33 2006

/images/harp.jpg


Uimhir 33 de 2006


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ) 2006

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Léiriú.

2 . Ainmneacha a thaifeadadh ar liosta na bpostvótálaithe.

3 . Iarratas chun bheith taifeadta ar liosta na bpostvótálaithe.

4 . An t-iarratasóir do sholáthar faisnéise nó doiciméad.

5 . Fógraí agus foirmeacha iarratais.

6 . Iarratais a bhreithniú.

7 . Vótáil ag toghthóirí faoin Acht seo.

8 . Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997.

9 . Leasú ar Rialacháin 1995.

10 . Leasú ar alt 15A d’Acht 1992.

11 . Leasú ar Riail 1 den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1992.

12 . Leasú ar Riail 14A den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1992.

13 . Leasú ar alt 22 d’Acht Toghacháin an tSeanaid (Baill Phríomh-Scoile) 1937.

14 . Leasú ar Acht Toghcháin an tSeanaid (Rolla-Chomhaltaí) 1947.

15 . Socruithe ionadúla vótála faoin Acht seo.

16 . Leasú ar alt 6 den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997.

17 . Leasú ar Airteagail 83, 84, 89 agus 90 de Rialacháin 1995.

18 . Leasú ar Acht Toghchán an Uachtaráin 1993.

19 . Liosta a bhaineann le dréacht-chlár agus le clár atá i bhfeidhm.

20 . Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003

An tAcht Toghcháin 1992

1992, Uimh. 23

An tAcht Toghcháin 1997

1997, Uimh. 25

Na hAchtanna Toghcháin 1992 go 2005

An tAcht Toghcháin (Leasú) 2002

2002, Uimh. 4

An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997

1997, Uimh. 2

Na hAchtanna um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1992 go 2004

Na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla 1974 go 2004

Acht Toghchán an Uachtaráin 1993

1993, Uimh. 28

Achtanna Toghchán an Uachtaráin 1992 go 2004

Achtanna na bPríosún 1826 go 1980

Acht an Reifrinn 1994

1994, Uimh. 12

Achtanna an Reifrinn 1992 go 2004

Acht Toghcháin an tSeanaid (Rolla-Chomhaltaí) 1947

1947, Uimh. 42

Achtanna Toghcháin an tSeanaid (Rolla-Chomhaltaí) 1947 go 2001

Acht Toghacháin an tSeanaid (Baill Phríomh-Scoile) 1937

1937, Uimh. 30

Achtanna Toghcháin an tSeanaid (Comhaltaí Ollscoile) 1937 go 2001

/images/harp.jpg


Uimhir 33 de 2006


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ) 2006

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE POSTVÓTÁIL I dTOGHCHÁIN AGUS I REIFRINN AG DAOINE ATÁ I bPRÍOSÚN SA STÁT AGUS ATÁ I dTEIDEAL VÓTÁIL I dTOGHCHÁIN AGUS I REIFRINN; DO LEASÚ ACHT TOGHCHÁN AN UACHTARÁIN 1993, AN ACHTA UM THOGHCHÁIN DO PHARLAIMINT NA hEORPA 1997 AGUS ACHTACHÁN ÁIRITHE EILE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[11 Nollaig, 2006]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1992” an tAcht Toghcháin 1992;

ciallaíonn “reifreann bunreachta” reifreann i dtaobh togra chun an Bunreacht a leasú;

ciallaíonn “Aire” an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn “gnáthreifreann” reifreann i dtaobh togra nach togra chun an Bunreacht a leasú;

ciallaíonn “príosún”—

(a) áit lena mbaineann Achtanna na bPríosún 1826 go 1980, nó

(b) Foras Naomh Pádraig;

ciallaíonn “reifreann” reifreann bunreachta nó gnáthreifreann;

ciallaíonn “Rialacháin 1995” na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla 1995 (I.R. Uimh. 297 de 1995);

ciallaíonn “oifigeach iomchuí”, i ndáil le príosún, an rialtóir nó an duine eile atá i gceannas an phríosúin nó aon duine atá ar fostú sa phríosún agus atá údaraithe ag an rialtóir sin nó ag an duine eile sin atá i gceannas chun aon fheidhm a chomhlíonadh ar ina leith a luaitear go sainráite san Acht seo, seachas san alt seo, go bhfuil sí inchomhlíonta ag oifigeach den sórt sin.

Ainmneacha a thaifeadadh ar liosta na bpostvótálaithe.

2 .— (1) Déanfaidh an t-údarás clárúcháin ainm gach toghthóra a dhéanfaidh mar a leanas a thaifeadadh ar liosta na bpostvótálaithe—

(a) iarratas chun é nó í a thaifeadadh amhlaidh a dhéanamh tráth nach déanaí ná an dáta deireanach chun éilimh a dhéanamh ar cheartuithe sa dréacht-chlár,

(b) a dheimhniú don údarás clárúcháin, maidir le himthosca coinneála an toghthóra i bpríosún, de bhun ordaithe ó chúirt, gur de chineál iad a fhágann gur dócha nach mbeidh ar a chumas nó ar a cumas an lá vótaíochta dul chun vótáil é féin nó í féin ag an áit vótaíochta don cheantar vótaíochta, agus

(c) a dheimhniú don údarás clárúcháin go raibh gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát sula ndearnadh é nó í a choinneáil i bpríosún.

(2) Chun críocha na nithe seo a leanas—

(a) cinneadh a dhéanamh i dtaobh cén ceann de na liostaí postvótálaithe (do na dáilcheantair éagsúla sa Stát) ina dtaifeadfar a ainm nó a hainm, agus

(b) thairis sin chun críocha an ailt seo (seachas fo-alt (1)(c)),

measfar gnáthchónaí a bheith ar dhuine lena mbaineann an t-alt seo san áit ina mbeadh cónaí air nó uirthi murach gur coinníodh i bpríosún é nó í.

Iarratas chun bheith taifeadta ar liosta na bpostvótálaithe.

3 .— (1) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas i ndáil le hiarratas chun bheith taifeadta ar liosta na bpostvótálaithe de bhun alt 2 :

(a) is san fhoirm a ordóidh an tAire a bheidh an t-iarratas;

(b) beidh an t-iarratas sínithe ag an iarratasóir nó, mura féidir leis an iarratasóir scríobh, cuirfidh sé nó sí a mharc nó a marc leis an bhfoirm iarratais agus, i gceachtar cás, is de réir na dtreoracha a bheidh ar an bhfoirm a chomhlánófar í;

(c) déanfar an fhoirm iarratais, arna comhlánú go cuí agus an deimhniú dá dtagraítear in bhfo-alt (2) ag gabháil léi, a thabhairt de láimh don oifigeach iomchuí agus cuirfidh an t-oifigeach iomchuí í a chur leis an bpost, nó cuirfidh sé nó í faoi deara í a chur leis an bpost, ionas go bhfaighidh an t-údarás clárúcháin í tráth nach déanaí ná an dáta deireanach chun éilimh a dhéanamh ar cheartuithe sa dréacht-chlár.

(2) Maidir leis an deimhniú dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(c), is deimhniú é a bheidh san fhoirm a ordóidh an tAire agus beidh sé sínithe ag oifigeach iomchuí an phríosúin lena mbaineann agus is deimhniú é ina luafar gur duine é nó í an t-iarratasóir atá á choinneáil nó á coinneáil i bpríosún de bhun ordaithe ó chúirt agus go bhfuil imthosca coinneála an toghthóra de chineál a fhágann gur dócha nach mbeidh ar a chumas nó ar a cumas, an lá vótaíochta, dul chun vótáil é féin nó í féin ag an áit vótaíochta don cheantar vótaíochta.

An t-iarratasóir do sholáthar faisnéise nó doiciméad.

4 .— (1) Aon duine a dhéanann iarratas chun bheith taifeadta ar liosta na bpostvótálaithe de bhun alt 2 , tabharfaidh sé nó sí don údarás clárúcháin aon fhaisnéis nó doiciméid atá i seilbh an iarratasóra nó ar fáil aige nó aici agus a éileoidh an t-údarás chun críocha na nithe seo a leanas—

(a) a dheimhniú dó féin gur duine lena mbaineann alt 2 an t-iarratasóir, nó

(b) cinneadh a dhéanamh maidir leis an áit ina bhfuil cónaí air nó uirthi murach gur coinníodh i bpríosún é nó í.

(2) Más rud é go ndéanann údarás clárúcháin ceanglas de bhun fho-alt (1), féadfaidh sé an tréimhse ama ar laistigh di atá an ceanglas le comhlíonadh a shonrú sa cheanglas nó i bhfógra dá éis sin arna thabhairt aige i ndáil leis an gceanglas agus, más rud é nach gcomhlíonann an t-iarratasóir an ceanglas laistigh den tréimhse arna sonrú amhlaidh, measfar an t-iarratas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a bheith tarraingthe siar.

(3) Ní bheidh an tréimhse ama (más ann) a shonrófar sa cheanglas nó san fhógra dá dtagraítear i bhfo-alt (2) níos giorra ná 7 lá ón lá a dhéantar an ceanglas nó a thugtar an fógra, de réir mar a bheidh.

Fógraí agus foirmeacha iarratais.

5 .— (1) Déanfaidh an t-údarás clárúcháin, laistigh den tréimhse 14 lá dar críoch an dáta cáilitheach maidir le clárú mar thoghthóir, socrú go dtabharfar fógra poiblí i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(a) an earnáil toghthóirí atá i dteideal iarratas a dhéanamh chun bheith taifeadta ar liosta na bpostvótálaithe de bhun alt 2 ,

(b) an modh ar dá réir nach mór iarratais faoin alt sin a chur isteach agus an tráth ar roimhe nach mór iad a chur isteach, agus

(c) na tráthanna ar féidir, agus na háiteanna inar féidir, foirmeacha iarratais a fháil chun na críche sin.

(2) Déanfaidh an t-údarás clárúcháin socrú go ndéanfar foirmeacha iarratais dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a chur ar fáil cibé tráthanna agus i cibé áiteanna a bheidh sonraithe i bhfógra de bhun an fho-ailt sin (agus beidh gach príosún i limistéar an údaráis clárúcháin san áireamh sna háiteanna a bheidh sonraithe amhlaidh) agus soláthrófar foirm iarratais den sórt sin saor in aisce d’aon duine a iarrann foirm den sórt sin.

Iarratais a bhreithniú.

6 .— (1) Más rud é, maidir le duine a dhéanann iarratas faoi alt 2 (an “t-iarratasóir”), gur deimhin leis an údarás clárúcháin—

(a) gur toghthóir lena mbaineann alt 2 é nó í,

(b) go bhfuil an fhoirm iarratais dá dtagraítear in alt 3 comhlánaithe go cuí aige nó aici, agus

(c) go bhfuil an deimhniú a cheanglaítear faoi alt 3 tugtha aige nó aici,

déanfaidh an t-údarás clárúcháin—

(i) a rialú go bhfuil an t-iarratas arna dheonú agus an fhoirm iarratais a mharcáil dá réir sin, agus

(ii) an rialú sin a chur in iúl don iarratasóir.

(2) Más rud é nach deimhin leis an údarás clárúcháin, i leith iarratas an iarratasóra maidir leis na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a), (b) agus (c), déanfaidh an t-údarás clárúcháin—

(a) a rialú go bhfuil an t-iarratas arna dhiúltú agus an fhoirm iarratais a mharcáil dá réir sin, agus

(b) an rialú sin agus an chúis atá leis a chur in iúl don iarratasóir.

(3) Faoi réir fho-alt (4), aon uair a fhaigheann an t-údarás clárúcháin iarratas tar éis an dáta a shonraítear in alt 2 (1)(a), tabharfar neamhaird ar an iarratas agus cuirfear an méid sin in iúl don iarratasóir.

(4) Féadfaidh iarratasóir iarratas a dhéanamh chun bheith taifeadta ar liosta na bpostvótálaithe a bheidh i bhfeidhm an dáta a thiocfaidh an tAcht seo i ngníomh agus, chuige sin, féadfaidh an tAire le hordú—

(a) dáta a cheapadh chun bheith ina dháta deireanach chun iarratais a ghlacadh faoi alt 2 in ionad an dáta a shonraítear i mír (a) d’fho-alt (1) den alt sin agus in alt 3 (1)(c), agus

(b) in ionad na tréimhse a shonraítear in alt 5 (1), tréimhse a cheapadh ar laistigh di a thabharfar an fógra dá dtagraítear san fho-alt sin,

agus forléireofar fo-alt (3) dá réir sin.

(5) Féadfaidh an tAire foráil a chur san áireamh in ordú faoi fho-alt (4), á fhoráil—

(a) maidir le hiarratasóirí atá taifeadta go cuí ar liosta na bpostvótálaithe dá dtagraítear san fho-alt sin (“an liosta céadluaite”) tar éis iarratas chuige sin a bheith déanta roimh an dáta arna cheapadh leis an ordú sin, go measfar iad a bheith taifeadta amhlaidh freisin ar liosta na bpostvótálaithe a thagann i bhfeidhm díreach tar éis don liosta céadluaite scor de bheith i bhfeidhm, nó

(b) maidir le hiarratasóirí a mbeidh iarratas déanta acu chun bheith taifeadta ar an liosta céadluaite roimh an dáta arna cheapadh leis an ordú sin agus a ndéantar a n-iarratais a dheonú faoin alt seo, go ndéanfar, in ionad iad a thaifeadadh ar an liosta céadluaite, iad a thaifeadadh go cuí ar liosta na bpostvótálaithe a thagann i bhfeidhm díreach tar éis don liosta céadluaite scor de bheith i bhfeidhm.

(6) Beidh feidhm ag Rialacha 16 agus 17 de Chuid II den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1992 maidir le hachomharc i gcoinne rialaithe de chuid údaráis clárúcháin i leith iarratais faoi alt 2 (lena n-áirítear an t-alt sin amhail mar atá éifeacht leis de bhua fho-alt (4)) mar atá feidhm acu maidir le hiarratas ar thaifeadadh ar an bhforlíonadh ar an gclár agus, dá réir sin, déanfar an tagairt sa Riail sin 16 d’iarratas ar thaifeadadh san fhorlíonadh ar an gclár a fhorléiriú, chun críocha fheidhmiú na Rialach sin leis an bhfo-alt seo, mar thagairt d’iarratas ar thaifeadadh ar liosta na bpostvótálaithe faoi alt 2 (lena n-áirítear an t-alt sin amhail mar atá éifeacht leis de bhua fho-alt (4)).

Vótáil ag toghthóirí faoin Acht seo.

7 .— (1) Beidh feidhm ag forálacha Chuid XIII d’Acht 1992 maidir le heisiúint páipéar ballóide chuig toghthóirí i dtoghchán Dála agus maidir leis na toghthóirí sin do chur na bpáipéar ballóide sin ar ais, ar toghthóirí iad a bhfuil a n-ainmneacha taifeadta ar liosta na bpostvótálaithe de bhun an Achta seo, ach sin faoi réir na modhnuithe seo a leanas—

(a) déanfaidh toghthóir a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta amhlaidh ar liosta na bpostvótálaithe, d’fhonn a vóta a chaitheamh, na nithe seo a leanas san ord seo a leanas i láthair oifigeach iomchuí an phríosúin ina bhfuil sé nó sí á choinneáil nó á coinneáil:

(i) an clúdach arna dhíriú chuig an toghthóir de bhun alt 68 den Acht sin, an páipéar ballóide (a suífidh an t-oifigeach iomchuí i ndáil leis go bhfuil sé neamh-mharcáilte) agus foirm um dhearbhú céannachta san fhoirm a ordóidh an tAire a thabhairt ar aird don oifigeach iomchuí;

(ii) an dearbhú céannachta a chomhlánú agus a shíniú;

(iii) an dearbhú céannachta a thabhairt de láimh don oifigeach iomchuí agus déanfaidh an t-oifigeach iomchuí, ar a bheith deimhin dó nó di de chéannacht an duine a shínigh an dearbhú, an síniú a fhianú agus an dearbhú céannachta a stampáil le stampa an phríosúin agus an clúdach atá dírithe chuig an toghthóir a dhíothú;

(iv) an páipéar ballóide a mharcáil go rúnda;

(v) an páipéar ballóide marcáilte a chur isteach sa chlúdach páipéir ballóide, agus an clúdach sin a shéalú go héifeachtúil;

(vi) an clúdach páipéir ballóide agus an dearbhú céannachta comhlánaithe a chur isteach san fhorchlúdach agus an clúdach sin a shéalú go héifeachtúil;

agus an clúdach is déanaí atá luaite a thabhairt de láimh don oifigeach iomchuí agus cuirfidh an t-oifigeach iomchuí é leis an bpost, nó cuirfidh sé nó sí faoi deara go gcuirfear é leis an bpost, chuig an gceann comhairimh;

(b) déanfar tagairt do “admháil”, i ndáil le doiciméid is cuí do thoghthóirí den sórt sin, a fhorléiriú mar thagairt do “dearbhú céannachta”;

(c) déanfar tagairt do “admháil arna síniú go cuí”, i ndáil le doiciméid den sórt sin, a fhorléiriú mar thagairt do “dearbhú céannachta arna shíniú go cuí agus arna fhianú go cuí agus arna stampáil go cuí le stampa an phríosúin”; agus

(d) déanfar tagairt do “síniú”, i ndáil le toghthóir nach féidir leis nó léi scríobh, a fhorléiriú mar thagairt don toghthóir a mharc nó a marc a dhéanamh.

(2) Beidh éifeacht leis na modhnuithe ar Chuid XIII d’Acht 1992 dá bhforáiltear san alt seo i ndáil le forálacha na Coda sin XIII mar a chuirtear chun feidhme iad maidir le toghcháin uachtaráin le halt 40 d’Acht Toghchán an Uachtaráin 1993, agus maidir le reifrinn le halt 28 d’Acht an Reifrinn 1994.

(3) San alt seo—

tá le “ clúdach páipéir ballóide ” an bhrí a shonraítear in alt 68(3) d’Acht 1992;

tá le “ forchlúdach ” an bhrí a shonraítear in alt 68(3) d’Acht 1992.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997.

8 .— Leasaítear an tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997 tríd an Riail seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Riail 29A (a cuireadh isteach le halt 69 den Acht Toghcháin 1997) den Dara Sceideal:

“Vótáil ag toghthóirí dá dtagraítear in alt 2 den Acht Toghcháin (Leasú) 2006.

29B.— (1) Beidh feidhm ag forálacha na Coda seo maidir le heisiúint páipéar ballóide chuig toghthóirí a bhfuil a n-ainmneacha taifeadta ar liosta na bpostvótálaithe de bhun an Achta Toghcháin (Leasú) 2006, agus maidir leis na toghthóirí sin do chur na bpáipéar ballóide sin ar ais, ach sin faoi réir na modhnuithe seo a leanas:

(a) déanfaidh toghthóir a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta amhlaidh ar liosta na bpostvótálaithe, d’fhonn a vóta a chaitheamh, na nithe seo a leanas san ord seo a leanas i láthair oifigeach iomchuí an phríosúin ina bhfuil sé nó sí á choinneáil nó á coinneáil:

(i) an clúdach arna dhíriú chuig an toghthóir de bhun Riail 32(3), an páipéar ballóide (a suífidh an t-oifigeach iomchuí i ndáil leis go bhfuil sé neamh-mharcáilte) agus foirm um dhearbhú céannachta san fhoirm a ordóidh an tAire a thabhairt ar aird don oifigeach iomchuí;

(ii) an dearbhú céannachta a chomhlánú agus a shíniú;

(iii) an dearbhú céannachta a thabhairt de láimh don oifigeach iomchuí agus déanfaidh an t-oifigeach iomchuí, ar a bheith deimhin dó nó di de chéannacht an duine a shínigh an dearbhú, an síniú a fhianú agus an dearbhú céannachta a stampáil le stampa an phríosúin agus an clúdach atá dírithe chuig an toghthóir a dhíothú;

(iv) an páipéar ballóide a mharcáil go rúnda;

(v) an páipéar ballóide marcáilte a chur isteach sa chlúdach páipéir ballóide, agus an clúdach sin a shéalú go héifeachtúil;

(vi) an clúdach páipéir ballóide agus an dearbhú céannachta comhlánaithe a chur isteach san fhorchlúdach agus an clúdach sin a shéalú go héifeachtúil;

agus an clúdach is déanaí atá luaite a thabhairt de láimh don oifigeach iomchuí agus cuirfidh an t-oifigeach iomchuí é leis an bpost, nó cuirfidh sé nó sí faoi deara go gcuirfear é leis an bpost, chuig an gceann comhairimh áitiúil;

(b) déanfar tagairt do “admháil”, i ndáil le doiciméid is cuí do thoghthóirí den sórt sin, a fhorléiriú mar thagairt do “dearbhú céannachta”;

(c) déanfar tagairt do ‘admháil arna síniú go cuí’, i ndáil le doiciméid den sórt sin, a fhorléiriú mar thagairt do ‘dearbhú céannachta arna shíniú go cuí agus arna fhianú go cuí agus arna stampáil go cuí le stampa an phríosúin’; agus

(d) déanfar tagairt do ‘síniú’, i ndáil le toghthóir nach féidir leis nó léi scríobh, a fhorléiriú mar thagairt don toghthóir a mharc nó a marc a dhéanamh.

(2) Sa Riail seo—

tá le ‘clúdach páipéir ballóide’ an bhrí a shonraítear i Riail 32(3);

tá le ‘forchlúdach’ an bhrí a shonraítear i Riail 32(3);

tá le ‘oifigeach iomchuí’ an bhrí a shonraítear in alt 1 den Acht Toghcháin (Leasú) 2006.”.

Leasú ar Rialacháin 1995.

9 .— Leasaítear Rialacháin 1995 tríd an Airteagal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Airteagal 30A (a cuireadh isteach le halt 70 den Acht Toghcháin 1997):

“Vótáil ag toghthóirí dá dtagraítear in alt 2 den Acht Toghcháin (Leasú) 2006.

30B.— (1) Beidh feidhm ag forálacha na Coda seo maidir le heisiúint páipéar ballóide chuig toghthóirí a bhfuil a n-ainmneacha taifeadta ar liosta na bpostvótálaithe de bhun an Achta Toghcháin (Leasú) 2006, agus maidir leis na toghthóirí sin do chur na bpáipéar ballóide sin ar ais, ach sin faoi réir na modhnuithe seo a leanas:

(a) déanfaidh toghthóir a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta amhlaidh ar liosta na bpostvótálaithe, d’fhonn a vóta a chaitheamh, na nithe seo a leanas san ord seo a leanas i láthair oifigeach iomchuí an phríosúin ina bhfuil sé nó sí á choinneáil nó á coinneáil:

(i) an clúdach arna dhíriú chuig an toghthóir de bhun Airteagal 33(3), an páipéar ballóide (a suífidh an t-oifigeach iomchuí i ndáil leis go bhfuil sé neamh-mharcáilte) agus foirm um dhearbhú céannachta san fhoirm a ordóidh an tAire a thabhairt ar aird don oifigeach iomchuí;

(ii) an dearbhú céannachta a chomhlánú agus a shíniú;

(iii) an dearbhú céannachta a thabhairt de láimh don oifigeach iomchuí agus déanfaidh an t-oifigeach iomchuí, ar a bheith deimhin dó nó di de chéannacht an duine a shínigh an dearbhú, an síniú a fhianú agus an dearbhú céannachta a stampáil le stampa an phríosúin agus an clúdach atá dírithe chuig an toghthóir a dhíothú;

(iv) an páipéar ballóide a mharcáil go rúnda;

(v) an páipéar ballóide marcáilte a chur isteach sa chlúdach páipéir ballóide, agus an clúdach sin a shéalú go héifeachtúil;

(vi) an clúdach páipéir ballóide agus an dearbhú céannachta comhlánaithe a chur isteach san fhorchlúdach agus an clúdach sin a shéalú go héifeachtúil;

agus an clúdach is déanaí atá luaite a thabhairt de láimh don oifigeach iomchuí agus cuirfidh an t-oifigeach iomchuí é leis an bpost, nó cuirfidh sé nó sí faoi deara go gcuirfear é leis an bpost, chuig an gceann comhairimh;

(b) déanfar tagairt do ‘admháil’, i ndáil le doiciméid is cuí do thoghthóirí den sórt sin, a fhorléiriú mar thagairt do ‘dearbhú céannachta’;

(c) déanfar tagairt do ‘admháil arna síniú go cuí’, i ndáil le doiciméid den sórt sin, a fhorléiriú mar thagairt do ‘dearbhú céannachta arna shíniú go cuí agus arna fhianú go cuí agus arna stampáil go cuí le stampa an phríosúin’; agus

(d) déanfar tagairt do ‘síniú’, i ndáil le toghthóir nach féidir leis nó léi scríobh, a fhorléiriú mar thagairt don toghthóir a mharc nó a marc a dhéanamh.

(2) San Airteagal seo—

tá le ‘clúdach páipéir ballóide’ an bhrí a shonraítear in Airteagal 33(3);

tá le ‘forchlúdach’ an bhrí a shonraítear in Airteagal 33(3);

tá le ‘oifigeach iomchuí’ an bhrí a shonraítear in alt 1 den Acht Toghcháin (Leasú) 2006.”.

Leasú ar alt 15A d’Acht 1992.

10 .— Leasaítear alt 15A d’Acht 1992 (a cuireadh isteach le halt 76 den Acht Toghcháin 1997)—

(a) i bhfo-alt (1), trí “, in alt 63 den Acht Toghcháin 1997 nó in alt 2 den Acht Toghcháin (Leasú) 2006” a chur in ionad “nó in alt 63 den Acht Toghcháin, 1997”;

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b) d’fho-alt (2):

“(bb) Beidh feidhm ag forálacha ailt 3, 4, 5 (seachas fo-alt (1)) agus 6 (seachas fo-ailt (3), (4), (5) agus (6)) den Acht Toghcháin (Leasú) 2006 maidir le hiarratas ar thaifeadadh san fhorlíonadh ar liosta na bpostvótálaithe faoin alt seo ó thoghthóir dá dtagraítear in alt 2 (ach nach bhfuil fo-alt (1)(a) den alt sin comhlíonta aige nó aici) den Acht sin:

(i) amhail is dá mba thagairtí do ‘forlíonadh ar liosta na bpostvótálaithe’ tagairtí do ‘liosta na bpostvótálaithe’;

(ii) amhail is dá mba thagairtí don alt seo tagairtí do ‘ alt 2 ’, seachas na tagairtí sin atá in ailt 4(1)(a) agus 6(1)(a);

(iii) amhail is dá ndéanfaí, in alt 3 (1)(c), ‘chuig an údarás clárúcháin’ a chur in ionad ‘ionas go bhfaighidh an t-údarás clárúcháin í tráth nach déanaí ná an dáta deireanach chun éilimh a dhéanamh ar cheartuithe sa dréacht-chlár’; agus

(iv) amhail is dá ndéanfaí, in alt 5 (2), ‘in alt 3 a chur ar fáil’ a chur in ionad ‘i bhfo-alt (1) a chur ar fáil cibé tráthanna agus i cibé áiteanna a bheidh sonraithe i bhfógra de bhun an fho-ailt sin (agus beidh gach príosún i limistéar an údaráis clárúcháin san áireamh sna háiteanna a bheidh sonraithe amhlaidh)’.”.

Leasú ar Riail 1 den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1992.

11 .— (1) Leasaítear an Tábla a ghabhann le Riail 1(4) den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1992 maidir le hullmhú chlár na dtoghthóirí a thagann i bhfeidhm díreach tar éis an chláir atá i bhfeidhm ar an dáta a thagann an tAcht seo i ngníomh, agus maidir leis sin amháin—

(a) i mír 7, trí “9 Nollaig” a chur in ionad “25 Samhain”,

(b) i mír 8, trí “12 Nollaig” a chur in ionad 30 Samhain”, agus

(c) i mír 8, trí “12 Eanáir” a chur in ionad “23 Nollaig”.

(2) San alt seo, folaíonn “ullmhú”, i ndáil le clár na dtoghthóirí, aon ghníomh iomchuí i ndáil leis an gclár ar gníomh é atá luaite sa Tábla a ghabhann le Riail 1(4) den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1992.

(3) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 25 Samhain 2006.

Leasú ar Riail 14A den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1992.

12 .— Leasaítear Riail 14A den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1992 (a cuireadh isteach le halt 1 den Acht Toghcháin (Leasú) 2002)—

(a) i mír (1), trí “Faoi réir mhíreanna (2) agus (2A),” a chur in ionad “Faoi réir mhír (2),”, agus

(b) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (2):

“(2A) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas i ndáil le hiarratas ó thoghthóir atá á choinneáil nó á coinneáil i bpríosún de bhun ordaithe ó chúirt, ar iarratas é chun bheith taifeadta san fhorlíonadh ar chlár na dtoghthóirí:

(a) is san fhoirm a ordóidh an tAire a bheidh an t-iarratas;

(b) beidh an t-iarratas sínithe ag an iarratasóir nó, mura féidir leis an iarratasóir scríobh, cuirfidh sé nó sí a mharc nó a marc leis an bhfoirm iarratais agus, i gceachtar cás, is de réir na dtreoracha a bheidh ar an bhfoirm a chomhlánófar í;

(c) déanfar an fhoirm iarratais, arna comhlánú go cuí agus an deimhniú dá dtagraítear i mír (2B) ag gabháil léi, a thabhairt de láimh don oifigeach iomchuí (de réir bhrí alt 1 den Acht Toghcháin (Leasú) 2006) agus cuirfidh an t-oifigeach iomchuí í leis an bpost, nó cuirfidh sé nó sí faoi deara í a chur leis an bpost, chuig an údarás clárúcháin.

(2B) Maidir leis an deimhniú dá dtagraítear i bhfomhír (c) de mhír (2A), is deimhniú é a bheidh san fhoirm a ordóidh an tAire agus beidh sé sínithe ag oifigeach iomchuí an phríosúin lena mbaineann agus luafar ann go bhfuil sé nó sí deimhin de chéannacht an iarratasóra.”.

Leasú ar alt 22 d’Acht Toghacháin an tSeanaid (Baill Phríomh-Scoile) 1937.

13 .— Leasaítear alt 22 d’Acht Toghacháin an tSeanaid (Baill Phríomh-Scoile) 1937 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) San alt seo—

tá leis an bhfocal ‘príosún’ an bhrí a shanntar dó in alt 1 den Acht Toghcháin (Leasú) 2006;

tá leis an abairt ‘oifigeach iomchuí’ an bhrí a shanntar dó in alt 1 den Acht Toghcháin (Leasú) 2006;

folaíonn an abairt ‘do chur thar n-ais tríd an bpost’, i gcás toghthóra atá á choinneáil nó á coinneáil i bpríosún de bhun ordaithe ó chúirt, an t-oifigeach iomchuí, nó duine atá ag gníomhú faoi stiúradh an oifigigh iomchuí, do chur na ndoiciméad dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ar ais thar ceann an toghthóra lena mbaineann.”.

Leasú ar Acht Toghcháin an tSeanaid (Rolla-Chomhaltaí) 1947.

14 .— Leasaítear Acht Toghcháin an tSeanaid (Rolla-Chomhaltaí) 1947—

(a) in alt 2—

(i) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “ordú”:

“tá leis an bhfocal ‘príosún’ an bhrí a shanntar dó in alt 1 den Acht Toghcháin (Leasú) 2006;”,

agus

(ii) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “an clár de comhluchta ainmniúcháin”:

“tá leis an abairt ‘oifigeach iomchuí’ an bhrí a shanntar dó in alt 1 den Acht Toghcháin (Leasú) 2006;”,

(b) in alt 51, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) San alt seo folaíonn an abairt ‘a chur thar n-ais leis an bpost cláraithe’, i gcás toghthóra atá á choinneáil nó á coinneáil i bpríosún de bhun ordaithe ó chúirt, an t-oifigeach iomchuí, nó duine atá ag gníomhú faoi stiúradh an oifigigh iomchuí, do chur na ndoiciméad dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ar ais thar ceann an toghthóra lena mbaineann.”,

(c) in alt 73, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(2) San alt seo folaíonn an abairt ‘a chur thar n-ais leis an bpost cláraithe nó leis an ngnáth-phost’, i gcás toghthóra atá á choinneáil nó á coinneáil i bpríosún de bhun ordaithe ó chúirt, an t-oifigeach iomchuí, nó duine atá ag gníomhú faoi stiúradh an oifigigh iomchuí, do chur na ndoiciméad dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ar ais thar ceann an toghthóra lena mbaineann.”,

agus

(d) sa Chéad Sceideal—

(i) i mír (1) de Riail 8—

(I) i bhfomhír (b), trí “don toghthóir,” a chur in ionad “don toghthóir.”, agus

(II) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (b):

“(c) i gcás arb é an t-oifigeach iomchuí an duine údaraithe dá dtagraítear i bhfomhír (b), déanfaidh sé, tar éis an forchlúdach a bheith tugtha de láimh dó, lipéad san fhoirm fhorordaithe a ghreamú de sa tslí fhorordaithe agus, más deimhin leis gur cuí an deimhniú atá ar an lipéad a shíniú, síneoidh sé an deimhniú sin agus cuirfidh sé an forchlúdach, nó cuirfidh sé faoi deara go gcuirfear é, leis an bpost cláraithe chuig ceann comhairimh an tSeanaid.”,

(ii) i mír (2) de Riail 8—

(I) i bhfomhír (f), trí “an ceannfort,” a chur in ionad “an ceannfort.”, agus

(II) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (f):

“(g) i gcás an toghthóir a bheith ina thoghthóir atá á choinneáil nó á coinneáil i bpríosún de bhun ordaithe ó chúirt, oifigeach iomchuí an phríosúin ina bhfuil sé nó sí á choinneáil nó á coinneáil.”.

Socruithe ionadúla vótála faoin Acht seo.

15 .— (1) I gcás ina bhfuil ainm toghthóra taifeadta ar liosta na bpostvótálaithe de bhun an Achta seo, féadfaidh an toghthóir fógra i scríbhinn a thabhairt don údarás clárúcháin—

(a) an dara lá tar éis dhíscaoileadh na Dála le haghaidh olltoghcháin nó roimhe sin, nó

(b) an dara lá tar éis dháta déanta an ordaithe lena gceaptar lá vótaíochta i gcorrthoghchán Dála, nó i dtoghchán Uachtaráin, i dtoghchán Eorpach nó i dtoghchán áitiúil, nó i reifreann, nó roimhe sin,

á iarraidh a ainm nó a hainm a scriosadh as liosta na bpostvótálaithe agus comhlíonfaidh an t-údarás clárúcháin an iarraidh sin.

(2) D’ainneoin fhorálacha fho-alt (1), más rud é, maidir le hiarraidh ó thoghthóir a ainm nó a hainm a scriosadh as liosta na bpostvótálaithe, go bhfaightear í i ndiaidh an dáta iomchuí dá dtagraítear i mír (a)(b) den fho-alt sin i ndáil le toghchán nó reifreann ach go bhfaightear í roimh an dáta iomchuí dá dtagraítear i mír (a)(b) i ndáil le toghchán eile nó reifreann eile, a bhfuil an vótaíocht ina leith le déanamh an lá céanna, beidh feidhm ag an dáta iomchuí le haghaidh an dara toghchán nó reifreann, nó le haghaidh an toghcháin nó an reifrinn dá éis sin, maidir le hiarraidh a fhaightear faoi cheachtar de na míreanna a dúradh i dtaca leis na toghcháin nó na reifrinn.

(3) Más rud é—

(a) go bhfuil ainm toghthóra taifeadta ar liosta na bpostvótálaithe de bhun an Achta seo agus go ndéantar, roimh an lá vótaíochta i dtoghchán nó i reifreann, an toghthóir a scaoileadh saor ón bpríosún ina raibh sé nó sí á choinneáil nó á coinneáil in imthosca a fhágann nach mbeidh fógra tugtha ag an toghthóir de réir fho-alt (1), agus

(b) go ndéanann oifigeach iomchuí an phríosúin, roimh an lá vótaíochta sin, an clúdach i leith an toghthóra ina bhfuil páipéar ballóide agus na doiciméid eile dá dtagraítear in alt 68 d’Acht 1992, i Riail 32 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997 nó in Airteagal 33 de Rialacháin 1995, de réir mar a bheidh, a chur ar ais mar pháipéar ballóide agus mar dhoiciméid nár seachadadh ar dhuine a raibh a ainm nó a hainm taifeadta ar liosta na bpostvótálaithe de bhun an Achta seo,

ansin féadfaidh an ceann comhairimh an clúdach a athdhíriú agus é a chur leis an bpost chuig an toghthóir lena mbaineann ag a sheoladh nó ag a seoladh.

(4) Féadfaidh oifigeach iomchuí príosúin clúdach ina bhfuil páipéar ballóide agus na doiciméid eile dá dtagraítear in alt 68 d’Acht 1992, i Riail 32 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997 nó in Airteagal 33 de Rialacháin 1995, de réir mar a bheidh, a athdhíriú agus é a chur leis an bpost chuig príosún eile ina bhfuil an toghthóir lena mbaineann á choinneáil nó á coinneáil nó, de réir mar a bheidh, chuig an gceann comhairimh más rud é nach bhfuil an toghthóir á choinneáil nó á coinneáil a thuilleadh in aon phríosún.

(5) I gcás lena mbaineann fo-alt (3), measfar gur postvótálaí chun críocha Chuid VII den Acht Toghcháin 1997 an toghthóir lena mbaineann, agus beidh feidhm dá réir sin ag alt 68 den Acht sin, ag Riail 29A den Dara Sceideal a gabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997 nó ag Airteagal 30A de Rialacháin 1995, de réir mar a bheidh, maidir le vótáil ag an toghthóir.

Leasú ar alt 6 den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997.

16 .— Leasaítear alt 6 den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Is dleathach do chomhalta den Gharda Síochána nó d’oifigeach don údarás clárúcháin dearbhú reachtúil dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a ghlacadh agus a fháil.”.

Leasú ar Airteagail 83, 84, 89 agus 90 de Rialacháin 1995.

17 .— Leasaítear Rialacháin 1995—

(a) In Airteagal 83, tríd an bhfo-airteagal seo a leanas a chur in ionad fho-airteagal (8):

“(8) Ní dhéanfaidh an ceann comhairimh barrachas iarrthóra a mheastar a bheith tofa a aistriú nuair is lú an barrachas sin, i dteannta aon bharrachais eile gan aistriú, ná an difríocht idir an cuóta agus líon na vótaí a creidiúnaíodh don iarrthóir leanúnach is airde agus an difríocht idir líon na vótaí a creidiúnaíodh don dá iarrthóir leanúnacha is ísle.”,

(b) in Airteagal 84, tríd an bhfo-airteagal seo a leanas a chur in ionad fho-airteagal (2):

“(2) Más rud é gur lú líon iomlán na vótaí a fuair an dá iarrthóir, nó níos mó, is ísle, i dteannta aon bharrachais gan aistriú, ná líon na vótaí a creidiúnaíodh don chéad iarrthóir eile is airde, déanfaidh an ceann comhairimh an dá iarrthóir sin, nó níos mó, is ísle a eisiamh d’aon iarracht.”,

(c) in Airteagal 89, trí “san ord a fhionntar de réir airteagal 88” a scriosadh, agus

(d) in Airteagal 90(3)—

(i) trí “aistriú vótaí agus” a chur in ionad “aistriú vótaí,”, agus

(ii) trí “ina ndearnadh an t-aistriú.” a chur in ionad “ina ndearnadh an t-aistriú, agus faoin ord inar toghadh na hiarrthóirí.”.

Leasú ar Acht Toghchán an Uachtaráin 1993.

18 .— Leasaítear Acht Toghchán an Uachtaráin 1993—

(a) in alt 20, trí “3 p.m.” a chur in ionad “12 a chlog meán lae”, agus

(b) in alt 51(2), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad “d’aon iarracht.”:

“d’aon iarracht, ar choinníoll—

(a) gur mó ná aon cheathrú den chuóta líon na vótaí a creidiúnaíodh don dara hiarrthóir is ísle, nó

(b) nuair nach mó ná aon cheathrú den chuóta líon na vótaí a creidiúnaíodh d’aon duine den dá iarrthóir sin, nó níos mó, is ísle, gur léir dá n-eisiafaí na hiarrthóirí duine ar dhuine de réir fho-alt (1), nárbh fhéidir dá thoradh sin go ndéanfaí líon vótaí ba mhó ná aon cheathrú den chuóta a chreidiúnú d’aon iarrthóir díobh sin.”.

Liosta a bhaineann le dréacht-chlár agus le clár atá i bhfeidhm.

19 .— D’ainneoin aon ní sna hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003, féadfaidh údarás clárúcháin, d’fhonn cúnamh a thabhairt le linn clár iomlán cruinn toghthóirí a ullmhú, liosta d’ainmneacha na ndaoine go léir atá cláraithe mar thoghthóirí sa chlár (atá i bhfeidhm tráth foilsithe an dréacht-chláir sin), ach nach bhfuil a n-ainmneacha san áireamh sa dréacht-chlár sin, a ullmhú agus a fhoilsiú aon tráth tar éis dó dréacht-chlár toghthóirí a fhoilsiú, agus beidh an liosta sin i cibé foirm is cuí leis an údarás clárúcháin.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

20 .— (1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú) 2006 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Toghcháin 1992 go 2006 a ghairm de na hAchtanna Toghcháin 1992 go 2005 agus den Acht seo le chéile agus léifear le chéile iad mar aon ní amháin.

(3) Féadfar na hAchtanna um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1992 go 2006 a ghairm de na hAchtanna um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1992 go 2004 agus den Acht seo (a mhéid a bhaineann sé le toghcháin do Pharlaimint hEorpa), le chéile, agus léifear le chéile iad mar aon ní amháin.

(4) Féadfar Achtanna Toghchán an Uachtaráin 1992 go 2006 a ghairm d’Achtanna Toghchán an Uachtaráin 1992 go 2004 agus den Acht seo (a mhéid a bhaineann sé le toghcháin uachtaráin), le chéile, agus léifear le chéile iad mar aon ní amháin.

(5) Féadfar na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla 1974 go 2006 a ghairm de na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla 1974 go 2004 agus den Acht seo (a mhéid a bhaineann sé le toghcháin áitiúla), le chéile, agus léifear le chéile iad mar aon ní amháin.

(6) Féadfar Achtanna an Reifrinn 1992 go 2006 a ghairm d’Achtanna an Reifrinn 1992 go 2004 agus den Acht seo (a mhéid a bhaineann sé le reifrinn), le chéile, agus léifear le chéile iad mar aon ní amháin.

(7) Féadfar Achtanna Toghcháin an tSeanaid (Comhaltaí Ollscoile) 1937 go 2006 a ghairm d’Achtanna Toghcháin an tSeanaid (Comhaltaí Ollscoile) 1937 go 2001 agus den Acht seo (a mhéid a bhaineann sé le toghcháin an tSeanaid), le chéile, agus léifear le chéile iad mar aon ní amháin.

(8) Féadfar Achtanna Toghcháin an tSeanaid (Rolla-Chomhaltaí) 1947 go 2006 a ghairm d’Achtanna Toghcháin an tSeanaid (Rolla-Chomhaltaí) 1947 go 2001 agus den Acht seo (a mhéid a bhaineann sé le toghcháin an tSeanaid), le chéile, agus léifear le chéile iad mar aon ní amháin.