|
||||
|
[EN] | |||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
Uimhir 28 de 2006 | |||||||||||||||||
AN tACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE AGUS IOMPAR 2006 | |||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | |||||||||||||||||
RIAR NA nALT | |||||||||||||||||
Alt | |||||||||||||||||
1. Oibleagáid sampla a chur ar fáil tar éis gabhála, etc. | |||||||||||||||||
2. Ceadúnais oibritheoirí tarlaithe de bhóthar agus iompair paisinéirí de bhóthar. | |||||||||||||||||
3. Gearrtheideal. | |||||||||||||||||
Na hAchtanna dá dTagraítear | |||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
Uimhir 28 de 2006 | |||||||||||||||||
AN tACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE AGUS IOMPAR 2006 | |||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | |||||||||||||||||
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ CHUID III DEN ACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE 1994 AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LEIS AN AIRE IOMPAIR DO DHEONÚ CEADÚNAS D’OIBRITHEOIRÍ TARLAITHE BÓTHAIR AGUS IOMPAIR PAISINÉIRÍ DE BHÓTHAR AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA. | ||
[4 Deireadh Fómhair, 2006] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
Oibleagáid sampla a chur ar fáil tar éis gabhála, etc. |
1 .— (1) Leasaítear an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1994— | |
[EN] | (a) in alt 9(1), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “meisceach”: | |
[EN] | “ciallaíonn ‘altra’ duine atá cláraithe i gclár na n-altraí a bunaíodh faoi alt 27 d’Acht na nAltraí 1985.”, | |
[EN] | (b) in alt 13— | |
[EN] | (i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): | |
[EN] | “(1) I gcás ina ngabhfar duine faoi alt 49(8), 50(10), 53(6), 106(3A) nó 112(6) den Phríomh-Acht, faoi alt 12(4) den Acht seo nó faoi alt 4(7) den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2006, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána ceachtar de na nithe seo a leanas, nó iad araon, a dhéanamh ag stáisiún Garda Síochána: | |
[EN] | (a) a cheangal ar an duine 2 shampla dá anáil nó dá hanáil a chur ar fáil trí easanálú isteach i ngaireas chun an cion alcóil san anáil a chinneadh agus féadfaidh an comhalta an modh leis an gceanglas a chomhlíonadh a chur in iúl; | |
[EN] | (b) a cheangal ar an duine— | |
[EN] | (i) a cheadú do dhochtúir ainmnithe nó d’altra ainmnithe sampla d’fhuil an duine a thógáil uaidh nó uaithi, nó | |
[EN] | (ii) de rogha an duine, sampla dá fhual nó dá fual a chur ar fáil don dochtúir ainmnithe nó don altra ainmnithe, | |
[EN] | agus má dhéanann an dochtúir nó an t-altra ráiteas i scríbhinn nach bhfuil sé nó sí toilteanach, ar fhorais liachta, an sampla lenar bhain an ceanglas i gceachtar de na fomhíreanna sin roimhe seo a thógáil ón duine nó go gcuirfidh an duine ar fáil dó nó di é, féadfaidh an comhalta ceanglas a chur ar an duine faoin mír seo i ndáil leis an sampla seachas an ceann lenar bhain an chéad cheanglas.”; | |
[EN] | agus | |
[EN] | (ii) i bhfo-alt (3)(b), trí “ó dhochtúir ainmnithe nó ó altra ainmnithe” a chur in ionad “ó dhochtúir ainmnithe”, | |
[EN] | (c) in alt 14— | |
[EN] | (i) i bhfo-alt (4)— | |
[EN] | (I) i mír (a), trí “do dhochtúir ainmnithe nó d’altra ainmnithe” a chur in ionad “do dhochtúir ainmnithe” agus, i mír (b), trí “don dochtúir ainmnithe nó don altra ainmnithe” a chur in ionad “don dochtúir ainmnithe”, agus | |
[EN] | (II) trí “má dhéanann an dochtúir nó an t-altra” a chur in ionad “má dhéanann an dochtúir”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (ii) i bhfo-alt (5)(b), trí “ó dhochtúir ainmnithe nó ó altra ainmnithe” a chur in ionad “ó dhochtúir ainmnithe”, | |
[EN] | (d) in alt 16(1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a): | |
[EN] | “(a) duine a bheith ag stáisiún Garda Síochána tar éis an duine a ghabháil faoi alt 49(8) nó 50(10) den Phríomh-Acht, faoi alt 12(4) nó 14(3) den Acht seo nó faoi alt 4(7) den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2006, nó”, | |
[EN] | (e) in alt 18, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): | |
[EN] | “(1) Más rud é, faoin gCuid seo, gur thóg dochtúir ainmnithe nó altra ainmnithe sampla fola ó dhuine nó gur chuir an duine sampla dá fhual nó dá fual ar fáil dó nó di, déanfaidh an dochtúir nó an t-altra 2 chuid den sampla, cuirfidh sé nó sí gach cuid ar leith i gcoimeádán agus séalóidh sé nó sí láithreach é, agus comhlánóidh sé nó sí an fhoirm atá forordaithe chun críocha an ailt seo.”, | |
[EN] | (f) in alt 21— | |
[EN] | (i) i bhfo-alt (2), trí “ar an dochtúir ainmnithe nó ar an altra ainmnithe” a chur in ionad “ar an dochtúir ainmnithe”, | |
[EN] | (ii) i bhfo-alt (4), trí “gur dochtúir ainmnithe nó altra ainmnithe, de réir mar a bheidh,” a chur in ionad “gur dochtúir ainmnithe”, agus | |
[EN] | (iii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5): | |
[EN] | “(5) Más rud é, faoi alt 13, 14 nó 15, go ndéanfaidh dochtúir ainmnithe nó, faoi alt 13 nó 14, go ndéanfaidh altra ainmnithe, ráiteas i scríbhinn nach bhfuil sé nó sí toilteanach, ar fhorais liachta, sampla d’fhuil duine a thógáil uaidh nó uaithi nó go ndéanfaidh an duine sin sampla dá fhual nó dá fual a chur ar fáil dó nó di, beidh an ráiteas a shíneoidh an dochtúir nó an t-altra ina fhianaise leordhóthanach, go dtí go suífear a mhalairt, in aon imeachtaí faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1961 go 2006, ar na fíorais a bheidh luaite ann, gan cruthúnas ar aon síniú a bheidh air ná gurbh é nó í an duine a shínigh é an duine cuí lena shíniú.”, | |
[EN] | (g) in alt 23— | |
[EN] | (i) i bhfo-alt (2), trí “do dhochtúir ainmnithe nó d’altra ainmnithe” a chur in ionad “do dhochtúir ainmnithe” agus trí “ó dhochtúir ainmnithe nó ó altra ainmnithe” a chur in ionad “ó dhochtúir ainmnithe”, agus | |
[EN] | (ii) i bhfo-alt (3), trí “ó dhochtúir ainmnithe nó ó altra ainmnithe” a chur in ionad “ó dhochtúir ainmnithe”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (h) in alt 24, trí “faoi alt 12 den Acht seo nó faoi alt 4 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2006” a chur in ionad “faoi alt 12”. | |
[EN] | (2) Folaíonn an comhlua “na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1961 go 2006” an t-alt seo. | |
Ceadúnais oibritheoirí tarlaithe de bhóthar agus iompair paisinéirí de bhóthar. |
2 .— (1) Féadfaidh an tAire na nithe seo a leanas a dheonú do dhuine tar éis don duine iarratas a dhéanamh ina leith— | |
[EN] | (a) ceadúnas oibritheora tarlaithe idirnáisiúnta de bhóthar, ar ceadúnas é— | |
[EN] | (i) lena dtugtar teideal don sealbhóir gnó tarlaithe de bhóthar, ar fruiliú nó ar luaíocht, a sheoladh laistigh den Stát, agus | |
[EN] | (ii) lena gcáilítear an sealbhóir chun gnó tarlaithe de bhóthar, ar fruiliú nó ar luaíocht, a sheoladh lasmuigh den Stát, | |
[EN] | le cibé feithiclí a shonrófar ar an gceadúnas, | |
[EN] | (b) ceadúnas oibritheora tarlaithe náisiúnta de bhóthar lena dtugtar teideal don sealbhóir gnó tarlaithe de bhóthar, ar fruiliú nó ar luaíocht, a sheoladh laistigh den Stát le cibé feithiclí a shonrófar ar an gceadúnas, | |
[EN] | (c) ceadúnas oibritheora iompair paisinéirí idirnáisiúnta de bhóthar, ar ceadúnas é— | |
[EN] | (i) lena dtugtar teideal don sealbhóir gnó iompair paisinéirí de bhóthar, ar fruiliú nó ar luaíocht, a sheoladh laistigh den Stát, agus | |
[EN] | (ii) lena gcáilítear an sealbhóir chun gnó iompair paisinéirí de bhóthar, ar fruiliú nó ar luaíocht, a sheoladh lasmuigh den Stát, | |
[EN] | le cibé feithiclí a shonrófar ar an gceadúnas, nó | |
[EN] | (d) ceadúnas oibritheora iompair paisinéirí náisiúnta de bhóthar lena dtugtar teideal don sealbhóir gnó iompair paisinéirí de bhóthar, ar fruiliú nó ar luaíocht, a sheoladh laistigh den Stát le cibé feithiclí a shonrófar ar an gceadúnas, | |
[EN] | de réir fho-alt (2) agus de réir aon rialacháin arna dhéanamh faoi fho-alt (6) nó de réir aon cheanglais de chuid ionstraime ó institiúid de na Comhphobail Eorpacha i ndáil le tarlú de bhóthar nó le hiompar paisinéirí de bhóthar (lena n-áirítear rialacháin arna ndéanamh faoi alt 3 d’Acht 1972 lena dtugtar éifeacht do cheanglas den sórt sin). | |
[EN] | (2) Deimhneoidh iarratasóir ar cheadúnas oibritheora don Aire gur duine é nó í ar a bhfuil dea-cháil, ag a bhfuil seasamh cuí airgeadais agus ag a bhfuil inniúlacht ghairmiúil mar oibritheoir iompair de bhóthar de réir aon cheanglais de chuid ionstraime ó institiúid de na Comhphobail Eorpacha i ndáil le tarlú de bhóthar nó le hiompar paisinéirí de bhóthar (lena n-áirítear rialacháin arna ndéanamh faoi alt 3 d’Acht 1972 lena dtugtar éifeacht do cheanglas den sórt sin). | |
[EN] | (3) Tagann ceadúnas oibritheora i ngníomh an lá atá luaite ar an gceadúnas agus tá sé bailí ar feadh na tréimhse atá luaite air. | |
[EN] | (4) Leasaítear alt 1(1) d’Acht 1999 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad na mínithe ar “ceadúnas iompróra fartha bóthair idirnáisiúnta”, “ceadúnas oibritheora iompair paisinéirí idirnáisiúnta de bhóthar”, “an tAire”, “ceadúnas iompróra fartha bóthair náisiúnta”, agus “ceadúnas oibritheora iompair paisinéirí náisiúnta de bhóthar”, faoi seach: | |
[EN] | “ciallaíonn ‘ceadúnas oibritheora tarlaithe idirnáisiúnta de bhóthar’ ceadúnas oibritheora tarlaithe idirnáisiúnta de bhóthar arna dheonú faoi alt 2 den Acht um Thrácht ar Bhóithre agus Iompar 2006; | |
[EN] | ciallaíonn ‘ceadúnas oibritheora iompair paisinéirí idirnáisiúnta de bhóthar’ ceadúnas oibritheora iompair paisinéirí idirnáisiúnta de bhóthar arna dheonú faoi alt 2 den Acht um Thrácht ar Bhóithre agus Iompar 2006; | |
[EN] | ciallaíonn ‘an tAire’ an tAire Iompair; | |
[EN] | ciallaíonn ‘ceadúnas oibritheora tarlaithe náisiúnta de bhóthar’ ceadúnas oibritheora tarlaithe náisiúnta de bhóthar arna dheonú faoi alt 2 den Acht um Thrácht ar Bhóithre agus Iompar 2006; | |
[EN] | ciallaíonn ‘ceadúnas oibritheora iompair paisinéirí náisiúnta de bhóthar’ ceadúnas oibritheora iompair paisinéirí náisiúnta de bhóthar arna dheonú faoi alt 2 den Acht um Thrácht ar Bhóithre agus Iompar 2006 ;”. | |
[EN] | (5) Maidir le haon cheadúnas oibritheora arna dheonú, nó a mheastar a bheith arna dheonú, faoi alt 3 d’Acht 1986 (d’ainneoin aisghairm an ailt sin le halt 23 d’Acht 1999) nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 3 d’Acht 1972, ar ceadúnas é atá i bhfeidhm díreach roimh an Acht seo a rith, leanann sé i bhfeidhm ar feadh na tréimhse atá luaite sa cheadúnas agus leanann sé d’éifeacht a bheith leis amhail is dá mba faoin alt seo a deonaíodh é. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i leith an iarratais ar cheadúnas oibritheora lena n-áirítear aon cheanglais maidir le hiarratais den sórt sin a dhéantar faoi ionstraim ó institiúid de na Comhphobail Eorpacha i ndáil le tarlú de bhóthar nó le hiompar paisinéirí de bhóthar. | |
[EN] | (7) Leasaítear alt 13(1) d’Acht 1999 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b): | |
[EN] | “(b) a thig as sárú ar aon rialachán arna dhéanamh faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach 1972 lena dtugtar éifeacht d’ionstraim ó institiúid de na Comhphobail Eorpacha i ndáil le tarlú de bhóthar, le hiompar paisinéirí de bhóthar nó le heisiúint dioscaí iompair,”. | |
[EN] | (8) In Acht 1986, in Acht 1999 nó in aon achtachán eile nó in aon rialacháin arna ndéanamh faoi alt 3 d’Acht 1972— | |
[EN] | (a) tá tagairt do cheadúnas iompróra fartha bóthair idirnáisiúnta le léamh mar thagairt do cheadúnas oibritheora tarlaithe idirnáisiúnta de bhóthar, | |
[EN] | (b) tá tagairt do cheadúnas iompróra fartha bóthair náisiúnta le léamh mar thagairt do cheadúnas oibritheora tarlaithe náisiúnta de bhóthar, agus | |
[EN] | (c) tá tagairt do cheadúnas iompróra fartha bóthair le léamh mar thagairt do cheadúnas oibritheora tarlaithe de bhóthar. | |
[EN] | (9) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “ Acht 1972 ” Acht na gComhphobal Eorpach 1972; | |
[EN] | ciallaíonn “ Acht 1986 ” an tAcht um Iompar ar Bhóithre 1986; | |
[EN] | ciallaíonn “ Acht 1999 ” an tAcht um Iompar ar Bhóithre 1999; | |
[EN] | ciallaíonn “ Aire ” an tAire Iompair; | |
[EN] | ciallaíonn “ ceadúnas oibritheora ”, de réir mar a bheidh, ceadúnas oibritheora tarlaithe idirnáisiúnta de bhóthar, ceadúnas oibritheora iompair paisinéirí idirnáisiúnta de bhóthar, ceadúnas oibritheora tarlaithe náisiúnta de bhóthar, nó ceadúnas oibritheora iompair paisinéirí náisiúnta de bhóthar. | |
[EN] | (10) Tá an tAcht um Iompar ar Bhóithre 1933 agus an t-alt seo le léamh mar aon ní amháin. | |
Gearrtheideal. |
3 .— Féadfar an tAcht um Thrácht ar Bhóithre agus Iompar 2006 a ghairm den Acht seo. |