39 2006

/images/harp.jpg


Uimhir 39 de 2006


AN tACHT UM CHOIMISIÚN THITHE AN OIREACHTAIS (LEASÚ) 2006

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1 Míniú.

2 Leasú ar alt 2 (léiriú) den Phríomh-Acht.

3 Leasú ar alt 4 (feidhmeanna an Choimisiúin) den Phríomh-Acht.

4 Leasú ar alt 5 (maoiniú an Choimisiúin) den Phríomh-Acht.

5 Leasú ar alt 10 (cruinnithe) den Phríomh-Acht.

6 Coistí de chuid an Choimisiúin.

7 Leasú ar alt 11 (cearta agus dliteanais a aistriú) den Phríomh-Acht.

8 Leasú ar alt 13 (meastachán bliantúil ar chaiteachas leanúnach) den Phríomh-Acht.

9 Leasú ar alt 14 (cuntais) den Phríomh-Acht.

10 Leasú ar alt 16 (feidhmeanna an Ard-Rúnaí) den Phríomh-Acht.

11 Séala an Choimisiúin.

12 Leasú ar alt 2 (léiriú) den Acht um Shaoráil Faisnéise 1997.

13 Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995

1995, Uimh. 22

An tAcht um Shaoráil Faisnéise 1997

1997, Uimh. 13

An tAcht um Choimisiún Thithe an Oireachtais 2003

2003, Uimh. 28

Na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) 1938 go 1998

/images/harp.jpg


Uimhir 39 de 2006


AN tACHT UM CHOIMISIÚN THITHE AN OIREACHTAIS (LEASÚ) 2006

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM CHOIMISIÚN THITHE AN OIREACHTAIS 2003 AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[23 Nollaig, 2006]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1 .— San Acht seo ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht um Choimisiún Thithe an Oireachtais 2003.

Leasú ar alt 2 (léiriú) den Phríomh-Acht.

2 .— Leasaítear alt 2 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1)—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “ionadaí an Aire”:

“ciallaíonn ‘ Oifig Thithe an Oireachtais ’ oifig na seirbhíse poiblí a bhfuil státseirbhísigh don Stát mar fhoireann aici arna bhfostú ag an gCoimisiún agus a fheidhmíonn feidhmeanna faoin gCoimisiún le linn Tithe an Oireachtais a reáchtáil de bhun alt 4(1);”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “Coiste Oireachtais”:

“ciallaíonn ‘Coiste Oireachtais ’—

(a) Coiste (seachas an Coiste de Dháil Éireann agus an Coiste de Sheanad Éireann lena mbaineann alt 8 den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995) arna cheapadh ag ceachtar Teach den Oireachtas nó ag dhá Theach an Oireachtais i gcomhar, nó

(b) fochoiste de Choiste den sórt sin;”.

Leasú ar alt 4 (feidhmeanna an Choimisiúin) den Phríomh-Acht.

3 .— (1) Leasaítear alt 4 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Is iad feidhmeanna an Choimisiúin—

(a) socrú a dhéanamh maidir le Tithe an Oireachtais a reáchtáil, agus

(b) Oifig Thithe an Oireachtais a bheith faoina cheannas.”.

(2) Leasaítear alt 4 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Is feidhm de chuid an Choimisiúin freisin seirbhísí aistriúcháin a sholáthar ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile i leith Achtanna an Oireachtais.”.

(3) Leasaítear alt 4 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ullmhú agus a fhoilsiú le haghaidh chomhaltaí Dháil Éireann agus Sheanad Éireann i ndáil le seirbhísí agus saoráidí a úsáid a sholáthraítear as cistí poiblí agus—

(a) féadfaidh sé seirbhísí agus saoráidí den sórt sin a sholáthar tar éis lánscor ar Dháil Éireann, agus

(b) sonróidh sé muirear cuí as úsáid den sórt sin ar shlí seachas i leith dualgas mar ionadaithe poiblí.”.

Leasú ar alt 5 (maoiniú an Choimisiúin) den Phríomh-Acht.

4 .— Leasaítear alt 5 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

“(1) Faoi réir fho-alt (2), déanfar an caiteachas a thabhóidh an Coimisiún i gcomhlíonadh a fheidhmeanna le linn na tréimhse 3 bliana ón 1 Eanáir 2007 a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis agus a íoc amach as sin.

(2) Ní dhéanfar suim is mó ná €393,000,000 a mhuirearú agus a íoc amach amhlaidh.”.

Leasú ar alt 10 (cruinnithe) den Phríomh-Acht.

5 .— Leasaítear alt 10 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) Beidh vóta ag gach comhalta den Choimisiún a bheidh i láthair ag cruinniú den Choimisiún.

(7) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Choimisiún a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás na vótaí a bheith roinnte go cothrom, cinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gceist.

(8) Faoi réir an Achta seo, déanfaidh an Coimisiún nós imeachta agus gnó an Choimisiúin agus aon choiste arna bhunú faoi alt 10A a rialáil.”.

Coistí de chuid an Choimisiúin.

6 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 10:

“10A.— Féadfaidh an Coimisiún cibé coistí den Choimisiún is cuí leis a bhunú ó am go ham chun ceachtar den dá rud seo a leanas, nó iad araon, a dhéanamh:

(a) comhairle a thabhairt i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna, agus

(b) aon fheidhm dá fheidhmeanna a chomhlíonadh, seachas feidhmeanna an Choimisiúin faoin alt seo chun coistí a bhunú, de réir mar a shonróidh an Coimisiún.”.

Leasú ar alt 11 (cearta agus dliteanais a aistriú) den Phríomh-Acht.

7 .— Leasaítear alt 11 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) (a) Urscaoilfidh an Coimisiún aon dliteanais de chuid an Aire a éiríonn nó a d’éirigh i leith aon duine atá nó a bhí—

(i) fostaithe mar státseirbhíseach don Stát ag an gCoimisiún,

(ii) fostaithe mar chomhalta de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais nó mar oifigeach do Dháil Éireann nó do Sheanad Éireann, nó

(iii) fostaithe—

(I) ag comhalta de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann i dtaca le dualgais pharlaiminte an chomhalta, agus leo siúd amháin, nó

(II) ag páirtí cáilitheach d’fhonn gníomhaíochtaí parlaiminte a chomhaltaí tofa a éascú,

de réir rialachán arna ndéanamh faoi na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) 1938 go 1998 chun saoráidí rúnaíochta a sholáthar.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn ‘páirtí cáilitheach’ páirtí polaitíochta atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta agus a bhí san iomaidh san olltoghchán deireanach roimhe sin nó in aon chorrthoghcháin dá éis sin agus ar toghadh comhalta nó comhaltaí dá chuid chun Dáil Éireann nó ar toghadh nó ar ainmníodh comhalta nó comhaltaí dá chuid chun Seanad Éireann san olltoghchán sin nó in aon chorrthoghchán dá éis sin.”.

Leasú ar alt 13 (meastachán bliantúil ar chaiteachas leanúnach) den Phríomh-Acht.

8 .— Leasaítear alt 13 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (2) trí “sealadach” a chur isteach roimh “ar airgead arna íoc” agus tá an fo-alt (2) sin arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) Áireofar sa dara ráiteas faoi mheastacháin agus sna ráitis faoi mheastacháin dá éis sin miondealú sealadach ar airgead arna íoc ag an gCoimisiún i leith caiteachais leanúnaigh don tréimhse lena mbaineann an ráiteas faoi mheastacháin díreach roimhe sin.

Leasú ar alt 14 (cuntais) den Phríomh-Acht.

9 .— Leasaítear alt 14 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (2) trí “na cuntais sin agus an ráiteas maidir le rialú inmheánach airgeadais dá dtagraítear in alt 16(1)(ea) a shíniú agus déanfaidh sé nó sí” a chur isteach i ndiaidh “an tArd-Rúnaí” agus tá an fo-alt sin arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) Maidir le cuntais a choimeádfar faoin alt seo, déanfaidh an t-Ard-Rúnaí na cuntais sin agus an ráiteas maidir le rialú inmheánach airgeadais dá dtagraítear in alt 16(1)(ea) a shíniú agus déanfaidh sé nó sí—

(a) iad a chur, gach bliain, faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis na tréimhse cuntasaíochta lena mbaineann siad, agus

(b) díreach tar éis an iniúchta dá dtagraítear i mír (a), cóip díobh, agus tuarascáil maidir leo ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, a thíolacadh don Aire.

Leasú ar alt 16 (feidhmeanna an Ard-Rúnaí) den Phríomh-Acht.

10 .— Leasaítear alt 16 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):

“(ea) ráiteas a ullmhú maidir le rialú inmheánach airgeadais d’fhonn go ndéanfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste é a athbhreithniú i gcomhthéacs an iniúchta lena mbaineann alt 14(2)(a),”.

Séala an Choimisiúin.

11 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 16:

“16A.— (1) Soláthróidh an Coimisiún séala dó féin.

(2) Fíordheimhneofar séala an Choimisiúin—

(a) le síniú chathaoirleach an Choimisiúin nó comhalta eile den Choimisiún a bheidh údaraithe chuige sin ag an gCoimisiún, agus

(b) le síniú comhalta d’fhoireann an Choimisiúin a bheidh údaraithe chuige sin ag an gCoimisiún.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Choimisiúin agus déanfar ionstraim a airbheartaíonn a bheith ina hionstraim arna déanamh ag an gCoimisiún agus a bheith séalaithe lena shéala (a airbheartaíonn a bheith fíordheimhnithe de réir fho-alt (2)) a ghlacadh i bhfianaise agus measfar gurb í an ionstraim sin í gan chruthúnas, mura suífear a mhalairt.

(4) Féadfaidh aon duine a bheidh údaraithe chuige sin ag an gCoimisiún i gcoitinne nó go speisialta aon chonradh nó ionstraim a dhéanamh nó a fhorghníomhú thar ceann an Choimisiúin, is conradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala dá ndéanfadh nó dá bhforghníomhódh duine nach comhlacht corpraithe é nó í.”.

Leasú ar alt 2 (léiriú) den Acht um Shaoráil Faisnéise 1997.

12 .— Leasaítear alt 2 den Acht um Shaoráil Faisnéise 1997 sa mhíniú ar “ceann comhlachta phoiblí” i bhfo-alt (1) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (j):

“(ja) i ndáil le Coimisiún Thithe an Oireachtais, cathaoirleach Choimisiún Thithe an Oireachtais,”.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

13 .— (1) Féadfar an tAcht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2006 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Choimisiún Thithe an Oireachtais 2003 agus 2006 a ghairm den Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais 2003 (seachas ailt 17, 19, 20 agus 21) agus den Acht seo (seachas alt 12) le chéile.

(3) Tagann an tAcht seo i ngníomh an 1 Eanáir 2007.