31 2006

/images/harp.jpg


Uimhir 31 de 2006


ACHT NA bPAITINNÍ (LEASÚ) 2006

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Mínithe.

2 . Léiriú (alt 2 den Phríomh-Acht).

3 . Aireagáin inphaitinnithe (alt 9 den Phríomh-Acht).

4 . Eisceachtaí ó inphaitinneacht (alt 10 den Phríomh-Acht).

5 . Úrnuacht (alt 11 den Phríomh-Acht).

6 . Dáta comhdaithe iarratais (alt 23 den Phríomh-Acht).

7 . Ceart tosaíochta (alt 25 den Phríomh-Acht).

8 . Iarratas a tharraingt siar (alt 33 den Phríomh-Acht).

9 . Iarratais a athbhunú.

10 . Paitinní a chuaigh ó éifeacht a aisiriú (alt 37 den Phríomh-Acht).

11 . Leasú tar éis deonú (alt 38 den Phríomh-Acht).

12 . Éifeacht paitinne a theorannú (alt 42 den Phríomh-Acht).

13 . Méid na cosanta (alt 45 den Phríomh-Acht).

14 . Faoiseamh i leith paitinn atá bailí go páirteach a shárú (alt 50 den Phríomh-Acht).

15 . Leigheas ar bhagairt gan bhonn go dtionscnófar imeachtaí mar gheall ar shárú (alt 53 den Phríomh-Acht).

16 . Foras le cúlghairm a dhéanamh (alt 58 den Phríomh-Acht).

17 . Scrúdú ar iarratas ar chúlghairm (alt 59 den Phríomh-Acht).

18 . Iarratas ar thaifead sa chlár á rá go bhfuil ceadúnais de cheart ar fáil (alt 68 den Phríomh-Acht).

19 . Ceadúnais éigeantacha (alt 70 den Phríomh-Acht).

20 . Forálacha maidir le ceadúnais éigeantacha (alt 71 den Phríomh-Acht).

21 . An nós imeachta i gcás iarratas faoi ailt 70 agus 72 (alt 73 den Phríomh-Acht).

22 . Achomhairc agus imeachtaí a chur faoi bhráid eadránaí (alt 74 den Phríomh-Acht).

23 . Forálacha forlíontacha maidir le ceadúnais (alt 75 den Phríomh-Acht).

24 . Fianaise os comhair an Cheannasaí (alt 92 den Phríomh-Acht).

25 . Achomhairc in aghaidh cinntí de chuid an Cheannasaí (alt 92 den Phríomh-Acht).

26 . Earráidí a cheartú (alt 110 den Phríomh-Acht).

27 . An éifeacht atá le hiarratas a tarraingíodh siar a aisiriú faoi alt 110 den Phríomh-Acht.

28 . Teorainneacha ama arna sonrú ag an gCeannasaí a fhadú.

29 . Éifeacht na paitinne Eorpaí (alt 119 den Phríomh-Acht).

30 . Aisiriú i gcás nach gcomhdaítear an t-aistriúchán faoi alt 119(6).

31 . An éifeacht atá le hiarratas ar phaitinn Eorpach a chomhdú (alt 120 den Phríomh-Acht).

32 . Téacs údarásach paitinní Eorpacha agus iarratas ar phaitinn (alt 121 den Phríomh-Acht).

33 . Iarratas ar phaitinn Eorpach a chlaochlú (alt 122 den Phríomh-Acht).

34 . Forálacha idirthréimhseacha (An Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht).

35 . Ordacháin dá dtagraítear in alt 45(3) (An Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht).

36 . Cúlghairm.

37 . Léiriú (alt 2 d’Acht 1996).

38 . Forais choibhneasta le clárú a dhiúltú (alt 10 d’Acht 1996).

39 . Sárú ar thrádmharc cláraithe (alt 14 d’Acht 1996).

40 . Earraí sáraitheacha, ábhar sáraitheach nó airteagail sháraitheacha: cumhachtaí maidir le hurghabháil agus cuardach (alt 25 d’Acht 1996).

41 . Clárú idirbheart a dhéanann difear do thrádmharc cláraithe (alt 29 d’Acht 1996).

42 . Éileamh ar thosaíocht ó iarratas iomchuí eile thar lear (alt 41 d’Acht 1996).

43 . Coinbhinsiún Pháras (alt 60 d’Acht 1996).

44 . Achomhairc i gcoinne cinntí ón gCeannasaí (alt 79 d’Acht 1996).

45 . Comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Trádála Domhanda — leasuithe iarmhartacha ar Acht 1996.

46 . Forálacha idirthréimhseacha (An Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1996).

47 . Costais an Cheannasaí in imeachtaí.

48 . Díospóid a tharchur chuig eadránaí (alt 367 den Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000).

49 . Féadfaidh dílseánach cláraithe caingean a thionscnamh i ndáil le sárú (alt 57 den Acht um Dhearaí Tionscail 2001).

50 . Achomhairc (alt 84 den Acht um Dhearaí Tionscail 2001).

51 . Gearrtheideal agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000

2000, Uimh. 28

An tAcht um Dhearaí Tionscail 2001

2001, Uimh. 39

Acht na bPaitinní 1964

1964, Uimh. 12

Acht na bPaitinní 1992

1992, Uimh. 1

Acht na dTrádmharcanna 1996

1996, Uimh. 6

/images/harp.jpg


Uimhir 31 de 2006


ACHT NA bPAITINNÍ (LEASÚ) 2006

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO THABHAIRT ÉIFEACHT D’FHORÁLACHA ÁIRITHE DEN CHOMHAONTÚ AR GHNÉITHE DE CHEARTA MAOINE INTLEACHTÚLA A BHAINEANN LE TRÁDÁIL, AR COMHAONTÚ É ATÁ I gCEANGAL LEIS AN gCOMHAONTÚ LENA mBUNAÍTEAR AN EAGRAÍOCHT TRÁDÁLA DOMHANDA A RINNEADH IN MARRAKESH AN 15 AIBREÁN 1994; DO THABHAIRT TUILLEADH ÉIFEACHTA DON CHOINBHINSIÚN UM AN bPAITINN EORPACH A SÍNÍODH IN MNCHEN AN 5 DEIREADH FÓMHAIR, 1973; DO THABHAIRT ÉIFEACHT DON CHONRADH AR DHLÍ PAITINNÍ A GLACADH SA GHINÉIV AN 1 MEITHEAMH 2000; DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE I LEITH NITHE A BHAINEANN LE MAOIN INTLEACHTÚIL AGUS CHUN NA gCRÍOCH SIN DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHT NA bPAITINNÍ 1992, ACHT NA dTRÁDMHARCANNA 1996, AN ACHTA CÓIPCHIRT AGUS CEART GAOLMHAR 2000 AGUS AN ACHTA UM DHEARAÍ TIONSCAIL 2001 AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[11 Nollaig, 2006]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Príomh-Acht” Acht na bPaitinní 1992;

ciallaíonn “Acht 1996” Acht na dTrádmharcanna 1996;

Léiriú (alt 2 den Phríomh-Acht).

2 .— Leasaítear alt 2 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1)—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “Acht 1964”:

“ciallaíonn ‘Comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Trádála Domhanda’ an Comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Trádála Domhanda a rinneadh in Marrakesh an 15 Aibreán 1994, arna leasú nó arna fhorlíonadh le haon phrótacal a ghabhann leis an gComhaontú sin agus atá i bhfeidhm de thuras na huaire sa Stát;”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “sannaí”:

“ciallaíonn ‘Bord Achomhairc’ Bord Achomhairc dá dtagraítear in Airteagal 21 den Choinbhinsiún um an bPaitinn Eorpach;”,

(c) i mír (i) den mhíniú ar ar “ainmnigh”, trí “, agus folaíonn sé tagairt do thír a áireamh mar thír atá ainmnithe de bhun an Choinbhinsiúin um an bPaitinn Eorpach nó an Chonartha” a chur isteach i ndiaidh “de réir mar a bheidh)”,

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “iarratas roinne”:

“ciallaíonn ‘Bord Achomhairc Méadaithe’ an Bord Achomhairc Méadaithe dá dtagraítear in Airteagal 22 den Choinbhinsiún um an bPaitinn Eorpach;”,

(e) sa mhíniú ar “Coinbhinsiún um an bPaitinn Eorpach”, trí “, arna leasú de thuras na huaire” a chur isteach i ndiaidh “1973”,

(f) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “an Iris”:

“ciallaíonn ‘comhalta den Eagraíocht Trádála Domhanda’ páirtí sa Chomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Trádála Domhanda;”,

agus

(g) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “an Conradh”:

“ciallaíonn ‘Comhaontú TRIPs’ an Comhaontú ar Ghnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil atá i gceangal leis an gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Trádála Domhanda;”.

Aireagáin inphaitinnithe (alt 9 den Phríomh-Acht).

3 .— Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí “, i ngach réim den teicneolaíocht,” a chur isteach i ndiaidh “aireagán”, agus

(b) trí fho-ailt (4) agus (5) a scriosadh.

Eisceachtaí ó inphaitinneacht (alt 10 den Phríomh-Acht).

4 .— Leasaítear alt 10 den Phríomh-Acht—

(a) i mír (a), trí “a shaothrú tráchtála” a chur in ionad “a fhoilsiú nó a shaothrú”,

(b) i mír (b), trí “den sórt sin;” a chur in ionad “den sórt sin.”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) i leith modha chun corp duine nó corp ainmhí a chóireáil trí mháinliacht nó trí theiripe agus i leith modha fáthmheasa a chleachtar ar chorp duine nó ar chorp ainmhí.”,

(d) tríd an bhforáil láithreach a athuimhriú mar fho-alt (1) den alt sin, agus

(e) tríd an méid seo a leanas a chur isteach:

“(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1)(c) maidir le táirgí, go háirithe substaintí nó comhshuímh, lena n-úsáid i ndáil le haon mhodh den sórt sin.”.

Úrnuacht (alt 11 den Phríomh-Acht).

5 .— Leasaítear alt 11 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Ní dhéanfar, le forálacha fho-ailt (2) agus (3), inphaitinneacht aon substainte nó comhshuímh, is substaint den chineál is nua-aimseartha, a eisiamh óna húsáid nó óna úsáid i modh dá dtagraítear in alt 10(1)(c) ar choinníoll nach bhfuil a úsáid nó a húsáid le haghaidh aon mhodha den sórt sin san áireamh sa chineál is nua-aimseartha sin.

(5) Ní dhéanfar, le forálacha fho-ailt (2) agus (3), inphaitinneacht aon substainte nó comhshuímh dá dtagraítear i bhfo-alt (4) a eisiamh ach oiread ó aon úsáid shonrach in aon mhodh dá dtagraítear in alt 10(1)(c), ar choinníoll nach bhfuil an úsáid sin san áireamh sa chineál is nua-aimseartha sin.”.

Dáta comhdaithe iarratais (alt 23 den Phríomh-Acht).

6 .— Leasaítear alt 23 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an ailt sin:

“Dáta comhdaithe iarratais.

23.— (1) Measfar gurb é atá i ndáta comhdaithe iarratais ar phaitinn ná an dáta is túisce a d’íoc an t-iarratasóir an táille comhdaithe agus a chomhdaigh sé doiciméid ina bhfuil na nithe seo a leanas—

(a) léiriú go bhfuil paitinn á lorg,

(b) faisnéis lena sainaithnítear an t-iarratasóir nó faisnéis is leor chun a chumasú don Oifig teagmháil a dhéanamh leis an duine sin, agus

(c) (i) tuairisc ar an aireagán a bhfuil paitinn á lorg ina leith fiú amháin más rud é nach gcomhlíonann an tuairisc ceanglais eile de chuid an Achta seo nó aon cheanglais a fhorordófar, nó

(ii) tagairt, a chomhlíonann aon cheanglais iomchuí a fhorordófar, ar tagairt í d’iarratas a chomhdaigh an t-iarratasóir nó réamhtheachtaí i dteideal an iarratasóra roimhe sin.

(2) Chun críocha fho-alt (1)(c)(i), ní bhaineann sé le hábhar an bhfuil an tuairisc ar an aireagán lena mbaineann i dteanga a nglacann an Oifig léi de réir aon cheanglas a fhorordófar nó an bhfuil aistriúchán go teanga den sórt sin ag gabháil léi.

(3) Má fhorordaíonn an tAire dáta is déanaí ná sin chun an táille comhdaithe a íoc faoi alt 18(3), is é an dáta comhdaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) an dáta a chomhdaítear na doiciméid dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

(4) I gcás nach gcomhlíonann doiciméid a chomhdaítear san Oifig na coinníollacha uile a shonraítear i bhfo-alt (1), déanfaidh an Ceannasaí, a luaithe is indéanta tar éis na doiciméid sin a chomhdú, a chur in iúl don iarratasóir cad iad na doiciméid eile is gá a chomhdú chun go mbeidh dáta comhdaithe ag an iarratas.

(5) I gcás ina gcomhlíonann doiciméid a chomhdaítear san Oifig na coinníollacha uile a shonraítear i bhfo-alt (1), déanfaidh an Ceannasaí, a luaithe is indéanta tar éis na doiciméid is deireanaí de na doiciméid sin a chomhdú, an méid seo a leanas a chur in iúl don iarratasóir—

(a) dáta comhdaithe an iarratais, agus

(b) na ceanglais nach mór a chomhlíonadh, agus na tréimhsí ar laistigh díobh a cheanglaítear, leis an Acht seo nó le rialacha arna ndéanamh faoin Acht seo, iad a chomhlíonadh le nach ndéileálfar leis an iarratas mar iarratas a tarraingíodh siar.

(6) Má dhéantar aon líníocht nó cuid de thuairisc dá dtagraítear san iarratas a chomhdú tráth is déanaí ná an dáta comhdaithe a thugtar don iarratas de bhua fho-alt (1), tabharfaidh an Ceannasaí deis don iarratasóir iarraidh a dhéanamh, laistigh den tréimhse fhorordaithe, go ndéileálfar leis an dáta a rinneadh an líníocht nó an chuid sin den tuairisc a chomhdú mar dháta comhdaithe an iarratais, chun críocha an Achta seo, agus—

(a) má dhéanann an t-iarratasóir aon iarraidh den sórt sin, déileálfar amhlaidh le dáta comhdaithe na líníochta nó an chuid sin den tuairisc,

(b) mura ndéantar an iarraidh, measfar aon tagairt don líníocht nó don chuid sin den tuairisc san iarratas a bheith arna scriosadh.

(7) Más rud é nach mbeifear tar éis aon líníocht nó cuid de tuairisc dá dtagraítear san iarratas a chomhdú, tabharfaidh an Ceannasaí cuireadh don iarratasóir an líníocht sin nó an chuid sin den tuairisc a chomhdú laistigh den tréimhse fhorordaithe, agus—

(a) más rud é go ndéantar an líníocht nó an chuid den tuairisc a chomhdú ina dhiaidh sin laistigh den tréimhse fhorordaithe, déileálfar leis an dáta a chomhdaítear í, chun críocha an Achta seo, mar dháta comhdaithe an iarratais,

(b) mura ndéantar an líníocht nó an chuid den tuairisc a chomhdú amhlaidh, measfar aon tagairt don líníocht nó don chuid den tuairisc san iarratas a bheith arna scriosadh.

(8) I gcás ina ndéanfaidh an t-iarratasóir, tar éis an dáta comhdaithe faoi fho-alt (1), cuid den tuairisc a bhí ar iarraidh, nó líníocht a bhí ar iarraidh a chomhdú, ní bheidh feidhm ag fo-alt (6)(a) nó (7)(a) más rud é—

(a) go ndéantar dearbhú faoi alt 26(1), san iarratas nó i dtaca leis an iarratas, ar an dáta, nó roimh an dáta, arb é dáta comhdaithe an iarratais é, agus

(b) go ndéanann an t-iarratasóir iarraidh gan feidhm a bheith ag alt (6)(a) nó (7)(a), de réir mar a bheidh, agus go gcomhlíonann an iarraidh sin na ceanglais fhorordaithe agus go ndéantar é laistigh den tréimhse fhorordaithe.

(9) Maidir le hiarratas ag a bhfuil dáta comhdaithe faoin alt seo nó a mheastar dáta comhdaithe a bheith tugtha dó de bhua alt 24 nó 81, déileálfar leis mar iarratas a tarraingíodh siar i gcás feidhm a bheith ag aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) nár íocadh an táille comhdaithe laistigh den tréimhse fhorordaithe;

(b) nach ndearnadh éileamh amháin nó níos mó nó an achomaireacht a chomhdú laistigh den tréimhse fhorordaithe iomchuí;

(c) i gcás tagairt d’iarratas a comhdaíodh roimhe, mar atá luaite i bhfo-alt (1)(c)(ii), go mainníonn an t-iarratasóir na nithe seo a leanas a chomhdú san Oifig:

(i) tuairisc ar an aireagán a bhfuil paitinn á lorg ina leith, roimh dheireadh na tréimhse forordaithe;

(ii) cóip den iarratas dá dtagraítear, i gcomhlíonadh na gceanglas forordaithe iomchuí, roimh dheireadh na tréimhse forordaithe.

(10) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hiarratais ar phaitinn arna gcomhdú ar theacht i ngníomh don alt seo nó dá éis sin.”.

Ceart tosaíochta (alt 25 den Phríomh-Acht).

7 .— Leasaítear alt 25 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí “nó sa Chomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Trádála Domhanda” a chur isteach i ndiaidh “i gCoinbhinsiún Pháras chun Maoin Tionscail a Chosaint”,

(b) i bhfo-alt (5), trí “nó nach páirtí sa Chomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Trádála Domhanda” a chur isteach i ndiaidh “i gCoinbhinsiún Pháras chun Maoin Tionscail a Chosaint”, agus

(c) i ndiaidh fho-alt (5), tríd an méid seo a leanas a chur isteach:

“(6) San alt seo, ciallaíonn ‘stát is páirtí san Chomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Trádála Domhanda’ comhalta den Eagraíocht Trádála Domhanda agus, chun críocha fho-alt (5), measfar gach tír nó críoch a bheith ina stát a bhféadfar ordú a dhéanamh maidir leis faoin bhfo-alt sin.”.

Iarratas a tharraingt siar (alt 33 den Phríomh-Acht).

8 .— Leasaítear alt 33 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Ní dhéanann fo-alt (1) difear do chumhacht an Cheannasaí faoi alt 110 earráid nó botún a cheartú i dtarraingt siar iarratais.”.

Iarratais a athbhunú.

9 .— Leasaítear Cuid II den Phríomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 35 ach i gCaibidil IV den Chuid sin:

“Iarratais a athbhunú.

35A.— (1) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le hiarratas ar phaitinn a chuaigh ó éifeacht toisc gur mainníodh aon táille athnuachana a íoc agus leanfaidh alt 35(3) d’fheidhm a bheith aige maidir le haon iarratas den sórt sin.

(2) I gcás ina ndiúltaítear d’iarratas ar phaitinn nó go ndéileáiltear leis mar iarratas a tarraingíodh siar, go díreach de dheasca mainneachtana ar thaobh an iarratasóra ceanglas de chuid an Achta seo nó de chuid rialacha arna ndéanamh faoin Acht seo a chomhlíonadh laistigh de thréimhse arna forordú nó arna sonrú ag an gCeannasaí, ní dhéanfaidh an Ceannasaí, faoi réir fho-alt (3), an t-iarratas a athbhunú, ach amháin más rud é—

(a) go n-iarrann an t-iarratasóir ar an gCeannasaí déanamh amhlaidh,

(b) go gcomhlíonann an iarraidh na ceanglais fhorordaithe, agus

(c) gur deimhin leis an gCeannasaí gur tharla an mhainneachtain sin maidir le comhlíonadh d’ainneoin cúram réasúnach a ghlacadh chun comhlíonadh a dhéanamh amhlaidh.

(3) Ní dhéanfaidh an Ceannasaí an t-iarratas a athbhunú má tá an tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (2) arna forordú nó arna sonrú ag an gCeannasaí—

(a) i ndáil le haon imeachtaí os comhair an Cheannasaí de bhun Chuid VIII,

(b) chun críocha alt 25(1), nó

(c) chun críocha iarrata faoin alt seo nó faoi alt 118A.

(4) I gcás an t-iarratas ar phaitinn a bheith déanta ag 2 dhuine nó níos mó i gcomhpháirt lena chéile, féadfaidh duine amháin nó níos mó díobh, le cead ón gCeannasaí, iarraidh faoi fho-alt (2) a dhéanamh gan dul i gcomhpháirt leis na daoine eile.

(5) I gcás an t-iarratas a bheith foilsithe faoi alt 28 agus gur dealraitheach don Cheannasaí gur glacadh cúram réasúnach chun an ceanglas a chomhlíonadh laistigh den tréimhse fhorordaithe nó, de réir mar a bheidh, laistigh den tréimhse arna forordú ag an gCeannasaí, foilseoidh an Ceannasaí fógra maidir le hiarraidh faoi fho-alt (2) san Iris agus féadfaidh aon duine, laistigh den tréimhse fhorordaithe, fógra freasúra ina choinne sin a thabhairt don Cheannasaí.

(6) Má dhéantar fógra freasúra a thabhairt go cuí faoin alt seo, cuirfidh an Ceannasaí an méid sin in iúl don iarratasóir agus cinnfidh sé an cheist.

(7) I gcás ina ndéantar iarratas a athbhunú faoin alt seo, déanfaidh an t-iarratasóir an ceanglas dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a chomhlíonadh laistigh den tréimhse bhreise a shonróidh an Ceannasaí le linn an t-ordú a dhéanamh an t-iarratas a athbhunú, agus ní bheidh an tréimhse bhreise sin níos giorra ná 2 mhí.

(8) I gcás ina mainníonn an t-iarratasóir fo-alt (7) a chomhlíonadh, déileálfar leis an iarratas mar iarratas a tarraingíodh siar ag deireadh na tréimhse dá dtagraítear san fho-alt sin.

An éifeacht atá le hathbhunú.

35B.— (1) I gcás ina n-athbhunaítear iarratas faoi alt 35A—

(a) aon ní a rinneadh faoin iarratas, nó i ndáil leis an iarratas, le linn na tréimhse idir foirceannadh agus athbhunú, déileálfar leis mar ní atá bailí,

(b) i gcás ina ndearnadh an t-iarratas a fhoilsiú faoi alt 28 sula bhfoirceanntar é, aon ní a rinneadh le linn na tréimhse dá dtagraítear i mír (a), ar ní é arbh é a bheadh ann, dá mba rud é nár tharla an foirceannadh, ná sárú ar na cearta a thugtar le foilsiú an iarratais, déileálfar leis mar shárú ar na cearta sin más rud é gurb é a bhí ann ná leanúint de ghníomh, nó athdhéanamh gnímh roimhe sin, lena sáraítear na cearta sin,

(c) i gcás ina ndearnadh an t-iarratas a fhoilsiú faoi alt 28 sula bhfoirceanntar é agus, tar éis é a fhoirceannadh agus sula bhfoilsítear fógra á iarraidh é a athbhunú, más rud é—

(i) gur thosaigh duine, de mheon macánta, ag déanamh gnímh arbh é a bheadh ann, dá mba rud é nár tharla an foirceannadh, ná sárú ar na cearta a thugtar le foilsiú an iarratais, nó

(ii) go ndearna duine, de mheon macánta, ullmhúcháin éifeachtacha dháiríre maidir le gníomh den sórt sin a dhéanamh,

beidh an ceart ag an duine leanúint den ghníomh lena mbaineann a dhéanamh nó, de réir mar a bheidh, an gníomh sin a dhéanamh, d’ainneoin athbhunú an iarratais agus dheonú na paitinne.

(2) Ní bhaineann mír (c) d’fho-alt (1) le ceadúnas a dheonú d’aon duine chun gníomh dá dtagraítear sa mhír sin a dhéanamh.

(3) Más rud é go ndearnadh an gníomh dá dtagraítear i mír (c) d’fho-alt (1), nó go ndearnadh na hullmhúcháin maidir lena dhéanamh, i gcúrsa gnó, féadfaidh an duine atá i dteideal an chirt a thugtar leis an mír (c) sin—

(a) a údarú go ndéanfaidh aon chomhpháirtí de chuid an duine sin atá, de thuras na huaire, sa ghnó sin an gníomh sin, agus

(b) an ceart a shannadh, nó an ceart sin a tharchur ar bhás (nó i gcás comhlachta chorpraithe, ar é a dhíscaoileadh), chuig aon duine a fhaigheann an chuid sin den ghnó ar i ndáil léi a rinneadh an gníomh nó a rinneadh na hullmhúcháin maidir leis an ngníomh a dhéanamh.

(4) I gcás ina ndéanann aon duine táirge a dhiúscairt chuig duine eile i bhfeidhmiú cirt a thugtar le mír (c) d’fho-alt (1) nó le fo-alt (3), beidh an duine eile sin agus aon duine a dhéanann éileamh tríd nó tríthi i dteideal déileáil leis an tairge ionann is dá mba rud é gurbh é an t-iarratasóir a dhiúscair é.

(5) San alt seo ciallaíonn ‘foirceannadh’, i ndáil le hiarratas—

(a) diúltú don iarratas, nó

(b) déileáil leis an iarratas mar iarratas a tarraingíodh siar.”.

Paitinní a chuaigh ó éifeacht a aisiriú (alt 37 den Phríomh-Acht).

10 .— Leasaítear an Príomh-Acht in alt 37—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):

“(7) Maidir le hordú faoin alt seo chun paitinn a aisiriú, féadfar é a chur faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an gCeannasaí, lena n-áirítear, go háirithe, coinníoll á cheangal aon ní ar ina leith nach gcomhlíontar na forálacha den Acht seo a bhaineann le taifid sa chlár a thaifeadadh sa chlár agus, féadfaidh an Ceannasaí, más rud é nach gcomhlíontar aon choinníoll áirithe a bhfuil ordú faoin alt seo faoina réir, an t-ordú a chúlghairm agus cibé ordacháin a thabhairt is cuí leis nó léi de dhroim na cúlghairme.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(8) Beidh an éifeacht seo a leanas le hordú faoin alt seo:

(a) aon ní a rinneadh faoin bpaitinn, nó i ndáil leis an bpaitinn, le linn na tréimhse dar tosach an dáta a chuaigh an phaitinn ó éifeacht agus dar críoch dáta aon ordaithe faoin alt seo, déileálfar leis mar ní atá bailí,

(b) aon ní a rinneadh le linn na tréimhse dá dtagraítear i mír (a), ar ní é arbh é a bheadh ann, dá mba rud é nach ndeachaigh an phaitinn ó éifeacht, déileálfar leis mar shárú—

(i) más rud é go ndearnadh é nuair ab fhéidir an phaitinn a athnuachan le linn na tréimhse fadaithe a shonraítear chun críche alt 36(3), nó

(ii) más rud é gurbh é a bhí ann ná leanúint de ghníomh sáraitheach nó athdhéanamh gnímh sháraithigh roimhe sin,

(c) más rud é, tar éis dheireadh na tréimhse fadaithe a shonraítear chun críche alt 36(3) agus roimh dháta foilsithe an iarratais ar aisiriú na paitinne san Iris faoi fho-alt (4)—

(i) gur thosaigh duine, de mheon macánta, ag déanamh gnímh arbh é a bheadh ann, dá mba rud é nach ndeachaigh an phaitinn ó éifeacht, nó

(ii) go ndearna duine, de mheon macánta, ullmhúcháin éifeachtacha dháiríre maidir le gníomh den sórt sin a dhéanamh,

beidh an ceart ag an duine leanúint den ghníomh lena mbaineann a dhéanamh nó, de réir mar a bheidh, an gníomh sin a dhéanamh, d’ainneoin aisiriú na paitinne.

(9) Ní bhaineann mír (c) d’fho-alt (8) le ceadúnas a dheonú d’aon duine chun gníomh dá dtagraítear sa mhír sin a dhéanamh.

(10) Más rud é go ndearnadh an gníomh dá dtagraítear i mír (c) d’fho-alt (8), nó go ndearnadh na hullmhúcháin maidir lena dhéanamh, i gcúrsa gnó, féadfaidh an duine atá i dteideal an chirt a thugtar leis an mír (c) sin—

(a) a údarú go ndéanfaidh aon chomhpháirtí de chuid an duine sin atá, de thuras na huaire, sa ghnó sin an gníomh sin, agus

(b) an ceart a shannadh, nó an ceart sin a tharchur ar bhás (nó i gcás comhlachta chorpraithe, ar é a dhíscaoileadh), chuig aon duine a fhaigheann an chuid sin den ghnó ar i ndáil léi a rinneadh an gníomh nó a rinneadh na hullmhúcháin maidir leis an ngníomh a dhéanamh.

(11) I gcás ina ndéanann aon duine táirge a dhiúscairt chuig duine eile i bhfeidhmiú cirt a thugtar le mír (c) d’fho-alt (8) nó le fo-alt (10), beidh an duine eile sin agus aon duine a dhéanann éileamh tríd nó tríthi i dteideal déileáil leis an táirge ionann is dá mba rud é gurbh é dílseánach cláraithe na paitinne a dhiúscair é.”.

Leasú tar éis deonú (alt 38 den Phríomh-Acht).

11 .— Leasaítear alt 38 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) Le linn breithniú a dhéanamh i dtaobh an ndéanfar nó nach ndéanfar leasú a mholtar faoin alt seo a lamháil, tabharfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí aird ar aon phrionsabail iomchuí faoin gCoinbhinsiún um an bPaitinn Eorpach.”.

Éifeacht paitinne a theorannú (alt 42 den Phríomh-Acht).

12 .— Leasaítear alt 42 den Phríomh-Acht—

(a) i mír (d), trí “nó in aon cheann de chomhaltaí na hEagraíochta Trádála Domhanda” a chur isteach i ndiaidh “in Aontas Pháras chun Maoin Tionscail a Chosaint”, agus

(b) i mír (e), trí “nó de chuid comhaltaí na hEagraíochta Trádála Domhanda” a chur isteach i ndiaidh “Aontas Pháras chun Maoin Tionscail a Chosaint”.

Méid na cosanta (alt 45 den Phríomh-Acht).

13 .— Leasaítear alt 45 den Phríomh-Acht i bhfo-ailt (1) agus (2) trí “théarmaí” a scriosadh i ngach áit ina bhfuil sé.

Faoiseamh i leith paitinn atá bailí go páirteach a shárú (alt 50 den Phríomh-Acht).

14 .— Leasaítear alt 50 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) Féadfaidh an Chúirt faoiseamh a dheonú faoin alt seo freisin i gcás paitinne Eorpaí lena n-ainmnítear an Stát ar choinníoll go ndéanann Oifig na Paitinne Eorpaí, ar iarraidh a fháil ón dílseánach, teorann a chur, chun sástacht na Cúirte, leis na héilimh.”

Leigheas ar bhagairt gan bhonn go dtionscnófar imeachtaí mar gheall ar shárú (alt 53 den Phríomh-Acht).

15 .— Leasaítear alt 53 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Ní fhéadfar imeachtaí a thionscnamh faoin alt seo maidir leis an méid seo a leanas—

(a) bagairt go dtionscnófar imeachtaí mar gheall ar shárú a líomhnaítear ina leith gurb é atá ann ná táirge a dhéanamh nó a allmhairiú lena dhiúscairt nó próiseas a úsáid, nó

(b) bagairt, arna déanamh ar dhuine a rinne nó a d’allmhairigh táirge lena dhiúscairt nó a d’úsáid próiseas, go dtionscnófar imeachtaí mar gheall ar shárú a líomhnaítear ina leith gurb é atá ann ná aon ní eile a dhéanamh i ndáil leis an táirge sin nó i ndáil leis an bpróiseas sin.”.

Foras le cúlghairm a dhéanamh (alt 58 den Phríomh-Acht).

16 .— Leasaítear alt 58 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (d):

“(d) go ndearnadh an chosaint a thugtar leis an bpaitinn a leathnú trí leasú a dhéanamh ar leasú e nár cheart a cheadú;”.

Scrúdú ar iarratas ar chúlghairm (alt 59 den Phríomh-Acht).

17 .— Leasaítear alt 59 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (3), trí “, faoi alt 38,” a scriosadh, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) Chun críocha fho-alt (3), is é atá sa tagairt don tsonraíocht a bheith á leasú ná tagairt don tsonraíocht a bheith á leasú faoi alt 38 agus freisin, i gcás paitinne Eorpaí lena n-ainmnítear an Stát, tagairt don tsonraíocht a bheith á leasú faoi aon fhoráil de chuid an Choinbhinsiúin um an bPaitinn Eorpach ar fúithi a fhéadfar teorainn a chur ar éilimh na paitinne ar iarraidh chuige sin ón dílseánach.”.

Iarratas ar thaifead sa chlár á rá go bhfuil ceadúnais de cheart ar fáil (alt 68 den Phríomh-Acht).

18 .— Leasaítear alt 68 den Phríomh-Acht i mír (c) d’fho-alt (2) trí “(seachas trí earraí a allmhairiú ó thír nach comhalta den Eagraíocht Trádála Domhanda)” a chur in ionad “(ar shlí seachas trí earraí a allmhairiú)”.

Ceadúnais éigeantacha (alt 70 den Phríomh-Acht).

19 .— Leasaítear alt 70 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an ailt sin:

“Ceadúnais éigeantacha.

70.— (1) Aon tráth tar éis dheireadh na tréimhse trí bliana, nó cibé tréimhse eile a fhorordófar, dar tús dáta foilsithe fógra maidir le deonú paitinne, féadfaidh aon duine, ar aon cheann nó ar gach ceann de na forais seo a leanas, iarratas a dhéanamh chuig an gCeannasaí ar cheadúnas faoin bpaitinn, nó ar thaifead sa chlár á rá go bhfuil ceadúnais faoin bpaitinn le bheith ar fáil de cheart:

(a) gurb amhlaidh—

(i) nach bhfuil freastal á dhéanamh ar éileamh sa Stát ar ábhar na paitinne nó nach bhfuil freastal á dhéanamh air ar théarmaí réasúnacha, nó

(ii) go bhfuil freastal a dhéanamh ar éileamh sa Stát ar thairge atá cosanta leis an bpaitinn trí allmhairiú seachas ó chomhalta den Eagraíocht Trádála Domhanda;

(b) go bhfuil dochar á dhéanamh go míchothrom do bhunú nó d’fhorbairt gníomhaíochtaí tráchtála nó tionscail sa Stát.

(2) Más rud é nach féidir aireagán atá cosanta le paitinn (dá ngairtear ‘an dara paitinn’ san alt seo) a shaothrú sa Stát gan sárú a dhéanamh ar chearta a thig as paitinn eile (dá ngairtear ‘an chéad phaitinn’ san alt seo) féadfaidh dílseánach an dara paitinn iarratas a dhéanamh chuig an gCeannasaí ar cheadúnas faoin gcéad phaitinn a mhéid is gá chun an t-aireagán lena mbaineann a shaothrú, ar choinníoll go bhfuil san áireamh san aireagán sin dul chun cinn tábhachtach teicniúil lena ngabhann suntas mór eacnamaíochta i ndáil leis an aireagán a éilítear sa chéad phaitinn.

(3) I gcás ina ndéantar iarratas faoin alt seo, más deimhin leis an gCeannasaí—

(a) go bhfuil aon cheann de na forais a shonraítear i bhfo-alt (1) arna shuíomh, nó

(b) nach féidir aireagán atá cosanta le paitinn a shaothrú gan sárú a dhéanamh ar chearta a thig as an gcéad phaitinn dá dtagraítear i bhfo-alt (2),

féadfaidh an Ceannasaí ordú a dhéanamh de réir an iarratais agus, i gcás inar ordú chun ceadúnas a dheonú an t-ordú, féadfar a cheangal leis an ordú go ndeonófar an ceadúnas ar cibé téarmaí is cuí leis an gCeannasaí, ar choinníoll:

(i) go mbeidh aon cheadúnas a dheonófar neamh-eisiatach;

(ii) maidir le haon cheadúnas a dheonófar, gur ceadúnas é chun soláthar a dhéanamh go formhór don mhargadh sa Stát;

(iii) nach bhféadfar aon cheadúnas a dheonófar a shannadh ach amháin le húdarú roimh ré ón gCeannasaí agus maille leis an gcuid sin den fhiontarnó den cháilmheas a úsáideann ant-aireagán paitinnithe agus, i gcás ceadúnais a dheonófar ar iarratas faoi fho-alt (2) maidir leis an gcéad phaitinn, nach bhféadfaidh dílseánach an dara paitinn an ceadúnas a shannadh ach amháin i gcomhar le sannadh an dara paitinn;

(iv) nach ndeonófar ceadúnas ach amháin faoi réir luach saothair atá leordhóthanach in imthosca an cháis a íoc le dílseánach na paitinne, agus luach eacnamaíoch an cheadúnais a chur i gcuntas;

(v) nach mbainfidh réim agus ré an cheadúnais ach amháin leis an gcuspóir a ndeonaítear é ina leith;

(vi) gur le haghaidh úsáide poiblí neamhthráchtála amháin aon cheadúnas a dheonaítear ar iarratas faoi fho-alt (1) i leith paitinne a bhaineann le teicneolaíocht leath-sheoltóra;

(vii) nach ndéanfar aon ordú ar iarratas faoi fho-alt (2) mura rud é go bhfuil dílseánach an dara paitinn ábalta agus toilteanach tras-cheadúnas a dheonú, ar théarmaí réasúnacha, do dhílseánach na chéad phaitinne agus do cheadúnaí an dílseánaigh sin chun an t-aireagán a éilítear sa dara paitinn a úsáid.

(4) Déanfaidh an Ceannasaí, le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh an ndéanfaidh sé ordú de bhun iarratais faoin alt seo, na nithe seo a leanas a chur i gcuntas, eadhon—

(a) cineál an aireagáin iomchuí, an t-am atá caite ó deonaíodh an phaitinn agus na bearta atá déanta cheana féin ag an dílseánach nó ag aon cheadúnaí chun lán-úsáid a bhaint as an aireagán,

(b) cumas aon duine dá ndeonófaí ceadúnas faoin ordú an phaitinn a shaothrú chun tairbhe don phobal, agus

(c) na priacail faoina rachaidh an duine sin le linn caipitil a sholáthar agus le linn an phaitinn a shaothrú i gcás ina ndeonaítear an t-iarratas.

(5) Beidh feidhm ag alt 68(3) maidir le ceadúnas arna dheonú de bhun ordaithe faoin alt seo mar atá feidhm aige maidir le ceadúnas arna dheonú de bhua alt 68.”.

Forálacha maidir le ceadúnais éigeantacha (alt 71 den Phríomh-Acht)

20 .— Leasaítear alt 71 den Phríomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad an ailt sin:

“Forálacha maidir le ceadúnais éigeantacha.

71.— (1) I gcás ordú chun ceadúnas a dheonú, nó chun taifead a dhéanamh sa chlár, a bheith déanta de bhun iarratais faoi alt 70, féadfaidh aon duine iarratas a dhéanamh chuig an gCeannasaí chun an t-ordú a leasú nó a chealú ar an bhforas go bhfuil athrú tagtha ar na himthosca a bhain leis an ordú nó gur scoir siad de bheith ar marthain agus nach dóigh dóibh a bheith ann arís.

(2) I gcás inar deimhin leis an gCeannasaí go bhfuil athrú tagtha ar na himthosca dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó gur scoir siad de bheith ar marthain agus nach dóigh dóibh a bheith ann arís, féadfaidh an Ceannasaí a ordú go ndéanfar an t-ordú láithreach a leasú nó a chealú ar cibé téarmaí is cuí leis an gCeannasaí, lena n-áirítear, go háirithe, téarmaí lena ndéantar foráil maidir le leasanna an cheadúnaí lena mbaineann a chosaint.

(3) Beidh feidhm ag alt 73, a mhéid atá sé infheidhme, maidir le hiarratas faoi fho-alt (1).

(4) Más rud é, tar éis iarratais faoi fho-alt (1), go ndéantar ordú a leasú, beidh feidhm ag fo-ailt (1), (2) agus (3), a mhéid atá siad infheidhme, maidir leis an ordú arna leasú amhlaidh.”.

An nós imeachta i gcás iarratas faoi ailt 70 agus 72 (alt 73 den Phríomh-Acht).

21 .— Leasaítear alt 73 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí “agus beidh fianaise ag gabháil leis lena gcuirfear in iúl gur fhéach an t-iarratasóir le ceadúnas a fháil ó dhílseánach na paitinne ach nach raibh sé in ann ceadúnas den sórt sin a fháil ar théarmaí réasúnacha agus laistigh de thréimhse ama réasúnach” a chur isteach i ndiaidh “is bun leis an iarratas”, agus

(b) i ndiaidh fho-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur isteach:

“(1A) Féadfaidh an Ceannasaí, nuair a iarrfaidh an t-iarratasóir air nó uirthi amhlaidh, an fhianaise dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a ligean thar ceal—

(a) i gcás éigeandáil náisiúnta nó imthosca dianphráinne eile a bheith ann, nó

(b) i gcás iarratais ar cheadúnas le haghaidh úsáide poiblí neamhthráchtála:

Ar choinníoll go mbeifear tar éis dílseánach na paitinne iomchuí a chur ar an eolas a luaithe is indéanta le réasún go bhfuil sé ar intinn ag an iarratasóir iarratas a dhéanamh chuig an gCeannasaí ar cheadúnas faoin bpaitinn.”.

Achomhairc agus imeachtaí a chur faoi bhráid eadránaí (alt 74 den Phríomh-Acht).

22 .— Leasaítear alt 74 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1) trí “alt 70, 71 nó 72” a chur in ionad “alt 70 nó 72”.

Forálacha forlíontacha maidir le ceadúnais (alt 75 den Phríomh-Acht).

23 .— Leasaítear alt 75 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-ailt (2) agus (3), trí “alt 70, 71 nó 72” a chur in ionad “alt 70 nó 72” gach áit a bhfuil sé, agus

(b) i bhfo-alt (3), trí “nó le Comhaontú TRIPs” a chur isteach i ndiaidh “Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa”.

Fianaise os comhair an Cheannasaí (alt 92 den Phríomh-Acht).

24 .— Leasaítear alt 92 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (3) trí “nó le haon achtachán eile” a chur isteach i ndiaidh “leis an Acht seo”.

Achomhairc in aghaidh cinntí de chuid an Cheannasaí (alt 96 den Phríomh-Acht).

25 .— Leasaítear alt 96 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (6)—

(a) tríd an bhfo-alt sin a athuimhriú mar mhír (a) den fho-alt sin,

(b) trí “agus faoi réir mhír (b)” a chur isteach i ndiaidh “san Acht seo”, agus

(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach:

“(b) I gcás ina mbeidh páirtí sna himeachtaí tar éis ráiteas i scríbhinn ar fhorais an ordaithe nó ar chinneadh an Cheannasaí, i bhfeidhmiú a chumhachta roghnaí, a iarraidh ar an modh forordaithe agus laistigh den tréimhse fhorordaithe, tosóidh an tréimhse trí mhí ar an dáta a thugtar an ráiteas i scríbhinn don pháirtí a iarrann é.”.

Earráidí a cheartú (alt 110 den Phríomh-Acht).

26 .— Leasaítear alt 110 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) I gcás ina n-iarrfar ar an gCeannasaí earráid nó botún a cheartú i dtarraingt siar ar iarratais ar phaitinn, ar iarratas é a foilsíodh faoi alt 28 agus i gcás inar fhoilsigh an Ceannasaí mionsonraí faoin tarraingt siar, déanfaidh an Ceannasaí fógra faoin iarraidh a fhoilsiú san Iris.

(2B) I gcás ina mbeidh fógra foilsithe ag an gCeannasaí de réir fho-alt (2A), féadfaidh aon duine fógra freasúra in aghaidh na hiarrata a thabhairt don Cheannasaí laistigh de thréimhse fhorordaithe.

(2C) Má thugtar fógra freasúra faoi fho-alt (2B), tabharfaidh an Ceannasaí fógra ina leith don duine a rinne an iarraidh agus cinnfidh sé an ní.

(2D) I gcás ina gcinneann an Ceannasaí iarraidh faoin alt seo a lamháil, ar iarraidh í chun earráid nó botún i dtarraingt siar iarratais ar phaitinn a cheartú, agus gur foilsíodh fógra faoin iarraidh san Iris faoi fho-alt (2A), déanfaidh an Ceannasaí ordú chun an t-iarratas a aisiriú agus foilseoidh sé fógra faoin aisiriú san Iris.”,

agus

(b) i bhfo-alt (3), trí “seachas iarraidh chun earráid nó botún i dtarraingt siar iarratais ar phaitinn dá dtagraítear i bhfo-alt (2A) a cheartú,” a chur isteach i ndiaidh “i bhfo-alt (1),”.

An éifeacht atá le hiarratas a tarraingíodh siar a aisiriú faoi alt 110 den Phríomh-Acht.

27 .— Leasaítear an Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 110:

“An éifeacht atá le hiarratas a tarraingíodh siar a aisiriú faoi alt 110.

110A.— (1) Más rud é—

(a) go n-iarrtar ar an gCeannasaí earráid nó botún i dtarraingt siar iarratais ar phaitinn a cheartú, agus

(b) go mbeifear tar éis iarratas ar phaitinn arna aisiriú de réir na hiarrata sin,

tá feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(i) aon ní a rinneadh faoin iarratas, nó i ndáil leis an iarratas, le linn na tréimhse idir an t-iarratas a tharraingt siar agus é a aisiriú, measfar gur ní bailí é;

(ii) i gcás ina mbeidh fógra faoin iarraidh dá dtagraítear in alt 110(2A) foilsithe ag an gCeannasaí, aon ní a rinneadh le linn na tréimhse dá dtagraítear i bhfomhír (i) ar ní é a bheadh ina shárú ar na cearta a thugtar le foilsiú na hiarrata dá mba rud é nár tarraingíodh siar an t-iarratas, measfar gur sárú é ar na cearta sin más rud é gurbh é a bhí ní ná leanúint de ghníomh roimhe sin lenar sáraíodh na cearta sin nó athdhéanamh gnímh den sórt sin;

(iii) i gcás ina mbeidh fógra faoin iarraidh dá dtagraítear in alt 110(2A) foilsithe ag an gCeannasaí agus, tar éis an t-iarratas a tharraingt siar agus roimh fhoilsiú an fhógra, más rud é—

(I) gur thosaigh duine, de mheon macánta, ag déanamh gnímh arbh é a bheadh ann, dá mba rud é nár tharla an tarraingt siar, ná sárú ar na cearta a thugtar le foilsiú an iarratais, nó

(II) go ndearna duine, de mheon macánta, ullmhúcháin éifeachtacha dháiríre maidir le gníomh den sórt sin a dhéanamh,

beidh na cearta a thugtar le fo-alt (2) ag an duine.

(2) Beidh an ceart ag an duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(iii) leanúint den ghníomh lena mbaineann a dhéanamh nó, de réir mar a bheidh, an gníomh sin a dhéanamh, d’ainneoin aisiriú an iarratais agus dheonú na paitinne.

(3) Ní bhaineann fo-alt (2) le ceadúnas a dheonú d’aon duine chun gníomh dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(iii) a dhéanamh.

(4) Más rud é go ndearnadh an gníomh dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(iii), nó go ndearnadh na hullmhúcháin maidir lena dhéanamh, i gcúrsa gnó, féadfaidh an duine atá i dteideal an chirt a thugtar le fo-alt (2)—

(a) a údarú go ndéanfaidh aon chomhpháirtí de chuid an duine sin atá, de thuras na huaire, sa ghnó sin an gníomh sin, agus

(b) an ceart a shannadh, nó an ceart sin a tharchur ar bhás (nó i gcás comhlachta chorpraithe, ar é a dhíscaoileadh), chuig aon duine a fhaigheann an chuid sin den ghnó ar i ndáil léi a rinneadh an gníomh nó a rinneadh na hullmhúcháin maidir leis an ngníomh a dhéanamh.

(5) I gcás ina ndéanann aon duine táirge a dhiúscairt chuig duine eile i bhfeidhmiú cirt a thugtar le fo-alt (2) nó (4), beidh an duine eile sin agus aon duine a dhéanann éileamh tríd an duine eile sin i dteideal déileáil leis an tairge ionann is dá mba rud é gurbh é an t-iarratasóir a dhiúscair é.”.

Teorainneacha ama arna sonrú ag an gCeannasaí a fhadú.

28 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 118 ach é a bheith i gCuid XI:

“Teorainneacha ama arna sonrú ag an gCeannasaí a fhadú.

118A.— (1) Má mhainníonn iarratasóir ar phaitinn, nó dílseánach paitinne, aon teorainn ama arna sonrú ag an gCeannasaí a urramú, féadfaidh an t-iarratasóir nó dílseánach fadú ar an teorainn ama a iarraidh de réir na gceanglas forordaithe.

(2) Faoi réir fho-ailt (5) agus (6), deonóidh an Ceannasaí an iarraidh, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais fhorordaithe.

(3) Maidir le fadú ar theorainn ama a dheonaítear faoi fho-alt (2), rachaidh sé in éag ag deireadh na tréimhse a fhorordaítear chun críocha an ailt seo.

(4) Má dheonaítear iarraidh ar fhadú teorann ama, measfar nárbh ann d’iarmhairtí dlíthiúla na mainneachtana an teorainn ama arna sonrú ag an gCeannasaí a urramú.

(5) I gcás ina ndéantar fadú ar theorainn ama faoi fho-alt (2), féadfaidh an Ceannasaí aon iarraidh bhreise ar fhadú teorann ama a dheonú faoi réir na gcoinníollacha is cuí leis an gCeannasaí.

(6) Níl feidhm ag an alt seo maidir le himeachtaí os comhair an Cheannasaí de bhun Chuid VIII.”.

Éifeacht na paitinne Eorpaí (alt 119 den Phríomh-Acht).

29 .— Leasaítear alt 119 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (2), trí “, a theorannú” a chur isteach i ndiaidh “a leasú”,

(b) i bhfo-alt (4)—

(i) trí “, go dteorannaítear” a chur isteach i ndiaidh “go leasaítear”,

(ii) trí “nó an teorannú” a chur isteach i ndiaidh “an leasú”,

(c) i bhfo-alt (5)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach in ionad mhír (a):

“(a) faoin gCoinbhinsiún um an bPaitinn Eorpach go ndéantar paitinn Eorpach lena n-ainmnítear an Stát—

(i) a chúlghairm toisc nach n-urramaítear teorainn ama agus go ndéantar í a aisiriú ina dhiaidh sin, nó

(ii) a chúlghairm ag an mBord Achomhairc agus go ndéanann an Bord Achomhairc Méadaithe í a aisiriú ina dhiaidh sin,

agus”,

agus

(ii) trí “beidh na cearta a thugtar le fo-ailt (8)(c) agus (10) d’alt 37 ag an duine agus beidh feidhm ag fo-ailt (9) agus (11) den alt sin dá réir sin.” a chur in ionad “beidh an chosaint chéanna aige amhail is dá mbeifí tar éis ordú a dhéanamh faoi alt 37(7).”,

agus

(d) i bhfo-alt (6)(b)—

(i) trí “nó teorannú” a chur isteach i ndiaidh “leasú”, agus

(ii) trí “nó arna teorannú” a chur isteach i ndiaidh “arna leasú”.

Aisiriú i gcás nach gcomhdaítear an t-aistriúchán faoi alt 119(6).

30 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 119:

“Aisiriú i gcás nach gcomhdaítear aistriúchán faoi alt 119(6).

119A.— (1) Más rud é nach gcomhdaítear aistriúchán ar an tsonraíocht lena mbaineann laistigh den tréimhse a bheidh forordaithe faoi alt 119(6), féadfar iarratas a dhéanamh chuig an gCeannasaí chun éifeacht alt 119(1) a aisiriú.

(2) Beidh in iarratas faoin alt seo ráiteas (a bheidh le fíorú ar cibé modh a fhorordófar), ar ráiteas é ina leagfar amach na himthosca a bhain leis an mainneachtain an t-aistriúchán dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a chomhdú agus féadfaidh an Ceannasaí cibé fianaise bhreise is dóigh leis is gá a iarraidh ar an iarratasóir.

(3) Beidh an t-aistriúchán, mar aon leis an táille fhorordaithe, ag gabháil le hiarratas faoin alt seo.

(4) Déanfar iarratas faoin alt seo laistigh den tréimhse fhorordaithe agus beidh an táille iarratais fhorordaithe ag gabháil leis.

(5) Más deimhin leis an gCeannasaí gur glacadh cúram réasúnach chun a chinntiú go ndéanfaí an t-aistriúchán a chomhdú laistigh den tréimhse arna forordú faoi alt 119(6), fógróidh an Ceannasaí an t-iarratas san Iris, agus féadfaidh aon duine, laistigh den tréimhse fhorordaithe, fógra freasúra ina leith sin a thabhairt don Cheannasaí.

(6) I gcás ina dtugtar fógra freasúra go cuí faoin alt seo, cuirfidh an Ceannasaí an méid sin in iúl don iarratasóir agus cinnfidh sé an t-ábhar.

(7) I gcás ina gcinnfidh an Ceannasaí iarratas faoin alt seo a lamháil, déanfaidh sé ordú um aisiriú agus foilseoidh sé fógra faoin aisiriú san Iris.

(8) Más rud é, sa tréimhse idir deireadh na tréimhse forordaithe faoi alt 119(6) chun aistriúchán a chomhdú agus an dáta a foilsíodh an t-iarratas faoin alt seo san Iris—

(a) gur thosaigh duine, de mheon macánta, ag déanamh gnímh arbh é a bheadh ann ná sárú ar na cearta a thugtar leis an bpaitinn dá mba rud é go raibh sí i bhfeidhm, nó

(b) go ndearna duine, de mheon macánta, ullmhúcháin éifeachtacha dháiríre maidir le gníomh den sórt sin a dhéanamh,

beidh feidhm ag fo-ailt (8A) go (8D).

(8A) Beidh an ceart ag an duine dá dtagraítear i bhfo-alt (8) leanúint den ghníomh lena mbaineann a dhéanamh nó, de réir mar a bheidh, an gníomh sin a dhéanamh, d’ainneoin aisiriú éifeacht alt 119(1).

(8B) Ní bhaineann fo-alt (8A) le ceadúnas a dheonú d’aon duine chun gníomh dá dtagraítear i bhfo-alt (8) a dhéanamh.

(8C) Más rud é go ndearnadh an gníomh dá dtagraítear i bhfo-alt (8), nó go ndearnadh na hullmhúcháin maidir lena dhéanamh, i gcúrsa gnó, féadfaidh an duine atá i dteideal an chirt a thugtar le fo-alt (8A)—

(a) a údarú go ndéanfaidh aon chomhpháirtí de chuid an duine sin atá, de thuras na huaire, sa ghnó sin an gníomh sin, agus

(b) an ceart a shannadh, nó an ceart sin a tharchur ar bhás (nó i gcás comhlachta chorpraithe, ar é a dhíscaoileadh), chuig aon duine a fhaigheann an chuid sin den ghnó ar i ndáil léi a rinneadh an gníomh nó a rinneadh na hullmhúcháin maidir leis an ngníomh a dhéanamh.

(8D) I gcás ina ndéanann aon duine táirge a dhiúscairt chuig duine eile i bhfeidhmiú cirt a thugtar le fo-alt (8A) nó (8C), beidh an duine eile sin agus aon duine a dhéanann éileamh tríd an duine eile sin i dteideal déileáil leis an tairge ionann is dá mba rud é gurbh é dílseánach cláraithe na paitinne a dhiúscair é.

(9) I gcás ina ndiúltaíonn an Ceannasaí d’iarratas faoin alt seo, déileálfar leis an bpaitinn amhail is dá mba rud é go raibh sí neamhbhailí i gcónaí.

(10) I gcás ina ndéanann an Ceannasaí ordú um aisiriú, déanfar aistriúchán arna chomhdú faoi fho-alt (3) a fhoilsiú.”.

An éifeacht atá le hiarratas ar phaitinn Eorpach a chomhdú (alt 120 den Phríomh-Acht).

31 .— Leasaítear alt 120 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Scoirfidh feidhm de bheith ag fo-ailt (1), (2) agus (3) maidir le hiarratas ar phaitinn Eorpach lena n-ainmnítear an Stát, ach amháin mar a fhoráiltear i bhfo-alt (4A), más rud é—

(a) go ndiúltaítear don iarratas nó go dtarraingítear siar é nó go meastar é a bheith tarraingthe siar, nó

(b) go dtarraingítear siar ainmniú an Stáit san iarratas nó go meastar é a bheith tarraingthe siar,

ach beidh feidhm acu arís má athbhunaítear cearta an iarratasóra faoin gCoinbhinsiún um an bPaitinn Eorpach, amhail ó athbhunú na gceart sin.”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) (a) Ní dhéanfaidh tarlú aon cheann de na teagmhais dá dtagraítear i bhfo-alt (4)(a) nó (b) difear d’oibriú leanúnach alt 11(3) i ndáil le hábhar atá in iarratas ar phaitinn Eorpach lena n-ainmnítear an Stát ar paitinn í atá tagtha, de bhua na forála sin, chun bheith ina chuid den chineál is nua-aimseartha i dtaca le haireagáin eile de.

(b) Ní choiscfidh tarlú aon cheann de na teagmhais a luaitear i bhfo-alt (4)(b) ar ábhar atá san iarratas ar phaitinn Eorpach lena n-ainmnítear an Stát teacht chun bheith ina chuid den chineál is nua-aimseartha de bhua alt 11(3) i dtaca le haireagáin eile de, i gcás ina dtarlaíonn an teagmhas roimh fhoilsiú an iarratais sin.

(c) Ní bheidh feidhm ag mír (b) ach amháin maidir le paitinní Eorpacha agus maidir le hiarratais ar phaitinní Eorpacha a chomhdaítear tar éis teacht i ngníomh don mhír sin.”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) Más rud é idir idir an tráth a scoireann fo-ailt (1), (2) agus (3), de bhua fho-alt (4), maidir le hiarratas ar phaitinn Eorpach, agus an tráth a athbhunaítear cearta an iarratasóra, go dtosaíonn duine, de mheon macánta, ag déanamh gnímh arbh é a bheadh ann, ar leith ó alt 77, ná sárú ar na cearta a thugtar le foilsiú an iarratais i gcás feidhm a bheith ag fo-ailt (1), (2) agus (3) an tráth sin, nó go ndéanann duine, de mheon macánta, ullmhúcháin éifeachtacha dháiríre maidir le gníomh den sórt sin a dhéanamh, beidh feidhm ag fo-ailt (5A) go (5D).

(5A) Maidir leis an duine dá dtagraítear i bhfo-alt (5), beidh an ceart aige leanúint den ghníomh lena mbaineann a dhéanamh nó, de réir mar a bheidh, an gníomh sin a dhéanamh d’ainneoin feidhm a bheith ag fo-ailt (1) go (3) arís agus d’ainneoin dheonú na paitinne.

(5B) Ní bhaineann fo-alt (5A) le ceadúnas a dheonú d’aon duine chun gníomh dá dtagraítear i bhfo-alt (5) a dhéanamh.

(5C) Más rud é go ndearnadh an gníomh dá dtagraítear i bhfo-alt (5), nó go ndearnadh na hullmhúcháin maidir lena dhéanamh, i gcúrsa gnó, féadfaidh an duine atá i dteideal an chirt a thugtar le fo-alt (5A)—

(a) a údarú go ndéanfaidh aon chomhpháirtí de chuid an duine sin atá, de thuras na huaire, sa ghnó sin an gníomh sin, agus

(b) an ceart a shannadh, nó an ceart sin a tharchur ar bhás (nó i gcás comhlachta chorpraithe, ar é a dhíscaoileadh), chuig aon duine a fhaigheann an chuid sin den ghnó ar i ndáil léi a rinneadh an gníomh nó a rinneadh na hullmhúcháin maidir leis an ngníomh a dhéanamh.

(5D) I gcás ina ndéanann aon duine táirge a dhiúscairt chuig duine eile i bhfeidhmiú cirt a thugtar le fo-alt (5A) nó (5C), beidh an duine eile sin agus aon duine a dhéanann éileamh tríd an duine eile sin i dteideal déileáil leis an tairge ionann is dá mba rud é gurbh é an t-iarratasóir a dhiúscair é.”,

agus

(d) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):

“(7) (a) Féadfar iarratas ar phaitinn Eorpach a chomhdú san Oifig. Déanfaidh an Oifig iarratas a chur ar aghaidh chuig Oifig na Paitinne Eorpaí laistigh den tréimhse ama a shonraítear sna Rialacháin um Chur i nGníomh a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um an bPaitinn Eorpach.

(b) Ní bheidh feidhm ag an bhforáil i leith iarratais is iarratas de chuid na roinne Eorpaí faoin gCoinbhinsiún um an bPaitinn Eorpach.”.

Téacs údarásach paitinní Eorpacha agus iarratas ar phaitinn (alt 121 den Phríomh-Acht).

32 .— Leasaítear alt 121 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (4), trí “beidh feidhm ag fo-ailt (5) go (8).” a chur in ionad “beidh an chosaint chéanna aige amhail is dá mbeifí tar eis ordú a dhéanamh faoi alt 37(7).”,

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Maidir leis an duine dá dtagraítear i bhfo-alt (4), beidh an ceart aige leanúint den ghníomh lena mbaineann a dhéanamh nó, de réir mar a bheidh, an gníomh sin a dhéanamh d’ainneoin fhoilsiú an aistriúcháin cheartaithe agus d’ainneoin dheonú na paitinne.

(6) Ní bhaineann fo-alt (5) le ceadúnas a dheonú d’aon duine chun gníomh dá dtagraítear i bhfo-alt (4) a dhéanamh.

(7) Más rud é go ndearnadh an gníomh dá dtagraítear i bhfo-alt (4), nó go ndearnadh na hullmhúcháin maidir lena dhéanamh, i gcúrsa gnó, féadfaidh an duine atá i dteideal an chirt a thugtar le fo-alt (5)—

(a) a údarú go ndéanfaidh aon chomhpháirtí de chuid an duine sin atá, de thuras na huaire, sa ghnó sin an gníomh sin, agus

(b) an ceart a shannadh, nó an ceart sin a tharchur ar bhás (nó i gcás comhlachta chorpraithe, ar é a dhíscaoileadh), chuig aon duine a fhaigheann an chuid sin den ghnó ar i ndáil léi a rinneadh an gníomh nó a rinneadh na hullmhúcháin maidir leis an ngníomh a dhéanamh.

(8) I gcás ina ndéanann aon duine táirge a dhiúscairt chuig duine eile i bhfeidhmiú cirt a thugtar le fo-alt (5) nó (7), beidh an duine eile sin agus aon duine a dhéanann éileamh tríd an duine eile sin i dteideal déileáil leis an tairge ionann is dá mba rud é gurbh é dílseánach cláraithe na paitinne nó an t-iarratasóir, de réir mar a bheidh, a dhiúscair é.”.

Iarratas ar phaitinn Eorpach a chlaochlú (alt 122 den Phríomh-Acht).

33 .— Leasaítear alt 122 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1) trí “Más rud é go measfar, maidir le hiarratas lena n-ainmnítear an Stát, gur tarraingíodh siar é faoi fhorálacha an Choinbhinsiúin um an bPaitinn Eorpach, toisc nár cuireadh ar aghaidh chuig Oifig na Paitinne Eorpaí in am cuí é,” a chur in ionad “Más rud é, faoin gCoinbhinsiún um an bPaitinn Eorpach, go measfar, maidir le hiarratas ar phaitinn Eorpach lena n-ainmnítear an Stát, gur tarraingíodh siar é toisc nach bhfuair Oifig na Paitinne Eorpaí é laistigh den tréimhse a éilítear leis an gCoinbhinsiún sin,”.

Forálacha idirthréimhseacha (An Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht).

34 .— Leasaítear an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht trí mhír 4 a aisghairm.

Ordacháin dá dtagraítear in alt 45(3) (An Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht).

35 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an Dara Sceideal:

“AN DARA SCEIDEAL

Ordacháin dá dtagraítear in alt 45(3)

Prionsabail ghinearálta

Ní ceart alt 45 a léiriú sa chiall go bhfuil méid na cosanta a thugtar le paitinn le tuiscint mar an méid cosanta a mhínítear de réir bhrí dhocht litriúil na foclaíochta a úsáidtear sna héilimh, agus ní úsáidfear an tuairisc agus na líníochtaí ach amháin chun athbhrí a aimsítear sna héilimh a réiteach. Ní ceart ach oiread é a léiriú sa chiall nach bhfónann na héilimh ach mar threoirlíne agus go bhféadfadh sé, tar éis do dhuine atá oilte sa ghnó breithniú a dhéanamh ar an tuairisc agus ar na líníochtaí, go sínfeadh an chosaint iarbhír a thugtar chuig ní a shamhlaigh dílseánach na paitinne. A mhalairt ar fad, tá sé le léiriú mar mhíniú ar sheasamh idir na roghanna codarsnacha sin, ar seasamh é trína gcónasctar cosaint chóir do dhílseánach na paitinne agus méid réasúnach cinnteachta do thríú páirtithe

Coibhéisí

Chun a chinneadh cad é an méid cosanta a thugtar le paitinn, tabharfar aird chuí ar aon eilimint atá coibhéiseach le heilimint a shonraítear sna héilimh.”.

Cúlghairm.

36 .— Cúlghairtear Ordú na bPaitinní (Comhshocraíochtaí Idirnáisiúnta) 1996 (I.R. Uimh. 38 de 1996), agus an tOrdú um Acht na bPaitinní, 1964 (Alt 93)(Dearbhú), 1976 (I.R. Uimh. 314 de 1976).

Léiriú (alt 2 d’Acht 1996).

37 .— Leasaítear alt 2 d’Acht 1966 i bhfo-alt (1) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “Acht 1963”:

“tá le ‘Comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Trádála Domhanda’ an bhrí a shanntar le halt 60;”.

Forais choibhneasta le clárú a dhiúltú (alt 10 d’Acht 1996).

38 .— Leasaítear alt 10 d’Acht 1996 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Ní dhéanfar trádmharc atá comhionann nó comhchosúil le trádmharc níos túisce a chlárú más rud é go bhfuil, nó go feadh an méid atá, cáil ar an trádmharc níos túisce sa Stát (nó, i gcás trádmharc Comhphobail, sa Chomhphobal) agus go bhfágann úsáid an trádmhairc is déanaí, gan cúis chuí, go mbaintear buntáiste neamhchóir as carachtar sainiúil nó as cáil, nó go ndéantar dochar do charachtar sainiúil nó do cháil, an trádmhairc is túisce.”.

Sárú ar thrádmharc cláraithe (alt 14 d’Acht 1996).

39 .— Leasaítear alt 14 d’Acht 1996 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Beidh sárú déanta ag duine ar thrádmharc cláraithe más rud é go ndéanann an duine sin, i gcúrsa trádála i ndáil le hearraí nó seirbhísí, comhartha a úsáid atá comhionann nó comhchosúil leis an trádmharc más rud é go bhfuil cáil ar an trádmharc sa Stát agus, go bhfágann úsáid an chomhartha, gan cúis chuí, go mbaintear buntáiste neamhchóir as carachtar sainiúil nó as cáil, nó go ndéantar dochar do charachtar sainiúil nó do cháil, an trádmhairc is luaithe.”.

Earraí sáraitheacha, ábhar sáraitheach nó airteagail sháraitheacha: cumhachtaí maidir le hurghabháil agus cuardach (alt 25 d’Acht 1996).

40 .— Leasaítear alt 25 d’Acht 1996—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Más deimhin le Breitheamh den Chúirt Dúiche, trí fhaisnéis faoi mhionn, go bhfuil foras réasúnach drochamhrais ann go bhfuil earraí sáraitheacha, ábhar sáraitheach nó airteagail sháraitheacha in aon áitreabh nó áit, i gcúrsa gnó nó ar shlí eile d’fhonn déileáil a dhéanamh ar aon slí, féadfaidh an Breitheamh barántas cuardaigh a dheonú á údarú do chomhalta den Gharda Síochána, agus cibé comhaltaí eile den Gharda Síochána nó cibé duine nó daoine eile is dóigh leis an gcomhalta sin a bheith cuí ina theannta nó ina teannta, dul isteach agus cuardach a dhéanamh san áitreabh nó san áit, aon tráth nó tráthanna laistigh de 28 lá ón dáta a eisítear an barántas, agus má iarrtar amhlaidh, tar an mbarántas sin a thabhairt ar aird, agus forneart réasúnach a úsáid más gá, agus gach ceann nó aon cheann de na gníomhartha seo a leanas a dhéanamh:

(a) aon earraí, ábhar nó airteagail den sórt sin a urghabháil;

(b) fardal a dhéanamh nó fianaise eile a ullmhú ar shárú ar thrádmharc cláraithe nó ar shárú ionchasach ar thrádmharc chláraithe;

(c) aon ní a fhaightear ansin a urghabháil, ar ní é a gcreideann an comhalta ina leith, agus forais réasúnacha aige nó aici, go bhféadfadh sé gur gá é a úsáid i bhfianaise in aon imeachtaí arna dtionscnamh i leith ciona faoin Acht seo;

(d) a cheangal ar aon duine a fhaightear ansin a ainm nó a hainm agus a sheoladh nó a seoladh a thabhairt.”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Féadfar, le barántas arna eisiúint faoin alt seo, a údarú do dhaoine, lena n-áirítear an dílseánach cláraithe nó a ionadaí nó a hionadaí ainmnithe, dul i dteannta aon chomhalta den Gharda Síochána, agus cúnamh a thabhairt dó nó di, le linn an barántas a fhorghníomhú nó le linn aon fhardal nó aon fhianaise eile a thiomsú.”,

agus

(c) i bhfo-alt (4), trí “nó an áit” a chur isteach i ndiaidh “an t-áitreabh”.

Clárú idirbheart a dhéanann difear do thrádmharc cláraithe (alt 29 d’Acht 1996).

41 .— Leasaítear alt 29 d’Acht 1996 i bhfo-alt (2) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(ca) nithe a éiríonn as oibriú an dlí ar nithe iad a dhéanann difear do dhílseánacht trádmhairc chláraithe;”.

Éileamh ar thosaíocht ó iarratas iomchuí eile thar lear (alt 41 d’Acht 1996).

42 .— Leasaítear alt 41 d’Acht 1996 i bhfo-alt (2) trí “, nó don chomharba i dteideal ar an duine sin,” a chur isteach i ndiaidh “do dhuine”.

Coinbhinsiún Pháras (alt 60 d’Acht 1996).

43 .— Leasaítear alt 60 d’Acht 1996 i bhfo-alt (1)—

(a) i mír (a), trí “agus” a scriosadh,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(aa) ciallaíonn “Comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Trádála Domhanda” an Comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Trádála Domhanda a rinneadh in Marrakesh an 15 Aibreán 1994, arna leasú nó arna fhorlíonadh le haon phrótacal a ghabhann leis an gComhaontú sin agus atá i bhfeidhm de thuras na huaire sa Stát;”,

agus

(c) i mír (b), trí “i gCoinbhinsiún Pháras nó sa Chomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Trádála Domhanda” a chur in ionad “sa Choinbhinsiún sin”.

Achomhairc i gcoinne cinntí ón gCeannasaí (alt 79 d’Acht 1996).

44 .— Leasaítear alt 79 d’Acht 1996 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) (a) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo agus faoi réir mhír (b), ach amháin le cead ón gCúirt, féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh aon chinnidh de chuid an Cheannasaí faoin Acht seo laistigh de thrí mhí ó dháta an chinnidh.

(b) I gcás ina ina mbeidh páirtí sna himeachtaí tar éis ráiteas i scríbhinn ar na forais le cinneadh an Cheannasaí, i bhfeidhmiú a chumhachta roghnaí, a iarraidh ar an modh forordaithe agus laistigh den tréimhse fhorordaithe, tosóidh an tréimhse trí mhí ar an dáta a thugtar an ráiteas i scríbhinn don pháirtí a iarrann é.”.

Comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Trádála Domhanda - leasuithe iarmhartacha ar Acht 1996.

45 .— Déantar gach foráil d’Acht 1996 a shonraítear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an alt seo a leasú mar a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin os coinne lua na forála sin i gcolún (1).

AN TÁBLA

Ná Forálacha dá ndéantar difear

An Leasú

(1)

(2)

Ailt 11(1)(c), 60(2), 61(1) agus (2), 62(2) agus (3) agus 63(2)

“nó faoin gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Trádála Domhanda” nó “ar an gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Trádála Domhanda” a chur isteach i ndiaidh “faoi Choinbhinsiún Pháras” nó “ar Choinbhinsiún Pháras”, faoi seach, aon áit a bhfuil na focail sin.

Alt 64

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Léifear aon tagairt san alt seo d’Airteagal 6ter de Choinbhinsiún Pháras mar thagairt don Airteagal sin arna chur chun feidhme leis an gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Trádála Domhanda.”.

Forálacha idirthréimhseacha (An Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1996).

46 .— Leasaítear an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1996 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 15:

Forálacha Idirthréimhseacha

16. Ní dhéanfaidh an leasú a dhéantar le halt 45 d’Acht na bPaitinní (Leasú) 2006 ar alt 61(2) difear do leanúint d’aon úsáid bona fide a bhaint as trádmharc ar úsáid í ar cuireadh tús léi roimh an 1 Eanáir 1996.

17. Ní dhéanfaidh an leasú a dhéantar le halt 43(c) d’Acht na bPaitinní (Leasú) 2006, ná an leasú a dhéantar le halt 45 den Acht sin, ar alt 63 difear do chearta duine a thosaigh ag baint úsáid bona fide as trádmharc, lena mbaineann alt 63 agus atá cosanta faoin gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Trádála Domhanda, roimh an 1 Eanáir 1996.”.

Costais an Cheannasaí in imeachtaí.

47 .— Leasaítear an tAcht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 364:

“Costais an Cheannasaí in imeachtaí.

364A.— In aon imeachtaí os comhair aon chúirte faoin Acht seo, ní dhámhfar costais don Cheannasaí ná ní ordófar don Cheannasaí costais a íoc.”.

Díospóid a tharchur chuig eadránaí (alt 367 den Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000).

48 .— Aisghairtear fo-alt (2) d’alt 367 den Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000).

Féadfaidh dílseánach cláraithe caingean a thionscnamh i ndáil le sárú (alt 57 den Acht um Dhearaí Tionscail 2001).

49 .— Leasaítear alt 57 den Acht um Dhearaí Tionscail 2001 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) D’ainneoin ailt 29 agus 43—

(a) ní fhéadfar aon imeachtaí mar gheall ar shárú a thosú roimh an dáta a fhoilsítear clárú an deartha, agus

(b) ní mheasfar aon chion a bheith déanta faoi alt 66 i gcás aon ní a rinneadh roimh an dáta dá dtagraítear i mír (a).”.

Achomhairc (alt 84 den Acht um Dhearaí Tionscail 2001).

50 .— Leasaítear alt 84 den Acht um Dhearaí Tionscail 2001 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) (a) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo agus faoi réir mhír (b), ach amháin le cead ón gCúirt, féadfar achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte in aghaidh aon chinnidh nó ordaithe de chuid an Cheannasaí faoin Acht seo laistigh de 3 mhí ó dháta an chinnidh nó an ordaithe.

(b) I gcás ina ina mbeidh páirtí sna himeachtaí tar éis ráiteas i scríbhinn ar na forais le cinneadh nó le hordú an Cheannasaí, i bhfeidhmiú a chumhachta nó a cumhachta roghnaí, a iarraidh ar an modh forordaithe agus laistigh den tréimhse fhorordaithe, tosóidh an tréimhse 3 mhí ar an dáta a thugtar an ráiteas i scríbhinn don pháirtí a iarrann é.”.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

51 .— (1) Acht na bPaitinní (Leasú) 2006 is teideal don Acht seo.

(2) Faoi réir fho-alt (3), tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla den Acht seo.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo agus ailt 1, 2(a), (f) agus (g), 7, 10, 12, 15, 16, 18 go 25, 29(c)(ii), 31(c), 32, 34, 36 go 40 agus 42 go 45 i ngníomh tráth rite an Achta seo.