|
||||
|
[EN] | ||
| ||
Uimhir 38 de 2006 | ||
AN tACHT UM BORD SCANNÁN NA hÉIREANN (LEASÚ) 2006 | ||
[An tiontú oifigiúil] |
RIAR NA nALT | |||||||
Alt | |||||||
1 . Leasú ar alt 10 den Acht um Bord Scannán na hÉireann 1980. | |||||||
2 . Gearrtheideal agus comhlua. | |||||||
Na hAchtanna dá dTagraítear | |||||||
| |||||||
| |||||||
Uimhir 38 de 2006 | |||||||
AN tACHT UM BORD SCANNÁN NA hÉIREANN (LEASÚ) 2006 | |||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM BORD SCANNÁN NA hÉIREANN 1980. | ||
[23 Nollaig, 2006] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
Leasú ar alt 10 den Acht um Bord Scannán na hÉireann 1980. |
1 .— Leasaítear alt 10 den Acht um Bord Scannán na hÉireann 1980 trí “€200,000,000” a chur in ionad “£80,000,000” (a cuireadh isteach le halt 1 den Acht um Bord Scannán na hÉireann (Leasú) 2000) agus tá an t-alt sin 10, arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |
[EN] | AN TÁBLA | |
[EN] | Ní mó ná €200,000,000 comhiomlán aon infheistíochtaí, iasachtaí, deontas nó airgid a sholáthróidh an Bord faoi ailt 6 agus 8 den Acht seo, i dteannta chomhiomlán na príomhshuime agus an úis a dhlífidh an Bord aon tráth áirithe a aisíoc ar scór aon ráthaíochta faoi alt 7 den Acht seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, i dteannta méid na príomhshuime agus an úis (más ann) a bheidh íoctha cheana féin ag an mBord ar scór aon ráthaíocthaí agus nach mbeidh aisíoctha leis an mBord. | |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2 .— (1) Féadfar an tAcht um Bord Scannán na hÉireann (Leasú) 2006 a ghairm den Acht seo. | |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Bord Scannán na hÉireann 1980 go 2006 a ghairm de na hAchtanna um Bord Scannán na hÉireann 1980 go 2000 agus den Acht seo le chéile. |