35 2006

/images/harp.jpg


Uimhir 35 de 2006


AN tACHT LEITHREASA 2006

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon €40,189,155,000, a leithreasú.

2 . Géilleadh iarchurtha a bhaineann le seirbhísí soláthair chaipitiúil, eadhon €159,135,000.

3 . Rúin airgeadais a rith Dáil Éireann an 6 Nollaig 2006.

4 . Gearrtheideal.

SCEIDEAL 1

Suimeanna a Vótáladh le hAghaidh Seirbhísí Soláthair a Leithreasú

SCEIDEAL 2

Géilleadh Iarchurtha a Bhaineann le Seirbhísí Soláthair Chaipitiúil


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Príomh-Chiste (Forálacha Buana) 1965

1965, Uimh. 26

An tAcht Airgeadais 2004

2004, Uimh. 8

An tAcht um Bhailiú Shealadach Cánach 1927

1927, Uimh. 7

Public Accounts and Charges Act 1891

54 & 55 Vic., c. 24

Na hAchtanna Aoisliúntas 1834 go 1963

An tAcht Aoisliúntas agus Pinsean 1976

1976, Uimh. 22

/images/harp.jpg


Uimhir 35 de 2006


AN tACHT LEITHREASA 2006

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEITHREASÚ SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA) 1965 CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA gCRÍOCH CUÍ, DO DHÉANAMH FORÁLA MAIDIR LE TABHAIRT SUAS IARCHURTHA LEITHREASUITHE ÁIRITHE NEAMHURSCAOILTE DON PHRÍOMH-CHISTE FAOI THREOIR NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR CHAIPITIÚIL AGUS NA gCRÍOCH DÁ bhFORÁILTEAR LE hALT 91 DEN ACHT AIRGEADAIS 2004 AGUS DO DHÉANAMH FORÁLA I nDÁIL LEIS NA RÚIN AIRGEADAIS A RITH DÁIL ÉIREANN AN 6 NOLLAIG 2006.

[19 Nollaig, 2006]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon €40,189,155,000, a leithreasú.

1 .— (1) Na suimeanna a deonaíodh as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana) 1965 chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán suim daichead míle céad ochtó is naoi milliún, céad caoga is cúig mhíle euro le haghaidh sheirbhís na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2006, déantar iad a leithreasú le haghaidh na seirbhísí agus na gcríoch a luaitear i Sceideal 1.

(2) I dteannta na ndeontas as an bPríomh-Chiste dá dtagraítear i bhfo-alt (1), féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deireanach de Sceideal 1 agus a ndéanann a n-iomlán suim ceithre mhíle fiche is trí mhilliún, ceithre chéad tríocha is naoi míle euro a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act 1891 é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na gcríoch a shonraítear sa Sceideal sin.

Géilleadh iarchurtha a bhaineann le seirbhísí soláthair chaipitiúil, eadhon €159,135,000.

2 .— Chun críocha alt 91 den Acht Airgeadais 2004, i leith leithreasaí neamhurscaoilte áirithe faoi threoir na seirbhísí soláthair chaipitiúil agus na gcríoch a áirítear i vóta dá dtagraítear i Sceideal 1, leagtar amach i Sceideal 2 na suimeanna a iarchuireadh isteach sa bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2007, agus na vótaí gaolmhara agus na teidil ghaolmhara i leith gach ceann de na suimeanna sin, a ndéanann a n-iomlán suim céad caoga is naoi milliún, céad tríocha is cúig mhíle euro.

Rúin Airgeadais a rith Dáil Éireann an 6 Nollaig 2006.

3 .— (1) Féadfar an reachtaíocht is gá chun éifeacht a thabhairt do na rúin airgeadais a rith Dáil Éireann an 6 Nollaig 2006 agus dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, faoi réir na tréimhse ama a shonraítear in alt 4 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach 1927, a achtú sa bhliain 2007.

(2) Is iad seo a leanas na Rúin Airgeadais dá dtagraítear i bhfo-alt (1):

(a) Rún Airgeadais Uimh. 1 (a bhaineann le cáin ioncaim agus le méadú ar an ráta sonraithe i gcomhair iasachtaí tosaíochta);

(b) Rún Airgeadais Uimh. 2 (a bhaineann le laghdú ar rátaí máil le haghaidh ceirisín agus gáis peitriliam leachtaithe);

(c) Rún Airgeadais Uimh. 3 (a bhaineann le dleachtanna máil ar thobac agus ar tháirgí tobac);

(d) Rún Airgeadais Uimh. 4 (a bhaineann le méadú ar na tairseacha clárúcháin Cánach Breisluacha);

(e) Rún Airgeadais Uimh. 5 (a bhaineann le méadú ar chothromráta Cánach Breisluacha feirmeoirí).

Gearrtheideal.

4 .— Féadfar an tAcht Leithreasa 2006 a ghairm den Acht seo.

SCEIDEAL 1

Suimeanna a Vótáladh le hAghaidh Seirbhísí Soláthair a Leithreasú

Alt 1.

Sceideal de shuimeanna a deonaíodh, agus de shuimeanna a fhéadfar a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair ina dteannta sin, chun íoctha mhuirir na Seirbhísí Poiblí a luaitear i gcolún (2) a ghabhann leis an Sceideal seo agus a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2006.

Suimeanna nach mó ná

Vóta Uimh.

Teideal

Deontais Soláthair

Leithreasaí-i-gcabhair

(1)

(2)

(3)

(4)

1

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig Rúnaí an Uachtaráin, le haghaidh costas áirithe eile a bhaineann le Teaghlachas an Uachtaráin agus le haghaidh deontas áirithe ¼

3,058,000

2

Le haghaidh thuarastail agus chostais Roinn an Taoisigh, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na Roinne agus chun deontais agus deontais-i-gcabhair a íoc

37,598,000

77,000

3

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Ard-Aighne, lena n-áirítear deontas-i-gcabhair

15,199,000

8,000

4

Le haghaidh thuarastail agus chostais na Príomh-Oifige Staidrimh

84,761,000

695,000

5

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste

8,661,000

3,800,000

6

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Airgeadais, lena n-áirítear Oifig an Phámháistir Ghinearálta, seirbhísí áirithe atá faoi riaradh Oifig an Aire agus chun deontais agus deontais-i-gcabhair áirithe a íoc

110,831,000

1,130,000

7

Le haghaidh pinsean, aoisliúntais, díobhálacha ceirde, agus liúntas agus aiscí breise agus eile faoi na hAchtanna Aoisliúntas 1834 go 1963, agus faoin Acht Aoisliúntas agus Pinsean 1976, agus faoi ilreachtanna eile; pinsean eisreachtúil, liúntas eisreachtúil agus aiscí eisreachtúla arna ndámhachtain ag an Aire Airgeadais; táillí do lia-réiteoirí agus táillí ócáideacha do dhochtúirí; cúitimh agus íocaíochtaí eile i leith díobhálacha pearsanta; táillí don Bhord Pinsean; íocaíochtaí i leith an Chórais Sochair Pinsean, íocaíochtaí ilghnéitheacha, etc. ¼

242,442,000

50,000,000

8

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig na gCoimisinéirí Achomhairc

625,000

9

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, lena n-áirítear seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin

381,727,000

38,890,000

10

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig na nOibreacha Poiblí; le haghaidh seirbhísí atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Oifig an tSoláthair mar chuid de Ghníomhaireacht Soláthair an Rialtais, agus chun deontais áirithe a íoc agus chun caiteachas áirithe i ndáil le faoiseamh tuile a chúiteamh ¼

558,318,000

22,579,000

11

Le haghaidh thuarastail agus chostais na Saotharlainne Stáit

8,690,000

100,000

12

Le haghaidh na Seirbhíse Sicréidí

806,000

13

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit

38,042,000

270,000

14

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí

33,635,000

15,000

15

Le haghaidh thuarastail agus chostais na hOifige Luachála agus mionseirbhísí áirithe¼

10,100,000

1,594,000

16

Le haghaidh thuarastail agus chostais na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí

12,553,000

150,000

17

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí ¼

984,000

18

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Ombudsman, an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, Oifig an Choimisinéara Faisnéise agus Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil

8,434,000

5,000

19

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, agus seirbhísí áirithe eile, lena n-áirítear íocaíochtaí faoi scéimeanna airgeadteoranta atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontais áirithe agus deontais-i-gcabhair a íoc

374,697,000

25,120,000

20

Le haghaidh thuarastail agus chostais an Gharda Síochána, lena n-áirítear pinsin, etc.; le haghaidh íocaíochtaí cúitimh agus costas eile i leith seirbhíse sna Caomhnóirí Áitiúla; chun costais finnéithe áirithe a íoc; agus chun deontas-i-gcabhair a íoc

1,290,634,000

40,474,000

21

Le haghaidh thuarastail agus chostais na Seirbhíse Príosún, foirne promhaidh agus leasa agus costas eile i ndáil le príosúin, lena n-áirítear ionaid choinneála; le haghaidh seirbhísí promhaidh agus leasa; agus chun deontas-i-gcabhair a íoc

409,576,000

1,008,000

22

Le haghaidh na dtuarastal agus na gcostas sin de chuid na Seirbhíse Cúirteanna agus na Cúirte Uachtaraí, na hArd-Chúirte, na Cúirte Coiriúla Speisialta, na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche agus mionseirbhísí áirithe eile nach muirear ar an bPríomh-Chiste

85,252,000

32,956,000

23

Le haghaidh thuarastail agus chostais Chlárlann na Talún agus Chlárlann na nGníomhas¼

41,150,000

24

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla

445,000

1,000

25

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, lena n-áirítear deontais d’Údaráis Áitiúla, deontais agus costais eile i ndáil le tithíocht, scéimeanna, fóirdheontais agus deontais ilghnéitheacha

2,697,140,000

32,966,000

26

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Oideachais agus Eolaíochta, le haghaidh seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontais agus deontais-i-gcabhair áirithe a íoc

7,680,468,000

268,501,000

27

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, le haghaidh seirbhísí áirithe a riarann an Oifig sin, agus chun deontais áirithe a íoc.

429,220,000

49,250,000

28

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Gnóthaí Eachtracha, agus seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair agus ranníocaí d’Eagraíochtaí Idirnáisiúnta ¼

204,346,000

39,000,000

29

Le haghaidh Cúnaimh Oifigiúil Forbartha áirithe, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair áirithe, agus le haghaidh ranníocaí d’Eagraíochtaí Idirnáisiúnta áirithe atá páirteach i gCúnamh Forbartha agus le haghaidh tuarastal agus costas i dtaca leo sin

600,479,000

135,000

30

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontais áirithe agus ildeontais-i-gcabhair a íoc

291,441,000

236,248,000

31

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Talmhaíochta agus Bia, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus Choimisiún Talún na hÉireann agus chun deontais, fóirdheontais agus ildeontais-i-gcabhair áirithe a íoc agus chun deontais áirithe faoi scéimeanna airgeadteoranta a íoc

1,048,385,000

450,241,000

32

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Iompair, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, chun deontais áirithe agus deontais-i-gcabhair a íoc, agus le haghaidh seirbhísí áirithe eile ¼

2,368,692,000

36,581,000

33

Le haghaidh thuarastail agus chostais na Dánlainne Náisiúnta, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair

9,439,000

1,000

34

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, chun fóirdheontais, deontais agus deontais-i-gcabhair áirithe a íoc agus chun deontais áirithe faoi scéimeanna airgeadteoranta a íoc

1,288,543,000

101,530,000

35

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun fóirdheontais, deontais agus deontais-i-gcabhair áirithe a íoc

568,187,000

2,890,000

36

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Cosanta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin; le haghaidh phá agus chostais Óglaigh na hÉireann; agus chun deontais-i-gcabhair áirithe a íoc

758,000,000

25,850,000

37

Le haghaidh pá scoir, pinsean, cúitimh, liúntas agus aiscí is iníoctha faoi ilreachtanna le comhaltaí d’Óglaigh na hÉireann agus d’Eagraíochtaí Míleata áirithe eile, etc., nó ina leith sin, agus le haghaidh ilranníocaí agus ilchostas i ndáil leo sin; le haghaidh liúntas eisreachtúil áirithe leanaí agus íocaíochtaí eile agus ildeontas

170,200,000

5,900,000

38

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Gnóthaí Sóisialacha, agus Teaghlaigh, le haghaidh seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus le haghaidh deontas áirithe lena n-áirítear deontas-i-gcabhair¼

7,215,246,000

169,809,000

39

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Sláinte agus Leanaí (lena n-áirítear Oifig an Ard-Chláraitheora), agus seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear deontais ilghnéitheacha

392,058,000

380,000

40

Le haghaidh thuarastail agus chostais Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na Feidhmeannachta, lena n-áirítear deontais ilghnéitheacha

10,356,853,000

2,371,804,000

41

Le haghaidh seirbhísí áirithe a sholáthar i leith leanaí, lena n-áirítear deontais ilghnéitheacha

352,240,000

13,481,000

Iomlán Sceideal 1....

40,189,155,000

4,023,439,000

SCEIDEAL 2

Géilleadh Iarchurtha a Bhaineann le Seirbhísí Soláthair Chaipitiúil

Alt 2.

Sceideal de shuimeanna a áirítear i Sceideal 1 a bhféadfaidh an tAire Airgeadais a chinneadh ina leith, le hordú faoi Alt 91 den Acht Airgeadais 2004, go mbeidh siad ar fáil chun a n-úsáide chun slánaithe soláthair sa bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2007 le haghaidh na seirbhísí soláthair chaipitiúil agus na gcríoch sna Vótaí agus sna Teidil chomhréire a luaitear i gcolúin (1) agus (2).

Vóta Uimh.

Teideal

Suimeanna dá n-iarchuirtear géilleadh.

(1)

(2)

(3)

10

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig na nOibreacha Poiblí; le haghaidh seirbhísí atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Oifig an tSoláthair mar chuid de Ghníomhaireacht Soláthair an Rialtais, agus chun deontais áirithe a íoc agus chun caiteachas áirithe i ndáil le faoiseamh tuile a chúiteamh

30,965,000

19

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, agus seirbhísí áirithe eile, lena n-áirítear íocaíochtaí faoi scéimeanna airgeadteoranta atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontais áirithe agus deontais-i-gcabhair a íoc

1,272,000

23

Le haghaidh thuarastail agus chostais Chlárlann na Talún agus Chlárlann na nGníomhas

500,000

25

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, lena n-áirítear deontais d’Údaráis Áitiúla, deontais agus costais eile i ndáil le tithíocht, agus scéimeanna, fóirdheontais agus deontais ilghnéitheacha

20,000,000

30

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontais agus ildeontais-i-gcabhair áirithe a íoc

15,257,000

31

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Talmhaíochta agus Bia, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus Choimisiún Talún na hÉireann agus chun deontais, fóirdheontais agus ildeontais-i-gcabhair áirithe a íoc agus chun deontais áirithe faoi scéimeanna airgeadteoranta a íoc

20,277,000

32

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Iompair, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, chun deontais áirithe a íoc agus le haghaidh seirbhísí áirithe eile

29,100,000

34

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, chun fóirdheontais agus deontais áirithe agus deontas-i-gcabhair a íoc, agus chun deontais áirithe faoi scéimeanna airgeadteoranta a íoc

16,322,000

35

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun fóirdheontais, deontais agus deontais-i-gcabhair áirithe a íoc

20,842,000

36

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Cosanta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin; le haghaidh phá agus chostais Óglaigh na hÉireann; agus chun deontais-i-gcabhair áirithe a íoc

2,600,000

39

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Sláinte agus Leanaí (lena n-áirítear Oifig an Ard-Chláraitheora), agus seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear deontais ilghnéitheacha

2,000,000

Iomlán Sceideal 2

159,135,000