15 2006

/images/harp.jpg


Uimhir 15 de 2006


AN tACHT UM AN DLÍ COIRIÚIL (CIONTA GNÉASACHA) 2006

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1. Mínithe.

2. Leanbh atá faoi bhun 15 bliana d’aois a thruailliú.

3. Leanbh atá faoi bhun 17 mbliana d’aois a thruailliú.

4. Cionta a thriail go hachomair.

5. Gan leanbh baineann atá faoi bhun 17 mbliana d’aois a bheith ciontach i gcion.

6. Feidhm achtachán áirithe.

7. Leasú ar achtacháin áirithe.

8. Aisghairm.

9. Gearrtheideal.

AN SCEIDEAL

Na hAchtacháin a Aisghairtear


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Bannaí 1997

1997, Uimh. 16

Acht na Leanaí 2001

2001, Uimh. 24

An tAcht um Fhianaise Choiriúil 1992

1992, Uimh. 12

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú) 1990

1990, Uimh. 32

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) 1981

1981, Uimh. 10

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 1993

1993, Uimh. 20

An tAcht um an Dlí Coiriúil 1997

1997, Uimh. 14

Acht Leasuithe an Dlí Choiriúla 1935

1935, Uimh. 6

An tAcht um Chiontóirí Gnéis 2001

2001, Uimh. 18

An tAcht um Chionta Gnéasacha (Dlínse) 1996

1996, Uimh. 38

/images/harp.jpg


Uimhir 15 de 2006


AN tACHT UM AN DLÍ COIRIÚIL (CIONTA GNÉASACHA) 2006

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE GNÍOMHARTHA GNÉASACHA A DHÉANAMH LE LEANAÍ ATÁ FAOI BHUN 17 mBLIANA D’AOIS; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE NITHE A BHAINEANN LEIS SIN.

[2 Meitheamh, 2006]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “ Acht 1981 ” an tAcht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) 1981;

ciallaíonn “ Acht 1990 ” an tAcht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú) 1990;

ciallaíonn “ duine i gcáil údaráis ”—

(a) tuismitheoir, leastuismitheoir, caomhnóir, seanathair nó seanmháthair, uncail nó aintín de chuid an íospartaigh,

(b) aon duine atá, de thuras na huaire, in loco parentis i leith an íospartaigh, nó

(c) aon duine atá, de thuras na huaire, freagrach as oideachas, maoirseacht nó leas an íospartaigh;

ciallaíonn “ gníomh gnéasach ”—

(a) gníomh arb é atá ann—

(i) lánúnas collaí, nó

(ii) bugaireacht

idir daoine nach bhfuil pósta ar a chéile, nó

(b) gníomh a thuairiscítear in alt 3(1) nó 4(1) d’Acht 1990;

forléireofar “ lánúnas collaí ” de réir alt 1(2) d’Acht 1981.

Leanbh atá faoi bhun 15 bliana d’aois a thruailliú.

2 .— (1) Beidh aon duine a ghabhann do ghníomh gnéasach le leanbh atá faoi bhun 15 bliana d’aois ciontach i gcion agus ar é nó í a chiontú ar díotáil dlífear príosúnacht saoil nó téarma príosúnachta is giorra ná sin a chur air nó uirthi.

(2) Beidh aon duine a fhéachann le gabháil do ghníomh gnéasach le leanbh atá faoi bhun 15 bliana d’aois ciontach i gcion agus ar é nó í a chiontú ar díotáil dlífear príosúnacht saoil nó téarma príosúnachta is giorra ná sin a chur air nó uirthi.

(3) Is cosaint é don chosantóir, mar chosaint i gcoinne imeachtaí i leith ciona faoin alt seo, a chruthú gur chreid sé nó sí go hionraic go raibh an leanbh, a líomhnaítear go ndearnadh an cion ina choinne nó ina coinne, tar éis 15 bliana d’aois a shlánú an tráth a rinneadh an cion líomhnaithe.

(4) Más rud é, in imeachtaí i leith ciona faoin alt seo, go bhfuil ar an gcúirt breithniú a dhéanamh i dtaobh ar chreid an cosantóir go hionraic go raibh an leanbh, a líomhnaítear go ndearnadh an cion ina choinne nó ina coinne, tar éis 15 bliana d’aois a shlánú an tráth a rinneadh an cion líomhnaithe, is ní é a dtabharfaidh an chúirt aird air forais réasúnacha a bheith ann nó gan a bheith ann go gcreidfeadh an cosantóir amhlaidh agus tabharfaidh an chúirt aird ar na himthosca iomchuí eile go léir.

(5) Ní cosaint é don chosantóir, mar chosaint i gcoinne imeachtaí i leith ciona faoin alt seo, a chruthú go ndearna an leanbh, a líomhnaítear go ndearnadh an cion ina choinne nó ina coinne, a thoiliú nó a toiliú a thabhairt leis an ngníomh gnéasach arbh é an cion é.

Leanbh atá faoi bhun 17 mbliana d’aois a thruailliú.

3 .— (1) Beidh aon duine a ghabhann do ghníomh gnéasach le leanbh atá faoi bhun 17 mbliana d’aois ciontach i gcion agus ar é nó í a chiontú ar díotáil dlífear, faoi réir fho-alt (3)

(a) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana a chur air nó uirthi, nó

(b) más duine i gcáil údaráis an duine, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana a chur air nó uirthi.

(2) Beidh aon duine a fhéachann le gabháil do ghníomh gnéasach le leanbh atá faoi bhun 17 mbliana d’aois ciontach i gcion agus ar é nó í a chiontú ar díotáil dlífear, faoi réir fho-alt (4)

(a) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain a chur air nó uirthi, nó

(b) más duine i gcáil údaráis an duine, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 4 bliana a chur air nó uirthi.

(3) Aon duine atá arna chiontú nó arna ciontú i gcion faoi fho-alt (1), dlífear, i leith aon chiontaithe ina dhiaidh sin i gcion faoin bhfo-alt sin, ar é nó í a chiontú ar díotáil—

(a) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana a chur air nó uirthi, nó

(b) más duine i gcáil údaráis an duine, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 15 bliana a chur air nó uirthi.

(4) Aon duine atá arna chiontú nó arna ciontú i gcion faoi fho-alt (2), dlífear, i leith aon chiontaithe ina dhiaidh sin i gcion faoin bhfo-alt sin, ar é nó í a chiontú ar díotáil—

(a) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 4 bliana a chur air nó uirthi, nó

(b) más duine i gcáil údaráis an duine, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 7 mbliana a chur air nó uirthi.

(5) Is cosaint é don chosantóir, mar chosaint i gcoinne imeachtaí i leith ciona faoin alt seo, a chruthú gur chreid sé nó sí go hionraic go raibh an leanbh, a líomhnaítear go ndearnadh an cion ina choinne nó ina coinne, tar éis 17 mbliana d’aois a shlánú an tráth a rinneadh an cion líomhnaithe.

(6) Más rud é, in imeachtaí i leith ciona faoin alt seo, go bhfuil ar an gcúirt breithniú a dhéanamh i dtaobh ar chreid an cosantóir go hionraic go raibh an leanbh, a líomhnaítear go ndearnadh an cion ina choinne nó ina coinne, tar éis 17 mbliana d’aois a shlánú an tráth a rinneadh an cion líomhnaithe, is ní é a dtabharfaidh an chúirt aird air forais réasúnacha a bheith ann nó gan a bheith ann go gcreidfeadh an cosantóir amhlaidh agus tabharfaidh an chúirt aird ar na himthosca iomchuí eile go léir.

(7) Ní cosaint é don chosantóir, mar chosaint i gcoinne imeachtaí i leith ciona faoin alt seo, a chruthú go ndearna an leanbh, a líomhnaítear go ndearnadh an cion ina choinne nó ina coinne, a thoiliú nó a toiliú a thabhairt leis an ngníomh gnéasach arbh é an cion é.

(8) Is cion inghabhála cion faoi fho-alt (2) chun críocha an Achta um an Dlí Coiriúil 1997.

(9) Is é nó is í an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí amháin a thionscnóidh, nó is lena thoiliú nó lena toiliú amháin a thionscnófar, aon imeachtaí i leith ciona faoin alt seo in aghaidh linbh atá faoi bhun 17 mbliana d’aois.

(10) Maidir le duine—

(a) atá arna chiontú nó arna ciontú i gcion faoi alt seo, agus

(b) nach bhfuil níos mó ná 24 mhí níos sine ná an leanbh atá faoi bhun 17 mbliana d’aois agus lenar ghabh sé nó sí, nó lenar fhéach sé nó sí le gabháil, do ghníomh gnéasach,

ní bheidh sé nó sí faoi réir fhorálacha an Achta um Chiontóirí Gnéis 2001.

Cionta a thriail go hachomair.

4 .— (1) Féadfaidh an Chúirt Dúiche duine a chúisítear i gcion faoi alt 2 (2)3(2) a thriail go hachomair, más rud é—

(a) gurb é tuairim na cúirte gur mionchion is intriailte go hachomair na fíorais a líomhnaítear,

(b) nach ndéanfaidh an cúisí, ar an gCúirt á chur in iúl dó go bhfuil de cheart aige nó aici go dtriailfeadh giúiré é, agóid i gcoinne é a thriail go hachomair, agus

(c) go dtoilíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí leis an gcúisí a thriail go hachomair sa chion sin.

(2) Tar éis don Chúirt Dúiche duine a chiontú i gcion faoin alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur ar an duine.

Gan leanbh baineann atá faoi bhun 17 mbliana d’aois a bheith ciontach i gcion.

5 .— Ní bheidh leanbh baineann atá faoi bhun 17 mbliana d’aois ciontach i gcion faoin Acht seo de bhíthin amháin gur ghabh sí do ghníomh lánúnais chollaí.

Feidhm achtachán áirithe.

6 .— (1) Beidh feidhm ag ailt 3 agus 4 d’Acht 1981 i ndáil le cion faoin Acht seo faoi réir an mhodhnaithe go ndéanfar tagairtí sna hailt sin do “ cion ionsaithe ghnéasaigh ” a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chion faoin Acht seo.

(2) Leasaítear alt 4A d’Acht 1981, i bhfo-alt (6), trí “, cion faoin Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 2006” a chur isteach i ndiaidh “cion banéigin”.

(3) Beidh feidhm ag ailt 6, 7 agus 8 d’Acht 1981 i ndáil le cion faoin Acht seo faoi réir an mhodhnaithe go ndéanfar tagairtí sna hailt sin—

(a) do “ cion ionsaithe ghnéasaigh ” a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chion faoin Acht seo, agus

(b) do “ cion banéigin ” a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chion faoin Acht seo.

Leasú ar achtacháin áirithe.

7 .— (1) Leasaítear alt 8 d’Acht 1990—

(a) i bhfo-alt (2), trí “faoi alt 2 3 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 2006” a chur in ionad “faoi alt 1 nó 2 d’Acht Leasuithe an Dlí Choiriúla 1935”, agus

(b) i bhfo-alt (5)—

(i) trí “le halt 2 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 2006” a chur in ionad “le halt 1 d’Acht Leasuithe an Dlí Choiriúla 1935”,

(ii) trí “le halt 3 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 2006” a chur in ionad “le halt 2 d’Acht Leasuithe an Dlí Choiriúla 1935”, agus

(iii) trí “faoin alt sin 3 nó faoi alt 3 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 2006” a chur in ionad “faoin alt sin 2 nó 3”.

(2) Leasaítear alt 2 den Acht um Fhianaise Choiriúil 1992, sa mhíniú ar “cion gnéasach”, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (iv):

“(iv) faoin Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 2006 nó faoi alt 5 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 1993;”.

(3) Leasaítear an Sceideal a ghabhann leis an Acht um Chionta Gnéasacha (Dlínse) 1996—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 1:

“1. An tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 2006.”,

agus

(b) trí mhíreanna 2, 7 agus 8 a scriosadh.

(4) Leasaítear an Sceideal a ghabhann leis an Acht um Bannaí 1997 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 10:

“10. Cion faoin Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 2006.”.

(5) Leasaítear an Sceideal a ghabhann leis an Acht um Chiontóirí Gnéis 2001—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 7:

“7. Cion faoin Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 2006.”,

agus

(b) trí mhír 8 a scriosadh.

(6) Leasaítear Sceideal 1 a ghabhann le hAcht na Leanaí 2001 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 4:

“4. Cion faoin Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 2006.”.

Aisghairm.

8 .— Déantar na hachtacháin a shonraítear sa Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal.

Gearrtheideal.

9 .— Féadfar an tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 2006 a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

Na hAchtacháin a Aisghairtear

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 6 de 1935

Acht Leasuithe an Dlí Choiriúla 1935

Ailt 1(2) agus 2

Uimh. 20 de 1993

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 1993

Ailt 3 agus 4