19 2006

/images/harp.jpg


Uimhir 19 de 2006


AN tACHT UM ÚDARÁS FORBARTHA AN CHAMPAIS NÁISIÚNTA SPÓRT 2006

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1 . Gearrtheideal.

2 . Léiriú.

3 . Orduithe agus rialacháin.

4 . Caiteachais.

CUID 2

Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt

5 . An lá bunaithe.

6 . An tÚdarás a bhunú.

7 . Feidhmeanna an Údaráis.

8 . Cumhachtaí an Údaráis.

9 . Comhaltas an Údaráis agus téarmaí agus coinníollacha comhaltais.

10 . Cruinnithe agus nós imeachta.

11 . Coistí.

12 . Luach saothair agus caiteachais comhaltaí den Údarás agus de choistí.

13 . An Príomh-Fheidhmeannach.

14 . Foireann an Údaráis.

15 . Aoisliúntas na foirne.

16 . Leasanna a nochtadh.

17 . Nochtadh neamhúdaraithe faisnéise rúnda a thoirmeasc.

18 . Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas, de Pharlaimint na hEorpa nó d’údarás áitiúil.

19 . Airleacain ón Aire chuig an Údarás.

20 . Cuntais agus iniúchtaí.

21 . Freastal os comhair Coiste Oireachtais.

22 . Tuarascáil bhliantúil agus faisnéis don Aire.

23 . Leasú ar an Acht um Shaoráil Faisnéise 1997.

24 . Beartas an Rialtais agus ordacháin don Údarás.

25 . Athnuachan ar léasanna, etc.

26 . Séala an Údaráis.

27 . Socruithe le haghaidh comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha.

28 . Fochuideachtaí, comhfhiontair, etc.

29 . An tÚdarás agus fochuideachtaí d’fháil iasachtaí.

30. Talamh a thíolacadh don Údarás.

31 . An tÚdarás d’fháil talún.

CUID 3

Forálacha Idirthréimhseacha

32 . Forbairt Champas agus Staidiam Éireann Teoranta a dhíscaoileadh.

33 . Fostaithe a aistriú.

34 . Talamh agus maoin eile a aistriú.

35 . Cearta agus dliteanais a aistriú.

36 . Conarthaí láithreacha a choimeád ar marthain.

37 . Imeachtaí dlíthiúla atá ar feitheamh agus ar páirtí iontu an Chuideachta.

38 . Díolúine ó dhleacht stampa.

39 . Bailíochtú na cumhachta chun scaireanna sa Chuideachta a shealbhú agus a aistriú.

SCEIDEAL 1

Talamh atá suite i mBaile an Aba, i mBaile Uí Chuilinn, i mBaile Bhlainséir, sa Cheapóg, i mBaile an Deagánaigh, i gCnoc na gCaorach agus i Snugborough, ar i gContae Bhaile Átha Cliath dóibh go léir, agus ar leis an Aire Talmhaíochta agus Bia é

SCEIDEAL 2

Forálacha a bhaineann le Fáil Éigeantach


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act 1919

9 agus 10 Geo. 5, c. 57

Acht na gCuideachtaí 1963

1963, Uimh. 33

Acht na gCuideachtaí 1990

1990, Uimh. 33

Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 1993

1993, Uimh. 8

An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997

1997, Uimh. 2

An tAcht um Shaoráil Faisnéise 1997

1997, Uimh. 13

Na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí 1967 go 2005

Lands Clauses Consolidation Act 1845

8 Vic., c. 18

An tAcht Rialtais Áitiúil 2001

2001, Uimh. 37

An tAcht um Chlárú Teidil, 1964

1964, Uimh. 16

Acht na mBóithre 1993

1993, Uimh. 14

An tAcht um Údaráis Stáit (Socruithe le hAghaidh Comhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha) 2002

2002, Uimh. 1

/images/harp.jpg


Uimhir 19 de 2006


AN tACHT UM ÚDARÁS FORBARTHA AN CHAMPAIS NÁISIÚNTA SPÓRT 2006

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN COMHLACHT A BHUNÚ AR A dTABHARFAR ÚDARÁS FORBARTHA AN CHAMPAIS NÁISIÚNTA SPÓRT NÓ, SA BHÉARLA, THE NATIONAL SPORTS CAMPUS DEVELOPMENT AUTHORITY, DO MHÍNIÚ A FHEIDHMEANNA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[5 Iúil, 2006]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1 .— Féadfar an tAcht um Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt 2006 a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2 .— (1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Údarás” Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt arna bhunú le halt 6;

tá le “Príomh-Fheidhmeannach” an bhrí a shanntar dó le halt 13;

ciallaíonn “coiste” coiste arna bhunú faoi alt 11;

tá le “cuideachta” an bhrí atá leis in Acht na gCuideachtaí 1963;

ciallaíonn “an Chuideachta” Forbairt Champas agus Staidiam Éireann Teoranta;

ciallaíonn “ an lá bunaithe ” an lá a cheapfar faoi alt 5;

ciallaíonn “ bliain airgeadais an Údaráis ” tréimhse 12 mí dar críoch an 31 Nollaig in aon bhliain agus, i gcás na chéad bhliana airgeadais de chuid an Údaráis, ciallaíonn sé an tréimhse dar tosach an lá bunaithe agus dar críoch an 31 Nollaig sa bhliain ar lá di an lá bunaithe;

ciallaíonn “ Aire ” an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta;

ciallaíonn “ an tIonad Náisiúnta Uisce ” an talamh is leis an gCuideachta ar a dtugtar an tIonad Náisiúnta Uisce de ghnáth agus atá suite i mBaile an Deagánaigh, i gcontae Bhaile Átha Cliath;

ciallaíonn “ an láithreán ”—

(a) An tIonad Náisiúnta Uisce,

(b) an talamh is leis an Aire Talmhaíochta agus Bia agus a thuairiscítear i Sceideal 1, agus

(c) aon talamh a gheobhaidh an tÚdarás faoi alt 6 31;

ciallaíonn “ fochuideachta ” fochuideachta (de réir bhrí alt 155 d’Acht na gCuideachtaí 1963) de chuid an Údaráis.

(2) San Acht seo, folóidh tagairtí do dhuine, nó do dhaoine, d’fhoireann an Údaráis, seachas in ailt 14, 15 agus 18, tagairtí don Phríomh-Fheidhmeannach.

Orduithe agus rialacháin.

3 .— Déanfar gach ordú (seachas ordú a dhéanfar faoi alt 5 nó ordú fála, nó ordú dílseacháin, de réir bhrí Sceideal 2) agus gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

Caiteachais.

4 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Airgeadais ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID 2

Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt

An lá bunaithe.

5 .— Déanfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

An tÚdarás a bhunú.

6 .— (1) Ar an lá bunaithe beidh comhlacht arna bhunú, ar a dtabharfar Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt nó, sa Bhéarla, the National Sports Campus Development Authority, chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh an tÚdarás ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain agus séala oifigiúil aige agus beidh cumhacht agartha aige agus féadfar é a agairt ina ainm corpraithe agus, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, beidh cumhacht aige talamh nó leas i dtalamh a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus aon mhaoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt.

Feidhmeanna an Údaráis.

7 .— (1) Is iad feidhmeanna an Údaráis—

(a) campas spórt a fhorbairt ar an láithreán,

(b) an campas spórt a fhearastú agus a threalmhú le cibé gléasra, innealra, trealamh agus gaireas is cuí leis,

(c) an campas spórt a bhainistiú, a oibriú agus a chothabháil, agus

(d) úsáid an champais spórt ag daoine a bheidh páirteach sa spórt ar leibhéil ghairmiúla agus amaitéaracha agus ag daoine den phobal i gcoitinne a spreagadh agus a chur chun cinn.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh an tÚdarás—

(a) cibé saoráidí agus seirbhísí de chineál tráchtála is cuí leis agus a bheidh comhlántach ar an gcampas spórt, lena n-áirítear cóiríocht chónaitheach, a fhorbairt agus a sholáthar ar an láithreán,

(b) socrú a dhéanamh le haon fhoras oideachais nó comhlacht eile a mbeidh spéis aige i saoráidí liachta agus taighde le haghaidh spóirt a fhorbairt ar an láithreán agus, más cuí, in áit eile chun saoráidí den sórt sin a fhorbairt ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an Údarás,

(c) socrú a dhéanamh le comhlacht a bhfuil baint aige le spórt a chur chun cinn ar leibhéal náisiúnta chun an comhlacht d’úsáid an láithreáin nó cuid den láithreán, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an Údarás, chun críche atá bainteach le spórt lena n-áirítear ceanncheathrú an chomhlachta a lonnú ann, agus

(d) socruithe a dhéanamh le haon duine, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, maidir leis an duine sin do sholáthar cúnamh airgeadais dó (cibé acu trí chistí a sholáthar nó oibreacha a ghabháil de láimh) chun aon saoráidí nó seirbhísí, nó iad araon, a fhorbairt nó a sholáthar ar an gcampas spórt agus chun an duine sin d’úsáid na saoráidí agus na seirbhísí sin.

(3) Déanfaidh an tÚdarás plean, le haghaidh campas spórt a fhorbairt ar an láithreán, a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú ag an Aire, ar plean é ina luafar sonraí maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) na saoráidí agus na seirbhísí a mbeidh forbairt le déanamh orthu ar an láithreán;

(b) na cúiseanna atá le gach saoráid agus seirbhís a áireamh sa phlean;

(c) an costas agus an clár ama le haghaidh na saoráidí agus na seirbhísí sin a fhorbairt; agus

(d) céimeanna forbartha an champais spórt.

(4) Féadfaidh an tÚdarás an plean arna ullmhú aige faoi fho-alt (3) a leasú ó am go ham le linn an campas spórt a fhorbairt ar an láithreán agus déanfaidh sé an plean arna leasú amhlaidh a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú ag an Aire.

(5) Déanfaidh an tÚdarás, roimh thosach gach céime d’fhorbairt an champais spórt ar an láithreán a bheidh sonraithe sa phlean arna cheadú ag an Aire faoi fho-alt (3) (4), plean mionsonraithe maidir leis an gcéim sin den fhorbairt a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú ag an Aire, ar plean mionsonraithe é ina luafar sonraí maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) na saoráidí agus na seirbhísí a bheidh le forbairt ar an láithreán le linn na céime sin;

(b) costas na céime sin; agus

(c) an clár ama le haghaidh an chéim sin a fhorbairt.

(6) Le linn plean a ullmhú nó a leasú lena chur faoi bhráid an Aire lena cheadú ag an Aire faoi fho-alt (3),(4) (5), rachaidh an tÚdarás i gcomhairle le Comhairle Spóirt na hÉireann agus le cibé comhlachtaí eile is cuí leis is comhlachtaí a bhfuil baint acu le spórt a chur chun cinn ar leibhéal náisiúnta.

(7) Féadfaidh an tAire plean a chuirfidh an tÚdarás faoina bhráid nó faoina bráid faoi fho-alt (3), (4) (5) a cheadú, fara cibé modhnuithe is cuí leis nó léi (más ann).

(8) Déanfaidh an tAire Talmhaíochta agus Bia, tráth a ordóidh an Rialtas dó nó di déanamh amhlaidh, eastát agus leas uile an Aire sin den Rialtas sa talamh a thuairiscítear i Sceideal 1, nó sa chuid di a shonrófar san ordachán, a thíolacadh don Údarás ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don talamh agus atá ar marthain agus inchomhlíonta agus, go dtí go ndéanfar an tíolacadh sin, toilíonn an tAire sin den Rialtas le forbairt na talún sin, nó an chuid sin di, ag an Údarás de réir an Achta seo.

(9) San alt seo, ciallaíonn “campas spórt” campas saoráidí le haghaidh gníomhaíochtaí spóirt, cibé acu ar an taobh istigh nó amuigh faoin aer, agus saoráidí agus seirbhísí chun tacú leis na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear an tIonad Náisiúnta Uisce agus féadfaidh sé go mbeidh ar áireamh ann airéine laistigh, páirceanna imeartha, saoráidí traenála spóirt, staidiam peile, saoráidí riaracháin le haghaidh spóirt agus saoráidí liachta agus taighde le haghaidh spóirt.

Cumhachtaí an Údaráis.

8 .— (1) Faoi réir an Achta seo, beidh ag an Údarás na cumhachtaí sin go léir atá riachtanach nó fóirsteanach chun a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire, comhaontuithe a dhéanamh le daoine eile d’fhonn feidhmeanna an Údaráis a chomhlíonadh, cibé acu trí léas, trí lamháltas nó ar aon mhodh eile.

(3) Féadfaidh an tÚdarás glacadh le bronntanais airgid, talún nó maoine eile ar cibé iontaobhais, téarmaí agus coinníollacha (más ann) a shonróidh an deontóir fad nach mbeidh na hiontaobhais, na téarmaí nó na coinníollacha sin a bhaineann leis na bronntanais sin ar neamhréir le feidhmeanna an Údaráis agus fad a bheidh siad ar comhréir le nósanna imeachta cuntasaíochta an Rialtais.

(4) Féadfaidh an tÚdarás cibé muirir a ghearradh is dóigh leis is cuí, ar aon duine seachas an tAire, i gcomaoin chomhlíonadh a fheidhmeanna, as seirbhísí arna dtabhairt aige agus as gníomhaíochtaí arna seoladh aige agus déanfaidh sé fáltais ó na muirir sin a thaifeadadh mar ioncam.

(5) Féadfaidh an tÚdarás aon mhéid a bheidh dlite agus ag dul dó faoin alt seo a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine a mbeidh sé iníoctha aige nó aici.

(6) Féadfaidh an tÚdarás, faoi réir aon ordacháin a thabharfaidh an tAire dó ó am go ham, sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhostú.

Comhaltas an Údaráis agus téarmaí agus coinníollacha comhaltais.

9 .— (1) Is iad na comhaltaí seo a leanas a bheidh ar an Údarás:

(a) cathaoirleach; agus

(b) 12 ghnáthchomhalta.

(2) Is é an tAire a cheapfaidh comhalta den Údarás agus is duine an comhalta sin, i dtuairim an Aire, a bhfuil taithí aige nó aici ar nithe, nó a bhfuil cumas léirithe aige nó aici i leith nithe, is iomchuí maidir le feidhmeanna an Údaráis.

(3) Déanfaidh an tAire, a mhéid is indéanta agus ag féachaint do thaithí iomchuí na ndaoine lena mbaineann, a áirithiú go mbeidh cóimheá chothromasach ann idir fir agus mná i gcomhdhéanamh an Údaráis.

(4) Beidh an cathaoirleach i seilbh oifige ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta a cheaptha nó a ceaptha.

(5) Beidh na daoine a chéadcheapfar chun bheith ina ngnáthchomhaltaí den Údarás i seilbh oifige mar a leanas:

(a) beidh ceathrar de na comhaltaí sin i seilbh oifige ar feadh tréimhse 3 bliana ó dháta a gceaptha;

(b) beidh ceathrar de na comhaltaí sin i seilbh oifige ar feadh tréimhse 4 bliana ó dháta a gceaptha; agus

(c) beidh an chuid eile de na comhaltaí i seilbh oifige ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta a gceaptha.

(6) Déanfar na comhaltaí den Údarás a bheidh i seilbh oifige ar feadh na dtréimhsí a shonraítear i míreanna (a) agus (b) d’fho-alt (5) a chinneadh trí chrannchur a dhéanfar ar cibé slí a chinnfidh an tAire.

(7) Faoi réir fho-alt (5), beidh aon duine a cheapfar de bhun an ailt seo chun bheith ina ghnáthchomhalta nó ina gnáthchomhalta den Údarás i seilbh oifige ar feadh na tréimhse 5 bliana ó dháta a cheaptha nó a ceaptha.

(8) D’ainneoin fho-ailt (5) go (7), beidh gnáthchomhalta den Údarás a cheapfar faoi fho-alt (2) i seilbh oifige go dtí go gceapfaidh an tAire duine chun ionad an duine sin a ghlacadh mar chomhalta den sórt sin den Údarás, mura túisce a éagfaidh sé nó sí, nó a thiocfaidh sé nó sí chun bheith dícháilithe le haghaidh oifige, nó a éireoidh sé nó sí as nó a chuirtear é nó í as oifig.

(9) Faoi réir alt 12, beidh comhalta den Údarás i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha eile a chinnfidh an tAire.

(10) Beidh duine dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé nó sí d’oifig a shealbhú mar chomhalta den Údarás nó de choiste—

(a) má bhreithnítear ina fhéimheach nó ina féimheach é nó í,

(b) má dhéanann sé nó sí imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe nó lena creidiúnaithe,

(c) má chiontaítear é nó í i gcion lena ngabhann calaois nó mímhacántacht, cibé acu is i ndáil le cuideachta é nó nach ea,

(d) má chiontaítear é nó í i gcion indíotáilte i ndáil le cuideachta,

(e) má tá dearbhú faoi alt 150 d’Acht na gCuideachtaí 1990 déanta ina choinne nó ina coinne nó má tá sé nó sí faoi réir ordaithe dícháilíochta, nó má mheastar é nó í a bheith faoi réir ordaithe dícháilíochta, de bhua Chuid VII den Acht sin, nó

(f) más rud é go bhfuil easaontacht leasa aige nó aici atá chomh suntasach sin gur gá, i dtuairim an Aire, nach sealbhódh sé nó sí an oifig sin nó go scoirfeadh sé nó sí den oifig sin a shealbhú.

(11) Féadfaidh comhalta den Údarás éirí as oifig aon tráth trí litir a bheidh dírithe chuig an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as ar an dáta a bheidh sonraithe sa litir nó ar an dáta a gheobhaidh an tAire an litir, cibé acu is déanaí.

(12) Féadfaidh an tAire aon tráth comhalta den Údarás a chur as oifig más rud é, i dtuairim an Aire—

(a) gur tháinig an comhalta chun bheith éagumasach, de dheasca easláinte, ar dhualgais na hoifige a chomhlíonadh go héifeachtach,

(b) gur mhí-iompair an comhalta é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe, nó

(c) go ndealróidh sé gur gá an comhalta a chur as oifig le go ndéanfar feidhmeanna an Údaráis a chomhlíonadh go héifeachtach.

(13) Más rud é go bhfaighidh comhalta den Údarás bás, go dtiocfaidh sé nó sí chun bheith dícháilithe le haghaidh oifige, gon-éireoidh sé nó sí as oifig nó go gcuirfear é nó í as oifig, féadfaidh an tAire duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás chun an corrfholúntas iarmhartach a líonadh.

(14) Aon duine a cheapfar chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás faoi fho-alt (13) beidh sé nó sí i seilbh oifige ar feadh a mbeidh fágtha de théarma oifige an chomhalta den Údarás ba chúis leis an gcorrfholúntas.

(15) Ní bheidh comhalta den Údarás a mbeidh 2 théarma as a chéile curtha isteach aige nó aici mar chomhalta den sórt sin in-athcheaptha.

(16) Chun críocha fho-alt (15), measfar téarma mar chomhalta den Údarás a bheith curtha isteach ag duine is cúis le corrfholúntas nó a líonfaidh corrfholúntas d’ainneoin nach raibh sé nó sí i seilbh oifige ach amháin ar feadh cuid den téarma.

(17) Faoi réir alt 10(3), féadfaidh an tÚdarás gníomhú d’ainneoin folúntais nó folúntas ina chomhaltas.

Cruinnithe agus nós imeachta.

10 .— (1) Tionólfaidh an tÚdarás cibé cruinnithe agus cibé líon cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh an tAire, i gcomhairle le cathaoirleach an Údaráis, dáta, tráth agus ionad chéadchruinniú an Údaráis a shocrú.

(3) 5 is córam do chruinniú den Údarás.

(4) Ag cruinniú den Údarás—

(a) is é nó is í cathaoirleach an Údaráis, má bhíonn sé nó sí i láthair, a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, agus

(b) mura mbeidh, agus fad nach mbeidh, cathaoirleach an Údaráis i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Údarás a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú.

(5) Beidh vóta ag gach comhalta den Údarás (lena n-áirítear an cathaoirleach) a bheidh i láthair ag cruinniú den Údarás.

(6) Ag cruinniú den Údarás, déanfar aon cheist ar gá vótáil ina leith a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí den Údarás a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(7) Faoi réir an Achta seo, rialálfaidh an tÚdarás, le buanorduithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó an Údaráis.

Coistí.

11 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás coistí a bhunú chun cúnamh agus comhairle a thabhairt dó maidir le nithe a bhaineann le haon cheann dá fheidhmeanna.

(2) Is iad a bheidh ar choiste cathaoirleach agus cibé líon comhaltaí eile a chinnfidh an tÚdarás agus féadfaidh daoine nach comhaltaí den Údarás nó daoine dá fhoireann a bheith ar choiste.

(3) Is é an tÚdarás a cheapfaidh an cathaoirleach agus na comhaltaí eile de choiste.

(4) Féadfaidh an tÚdarás comhalta de choiste a chur as comhaltas den choiste tráth ar bith.

(5) Féadfaidh an tÚdarás coiste a dhíscaoileadh tráth ar bith.

(6) Féadfaidh an tÚdarás nós imeachta agus gnó coiste a rialáil ach, faoi réir aon rialála den sórt sin, féadfaidh coiste a nós imeachta agus a ghnó féin a rialáil.

(7) Féadfaidh coiste gníomhú d’ainneoin folúntais nó folúntas ina chomhaltas.

Luach saothair agus caiteachais comhaltaí den Údarás agus de choistí.

12 .— Déanfaidh an tÚdarás, as airgead a bheidh faoina réir aige, cibé luach saothair (más ann) agus liúntais i leith caiteachas a thabhóidh sé nó sí (más ann) a chinnfidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le comhalta den Údarás nó de choiste.

An Príomh-Fheidhmeannach.

13 .— (1) Beidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin ar an Údarás ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, an Príomh-Fheidhmeannach.

(2) Is é an tÚdarás a cheapfaidh an Príomh-Fheidhmeannach le ceadú an Aire agus féadfaidh an tÚdarás, le ceadú an Aire, é nó í a chur as oifig ar chúiseanna sonraithe.

(3) Déanfaidh an Príomh-Fheidhmeannach riarachán agus gnó an Údaráis a sheoladh, a bhainistiú agus a rialú i gcoitinne agus comhlíonfaidh sé nó sí cibé feidhmeanna eile (más ann) a chinnfidh an tÚdarás.

(4) Maidir leis an bPríomh-Fheidhmeannach—

(a) beidh sé nó sí i seilbh oifige faoi chonradh seirbhíse i scríbhinn ar feadh cibé tréimhse a shonrófar sa chonradh agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha eile (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair, liúntais i leith caiteachas agus aoisliúntas) a chinnfidh an tÚdarás ó am go ham le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais agus a shonrófar amhlaidh, agus

(b) íocfar é nó í as airgead a bheidh faoina réir ag an Údarás.

(5) Ní bheidh an Príomh-Fheidhmeannach ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás nó de choiste, ach féadfaidh sé nó sí, de réir nósanna imeachta arna mbunú ag an Údarás nó ag coiste, de réir mar a bheidh, freastal ar chruinnithe den Údarás nó de choiste agus beidh sé nó sí i dteideal labhairt ag cruinnithe den sórt sin agus comhairle a thabhairt dóibh.

(6) Ní shealbhóidh an Príomh-Fheidhmeannach aon oifig, ná ní bheidh aon phost eile aige nó aici, a bhfuil díolaíochtaí iníoctha ina leith, nó ní sheolfaidh sé nó sí aon ghnó, gan toiliú an Údaráis ná gan ceadú an Aire.

(7) Aon duine a bhí ina Phríomh-Fheidhmeannach nó ina Príomh-Fheidhmeannach, ní dhéanfaidh é nó sí, ar feadh tréimhse 12 mhí tar éis dó nó di éirí as oifig, nó tar éis é nó í a chur as oifig nó tar éis dó nó di scor den oifig, aon oifig nó fostaíocht a shealbhú, ná gníomhú mar shainchomhairleoir, i gcás gur dóigh dó nó di faisnéis a úsáid nó a nochtadh a bheidh faighte aige nó aici i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna mar Phríomh-Fheidhmeannach.

Foireann an Údaráis.

14 .— (1) Faoi réir alt 33, féadfaidh an tÚdarás, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais—

(a) cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh le bheith ina ndaoine d’fhoireann an Údaráis de réir mar a chinnfidh sé ó am go ham, agus

(b) gráid na foirne sin den Údarás agus an líon foirne i ngach grád a chinneadh.

(2) Féadfaidh an tÚdarás aon tráth aon duine d’fhoireann an Údaráis a chur as oifig mar dhuine dá fhoireann.

(3) Faoi réir alt 33, is éard a bheidh i dtéarmaí agus coinníollacha seirbhíse, lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair agus le liúntais i leith caiteachas (a íocfaidh an tÚdarás as airgead a bheidh faoina réir), daoine d’fhoireann an Údaráis cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tÚdarás ó am go ham le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

(4) Féadfaidh an tÚdarás aon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh trí aon duine dá fhoireann a bheidh údaraithe go cuí ag an Údarás chuige sin.

Aoisliúntas na foirne.

15 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, cibé foráil a dhéanamh is dóigh leis nó léi is cuí i ndáil le haoisliúntas daoine a cheapfar i bhfostaíocht an Údaráis faoi alt 14, nó a ghlacfar isteach i bhfostaíocht an Údaráis faoi alt 33.

(2) Féadfaidh an tÚdarás, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna a dhéanamh chun sochair aoisliúntais a dheonú do cibé daoine dá fhoireann nó ina leith is cuí leis an Údarás, agus cuirfidh sé scéim den sórt sin i gcrích de réir a téarmaí.

(3) Socróidh scéim aoisliúntais an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh sochair aoisliúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim, agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(4) Féadfaidh an tÚdarás, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, scéim a dhéanamh ag leasú nó ag cúlghairm scéim aoisliúntais agus cuirfidh sé scéim den sórt sin i gcrích de réir a téarmaí.

(5) Maidir le sochair aoisliúntais a dheonófar faoin alt seo do dhaoine a thiocfaidh ar an lá bunaithe chun bheith ina ndaoine d’fhoireann an Údaráis faoi alt 33, agus maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis na sochair sin, ní lú fabhar iad do na daoine sin ná iad sin a raibh teideal acu chucu díreach roimh an lá sin.

(6) Ní dheonóidh an tÚdarás sochair aoisliúntais d’aon duine dá fhoireann nó ina leith, nó ní dhéanfaidh an tÚdarás aon socrú eile chun sochair den sórt sin a sholáthar do dhuine den sórt sin, ach amháin de réir scéime aoisliúntais nó, má cheadaíonn an tÚdarás, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, sochair den sórt sin a dheonú, de réir an cheadaithe sin.

(7) Déanfar foráil le scéim aoisliúntais maidir le hachomharc i gcoinne cinnidh a bhaineann le sochair aoisliúntais is iníoctha faoin scéim.

(8) Cuirfidh an tAire faoi deara scéim aoisliúntais a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

(9) San alt seo—

ciallaíonn “ sochair aoisliúntais ” pinsin, aiscí agus liúntais eile is iníoctha le duine nó ina leith ar scor dó nó di de bheith ina dhuine nó ina duine d’fhoireann an Údaráis;

ciallaíonn “ scéim aoisliúntais ” scéim aoisliúntais a dhéanfar faoi fho-alt (2)(4).

Leasanna a nochtadh.

16 .— (1) I gcás go mbeidh aon leas airgid nó leas tairbhiúil eile ag comhalta den Údarás nó de choiste, ag stiúrthóir fochuideachta, ag duine d’fhoireann an Údaráis nó d’fhoireann fochuideachta nó ag sainchomhairleoir nó comhairleoir a bheidh ar fostú ag an Údarás nó ag fochuideachta, in aon ní, nó atá ábhartha i leith aon ní, a bheidh le breithniú ag an Údarás, ag coiste nó ag fochuideachta—

(a) nochtfaidh sé nó sí cineál an leasa don Údarás, don choiste nó don fhochuideachta, de réir mar a bheidh, sula ndéanfar aon bhreithniú ar an ní,

(b) ní imreoidh sé nó sí aon tionchar, ná ní fhéachfaidh le haon tionchar a imirt, ar chinneadh a bhaineann leis an ní,

(c) ní ghlacfaidh sé nó sí páirt ar bith in aon bhreithniú ar an ní,

(d) tarraingeoidh sé nó sí siar ó aon chruinniú ag a mbeidh an ní á phlé nó á bhreithniú fad a bheidh sé á phlé nó á bhreithniú amhlaidh, agus

(e) más comhalta den Údarás nó de choiste nó más stiúrthóir ar fhochuideachta é nó í, ní vótálfaidh sé nó sí ná ní ghníomhóidh sé nó sí thairis sin mar chomhalta den sórt sin nó mar stiúrthóir den sórt sin i ndáil leis an ní.

(2) Chun críocha an ailt seo, ach gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), measfar leas tairbhiúil a bheith ag duine i ngach ceann de na cásanna seo a leanas:

(a) is comhalta de chuideachta nó d’aon chomhlacht eile ag a bhfuil leas tairbhiúil in aon ní, nó atá ábhartha i leith aon ní, dá dtagraítear san fho-alt sin an duine, nó aon ghaol bainteach de chuid an duine nó ainmnitheach de chuid ceachtar díobh;

(b) tá an duine nó aon ghaol bainteach de chuid an duine i gcomhpháirtíocht le duine, nó ar fostú ag duine, a bhfuil leas tairbhiúil aige nó aici in aon ní den sórt sin, nó atá ábhartha i leith aon ní den sórt sin;

(c) is páirtí in aon socrú nó in aon chomhaontú (cibé acu atá sé infhorfheidhmithe nó nach bhfuil) i dtaobh talún lena mbaineann aon ní den sórt sin an duine nó aon ghaol bainteach de chuid an duine;

(d) tá leas tairbhiúil ag aon ghaol bainteach in aon ní den sórt sin nó atá ábhartha i leith aon ní den sórt sin.

(3) Chun críocha an ailt seo, ní mheasfar leas tairbhiúil in aon ní, nó leas atá ábhartha i leith aon ní, a bheith ag duine de bhíthin amháin go bhfuil leas aige nó aici nó ag aon chuideachta nó ag aon chomhlacht nó duine eile dá dtagraítear i bhfo-alt (2) atá chomh cianda nó chomh beagthábhachtach sin nach féidir é a mheas le réasún gur dóigh dó tionchar a imirt ar dhuine le linn aon cheist i leith an ní a bhreithniú nó a phlé, nó le linn vótáil ar aon cheist i leith an ní, nó le linn aon fheidhm a chomhlíonadh i leith an ní.

(4) Cinnfidh an tÚdarás aon cheist i dtaobh arbh ionann iompar áirithe ag duine, dá ndéanfadh sé é, agus mainneachtain aige nó aici fo-alt (1) a chomhlíonadh agus déanfar sonraí faoin gcinneadh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe ag a ndéanfar an cinneadh.

(5) Má dhéantar nochtadh faoi fho-alt (1) ag cruinniú den Údarás, de choiste nó d’fhochuideachta, déanfar sonraí faoin nochtadh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe.

(6) I gcás inar deimhin leis an Aire gur sháraigh comhalta den Údarás nó de choiste, nó stiúrthóir d’fhochuideachta fo-alt (1), féadfaidh sé nó sí, más cuí leis nó léi, an comhalta nó an stiúrthóir sin a chur as oifig agus, i gcás ina gcuirtear duine as oifig de bhun an fho-ailt seo, beidh sé nó sí dícháilithe as sin amach chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás nó de choiste nó ina stiúrthóir d’fhochuideachta.

(7) I gcás ina ndéanann duine seachas duine lena mbaineann fo-alt (6), sárú ar fho-alt (1), cinnfidh an tÚdarás nó, de réir mar is cuí, an fhochuideachta lena mbaineann, an beart cuí a bheidh le déanamh i ndáil leis an duine, lena n-áirítear conradh seirbhíse nó conradh le haghaidh seirbhísí leis an duine a fhoirceannadh.

(8) Ní bheidh feidhm ag alt 194 d’Acht na gCuideachtaí 1963 maidir le stiúrthóir fochuideachta.

(9) Ní mheasfar go ndéanfaidh aon ní san alt seo dochar d’oibriú aon rialach dlí lena gcuirtear srian ar stiúrthóirí cuideachta maidir le haon leas a bheith acu i gconarthaí leis an Údarás nó le fochuideachta.

(10) San alt seo ciallaíonn “gaol bainteach”, i ndáil le duine, céile, páirtnéir, tuismitheoir, deartháir, deirfiúr, leanbh nó céile linbh leis an duine.

Nochtadh neamhúdaraithe faisnéise rúnda a thoirmeasc.

17 .— (1) Ní dhéanfaidh aon duine, mura rud é go n-údaraíonn an tÚdarás nó, de réir mar is cuí, fochuideachta dó nó di é, nó mura rud é go gceanglaítear air nó uirthi é de réir dlí, aon fhaisnéis rúnda a nochtadh a fuair sé nó sí ina cháil nó ina cáil mar aon duine díobh seo a leanas nó le linn dó nó di dualgais a fheidhmiú mar aon duine díobh:

(a) comhalta den Údarás nó de choiste;

(b) stiúrthóir fochuideachta;

(c) duine d’fhoireann an Údaráis nó d’fhoireann fochuideachta;

(d) sainchomhairleoir nó comhairleoir a bheidh fostaithe ag an Údarás nó ag fochuideachta, nó fostaí de chuid sainchomhairleora nó comhairleora den sórt sin; nó

(e) duine a bheidh fostaithe ag an Údarás nó ag fochuideachta in aon cháil eile.

(2) I gcás inar deimhin leis an Aire gur sháraigh comhalta den Údarás nó de choiste nó stiúrthóir fochuideachta fo-alt (1), féadfaidh sé nó sí, más cuí leis nó léi é, an comhalta nó an stiúrthóir sin a chur as oifig agus, i gcás ina gcuirfear duine as oifig de bhun an fho-ailt seo, beidh sé nó sí dícháilithe as sin amach chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás nó de choiste nó ina stiúrthóir fochuideachta.

(3) I gcás ina sáróidh duine a luaitear i mír (c), (d) (e) d’fho-alt (1) an fo-alt sin, cinnfidh an tÚdarás nó, de réir mar is cuí, an fhochuideachta lena mbaineann an beart cuí a bheidh le déanamh i ndáil leis an duine, lena n-áirítear conradh seirbhíse nó conradh le haghaidh seirbhísí leis an duine a fhoirceannadh.

(4) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1) nochtadh faisnéise don Údarás nó, de réir mar is cuí, d’fhochuideachta, nó nochtadh faisnéise ag an Údarás nó thar ceann an Údaráis don Aire.

(5) San alt seo folaíonn “faisnéis rúnda”—

(a) faisnéis a mbeidh sé sainráite ag an Údarás nó ag fochuideachta ina leith go bhfuil sí rúnda maidir le faisnéis áirithe nó maidir le faisnéis d’aicme nó de thuairisc áirithe, agus

(b) faisnéis a bhainfidh le tograí de chineál tráchtála nó le tairiscintí a chuirfidh conraitheoir, sainchomhairleoir nó aon duine eile faoi bhráid an Údaráis nó fochuideachta.

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas, de Pharlaimint na hEorpa nó d’údarás áitiúil.

18 .— (1) Más rud é, maidir le comhalta den Údarás nó de choiste, le stiúrthóir fochuideachta, leis an bPríomh-Fheidhmeannach nó le comhalta d’fhoireann an Údaráis nó d’fhoireann fochuideachta—

(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann,

(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de Pharlaimint na hEorpa,

(c) go measfar, de bhun alt 19 den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997, é nó í a bheith tofa chun na Parlaiminte sin, nó

(d) go ndéanfar é nó í a thoghadh nó a chomhthoghadh mar chomhalta d’údarás áitiúil,

air sin—

(i) i gcás duine den Údarás nó de choiste nó stiúrthóra fochuideachta nó an Phríomh-Fheidhmeannaigh, scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás nó den choiste nó ina stiúrthóir ar an bhfochuideachta nó ina Phríomh-Fheidhmeannach nó ina Príomh-Fheidhmeannach, de réir mar a bheidh, agus

(ii) i gcás duine d’fhoireann an Údaráis nó d’fhoireann fochuideachta, beidh sé nó sí ar iasacht ó fhostaíocht leis an Údarás nó leis an bhfochuideachta agus ní íocfaidh an tÚdarás nó an fhochuideachta leis nó léi, nó ní bheidh sé nó sí i dteideal go bhfaighidh sé nó sí ón Údarás nó ón bhfochuideachta, aon luach saothair nó liúntais i leith caiteachas in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ainmneofar nó a thoghfar amhlaidh é nó í, nó an tráth a mheasfar amhlaidh é nó í a bheith tofa nó ar é nó í a thoghadh nó a chomhthoghadh amhlaidh, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach acu sin, ina chomhalta nó ina comhalta den Pharlaimint sin nó ina chomhalta nó ina comhalta den údarás áitiúil.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt lena dtoirmisctear tréimhse a luaitear ann a ríomh mar sheirbhís leis an Údarás nó le fochuideachta chun críocha aon sochar aoisliúntais is iníoctha faoi alt 15 nó ar shlí eile.

(3) Aon duine a bheidh, de thuras na huaire—

(a) i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin,

(b) ina chomhalta nó ina comhalta de Pharlaimint na hEorpa, nó

(c) i dteideal faoi bhuanorduithe údaráis áitiúil suí mar chomhalta den údarás sin,

beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh faoi mhír (a)(c) nó ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin faoi mhír (b), dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás nó de choiste, ina stiúrthóir ar fhochuideachta nó ina Phríomh-Fheidhmeannach nó ina Príomh-Fheidhmeannach nó ina dhuine nó ina duine d’fhoireann an Údaráis nó d’fhoireann fochuideachta.

(4) San alt seo ciallaíonn “údarás áitiúil” údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil 2001.

Airleacain ón Aire chuig an Údarás.

19 .— Déanfaidh an tAire, ó am go ham, cibé méid nó méideanna a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a airleacan chuig an Údarás, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, chun críocha caiteachais ag an Údarás i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.

Cuntais agus iniúchtaí.

20 .— (1) Coimeádfaidh an tÚdarás, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách—

(a) ar an airgead go léir a gheobhaidh nó a chaithfidh an tÚdarás, agus

(b) ar mhaoin, sócmhainní agus dliteanais uile an Údaráis,

lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe agus, go háirithe, coimeádfaidh sé cibé cuntais speisialta (más ann) a ordóidh an tAire ó am go ham.

(2) Déanfaidh an tÚdarás cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo agus a bheidh sínithe ag an bPríomh-Fheidhmeannach a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 3 mhí, tar éis dheireadh na bliana airgeadais de chuid an Údaráis lena mbaineann na cuntais.

(3) Déanfaidh an tÚdarás cóip de na cuntais, nuair a bheidh siad iniúchta amhlaidh, mar aon le cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, a thíolacadh don Aire, agus cuirfidh an tAire faoi deara, a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 3 mhí dá éis sin, cóipeanna díobh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(4) Aon uair a cheanglóidh an coiste de Dháil Éireann a bheidh bunaithe faoi Bhuan-Orduithe Dháil Éireann chun scrúdú a dhéanamh ar na cuntais leithreasa agus ar thuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus chun tuarascáil a thabhairt do Dháil Éireann ar an gcéanna, air nó uirthi déanamh amhlaidh, tabharfaidh an Príomh-Fheidhmeannach fianaise don choiste sin maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) rialtacht agus cuibheas na n-idirbheart a bheidh taifeadta, nó a cheanglófar a thaifeadadh, in aon leabhar nó taifead eile cuntais a bheidh faoi réir a iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a cheanglófar ar an bPríomh-Fheidhmeannach nó ar an Údarás a choimeád faoin alt seo,

(b) barainneacht agus éifeachtúlacht an Údaráis i dtaca le húsáid a chuid acmhainní,

(c) na córais, na nósanna imeachta agus na cleachtais a úsáideann an tÚdarás chun éifeachtacht a oibríochtaí a mheas, agus

(d) aon ní a fhearann ar an Údarás agus dá dtagraítear i dtuarascáil speisialta ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi alt 11(2) d’Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 1993 nó in aon tuarascáil eile ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (a mhéid a bhainfidh sé le ní a shonraítear i mír (a), (b) nó (c)) a leagtar faoi bhráid Dháil Éireann.

(5) Ní dhéanfaidh an Príomh-Fheidhmeannach, le linn a dhualgais nó a dualgais faoi fho- alt (4) a chomhlíonadh, ceist a chur nó tuairim a nochtadh i dtaobh thuillteanais aon bheartais de chuid an Rialtais nó de chuid Aire den Rialtas nó i dtaobh tuillteanas cuspóirí beartais den sórt sin.

Freastal os comhair Coiste Oireachtais.

21 .— (1) Freastalóidh an Príomh-Fheidhmeannach os comhair Coiste Oireachtais, ar iarraidh i scríbhinn ón gCoiste, chun cuntas a thabhairt ar riarachán ginearálta an Údaráis, de réir mar a cheanglóidh an Coiste.

(2) San alt seo ciallaíonn “Coiste Oireachtais” coiste arna cheapadh ag ceachtar Teach den Oireachtas nó ag dhá Theach an Oireachtais i gcomhar, seachas—

(a) an Coiste dá dtagraítear in alt 20(4),

(b) an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann, nó

(c) an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Sheanad Éireann,

nó fochoiste de chuid coiste den sórt sin.

Tuarascáil bhliantúil agus faisnéis don Aire.

22 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás, a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh gach bliana airgeadais de chuid an Údaráis, tuarascáil i scríbhinn a thabhairt don Aire faoina ghníomhaíochtaí le linn na bliana sin, agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis dó nó di an tuarascáil a fháil.

(2) Beidh i dtuarascáil faoi fho-alt (1) faisnéis i cibé foirm agus maidir le cibé nithe a ordóidh an tAire.

(3) Déanfaidh an tÚdarás cibé faisnéis maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna nó comhairle i ndáil le haon ní a bhaineann leis na feidhmeanna sin, nó iad araon, de réir mar a iarrfaidh an tAire ó am go ham, a thabhairt don Aire.

Leasú ar an Acht um Shaoráil Faisnéise 1997.

23 .— Leasaítear an tAcht um Shaoráil Faisnéise 1997 ar an lá bunaithe—

(a) trí “Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt,” a chur isteach i mír 1(2) den Chéad Sceideal, agus

(b) i gCuid I den Tríú Sceideal—

(i) trí “An tAcht um Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt 2006.” a chur isteach i gcolún (2), agus

(ii) trí “alt 17.” a chur isteach i gcolún (3) os coinne lua an Achta um Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt 2006 i gcolún (2).

Beartas an Rialtais agus ordacháin don Údarás.

24 .— Le linn don Údarás a fheidhmeanna a chomhlíonadh, tabharfaidh sé aird ar bheartas an Rialtais agus comhlíonfaidh sé aon ordachán ginearálta beartais a thabharfaidh an tAire dó ó am go ham.

Athnuachan ar léasanna, etc.

25 .— D’ainneoin aon fhorála sna hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí 1967 go 2005, tá an tÚdarás i dteideal toiliú—

(a) le hathnuachan ar léas nó ar chomhaontú tionóntachta maidir leis an láithreán nó maidir le haon chuid de,

(b) le foligean an láithreáin nó aon chuid de, nó

(c) le hathrú in úsáid an láithreáin nó aon chuid de,

a choimeád siar i gcás ina ndéanfadh an athnuachan sin, an foligean sin nó an t-athrú sin in úsáid, de réir mar a bheidh, dochar do bhainistiú nó d’oibriú an láithreáin.

Séala an Údaráis.

26 .— (1) Soláthróidh an tÚdarás séala dó féin a luaithe is féidir tar éis an lae bunaithe.

(2) Déanfar séala an Údaráis a fhíordheimhniú—

(a) le síniú chathaoirleach an Údaráis nó comhalta eile den Údarás a bheith údaraithe ag an Údarás chuige sin, agus

(b) le síniú an Phríomh-Fheidhmeannaigh nó aon duine eile d’fhoireann an Údaráis a bheidh údaraithe ag an Údarás chuige sin.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Údaráis agus glacfar i bhfianaise ionstraim a airbheartóidh gur ionstraim í a rinne an tÚdarás agus a bheith séalaithe lena shéala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir fho-alt (2)) agus measfar gurb í an ionstraim sin í gan chruthúnas mura suífear a mhalairt.

(4) Aon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala dá mba dhuine nár chomhlacht corpraithe a dhéanfadh nó a d’fhorghníomhódh é nó í, féadfaidh aon duine a bheidh údaraithe go ginearálta nó go speisialta ag an Údarás chuige sin é nó í a dhéanamh nó fhorghníomhú thar ceann an Údaráis.

Socruithe le haghaidh comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha.

27 .— Faoi réir alt 7 den Acht um Údaráis Stáit (Socruithe le hAghaidh Comhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha) 2002, is údarás Stáit chun críocha an Achta sin an tÚdarás, agus, ar an lá bunaithe, leasaítear an Sceideal a ghabhann leis an Acht sin trí “Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt” a chur leis.

Fochuideachtaí, comhfhiontair, etc.

28 .— (1) Féadfaidh fochuideachta cibé feidhmeanna de chuid an Údaráis a chinnfidh an tÚdarás a chomhlíonadh agus dá réir sin, féadfaidh an tÚdarás, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, fochuideachta amháin nó níos mó a fhoirmiú agus a bhunú nó a fháil, chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh an tÚdarás nó fochuideachta, ina aonar nó ina haonar nó i dteannta duine eile, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, foirmiú nó bunú cuideachta a chur chun cinn agus páirt a ghlacadh ann, nó comhfhiontar nó comhpháirtíocht a dhéanamh, chun aon cheann d’fheidhmeanna an Údaráis a chomhlíonadh.

(3) Féadfaidh an tÚdarás le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, scaireanna nó leasanna eile i gcuideachta a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus teacht chun bheith ina chomhalta de chuideachta, chun aon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(4) Beidh meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais fochuideachta i cibé foirm, ar comhréir leis an Acht seo, a chinnfidh an tÚdarás le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

(5) Féadfaidh an tAire ordachán i scríbhinn a thabhairt don Údarás maidir le haon ní a bhaineann le fochuideachta agus déanfaidh an tÚdarás, nó áiritheoidh sé go ndéanfar, ordachán den sórt sin a chomhlíonadh.

(6) Ní thabharfaidh an tAire ordachán faoin alt seo gan toiliú an Aire Airgeadais i ndáil le haon sócmhainní nó barrachais de chuid fochuideachta a dhiúscairt nó a aistriú.

(7) Maidir le fochuideachta de chuid na Cuideachta, measfar gur fochuideachta í arna foirmiú agus arna bunú ag an Údarás faoin alt seo ach déanfaidh fochuideachta den sórt sin an t-alt seo a chomhlíonadh agus, aon fhoráil ina meabhrán comhlachais agus ina hairteagail chomhlachais nach gcomhlíonann an t-alt seo, is foráil ar neamhní í go feadh mhéid an neamhchomhlíonta sin.

An tÚdarás agus fochuideachtaí d’fháil iasachtaí.

29 .— Féadfaidh an tÚdarás nó fochuideachta airgead (lena n-áirítear airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit) a fháil ar iasacht chun aon cheann d’fheidhmeanna an Údaráis a chomhlíonadh, ach ní dhéanfaidh sé nó sí amhlaidh gan ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

Talamh a thíolacadh don Údarás.

30 .— (1) Féadfar talamh a thíolacadh faoi alt 7(8) i modh gníomhais tíolactha nó aistrithe, de réir mar is cuí, nó i modh ordaithe (dá ngairtear “ordú dílseacháin” san alt seo) arna dhéanamh ag an Aire Talmhaíochta agus Bia lena ndílsítear an talamh lena mbaineann san Údarás.

(2) Beidh ordú dílseacháin san fhoirm a bheidh forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin alt seo agus a údaraítear dó nó di leis seo a dhéanamh agus beidh ag gabháil leis léarscáil den talamh lena mbaineann sé agus déarfar ann, agus oibreoidh sé ar chaoi, go ndéantar an talamh sin a dhílsiú don Údarás go feadh eastát agus leas uile an Aire Talmhaíochta agus Bia ann ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don talamh sin agus a bheidh ar marthain agus is inchomhlíonta.

(3) Nuair a dhéanfaidh an tAire Talmhaíochta agus Bia ordú dílseacháin faoin alt seo i ndáil le haon talamh, cuirfidh sé nó sí faoi deara an t-ordú a sheoladh chuig an údarás clárúcháin faoin Acht um Chlárú Teidil 1964 agus, air sin, cuirfidh an t-údarás clárúcháin faoi deara an tÚdarás a chlárú mar úinéir na talún sin de réir an ordaithe.

An tÚdarás d’fháil talún.

31 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás aon talamh atá tadhlach leis an láithreán nó aon leas sa talamh sin nó aon cheart thar an talamh sin a fháil go héigeantach, de réir mhíreanna 1 go 6 de Sceideal 2, chun bealach rochtana chuig an láithreán agus bealach amach as ón mbóthar poiblí agus go dtí an bóthar poiblí a sholáthar.

(2) (a) Beidh éifeacht le forálacha mhíreanna 7 agus 8 de Sceideal 2, más cuí, sna himthosca a shonraítear i bhfomhír 1 den mhír sin 7 chun talamh a dhílsiú don Údarás.

(b) Más rud é go ndéanfar ordú dílseacháin de bhua mhír 7 de Sceideal 2, ní dochar é sin, as féin, d’aon éileamh ar chúiteamh a dhéanfar tar éis an t-ordú a dhéanamh i leith aon eastáit nó leasa sa talamh nó aon chirt thar an talamh, nó aon chuid de, lena mbaineann an t-ordú agus, dá réir sin, beidh feidhm ag forálacha mhír 6 de Sceideal 2 maidir le héileamh den sórt sin.

(3) I bhfo-alt (1) tá le “bóthar poiblí” an bhrí a shanntar dó in alt 2 d’Acht na mBóithre 1993.

CUID 3

Forálacha Idirthréimhseacha

Forbairt Champas agus Staidiam Éireann Teoranta a dhíscaoileadh.

32 .— Díscaoiltear an Chuideachta le héifeacht ón lá bunaithe.

Fostaithe a aistriú.

33 .— Glacfaidh an tÚdarás isteach ina fhostaíocht ar an lá bunaithe, de réir théarmaí an Achta seo, gach duine a bhí, díreach roimh an lá sin, ina fhostaí nó ina fostaí de chuid na Cuideachta ar théarmaí agus coinníollacha nach lú fabhar ná na téarmaí agus na coinníollacha sin ab infheidhme maidir leis an duine sin díreach roimh an lá sin.

Talamh agus maoin eile a aistriú.

34 .— (1) An talamh go léir a bhí dílsithe don Chuideachta, díreach roimh an lá bunaithe, agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann leis an talamh sin nó a ghabhann leis, beidh siad, ar an lá sin, arna ndílsiú don Údarás gan aon tíolacadh, aistriú nó sannadh go feadh an eastáit nó an leasa go léir ar a raibh sé dílsithe don Chuideachta ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don talamh sin agus atá ar marthain agus inchomhlíonta.

(2) Ar an lá bunaithe, gach maoin seachas talamh (lena n-áirítear ábhair i gcaingean) a bhí, díreach roimh an lá sin, ina maoin de chuid na Cuideachta, beidh sí arna haistriú don Údarás gan aon aistriú nó sannadh.

(3) Gach ábhar i gcaingean a aistreofar le fo-alt (2), féadfaidh an tÚdarás, ar an lá bunaithe nó dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú ina ainm féin agus ní gá don Údarás fógra faoin aistriú a dhéantar leis an bhfo-alt seo a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag aon ábhar i gcaingean den sórt sin.

(4) An t-airgead, na stoic, na scaireanna agus na hurrúis go léir a aistreofar chuig an Údarás faoi fho-alt (2) agus a bheidh, díreach roimh an lá bunaithe, in ainm na Cuideachta, déanfar, ar iarraidh ón Údarás, é nó iad a aistriú isteach ina ainm.

Cearta agus dliteanais a aistriú.

35 .— (1) Gach ceart agus dliteanas de chuid na Cuideachta a éireoidh de bhua aon chonartha nó gealltanais (sainráite nó intuigthe) a rinne an Chuideachta roimh an lá bunaithe, beidh siad, ar an lá sin, arna n-aistriú chuig an Údarás.

(2) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear le fo-alt (1) chuig an Údarás, féadfaidh an tÚdarás, ar lá an bunaithe agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó a fhorfheidhmiú ina ainm féin, nó féadfar agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm i gcoinne an Údaráis, ina ainm féin, agus ní gá don Údarás fógra faoin aistriú sin a thabhairt do dhuine a n-aistrítear a cheart nó a ceart nó a dhliteanas nó a dliteanas leis an alt seo.

Conarthaí láithreacha a choimeád ar marthain.

36 .— (1) Gach banna, ráthaíocht nó urrús eile de chineál leanúnach a bheidh déanta nó tugtha ag an gCuideachta d’aon duine, nó a bheidh déanta nó tugtha ag aon duine don Chuideachta, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe, agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn arna dhéanamh idir an Chuideachta agus aon duine eile agus a bheidh i bhfeidhm ach nach mbeidh forghníomhaithe ná curtha i gcrích go hiomlán díreach roimh an lá bunaithe, leanfaidh siad i bhfeidhm ar an lá sin agus dá éis agus forléireofar iad agus beidh éifeacht leo amhail is dá gcuirfí ainm an Údaráis in ionad ainm na Cuideachta iontu.

(2) Gach doiciméad eile arna dheonú nó arna dhéanamh ag an gCuideachta agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe, leanfaidh sé i bhfeidhm ar an lá sin agus dá éis amhail is gurbh é an tÚdarás a dheonaigh nó a rinne é agus forléireofar é agus beidh éifeacht leis dá réir sin.

Imeachtaí dlíthiúla atá ar feitheamh agus ar páirtí iontu an Chuideachta.

37 .— Cuirfear ainm an Údaráis in ionad ainm na Cuideachta in aon imeachtaí dlíthiúla atá ar feitheamh díreach roimh an lá bunaithe agus ar páirtí iontu an Chuideachta, agus ní rachaidh na himeachtaí sin ar ceal mar gheall ar an gcur-in-ionad sin.

Díolúine ó dhleacht stampa.

38 .— Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon ionstraim faoina ndéanfar aon talamh nó aon leas in aon talamh nó aon cheart thairis a thíolacadh don Údarás nó a dhílsiú dó faoin Acht seo.

Bailíochtú na cumhachta chun scaireanna sa Chuideachta a shealbhú agus a aistriú.

39 .— Beidh ag an Taoiseach, ag an Aire Airgeadais agus ag an Aire, agus measfar go raibh acu riamh, cumhacht chun scaireanna sa Chuideachta a shealbhú agus a aistriú agus, maidir le bunú na Cuideachta, beidh sé, agus measfar go raibh sé riamh, chomh bailí éifeachtúil céanna is dá mbeadh an chumhacht sin acu tráth a bunaithe.

SCEIDEAL 1

Talamh atá suite i mBaile an Aba, i mBaile Uí Chuilinn, i mBaile Bhlainséir, sa Cheapóg, i mBaile an Deagánaigh, i gCnoc na gCaorach agus i Snugborough, ar i gContae Bhaile Átha Cliath dóibh go léir, agus ar leis an Aire Talmhaíochta agus Bia é

Alt 2.

Talamh atá suite i gContae Bhaile Átha Cliath, arb é—

(a) an talamh a chuimsítear i bhFóilió 14469 contae Bhaile Átha Cliath den chlár úinéireachta ar thalamh ruílse a choimeádtar faoin Acht um Chlárú Teidil 1964,

(b) an talamh a chuimsítear i bhFóilió 1307 contae Bhaile Átha Cliath den chlár a dúradh,

(c) an talamh a chuimsítear i bhFóilió 4459 contae Bhaile Átha Cliath den chlár a dúradh, agus

(d) an talamh a tíolacadh le Dintiúr Tíolacais dar dáta an 2ú lá d’Eanáir 1951 agus a rinneadh idir an Ró-Onórach James Hans Baron Holmpatrick den Chéad Pháirt, Hugh De La Poer Pack-Beresford agus Raymond Frederick Brooke den Dara Páirt agus an tAire Talmhaíochta agus Bia den Tríú Páirt agus a thuairiscítear sa Dintiúr sin mar a leanas “All that and those Firstly all that part of the lands of Sheephill containing two hundred and thirty nine acres one rood and thirty three perches or thereabouts statute measure more particularly delineated and described on the map annexed hereto and thereon coloured pink and Secondly all that part of the lands of Abbotstown containing fifty acres one rood and thirty five perches or thereabouts statute measure more particularly delineated and described on the said map and thereon coloured green and Thirdly all that part of the lands of Deanstown containing thirty two acres two roods and twelve perches or thereabouts statute measure more particularly delineated and described on the said map and thereon coloured blue and Fourthly all that part of the lands of Blanchardstown containing twelve acres three roods and thirty four perches or thereabouts statute measure more particularly delineated and described on the said map and thereon coloured grey and Fifthly all that part of the lands of Cappoge containing twelve acres one rood and nine perches or thereabouts statute measure more particularly delineated and described on the said map and thereon coloured violet and Sixthly all that part of the lands of Snugborough containing one acre and three roods or thereabouts statute measure more particularly delineated and described on the said map and thereon coloured orange and Seventhly all that part of the lands of Blanchardstown containing six perches or thereabouts statute measure more particularly delineated and described on the said map and thereon coloured red all of which said hereditaments and premises hereby assured are situate in the Barony of Castleknock and County of Dublin”.

SCEIDEAL 2

Forálacha a bhaineann le Fáil Éigeantach

Alt 31.

1. (1) I gcás ina mbeartóidh an tÚdarás aon talamh nó aon leas i dtalamh nó aon cheart thar thalamh a fháil go héigeantach faoi alt 31, déanfaidh an tÚdarás iarratas chuig an Aire ar ordú faoi mhír 2 á údarú don Údarás an talamh a fháil, nó an ceart a fháil nó a úsáid, go héigeantach, agus beidh ag gabháil leis an iarratas cibé léarscáileanna, pleananna agus leabhair thagartha dá dtagraítear i mír 5.

(2) Déanfaidh an tÚdarás fógra a fhoilsiú, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, i dtaobh an iarratais, i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear i limistéar na talún lena mbaineann agus déanfaidh sé cóip den fhógra a sheirbheáil ar gach duine ar dealraitheach don Údarás go bhfuil eastát nó leas aige nó aici sa talamh, a mhéid a bheidh sé indéanta go réasúnach na daoine sin a fhionnadh.

(3) Beidh san fhógra dá dtagraítear i bhfomhír (2) foráil lena gcuirtear in iúl do dhaoine a bhfuil eastát nó leas acu sa talamh lena mbaineann go bhfuil ceart acu agóid a thaisceadh leis an Aire, laistigh de mhí amháin ón tráth a dhéanfaidh an tÚdarás an t-iarratas, in aghaidh ordú a dhéanamh faoi mhír 2 i ndáil leis an talamh agus sonróidh sé na tráthanna agus na háiteanna a bhféadfar na léarscáileanna, na pleananna agus na leabhair thagartha a thaiscfear de réir mhír 5 a iniúchadh.

(4) Déanfaidh an tAire aon agóid in aghaidh iarratas an Údaráis a thaiscfear leis nó léi laistigh den tréimhse dá dtagraítear i bhfomhír (3) a bhreithniú agus a chinneadh agus féadfaidh an tAire, más cuí leis nó léi, comhairleoir a cheapadh chun cabhrú leis nó léi i ndáil leis an gcéanna.

2. I gcás nach dtaiscfear aon agóid in aghaidh iarratas an Údaráis leis an Aire laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1(3) nó i gcás ina ndiúltóidh sé nó sí d’aon agóid den sórt sin, déanfaidh sé nó sí ordú (dá ngairtear “ordú fála” sa Sceideal seo) á údarú don Údarás an talamh nó an ceart lena mbaineann a fháil go héigeantach de réir théarmaí a iarratais nó faoi réir cibé modhnuithe, más ann, a chinnfidh sé nó sí agus a shonróidh sé nó sí san ordú fála.

3. (1) Aon tráth tar éis ordú fála a dhéanamh agus roimh thíolacadh nó fionnadh praghais, féadfaidh an tÚdarás, faoi réir na míre seo, dul isteach ar an talamh a bheidh le fáil agus seilbh a ghlacadh air nó an ceart a bheidh le fáil a fheidhmiú.

(2) Maidir leis an Údarás—

(a) ní rachaidh sé isteach ar aon talamh nó ní ghlacfaidh sé seilbh air faoin mír seo gan fógra i scríbhinn a thabhairt d’áititheoir na talún mí amháin ar a laghad roimh ré go bhfuil sé beartaithe aige déanamh amhlaidh,

(b) ní dhéanfaidh sé aon cheart faoin mír seo a fheidhmiú gan fógra i scríbhinn a thabhairt mí amháin ar a laghad roimh ré d’áititheoir na talún ar ina leith a bheidh an ceart le feidhmiú go bhfuil sé beartaithe aige déanamh amhlaidh.

4. (1) Féadfar fógra faoin Sceideal seo a sheirbheáil ar aon duine trína chur leis an bpost cláraithe i gclúdach litreach a bheidh dírithe chuige nó chuici ag a ghnáthsheoladh nó a gnáthsheoladh nó ag an seoladh is deireanaí is eol a bheith aige nó aici.

(2) Más rud é, ar aon chúis, nach bhféadfar an clúdach litreach a dhíriú amhlaidh, féadfar é a sheirbheáil ar an duine dá bhfuil sé beartaithe trína chur leis an bpost cláraithe i gclúdach litreach a bheidh dírithe chuig “an t-áititheoir” gan a ainm nó a hainm a lua ag an talamh lena mbaineann an fógra.

5. (1) Cuirfidh an tÚdarás faoi deara léarscáileanna, pleananna agus leabhair thagartha a thaisceadh de réir na míre seo.

(2) Beidh na léarscáileanna agus na pleananna dóthanach ó thaobh cainníochta agus gné chun go dtaispeánfaidh siad ar leorscálaí an talamh nó an ceart a bheartaítear a fháil.

(3) Tabharfaidh na leabhair thagartha ainmneacha úinéirí nó úinéirí ainme, léasaithe nó léasaithe ainme agus áititheoirí na talún a bheartaítear a fháil nó ar ina leith a bheartaítear an ceart a fheidhmiú.

(4) Taiscfear na léarscáileanna, na pleananna agus na leabhair thagartha i cibé áit nó áiteanna is dóigh leis an Údarás, le toiliú an Aire, a bheith oiriúnach agus coimeádfar i dtaisce iad amhlaidh ar feadh míosa amháin ar a laghad agus fad a bheidh siad i dtaisce amhlaidh, beidh siad ar oscailt lena n-iniúchadh ag aon duine, saor in aisce, idir 10 a chlog ar maidin agus 4 a chlog tráthnóna gach lá ach amháin an Satharn, an Domhnach agus laethanta saoire poiblí.

6. (1) Cheal comhaontú, is faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act 1919 a shocrófar méid an phraghais a bheidh le híoc ag an Údarás ar aon talamh a gheofar de bhun ordú fála leis na daoine uile agus faoi seach a bheidh ina theideal nó ag a bhfuil eastáit nó leasanna ann nó a bheidh le híoc ar aon cheart a gheofar de bhun ordú fála leis na daoine uile agus faoi seach ag a bhfuil teideal chun na talún nó eastáit nó leasanna sa talamh ar ina leith a bheidh an ceart á fheidhmiú.

(2) Beidh feidhm ag ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act 1845 maidir leis an bpraghas sin agus, faoi réir mhíreanna 7 agus 8, maidir leis an talamh nó leis an gceart a gheofar a thíolacadh don Údarás agus measfar, chun na forálacha sin a fheidhmiú, gurb é an tÚdarás tionscnóirí an ghnóthais.

7. (1) I gcás ina mbeidh an tÚdarás tar éis dul isteach, agus seilbh a ghlacadh, ar thalamh de réir mhír 3 agus gur deimhin leis an Aire—

(a) nach ndearnadh na leasanna leithleacha sa talamh a thíolacadh don Údarás nó a aistriú chuige,

(b) go bhfuil géarghá ann, i dtaca leis na críocha dá bhfuil an tÚdarás údaraithe an talamh a fháil go héigeantach, gur ceart fáil na talún a thabhairt chun críche, agus

(c) go bhfuil tairiscint chuí déanta i scríbhinn ag an Údarás do gach duine ag a bhfuil leas sa talamh agus a mbeidh sonraí dóthanacha tugtha i dtaobh a leasa aige nó aici chun a chumasú don Údarás tairiscint chuí a dhéanamh i leith an leasa sin,

ansin féadfaidh an tAire ordú a dhéanamh (dá ngairtear “ordú dílseacháin” sa Sceideal seo) lena ndílseofar an talamh don Údarás.

(2) Más rud é, roimh an ordú dílseacháin a dhéanamh, go dtiocfaidh an tAire nó an tÚdarás ar an eolas go bhfuil an talamh a bheidh le fáil leis an ordú faoi réir (cibé acu go haonarach nó i dteannta talún eile) aon bhlianachta nó íocaíochta eile leis an Aire Talmhaíochta agus Bia nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, nó faoi réir aon mhuirir i leith dleachta eastáit, dleachta comharbais nó cánach oidhreachta is iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim ar bhás aon duine, cuirfidh an tAire nó an tÚdarás, de réir mar a bheidh, in iúl láithreach don Aire Talmhaíochta agus Bia, do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó do na Coimisinéirí Ioncaim, de réir mar a bheidh, go mbeartaítear an t-ordú a dhéanamh.

(3) Nuair a bheidh ordú dílseacháin déanta, déanfaidh an tÚdarás, laistigh de 7 lá tar éis fógra a fháil ón Aire i dtaobh an t-ordú a dhéanamh—

(a) fógra a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear i limistéar na talún lena mbaineann an t-ordú, á rá go bhfuil an t-ordú déanta, ag tuairisciú na talún sin agus ag ainmniú áite ina bhféadfar cóip den ordú a fheiceáil gach tráth réasúnach, agus

(b) fógra, á rá go bhfuil an t-ordú sin déanta agus cén éifeacht atá leis an ordú, a sheirbheáil ar gach duine a dhealróidh dó leas a bheith aige nó aici sa talamh lena mbaineann an t-ordú.

8. (1) Is san fhoirm a bheidh forordaithe i rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Sceideal seo agus a údaraítear leis seo dó nó di a dhéanamh a bheidh ordú dílseacháin agus beidh i gceangal leis léarscáil den talamh lena mbaineann sé agus déarfar ann, agus oibreoidh sé ar chaoi, go ndéantar an talamh sin a dhílsiú don Údarás i bhfeo simplí saor ó eirí agus ó gach eastát, ceart, teideal agus leas de gach uile chineál (seachas aon cheart slí poiblí) ar dháta sonraithe nach luaithe ná 21 lá tar éis an t-ordú dílseacháin a dhéanamh.

(2) D’ainneoin aon ní i bhfomhír (1), i gcás ina mbeidh an tÚdarás tar éis talamh a fháil, le hordú dílseacháin, is talamh atá, go haonarach nó i dteannta talún eile, faoi réir blianachta ceannaigh, íocaíochta in ionad cíosa nó suime bliantúla eile (nach cíos faoi chonradh tionóntachta, agus sin amháin, a bheidh inti) is iníoctha leis an Aire Talmhaíochta agus Bia nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, tiocfaidh an tÚdarás chun bheith agus beidh sé faoi dhliteanas, amhail ón dáta a dhílseofar an talamh dó leis an ordú dílseacháin, chun an tsuim bhliantúil nó cibé cuid di a chionroinnfidh an tAire Talmhaíochta agus Bia nó Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, de réir mar a bheidh, a íoc leis an Aire Talmhaíochta agus Bia nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, de réir mar a bheidh, ar an talamh amhail is dá ndéanfadh úinéir na talún an talamh a thíolacadh chuig an Údarás ar an dáta sin.

(3) I gcás ina ndéanfaidh an tAire ordú dílseacháin i ndáil le haon talamh, cuirfidh sé nó sí faoi deara an t-ordú a chur chuig an údarás clárúcháin faoin Acht um Chlárú Teidil 1964 agus air sin cuirfidh an t-údarás clárúcháin faoi deara an tÚdarás a chlárú mar úinéir na talún de réir an ordaithe.