13 2006

/images/harp.jpg


Uimhir 13 de 2006


AN tACHT UM SHAOIRE DO THUISMITHEOIRÍ (LEASÚ) 2006

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Léiriú.

2 . Teideal chun saoire do thuismitheoirí.

3 . Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht.

4 . Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht.

5 . Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.

6 . Leasú ar alt 10 den Phríomh-Acht.

7 . Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht.

8 . Leasú ar alt 13 den Phríomh-Acht.

9 . Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht.

10 . Leasú ar alt 16 den Phríomh-Acht.

11 . Fostaithe a chosaint ar phionósú.

12 . Cóid chleachtais.

13 . Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Shaoire Uchtaíoch 1995

1995, Uimh. 2

An tAcht um Chomhionannas Fostaíochta 1998

1998, Uimh. 21

Acht na Lia-Chleachtóirí 1978

1978, Uimh. 4

An tAcht um Shaoire do Thuismitheoirí 1998

1998, Uimh. 30

Na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967 go 2003

Na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2005

/images/harp.jpg


Uimhir 13 de 2006


AN tACHT UM SHAOIRE DO THUISMITHEOIRÍ (LEASÚ) 2006

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM SHAOIRE DO THUISMITHEOIRÍ 1998.

[18 Bealtaine, 2006]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1.— (1) San Acht seo—

ciallaíonn “ Aire ” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;

ciallaíonn “ Príomh-Acht ” an tAcht um Shaoire do Thuismitheoirí 1998.

(2) Déanfar tagairt san Acht seo d’aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán eile, nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

Teideal chun saoire do thuismitheoirí.

2.— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 6:

“Teideal chun saoire do thuismitheoirí.

6.— (1) Faoi réir an Achta seo, beidh fostaí is tuismitheoir iomchuí i leith linbh i dteideal saoire óna fhostaíocht nó óna fostaíocht, ar a dtabharfar agus dá ngairtear ‘saoire do thuismitheoirí’ san Acht seo, ar feadh tréimhse 14 sheachtain oibre chun a chumasú dó nó di aire a thabhairt don leanbh.

(2) Faoi réir ailt 10(4) agus 11(6), críochnóidh tréimhse saoire do thuismitheoirí—

(a) faoi réir mhíreanna (b) agus (c), tráth nach déanaí ná an lá a bheidh 8 mbliana d’aois slánaithe ag an leanbh lena mbaineann,

(b) faoi réir mhír (c), i gcás linbh—

(i) is ábhar d’ordú uchtála, agus

(ii) a bhfuil 6 bliana d’aois slánaithe aige nó aici, ach nach bhfuil 8 mbliana d’aois slánaithe aige nó aici, ar dháta déanta an ordaithe sin nó roimhe,

tráth nach déanaí ná deireadh na tréimhse 2 bhliain dar tosach an dáta sin, nó

(c) má tá an leanbh lena mbaineann faoi mhíchumas, tráth nach déanaí ná an lá—

(i) a bheidh 16 bliana d’aois slánaithe ag an leanbh, nó

(ii) a scoirfidh an leanbh de bheith faoin míchumas sin nó faoi aon mhíchumas eile,

cibé acu is túisce a tharlóidh.

(3) Ní thosóidh tréimhse saoire do thuismitheoirí roimh thráth a bheidh bliain amháin d’fhostaíocht leanúnach críochnaithe ag an bhfostaí lena mbaineann leis an bhfostóir ar óna fhostaíocht nó óna fostaíocht atá an tsaoire á tógáil.

(4) Faoi réir an Achta seo, beidh fostaí i dteideal saoire do thuismitheoirí in aghaidh gach linbh ar tuismitheoir iomchuí é nó í ina leith.

(5) Ní bheidh duine is tuismitheoir iomchuí i mbreis agus cáil amháin i leith linbh i dteideal saoire do thuismitheoirí i mbreis agus cáil amháin díobh sin i leith an linbh.

(6) I gcás go mbeidh 2 thuismitheoir iomchuí nó níos mó i leith linbh i dteideal saoire do thuismitheoirí i leith an linbh, ní bheidh ceachtar de na tuismitheoirí—

(a) i dteideal na saoire do thuismitheoirí de chuid aon tuismitheora eile i leith an linbh, ná

(b) i dteideal aon chuid dá thréimhse nó dá tréimhse saoire do thuismitheoirí a aistriú chuig aon tuismitheoir eile i leith an linbh.

(7) D’ainneoin fho-alt (3), más rud é, maidir le fostaí—

(a) nach mbeidh bliain amháin d’fhostaíocht leanúnach críochnaithe aige nó aici lena fhostóir nó lena fostóir ar an lá is déanaí chun tréimhse saoire do thuismitheoirí a thosú, ag féachaint d’fho-alt (2), ach

(b) go bhfuil 3 mhí fostaíochta den sórt sin críochnaithe aige nó aici ar an lá is déanaí chun tréimhse saoire den sórt sin dá bhforáiltear leis an bhfo-alt seo a thosú,

beidh an fostaí, faoi réir an Achta seo, i dteideal saoire do thuismitheoirí ar feadh tréimhse seachtaine amháin in aghaidh gach míosa d’fhostaíocht leanúnach a bheidh críochnaithe aige nó aici leis an bhfostóir tráth tosaithe na saoire.

(8) Más rud é, roimh an lá iomchuí, maidir le duine is tuismitheoir iomchuí i leith linbh—

(a) go bhfuil 14 sheachtain saoire do thuismitheoirí tógtha aige nó aici i leith an linbh (agus is cuma cé acu ba thréimhse leanúnach nó líon tréimhsí a bhí sa tsaoire), nó

(b) nach bhfuil 14 sheachtain saoire do thuismitheoirí tógtha aige nó aici i leith an linbh (agus is cuma ar coisceadh ar an duine an tsaoire do thuismitheoirí go léir nó aon chuid di a thógáil mar gheall ar oibriú fho-alt (3) den alt seo mar a bhí sé i bhfeidhm roimh an lá iomchuí),

ansin, ar an lá iomchuí agus dá éis—

(c) más infheidhme mír (a), ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo arna leasú leis an Acht iomchuí teideal a thabhairt don duine chun aon tréimhse breise saoire do thuismitheoirí i leith an linbh sin, agus

(d) más infheidhme mír (b), beidh feidhm ag an Acht seo arna leasú leis an Acht iomchuí maidir leis an oiread sin de na 14 sheachtain saoire do thuismitheoirí dá dtagraítear sa mhír sin nár tógadh roimh an lá iomchuí i leith an linbh sin.

(9) San alt seo—

ciallaíonn ‘ tuismitheoir uchtála ’ athair uchtála, máthair uchtála nó fear-uchtaitheoir aonair de réir bhrí na mínithe ar ‘athair uchtála’, ‘máthair uchtála’ agus ‘fear-uchtaitheoir aonair’ faoi seach in alt 2 den Acht um Shaoire Uchtaíoch 1995 ach amhail is dá bhfágfaí na focail ‘nó a chuirfear’ ar lár i ngach míniú de na mínithe sin;

ciallaíonn ‘ tuismitheoir uchtaíoch ’, i ndáil le leanbh, duine a mbeidh ordú uchtála i leith an linbh déanta ina fhabhar nó ina fabhar agus ar ordú é atá i bhfeidhm;

ciallaíonn ‘ míchumas ’, i ndáil le leanbh, mallachar marthanach coirp, céadfa, meabhair-shláinte nó intleachtúil ar an leanbh a fhágann gur mó i bhfad an leibhéal cúraim a theastaíonn don leanbh ná an leibhéal cúraim a theastaíonn i gcoitinne do leanaí den aois chéanna nach bhfuil aon mhallachar den sórt sin orthu;

ciallaíonn ‘ Acht iomchuí ’ an tAcht um Shaoire do Thuismitheoirí (Leasú) 2006;

ciallaíonn ‘ lá iomchuí ’ an lá a thagann alt 2 den Acht iomchuí i ngníomh;

ciallaíonn ‘ tuismitheoir iomchuí ’, i ndáil le leanbh, duine—

(a) arb é nó arb í an tuismitheoir nádúrtha, an tuismitheoir uchtaíoch nó an tuismitheoir uchtála i leith an linbh, nó

(b) atá ag gníomhú in loco parentis don leanbh.”.

Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht.

3 .— Leasaítear alt 6 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (7)—

(a) trí “agus i gcás go mbeidh siad beirt fostaithe ag an bhfostóir céanna” a chur isteach i ndiaidh “linbh” sa dara háit a bhfuil sé, agus

(b) trí “beidh ceachtar tuismitheoir” a chur in ionad “ní bheidh ceachtar de na tuismitheoirí” agus trí “agus féadfaidh” a chur in ionad “ná ní fhéadfaidh”.

Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht.

4 .— Leasaítear alt 7 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) i mír (a), trí “nó” a scriosadh, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(aa) faoi réir fho-alt (1A), 2 thréimhse ar leithligh—

(i) ar tréimhse nach giorra ná 6 seachtaine gach ceann acu, agus

(ii) nach faide ná 14 sheachtain san iomlán, nó”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Faoi réir fho-alt (1B), i gcás go ndéanfaidh fostaí saoire do thuismitheoirí i leith linbh a thógáil de bhun fho-alt (1)(aa), ansin ní bheidh an fostaí i dteideal an dara tréimhse saoire do thuismitheoirí i leith an linbh sin a thógáil mura mbeidh 10 seachtain ar a laghad caite ó dheireadh na chéad tréimhse saoire do thuismitheoirí.

(1B) Féadfaidh an fostóir lena mbaineann (nó ionadaithe de chuid an fhostóra agus fostóirí eile) agus an fostaí lena mbaineann (nó ionadaithe de chuid an fhostaí agus fostaithe eile) comhaontú le tréimhse is giorra ná na 10 seachtain dá dtagraítear i bhfo-alt (1A), i gcás áirithe nó in aicme cásanna.”,

(c) i bhfo-alt (2)(b), trí “dá dtagraítear i mír (a) nó (aa)” a chur in ionad “14 sheachtain dá dtagraítear i mír (a)”,

(d) i bhfo-alt (3), trí “Faoi réir fho-alt (3A), i gcás” a chur in ionad “I gcás”, agus

(e) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3)—

(a) maidir le haon tréimhse saoire do thuismitheoirí a bheartaíonn fostaí a thógáil—

(i) i leith linbh a bhfuil 7 mbliana d'aois slánaithe aige nó aici roimh dháta thosach feidhme nó ar dháta thosach feidhme an fho-ailt seo, agus

(ii) roimh an dáta ar cothrom bliana an dáta sin é,

más rud é go gcoiscfeadh oibriú alt 6(2)(a) ar an bhfostaí an tsaoire do thuismitheoirí sin go léir nó aon chuid di a thógáil tar éis an dáta sin, nó

(b) maidir le haon tréimhse saoire do thuismitheoirí a bheartaíonn fostaí a thógáil—

(i) i leith linbh a bhfuil 15 bliana d'aois slánaithe aige nó aici roimh dháta thosach feidhme nó ar dháta thosach feidhme an fho-ailt seo, agus

(ii) roimh an dáta ar cothrom bliana an dáta sin é,

más rud é go gcoiscfeadh oibriú alt 6(2)(c) ar an bhfostaí an tsaoire do thuismitheoirí sin go léir nó aon chuid di a thógáil tar éis an dáta sin.”.

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.

5 .— Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) Maidir le fostaí ag a mbeidh fógra tugtha dá fhostóir nó dá fostóir faoi fho-alt (1), déanfaidh sé nó sí, má iarrann an fostóir amhlaidh, cibé fianaise a theastóidh ón bhfostóir le réasún a thabhairt dó nó di—

(a) i ndáil le dáta breithe an linbh a bhfuil an tsaoire do thuismitheoirí á lorg ina leith,

(b) i ndáil leis an bhfostaí a bheith ina thuismitheoir nó ina tuismitheoir iomchuí, de réir bhrí alt 6(9), ar an leanbh, agus

(c) más iomchuí, i ndáil le míchumas, de réir bhrí alt 6(9), an linbh.

(7) I gcás go mbeartóidh fostaí saoire do thuismitheoirí a thógáil i leith linbh de bhun alt 7(1)(aa), ansin déileálfar leis an bhfógra faoi fho-alt (1) a cheanglaítear ar an bhfostaí a thabhairt, chun críocha an Achta seo—

(a) mar fhógra amháin den sórt sin má chomhlíonann an fostaí an ceanglas sin trí fhógra amháin a thabhairt, ina sonrófar an 2 thréimhse saoire do thuismitheoirí a bheartaítear a thógáil, agus

(b) mar 2 fhógra den sórt sin má chomhlíonann an fostaí an ceanglas sin trí 2 fhógra a thabhairt, ina sonrófar i ngach ceann acu ceann amháin de na tréimhsí saoire do thuismitheoirí a bheartaítear a thógáil,

agus forléireofar forálacha eile an Achta seo (lena n-áirítear alt 11) dá réir sin.”.

Leasú ar alt 10 den Phríomh-Acht.

6 .— Leasaítear alt 10 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) D’ainneoin fho-alt (1), más rud é, tar éis dáta doiciméid daingniúcháin (cibé acu atá nó nach bhfuil an tréimhse saoire do thuismitheoirí lena mbaineann sé tosaithe)—

(a) go gcomhaontóidh an fostóir lena mbaineann nó comharba an fhostóra sin agus an fostaí lena mbaineann amhlaidh, féadfar an tsaoire nó cuid di a iarchur go dtí cibé tráth ar a gcomhaontófar amhlaidh, féadfar tréimhse na saoire sin a chiorrú i cibé slí agus a mhéid ar a gcomhaontófar amhlaidh nó féadfar foirm na saoire a athrú i cibé slí ar a gcomhaontófar amhlaidh, agus i gcás den sórt sin leasófar an doiciméad daingniúcháin dá réir sin, nó

(b) go dtiocfaidh breoiteacht ar an bhfostaí lena mbaineann sa chaoi nach féidir leis an bhfostaí aire a thabhairt don leanbh is ábhar don tsaoire do thuismitheoirí lena mbaineann an doiciméad daingniúcháin, ansin féadfaidh an fostaí, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don fhostóir lena mbaineann nó do chomharba an fhostóra, a luaithe is indéanta le réasún tar éis breoiteacht do theacht air nó uirthi, agus an fhianaise iomchuí i leith na breoiteachta ina theannta—

(i) mura bhfuil an tréimhse saoire do thuismitheoirí tosaithe, tógáil na saoire a iarchur go dtí cibé tráth nach mbeidh an fostaí breoite a thuilleadh, nó

(ii) má tá an tréimhse saoire do thuismitheoirí tosaithe, tógáil iarmhéid na saoire a iarchur go dtí cibé tráth nach mbeidh an fostaí breoite a thuilleadh,

agus i gcás den sórt sin measfar an doiciméad daingniúcháin a bheith leasaithe dá réir sin.”,

(b) i bhfo-alt (3), trí “fho-alt (2)(a)” a chur in ionad “fho-alt (2)”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) Más rud é, de thoradh tógáil na saoire do thuismitheoirí, nó tógáil iarmhéid na saoire do thuismitheoirí, a iarchur nó a fhionraí faoi alt (2)(b), de réir mar a bheidh, agus dá thoradh sin amháin, go gcríochnaíonn tréimhse na saoire do thuismitheoirí de bhua oibriú alt 6(2), ansin measfar, chun críocha an Achta seo, gur tharla an teagmhas is cúis le críochnú na tréimhse sin amhlaidh i ndiaidh dheireadh na tréimhse sin.

(5) I bhfo-alt (2)(b), ciallaíonn ‘fianaise iomchuí’, i ndáil le fostaí—

(a) deimhniú liachta—

(i) á rá nach bhfuil an fostaí a ainmnítear sa deimhniú, mar gheall ar an mbreoiteacht a shonraítear sa deimhniú, in ann aire a thabhairt don leanbh a ainmnítear sa deimhniú, agus

(ii) a bheidh sínithe ag lia-chleachtóir cláraithe de réir bhrí alt 2 d’Acht na Lia-Chleachtóirí 1978,

(b) mura mbeidh deimhniú liachta dá dtagraítear i mír (a) ag an bhfostaí, cibé fianaise a theastóidh le réasún ón bhfostóir lena mbaineann nó óna chomharba nó óna comharba d’fhonn a shuíomh nach bhfuil an fostaí in ann, mar gheall ar bhreoiteacht, aire a thabhairt don leanbh lena mbaineann.”.

Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht.

7 .— Leasaítear alt 11 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) Más rud é, de thoradh tosach na saoire do thuismitheoirí a iarchur faoin alt seo, agus dá thoradh sin amháin, go gcríochnaíonn tréimhse na saoire do thuismitheoirí de bhua oibriú alt 6(2), ansin measfar, chun críocha an Achta seo, gur tharla an teagmhas ba chúis le críochnú na tréimhse sin amhlaidh i ndiaidh dheireadh na tréimhse sin.

(6A) Más rud é, maidir le fógra faoi alt 8(1) ó fhostaí chun a fhostóra nó a fostóra, go dtagann sé faoi réim alt 8(7)(a), ansin, faoi réir aon chomhaontaithe idir an fostaí agus an fostóir, ní foláir feidhm a bheith ag aon iarchur saoire do thuismitheoirí faoin alt seo maidir leis an dá thréimhse saoire do thuismitheoirí bheartaithe is ábhar don fhógra.”.

Leasú ar alt 13 den Phríomh-Acht.

8 .— Leasaítear alt 13 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (2), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (f):

“(f) duine seachas duine a shonraítear in aon cheann de mhíreanna (a) go (e), a chónaíonn leis an bhfostaí i gcaidreamh cleithiúnais baile.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Chun críocha fho-alt (2)(f)—

(a) measfar duine a chónaíonn le fostaí a bheith i gcaidreamh cleithiúnais baile leis an bhfostaí más rud é, i gcás díobhála nó breoiteachta, go mbraitheann duine ar an duine eile le réasún chun socruithe a dhéanamh maidir le cúram a sholáthar, agus

(b) ní bhaineann gnéaschlaonadh na ndaoine lena mbaineann le hábhar.

(2B) Ní mheasfar go gcuireann mír (b) d’fho-alt (2A) teorainn leis na haicmí daoine a bhfuil fostaí i dteideal saoire force majeure ina leith de bhua fho-alt (2)(f).”.

Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht.

9 .— Leasaítear alt 15(1) den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) faoin gconradh fostaíochta a raibh an fostaí fostaithe faoi díreach roimh thosach na tréimhse nó, i gcás gur tharla athrú úinéireachta den sórt dá dtagraítear i mír (a), faoi chonradh fostaíochta leis an gcomharba is ionann agus an conradh a raibh an fostaí fostaithe faoi díreach roimh an tosach sin, agus (i gceachtar cás) faoi théarmaí nó coinníollacha—

(i) nach lú fabhar ná na téarmaí agus na coinníollacha a bheadh infheidhme i gcás an fhostaí, agus

(ii) a chorpraíonn aon fheabhsúchán ar na téarmaí nó coinníollacha fostaíochta a mbeadh an fostaí ina dteideal,

murach go raibh sé nó sí as láthair amhlaidh ón obair.”.

Leasú ar alt 16 den Phríomh-Acht.

10 .— Leasaítear alt 16(2) den Phríomh-Acht—

(a) i mír (a), trí “sna himthosca,” a chur in ionad “sna himthosca, agus”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) maidir le téarmaí nó coinníollacha an chonartha—

(i) a bhaineann leis an áit a gceanglaítear an obair faoi a dhéanamh, leis an gcáil ina bhfostófar an fostaí lena mbaineann agus le haon téarmaí nó coinníollacha eile fostaíochta, nach lú fabhar don fhostaí iad ná téarmaí agus coinníollacha a chonartha nó a conartha fostaíochta díreach roimh thosach na tréimhse a raibh sé nó sí as láthair ón obair le linn dó nó di a bheith ar shaoire do thuismitheoirí, agus

(ii) go gcorpraíonn siad aon fheabhsúchán ar na téarmaí nó coinníollacha fostaíochta a mbeadh an fostaí ina dteideal murach go raibh sé nó sí as láthair amhlaidh ón obair le linn na tréimhse sin,

agus

(c) go ndéantar an leanúnachas seirbhíse a chaomhnú.”.

Fostaithe a chosaint ar phionósú.

11.— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i gCuid III i ndiaidh alt 16:

“Fostaithe a chosaint ar phionósú.

16A.— (1) Ní dhéanfaidh fostóir fostaí a phionósú mar gheall ar an bhfostaí do bheartú a theideal nó a teideal chun saoire do thuismitheoirí nó saoire force majeure a fheidhmiú nó mar gheall ar an gcéanna a bheith feidhmithe ag an bhfostaí.

(2) Folaíonn pionósú fostaí—

(a) dífhostú an fhostaí,

(b) cóir éagórach a chur ar an bhfostaí, lena n-áirítear roghnú le haghaidh iomarcaíochta, agus

(c) athrú neamhfhabhrach a chur ar dhálaí fostaíochta an fhostaí.

(3) Más rud é gurb éard a bheidh i bpionósú fostaí, de shárú ar fho-alt (1), dífhostú an fhostaí, dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(a), féadfaidh an fostaí imeachtaí a thionscnamh faoi na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2005 maidir leis an dífhostú sin agus ní fhéadfar an dífhostú sin a tharchur chuig coimisinéir um chearta faoi Chuid IV.

(4) Maidir le fostaí atá i dteideal dul ar ais ag obair san fhostaíocht lena mbaineann de réir alt 15 ach nach gceadaíonn a fhostóir nó a fostóir dó nó di é sin a dhéanamh—

(a) measfar gur dífhostaíodh an fostaí sin ar an dáta a bhí sé nó sí i dteideal dul ar ais ag obair agus measfar, chun críocha na nAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2005 gur dhífhostú éagórach an dífhostú, mura rud é, ag féachaint do na himthosca go léir, go raibh cúiseanna maithe leis an dífhostú, agus

(b) measfar, chun críocha na nAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967 go 2003 go ndearnadh a chonradh nó a conradh fostaíochta lena fhostóir nó lena fostóir a fhoirceannadh ar an dáta réamhráite.”.

Cóid chleachtais.

12 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i gCuid V díreach roimh alt 23:

“Cóid chleachtais.

22A.— (1) Féadfaidh an tÚdarás Comhionannais, nó má iarrann an tAire air déanamh amhlaidh déanfaidh sé, dréachtchód cleachtais a ullmhú lena chur faoi bhráid an Aire chun treoir phraiticiúil a chur ar fáil maidir leis na bearta a fhéadfar a dhéanamh chun aon fhoráil amháin nó níos mó den Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Sula gcuirfidh sé dréachtchód cleachtais faoi fho-alt (1) faoi bhráid an Aire, rachaidh an tÚdarás Comhionannais i gcomhairle le cibé Aire eile den Rialtas nó le cibé duine eile nó le cibé comhlacht eile is cuí leis an Údarás Comhionannais nó a ordóidh an tAire.

(3) Tar éis dréachtchód cleachtais a chur faoina bhráid nó faoina bráid faoi fho-alt (1), féadfaidh an tAire a dhearbhú le hordú—

(a) gur cód cleachtais ceadaithe chun críocha an Achta seo an dréacht, nó

(b) gur cód cleachtais ceadaithe chun críocha an Achta seo an dréacht, arna leasú ag an Aire tar éis dó nó di dul i gcomhairle leis an Údarás Comhionannais,

agus, in ordú faoin bhfo-alt seo, leagfar amach téacs an chóid cleachtais cheadaithe lena mbaineann sé.

(4) In aon imeachtaí faoin Acht seo os comhair cúirte, an Bhinse Achomhairc Fostaíochta nó coimisinéara um chearta, beidh cód cleachtais ceadaithe inghlactha i bhfianaise agus, má dhealraíonn sé gurb iomchuí aon fhoráil den chód maidir le haon cheist a eascraíonn sna himeachtaí, cuirfear i gcuntas í le linn an cheist sin a chinneadh.

(5) Féadfaidh an tAire, le hordú, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás Comhionannais, cód cleachtais ceadaithe a chúlghairm nó a leasú.

(6) Gach ordú a dhéanfar faoi fho-alt (3) nó (5) leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(7) San alt seo, ciallaíonn ‘Údarás Comhionannais’ an tÚdarás Comhionannais arna fhorléiriú de réir alt 38 (1) den Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998.”.

Gearrtheideal agus comhlua.

13 .— (1) Féadfar an tAcht um Shaoire do Thuismitheoirí (Leasú) 2006 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Shaoire do Thuismitheoirí 1998 agus 2006 a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.