcáin a gceanglaítear ar dhuine cuntas a thabhairt inti i ndáil le barrachas inmhuirearaithe (dá ngairtear ‘an cháin chuí’ san alt seo) agus a cheanglaítear a áireamh i dtuairisceán, beidh sí dlite an tráth faoina mbeidh an tuairisceán le tabhairt agus íocfaidh an duine sin leis an Ard-Bhailitheoir í. Beidh an cháin chuí a bheidh dlite amhlaidh iníoctha ag an duine sin gan measúnacht a bheith déanta; ach féadfar cáin chuí a bheidh tagtha chun bheith dlite amhlaidh a mheasúnú ar an duine sin (cibé acu atá nó nach bhfuil sí íoctha an tráth a dhéanfar an mheasúnacht) mura mbeidh an cháin sin, nó aon chuid di, íoctha ar an dáta dlite nó roimhe.

(4) I gcás inar dealraitheach d’oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil aon mhéid cánach cuí i ndáil le barrachas inmhuirearaithe ba chóir a áireamh, ach nár áiríodh, i dtuairisceán nó i gcás ina mbeidh an t-oifigeach míshásta faoi aon tuairisceán, ansin féadfaidh an t-oifigeach measúnacht a dhéanamh ar an duine a dhlífidh an cháin chuí a íoc go feadh a bhreithiúnais nó a breithiúnais, agus aon mhéid cánach cuí i ndáil le barrachas inmhuirearaithe a bheidh dlite faoi mheasúnacht a dhéanfar de bhua an fho-ailt seo, déileálfar leis chun críocha úis ar cháin neamhíoctha mar cháin ab iníoctha an tráth faoina raibh an tuairisceán lena mbaineann le tabhairt.

(5) I gcás ina mbeidh aon ítim curtha isteach go mícheart i dtuairisceán mar bharrachas inmhuirearaithe, ansin féadfaidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim cibé measúnachtaí, coigeartuithe nó fritháirimh a dhéanamh is dóigh leis nó léi is gá chun a áirithiú gur mar a chéile, a mhéid is féidir é, do na dliteanais chánach, lena n-áirítear ús ar cháin neamhíoctha, a bheidh dá thoradh sin ar riarthóir ar shocrú pinsin iomchuí nó ar an bpearsa aonair, agus do na dliteanais a bheadh ann dá mba rud é nár cuireadh an ítim isteach amhlaidh.

(6) (a) Aon cháin chuí a mheasúnófar ar dhuine faoin gCaibidil seo, beidh sí dlite laistigh de mhí amháin tar éis an fógra measúnachta a eisiúint (mura rud é go mbeidh an cháin sin dlite níos luaithe ná sin faoi fho-alt (1)) ach sin faoi réir an méid seo a leanas—

(i) aon achomharc i gcoinne na measúnachta, nó

(ii) aon iarratas faoi alt 787T,

ach ní dhéanfaidh aon achomharc ná iarratas den sórt sin, de réir mar a bheidh, difear don dáta ar a mbeidh aon mhéid dlite faoi fho-alt (1).

(b) Ar achomharc i gcoinne measúnachta faoin alt seo a chinneadh, déanfar aon cháin chuí a ró-íocadh a aisíoc.

(7) (a) Maidir leis na forálacha de na hAchtanna Cánach a bhaineann leis na nithe seo a leanas—

(i) measúnachtaí i leith cánach ioncaim,

(ii) achomhairc i gcoinne na measúnachtaí sin (lena n-áirítear achomhairc a athéisteacht agus cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil), agus

(iii) bailiú agus gnóthú cánach ioncaim,

beidh feidhm acu, a mhéid is infheidhme iad, maidir le measúnacht, bailiú agus gnóthú cánach cuí.

(b) Aon mhéid cánach cuí is iníoctha de réir na Caibidle seo gan measúnacht a bheith déanta, béarfaidh sé ús de réir ráta 0.0273 faoin gcéad in aghaidh gach lae nó gach cuid de lá ón dáta a dtiocfaidh an méid chun bheith dlite agus iníoctha go dtí go n-íocfar é.

(c) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (5) d’alt 1080 maidir le hús is iníoctha faoi mhír (b) mar atá feidhm acu maidir le hús is iníoctha faoi alt 1080.

(d) Le linn alt 1080 a bheith á fheidhmiú ar aon cháin chuí a mhuirearófar le haon mheasúnacht a dhéanfar de réir an ailt seo, beidh feidhm ag alt 1080 amhail is dá scriosfaí fo-alt (2)(b) den alt sin.

(8) Is i bhfoirm a bheidh forordaithe nó údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh gach tuairisceán dá dtagraítear san alt seo agus beidh dearbhú ann á rá go bhfuil an tuairisceán cruinn agus iomlán.

An riarthóir a urscaoileadh ó cháin.

787T.— (1) I gcás inar chreid riarthóir ar shocrú pinsin iomchuí le réasún, maidir le teagmhas criostalaithe sochair—

(a) nach raibh an teagmhas criostalaithe sochair ina chúis le dliteanas cánach ioncaim, nó

(b) gur lú méid an dliteanais cánach ioncaim ná an méid iarbhír,

féadfaidh an riarthóir iarratas i scríbhinn a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim go ndéanfar an dliteanas cánach sin nó, de réir mar a bheidh, méid na difríochta idir an méid ar chreid an riarthóir ina leith gurbh é méid an dliteanais cánach é agus an méid iarbhír (dá ngairtear an ‘dliteanas cánach iomchuí’ san alt seo) a urscaoileadh.

(2) Más rud é, tar éis iarratas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a fháil, gurb é tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim nach mbeadh sé cóir agus réasúnach, sna imthosca go léir, go ndlífear an dliteanas cánach iomchuí den riarthóir, féadfaidh siad an riarthóir a urscaoileadh ón dliteanas sin agus cuirfidh siad an cinneadh sin in iúl i scríbhinn don riarthóir.

(3) Gan dochar d’aon imthoisc eile ina ndlífidh duine dliteanas cánach a urscaoileadh a bheidh dlite i leith breise inmhuirearaithe, i gcás go n-urscaoilfear riarthóir socraithe pinsin iomchuí ó dhliteanas cánach iomchuí de réir fho-alt (2), tiocfaidh an duine, ar ina leith a eascróidh an muirear cánach ioncaim, faoi dhliteanas i leith an mhuirir.

Rialacháin (Caibidil 2C).

787U.— (1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh lena bhforordófar an nós imeachta a leanfar agus an Chaibidil seo á cur in éifeacht, a mhéid nach mbeidh foráil ann ar shlí eile don nós imeachta sin, agus lena bhforálfar i gcoitinne do riaradh na Caibidle seo agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, féadfaidh foráil a bheith i rialacháin faoin alt seo chun go ndéanfar, chun críocha na Caibidle seo, an duine a shonrú a ndéileálfar leis nó léi mar riarthóir socraithe pinsin iomchuí de chineál a thuairiscítear i míreanna (e) agus (f) den mhíniú ar shocrú pinsin iomchuí in alt 787O(1).

(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den 21 lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis an t-ordú a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.”,

agus

(f) i gCaibidil 4 de Chuid 30—

(i) in alt 790A—

(I) tríd an bhforáil atá ann a athuimhriú mar fho-alt (1) den alt sin, agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad (d) san fhoráil athuimhrithe:

“(d) Caibidil 2B i leith ranníoca ón gcomhalta imirceach iomchuí le plean pinsin cáilitheach thar lear,”,

(III) trí “€254,000 (dá ngairtear an ‘teorainn tuillimh’ san alt seo).” a chur in ionad “€254,000.”, agus

(IV) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(2) I leith bliana measúnachta (dá ngairtear an ‘bliain iomchuí’ san fho-alt seo) i ndiaidh na bliana measúnachta 2006, déanfar an teorainn tuillimh a mhéadú de mhéid atá coibhéiseach leis an méid a chinnfear de réir na foirmle—

A x B

i gcás—

gurb é A an teorainn tuillimh i gcomhair na bliana measúnachta díreach roimh an mbliain iomchuí, agus

gurb é B an fachtóir coigeartaithe tuillimh, arna ainmniú i scríbhinn ag an Aire Airgeadais i Nollaig na bliana measúnachta roimh an mbliain iomchuí, rud a bhfoilseofar nóta ina thaobh san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir.”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 790A—

“Cánachas ar íocaíochtaí cnapshuime de bhreis ar an teorainn cnapshuime.

790AA.— (1) (a) San alt seo—

tá le ‘ cnapshuim barrachais ’ an bhrí a shanntar dó le mír (e);

ciallaíonn ‘ teorainn cnapshuime ’, i leith bliana measúnachta—

(i) i gcomhair na mblianta measúnachta 2005 agus 2006, €1,250,000, agus

(ii) i gcomhair bliana measúnachta (dá ngairtear an ‘bliain iomchuí’ sa mhír seo) i ndiaidh na bliana measúnachta 2006, an méid atá coibhéiseach leis an méid a chinnfear de réir na foirmle—

SFT x

i gcás gurb é SFT an tairseach ciste chaighdeánach, de réir bhrí alt 787O(1), i gcomhair na bliana iomchuí;

ciallaíonn ‘ socrú pinsin iomchuí ’ aon cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas—

(i) scéim sochar scoir, de réir bhrí alt 771, a bheidh ceadaithe de thuras na huaire ag na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha Chaibidil 1,

(ii) conradh blianachta nó scéim iontaobhais nó cuid de scéim iontaobhais a bheidh ceadaithe de thuras na huaire ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 784,

(iii) conradh CCSP, de réir bhrí alt 787A, maidir le táirge CCSP, de réir bhrí an ailt sin,

(iv) plean pinsin cáilitheach thar lear de réir bhrí Chaibidil 2B,

(v) scéim pinsin seirbhíse poiblí de réir bhrí alt 1 den Acht um Aoisliúntas na Seirbhíse Poiblí (Forálacha Ilghnéitheacha) 2004,

(vi) scéim reachtúil, de réir bhrí alt 770(1), seachas scéim pinsin seirbhíse poiblí dá dtagraítear i mír (v);

ciallaíonn ‘ dáta sonraithe ’ an 7 Nollaig 2005.

(b) San alt seo, ciallaíonn ‘ riarthóir ’, i ndáil le socrú pinsin iomchuí, an duine nó na daoine ag a bhfuil bainistiú an tsocraithe, agus go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, folaíonn tagairtí do riarthóir socraithe pinsin iomchuí tagairtí—

(i) do riarthóir, de réir bhrí alt 770(1),

(ii) do dhuine a luaitear in alt 784, a bheidh ag seoladh gnó deonaithe blianachtaí ar shaol duine go dlíthiúil, lena n-áirítear an duine a luaitear in alt 784(4A)(ii), agus

(iii) do riarthóir CCSP, de réir bhrí 787A(1).

(c) (i) Chun críocha an ailt seo, aon tagairt do chnapshuim is tagairt í do chnapshuim a íoctar le pearsa aonair faoi rialacha socraithe pinsin iomchuí trí iomalartú ar chuid de phinsean nó ar chuid de bhlianacht nó ar shlí eile.

(ii) Gan dochar do ghinearáltacht fhomhír (i), maidir leis an tagairt san fhomhír sin do chuid de phinsean nó do chuid de bhlianacht a iomalartú, i gcás pearsa aonair do roghnú de réir alt 772(3A) nó, de réir mar a bheidh, alt 784(2A), forléireofar í mar thagairt d’iomalartú cuid den phinsean nó, de réir mar a bheidh, d’iomalartú cuid den bhlianacht, a bheadh, murach an rogha sin d’fheidhmiú, iníoctha leis an bpearsa aonair.

(d) Chun críocha an ailt seo, forléireofar tagairtí do chnapshuim a íoctar le pearsa aonair tagairtí do chnapshuim a gheobhaidh pearsa aonair, nó a thabharfar nó a chuirfear ar fáil do phearsa aonair, agus forléireofar tagairtí do chnapshuim a íocadh, nó atá nó a bhí íoctha, le pearsa aonair dá réir.

(e) Chun críocha an ailt seo, is éard a bheidh sa chnapshuim barrachais, más ann, i leith cnapshuime a íoctar le pearsa aonair ar an dáta sonraithe nó dá éis (dá ngairtear an ‘cnapshuim reatha’ sa mhír seo)—

(i) i gcás nár íocadh aon chnapshuim eile leis an bpearsa aonair ar an dáta sonraithe nó dá éis, an méid ar mó an chnapshuim reatha ná an teorainn cnapshuime, agus

(ii) i gcás go ndearnadh, sular íocadh an chnapshuim reatha, cnapshuim amháin nó níos mó (dá ngairtear an ‘cnapshuim is luaithe’ sa mhír seo) a íoc le pearsa aonair, ar an dáta sonraithe nó dá éis, ansin—

(I) i gcás gur lú méid na cnapshuime is luaithe ná an teorainn cnapshuime, an méid ar mó an comhiomlán de mhéideanna na cnapshuime is luaithe agus na cnapshuime reatha ná an teorainn cnapshuime, agus

(II) i gcás gurb ionann méid na cnapshuime is luaithe agus an teorainn cnapshuime nó gur mó é ná an teorainn cnapshuime, méid na cnapshuime reatha.

(f) Chun críocha mhír (e)—

(i) más rud é—

(I) go n-íocfar an chnapshuim reatha i mbliain mheasúnachta (dá ngairtear an ‘bliain iomchuí’ san fhomhír seo) tar éis na bliana measúnachta 2006, agus

(II) gur íocadh an chnapshuim is luaithe roimh an mbliain iomchuí,

ansin déanfar méid na cnapshuime is luaithe (agus i gcás gurb é méid na cnapshuime is luaithe an comhiomlán de mhéideanna 2 chnapshuim nó níos mó, ansin méid gach cnapshuime díobh sin) a choigeartú go dtí an méid atá coibhéiseach leis an méid a chinnfear de réir na foirmle—

A x B

C

i gcás—

gurb é A méid na cnapshuime is luaithe,

gurb é B an teorainn cnapshuime don bhliain iomchuí, agus

gurb é C an teorainn cnapshuime don bhliain mheasúnachta inar íocadh an chnapshuim is luaithe,

agus

(ii) (I) déileálfar le cnapshuim (dá ngairtear an ‘cnapshuim chéadluaite’ san fhomhír seo) mar chnapshuim a íoctar roimh chnapshuim eile (dá ngairtear an ‘dara cnapshuim a luaitear’ san fhomhír seo) má íoctar an chnapshuim chéadluaite roimh an dara cnapshuim a luaitear an lá céanna, agus

(II) ní dhéileálfar le cnapshuim mar chnapshuim a íoctar an tráth céanna le cnapshuim amháin eile nó níos mó agus, i gcás go ndéileálfaí leo amhlaidh murach an fhomhír seo, cinnfidh an phearsa aonairlena n-íocfar na cnapshuimeanna ant-ord ina measfar gur íocadh iad.

(2) Faoi réir fho-alt (4)—

(a) i gcás go n-íocfar cnapshuim le pearsa aonair ar an dáta sonraithe nó dá éis, déanfar an chnapshuim barrachais, más ann, a áireamh mar íocaíocht díolaíochtaí lena mbaineann Sceideal E leis an bpearsaaonair, agus, dá réir sin, beidh feidhm ag forálacha Chaibidil 4 de Chuid 42 maidir le haon íocaíocht den sórt sin, agus

(b) déanfaidh riarthóir socraithe pinsin iomchuí cáin a asbhaint as an íocaíocht de réir an ráta is airde don bhliain mheasúnachta ina ndéanfar an íocaíocht mura mbeidh deimhniú i leith creidmheasanna cánach agus an scoithphointe ráta chaighdeánaigh nó cárta asbhainte cánach faighte ag an riarthóir ó na Coimisinéirí Ioncaim don bhliain sin i leith na pearsan aonair dá dtagraítear i mír (a).

(3) Beidh feidhm ag fo-alt (2) d’alt 787G maidir le haon cháin ioncaim, is cáin ioncaim arna hasbhaint as cnapshuim barrachais de bhua fho-alt (2) den alt seo, ag riarthóir socraithe pinsin iomchuí de chineál a thuairiscítear i mír (iii) den mhíniú ar shocrú pinsin iomchuí i bhfo-alt (1)(a), amhail mar atá feidhm aige maidir le cáin ioncaim dá dtagraítear i bhfo-alt (2) d’alt 787G.

(4) I gcás go n-íocfar cnapshuim le pearsa aonair, an dáta sonraithe nó dá éis, faoi rialacha socraithe pinsin iomchuí de chineál a thuairiscítear i mír (iv) den mhíniú ar shocrú pinsin iomchuí i bhfo-alt (1)(a), déanfar cáin a mhuirearú ar an gcnapshuim barrachais, más ann, faoi Chás IV de Sceideal D don bhliain mheasúnachta ina n-íocfar an chnapshuim leis an bpearsa aonair sin.

(5) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (2) ná (4) maidir le cnapshuim a íocfar le baintreach pearsan aonair éagtha nó le baintreach fir, le leanaí, le cleithiúnaithe nó le hionadaithe pearsanta pearsan aonair éagtha.

(6) Beidh éifeacht le halt 781 d’ainneoin fhorálacha an ailt seo.”.

(2) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an Sceideal nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Sceideal 23A:

“Cuid 30, Caibidil 2C.

SCEIDEAL 23B

Teorainn le Cistí Pinsean Cáinfhaoisimh

Cearta pinsin neamhchriostalaithe pearsan aonair ar an dáta sonraithe a ríomh

1. (1) Chun críocha Chaibidil 2C is éard a bheidh i méid na gceart pinsin neamhchriostalaithe ar an dáta sonraithe i ndáil le pearsa aonair ná comhiomlán mhéideanna na gceart sin ar an dáta sin i leith gach ceann de na socruithe pinsin iomchuí ar comhalta díobh an phearsa aonair; ach, i gcás inar tharla teagmhas criostalaithe sochair i ndáil leis an bpearsa aonair faoi shocrú pinsin iomchuí ar an dáta sonraithe, ansin measfar, chun críocha na míre seo, gur tharla sé an lá tar éis an dáta sin.

(2) Más rud é maidir le socrú pinsin iomchuí dá dtagraítear i bhfomhír (1)—

(a) gur socrú ranníoca shainithe é, is é a bheidh i gcearta pinsin neamhchriostalaithe na pearsan aonair faoin socrú sin cibé méid de chomhiomlán—

(i) méid aon suimeanna airgid thirim, agus

(ii) margadhluach aon sócmhainní eile,

a bheidh á shealbhú chun críocha an tsocraithe ar an dáta sonraithe agus atá in ionannas chearta na pearsan aonair faoin socrú,

(b) gur socrú sochair shainithe é, is é a bheidh i gcearta pinsin neamhchriostalaithe na pearsan aonair faoin socrú sin méid atá coibhéiseach leis an méid a chinnfear de réir na foirmle—

(RVF x AP) + LS

i gcás—

gurb é RVF an fachtóir luachála iomchuí,

gurb é AP méid bliantúil an phinsin a mbeadh an phearsa aonair ina theideal, de réir na dtoimhdeana luachála, faoin socrú ar an dáta sonraithe dá mba rud é, ar an dáta sin, go bhfuair an phearsa aonair ceart iarbhír seachas ceart ionchasach chun pinsean a fháil i leith na gceart pinsin neamhchriostalaithe, agus

gurb é LS méid aon chnapshuime a mbeadh an phearsa aonair ina theideal, de réir na dtoimhdeana luachála, faoin socrú ar an dáta sonraithe (seachas trí phinsean a iomalartú), dá mba rud é go bhfuair an phearsa aonair ceart iarbhír ar an dáta sin seachas ceart ionchasach chun íocaíochta cnapshuime i leith na gceart.

(3) Is iad na toimhdeana luachála dá dtagraítear i bhfomhír (2)(b)—

(a) más rud é nach mbeidh cibé aois, más ann, slánaithe ag an bpearsa aonair, a cheanglófar ar an bpearsa aonair a shlánú faoin gcomhaontú pinsin iomchuí chun aon laghdú ar na sochair mar gheall ar aois a sheachaint, an toimhde gur shlánaigh an phearsa aonair an aois sin ar an dáta sonraithe, agus

(b) an toimhde nach de bhíthin éagumais mheabhrach nó choirp atá ceart ag an bpearsa aonair na sochair a fháil faoin socrú pinsin iomchuí.

Tarlú teagmhais criostalaithe sochair

2. Chun críocha Chaibidil 2C, maidir le teagmhas criostalaithe sochair, i ndáil le pearsa aonair, faoi shocrú pinsin iomchuí ar comhalta de an phearsa aonair, tarlóidh sé más rud é—

(a) go dtiocfaidh an phearsa aonair faoin socrú pinsin iomchuí chun bheith i dteideal aon cheann amháin nó níos mó de na sochair seo a leanas—

(i) pinsean,

(ii) blianacht,

(iii) cnapshuim,

(b) go bhfeidhmeoidh an phearsa aonair rogha de réir alt 772(3A), 784(2A) nó 787H(1) chun méid a aistriú, dáta na blianachta nó, de réir mar a bheidh, an dáta a thiocfadh an pinsean chun bheith iníoctha ar shlí eile, chuig aon cheann amháin nó níos mó dóibh seo a leanas—

(i) an phearsa aonair,

(ii) ciste scoir ceadaithe, nó

(iii) ciste scoir íosta ceadaithe,

(c) go ndéanfar íocaíocht nó aistriú chuig socrú thar lear le hordú ón bpearsa aonair faoi fhorálacha na Rialachán um Scéimeanna Pinsean Ceirde agus Cuntais Choigiltis Scoir Phearsanta (Íocaíochtaí Aistritheacha Thar Lear) 2003 (I.R. Uimh. 716 de 2003),

(d) go dtiocfaidh an phearsa aonair, seachas in imthosca eiscthe, tar éis dó nó di teacht chun bheith i dteideal pinsin faoi shocrú pinsin iomchuí an dáta sonraithe nó dá éis, chun bheith i dteideal íocaíocht an phinsin sin de réir méid bhliantúil mhéadaithe is mó de bhreis agus an corrlach ceadaithe ná an méid bliantúil ar dá réir ab iníoctha é an lá a tháinig an phearsa aonair chun bheith ina theideal.

Ríomh an mhéid a chriostalófar le teagmhas criostalaithe sochair

3. Chun críocha Chaibidil 2C, is é an méid a chriostalófar le teagmhas criostalaithe sochair dá dtagraítear i mír 2—

(a) i gcás inar teagmhas den chineál dá dtagraítear i mír 2(a)(i) an teagmhas criostalaithe sochair, méid atá coibhéiseach leis an méid a chinnfear de réir na foirmle—

RVF x P

i gcás—

gurb é RVF an fachtóir luachála iomchuí, agus

gurb é P an méid pinsin a bheidh iníoctha leis an bpearsa aonair sa tréimhse 12 mhí dar tosach an lá a thiocfaidh an phearsa aonair chun bheith ina theideal agus ar an toimhde nach mbeidh aon mhéadú ar an bpinsean ar feadh na tréimhse sin,

(b) i gcás inar teagmhas den chineál dá dtagraítear i mír 2(a)(ii) an teagmhas criostalaithe sochair, comhiomlán mhéid an oiread sin de na suimeanna airgid tirim, agus mhargadhluach cibé sócmhainní de na sócmhainní eile is ionadaitheach do chearta na pearsan aonair faoin socrú pinsin iomchuí, a chuirfear chun feidhme chun an bhlianacht a cheannach,

(c) i gcás inar teagmhas den chineál dá dtagraítear i mír 2(a)(iii) an teagmhas criostalaithe sochair, méid na cnapshuime a íocfar leis an bpearsa aonair,

(d) i gcás inar teagmhas den chineál dá dtagraítear i mír 2(b) an teagmhas criostalaithe sochair, comhiomlán mhéid an oiread sin de na suimeanna airgid tirim agus mhargadhluach cibé sócmhainní de na sócmhainní a bheidh le haistriú tar éis an rogha dá dtagraítear sa mhír sin a fheidhmiú,

(e) i gcás inar teagmhas den chineál dá dtagraítear i mír 2(c) an teagmhas criostalaithe sochair, méid na híocaíochta arna déanamh le socrú thar lear, nó de réir mar a bheidh, margadhluach na sócmhainní arnan-aistriú chuig socrú thar lear, de réir fhorálacha na Rialachán um Scéimeanna Pinsean Ceirde agus Cuntais Choigiltis Scoir Phearsanta (Íocaíochtaí Aistritheacha Thar Lear) 2003, agus

(f) i gcás inar teagmhas den chineál dá dtagraítear i mír 2(d) an teagmhas criostalaithe sochair, méid atá comhionann leis an méid a chinnfear de réir na foirmle—

RVF x IP

i gcás—

gurb é RVF an fachtóir luachála iomchuí, agus

gurb é IP an méid (dá ngairtear an ‘méid iomchuí’ sa sannadh brí seo) ar mó méid bliantúil méadaithe an phinsin ná an méid bliantúil a raibh sé iníoctha dá réir an lá a tháinig an phearsa aonair chun bheith ina theideal, arna mhéadú den chion ceadaithe, ach, i gcás gur tharla teagmhas criostalaithe sochair amháin nó níos mó roimhe sin mar gheall ar an bpearsa aonair a bheith tagtha chun bheith i dteideal go n-íocfaí an pinsean leis nó léi de réir méid bhliantúil mhéadaithe, déanfar an méid a criostalaíodh tríd an teagmhas sin nó comhiomlán na méideanna a criostalaíodh trí na teagmhais sin a asbhaint as an méid iomchuí.

An méid den tairseach ciste chaighdeánach nó den tairseach ciste phearsanta a bheidh ar fáil dáta teagmhais reatha

4. Chun críocha Chaibidil 2C, déanfar an méid den tairseach ciste chaighdeánach nó, de réir mar a bheidh, den tairseach ciste phearsanta, i leith pearsan aonair, a bheidh ar fáil dáta an teagmhais reatha, a chinneadh mar seo a leanas—

(a) más rud é, roimh an teagmhas reatha, nár tharla aon teagmhas criostalaithe sochair i ndáil leis an bpearsa aonair an dáta sonraithe nó dá éis, beidh an t-iomlán den tairseach ciste chaighdeánach nó den tairseach ciste phearsanta ar fáil,

(b) más rud é, roimh an teagmhas reatha, gur tharla teagmhas criostalaithe sochair amháin nó níos mó i ndáil leis an bpearsa aonair an dáta sonraithe nó dá éis, agus go bhfuil an méid ar baineadh leas as roimhe sin ar cóimhéid le méid thairseach ciste chaighdeánach na pearsan aonair nó, de réir mar a bheidh, méid thairseach ciste phearsanta na pearsan aonair, nó gur mó é ná an méid sin, ní bheidh aon chuid den tairseach ciste chaighdeánach nó den tairseach ciste phearsanta ar fáil, agus

(c) in aon chás eile, cibé méid de thairseach ciste chaighdeánach na pearsan aonair nó, de réir mar a bheidh de thairseach ciste phearsanta na pearsan aonair, a bheidh fágtha tar éis an méid ar baineadh leas as roimhe sin a asbhaint.

An bhrí atá le méid ar baineadh leas as roimhe sin

5. (1) Chun críocha mhír 4 ciallaíonn an méid ar baineadh leas as roimhe sin—

(a) i gcás inar tharla teagmhas criostalaithe sochair amháin i ndáil leis an bpearsa aonair roimh an teagmhas reatha, an méid a criostalaíodh tríd an teagmhas criostalaithe sochair roimhe sin arna choigeartú de réir fhomhír (2), nó

(b) i gcás inar tharla 2 theagmhas criostalaithe sochair nó níos mó roimh an teagmhas reatha, comhiomlán na méideanna a criostalaíodh trí gach teagmhas criostalaithe roimhe sin agus gach méid acu sin coigeartaithe de réir fhomhír (2).

(2) Is é an coigeartú dá dtagraítear i bhfomhír (1) an méid a criostalaíodh tríd an teagmhas criostalaithe sochair roimhe sin arna iolrú faoi—

A

B

i gcás—

gurb é A an tairseach ciste chaighdeánach nó, de réir mar a bheidh, an tairseach ciste phearsanta dáta an teagmhais reatha, agus

gurb é B an tairseach ciste chaighdeánach nó, de réir mar a bheidh, an tairseach ciste phearsanta dáta an teagmhais criostalaithe sochair roimhe sin.”.

(3) Leasaítear alt 21(2)(c) den Acht Airgeadais 2005 le héifeacht amhail ar an agus ón 3 Feabhra 2005 trí “de réir alt 772(3A), 784(2A) nó 787H(1) den Phríomh-Acht” a chur in ionad “de réir fho-alt (2A) d’alt 784 den Phríomh-Acht”.

(4) (a) Faoi réir mhíreanna (b), (c) agus (d), tá éifeacht le fo-alt (1) amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2006.

(b) Tá éifeacht le míreanna (a)(iv) agus (b)(iii)(I) dfho-alt (1) amhail ar an agus ón 2 Feabhra 2006.

(c) Tá éifeacht le mír (d) d’fho-alt (1) amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2005.

(d) Tá éifeacht le míreanna (e) agus (f)(ii) d’fho-alt (1), agus le fo-alt (2), amhail ar an agus ón 7 Nollaig 2005.

Measúnacht ar bhonn cur ar aghaidh.

15 .— Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2006 agus le blianta measúnachta dá éis, leasaítear an Príomh-Acht, i bhfo-alt (2) d’alt 18, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (f) de Chás III de Sceideal D:

“(f) ioncam ó shealúchais lasmuigh den Stát ach amháin, i gcás ioncaim ó oifig nó fostaíocht (lena n-áirítear aon mhéid a bheadh inmhuirearaithe i leith cánach maidir le haon suim nó sochar a gheofar ón oifig nó ón bhfostaíocht dá mba rud é go raibh na brabúis nó na gnóchain ón oifig nó ón bhfostaíocht inmhuirearaithe i leith cánach faoi Sceideal E), an oiread sin den ioncam sin is inchurtha síos do dhualgais na hoifige sin nó na fostaíochta sin a chomhlíonadh sa Stát;”.

Cáin a asbhaint faoi ÍMAT.

16 .— Déantar, le héifeacht ó dháta rite an Achta seo, an Príomh-Acht a leasú i gCaibidil 4 de Chuid 42, tríd an méid seo a leanas a chur isteach, i ndiaidh alt 985B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2004):

“ÍMAT: íocaíocht ag idirghabhálaí.

985C.— (1) Faoi réir fho-alt (2), más rud é maidir le haon díolaíochtaí fostaí go ndéanfaidh idirghabhálaí de chuid an fhostóra iad a íoc, measfar, chun críocha na Caibidle seo agus rialachán arna ndéanamh faoin gCaibidil seo, go ndearna an fostóir díolaíochtaí den sórt sin ar cóimhéid leis an méid dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a íoc.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) má dhéanann an t-idirghabhálaí cáin ioncaim a asbhaint as an íocaíocht leis an bhfostaí agus cuntas a thabhairt inti de réir na Caibidle seo agus rialachán arna ndéanamh faoin gCaibidil seo.

(3) Is é an méid dá dtagraítear san fho-alt seo—

(a) más rud é maidir le méid na híocaíochta a bheidh déanta ag an idirghabhálaí gur méid é a mbeidh teideal ag an bhfaighteoir chuige tar éis aon cháin ioncaim a asbhaint, comhiomlán mhéid na híocaíochta sin agus méid aon chánach ioncaim a bheidh dlite, agus

(b) in aon chás eile, méid na híocaíochta a bheidh déanta ag an idirghabhálaí.

(4) Chun críocha an ailt seo, beidh íocaíocht díolaíochtaí fostaí déanta ag idirghabhálaí de chuid an fhostóra más rud é go mbeidh sí déanta—

(a) ag duine a bheidh ag gníomhú thar ceann an fhostóra agus ar chostas an fhostóra nó duine atá bainteach (de réir bhrí alt 10) leis an bhfostóir, nó

(b) ag iontaobhaithe a bheidh ag sealbhú maoine d’aon daoine a bhfuil an fostaí ina measc nó d’aon aicme daoine a mbaineann an fostaí léi.

ÍMAT: fostaí de chuid fostóra neamh-chónaithigh, etc.

985D.— (1) San alt seo agus in ailt 985E agus 985F, ciallaíonn ‘obair’, i ndáil le fostaí, aon dualgais de chuid oifig nó fhostaíocht an fhostaí a chomhlíonadh agus déanfar aon tagairt don fhostaí a bheith ag obair a fhorléiriú dá réir sin.

(2) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo más rud é—

(a) go mbeidh fostaí, i rith aon tréimhse, ag obair do dhuine (dá ngairtear an ‘duine iomchuí’ san alt seo) nach fostóir an fhostaí é,

(b) go mbeidh aon íocaíocht díolaíochtaí de chuid an fhostaí i leith oibre a dhéanfar i rith na tréimhse sin déanta ag duine arb é nó í an fostóir é nó í nó ar idirghabhálaí de chuid an fhostóra nó de chuid an duine iomchuí é nó í,

(c) nach gcónaíonn an duine a bheidh ag déanamh na híocaíochta nó, más mar idirghabhálaí de chuid an fhostóra nó de chuid an duine iomchuí a dhéanfaidh an duine sin an íocaíocht, nach gcónaíonn an fostóir, sa Stát, agus

(d) nach mbeidh cáin ioncaim asbhainte nó cuntas tugtha inti de réir na Caibidle seo agus rialachán arna ndéanamh faoin gCaibidil seo, ag an duine a bheidh ag déanamh na híocaíochta nó, más mar idirghabhálaí de chuid an fhostóra nó de chuid an duine iomchuí a dhéanfaidh an duine sin an íocaíocht, ag an bhfostóir.

(3) I gcás ina mbeidh feidhm le fo-alt (2), measfar, chun críocha na Caibidle seo agus rialachán arna ndéanamh faoin gCaibidil seo, go ndearna an duine iomchuí díolaíochtaí de chuid an fhostaí ar cóimhéid leis an méid dá dtagraítear i bhfo-alt (4) a íoc.

(4) Is é an méid dá dtagraítear san fho-alt seo—

(a) más rud é maidir le méid na híocaíochta dá dtagraítear i bhfo-alt (2) agus a bheidh déanta iarbhír gur méid é a mbeidh teideal ag an bhfaighteoir chuige tar éis aon cháin ioncaim a asbhaint, comhiomlán mhéid na híocaíochta sin agus méid aon chánach ioncaim a bheidh dlite, agus

(b) in aon chás eile, méid na híocaíochta sin a bheidh déanta iarbhír.

(5) Más rud é, de bhua alt 985A, go measfar, chun críocha na Caibidle seo agus rialachán arna ndéanamh faoin gCaibidil seo, go ndearna fostóir aon mhéid a íoc le fostaí, beidh éifeacht leis an alt seo—

(a) amhail is dá measfaí, chun críocha an ailt seo, go ndearna an fostóir íocaíocht den mhéid sin iarbhír, agus

(b) amhail is dá bhfágfaí mír (a) d’fho-alt (4) ar lár.

(6) Chun críocha an ailt seo, beidh íocaíocht díolaíochtaí fostaí déanta ag idirghabhálaí de chuid an fhostóra nó de chuid an duine iomchuí más rud é go mbeidh sí déanta—

(a) ag duine a bheidh ag gníomhú thar ceann an fhostóra nó an duine iomchuí agus ar chostas an fhostóra nó an duine iomchuí nó duine atá bainteach (de réir bhrí alt 10) leis an bhfostóir nó leis an duine iomchuí, nó

(b) ag iontaobhaithe a bheidh ag sealbhú maoine d’aon daoine a bhfuil an fostaí ina measc, nó d’aon aicme daoine a mbaineann an fostaí léi.

ÍMAT: fostaíocht nach bhfeidhmítear go hiomlán sa Stát.

985E.— (1) (a) San alt seo, ciallaíonn ‘duine cuí’ an duine a bheidh ainmnithe ag an bhfostóir chun críocha an ailt seo, agus mura mbeidh aon duine ainmnithe amhlaidh, an fostóir.

(b) San alt seo, aon tagairt d’íocaíocht arna déanamh ag an bhfostóir folaíonn sí tagairt d’íocaíocht arna déanamh ag duine atá ag gníomhú thar ceann an fhostóra agus ar chostas an fhostóra nó duine atá bainteach (de réir bhrí alt 10) leis an bhfostóir.

(2) Níl feidhm ag an alt seo i ndáil le fostaí i mbliain mheasúnachta ach amháin más rud é go n-oibríonn an fostaí nó go n-oibreoidh sé nó sí sa Stát agus go n-oibríonn sé nó sí nó gur dóigh go n-oibreoidh sé nó sí lasmuigh den Stát freisin.

(3) Más rud é, i ndáil le haon bhliain mheasúnachta, gur dealraitheach d’oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim—

(a) go bhfuil cuid d’ioncam fostaí lena mbaineann an t-alt seo inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim faoi Sceideal E, ach

(b) go mb’fhéidir nach mbeidh cion nach féidir a fhionnadh fós den ioncam inmheasúnaithe amhlaidh,

ansin, féadfaidh an t-oifigeach, ar iarratais arna dhéanamh ag an duine cuí, ordachán a thabhairt chun cion d’aon íocaíocht arna déanamh sa bhliain sin i leith, nó ar chuntas, ioncam an fhostaí, is cion a ndéileálfar leis, chun críocha na Caibidle seo agus rialachán arna ndéanamh faoin gCaibidil seo, mar íocaíocht díolaíochtaí de chuid an fhostaí.

(4) Soláthróidh iarratas ar ordachán faoi fho-alt (3) cibé faisnéis atá ar fáil agus is iomchuí maidir leis an ordachán a thabhairt.

(5) Maidir le hordachán faoi fho-alt (3)—

(a) sonróidh sé an fostaí agus an bhliain mheasúnachta lena mbaineann sé,

(b) tabharfar é trí fhógra don duine cuí, agus

(c) féadfar é a tharraingt siar trí fhógra arna thabhairt don duine cuí ó dháta a shonrófar san fhógra.

(6) Ní luaithe an dáta a shonrófar faoi fho-alt (5)(c) ná 30 lá ón dáta a thabharfar an fógra i dtaobh na tarraingthe siar.

(7) Más rud é—

(a) go mbeidh feidhm ag ordachán faoi fho-alt (3) i ndáil le fostaí lena mbaineann an t-alt seo, agus

(b) go ndéanfar íocaíocht i leith, nó ar chuntas, ioncam an fhostaí, sa bhliain mheasúnachta lena mbaineann an t-ordachán,

ansin, measfar, chun críocha na Caibidle seo agus rialachán arna ndéanamh faoin gCaibidil seo, gur íocaíocht díolaíochtaí de chuid an fhostaí é an cion den íocaíocht a chinnfear de réir an ordacháin.

(8) Más rud é, in aon bhliain mheasúnachta—

(a) nach mbeidh éifeacht le haon ordachán faoi fho-alt (3) i ndáil le fostaí lena mbaineann an t-alt seo, agus

(b) go ndéanfar íocaíocht i leith, nó ar chuntas, ioncam an fhostaí,

ansin, measfar, chun críocha na Caibidle seo agus rialachán arna ndéanamh faoin gCaibidil seo, gur íocaíocht díolaíochtaí de chuid an fhostaí í an íocaíocht iomlán.

(9) Ní dochar fo-ailt (7) ná (8)—

(a) d’aon mheasúnacht i leith ioncam an fhostaí a bheidh i gceist, agus

(b) d’aon cheart chun aisíoc cánach ioncaim a bheidh ró-íoctha agus d’aon oibleagáid chun cáin ioncaim a bheidh gearríoctha a íoc.

(10) I gcás ina mbeidh feidhm ag alt 985D—

(a) folóidh na tagairtí don fhostóir i bhfo-alt (1)(a) tagairtí don duine iomchuí (de réir bhrí an ailt sin), agus

(b) folóidh aon tagairt d’íocaíocht arna déanamh ag an bhfostóir tagairt d’íocaíocht a measfar, chun críocha na Caibidle seo agus rialachán arna ndéanamh faoin gCaibidil seo, gur íocaíocht í a bheidh déanta ag an duine iomchuí.

ÍMAT: fórsa oibre soghluaiste.

985F.— (1) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás inar dealraitheach do na Coimisinéirí Ioncaim—

(a) go ndearna, nó gur dócha go ndéanfaidh duine (dá ngairtear an ‘duine iomchuí’ san alt seo) comhaontú go n-oibreoidh fostaithe de chuid duine eile (dá ngairtear an ‘conraitheoir’ san alt seo) le linn aon tréimhse don duine iomchuí, ach ní mar fhostaithe de chuid an duine iomchuí,

(b) gur dóigh go ndéanfaidh an conraitheoir íocaíochtaí díolaíochtaí de chuid na bhfostaithe nó go ndéanfar thar ceann an chonraitheora iad i ndáil le hobair a rinneadh sa tréimhse sin, agus

(c) go mbeadh feidhm ag an gCaibidil seo agus ag rialacháin arna ndéanamh faoin gCaibidil seo ar na híocaíochtaí sin a dhéanamh ach gur dóigh nach n-asbhainfear cáin ioncaim nó nach dtabharfar cuntas inti de réir na Caibidle seo agus na rialachán sin.

(2) I gcás go mbeidh feidhm ag an alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ordachán a thabhairt—

(a) má oibríonn aon fhostaithe de chuid an chonraitheora in aon tréimhse don duine iomchuí, ach ní mar fhostaithe de chuid an duine iomchuí, agus

(b) má dhéanann an duine iomchuí aon íocaíocht i leith obair a bheidh déanta ag na fostaithe sa tréimhse sin,

go ndéanfaidh an duine iomchuí cáin ioncaim a asbhaint de réir an ailt seo, ar an íocaíocht sin a dhéanamh.

(3) Maidir le hordachán faoi fho-alt (2)—

(a) sonrófar ann an duine iomchuí agus an conraitheoir lena mbaineann an t-ordachán,

(b) tabharfar trí fhógra é don duine iomchuí, agus

(c) féadfar é a tharraingt siar tráth ar bith trí fhógra a thabhairt don duine iomchuí.

(4) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé bearta is indéanta le réasún chun a chinntiú go ndéanfar cóip d’aon fhógra arna thabhairt faoi fho-alt (3), agus a bhaineann leis an gconraitheoir, a sholáthar don chonraitheoir.

(5) Más rud é—

(a) go mbeidh éifeacht le hordachán faoi fho-alt (2), agus

(b) go n-oibríonn aon fhostaithe de chuid an chonraitheora a shonrófar san ordachán don duine iomchuí a shonrófar amhlaidh, ach ní mar fhostaithe de chuid an duine sin,

déanfaidh an duine iomchuí cáin ioncaim a asbhaint, faoi réir agus de réir na Caibidle seo agus rialachán arna ndéanamh faoin gCaibidil seo, ar aon íocaíocht a dhéanamh i leith na hoibre sin amhail is gur íocaíocht díolaíochtaí de chuid gach fostaí cibé méid den íocaíocht is inchurtha i leith na hoibre a dhéanann an fostaí sin.”.

Teorainn a chur le méid faoiseamh áirithe a mbaineann pearsana aonair áirithe a thuilleann mór-ioncam leas astu.

17 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an gCaibidil seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chaibidil 2 de Chuid 15:

“CAIBIDIL 2A

Teorainn a chur le méid faoiseamh áirithe a mbaineann pearsana aonair áirithe a thuilleann mór-ioncam leas astu.

Léiriú (Caibidil 2A).

485C.— (1) Sa Chaibidil seo agus i Sceideal 25B, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn ‘ioncam coigeartaithe’, i ndáil le bliain chánach agus le pearsa aonair, an méid a chinnfear de réir na foirmle—

(T + S) - R

i gcás—

gurb é T méid ioncam inchánach na pearsan aonair don bhliain chánach a chinnfear ar an bhforas nach mbeidh feidhm ag an gCaibidil seo, seachas alt 485F, maidir leis an bpearsa aonair don bhliain sin,

gurb é S comhiomlán na bhfaoiseamh sonraithe don bhliain chánach, agus

gurb é R méid ioncaim imfhálaithe na pearsan aonair, más ann, don bhliain chánach;

ciallaíonn ‘comhiomlán na bhfaoiseamh sonraithe’ i ndáil le bliain chánach agus le pearsa aonair, comhiomlán mhéideanna na bhfaoiseamh sonraithe a úsáideann an phearsa aonair i leith na bliana cánach;

ciallaíonn ‘méid an fhaoisimh shonraithe’ i ndáil le faoiseamh sonraithe a úsáideann pearsa aonair i leith bliana cánach, méid an fhaoisimh shonraithe a úsáideann an phearsa aonair i leith na bliana cánach arna chinneadh faoi threoir an taifid i gcolún (3) de Sceideal 25B os coinne na tagartha don fhaoiseamh sonraithe lena mbaineann i gcolún (2) den Sceideal sin;

ciallaíonn ‘barrachas faoisimh’ i ndáil le bliain chánach agus le pearsa aonair, an méid dar mó ioncam inchánach na pearsan aonair don bhliain chánach arna chinneadh de réir alt 485E ná an méid arbh é ioncam inchánach na pearsan aonair don bhliain chánach dá mba rud é nach raibh feidhm ag an gCaibidil seo, seachas alt 485F, maidir leis an bpearsa aonair don bhliain sin;

ciallaíonn ‘ ioncam imfhálaithe ’, i ndáil le bliain chánach agus le pearsa aonair, comhiomlán na méideanna seo a leanas, más ann, ar ina leith a muirearaíodh cáin ar an bpearsa aonair don bhliain chánach—

(a) ioncam is inmhuirearaithe i leith cánach de réir fhomhír (i) de mhír (c) d’alt 261 i gcás go mbeidh feidhm ag clásal (II) den fhomhír sin maidir leis an ioncam lena mbaineann,

(b) ioncam is inmhuirearaithe i leith cánach de réir alt 267M;

ciallaíonn ‘faoiseamh sonraithe’, i ndáil le bliain chánach agus le pearsa aonair, aon cheann de na faoisimh atá leagtha amach i gcolún (2) de Sceideal 25B;

ciallaíonn ‘ bliain chánach ’ bliain mheasúnachta;

ciallaíonn ‘ méid tairsí ’, i ndáil le bliain chánach agus le pearsa aonair—

(a) €250,000, nó

(b) i gcás go bhfolaíonn ioncam na pearsan aonair don bhliain chánach ioncam imfhálaithe agus gur lú ná €500,000 a ioncam nó a hioncam coigeartaithe don bhliain chánach, an méid a chinnfear de réir na foirmle—

€250,000 x A

B

i gcás—

gurb é A ioncam coigeartaithe na pearsan aonair don bhliain, agus

gurb é B méid a chinnfear de réir na foirmle—

T + S

i gcás na bríonna céanna, faoi seach, a bheith le T agus S atá leo sa mhíniú ar ‘ioncam coigeartaithe’.

(2) (a) Chun críocha na Caibidle seo, folaíonn tagairtí sa Chaibidil seo d’fhaoisimh shonraithe arna úsáid ag an bpearsa aonair i leith na bliana cánach tagairtí sna hAchtanna Cánach do na nithe seo a leanas—

(i) liúntas a bheith tugtha don phearsa aonair i leith na bliana, ar liúntas é ar tugadh éifeacht ina leith, go hiomlán nó go páirteach, don bhliain sin,

(ii) asbhaint a bheith tugtha nó ceadaithe don phearsa aonair i leith na bliana, ar asbhaint í ar tugadh éifeacht ina leith, go hiomlán nó go páirteach, don bhliain sin,

(iii) asbhaint ó ioncam nó fritháireamh i gcoinne ioncaim de thuairisc ar bith a bheith ceadaithe don phearsa aonair i leith na bliana, ar asbhaint nó fritháireamh í nó é ar tugadh éifeacht ina leith, go hiomlán nó go páirteach, don bhliain sin,

(iv) faoiseamh a bheidh tugtha don phearsa aonair i leith na bliana ar mhodh cáin a aisíoc nó a urscaoileadh, ar aisíoc nó urscaoileadh é ar tugadh éifeacht ina leith, go hiomlán nó go páirteach, don bhliain sin,

(v) ioncam, brabúis nó gnóchain a eascróidh chuig an bpearsa aonair sa bhliain a bheidh díolmhaithe ó cháin ioncaim don bhliain,

(vi) ioncam, brabúis nó gnóchain a eascróidh chuig an bpearsa aonair sa bhliain a mbeidh neamhaird tugtha orthu nó nach mbeidh áirithe chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim nó, de réir mar a bheidh, chun críocha cánach ioncaim don bhliain,

agus déanfar aon tagairtí eile sna hAchtanna Cánach do mhodhanna chun faoiseamh a thabhairt ó cháin, cibé caoi a sainítear iad, agus a mbeidh éifeacht tugtha ina leith, go hiomlán nó go páirteach, sa bhliain chánach, a fhorléiriú mar an gcéanna mar thagairtí atá ar áireamh in aon tagairt sa Chaibidil seo d’fhaoisimh shonraithe arna n-úsáid ag an bpearsa aonair i leith na bliana cánach.

(b) Chun críocha an mhínithe ar an ‘méid faoisimh shonraithe’, i ndáil le faoiseamh sonraithe ar de chineál é dá dtagraítear i bhfomhír (v) nó (vi) de mhír (a), déanfar méid aon ioncaim, aon bhrabús nó aon ghnóchan, de réir mar a bheidh, a ríomh de réir na nAchtanna Cánach amhail is nár achtaíodh an faoiseamh sonraithe lena mbaineann.

(3) D’ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas chun críocha na nAchtanna sin—

(a) tabharfar éifeacht do bhliain chánach i leith liúntais chaipitiúil nach mbeidh ar áireamh i gcomhiomlán na bhfaoiseamh sonraithe i dtosaíocht ar aon liúntas den sórt sin a bheidh ar áireamh i gcomhiomlán na bhfaoiseamh sonraithe,

(b) tabharfar faoiseamh i leith caillteanais d’aon bhliain chánach i leith caillteanais nach mbeidh inchurtha i leith faoisimh shonraithe i dtosaíocht ar aon fhaoiseamh a thabharfar i leith caillteanais is inchurtha i leith faoisimh shonraithe,

(c) ní thabharfar éifeacht d’asbhaint bhreise don bhliain sin a bheidh dlite faoi alt 324, 333, 345, 354 nó faoi mhír 13 de Sceideal 32 do bhliain chánach ach amháin tar éis éifeacht a bheith tugtha d’aon asbhaint eile a mbeidh teideal ag an bpearsa aonair chuige don bhliain sin le linn méid bhrabúis nó ghnóchain na pearsan aonair is inmhuirearaithe i leith cánach don bhliain sin faoi Chás I nó II de Sceideal D a ríomh.

(4) Beidh éifeacht le Sceideal 25B chun críocha na Caibidle seo.

Feidhm (Caibidil 2A).

485D.— Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le pearsa aonair do bhliain chánach i gcás—

(a) gurb ionann ioncam coigeartaithe na pearsan aonair don bhliain chánach agus an méid tairsí, nó gur mó ná sin é, agus

(b) gurb ionann comhiomlán na bhfaoiseamh sonraithe arna n-úsáid ag an bpearsa aonair sa bhliain chánach agus an méid tairsí nó gur mó ná sin é,

ach ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo, seachas alt 485F, don bhliain chánach i gcás gurb ionann leath amháin d’ioncam coigeartaithe na pearsan aonair don bhliain chánach agus comhiomlán na bhfaoiseamh sonraithe arna n-úsáid ag an bpearsa aonair i leith na bliana cánach nó gur mó ná sin é.

Ioncam inchánach a athríomh chun faoisimh a theorannú.

485E.— I gcás ina mbeidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le pearsa aonair do bhliain chánach, d’ainneoin aon ní in aon fhoráil de na hAchtanna Cánach seachas an Chaibidil seo, is é méid ioncam inchánach na pearsan aonair don bhliain chánach, mar mhalairt ar an méid a bheadh ann mura mbeadh feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis an bpearsa aonair don bhliain chánach, an méid a chinnfear de réir na foirmle—

T + (S - Y)

i gcás—

gurb é T méid ioncam inchánach na pearsan aonair don bhliain chánach arna chinneadh ar an mbonn nach bhfuil feidhm ag an gCaibidil seo, seachas alt 485F, maidir leis an bpearsa aonair don bhliain chánach,

gurb é S comhiomlán na bhfaoiseamh sonraithe don bhliain chánach, agus

gurb é Y an ceann is mó de na méideanna seo a leanas—

(i) an méid tairsí, agus

(ii) leath amháin d’ioncam coigeartaithe na pearsan aonair don bhliain chánach.

Barrachas faoisimh a thabhairt ar aghaidh.

485F.— (1) I gcás go mbeidh feidhm ag alt 485E maidir le pearsa aonair in aon bhliain chánach, déanfar an barrachas faoisimh a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad bhliain chánach eile agus, faoi réir ailt 485E agus 485G(2)(a)(iii), beidh an phearsa aonair, le linn méid a ioncaim nó a hioncaim inchánach roimh fheidhmiú alt 485E a ríomh sa chéad bhliain chánach eile sin, i dteideal asbhainte de mhéid atá comhionann le méid an bharrachais faoisimh as a ioncam nó a hioncam iomlán.

(2) Mura ndéanfar agus a mhéid nach ndéanfar méid atá comhionann leis an mbarrachas faoisimh arna thabhairt ar aghaidh uair amháin go dtí bliain chánach faoi fho-alt (1) a asbhaint nó a asbhaint go hiomlán as ioncam iomlán na pearsan aonair don bhliain sin, déanfar an méid nó an t-iarmhéid den mhéid nach n-asbhainfear faoi fho-alt (1) a thabhairt ar aghaidh arís go dtí an chéad bhliain chánach eile ina dhiaidh sin agus, faoi réir alt 485E, beidh an phearsa aonair, sa chéad bhliain chánach eile sin ina dhiaidh sin, le linn méid a ioncaim nó a hioncaim inchánach roimh fheidhmiú alt 485E a ríomh sa chéad bhliain chánach eile sin ina dhiaidh sin, i dteideal asbhainte de mhéid atá comhionann leis an méid a thabharfar ar aghaidh amhlaidh as a ioncam nó a hioncam iomlán agus mar sin de do gach bliain chánach dá éis sin go dtí go mbeidh méid iomlán an bharrachais faoisimh asbhainte as ioncam iomlán na pearsan aonair do na blianta cánach lena mbaineann.

(3) I gcás go mbeidh feidhm ag fo-alt (1) nó (2) d’aon bhliain chánach, tabharfar faoiseamh don phearsa aonair don bhliain chánach san ord seo a leanas—

(a) ar an gcéad ásc, i leith aon fhaoisimh chánach eile ar leith ón bhfaoiseamh dá bhforáiltear leis an alt seo,

(b) dá éis sin amháin, i leith méid a bheidh tugtha ar aghaidh ó bhliain is luaithe de réir fho-alt (1) nó (2), agus i leith an mhéid sin a bheidh tugtha ar aghaidh ó bhliain chánach is luaithe i dtosaíocht ar bhliain chánach is déanaí.

Ilghnéitheach (Caibidil 2A).

485G.— (1) Ní choiscfidh aon ní sa Chaibidil seo pearsa aonair dá dtagraítear i mír (b) d’alt 267(1) agus a bheidh i dteideal go n-aisíocfar leis nó léi an cháin chuí iomlán, nó aon chuid di (de réir bhrí alt 256) de bhua fho-alt (3) d’alt 267, aon aisíocaíocht den sórt sin a fháil de réir an fho-ailt sin.

(2) (a) Más rud é go mbeidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le pearsa aonair do bhliain chánach, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir leis an bpearsa aonair agus maidir le haon fhaoiseamh sonraithe a úsáidfidh an phearsa aonair sa bhliain chánach—

(i) chun críocha Chuid 9 agus na Coda sin mar a chuirtear chun feidhme í chun críocha aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach, déileálfar leis an bpearsa aonair amhail is go ndearna an phearsa aonair sin na faoisimh shonraithe uile a d’úsáid an phearsa aonair sa bhliain sin a úsáid go hiomlán sa bhliain sin d’ainneoin alt 485E,

(ii) maidir le ríomh an mhéid a bheidh gan lamháil faoi alt 292 i gcás faoisimh shonraithe, ní chuirfidh sé i gcuntas feidhm na Caibidle seo maidir leis an bhfaoiseamh d’aon bhliain chánach,

(iii) maidir le feidhm na Caibidle seo i ndáil le faoiseamh sonraithe d’aon bhliain chánach ní dhéanfaidh sí difear do chinneadh méid muirir cothromaíochta (de réir bhrí alt 274 agus an ailt sin mar a chuirtear chun feidhme é chun críocha aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach) a bheidh le gearradh ar aon phearsa aonair i leith an fhaoisimh sin nó do chinneadh méid liúntais cothromaíochta (de réir na mbríonna céanna) a bheidh le tabhairt d’aon phearsa aonair i leith an fhaoisimh sin, ach déanfar méid aon mhuirir cothromaíochta den sórt sin a bheidh le gearradh ar an bpearsa aonair sin a laghdú den mhéid a chinnfear faoi mhír (b) agus i gcás go mbeidh feidhm ag aon laghdú den sórt sin déanfar méid fhaoiseamh breise na pearsan aonair don bhliain inan-éiríonn an muirear cothromaíochta, móide aon fhaoiseamh breise a thugtar ar aghaidh chuig an mbliain sin agus nach n-asbhaintear nó nachn-asbhaintear go hiomlán don bhliain sin, a laghdú de mhéid atá comhionann leis an méid ar dá réir a laghdaítear an muirear cothromaíochta, agus

(iv) déanfar neamhshuim d’fheidhm na Caibidle seo maidir leis an bpearsa aonair don bhliain sin i leith faoisimh shonraithe chun a chinneadh an bhfuil aon mhéid den fhaoiseamh sonraithe ar fáil lena thabhairt ar aghaidh do bhliain chánach dá éis sin.

(b) (i) Is é atá sa mhéid dá dtagraítear i mír (a)(iii) ná méid atá comhionann leis an méid is lú díobh seo a leanas—

(I) méid fhaoiseamh breise na pearsan aonair don bhliain, móide aon fhaoiseamh breise a thugtar ar aghaidh chuig an mbliain sin agus nach n-asbhaintear nó nach n-asbhaintear go hiomlán don bhliain sin, roimh aon laghdú faoi threoir mhír (a)(iii), agus

(II) méid atá comhionann le suim na méideanna a chinnfear de réir fhomhír (ii) i leith gach bliana chánach—

(A) dá raibh feidhm ag alt 485E maidir leis an bpearsa aonair, agus

(B) dár tugadh liúntas don phearsa aonair,

i leith an fhoirgnimh nó an déanmhais ar ina leith a eascróidh an muirear cothromaíochta.

(ii) Is méid é an méid dá dtagraítear i bhfomhír (i)(II) a chinnfear de réir na foirmle—

A x E

S

i gcás—

gurb é A méid an liúntais arna thabhairt don phearsa aonair do bhliain,

gurb é E méid fhaoiseamh breise na pearsan aonair don bhliain sin, agus

gurb é S comhiomlán na pearsan aonair de na faoisimh shonraithe don bhliain sin.

(3) Más rud é go mbeidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le pearsa aonair do bhliain chánach, ansin, a mhéid a áireofar in ioncam inchánach na pearsan aonair arna chinneadh de réir alt 485E aon mhéid ar a dtabharfaí neamhaird nó nach n-áireofaí, ar leith ón bhfo-alt seo, chun críocha cánach ioncaim nó a bheadh díolmhaithe ar shlí eile ó cháin ioncaim faoi aon cheann de na forálacha dá dtagraítear i Sceideal 25B, beidh cáin ioncaim inmhuirearaithe ar an méid sin, d’ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna Cánach, agus—

(a) áireofar sa mhéid cánach in aghaidh na bliana a bheidh ar áireamh in aon mheasúnacht i leith cánach a dhéanfar ar an bpearsa aonair don bhliain aon cháin a bheidh dlite de bhua an fho-ailt seo, agus beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna Cánach, lena n-áirítear go háirithe na forálacha sin a bhaineann le measúnú, bailiú agus gnóthú cánach agus le hús a íoc ar cháin neamhíoctha, maidir le haon cháin a bheidh dlite de bhua an fho-ailt seo, nó

(b) i gcás, murach an Chaibidil seo, nach ndéanfaí aon mheasúnacht i leith cánach ar an bpearsa aonair sin don bhliain, beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna Cánach, lena n-áirítear go háirithe na forálacha sin a bhaineann le measúnú, bailiú agus gnóthú cánach agus le hús a íoc ar cháin neamhíoctha, maidir le haon cháin a bheidh dlite de bhua an fho-ailt seo.”.

(2) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an Sceideal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Sceideal 25A:

“Alt 485C.

SCEIDEAL 25B

Liosta d’Fhaoisimh Shonraithe agus an Modh chun Méid an Fhaoisimh Shonraithe a Úsáidfear i mBliain Chánach a Chinneadh

Uimhir Thagartha

Faoiseamh Sonraithe

Méid an Fhaoisimh Shonraithe a Úsáidfear i mBliain Chánach

(1)

(2)

(3)

1

Alt 140 (dáiltí as ioncam ó tháillí staile, cúnna graí, agus áitiú coillearnaí a bheith díolmhaithe).

An méid sin d’aon dáileadh a rinneadh as brabúis dhíolmhaithe (de réir bhrí alt 140) arna fháil ag an bpearsa aonair don bhliain chánach.

2.

Alt 141 (dáiltí as ioncam ríchíosa paitinne a bheith díolmhaithe).

An méid sin d’aon dáileadh a rinneadh as ioncam neamháirithe (de réir bhrí alt 141) nó a áireofar mar dháileadh a rinneadh as brabúis dhíolmhaithe arna fháil ag an bpearsa aonair don bhliain chánach agus a bhfuil feidhm ag alt 141(3)(a)(i) maidir leis an dáileadh don bhliain sin.

3.

Alt 142 (dáiltí as brabúis ó oibríochtaí mianadóireachta áirithe a bheith díolmhaithe).

An méid sin d’aon dáileadh a rinneadh as ioncam díolmhaithe (de réir bhrí alt 142) arna fháil ag an bpearsa aonair don bhliain chánach.

4.

Alt 143 (dáiltí as brabúis ó oibríochtaí mianadóireachta áirithe a bheith díolmhaithe).

An méid sin d’aon dáileadh a rinneadh as ioncam faosaithe (de réir bhrí alt 143) arna fháil ag an bpearsa aonair don bhliain chánach.

5.

Alt 195 (tuilleamh áirithe de chuid scríbhneoirí, cumadóirí agus ealaíontóirí a bheith díolmhaithe).

An méid sin d’aon bhrabúis nó gnóchain a d’eascair chuig an bpearsa aonair sa bhliain chánach as foilsiú, táirgeadh nó díol—

(a) saothair nó saothar a mbeidh cinneadh déanta ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith faoi chlásal (I) nó (II) d’fho-alt (2)(a)(ii) d’alt 195, nó

(b) saothair de chuid na pearsan aonair san earnáil chéanna leis an saothar sin.

6.

Alt 231 (brabúis nó gnóchain ó tháillí staile a bheith díolmhaithe).

An méid sin d’aon bhrabúis nó gnóchain a d’eascair don bhliain chánach—

(a) chuig úinéir staile, a choinnítear de ghnáth ar thalamh sa Stát, as staileáil láracha laistigh den Stát ag an stail a dhíol, nó

(b) chuig páirtúinéir staile den sórt sin as staileáil den sórt sin, nó as cearta staileála den sórt sin, a dhíol, nó

(c) chun páirtúinéir staile, a choinnítear de ghnáth ar thalamh lasmuigh den Stát, as staileáil láracha ag an stail, nó as cearta staileála den sórt sin, a dhíol i gcás go seolann an páirtúinéir trádáil sa Stát arb éard í nó ar cuid di pórú stoic folaíochta, agus go suífear chun sástacht an chigire nó, ar achomharc, chun sástacht na gCoimisinéirí Achomhairc go bhfuarthas páirtúinéireacht na staile go príomha, agus go sealbhaítear go príomha í, chun críocha staileála ag an stail ar láracha atá ar úinéireacht nó ar páirtúinéireacht ag páirtúinéir na staile i gcúrsa na trádála sin.

7.

Alt 232 (brabúis ó áitiú coillearnaí a bheith díolmhaithe).

An méid sin d’aon bhrabúis nó gnóchain a d’eascair chuig an bpearsa aonair don bhliain chánach as áitiú (de réir bhrí alt 232) coillearnaí (de réir bhrí an ailt sin) a bhainistítear ar bhonn tráchtála agus le hionchas brabúis a réadú.

8.

Alt 233 (brabúis as táillí cúála cúnna graí a bheith díolmhaithe).

An méid sin d’aon bhrabúis nó gnóchain a d’eascair don bhliain chánach—

(a) chuig úinéir cú graí, a choinnítear de ghnáth ar thalamh sa Stát, as cúáil cúnna baineanna laistigh den Stát ag an gcú graí a dhíol, nó

(b) chuig páirtúinéir cú graí den sórt sin as cúáil den sórt sin, nó as cearta cúála den sórt sin, a dhíol, nó

(c) chuig páirtúinéir cú graí, a choinnítear de ghnáth ar thalamh lasmuigh den Stát, as cúáil cúnna baineanna ag an gcú graí, nó as cearta cúála den sórt sin, a dhíol i gcás go seolann an páirtúinéir trádáil sa Stát arb éard í nó ar cuid di síolrú con agus go suífear chun sástacht an chigire nó, ar achomharc, chun sástacht na gCoimisinéirí Achomhairc go bhfuarthas páirtúinéireacht ar an gcú graí go príomha, agus go sealbhaítear go príomha í, chun críocha cúáil ag an gcú graí ar chúnna baineanna atá ar úinéireacht nó ar páirtúinéireacht ag páirtúinéir an chú graí i gcúrsa na trádála sin.

9.

Alt 234 (ioncam áirithe ó ríchíosanna paitinne a bheith díolmhaithe).

An méid sin d’aon ioncam ó phaitinn cháilitheach (de réir bhrí alt 234) a d’eascair chuig an bpearsa aonair don bhliain chánach a bhfuil an phearsa aonair i dteideal neamhaird a thabhairt air chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim de réir alt 234(2)(a).

10.

Alt 248 (faoiseamh i leith ús a íocadh ar iasachtaí a úsáideadh chun leas i gcuideachta a fháil).

An méid sin d’aon íocaíocht úis ag an bpearsa aonair sa bhliain chánach, is ús atá cáilithe le haghaidh faoisimh faoi alt 248 don bliain chánach inar íocadh an t-ús, a bhaintear as ioncam na pearsan aonair nó a fhritháirítear ina choinne, don bhliain sin.

11.

Alt 248 (faoiseamh i leith ús a íocadh ar iasachtaí a úsáideadh chun leas i gcuideachta a fháil) arna leathnú le halt 250 (faoiseamh faoi alt 248 a leathnú do phearsana aonair áirithe i ndáil le hiasachtaí a chuirtear i bhfeidhm chun leas a fháil i gcuideachtaí áirithe).

An méid sin d’aon íocaíocht úis ag an bpearsa aonair sa bhliain chánach, is ús atá cáilithe le haghaidh faoisimh faoi alt 248 arna leathnú le halt 250 don bhliain chánach inar íocadh an t-ús, a bhaintear as ioncam na pearsan aonair, ná a fhritháirítear ina choinne, don bhliain sin.

12.

Alt 253 (faoiseamh i leith ús a íocadh ar iasachtaí a úsáideadh chun leas i gcomhpháirtíocht a fháil)

An méid sin d’aon íocaíocht úis ag an bpearsa aonair sa bhliain chánach, is ús atá cáilithe le haghaidh faoisimh faoi alt 253 don bhliain chánach inar íocadh an t-ús, a bhaintear as ioncam na pearsan aonair, ná a fhritháirítear ina choinne, don bhliain sin.

13.

Alt 272 (liúntais síos-scríofa).

Méid atá comhionann—

(a) le méid comhiomlán na liúntas síos-scríofa (de réir bhrí alt 272) a tugadh don duine sin don bhliain chánach faoi alt 272, lena n-áirítear aon liúntais den sórt sin nó cuid d’aon liúntais den sórt sin a tugadh don phearsa aonair do bhliain chánach roimhe sin agus a tugadh ar aghaidh ón mbliain sin roimhe sin de réir Chuid 9, i leith na bhfoirgneamh nó na ndéanmhas seo a leanas:

(i)foirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí—

(I) alt 268(1)(d),

(II) alt 268(1)(g),

(III) alt 268(1)(i),

(IV) alt 268(1)(j),

(V) alt 268(1)(k),

(VI) alt 268(1)(l) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006),

(ii)foirgneamh nó déanmhas a meastar gur foirgneamh nó déanmhas é atá á úsáid chun críocha thrádáil na hóstóireachta de bhua alt 268(3),

(iii)foirgneamh nó déanmhas a meastar gur foirgneamh nó déanmhas é atá á úsáid chun críocha trádála dá dtagraítear in alt 268(1)(g) de bhua alt 238(3B), ach ní dhéanfar aon liúntas dá dtagraítear in alt 272(3)(c)(iii) a áireamh sa chomhiomlán,

nó

(b)i gcás nach mbeidh lánéifeacht tugtha i leith an chomhiomláin don bhliain chánach sin, leis an gcuid den chomhiomlán sin a mbeidh lánéifeacht tugtha ina leith de réir alt 278 agus alt 304 nó 305, de réir mar a bheidh, nó aon cheann de na hailt sin arna chur chun feidhme nó arna mhodhnú le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

14.

Alt 273 (liúntais síos-scríofa a luathú i leith caiteachais áirithe ar fhoirgnimh nó déanmhais áirithe thionscail).

Méid atá comhionann—

(a) le méid comhiomlán na liúntas síos-scríofa (de réir bhrí alt 272) arna mhéadú faoi alt 273, a tugadh don phearsa aonair don bhliain chánach faoi alt 272 arna mhodhnú le halt 273, lena n-áirítear aon liúntais mhéadaithe den sórt sin nó cuid d’aon liúntais mhéadaithe den sórt sin a tugadh don phearsa aonair do bhliain chánach roimhe sin agus a tugadh ar aghaidh ón mbliain sin roimhe sin de réir Chuid 9,

nó

(b)i gcás nach mbeidh lánéifeacht tugtha i leith an chomhiomláin sin don bhliain chánach sin, leis an gcuid den chomhiomlán a mbeidh lánéifeacht tugtha ina leith de réir alt 278 agus alt 304 nó 305, de réir mar a bheidh, nó aon cheann de na hailt sin arna chur chun feidhme nó arna mhodhnú le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

15.

Alt 274 (liúntais chothromaíochta agus muirir chothromaíochta).

Méid atá comhionann—

(a) le méid comhiomlán na liúntas cothromaíochta (de réir bhrí alt 274) a tugadh don phearsa aonair don bhliain chánach faoi alt 274, lena n-áirítear cibé liúntais nó cuid d’aon liúntais den sórt sin a tugadh don phearsa aonair do bhliain chánach roimhe sin agus a tugadh ar aghaidh ón mbliain sin roimhe sin de réir Chuid 9, i leith na bhfoirgneamh nó na ndéanmhas seo a leanas:

(i)foirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí—

(I) alt 268(1)(d),

(II) alt 268(1)(g),

(III) alt 268(1)(i),

(IV) alt 268(1)(j),

(V) alt 268(1)(k),

(VI) alt 268(1)(l) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006),

(ii)foirgneamh nó déanmhas a meastar gur foirgneamh nó déanmhas é atá á úsáid chun críocha thrádáil na hóstóireachta de bhua alt 268(3),

(iii)foirgneamh nó déanmhas a meastar gur foirgneamh nó déanmhas é atá á úsáid chun críocha trádála dá dtagraítear in alt 268(1)(g) de bhua alt 238(3B),

(iv)foirgneamh nó déanmhas ar tugadh liúntas faoi alt 272, arna mhéadú faoi alt 273, ina leith,

ach ní dhéanfar aon liúntas cothromaíochta arna thabhairt i leith foirgnimh nó déanmhais lena mbaineann alt 272 (3)(c)(iii) a áireamh sa chomhiomlán,

nó

(b)i gcás nach mbeidh lánéifeacht tugtha i leith an chomhiomláin don bhliain sin, leis an gcuid den chomhiomlán sin a mbeidh lánéifeacht tugtha ina leith don bhliain chánach sin de réir alt 278 agus alt 304 nó 305, de réir mar a bheidh, nó aon cheann de na hailt sin arna chur chun feidhme nó arna mhodhnú le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

16.

Alt 323 (liúntais chaipitiúla i ndáil le foirgniú áitreabh tráchtála áirithe).

Méid atá comhionann—

(a) le méid comhiomlán na liúntas (lena n-áirítear liúntais chothromaíochta) a tugadh don phearsa aonair don bhliain chánach faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 a mhéid a chuirtear an Chaibidil sin i bhfeidhm le halt 323, lena n-áirítear aon liúntais den sórt sin nó cuid d’aon liúntais den sórt sin a tugadh don phearsa aonair do bhliain chánach roimhe sin agus a tugadh ar aghaidh ón mbliain sin roimhe sin de réir Chuid 9, nó

(b)i gcás nach mbeidh lánéifeacht tugtha i leith an chomhiomláin sin don bhliain chánach sin, leis an gcuid den chomhiomlán sin a mbeidh lánéifeacht tugtha maidir léi de réir alt 278 agus alt 304 nó 305, de réir mar a bheidh, nó aon cheann de na hailt sin arna chur chun feidhme nó arna mhodhnú le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

17.

Alt 324 (liúntas cíosa dúbailte i leith cíosa arna íoc ar áitribh ghnó áirithe).

I gcás go dtabharfar asbhaint bhreise don phearsa aonair don bhliain chánach faoi alt 324(2), an méid a laghdaíonn an asbhaint sin méid bhrabúis nó ghnóchain na pearsan aonair atá le muirearú i leith cánach faoi Chás I nó Cás II de Sceideal D.

18.

Alt 331 (liúntais chaipitiúla luathaithe i ndáil le foirgniú nó athfheistiú foirgneamh nó déanmhas áirithe tionscail).

Méid atá comhionann—

(a) le méid comhiomlán na liúntas (lena n-áirítear liúntais chothromaíochta) a tugadh don phearsa aonair don bhliain chánach faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 a mhéid a chuirtear an Chaibidil sin i bhfeidhm le halt 331, lena n-áirítear aon liúntais den sórt sin nó cuid d’aon liúntais den sórt sin a tugadh don phearsa aonair do bhliain chánach roimhe sin agus a tugadh ar aghaidh ón mbliain sin roimhe sin de réir Chuid 9, nó

(b)i gcás nach mbeidh lánéifeacht tugtha i leith an chomhiomláin sin don bhliain chánach sin, leis an gcuid den chomhiomlán a mbeidh lánéifeacht tugtha maidir léi de réir alt 278 agus alt 304 nó 305, de réir mar a bheidh, nó aon cheann de na hailt sin arna chur chun feidhme nó arna mhodhnú le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

19.

Alt 332 (liúntais chaipitiúla i ndáil le foirgniú nó athfheistiú áitreabh tráchtála áirithe).

Méid atá comhionann—

(a) le méid comhiomlán na liúntas (lena n-áirítear liúntais chothromaíochta) a tugadh don phearsa aonair don bhliain chánach faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 a mhéid a chuirtear an Chaibidil sin i bhfeidhm le halt 332, lena n-áirítear aon liúntais den sórt sin nó cuid d’aon liúntais den sórt sin a tugadh don phearsa aonair do bhliain chánach roimhe sin agus a tugadh ar aghaidh ón mbliain sin roimhe sin de réir Chuid 9, nó

(b)i gcás nach mbeidh lánéifeacht tugtha i leith an chomhiomláin sin don bhliain chánach sin, leis an gcuid den chomhiomlán sin a mbeidh lánéifeacht tugtha maidir léi de réir alt 278 agus alt 304 nó 305, de réir mar a bheidh, nó aon cheann de na hailt sin arna chur chun feidhme nó arna mhodhnú le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

20.

Alt 333 (liúntas cíosa dúbailte i leith cíosa arna íoc ar áitribh ghnó áirithe).

I gcás go dtabharfar asbhaint bhreise don phearsa aonair don bhliain chánach faoi alt 333(2), an méid a laghdaíonn an asbhaint sin méid bhrabúis nó ghnóchain na pearsan aonair atá le muirearú i leith cánach faoi Chás I nó Cás II de Sceideal D.

21.

Alt 341 (liúntais chaipitiúla luathaithe i ndáil le foirgniú nó athfheistiú foirgneamh nó déanmhas áirithe tionscail).

Méid atá comhionann—

(a) le méid comhiomlán na liúntas (lena n-áirítear liúntais chothromaíochta) a tugadh don phearsa aonair don bhliain chánach faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 a mhéid a chuirtear an Chaibidil sin i bhfeidhm le halt 341, lena n-áirítear aon liúntais den sórt sin nó cuid d’aon liúntais den sórt sin a tugadh don phearsa aonair do bhliain chánach roimhe sin agus a tugadh ar aghaidh ón mbliain sin roimhe sin de réir Chuid 9, nó

(b)i gcás nach mbeidh lánéifeacht tugtha i leith an chomhiomláin sin don bhliain chánach sin, leis an gcuid den chomhiomlán a mbeidh lánéifeacht tugtha maidir léi de réir alt 278 agus alt 304 nó 305, de réir mar a bheidh, nó aon cheann de na hailt sin arna chur chun feidhme nó arna mhodhnú le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

22.

Alt 342 (liúntais chaipitiúla i ndáil le foirgniú nó athfheistiú áitreabh tráchtála áirithe).

Méid atá comhionann—

(a) le méid comhiomlán na liúntas (lena n-áirítear liúntais chothromaíochta) a tugadh don phearsa aonair don bhliain chánach faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 a mhéid a chuirtear an Chaibidil sin i bhfeidhm le halt 342, lena n-áirítear aon liúntais den sórt sin nó cuid d’aon liúntais den sórt sin a tugadh don phearsa aonair do bhliain chánach roimhe sin agus a tugadh ar aghaidh ón mbliain sin roimhe sin de réir Chuid 9, nó

(b)i gcás nach mbeidh lánéifeacht tugtha i leith an chomhiomláin sin don bhliain chánach sin, leis an gcuid den chomhiomlán sin a mbeidh lánéifeacht tugtha maidir léi de réir alt 278 agus alt 304 nó 305, de réir mar a bheidh, nó aon cheann de na hailt sin arna chur chun feidhme nó arna mhodhnú le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

23.

Alt 343 (liúntais chaipitiúla i ndáil le foirgniú nó athfheistiú foirgneamh nó déanmhas áirithe i limistéir fiontraíochta).

Méid atá comhionann—

(a) le méid comhiomlán na liúntas (lena n-áirítear liúntais chothromaíochta) a tugadh don phearsa aonair don bhliain chánach faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 a mhéid a chuirtear an Chaibidil sin i bhfeidhm le halt 343, lena n-áirítear aon liúntais den sórt sin nó cuid d’aon liúntais den sórt sin a tugadh don phearsa aonair do bhliain chánach roimhe sin agus a tugadh ar aghaidh ón mbliain sin roimhe sin de réir Chuid 9, nó

(b)i gcás nach mbeidh lánéifeacht tugtha i leith an chomhiomláin sin don bhliain chánach sin, leis an gcuid den chomhiomlán sin a mbeidh lánéifeacht tugtha maidir léi de réir alt 278 agus alt 304 nó 305, de réir mar a bheidh, nó aon cheann de na hailt sin arna chur chun feidhme nó arna mhodhnú le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

24.

Alt 344 (liúntais chaipitiúla i ndáil le foirgniú nó athfheistiú carrchlós ilstóir áirithe).

Méid atá comhionann—

(a) le méid comhiomlán na liúntas (lena n-áirítear liúntais chothromaíochta) a tugadh don phearsa aonair don bhliain chánach faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 a mhéid a chuirtear an Chaibidil sin i bhfeidhm le halt 344, lena n-áirítear aon liúntais den sórt sin nó cuid d’aon liúntais den sórt sin a tugadh don phearsa aonair do bhliain chánach roimhe sin agus a tugadh ar aghaidh ón mbliain sin roimhe sin de réir Chuid 9, nó

(b)i gcás nach mbeidh lánéifeacht tugtha i leith an chomhiomláin sin don bhliain chánach sin, leis an gcuid den chomhiomlán sin a mbeidh lánéifeacht tugtha maidir léi de réir alt 278 agus alt 304 nó 305, de réir mar a bheidh, nó aon cheann de na hailt sin arna chur chun feidhme nó arna mhodhnú le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

25.

Alt 345 (liúntas cíosa dúbailte i leith cíosa arna íoc ar áitribh ghnó áirithe).

I gcás go dtabharfar asbhaint bhreise don phearsa aonair don bhliain chánach faoi alt 345(3), an méid a laghdaíonn an asbhaint sin méid bhrabúis nó ghnóchain na pearsan aonair atá le muirearú i leith cánach faoi Chás I nó Cás II de Sceideal D.

26.

Alt 352 (liúntais chaipitiúla luathaithe i ndáil le foirgniú nó athfheistiú foirgneamh nó déanmhas áirithe tionscail).

Méid atá comhionann—

(a) le méid comhiomlán na liúntas (lena n-áirítear liúntais chothromaíochta) a tugadh don phearsa aonair don bhliain chánach faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 a mhéid a chuirtear an Chaibidil sin i bhfeidhm le halt 352, lena n-áirítear aon liúntais den sórt sin nó cuid d’aon liúntais den sórt sin a tugadh don phearsa aonair do bhliain chánach roimhe sin agus a tugadh ar aghaidh ón mbliain sin roimhe sin de réir Chuid 9, nó

(b)i gcás nach mbeidh lánéifeacht tugtha i leith an chomhiomláin sin don bhliain chánach sin, leis an gcuid den chomhiomlán sin a mbeidh lánéifeacht tugtha maidir léi de réir alt 278 agus alt 304 nó 305, de réir mar a bheidh, nó aon cheann de na hailt sin arna chur chun feidhme nó arna mhodhnú le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

27.

Alt 353 (liúntais chaipitiúla i ndáil le foirgniú nó athfheistiú áitreabh tráchtála áirithe).

Méid atá comhionann—

(a) le méid comhiomlán na liúntas (lena n-áirítear liúntais chothromaíochta) a tugadh don phearsa aonair don bhliain chánach faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 a mhéid a chuirtear an Chaibidil sin i bhfeidhm le halt 353, lena n-áirítear aon liúntais den sórt sin nó cuid d’aon liúntais den sórt sin a tugadh don phearsa aonair do bhliain chánach roimhe sin agus a tugadh ar aghaidh ón mbliain sin roimhe sin de réir Chuid 9, nó

(b)i gcás nach mbeidh lánéifeacht tugtha i leith an chomhiomláin sin don bhliain chánach sin, leis an gcuid den chomhiomlán sin a mbeidh lánéifeacht tugtha maidir léi de réir alt 278 agus alt 304 nó 305, de réir mar a bheidh, nó aon cheann de na hailt sin arna chur chun feidhme nó arna mhodhnú le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

28.

Alt 354 (liúntas cíosa dúbailte i leith cíosa arna íoc ar áitribh ghnó áirithe).

I gcás go dtabharfar asbhaint bhreise don phearsa aonair don bhliain chánach faoi alt 345(3), an méid a laghdaíonn an asbhaint sin méid bhrabúis nó ghnóchain na pearsan aonair atá le muirearú i leith cánach faoi Chás I nó Cás II de Sceideal D.

29.

Alt 372C (liúntais chaipitiúla luathaithe i ndáil le foirgniú nó athfheistiú foirgneamh nó déanmhas áirithe tionscail).

Méid atá comhionann—

(a) le méid comhiomlán na liúntas (lena n-áirítear liúntais chothromaíochta) a tugadh don phearsa aonair don bhliain chánach faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 a mhéid a chuirtear an Chaibidil sin i bhfeidhm le halt 372C, lena n-áirítear aon liúntais den sórt sin nó cuid d’aon liúntais den sórt sin a tugadh don phearsa aonair do bhliain chánach roimhe sin agus a tugadh ar aghaidh ón mbliain sin roimhe sin de réir Chuid 9, nó

(b)i gcás nach mbeidh lánéifeacht tugtha i leith an chomhiomláin sin don bhliain chánach sin, leis an gcuid den chomhiomlán sin a mbeidh lánéifeacht tugtha maidir léi de réir alt 278 agus alt 304 nó 305, de réir mar a bheidh, nó aon cheann de na hailt sin arna chur chun feidhme nó arna mhodhnú le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

30.

Alt 372D (liúntais chaipitiúla i ndáil le foirgniú nó athfheistiú áitreabh tráchtála áirithe).

Méid atá comhionann—

(a) le méid comhiomlán na liúntas (lena n-áirítear liúntais chothromaíochta) a tugadh don phearsa aonair don bhliain chánach faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 a mhéid a chuirtear an Chaibidil sin i bhfeidhm le halt 372D, lena n-áirítear aon liúntais den sórt sin nó cuid d’aon liúntais den sórt sin a tugadh don phearsa aonair do bhliain chánach roimhe sin agus a tugadh ar aghaidh ón mbliain sin roimhe sin de réir Chuid 9, nó

(b)i gcás nach mbeidh lánéifeacht tugtha i leith an chomhiomláin sin don bhliain chánach sin, leis an gcuid den chomhiomlán sin a mbeidh lánéifeacht tugtha maidir léi de réir alt 278 agus alt 304 nó 305, de réir mar a bheidh, nó aon cheann de na hailt sin arna chur chun feidhme nó arna mhodhnú le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

31.

Alt 372M (liúntais chaipitiúla luathaithe i ndáil le foirgniú nó athfheistiú foirgneamh nó déanmhas áirithe tionscail).

Méid atá comhionann—

(a) le méid comhiomlán na liúntas (lena n-áirítear liúntais chothromaíochta) a tugadh don phearsa aonair don bhliain chánach faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 a mhéid a chuirtear an Chaibidil sin i bhfeidhm le halt 372M, lena n-áirítear aon liúntais den sórt sin nó cuid d’aon liúntais den sórt sin a tugadh don phearsa aonair do bhliain chánach roimhe sin agus a tugadh ar aghaidh ón mbliain sin roimhe sin de réir Chuid 9, nó

(b)i gcás nach mbeidh lánéifeacht tugtha i leith an chomhiomláin sin don bhliain chánach sin, leis an gcuid den chomhiomlán sin a mbeidh lánéifeacht tugtha maidir léi de réir alt 278 agus alt 304 nó 305, de réir mar a bheidh, nó aon cheann de na hailt sin arna chur chun feidhme nó arna mhodhnú le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

32.

Alt 372N (liúntais chaipitiúla i ndáil le foirgniú nó athfheistiú áitreabh tráchtála áirithe).

Méid atá comhionann—

(a) le méid comhiomlán na liúntas (lena n-áirítear liúntais chothromaíochta) a tugadh don phearsa aonair don bhliain chánach faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 a mhéid a chuirtear an Chaibidil sin i bhfeidhm le halt 372N, lena n-áirítear aon liúntais den sórt sin nó cuid d’aon liúntais den sórt sin a tugadh don phearsa aonair do bhliain chánach roimhe sin agus a tugadh ar aghaidh ón mbliain sin roimhe sin de réir Chuid 9, nó

(b)i gcás nach mbeidh lánéifeacht tugtha i leith an chomhiomláin sin don bhliain chánach sin, leis an gcuid den chomhiomlán sin a mbeidh lánéifeacht tugtha maidir léi de réir alt 278 agus alt 304 nó 305, de réir mar a bheidh, nó aon cheann de na hailt sin arna chur chun feidhme nó arna mhodhnú le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

33.

Alt 372V (liúntais chaipitiúla i ndáil le foirgniú nó athfheistiú saoráidí áirithe loctha agus marcaíochta).

Méid atá comhionann—

(a) le méid comhiomlán na liúntas (lena n-áirítear liúntais chothromaíochta) a tugadh don phearsa aonair don bhliain chánach faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 a mhéid a chuirtear an Chaibidil sin i bhfeidhm le halt 372V, lena n-áirítear aon liúntais den sórt sin nó cuid d’aon liúntais den sórt sin a tugadh don phearsa aonair do bhliain chánach roimhe sin agus a tugadh ar aghaidh ón mbliain sin roimhe sin de réir Chuid 9, nó

(b)i gcás nach mbeidh lánéifeacht tugtha i leith an chomhiomláin sin don bhliain chánach sin, leis an gcuid den chomhiomlán sin a mbeidh lánéifeacht tugtha maidir léi de réir alt 278 agus alt 304 nó 305, de réir mar a bheidh, nó aon cheann de na hailt sin arna chur chun feidhme nó arna mhodhnú le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

34.

Alt 372W (liúntais chaipitiúla i ndáil le foirgniú nó athfheistiú áitreabh tráchtála áirithe).

Méid atá comhionann—

(a) le méid comhiomlán na liúntas (lena n-áirítear liúntais chothromaíochta) a tugadh don phearsa aonair don bhliain chánach faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 a mhéid a chuirtear an Chaibidil sin i bhfeidhm le halt 372W, lena n-áirítear aon liúntais den sórt sin nó cuid d’aon liúntais den sórt sin a tugadh don phearsa aonair do bhliain chánach roimhe sin agus a tugadh ar aghaidh ón mbliain sin roimhe sin de réir Chuid 9, nó

(b)i gcás nach mbeidh lánéifeacht tugtha i leith an chomhiomláin sin don bhliain chánach sin, leis an gcuid den chomhiomlán sin a mbeidh lánéifeacht tugtha maidir léi de réir alt 278 agus alt 304 nó 305, de réir mar a bheidh, nó aon cheann de na hailt sin arna chur chun feidhme nó arna mhodhnú le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

35.

Alt 372AC ((liúntais chaipitiúla luathaithe i ndáil le foirgniú nó athfheistiú foirgneamh nó déanmhas áirithe tionscail).

Méid atá comhionann—

(a) le méid comhiomlán na liúntas (lena n-áirítear liúntais chothromaíochta) a tugadh don phearsa aonair don bhliain chánach faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 a mhéid a chuirtear an Chaibidil sin i bhfeidhm le halt 372AC, lena n-áirítear aon liúntais den sórt sin nó cuid d’aon liúntais den sórt sin a tugadh don phearsa aonair do bhliain chánach roimhe sin agus a tugadh ar aghaidh ón mbliain sin roimhe sin de réir Chuid 9, nó

(b)i gcás nach mbeidh lánéifeacht tugtha i leith an chomhiomláin sin don bhliain chánach sin, leis an gcuid den chomhiomlán sin a mbeidh lánéifeacht tugtha maidir léi de réir alt 278 agus alt 304 nó 305, de réir mar a bheidh, nó aon cheann de na hailt sin arna chur chun feidhme nó arna mhodhnú le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

36.

Alt 372AD (liúntais chaipitiúla i ndáil le foirgniú nó athfheistiú áitreabh tráchtála áirithe).

Méid atá comhionann—

(a) le méid comhiomlán na liúntas (lena n-áirítear liúntais chothromaíochta) a tugadh don phearsa aonair don bhliain chánach faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 a mhéid a chuirtear an Chaibidil sin i bhfeidhm le halt 372AD, lena n-áirítear aon liúntais den sórt sin nó cuid d’aon liúntais den sórt sin a tugadh don phearsa aonair do bhliain chánach roimhe sin agus a tugadh ar aghaidh ón mbliain sin roimhe sin de réir Chuid 9, nó

(b)i gcás nach mbeidh lánéifeacht tugtha i leith an chomhiomláin sin don bhliain chánach sin, leis an gcuid den chomhiomlán sin a mbeidh lánéifeacht tugtha maidir léi de réir alt 278 agus alt 304 nó 305, de réir mar a bheidh, nó aon cheann de na hailt sin arna chur chun feidhme nó arna mhodhnú le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

37.

Alt 372AP (faoiseamh do léasóirí).

Méid atá comhionann leis an méid is lú díobh seo a leanas—

(a)comhiomlán na méideanna a dhéanann an phearsa aonair a asbhaint sa bhliain chánach faoi alt 372AP le linn méid barrachais nó easnaimh i leith an chíosa ó gach áitreabh cáilitheach (de réir bhrí alt 372AM) agus gach áitreabh cáilitheach speisialta (de réir bhrí an ailt sin) a ríomh chun críocha alt 97(1), agus

(b)comhiomlán mhéid comhlán gach cíosa a fuair an phearsa aonair móide fáltais iomlána na pearsan aonair ó éasúintí don bhliain chánach lúide na hasbhaintí a údaraítear le halt 97(2) a mbeidh an phearsa aonair ina dteideal don bhliain chánach, seachas aon asbhaint a údaraítear le halt 372AP,

ach i gcás gurb ionann an dá mhéid, is é an méid a thugtar faoi mhír (a) an méid.

38.

Alt 372AU(1) (cosaint i leith faoisimh a bheidh dlite faoi sheanscéimeanna agus i leith faoisimh a tugadh faoi sheanscéimeanna a aisghlámadh).

Méid atá comhionann leis an méid is lú díobh seo a leanas—

(a)comhiomlán na méideanna a dhéanann an phearsa aonair a asbhaint sa bhliain chánach de bhua fhorálacha alt 372AU(1) le linn méid barrachais nó easnaimh i leith an chíosa ó gach áitreabh a ríomh chun críocha alt 97(1), agus

(b)comhiomlán mhéid comhlán gach cíosa a fuair an phearsa aonair móide fáltais iomlána na pearsan aonair ó éasúintí (dá ngairtear na ‘cíosanna iomlána’ sa mhír seo) don bhliain chánach lúide na hasbhaintí a údaraítear le halt 97(2) a mbeidh an phearsa aonair ina dteideal don bhliain chánach, lena n-áirítear an méid arna chinneadh faoin Sceideal seo mar an méid faoisimh shonraithe i leith alt 372AP ach a mhéid amháin gur lú an méid sin ná cíosanna iomlána na pearsan aonair don bhliain chánach,

ach i gcás gurb ionann an dá mhéid, is é an méid a thugtar faoi mhír (a) an méid.

39.

Alt 381 (ceart chun aisíoc cánach faoi threoir caillteanas).

A mhéid a bheidh aon chaillteanas nó aon chuid de chaillteanas a bhain don phearsa aonair sa bhliain chánach inchurtha i leith asbhainte breise a tugadh don phearsa aonair faoi alt 324, 333, 345, 354 nó mír 13 de Sceideal 32, an méid den chaillteanas nó aon chuid den chaillteanas is inchurtha amhlaidh a dtabharfar faoiseamh don phearsa aonair ina leith don bhliain chánach faoi alt 381 lúide aon mhéid den chaillteanas sin a thabharfar ar aghaidh faoi alt 382.

40.

Alt 381 (ceart chun aisíoc cánach faoi threoir caillteanas) arna leathnú le halt 392 (rogha chun a mheas go gcruthaíonn nó go méadaíonn liúntais chaipitiúla caillteanas).

A mhéid a bheidh aon chaillteanas nó aon chuid de chaillteanas a bhain don phearsa aonair sa bhliain chánach inchurtha i leith liúntas caipitiúil, is liúntais ar faoisimh shonraithe iad, a tugadh don phearsa aonair don bhliain chánach, an méid den chaillteanas nó aon chuid den chaillteanas is inchurtha amhlaidh a dtabharfar faoiseamh ina leith don phearsa aonair don bhliain chánach faoi alt 381 lúide aon mhéid den chaillteanas sin a thabharfar ar aghaidh faoi alt 382.

41.

Alt 382 (ceart chun caillteanais a thabhairt ar aghaidh go blianta todhchaí).

A mhéid a bheidh aon chaillteanas nó aon chuid de chaillteanas inchurtha i leith liúntas caipitiúil, is liúntais ar faoisimh shonraithe iad, a tugadh don phearsa aonair d’aon bhliain chánach roimhe sin, an méid den chaillteanas nó aon chuid den chaillteanas is inchurtha amhlaidh arna thabhairt ar aghaidh don bhliain chánach faoi alt 382 agus a dtabharfar faoiseamh ina leith don phearsa aonair don bhliain chánach faoin alt sin don bhliain chánach lúide aon chuid den chaillteanas nach féidir faoiseamh a thabhairt ina leith faoin alt sin don bhliain sin.

42.

Alt 383 (faoiseamh faoi Chás IV i leith caillteanas).

A mhéid a bheidh aon chaillteanas nó aon chuid de chaillteanas inchurtha i leith faoisimh shonraithe a bhfuil nó a raibh an phearsa aonair ina theideal do bhliain chánach, an méid den chaillteanas nó aon chuid den chaillteanas atá inchurtha amhlaidh a dtabharfar faoiseamh ina leith don bhliain sin don phearsa aonair faoi alt 383.

43.

Alt 384 (faoiseamh faoi Chás V i leith caillteanas).

A mhéid a bheidh aon chaillteanas nó aon chuid de chaillteanas inchurtha i leith faoisimh shonraithe, an méid den chaillteanas nó aon chuid den chaillteanas atá inchurtha amhlaidh a dtabharfar faoiseamh ina leith don bhliain chánach don phearsa aonair faoi alt 384 lúide aon chuid den chaillteanas sin nach féidir faoiseamh a thabhairt ina leith don bhliain sin.

44.

Alt 385 (caillteanas foirceannaidh).

A mhéid a bheidh aon chaillteanas foirceannaidh (de réir bhrí alt 385) nó aon chuid den chaillteanas sin inchurtha i leith faoisimh shonraithe, an méid den chaillteanas nó aon chuid den chaillteanas atá inchurtha amhlaidh a dtabharfar faoiseamh ina leith don bhliain chánach don phearsa aonair faoi alt 385.

45.

Alt 481 (faoiseamh i leith infheistíochta i scannáin).

Méid aon asbhainte iomchuí (de réir bhrí alt 481) a bhaintear as ioncam iomlán na pearsan aonair don bhliain chánach faoi alt 481, lena n-áirítear aon mhéid faoisimh arna thabhairt ar aghaidh faoin alt sin go dtí an bhliain sin agus arna bhaint as ioncam iomlán na pearsan aonair don bhliain sin.

46.

Alt 482 (faoiseamh i leith caiteachais ar fhoirgnimh agus gairdíní suntasacha).

An méid caiteachais cháilithigh (de réir bhrí alt 482) arna thabhú ag an bpearsa aonair sa bhliain chánach a dtabharfar faoiseamh maidir leis don bhliain chánach faoi alt 381, lena n-áirítear aon mhéideanna a dtabharfar faoiseamh ina leith sa bhliain sin de bhua alt 482(3).

47.

Alt 485F (barrachais faoisimh a thabhairt ar aghaidh).

An méid iomlán a baineadh as ioncam iomlán na pearsan aonair don bhliain chánach faoi alt 485F i leith na méideanna barrachais faoisimh go léir a tugadh ar aghaidh go dtí an bhliain sin ag an bpearsa aonair faoin alt sin, lena n-áirítear aon mhéid barrachais faoisimh a tugadh ar aghaidh go dtí an bhliain sin agus a baineadh as ioncam iomlán na pearsan aonair don bhliain sin.

48.

Alt 489(3) (faoiseamh (An Scéim um Leathnú Gnó))

An méid iomlán a baineadh as ioncam iomlán na pearsan aonair don bhliain chánach faoi alt 489(3) i leith aon mhéid arna shuibscríobh le haghaidh scaireanna cáilithe ag an bpearsa aonair sa bhliain chánach, lena n-áirítear aon mhéid faoisimh a tugadh ar aghaidh faoi alt 490(3) go dtí an bhliain sin agus a baineadh as ioncam iomlán na pearsan aonair don bhliain sin.

49.

Alt 843 (liúntais chaipitiúla le haghaidh foirgneamh a úsáidtear chun críoch oideachais tríú leibhéal).

Méid atá comhionann—

(a) le méid comhiomlán na liúntas (lena n-áirítear liúntais chothromaíochta) a tugadh don phearsa aonair don bhliain chánach faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 a mhéid a chuirtear an Chaibidil sin i bhfeidhm le halt 843, lena n-áirítear aon liúntais den sórt sin nó cuid d’aon liúntais den sórt sin a tugadh don phearsa aonair do bhliain chánach roimhe sin agus a tugadh ar aghaidh ón mbliain sin roimhe sin de réir Chuid 9, nó

(b)i gcás nach mbeidh lánéifeacht tugtha i leith an chomhiomláin sin don bhliain chánach sin, leis an gcuid den chomhiomlán sin a mbeidh lánéifeacht tugtha maidir léi de réir alt 278 agus alt 304 nó 305, de réir mar a bheidh, nó aon cheann de na hailt sin arna chur chun feidhme nó arna mhodhnú le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

50.

Alt 843A (liúntais chaipitiúla le haghaidh foirgneamh a úsáidtear chun críoch áirithe cúram leanaí).

Méid atá comhionann—

(a) le méid comhiomlán na liúntas (lena n-áirítear liúntais chothromaíochta) a tugadh don phearsa aonair don bhliain chánach faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 a mhéid a chuirtear an Chaibidil sin i bhfeidhm le halt 843A, lena n-áirítear aon liúntais den sórt sin nó cuid d’aon liúntais den sórt sin a tugadh don phearsa aonair do bhliain chánach roimhe sin agus a tugadh ar aghaidh ón mbliain sin roimhe sin de réir Chuid 9, nó

(b)i gcás nach mbeidh lánéifeacht tugtha i leith an chomhiomláin sin don bhliain chánach sin, leis an gcuid den chomhiomlán sin a mbeidh lánéifeacht tugtha maidir léi de réir alt 278 agus alt 304 nó 305, de réir mar a bheidh, nó aon cheann de na hailt sin arna chur chun feidhme nó arna mhodhnú le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

51.

Alt 847A (deonacháin do chomhlachtaí spóirt áirithe).

An méid de dheonachán iomchuí (de réir bhrí alt 847A) a rinne an phearsa aonair do bhliain mheasúnachta iomchuí (de réir bhrí an ailt sin) a baineadh as ioncam iomlán na pearsan aonair sa bhliain chánach.

52.

Alt 848A (deonacháin do chomhlachtaí ceadaithe).

An méid de dheonachán iomchuí (de réir bhrí alt 848A) a rinne an phearsa aonair do bhliain mheasúnachta iomchuí (de réir bhrí an ailt sin) a baineadh as ioncam iomlán na pearsan aonair don bhliain chánach.

53.

Mír 11 (An Scéim um Athnuachan Uirbeach, 1986 — liúntais chaipitiúla i ndáil le háitribh tráchtála áirithe i limistéir ainmnithe seachas Limistéar Duganna Theach an Chustaim) de Sceideal 32.

Méid atá comhionann—

(a) le méid comhiomlán na liúntas (lena n-áirítear liúntais chothromaíochta) a tugadh don phearsa aonair don bhliain chánach faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 arna cur i bhfeidhm de bhua mhír 11 de Sceideal 32, lena n-áirítear aon liúntais den sórt sin nó cuid d’aon liúntais den sórt sin a tugadh don phearsa aonair do bhliain chánach roimhe sin agus a tugadh ar aghaidh ón mbliain sin roimhe sin de réir Chuid 9, nó

(b)i gcás nach mbeidh lánéifeacht tugtha i leith an chomhiomláin sin don bhliain chánach sin, leis an gcuid den chomhiomlán sin a mbeidh lánéifeacht tugtha maidir léi de réir alt 278 agus alt 304 nó 305, de réir mar a bheidh, nó aon cheann de na hailt sin arna chur chun feidhme nó arna mhodhnú le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

54.

Mír 13 (An Scéim um Athnuachan Uirbeach, 1986 — liúntas cíosa dúbailte i ndáil le háitribh áirithe i limistéir ainmnithe seachas Limistéar Duganna Theach an Chustaim) de Sceideal 32.

I gcás go dtabharfar asbhaint bhreise don phearsa aonair don bhliain chánach de bhua mhír 13 de Sceideal 32, an méid a laghdaíonn an asbhaint sin méid bhrabúis nó ghnóchain na pearsan aonair atá le muirearú i leith cánach faoi Chás I nó Cás II de Sceideal D.

”.

(3) Tá feidhm ag an alt seo maidir leis an mbliain mheasúnachta 2007 agus le blianta measúnachta dá éis.

Caibidil 3

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Leasú ar alt 481 (faoiseamh i leith infheistíochta i scannáin) den Phríomh-Acht.

18 .— (1) Leasaítear alt 481 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2)(c):

“(c) Ní mó ná 80 faoin gcéad an céatadán sonraithe ach, in aon chás lena mbaineann an mhír seo, ní mó ná €35,000,000 costas iomlán táirgthe an scannáin a n-íocann infheistíochtaí iomchuí as.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (22):

“(22A) Aon fheidhmeanna a údaraíonn an t-alt seo do na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh nó a chomhlíonadh féadfaidh oifigeach údaraithe iad a dhéanamh nó a chomhlíonadh agus forléireofar aon tagairtí san alt seo do na Coimisinéirí Ioncaim, fara aon mhodhnuithe is gá, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don oifigeach údaraithe.”.

(2) Beidh éifeacht le fo-alt (1)(a) cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

Leasú ar alt 659 (feirmeoireacht: liúntais le haghaidh caiteachais chaipitiúil ar fhoirgniú foirgneamh feirme etc. chun truailliú a rialú) den Phríomh-Acht.

19 .— Leasaítear alt 659 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (3B)(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “iarmharmhéid”:

“ciallaíonn ‘iarmharmhéid’, i ndáil le caiteachas caipitiúil a thabhaítear i dtréimhse inmhuirearaithe, méid atá comhionann le 50 faoin gcéad den chaiteachas sin nó—

(i) €31,750, i gcás ina mbeidh sé tabhaithe i dtréimhse inmhuirearaithe dar chríoch dáta roimh an 1 Eanáir 2006, agus

(ii) €50,000, in aon chás eile,

cibé acu is lú;”.

Urrúis ainmnithe a dheonú do chomhlachtaí ceadaithe.

20 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 611(1)(a) trí “Faoi réir alt 848A, i gcás sócmhainn a dhiúscairt” a chur in ionad “I gcás sócmhainn a dhiúscairt”, agus

(b) in alt 848A—

(i) i bhfo-alt (1)(a)—

(I) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “comhlacht ceadaithe”:

“ciallaíonn ‘urrúis ainmnithe’—

(i) scaireanna (lena n-áirítear stoc), agus

(ii) bintiúir,

d’aicme a luaitear ar stocmhalartán aitheanta;”,

agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “deonachán iomchuí”:

“ciallaíonn ‘deonachán iomchuí’, faoi réir fho-alt (3A), deonachán a chomhlíonann ceanglais fho-alt (3) agus a dhéanfar i bhfoirm íocaíochta nó deonacháin, de réir mar a bheidh, ag duine (dá ngairtear an ‘deontóir’ san alt seo) ar ceachtar ní díobh seo a leanas nó iad araon—

(i) suim nó suimeanna airgid, agus

(ii) urrúis ainmnithe, arna luacháil ar a margadhluach an tráth a dhéanfar an deonachán,

arb ionann iad sa chomhiomlán agus €250 ar a laghad, le comhlacht ceadaithe, agus a dhéanfar—

(I) i gcás inar cuideachta an deontóir, i dtréimhse chuntasaíochta, agus

(II) i gcás inar pearsa aonair an deontóir, i mbliain mheasúnachta;”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):

“(9A) Níl feidhm ag alt 611 maidir le diúscairt sócmhainne is deonachán iomchuí chun críocha an ailt seo, i gcás ina ndéanfar—

(a) éileamh ar fhaoiseamh ó cháin, nó

(b) éileamh ar aisíoc cánach,

faoin alt seo maidir leis an deonachán iomchuí sin.”.

(2) Tá feidhm ag fo-alt (1) amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2006.

Leasú ar alt 373 (léiriú (Cuid 11)) den Phríomh-Acht.

21 .— Leasaítear alt 373 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (2)—

(a) trí “1 Eanáir 2002;” a chur in ionad “1 Eanáir 2002.” i mír (n)(ii), agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (n):

“(o) €23,000, i gcás inar tabhaíodh an caiteachas—

(i) i dtréimhse chuntasaíochta dar chríoch an 1 Eanáir 2006 nó dá éis, nó

(ii) i mbonntréimhse do bhliain mheasúnachta, i gcás ina gcríochnaíonn an bhonntréimhse sin an 1 Eanáir 2006 nó dá éis.”.

Leasú ar Chaibidil 3 (cáin ioncaim agus cáin chorparáide) de Chuid 7 (díolúintí cánach ioncaim agus cánach corparáide) den Phríomh-Acht.

22 .— Leasaítear Caibidil 3 de Chuid 7 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 231 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) go (3) maidir le haon bhrabúis nó gnóchain a eascróidh tar éis an 31 Iúil 2008 chuig úinéir nó páirt-úinéir staile.”,

agus

(b) in alt 233 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) go (4) maidir le haon bhrabúis nó gnóchain a eascróidh tar éis an 31 Iúil 2008 chuig úinéir nó páirt-úinéir síolchú.”.

Leasú ar Sceideal 26A (deonacháin do chomhlachtaí ceadaithe, etc.) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

23 .— Leasaítear Sceideal 26A a ghabhann leis an bPríomh-Acht i gCuid 1 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 19:

“20.— An chuideachta a ainmneoidh an tAire Airgeadais le hordú faoi alt 114 (2) den Acht Airgeadais 2006.”.

Leasú ar alt 817 (scéimeanna chun dliteanas i leith cánach faoi Sceideal F a sheachaint) den Phríomh-Acht.

24 .— (1) Leasaítear alt 817 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Beidh feidhm ag an alt seo chun cur i gcoinne aon scéime nó socraithe a dhéanfaidh nó a shocróidh dlúthchuideachta, nó ar páirtí inti nó ann an dlúthchuideachta, is scéim nó socrú arb é an cuspóir, nó ceann de na cuspóirí, atá léi nó leis a áirithiú go seachnóidh nó go laghdóidh aon scairshealbhóir sa dlúthchuideachta muirear nó measúnacht i leith cánach ioncaim faoi Sceideal F trí airgead agus luach airgid, nó airgead nó luach airgid, a bhaint, go díreach nó go neamhdhíreach, ón dlúthchuideachta, nó trína chumasú an t-airgead nó an luach airgid sin a bhaint, chun tairbhe don scairshealbhóir, gan an dlúthchuideachta d’íoc díbhinne, nó (ar leith ó fho-alt (4)) dáileadh a dhéanamh, atá inmhuirearaithe i leith cánach faoi Sceideal F.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo, agus tá éifeacht leis, maidir le haon diúscairt scaireanna (de réir bhrí alt 817 den Phríomh-Acht) an 21 Feabhra 2006 nó dá éis.

Faoisimh i leith áite cónaithe — scéimeanna éagsúla.

25 .— Leasaítear Caibidil 11 de Chuid 10 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 372AL—

(i) i bhfo-alt (1) sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach”—

(I) i mír (a)—

(A) trí “31 Nollaig 2006, nó” a chur in ionad “31 Iúil 2006,” i bhfomhír (ii), agus

(B) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iii) i gcás ina mbeidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3), an 31 Iúil 2008,”,

(II) i mír (b) trí “dar críoch an 31 Nollaig 2006 nó, i gcás ina mbeidh feidhm ag fo-ailt (1A) agus (3), dar críoch an 31 Iúil 2008” a chur in ionad “dar críoch an 31 Iúil 2006”,

(III) i míreanna (c)(i) agus (c)(ii) trí “dar críoch an 31 Nollaig 2006 nó, i gcás ina mbeidh feidhm ag fo-ailt (1A) agus (3), dar críoch an 31 Iúil 2008” a chur in ionad “dar críoch an 31 Iúil 2006”,

(IV) i mír (d) trí “dar críoch an 31 Nollaig 2006 nó, i gcás ina mbeidh feidhm ag fo-ailt (1A) agus (3), dar críoch an 31 Iúil 2008” a chur in ionad “dar críoch an 31 Iúil 2006”,

(V) i mír (e) trí “dar críoch an 31 Nollaig 2006 nó, i gcás ina mbeidh feidhm ag fo-ailt (1A) agus (3), dar críoch an 31 Iúil 2008” a chur in ionad “dar críoch an 31 Iúil 2006”,

(VI) i mír (f)—

(A) trí “31 Nollaig 2006, nó” a chur in ionad “31 Iúil 2006.” i bhfomhír (ii), agus

(B) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iii) i gcás ina mbeidh feidhm ag fo-ailt (1A) agus (3), an 31 Iúil 2008,”,

agus

(VII) i mír (g) trí “dar tosach an 6 Aibreán 2001 agus dar críoch an 31 Iúil 2008” a chur in ionad “dar tosach an 6 Aibreán 2001”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo i ndáil le foirgneamh, nó cuid d’fhoirgneamh atá ar aghaidh sráide cáilithí nó a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar dreasachta cánach, a fhoirgniú, a athchóiriú nó athfheistiú más rud é—

(a) go mbeidh obair is fiú 15 faoin gcéad ar a laghad de chostais iarbhír foirgnithe, athchóirithe nó, de réir mar a bheidh, athfheistithe an fhoirgnimh nó an chuid den fhoirgneamh déanta, an 31 Nollaig 2006 nó roimhe, ag an duine a bheidh ag foirgniú, ag athchóiriú nó, de réir mar a bheidh, ag athfheistiú an fhoirgnimh nó an chuid den fhoirgneamh, agus

(b) gur féidir leis an duine dá dtagraítear i mír (a) nó, i gcás ina ndíolfaidh an duine sin an foirgneamh nó an chuid den fhoirgneamh, gur féidir leis an duine a bheidh ag éileamh asbhaint faoi alt 372AP nó faoi alt 372AR, de réir mar a bheidh, a shuíomh gur comhlíonadh an coinníoll i mír (a).”,

agus

(b) in alt 372AS tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) (a) I gcás ina dtabhóidh duine caiteachas cáilithe nó caiteachas cáilitheach aon tráth sa tréimhse 1 Eanáir 2006 go 31 Iúil 2008 ar áitreabh cáilitheach nó ar áitreabh cáilitheach speisialta, nó i ndáil leis, déanfar méid an chaiteachais cháilithe nó an chaiteachais cháilithigh a bheidh le háireamh faoi fho-alt (1) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach chun asbhaint a dheonú faoi alt 372AP nó faoi alt 372AR, de réir mar a bheidh, a laghdú—

(i) i gcás caiteachais a thabhófar sa tréimhse 1 Eanáir 2007 go 31 Nollaig 2007, go dtí 75 faoin gcéad, agus

(ii) i gcás caiteachais a thabhófar sa tréimhse 1 Eanáir 2008 go 31 Iúil 2008, go dtí 50 faoin gcéad,

den mhéid a dhéanfaí, ar leith ón bhfo-alt seo, a áireamh amhlaidh thairis sin agus, chun na gcríoch sin, déanfar tagairtí sa Chaibidil seo do chaiteachas a bheidh le háireamh faoi alt 372AS(1) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach a fhorléiriú dá réir sin.

(b) Chun críocha mhír (a) agus le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh cibé acu a thabhaítear nó nach dtabhaítear agus a mhéid a thabhaítear caiteachas cáilithe nó caiteachas cáilitheach ar áitreabh cáilitheach nó ar áitreabh cáilitheach speisialta nó i ndáil leis—

(i) sa tréimhse ón 1 Eanáir 2006 go dtí an 31 Nollaig 2006,

(ii) sa tréimhse ón 1 Eanáir 2007 go dtí an 31 Nollaig 2007, nó

(iii) sa tréimhse ón 1 Eanáir 2008 go dtí an 31 Iúil 2008,

ní dhéanfar ach cibé méid den chaiteachas sin is inchurtha síos go cuí d’obair ar fhoirgniú an áitribh cháilithigh, ar an athchóiriú ina áitreabh cáilitheach, nó ar athfheistiú an áitribh cháilithigh nó, de réir mar a bheidh, ar athfheistiú an áitribh cháilithigh speisialta a dhéanfar iarbhír sa tréimhse sin a áireamh mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse sin.”.

Srian ar chaiteachas a thabhaítear ar fhoirgniú agus ar athfheistiú foirgneamh tionscail agus tráchtála áirithe.

26 .— (1) Leasaítear Cuid 9 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 270, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo i gcás ina dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar fhoirgniú agus ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais (nó, i gcás alt 843, caiteachas cáilitheach de réir bhrí an ailt sin) aon tráth sa tréimhse ó 1 Eanáir 2006 go 31 Iúil 2008 agus maidir leis an bhfoirgneamh nó an déanmhas—

(a) go bhfuil sé, nó go meastar de bhua alt 268(3) go bhfuil sé, ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail de réir bhrí alt 268(1)(d),

(b) go bhfuil sé ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail de réir bhrí 268(1)(k),

(c) go bhfuil sé ina charrchlós ilstóir cáilitheach de réir bhrí 344,

(d) go bhfuil sé ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas lena mbaineann alt 372C nó ina áitreabh cáilitheach de réir bhrí alt 372D,

(e) go bhfuil sé ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas lena mbaineann alt 372M nó ina áitreabh cáilitheach de réir bhrí alt 372N,

(f) go bhfuil sé ina shaoráid loctha agus marcaíochta de réir bhrí alt 372U nó ina áitreabh cáilitheach de réir bhrí alt 372W,

(g) go bhfuil sé ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas lena mbaineann alt 372AC nó ina áitreabh cáilitheach de réir bhrí alt 372AD,

(h) go bhfuil sé ina áitreabh cáilitheach de réir bhrí alt 843, nó

(i) go bhfuil sé ina aonad cónaithe cáilitheach de réir bhrí alt 268(3A).

(5) I gcás ina mbeidh feidhm ag fo-alt (4), ansin, d’ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna Cánach, ach faoi réir fho-ailt (6) agus (7), maidir le méid an chaiteachais chaipitiúil nó, de réir mar a bheidh, méid an chaiteachais cháilithigh dá dtagraítear i bhfo-alt (4) a bheidh le háireamh mar chaiteachas a tabhaíodh chun liúntais a thabhairt agus muirir a ghearradh faoin gCuid seo (lena n-áirítear liúntais chothromaíochta a thabhairt agus muirir chothromaíochta a ghearradh faoi alt 274 agus iarmhar an chaiteachais faoi alt 277 a ríomh), cibé acu a bheidh nó nach mbeidh na liúntais sin le tabhairt nó na muirir sin le gearradh go díreach faoin gCuid seo nó faoin gCuid seo de bhua fheidhm aon fhorála de Chuid 10 nó d’alt 843, laghdófar é—

(a) i gcás caiteachais a thabhófar—

(i) má tá feidhm ag fo-alt (4)(i), sa tréimhse ón 25 Márta 2007 go dtí an 31 Nollaig 2007, agus

(ii) in aon chás eile, an tréimhse ón 1 Eanáir 2007 go dtí an 31 Nollaig 2007,

go dtí 75 faoin gcéad, agus

(b) i gcás caiteachais a thabhófar sa tréimhse ón 1 Eanáir 2008 go dtí an 31 Iúil 2008, go dtí 50 faoin gcéad,

den mhéid a dhéanfaí, ar leith ón bhfo-alt seo, a áireamh amhlaidh thairis sin agus, chun na gcríoch sin, déanfar tagairtí sna hAchtanna Cánach, seachas na tagairtí in alt 279 arna chur chun feidhme le fo-alt (6), do chaiteachas a tabhaíodh ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais a fhorléiriú mar thagairt don chaiteachas sin arna laghdú de réir an fho-ailt seo.

(6) I gcás ina mbeidh feidhm ag fo-ailt (4) agus (5) agus, de réir mar a bheidh, ag fo-alt (7) i ndáil le caiteachas caipitiúil nó caiteachas cáilitheach a thabhófar ar fhoirgneamh nó déanmhas, beidh feidhm ag alt 279 i ndáil leis an bhfoirgneamh nó an déanmhas amhail is—

(a) dá gcuirfí an méid seo a leanas in ionad an mhínithe ar ‘an glanphraghas a íocadh’ i bhfo-alt (1) den alt sin:

‘ciallaíonn “an glanphraghas a íocadh” an méid dá bhfreagraíonn A sa chothromóid—

A = B x C

D + E

más rud é—

gurb é B an méid a d’íoc duine chun an leas iomchuí san fhoirgneamh nó sa déanmhas a cheannach,

gurb é C méid an chaiteachais a tabhaíodh iarbhír ag foirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais arna laghdú de réir alt 270(5) agus, de réir mar a bheidh, alt 270(7),

gurb é D méid an chaiteachais a tabhaíodh iarbhír ag foirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais, agus

gurb é E méid aon chaiteachais a tabhaíodh iarbhír, ar caiteachas é chun críocha mhír (a), (b) nó (c) d’alt 270(2).”,

(b) dá gcuirfí an méid seo a leanas in ionad mhír (b), i bhfo-alt (2) den alt sin:

‘(b) measfar chun na gcríoch sin, maidir leis an duine a cheannóidh an leas sin, gur thabhaigh sé nó sí, ar an dáta a thiocfaidh an praghas ceannaigh chun bheith iníoctha, caiteachas ag foirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais atá ar cóimhéid leis an gcaiteachas sin arna laghdú de réir alt 270(5) agus, de réir mar a bheidh, alt 270(7) nó leis an nglanphraghas a d’íoc (de réir bhrí an téarma sin arna chur chun feidhme le halt 270(6)(a)) an duine sin ar an leas sin, cibé acu is lú;’,

agus

(c) dá mba thagairt do ‘leis an gcaiteachas sin arna laghdú de réir alt 270(5) agus, de réir mar a bheidh, alt 270(7) nó’ an tagairt do ‘leis an gcaiteachas sin nó’ i bhfo-alt (3) den alt sin.

(7) (a) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le foirgneamh nó déanmhas lena mbaineann mír (a), mír (d) (seachas áitreabh cáilitheach atá ar aghaidh sráide cáilithí (de réir bhrí alt 372A)), mír (e) nó mír (g) d’fho-alt (4) agus nach mór do dhuine a shuíomh maidir leis an bhfoirgneamh nó an déanmhas sin go ndearnadh an coinníoll atá—

(i) má tá feidhm ag fo-alt (4)(a), in alt 268 (13)(c)(ii)(I) nó, de réir mar a bheidh, in ailt 272(9)(b)(i) agus 274 (1B)(b)(i),

(ii) má tá feidhm ag fo-alt (4)(d), in alt 372A(3)(a),

(iii) má tá feidhm ag fo-alt (4)(e), in alt 372L(3)(a), nó

(iv) má tá feidhm ag fo-alt (4)(g), in alt 372AA(3)(a),

a chomhlíonadh an 31 Nollaig 2006 nó roimhe.

(b) (i) Ní dhéileálfar le duine mar dhuine a chomhlíon an coinníoll dá dtagraítear i mír (a) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas, mura rud é—

(I) i gcás ina bhfuil feidhm ag mír (a)(ii), go ndéanfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí (de réir bhrí alt 372A), agus

(II) in aon chás eile, go ndéanfaidh ant-údarás áitiúil (de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil 2001),

ar ina limistéar riaracháin atá an foirgneamh nó an déanmhas suite, deimhniú a thabhairt i scríbhinn an 30 Márta 2007 nó roimhe don duine a bheidh ag foirgniú nó ag athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, ina luaitear—

(A) gur deimhin leis go ndearnadh, an 31 Nollaig 2006 nó roimhe, obair ab fhiú 15 faoin gcéad ar a laghad de na costais iarbhír a bhain leis an bhfoirgneamh nó an déanmhas lena mbaineann a fhoirgniú nó a athfheistiú,

(B) an méid iarbhír den chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais faoin 31 Nollaig 2006, agus

(C) méid réamh-mheasta iarmhéid an chaiteachais chaipitiúil (seachas an méid sin dá dtagraítear i gclásal (B)) atá le tabhú ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais.

(ii) Maidir le hiarratas ar dheimhniú dá dtagraítear i bhfomhír (i), is an duine a bheidh ag foirgniú nó ag athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais a dhéanfaidh é, an 31 Eanáir 2007, nó roimhe sin,

(iii) Le linn don údarás áitiúil iomchuí breithniú a dhéanamh i dtaobh an dtabharfaidh sé deimhniú dá dtagraítear i bhfomhír (i), tabharfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí nó, de réir mar a bheidh, an t-údarás áitiúil, aird ar threoirlínte i ndáil le deimhnithe den sórt sin a thabhairt, ar treoirlínte iad a eisíonn an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.

(c) I gcás ina bhfuil feidhm ag an bhfo-alt seo, ní mó an méid caiteachais chaipitiúil dá dtagraítear i bhfo-alt (4) agus a ndéileálfar leis mar chaiteachas a bheidh tabhaithe sa tréimhse ón 1 Eanáir 2007 go dtí an 31 Iúil 2008 chun críocha liúntais agus muirir a dhéanamh (dá dtagraítear i bhfo-alt (5)) faoin gCuid seo, ná an méid a bheidh deimhnithe ag an údarás áitiúil iomchuí nó, de réir mar a bheidh, ag an údarás áitiúil faoi chlásal (C) de mhír (b)(i) i ndáil leis an bhfoirgneamh nó leis an déanmhas sin.

(d) Beidh feidhm ag forálacha an fho-ailt seo roimh chur i bhfeidhm fhorálacha fho-ailt (5) agus (6) agus i gcás ina mbeidh feidhm ag forálacha an fho-ailt seo chun an méid caiteachais chaipitiúil a ndéileálfar leis mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse ón 1 Eanáir 2007 go dtí an 31 Iúil 2008 a laghdú, is i ndáil le caiteachas a tabhaíodh sa tréimhse ón 1 Eanáir 2008 go dtí an 31 Iúil 2008 a dhéanfar an laghdú sin, i dtosaíocht ar an tréimhse ón 1 Eanáir 2007 go an 31 Nollaig 2007.

(e)I gcás ina ndíolfar foirgneamh nó déanmhas lena mbaineann an fo-alt seo ag an duine a d’fhoirgnigh nó a d’athfheistigh an foirgneamh nó an déanmhas, déanfaidh an duine sin, tráth an díola sin, cóip den deimhniú dá dtagraítear i mír (b)(i) a sholáthar don cheannaitheoir chun críocha an ceannaitheoir do dhéanamh éilimh faoi aon cheann d’fhorálacha na Coda seo.”,

agus

(b) in alt 316—

(i) i bhfo-alt (2A), trí “31 Iúil 2008” a chur in ionad “31 Iúil 2006” gach áit a bhfuil sé, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2A):

“(2B) Chun cinneadh a dhéanamh agus chuige sin amháin, i ndáil le héileamh ar liúntas faoin gCuid seo, i dtaobh cibé acu a thabhaítear nó nach dtabhaítear agus a mhéid a thabhaítear, caiteachas caipitiúil a thabhaítear ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais dá dtagraítear i mír (a), (b), (c), (d), (e), (f), (g), (h) nó (i) d’alt 270(4) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006)—

(a) (i) i gcás ina bhfuil feidhm ag alt 270(4)(i), sa tréimhse ón 1 Eanáir 2006 go dtí an 24 Márta 2007, agus

(ii)in aon chás eile, sa tréimhse ón 1 Eanáir 2006 go dtí an 31 Nollaig 2006,

(b) (i) i gcás ina bhfuil feidhm ag alt 270(4)(i), sa tréimhse ón 25 Márta 2007 go dtí an 31 Nollaig 2007, agus

(ii)in aon chás eile, sa tréimhse ón 1 Eanáir 2007 go dtí an 31 Nollaig 2007,

(c)sa tréimhse ón 1 Eanáir 2008 go dtí an 31 Iúil 2008,

ní dhéileálfar (d’ainneoin fho-alt (2) agus aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach maidir leis an tráth a ndéileáiltear nó a ndéileálfar le haon chaiteachas caipitiúil mar chaiteachas a tabhaíodh) ach le cibé méid den chaiteachas caipitiúil sin is inchurtha síos d’obair ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais a rinneadh iarbhír i dtréimhse den sórt sin mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse sin.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh óstán, campaí saoire agus iostán saoire.

27 .— (1) Leasaítear Caibidil 1 de Chuid 9 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 268(13)—

(i) i mír (a) trí “faoi réir mhíreanna (b) agus (c)” a chur in ionad “faoi réir mhír (b)”,

(ii) i mír (b) trí “31 Nollaig 2006” a chur in ionad “31 Iúil 2006”, agus

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le caiteachas arna thabhú an 31 Iúil 2008, nó roimhe, ar fhoirgniú nó ar athfheistiú iostáin saoire más rud é—

(i) go mbeidh coinníollacha fhomhír (i), (ii) nó (iii), de réir mar a bheidh, de mhír (b) comhlíonta,

(ii) faoi réir mhíreanna (a) agus (b) d’alt 270(7)—

(I) go mbeidh obair déanta ag an duine atá ag foirgniú nó ag athfheistiú an iostáin saoire, an 31 Nollaig 2006 nó roimhe, ar obair í ar luach 15 faoin gcéad ar a laghad de chostais foirgnithe iarbhír nó, de réir mar a bheidh, de chostais athfheistithe iarbhír an iostáin saoire, agus

(II) go mbeidh an duine dá dtagraítear i gclásal (I) nó, i gcás go ndíolfaidh an duine sin ant-iostán saoire, an duine atá ag éileamh asbhainte faoin gCaibidil seo i ndáil leis an gcaiteachas a tabhaíodh, in ann a thaispeáint gur comhlíonadh an coinníoll i gclásal (I),

(iii) go raibh conradh ceangailteach i scríbhinn ar faoi a rinneadh an caiteachas ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an iostáin saoire a thabhú ar marthain an 31 Iúil 2006 nó roimhe, agus

(iv) go mbeidh cibé coinníollacha eile a shonraítear i rialacháin arna ndéanamh chun críocha na fomhíre seo ag an Aire Airgeadais comhlíonta; ach beidh na coinníollacha sin teoranta dóibh sin is gá chun a chinntiú go gcomhlíontar na dlíthe sin de chuid na gComhphobal Eorpach lena rialaítear cúnamh Stáit nó go gcomhlíontar cinneadh de chuid Choimisiún na gComhphobal Eorpach i dtaobh an bhfuil cúnamh lena mbaineann an fo-alt seo comhréireach leis an gcómhargadh ag féachaint d’Airteagal 87 de Chonradh na gComhphobal Eorpach.”,

(b) in alt 272—

(i) i bhfo-ailt (3)(c)(iii) agus (4)(c)(iii), trí “faoi réir fho-ailt (8) agus (9)” a chur in ionad “faoi réir fho-alt (8)”,

(ii) i bhfo-alt (8), trí “31 Nollaig 2006” a chur in ionad “31 Iúil 2006”, agus

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(9) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (3)(c)(iii) ná (4)(c)(iii) maidir le caiteachas caipitiúil arna thabhú an 31 Iúil 2008 nó roimhe ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais más rud é—

(a) gur comhlíonadh coinníollacha mhír (a), (b), (ba) nó (c), de réir mar a bheidh, d’fho-alt (8),

(b) faoi réir mhíreanna (a) agus (b) d’alt 270(7)—

(i) go mbeidh obair déanta ag an duine atá ag foirgniú nó ag athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, an 31 Nollaig 2006 nó roimhe, ar obair í ar luach 15 faoin gcéad ar a laghad de chostais foirgnithe iarbhír nó, de réir mar a bheidh, de chostais athfheistithe iarbhír an fhoirgnimh nó an déanmhais, agus

(ii) go mbeidh an duine dá dtagraítear i bhfomhír (i) nó, i gcás go ndíolfaidh an duine sin an foirgneamh nó an déanmhas, an duine atá ag éileamh asbhainte faoin gCaibidil seo i ndáil leis an gcaiteachas a tabhaíodh, in ann a thaispeáint gur comhlíonadh an coinníoll i bhfomhír (i),

(c) go raibh conradh ceangailteach i scríbhinn ar faoi a rinneadh an caiteachas ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an iostáin saoire a thabhú ar marthain an 31 Iúil 2006 nó roimhe, agus

(d) go mbeidh cibé coinníollacha eile a shonraítear i rialacháin arna ndéanamh chun críocha na fomhíre seo ag an Aire Airgeadais comhlíonta; ach beidh na coinníollacha sin teoranta dóibh sin is gá chun a chinntiú go gcomhlíontar na dlíthe sin de chuid na gComhphobal Eorpach lena rialaítear cúnamh Stáit nó go gcomhlíontar cinneadh de chuid Choimisiún na gComhphobal Eorpach i dtaobh an bhfuil cúnamh lena mbaineann an fo-alt seo comhréireach leis an gcómhargadh ag féachaint d’Airteagal 87 de Chonradh na gComhphobal Eorpach.”,

agus

(c) in alt 274—

(i) i bhfo-alt (1)(b)(iii)(III), trí “faoi réir fho-ailt (1A) agus (1B)” a chur in ionad “faoi réir fho-alt (1A)”,

(ii) i bhfo-alt (1A), trí “31 Nollaig 2006” a chur in ionad “31 Iúil 2006”, agus

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1A):

“(1B) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1)(b)(iii)(III) maidir le caiteachas caipitiúil a thabhófar an 31 Iúil 2008 nó roimhe ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais más rud é—

(a) go gcomhlíonfar coinníollacha mhír (a), (b), (ba) nó (c), de réir mar a bheidh, d’fho-alt (1A),

(b) faoi réir mhíreanna (a) agus (b) d’alt 270(7)—

(i) go mbeidh obair déanta ag an duine atá ag foirgniú nó ag athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, an 31 Nollaig 2006 nó roimhe, ar obair í ar luach 15 faoin gcéad ar a laghad de chostais foirgnithe iarbhír nó, de réir mar a bheidh, de chostais athfheistithe iarbhír an fhoirgnimh nó an déanmhais, agus

(ii) go mbeidh an duine dá dtagraítear i bhfomhír (i) nó, i gcás go ndíolfaidh an duine sin an foirgneamh nó an déanmhas, an duine atá ag éileamh asbhainte faoin gCaibidil seo i ndáil leis an gcaiteachas a tabhaíodh, in ann a thaispeáint gur comhlíonadh an coinníoll i bhfomhír (i),

(c) go raibh conradh ceangailteach i scríbhinn ar faoi a rinneadh an caiteachas ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an iostáin saoire a thabhú ar marthain an 31 Iúil 2006 nó roimhe, agus

(d) go mbeidh cibé coinníollacha eile a shonraítear i rialacháin arna ndéanamh chun críocha na fomhíre seo ag an Aire Airgeadais comhlíonta; ach beidh na coinníollacha sin teoranta dóibh sin is gá chun a chinntiú go gcomhlíontar na dlíthe sin de chuid na gComhphobal Eorpach lena rialaítear cúnamh Stáit nó go gcomhlíontar cinneadh de chuid Choimisiún na gComhphobal Eorpach i dtaobh an bhfuil cúnamh lena mbaineann an fo-alt seo comhréireach leis an gcómhargadh ag féachaint d’Airteagal 87 de Chonradh na gComhphobal Eorpach.”,

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh clinicí díobhálacha spóirt.

28 .— Leasaítear alt 268 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (2B)—

(i) i mír (f), trí “le linn na tréimhse 10 mbliana dar tosach an tráth dá dtagraítear in alt 272(4)(h)” a chur in ionad “le linn na tréimhse 7 mbliana dá dtagraítear in alt 272(4)(h)”, agus

(ii) i mír (I) trí “faoi réir mhír (II), “a chur isteach roimh “folaíonn”,

(b) i bhfo-alt (9), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (h):

“(h) faoi threoir mhír (k), maidir le caiteachas caipitiúil arna thabhú sa tréimhse dar tosach an 15 Bealtaine 2002 agus dar críoch an 31 Nollaig 2006 nó, i gcás go mbeidh feidhm ag fo-alt (16), dar críoch an 31 Iúil 2008.”,

agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (15):

“(16) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le clinic díobhálacha spóirt cáilitheach a fhoirgniú nó a athfheistiú más rud é—

(a) go mbeidh obair déanta ag an duine atá ag foirgniú nó ag athfheistiú an chlinic, an 31 Nollaig 2006 nó roimhe, ar obair í ar luach 15 faoin gcéad ar a laghad de chostais foirgnithe iarbhír nó, de réir mar a bheidh, de chostais athfheistithe iarbhír an chlinic, agus

(b) go mbeidh an duine dá dtagraítear i mír (a) nó, i gcás go ndíolfaidh an duine sin an clinic, an duine atá ag éileamh asbhainte faoin gCaibidil seo i ndáil leis an gcaiteachas a tabhaíodh, in ann a thaispeáint gur comhlíonadh an coinníoll i mír (a).”.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh carrchlós ilstóir.

29 .— (1) Leasaítear alt 344 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach”—

(i) i mír (c) trí “an 31 Nollaig 2006” a chur in ionad “an 31 Iúil 2006” agus “chun críocha an mhínithe seo, nó” a chur in ionad “chun críocha an mhínithe seo;”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(d) an 31 Iúil, más rud é, i ndáil le foirgniú nó athfheistiú an charrchlóis ilstóir cháilithigh—

(i) gur eisigh an t-údarás áitiúil iomchuí an deimhniú dá dtagraítear i mír (c) an 31 Nollaig 2003 nó roimhe, agus

(ii) (I) go mbeidh obair déanta ag an duine atá ag foirgniú nó ag athfheistiú an charrchlóis ilstóir cháilithigh, an 31 Nollaig 2006 nó roimhe, ar obair í ar luach 15 faoin gcéad ar a laghad de chostais foirgnithe iarbhír nó, de réir mar a bheidh, de chostais athfheistithe iarbhír an charrchlóis ilstóir cháilithigh, agus

(II) go mbeidh an duine dá dtagraítear i gclásal (I) nó, i gcás go ndíolfaidh an duine sin an carrchlós ilstóir cáilitheach, an duine atá ag éileamh asbhainte faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 i ndáil leis an gcaiteachas a tabhaíodh, in ann a thaispeáint gur comhlíonadh an coinníoll i gclásal (I);”,

agus

(b) i bhfo-alt (2)(a), trí “Faoi réir fho-ailt (3) go (6A) agus (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006) ailt 270(4), 270(5), 270(6) agus 316(2B)” a chur in ionad “Faoi réir fho-ailt (3) go (6A)”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.

Liúntais chaipitiúla i gcomhair áitreabh tionscail agus tráchtála i limistéir athnuachana uirbí agus i gcomhair áitreabh tráchtála ar shráideanna ina bhfuil cónaí os cionn an tsiopa.

30 .— (1) Leasaítear Caibidil 7 de Chuid 10 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 372A—

(i) i bhfo-alt (1), sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach”—

(I) i mír (a):

(A) trí “31 Nollaig 2006, nó” a chur in ionad “31 Iúil 2006,” i bhfomhír (ii); agus

(B) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iii) i gcás go bhfuil feidhm ag fo-ailt (1A) agus (3), an 31 Iúil 2008,”,

(II) i mír (b):

(A) trí “31 Nollaig 2006, nó” a chur in ionad “31 Iúil 2006,” i bhfomhír (ii); agus

(B) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iii) i gcás go mbeidh feidhm ag fo-ailt (1B) agus (3), an 31 Iúil 2008;”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Faoi réir mhíreanna (a) agus (b) d’alt 270(7), beidh feidhm ag an bhfo-alt seo i ndáil le foirgneamh nó déanmhas nó le cuid d’fhoirgneamh nó de dhéanmhas, a fhoirgniú nó a athfheistiú is foirgneamh nó déanmhas a mbeidh a aghaidh ar shráid cháilitheach nó a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach más rud é—

(a) go mbeidh obair déanta ag an duine atá ag foirgniú nó ag athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais nó na coda den fhoirgneamh nó den déanmhas, an 31 Nollaig 2006 nó roimhe, ar obair í ar luach 15 faoin gcéad ar a laghad de chostais foirgnithe iarbhír nó, de réir mar a bheidh, de chostais athfheistithe iarbhír an fhoirgnimh nó an déanmhais nó na coda den fhoirgneamh nó den déanmhas, agus

(b) go mbeidh an duine dá dtagraítear i mír (a) nó, i gcás go ndíolfaidh an duine sin an foirgneamh nó an déanmhas nó an chuid den fhoirgneamh nó den déanmhas, an duine atá ag éileamh asbhainte faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 i ndáil leis an gcaiteachas a tabhaíodh, in ann a thaispeáint gur comhlíonadh an coinníoll i mír (a),

(c) i gcás foirgnimh nó déanmhais, nó i gcás cuid d’fhoirgneamh nó de dhéanmhas, a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach más rud é—

(i) go raibh conradh ceangailteach i scríbhinn ar faoi a rinneadh an caiteachas ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an iostáin saoire a thabhú ar marthain an 31 Iúil 2006 nó roimhe, agus

(ii) go mbeidh cibé coinníollacha eile a shonraítear i rialacháin arna ndéanamh chun críocha na fomhíre seo ag an Aire Airgeadais comhlíonta; ach beidh na coinníollacha sin teoranta dóibh sin is gá chun a chinntiú go gcomhlíontar na dlíthe sin de chuid na gComhphobal Eorpach lena rialaítear cúnamh Stáit nó go gcomhlíontar cinneadh de chuid Choimisiún na gComhphobal Eorpach i dtaobh an bhfuil cúnamh lena mbaineann an fo-alt seo comhréireach leis an gcómhargadh ag féachaint d’Airteagal 87 de Chonradh na gComhphobal Eorpach.”,

(b) in alt 372(1)—

(i) i mír (c):

(I) trí “31 Nollaig 2006, nó” a chur in ionad “31 Iúil 2006”, i bhfomhír (ii); agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iii) i gcás go mbeidh feidhm ag fo-ailt (1A) agus (3) d’alt 372A, an 31 Iúil 2008,”,

(ii) i mír (d):

(I) trí “31 Nollaig 2006, nó” a chur in ionad “31 Iúil 2006.” i bhfomhír (ii); agus

(II) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iii) i gcás go mbeidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3) d’alt 372AL, an 31 Iúil 2008.”,

(c) in alt 372BA(1)—

(i) i mír (bb):

(I) trí “31 Nollaig 2006, nó” a chur in ionad “31 Iúil 2006,” i bhfomhír (ii); agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iii) i gcás go mbeidh feidhm ag fo-ailt (1B) agus (3) d’alt 372A, an 31 Iúil 2008,”,

(ii) i mír (c):

(I) trí “in alt 372AL” a chur in ionad “in alt 372A”;

(II) trí “31 Nollaig 2006, nó” a chur in ionad “31 Iúil 2006.” i bhfomhír (ii); agus

(III) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iii) i gcás go mbeidh feidhm ag fo-ailt (1A) agus (3) d’alt 372AL, an 31 Iúil 2008.”,

(d) in alt 372C, i bhfo-ailt (2) agus (3), trí “Faoi réir fho-alt (4) agus (arna gcur isteach leis an Acht Airgeadais 2006) ailt 270(4), 270(5), 270(6), 270(7) agus 316(2B)” a chur in ionad “Faoi réir fho-alt (4)”, agus

(e) in alt 372D(2)(a), trí “Faoi réir mhír (b), fo-ailt (3) go (5) agus (arna gcur isteach leis an Acht Airgeadais 2006) ailt 270(4), 270(5), 270(6), 270(7) agus 316(2B)” a chur in ionad “Faoi réir mhír (b) agus fho-ailt (3) go (5)”.

(2) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c), tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

(b) Tá feidhm ag míreanna (b)(ii) agus (c)(ii)(II) agus (III) d’fho-alt (1) amhail ar agus ón 1 Eanáir 2006.

(c) Meastar feidhm a bheith ag mír (c)(ii)(I) d’fho-alt (1) amhail ar agus ón 1 Eanáir 2004.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh áitreabh tionscail agus tráchtála i limistéir athnuachana tuaithe.

31 .— (1) Leasaítear Caibidil 8 de Chuid 10 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 372L—

(i) i bhfo-alt (1) sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach”—

(I) i bhfomhír (ii) de mhír (a), trí “31 Nollaig 2006, nó” a chur in ionad “31 Iúil 2006,” agus

(II) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii) de mhír (a):

“(iii) i gcás go mbeidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3), an 31 Iúil 2008;”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Faoi réir mhíreanna (a) agus (b) d’alt 270(7), beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le foirgniú agus athfheistiú foirgnimh nó déanmhais a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar tuaithe cáilitheach más rud é—

(a) go mbeidh obair déanta ag an duine atá ag foirgniú nó ag athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, an 31 Nollaig 2006 nó roimhe, ar obair í ar luach 15 faoin gcéad ar a laghad de chostais foirgnithe iarbhír nó, de réir mar a bheidh, de chostais athfheistithe iarbhír an fhoirgnimh nó an déanmhais,

(b) go mbeidh an duine dá dtagraítear i mír (a) nó, i gcás go ndíolfaidh an duine sin an foirgneamh nó an déanmhas, an duine atá ag éileamh asbhainte faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 i ndáil leis an gcaiteachas a tabhaíodh, in ann a thaispeáint gur comhlíonadh an coinníoll i mír (a),

(c) go raibh conradh ceangailteach i scríbhinn ar faoi a rinneadh caiteachas ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an iostáin saoire a thabhú ar marthain an 31 Iúil 2006 nó roimhe, agus

(d) go mbeidh cibé coinníollacha eile a shonraítear i rialacháin arna ndéanamh chun críocha na fomhíre seo ag an Aire Airgeadais comhlíonta; ach beidh na coinníollacha sin teoranta dóibh sin is gá chun a chinntiú go gcomhlíontar na dlíthe sin de chuid na gComhphobal Eorpach lena rialaítear cúnamh Stáit nó go gcomhlíontar cinneadh de chuid Choimisiún na gComhphobal Eorpach i dtaobh an bhfuil cúnamh lena mbaineann an fo-alt seo comhréireach leis an gcómhargadh ag féachaint d’Airteagal 87 de Chonradh na gComhphobal Eorpach.”,

(b) in alt 372M, i bhfo-ailt (2) agus (3), trí “Faoi réir fho-alt (4) agus (arna gcur isteach leis an Acht Airgeadais 2006) ailt 270(4), 270(5), 270(6), 270(7) agus 316(2B)” a chur in ionad “Faoi réir fho-alt (4)”, agus

(c) in alt 372N(2)(a), trí “Faoi réir mhír (b), fho-ailt (3) go (5) agus (arna gcur isteach leis an Acht Airgeadais 2006) ailt 270(4), 270(5), 270(6), 270(7) agus 316(2B)” a chur in ionad “Faoi réir mhír (b) agus fho-ailt (3) go (5)”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh saoráidí loctha agus marcaíochta agus le haghaidh áitreabh tráchtála gaolmhara.

32 .— (1) Leasaítear Caibidil 9 de Chuid 10 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 372U—

(i) i bhfo-alt (1) sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach”—

(I) i mír (b), trí “an 31 Nollaig 2006, nó” a chur in ionad “an 31 Iúil 2006;” agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) i gcás go mbeidh feidhm ag fo-ailt (1A) agus (3), an 31 Iúil 2008;”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo i ndáil le foirgniú nó athfheistiú foirgnimh nó déanmhais is saoráid loctha agus marcaíochta cháilitheach nó áitreabh cáilitheach (de réir bhrí alt 372W(1)) más rud é—

(a) go mbeidh obair déanta ag an duine atá ag foirgniú nó ag athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, an 31 Nollaig 2006 nó roimhe, ar obair í ar luach 15 faoin gcéad ar a laghad de chostais foirgnithe iarbhír nó, de réir mar a bheidh, de chostais athfheistithe iarbhír an fhoirgnimh nó an déanmhais, agus

(b) go mbeidh an duine dá dtagraítear i mír (a) nó, i gcás go ndíolfaidh an duine sin an foirgneamh nó an déanmhas, an duine atá ag éileamh asbhainte faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 i ndáil leis an gcaiteachas a tabhaíodh, in ann a thaispeáint gur comhlíonadh an coinníoll i mír (a).”,

(b) in alt 372V(1)(a), trí “Faoi réir fho-ailt (2) go (4A) agus (arna gcur isteach leis an Acht Airgeadais 2006) alt 270(4), 270(5), 270(6) agus 316(2B)” a chur in ionad “Faoi réir fho-ailt (2) go (4A)”, agus

(c) in alt 372W(2)(a), trí “Faoi réir mhíreanna (b) agus (c), fho-ailt (3) go (5A) agus (mar a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006) ailt 270(4), 270(5), 270(6) agus 316(2B)” a chur in ionad “Faoi réir mhíreanna (b) agus (c) agus fho-ailt (3) go (5A)”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh áitreabh tionscail agus tráchtála i limistéir athnuachana baile.

33 .— (1) Leasaítear Caibidil 10 de Chuid 10 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 372AA—

(i) i bhfo-alt (1), sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach”—

(I) i mír (b), trí “31 Nollaig 2006, nó” a chur in ionad “an 31 Iúil 2006;” agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) i gcás ina mbeidh feidhm ag fo-ailt (1A) agus (3), an 31 Iúil 2008;”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Faoi réir mhíreanna (a) agus (b) d’alt 270(7), beidh feidhm ag an bhfo-alt seo i ndáil le foirgniú nó le hathfheistiú foirgnimh nó déanmhais nó cuid d’fhoirgneamh nó de dhéanmhas a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach más rud é—

(a) go mbeidh obair is fiú 15 faoin gcéad ar a laghad de chostais iarbhír foirgnithe, nó de réir mar a bheidh, athfheistithe an fhoirgnimh nó an déanmhais nó an chuid den fhoirgneamh nó den déanmhas déanta, an 31 Nollaig 2006, nó roimhe, ag an duine a bheidh ag foirgniú nó ag athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais nó an chuid den fhoirgneamh nó den déanmhas,

(b) gur féidir leis an duine dá dtagraítear i mír (a) nó, i gcás ina ndíolfaidh an duine sin an foirgneamh nó an déanmhas nó an chuid den fhoirgneamh nó den déanmhas, gur féidir leis an duine a bheidh ag éileamh asbhaint faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 i ndáil leis an gcaiteachas a tabhaíodh, a shuíomh gur comhlíonadh an coinníoll i mír (a),

(c) go raibh conradh ceangailteach i scríbhinn ar faoi a rinneadh an caiteachas ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an iostáin saoire a thabhú ar marthain an 31 Iúil 2006 nó roimhe, agus

(d) go mbeidh cibé coinníollacha eile a shonraítear i rialacháin arna ndéanamh chun críocha na fomhíre seo ag an Aire Airgeadais comhlíonta; ach beidh na coinníollacha sin teoranta dóibh sin is gá chun a chinntiú go gcomhlíontar na dlíthe sin de chuid na gComhphobal Eorpach lena rialaítear cúnamh Stáit nó go gcomhlíontar cinneadh de chuid Choimisiún na gComhphobal Eorpach i dtaobh an bhfuil cúnamh lena mbaineann an fo-alt seo comhréireach leis an gcómhargadh ag féachaint d’Airteagal 87 de Chonradh na gComhphobal Eorpach.”,

(b) in alt 372AB(1)(c)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (I):

“(I) i gcás ailt 372AC agus 372AD—

(A) más rud é go mbeidh feidhm ag fo-alt (1A) d’alt 372AA, ní chríochnóidh sí níos déanaí ná an 31 Nollaig 2006, nó

(B) más rud é go mbeidh feidhm ag fo-ailt (1A) agus (3) d’alt 372AA, ní chríochnóidh sí níos déanaí ná an 31 Iúil 2008,

agus”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (II):

“(II) i gcás aon fhorála de Chaibidil 11 den Chuid seo—

(A) más rud é go mbeidh feidhm ag fo-alt (1A) d’alt 372AL, ní chríochnóidh sí níos déanaí ná an 31 Nollaig 2006, nó

(B) más rud é go mbeidh feidhm ag fo-ailt (1A) agus (3) d’alt 372AL, ní chríochnóidh sí níos déanaí ná an 31 Iúil 2008.”,

(c) in alt 372AC, i bhfo-ailt (2) agus (3), trí “Faoi réir alt 372AJ agus (mar a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006) ailt 270(4), 270(5), 270(6), 270(7) agus 316(2B)” a chur in ionad “Faoi réir alt 372AJ”, agus

(d) in alt 372AD(2)(a), trí “Faoi réir mhír (b), fho-ailt (3) agus (4), alt 372AJ agus (mar a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006) ailt 270(4), 270(5), 270(6), 270(7) agus 316(2B)” a chur in ionad “Faoi réir mhír (b), fho-ailt (3) agus (4) agus alt 372AJ”.

(2) (a) Faoi réir mhír (b), tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

(b) Tá feidhm ag fomhír (b)(ii) d’fho-alt (1) amhail ar an agus ón 1 Eanáir, 2006.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh foirgneamh a úsáidtear chun críoch oideachais tríú leibhéal.

34 .— (1) Leasaítear alt 843 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach” trí “31 Nollaig 2006 nó, i gcás ina mbeidh feidhm ag fo-alt (1A), dar críoch an 31 Iúil 2008” a chur in ionad “31 Iúil 2006”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo i ndáil le háitreabh cáilitheach a fhoirgniú más rud é—

(a) go mbeidh obair is fiú 15 faoin gcéad ar a laghad de chostais iarbhír foirgnithe an áitribh cháilithigh déanta, an 31 Nollaig 2006, nó roimhe, ag an duine a bheidh ag foirgniú an áitribh cháilithigh, agus

(b) gur féidir leis an duine dá dtagraítear i mír (a) nó, i gcás ina ndíolfaidh an duine sin an foirgneamh cáilitheach, gur féidir leis an duine a bheidh ag éileamh asbhaint faoi Chuid 9 i ndáil leis an gcaiteachas a tabhaíodh, a shuíomh gur comhlíonadh an coinníoll i mír (a).”,

agus

(c) i bhfo-alt (2), trí “Faoi réir fho-ailt (2A) go (7) agus (mar a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006) ailt 270(4), 270(5), 270(6) agus 316(2B)” a chur in ionad “Faoi réir fho-ailt (2A) go (7)”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh ospidéal príobháideach cáilitheach.

35 .— (1) Leasaítear Caibidil 1 de Chuid 9 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 268(2A) sa mhíniú ar “ospidéal cáilitheach”—

(i) trí “(de réir bhrí na Rialachán Tobac (Cur Chun Cinn agus Cosaint Sláinte), 1995 (I.R. Uimh. 359 de 1995))” a scriosadh,

(ii) i mír (f)—

(I) i bhfomhír (xiii), trí “agus” a scriosadh,

(II) i bhfomhír (xiv), trí “agus” a chur isteach i ndiaidh “péidiatraiceacha,” agus

(III) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (xiv):

“(xv) seirbhísí meabhair-shláinte (de réir bhrí an Achta Meabhair-Shláinte 2001),”,

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (f):

“(fa) i gcás foirgnimh nó déanmhais—

(i) a úsáidfear den chéad uair an1 Feabhra 2007 nó dá éis, nó

(ii) más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, a úsáidfear, tar éis an caiteachas sin a thabhú, den chéad uair an 1 Feabhra 2007 nó dá éis,

a sholáthraíonn sonraí iomchuí d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, lena dtarchur ar aghaidh chuig an Aire Sláinte agus Leanaí agus chuig an Aire Airgeadais, i ndáil leis an méid seo a leanas—

(I) an méid caiteachais chaipitiúil a tabhaíodh iarbhír ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais,

(II) líon agus cineál na n-infheisteoirí atá ag infheistiú san fhoirgneamh nó sa déanmhas,

(III) an méid a infheisteoidh gach infheisteoir, agus

(IV) cineál na struchtúr atá á mbunú chun an infheistíocht san fhoirgneamh nó sa déanmhas a éascú,

mar aon le cibé faisnéis eile a shonróidh an tAire Airgeadais, i gcomhairle leis an Aire Sláinte agus Leanaí, gur faisnéis í a bheidh ina cabhair le linn na costais, lena n-áirítear costais státchiste ach gan a bheith teoranta dóibh sin, agus na sochair a eascraíonn as faoiseamh cánach a oibriú faoin gCuid seo le haghaidh ospidéal cáilitheach a mheas,”,

(iv) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (h):

“(h) a dtugann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, i gcomhairle leis an Aire Sláinte agus Leanaí agus le toiliú an Aire Airgeadais, deimhniú bliantúil i scríbhinn ina leith le linn na tréimhse—

(i) 10 mbliana dar tosach an tráth dá dtagraítear in alt 272(4)(ga)(i), nó

(ii) maidir le foirgneamh nó déanmhas a úsáidfear den chéad uair an 1 Feabhra 2007, nó dá éis, 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, nó

(iii) más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais agus, tar éis an caiteachas sin a thabhú, go n-úsáidfear an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair an 1 Feabhra 2007, nó dá éis, 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú,

á rá gur deimhin léi go gcomhlíonann an t-ospidéal na coinníollacha a luaitear i míreanna (a), (c), (d), (e), (f), (fa) agus (g),”,

agus

(v) i mír (I) trí “faoi réir mhír (II),” a chur isteach roimh “folaíonn sé”,

(b) in alt 272(4)—

(i) trí “agus” a scriosadh ag deireadh mhír (g),

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (g):

“(ga) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó mar dhéanmhas tionscail de réir bhrí mhír (j) d’alt 268(1)—

(i) 7 mbliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, nó

(ii) maidir le foirgneamh nó déanmhas a úsáidfear den chéad uair an 1 Feabhra 2007, nó dá éis, 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, nó

(iii) más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais agus, tar éis an caiteachas sin a thabhú, gon-úsáidfear an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair an 1 Feabhra 2007, nó dá éis, 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú,

agus”,

agus

(iii) i mír (h) trí “(j) nó” a scriosadh,

agus

(c) in alt 274(1)(b)—

(i) trí “agus” a scriosadh i ndeireadh fho-alt (vi),

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (vi):

“(via) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí mhír (j) d’alt 268(1)—

(I) 10 mbliana tar éis an trátha a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas chéad uair, nó

(II) maidir le foirgneamh nó déanmhas a úsáidfear den chéad uair an 1 Feabhra 2007 nó dá éis, 15 bliana tar éis an trátha a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, nó

(III) más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais agus, tar éis an caiteachas sin a thabhú, go n-úsáidfear an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair an 1 Feabhra 2007 nó dá éis, 15 bliana tar éis an trátha a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú,

agus”,

agus

(iii) i bhfomhír (vii)—

(I) trí “(j) nó” a scriosadh, agus

(II) trí “10 mbliana, tar éis an trátha” a chur in ionad “10 mbliana, dar tosach an tráth”.

(2) (a) Meastar feidhm a bheith ag mír (a)(i) dfho-alt (1) amhail ar an agus ón 29 Márta 2004.

(b) Tá feidhm ag mír (a)(ii) d’fho-alt (1) i leith caiteachais chaipitiúil a thabhófar an 1 Eanáir 2006 nó dá éis.

(c) Meastar feidhm a bheith ag mír (c)(iii) (II) d’fho-alt (1) amhail ar an agus ón 15 Bealtaine 2002.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh ionad meabhair-shláinte cáilitheach.

36 .— (1) Leasaítear Caibidil 1 de Chuid 9 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 268—

(i) i bhfo-alt (1)—

(I) trí “nó” a scriosadh san áit dheireanach a bhfuil sé i mír (j) agus trí “cháilithigh, nó” a chur in ionad “cháilithigh” i mír (k), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (k):

“(l) chun críocha trádála arb éard atá inti oibriú nó bainistiú ionaid meabhair-shláinte cháilithigh,”,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1B):

“(1C) San alt seo ciallaíonn ‘ionad meabhair-shláinte cáilitheach’ ionad (de réir bhrí alt 62 den Acht Meabhair- Shláinte 2001)—

(a) is ionad ceadaithe chun críocha an Achta Meabhair-Shláinte 2001,

(b) a bhfuil an acmhainn ann chun seirbhísí d’othair lae agus d’othair sheachtracha a sholáthar agus cóiríocht a sholáthar de mhéid nach lú ná 20 leaba ar bhonn thar oíche d’othair chónaithe,

(c) a sholáthraíonn sonraí iomchuí d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, lena dtarchur ar aghaidh chuig an Aire Sláinte agus Leanaí agus chuig an Aire Airgeadais, i ndáil leis an méid seo a leanas—

(i) méid an chaiteachais chaipitiúil a tabhaíodh iarbhír ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an ionaid,

(ii) líon agus cineál na n-infheisteoirí atá ag infheistiú san ionad,

(iii) an méid a infheisteoidh gach infheisteoir, agus

(iv) cineál na struchtúr atá á mbunú chun an infheistíocht san ionad a éascú,

mar aon le cibé faisnéis eile a shonróidh an tAire Airgeadais, i gcomhairle leis an Aire Sláinte agus Leanaí, ar faisnéis í a bheidh ina cabhair le linn na costais, lena n-áirítear costais státchiste ach gan a bheith teoranta dóibh sin, agus na sochair a eascraíonn as faoiseamh cánach a oibriú faoin gCuid seo i le haghaidh ionad meabhair-shláinte cáilitheach a mheas,

(d) a gheallann d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte—

(i) go gcuirfidh sé méid nach lú ná 20 faoin gcéad dá acmhainn ar fáil go bliantúil, chun cóireáil a chur ar dhaoine atá ag fanacht mar othair phoiblí le seirbhísí d’othair lae, d’othair chónaithe nó d’othair sheachtracha, faoi réir ceanglas seirbhíse a shonróidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte roimh ré agus faoi réir an choinníll nach gceanglófar le haon ní san fhomhír seo ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an acmhainn iomlán, nó aon chuid den acmhainn, a chuirfidh an t-ionad ar fáil d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, a ghlacadh, agus

(ii) i ndáil leis na táillí a mhuirearófar i leith na cóireála a chuirfear ar fáil d’aon duine den sórt sin, nach mó na táillí sin ná 90 faoin gcéad de na táillí a mhuirearófaí i leith cóireála den tsamhail chéanna arna cur ar fáil do dhuine a bhfuil árachas liachta príobháideach aige nó aici,

agus

(e) a dtugann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, i gcomhairle leis an Aire Sláinte agus Leanaí agus le toiliú an Aire Airgeadais, deimhniú bliantúil i scríbhinn ina leith le linn na tréimhse—

(i) 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an t-ionad den chéad uair, nó

(ii) más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an ionaid, 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an t-ionad den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú,

á rá gur deimhin léi go gcomhlíonann an t-ionad na coinníollacha a luaitear i míreanna (a), (b), (c) agus (d),

agus—

(I) faoi réir mhír (II), folaíonn sé aon chuid den ionad arb é atá inti seomraí a úsáidtear go heisiach chun measúnacht a dhéanamh ar othair nó cóireáil a chur orthu, ach

(II) ní fholaíonn sé aon chuid den ionad arb é atá inti seomraí nó oifigí sainchomhairleoirí.

(1D) I gcás ina mbeidh an leas iomchuí i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ar fhoirgniú foirgnimh nó déanmhais atá in úsáid chun na gcríoch a shonraítear i bhfo-alt (1)(l) ar seilbh—

(a) ag cuideachta,

(b) ag iontaobhaithe iontaobhais,

(c) ag pearsa aonair a bhfuil baint aige nó aici le hoibriú nó le bainistiú an ionaid lena mbaineann mar fhostaí nó mar stiúrthóir nó in aon cháil eile, nó

(d) ag forbróir maoine (de réir bhrí alt 372A), i gcás inar thabhaigh an forbróir maoine sin nó duine atá bainteach leis an bhforbróir maoine sin an caiteachas caipitiúil ar fhoirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais sin,

ansin, d’ainneoin an fho-ailt sin, ní mheasfar gur foirgneamh nó déanmhas tionscail, chun críocha na Coda seo, an foirgneamh nó an déanmhas sin maidir le héileamh ar aon liúntas faoin gCuid seo ag aon duine den sórt sin, is cuma cé acu a bheidh an leas iomchuí sin ar seilbh ag an duine dá dtagraítear i mír (a), (b), (c) nó (d), de réir mar a bheidh, i gcáil aonair nó i gcomhar nó i gcomhpháirtíocht le duine nó le daoine eile.”,

agus

(iii) i bhfo-alt (9)—

(I) trí “agus” a scriosadh i ndeireadh mhír (g) agus trí “2008, agus” a chur in ionad “2008.” i mír (h) (arna leasú leis an Acht Airgeadais 2006), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (h):

“(i) faoi threoir mhír (l), maidir le caiteachas caipitiúil arna thabhú an dáta a thiocfaidh alt 36 den Acht Airgeadais 2006 i ngníomh, nó dá éis.”,

(b) in alt 272—

(i) i bhfo-alt (3)—

(I) trí “agus” a scriosadh i ndeireadh mhír (g) agus trí “i bhfo-alt (2)(c), agus” a chur in ionad “i bhfo-alt (2)(c),” i mír (h), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (h):

“(i) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí mhír (l) d’alt 268(1), le 15 faoin gcéad den chaiteachas dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(c).”,

agus

(ii) i bhfo-alt (4)—

(I) trí “agus” a scriosadh i ndeireadh mhír (ga) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006) agus trí “den chéad uair, agus” a chur in ionad “den chéad uair.” i mír (h), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (h):

“(i) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí mhír (l) d’alt 268(1)—

(I) 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, nó

(II) más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú.”,

agus

(c) in alt 274(1)(b)—

(i) trí “agus” a scriosadh i ndeireadh fhomhír (via) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006) agus trí “den chéad uair, agus” a chur in ionad “den chéad uair.” i bhfomhír (vii), agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (vii):

“(viii) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí mhír (l) d’alt 268(1)—

(I) 15 bliana tar éis an trátha a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, nó

(II) más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, 15 bliana tar éis an trátha a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh tithe téarnaimh, tithe banaltrais cláraithe agus aonad cónaithe cáilitheach.

37 .— Leasaítear Caibidil 1 de Chuid 9 den Phríomh-Acht—

“(a) in alt 268(3A), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (d):

“(d) (i) atá léasaithe le duine nó le daoine atá deimhnithe, ag duine atá cláraithe sa chlár a bunaíodh faoi alt 26 d’Acht na Liachleachtóirí Ginearálta 1978, mar dhuine nó mar dhaoine óna dteastaíonn cóiríocht den sórt sin mar gheall ar sheanaois nó easláinte, nó

(ii) atá léasaithe leis an teach banaltrais cláraithe ar choinníoll go ndéanfar é a léasú ina dhiaidh sin le duine nó le daoine dá dtagraítear i bhfomhír (i) agus ar teach é nach n-úsáideann an duine nó na daoine sin chun aon chríche eile ina dhiaidh sin.”,

(b) in alt 268(3B), trí “sa tréimhse dar tosach an 25 Márta 2002 agus dar críoch an 31 Iúil 2008” a chur in ionad “sa tréimhse 5 bliana dar tosach dáta rite an Achta Airgeadais 2002”,

(c) in alt 272(4), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (f):

“(f) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí mhír (g) nó (i) d’alt 268(1)—

(i) 7 mbliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, nó

(ii) maidir le foirgneamh nó déanmhas a úsáidfear den chéad uair an 1 Feabhra 2007 nó dá éis, 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, nó

(iii) más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais agus, tar éis an caiteachas sin a thabhú, go n-úsáidfear an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair an 1 Feabhra 2007 nó dá éis, 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú,”,

agus

(d) in alt 274(1)(b)—

(i) i bhfomhír (ii), trí “de réir mhír (c) nó (e)” a chur in ionad “de réir mhír (c), (e), (g) nó (i)”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii);

“(iia) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de réir bhrí mhír (g) nó (i) d’alt 268(1)—

(I) 10 mbliana tar éis an trátha a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, nó

(II) maidir le foirgneamh nó déanmhas a úsáidfear den chéad uair an 1 Feabhra 2007 nó dá éis, 15 bliana tar éis an trátha a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, nó

(III) más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais agus, tar éis an caiteachas sin a thabhú, go n-úsáidfear an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair an 1 Feabhra 2007 nó dá éis, 15 bliana tar éis an trátha a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú,”.

Liúntais chaipitiúla le haghaidh foirgneamh a úsáidtear chun críocha áirithe cúraim leanaí.

38 .— Leasaítear alt 843A den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (3)—

(i) trí “agus” a scriosadh i ndeireadh mhír (a), agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) faoi réir mhír (c), amhail is dá mba thagairt do 7 mbliana an tagairt i bhfo-alt (4)(a)(ii) den alt sin do 25 bliana, agus

(c) i gcás áitribh cháilithigh—

(i) a úsáidfear den chéad uair an 1 Feabhra 2007 nó dá éis, nó

(ii) más rud é go dtabhaítear caiteachas cáilitheach ar athfheistiú nó ar athchóiriú an áitribh cháilithigh, a úsáidfear, tar éis an caiteachas sin a thabhú, den chéad uair an 1 Feabhra 2007 nó dá éis,

amhail is dá gcuirfí an méid seo a leanas in ionad fhomhír (ii) i bhfo-alt (4)(a) den alt sin:

“(ii) 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair, nó más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú nó ar athchóiriú an fhoirgnimh nó an déanmhais, 15 bliana dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas den chéad uair tar éis an caiteachas sin a thabhú.”,

(b) i bhfo-alt (4), trí “, ach faoi réir fho-alt (4A)” a chur isteach i ndiaidh “alt 274(1)”, agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) I gcás áitribh cháilithigh lena mbaineann fomhír (i) nó (ii) d’fho-alt (3)(c), ansin d’ainneoin alt 274(1), ní dhéanfar aon liúntas cothromaíochta a thabhairt ná aon mhuirear cothromaíochta a ghearradh i ndáil le háitreabh cáilitheach mar gheall ar aon teagmhas dá dtagraítear san alt sin agus a tharlaíonn—

(a) i gcás ina bhfuil feidhm ag fomhír (i) d’fho-alt (3)(c), níos mó ná 15 bliana tar éis ant-áitreabh cáilitheach a úsáid den chéad uair, nó

(b) i gcás ina bhfuil feidhm ag fomhír (ii) d’fho-alt (3)(c), níos mó ná 15 bliana tar éis ant-áitreabh cáilitheach a úsáid den chéad uair i ndiaidh an caiteachas cáilitheach ar athfheistiú nó ar athchóiriú an áitribh cháilithigh a thabhú.”.

Liúntais chothromaíochta agus muirir chothromaíochta le haghaidh foirgneamh agus déanmhas áirithe.

39 .— (1) Leasaítear Cuid 9 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 274—

(i) i bhfo-alt (1)(b), trí “D’ainneoin mhír (a) agus fho-alt (2A)(b)” a chur in ionad “D’ainneoin mhír (a)”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2)—

“(2A) (a) San fho-alt seo ciallaíonn ‘saoráid iomchuí’ foirgneamh nó déanmhas—

(i) atá in úsáid chun críocha trádála dá dtagraítear i mír (g) d’alt 268(1),

(ii) atá in úsáid mar aonad cónaithe cáilitheach (de réir bhrí alt 268(3A)) a meastar, de bhua alt 268(3B), gur foirgneamh nó déanmhas dá dtagraítear i bhfomhír (i) é,

(iii) atá in úsáid chun críocha trádála dá dtagraítear i mír (i) d’alt 268(1),

(iv) atá in úsáid chun críocha trádála dá dtagraítear i mír (j) d’alt 268(1),

(v) atá in úsáid chun críocha trádála dá dtagraítear i mír (l) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006) d’alt 268(1), nó

(vi) is áitreabh cáilitheach (de réir bhrí alt 843A(1)) atá in úsáid chun an tseirbhís nó na seirbhísí dá dtagraítear i mír (b) den mhíniú ar ‘áitreabh cáilitheach’ san alt sin a sholáthar.

(b) Más rud é—

(i) gur saoráid iomchuí foirgneamh nó déanmhas lena mbaineann fomhír (i), (ii), (iii), (iv), (v) nó (vi) de mhír (a),

(ii) gur tugadh liúntas faoin gCaibidil seo maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, agus

(iii) go scoirfidh an foirgneamh nó an déanmhas lena mbaineann de bheith ina shaoráid iomchuí,

ansin, faoi réir mhír (c), déileálfar leis an scor sin mar theagmhas is cúis le muirear cothromaíochta faoin alt seo agus gearrfar an muirear cothromaíochta sin ar an duine a mbeidh teideal aige nó aici chuig an leas iomchuí san fhoirgneamh nó sa déanmhas lena mbaineann díreach roimh an teagmhas sin tarlú, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an teagmhas sin.

(c) Ní bheidh feidhm ag mír (b), más rud é, laistigh de 6 mhí den scor dá dtagraítear i bhfomhír (iii) den mhír sin, gur saoráid iomchuí athuair an foirgneamh nó an déanmhas lena mbaineann de bhua aon fhomhír de mhír (a) a chur chun feidhme, seachas an fhomhír ar dá bua a déileáladh roimhe sin leis an bhfoirgneamh nó leis an déanmhas mar shaoráid iomchuí.”,

agus

(b) in alt 318—

(i) i mír (c), trí “agus” a scriosadh ag deireadh na míre sin,

(ii) i mír (d), trí “suimeanna caipitiúla, agus” a chur in ionad “suimeanna caipitiúla.”, agus

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach in ndiaidh mhír (d):

“(e) i gcás inar scor dá dtagraítear in alt 274(2A)(b) an teagmhas, comhiomlán na nithe seo a leanas—

(i) iarmhar an chaiteachais (de réir bhrí alt 277) a tabhaíodh ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais díreach roimh an teagmhas sin, agus

(ii) na liúntais a tugadh faoi Chaibidil 1 den Chuid seo i leith an chaiteachais chaipitiúil a tabhaíodh ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais.”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le foirgneamh nó déanmhas—

(a) a úsáidfear den chéad uair an 1 Eanáir 2006 nó dá éis, nó

(b) más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, a úsáidfear, tar éis an caiteachas sin a thabhú, den chéad uair an 1 Eanáir 2006 nó dá éis.

Leasú ar alt 812 (cánachas ar ioncam a mheastar a éiríonn as aistrithe cirt chun ús a fháil ó urrúis) den Phríomh-Acht.

40 .— (1) Leasaítear alt 812 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (2)(a)—

(i) trí “agus” a chur isteach ag deireadh fhomhír (ii), agus

(ii) trí fhomhír (iii) a scriosadh,

agus

(b) trí fho-alt (2)(b) a scriosadh.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le díol, aistriú nó réadú eile, an 7 Márta 2006 nó dá éis, i leith an chirt chun aon ús a fháil (de réir bhrí alt 812) ar ús é is iníoctha i leith aon urrús (de réir bhrí an ailt sin).

Leasú ar Chuid 36A (cuntais dreasachta coigiltis speisialta) den Phríomh-Acht.

41 .— (1) Leasaítear Cuid 36A den Phríomh-Acht in alt 848H tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Más rud é go ndéileálfar le cuntas dreasachta coigiltis speisialta mar chuntas atá ag aibiú agus go n-éileoidh an phearsa aonair cháilitheach amhlaidh chun críocha Chuid 36B, eiseoidh an bainisteoir coigiltis cháilithigh ‘ráiteas aibíochta’ don phearsa aonair cháilitheach i ndáil leis an gcuntas, ar ráiteas é ina sonrófar na nithe seo a leanas—

(a) ainm agus seoladh na pearsan aonair cáilithí,

(b) Uimhir PSP na pearsan aonair cáilithí,

(c) an dáta aibíochta i ndáil leis an gcuntas, arb é an dáta é ar déileáladh leis an gcuntas mar chuntas a bhí ag aibiú,

(d) na cistí comhlána i ndáil leis an gcuntas, arb éard iad luach na sócmhainní sa chuntas díreach roimh an dáta aibíochta,

(e) an cháin aibíochta i ndáil leis an gcuntas, arb éard í an dliteanas i leith cánach ar ghnóchain a measfar a fhabhróidh chuig an gcuntas ar an dáta aibíochta,

(f) na glanchistí i ndáil leis an gcuntas, arb éard iad luach na sócmhainní a bheidh fágtha sa chuntas díreach tar éis an dáta aibíochta agus na cánach aibíochta a bheidh urscaoilte, agus

(g) ainm agus seoladh an bhainisteora cháilithigh coigiltis.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo amhail ar an agus ón 2 Feabhra 2006.

Pinsin: creidmheasanna cánach dreasachta.

42 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid 36A:

“CUID 36B

Pinsin: creidmheasanna cánach dreasachta

Léiriú (Cuid 36B).

848V.— Sa Chuid seo—

tá le ‘ranníocaí saorálacha breise’ agus ‘scéim sochar scoir’, faoi seach, na bríonna a shanntar dóibh in alt 770;

ciallaíonn ‘riarthóir’, faoi réir alt 848AD—

(a) i gcás CCSP, riarthóir CCSP,

(b) i gcás scéime sochar scoir, riarthóir de réir bhrí alt 770, agus

(c) i gcás conartha blianachta, duine a luaitear in alt 784 a mbeidh gnó á sheoladh go dleathach aige nó aici ag deonú blianachtaí ar shaol daoine, lena n-áirítear an duine a luaitear in alt 784(4A)(ii);

ciallaíonn ‘conradh blianachta’ conradh blianachta nó scéim iontaobhais nó cuid de scéim iontaobhais a bheidh ceadaithe de thuras na huaire ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 784;

tá le ‘cistí comhlána’, ‘dáta aibíochta’, ‘ráiteas aibíochta’, ‘cáin aibíochta’ agus ‘glanchistí’, i ndáil le cuntas dreasachta coigiltis speisialta, faoi seach, na bríonna a shanntar dóibh in alt 848H(5);

ciallaíonn ‘ioncam comhlán’ i ndáil le pearsa aonair do bhliain mheasúnachta, comhiomlán—

(a) ioncam na pearsan aonair ó gach bunadh don bhliain mheasúnachta sula ndéanfar aon laghdú ón ioncam sin i leith liúntas, caillteanas, asbhaintí agus faoiseamh eile, lena n-áirítear laghduithe de bhua ailt 372AP, 372AR agus 372AU agus, seachas i gcás ina dtugtar na liúntais sin le linn trádáil a bheith á cur faoi cháin, liúntais faoi Chuid 9, agus

(b) an mhéid ioncaim don bhliain mheasúnachta atá díolmhaithe ó cháin faoi na hAchtanna Cánach;

ciallaíonn ‘Uimhir PSP’ i ndáil le pearsa aonair, Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí na pearsan aonair de réir bhrí alt 262 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005;

tá le ‘riarthóir CCSP’ agus ‘ranníoc CCSP’, faoi seach, na bríonna a shanntar dóibh i gCaibidil 2A de Chuid 30;

tá le ‘cuntas dreasachta coigiltis speisialta’ an bhrí a shanntar dó in alt 848C agus forléireofar ‘cuntas’ dá réir sin.

Cistí a aistriú ar an CDCS d’aibiú.

848W.— Tá feidhm ag an gCuid seo maidir le pearsa aonair—

(a) nach mó ná €50,000 a ioncam nó a hioncam comhlán, don bhliain mheasúnachta (dá ngairtear ‘an bhliain roimhe sin’ san alt seo) díreach roimh an mbliain mheasúnachta ina mbeidh dáta aibíochta chuntas dreasachta coigiltis speisialta na pearsan aonair, agus

(b) nach mbeidh aon chuid dá ioncam nó dá hioncam inchánach don bhliain roimhe sin inmhuirearaithe i leith cánach de réir an ráta is airde, nó i gcás pearsan aonair atá pósta, nach mbeadh aon chuid dá ioncam nó dá hioncam inchánach don bhliain sin inmhuirearaithe amhlaidh, dá mba rud é, i gcás nach amhlaidh atá an cás, go ndearna an phearsa aonair iarratas faoi alt 1023 agus go raibh éifeacht leis an iarratas sin don bhliain sin,

agus—

(i) laistigh den tréimhse 3 mhí dar tosach an dáta aibíochta—

(I) a thabharfaidh a ráiteas aibíochta do riarthóir, agus

(II) a shuibscríobhfaidh méid (dá ngairtear ‘suibscríobh pinsin’ sa Chuid seo) a bheidh ar cóimhéid leis na glanchistí go léir, nó le cuid de na glanchistí, i ndáil lena chuntas nó lena cuntas dreasachta coigiltis speisialta, chuig an riarthóir—

(A) mar ranníoc saorálach breise,

(B) mar ranníoc CCSP, nó

(C) mar phréimh faoi chonradh blianachta,

(ii) a dhéanfaidh dearbhú de chineál dá dtagraítear in alt 848X,

(iii) nach ndéanfaidh éileamh, faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach, ar asbhaint chun críocha cánach ioncaim i leith an tsuibscríofa pinsin seachas i leith an méid ar mó é ná €7,500, an creidmheas cánach i ndáil leis an suibscríobh pinsin nó an creidmheas cánach breise, agus

(iv) nach laghdóidh aon mhéid a cheanglaítear air nó uirthi a íoc, sa bhliain a thiocfaidh sé nó sí chun bheith i dteideal go gcreidiúnófar creidmheasanna cánach dó nó di faoi alt 848Y, faoi scéim sochar scoir, nó mar ranníoc CCSP nó mar phréimh faoi chonradh blianachta.

Dearbhú.

848X.— Maidir leis an dearbhú, dá dtagraítear in alt 848W, is dearbhú i scríbhinn é arna dhéanamh ag pearsa aonair chuig riarthóir—

(a) a dhéanfaidh agus a shíneoidh an phearsa aonair,

(b) a dhéanfar i cibé foirm—

(i) a fhorordóidh nó a údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim, agus

(ii) ina mbeidh tagairt don chion arb éard é dearbhú bréagach a dhéanamh faoi alt 848AF,

(c) ina mbeidh na sonraí seo a leanas i dtaobh na pearsan aonair—

(i) a ainm nó a hainm,

(ii) seoladh a bhuanáite nó a buanáite cónaithe,

(iii) a uimhir nó a huimhir PSP

(iv) a dháta nó a dáta breithe, agus

(v) méid a shuibscríofa nó a suibscríofa pinsin,

agus

(d) a ndearbhófar ann—

(i) nach mó ná €50,000 ioncam comhlán na pearsan aonair don bhliain mheasúnachta díreach roimh an mbliain mheasúnachta ina mbeidh dáta aibíochta a chuntais nó a cuntais dreasachta coigiltis speisialta,

(ii) nach bhfuil aon chuid d’ioncam inchánach na pearsan aonair don bhliain roimhe sin inmhuirearaithe i leith cánach de réir an ráta is airde nó, i gcás pearsan aonair atá pósta, nach mbeadh aon chuid d’ioncam inchánach na pearsan aonair don bhliain sin inmhuirearaithe amhlaidh dá mba rud é, i gcás nach amhlaidh atá an cás, go ndearna an phearsa aonair iarratas faoi alt 1023 agus go raibh éifeacht leis an iarratas sin don bhliain sin,

(iii) nach ndéanfaidh an phearsa aonair éileamh faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach, ar asbhaint chun críocha cánach ioncaim i leith an tsuibscríofa pinsin seachas i leith an méid ar mó é ná €7,500, an creidmheas cánach i ndáil leis an suibscríobh pinsin nó an creidmheas cánach breise, agus

(iv) nach ndearna agus nach ndéanfaidh an phearsa aonair aon mhéid a laghdú a cheanglaítear air nó uirthi a íoc, sa bhliain a thiocfaidh sé nó sí chun bheith i dteideal go gcreidiúnófar creidmheasanna cánach dó nó di faoi alt 848Y, faoi scéim sochar scoir, nó mar ranníoc CCSP nó mar phréimh faoi chonradh blianachta.

Teideal chun creidmheasa cánach pinsin.

848Y.— I gcás ina mbeidh dearbhú de chineál dá dtagraítear in alt 848X déanta ag pearsa aonair, agus ina mbeidh ráiteas aibíochta agus suibscríobh pinsin tugtha aige nó aici don riarthóir, maidir leis an bpearsa aonair, nuair a bheidh an suibscríobh pinsin neamh-inchúlghairthe—

(a) faoi réir na Coda seo, déileálfar leis nó léi chun críocha na nAchtanna Cánach mar phearsa aonair a d’íoc méid comhiomlánaithe leis an riarthóir, ar méid é, tar éis cáin ioncam a asbhaint de réir ráta 25 faoin gcéad, lena bhfágtar méid an tsuibscríofa pinsin, agus

(b) faoi réir alt 848Z, beidh sé nó sí i dteideal go gcreidiúnófar dó nó di, de réir fhorálacha na Coda seo agus ní faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach, an méid cánach ioncaim (dá ngairtear ‘an creidmheas cánach’ sa Chuid seo, i ndáil leis an suibscríobh pinsin) a ndéileáiltear leis mar mhéid a asbhaineadh amhlaidh.

Creidmheasanna cánach.

848Z.— (1) Ní mó ná €2,500 creidmheas cánach i ndáil le suibscríobh pinsin.

(2) Maidir le pearsa aonair a bheidh i dteideal creidmheasa cánach i ndáil lena shuibscríobh pinsin nó lena suibscríobh pinsin, beidh sé nó sí i dteideal go gcreidiúnófar dó nó di, de réir fhorálacha na Coda seo agus ní faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach, méid breise (dá ngairtear ‘creidmheas cánach breise’ sa Chuid seo).

(3) Déanfar méid an chreidmheasa cánach breise a chinneadh de réir na foirmle—

A x C

B

i gcás—

gurb é A an cháin aibíochta i ndáil le cuntas na pearsan aonair,

gurb é B na glanchistí, i ndáil le cuntas na pearsan aonair, agus

gurb é C méid an tsuibscríofa pinsin.

Creidmheasanna cánach a íoc.

848AA.— I gcás ina dtiocfaidh pearsa aonair chun bheith i dteideal creidmheasa cánach, i ndáil lena shuibscríobh pinsin nó lena suibscríobh pinsin, agus i dteideal creidmheasa cánach breise, agus ina gcomhlíonfaidh an riarthóir alt 848AB—

(a) déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir an ailt sin, an creidmheas cánach agus an creidmheas cánach breise a íoc leis an riarthóir,

(b) déileálfaidh an riarthóir láithreach leis na creidmheasanna cánach sin, ar iad a fháil, mar ranníoc saorálach breise, mar ranníoc CCSP, nó de réir mar a bheidh, mar phréimh faoi chonradh blianachta, arna dhéanamh nó arna déanamh ag an bpearsa aonair, agus

(c) chun críocha aon éilimh ón bpearsa aonair ar fhaoiseamh faoi Chaibidlí 1, 2, 2A agus 2B de Chuid 30, déanfar neamhshuim den suibscríobh pinsin a mhéid nach mó ná €7,500 é agus de mhéid na gcreidmheasanna cánach sin.

Tuairisceán míosúil.

848AB.— Tabharfaidh riarthóir atá nó a bhí cláraithe de réir alt 848AD, laistigh de 15 lá ó dheireadh gach míosa, tuairisceán (lena n-áirítear, más amhlaidh atá an cás, tuairisceán nialais) do na Coimisinéirí Ioncaim—

(a) ina sonrófar i leith na bpearsan aonair go léir a tháinig, faoin gCuid seo, sa mhí roimhe sin chun bheith i dteideal creidmheasanna cánach a chreidiúnú dóibh—

(i) méid comhiomlán na gcreidmheasanna cánach i ndáil le suibscríobhanna pinsin,

(ii) méid comhiomlán na gcreidmheasanna cánach breise, agus

(iii) an líon suibscríobhanna pinsin lena mbaineann, ag idirdhealú idir ranníocaí saorálacha breise, ranníocaí CCSP agus préimheanna faoi chonradh blianachta,

agus

(b) ina mbeidh dearbhú i bhfoirm a fhorordóidh nó a údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír (a) ceart, de réir mar is fearr is eol don riarthóir agus mar a chreideann sé nó sí.

Tuairisceáin eile.

848AC.— Déanfaidh riarthóir atá nó a bhí cláraithe de réir alt 848AD, maidir le gach ceann de na tréimhsí 4 mhí dar críoch an 30 Meán Fómhair 2006, an 31 Eanáir 2007, an 31 Bealtaine 2007 agus an 30 Meán Fómhair 2007, an 28ú lá den mhí tar éis dheireadh na tréimhse, nó roimhe, tuairisceán a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim (lena n-áirítear, más amhlaidh atá an cás, tuairisceán nialais) ina sonrófar—

(a) i leith gach pearsan aonair dár éilíodh creidmheasanna cánach sa tréimhse—

(i) ainm na pearsan aonair,

(ii) seoladh na pearsan aonair,

(iii) Uimhir PSP na pearsan aonair,

(iv) an dáta aibíochta i ndáil le cuntas dreasachta coigiltis speisialta na pearsan aonair,

(v) na cistí comhlána i ndáil leis an gcuntas,

(vi) na glanchistí i ndáil leis an gcuntas,

(vii) an cháin aibíochta i ndáil leis an gcuntas,

(viii) méid an tsuibscríofa pinsin,

(ix) méid an chreidmheasa cánach i ndáil leis an suibscríobh pinsin a éilíodh agus a íocadh,

(x) méid an chreidmheasa cánach breise a éilíodh agus a íocadh, agus

(xi) cibé acu a déileáladh leis na creidmheasanna cánach mar ranníoc saorálach breise, mar ranníoc CCSP nó mar phréimh faoi chonradh blianachta,

agus

(b) i ndáil le creidmheasanna cánach arna n-éileamh sa tréimhse—

(i) méid iomlán na gcreidmheasanna cánach, i ndáil le suibscríobhanna pinsin, agus

(ii) méid iomlán na gcreidmheasanna cánach breise.

Riarthóirí a chlárú agus a iniúchadh.

848AD.— (1) Ní fhéadfaidh duine a bheith ina riarthóir chun críocha na Coda seo mura mbeidh an duine ar áireamh i gclár a choinneoidh na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha na Coda seo.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim—

(a) na tuairisceáin a thabharfaidh riarthóirí faoi ailt 848AB agus 848AC a iniúchadh, agus

(b) na nósanna imeachta a bhunóidh an riarthóir a scrúdú chun a chinntiú go bhfuil na tuairisceáin ceart.

Rialacháin (Cuid 36B).

848AE.— (1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh ina mbeidh foráil ghinearálta maidir le riaradh na Coda seo agus, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, féadfaidh foráil a bheith sna rialacháin sin—

(a) maidir leis an tslí ina gclárófar riarthóir faoi alt 848AD,

(b) maidir leis an tslí ina dtabharfar tuairisceán faoi alt 848AB, agus conas a cheartófar earráidí i dtuairisceán den sórt sin,

(c) maidir leis an tslí ina dtabharfar tuairisceán faoi alt 848AC, agus conas a cheartófar earráidí i dtuairisceán den sórt sin,

(d) maidir leis an tslí ina n-éileofar agus ina n-íocfar creidmheasanna cánach,

(e) maidir leis an tréimhse a gceanglófar na doiciméid dá dtagraítear in alt 848G a choinneáil lena linn, agus

(f) maidir leis an tslí ina bhféadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim scrúdú a dhéanamh ar na nósanna imeachta a bheidh curtha ar bun ag riarthóir chun a chinntiú go gcomhlíonfar forálacha na Coda seo.

(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den 21 lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Cionta (Cuid 36B).

848AF.— Aon duine a dhéanann dearbhú faoi alt 848X nó 848AB atá bréagach, dlitear ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil €3,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air nó uirthi.

Dearbhuithe a choinneáil.

848AG.— Coinneoidh riarthóir i leith gach pearsan aonair lena mbaineann an Chuid seo—

(a) an ráiteas aibíochta i ndáil le cuntas dreasachta coigiltis speisialta na pearsan aonair, agus

(b) an dearbhú de chineál dá dtagraítear in alt 848X a dhéanfaidh an phearsa aonair,

ar feadh cibé tréimhse agus i cibé foirm a fhorálfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le rialachán.”.

Leasú ar alt 530 (léiriú (Caibidil 2)) den Phríomh-Acht.

43 .― Le héifeacht ón 7 Márta 2006, leasaítear alt 530 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le hoibríochtaí iomchuí a sheoltar sa Stát is cuma an bhfuil nó nach bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas i leith na n-oibríochtaí sin:

(a) maidir leis an bpríomhchonraitheoir nó leis an bhfochonraitheoir, nó maidir leis an mbeirt acu, faoin gconradh iomchuí ar faoi a sheoltar na hoibríochtaí amhlaidh—

(i) nach bhfuil cónaí air sa Stát sa bhliain mheasúnachta nó sa tréimhse chuntasaíochta, de réir mar is cuí, ina seoltar na hoibríochtaí, nó

(ii) i ndáil leis na hoibríochtaí iomchuí sin, nach bhfuil, nó nach meastar ina leith go bhfuil—

(I) trádáil á seoladh aige sa Stát, trí bhrainse nó trí ghníomhaireacht nó ar shlí eile, ar trádáil í ar ina leith atá an príomhchonraitheoir nó an fochonraitheoir, de réir mar a bheidh, faoi dhliteanas i leith cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar is cuí

(II) gnó á sheoladh aige sa Stát trí bhuanfhoras, de réir bhrí socruithe ag a bhfuil feidhm dlí de bhua alt 826(1)(a);

(b) nach dtagann an conradh iomchuí ar faoi a sheoltar na hoibríochtaí iomchuí faoi réir dhlí an Stáit;

(c) gur lasmuigh den Stát a dhéantar íocaíocht i leith na n-oibríochtaí iomchuí.”.

Leasú ar alt 531 (íocaíochtaí le fochonraitheoirí i dtionscail áirithe) den Phríomh-Acht.

44 .— (1) Leasaítear alt 531 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(5A) Ní lamhálfar éileamh ar aisíoc faoi rialacháin arna dhéanamh de réir mhír (b) nó (c) d’fho-alt (5) tráth nach lamhálfaí, faoi alt 865(4), éileamh ar aisíoc i leith na tréimhse inmhuirearaithe (de réir bhrí alt 321), is tréimhse ina mbeidh an tréimhse lena mbaineann an t-éileamh ar aisíoc.”,

(b) i bhfo-alt (11)—

(i) i mír (a)—

(I) trí “Faoi réir fho-alt (11A), déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim” a chur in ionad “Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim”, agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (v):

“(v) go bhfuil cúis mhaith ann le bheith ag súil go gcomhlíonfaidh an duine, an chomhpháirtíocht nó an chuideachta sin na hoibleagáidí dá dtagraítear i bhfomhíreanna (iii) agus (iv) i ndáil le tréimhsí dar críoch tráth tar éis dháta deiridh na tréimhse cáilithí, agus”,

agus

(ii) i mír (b) trí “Maidir le duine dá dtagraítear i mír (a) nach deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim ina leith i ndáil leis na nithe a shonraítear i bhfomhír (i) go (iv) agus (vi) den mhír sin” a chur in ionad “Duine nach deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim ina leith i ndáil leis na nithe a shonraítear i bhfomhíreanna (i) go (iv) agus (vi) de mhír (a)”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (11):

“(11A) I gcás ina ndéanfaidh duine iarratas ar dheimhniú údarúcháin de réir fho-alt (11) (dá ngairtear an ‘duine céadluaite’ san fho-alt seo) agus go raibh oibríochtaí iomchuí (ar oibríochtaí foirgníochta, oibríochtaí foraoiseachta nó oibríochtaí próiseála feola iad, de réir mar a bheidh) atá comhchosúil leo sin atá á ndéanamh nó atá le déanamh ag an duine sin, á ndéanamh roimhe sin ag duine eile (dá ngairtear an ‘dara duine a luaitear’ san fho-alt seo) nó go bhfuil siad á ndéanamh aige nó aici, agus, maidir leis an dara duine a luaitear—

(a) gur cuideachta atá bainteach (de réir bhrí alt 10 mar atá feidhm aige chun críocha na nAchtanna Cánach) leis an duine céadluaite nó gur chuideachta den sórt sin é nó í murach go ndearnadh an chuideachta a fhoirceannadh nó a dhíscaoileadh gan foirceannadh,

(b) gur cuideachta é nó í agus gur comhpháirtíocht an duine céadluaite—

(I) ina bhfuil nó ina raibh ar chumas comhpháirtí, nó

(II) i gcás ina bhfuil níos mó ná comhpháirtí amháin ina scairshealbhóir, ina bhfuil nó ina raibh ar chumas na gcomhpháirtithe sin le chéile,

go díreach nó go neamhdhíreach, cibé acu i dteannta nó in éagmais duine bhaintigh nó daoine bainteacha (de réir bhrí alt 10 mar atá feidhm aige chun críocha na nAchtanna Cánach), níos mó ná 15 faoin gcéad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta a rialú, nó

(c) gur comhpháirtíocht an dara duine a luaitear agus gur cuideachta an duine céadluaite—

(I) ina bhfuil nó ina raibh ar chumas comhpháirtí, nó

(II) i gcás ina bhfuil níos mó ná comhpháirtí amháin ina scairshealbhóir, ina bhfuil nó ina raibh ar chumas na gcomhpháirtithe sin le chéile,

go díreach nó go neamhdhíreach, cibé acu i dteannta nó in éagmais duine bhaintigh nó daoine bainteacha (de réir bhrí alt 10 mar atá feidhm aige chun críocha na nAchtanna Cánach), níos mó ná 15 faoin gcéad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta a rialú, nó

ansin, ní eiseofar deimhniú údarúcháin faoi fho-alt (11) don duine céadluaite mura mbeidh an dara duine a luaitear ag comhlíonadh na n-oibleagáidí a fhorchuirtear ar an duine sin leis na hAchtanna Cánach, leis na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil agus leis an Acht Cánach Breisluacha 1972 i ndáil leis na nithe a shonraítear i míreanna (a)(iii) agus (iv) d’fho-alt (11).”,

(d) i bhfo-alt (12), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (d):

“(d) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den fho-alt seo agus faoi réir fho-alt (13), más rud é, ar iarratas a bheith déanta chuig na Coimisinéirí Ioncaim faoi mhír (a), (b) nó (c) ag príomhaí, gur deimhin leo gur chóir cárta íocaíochtaí iomchuí i leith an fhochonraitheora lena mbaineann a eisiúint, eiseoidh siad cárta den sórt sin chuig an bpríomhaí agus, nuair a gheobhaidh an príomhaí an cárta, beidh sé nó sí i dteideal, faoi réir aon teorann a fhorchuirtear ar an gcárta de réir mhír (e), le linn na bliana measúnachta (nó an chuid neamhchaite den bhliain mheasúnachta) lena mbaineann an cárta íocaíochtaí iomchuí, íocaíocht a dhéanamh, gan cáin a asbhaint, leis an bhfochonraitheoir a bheidh ainmnithe ar an gcárta ach, i gcás iarratais lena mbaineann mír (b), nó iarratais lena mbaineann mír (c), más rud é gur eisíodh an cárta íocaíochtaí iomchuí a luaitear i bhfomhír (i) den mhír sin tar éis iarratas a bheith déanta faoi réim agus de réir mhír (b), déanfaidh an príomhaí aon íocaíochtaí den sórt sin a íoc díreach isteach sa chuntas bainc ainmnithe.

(e) I gcás inar dealraitheach dóibh é a bheith riachtanach déanamh amhlaidh chun ant-ioncam a chosaint, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim teorainn a fhorchur (dá ngairtear an ‘teorainn shonraithe’ san alt seo), trí mhéid na teorann a shonrú ar chárta íocaíochtaí iomchuí, ar mhéid na n-íocaíochtaí a fhéadfaidh príomhaí a íoc, gan cáin a asbhaint, leis an bhfochonraitheoir a bheidh ainmnithe ar an gcárta.

(f) I gcás ina mbeidh teorainn shonraithe curtha chun feidhme ag na Coimisinéirí Ioncaim do bhliain mheasúnachta i ndáil le cárta íocaíochtaí iomchuí de bua mhír (e), déanfaidh siad, ar iarraidh ón bhfochonraitheoir a bheidh ainmnithe ar an gcárta, de réir mar is cuí, an teorainn a leasú trí laghdú a dhéanamh uirthi nó, más cuí leo déanamh amhlaidh sna himthosca, trí mhéadú a dhéanamh uirthi nó trí dheireadh a chur léi.

(g) Más rud é, de réir mhír (f), go leasóidh na Coimisinéirí Ioncaim teorainn shonraithe arna cur chun feidhme maidir le cárta íocaíochtaí iomchuí, eiseoidh siad cárta íocaíochtaí iomchuí nua chuig an bpríomhaí, agus úsáidfidh an príomhaí an cárta sin dá éis sin.

(h) I gcás ina gcuirtear teorainn shonraithe chun feidhme maidir le cárta íocaíochtaí iomchuí, cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim in iúl i scríbhinn don fhochonraitheoir a bheidh ainmnithe ar an gcárta, an tráth céanna a eiseofar an cárta don phríomhaí, go bhfuil an teorainn curtha chun feidhme agus méid, nó méid athbhreithnithe, na teorann, de réir mar a bheidh.

(i) Más rud é, i mbliain mheasúnachta, gur mó comhiomlán mhéid na n-íocaíochtaí a dhéanfaidh príomhaí le fochonraitheoir ná an teorainn shonraithe, más ann, arna forchur ar an gcárta íocaíochtaí iomchuí, nó ar an gcárta íocaíochtaí iomchuí leasaithe, de réir mar a bheidh, a eiseofar i leith an fhochonraitheora sin, déanfaidh an príomhaí cáin a asbhaint as an mbarrachas sin de réir fho-alt (1) agus í a íoc leis an Ard-Bhailitheoir.”,

(e) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (17A):

“(17B) Aon duine arb éagóir leis nó léi teorainn shonraithe arna forchur ag na Coimisinéirí Ioncaim, faoi fho-alt (12), i ndáil le cárta íocaíochtaí iomchuí, nó cárta íocaíochtaí iomchuí leasuithe, de réir mar a bheidh, féadfaidh sé nó sí, trí fhógra i scríbhinn chuige sin a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de 30 lá ó dháta eisiúna an chárta íocaíochtaí iomchuí lena mbaineann, achomharc a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Achomhairc i gcoinne teorainn den sórt sin a fhorchur, ach, go dtí go ndéanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc cinneadh maidir leis an ní, fanfaidh an teorainn i bhfeidhm.”,

(f) i bhfo-alt (18), trí “faoi fho-alt (17), (17A) nó (17B)” a chur in ionad “faoi fho-alt (17) nó faoi fho-alt (17A)”,

(g) i bhfo-alt (19), trí “faoi fho-alt (17) nó (17B)” a chur in ionad “faoi fho-alt (17)”, agus

(h) i bhfo-alt (20) trí “faoi fho-alt (17), (17A) nó (17B)” a chur in ionad “faoi fho-alt (17) nó faoi fho-alt (17A)”.

(2) (a) Tá feidhm ag mír (a) d’fho-alt (1) amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo.

(b) Tá feidhm ag míreanna (b) agus (c) d’fho-alt (1) maidir le hiarratais ar dheimhnithe údarúcháin faoi alt 531(11) den Phríomh-Acht, arna ndéanamh an 2 Feabhra 2006 nó dá éis.

(c) Tá feidhm ag míreanna (d), (e), (f), (g) agus (h) d’fho-alt (1) maidir le hiarratais ar chártaí íocaíochtaí iomchuí faoi alt 531(12) den Phríomh-Acht, arna ndéanamh an 2 Feabhra 2006 nó dá éis.

Comhchistí conarthacha.

45 .— Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 739H tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) (a) Tá feidhm ag an alt seo maidir le scéim chun comhchiste conarthach nó comhchistí conarthacha (de réir bhrí alt 739I(1)(a)(i)) a athchóiriú nó maidir le 2 chiste nó níos mó den sórt sin a chónascadh mar a bheadh feidhm aige maidir le scéim athchóiriúcháin nó cónasctha dá bhfolódh ‘gnóthas infheistíochta’ comhchiste conarthach de réir bhrí alt 739I(1)(a)(i).

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, beidh feidhm ag na mínithe ar ‘gnóthas infheistíochta’, ‘aonad’ agus ‘sealbhóir aonaid’, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le comhchiste conarthach de réir bhrí alt 739I(1)(a)(i) mar atá feidhm acu maidir le gnóthas infheistíochta de réir bhrí mhír (b) den mhíniú ar ‘gnóthas infheistíochta’.”,

agus

(b) in alt 739I(1)(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i):

“(i) gnóthas comhinfheistíochta is comhlacht neamhchorpraithe arna bhunú ag cuideachta bhainisteoireachta faoina mbeidh na rannpháirtithe, trí shocrú conarthach, rannpháirteach i maoin an ghnóthais comhinfheistíochta agus faoina mbeidh scair di acu mar chomhúinéirí, i gcás ina mbeidh sé sainráite faoina ghníomhas bunaithe go bhfuil sé bunaithe de bhun an Achta um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2005 agus go sealbhaíonn sé údarú arna eisiúint de réir an Achta sin agus nach bhfuil sé bunaithe de bhun Threoir Uimh. 85/611/CEE an 20 Nollaig 1985 ón gComhairle 1 , arna leasú ó am go ham, nó”.

Mar a dhéileálfar le díbhinní áirithe.

46 .— (1) Leasaítear Sceideal 2 a ghabhann leis an bPríomh-Acht i gCuid 5 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 27:

“28. D’ainneoin mhír 23, nuair a dhéanfar aon ús, díbhinní nó íocaíochtaí bliantúla eile is iníoctha, as aon ioncam poiblí seachas ioncam poiblí an Stáit, nó i leith stoc, chistí, scaireanna nó urrúis aon chomhlachta daoine nach gcónaíonn sa Stát, a chur ar iontaoibh aon duine sa Stát chun an céanna a íoc le gnóthas infheistíochta de réir bhrí alt 739B agus nuair a bheadh oibleagáid ar an duine a gcuirtear ar a iontaoibh nó ar a hiontaoibh amhlaidh, ar leith ón mír seo, an cháin ioncaim a íoc ar an ús, ar na díbhinní nó ar na híocaíochtaí bliantúla eile sin ar oibleagáid í a fhorchuirtear le halt 17 agus le Caibidil 1 de Chuid 3, nó le Caibidil 2 de Chuid 4 agus leis an Sceideal seo, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le haon íocaíochtaí ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

Leasú ar alt 246 (íocaíochtaí úis ag cuideachtaí agus le neamhchónaitheoirí) den Phríomh-Acht.

47 .— Leasaítear alt 246 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (3) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (bb):

“(bbb) ús a íoctar sa Stát le gnóthas infheistíochta de réir bhrí alt 739B,”.

Leasú ar Chaibidil 5 (sealbhóirí polasaithe—bonn nua) de Chuid 26 den Phríomh-Acht, etc.

48 .— (1) Leasaítear Caibidil 5 de Chuid 26 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 730(1)(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-mhír (iv):

“(iv) deireadh tréimhse iomchuí, i gcás nach teagmhas inmhuirearaithe de réir bhrí an ailt seo an deireadh sin ar shlí eile, agus chun críocha na fomhíre seo ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’ i ndáil le polasaí saoil tréimhse 8 mbliana dar tosach tráth tionscanta an pholasaí agus gach tréimhse 8 mbliana ina dhiaidh sin dar tosach díreach tar éis na tréimhse iomchuí roimhe sin; ach más rud é—

(I) go n-íoctar préimheanna faoi théarmaí polasaí go bliantúil nó ag eatraimh is minice ná sin, agus

(II) nach mó ná €3,000 sa bhliain méid iomlán na bpréimheanna sin,

ansin beidh feidhm ag an bhfomhír seo amhail is dá mba thagairt do 12 bhliain gach tagairt do 8 mbliana,”,

(b) in alt 730D—

(i) i bhfo-alt (1) trí “faoi réir fho-ailt (1A) agus (2)” a chur in ionad “faoi réir fho-alt (2)”,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Más rud é—

(a) go dtarlóidh teagmhas inmhuirearaithe, nach teagmhas inmhuirearaithe de réir bhrí alt 730C(1)(a)(iv), i ndáil le polasaí saoil, agus

(b) gur tharla teagmhas inmhuirearaithe de réir bhrí alt 730C(1)(a)(iv) roimhe sin i ndáil leis an bpolasaí sin,

ansin cinnfear an gnóchan a éireoidh ar an teagmhas inmhuirearaithe dá dtagraítear i mír (a) amhail is nár achtaíodh alt 730C(1)(a)(iv).”,

(iii) i bhfo-alt (4) trí mhír (ba) a scriosadh, agus

(iv) i bhfo-alt (5)(a)(i) trí “1 Bealtaine 2006” a chur in ionad “1 Bealtaine 2005”,

(c) in alt 730F tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) (a) San fho-alt seo—

ciallaíonn ‘an chéad cháin’ i ndáil le polasaí saoil, an cháin chuí ar tugadh cuntas inti agus a íocadh de réir alt 730G i leith teagmhais inmhuirearaithe dá dtagraítear i bhfo-alt 730D(1A)(b) i ndáil leis an bpolasaí saoil;

ciallaíonn ‘gnóchan nua’ i ndáil le polasaí saoil, an gnóchan arna chinneadh de réir alt 730D i leith teagmhais inmhuirearaithe dá dtagraítear i bhfo-alt 730D(1A)(a) i ndáil leis an bpolasaí saoil;

ciallaíonn ‘an dara cáin’ cáin chuí arna ríomh de réir fho-alt (1) i leith an ghnóchain nua sin.

(b) (i) I gcás ina mbeidh feidhm tráth ar bith ag fo-alt 730D(1A) i leith polasaí saoil arna thosú ag comhlacht árachais, déanfar cion (dá ngairtear an ‘cion iomchuí’ san fho-alt seo) den chéad cháin a fhritháireamh in aghaidh aon mhéid den dara cáin.

(ii) I gcás inar mó ná an dara cáin sin an cion iomchuí sin, déanfar, faoi réir fho-alt (iii), méid atá comhionann le méid an bharrachais—

(I) a íoc leis an sealbhóir polasaí ag an gcuideachta árachais i ndáil leis an bpolasaí saoil,

(II) a áireamh i dtuairisceán faoi alt 730G(2), agus

(III) a mheas mar mhéid a fhéadfar a fhritháireamh in aghaidh cánach cuí is iníoctha ag an gcuideachta árachais i leith aon teagmhais inmhuirearaithe sa tréimhse dá mbeidh tuairisceán den sórt sin le tabhairt, nó in aon tréimhse ina dhiaidh sin.

(iii) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (ii) mura rud é—

(I) go ndéanfaidh an sealbhóir polasaí dearbhú don chuideachta árachais go ndéantar an teagmhas inmhuirearaithe dá dtagraítear i bhfo-alt 730D(1A)(a) ar chúiseanna bona fide agus nach cuid é d’aon idirbheart arb é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, atá leis, cáin chuí a ghnóthú faoi fhorálacha an fho-ailt seo, agus

(II) nach mbeidh forais réasúnacha ag an gcuideachta árachais chun a chreidiúint go bhfuil an dearbhú faoi chlásal (I) bréagach.

(c) Chun críocha an fho-ailt seo, déanfar an ‘cion iomchuí’ a chinneadh de réir na foirmle—

A x B

C

i gcás—

gurb é A an chéad cháin,

gurb é B an gnóchan nua, agus

gurb éard é C gnóchan arna chinneadh de réir alt 730D sa chás gur aibigh an polasaí an tráth sin.”,

agus

(d) in alt 730G—

(i) i bhfo-alt (2)—

(I) i mír (a) trí “, agus ar mhéideanna a fhéadfar a chreidiúnú faoi alt 730F(1A),” a chur isteach i ndiaidh “ar an gcáin chuí”, agus

(II) i mír (b) trí “, agus ar mhéideanna a fhéadfar a chreidiúnú faoi alt 730F(1A),” a chur isteach i ndiaidh “ar an gcáin chuí”,

agus

(ii) i bhfo-alt (3) trí “(arna laghdú d’aon mhéid a bheidh le creidiúnú de réir fho-alt 730F(1A))” a chur isteach i ndiaidh “i dtuairisceán”.

(2) Leasaítear alt 42 den Acht Airgeadais 2005 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) (a) Tá feidhm ag mír (c) d’fho-alt (1) maidir le haon pholasaí a bhainfear amach an 1 Bealtaine 2006 nó dá éis.

(b) Tá feidhm ag míreanna (a), (b) agus (d) d’fho-alt (1) agus tá éifeacht leo maidir le haon teagmhas inmhuirearaithe (de réir bhrí alt 730C(1)(a)(iv) den Phríomh-Acht) a tharlóidh ón tráth díreach roimh an Acht Airgeadais 2006 a rith.”.

(3) Tá feidhm ag fo-alt (1) agus tá éifeacht leis maidir le haon teagmhas inmhuirearaithe (de réir bhrí alt 730C(1)(a)(iv) den Phríomh-Acht) a tharlóidh tráth rite an Achta seo nó dá éis.

Leasú ar Chaibidil 6 (polasaithe saoil coigríche áirithe— cánachas agus tuairisceáin) de Chuid 26 den Phríomh Acht.

49 .— (1) Leasaítear Caibidil 6 de Chuid 26 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 730H(1)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “tréimhse inmhuirearaithe”:

“ciallaíonn ‘diúscairt mheasta’ diúscairt den chineál dá bhforáiltear in alt 730K(6);”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “stát eischósta”:

“ciallaíonn ‘teagmhas iomchuí’ deireadh tréimhse iomchuí, i gcás ina gciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’, i ndáil le polasaí saoil coigríche, tréimhse 8 mbliana dar tosach tráth tionscanta an pholasaí agus gach tréimhse 8 mbliana dá éis sin dar tosach díreach tar éis na tréimhse iomchuí roimhe sin; ach más rud é—

(a) go n-íoctar préimheanna faoi théarmaí an pholasaí go bliantúil nó ag eatraimh is minice ná sin, agus

(b) nach mó ná €3,000 sa bhliain méid iomlán na bpréimheanna sin,

ansin beidh feidhm ag an míniú seo amhail is dá mba thagairt do 12 bhliain aon tagairt do 8 mbliana;”,

agus

(b) in alt 730K—

(i) i bhfo-alt (3)—

(I) tríd an bhforáil atá ann a athuimhriú mar mhír (a), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(b) Más rud é maidir le polasaí saoil coigríche—

(i) go measfar de réir mhír (a) gur nialas gnóchan ar dhiúscairt,

(ii) nach diúscairt mheasta an diúscairt sin, agus

(iii) go raibh cáin inmhuirearaithe ar dhuine i leith diúscartha measta is luaithe ar an bpolasaí,

ansin beidh feidhm ag forálacha alt 865 (ar leith ó fho-alt (4)) agus féadfaidh an cigire cibé aisíocaíocht nó fritháireamh a dhéanamh is gá chun a áirithiú nach mó comhiomlán na cánach is iníoctha i leith an pholasaí faoin alt seo ná an cháin ab iníoctha amhlaidh i leith an pholasaí dá mba rud é nár achtaíodh fo-alt (6).”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) Más rud é go bhfuil polasaí saoil coigríche ag duine agus go dtarlaíonn teagmhas iomchuí i leith an pholasaí sin, ansin measfar chun críocha an ailt seo gur dhiúscair an duine iomlán an pholasaí díreach roimh thráth an teagmhais iomchuí sin agus go bhfuair sé nó sí ar ais láithreach é ar a mhargadhluach an tráth sin.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le haon teagmhas iomchuí (de réir bhrí alt 730H(1) den Phríomh-Acht) a tharlóidh dáta rite an Achta seo nó dá éis i leith polasaí saoil coigríche (de réir bhrí alt 730H(1) den Phríomh-Acht) arna bhaint amach an 1 Eanáir 2001 nó dá éis.

Nithe áirithe a bhaineann le gnóthais infheistíochta i gCaibidil 1A de Chuid 27 den Phríomh-Acht.

50 .— (1) Leasaítear Caibidil 1A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2000) de Chuid 27 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 739B(1) sa mhíniú ar “teagmhas inmhuirearaithe”—

(i) trí “agus” a scriosadh ag deireadh mhír (cc), agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (cc):

“(ccc) deireadh tréimhse iomchuí, agus chun críocha na míre seo ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’, i ndáil le haonad i ngnóthas infheistíochta, tréimhse 8 mbliana dar tosach an tráth a gheobhaidh sealbhóir aonad an t-aonad sin agus gach tréimhse 8 mbliana ina dhiaidh sin dar tosach díreach i ndiaidh na tréimhse iomchuí roimhe sin, agus”,

(b) in alt 739D—

(i) i bhfo-alt (2)—

(I) trí “agus de réir fho-alt (2A)” a chur isteach i ndiaidh “faoi réir an ailt seo”,

(II) trí “agus” a scriosadh ag deireadh mhír (dd), agus

(III) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (dd):

“(ddd) i gcás inar deireadh tréimhse iomchuí i ndáil le haonad de chuid sealbhóra aonad an teagmhas inmhuirearaithe, barrachas (más ann) luach an aonaid, gan féachaint d’aon mhéid cánach iomchuí (de réir bhrí alt 739E) a éireoidh leis sin, arna shealbhú ag an sealbhóir aonad lá an deiridh sin, ar an méid iomlán a d’infheistigh an sealbhóir aonad sa ghnóthas infheistíochta chun an t-aonad a fháil, agus i gcás ina bhfuair an sealbhóir aonad an t-aonad ar shlí eile, is é an méid a infheistíodh amhlaidh chun an t-aonad sin a fháil luach an aonaid an tráth a fuair an sealbhóir aonad é, agus”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Más rud é—

(a) maidir le teagmhas inmhuirearaithe, nach teagmhas inmhuirearaithe de réir bhrí mhír (ccc) den mhíniú ar ‘teagmhas inmhuirearaithe’ in alt 739B(1), go dtarlóidh sé i ndáil le gnóthas infheistíochta i leith sealbhóra aonad, agus

(b) maidir le teagmhas inmhuirearaithe de réir bhrí mhír (ccc) den mhíniú ar theagmhas inmhuirearaithe in alt 739B(1), gur tharla sé roimhe sin i ndáil le gnóthas infheistíochta i leith sealbhóra aonad,

ansin, déanfar an gnóchan a eascróidh ar an teagmhas inmhuirearaithe dá dtagraítear i mír (a) a chinneadh amhail is nár achtaíodh alt 739B(1)(ccc).”,

(c) in alt 739E—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) (a) San fho-alt seo—

ciallaíonn ‘an chéad cháin”, i ndáil le sealbhóir aonad, an cháin chuí ar ar tugadh cuntas agus a íocadh de réir alt 739F i leith teagmhais inmhuirearaithe dá dtagraítear i bhfo-alt 739D(2A)(b) maidir leis an aonad sin;

ciallaíonn ‘gnóchan nua’, i ndáil le haonad de chuid sealbhóra aonad, an gnóchan arna chinneadh de réir alt 739D i leith teagmhais inmhuirearaithe dá dtagraítear i bhfo-alt 739D(2A)(a) i leith an aonaid sin;

ciallaíonn ‘an dara cáin’ an cháin chuí arna ríomh de réir fho-alt (1) i leith an ghnóchain nua sin.

(b) (i) Más rud é, aon tráth, go mbeidh feidhm ag fo-alt 739D(2A) i leith aonaid de chuid sealbhóra aonad i ngnóthas infheistíochta déanfar cion (dá ngairtear an ‘cion iomchuí’ san fho-alt seo) den chéad cháin a fhritháireamh in aghaidh aon mhéid dara cáin.

(ii) I gcás inar mó an cion iomchuí sin ná an dara cáin sin, déanfar, faoi réir fhomhír (iii), méid is comhionann le méid an bharrachais—

(I) a íoc leis an sealbhóir aonad ag an ngnóthas infheistíochta i leith an aonaid,

(II) a áireamh i dtuairisceán faoi alt 739F(2), agus

(III) a mheas mar mhéid a fhéadfar a fhritháireamh in aghaidh cánach cuí is iníoctha ag an ngnóthas infheistíochta i leith aon teagmhais inmhuirearaithe sa tréimhse ar ina leith a dhéantar tuairisceán den sórt sin, nó in aon tréimhse ina dhiaidh sin.

(iii) Ní bheidh feidhm ag fomhír (ii) mura rud é—

(I) go dtabharfaidh an sealbhóir aonad dearbhú don ghnóthas infheistíochta á rá gur ar chúiseanna bona fide a tharla an teagmhas inmhuirearaithe dá dtagraítear i bhfo-alt 739D(2A)(a) agus nach cuid é d’aon idirbheart arb é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, atá leis cáin chuí a ghnóthú faoi fhorálacha an fho-ailt seo, agus

(II) nach bhfuil forais réasúnacha ag an ngnóthas infheistíochta chun a chreidiúint go bhfuil an dearbhú faoi chlásal (I) bréagach.

(c) Chun críocha an fho-ailt seo, déanfar an ‘cion iomchuí’ a chinneadh leis an bhfoirmle—

A x B

C

i gcás—

gurb é A an chéad cháin,

gurb é B an gnóchan nua, agus

gurb é C gnóchan arna chinneadh de réir alt 739D más rud é go ndearnadh an t-aonad a raibh feidhm ag an gcéad cháin maidir leis a chealú an tráth sin.”,

(ii) i bhfo-alt (1)(b), trí “(d), (dd) nó (ddd)” a chur in ionad “(d) nó (dd)”, agus

(iii) i bhfo-alt (3)(b)—

(I) trí “d’aistriú teideal chun aonaid,” a chur in ionad “d’aistriú teideal chun aonaid, nó” i bhfomhír (ia), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ia):

“(ib) deireadh do theacht le tréimhse iomchuí, nó”,

agus

(d) in alt 739F—

(i) i bhfo-alt (2)—

(I) i mír (a), trí “, agus ar mhéideanna a fhéadfar a chreidiúnú faoi alt 739E(1A),” a chur isteach i ndiaidh “ar an gcáin chuí”, agus

(II) i mír (b), trí “, agus ar mhéideanna a fhéadfar a chreidiúnú faoi alt 739E(1A),” a chur isteach i ndiaidh “ar an gcáin chuí”, agus

(ii) i bhfo-alt (3) trí “(arna laghdú d’aon mhéid atá le creidiúnú de réir alt 739E(1A))” a chur isteach i ndiaidh “i dtuairisceán”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo agus beidh éifeacht leis maidir le haon teagmhas inmhuirearaithe (de réir an mhínithe ar theagmhas inmhuirearaithe in alt 739B(1)(ccc) den Phríomh-Acht) a tharlóidh tráth rite an Achta seo nó dá éis sin.

Leasú ar Chaibidil 4 (cistí eischósta áirithe—cánachas agus tuairisceáin) de Chuid 27 den Phríomh-Acht.

51 .— (1) Leasaítear Caibidil 4 de Chuid 27 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 747B(1)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “tréimhse inmhuirearaithe”:

“ciallaíonn ‘diúscairt mheasta’ diúscairt den chineál dá bhforáiltear in alt 747E(6);”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “stát eischósta”:

“ciallaíonn ‘teagmhas iomchuí’ deireadh do theacht le tréimhse iomchuí, i gcás ina gciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’, i ndáil le ciste eischósta, tréimhse 8 mbliana dar tosach an tráth a fhaightear leas ábhartha sa chiste agus gach tréimhse 8 mbliana ina dhiaidh sin dar tosach díreach tar éis na tréimhse iomchuí roimhe sin;”,

agus

(b) in alt 747E—

(i) i bhfo-alt (3)—

(I) tríd an bhforáil láithreach a athuimhriú mar mhír (a), agus

(II) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(b) Más rud é, maidir le leas ábhartha i gciste eischósta—

(i) go measfar de réir mhír (a) gur nialas gnóchan ar dhiúscairt,

(ii) nach diúscairt mheasta an diúscairt sin, agus

(iii) go raibh duine inmhuirearaithe i leith cánach maidir le diúscairt mheasta is luaithe ar leas ábhartha sa chiste,

ansin beidh feidhm ag forálacha alt 865 (ar leith ó fho-alt (4)) agus féadfaidh an cigire cibé aisíocaíocht nó fritháireamh a dhéanamh is gá chun a áirithiú nach mó comhiomlán na cánach is iníoctha i leith an leasa ábhartha sa chiste faoin alt seo ná an cháin ab iníoctha amhlaidh i leith an leasa ábhartha sa chiste dá mba rud é nár achtaíodh fo-alt (6).”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) Más rud é go bhfuil leas ábhartha i gciste eischósta ag duine agus go dtarlaíonn teagmhas iomchuí i leith an chiste sin, ansin measfar chun críocha an ailt seo gur dhiúscair an duine iomlán an leasa ábhartha díreach roimh thráth an teagmhais iomchuí agus go bhfuair sé nó sí ar ais láithreach é ar a mhargadhluach an tráth sin.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le haon teagmhas iomchuí (de réir bhrí alt 747B(1) den Phríomh-Acht) a tharlóidh dáta rite an Achta seo nó dá éis i leith leasa ábhartha i gciste eischósta (de réir bhrí Chaibidil 4 de Chuid 27 den Phríomh-Acht) a fuarthas an 1 Eanáir 2001 nó dá éis.

Cuideachtaí urrúsaithe agus cistí margaidh airgid.

52 .— Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 739D(6)(k)(I)(A) trí “nó 110(2)” a chur isteach i ndiaidh “alt 739G(2)”, agus

(b) in alt 739G(2)(g), trí “, nó gur cuideachta cháilitheach é nó í de réir bhrí alt 110 atá inmhuirearaithe i leith cánach ar an íocaíocht faoi Chás III de Sceideal D” a chur isteach i ndiaidh “faoi Chás I de Sceideal D”.

Leasú ar alt 739G (cánachas ar shealbhóirí aonad i ngnóthais infheistíochta) den Phríomh-Acht.

53 .— (1) Leasaítear alt 739G den Phríomh-Acht i bhfo-alt (2)(h) trí “inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim nó cánach gnóchan caipitiúil,” a chur in ionad “inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim,”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo ó dháta rite an Achta seo.

Leasú ar alt 713 (ioncam infheistíochta in áirithe do shealbhóirí polasaithe) den Phríomh-Acht.

54 .— (1) Leasaítear alt 713 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (6) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) I gcás inar mó comhiomlán na mbrabús neamhfhaoisimh agus chuid na scairshealbhóirí den ioncam infheistíochta frainceáilte ná brabúis na cuideachta i leith a gnó saoil do na tréimhsí cuntasaíochta iomchuí arna ríomh de réir fhorálacha Chás I de Sceideal D, arna laghdú de chomhiomlán na méideanna seo a leanas—

(i) muirir trádála iomchuí ar ioncam faoi alt 243A,

(ii) caillteanas trádála iomchuí faoi alt 396A, agus

(iii) caillteanas nó barrachas faoi alt 420A,

chun a mbeidh teideal ag an gcuideachta in aghaidh na dtréimhsí cuntasaíochta iomchuí, arna leathnú le hailt 710 agus 714 (cibé acu atá nó nach bhfuil cáin muirearaithe ar an gcuideachta faoin gCás sin), is í an chuid dá dtagraítear i bhfo-alt (3) an méid acu seo a leanas is lú—

(I) méid an bharrachais sin, agus

(II) na brabúis neamhfhaoisimh,

agus”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir leis na héilimh go léir a dhéantar an 2 Feabhra 2006 nó dá éis.

Leasú ar alt 141 (dáiltí ó ioncam as ríchíosanna paitinne) den Phríomh-Acht.

55 .— (1) Leasaítear alt 141 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (5)(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “1996 nó dá éis”:

agus, maidir leis an ioncam sonraithe, gurb éard é ioncam as paitinn cháilitheach i leith aireagáin a paitinníodh ar chúiseanna tráchtála bona fide agus nár paitinníodh go príomha chun dliteanas cánachais a sheachaint”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(5A) (a) San fho-alt seo—

ciallaíonn ‘socrú’ aon socrú, comhaontú, comhthuiscint, geallúint nó gealltanas cibé acu sainráite nó intuigthe;

ciallaíonn ‘ioncam iomchuí’ ioncam lena mbaineann mír (b) den mhíniú ar ‘ioncam as paitinn cháilitheach’ in alt 234;

tá le ‘méid chomhiomlán an chaiteachais ar thaighde agus forbairt arna thabhú ag cuideachta i ndáil le tréimhse chuntasaíochta’, ‘méid an chaiteachais ar ghníomhaíochtaí taighde agus forbartha’, agus ‘gníomhaíochtaí taighde agus forbartha’ na bríonna céanna atá leo i bhfo-alt (5)(a);

ciallaíonn ‘íocaíocht i leith maoin intleachtúil a úsáid’ aon íocaíocht a dhéanfar, go díreach nó go neamhdhíreach—

(i) maidir le haon díolúine, trádmharc, dearadh cláraithe, ceart deartha, aireagán nó ainm fearainn,

(ii) maidir le haon chóipcheart nó ceart gaolmhar de réir bhrí an Achta Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000,

(iii) maidir le haon cheadúnas nó ceart eile i leith aon ní faoi mhír (i) nó (ii),

(iv) maidir le haon chearta a dheonaítear faoi dhlí aon tíre, críche, stáit nó limistéir, seachas an Stát, nó faoi aon chonradh, coinbhinsiún nó comhaontú idirnáisiúnta ar páirtí ann an Stát, is cearta a fhreagraíonn do na cearta faoi mhír (i), (ii) nó (iii) nó atá comhchosúil leo,

(v) maidir le cáilmheas a mhéid a bheidh sé inchurtha síos go díreach d’aon ní faoi mhír (i), (ii), (iii) nó (iv).

(b) Beidh feidhm ag mír (b) d’fho-alt (5) chun críocha an fho-ailt seo mar atá feidhm aige chun críocha an fho-ailt sin.

(c) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le cuideachta do thréimhse chuntasaíochta más rud é faoi aon socrú—

(i) (I) go bhféadfadh duine teacht chun bheith faoi dhliteanas aon íocaíocht a dhéanamh leis an gcuideachta i leith maoin intleachtúil a úsáid toisc go bhféadfadh sé go raibh aon íocaíocht, ar ioncam iomchuí í, a rinne an duine leis an gcuideachta neamhdhóthanach chun críocha an tsocraithe, nó

(II) go dtagann duine chun bheith faoi dhliteanas aon íocaíocht a dhéanamh leis an gcuideachta i leith maoin intleachtúil a úsáid toisc go raibh aon íocaíocht, ar ioncam iomchuí í, a rinne an duine leis an gcuideachta neamhdhóthanach chun críocha an tsocraithe,

(ii) (I) go bhféadfadh an chuideachta teacht chun bheith faoi dhliteanas aon íocaíocht a dhéanamh le haon duine i leith úsáid maoine intleachtúla ag an duine toisc go bhféadfadh sé go raibh aon íocaíocht, ar ioncam iomchuí í, a rinne an duine leis an gcuideachta iomarcach chun críocha an tsocraithe, nó

(II) go dtagann an chuideachta chun bheith faoi dhliteanas aon íocaíocht a dhéanamh le haon duine i leith úsáid maoine intleachtúla ag an duine toisc go raibh aon íocaíocht, ar ioncam iomchuí í, a rinne an duine leis an gcuideachta iomarcach chun críocha an tsocraithe.

(d) I gcás ina bhfuil feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le cuideachta do thréimhse chuntasaíochta agus ina ndéanann an chuideachta dáileadh amháin nó níos mó as ioncam iomchuí, ansin, maidir le cibé méid den dáileadh sin, nó comhiomlán na ndáilte sin, nach mó ná méid an chaiteachais chomhiomláin ar thaighde agus ar fhorbairt a thabhaíonn an chuideachta i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta, déileálfar leis mar dháileadh a dhéantar as ioncam neamháirithe; ach ní dhéileálfar le dáileadh mar dháileadh a dhéantar as ioncam neamháirithe mura rud é gurb é atá san ioncam iomchuí ná ioncam as paitinn cháilitheach i leith aireagáin a paitinníodh ar chúiseanna tráchtála bona fide agus ní go príomha chun dliteanas cánach a sheachaint.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo agus tá éifeacht leis i leith aon dáiltí arna ndéanamh an 2 Feabhra 2006 nó dá éis.

Leasú ar Chaibidil 7 (bearta speisialta ar scor de thrádáil nó de ghairm agus an bonn le ríomh brabús nó gnóchan ó thrádáil nó ó ghairm a athrú) de Chuid 4 den Phríomh-Acht.

56 .— Leasaítear Caibidil 7 de Chuid 4 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 95:

“An bonn le ríomh brabús nó gnóchan ó thrádáil nó ó ghairm a athrú.

95A.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘Accounting Standards Board’ an comhlacht ar a dtugtar an Accounting Standards Board agus a bunaíodh faoi airteagail chomhlachais an Accounting Standards Board Limited, cuideachta atá faoi theorainn ráthaíochta agus atá cláraithe i Sasana;

tá le ‘tréimhse inmhuirearaithe’ an bhrí chéanna atá leis in alt 321(2).

(2) Más rud é—

(a) i gcás nach bhfuil feidhm ag alt 94(3) maidir leis, go mbeidh athrú ar an mbonn ar a luacháiltear obair a bheidh ar siúl chun brabúis nó gnóchain ó thrádáil nó ó ghairm is inmhuirearaithe faoi Chás I nó II de Sceideal D a ríomh, agus

(b) go ndéanfar méid (dá ngairtear an ‘méid iomchuí’ san fho-alt seo) luach oibre a bheidh ar siúl tráth an athraithe a lamháil mar asbhaint le linn brabúis nó gnóchain a ríomh chun críocha cánach do thréimhse inmhuirearaithe tar éis an athraithe (dá ngairtear ‘an tréimhse iomchuí’ san alt seo),

ansin, sa mhéid gur lú ná an méid iomchuí an creidmheas cothromaíochta i dtaca leis an obair sin atá ar siúl, a cuireadh i gcuntas le linn brabúis nó gnóchain a ríomh chun críocha cánach don tréimhse roimh an tréimhse iomchuí, déanfar cáin a mhuirearú faoi Chás I nó II de Sceideal D don tréimhse iomchuí ar an oiread sin den mhéid iomchuí ar mó é ná an creidmheas sin.

(3) I gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (2) i leith trádála nó gairme comhpháirtíochta, measfar, chun críocha na nAchtanna Cánach, gur méid brabús nó gnóchan de chuid na trádála nó na gairme comhpháirtíochta aon mhéid is inmhuirearaithe i leith cánach faoi fho-alt (2).

(4) I gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (2) maidir le hathrú ar an mbonn ar a ríomhtar brabúis nó gnóchain do thréimhse inmhuirearaithe dar críoch an tréimhse 2 bhliain dar thosach an 22 Meitheamh 2005 agus nach n-éiríonn an t-athrú ach amháin de bhua na treorach a d’eisigh an Urgent Issues Task Force de chuid an Accounting Standards Board an 10 Márta 2005 i dtaobh Application Note G of Financial Reporting Standard 5 (ar a dtugtar ‘UITF Abstract 40’), ansin ní mhuirearófar cáin i leith mhéid an bharrachais sa tréimhse iomchuí, ach ina ionad sin—

(a) i gcás inar duine seachas cuideachta an duine atá ag seoladh na trádála nó na gairme, déanfar cáin a mhuirearú—

(i) ar an gcúigiú cuid den mhéid barrachais don tréimhse iomchuí, agus

(ii) ar chúigiú cuid eile den mhéid barrachais do gach tréimhse inmhuirearaithe ina dhiaidh sin go dtí go mbeidh cuntas tugtha ar an méid iomlán, agus

(iii) i gcás gurb í an tréimhse inmhuirearaithe inar scoireadh den trádáil nó den ghairm go buan aon tréimhse inmhuirearaithe dá dtagraítear i bhfomhír (i) nó (ii), ansin beidh cáin inmhuirearaithe don tréimhse inmhuirearaithe sin ar cibé codán den mhéid barrachais dá dtagraítear sna fomhíreanna sin is gá chun a chinntiú go dtabharfar cuntas ar iomlán an mhéid barrachais sin,

agus

(b) i gcás gur cuideachta an duine a sheolann an trádáil nó an ghairm—

(i) muirearófar cáin ar chuid den mhéid barrachais do gach tréimhse inmhuirearaithe ar laistigh go hiomlán nó go páirteach den tréimhse 5 bliana di dar tosach tús na tréimhse iomchuí dá dtagraítear i bhfo-alt (1): agus is é a bheidh sa chuid den mhéid barrachais ar a mbeidh cáin le muirearú d’aon tréimhse inmhuirearaithe den sórt sin an méid sin a mbeidh idir é agus an méid barrachais an chomhréir chéanna atá idir fad na tréimhse inmhuirearaithe, nó an chuid den tréimhse inmhuirearaithe ar laistigh den tréimhse 5 bliana di, agus 5 bliana, agus

(ii) i gcás gurb í an tréimhse inmhuirearaithe dheireanach inar sheol an chuideachta trádáil nó gairm aon tréimhse inmhuirearaithe dá dtagraítear i bhfomhír (i), ansin muirearófar cáin don tréimhse inmhuirearaithe sin ar an gcuid sin den mhéid barrachais is gá chun a chinntiú go dtabharfar cuntas ar iomlán an mhéid sin.”.

Leasú ar alt 64 (ús ar Eorabhannaí luaite) den Phríomh-Acht.

57 .— (1) Leasaítear alt 64 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cigire cuí”:

“ciallaíonn ‘oifigeach cuí’ oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe acu chun críocha an ailt seo;”,

(ii) sa mhíniú ar “Eorabhanna luaite”—

(I) i mír (b) trí “stocmhalartán aitheanta, agus” a chur in ionad “stocmhalartán aitheanta,” agus

(II) trí mír (c) a scriosadh,

(b) i bhfo-alt (3) trí “ar an oifigeach cuí” a chur in ionad “ar an gcigire cuí” agus trí “ón oifigeach cuí” a chur in ionad “ón gcigire cuí”, agus

(c) i bhfo-alt (8)—

(i) i mír (a)(ii) trí “nó oifigeach cuí” a chur isteach i ndiaidh “cigire” agus trí nó “nó d’oifigeach cuí” a chur isteach i ndiaidh “don chigire”, agus

(ii) i mír (b) trí “nó an t-oifigeach cuí” a chur isteach i ndiaidh “an cigire”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo ón 2 Feabhra 2006.

Leasú ar alt 407 (srian le húsáid caillteanas agus liúntas caipitiúil le haghaidh trádála loingsithe cáilithí) den Phríomh Acht.

58 .— Leasaítear alt 407 den Phríomh Acht i bhfo-alt (1) trí “31 Nollaig 2010” a chur in ionad “31 Nollaig 2006” sa mhíniú ar “an tréimhse iomchuí”.

Míniú ar chuideachta árachais.

59 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht―

(a) in alt 588(1), tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cuideachta árachais”:

“ciallaíonn ‘cuideachta árachais’―

(a) cuideachta árachais de réir bhrí alt 3 den Acht Árachais 1936, nó

(b) duine a shealbhaíonn údarú de réir bhrí Rialacháin Chreata na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil), 1994 (I.R. Uimh. 360 de 1994);”,

(b) in alt 594(1)(c)(i), tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cuideachta árachais”:

“ciallaíonn ‘cuideachta árachais’―

(I) cuideachta árachais de réir bhrí alt 3 den Acht Árachais 1936, nó

(II) duine a shealbhaíonn údarú de réir bhrí Rialacháin Chreata na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil), 1994 (I.R. Uimh. 360 de 1994);”,

(c) in alt 706(1), tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cuideachta árachais”:

“ciallaíonn ‘cuideachta árachais’―

(a) cuideachta árachais de réir bhrí alt 3 den Acht Árachais 1936, nó

(b) duine a shealbhaíonn údarú de réir bhrí Rialacháin Chreata na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil), 1994 (I.R. Uimh. 360 de 1994);”,

agus

(d) in alt 902B(1), tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cuideachta árachais”:

“ciallaíonn ‘cuideachta árachais’―

(a) cuideachta árachais de réir bhrí alt 3 den Acht Árachais 1936, nó

(b) duine a shealbhaíonn údarú de réir bhrí Rialacháin Chreata na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil), 1994 (I.R. Uimh. 360 de 1994);”,

(2) (a) Meastar feidhm a bheith ag míreanna (a), (b) agus (c) d’fho-alt (1) amhail ar an agus ón 20 Nollaig 2000.

(b) Tá feidhm ag mír (d) d’fho-alt (1) amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo.”.

Caibidil 4

Cáin Chorparáide

Cur chun feidhme Threoir Uimh. 2005/19/CE ón gComhairle lena leasaítear Treoir 90/434/CEE maidir le cuideachtaí de chuid Ballstát éagsúil agus nithe áirithe eile.

60 .— Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 4 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “brabúis”:

“ciallaíonn ‘SE’ cuideachta phoiblí dliteanais theoranta Eorpach (Societas Europaea nó SE) mar a fhoráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 an 8 Deireadh Fómhair 2001 ón gComhairle, maidir leis an Reacht do Chuideachta Eorpach (SE) 1 ;

ciallaíonn ‘SCE’ Comharchumann Eorpach (SCE) mar a fhoráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1453/2003 an 22 Iúil 2003 ón gComhairle maidir leis an Reacht do Comharchumann Eorpach (SCE) 4 ;”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 23A:

“Áit chónaithe SE nó SCE.

23B.— (1) Déileálfar le SE nó le SCE a bhfuil a oifig chláraithe sa Stát, faoi réir alt 23A, chun críocha na nAchtanna Cánach agus na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil mar chuideachta nó comharchumann a bhfuil cónaí uirthi nó air sa Stát.

(2) (a) Maidir le SE a aistríonn a oifig chláraithe amach as an Stát de réir Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 ón gComhairle maidir leis an Reacht do Chuideachta Eorpach (SE), agus

(b) maidir le SCE a aistríonn a oifig chláraithe amach as an Stát de réir Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1453/2003 an 22 Iúil 2003 ón gComhairle maidir leis an Reacht do Comharchumann Eorpach (SCE),

ní scoirfidh sé de bheith ina chónaí sa Stát de bhua amháin an aistrithe sin.”,

(c) in alt 616 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Más rud é tráth ar bith maidir le príomhchuideachta de chuid grúpa—

(a) (i) go dtiocfaidh sí chun bheith ina SE toisc gurb í an chuideachta fála i bhfoirmiú SE trí chumasc trí fháil (de réir Airteagail 2(1), 17(2)(a) agus 29(1) den Rialachán SE (de réir bhrí alt 630)),

(ii) go dtiocfaidh sí chun bheith ina fochuideachta de chuid SE sealbhaíochta (arna foirmiú de réir Airteagal 2(2) den Rialachán sin), nó

(iii) go gclaochlófar í ina SE (de réir Airteagal 2(4) den Rialachán sin),

(b) go dtiocfaidh sí chun bheith ina SCE i gcúrsa cumaisc de réir Airteagal 2 den Rialachán SCE (de réir bhrí alt 630),

ansin, measfar gurb ionann an grúpa arbh í a phríomhchuideachta roimh an tráth sin agus aon ghrúpa ar ball de an SE, nó de réir mar a bheidh, ar ball de an SCE, tráth a fhoirmithe, agus cinnfear an cheist cibé acu an bhfuil cuideachta scortha de bheith ina comhalta de ghrúpa nó nach bhfuil dá réir sin.”,

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 629:

“Cuideachta do scor de bheith ina cónaí tráth foirmithe SE nó SCE.

629A.— Más rud é tráth ar bith go scoirfidh cuideachta de bheith ina cónaí sa Stát i gcúrsa—

(a) SE a fhoirmiú trí chumasc, nó

(b) SCE a fhoirmiú,

ansin, cibé acu a leanfaidh nó nach leanfaidh an chuideachta de bheith ann tar éis an SE nó (de réir mar a bheidh) an SCE a fhoirmiú, beidh feidhm ag na hAchtanna Cánach agus na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil maidir le haon oibleagáidí de chuid na cuideachta faoin Acht seo i ndáil le dliteanais a fhabhróidh agus nithe a eascróidh roimh an tráth sin—

(i) amhail is dá mbeadh cónaí fós ar an gcuideachta sa Stát, agus

(ii) i gcás gur scoir an chuideachta de bheith ann, amhail is dá mba é an SE nó (de réir mar a bheidh) an SCE an chuideachta.”,

(e) i gCuid 21—

(i) in alt 630—

(I) sa mhíniú ar “comhaontú déthaobhach” trí “826(1)(a)” a chur in ionad “826”,

(II) sa mhíniú ar “an Treoir”, trí “(arna leasú)” a chur isteach i ndiaidh “de chuid Ballstát éagsúil”, agus

(III) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “cuideachta glactha”:

“ciallaíonn ‘Rialachán SE’ Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 an 8 Deireadh Fómhair 2001 ón gComhairle, maidir leis an Reacht do Chuideachta Eorpach (SE) 5 ;

ciallaíonn ‘Rialachán SCE’ Rialachán (CE) Uimh. 1435/2003 an 22 Iúil 2003 ón gComhairle, maidir leis an Reacht do Chomharchumann Eorpach (SCE) 6 ;”,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 633:

“SE nó SCE a fhoirmiú trí chumasc — sócmhainní a fhágáil sa Stát.

633A.— (1) Chun críocha an ailt seo, is sócmhainn aistrithe cháilitheach sócmhainn más rud é—

(a) go ndéanfar an tsócmhainn a aistriú go SE nó SCE mar chuid de phróiseas an chumaisc a bheidh á fhoirmiú,

(b) (i) go bhfuil cónaí sa Stát tráth an aistrithe ar an aistreoir i ndáil leis an tsócmhainn, nó

(ii) gurbh éard é aon ghnóchan a d’fhabhródh don aistreoir i leith na sócmhainne, dá ndiúscródh sé an tsócmhainn díreach roimh thráth an aistrithe, gnóchan inmhuirearaithe,

agus

(c) (i) go bhfuil cónaí sa Stát ar an SE nó SCE a n-aistrítear chuige i ndáil leis an tsócmhainn ar fhoirmiú, nó

(ii) gurbh éard é aon ghnóchan a d’fhabhródh don SE nó SCE an-aistrítear chuige i leith na sócmhainne, dá ndiúscródh sé an tsócmhainn díreach tar éis an aistrithe, gnóchan inmhuirearaithe.

(2) Chun críocha an ailt seo agus alt 633B, déileáiltear le cuideachta mar chuideachta ar a bhfuil cónaí chun críocha cánach i mBallstát (seachas an Stát) más rud é—

(a) go ndéileáiltear léi amhlaidh de bhua dhlí an Bhallstáit, agus

(b) nach ndéileáiltear léi, chun críocha socruithe faoisimh ó chánachas dúbailte ar páirtí iontu an Ballstát, mar chuideachta ar a bhfuil cónaí chun críocha cánach i gcríoch nach Ballstát, agus chun na críche seo, ciallaíonn ‘cáin’, i ndáil le Ballstát seachas an Stát, aon cháin a fhorchuirtear sa Bhallstát agus a fhreagraíonn do cháin chorparáide sa Stát.

(3) Tá feidhm ag an alt seo más rud é—

(a) (i) go ndéantar SE a fhoirmiú trí chumasc idir 2 chuideachta nó níos mó de réir Airteagail 2(1) agus 17(2)(a) nó (b) den Rialachán SE, nó

(ii) go ndéantar SCE a fhoirmiú trí chumasc de réir Airteagal 2 den Rialachán SCE,

(b) go bhfuil cónaí chun críocha cánach i mBallstát ar gach cuideachta cumaisc,

(c) nach bhfuil cónaí chun críocha cánach sa Bhallstát céanna ar na cuideachtaí cumaisc go léir, agus

(d) nach bhfuil feidhm ag alt 615 maidir le haon sócmhainní aistrithe cáilitheacha.

(4) I gcás go bhfuil feidhm ag an alt seo, déileálfar le sócmhainní aistrithe cáilitheacha chun críche na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil agus, a mhéid atá feidhm acu maidir le gnóchain inmhuirearaithe, chun críche na nAchtanna Cánach Corparáide amhail is go bhfuair an SE nó, de réir mar a bheidh, an SCE iad, ar chomaoin nach mbeidh gnóchan ná caillteanas don aistreoir mar thoradh uirthi.

(5) I gcás go bhfuil feidhm ag an alt seo—

(a) déileálfar le haistriú sócmhainní i gcúrsa an chumaisc mar aistriú nach dtagann aon liúntas ná muirear dá bhforáiltear le halt 307 nó 308 as,

(b) déanfar na liúntais sin go léir a thabhairt don SE nó (de réir mar a bheidh) don SCE agus na muirir sin go léir a ghearradh ar an SE nó (de réir mar a bheidh) ar an SCE de réir ailt 307 agus 308 is liúntais agus muirir a thabharfaí don chuideachta aistritheach nó a ghearrfaí uirthi dá leanfadh an chuideachta aistritheach de na sócmhainní a aistríodh a úsáid chun críochaa trádála i leithaon sócmhainní arnan-aistriú le linn an chumaisc, agus déanfar méid aon liúntais nó muirir den sórt sin a ríomh amhail is dá mbeadh an trádáil á seoladh ag an SE nó (de réir mar a bheidh) ag an SCE a bhí á seoladh ag an gcuideachta aistritheach ó thosaigh an chuideachta aistritheach á seoladh amhlaidh agus amhail is dá mbeadh gach ní a rinne an chuideachta aistritheach, nó a rinneadh uirthi, déanta ag an SE nó (de réir mar a bheidh) ag an SCE, nó déanta ar an gcéanna.

SE nó SCE a fhoirmiú trí chumasc — gan sócmhainní a fhágáil sa Stát.

633B.— (1) Tá feidhm ag an alt seo más rud é—

(a) (i) go ndéantar SE a fhoirmiú trí chumasc idir 2 chuideachta nó níos mó de réir Airteagail 2(1) agus 17(2)(a) nó (b) den Rialachán SE, nó

(ii) go ndéantar SCE a fhoirmiú trí chumasc de réir Airteagal 2 den Rialachán SCE,

(b) go bhfuil cónaí chun críocha cánach i mBallstát ar gach cuideachta cumaisc,

(c) nach bhfuil cónaí chun críocha cánach sa Bhallstát céanna ar na cuideachtaí cumaisc go léir,

(d) i gcúrsa an chumaisc, go ndéanann cuideachta a chónaíonn sa Stát gach sócmhainn agus dliteanas de chuid trádála arna seoladh i mBallstát (seachas an Stát) ag an gcuideachta a chónaíonn sa Stát, trí bhrainse nó gníomhaireacht, a aistriú chuig cuideachta a chónaíonn i mBallstát seachas an Stát, agus

(e) gur mó comhiomlán na ngnóchan inmhuirearaithe a fhabhróidh don chuideachta a chónaíonn sa Stát ar an aistriú ná comhiomlán aon chaillteanas inlamhála a fhabhróidh amhlaidh.

(2) I gcás go bhfuil feidhm ag an alt seo, chun críocha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil agus, a mhéid atá feidhm acu maidir le gnóchain inmhuirearaithe, chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide—

(a) déanfar na caillteanais inlamhála a fhabhróidh don chuideachta a chónaíonn sa Stát ar an aistriú a fhritháireamh in aghaidh na ngnóchan inmhuirearaithe a fhabhróidh amhlaidh, agus

(b) déileálfar leis an aistriú mar ní is cúis le gnóchan inmhuirearaithe amháin atá comhionann le comhiomlán na ngnóchan sin tar éis comhiomlán na gcaillteanas sin a asbhaint.

(3) I gcás ina bhfuil feidhm ag an alt seo, beidh feidhm ag alt 634 freisin.

Mar a dhéileálfar le hurrúis tráth cumaisc.

633C.— (1) Tá feidhm ag an alt seo más rud é—

(a) (i) go ndéantar SE a fhoirmiú trí 2 chuideachta nó níos mó a chumasc de réir Airteagail 2(1) agus 17(2) (a) nó (b) den Rialachán SE, nó

(ii) go ndéantar SCE a fhoirmiú trí chumasc de réir Airteagal 2 den Rialachán SCE,

(b) go bhfuil cónaí chun críocha cánach ar gach cuideachta cumaisc i mBallstát,

(c) nach bhfuil cónaí chun críocha cánach ar na cuideachtaí cumaisc go léir sa Bhallstát céanna, agus

(d) nach scéim athchóiriúcháin ná cónasctha de réir bhrí alt 587 an cumasc nó nach cuid de scéim den sórt sin é.

(2) I gcás ina bhfuil feidhm ag an alt seo, déileálfar leis an gcumasc chun críocha alt 587 amhail is dá mba scéim athchóiriúcháin é.”,

(iii) in alt 634 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) (a) Más rud é—

(i) go ndéanann cuideachta nach gcónaíonn sa Stát iomlán trádála a bheidh á seoladh aici, nó cuid den trádáil sin, a aistriú chuig cuideachta eile agus gurb é amháin a bheidh sa chomaoin i leith an aistrithe urrúis sa chuideachta fála a eisiúint chuig an gcuideachta aistritheach, agus

(ii) chun críocha ioncam nó gnóchain aon duine a ríomh (dá ngairtear ‘an duine iomchuí’ san fho-alt seo) is duine arb inmhuirearaithe cáin air nó uirthi sa Stát, go ndéileáiltear le hioncam nó gnóchain na cuideachta aistrithí mar ioncam nó, de réir mar a bheidh, mar ghnóchain inmhuirearaithe, de chuid an duine iomchuí agus ní mar ioncam nó gnóchain inmhuirearaithe de chuid na cuideachta aistrithí,

ansin, le linn aon dliteanas cánach de chuid an duine iomchuí a ríomh i leith an aistrithe, déileálfar chun críocha Chaibidil 1 de Chuid 35 le cuid chuí de cháin a shonrófar i ndeimhniú iomchuí arna thabhairt ag údaráis chánach an Bhallstáit ina raibh an trádáil á seoladh amhlaidh mar cháin—

(I) is iníoctha faoi dhlí an Bhallstáit sin, agus

(II) ar ina leith a fhéadfar creidmheas a lamháil faoi chomhaontú déthaobhach.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, is é a bheidh sa chuid chuí de cháin ar ioncam nó ar ghnóchain a shonrófar i ndeimhniú i ndáil le duine iomchuí cibé méid den cháin sin a mbeidh idir é agus méid na cánach sin an chomhréir chéanna a bheidh idir an chuid d’aon ioncam, nó de réir mar a bheidh, d’aon ghnóchain, de chuid na cuideachta aistrithí i leith an aistrithe a ndéileálfar leis mar ioncam nó, de réir mar a bheidh, mar ghnóchain, de chuid an duine iomchuí agus méid an ioncaim sin, nó de réir mar a bheidh, méid na ngnóchan sin, de chuid na cuideachta aistrithí.”,

(iv) in alt 635—

(I) trí “ailt 631, 632, 633, 633A, 633C agus 634” a chur in ionad “ailt 631 go 634”, agus

(II) trí “maidir le haistriú, diúscairt nó foirmiú SC nó SCE trí chumasc mura suífear go ndéantar an t-aistriú, an diúscairt nó an cumasc, de réir mar a bheidh” a chur in ionad “maidir le haistriú nó diúscairt mura suífear go ndéantar an t-aistriú nó an diúscairt, de réir mar a bheidh”,

agus

(v) in alt 636(2) trí “alt 631, 632, 633, 633A, 633B, 633C nó 634” a chur in ionad “alt 631, 632, 633 nó 634”,

agus

(f) i Sceideal 18A—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 1(3A)(a)(i):

“(ia) i gcás (cibé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag mír (a)(i)(I) freisin)—

(I) inar cuideachta SE nó cuideachta SCE a bhfuil cónaí uirthi sa Stát an chuideachta, agus

(II) inar aistríodh an tsócmhainn—

(A) chuig an SE mar chuid de phróiseas a fhoirmithe ar mhodh cumaisc trí fháil a bhain le dhá chuideachta nó níos mó de réir Airteagail 2(1) agus 17(2)(a) nó (b) den Rialachán SE (de réir bhrí alt 630), nó

(B) chuig an SCE mar chuid de phróiseas a fhoirmithe ar mhodh cumaisc de réir Airteagal 2 den Rialachán SCE (de réir bhrí alt 630),

is tagairtí iad don tsócmhainn do theacht chun bheith ina sócmhainn inmhuirearaithe i ndáil leis an SE nó (de réir mar a bheidh) leis an SCE nó, más rud é, tráth foirmithe an SE nó (de réir mar a bheidh) an SCE, gur shócmhainn inmhuirearaithe an tsócmhainn i ndáil le cuideachta ar tháinig deireadh léi mar chuid de phróiseas foirmithe an SE nó (de réir mar a bheidh) an SCE, is tagairtí iad don tsócmhainn do theacht chun bheith ina sócmhainn inmhuirearaithe i ndáil leis an gcuideachta sin;”,

(ii) i mír 1(3A)(b) trí “nó, más SE nó SCE an chuideachta, mar gheall ar an tsócmhainn a bheith aistrithe chuig an SE nó (de réir mar a bheidh) chuig an SCE tráth a fhoirmithe” a chur isteach i ndiaidh “an tráth sin”, agus

(iii) i mír 1(6)(a) trí “nó (3A)” a chur isteach i ndiaidh “an fho-ailt sin (3)”.

Caighdeáin chuntasaíochta a bhfuil glacadh coitianta leo.

61 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 76A(2) trí “Beidh feidhm ag Sceideal 17A maidir le cuideachta i ndáil le haon ní a bhaineann le hioncam na cuideachta a ríomh más rud é i ndáil leis an ní sin” a chur in ionad “Beidh feidhm ag Sceideal 17A maidir le cuideachta más rud é”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 76C:

Ioncam ó léasanna airgeadais a ríomh.

76D.— (1) San alt seo ciallaíonn ‘léas airgeadais’ léas a bheidh le háireamh mar léas airgeadais faoin gcleachtas cuntasaíochta a bhfuil glacadh coitianta leis.

(2) D’ainneoin alt 76A agus faoi réir alt 80A, chun ioncam cuideachta ó thrádáil léasúcháin a ríomh, maidir le hioncam léasóra ó léas airgeadais—

(a) ní hé a bheidh ann an méid ioncaim ón léas arna ríomh de réir an chleachtais cuntasaíochta a bhfuil glacadh coitianta leis, agus

(b) ríomhfar é, faoi réir fhorálacha na nAchtanna Cánach Corparáide seachas alt 76A, trí dhéileáil—

(i) le híocaíochtaí léasa is infhaighte i leith an léasa mar fháltais trádála de chuid na trádála, agus

(ii) le haon eisíocaíochtaí nó costais a leagadh amach nó a caitheadh chun na híocaíochtaí léasa sin a thuilleamh mar chaiteachais trádála de chuid na trádála.”,

(c) in alt 243(6), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) nach í an chuideachta a dhéanfaidh an íocaíocht faoi dheoidh, nó

(i) i gcás aon ríchíosa nó aon suime eile i leith paitinn a úsáid, gur i leith caiteachais chaipitiúil an íocaíocht, agus

(ii) in aon chás eile, go muirearófar an íocaíocht ar chaipiteal,

nó”,

agus

(d) i Sceideal 17A—

(i) i mír 2—

(I) i bhfomhír (2) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad chlásail (b) agus (c):

“(b) D’ainneoin chlásal (a), ní dhéanfar méid (dá ngairtear an ‘méid iomchuí’ san fhomhír seo) a ndéileáiltear leis faoi chlásal (a) mar fháltas trádála do thréimhse chuntasaíochta (dá ngairtear an ‘tréimhse chuntasaíochta iomchuí’ sa chlásal seo) a chur i gcuntas le linn brabúis nó gnóchain na cuideachta a ríomh chun críocha Chás I nó II de Sceideal D don tréimhse chuntasaíochta sin ach ina ionad sin, faoi réir chlásal (c), déanfar cuid den mhéid iomchuí a chur i gcuntas amhlaidh do gach tréimhse chuntasaíochta a bheidh go hiomlán nó go páirteach laistigh den tréimhse 5 bliana dar tosach tús na tréimhse cuntasaíochta iomchuí. Is éard a bheidh sa chuid den mhéid iomchuí a bheidh le cur i gcuntas amhlaidh d’aon tréimhse chuntasaíochta den sórt sin cibé méid a mbeidh idir é agus an méid iomchuí an chomhréir chéanna atá idir fad na tréimhse cuntasaíochta, nó an chuid den tréimhse chuntasaíochta atá laistigh den tréimhse 5 bliana, agus 5 bliana.

(c) Más rud é maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dá dtagraítear i gclásal (b), gurb í an tréimhse chuntasaíochta dheireanach í inar sheol cuideachta trádáil nó gairm, ansin déanfar cibé cuid den mhéid iomchuí a chur i gcuntas don tréimhse chuntasaíochta sin is gá chun a chinntiú go dtabharfar cuntas in iomlán an mhéid sin.”,

(II) i bhfomhír (3), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad chlásail (b) agus (c):

“(b) D’ainneoin chlásal (a), ní dhéanfar méid (dá ngairtear an ‘méid iomchuí’ san fhomhír seo) a ndéileáiltear leis faoi chlásal (a) mar chaiteachas trádála inasbhainte do thréimhse chuntasaíochta (dá ngairtear an ‘tréimhse chuntasaíochta iomchuí’ sa chlásal seo) a chur i gcuntas le linn brabúis nó gnóchain na cuideachta a ríomh chun críocha Chás I nó II de Sceideal D don tréimhse chuntasaíochta sin ach ina ionad sin, faoi réir chlásal (c), déanfar cuid den mhéid iomchuí a chur i gcuntas amhlaidh do gach tréimhse chuntasaíochta a bheidh go hiomlán nó go páirteach laistigh den tréimhse 5 bliana dar tosach tús na tréimhse cuntasaíochta iomchuí. Is éard a bheidh sa chuid den mhéid iomchuí a bheidh le cur i gcuntas amhlaidh d’aon tréimhse chuntasaíochta den sórt sin cibé méid a mbeidh idir é agus an méid iomchuí an chomhréir chéanna atá idir fad na tréimhse cuntasaíochta, nó an chuid den tréimhse chuntasaíochta atá laistigh den tréimhse 5 bliana, agus 5 bliana.

(c) Más rud é maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dá dtagraítear i gclásal (b), gurb í an tréimhse chuntasaíochta dheireanach í inar sheol cuideachta trádáil nó gairm, ansin déanfar cibé cuid den mhéid iomchuí a chur i gcuntas don tréimhse chuntasaíochta sin is gá chun a chinntiú go dtabharfar cuntas in iomlán an mhéid sin.”,

agus

(III) i bhfomhír (4), trí “mhír 3 nó 4” a chur in ionad “mhír 4”,

(ii) i mír 3 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (3):

“(4) Ní dhéanfar fiach a chur i gcuntas chun críocha mhír 4 más féidir é a chur i gcuntas chun críocha na míre seo.”,

(iii) i mír 4—

(I) i bhfomhír (2), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad chlásail (b) agus (c):

“(b) D’ainneoin chlásal (a), ní dhéanfar méid (dá ngairtear an ‘méid iomchuí’ san fhomhír seo) a ndéileáiltear leis faoi chlásal (a) mar fháltas trádála do thréimhse chuntasaíochta (dá ngairtear an ‘tréimhse chuntasaíochta iomchuí’ sa chlásal seo) a chur i gcuntas le linn brabúis nó gnóchain na cuideachta a ríomh chun críocha Chás I nó II de Sceideal D don tréimhse chuntasaíochta sin ach ina ionad sin, faoi réir chlásal (c), déanfar cuid den mhéid iomchuí a chur i gcuntas amhlaidh do gach tréimhse chuntasaíochta a bheidh go hiomlán nó go páirteach laistigh den tréimhse 5 bliana dar tosach tús na tréimhse cuntasaíochta. Is éard a bheidh sa chuid den mhéid iomchuí a bheidh le cur i gcuntas amhlaidh d’aon tréimhse chuntasaíochta den sórt sin cibé méid a mbeidh idir é agus an méid iomchuí an chomhréir chéanna atá idir fad na tréimhse cuntasaíochta, nó an chuid den tréimhse chuntasaíochta atá laistigh den tréimhse 5 bliana, agus 5 bliana.

(c) Más rud é maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dá dtagraítear i gclásal (b), gurb í an tréimhse chuntasaíochta dheireanach í inar sheol cuideachta trádáil nó gairm, ansin déanfar cibé cuid den mhéid iomchuí a chur i gcuntas don tréimhse chuntasaíochta sin is gá chun a chinntiú go dtabharfar cuntas in iomlán an mhéid sin.”,

(II) i bhfomhír (3), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad chlásail (b) agus (c):

“(b) D’ainneoin chlásal (a), ní dhéanfar méid (dá ngairtear an ‘méid iomchuí’ san fhomhír seo) a ndéileáiltear leis faoi chlásal (a) mar chaiteachas trádála inasbhainte do thréimhse chuntasaíochta (dá ngairtear an ‘tréimhse chuntasaíochta iomchuí’ sa chlásal seo) a chur i gcuntas le linn brabúis nó gnóchain na cuideachta a ríomh chun críocha Chás I nó II de Sceideal D don tréimhse chuntasaíochta sin ach ina ionad sin, faoi réir chlásal (c), déanfar cuid den mhéid iomchuí a chur i gcuntas amhlaidh do gach tréimhse chuntasaíochta a bheidh go hiomlán nó go páirteach laistigh den tréimhse 5 bliana dar tosach tús na tréimhse cuntasaíochta. Is éard a bheidh sa chuid den mhéid iomchuí a bheidh le cur i gcuntas amhlaidh d’aon tréimhse chuntasaíochta den sórt sin cibé méid a mbeidh idir é agus an méid iomchuí an chomhréir chéanna atá idir fad na tréimhse cuntasaíochta, nó an chuid den tréimhse chuntasaíochta atá laistigh den tréimhse 5 bliana, agus 5 bliana.

(c) Más rud é maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dá dtagraítear i gclásal (b), gurb í an tréimhse chuntasaíochta dheireanach í inar sheol cuideachta trádáil nó gairm, ansin déanfar cibé cuid den mhéid iomchuí a chur i gcuntas don tréimhse chuntasaíochta sin is gá chun a chinntiú go dtabharfar cuntas in iomlán an mhéid sin.”,

(III) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (5):

“(5) Maidir le caillteanas lena mbaineann an fhomhír seo (dá ngairtear an ‘caillteanas iomchuí’ san fhomhír seo) agus a chuirfí i gcuntas murach sin le linn brabúis nó gnóchain nó caillteanais cuideachta a ríomh chun críocha Chás I nó II de Sceideal D do thréimhse chuntasaíochta (dá ngairtear an ‘tréimhse chuntasaíochta iomchuí’ san fhomhír seo), ní chuirfear i gcuntas amhlaidh é, ach ina ionad sin—

(a) (i) déanfar cuid den chaillteanas iomchuí a chur i gcuntas amhlaidh do gach tréimhse chuntasaíochta a bheidh go hiomlán nó go páirteach laistigh den tréimhse 5 bliana dar tosach tús na tréimhse cuntasaíochta iomchuí, agus

(ii) is éard a bheidh sa chuid den chaillteanas iomchuí a bheidh le cur i gcuntas amhlaidh d’aon tréimhse chuntasaíochta den sórt sin lena mbaineann an clásal seo cibé méid a mbeidh idir é agus an caillteanas iomchuí an chomhréir chéanna a bheidh idir fad na tréimhse cuntasaíochta, nó an chuid den tréimhse chuntasaíochta a bheidh laistigh den tréimhse 5 bliana, agus 5 bliana,

agus

(b) d’ainneoin chlásal (a), más rud é maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dá dtagraítear sa chlásal sin, gurb í an tréimhse chuntasaíochta dheireanach í inar sheol cuideachta trádáil nó gairm, ansin déanfar cibé cuid den mhéid dá dtagraítear sa chlásal sin a chur i gcuntas don tréimhse chuntasaíochta sin is gá chun a chinntiú go dtabharfar cuntas in iomlán an mhéid sin.”,

agus

(IV) i bhfomhír (6), trí “maidir leis an gcéad, an dara agus an tríú tréimhse chuntasaíochta” a chur in ionad “maidir leis an gcéad tréimhse chuntasaíochta”.

(2) Measfar feidhm a bheith ag an alt seo maidir le haon tréimhse chuntais dar tosach an 1 Eanáir 2005 nó dá éis.

Sócmhainní airgeadra coigríche a chomhoiriúnú le scairchaipiteal airgeadra coigríche áirithe.

62. — (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 79A:

‘‘79B.— (1) (a) San alt seo—

ciallaíonn ‘sócmhainn airgeadra coigríche’, i ndáil le cuideachta, sócmhainn de chuid na cuideachta—

(i) nach raibh sa chomaoin i leith a fála ach méid arna ainmniú in airgeadra seachas airgeadra an Stáit, agus

(ii) a ndéanfaí aon ghnóchan ar í a dhiúscairt a chur i gcuntas le linn ioncam na cuideachta atá inmhuirearaithe i leith cánach faoi Chás I de Sceideal D a ríomh;

ciallaíonn ‘dliteanas airgeadra coigríche iomchuí’, i ndáil le cuideachta, dliteanas, nach ítim airgeadaíochta iomchuí (de réir bhrí alt 79) a éiríonn as suim arna suibscríobh i gcomhair scairchaipitil infhuascailte láníoctha de chuid na cuideachta atá ainmnithe in airgeadra seachas airgeadra an Stáit;

tá le ‘ráta malairte’ an bhrí a shanntar dó le halt 79.

(b) Chun críocha an ailt seo—

(i) más rud é, aon tráth, go ndiúscróidh cuideachta sócmhainn airgeadra coigríche a bheidh comhoiriúnaithe le dliteanas airgeadra coigríche iomchuí comhréire agus nach ndiúscróidh an chuideachta an dliteanas an tráth sin, measfar go n-urscaoileann an chuideachta an dliteanas, agus go dtabhaíonn sí dliteanas nua atá comhionann le méid an dliteanais, an tráth sin,

(ii) más rud é, de réir fho-alt (2), go sonróidh cuideachta go bhfuil sócmhainn airgeadra coigríche atá faighte aici aon tráth le comhoiriúnú le dliteanas airgeadra coigríche iomchuí comhréire arna thabhú aici roimh an tráth sin, measfar go n-urscaoileann an chuideachta an dliteanas airgeadra coigríche, agus go dtabhaíonn sí dliteanas nua atá comhionann le méid an dliteanais, an tráth sin, agus

(iii) is éard a bheidh i méid an ghnóchain nó an chaillteanais ar urscaoileadh dliteanas airgeadra coigríche iomchuí ná an méid arbh é an gnóchan é a d’fhabhródh chuig an gcuideachta, nó de réir mar a bheidh, arbh é an caillteanas é arna thabhú ag an gcuideachta, ar dhiúscairt sócmhainne a fuair sí an tráth ar tabhaíodh an dliteanas agus a diúscraíodh an tráth ar urscaoileadh an dliteanas más rud é—

(I) gurbh é a bhí sa mhéid a thug an chuideachta chun an dliteanas a urscaoileadh ná an méid a thug an chuideachta mar chomaoin i leith an tsócmhainn a fháil, agus

(II) gurbh é a bhí i méid an dliteanais a thabhaigh an chuideachta ná an chomaoin a fuair an chuideachta ar dhiúscairt na sócmhainne.

(2) (a) Féadfaidh cuideachta, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire, a shonrú go ndéanfar sócmhainn airgeadra coigríche arna ainmniú in airgeadra seachas airgeadra an Stáit a chomhoiriúnú le cibé dliteanas airgeadra coigríche iomchuí comhréire arna ainmniú san airgeadra sin agus a shonróidh an chuideachta.

(b) Tabharfar fógra faoi mhír (a) laistigh de 3 sheachtain tar éis don chuideachta lena mbaineann an tsócmhainn airgeadra coigríche a fháil.

(3) Más rud é, i dtréimhse chuntasaíochta, go ndiúscróidh cuideachta sócmhainn airgeadra coigríche a chomhoiriúnaigh an chuideachta faoi fho-alt (2) le dliteanas airgeadra coigríche iomchuí de chuid na cuideachta, ansin déanfar aon ghnóchan nó aon chaillteanas, cibé acu réadaithe nó neamhréadaithe, ar an dliteanas airgeadra coigríche a chur i gcuntas le linn ioncam trádála na cuideachta a ríomh.”.

Leasú ar Sceideal 24 (faoiseamh ó cháin ioncaim agus ó cháin chorparáide trí bhíthin creidmheasa i leith cánach coigríche) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

63. — Leasaítear Sceideal 24 a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) i mír 4 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (2):

“(2A) Chun críocha fhomhír (2), ach faoi réir fhomhír (3), i gcás go mbeidh creidmheas le lamháil i gcoinne cánach corparáide le haghaidh cánach coigríche i leith aon ioncaim de chuid cuideachta (dá ngairtear ‘an t-ioncam sin’ san fhomhír seo), ar ioncam é a chuirtear i gcuntas le linn brabúis nó gnóchain ó thrádáil a sheolann an chuideachta i dtréimhse chuntasaíochta a ríomh, is é a bheidh san ioncam iomchuí ná an oiread sin de na brabúis nó de na gnóchain ón trádáil don tréimhse chuntasaíochta sin mar a chinnfear de réir na foirmle—

P x I

R

i gcás—

gurb é P méid na mbrabús nó na ngnóchan ón trádáil don tréimhse chuntasaíochta roimh aon mhéid a asbhaint faoi mhír 7(3)(c),

gurb é I méid an ioncaim sin don tréimhse chuntasaíochta roimh aon eisíocaíochtaí nó caiteachais de chuid na trádála a asbhaint, agus

gurb é R an méid iomlán is infhaighte ag an gcuideachta le linn an trádáil a sheoladh sa tréimhse chuntasaíochta.”,

(b) i bhfomhír (2) de mhír 9B, trí “le cuideachta iomchuí” a chur in ionad “le cuideachta Éireannach”

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 9E:

“9F (1) (a) Sa mhír seo—

ciallaíonn ‘an méid comhiomlán cánach corparáide is iníoctha ag cuideachta do thréimhse chuntasaíochta i leith úis iomchuí de chuid na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta ó chuideachtaí coigríche’ cibé méid den cháin chorparáide a bheadh, ar leith ón mír seo, iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin agus nach mbeadh iníoctha mura mbeadh an t-ús inmhuirearaithe i leith cánach;

ciallaíonn ‘cuideachta choigríche’ cuideachta a chónaíonn lasmuigh den Stát;

ciallaíonn ‘cáin choigríche’, i ndáil le hús is infhaighte ag cuideachta, cáin—

(i) a rinneadh, faoi dhlíthe aon chríche coigríche, a asbhaint as méid an úis,

(ii) a fhreagraíonn do cháin ioncaim nó do cháin chorparáide,

(iii) nár aisíocadh leis an gcuideachta;

tá le ‘cáin choigríche neamhfhaoisimh’ an bhrí a shanntar dó i bhfomhír (2).

(b) Chun críocha na míre seo—

(i) is ús iomchuí ús is infhaighte ag cuideachta (dá ngairtear ‘an chuideachta fála’ sa chlásal seo) ó chuideachta más rud é—

(I) go mbeidh an t-ús le cur i gcuntas le linn ioncam trádála ó thrádáil a sheolann an chuideachta fála a ríomh,

(II) go n-éiríonn an t-ús as foinse laistigh de chríoch a mbeidh feidhm dlí ag socruithe maidir léi, agus

(III) go bhfuil ceann amháin de na fochuideachtaí sin ina fhochuideachta 25 faoin gcéad de chuid na cuideachta eile nó go bhfuil an dá chuideachta ina bhfochuideachtaí 25 faoin gcéad de chuid tríú cuideachta,

(ii) faoi réir fhochlásal (iii), measfar cuideachta a bheith ina fochuideachta 25 faoin gcéad de chuid cuideachta eile dá mba rud é go ndéileálfaí, agus fad a dhéileálfaí, le 25 faoin gcéad ar a laghad dá gnáth-scairchaipiteal mar ghnáth-scairchaipiteal atá ar úinéireacht, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an gcuideachta eile sin dá mbeadh feidhm ag alt 9 (seachas fo-alt (1) den alt sin) chun críocha na míre seo,

(iii) ní mheasfar cuideachta a bheith ina fochuideachta 25 faoin gcéad (dá ngairtear ‘fochuideachta’ san fhochlásal seo) de chuid cuideachta eile (dá ngairtear ‘an mháthair-chuideachta’ san fhochlásal seo) aon tráth más rud é—

(I) maidir leis an gcéatadán d’aon bhrabúis, a bheidh ar fáil lena ndáileadh ar shealbhóirí cothromais, ar brabúis de chuid na fochuideachta iad an tráth sin agus ar céatadán é a mbeidh teideal tairbhiúil ag an máthair-chuideachta chuige an tráth sin, nó

(II) maidir leis an gcéatadán d’aon sócmhainní, a bheidh ar fáil lena ndáileadh ar shealbhóirí cothromais ar fhoirceannadh, ar sócmhainní de chuid na fochuideachta iad an tráth sin agus ar céatadán é a mbeadh teideal tairbhiúil ag an máthair-chuideachta chuige ar an bhfochuideachta a fhoirceannadh,

go bhfuil sé níos lú ná 25 faoin gcéad de na brabúis sin nó de na sócmhainní sin (de réir mar a bheidh) de chuid na fochuideachta an tráth sin, agus beidh feidhm ag ailt 413, 414, 415 agus 418, fara aon mhodhnuithe is gá ach gan féachaint d’alt 411(1)(c) a mhéid a bhaineann sé leis na hailt sin, maidir le cinneadh a dhéanamh ar an gcéatadán de na brabúis sin nó de na sócmhainní sin (de réir mar a bheidh) a mbeidh teideal tairbhiúil ag cuideachta chuige mar atá feidhm acu maidir le cinneadh a dhéanamh chun críocha Chaibidil 5 de Chuid 12 ar an gcéatadán d’aon bhrabúis nó sócmhainní den sórt sin a mbeidh teideal amhlaidh ag cuideachta chuige.

(2) Más rud é, maidir le haon ús iomchuí a gheobhaidh cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta, nach bhféadfar aon chuid den cháin choigríche, ar leith ón mír seo, a lamháil mar chreidmheas i gcoinne cánach corparáide agus, dá réir sin, go ndéileálfar, faoi mhír 7(3)(c), leis an méid ioncaim in ionannas don ús mar mhéid ioncaim arna laghdú den chuid sin den cháin choigríche, ansin maidir le méid a chinnfear de réir na foirmle—

100 - R x D

100

i gcás—

gurb é R an ráta faoin gcéad a shonraítear in alt 21(1), agus

gurb é D méid an chuid den cháin choigríche ar dá réir a dhéileálfar leis an ioncam, faoi mhír 7(3)(c), mar ioncam arna laghdú,

déileálfar leis, chun críocha fhomhír (3), mar cháin choigríche neamhfhaoisimh de chuid na tréimhse cuntasaíochta sin.

(3) Déanfar an méid comhiomlán cánach corparáide is iníoctha ag cuideachta do thréimhse chuntasaíochta i leith úis iomchuí de chuid na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta ó chuideachtaí coigríche a laghdú den cháin choigríche neamhfhaoisimh de chuid na tréimhse cuntasaíochta sin.”,

agus

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 9F (a cuireadh isteach le mír (c)):

“Díbhinní arna n-íoc ag cuideachtaí a fhómhastar mar ghrúpa faoi dhlí críche lasmuigh den Stát

9G (1) Tá feidhm ag an mír seo in aon chás—

(a) ina bhfuil cáin iníoctha, faoi dhlí críche lasmuigh den Stát, ag cuideachta (dá ngairtear an ‘cuideachta fhreagrach’ sa mhír seo) a chónaíonn sa chríoch sin i leith na mbrabús comhiomlán, nó i leith na mbrabús comhiomlán agus na ngnóchan comhiomlán, de chuid na cuideachta sin agus de chuid cuideachta amháin eile nó níos mó (dá ngairtear na ‘cuideachtaí comhdhlúite’ sa mhír seo), án-áireamh le chéile mar eintiteas inchánach amháin, agus

(b) ina dtarlaíonn—

(i) go n-íocann aon cheann de na cuideachtaí comhdhlúite (dá ngairtear an ‘cuideachta íoca’ sa mhír seo) díbhinn le cuideachta nach ceann de na cuideachtaí comhdhlúite í (dá ngairtear an ‘cuideachta fála’ sa mhír seo), nó

(ii) go n-íocann cuideachta nach ceann de na cuideachtaí chomhdhlúite í (dá ngairtear an ‘tríú cuideachta’ sa mhír seo) díbhinn le haon cheann de na cuideachtaí comhdhlúite.

(2) (a) I gcás ina mbeidh feidhm ag an mír seo, ansin, chun creidmheas a lamháil faoin Sceideal seo i leith cánach coigríche maidir le brabúis is inchurtha i leith díbhinní beidh feidhm ag an Sceideal seo fara aon mhodhnuithe is gá, amhail is—

(i) dá mba chuideachta aonair (dá ngairtear an ‘cuideachta aonair’ sa mhír seo) na cuideachtaí chomhdhlúite, á n-áireamh le chéile,

(ii) dá mba í an chuideachta aonair a d’íoc aon díbhinn a d’íoc aon cheann de na cuideachtaí comhdhlúite le cuideachta fála,

(iii) dá mba leis an gcuideachta aonair a íocadh aon díbhinn a d’íoc tríú cuideachta le haon cheann de na cuideachtaí comhdhlúite,

(iv) dá mbeadh an chuideachta aonair gaolmhar leis an gcuideachta fála i gcás an chuideachta íoca a bheith gaolmhar leis an gcuideachta fála,

(v) dá mbeadh an tríú cuideachta gaolmhar leis an gcuideachta aonair i gcás an tríú cuideachta a bheith gaolmhar leis an gceann sin de na cuideachtaí comhdhlúite lenar íoc sí an díbhinn, agus

(vi) dá mbeadh cónaí ar an gcuideachta aonair sa chríoch ina bhfuil cónaí ar an gcuideachta fhreagrach,

ionas gurb é atá sna brabúis iomchuí chun críocha mhír 8 ná aon fhigiúr comhiomlán amháin i leith na cuideachta aonair agus gurb é atá sa cháin choigríche arna híoc ag an gcuideachta fhreagrach ná cáin choigríche arna híoc ag an gcuideachta aonair.

(b) Chun críocha na míre seo—

(i) maidir le cuideachta aonair a ndéileáiltear léi mar chuideachta a íocann díbhinn, déileálfar léi mar chuideachta atá bainteach le cuideachta iomchuí (de réir na brí a thugtar dó i mír 9B) i ndáil leis an díbhinn má tá an chuideachta a d’íoc an díbhinn bainteach leis an gcuideachta iomchuí sin;

(ii) maidir le díbhinn iomchuí (de réir na brí a thugtar dó i mír 9A) arna híoc ag aon cheann de na cuideachtaí chomhdhlúite le cuideachta fála, déileálfar léi mar dhíbhinn iomchuí arna híoc ag an gcuideachta aonair leis an gcuideachta fála sin;

(iii) folóidh tagairtí i mír 8 do ‘comhlacht corpraithe’ tagairtí do chuideachta aonair de réir bhrí na míre seo.”.

Leasú ar alt 626B (díolúine ó cháin i gcás gnóchan ar dhiúscairtí áirithe scaireanna) den Phríomh-Acht.

64 .— (1) Leasaítear alt 626B den Phríomh-Acht i bhfo-alt (3)—

(a) trí “d’alt 29(3),” a chur in ionad “d’alt 29(3).” i mír (d), agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d):

“(e) maidir le diúscairtí measta faoi alt 627.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le diúscairtí measta an 2 Feabhra 2006 nó dá éis.

Leasú ar alt 247 (faoiseamh do chuideachtaí i leith iasachtaí a caitheadh ag fáil leasa i gcuideachtaí eile) den Phríomh-Acht.

65 .— (1) Leasaítear alt 247 den Phríomh-Acht—

(a) trí “, ach amháin chun críocha fho-alt (4A),” a chur isteach i ndiaidh “alt 10 agus” i bhfo-alt (1)(b),

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) (a) Faoi réir na míreanna seo a leanas den fho-alt seo, ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le hiasacht a thugtar don chuideachta infheistíochta chun íoc as airgead a caitheadh—

(i) ag fáil aon chuid de ghnáth-scairchaipiteal, nó

(ii) ag tabhairt airgead ar iasacht do chuideachta is airgead a úsáidtear go díreach nó go neamhdhíreach chun go bhfaighfear aon chuid de chaipiteal,

cuideachta (ón gcuideachta sin nó ó chuideachta eile, ar cuideachta iad i gceachtar cás a bhí, an tráth a fhaightear an caipiteal nó díreach tar éis an trátha sin, bainteach leis an gcuideachta infheistíochta) más duine atá bainteach leis an gcuideachta infheistíochta a thugann an iasacht don chuideachta infheistíochta.

(b) Más rud é, mar chuid d’aon scéim nó socrú, nó i dtaca le haon scéim nó socrú, chun go ndéanfaidh duine (dá ngairtear an ‘duine céadluaite’ sa mhír seo) nach bhfuil bainteach leis an gcuideachta infheistíochta iasacht a thabhairt don chuideachta infheistíochta, go ndéanfaidh duine eile atá bainteach leis an gcuideachta infheistíochta go díreach nó go neamhdhíreach iasacht a thabhairt don duine céadluaite nó do dhuine atá bainteach leis an duine céadluaite, nó go ndéanfaidh sé nó sí taisce leis nó léi nó cistí a chur ar fáil dó nó di ar shlí eile, ansin déileálfar, chun críocha mhír (a), leis an iasacht a thugtar don chuideachta infheistíochta mar iasacht arna tabhairt don chuideachta infheistíochta ag duine lena bhfuil sí bainteach.

(c) Ní bheidh feidhm ag mír (a) maidir le hús ar iasacht (dá ngairtear an ‘iasacht bhunaidh’ sa mhír seo) arna tabhairt do chuideachta más rud é—

(i) go n-úsáidtear an iasacht bhunaidh chun íoc as airgead a caitheadh—

(I) ag fáil gnáth-scairchaipitil cuideachta eile, ar an gcuideachta eile d’eisiúint an scairchaipitil, nó

(II) ag tabhairt airgead ar iasacht do chuideachta is airgead a úsáidtear go díreach nó go neamhdhíreach chun go bhfaighfear gnáth-scairchaipiteal cuideachta eile, ar an gcuideachta eile d’eisiúint an scairchaipitil,

agus

(ii) go n-eisítear an scairchaipiteal d’fhonn méadú a dhéanamh ar chomhiomlán an chaipitil a bheidh ar fáil don chuideachta eile lena úsáid ag an gcuideachta eile go hiomlán agus go heisiatach chun críocha a trádála nó a gnó agus ní mar chuid d’aon socrú nó comhthuiscint a dhéanfar i dtaca leis an iasacht bhunaidh, arb é an cuspóir, nó ar ceann de na cuspóirí, atá leis nó léi airgead a sholáthar, go díreach nó go neamhdhíreach—

(I) don duine (dá ngairtear ‘an t-iasachtóir bunaidh’ i gclásal (II)) a rinne an iasacht bhunaidh agus a thabhairt i gcrích leis sin go díreach nó go neamhdhíreach go n-aisíocfar iarbhír an iasacht bhunaidh nó an chuid is mó di, nó

(II) do dhuine eile atá bainteach leis an iasachtóir bunaidh agus a thabhairt i gcrích leis sin go soláthrófar airgead atá coibhéiseach, d’ainneoin ant-airgead a bheith á sholáthar (mar chuid den socrú nó den chomhthuiscint) do dhuine seachas an t-iasachtóir bunaidh, le haisíoc iarbhír na hiasachta bunaidh, dá dtagraítear i gclásal (I), nó an chuid is mó di, a thabhairt i gcrích go díreach nó go neamhdhíreach,

tráth sular scoir ús de bheith iníoctha ag an gcuideachta infheistíochta i leith na hiasachta bunaidh nó an chuid is mó di.

(d) Más rud é maidir le húsáid iasachta (dá ngairtear an ‘iasacht bhunaidh’ sa mhír seo agus i mír (e)) a gheobhaidh cuideachta infheistíochta, cibé acu is úsáid dhíreach (dá ngairtear an ‘úsáid dhíreach’ sa mhír seo) ag an gcuideachta infheistíochta í, nó is úsáid neamhdhíreach (dá ngairtear an ‘úsáid neamhdhíreach’ sa mhír seo) ina dhiaidh sin í trí chuideachta eile mar infheistí nó mar iasachtaí, nó trí shraith de chuideachtaí ag gníomhú i ndiaidh a chéile mar infheistithe nó mar iasachtaithe, gurb í an úsáid í scaireanna a thabhairt ar iasacht nó scaireanna a fháil ionas gurb é an toradh a bheidh ar an úsáid sin—

(i) ús (nach bhfuil inasbhainte le linn don chuideachta infheistíochta nó d’aon chuideachta atá bainteach léi ioncam nó brabús a ríomh faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach Corparáide) a bheith faighte le linn tréimhse cuntasaíochta, nó a bheith infhaighte i leith tréimhse cuntasaíochta, ionas gur ioncam é, nó de réir mar a bheidh, gur méid é arna chreidiúnú le linn ioncam a ríomh, ar arb inmhuirearaithe cáin chorparáide don tréimhse sin, nó

(ii) díbhinní nó dáiltí eile ar arb inmhuirearaithe cáin chorparáide a bheith faighte le linn tréimhse cuntasaíochta,

agus gurb éard atá san ús a luaitear i bhfomhír (i), nó sna díbhinní nó sna dáiltí a luaitear i bhfomhír (ii), ioncam de chuid na cuideachta infheistíochta nó de chuid cuideachta atá bainteach leis an gcuideachta infheistíochta, arb ioncam é nach n-eascródh murach an úsáid dhíreach nó an úsáid neamhdhíreach a bhaint as an iasacht bhunaidh, ansin is ioncam iomchuí an ioncam sin chun críocha mhír (e) agus gairfear ‘ioncam iomchuí’ de sa mhír sin.

(e) Dá ndéanfaí, ar leith ón mír seo, faoiseamh i leith úis arna íoc (dá ngairtear ‘an t-ús iomchuí’ sa mhír seo) ag an gcuideachta infheistíochta le linn tréimhse cuntasaíochta (dá ngairtear an ‘tréimhse chuntasaíochta iomchuí’ sa mhír seo) i leith na hiasachta bunaidh a dhiúltú de bhua mhír (a), ní dhéanfar faoiseamh a dhiúltú i leith an oiread sin den ús iomchuí nach mó é ná ioncam iomchuí na cuideachta infheistíochta don tréimhse chuntasaíochta iomchuí agus más rud é—

(i) gur mó an t-ús iomchuí ná ioncam iomchuí na cuideachta infheistíochta don tréimhse chuntasaíochta iomchuí de mhéid dá ngairtear ‘an barrachas iomchuí’ sa mhír seo,

(ii) nach bhféadfaí faoiseamh a éileamh, ar leith ó fhaoiseamh de bhua roghnú faoi fhomhír (iii), faoi na hAchtanna Cánach Corparáide i leith an úis iomchuí arb ionannas dó an barrachas iomchuí,

(iii) go roghnóidh an chuideachta infheistíochta agus cuideachta (dá ngairtear ‘an chuideachta roghnúcháin’ sa mhír seo) atá bainteach léi i gcomhpháirt déanamh amhlaidh agus go dtabharfaidh siad fógra don chigire faoin roghnú sin i cibé foirm a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim, agus

(iv) nach mó ná an barrachas iomchuí luach comhiomlán an úis iomchuí a fhéadfar a asbhaint de bhua roghnuithe faoi fhomhír (iii), ag cuideachta amháin nó níos mó seachas an chuideachta infheistíochta,

ansin féadfar an oiread sin den ús iomchuí arb ionannas dó an barrachas iomchuí a bhaint as na brabúis iomlána, arna laghdú d’aon fhaoiseamh eile ó cháin chorparáide, na cuideachta roghnúcháin, don tréimhse chuntasaíochta (dá ngairtear ‘an dara tréimhse a luaitear’ sa mhír seo) darb inmhuirearaithe i leith cánach corparáide ioncam iomchuí na cuideachta roghnúcháin, nach mó é ná an ceann is lú díobh seo a leanas—

(I) an chuid d’ioncam iomchuí na cuideachta roghnúcháin don dara tréimhse a luaitear, ar cuid í a fhéadfar a chionroinnt ar an tréimhse chuntasaíochta iomchuí (faoi threoir na comhréire atá idir fad na tréimhse is coiteann don tréimhse chuntasaíochta iomchuí agus don dara tréimhse a luaitear agus fad an dara tréimhse chuntasaíochta a luaitear), agus

(II) an méid ar mó an chuid sin den ioncam iomchuí sin de chuid na cuideachta roghnúcháin ná comhiomlán aon mhéideanna—

(A) ar méideanna iad d’aon fhaoiseamh, atá inchurtha i leith an dara tréimhse a luaitear agus ar méideanna iad a ghéillfidh an chuideachta roghnúcháin aon tráth faoi Chaibidil 5 de Chuid 12, nó

(B) ar méideanna iad, nach méideanna dá dtagraítear i gclásal (A), d’aon chaillteanais a d’fhéadfaí a fhritháireamh faoi alt 396(2) i gcoinne bhrabúis an dara tréimhse a luaitear ach nár fritháiríodh i gcoinne na mbrabús sin,

ach, maidir le faoiseamh i leith úis a bheidh íoctha ag an gcuideachta infheistíochta, ar faoiseamh é a bheidh lamháilte de bhua na míre seo, measfar, chun na gcríoch atá luaite i Mír 4(5) de Sceideal 24 a ghabhann leis an bPríomh-Acht, é a bheith leithroinnte ag an gcuideachta lena mbaineann ar ioncam iomchuí na cuideachta ar faoina threoir a lamháladh an faoiseamh i leith an úis agus, chun críocha mhír 9E agus 9F de Sceideal 24, déanfar neamhshuim den cháin choigríche i leith an ioncaim iomchuí sin.

(f) Más rud é, mar chuid d’aon scéim nó socrú, nó i dtaca le haon scéim nó socrú le haghaidh duine (dá ngairtear ‘an duine céadluaite’ sa mhír seo) nach bhfuil bainteach leis an gcuideachta infheistíochta do thabhairt iasachta d’aon chuideachta (dá ngairtear ‘an t-iasachtaí’ sa mhír seo) atá bainteach leis an gcuideachta infheistíochta, go ndéanfaidh duine eile atá bainteach leis an gcuideachta infheistíochta go díreach nó go neamhdhíreach iasacht a thabhairt don duine céadluaite nó do dhuine atá bainteach leis an duine céadluaite, taisce a dhéanamh leis nó léi, nó cistí a chur ar fáil dó nó di ar shlí eile, ansin déileálfar le hús is iníoctha ag an duine céadluaite leis an duine eile i leith na hiasachta, na taisce nó na gcistí eile, chun críocha mhír (d)(i), mar ús atá inasbhainte le linn ioncam nó brabúis faoi fhorálacha na nAchtanna Cánach Corparáide a ríomh ag an gcuideachta infheistíochta nó ag cuideachta atá bainteach léi.

(g) Chun críocha mhír (e), déanfar ‘ioncam iomchuí’ cuideachta a mhéadú nó a laghdú d’aon mhéid brabúis nó gnóchain nó, de réir mar a bheidh, caillteanais a bhaineann go díreach leis an ioncam sin nó le bunadh an ioncaim sin, ar méid é a éiríonn—

(i) de bhua athraithe ar ráta malairte (de réir bhrí alt 79), nó

(ii) as aon chonradh a rinne an chuideachta chun laghdú a dhéanamh ar phriacal caillteanas a thabhú ag an gcuideachta de bharr athraithe ar ráta malairte (de réir bhrí alt 79) nó ar ráta úis nó chun deireadh a chur leis an bpriacal sin.

(h) Chun críocha mhír (c), ní dhéileálfar le scairchaipiteal mar scairchaipiteal arna eisiúint ag cuideachta mar chuid de shocrú nó tuiscint de chineál a thuairiscítear sa mhír sin agus a rinneadh i dtaca le hiasacht bhunaidh (de réir bhrí na míre sin), ar an aon chúis amháin go n-úsáidtear an scairchaipiteal sin go díreach nó go neamhdhíreach chun iasacht, airleacan nó fiach (dá ngairtear ‘an t-iasacht eile’ sa mhír seo), seachas an t-iasacht bunaidh, a aisíoc leis an duine a thug an t-iasacht bunaidh, (de réir na brí sin) nó le duine atá bainteach leis an duine sin más rud é—

(i) gur úsáideadh an t-iasacht eile go hiomlán agus go heisiach chun críocha trádála nó gnó na cuideachta agus ní mar chuid d’aon socrú nó tuiscint a rinneadh i dtaca leis an iasacht eile, arbh é an cuspóir, nó ceann de na cuspóirí, a bhí léi airgead a sholáthar, go díreach nó go neamhdhíreach—

(I) do dhuine (dá ngairtear an ‘t-iasachtóir bunaidh’i gclásal (II)) a thug, nó a mhaoinigh go díreach nó go neamhdhíreach, an t-iasacht eile agus, dá chionn sin, chun aisíoc éifeachtach an iasachta eile nó an chuid is mó de a bhaint amach, nó

(II) do dhuine eile atá bainteach leis an iasachtóir bunaidh agus, dá chionn sin, chun soláthar airgid a bhaint amach ar soláthar é, d’ainneoin go bhfuil an t-airgead á sholáthar (mar chuid den socrú nó den tuiscint) do dhuine seachas an t-iasachtóir bunaidh, atá coibhéiseach le haisíoc éifeachtach an iasachta eile dá dtagraítear i gclásal (I) nó an chuid is mó di a bhaint amach,

tráth sular scoir ús de bheith iníoctha ag an gcuideachta i leith an iasachta eile nó an chuid is mó sin de, agus

(ii) go mbeadh ús ar an iasacht eile, dá mba rud é gur tugadh an t-iasacht eile sin an 2 Feabhra 2006 nó dá éis inasbhainte le linn brabúis, nó aon chineál brabús, a ríomh chun críocha cánach corparáide—

(I) más rud é nár aisíocadh an t-iasacht eile, agus

(II) ar an toimhde, má bhí an t-iasacht eile saor ó ús, gur iompair sé ús.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hiasacht a thugtar an 2 Feabhra 2006 nó dá éis.

Leasú ar alt 766 (creidmheas cánach i gcomhair caiteachais taighde agus forbartha) den Phríomh-Acht.

66 .— (1) Leasaítear alt 766 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)(a)

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “cigire cuí”:

“ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim atá údaraithe acu i scríbhinn chun críocha an ailt seo;”,

agus

(ii) sa mhíniú ar “caiteachas ar thaighde agus forbairt” trí “go hiomlán agus go heisiach” a chur isteach i ndiaidh “arna thabhú ag an gcuideachta”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) (a) I gcás go dtabhóidh cuideachta caiteachas ar innealra nó ar ghléasra a cháilíonn i gcomhair aon liúntais faoi Chuid 9 den Chaibidil seo agus nach n-úsáidfidh an chuideachta ant-innealra nó an gléasra go hiomlán agus go heisiach chun críocha taighde agus forbartha, is éard a bheidh sa mhéid caiteachais a bheidh inchurtha i leith taighde agus forbartha ná an chuid sin den chaiteachas sin is dealraitheach don chigire (nó, ar achomharc, do na Coimisinéirí Achomhairc) a bheith cóir réasúnach, agus déileálfar leis an gcuid sin den chaiteachas chun críocha fho-alt (1)(a) mar chaiteachas arna thabhú ag an gcuideachta go hiomlán nó go heisiach le linn gníomhaíochtaí taighde agus forbartha a sheoladh.

(b) Más rud é, tráth ar bith, go scoirfidh an chionroinnt arna déanamh faoi mhír (a), nó cionroinnt thairis sin arna déanamh faoin mír seo, de bheith cóir réasúnach, sa chás sin—

(i) déanfar an tráth sin cibé cionroinnt thairis sin is dealraitheach don chigire (nó, ar achomharc, do na Coimisinéirí Achomhairc) a bheith cóir réasúnach,

(ii) glacfaidh aon chionroinnt bhreise den sórt sin ionad aon chionranna roimpi sin, agus

(iii) déanfar aon choigeartuithe, measúnachtaí nó aisíocaíochtaí cánach den sórt sin is gá chun éifeacht a thabhairt d’aon chionroinnt faoin bhfo-alt seo.”,

agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, i ndáil le héileamh ó chuideachta faoin alt seo nó faoi alt 766A—

(i) dul i gcomhairle le haon duine is dóigh leo a d’fhéadfadh cabhrú leo le linn a fhionnadh ar le linn don chuideachta gníomhaíochtaí taighde agus forbartha a sheoladh a tabhaíodh an caiteachas a thabhaigh sí , agus

(ii) d’ainneoin aon oibleagáid maidir le rúndacht nó aon sriain eile ar nochtadh faisnéise a fhorchuirtear leis na hAchtanna Cánach, nó fúthu, nó le haon reacht nó faoi aon reacht, nó ar shlí eile, ach faoi réir mhír (b), aon mhionsonra in éileamh na cuideachta faoin alt seo, nó faoi alt 766A, a mheasfaidh siad is gá chun críocha na comhchomhairle sin a nochtadh,

(b) (i) Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim i bhfios don chuideachta, sula nochtfaidh siad faisnéis d’aon duine faoi mhír (a) —

(I) céannacht an duine a bhfuil sé ar intinn acu dul i gcomhairle leis nó léi, agus

(II) an fhaisnéis atá ar intinn acu a nochtadh don duine.

(ii) I gcás go suífidh an chuideachta chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim (nó, ar achomharc, chun sástacht na gCoimisinéirí Achomhairc) go ndéanfadh nochtadh na faisnéise sin don duine sin dochar do ghnó na cuideachta, ansin ní dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an nochtadh sin.

(8) Maidir le haon fheidhmeanna a údaraítear, le fo-alt (7), do na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh nó a chomhlíonadh, féadfaidh oifigeach údaraithe iad a dhéanamh nó a chomhlíonadh agus déanfar aon tagairtí i bhfo-alt (7) do na Coimisinéirí Ioncaim a fhorléiriú, fara aon mhodhnuithe is gá, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don oifigeach údaraithe.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 2 Feabhra 2006 nó dá éis.

Cáin tonnáiste.

67 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 697A(1)—

(i) sa mhíniú ar “long cháilitheach”, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) soitheach, seachas soitheach a oibrítear chun críocha tráchtála bona fide agus ar líon nach lú ná 50 duine (gan an fhoireann a áireamh) a hacmhainn paisinéirí thar oíche, is de chineál a úsáidtear go príomha chun críocha spóirt nó áineasa,”,

agus

(ii) tríd an míniú ar “teorainn 75 faoin gcéad”, a scriosadh,

(b) in alt 697D(3), trí “alt 697F” a chur in ionad “alt 697E agus 697F”,

(c) trí alt 697E a scriosadh,

(d) in alt 697G, trí “alt 697F” a chur in ionad “alt 697E nó 697F”,

(e) in alt 697H(1), trí mhír (c) a scriosadh, agus

(f) i Sceideal 18B—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 1:

“An modh ar a ndéanfar roghnú agus ar a dtabharfar éifeacht dó

1. (1) Is trí fhógra chuig na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanfar roghnú cánach tonnáiste agus déanfar é trí fhoirm a fhorordóidh siad chun na críche sin.

(2) (a) Déanfar cibé faisnéis, sonraí agus doiciméid (dá ngairtear ‘faisnéis’ sa mhír seo) a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha na Coda seo a thabhairt mar thaca leis an bhfógra agus ní bheidh éifeacht leis an roghnú go dtí go soláthrófar an fhaisnéis sin chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim.

(b) Gan dochar do ghinearáltacht na fomhíre seo, féadfar faisnéis a bhaineann leis na nithe a shonraítear i bhfomhír (3) a bheith san áireamh san fhaisnéis dá dtagraítear i gclásal (a).

(3) (a) Áirítear san fhaisnéis a fhéadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a iarraidh ar chuideachta is iarratasóir chun críocha fhomhír (2)—

(i) doiciméid maidir le stádas dlí, meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais, agus deimhniú corpraithe na cuideachta,

(ii) pleananna gnó agus doiciméid dá samhail de chuid na cuideachta,

(iii) ainm agus seoladh gach duine de stiúrthóirí na cuideachta,

(iv) ainm agus seoladh gach duine de scairshealbhóirí tairbhiúla na cuideachta agus an líon agus an aicme scaireanna a shealbhaíonn gach scairshealbhóir,

(v) mionsonraí i dtaobh na long cáilitheach atá ar úinéireacht nó ar léas ag an gcuideachta,

(vi) sonraí maidir leis an tslí ina seolann an chuideachta bainistiú straitéiseach agus tráchtála na long cáilitheach sa Stát,

(vii) i gcás grúproghnaithe, sonraí maidir leis na cuideachtaí go léir sa ghrúpa, lena scairshealúchais faoi seach, agus leis an sreabhadh cistí idir na cuideachtaí uile sa ghrúpa.

(b) Chun críocha na fomhíre seo, ciallaíonn ‘cuideachta is iarratasóir’ cuideachta a dhéanann roghnú trí fhógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim de réir fhomhír (1).”,

agus

(ii) i bhfomhír (6) de mhír (3), trí “Beidh éifeacht le roghnú cánach tonnáiste” a chur in ionad “Faoi réir alt 697E(4), beidh éifeacht le roghnú cánach tonnáiste”.

(2) (a) Tagann mír (a)(i) d’fho-alt (1) i bhfeidhm an 2 Feabhra 2006.

(b) Tagann mír (f)(i) d’fho-alt (1) i bhfeidhm an 1 Iúil 2006.

(c) Tagann míreanna (a) (ii), (b), (c), (d), (e), agus (f) (ii) d’fho-alt (1) i bhfeidhm cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh le haghaidh críoch éagsúil nó forálacha éagsúla.

Leasú ar Chaibidil 4 (cáin ioncaim agus cáin chorparáide: mar a dhéileálfar le caillteanais áirithe agus liúntais chaipitiúla áirithe) de Chuid 12 den Phríomh-Acht.

68 .— (1) Leasaítear Caibidil 4 de Chuid 12 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 403—

(i) i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(d) Chun críocha an ailt seo, más rud é, i ndáil le cuideachta a sheolann gnó—

(i) gurb éard atá go hiomlán nó go formhór—

(I) i ngníomhaíochtaí na cuideachta,

(II) i ngníomhaíochtaí na cuideachta agus gach cuideachta ar fochuideachta 75 faoin gcéad (de réir bhrí alt 9) dá gcuid í agus gach cuideachta arb iad a fochuideachtaí 75 faoin gcéad (de réir na brí céanna) iad, nó

(III) i ngníomhaíochtaí na cuideachta agus gach cuideachta (ar cuideachtaí iad a bhfuil, de bhua dhlí na críche ina bhfuil cónaí ar an gcuideachta chun críocha cánach, cónaí amhlaidh orthu sa chríoch sin; agus, chun na críche seo, ciallaíonn ‘cáin’, i ndáil le críoch den sórt sin, aon cháin a fhorchuirtear sa chríoch agus a fhreagraíonn do cháin chorparáide sa Stát) ar fochuideachta 75 faoin gcéad (de réir bhrí alt 9) dá gcuid í nó arb iad a fochuideachtaí 75 faoin gcéad (de réir na brí céanna) iad,

ná innealra nó gléasra a léasú, agus

(ii) gurb éard atá i 90 faoin gcéad, ar a laghad, de ghníomhaíochtaí na cuideachta ná ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(I) innealra nó gléasra a léasú;

(II) maoiniú agus ráthaíochtaí a sholáthar chun ceannach innealra nó gléasra a mhaoiniú ar innealra nó gléasra é de chineál atá comhchosúil leis an gcineál innealra nó gléasra arna léasú ag cuideachtaí dá dtagraítear i bhfomhír (i);

(III) saineolas léasúcháin a sholáthar i dtaca le hinnealra nó gléasra de chineál atá comhchosúil leis an gcineál innealra nó gléasra arna léasú ag cuideachtaí dá dtagraítear i bhfomhír (i);

(IV) innealra nó gléasra a dhiúscairt a fuair an chuideachta i gcúrsa a trádála léasúcháin;

(V) gníomhaíochtaí a ghabhann leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i gclásail (I) go (IV):

ansin, faoi réir 80A(2)(c), déanfar ioncam as trádáil léasúcháin na cuideachta a áireamh mar ioncam ina bhfuil—

(A) ioncam as na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bhfomhír (ii), agus

(B) gnóchain inmhuirearaithe ar dhiúscairt innealra nó gléasra a fuair an chuideachta i gcúrsa a trádála léasúcháin; agus chun na críche seo, déanfar méid gnóchain den sórt sin a ríomh gan féachaint d’aon choigeartú arna dhéanamh faoi alt 556(2).”,

agus

(ii) i bhfo-alt (7), trí “(nach claonchló scannáin ná a fhuaimrian gaolmhar, nó nach claonchló scannáin agus a fhuaimrian gaolmhar, ná nach téip scannáin ná diosca scannáin)” a chur isteach i ndiaidh “is tagairtí iad d’innealra nó do ghléasra”,

(b) in alt 404—

(i) i bhfo-alt (1)(b)—

(I) trí “agus” i ndeireadh fhomhír (iii) a scriosadh,

(II) i bhfomhír (iv), trí “déileálfar leis an dá chuid amhail is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leith iad” a chur in ionad “déileálfar leis an dá chuid amhail is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leith iad, agus”, agus

(III) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (iv):

“(v) más rud é, maidir le léas a ndéantar na híocaíochtaí léasa iomchuí i ndáil leis a ainmniú in airgeadra (dá ngairtear ‘ant-airgeadra iomchuí’ san fhomhír seo) seachas airgeadra an Stáit—

(I) gur léas iomchuí é, agus

(II) nár léas iomchuí é dá ndéanfaí fomhíreanna (i) go (iv) a chur chun feidhme faoi threoir luach nan-íocaíochtaí léasa iomchuí sin san airgeadra iomchuí,

ní dhéileálfar leis an léas mar léas iomchuí.”,

(ii) i bhfo-alt (2), trí “Faoi réir fho-alt (2A), más rud é” a chur in ionad “Más rud é”, agus

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) (a) San fho-alt seo—

ciallaíonn ‘léas fadtéarma iomchuí’ léas sócmhainne ar mó a saol úsáideach intuartha ná 8 mbliana;

tá le ‘saol úsáideach intuartha’ agus ‘tréimhse iomchuí’ na bríonna céanna, faoi seach, atá leo in alt 80A.

(b) Más rud é—

(i) go ndéanann duine, i gcúrsa trádála, sócmhainn a sholáthar lena léasú faoi léas iomchuí, agus

(ii) gur léas fadtéarma iomchuí an léas,

ansin, beidh feidhm ag an alt seo—

(I) amhail is dá ndéanfaí “agus léasú aon sócmhainne eile faoi léas fadtéarma iomchuí” a chur isteach i bhfo-alt (2)(a) i ndiaidh “faoin léas iomchuí sin”, agus

(II) amhail is dá gcuirfí an méid seo a leanas in ionad fhomhíreanna (i) agus (ii) d’alt 403(4)(a):

‘(i) le haghaidh faoisimh faoi alt 396(2), ach amháin sa mhéid gur féidir é a fhritháireamh faoin alt sin—

(I) in aghaidh ioncam na cuideachta ón trádáil léasúcháin,

(II) i gcás cuideachta dá dtagraítear i mír (d) d’alt 403(1), in aghaidh ioncaim a shonraítear i bhfomhír (A) agus (B) den mhír sin, nó

(III) in aghaidh ioncaim ó aon sócmhainn eile a léasú ag an gcuideachta faoi léas fadtéarma iomchuí,

(ii)lena ghéilleadh ar mhodh grúpfhaoisimh ach amháin sa mhéid—

(I) go bhféadfaí é a fhritháireamh faoi alt 420A in aghaidh ioncaim ó thrádáil léasúcháin arna seoladh ag an gcuideachta éilimh dá scriosfaí mír (b) den mhíniú ar chaillteanas trádála iomchuí in alt 420A, nó

(II) i gcás gur cuideachtaí dá dtagraítear i mír (d) d’alt 403(1) an chuideachta ghéillte agus an chuideachta éilimh, gur féidir é a fhritháireamh—

(A) faoi alt 420A in aghaidh ioncaim a shonraítear i bhfomhíreanna (A) agus (B) den mhír sin, nó

(B) faoi alt 420A in aghaidh ioncaim ó léasú aon sócmhainne eile ag an gcuideachta faoi léas fadtéarma iomchuí.’,”,

(iv) i bhfo-alt (4)(a), trí “Faoi réir fho-alt (4A), más rud é, tráth ar bith” a chur in ionad “Más rud é, tráth ar bith”, agus

(v) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) (a) I gcás ina ndéanfar téarmaí léasa a rinneadh roimh an 2 Feabhra 2006, ar léas é a bheadh, ar leith ó fho-alt (1)(b)(ii) nó ó fho-alt (6)(a), ina léas iomchuí, a athrú i ndiaidh an lae sin, ansin—

(i) ní dhéileálfar le léas den sórt sin mar léas iomchuí de bhua an athraithe sin, agus

(ii) mura mbeidh laghdú ar luach aon íocaíochta (nó cuid d’íocaíocht) faoin léas i gceist san athrú, nach íocaíocht (ná cuid d’íocaíocht) a ndéantar a méid a ríomh faoin léas faoi threoir aon ráta úis, déanfar neamhshuim den athrú maidir le déileáil chun críoch cánach le haon íocaíocht neamhniúcháin arna déanamh i dtaca leis an léas.

(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) maidir le léas más rud é, de bhua téarmaí an léasa a athrú, go mbeidh aon mhéid is iníoctha faoin léas le híoc faoin léas tráth is déanaí ná 20 bliain tar éis an trátha a bheadh sé iníoctha thairis sin.”.

(vi) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) (a) Beidh feidhm ag an alt seo amhail ar an agus ón 23 Nollaig 1993; ach ní léas iomchuí léas ar shócmhainn más rud é—

(i) go ndearnadh conradh ceangailteach i scríbhinn a chur i gcrích roimh an lá sin chun an tsócmhainn a ligean, nó

(ii) (I) nach faide ná 5 bliana an tréimhse iomchuí,

(II) nach faide ná 8 mbliana saol úsáideach intuartha na sócmhainne,

(III) go bhfuil foráil sa léas maidir le híocaíochtaí léasa a dhéanamh ag eatraimh rialta bhliantúla nó ag eatraimh rialta níos minice i gcaitheamh na tréimhse iomchuí sa chaoi, i ndáil le haon tréimhse inmhuirearaithe (dá ngairtear an ‘tréimhse inmhuirearaithe reatha’ san fho-alt seo) atá go hiomlán nó go páirteach sa tréimhse iomchuí (seachas an tréimhse inmhuirearaithe is túisce den sórt sin), nach bhfuil comhiomlán mhéideanna nan-íocaíochtaí léasa is iníoctha faoin léas roimh dheireadh na tréimhse inmhuirearaithe reatha níos lú ná méid a chinnfear de réir na foirmle—

888888V x T

8888882920

i gcás—

gurb é V méid atá comhionann le luach cóir na sócmhainne tráth tionscanta an léasa, agus

gurb é T an líon laethanta sa tréimhse dar tosach tráth tionscanta an léasa agus dar críoch deireadh na tréimhse inmhuirearaithe reatha,

agus

(IV) go bhfuil roghnú déanta ag an léasóir i ndáil leis an léas le haghaidh na caoi déileála dá dtagraítear i mír (b).

(b) I gcás ina mbeidh roghnú déanta ag léasóir faoi mhír (a)(ii)(IV) maidir le léas, beidh feidhm ag na hAchtanna Cánach maidir le sócmhainní a léasaítear faoin léas sin mar a bheadh feidhm acu dá gcuirfí an méid seo a leanas isteach in alt 284(2):

‘(c) I gcás nach ndéantar innealra nó gléasra a úsáidtear i dtréimhse inmhuirearaithe nó ina bhonntréimhse a úsáid i gcaitheamh na tréimhse sin, déanfar méid an liúntais caithimh agus cuimilte don tréimhse inmhuirearaithe i leith an innealra nó an ghléasra, arna ríomh faoi threoir mhír (b), a laghdú go dtí cibé méid a bhfuil idir é agus an méid sin an chomhréir chéanna atá idir an chuid den tréimhse inmhuirearaithe nó a bonntréimhse a n-úsáidtear an innealra nó gléasra ar a feadh agus fad na tréimhse inmhuirearaithe nó a bonntréimhse.’.”.

(2) (a) Faoi réir mhír (b), tá feidhm ag an alt seo maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1 Eanáir 2006 nó dá éis.

(b) Tá feidhm ag fo-alt (1)(a)(ii) ón 2 Feabhra 2006.

Leasú ar Sceideal 4 (comhlachtaí Stát-tionscanta neamhthráchtála sonraithe a dhíolmhú ó fhorálacha cánach áirithe) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

69 .— (1) Leasaítear Sceideal 4 a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 18:

“18A. An tSeirbhís Chúirteanna.”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 55:

“55A. Údarás Maoirseachta Iniúchta agus Cuntasaíochta na hÉireann”,

(c) trí “7. An tÚdarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta.” a chur in ionad mhír 7,

(d) trí “26. Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.” a chur in ionad mhír 26, agus

(e) trí mhíreanna 46 agus 49 a scriosadh.

(2) (a) Meastar gur tháinig fo-alt (1)(c) i bhfeidhm agus go raibh éifeacht leis amhail ar an agus ón 28 Bealtaine 2003.

(b) Meastar gur tháinig fo-alt (1)(d) i bhfeidhm agus go raibh éifeacht leis amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2005.

Caibidil 5

Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Leasú ar alt 598 (gnó nó feirm a dhiúscairt ar “scor”) den Phríomh-Acht.

70 .— (1) Leasaítear alt 598 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1)—

(a) i mír (a)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “sócmhainn inmhuirearaithe gnó”:

“tá le ‘deimhniú’ an bhrí chéanna atá leis chun críocha Rialachán 8(8)(c)(ii) de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuóta Bainne) 2000 (I.R. Uimh. 94 de 2000) arna leasú nó arna leathnú ó am go ham;”,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “cuideachta shealbhaíochta”:

“tá le ‘comhpháirtíocht táirgthe bainne’ an bhrí a shanntar dó le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuóta Bainne) 2000 (I.R. Uimh. 94 de 2000) arna leasú nó arna leathnú ó am go ham;

tá le ‘teideal chun íocaíochta’ an bhrí chéanna atá leis chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 an 29 Meán Fómhair 2003 ón gComhairle 7 ;”,

agus

(iii) sa mhíniú ar “sócmhainní cáilitheacha” tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iia) teidil chun íocaíochta, i gcás ina ndéanfar na teidil chun íocaíochta agus talamh a dhiúscairt an tráth céanna agus leis an duine céanna a mhéid a bheadh an talamh mar thaca le héileamh ar íocaíocht i leith na dteideal sin chun íocaíochta,”,

agus

(b) i mír (d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (iia):

“(iib) tréimhse úsáide talún ag pearsa aonair mar chomhpháirtí i gcomhpháirtíocht táirgthe bainne amhail is dá mba thréimhse úsáide í freisin ag céile na pearsan aonair más rud é, maidir leis an gcéile—

(I) gur comhúinéir ar an talamh é nó í,

(II) gur úsáid sé nó sí an talamh ar feadh tréimhse dar críoch an dáta a thosaigh an chomhpháirtíocht táirgthe bainne, agus

(III) gur eisigh an tAire Talmhaíochta agus Bia deimhniú chuige nó chuici,”.

(2) Measfar go raibh feidhm ag fo-alt (1) amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2005.

Leasú ar alt 599 (gnó nó feirm a dhiúscairt laistigh de theaghlach) den Phríomh-Acht.

71 .— (1) Leasaítear alt 599 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) San alt seo folaíonn ‘leanbh’, i ndáil le diúscairt an-éilítear faoiseamh ina leith faoin alt seo—

(i) nia nó neacht a d’oibrigh go substainteach go lánaimseartha, ar feadh na tréimhse 5 bliana dar chríoch an diúscairt, ag seoladh, nó ag cabhrú le seoladh, na trádála, an ghnó nó na gairme lena mbaineann nó obair na hoifige nó na fostaíochta lena mbaineann nó na hoibre a ghabhann leis an oifig nó leis an bhfostaíocht lena mbaineann, agus

(ii) pearsa aonair (dá ngairtear ‘an phearsa aonair chéadluaite’ sa mhír seo) a chónaigh leis an bpearsa aonair a bheidh ag déanamh na diúscartha, a bhí faoina chúram nó faoina cúram agus a bhí á chothabháil nó á cothabháil ar a chostas nó a costas—

(I) i gcaitheamh tréimhse 5 bliana, nó

(II) i gcaitheamh tréimhsí arbh ionann iad le chéile agus 5 bliana ar a laghad,

sular shlánaigh an phearsa aonair chéadluaite 18 mbliana d’aois ach sin sa chás amháin nach mbeidh an t-éileamh sin bunaithe ar fhianaise neamh-chomhthacaithe aon fhinné amháin.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le diúscairtí arna ndéanamh dáta rite an Achta seo nó dá éis.

Leasú ar alt 603A (láithreán a dhiúscairt chuig leanbh) den Phríomh-Acht.

72 .— (1) Leasaítear alt 603A den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) San alt seo folaíonn ‘leanbh tuismitheora’, i ndáil le diúscairt a n-éilítear faoiseamh ina leith faoin alt seo, pearsa aonair a chónaigh leis an duine a bhí ag déanamh na diúscartha, a bhí faoina chúram nó faoina cúram agus a bhí á chothabháil nó á cothabháil ar a chostas nó ar a costas—

(a) i gcaitheamh tréimhse 5 bliana, nó

(b) i gcaitheamh tréimhsí arbh ionann iad le chéile agus 5 bliana ar a laghad,

sular shlánaigh an phearsa aonair chéadluaite 18 mbliana d’aois ach sin sa chás amháin nach mbeidh an t-éileamh sin bunaithe ar fhianaise neamh-chomhthacaithe aon fhinné amháin, agus déanfar diúscairt ag tuismitheoir chuig leanbh tuismitheora a fhorléiriú dá réir sin.

(1A) Tá feidhm ag an alt seo maidir le diúscairt talún ar a mbeidh margadhluach nach mó ná €254,000 dáta na diúscartha.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le diúscairtí a dhéanfar dáta rite an Achta seo nó dá éis.

Leasú ar alt 606 (saothar ealaíne, etc., a tugadh ar iasacht lena thaispeáint go poiblí, a dhiúscairt) den Phríomh-Acht.

73 .— (1) Leasaítear alt 606 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1)—

(a) i mír (a) trí “a thugtar ar iasacht é don Iontaobhas (de réir bhrí alt 1003A) nó do dhánlann nó do mhúsaem” a chur in ionad “a thugtar ar iasacht é do dhánlann nó do mhúsaem”, agus

(b) i mír (b) trí “nach giorra ná 10 mbliana” a chur in ionad “nach giorra ná 6 bliana”.

(2) Tá feidhm ag mír (b) d’fho-alt (1) maidir le hiasacht arna déanamh an 2 Feabhra 2006 nó dá éis.

Leasú ar Sceideal 15 (liosta comhlachtaí chun críocha alt 610) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

74 .— (1) Leasaítear Sceideal 15 den Phríomh-Acht i gCuid 1—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 3:

“3. Ceardchumann cláraithe a mhéid a rinneadh nó a dhéanfar fáltais na diúscartha is bun leis an ngnóchan a chur chun feidhme chun críocha a ghníomhaíochtaí ceardchumainn chláraithe agus chucu sin amháin.”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhíreanna 37 agus 38:

“37. Comhlacht ceadaithe (de réir bhrí alt 235(1)) a mhéid a rinneadh nó a dhéanfar fáltais na diúscartha is bun leis an ngnóchan a chur chun feidhme chun cluichí nó spóirt lúthchleasa nó amaitéaracha a chur chun cinn agus chuige sin amháin.

38. Aon chomhlacht a bunaíodh le reacht agus arb é an príomhchuspóir atá lena bhunú cluichí nó spóirt a chur chun cinn agus aon chomhlacht a bheidh ar lánúinéireacht ag comhlacht den sórt sin, a mhéid a rinneadh nó a dhéanfar fáltais na diúscartha is bun leis an ngnóchan a chur chun feidhme chun na críche sin.”,

agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 38:

“39. An tSeirbhís Chúirteanna.

40. Údarás Maoirseachta Iniúchta agus Cuntasaíochta na hÉireann.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le diúscairtí arna ndéanamh an 2 Feabhra 2006 nó dá éis.

Leasú ar Chaibidil 2 (cáin ghnóchan caipitiúil) de Chuid 44 den Phríomh-Acht.

75 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht i gCaibidil 2 de Chuid 44—

(a) in alt 1028 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(6A) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (5) i gcás nach bhféadfaí cáin a ghearradh sa Stát ar an gcéile a fuair an tsócmhainn don bhliain mheasúnachta ina bhfuarthas í, i leith gnóchain ar dhiúscairt na sócmhainne sin dá éis sin sa bhliain sin ag an gcéile sin, dá mba rud é go raibh diúscairt den sórt sin déanta ag an gcéile sin agus gur fhabhraigh gnóchan as an diúscairt.”,

(b) in alt 1030 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) i gcás nach bhféadfaí cáin a ghearradh sa Stát ar an gcéile a fuair an tsócmhainn don bhliain mheasúnachta ina bhfuarthas í, i leith gnóchain ar dhiúscairt na sócmhainne sin dá éis sin sa bhliain sin ag an gcéile sin, dá mba rud é go raibh diúscairt den sórt sin déanta ag an gcéile sin agus gur fhabhraigh gnóchan as an diúscairt.”,

agus

(c) i bhfo-alt 1031 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) i gcás nach bhféadfaí cáin a ghearradh sa Stát ar an gcéile a fuair an tsócmhainn don bhliain mheasúnachta ina bhfuarthas í, i leith gnóchain ar dhiúscairt na sócmhainne sin dá éis sin sa bhliain sin ag an gcéile sin, dá mba rud é go raibh diúscairt den sórt sin déanta ag an gcéile sin agus gur fhabhraigh gnóchan as an diúscairt.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le diúscairt sócmhainne arna déanamh ag céile chuig an gcéile eile nó chuig an iarchéile lena mbaineann (de réir mar a bheidh) an 7 Nollaig 2005 nó dá éis.

Leasú ar alt 588 (cuideachtaí árachais a dhí-fhrithpháirtiú) den Phríomh-Acht.

76 .— Leasaítear alt 588 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) Más rud é, i dtaca leis na socruithe, go dtugtar do chomhalta de chuideachta árachais ceart chun scaireanna a fháil i gcuideachta chomharbais, nó ceart chun dáilte sócmhainní (lena n-áirítear airgead tirim) de chuid na cuideachta árachais, déanfaidh an chuideachta árachais, laistigh de 30 lá ón dáta a dhéanfar na socruithe nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim ar iarraidh a fháil chuige sin, tuairisceán a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim i cibé formáid leictreonach a éileoidh siad, ina sonrófar, maidir le gach comhalta den sórt sin—

(a) ainm an chomhalta,

(b) seoladh an chomhalta,

(c) líon na scaireanna sa chuideachta chomharbais a bhfuil ceart ag an gcomhalta iad a fháil,

(d) méid na comaoine nua is gá don chomhalta a thabhairt chun na scaireanna sin a fháil,

(e) luach aon sócmhainní de chuid na cuideachta árachais a bhfuil ceart ag an gcomhalta chucu, agus

(f) cibé faisnéis eile a gcuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim in iúl don chuideachta árachais í a bheith ag teastáil uathu.”.

Leasú ar Sceideal 16 (cumainn fhoirgníochta: athrú stádais) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

77 .— Leasaítear Sceideal 16 a ghabhann leis an bPríomh-Acht i mír 4, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (6):

“(7) (a) San alt seo ciallaíonn ‘Uimhir PSP’, i ndáil le pearsa aonair, Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí na pearsan aonair de réir bhrí alt 262 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005.

(b) Más rud é, i dtaca leis an gcomhshó, go dtugtar do chomhalta den chumann ceart chun scaireanna a fháil i gcuideachta chomharbais, nó ceart chun dáilte sócmhainní (lena n-áirítear airgead tirim) de chuid an chumainn, déanfaidh an cumann, laistigh de 30 lá ón dáta a chlárófar an cumann mar chuideachta nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim ar iarraidh a fháil chuige sin, tuairisceán a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim, i cibé formáid leictreonach a éileoidh siad, ina sonrófar, i leith gach comhalta den sórt sin—

(i) ainm an chomhalta,

(ii) seoladh an chomhalta,

(iii) faoi réir chlásal (e), an fhaisnéis dá dtagraítear i gclásal (c),

(iv) an líon scaireanna sa chuideachta chomharbais a bhfuil ceart ag an gcomhalta iad a fháil,

(v) méid na comaoine nua is gá don chomhalta a thabhairt chun na scaireanna sin a fháil,

(vi) luach aon sócmhainní de chuid an chumainn a bhfuil ceart ag an gcomhalta chucu, agus

(vii) cibé faisnéis eile a gcuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim in iúl don chumann í a bheith ag teastáil uathu.

(c) Aon chumann a bheartóidh comhshó a dhéanamh go cuideachta, déanfaidh sé, i cibé slí a shonróidh na Coimisinéirí Ioncaim, a iarraidh ar gach comhalta is pearsa aonair go dtabharfaidh sé nó sí don chumann—

(i) a uimhir PSP nó a huimhir PSP, nó

(ii) i gcás nach mbeidh uimhir PSP aige nó aici, daingniú sa chéill sin,

ar dháta sonraithe nó roimhe, ar dáta é roimh an tráth a chomhshófaidh an cumann go cuideachta.

(d) Aon phearsa aonair lena mbaineann clásal (c), comhlíonfaidh sé nó sí an iarraidh ar shlí a chumasóidh don chumann an fhaisnéis sin a bheith aige ar an dáta sonraithe nó roimhe.

(e) Más rud é, le linn don chumann tuairisceán a thabhairt chun críocha chlásal (b), nach bhfuil ar chumas an chumainn mar chomhlacht an fhaisnéis a éilítear faoi chlásal (b)(iii) a sholáthar i ndáil le pearsa aonair de bhrí gur mhainnigh sé nó sí an fhaisnéis a thabhairt de réir chlásal (c), ansin, mura bhféadfaidh an chuideachta an fhaisnéis a sholáthar go cuí ar shlí eile, déarfaidh sí nach féidir léi an fhaisnéis a éilítear amhlaidh a sholáthar.”.

CUID 2

Mál

Leasú ar alt 75 (muirearú agus rátaí) den Acht Airgeadais 2003.

78 .— Leasaítear alt 75 den Acht Airgeadais 2003 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) I gcás biotáille nach bhfuil i bhfoirm leachtach, muirearófar cáin táirgí alcóil ar chion alcóil biotáille den sórt sin, arna shloinneadh i dtéarmaí an % toirte atá comhionann leis.”.

Rátaí cánach ola mianra.

79 .— Leasaítear an tAcht Airgeadais 1999—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin, arna leasú le halt 64 den Acht Airgeadais 2005:

“SCEIDEAL 2

Na Rátaí Cánach Ola Mianra

(Le héifeacht amhail ar an agus ón 8 Nollaig 2005)

Tuairisc na hOla Mianra

An Ráta Cánach

Ola Éadrom:

Peitreal le luaidhe

€553.04 an 1,000 lítear

Peitreal díluaidhe

€442.68 an 1,000 lítear

Sárpheitreal díluaidhe

€547.79 an 1,000 lítear

Gásailín eitlíochta

€276.52 an 1,000 lítear

Ola Throm:

A úsáidtear mar thiomántán ina bhfuil cion uasta sulfair is ionann agus 50 milleagram an cileagram

€368.05 an 1,000 lítear

Ola throm eile a úsáidtear mar thiomántán

€420.44 an 1,000 lítear

Ceirisín á úsáid seachas mar thiomántán

€16.00 an 1,000 lítear

Ola bhreosla

€14.78 an 1,000 lítear

Ola throm eile

€47.36 an 1,000 lítear

Gás Peitriliam Leachtaithe:

A úsáidtear mar thiomántán

€63.59 an 1,000 lítear

Gás peitriliam leachtaithe eile

€10.00 an 1,000 lítear

Breosla Ionaid:

A úsáidtear mar thiomántán

€368.05 an 1,000 lítear

Breosla ionaid eile

€47.36 an 1,000 lítear

Gual:

Chun úsáide gnó

€4.18 an tona

Chun úsáide eile

€8.36 an tona

”,

agus

(b) le héifeacht amhail ar agus ó cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Sceideal 2 (a cuireadh isteach le mír (a)) a ghabhann leis an Acht sin:

“SCEIDEAL 2

Na Rátaí Cánach Ola Mianra

Tuairisc na hOla Mianra

An Ráta Cánach

Ola Éadrom:

Peitreal le luaidhe

€553.04 an 1,000 lítear

Peitreal díluaidhe ina bhfuil cion uasta sulfair is ionann agus 10 milleagram an cileagram

€442.68 an 1,000 lítear

Peitreal díluaidhe eile

€484.00 an 1,000 lítear

Sárpheitreal díluaidhe

€547.79 an 1,000 lítear

Gásailín eitlíochta

€276.52 an 1,000 lítear

Ola Throm:

A úsáidtear mar thiomántán ina bhfuil cion uasta sulfair is ionann agus 10 milleagram an cileagram

€368.05 an 1,000 lítear

Ola throm eile a úsáidtear mar thiomántán

€420.44 an 1,000 lítear

Ceirisín á úsáid seachas mar thiomántán

€16.00 an 1,000 lítear

Ola bhreosla

€14.78 an 1,000 lítear

Ola throm eile

€47.36 an 1,000 lítear

Gás Peitriliam Leachtaithe:

A úsáidtear mar thiomántán

€63.59 an 1,000 lítear

Gás peitriliam leachtaithe eile

€10.00 an 1,000 lítear

Breosla Ionaid:

A úsáidtear mar thiomántán

€368.05 an 1,000 lítear

Breosla ionaid eile

€47.36 an 1,000 lítear

Gual:

Chun úsáide gnó

€4.18 an tona

Chun úsáide eile

€8.36 an tona

”.

Leasú ar alt 94 (léiriú) den Acht Airgeadais 1999.

80 .— Leasaítear alt 94 den Acht Airgeadais 1999 i bhfo-alt (1) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “gual” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2005):

“folaíonn ‘gual’ gual agus lignít, breoslaí soladacha arna monarú as gual agus lignít, agus aon táirge fuinnimh eile de réir bhrí Airteagal 2.1 den Treoir i bhfoirm sholadach, seachas móin nó adhmad, i gcás go n-úsáidtear an táirge sin, nó go mbeartaítear an táirge sin a úsáid, mar bhreosla teasa;”.

Faoiseamh i leith bithbhreosla.

81 .— Leasaítear Caibidil 1 de Chuid 2 den Acht Airgeadais 1999 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 98A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2004):

“98A.— (1) Más rud é, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha—

(a) gur deimhin leis an Aire go bhfuil aon bhithbhreosla riachtanach i ndáil le treoirthionscadal a ghabhfar de láimh sa Stát agus a bheidh ceaptha chun bithbhreosla a tháirgeadh nó chun inmharthanacht theicniúil bithbhreosla mar mhótarbhreosla a thástáil, nó

(b) go gceadaíonn an tAire aon tionscadal eile a bhaineann le bithbhreosla,

beidh feidhm ag faoiseamh ó cháin ola mianra, faoi réir cibé coinníollacha a fhorchuirfidh na Coimisinéirí, maidir leis an mbithbhreosla sin.

(2) Déanfar iarratas ar fhaoiseamh faoi fho-alt (1) i scríbhinn chun an Aire agus déanfaidh an t-iarratasóir—

(a) cibé faisnéis a thabhairt a éileoidh an tAire le réasún,

(b) a shuíomh chun sástacht an Aire gur féidir leis an iarratasóir sin áitreabh oiriúnach agus an trealamh is gá le haghaidh an tionscadail lena mbaineann a sholáthar.

(3) Féadfar faoiseamh faoi fho-alt (1) a shrianadh, de réir mar a chinnfidh an tAire—

(a) do chainníocht shonraithe bithbhreosla, agus

(b) do thréimhse shonraithe ina bhféadfar an bithbhreosla sin a tháirgeadh nó a sholáthar lena úsáid sa tionscadal,

agus féadfaidh an tAire an chainníocht nó an tréimhse sin a mhéadú nó a shíneadh tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha.

(4) Féadfar faoiseamh faoi fho-alt (1) a tharraingt siar i gcás go mbeidh aon choinníoll dá dtagraítear san fho-alt sin gan chomhlíonadh agus i gcás gur cuí leis an Aire é. Féadfaidh na Coimisinéirí aon fhaisnéis is iomchuí maidir le neamhchomhlíonadh den sórt sin a tharchur chuig an Aire.

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí faoiseamh faoi fho-alt (1) a dheonú trí loghadh nó aisíoc.

(6) Beidh éilimh ar aisíoc faoi fho-alt (5) i cibé foirm a ordóidh na Coimisinéirí agus is i leith bithbhreosla arna tháirgeadh nó arna sholáthar, de réir mar a bheidh, laistigh de thréimhse nach giorra ná mí féilire agus nach faide ná 6 mhí féilire a bheidh siad. Ní fhéadfar aisíoc faoi fho-alt (5) a dhéanamh mura ndéanfar an t-éileamh laistigh de 4 mhí tar éis dheireadh gach tréimhse den sórt sin nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh na Coimisinéirí in aon chás áirithe.

(7) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú agus, seachas i leith éilimh faoi fho-alt (6), scoirfidh sé d’éifeacht a bheith leis tar éis an 31 Nollaig 2010.”.

Leasú ar phionóis ar chiontú achomair i gcionta máil áirithe.

82 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), i ngach foráil a shonraítear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an alt seo cuirfear, in ionad an mhéid atá leagtha amach i gcolún (2) den Tábla sin ag an iontráil sin, an méid atá leagtha amach san iontráil chomhréireach i gcolún (3) den Tábla sin.

(2) Tá feidhm ag fo-alt (1) maidir le cion a dhéanfar ar lá tar éis an tAcht seo a rith.

AN TÁBLA

An t-achtachán a leasaítear

An méid atá le hionadú

An méid atá le cur isteach

(1)

(2)

(3)

An tAcht um Gheall-Chur 1931: alt 2(2)

€1,900

€3,000

An tAcht Airgeadais 1999:

alt 102(2)

alt 102(4)(a)

€1,900

€1,900

€3,000

€3,000

An tAcht Airgeadais 2001:

alt 119(3)(a)

alt 124

€1,900

€1,900

€3,000

€3,000

An tAcht Airgeadais 2002:

alt 67(4)

alt 76

alt 77(2)

alt 78(4)

alt 78(6)(b)

alt 78(7)

€1,900

€1,900

€1,900

€1,900

€1,900

€3,000

€3,000

€3,000

€3,000

€3,000

An tAcht Airgeadais 2003:

alt 79(7)

€1,900

€3,000

An tAcht Airgeadais 2005:

alt 78(2)

alt 78(5)(a)

€1,900

€1,900

€3,000

€3,000

Leasú ar alt 153 (rialacháin) den Acht Airgeadais 2001.

83 .— Leasaítear alt 153 den Acht Airgeadais 2001 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha is dóigh leis na Coimisinéirí a bheith riachtanach chun lánéifeacht a thabhairt don Treoir a bheith i rialacháin faoin alt seo.”.

Leasú ar alt 81 (rialacháin) den Acht Airgeadais 2003.

84 .— Leasaítear alt 81 den Acht Airgeadais 2003 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha is dóigh leis na Coimisinéirí a bheith riachtanach chun lánéifeacht a thabhairt don Treoir nó do Threoir Uimh. 92/84/CEE an 19 Deireadh Fómhair 1992 ón gComhairle 8 a bheith i rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo.”.

Leasú ar alt 104 (rialacháin) den Acht Airgeadais 1999.

85 .— Leasaítear alt 104 den Acht Airgeadais 1999 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha is dóigh leis na Coimisinéirí a bheith riachtanach chun lánéifeacht a thabhairt don Treoir, do Threoir Uimh. 95/60/CE an 27 Samhain 1995 ón gComhairle 9 agus do Chinneadh Uimh. 2001/574/CE an 13 Iúil 2001 ón gCoimisiún 10 ,a bheith i rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo.”.

Leasú ar alt 8 (rialacháin) den Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac) 1977.

86 .— Leasaítear alt 8 den Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac) 1977 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim a bheith riachtanach chun lánéifeacht a thabhairt do Threoir Uimh. 92/79/CEE an 19 Deireadh Fómhair 1992 ón gComhairle 11 , Treoir Uimh. 92/80/CEE an 19 Deireadh Fómhair 1992 ón gComhairle 12 agus Treoir Uimh. 95/59/CE an 27 Samhain 1995 ón gComhairle 13 a bheith i rialacháin faoin alt seo.”.

Leasú ar alt 83 (rialacháin) den Acht Airgeadais 2005.

87 .— Leasaítear alt 83 den Acht Airgeadais 2005 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha is dóigh leis na Coimisinéirí a bheith riachtanach chun lánéifeacht a thabhairt do Threoir Uimh. 92/79/CEE an 19 Deireadh Fómhair 1992 ón gComhairle 14 , Treoir Uimh. 92/80/CEE an 19 Deireadh Fómhair 1992 ón gComhairle 15 agus Treoir Uimh. 95/59/CE an 27 Samhain 1995 ón gComhairle 16 a bheith i rialacháin faoin alt seo.”.

Loghadh nó aisíoc i leith cánach cláraithe feithiclí ar fheithiclí leictreacha hibrideacha áirithe nó ar fheithiclí breosla solúbtha áirithe.

88 .— Leasaítear Caibidil IV de Chuid II den Acht Airgeadais 1992 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 135C (arna chur isteach le halt 168 den Acht Airgeadais 2001):

“135C.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘feithicil leictreach hibrideach’ feithicil a fhaigheann a cumhacht ghluaiste ó theaglaim de mhótar leictreach agus d’inneall dócháin inmheánaigh agus is féidir a thiomáint ar ghluaiseacht leictreach amháin ar feadh cuid ábhartha dá gnáth-thimthriall tiomána;

ciallaíonn ‘feithicil breosla sholúbtha’ feithicil a fhaigheann a cumhacht ghluaiste ó inneall dócháin inmheánaigh arb acmhainn dó cumasc d’eatanól agus de pheitreal a úsáid, i gcás íosmhéid 85 faoin gcéad eatanóil a bheith sa chumasc sin.

(2) I gcás go ndéanfaidh duine feithicil d’earnáil A nó feithicil d’earnáil B a chlárú den chéad uair i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2006 go dtí an 31 Nollaig 2007 agus gur deimhin leis na Coimisinéirí—

(a) gur feithicil leictreach hibrideach de chuid táirgthe sraithe an fheithicil, nó

(b) gur feithicil breosla sholúbtha de chuid táirgthe sraithe an fheithicil,

féadfaidh na Coimisinéirí 50 faoin gcéad den cháin cláraithe feithiclí is iníoctha nó a íocadh de réir mhíreanna (a), (aa), (b) nó (c) d’alt 132(3) a loghadh nó a aisíoc leis an duine sin.”.

Leasú ar alt 141 (rialacháin) den Acht Airgeadais 1992.

89 .— Leasaítear alt 141 den Acht Airgeadais 1992 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (3), féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach chun lánéifeacht a thabhairt do na Treoracha, Treoir Uimh. 83/182/CEE an 23 Aibreán 1983 ón gComhairle 17 agus Treoir 83/183/CEE an 23 Aibreán 1983 ón gComhairle 18 a bheith i rialacháin faoin bhfo-alt sin”.

Leasú ar alt 67 (dleacht gealltóireachta) den Acht Airgeadais 2002.

90 .— (1) Leasaítear alt 67 den Acht Airgeadais 2002 i bhfo-alt (1) trí “1 faoin gcéad” a chur in ionad “2 faoin gcéad”.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 1 Iúil 2006.

Dleacht gealltóireachta a íoc.

91 .— (1) Leasaítear Caibidil 1 de Chuid 2 den Acht Airgeadais 2002 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 71:

“71.— (1) Déanfaidh gach geallghlacadóir a chuirfidh nó a leagfaidh aon gheall nó a dhéanfaidh thairis sin aon gheall, an dleacht gealltóireachta is iníoctha ar mhéid an ghill sin faoi alt 67 a íoc agus ní éileoidh sé nó sí ná ní cheanglóidh sé nó sí ar shlí eile ar an duine lena gcuirfidh nó lena leagfaidh sé nó sí an geall sin, nó lena ndéanfaidh sé nó sí an geall sin thairis sin, aon íocaíocht bhreise i leith na dleachta gealltóireachta is iníoctha.

(2) Ní lamhálfar dleacht gealltóireachta a íocfaidh geallghlacadóir de bhun fho-alt (1) mar asbhaint ag aon duine le linn an méid brabús nó caillteanas ag gnó geallghlacadóireachta a ríomh chun críocha Cánach Ioncaim nó Cánach Corparáide.”.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 1 Iúil 2006.

CUID 3

Cáin Bhreisluacha

Léiriú (Cuid 3).

92 .— Sa Chuid seo ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha 1972.

Leasú ar alt 1 (léiriú) den Phríomh-Acht.

93 .— (1) Leasaítear alt 1 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1)—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “seirbhís talmhaíochta”:

“ciallaíonn ‘soláthar coimhdeach’ soláthar, is cuid de sholáthar ilchodach, nach bhfuil indealaithe go fisiciúil agus go heacnamaíoch ó phríomhsholáthar agus nach féidir a sholáthar ach amháin i gcomhthéacs an príomhsholáthar sin a theachtadh níos fearr;”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “Comhphobal”:

“ciallaíonn ‘soláthar ilchodach’ soláthar arna dhéanamh ag duine inchánach do chustaiméir arb éard atá ann dhá sholáthar earraí nó seirbhísí nó níos mó nó aon teaglaim díobh, arna soláthar i dteannta a chéile, ar príomhsholáthar ceann acu;”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “allmhairiú earraí”:

“ciallaíonn ‘soláthar aonair’ soláthar earraí nó soláthar seirbhísí ar comhchuid é d’ilsoláthar agus atá indealaithe go fisiciúil agus go heacnamaíoch ó na hearraí eile nó na seirbhísí eile ar cuid den ilsoláthar sin iad, agus ar féidir é a sholáthar mar earra ann féin nó mar sheirbhís inti féin;”,

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “earraí sochorraithe”:

“ciallaíonn ‘ilsoláthar’ dhá sholáthar aonair nó níos mó arna ndéanamh ag duine inchánach le custaiméir i gcás go ndéanfar na soláthairtí sin i dteannta a chéile ar chomaoin iomlán a chuimsíonn na soláthairtí aonair sin go léir, agus i gcás nach soláthar ilchodach na soláthairtí aonair sin;”,

agus

(e) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “duine a bheidh cláraithe i leith cánach breisluacha”:

“ciallaíonn ‘príomhsholáthar’ an soláthar earraí nó seirbhísí arb éard atá ann an phríomhghné de sholáthar ilchodach agus ar coimhdeach leis aon soláthar eile is cuid den soláthar ilchodach sin;”.

(2) Tagann fo-alt (1) i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

Leasú ar alt 5 (seirbhísí a sholáthar) den Phríomh-Acht.

94 .— Leasaítear alt 5 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (3) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) go (d):

“(a) earraí is cuid de shócmhainní gnó a úsáid—

(i) chun úsáide príobháidí duine inchánach nó fhoireann an duine sin, nó

(ii) chun aon chríocha seachas críocha ghnó an duine inchánach,

i gcás go bhfuil an cháin ar na hearraí sin inasbhainte go hiomlán nó go páirteach,

(b) seirbhísí a sholáthar a thug duine inchánach in aisce chun úsáide príobháidí an duine sin féin nó fhoireann an duine sin nó chun aon chríocha seachas críocha ghnó an duine sin,

(c) duine inchánach do sholáthar seirbhísí chun críocha ghnó an duine sin i gcás nach mbeadh an cháin ar na seirbhísí sin, dá mba dhuine inchánach eile a sholáthair iad, inasbhainte go hiomlán.”.

Leasú ar alt 8 (daoine inchánach) den Phríomh-Acht.

95 .— Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-ailt (3), (3A) agus (9), le héifeacht ón 1 Bealtaine 2006, trí “€27,500” a chur in ionad “€25,500” agus trí “€55,000” a chur in ionad “€51,000” cibé áit a bhfuil sé, agus

(b) i bhfo-alt (8) mír (a) trí “más dóigh leo gur gá nó gur cuí chun críche riaradh éifeachtach agus éifeachtúil na cánach, lena n-áirítear í a bhailiú, sin a dhéanamh,” a chur in ionad “go mbeadh sé fóirsteanach, ar mhaithe le riaradh éifeachtúil na cánach sin a dhéanamh”.

Leasú ar alt 10 (an méid ar ar inmhuirearaithe cáin) den Phríomh-Acht.

96 .— Leasaítear alt 10 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (4)—

(a) trí “chun críocha mhír (a) nó (b) d’alt 5(3)” a chur in ionad “chun críocha alt 5(3)”, agus

(b) trí “, agus is é margadhluach oscailte na seirbhísí a sholáthrófar an méid ar ar inmhuirearaithe cáin i ndáil le soláthar seirbhísí de bhua rialachán arna ndéanamh chun críocha alt 5(3)(c)” a chur isteach i ndiaidh “de réir mar a bheidh”.

Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht.

97 .— (1) Leasaítear alt 11 den Phríomh-Acht —

(a) i bhfo-alt (1B) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) Beidh éifeacht le cinneadh faoin bhfo-alt seo chun críocha uile an Achta seo—

(i) i ndáil le duine inchánach a dhéanfaidh iarratas ar an gcinneadh, amhail ar agus ón dáta a shonrófar chun na críche sin sa chinneadh a chuirfear in iúl don duine inchánach de réir mhír (e)(i), agus

(ii) i ndáil le haon duine eile, amhail ar agus ón dáta a shonrófar chun na críche sin sa chinneadh arna fhoilsiú san Iris Oifigiúil.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) (a) Faoi réir alt 10(8)—

(i) i gcás soláthair ilchodaigh, maidir leis an gcáin is inmhuirearaithe ar an gcomaoin iomlán a mbeidh an duine inchánach i dteideal a fháil i leith an tsoláthair ilchodaigh sin, beidh sí de réir an ráta arna shonrú i bhfo-alt (1) is cuí don phríomhsholáthar, ach más gníomhaíocht dhíolmhaithe an príomhsholáthar sin, ní bheidh cáin inmhuirearaithe i leith an tsoláthair ilchodaigh sin,

(ii) i gcás ilsoláthair, maidir leis an gcáin is inmhuirearaithe ar gach soláthar aonair san ilsoláthar sin, beidh sí de réir an ráta arna shonrú i bhfo-alt (1) is cuí do gach soláthar aonair den sórt sin agus, d’fhonn an méid inchánach is inchurtha i leith gach soláthair aonair a fháil amach chun an ráta cuí a chur chun feidhme i ndáil leis an méid sin, déanfar an chomaoin iomlán a mbeidh an duine inchánach i dteideal a fháil i leith an ilsoláthair sin a chionroinnt idir na soláthairtí aonair sin ar shlí a léireoidh i gceart an cóimheas atá idir luach gach soláthair aonair den sórt sin agus iomlán na comaoine i leith an ilsoláthair sin.

(b) I gcás ina bhfaighidh duine soláthar ilchodach nó ilsoláthar trína fháil laistigh den Chomhphobal, beidh feidhm ag forálacha an fho-ailt seo maidir leis an bhfáil sin.

(c) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh de réir mar is gá ina sonrófar na nithe seo a leanas—

(i) na himthosca nó na coinníollacha a bhféadfar nó nach bhféadfar déileáil fúthu le soláthar mar sholáthar coimhdeach, mar sholáthar ilchodach, mar sholáthar aonair, mar ilsoláthar nó mar phríomhsholáthar,

(ii) na modhanna cionroinnte a fhéadfar a chur chun feidhme chun críocha mhíreanna (a) agus (b),

(iii) méid íosta, nó gné de sholáthar, a bhféadfar neamhshuim a dhéanamh de nó di chun an fo-alt seo a chur chun feidhme.”.

(2) Tagann mír (b) d’fho-alt (1) i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

Leasú ar alt 12 (asbhaint i leith cáin a iompraíodh nó a íocadh) den Phríomh-Acht.

98 .— Leasaítear alt 12 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1)(b)—

(a) trí “lasmuigh den Chomhphobal,” a chur in ionad “lasmuigh den Chomhphobal, agus” i bhfomhír (ii)(II), agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii):

“(iia) seirbhísí arb éard iad an duine inchánach d’eisiúint stoic nua, scaireanna nua, bintiúir nua nó urrúis nua eile a mhéid go ndéanfar an eisiúint sin d’fhonn caipiteal a chruinniú chun críocha soláthairtí inchánach an duine inchánach, agus”.

Leasú ar alt 32 (rialacháin) den Phríomh-Acht.

99 .— (1) Leasaítear alt 32 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1)(e):

“(e) (i) an tslí ina bhféadfar aon mhéid áirithe a chionroinnt, lena n-áirítear na modhanna cionroinnte a fhéadfar a chur chun feidhme chun críocha mhíreanna (a) agus (b) d’alt 11(3),

(ii) na himthosca nó na coinníollacha a bhféadfar nó nach bhféadfar déileáil fúthu le soláthar mar sholáthar coimhdeach, mar sholáthar ilchodach, mar sholáthar aonair, mar ilsoláthar nó mar phríomhsholáthar,

(iii) méid réasúnta beag, nó gné de sholáthar, a bhféadfar neamhshuim a dhéanamh de nó di chun alt 11(3) a chur chun feidhme;”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2A):

“(2B) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin faoin Acht seo is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim a bheith riachtanach chun lánéifeacht a thabhairt—

(a) do Threoir Uimh. 77/388/CEE an 17 Bealtaine 1977 ón gComhairle 19 ,

(b) do Threoir Uimh. 79/1072/CEE an 6 Nollaig 1979 ón gComhairle 20 ,

(c) do Threoir Uimh. 86/560/CEE an 17 Samhain 1986 ón gComhairle 21 .”.

(2) Tagann mír (a) d’fho-alt (1) i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

100 .— Leasaítear an Chéad Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Breisluacha (Leasú) 1978) a ghabhann leis an bPríomh-Acht

(a) i mír (i)(a), trí “seachas stoic nua, scaireanna nua, bintiúir nua nó urrúis nua a eisiúint chun go gcruinneofar caipiteal,” a chur isteach i ndiaidh “a eisiúint,”, agus

(b) i mír (i)(b), trí eisiúint stoc, scaireanna, bintiúr nó urrús eile, seachas doiciméid a shuíonn teideal chun earraí,” a chur in ionad “eisiúna a shonraítear i bhfomhír (a),”.

Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

101 .— Le héifeacht ón 1 Bealtaine 2006, leasaítear an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht i míreanna (viib) agus (viic) trí “€27,500” a chur in ionad “€25,500”.

CUID 4

Dleachtanna Stampa

Léiriú (Cuid 4).

102 .— Sa Chuid seo, ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999.

Leasú ar alt 1 (léiriú) den Phríomh-Acht.

103 .— (1) Leasaítear alt 1 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1)—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an léirithe a thugtar do “bille malairte”:

“folaíonn ‘leanbh’, i ndáil le héileamh ar fhaoiseamh ó dhleacht a dhéanfar faoin Acht seo, duine, is aistrí nó léasaí, a bhí, roimh dháta forghníomhaithe na hionstraime a n-éileofar faoiseamh ó dhleacht ina leith, ina chónaí nó ina cónaí leis an aistreoir nó leis an léasóir, a bhí faoina chúram nó faoina cúram agus a bhí á chothabháil nó á cothabháil ar a chostas nó ar a costas—

(a) i gcaitheamh tréimhse 5 bliana, nó

(b) i gcaitheamh tréimhsí arbh ionann iad le chéile agus 5 bliana ar a laghad,

sula slánóidh an duine sin 18 mbliana d’aois, ach sin sa chás amháin nach mbeidh an t-éileamh sin bunaithe ar fhianaise neamh-chomhthacaithe aon fhinné amháin;”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an léirithe a thugtar do “ionstraim”:

“folaíonn ‘ dírshliochtach ’, i ndáil le tíolacas nó aistriú (cibé acu ar dhíol nó ar dhiúscairt shaorálach inter vivos), duine atá, mar aistrí, ina leanbh de chuid an aistreora;”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí a fhorghníomhófar ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

Cuideachtaí árachais a dhí-fhrithpháirtiú.

104 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 80:

“80A.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘cuideachta fála’ cuideachta theoranta atá corpraithe sa Stát, i mBallstát eile nó i Stát LEE;

tá le ‘gnó árachais’ an bhrí a shanntar dó le halt 3 den Acht Árachais 1936;

ciallaíonn “cuideachta árachais”—

(a) cuideachta árachais de réir bhrí alt 3 den Acht Árachais 1936, nó

(b) duine a shealbhaíonn údarú de réir bhrí Rialacháin Chreata na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil) 1994 (I.R. Uimh. 360 de 1994);

ciallaíonn ‘dí-fhrithpháirtiú’ socrú idir cuideachta árachais, is cuideachta árachais a sheolann gnó saoil fhrithpháirtigh, agus a comhaltaí—

(a) faoina n-aistrítear an gnó árachais nó cuid den ghnó a sheolann an chuideachta árachais chuig cuideachta fála, agus

(b) faoina n-eisítear nó, de réir mar a bheidh, faoina ndeonófar do na comhaltaí scaireanna nó an ceart chun scaireanna sa chuideachta eisiúna;

ciallaíonn ‘Comhaontú LEE’ Comhaontú an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch a síníodh in Oporto an 2 Bealtaine 1992, arna choigeartú leis an bPrótacal a síníodh sa Bhruiséil an 17 Márta 1993;

ciallaíonn ‘Stát LEE’ stát is páirtí conarthach sa Chomhaontú LEE;

folaíonn ‘fostaí’, i ndáil le cuideachta, aon oifigeach nó stiúrthóir de chuid na cuideachta agus aon duine eile a ghlacann páirt i mbainistiú ghnóthaí na cuideachta;

ciallaíonn ‘cuideachta eisiúna’, i ndáil le dí-fhrithpháirtiú, cuideachta fála nó máthairchuideachta i ndáil le cuideachta fála, lena n-áirítear cuideachta a thagann chun bheith ina máthairchuideachta i ndáil le cuideachta fála mar chuid den dí-fhrithpháirtiú;

folaíonn ‘comhalta’, i ndáil le tagairt do chomhalta de chuideachta árachais, nó do dhuine atá i dteideal a bheith ina chomhalta nó ina comhalta de chuideachta árachais, tagairt do chomhalta d’aon aicme nó tuairisc áirithe;

ciallaíonn ‘máthairchuideachta’, i ndáil le cuideachta fála, cuideachta theoranta atá corpraithe sa Stát, i mBallstát eile nó i Stát LEE, ar léi go díreach nó go neamhdhíreach 100 faoin gcéad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta fála;

ciallaíonn ‘pinsinéir’, i ndáil le cuideachta, duine a bhfuil teideal aige nó aici, cibé acu anois nó sa todhchaí, chun pinsin, cnapshuime, aisce nó sochair eile dá shamhail nó dá samhail is inchurtha i leith seirbhíse aon duine mar fhostaí den chuideachta;

folaíonn ‘scaireanna’ stoc.

(2) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon ionstraim arna déanamh chun críocha dí-fhrithpháirtiú nó i dtaca le dí-fhrithpháirtiú i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha atá leagtha amach i bhfo-alt (3).

(3) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (2)—

(a) nach mór scaireanna sa chuideachta eisiúna a thairiscint do 90 faoin gcéad ar a laghad de na daoine atá ina gcomhaltaí den chuideachta árachais díreach roimh an dí-fhrithpháirtiú, agus

(b) nach mór na scaireanna uile sa chuideachta eisiúna a bheidh ar eisiúint díreach tar éis an dí-fhrithpháirtithe, seachas scaireanna a bheidh le heisiúint nó a bheidh eisithe de bhun tairisceana don phobal, a thairiscint do dhaoine atá, tráth na tairisceana—

(i) ina gcomhaltaí den chuideachta árachais,

(ii) ina ndaoine atá i dteideal teacht chun bheith ina gcomhaltaí den chuideachta árachais, nó

(iii) ina bhfostaithe, ina n-iarfhostaithe nó ina bpinsinéirí de chuid na cuideachta árachais nó de chuideachta is fochuideachta ar lánúinéireacht ag an gcuideachta árachais.

(4) Chun críocha fho-alt (3)(b)(iii), is fochuideachta ar lánúinéireacht ag cuideachta eile (dá ngairtear ‘an mháthair’ san fho-alt seo) cuideachta más rud é nach mbeidh aon chomhaltaí aici seachas an mháthair agus na fochuideachtaí atá ar lánúinéireacht ag an máthair, nó daoine ag gníomhú thar ceann na máthar nó a fochuideachtaí ar lánúinéireacht.

(5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le hionstraim mura rud é go ndearnadh, de réir alt 20, í a stampáil le stampa áirithe á chur in iúl nach bhfuil aon dleacht inmhuirearaithe uirthi.

(6) Ní bheidh feidhm ag an alt seo mura rud é go ndéanfar an dí-fhrithpháirtiú ar chúiseanna tráchtála bona fide agus nach cuid é de scéim nó de shocrú arb é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, atá léi nó leis, dliteanas i leith dleachta stampa, cánach ioncaim, cánach corparáide, cánach gnóchan caipitiúil nó cánach fáltas caipitiúil a sheachaint.

(7) (a) I gcás ina ndéanfar éileamh ar dhíolúine faoin alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí a cheangal go seachadfar orthu ráiteas i cibé foirm a ordóidh siad, arna dhéanamh ag an duine a éilíonn an díolúine nó thar a cheann nó thar a ceann, mar thacaíocht leis an éileamh sin agus cibé fianaise bhreise (más ann) a éileoidh siad.

(b) Maidir leis na cumhachtaí a thugtar do na Coimisinéirí le mír (a), is cumhachtaí iad i dteannta, agus ní cumhachtaí iad in ionad, na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 20.

(8) Más rud é, maidir le haon éileamh ar dhíolúine ó dhleacht faoin alt seo a ceadaíodh, go bhfaighfear amach dá éis sin go raibh aon ráiteas nó fianaise eile a tugadh mar thacaíocht leis an éileamh neamhfhírinneach in aon phonc ábhartha, nó nár comhlíonadh na coinníollacha atá leagtha amach i bhfo-alt (3) sa fhrithpháirtiú mar a rinneadh é iarbhír, ansin scoirfidh an díolúine d’fheidhm a bheith aici agus beidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar an ionstraim amhail is nár achtaíodh fo-alt (2) mar aon le hús ar an dleacht, ar mhodh pionóis, arna ríomh de réir alt 159D, ó dháta na hionstraime go dtí an dáta a íocfar an dleacht.”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí a fhorghníomhófar ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

Leasú ar alt 81A (faoiseamh breise ó dhleacht stampa i leith aistrithe go feirmeoirí óga oilte) den Phríomh-Acht.

105 .— (1) Leasaítear alt 81A den Phríomh-Acht i bhfo-alt (14) trí “31 Nollaig 2008” a chur in ionad “31 Nollaig 2005”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí a fhorghníomhófar an 1 Eanáir 2006 nó dá éis.

Comhlachtaí ceadaithe.

106 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 82:

“82A.— (1) San alt seo, tá le ‘comhlacht ceadaithe’, ‘urrúis ainmnithe’ agus ‘deonachán iomchuí’, faoi seach, na bríonna a shanntar dóibh in alt 848A (arna leasú leis an Acht Airgeadais 2006) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.

(2) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon ionstraim lena n-aistrítear urrúis chuig comhlacht ceadaithe ar urrúis iad atá ina ndeonachán iomchuí nó ina gcuid de dheonachán iomchuí.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le hionstraim mura rud é go mbeidh an ionstraim stampáilte, de réir alt 20, le stampa áirithe á thaispeáint nach bhfuil dleacht stampa inmhuirearaithe uirthi.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí a fhorghníomhaítear dáta rite an Achta seo nó dá éis.

Cistí áirithe a athchóiriú nó a chónascadh.

107 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 88A—

Cistí: atheagrú

88B.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘ciste intíre’ gnóthas infheistíochta de réir bhrí alt 739B den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 seachas gnóthas infheistíochta dá dtagraítear in alt 739I(1)(a)(ii) den Acht sin;

ciallaíonn ‘ciste coigríche’ socrú a mbeidh éifeacht leis de bhua dlí críche lasmuigh den Stát, ar socrú é a dhéantar d’aon toisc nó go formhór chun saoráidí a sholáthar, nó arb é is éifeacht dó d’aon toisc nó go formhór saoráidí a sholáthar, le go mbeadh an pobal nó infheisteoirí eile páirteach, mar thairbhithe, i mbrabúis nó in ioncam a thig as urrúis nó aon mhaoin eile a fháil, a shealbhú, a bhainistiú nó a dhiúscairt;

folaíonn “aonaid” i ndáil le ciste intíre nó, de réir mar a bheidh, ciste coigríche, scaireanna agus aon ionstraimí eile lena ndeonaítear teideal chun scaireanna in infheistíochtaí nó in ioncam ciste intíre nó, de réir mar a bheidh, ciste coigríche, nó chun dáileadh a fháil uaidh.

(2) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon ionstraim a dhéanfar chun críocha aon socrú, nó i dtaca le haon socrú, idir ciste coigríche agus ciste intíre, ar socrú é a rinneadh chun críocha scéime athchóiriúcháin nó cónasctha, nó i dtaca leis, faoina n-aistreoidh an ciste coigríche sócmhainní chuig an gciste intíre agus faoina n-eiseoidh an ciste intíre aonaid chuig na daoine a mbeidh aonaid ar seilbh acu sa chiste coigríche i leith agus de réir (nó, a mhéid is féidir, de réir) a sealbhán aonad sa chiste coigríche.

Comhchistí conarthacha áirithe a athchóiriú nó a chónascadh.

88C.— Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon ionstraim a dhéanfar chun críocha scéime, nó i dtaca le scéim, chun comhchiste conarthach a athchóiriú nó a chónascadh, is scéim lena mbaineann fo-alt (3) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 2006) d’alt 739H den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí a fhorghníomhófar ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

An tSeirbhís Chúirteanna.

108 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 99:

“99A.— Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon ionstraim faoina bhfaigheann an tSeirbhís Chúirteanna aon talamh, éasúint, cead slí, ceart uisce nó aon cheart thar an talamh nó thar an uisce nó ina leith.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí a fhorghníomhófar ar dháta rite an Achta seo nó dá éis.

Teideal chun íocaíochta aonair feirme.

109 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 101—

“101A.— (1) San alt seo tá le ‘teideal chun íocaíochta’ an bhrí chéanna atá leis chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 an 29 Meán Fómhair 2003 ón gComhairle 22 .

(2) Faoi réir fho-alt (3), ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe faoi réim nó faoi threoir aon cheannteidil i Sceideal 1 ar ionstraim chun teideal chun íocaíochta a dhíol, a aistriú nó a dhiúscairt ar shlí eile.

(3) I gcás ina mbeidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar ionstraim faoi réim nó faoi threoir aon cheannteidil i Sceideal 1 agus gurb éard atá i gcuid den mhaoin lena mbaineann teideal chun íocaíochta—

(a) déanfar an chomaoin, a mbeadh dleacht stampa inmhuirearaithe ina leith thairis sin, a chionroinnt de réir cibé bonn a bheidh cóir agus réasúnach, amhail idir an chuid den mhaoin ar teideal chun íocaíochta í agus an chuid nach teideal chun íocaíochta í, agus

(b) ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar an ionstraim ach amháin i leith na comaoine is inchurtha síos don chuid sin den mhaoin nach teideal chun íocaíochta í.

(4) Déanfar neamhshuim de mhéid nó de luach na comaoine is inchurtha síos do theideal chun íocaíochta chun críocha an ráitis dá bhforáiltear i míreanna 7 go 14A den cheannteideal ‘TÍOLACAS nó AISTRIÚ ar dhíol aon mhaoine seachas stoic nó urrúis inmhargaidh nó polasaí árachais nó polasaí árachais saoil’ agus déanfar aon ráiteas dá dtagraítear sna míreanna sin a fhorléiriú dá réir sin.

(5) I gcás inar teideal chun íocaíochta cuid den mhaoin dá dtagraítear i bhfo-alt (1) d’alt 45, beidh éifeacht leis an bhfo-alt sin amhail is dá ndéanfaí na focail ‘ar cibé modh is cóir agus is réasúnach’ a chur in ionad ‘ar cibé modh, is cuí leis na páirtithe’.

(6) I gcás inar teideal chun íocaíochta cuid den mhaoin dá dtagraítear i bhfo-alt (3) d’alt 45 agus maidir leis an mbeirt daoine iomchuí nó, de réir mar a bheidh, leis na daoine iomchuí go léir go bhfuil siad bainteach le chéile, beidh éifeacht leis an bhfo-alt sin amhail is dá ndéanfaí na focail ‘, cionroinnfear an chomaoin ar cibé modh is cóir agus is réasúnach, ionas go ndéanfar comaoin ar leith le haghaidh gach coda nó dáileachta ar leithligh a leagan amach sa tíolacas a bhaineann leis an gcuid nó leis an dáileacht ar leithligh sin, agus muirearófar dleacht ad valorem ar an tíolacas sin i leith na comaoine ar leith sin.’ a chur in ionad ‘ar chodanna ar leith den chomaoin, ansin muirearófar dleacht ad valorem ar thíolacas gach coda nó dáileachta ar leithligh i leith na coda ar leith sin den chomaoin a bheidh sonraithe sa tíolacas.’ .

(7) Chun críocha fho-alt (6), is duine iomchuí duine más duine an duine sin a chonraíonn, nó dá gconraítear, an mhaoin a cheannach agus déanfar an cheist faoi dhaoine a bheith bainteach le chéile a fhorléiriú de réir alt 10 den Acht Comhdhlúite Cánach 1997 agus amhail is dá gcuirfí tagairt don Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 in ionad na tagartha do na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil sa mhíniú ar ‘gaol’ san alt sin.

(8) I gcás feidhm a bheith ag fo-alt (5) nó (6), agus go ndéantar an chomaoin a chionroinnt ar mhodh nach cóir agus réasúnach, beidh dleacht ad valorem inmhuirearaithe ar an tíolacas a bhaineann leis an gcuid nó leis an dáileacht maoine ar leithligh amhail is dá gcuirfí luach na coda nó na dáileachta maoine ar leithligh sin in ionad na comaoine ar leith atá leagtha amach sa tíolacas sin.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí a fhorghníomhófar an 1 Eanáir 2005 nó dá éis.

Leasú ar Chuid 8 (dleacht caipitil cuideachtaí) den Phríomh-Acht.

110 .— Leasaítear Cuid 8 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 117(1) trí “I gcás aon idirbheart tarlú roimh an 7 Nollaig 2005,” a chur in ionad “I gcás aon idirbheart tarlú,”, agus

(b) in alt 119 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) D’ainneoin fho-alt (4), leanfaidh an ráta laghdaithe d’fheidhm a bheith aige má b’éard é an t-aistriú, ar dá thoradh a tharla nár sealbhaíodh na scaireanna áirithe ar feadh tréimhse 5 bliana—

(a) aistriú ba chuid d’idirbheart, a tharla roimh an 7 Nollaig 2005, a cháileodh uaidh féin don ráta laghdaithe de bhun fho-alt (1),

(b) aistriú ba chuid d’idirbheart, a tharla an 7 Nollaig 2005 nó dá éis, a cháileodh uaidh féin amhlaidh dá mba rud é gur tharla an t-idirbheart roimh an 7 Nollaig 2005, nó

(c) aistriú le linn don chuideachta fála a bheith á leachtú.”.

Leasú ar alt 123B (cártaí airgid, comhchártaí agus cártaí dochair) den Phríomh-Acht.

111 .— (1) Leasaítear alt 123B den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “comhchárta”:

“ciallaíonn ‘comhchárta’ cárta, arna eisiúint ag tionscnóir chuig duine a mbeidh seoladh sa Stát aige nó aici, agus a mbeidh 2 fheidhm, eadhon feidhm cárta airgid agus feidhm cárta dochair, ag gabháil leis;”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Déanfaidh tionscnóir, laistigh de mhí amháin ó dheireadh gach bliana, ag tosú leis an mbliain 2006, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh ar na Coimisinéirí ina dtaispeánfar an líon cártaí airgid, comhchártaí agus cártaí dochair a bheidh eisithe aon tráth ag an tionscnóir agus a bheidh bailí an 31 Nollaig sa bhliain sin, agus ina ndéanfar idirdhealú i gcás comhchártaí ó thaobh líon na gcártaí sin ar úsáideadh an dá fheidhm acu i gcaitheamh na bliana agus líon na gcártaí sin nár úsáideadh ach feidhm amháin dá gcuid i gcaitheamh na bliana.”,

agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Muirearófar dleacht stampa ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2)—

(a) de réir ráta €10, i gcás gach cárta airgid agus gach cárta dochair,

(b) de réir ráta €10, i gcás gach comhchárta nár úsáideadh ach feidhm amháin dá chuid i gcaitheamh na bliana, agus

(c) de réir ráta €20, i gcás gach comhchárta ar úsáideadh an dá fheidhm aige i gcaitheamh na bliana,

a bheidh ar áireamh ar líon na gcártaí a thaispeánfar sa ráiteas.”.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le haon ráiteas a bheidh le seachadadh ag tionscnóir tar éis an 31 Nollaig 2006.

CUID 5

Cáin Fháltas Caipitiúil

Léiriú (Cuid 5).

112 .— Sa Chuid seo ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003.

Leasú ar alt 6 (bronntanas inchánach) den Phríomh-Acht.

113 .— (1) Leasaítear alt 6 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (5) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) Chun críocha fho-alt (2)(d), measfar gur suim atá suite sa Stát cibé méid de mhargadhluach aon scaire i gcuideachta phríobháideach a corpraíodh lasmuigh den Stát (ar cuideachta í, tar éis an bronntanas a ghlacadh, atá faoi rialú an deontaí) is inchurtha, go díreach nó go neamhdhíreach, i leith maoine atá suite sa Stát ar dháta an bhronntanais.”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le bronntanais arna nglacadh an 2 Feabhra 2006 nó dá éis.

Leasú ar alt 11 (oidhreacht inchánach) den Phríomh-Acht.

114 .— (1) Leasaítear alt 11 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (5) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) Chun críocha fho-alt (2)(c), measfar gur suim atá suite sa Stát cibé méid de mhargadhluach aon scaire i gcuideachta phríobháideach a corpraíodh lasmuigh den Stát (ar cuideachta í, tar éis an oidhreacht a ghlacadh, atá faoi rialú an chomharba) is inchurtha, go díreach nó go neamhdhíreach, i leith maoine atá suite sa Stát ar dháta na hoidhreachta.”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le hoidhreachtaí arna nglacadh an 2 Feabhra 2006 nó dá éis.

Leasú ar alt 77 (maoin oidhreachta a dhíolmhú) den Phríomh-Acht.

115 .— Leasaítear alt 77 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (3) trí “leis an Iontaobhas (de réir bhrí alt 1003A den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997),” a chur isteach i ndiaidh “le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn,”.

Leasú ar Chaibidil 3 (tobhach bliantúil ar iontaobhais lánroghnacha) de Chuid 3 den Phríomh-Acht.

116 .— (1) Leasaítear Caibidil 3 de Chuid 3 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 19 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “dáta inmhuirearaithe”:

“ciallaíonn ‘dáta inmhuirearaithe’, i ndáil le haon bhliain—

(a) maidir leis an mbliain 2006, an 5 Aibreán agus an 31 Nollaig sa bhliain sin, agus

(b) maidir leis an mbliain 2007 agus le blianta dá éis, an 31 Nollaig sa bhliain lena mbaineann;”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 23:

“Cáin a ríomh.

23.— (1) An cháin is inmhuirearaithe ar luach inchánach oidhreachta inchánach ar a muirearaítear cáin mar gheall ar alt 20 ríomhtar í, faoi réir fho-alt (2), de réir ráta aon faoin gcéad den luach inchánach sin.

(2) Is é a bheidh sa cháin is inmhuirearaithe ar an dáta inmhuirearaithe arb é an 31 Nollaig 2006 é méid atá comhionann le 73.97 faoin gcéad den cháin is inmhuirearaithe de bhua fho-alt (1).”,

agus

(c) in alt 24 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) I gcás go ndéanfar margadhluach maoine a chinneadh de réir fho-alt (1) ar dháta luachála agus gurb é an 5 Aibreán 2006 an dáta luachála sin, ansin déileálfar leis an margadhluach, arna chinneadh amhlaidh, mar mhargadhluach na maoine ar an dáta luachála arb é an 31 Nollaig 2006 é.”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo i leith na bliana 2006 agus blianta eile dá éis.

Iontaobhais lánroghnacha: tuairisceáin

117 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 21—

(i) trí mhír (e) a scriosadh, agus

(ii) i mír (f) trí “ag alt 50 agus alt 81 agus Sceideal 2” a chur in ionad “ag alt 46(2), (3), (4) agus (5) agus ailt 50, 54, 56 agus 81 agus Sceideal 2”,

(b) in alt 46(2) trí “Aon duine atá cuntasach go príomha in íoc cánach de bhua mhír (c) d’alt 16, de bhua mhír (c) d’alt 21, nó de bhua alt 45(1),” a chur in ionad “Faoi réir mhír (e) d’alt 21, aon duine atá cuntasach go príomha in íoc cánach de bhua alt 45(1), nó de bhua mhír (c) d’alt 16”,

(c) in alt 46(3) trí “fo-alt (2)(c) (seachas i leith cánach a éiríonn de bharr alt 20)” a chur in ionad “fo-alt (2)(c)”,

(d) in alt 46(4) trí “alt 15 nó 20” a chur in ionad “alt 15”,

(e) in alt 46(15) trí “duine a bhfuil cónaí nó gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát” a chur in ionad “duine atá ina chónaí nó ina cónaí agus ar a bhfuil sainchónaí sa Stát”,

(f) in alt 46 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (15):

“(16) Chun críocha fho-alt (15), déileálfar le duine nach bhfuil sainchónaí air nó uirthi sa Stát dáta na diúscartha mar dhuine nach bhfuil cónaí air nó uirthi agus nach bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát ar an dáta sin mura rud é—

(a) go raibh cónaí ar an duine sin sa Stát leis na 5 bliana measúnachta chomhleanúnacha díreach roimh an mbliain mheasúnachta ina mbeidh an dáta sin, agus

(b) go bhfuil cónaí nó gnáthchónaí ar an duine sin sa Stát ar an dáta sin.”,

(g) in alt 54(1) trí “an cháin a bheidh dlite agus iníoctha (seachas cáin a éiríonn mar gheall ar alt 20)” a chur in ionad “an cháin a bheidh dlite agus iníoctha”, agus

(h) in alt 56 trí “cáin oidhreachta (seachas cáin a éiríonn mar gheall ar alt 20)” a chur in ionad “cáin oidhreachta”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir leis an mbliain 2006 agus blianta dá éis.

Leasú ar Chuid 10 (faoisimh) den Phríomh-Acht.

118 .— (1) Leasaítear Cuid 10 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 89(1)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “maoin talmhaíochta”:

“ciallaíonn ‘maoin talmhaíochta’—

(a) talamh talmhaíochta, talamh féaraigh agus coillearnach sa Stát agus barraí, crainn agus casarnach ag fás ar thalamh den sórt sin agus folaíonn sé freisin cibé foirgnimh feirme, tithe feirme agus maintithe (mar aon leis na tailte a áitítear i dteannta na bhfoirgneamh feirme, na dtithe feirme agus na maintithe sin) is de ghné is iomchuí don mhaoin, agus innealra feirme, beostoc agus stoc folaíochta ar an maoin sin, agus

(b) teideal chun íocaíochta (de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 an 29 Meán Fómhair 2003 ón gComhairle 23 );”,

agus

(ii) sa mhíniú ar “feirmeoir” trí “ar sa Stát atá sainchónaí air agus” a scriosadh,

agus

(b) tríd an gCaibidil seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chaibidil 2:

“CAIBIDIL 2A

Faoiseamh talmhaíochta nó faoiseamh gnó a aisghlámadh: talamh forbraíochta

Maoin talmhaíochta agus gnó: talamh forbraíochta.

102A.— (1) San alt seo—

tá le ‘maoin talmhaíochta’ an bhrí a shanntar dó le halt 89;

ciallaíonn ‘luach úsáide reatha’ —

(a) i ndáil le talamh aon tráth áirithe, an méid arbh éard é margadhluach na talún an tráth sin dá ndéanfaí an margadhluach a ríomh ar an toimhde go raibh sé an tráth sin, agus go mbeadh sé, neamhdhleathach aon fhorbairt (de réir bhrí alt 3 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000) a dhéanamh i ndáil leis an talamh, seachas forbairt nach bhfuil inti ach mionfhorbairt, agus

(b) i ndáil le scaireanna i gcuideachta aon tráth áirithe, an méid arbh éard é luach na scaireanna an tráth sin dá ndéanfaí an margadhluach a ríomh ar an toimhde chéanna, i ndáil leis an talamh óna ndíorthaíonn na scaireanna a luach iomlán nó cuid dá luach, amhail mar atá luaite i mír (a);

ciallaíonn ‘talamh forbraíochta’ talamh sa Stát, ar mó a margadhluach ar dháta bronntanais nó oidhreachta ná luach úsáide reatha na talún sin ar an dáta sin, agus folaíonn sé scaireanna a ndíorthaíonn a luach go hiomlán nó go páirteach ó thalamh den sórt sin;

ciallaíonn ‘mionfhorbairt’ forbairt (nach forbairt ag údarás áitiúil nó gnóthaire reachtúil de réir bhrí alt 2 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000) is forbairt dhíolmhaithe faoi réim nó dá bhua alt 4 den Acht sin chun críocha an Achta sin;

forléireofar ‘maoin ghnó iomchuí’ de réir alt 93;

forléireofar ‘dáta luachála’ de réir alt 30.

(2) Más rud é—

(a) go mbeidh faoiseamh deonaithe de bhua alt 89(2) nó alt 92 i leith bronntanais nó oidhreachta arb éard é nó í maoin talmhaíochta nó, de réir mar a bheidh, maoin ghnó iomchuí,

(b) gur talamh forbraíochta atá, go hiomlán nó go páirteach, sa mhaoin, agus

(c) go ndéanann an deontaí nó an comharba an talamh forbraíochta a dhiúscairt go hiomlán nó go páirteach aon tráth i rith na tréimhse a thosóidh 6 bliana tar éis dháta an bhronntanais nó na hoidhreachta agus a chríochnóidh 10 mbliana tar éis an dáta sin,

ansin déanfar cáin a athríomh ar dháta luachála an bhronntanais nó na hoidhreachta amhail is gurb ionann an méid ar mó margadhluach na talún diúscartha ná a luach úsáide reatha ar an dáta sin agus luach na maoine—

(i) nár mhaoin talmhaíochta, nó

(ii) nár mhaoin ghnó iomchuí,

de réir mar a bheidh, agus beidh cáin iníoctha dá réir sin.”.

(2) (a) Meastar feidhm a bheith ag fo-alt (1)(a)(i) maidir le bronntanais agus oidhreachtaí maoine talmhaíochta a bheidh glactha an 1 Eanáir 2005, nó dá éis sin.

(b) Beidh feidhm ag fo-ailt (1)(a)(ii) agus (1)(b) maidir le bronntanais agus oidhreachtaí arna nglacadh an 2 Feabhra 2006 nó dá éis.

Leasú ar alt 104 (liúntas i leith cánach gnóchan caipitiúil maidir leis an teagmhas céanna) den Phríomh-Acht.

119 .— (1) Leasaítear alt 104 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Maidir leis an asbhaint cánach gnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe ar dhiúscairt sócmhainne i gcoinne cánach bronntanais nó cánach oidhreachta, ar asbhaint í a dhéantar de bhua fho-alt (1), scoirfidh sí d’fheidhm a bheith aici a mhéid a dhiúscraítear an tsócmhainn laistigh de 2 bhliain tar éis dháta an bhronntanais nó, de réir mar a bheidh, dháta na hoidhreachta.”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le bronntanais agus oidhreachtaí arna nglacadh an 2 Feabhra 2006 nó dá éis.

CUID 6

Ilghnéitheach

Léiriú (Cuid 6).

120 .— Sa Chuid seo ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997.

Leasú ar alt 1003 (cáin a íoc trí dheonachán míreanna oidhreachta) den Phríomh-Acht.

121 .— Leasaítear alt 1003 den Phríomh-Acht, i leith na bliana measúnachta 2006 agus blianta measúnachta ina dhiaidh sin, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3)(a):

“(a) Chun críocha an ailt seo déanfar margadhluach aon mhíre nó aon chnuasaigh míreanna (dá ngairtear ‘an mhaoin’ san fho-alt seo), faoi réir mhír (d), a mheasúnú mar an ceann is lú díobh seo a leanas—

(i) an praghas a gheofaí ar an maoin, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, dá ndíolfaí ar an margadh oscailte í ar an dáta luachála ar cibé slí agus faoi réir cibé coinníollacha ba dhóigh le réasún a tharraingeodh an praghas ab fhearr ar an maoin don díoltóir, agus

(ii) (I) an praghas a gheofaí, i dtuairim an duine a thabharfaidh bronntanas na maoine, ar an maoin ar an dáta luachála dá ndíolfaí í ar an tslí dá dtagraítear i bhfomhír (i), nó

(II) de roghnú an duine sin, an méid a d’íoc an duine sin ar an maoin.”.

Cáin a íoc trí dheonachán maoine oidhreachta a thabhairt d’iontaobhas oidhreachta Éireannach.

122 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht i gCaibidil 5 de Chuid 42 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 1003:

“1003A.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘na hAchtanna’—

(a) na hAchtanna Cánach (seachas Caibidil 8 de Chuid 6, Caibidil 2 de Chuid 18 agus Caibidil 4 den Chuid seo),

(b) na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, agus

(c) an tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003, agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin,

agus aon ionstraimí arna ndéanamh faoin gcéanna;

ciallaíonn ‘riaráistí cánach’ cáin a bheidh dlite agus iníoctha de réir aon fhorála de na hAchtanna (lena n-áirítear aon ús agus pionóis is iníoctha faoi aon fhoráil de na hAchtanna i ndáil le cáin den sórt sin)—

(a) i gcás cánach ioncaim, cánach corparáide nó cánach gnóchan caipitiúil, i leith na tréimhse iomchuí, nó

(b) i gcás cánach bronntanais nó cánach oidhreachta, roimh thosach na bliana féilire ina dtabharfar an bronntanas iomchuí,

nach mbeidh íoctha an tráth a thabharfar bronntanas iomchuí;

ciallaíonn “lánas an fhoirgnimh” feistis a bhfuil baint stairiúil acu leis an bhfoirgneamh agus ar ina leith is deimhin leis an Aire go bhfuil siad tábhachtach i dtaca le comhthéacs staire nó aeistéitice an fhoirgnimh a shuíomh;

ciallaíonn ‘dliteanas reatha’—

(a) i gcás cánach ioncaim nó cánach gnóchan caipitiúil, aon dliteanas i leith cánach den sórt sin a éireoidh sa bhliain mheasúnachta ina dtugtar an bronntanas iomchuí,

(b) i gcás cánach corparáide, aon dliteanas i leith cánach den sórt sin a éireoidh sa tréimhse chuntasaíochta ina dtugtar an bronntanas iomchuí,

(c) i gcás cánach bronntanais nó cánach oidhreachta, aon dliteanas i leith cánach den sórt sin a thiocfaidh chun bheith dlite agus iníoctha sa bhliain féilire ina dtugtar an bronntanas iomchuí;

tá le ‘maoin oidhreachta’ an bhrí a shanntar dó le fo-alt (2)(a);

tá le ‘margadhluach’ an bhrí a shanntar dó le fo-alt (3);

ciallaíonn ‘Aire’ an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn ‘bronntanas iomchuí’ bronntanas maoine oidhreachta don Iontaobhas nach bhfaigheann an duine a thugann an bronntanas comaoin ar bith ina leith (seachas faoiseamh faoin alt seo), go díreach nó go neamhdhíreach, ón Iontaobhas nó ar shlí eile;

ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’—

(a) i gcás cánach ioncaim agus cánach gnóchan caipitiúil, aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain ina dtugtar an bronntanas iomchuí, agus

(b) i gcás cánach corparáide, aon tréimhse chuntasaíochta roimh an tréimhse chuntasaíochta ina dtugtar an bronntanas iomchuí;

ciallaíonn ‘cáin’ cáin ioncaim, cáin chorparáide, cáin ghnóchan caipitiúil, cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta, de réir mar a bheidh, is iníoctha de réir aon fhorála de na hAchtanna;

ciallaíonn ‘Iontaobhas’ an chuideachta a bheidh ainmnithe chun críocha an ailt seo leis an ordú dá dtagraítear in alt 122 (2) den Acht Airgeadais 2006;

ciallaíonn ‘dáta luachála’ an dáta a dhéanfar iarratas chuig an Aire ar chinneadh faoi fho-alt (2)(a).

(2) (a) San alt seo, ciallaíonn ‘maoin oidhreachta’ foirgneamh nó gairdín a gcinnfidh an tAire ina leith, ar iarratas chuige sin a bheith déanta i scríbhinn chuig an Aire ag duine ar leis nó léi an foirgneamh nó an gairdín, gur foirgneamh nó gairdín é atá, faoi réir fhorálacha mhír (b)—

(i) ina eiseamláir shuntasach den chineál foirgnimh nó gairdín atá i gceist,

(ii) dearscnaitheach ina aicme,

(iii) ina dhíol spéise suntasach ann féin ó thaobh na heolaíochta, na staire, an náisiúin, na hailtireachta nó na haeistéitice, agus

(iv) oiriúnach lena fháil ag an Iontaobhas,

agus, chun críocha an ailt seo, folaíonn tagairt do ‘foirgneamh’—

(I) aon fhoirgneamh seachtrach, clós nó talamh atá gaolmhar leis an bhfoirgneamh i gcás an talamh a bheith ar áitiú nó ar teachtadh leis an bhfoirgneamh mar chuid dá ghairdín nó dá thírdhreach deartha nó i gcás ina gcuireann sé le tuiscint ar an bhfoirgneamh ina shuíomh, agus

(II) lánas an fhoirgnimh.

(b) Le linn don Aire iarratas faoi mhír (a) a bhreithniú, breithneoidh sé nó sí cibé fianaise a chuirfidh an duine a bheidh ag déanamh an iarratais faoi bhráid an Aire.

(c) Ar iarratas a fháil ar chinneadh faoi mhír (a), iarrfaidh an tAire ar na Coimisinéirí Ioncaim i scríbhinn an mhaoin oidhreachta a luacháil de réir fho-alt (3).

(d) Ní dhéanfaidh an tAire cinneadh faoi mhír (a), i gcás inar mó margadhluach na maoine, arna chinneadh ag na Coimisinéirí Ioncaim de réir fho-alt (3), ar an dáta luachála, ná méid a chinnfear de réir na foirmle—

€6,000,000 - M

i gcás gurb é M méid (agus féadfaidh gur nialas é) ar cóimhéid le margadhluach na maoine oidhreachta (más ann) ar an dáta luachála nó comhiomlán mhargadhluachanna na maoine oidhreachta go léir (más ann) ar na dátaí luachála faoi seach, de réir mar a bheidh, a mbeidh cinneadh nó cinntí, de réir mar a bheidh, ina leith faoin bhfo-alt seo déanta ag an Aire in aon bhliain féilire amháin agus nach mbeidh cúlghairthe sa bhliain sin.

(e) (i) Scoirfidh maoin de bheith ina maoin oidhreachta chun críocha an ailt seo más rud é—

(I) go ndéanfar an mhaoin a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile, le duine seachas an tIontaobhas,

(II) go gcuirfidh úinéir na maoine in iúl don Iontaobhas i scríbhinn nach mbeartaítear an mhaoin a bhronnadh ar an Iontaobhas, nó

(III) nach mbronnfar an mhaoin ar an Iontaobhas laistigh den bhliain féilire tar éis na bliana ina ndéanfar an cinneadh faoi mhír (a).

(ii) I gcás go dtiocfaidh an tAire ar an eolas, tráth ar bith laistigh den bhliain féilire ina ndéanfar cinneadh faoi mhír (a) i leith maoine, go bhfuil feidhm ag clásal (I) nó (II) d’fhomhír (i) maidir leis an maoin, féadfaidh an tAire an cinneadh a chúlghairm le héifeacht ón tráth sin.

(3) (a) Chun críocha an ailt seo, measfar gurb éard é margadhluach aon mhaoine, cibé ceann acu seo a leanas is lú—

(i) an praghas a gheofaí ar an maoin, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, dá ndíolfaí ar an margadh oscailte í ar an dáta luachála ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha ba dhóigh le réasún a tharraingeodh an praghas ab fhearr ar an maoin don díoltóir, agus

(ii) (I) an praghas a gheofaí ar an maoin, i dtuairim an duine atá ag bronnadh na maoine, dá ndíolfaí í ar an dáta luachála ar an modh dá dtagraítear i bhfomhír (i), nó

(II) de rogha an duine sin, an méid a d’íoc an duine sin ar an maoin.

(b) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim margadhluach na maoine a fhionnadh i cibé slí agus ar cibé dóigh is cuí leo, agus féadfaidh siad a údarú do dhuine an mhaoin a iniúchadh agus luach na maoine a thuairisciú dóibh chun críocha an ailt seo, agus tabharfaidh an duine a mbeidh an mhaoin sin ina choimeád nó ina coimeád nó ina sheilbh nó ina seilbh cead don duine a bheidh údaraithe amhlaidh an mhaoin a iniúchadh cibé tráthanna réasúnacha a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá.

(c) I gcás ina n-éileoidh na Coimisinéirí Ioncaim go ndéanfaidh duine a bheidh údaraithe acu luacháil, íocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim costas na luachála sin.

(4) I gcás ina dtabharfar bronntanas iomchuí don Iontaobhas—

(a) tabharfaidh an tIontaobhas deimhniú don duine a thug an bronntanas iomchuí, i cibé foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, á dheimhniú go bhfuarthas an bronntanas sin agus gur aistríodh úinéireacht na maoine oidhreachta is ábhar don bhronntanas sin chuig an Iontaobhas, agus

(b) tarchuirfidh an tIontaobhas dúblach den deimhniú chuig na Coimisinéirí Ioncaim.

(5) Faoi réir an ailt seo, i gcás ina mbeidh bronntanas iomchuí tugtha ag duine, déileálfar leis an duine, ar an deimhniú a thabharfar don duine de réir fho-alt (4) a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim, mar dhuine a rinne, an dáta a chuirfear an deimhniú faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim, íocaíocht ar chuntas cánach de mhéid atá ar cóimhéid le margadhluach an bhronntanais iomchuí ar an dáta luachála.

(6) Déanfar íocaíocht ar chuntas cánach a ndéileálfar léi mar íocaíocht a rinneadh de réir fho-alt (5) a fhritháireamh, a mhéid is féidir é, in aghaidh aon dliteanais i leith cánach de chuid an duine a ndéileáiltear leis nó léi mar dhuine a rinne íocaíocht den sórt sin, san ord seo a leanas—

(a) ar dtús, in aghaidh aon riaráistí cánach a dhlífidh an duine sin a íoc agus in aghaidh riaráiste cánach i leith tréimhse is luaithe i dtosaíocht ar thréimhse is déanaí, agus chun na críche seo, is de réir an dáta ar tháinig riaráiste cánach chun bheith dlite lena íoc a chinnfear an i leith tréimhse is luaithe nó i leith tréimhse is déanaí é, agus

(b) ansin amháin, in aghaidh aon dliteanais reatha de chuid an duine a ainmneoidh an duine chun na críche sin,

agus dá réir sin déanfar méid comhréireach den dliteanas sin a urscaoileadh leis an bhfritháireamh sin.

(7) A mhéid nach ndearnadh íocaíocht ar chuntas cánach a fhritháireamh de réir fho-alt (6), déanfar an t-iarmhéid a bheidh fágtha a fhritháireamh in aghaidh aon dliteanais i leith cánach sa todhchaí, de chuid an duine a ndéileáiltear leis nó léi mar dhuine a rinne an íocaíocht, a ainmneoidh an duine sin chun na críche sin.

(8) I gcás ina mbeidh cumhacht ag duine aon mhaoin oidhreachta a dhíol chun airgead a chruinniú chun an cháin bhronntanais nó an cháin oidhreachta a íoc, beidh cumhacht ag an duine sin an mhaoin oidhreachta sin a thabhairt mar bhronntanas iomchuí do shásamh nó mar chabhair do shásamh na cánach sin agus, ach amháin maidir le cineál na comaoine agus lena fáil agus lena cur chur feidhme, beidh aon bhronntanas iomchuí den sórt sin faoi réir na bhforálacha céanna agus déileálfar leis chun gach críche mar dhíol arna dhéanamh i bhfeidhmiú na cumhachta sin, agus beidh feidhm dá réir sin ag aon tíolacais nó aistrithe a dhéanfar nó a airbheartóidh a bheith déanta chun éifeacht a thabhairt do bhronntanas iomchuí den sórt sin.

(9) Ní bheidh duine i dteideal aon aisíoca cánach i leith aon íocaíochta ar chuntas cánach a dhéanfar de réir an ailt seo.

(10) Ní bheidh ús iníoctha maidir le haon ró-íocaíocht cánach i leith aon tréimhse a eascróidh go díreach nó go neamhdhíreach de bhíthin íocaíocht ar chuntas cánach arna déanamh de réir an ailt seo a fhritháireamh in aghaidh aon dliteanais i leith na tréimhse sin.

(11) I gcás ina dtabharfaidh duine bronntanas iomchuí agus go ndéileálfar leis nó léi, i leith an bhronntanais sin, mar dhuine a rinne íocaíocht ar chuntas cánach, ní lamhálfar faoiseamh don duine lena mbaineann faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna i leith an bhronntanais sin.

(12) (a) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, maidir le gach bliain, liosta a thiomsú de theidil (más ann), de thuairiscí agus de luachanna na maoine oidhreachta (más ann) a mbeidh faoiseamh faoin alt seo tugtha ina leith.

(b) D’ainneoin aon oibleagáide maidir le rúndacht a fhorchuirtear orthu leis na hAchtanna nó leis an Acht um Rúin Oifigiúla 1963, áireoidh na Coimisinéirí Ioncaim sa tuarascáil bhliantúil uathu don Aire Airgeadais an liosta (más ann) dá dtagraítear i mír (a) don bhliain ar ina leith a thabharfar an tuarascáil.”.

(2) Ainmneoidh an tAire Airgeadais le hordú an chuideachta (is cuideachta atá corpraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí) arb í a bheidh ina hIontaobhas chun críocha alt 1003A den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le fo-alt (1)).

(3) Tagann fo-alt (1) i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

Foirmeacha, etc. a fhorordú.

123 .— (1) San alt seo—

ciallaíonn “na hAchtanna”—

(a) na hAchtanna Cánach,

(b) na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil,

(c) an tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003, agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin,

(d) an tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999, agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin,

(e) Caibidil IV de Chuid II den Acht Airgeadais 1992,

agus aon ionstraimí arna ndéanamh fúthu;

folaíonn “foirm nó doiciméad eile” foirm nó doiciméad eile lena húsáid nó lena úsáid, nó is féidir a úsáid, i bhfoirm mheaisín-inléite.

(2) I gcás ina gceanglaítear le foráil de na hAchtanna go ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim foirm nó doiciméad eile a úsáidtear chun aon chríche de chuid na nAchtanna a fhorordú, a údarú nó a cheadú, féadfaidh duine díobh seo a leanas foirm nó doiciméad eile den sórt sin a fhorordú, a údarú nó a cheadú—

(a) Coimisinéir Ioncaim, nó

(b) oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim nach ísle grád nó céim ná Rúnaí Cúnta a bheidh údaraithe acu chun na críche sin.

(3) Ní léifear aon ní san alt seo mar ní lena sriantar alt 12 den Acht Léiriúcháin 2005.

Leasú ar Chaibidil 3A (Treoir 2003/48/CE an 3 Meitheamh 2003 ón gComhairle maidir le Cánachas ar Ioncam ó Choigiltis i bhFoirm Íocaíochtaí Úis a chur i bhfeidhm agus Nithe Gaolmhara) de Chuid 38 den Phríomh-Acht.

124 .— (1) Leasaítear Caibidil 3A (arna leasú le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cánachas ar Ioncam ó Choigiltis i bhfoirm Íocaíochtaí Úis) 2005 (I.R. Uimh. 317 de 2005) de Chuid 38 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 898F, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) (a) Déanfaidh gníomhaire íocaíochta a shuífidh céannacht agus áit chónaithe pearsan aonair de réir an ailt seo na nithe seo a leanas a choimeád nó, i gcás ina mbeidh an doiciméadacht iomchuí á shealbhú ag duine eile, beidh rochtain aige nó aici orthu—

(i) cóip de na hábhair go léir a úsáideadh chun an phearsa aonair a chéannú, agus

(ii) cóip de na hábhair go léir a úsáideadh chun áit chónaithe na pearsan aonair a shuíomh,

ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad tar éis an trátha a thagann deireadh leis an ngaol idir an gníomhaire íocaíochta agus an phearsa aonair.

(b) Maidir le haon íocaíocht úis a dhéanfar le pearsa aonair dá dtagraítear i mír (a), coimeádfaidh gníomhaire íocaíochta na doiciméid bhunaidh nó cóipeanna is inghlactha in imeachtaí dlí a bhaineann le haon íocaíocht úis a dhéanamh leis an bpearsa aonair nó le haon íocaíocht úis a urrú don phearsa aonair i gcás ina ndéanfar nó ina n-urrófar an íocaíocht ar an 1 Iúil 2005 nó dá éis, ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad tar éis an trátha a rinneadh nó a urraíodh an íocaíocht úis.”,

(b) in alt 898G, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) (a) Déanfaidh gníomhaire íocaíochta a shuífidh céannacht agus áit chónaithe pearsan aonair de réir an ailt seo na nithe seo a leanas a choimeád nó, i gcás ina mbeidh an doiciméadacht iomchuí á shealbhú ag duine eile, beidh rochtain aige nó aici orthu—

(i) cóip de na hábhair go léir a úsáideadh chun an phearsa aonair a chéannú, agus

(ii) cóip de na hábhair go léir a úsáideadh chun áit chónaithe na pearsan aonair a shuíomh,

ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad tar éis an trátha a thagann deireadh leis an ngaol idir an gníomhaire íocaíochta agus an phearsa aonair nó, i gcás idirbhirt a dhéantar in éagmais caidrimh chonarthaigh, ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad tar éis an trátha a rinneadh nó a urraíodh an íocaíocht úis.

(b) Maidir le haon íocaíocht úis a dhéanfar le pearsa aonair dá dtagraítear i mír (a), coimeádfaidh gníomhaire íocaíochta na doiciméid bhunaidh nó cóipeanna is inghlactha in imeachtaí dlí a bhaineann le haon íocaíocht úis a dhéanamh leis an bpearsa aonair nó le haon íocaíocht úis a urrú don phearsa aonair i gcás ina ndéanfar nó ina n-urrófar an íocaíocht ar an 1 Iúil 2005 nó dá éis, ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad tar éis an trátha a rinneadh nó a urraíodh an íocaíocht úis.”,

agus

(c) in alt 898Q, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) (a) Más rud é maidir le haon duine, nach gcomhlíonfaidh sé nó sí aon fhoráil de rialacháin faoin gCaibidil seo lena gceanglaítear ar an duine sin aon fhaisnéis, doiciméad nó deimhniú a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim, dlífear pionós €1,520 a chur ar an duine sin.

(b) I gcás inar comhlacht daoine an duine a luaitear i mír (a), dlífear pionós ar leithligh €950 a chur ar rúnaí an chomhlachta.

(c) Féadfar, gan dochar d’aon mhodh eile chun gnóthú, imeachtaí a shaothrú maidir leis na pionóis uile mar gheall ar mhainneachtain aon fhoráil de rialacháin faoin gCaibidil seo a chomhlíonadh agus iad a ghnóthú go hachomair amhail mar a dhéantar in imeachtaí achoimre chun aon fhíneáil nó pionós a ghnóthú faoi aon Acht a bhaineann leis an mál.

(d) In imeachtaí chun pionós a ghnóthú faoin alt seo—

(i) maidir le deimhniú arna shíniú ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú go ndearna sé nó sí na taifid iomchuí de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a iniúchadh agus go ndealraíonn sé uathu nach bhfuarthas ón gcosantóir, le linn tréimhse sonraithe, aon fhaisnéis, doiciméad nó deimhniú dá dtagraítear i mír (a), beidh sé ina fhianaise go dtí go gcruthófar a mhalairt nach ndearna an cosantóir, le linn na tréimhse sin, an fhaisnéis, an doiciméad nó an deimhniú sin a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim;

(ii) féadfar deimhniú a dheimhneoidh mar a fhoráiltear i bhfomhír (i) agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur shínigh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim é.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo.

Leasú ar Chaibidil 3 (oibleagáidí agus tuairisceáin eile) de Chuid 38 den Phríomh-Acht.

125 .— Leasaítear Caibidil 3 de Chuid 38 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 891A:

“Tuairisceáin ar íocaíochtaí áirithe arna ndéanamh ag daoine áirithe.

891B.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘cuideachta árachais’—

(a) cuideachta árachais de réir bhrí alt 3 den Acht Árachais 1936, nó

(b) duine a shealbhaíonn údarú de réir bhrí Rialacháin Chreata na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil) 1994 (I.R. Uimh. 360 de 1994);

ciallaíonn ‘ciste comhchoiteann’—

(a) gnóthas infheistíochta (de réir bhrí alt 739B), nó

(b) iontaobhas aonad a bhfuil feidhm ag alt 731(5) maidir leis;

ciallaíonn ‘foras airgeadais’—

(a) duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh ceadúnas faoi alt 9 d’Acht an Bhainc Ceannais 1971 ,

(b) duine dá dtagraítear in alt 7(4) d’Acht an Bhainc Ceannais 1971, nó

(c) foras creidmheasa (de réir bhrí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Forais Chreidmheasa a Cheadúnú agus a Mhaoirsiú), 1992 (I.R. Uimh. 395 de 1992)) a bheidh údaraithe ag Banc Ceannais na hÉireann chun gnó forais creidmheasa a sheoladh de réir fhorálacha na n-achtachán maoirseachta (de réir bhrí na Rialachán sin);

ciallaíonn ‘Uimhir PSP’, i ndáil le pearsa aonair, uimhir phearsanta seirbhíse poiblí na pearsan aonair (de réir bhrí alt 262 den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005);

ciallaíonn ‘íocaíocht iomchuí’, i ndáil le duine sonraithe—

(a) i gcás duine sonraithe is cuideachta árachais, ciste comhchoiteann nó foras airgeadais—

(i) aon íocaíocht úis nó íocaíocht ar mhodh úis,

(ii) aon íocaíocht i leith aon infheistíochta,

(iii) aon íocaíocht arna déanamh ar mhodh brabaigh ar infheistíocht, nó

(iv) aon íocaíocht eile dá sórt,

de chineál nó de chineálacha a shonraítear nó a mhínítear i rialacháin agus a dhéanfaidh nó a chreidiúnóidh an duine sonraithe nó a dhéanfar nó a chreidiúnófar tríd an duine sonraithe, agus

(b) i gcás aon duine sonraithe eile, aon íocaíocht de chineál nó de chineálacha a shonraítear nó a mhínítear i rialacháin agus a dhéanfaidh nó a chreidiúnóidh an duine sonraithe nó a dhéanfar nó a chreidiúnófar tríd an duine sonraithe;

ciallaíonn ‘duine iomchuí’—

(a) aon chuideachta árachais,

(b) aon fhoras airgeadais,

(c) aon chiste comhchoiteann, nó

(d) aon Aire den Rialtas, aon chomhlacht arna bhunú le reacht nó faoi reacht, nó aon chomhlacht eile a ghabhfaidh de láimh cistí poiblí a eisíoc;

ciallaíonn ‘oifigeach Ioncaim’ oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim;

ciallaíonn ‘duine sonraithe’ duine is comhalta d’aicme daoine iomchuí a shonraítear i rialacháin;

ciallaíonn ‘cáin’ aon cháin dá bhforáiltear faoi na hAchtanna Cánach nó faoi na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil;

ciallaíonn ‘uimhir thagartha cánach’ i ndáil le duine—

(a) i gcás duine is pearsa aonair, Uimhir PSP na pearsan aonair, agus

(b) in aon chás eile—

(i) an uimhir thagartha a luafar ar aon fhoirm thuairisceáin ioncaim nó aon fhógra measúnachta a eiseoidh oifigeach Ioncaim don duine, nó

(ii) uimhir chláraithe an duine chun críocha cánach breisluacha.

(2) (a) Chun críocha an ailt seo agus aon rialachán—

(i) maidir le haon mhéid arna chreidiúnú, nó arna fhritháireamh in aghaidh aon mhéid eile, i leith íocaíochta iomchuí, déileálfar leis mar íocaíocht agus forléireofar dá réir sin tagairtí san alt seo agus i rialacháin d’íocaíocht, agus

(ii) déanfar aon tagairt san alt seo agus i rialacháin do mhéid íocaíochta a fhorléiriú mar thagairt don mhéid arbh é méid na híocaíochta sin é mura mbeadh aon cháin le baint as an íocaíocht sin.

(b) Déanfar tagairt san alt seo do rialachán nó do rialacháin a fhorléiriú mar thagairt do rialachán nó do rialacháin a dhéanfar faoi fho-alt (3).

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, le toiliú an Aire Airgeadais, a fhoráil le rialacháin go gceanglófar ar dhuine sonraithe—

(a) tuairisceán faisnéise a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim i ndáil le híocaíochtaí iomchuí arna ndéanamh ag an duine sonraithe lena mbaineann nó tríd an duine sin ar feadh nó faoi threoir cibé tréimhse nó tréimhsí, seachas tréimhse dar tosach an 1 Eanáir 2005, a shonrófar sna rialacháin, agus

(b) faoi réir fho-alt (4)(h), uimhreacha tagartha cánach na ndaoine lena ndéanfar aon íocaíochtaí den sórt sin a áireamh in aon tuairisceán den sórt sin.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (3), féadfar, go háirithe, foráil a bheith i rialacháin maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) fógra a thabhairt do dhuine á chur in iúl gur duine sonraithe an duine sin, lena n-áirítear an tslí ina a dtabharfar an fógra sin,

(b) an dáta a chinneadh in aon bhliain faoina dtabharfar do na Coimisinéirí Ioncaim tuairisceán a cheanglaítear a thabhairt faoi na rialacháin,

(c) an oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ar cheart tuairisceáin a sheachadadh uirthi a fhorordú,

(d) an cineál nó na cineálacha íocaíochtaí iomchuí atá le cur san áireamh i dtuairisceáin atá le tabhairt faoi rialacháin a shonrú nó a mhíniú,

(e) na daoine nó na haicmí daoine a mhíniú lena mbeidh íocaíochtaí iomchuí déanta, chun na daoine nó na haicmí daoine a bheidh le cur san áireamh i dtuairisceán atá le tabhairt faoi rialacháin a chinneadh,

(f) céannacht agus áit chónaithe nó bunaíocht duine lena ndéantar íocaíocht iomchuí a chinneadh, chun daoine lena ndéantar íocaíochtaí iomchuí a chur san áireamh i dtuairisceán atá le tabhairt faoi rialacháin,

(g) na mionsonraí a shonrú a bhaineann le híocaíocht iomchuí atá le cur san áireamh i dtuairisceán arna thabhairt faoi rialacháin,

(h) oibleagáid a fhorchur—

(i) ar dhaoine sonraithe uimhir thagartha cánach a fháil ó dhaoine (dá ngairtear ‘custaiméirí’ sa mhír seo)—

(I) lena mbunóidh siad caidreamh conarthach,

(II) dá ndéanfaidh siad aon idirbheart a ghabháil de láimh, nó

(III) a ndéanfaidh siad íocaíocht iomchuí ina leith,

ar dháta a bheidh sonraithe i rialacháin nó dá éis, is dáta nach luaithe ná an dáta a thiocfaidh na rialacháin sin i bhfeidhm, chun an uimhir sin a chur san a áireamh i dtuairisceán faoi rialacháin, agus

(ii) ar chustaiméirí a n-uimhir thagartha cánach a thabhairt do dhuine sonraithe ar iarraidh ón duine sonraithe sin, más rud é—

(I) go mbunóidh custaiméirí den sórt sin caidreamh conarthach leis an duine sonraithe, nó

(II) go ndéanfaidh an duine sonraithe aon idirbheart a ghabháil de láimh,

ar dháta a bheidh sonraithe sna rialacháin nó dá éis, i gcás ina bhféadfaidh an caidreamh nó ant-idirbheart a bheith ina chúis le híocaíocht iomchuí,

(i) ‘leabhair’ agus ‘taifid’ a mhíniú chun críocha rialachán,

(j) an modh ar a gcoimeádfar taifid a chinneadh agus an tréimhse a leagan síos chun taifid a choinneáil is taifid a choimeádfar amhlaidh i ndáil le haon cheann de na nithe a shonraítear sna míreanna roimhe seo,

(k) go ndéanfaidh oifigigh Ioncaim, a bheidh údaraithe chuige sin—

(i) a cheangal—

(I) go dtabharfar leabhair, taifid nó doiciméid eile ar aird,

(II) go gcuirfear faisnéis, mínithe agus mionsonraí ar fáil,

(III) ar dhaoine an chabhair sin go léir a thabhairt a theastóidh le réasún agus a shonrófar sna rialacháin,

i ndáil le híocaíochtaí iomchuí agus i ndáil leis na daoine a ndearnadh na híocaíochtaí sin leo laistigh de cibé tréimhse ama a bheidh sonraithe i rialacháin, agus

(ii) sleachta a thógáil as leabhair, taifid nó doiciméid eile nó cóipeanna a dhéanamh díobh nó a cheangal go gcuirfear cóipeanna de na leabhair, de na taifid agus de na doiciméid sin ar fáil,

agus

(l) cibé nithe forlíontacha agus teagmhasacha is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim is gá—

(i) chun a chumasú do dhaoine a gcuid oibleagáidí faoi rialacháin a chomhlíonadh, nó

(ii) chun aon rialacháin a riaradh agus a chur i ngníomh i gcoitinne, lena n-áirítear—

(I) an t-údarás a tharmligean chuig oifigeach Ioncaim chun aon ghníomhartha a dhéanamh agus aon fheidhmeanna a chomhlíonadh a údaraítear le rialacháin do na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh nó a chomhlíonadh, agus

(II) na Coimisinéirí Ioncaim d’údarú oifigigh Ioncaim chun aon chumhachtaí a fheidhmiú, aon ghníomhartha a dhéanamh nó aon fheidhmeanna a chomhlíonadh a thugtar leis an alt seo nó le rialacháin.

(5) Leagfar gach rialachán a dhéanfar faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den 21 lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(6) Féadfaidh oifigeach Ioncaim a bheidh údaraithe chun críche rialachán dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh nó áit ghnó de chuid duine shonraithe—

(a) chun a chinneadh maidir le faisnéis—

(i) a bhí san áireamh i dtuairisceán a thug an duine sonraithe sin faoi rialacháin, an raibh sí cruinn iomlán, nó

(ii) nach raibh san áireamh i dtuairisceán den sórt sin, ar cheart gan í a áireamh amhlaidh,

(b) chun na nósanna imeachta a chuir an duine sonraithe sin ar bun a scrúdú chun a chinntiú go gcomhlíonfar oibleagáidí an duine sin faoi rialacháin.

(7) (a) Beidh feidhm ag alt 898O—

(i) maidir le mainneachtain ag duine iomchuí tuairisceán a cheanglaítear faoi rialacháin a sheachadadh, agus maidir le gach uile mhainneachtain den sórt sin, agus

(ii) maidir le tuairisceán mícheart nó neamhiomlán a thabhairt faoi rialacháin,

mar atá feidhm aige maidir le mainneachtain tuairisceán a sheachadadh nó maidir le tuairisceán mícheart nó neamhiomlán a thabhairt dá dtagraítear in alt 898O.

(b) Aon duine nach gcomhlíonfaidh—

(i) ceanglais ó oifigeach Ioncaim le linn cumhachtaí nó dualgais an oifigigh faoin alt seo nó faoi rialacháin a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, nó

(ii) aon duine nach gcomhlíonfaidh aon cheanglas de chuid rialachán arna ndéanamh faoi fho-alt (3),

dlífear pionós €1,265 a chur air nó uirthi; agus chun pionós faoin mír seo a ghnóthú, beidh feidhm ag alt 1061 mar atá feidhm aige chun pionós a ghnóthú faoi aon cheann de na hailt dá dtagraítear san alt sin.

(8) Ní bheidh íocaíocht iomchuí san áireamh i dtuairisceán a bheidh le tabhairt faoi rialacháin má bhíonn an íocaíocht sin san áireamh, nó dá ndlífí an íocaíocht sin a áireamh, i dtuairisceán a thabharfar de réir alt 891A nó Chaibidil 3A.

(9) I gcás ina dtabharfaidh duine sonraithe tuairisceán (dá ngairtear an ‘tuairisceán céadluaite’ san fho-alt seo) faoi rialacháin ní gá don duine sin tuairisceán a thabhairt faoi alt 891, d’ainneoin fhorálacha alt 894, i leith aon íocaíochta a bheidh san áireamh sa tuairisceán céadluaite.”.

Idirbhearta chun dliteanas cánach a sheachaint: formhuirear, ús agus fógraí cosantacha.

126 .— Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 811(1)—

(i) i mír (a) trí “San alt seo agus in alt 811A—” a chur in ionad “San alt seo—”, agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) Chun críocha an ailt seo agus alt 811A, measfar na hachomhairc uile a dhéanfaidh duine nó a dhéanfar thar ceann duine faoi alt 811(7) in aghaidh aon ní nó nithe a shonraítear nó a thuairiscítear i bhfógra tuairime na gCoimisinéirí Ioncaim gur idirbheart seachanta cánach idirbheart a bheith cinnte go críochnaitheach, mura mbeidh siad cinnte amhlaidh ar shlí eile, an tráth—

(i) a bheidh comhaontú scríofa ann idir an duine sin agus oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim, go seasfaidh an fógra tuairime nó go leasófar é ar shlí áirithe,

(ii) (I) a bheidh téarmaí comhaontaithe den sórt sin nach ndearnadh i scríbhinn daingnithe le fógra i scríbhinn arna thabhairt ag an duine don oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim lena ndearnadh an comhaontú, nó ag an oifigeach sin don duine, agus

(II) a bheidh 21 lá caite ó tugadh an fógra gan an duine dár tugadh é do thabhairt fógra i scríbhinn don duine a thug é á rá gur mian leis an duine céadluaite an comhaontú a shéanadh nó tarraingt siar as, nó

(iii) a thabharfaidh an duine fógra i scríbhinn d’oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á rá gur mian leis an duine gan dul ar aghaidh le hachomharc in aghaidh an fhógra tuairime.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 811:

“Idirbhearta chun dliteanas i leith cánach a sheachaint: formhuirear, ús agus fógra cosantach.

811A.— (1) (a) San alt seo folóidh tagairtí do cháin a bheith iníoctha, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, tagairtí do cháin a bheith iníoctha ag duine chun an oiread sin de bhuntáiste cánach a tharraingt siar ón duine sin is aisíocaíocht, nó íocaíocht, méid cánach, nó méadú ar mhéid cánach, is inaisíoctha, nó is iníoctha ar shlí eile, leis an duine.

(b) Chun críocha an ailt seo is é an dáta a thiocfaidh tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim gur idirbheart seachanta cánach idirbheart chun bheith ina tuairim chríochnaitheach dhochloíte—

(i) i gcás nach ndéanfar aon achomharc faoi alt 811(7) in aghaidh aon ní nó nithe a shonraítear nó a thuairiscítear i bhfógra na tuairime sin, 31 lá tar éis dháta fhógra na tuairime sin, nó

(ii) an dáta a bheidh gach uile achomharc a dhéanfar faoi alt 811(7) in aghaidh aon ní nó nithe den sórt sin cinnte go críochnaitheach agus nár cinneadh aon cheann de na hachomhairc amhlaidh trí ordú á ordú go bhfuil tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, a deir gur idirbheart seachanta cánach idirbheart, ar neamhní.

(c) Forléireofar an t-alt seo i dteannta alt 811 agus beidh éifeacht leis d’ainneoin aon cheann d’fhorálacha alt 811.

(2) Más rud é, de réir coigeartuithe nó gníomhartha arna ndéanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 811(5), ar scór a dtuairime (arna leasú, nó arna breisiú, ar achomharc más iomchuí) gur idirbheart seachanta cánach idirbheart a bheith tagtha chun bheith ina tuairim chríochnaitheach dhochloíte, go mbeidh méid cánach iníoctha ag duine nach mbeadh iníoctha dá mba rud é nár tháinig na Coimisinéirí Ioncaim ar an tuairim lena mbaineann, ansin, faoi réir fho-alt (3)—

(a) dlífidh an duine méid a íoc (dá ngairtear an ‘formhuirear’ san alt seo) atá ar cóimhéid le 10 faoin gcéad de mhéid na cánach sin agus beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna, lena n-áirítear go háirithe alt 811(5) agus ag na forálacha sin a bhaineann leis an gcáin sin a bhailiú agus a ghnóthú, maidir leis an bhformhuirear sin, amhail is gurbh í an cháin sin í, agus

(b) chun críocha aon dliteanais i leith úis faoi na hAchtanna ar cháin atá dlite agus iníoctha, measfar an méid cánach, nó codanna den mhéid sin, a bheith dlite agus iníoctha ar an lá nó, maidir le codanna den mhéid sin, ar na laethanta a shonrófar san fhógra tuairime (arna leasú, nó arna breisiú, ar achomharc más iomchuí) de réir alt 811(6)(a)(iii) arna fhorléiriú i dteannta fho-alt (4)(a) den alt seo,

agus beidh an formhuirear agus an t-ús iníoctha dá réir sin.

(3) (a) Faoi réir fho-alt (6), ní bheidh formhuirear ná ús iníoctha ag duine i ndáil le hidirbheart seachanta cánach a chinnfear go críochnaitheach dochloíte a bheith ina idirbheart den sórt sin más rud é go mbeidh fógra (dá ngairtear ‘fógra cosantach’ san fho-alt seo agus i bhfo-alt (6)) faoi mhionsonraí iomlána an idirbhirt sin faighte ag na Coimisinéirí Ioncaim ón duine sin, nó thar ceann an duine sin, ar an dáta iomchuí (de réir bhrí mhír (c)) nó dá éis.

(b) I gcás ina dtabharfaidh duine fógra cosantach, nó ina dtabharfar fógra cosantach thar ceann duine, ansin déileálfar leis an duine mar dhuine a bhfuil fógra cosantach á thabhairt aige nó aici—

(i) d’aon toisc chun aon fhéidearthacht go dtiocfadh formhuirear nó ús chun bheith iníoctha ag an duine de bhua fho-alt (2) a chosc, agus

(ii) maidir le haon tuairim gur idirbheart seachanta cánach an t-idirbheart lena mbaineann, dá mba rud é go dtiocfadh na Coimisinéirí Ioncaim ar thuairim den sórt sin, go hiomlán gan dochar i dtaobh an mbeadh sí cruinn.

(c) Ar neamhaird leis an gcineál cánach lena mbaineann—

(i) i gcás ina ndéanfar ant-iomlán nó aon chuid den idirbheart, is ábhar don fhógra cosantach, a ghabháil de láimh nó a shocrú an 2 Feabhra 2006 nó dá éis, ansin is é an dáta iomchuí—

(I) an dáta atá 90 lá tar éis an dáta a thosaigh an t-idirbheart, nó

(II) más déanaí é ná an 90 lá sin, an 2 Bealtaine 2006,

(ii) más rud é—

(I) go ndéanfar an t-iomlán den idirbheart a ghabháil de láimh nó a shocrú roimh an 2 Feabhra 2006, agus go mbeadh sé ina chúis, nó go mbeadh sé ina chúis murach alt 811, le haon mhuirear nó measúnacht i leith cánach, nó aon chuid den chéanna a laghdú, a sheachaint nó a iarchur, agus

(II) nach n-éireodh an muirear nó an mheasúnacht sin ach amháin de bhua idirbhirt amháin nó níos mó a rinneadh go hiomlán an 2 Feabhra 2006 nó dá éis,

ansin is é an dáta iomchuí an dáta atá 90 lá tar éis an dáta a thosaigh an chéad cheann de na hidirbhearta eile sin, nó

(iii) más rud é—

(I) go ndéanfar an t-iomlán den idirbheart a ghabháil de láimh nó a shocrú roimh an 2 Feabhra 2006, agus go mbeadh sé ina chúis, nó go mbeadh sé ina chúis murach alt 811, le méid cánach, nó le méadú ar mhéid cánach, nó ar chuid den chéanna, atá inaisíoctha nó iníoctha ar shlí eile le duine, a aisíoc nó a íoc, agus

(II) go dtiocfadh an méid sin nó an méadú sin ar an méid, murach alt 811, chun bheith inaisíoctha amhlaidh nó iníoctha ar shlí eile i gcéaduair, leis an duine an 2 Feabhra 2006 nó dáta dá éis,

ansin is é an dáta iomchuí dáta atá 90 lá tar éis an dáta sin.

(d) D’ainneoin fógra cosantach a bheith faighte ag na Coimisinéirí Ioncaim, ní bheidh feidhm ag mír (a) maidir le haon ús, is iníoctha i ndáil le hidirbheart seachanta cánach a gcinnfear go críochnaitheach dochloíte gur idirbheart den sórt sin é, i leith laethanta ar an dáta nó tar éis an dáta a thiocfaidh tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim i ndáil leis an idirbheart sin chun bheith ina tuairim chríochnaitheach dhochloíte.

(4) (a) Maidir le cinneadh i dtaobh iarmhairtí cánach a d’éireodh i leith idirbhirt, dá dtiocfadh tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, gur idirbheart seachanta cánach ant-idirbheart, chun bheith ina tuairim chríochnaitheach dhochloíte, chun ús a mhuirearú, sonrófar ann—

(i) dáta nó dátaí, is dáta nó dátaí atá cóir agus réasúnach chun a chinntiú go measfar cáin a bheith dlite agus iníoctha tráth nach déanaí ná an tráth a bheadh sí dlite agus iníoctha mura ndéanfaí an t-idirbheart, gan aird a thabhairt ar aon mhaíomh nach ndéanfaí idirbheart eile a ghabháil de láimh nó a shocrú chun go mbainfí amach na torthaí, nó aon chuid de na torthaí, a baineadh amach nó a beartaíodh a bhaint amach leis an idirbheart, agus

(ii) maidir le cibé méid cánach a bheidh dlite agus iníoctha ag duine chun aisíocaíocht nó íocaíocht cánach a ghnóthú ón duine, lena n-áirítear méadú ar cháin is inaisíoctha nó is iníoctha ar shlí eile leis an duine, an dáta arb é an lá é a rinneadh an aisíocaíocht nó an íocaíocht nó a rinneadh í a fhritháireamh nó cuntas a thabhairt inti, agus sonrófar an dáta nó na dátaí chun críocha na míre seo gan aird a thabhairt ar na nithe seo a leanas—

(I) an tráth a thángthas ar an tuairim ag na Coimisinéirí Ioncaim gur idirbheart seachanta cánach ant-idirbheart lena mbaineann,

(II) an dáta a tugadh aon fhógra faoin tuairim sin, nó

(III) an dáta a tháinig an tuairim (arna leasú, nó arna breisiú, ar achomharc más iomchuí) chun bheith ina tuairim chríochnaitheach dhochloíte.

(b) I gcás ina dtagraítear sna forais atá le hachomharc i ndáil le hiarmhairtí cánach do dháta nó do dhátaí den sórt a luaitear i mír (a), beidh feidhm ag fo-alt (7) d’alt 811, ina leith sin, amhail is dá gcuirfí an mhír seo a leanas in ionad mhír (c) den fho-alt sin:

‘(c) nach mbeadh na hiarmhairtí cánach a shonraítear nó a thuairiscítear san fhógra tuairime, nó cibé cuid de na hiarmhairtí sin a bheidh sonraithe nó tuairiscithe ag an achomharcóir san fhógra achomhairc, cóir ná réasúnach d’fhonn a chinntiú go measfar cáin a bheith iníoctha ar dháta nó ar dhátaí de réir fho-alt (4)(a) d’alt 811A,’

agus déanfar na forais achomhairc dá dtagraítear in alt 811(8)(a) a fhorléiriú dá réir sin.

(5) Beidh formhuirear is iníoctha de bhua fho-alt (2)(a) dlite agus iníoctha ar an dáta a thiocfaidh tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim gur idirbheart seachanta cánach idirbheart chun bheith ina tuairim chríochnaitheach dhochloíte agus beidh ús iníoctha i leith aon mhoille maidir leis an bhformhuirear a íoc amhail is dá mba éard é an formhuirear méid den cháin sin ar faoi threoir méid di a ríomhadh an formhuirear.

(6) (a) Maidir le fógra cosantach—

(i) seachadfar é i cibé foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim agus chuig cibé oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim—

(I) a shonrófar san fhoirm fhorordaithe, nó

(II) is féidir a aithint, trí thagairt do threoir san fhoirm fhorordaithe, mar an oifig ar ceart an fógra lena mbaineann a chur chuici, agus

(ii) beidh—

(I) mionsonraí iomlána an idirbhirt is ábhar don fhógra cosantach ann, lena n-áirítear aon chuid den idirbheart sin nach mbeifear tar éis a ghabháil de láimh sula seachadtar an fógra cosantach,

(II) tagairt iomlán ann d’fhorálacha na nAchtanna a mheasann an duine a sheachadfaidh an fógra cosantach, nó a seachadfar é thar a cheann nó thar a ceann, a bheith iomchuí maidir le déileáil leis an idirbheart chun críocha cánach, agus

(III) mionsonraí iomlána ann i dtaobh conas atá nó nach bhfuil feidhm maidir leis an idirbheart ag gach foráil dá dtagraítear san fhógra cosantach de réir chlásal (II), i dtuairim an duine a sheachadfaidh an fógra cosantach nó a seachadfar é thar a cheann nó thar a ceann.

(b) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), má dhéantar—

(i) faoi alt 19B den Acht Cánach Breisluacha 1972,

(ii) faoi alt 46A den Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003,

(iii) faoi alt 8 den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999, nó

(iv) faoi alt 955(4) den Acht seo,

amhras a shonrú i dtaobh fheidhmiú an dlí maidir le haon ní, nó i dtaobh an tslí ina ndéileálfar chun críocha cánach le haon ní, atá le bheith san áireamh i dtuairisceán, ní mheasfar gur seachadadh fógra chosantaigh é sin, ná gurb ionann é sin agus seachadadh fógra chosantaigh, i ndáil le hidirbheart chun críocha fho-alt (3).

(c) I gcás ina dtagann na Coimisinéirí Ioncaim ar an tuairim gur idirbheart seachanta cánach idirbheart agus ina gcreideann siad nach ndearna duine fógra cosantach i ndáil leis an idirbheart a sheachadadh de réir fho-alt (6)(a) faoin dáta iomchuí (de réir bhrí fho-alt (3)(c)) ansin, le linn dóibh fógra maidir lena dtuairim i ndáil leis an idirbheart a thabhairt don duine faoi alt 811(6)(a), tabharfaidh siad fógra go gcreideann siad nach ndearna an duine fógra cosantach a sheachadadh amhlaidh agus, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, forléireofar alt 811—

(i) amhail is dá n-áireofaí i bhfo-alt (7) den alt sin, mar fhorais achomhairc, gur sheachaid an duine amhlaidh fógra cosantach i ndáil leis an idirbheart, agus

(ii) amhail is dá bhforálfaí le fo-alt (9) den alt sin gur trína ordú gur seachadadh amhlaidh fógra cosantach i ndáil leis an idirbheart nó nár seachadadh amhlaidh fógra cosantach i ndáil leis an idirbheart a chinnfí achomharc, a mhéid a dhéanfar ar na forais sin é.

(7) Beidh feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le haon idirbheart i gcás ina ndéanfar an t-idirbheart iomlán nó aon chuid de a ghabháil de láimh nó a shocrú an 2 Feabhra 2006, nó dá éis, agus

(b) maidir le haon idirbheart, a ndearnadh an t-iomlán de a ghabháil de láimh nó a shocrú roimh an dáta sin, a mhéid atá sé ina chúis, nó a bheadh sé, murach alt 811, ina chúis—

(i) le haon mhuirear nó measúnacht i leith cánach, nó le cuid de nó di, a laghdú, a sheachaint, nó a iarchur, i gcás nachn-éireoidh an muirear nó an mheasúnacht ach amháin de bhua idirbhirt eile nó idirbheart eile a dhéanfar go hiomlán an 2 Feabhra 2006 nó dá éis, nó

(ii) le haisíocaíocht nó le híocaíocht de mhéid, nó de mhéadú ar mhéid, cánach, nó cuid de, is inaisíoctha nó is iníoctha ar shlí eile le duine i gcás ina dtiocfadh an méid sin nó an méadú sin ar an méid, murach alt 811, chun bheith inaisíoctha amhlaidh nó iníoctha ar shlí eile leis an duine an 2 Feabhra 2006 nó dá éis.”.

Leasuithe teicniúla ilghnéitheacha i ndáil le cáin.

127 .— Maidir leis na hachtacháin a shonraítear i Sceideal 2—

(a) déantar iad a leasú a mhéid agus sa mhodh a shonraítear i míreanna 1 go 8 den Sceideal sin, agus

(b) tá feidhm acu agus tagann siad i ngníomh de réir mhír 9 den Sceideal sin.

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

128 .— (1) San alt seo—

tá le “seirbhísí caipitiúla” an bhrí chéanna atá leis sa phríomh-alt;

ciallaíonn “an ceathrú blianacht bhreise is caoga” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (3);

ciallaíonn “príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais 1950.

(2) I ndáil leis na naoi mbliana airgeadais is fiche chomhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31 Nollaig 2006, beidh éifeacht le fo-alt (3) d’alt 148 den Acht Airgeadais 2005 ach “€00.00” a chur in ionad “€43,454,359”.

(3) D’fhonn iasachtaí i leith seirbhísí caipitiúla, agus d’fhonn ús ar an gcéanna, a fhuascailt, déanfar suim €28,037,169 a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais chomhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31 Nollaig 2006.

(4) Déanfar an ceathrú blianacht bhreise is caoga a íoc isteach sa Chuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire Airgeadais.

(5) Féadfar aon mhéid den cheathrú blianacht bhreise is caoga, nach mó ná €21,550,000 in aon bhliain airgeadais, a úsáid chun ant-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(6) Déanfar iarmhéid an ceathrú blianacht bhreise is caoga a úsáid ar aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Cúram agus bainistiú cánacha agus dleachtanna.

129 .— Déantar na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistiú na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

130 .— (1) Féadfar an tAcht Airgeadais 2006 a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar Cuid 1

(a) a mhéid a bhaineann sí le cáin ioncaim, i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim,

(b) a mhéid a bhaineann sí le cáin chorparáide, i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide, agus

(c) a mhéid a bhaineann sí le cáin ghnóchan caipitiúil, i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

(3) Forléireofar Cuid 2, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna sin agus le bainistiú na ndleachtanna sin.

(4) Forléireofar Cuid 3 i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha 1972 go 2005 agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha 1972 go 2006 a ghairm di agus de na hAchtanna sin le chéile.

(5) Forléireofar Cuid 4 i dteannta an Achta Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 agus na n-achtachán lena leasaítear nó lena leathnaítear an tAcht sin.

(6) Forléireofar Cuid 5 i dteannta an Achta Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 agus na n-achtachán lena leasaítear nó lena leathnaítear an tAcht sin.

(7) Déanfar Cuid 6, a mhéid a bhaineann sí—

(a) le cáin ioncaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim,

(b) le cáin chorparáide, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide,

(c) le cáin ghnóchan caipitiúil, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil,

(d) le custaim, a fhorléiriú in éineacht leis na hAchtanna Custam,

(e) le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistiú na ndleachtanna sin,

(f) le cáin bhreisluacha, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha 1972 go 2006,

(g) le dleacht stampa, a fhorléiriú i dteannta an Achta Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 agus na n-achtachán lena leasaítear nó lena leathnaítear an tAcht sin,

(h) le cáin mhaoine cónaithe, a fhorléiriú i dteannta Chuid VI den Acht Airgeadais 1983 agus nan-achtachán lena leasaítear nó lena leathnaítear an Chuid sin, agus

(i) le cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta, a fhorléiriú i dteannta an Achta Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 agus na n-achtachán lena leasaítear nó lena leathnaítear an tAcht sin.

(8) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sainráite i gCuid 1, measfar gur tháinig an Chuid sin i bhfeidhm agus beidh éifeacht leis amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2006.

(9) Ach amháin mar a bhforáiltear dá mhalairt go sainráite, más rud é go mbeidh foráil den Acht seo le teacht i ngníomh ar an Aire Airgeadais do dhéanamh ordú, tiocfaidh an fhoráil sin i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.

SCEIDEAL 1

Leasuithe de Dhroim Athruithe ar Chreidmheasanna Cánach Pearsanta

Alt 3 .

Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2006 agus le blianta measúnachta dá éis, leasaítear an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997 mar a leanas—

(a) in alt 461, trí “€3,260” a chur in ionad “€3,160”, sa dá áit a bhfuil sé, agus “€1,630” a chur in ionad “€1,580”,

(b) in alt 461A, trí “€500” a chur in ionad “€400”,

(c) in alt 462, trí “€1,630” a chur in ionad “€1,580” i bhfo-alt (2),

(d) in alt 463, trí “€3,100”, “€2,600”, “€2,100”, “€1,600” agus “€1,100” faoi seach a chur in ionad “€2,800”, “€2,300”, “€1,800”, “€1,300” agus “€800” i bhfo-alt (2),

(e) in alt 464, trí “€500” agus “€250”, faoi seach, a chur in ionad “€410” agus “€205”,

(f) in alt 465, trí “€1,500” a chur in ionad “€1,000” i bhfo-alt (1),

(g) in alt 466, trí “€80” a chur in ionad “€60” i bhfo-alt (2),

(h) in alt 468, trí “€1,500” agus “€3,000”, faoi seach, a chur in ionad “€1,000” agus “€2,000” i bhfo-alt (2), agus

(i) in alt 472, trí “€1,490” a chur in ionad “€1,270”, sa dá áit a bhfuil sé, i bhfo-alt (4).

SCEIDEAL 2

Leasuithe Teicniúla Ilghnéitheacha i nDáil le Cáin

Alt 127 .

1. Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997 de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) in alt 21A—

(i) i bhfo-alt (1) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) I bhfo-alt (4) ciallaíonn ‘ioncam ó dhíol earraí’, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta i gcúrsa trádála a sheolann cuideachta, cibé ioncam arb éard a bheadh ann ‘an t-ioncam ó dhíol na n-earraí sin’ i dtréimhse den sórt sin i gcúrsa na trádála chun críocha éilimh faoi alt 448(2), dá mba rud é—

(i) go raibh brabúis leordhóthanacha ag an gcuideachta, agus

(ii) go ndearna an chuideachta éileamh ar fhaoiseamh faoin gCuid seo.”,

agus

(ii) i bhfo-alt (4)(a) trí “de réir bhrí alt 454” a scriosadh,

(b) in alt 243B—

(i) i bhfo-alt (1) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “muirir ar ioncam a íocadh chun críocha earraí a dhíol”:

“ciallaíonn ‘muirir ar ioncam a íocadh chun críche earraí a dhíol’, i ndáil le cúrsa trádála i dtréimhse chuntasaíochta, cibé méid arb éard a bheadh ann méid an ioncaim ó dhíol earraí sa tréimhse sin dá mba thagairt, d’ainneoin alt 448(4), na focail ‘ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta iomchuí ó earraí agus marsantas a dhíol i gcúrsa na trádála a luaitear san fho-alt sin’, arna n-úsáid chun críocha alt 448(3), do mhéid cibé cuid de na muirir ar ioncam a íocadh go hiomlán agus go heisiach chun críocha na trádála sa tréimhse sin is dóigh leis an gcigire nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Achomhairc, is inchurtha i leith muirear ar ioncam a íocadh chun críche earraí agus marsantas a dhíol;”,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) I gcás ina n-íocfaidh cuideachta muirir thrádála ar ioncam i dtréimhse chuntasaíochta agus inar mó an méid a íocfar amhlaidh ná méid atá ar cóimhéid le comhiomlán na méideanna a bheidh lamháilte mar asbhaintí in aghaidh ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta de réir alt 243A, ansin féadfaidh an chuideachta faoiseamh a éileamh faoin alt seo don tréimhse chuntasaíochta maidir leis an mbarrachas.”,

agus

(iii) i bhfo-alt (3)—

(I) i mír (a), trí “(de réir bhrí alt 454)” a scriosadh, agus

(II) i mír (b) trí “muirir ar ioncam a íocadh chun críche earraí a dhíol” a chur in ionad “muirir ar ioncam a íocadh chun críocha earraí a dhíol (de réir bhrí alt 454)”,

(c) in alt 267G tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an Treoir”:

“ciallaíonn ‘an Treoir’ Treoir 2003/49/CE an 3 Meitheamh 2003 ón gComhairle 24 arna leasú;”,

(d) in alt 268—

(i) i bhfo-alt (3) trí “ag an Údarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta” a chur in ionad “ag Bord Fáilte Éireann”, agus

(ii) i bhfo-alt (12) trí “an tÚdarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta” a chur in ionad “Bord Fáilte Éireann”,

(e) in alt 273—

(i) i bhfo-alt (1), sa mhíniú ar “caiteachas cáilitheach”, trí “an tÚdarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta” a chur in ionad “Bord Fáilte Éireann”, agus

(ii) i bhfo-alt (7)(b) trí “an tÚdarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta” a chur in ionad “Bord Fáilte Éireann”,

(f) in alt 285(7)(b) trí “an tÚdarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta” a chur in ionad “Bord Fáilte Éireann”,

(g) in alt 353(1), i mír (a) den mhíniú ar “saoráidí turasóireachta cáilitheacha”, trí “ag an Údarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta” a chur in ionad “ag Bord Fáilte Éireann”,

(h) in alt 396B—

(i) i bhfo-alt (1) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar ‘cáin chorparáide iomchuí’:

“ciallaíonn ‘caillteanas ó dhíol earraí’, i ndáil le cúrsa trádála i dtréimhse chuntasaíochta, cibé méid arb éard a bheadh ann méid an ioncaim ó dhíol earraí sa tréimhse sin dá mba thagairt, d’ainneoin alt 448(4), na focail ‘ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta iomchuí ó earraí agus marsantas a dhíol i gcúrsa na trádála a luaitear san fho-alt sin’, arna n-úsáid chun críocha alt 448(3), do mhéid cibé cuid den chaillteanas, arna ríomh mar a ríomhfaí é chun críocha alt 396(2), ón trádáil sa tréimhse is dóigh leis an gcigire nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Achomhairc, is inchurtha i leith caillteanais a tabhaíodh ag díol earraí agus marsantais, ach ní fholaíonn sé caillteanas den sórt a luaitear in alt 407(4)(b);”,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Más rud é, in aon tréimhse chuntasaíochta, go dtabhóidh cuideachta a bheidh ag seoladh trádála caillteanas trádála iomchuí agus gur mó méid an chaillteanais ná méid atá comhionann le comhiomlán na méideanna a d’fhéadfaí a fhritháireamh, dá mbeadh éileamh tráthúil ar fhritháireamh den sórt sin déanta ag an gcuideachta, i leith an chaillteanais sin chun críocha cánach corparáide i gcoinne ioncam na cuideachta le linn na tréimhse cuntasaíochta sin agus le linn aon tréimhse cuntasaíochta roimhe sin de réir alt 396A(3), ansin féadfaidh an chuideachta faoiseamh a éileamh faoin alt seo i leith na breise.”,

agus

(iii) i bhfo-alt (3)—

(I) i mír (a) trí “(de réir bhrí alt 455)” a scriosadh, agus

(II) i mír (b) trí “(de réir bhrí alt 455)” a scriosadh,

(i) in alt 405(3) trí “ag an Údarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta” a chur in ionad “ag Bord Fáilte Éireann”,

(j) in alt 420B—

(i) i bhfo-alt (1) tríd an méid seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar ‘cáin chorparáide iomchuí’:

“ciallaíonn ‘ muirir ar ioncam a íocadh chun críche earraí a dhíol ’, i ndáil le cúrsa trádála i dtréimhse chuntasaíochta, cibé méid arb é a bheadh ann méid an ioncaim ó earraí a dhíol sa tréimhse sin dá mba thagairt, d’ainneoin alt 448(4), na focail ‘ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta iomchuí ó earraí agus marsantas a dhíol i gcúrsa na trádála a luaitear san fho-alt sin’, arna n-úsáid chun críocha alt 448(3), do mhéid cibé cuid de na muirir ar ioncam a íocadh go hiomlán agus go heisiach chun críocha na trádála sa tréimhse sin is dóigh leis an gcigire nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Achomhairc, is inchurtha i leith muirear ar ioncam a íocadh chun críche earraí agus marsantas a dhíol;

“ciallaíonn ‘caillteanas ó dhíol earraí’ , i ndáil le cúrsa trádála i dtréimhse chuntasaíochta, cibé méid arb é a bheadh ann méid an ioncaim ó dhíol earraí sa tréimhse sin dá mba thagairt, d’ainneoin alt 448(4), na focail ‘ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta iomchuí ó earraí agus marsantas a dhíol i gcúrsa na trádála a luaitear san fho-alt sin’, arna n-úsáid chun críocha alt 448(3), do mhéid cibé cuid den chaillteanas arna ríomh mar a ríomhfaí é chun críocha alt 396(2), ón trádáil sa tréimhse is dóigh leis an gcigire nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Achomhairc, is inchurtha i leith caillteanais a tabhaíodh ag díol earraí agus marsantais, ach ní fholaíonn sé caillteanas den sórt a luaitear in alt 407(4)(b);”,

(ii) i bhfo-alt (2)—

(I) trí mhír (b) a scriosadh, agus

(II) i mír (c) trí “nó 456” a scriosadh,

agus

(iii) i bhfo-alt (3)(a) trí “(de réir bhrí alt 455)” agus “(de réir bhrí alt 454)” a scriosadh,

(k) in alt 421(2) trí “de réir alt 420” a chur isteach i ndiaidh “grúpfhaoiseamh”,

(l) in alt 434(5)(b) (arna leasú leis an Acht Airgeadais 2002) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i):

“(i) méid atá comhionann leis an méid a shonraítear i bhfomhír (ii) de mhír (a) a asbhaint,”,

(m) in alt 482—

(i) i bhfo-alt (1)(a), sa mhíniú ar “saoráid cóiríochta do thurasóirí”, trí “ag an Údarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta” a chur in ionad “ag Bord Fáilte Éireann” sa dá áit a bhfuil sé, agus

(ii) i bhfo-alt 2(b)—

(I) i bhfomhír (ii), trí “don Údarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta” a chur in ionad “do Bhord Fáilte Éireann”, agus

(II) i bhfomhíreanna (ii) agus (iii), trí “an tÚdarás” a chur in ionad “an Bord”, trí “don Údarás” a chur in ionad “don Bhord” agus trí “ag an Údarás” a chur in ionad “ag an mBord” gach áit a bhfuil sé,

(n) in alt 488(1), sa mhíniú ar “gníomhaireacht deimhníochta”, trí “an tÚdarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta” a chur in ionad “Bord Fáilte Éireann”,

(o) in alt 495(6)—

(i) i mír (a) trí “faoi bhráid an Údaráis Náisiúnta Forbartha Turasóireachta” a chur in ionad “ faoi bhráid Bhord Fáilte Éireann”, agus

(ii) i mír (b) trí “ag an Údarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta” a chur in ionad “ag Bord Fáilte Éireann”,

(p) in alt 496(9)—

(i) i mír (a) trí “an tÚdarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta” a chur in ionad “Bord Fáilte Éireann”,

(ii) i mír (b) trí “ón Údarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta” a chur in ionad “ó Bhord Fáilte Éireann”, agus

(iii) i mír (c)(i) trí “an tÚdarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta” a chur in ionad “Bord Fáilte Éireann”,

(q) in alt 497(5) trí “An tÚdarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta” a chur in ionad “Bord Fáilte Éireann”,

(r) in alt 831(1) tríd an méid seo a leanas a chur ionad an mhínithe ar “an Treoir”:

“ciallaíonn ‘an Treoir’ Treoir Uimh. 90/435/CEE an 23 Iúil 1990 ón gComhairle 25 , arna leasú;”,

(s) in alt 865 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(8) I gcás go ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aisíoc cánach dá dtagraítear i bhfo-alt (2), féadfaidh siad má chinneann siad amhlaidh aon mhéid den sórt sin a aisíoc go díreach isteach i gcuntas, a shonróidh an duine ar dó nó di a bheidh an méid dlite, i bhforas airgeadais.”,

agus

(t) i Sceideal 15 trí “10. An tÚdarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta.” a chur in ionad mhír 10.

2. Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 in alt 77(7)(a) trí “an tÚdarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta” a chur in ionad “Bord Fáilte Éireann (dá ngairtear “an Bord” san alt seo)”.

3. Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 in alt 1(1)—

(a) sa léiriú a thugtar do “stocdheimhniú chuig iompróir” trí “cibé ainm faoina n-aithnítear é nó iad;” a chur in ionad “cibé ainm faoina n-aithnítear é nó iad.”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an léirithe a thugtar do “stocdheimhniú chuig iompróir”:

“ciallaíonn ‘Teagasc’ Teagasc — An tÚdarás Forbartha Talmhaíochta agus Bia.”.

4. Leasaítear an tAcht Airgeadais 1999—

(a) in alt 103(3) trí “faoi alt 102” a chur in ionad “mar gheall ar an alt sin a shárú”, agus

(b) in alt 105(3) trí “a bhaineann leis na dleachtanna custam” a chur in ionad “a bhaineann leis na custaim”.

5. Leasaítear an tAcht Airgeadais 2001—

(a) in alt 96—

(i) tríd an míniú ar “Ordú 1975” a scriosadh, agus

(ii) sa mhíniú ar “ola mhianra” trí “mír (d)” a chur in ionad “mír (c)”,

agus

(b) in alt 109(8) trí “táirgí” a chur in ionad “earraí”.

6. Leasaítear alt 73 den Acht Airgeadais 2003 sa mhíniú ar “forordaithe” trí “sonraithe i rialacháin, nó cinnte de réir rialachán,” a chur in ionad “sonraithe nó cinnte i rialacháin”.

7. Leasaítear alt 71 den Acht Airgeadais 2005 sa mhíniú ar “forordaithe” trí “sonraithe i rialacháin, nó cinnte de réir rialachán,” a chur in ionad “sonraithe nó cinnte i rialacháin”.

8. Leasaítear an tAcht Cánach Breisluacha 1972 in ailt 17(12)(a)(i) agus 17(12)(a)(iii) trí “ag an duine inchánach” a chur in ionad “ar an duine inchánach”.

9. (a) Maidir le mír 1

(i) tá feidhm ag fomhíreanna (a), (b) agus (h) agus ag fomhíreanna (j) go (l) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 2 Feabhra 2006 nó dá éis,

(ii) tá éifeacht le fomhíreanna (c), (r) agus (s) amhail ar agus ó dháta an Achta seo a rith, agus

(iii) meastar fomhíreanna (d) go (g), fomhír (i), fomhíreanna (m) go (q) agus fomhír (t) a bheith tagtha i bhfeidhm agus éifeacht a bheith leo amhail ar an agus ón 28 Bealtaine 2003.

(b) Meastar mír 2 a bheith tagtha i bhfeidhm agus éifeacht a bheith léi amhail ar an agus ón 28 Bealtaine 2003.

(c) Tá éifeacht le mír 3 amhail ar agus ó dháta an Achta seo a rith.

(d) Meastar mír 4 a bheith tagtha i bhfeidhm agus éifeacht a bheith léi amhail ar an agus ón 1 Deireadh Fómhair 2001.

(e) Meastar mír 5 a bheith tagtha i bhfeidhm agus éifeacht a bheith léi amhail ar an agus ón 25 Márta 2005.

(f) Meastar mír 6 a bheith tagtha i bhfeidhm agus éifeacht a bheith léi amhail ar an agus ón 1 Iúil 2004.

(g) Tá éifeacht le mír 7 amhail ar agus ó dháta an Achta seo a rith.

(h) Tá éifeacht le mír 8 amhail ar agus ó dháta an Achta seo a rith.

1 OJ Uimh. L270 an 21.10.2003, lch.1

1 OJ Uimh. L375, 31.12.1985, lch. 3.

1 OJ Uimh. L 294, 10.11.2001, lch. 1.

4 OJ Uimh. L 207, 18.8.2003, lch. 1.

5 OJ Uimh. L 294, 10.11.2001, lch. 1.

6 OJ Uimh. L 207, 18.8.2003, lch. 1.

7 OJ Uimh. L270 an 21.10.2003, lch. 1.

8 OJ Uimh. L316 an 31.10.1992, lch. 29

9 OJ Uimh. L291 an 6.12.1995, lch. 46

10 OJ Uimh. L203 an 28.7.2001, lch. 20

11 OJ Uimh. L316 an 31.10.1992, lch. 8

12 OJ Uimh. L316 an 31.10.1992, lch. 10

13 OJ Uimh. L291 an 6.12.1995, lch. 40

14 OJ Uimh. L316 an 31.10.1992, lch. 8

15 OJ Uimh. L316 an 31.10.1992, lch. 10

16 OJ Uimh. L291 an 6.12.1995, lch. 40

17 OJ Uimh. L105 de 23.4.1983, lch. 59

18 OJ Uimh. L105 de 23.4.1983, lch. 64

19 OJ Uimh. L145 an 13.6.1977, lch. 1

20 OJ Uimh. L331 an 6.12.1979, lch. 11

21 OJ Uimh. L326 an 21.11.1986, lch. 40

22 OJ Uimh. L270 an 21.10.2003, lch. 1

23 OJ Uimh. L270 an 21.10.2003, lch. 1.

24 OJ Uimh. L157, 26.6.2003, lch. 49.

25 OJ Uimh. L225, 28.8.1990. lch. 6