|
||||
|
[EN] | |||||||||
| |||||||||
Uimhir 22 de 2006 | |||||||||
AN tACHT UM BINSE CÚITIMH I nDÁIL LE HEIPITÍTEAS C (LEASÚ) 2006 | |||||||||
[An tiontú oifigiúil] | |||||||||
RIAR NA nALT | |||||||||
Alt | |||||||||
1 . Leasú ar alt 1 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 (léiriú). | |||||||||
2 . Leasú ar alt 4 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 (éilimh os comhair an Bhinse). | |||||||||
3 . Leasú ar alt 7 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 (rialacháin chun éifeacht a thabhairt don Acht). | |||||||||
4 . Ailt nua 7A (achomhairc i gcoinne breitheanna iomchuí ó riarthóir scéime), 7B (cuntas speisialta do scéim árachais iomchuí), 7C (cumhacht riarthóra scéime chun foirmeacha a shonrú) agus 7D (rúndacht nithe a bhaineann le héilitheoirí iomchuí) a chur isteach san Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C, 1997. | |||||||||
5 . Leasú ar alt 10 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 (cuntas speisialta). | |||||||||
6 . Leasú ar alt 2 den Acht Sláinte (Leasú) 1996 (seirbhísí sláinte a sholáthar gan mhuirear do dhaoine áirithe a bhfuil heipitíteas C tolgtha acu). | |||||||||
7 . Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme. | |||||||||
Na hAchtanna dá dTagraítear | |||||||||
| |||||||||
| |||||||||
Uimhir 22 de 2006 | |||||||||
AN tACHT UM BINSE CÚITIMH I nDÁIL LE HEIPITÍTEAS C (LEASÚ) 2006 | |||||||||
[An tiontú oifigiúil] | |||||||||
ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA UM BINSE CÚITIMH I nDÁIL LE HEIPITÍTEAS C 1997 AGUS 2002, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN SCÉIM ÁRACHAIS A BHUNÚ DÁ CHUMASÚ AICMÍ ÁIRITHE ÁRACHAIS A SHOLÁTHAR DO DHAOINE ÁIRITHE A FÁTHMHEASADH GO DEARFACH MAIDIR LE HEIPITÍTEAS C NÓ HIV IS AICMÍ ÁRACHAIS NACH mBEADH AR FÁIL DÓIBH THAIRIS SIN NÓ A BHEADH AR FÁIL DÓIBH ACH PRÉIMH NÍOS AIRDE A ÍOC AGUS DO DHÉANAMH LEASÚ GAOLMHAR AR AN ACHT SLÁINTE (LEASÚ) 1996. | ||
[16 Iúil, 2006] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
Leasú ar alt 1 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 (léiriú). |
1 .— Leasaítear alt 1 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997— | |
[EN] | (a) i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “gníomhaireacht iomchuí”: | |
[EN] | “ciallaíonn ‘éilitheoir iomchuí’ éilitheoir a bhféadfar aicme árachais a sholáthar dó nó di de bhun na scéime árachais iomchuí; | |
[EN] | ciallaíonn ‘scéim árachais iomchuí’ an scéim árachais arna bunú de bhun rialachán arna ndéanamh faoi alt 7(1)(d); | |
[EN] | ciallaíonn ‘riarthóir scéime’ an duine a cheaptar de bhun alt 7(10) chun an scéim árachais iomchuí a riaradh;”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): | |
[EN] | “(1A) Faoi réir fho-alt (1B), níl duine fáthmheasta go dearfach maidir le Heipitíteas C chun críocha an Achta seo mura rud é— | |
[EN] | (a) go bhfuil an fáthmheas— | |
[EN] | (i) bunaithe ar thoradh dearfach tástála a eascraíonn as measúnacht imdhíonsúiteachta einsímnasctha, nó | |
[EN] | (ii) i gcás measúnachta imdhíonbhlaba athchuingrigh lena dtugtar tásc i dtaobh antasubstaintí i ndáil le hantaiginí víorasacha aonair ar 4 bhanda antasubstainte éagsúla a aithnítear mar C-22, C-33, C-100 agus NS-5, bunaithe ar thoradh dearfach tástála— | |
[EN] | (I) nach lú ná 2+ ar an mbanda antasubstainte C-22, nó | |
[EN] | (II) nach lú ná 3+ ar gach banda d’aon dá bhanda de na bandaí antasubstainte eile, | |
[EN] | nó | |
[EN] | (iii) bunaithe ar thoradh dearfach tástála a eascraíonn as tástáil um imoibriú slabhrúil polaiméaráise (PCR), | |
[EN] | (b) go léiríonn an duine airíonna géarionfhabhtaithe faoi threoir buíochán, nó leibhéil ardaithe aimíneatrasfaráise alaimíne (ALT), a bheith ann tráth nach déanaí ná 16 sheachtain tar éis frith-D a fhriotháil ar an duine, nó | |
[EN] | (c) go bhfuil an fáthmheas bunaithe ar thoradh dearfach tástála a eascraíonn as tástáil arna sonrú chun críocha an fho-ailt seo i rialacháin arna ndéanamh faoi alt 7(1)(e). | |
[EN] | (1B) Níl feidhm ag fo-alt (1A) maidir le héileamh ar chúiteamh chuig an mBinse a rinneadh roimh an 20 Meitheamh 2006 nó i ndáil le héileamh den sórt sin.”. | |
Leasú ar alt 4 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 (éilimh os comhair an Bhinse). |
2 .— Leasaítear alt 4(1) den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 (arna leasú le halt 4 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C (Leasú) 2002) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (h): | |
[EN] | “(h) aon duine— | |
[EN] | (i) atá pósta le duine a tháinig faoi réim mhír (a), (b) nó (f) roimh thosach feidhme na míre seo agus a bhí pósta amhlaidh roimh an tosach feidhme sin, | |
[EN] | (ii) atá pósta le duine a tháinig faoi réim mhír (a), (b) nó (f) ar thosach feidhme na míre seo nó dá éis agus a bhí pósta amhlaidh sular tháinig an duine faoi réim na míre sin amhlaidh, | |
[EN] | (iii) a bhí ina chónaí nó ina cónaí le duine a tháinig faoi réim mhír (a), (b) nó (f) roimh thosach feidhme na míre seo agus a bhí ina chónaí nó ina cónaí amhlaidh leis an duine ar feadh tréimhse leanúnaí nach giorra ná 3 bliana dar tosach tráth roimh thosach feidhme na míre seo, nó | |
[EN] | (iv) a bhí ina chónaí nó ina cónaí le duine a tháinig faoi réim mhír (a), (b) nó (f) ar thosach feidhme na míre seo nó dá éis agus a bhí ina chónaí nó ina cónaí amhlaidh leis an duine ar feadh tréimhse leanúnaí nach giorra ná 3 bliana dar tosach tráth sular tháinig an duine faoi réim na míre sin amhlaidh, | |
[EN] | i leith cuibhreannas an duine sin a chailleadh, lena n-áirítear lagú caidrimh ghnéasaigh leis an duine, a eascraíonn de dhroim an bhaoil go dtarchuirfear Heipitíteas C nó HIV,”. | |
Leasú ar alt 7 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 (rialacháin chun éifeacht a thabhairt don Acht). |
3 .— Leasaítear alt 7 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997— | |
[EN] | (a) i bhfo-alt (1)— | |
[EN] | (i) i mír (c), trí “an Bhinse,” a chur in ionad “an Bhinse.”, agus | |
[EN] | (ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c): | |
[EN] | “(d) scéim árachais a bhunú, a oibriú, a riaradh agus a mhaoirsiú chun aicme árachais a sholáthar d’éilitheoir— | |
[EN] | (i) a thagann faoina réim seo a leanas— | |
[EN] | (I) alt 4(1)(a), (b), (c), (f), nó (g), | |
[EN] | (II) an míniú ar ‘gaol a fáthmheasadh’ i rialachán 2 de na Rialacháin fán Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 (Aicmí Éilitheoirí os comhair an Bhinse a Leathnú) 1998 (Uimh. 432 de 1998), nó | |
[EN] | (III) aicme daoine a shonraítear i rialacháin arna ndéanamh faoi alt 9 ar thosach feidhme na míre seo nó dá éis más rud é, agus más rud é amháin, go sonraítear sna rialacháin go mbeidh feidhm ag an mír seo maidir leis an aicme sin, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (ii) a ndiúltófar árachas den aicme sin dó nó di (nó ar ina leith a chreideann an riarthóir scéime le réasún go ndiúltófaí árachas den aicme sin don éilitheoir dá ndéanfadh an t-éilitheoir iarratas air)— | |
[EN] | (I) ag árachóir a bhaineann le haicme árachóirí a shonraítear sna rialacháin, agus | |
[EN] | (II) (A) ar an bhforas, nó ar cheann de na forais, gur fáthmheasadh an t-éilitheoir go dearfach maidir le Heipitíteas C nó HIV, nó | |
[EN] | (B) mura rud é go n-íocfaidh an t-éilitheoir préimh is airde ná an phréimh a dhéanfadh duine den aois chéanna agus den inscne chéanna nár fáthmheasadh go dearfach maidir le Heipitíteas C nó HIV, de réir mar a bheidh, a íoc i gcoitinne ar árachas den aicme sin, | |
[EN] | (e) tástáil a shonrú chun críocha fho-alt (1A)(c) d’alt 1.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): | |
[EN] | “(1A) Maidir leis na rialacháin a fhéadfaidh an tAire a dhéanamh faoin alt seo i leith na scéime árachais iomchuí, folaíonn siad rialacháin— | |
[EN] | (a) chun feidhmeanna an riarthóra scéime a shonrú, | |
[EN] | (b) faoi réir mhíreanna (c) go (o) agus fho-alt (3), chun na coinníollacha a shonrú ar faoina réir a sholáthrófar, nó nach soláthrófar, sochar faoin scéim, nó a scoirfear dá sholáthar, d’éilitheoir iomchuí— | |
[EN] | (i) bunaithe ar an tráth a dhéanfaidh an t-éilitheoir iarratas ar an sochar chuig an riarthóir scéime, agus | |
[EN] | (ii) bunaithe ar aois an éilitheora tráth déanta an iarratais, | |
[EN] | (c) chun árachas saoil a sholáthar, mar shochar faoin scéim d’éilitheoir iomchuí, gan dul thar shuim uasta árachaithe— | |
[EN] | (i) faoi réir fhomhír (ii), den mhéid is mó díobh seo a leanas— | |
[EN] | (I) faoi réir mhír (d), €420,000, nó | |
[EN] | (II) 7 n-oiread ioncaim thuillte bhliantúil— | |
[EN] | (A) an éilitheora, | |
[EN] | (B) duine atá pósta leis an éilitheoir, | |
[EN] | (C) duine a bhí ag maireachtáil i bhfochair an éilitheora ar feadh tréimhse leanúnaí 3 bliana ar a laghad díreach sula ndéanann an t-éilitheoir iarratas ar an sochar chuig an riarthóir scéime, nó | |
[EN] | (D) an éilitheora agus duine dá dtagraítear i bhfochlásal (B) nó (C), | |
[EN] | (ii) faoi réir mhír (d), €525,000 in aon chás inar mó ná €525,000 an méid is mó dá dtagraítear i bhfomhír (i), | |
[EN] | (d) chun na méideanna dá dtagraítear i mír (c)(i)(I) agus (ii) a threoir-nascadh leis an Treoir-Phraghas do Thomhaltóirí arna thiomsú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (nó le comharba na treorach sin), | |
[EN] | (e) faoi réir mhír (f), chun árachas cosanta morgáiste a sholáthar i leith príomh-áit chónaithe a cheannach ag an éilitheoir, nó árachas cosanta morgáiste a sholáthar i leith príomh-áit chónaithe an éilitheora a athchóiriú, a athfheistiú, a mhéadú nó a fheabhsú, nó i leith aon teaglama den chéanna, mar shochar faoin scéim d’éilitheoir iomchuí, gan dul thar shuim uasta árachaithe den mhéid is mó díobh seo a leanas— | |
[EN] | (i) €394,000, nó | |
[EN] | (ii) suim atá comhionann le meánphraghas tí i gcontaebhuirg Bhaile Átha Cliath— | |
[EN] | (I) ar an dáta iomchuí i gcás na bliana 2006, | |
[EN] | (II) ar chothrom bliana is déanaí an dáta iomchuí i gcás aon bhliana ina dhiaidh sin, | |
[EN] | de réir mar a chinnfear le Treoir-Phraghas Tithe an Permanent TSB/na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (Baile Átha Cliath) (nó le comharba na treorach sin) arna mhéadú 25 faoin gcéad, | |
[EN] | (f) chun an méid dá dtagraítear i mír (e)(i) a threoir-nascadh le Treoir-Phraghas Tithe an Permanent TSB/na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (Baile Átha Cliath) (nó le comharba na treorach sin), | |
[EN] | (g) faoi réir mhír (h), chun foráil a dhéanamh, mar shochar faoin scéim d’éilitheoir iomchuí, trí aon mhaoin de chuid an éilitheora a athmhorgáistiú, maidir le cothromas an éilitheora sa mhaoin a scaoileadh, gan dul thar shuim uasta árachaithe €100,000, | |
[EN] | (h) chun a shonrú go ndiúltóidh an riarthóir scéime d’iarratas ar shochar dá dtagraítear i mír (g) a dhéanfar ar chothrom bliana an dáta iomchuí nó dá éis, | |
[EN] | (i) chun árachas taistil bliantúil a sholáthar, mar shochar faoin scéim d’éilitheoir iomchuí, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an lae a cheapfar faoi fho-alt (11) mar an lá bunaithe le haghaidh na scéime, | |
[EN] | (j) faoi réir mhír (m), chun a shonrú nach mór d’éilitheoir iomchuí, in aon chás ina mbaineann fo-alt (1)(d)(ii)(II)(A) leis an éilitheoir, iarratas a dhéanamh chuig an riarthóir scéime ar aon sochar faoin scéim (ach amháin sochar dá dtagraítear i mír (i))— | |
[EN] | (i) i gcás éilitheora iomchuí is éilitheoir den sórt sin ar an dáta iomchuí, roimh chothrom bliana an dáta iomchuí, | |
[EN] | (ii) i gcás aon éilitheora iomchuí eile, roimh chothrom trí bliana an chéad dáta a fáthmheasadh an t-éilitheoir go dearfach maidir le Heipitíteas C nó HIV, | |
[EN] | (k) faoi réir mhír (m), chun a shonrú maidir le héilitheoir iomchuí a mhainneoidh rialacháin a thagann faoi réim mhír (j) a chomhlíonadh ach a dhéanfaidh iarratas fós chuig an riarthóir scéime ar shochar faoin scéim, go bhféadfadh sé— | |
[EN] | (i) go mbeidh air nó uirthi fanacht tréimhse (‘tréimhse feithimh’) sula soláthrófar an sochar, | |
[EN] | (ii) nach soláthrófar an sochar ach go páirteach dó nó di, | |
[EN] | (iii) nach soláthrófar an sochar ach go breisitheach dó nó di, | |
[EN] | nó trí aon teaglaim den chéanna, de réir mar a shonraítear sna rialacháin, | |
[EN] | (l) chun foráil a dhéanamh maidir le tréimhse feithimh d’éilitheoirí iomchuí os cionn 50 bliain d’aois ar tréimhse í atá níos faide ná an tréimhse feithimh d’éilitheoirí iomchuí faoi bhun 50 bliain d’aois, i gcásanna ina mbaineann fo-alt (1)(d)(ii)(II)(A) leis na héilitheoirí, | |
[EN] | (m) chun a shonrú nach mbeidh feidhm ag rialacháin a thagann faoi réim mhír (j) nó (k) maidir le hiarratas nó i ndáil le hiarratas chuig an riarthóir scéime ar shochar faoin scéim a dhéanfaidh éilitheoir iomchuí atá faoi bhun 30 bliain d’aois tráth an iarratais, | |
[EN] | (n) chun a shonrú go ndiúltóidh an riarthóir scéime d’iarratas ar shochar faoin scéim ar iarratas é— | |
[EN] | (i) a dhéanann éilitheoir iomchuí nach bhfuil faoi bhun 65 bliana d’aois, agus | |
[EN] | (ii) a dhéantar ar chothrom bliana an dáta iomchuí nó dá éis, | |
[EN] | (o) chun a shonrú— | |
[EN] | (i) nach ndéanfar aon sochar a sholáthar faoin scéim, nó | |
[EN] | (ii) nach leanfar d’aon sochar a sholáthar faoin scéim, | |
[EN] | d’éilitheoir iomchuí nach bhfuil faoi bhun 75 bliana d’aois.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2): | |
[EN] | “(3) Ní shonrófar le rialacháin arna ndéanamh faoi fho-alt (1A) aon choinníollacha a fhágann gur gá déileáil ar shlí eagsúil le héilitheoirí iomchuí éagsúla ar bhonn a riochtaí liachta faoi seach seachas an riocht liachta ar dá bhua is éilitheoir iomchuí duine. | |
[EN] | (4) Ní dhéanfar aon ní san alt seo, nó in aon rialacháin a dhéanfar faoin alt seo, a fhorléiriú mar ní lena dtabharfar teideal d’aon éilitheoir iomchuí chun aon sochair faoin scéim árachais iomchuí gan préimheanna árachais a íoc a bheadh le híoc i gcoitinne as an sochar ag duine den aois chéanna agus den inscne chéanna nach duine atá fáthmheasta go dearfach maidir le Heipitíteas C nó HIV, de réir mar a bheidh, ach amháin, chun an t-alt seo nó na rialacháin sin a fhorléiriú amhlaidh, nach dtabharfar aon aird ar aon riocht liachta eile de chuid an éilitheora. | |
[EN] | (5) Más rud é— | |
[EN] | (a) go ndéanann éilitheoir iomchuí iarratas chuig an riarthóir scéime ar shochar faoin scéim árachais iomchuí i gcomhpháirt le duine amháin nó le níos mó ná duine amháin (‘duine eile’) nach éilitheoir iomchuí é nó í, agus | |
[EN] | (b) go ndéantar an sochar a sholáthar don éilitheoir iomchuí agus don duine eile i gcomhpháirt, | |
[EN] | ansin— | |
[EN] | (i) faoi réir fhomhír (ii), ceanglófar ar an duine eile an phréimh sin a íoc, i leith an tsochair agus a mhéid amháin a sholáthraítear an sochar don duine eile, ar préimh í a bheadh le híoc i gcoitinne as an sochar sin ag duine den aois chéanna agus den inscne chéanna agus den stádas sláinte céanna leis an duine eile, agus | |
[EN] | (ii) ní cheanglófar ar an éilitheoir iomchuí agus ar an duine eile préimh a íoc i leith an tsochair a sholáthraítear don duine iomchuí agus don duine eile i gcomhpháirt, ar préimh í atá níos airde ná an phréimh a bheadh le híoc i gcoitinne as an sochar a sholáthar i gcomhpháirt do 2 dhuine den aois chéanna agus den inscne chéanna leis an duine iomchuí agus leis an duine eile, ar 2 dhuine iad nár fáthmheasadh ceachtar acu go dearfach maidir le Heipitíteas C nó HIV. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an riarthóir scéime na nósanna imeachta a chinneadh atá le glacadh le linn an scéim árachais iomchuí a oibriú, a riaradh agus a mhaoirsiú a mhéid nach mbeidh na nósanna imeachta ar neamhréir le haon fhoráil den Acht seo (lena n-áirítear aon fhoráil d’aon rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo). | |
[EN] | (7) Féadfaidh an riarthóir scéime diúltú iarratas ar shochar faoin scéim árachais iomchuí a bhreithniú, nó a bhreithniú tuilleadh, más rud é— | |
[EN] | (a) nach mbeidh an t-iarratas san fhoirm, más ann, a shonraítear faoi alt 7C, nó | |
[EN] | (b) faoi réir alt 7C(4), go mainneoidh an t-iarratasóir cibé faisnéis, de bhreis ar an bhfaisnéis a sholáthraítear san iarratas nó leis an iarratas, a éileoidh an riarthóir scéime le réasún chun a chumasú don riarthóir scéime cáilitheacht an iarratasóra le haghaidh an tsochair a chinneadh, a sholáthar don riarthóir scéime. | |
[EN] | (8) Dearbhaítear leis seo— | |
[EN] | (a) má sholáthraítear sochar faoin scéim árachais iomchuí d’éilitheoir iomchuí, nó d’éilitheoir iomchuí agus don duine eile, trí 2 pholasaí nó níos mó, beidh feidhm ag suim uasta arna forordú i rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo i leith na scéime maidir leis na polasaithe i dteannta a chéile, agus | |
[EN] | (b) maidir le haon árachas a soláthraíodh d’éilitheoir iomchuí, nó d’éilitheoir iomchuí agus don duine eile, roimh an dáta iomchuí, ar an dáta iomchuí nó dá éis, déanfar neamhshuim de chun suim uasta arna forordú i rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo a chinneadh i leith sochair faoin scéim árachais iomchuí a soláthraíodh don éilitheoir, nó d’éilitheoir iomchuí agus don duine eile, de réir mar a bheidh. | |
[EN] | (9) I gcás go ndéantar iarratas ar shochar faoin scéim árachais iomchuí chuig an riarthóir scéime ar chothrom bliana an lae a cheapfar faoi fho-alt (11) mar an lá bunaithe le haghaidh na scéime, nó dá éis, ansin déanfaidh an riarthóir scéime— | |
[EN] | (a) faoi réir mhíreanna (b) agus (c), an t-iarratas a chinneadh tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis an lae a fuair an riarthóir scéime an t-iarratas, | |
[EN] | (b) faoi réir mhír (c), má tá feidhm ag fo-alt (7) maidir leis an iarratas, tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis an lae a scoireann an fo-alt sin d’fheidhm a bheith aige maidir leis an iarratas, | |
[EN] | (c) in aon chás go mainníonn an riarthóir scéime déanamh de réir mhír (a) nó (b), fógra i scríbhinn a chur chuig an iarratasóir, tráth nach déanaí ná 7 lá tar éis na mainneachtana sin, ar fógra é ina leagfar amach na cúiseanna atá ag an riarthóir scéime leis an mainneachtain sin. | |
[EN] | (10) Ceapfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte duine (a fhéadfaidh a bheith ina fhostaí nó ina fostaí de chuid na Feidhmeannachta) chun an scéim árachais iomchuí a riaradh. | |
[EN] | (11) Déanfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha na scéime árachais iomchuí. | |
[EN] | (12) Déanfaidh riarthóir scéime na scéime árachais iomchuí tuarascáil ar ghníomhaíochtaí an riarthóra scéime agus sonraí i dtaobh chuntais an riarthóra scéime a chur faoi bhráid an Aire cibé tráth a ordóidh an tAire. | |
[EN] | (13) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de na tuarascálacha sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
[EN] | (14) Ní shainaithneofar aon éilitheoir iomchuí i dtuarascáil de chuid an riarthóra scéime. | |
[EN] | (15) San alt seo, ciallaíonn ‘dáta iomchuí’ dáta thosach feidhme fho-alt (1A).”. | |
Ailt nua 7A (achomhairc i gcoinne breitheanna iomchuí ó riarthóir scéime), 7B (cuntas speisialta do scéim árachais iomchuí), 7C (cumhacht riarthóra scéime chun foirmeacha a shonrú) agus 7D (rúndacht nithe a bhaineann le héilitheoirí iomchuí) a chur isteach san Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C, 1997. |
4 .— Leasaítear an tAcht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 7: | |
[EN] | Achomhairc i gcoinne breitheanna iomchuí ó riarthóir scéime. | |
[EN] | 7A.— (1) Féadfaidh duine achomharc a dhéanamh i gcoinne breithe iomchuí tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis don riarthóir scéime fógra i scríbhinn faoin mbreith a thabhairt don duine. | |
[EN] | (2) Maidir le hachomharc faoi fho-alt (1)— | |
[EN] | (a) is i bhfoirm a shonrófar faoi alt 7C chun críocha an ailt seo a bheidh sé, agus | |
[EN] | (b) luafar ann na cúiseanna atá leis an achomharc. | |
[EN] | (3) Déanfaidh an tAire duine amháin nó níos mó ná duine amháin a cheapadh i scríbhinn— | |
[EN] | (a) is abhcóide nó is aturnae ag a bhfuil seasamh 5 bliana ar a laghad, | |
[EN] | (b) chun achomhairc faoi fho-alt (1) a bhreithniú, agus | |
[EN] | (c) faoi réir fho-ailt (9) (a) agus (10), ar cibé téarmaí agus coinníollacha a bheidh sonraithe sa cheapachán. | |
[EN] | (4) Aon duine a cheapfar de bhun fho-alt (3) chun achomharc faoi fho-alt (1) a bhreithniú— | |
[EN] | (a) beidh sé nó sí neamhspleách i gcomhlíonadh fheidhmeanna an duine faoin Acht seo, i gcáil duine arna cheapadh nó arna ceapadh amhlaidh, | |
[EN] | (b) faoi réir mhír (a), déanfaidh sé nó sí de réir treoirlínte (más ann) arna n-ullmhú agus arna n-eisiúint ag an Aire i leith an nós imeachta a bheidh le leanúint maidir le haon bhreithniú a dhéanfar ar achomharc faoi fho-alt (1), | |
[EN] | (c) breithneoidh sé nó sí aon aighneachtaí scríofa nó ó bhéal a dhéanfaidh an t-achomharcóir agus an riarthóir scéime, nó a dhéanfar thar a gceann, i leith an achomhairc, | |
[EN] | (d) tabharfaidh sé nó sí breith i scríbhinn lena gcinnfear an t-achomharc a luaithe is indéanta in imthosca uile an cháis agus, má cheadaítear an t-achomharc, déanfaidh sé nó sí, sa bhreith sin, aon chostais agus caiteachais réasúnacha a bheidh tabhaithe ag an achomharcóir, le linn an t-achomharc a dhéanamh, a dhámhachtain don achomharcóir, | |
[EN] | (e) déanfaidh sé nó sí cóip den bhreith a chur chuig an achomharcóir agus chuig an riarthóir scéime mar aon leis na cúiseanna atá ag an duine leis an mbreith, agus | |
[EN] | (f) déanfaidh sé nó sí an t-achomharc a sheoladh ar shlí seachas go poiblí. | |
[EN] | (5) Féadfaidh duine a ndéanann breith faoi fho-alt (4)(d) difear dó nó di achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte— | |
[EN] | (a) ar phonc dlí i gcoinne na breithe, agus | |
[EN] | (b) tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis don achomharcóir cóip den bhreith agus na cúiseanna atá leis an mbreith a fháil de bhun fho-alt (4)(e). | |
[EN] | (6) Maidir le breith ón Ard-Chúirt tar éis achomhairc faoi fho-alt (5), sonrófar inti, más cuí sin, an tréimhse ar laistigh di a thabharfar éifeacht don bhreith. | |
[EN] | (7) Is breith chríochnaitheach dhochloíte breith na hArd-Chúirte ar achomharc faoi fho-alt (5). | |
[EN] | (8) Maidir leis an riarthóir scéime— | |
[EN] | (a) más infheidhme, tabharfaidh sé nó sí éifeacht do bhreith faoi fho-alt (4)(d) a luaithe is indéanta tar éis an tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (5) a bheith caite gan aon achomharc faoi fho-alt (5) a bheith déanta i leith na breithe, | |
[EN] | (b) más infheidhme, tabharfaidh sé nó sí éifeacht do bhreith ón Ard-Chúirt ar achomharc faoi fho-alt (5)— | |
[EN] | (i) laistigh den tréimhse, más ann, a bheidh sonraithe sa bhreith, nó | |
[EN] | (ii) murab infheidhmithe fomhír (i), a luaithe is indéanta. | |
[EN] | (9) Aon duine a cheapfar de bhun fho-alt (3)— | |
[EN] | (a) íocfar leis nó léi cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, | |
[EN] | (b) féadfar cibé foireann bhuan nó foireann shealadach a sholáthar dó nó di (lena n-áirítear saineolaithe míochaine nó saineolaithe eile), is foireann a íocfar de réir cibé luach saothair a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, is gá, le réasún, chun a chumasú don duine na feidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh i gcáil duine arna cheapadh nó arna ceapadh amhlaidh, agus | |
[EN] | (c) féadfaidh sé nó sí éirí as an gceapachán trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Aire. | |
[EN] | (10) Féadfaidh an tAire ceapachán duine arna cheapadh nó arna ceapadh de bhun fho-alt (3) a chúlghairm ar chúiseanna sonraithe. | |
[EN] | (11) Déanfaidh gach aon duine a cheapfar faoi fho-alt (3), i gceann cibé eatraimh a shonróidh an tAire i scríbhinn, tuarascáil i scríbhinn a chur faoi bhráid an Aire i ndáil le comhlíonadh fheidhmeanna an duine faoin Acht seo i gcáil duine arna cheapadh nó arna ceapadh amhlaidh le linn na tréimhse lena mbaineann an tuarascáil. | |
[EN] | (12) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de thuarascáil a chuirfear faoina bhráid nó faoina bráid faoi fho-alt (11) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
[EN] | (13) Ní shainaithneofar aon éilitheoir iomchuí i dtuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (12), is tuarascáil a leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
[EN] | (14) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn ‘ breith iomchuí ’, i ndáil leis an scéim árachais iomchuí, breith ón riarthóir scéime— | |
[EN] | (a) chun diúltú, de bhun alt 7(7), iarratas ar shochar faoin scéim a bhreithniú nó a bhreithniú tuilleadh, | |
[EN] | (b) á rá nach éilitheoir iomchuí duine, | |
[EN] | (c) chun diúltú sochar faoin scéim a sholáthar, nó scor de shochar faoin scéim a sholáthar, | |
[EN] | (d) gan sochar faoin scéim a sholáthar ach go páirteach nó go breisitheach, nó trí theaglaim den chéanna, nó | |
[EN] | (e) maidir le méid shuim árachaithe an tsochair arna sholáthar faoin scéim. | |
[EN] | Cuntas speisialta do scéim árachais iomchuí. | |
[EN] | 7B.— (1) Déanfar, ar thosach feidhme an ailt seo, cuntas speisialta a chur ar bun a mhaoineofar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus a úsáidfear chun íoc as sochair faoin scéim árachais iomchuí agus as costais an riarthóra scéime le linn an scéim a riaradh (lena n-áirítear, faoi réir alt 7(4), préimheanna árachais). | |
[EN] | (2) Faoi réir fho-alt (3), féadfar an t-airgead sa chuntas speisialta a úsáid aon tráth ach ní úsáidfear é ach amháin chun na gcríoch dár vótáladh é agus ní eiseofar as an gcuntas sin é ach amháin ar ordachán ón Aire Airgeadais. | |
[EN] | (3) Aon airgead, lena n-áirítear ús (más ann), sa chuntas speisialta, féadfar é a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste, de réir ordachán ón Aire Airgeadais. | |
[EN] | (4) San alt seo, ciallaíonn ‘ cuntas speisialta ’, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, cuntas chun críocha an Achta seo in ainmneacha an Aire agus an Aire Airgeadais i gcomhar, agus maidir leis an gcuntas sin— | |
[EN] | (a) is cuntas leis an bPámháistir Ginearálta a bheidh ann, | |
[EN] | (b) beidh sé faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire Airgeadais, i gcomhairle leis an Aire, agus | |
[EN] | (c) beidh sé faoi réir a iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. | |
[EN] | Cumhacht riarthóra scéime chun foirmeacha a shonrú. | |
[EN] | 7C.— (1) Féadfaidh an riarthóir scéime foirm aon doiciméid a éileofar chun críocha na scéime árachais iomchuí a shonrú de réir mar is cuí leis an riarthóir scéime (lena n-áirítear doiciméad chun fianaise a sholáthar i leith breithe a thagann faoi réim fho-alt (4)(a), (b) nó (c) nó i leith tuairime a thagann faoi réim fho-alt (4)(d)). | |
[EN] | (2) Maidir le foirm a shonraítear faoin alt seo— | |
[EN] | (a) déanfar í a chomhlánú de réir cibé ordachán agus treoracha atá sonraithe san fhoirm, | |
[EN] | (b) beidh ag gabháil léi cibé doiciméid atá sonraithe san fhoirm, agus | |
[EN] | (c) má cheanglaítear an fhoirm chomhlánaithe a sholáthar don riarthóir scéime nó d’aon duine eile, déanfar í a sholáthar amhlaidh ar an modh, más ann, atá sonraithe san fhoirm. | |
[EN] | (3) Maidir le cumhacht an riarthóra scéime faoi fho-alt (1)— | |
[EN] | (a) féadfar í a fheidhmiú ionas go gceanglófar ar an duine a bheidh ag comhlánú na foirme dearbhú reachtúil a dhéanamh i dtaobh na sonraí san fhoirm a bheith fíor cruinn, de réir mar is fearr is eol don duine sin agus mar a chreideann sé nó sí, | |
[EN] | (b) féadfar í a fheidhmiú ionas go sonrófar 2 fhoirm nó níos mó d’aon doiciméad dá dtagraítear san fho-alt sin, cibé acu mar mhalairt nó chun socrú a dhéanamh maidir le himthosca áirithe nó cásanna áirithe, de réir mar is cuí leis an riarthóir scéime. | |
[EN] | (4) Faoi réir fho-alt (5), déanfaidh an riarthóir scéime, d’fhonn cinneadh a dhéanamh i dtaobh cé acu is éilitheoir iomchuí duine nó nach ea— | |
[EN] | (a) glacadh le haon bhreith arna tabhairt ag an mBinse faoi alt 5 ar breith í a bhaineann leis an duine agus nach raibh ina hábhar achomhairc faoin alt sin chun na hArd-Chúirte, | |
[EN] | (b) glacadh le haon bhreith arna tabhairt ag an Ard-Chúirt ar achomharc faoi alt 5 ar breith í a bhaineann leis an duine agus nach raibh ina hábhar achomhairc faoin alt sin chun na Cúirte Uachtaraí, | |
[EN] | (c) glacadh le haon bhreith arna tabhairt ag an gCúirt Uachtarach ar achomharc faoi alt 5 ar breith í a bhaineann leis an duine, agus | |
[EN] | (d) glacadh le tuairim dá dtagraítear in alt 2(1) den Acht Sláinte (Leasú) 1996 (arna leasú le halt 6 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C (Leasú) 2006) ar tuairim í a bhaineann leis an duine. | |
[EN] | (5) Ní oibreoidh fo-alt (4) chun dochar a dhéanamh— | |
[EN] | (a) do ghinearáltacht fho-ailt (1A) agus (1B) d’alt 1 (arna leasú le halt 1 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C (Leasú) 2006), ná | |
[EN] | (b) do ghinearáltacht fho-ailt (1A) agus (1B) d’alt 2 den Acht Sláinte (Leasú) 1996 (arna leasú le halt 6 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C (Leasú) 2006). | |
[EN] | Rúndacht nithe a bhaineann le héilitheoirí iomchuí. | |
[EN] | 7D.— (1) Ach amháin mar a bheidh riachtanach chun aon fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh (lena n-áirítear rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo), is feidhmeanna a bhaineann leis an scéim árachais iomchuí nó chun éifeacht a thabhairt d’fhorálacha an Achta seo, gach duine lena mbaineann an fo-alt seo— | |
[EN] | (a) déanfaidh sé nó sí rúndacht a chaomhnú agus cuidiú le rúndacht a chaomhnú maidir leis na nithe go léir a bhaineann le gnóthaí aon éilitheora iomchuí a bhfaighidh an duine eolas orthu le linn aon fheidhmeanna den sórt sin a chomhlíonadh, | |
[EN] | (b) ní dhéanfaidh sé nó sí aon ní den sórt sin a chur in iúl d’aon duine seachas an t-éilitheoir iomchuí lena mbaineann an ní sin, agus | |
[EN] | (c) ní ligfidh sé nó sí ná ní cheadóidh sé nó sí d’aon duine rochtain a bheith aige nó aici ar aon taifid atá i seilbh, i gcoimeád nó faoi urláimh duine lena mbaineann an fo-alt seo agus a bhaineann le haon ní den sórt sin. | |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le haon duine— | |
[EN] | (a) arb é nó í, nó arbh é nó í, an riarthóir scéime, | |
[EN] | (b) ar árachóir, nó arbh árachóir, é nó í, | |
[EN] | (c) ar duine, nó ar dhuine, arna cheapadh nó arna ceapadh de bhun alt 7A(3), é nó í, nó | |
[EN] | (d) ar duine, nó ar dhuine, é nó í— | |
[EN] | (i) arna fhostú nó arna fostú ag duine lena mbaineann an fo-alt sin de bhua mhír (a), (b) nó (c) nó atá nó a bhí ag cuidiú (in aon cháil ar bith) le duine lena mbaineann an fo-alt sin amhlaidh, agus | |
[EN] | (ii) a chomhlíonann feidhm, nó a bhfuil feidhm comhlíonta aige nó aici, is feidhm dá dtagraítear san fho-alt sin. | |
[EN] | (3) Aon duine a sháraíonn fo-alt (1), gan leithscéal dleathach, beidh sé nó sí ciontach i gcion, agus dlífear— | |
[EN] | (a) ar é nó í a chiontú go achomair, fíneáil nach mó ná €3,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó | |
[EN] | (b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €25,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air nó uirthi.”. | |
Leasú ar alt 10 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 (cuntas speisialta). |
5 .— Leasaítear alt 10 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5): | |
[EN] | “(5A) Dearbhaítear leis seo nach n-úsáidfear an cuntas speisialta chun íoc as na sochair agus na costais dá dtagraítear in alt 7B(1).”. | |
Leasú ar alt 2 den Acht Sláinte (Leasú) 1996 (seirbhísí sláinte a sholáthar gan mhuirear do dhaoine áirithe a bhfuil heipitíteas C tolgtha acu). |
6 .— Leasaítear alt 2 den Acht Sláinte (Leasú) 1996— | |
[EN] | (a) i bhfo-alt (1), trí “Faoi réir fho-alt (1A), déanfaidh” a chur in ionad “Déanfaidh”, agus | |
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): | |
[EN] | “(1A) Faoi réir fho-alt (1B), níl heipitíteas C tolgtha ag duine chun críocha fho-alt (1) mura rud é gur fáthmheasadh an duine go dearfach maidir le Heipitíteas C agus— | |
[EN] | (a) go bhfuil an fáthmheas— | |
[EN] | (i) bunaithe ar thoradh dearfach tástála a eascraíonn as measúnacht imdhíonsúiteachta einsímnasctha, nó | |
[EN] | (ii) i gcás measúnachta imdhíonbhlaba athchuingrigh lena dtugtar tásc i dtaobh antasubstaintí i ndáil le hantaiginí víorasacha aonair ar 4 bhanda antasubstainte éagsúla a aithnítear mar C-22, C-33, C-100 agus NS-5, bunaithe ar thoradh dearfach tástála— | |
[EN] | (I) nach lú ná 2+ ar an mbanda antasubstainte C-22, nó | |
[EN] | (II) nach lú ná 3+ ar gach banda d’aon dá bhanda de na bandaí antasubstainte eile, | |
[EN] | nó | |
[EN] | (iii) bunaithe ar thoradh dearfach tástála a eascraíonn as tástáil um imoibriú slabhrúil polaiméaráise (PCR), | |
[EN] | (b) go léiríonn an duine airíonna géarionfhabhtaithe faoi threoir buíochán, nó leibhéil ardaithe aimíneatrasfaráise alaimíne (ALT), a bheith ann tráth nach déanaí ná 16 sheachtain tar éis frith-D a fhriotháil ar an duine, nó | |
[EN] | (c) go bhfuil an fáthmheas bunaithe ar thoradh dearfach tástála a eascraíonn as tástáil arna sonrú chun críocha fho-alt (1A)(c) d’alt 1 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 arna leasú le halt 1 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C (Leasú) 2006. | |
[EN] | (1B) Níl feidhm ag fo-alt (1A) maidir le duine a thagann faoi réim fho-alt (1) de bhua tuairime dá dtagraítear i bhfo-alt (1), ar tuairim í a tugadh roimh an 20 Meitheamh 2006.”. | |
Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme. |
7 .— (1) Féadfar an tAcht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C (Leasú) 2006 a ghairm den Acht seo. | |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 go 2006 a ghairm de na hAchtanna um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 agus 2002 agus den Acht seo (seachas alt 6) le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin. | |
[EN] | (3) Forléireofar na hAchtanna Sláinte 1947 go 2006 agus alt 6 le chéile mar aon Acht amháin agus folóidh an comhlua “na hAchtanna Sláinte 1947 go 2006” alt 6. | |
[EN] | (4) Tiocfaidh an tAcht seo (seachas ailt 1(b), 2 agus 6) i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Sláinte agus Leanaí le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla. |