40 2006

/images/harp.jpg


Uimhir 40 de 2006


AN tACHT FUINNIMH (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA) 2006

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1 . Gearrtheideal agus tosach feidhme.

2 . Mínithe.

CUID 2

Leasuithe ar Acht 1999

3 . Feidhmeanna an Choimisiúin maidir le margadh fuinnimh uile-oileáin.

4 . Feidhmeanna an Choimisiúin maidir le sábháilteacht leictreachais agus rialáil conraitheoirí leictreachais.

5 . Ceadúnais faoi Acht 1999.

6 . Teas is cumhacht in éineacht.

7 . Ordacháin bheartais don Choimisiún.

8 . Idirnascairí.

9 . Bearta éigeandála.

10 . Leasú ar an Sceideal a ghabhann le hAcht 1999.

CUID 3

Sábháilteacht Gáis Nádúrtha

11 . Leasú ar alt 2 d’Acht 1999.

12 . Feidhmeanna an Choimisiúin maidir le sábháilteacht gáis nádúrtha.

13 . Leasú ar Acht 1999 i ndáil le sábháilteacht gáis agus suiteálaithe gáis.

14 . Forálacha sábháilteachta gáis a leathnú chuig gás peitriliam leachtaithe.

CUID 4

Leasú ar an Acht Gáis 1976

15 . Leasú ar alt 2 d’Acht 1976.

16 . Cumhacht Bhord Gáis Éireann chun stoc caipitiúil a chruthú.

17 . Leasú ar alt 10A d’Acht 1976.

18 . Leasú ar alt 10B d’Acht 1976.

CUID 5

Leasú ar an Acht Gáis (Eatramhach) (Rialáil) 2002

19 . Leasú ar an Acht Gáis (Eatramhach) (Rialáil) 2002.

CUID 6

Leasú ar an Acht Forbartha Móna 1998

20 . Méadú ar an méid airgid a fhéadfaidh Bord na Móna a fháil ar iasacht.

CUID 7

Leasú ar Acht 2001

21 . Leasú ar Acht 2001.

CUID 8

An Éifeacht atá le Leasuithe Áirithe arna nDéanamh ar an Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000

22 . Ceaduithe forbartha áirithe faoi Chuid XI den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000.

CUID 9

Mianaigh a Athshlánú

23 . Léiriú (Cuid 9).

24 . Plean athshlánúcháin mianaigh.

25 . Airleacain ón Aire le haghaidh pleananna athshlánúcháin mianaigh, etc.

26 . Plean athshlánúcháin mianaigh agus údarás áitiúil a cheapadh mar ghníomhaire don Aire.

27 . Cumhacht chun dul isteach.

28 . Cumhacht an Aire chun tailte, etc., a fháil.

29 . Caiteachas ar phlean athshlánúcháin mianaigh a ghnóthú.

30 . Réim Chuid 9.

AN SCEIDEAL


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act 1919

9 & 10 Geo., 5 c. 57

Acht na gCuideachtaí 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht um Láithreáin Thréigthe 1990

1990, Uimh. 14

An tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú) 2001

2001, Uimh. 9

Na hAchtanna um Rialáil Leictreachais agus Gáis 1999 go 2002

An tAcht um Rialáil Leictreachais 1999

1999, Uimh. 23

An tAcht um Lárionaid Chuanta Iascaigh 1968

1968, Uimh. 18

An tAcht Imeall Trágha 1933

1933, Uimh. 12

An tAcht Gáis (Leasú) 1987

1987, Uimh. 9

An tAcht Gáis (Eatramhach) (Rialáil) 2002

2002, Uimh. 10

An tAcht Gáis 1976

1976, Uimh. 30

An tAcht Cuanta 1996

1996, Uimh. 11

Na hAchtanna Cuanta 1946 go 1976

An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú) 1980

1980, Uimh. 10

Lands Clauses Consolidation Act 1845

8 & 9 Vic., c. 18

An tAcht Rialtais Áitiúil 2001

2001, Uimh. 37

An tAcht um Shábháilteacht Mhuirí 2005

2005, uimh. 11

An tAcht Loingis Cheannaíochta (Taismí Muirí a Imscrúdú) 2000

2000, Uimh. 14

An tAcht um Mianaigh agus Cairéil 1965

1965, Uimh. 7

An tAcht um Fhorbairt Pheitriliaim agus Mianraí Eile 1960

1960, Uimh. 7

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000

2000, Uimh. 30

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006

2006, Uimh. 27

An tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004

2004, Uimh. 27

An tAcht um Fhuinneamh Inmharthana 2002

2002, Uimh. 2

An tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997

1997, Uimh. 39

An tAcht Forbartha Móna 1998

1998, Uimh. 26

/images/harp.jpg


Uimhir 40 de 2006


AN tACHT FUINNIMH (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA) 2006

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE LEICTREACHAS AGUS LE RIALÁIL AN TIONSCAIL LEICTREACHAIS AGUS AN TIONSCAIL GÁIS NÁDÚRTHA, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE STOC CAIPITIÚIL I mBORD GÁIS ÉIREANN A EISIÚNT, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LEIS AN ACHT FORBARTHA MÓNA 1998 A LEASÚ, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE hÉIFEACHT LEASUITHE ÁIRITHE AR AN ACHT UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT 2000 ARNA nDÉANAMH LEIS AN ACHT UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT (BONNEAGAR STRAITÉISEACH) 2006, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE CÓIREÁIL TAILTE DÁ nDÉANANN MIANAIGH AGUS IARMHIANAIGH DIFEAR TRÍ NA TAILTE SIN A ATHSHLÁNÚ AGUS MAIDIR LE TAILTE A FHÁIL GO hÉIGEANTACH CHUN CRÍOCHA AN ATHSHLÁNAITHE SIN, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[24 Nollaig, 2006]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1 .— (1) Féadfar an tAcht Fuinnimh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2006 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh ailt 4, 6, 8, 11 go 14 agus 19 i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Mínithe.

2 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht Gáis 1976;

ciallaíonn “Acht 1999” an tAcht um Rialáil Leictreachais 1999;

ciallaíonn “Acht 2001” an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú) 2001;

ciallaíonn “Aire” an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha.

CUID 2

Leasuithe ar Acht 1999

Feidhmeanna an Choimisiúin maidir le margadh fuinnimh uile-oileáin.

3 .— Leasaítear Acht 1999 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 9A:

“Feidhmeanna an Choimisiúin maidir le margadh fuinnimh uile-oileáin.

9B.— (1) Is feidhm de chuid an Choimisiúin, agus measfar gurbh fheidhm riamh í, páirt a ghlacadh i bhforbairt margaidh fuinnimh uile-oileáin, lena n-áirítear tograí a ullmhú agus comhairle a sholáthar don Aire maidir le haon chuid nó le haon ghné de bhunú, bainistiú nó oibriú margaidh den sórt sin.

(2) Féadfaidh an Coimisiún gach beart a mheasfaidh sé is gá a dhéanamh le linn dó a fheidhm a chomhall faoi fho-alt (1).

(3) Áirítear sna cumhachtaí a thugtar don Choimisiún le fo-alt (1) an chumhacht chun a ordú—

(a) do dhuine a shealbhaíonn ceadúnas faoi alt 14(1)(e) nó d’Eangach Náisiúnta BSL caibidlí a dhéanamh le haon duine a shealbhaíonn ceadúnas atá ar aon dul leis maidir le haon chuid de Thuaisceart Éireann agus comhaontú a dhéanamh le haon duine den sórt sin chun eintiteas a bhunú ar a dtabharfar oibritheoir margaidh aonair,

(b) do shealbhóir ceadúnais faoi alt 14(1)(e) nó d’Eangach Náisiúnta BSL cibé bearta is gá a dhéanamh chun feidhmiú agus oibriú cuí an chórais trádála i leictreachas a chinntiú is córas a bhfuil sé freagrach as ar scór ordacháin ón gCoimisiún faoin Acht seo nó faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (An Margadh Inmheánach sa Leictreachas) 2000 agus 2005, agus

(c) do shealbhóir ceadúnais a deonaíodh faoi alt 14 nó do dhuine atá arna cheadúnú nó arna ceadúnú chun leictreachas a ghiniúint de bhua fho-alt (1A) nó (1B) d’alt 14 aon ordacháin, cóid nó rialacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún faoin Acht seo nó faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (An Margadh Inmheánach sa Leictreachas) 2000 agus 2005 a chomhlíonadh.

(4) Áirítear i gcumhacht an Choimisiúin faoi fho-alt (3) an chumhacht chun a ordú go ngabhfaidh sealbhóir ceadúnais faoi alt 14(1)(e) nó Eangach Náisiúnta BSL caiteachas riachtanach de láimh.

(5) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2) féadfaidh an Coimisiún le linn dó a chumhachtaí faoin alt seo a fheidhmiú—

(a) idirchaidreamh a dhéanamh,

(b) comhoibriú, nó

(c) socruithe a dhéanamh, lena n-áirítear socruithe lena ngabhann—

(i) faisnéis a chomhroinnt, nó

(ii) caiteachas a chomhroinnt,

le duine iomchuí in aon Bhallstát eile den Aontas Eorpach agus go háirithe leis an Northern Ireland Authority for Energy Regulation.

(6) San alt seo—

ciallaíonn ‘margadh fuinnimh uile-oileáin’ margadh i bhfuinneamh d’oileán na hÉireann a thiocfaidh as na margaí coibhéiseacha in Éirinn a lánpháirtiú le margaí Thuaisceart Éireann;

folaíonn ‘oileán na hÉireann’ a oileáin agus a fharraigí;

ciallaíonn ‘Eangach Náisiúnta BSL’ Aonad Gnó na hEangaí Náisiúnta de chuid an Bhoird, a chomhlíonann feidhmeanna oibritheoir an chórais tarchurtha faoin Acht seo agus faoi Rialachán na gComhphobal Eorpach (An Margadh Inmheánach sa Leictreachas) 2000 agus 2005, go dtí go ndeonófar ceadúnas faoi alt 14(1)(e);

folaíonn ‘margadh i bhfuinneamh’ margadh i leith na nithe seo—

(a) leictreachas, lena n-áirítear leictreachas arna ghiniúint ó fhoinsí inathnuaite a ghiniúint, a sholáthar, a tharchur, a dháileadh agus a thrádáil, lena n-áirítear é a onnmhairiú nó a allmhairiú,

(b) gás nádúrtha a stóráil, a sholáthar, a tharchur, a dháileadh agus a thrádáil, lena n-áirítear é a onnmhairiú nó a allmhairiú,

(c) seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh,

(d) taighde agus forbairt fuinnimh, agus

(e) gníomhaíochtaí fuinnimh inmharthana eile;

ciallaíonn ‘duine iomchuí’—

(a) aon duine a fheidhmíonn feidhm i ndáil le margadh fuinnimh a chomhfhreagraíonn d’aon cheann d’fheidhmeanna an Choimisiúin nó d’fheidhmeanna an Aire—

(i) faoi na hAchtanna um Rialáil Leictreachais agus Gáis 1999 go 2002,

(ii) faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (An Margadh Inmheánach sa Leictreachas) 2000 agus 2005,

agus

(b) aon duine atá ag gabháil do na nithe seo a leanas—

(i) leictreachas a ghiniúint, a sholáthar, lena n-áirítear é a onnmhairiú nó a allmhairiú, a tharchur nó a dháileadh, nó

(ii) gás nádúrtha a stóráil, a sholáthar, lena n-áirítear é a onnmhairiú nó a allmhairiú, a tharchur nó a dháileadh;

ciallaíonn ‘oibritheoir margaidh aonair’ eintiteas arna bhunú de bhun comhaontaithe arna dhéanamh faoi fho-alt (3) d’fhonn córas conarthaí agus socruithe (lena n-áirítear cibé cearta agus oibleagáidí is dealraitheach don Choimisiún is gá) a bhunú agus a oibriú le haghaidh trádála i leictreachas ar oileán na hÉireann.”.

Feidhmeanna an Choimisiúin maidir le sábháilteacht leictreachais agus rialáil conraitheoirí leictreachais.

4 .— Leasaítear Acht 1999 trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 9B (arna chur isteach le halt 3)—

“Feidhm an Choimisiúin i ndáil le sábháilteacht leictreachais.

9C.— Is feidhm de chuid an Choimisiúin é gníomhaíochtaí conraitheoirí leictreachais a rialáil maidir le sábháilteacht.

Conraitheoirí leictreachais a rialáil.

9D.— (1) (a) Féadfaidh an Coimisiún duine nó daoine a cheapadh mar chomhlacht ainmnithe chun críocha an ailt seo agus féadfar Comhlacht Maoirseachta Sábháilteachta Leictreachais a ghairm de chomhlacht den sórt sin.

(b) I gcás nach mbeidh duine nó daoine ceaptha mar chomhlacht ainmnithe ag an gCoimisiún, nó nach bhfuil comhlacht ainmnithe ábalta a thuilleadh, i dtuairim an Choimisiúin, a fheidhmeanna faoin alt seo a chomhall, féadfaidh an Coimisiún, le toiliú an Aire, fostaí de chuid an Choimisiúin a cheapadh chun na feidhmeanna sin a chomhall ar bhonn sealadach.

(2) (a) Le linn an líon daoine a cheapfar faoi fho-alt (1) a chinneadh, tabharfaidh an Coimisiún aird ar na costais is dócha a bheidh le tabhú acu seo a leanas—

(i) an Coimisiún, le linn a fheidhmeanna faoin alt seo a chomhall, agus

(ii) custaiméirí deiridh.

(b) Beidh feidhm ag mír 16 de Sceideal 1 maidir le haon chostais a thabhóidh an Coimisiún le linn dó a fheidhmeanna faoin alt seo a chomhall.

(c) I mír (b) folaíonn na focail “aon chostais a thabhóidh an Coimisiún” aon airgead a sholáthróidh an Coimisiún do chomhlacht ainmnithe, tar éis é a cheapadh faoi fho-alt (1), chun a éascú don chomhlacht sin a fheidhmeanna a bhunú agus a chomhall.

(3) Ní cheapfar duine mar chomhlacht ainmnithe, nó i gcás duine a bheith ceaptha amhlaidh, scoirfidh sé nó sí de ghníomhú mar chomhlacht ainmnithe, más rud é go bhfuil an duine sin, nó go dtiocfaidh an duine sin chun bheith, ina chomhlachas trádála nó ina comhlachas trádála nó go gcomhlíonann sé nó sí feidhmeanna ionadaíochta thar ceann daoine a oibríonn sa tionscal leictreachais.

(4) Aon duine nach bhfuil, de thuras na huaire, arna cheapadh nó arna ceapadh mar chomhlacht ainmnithe, ní thabharfaidh sé nó sí Comhlacht Maoirseachta Sábháilteachta Leictreachais de thuairisc air féin nó uirthi féin ná ní thabharfaidh sé nó sí tuairisc air féin nó uirthi féin ar shlí ar dóigh di a thabhairt le tuiscint gurb é nó í an duine sin an comhlacht ainmnithe chun críocha an ailt seo.

(5) (a) Foilseoidh an Coimisiún critéir (dá ngairtear ‘na critéir’ san alt seo) a bhaineann leis na nithe seo a leanas—

(i) maoirseacht sábháilteachta leictreachais,

(ii) na caighdeáin sábháilteachta atá le baint amach agus le coinneáil ag conraitheoirí leictreachais, agus

(iii) na nósanna imeachta atá le hoibriú ag duine a cheapfar mar chomhlacht ainmnithe.

(b) Beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh sna critéir atá le foilsiú i dtaca le mír (a), ach ní gá gurb í sin amháin a bheidh ann:

(i) na nósanna imeachta atá le glacadh ag comhlacht ainmnithe chun a chomhaltaí a chlárú;

(ii) na nósanna imeachta atá le leanúint ag duine a dhéanann iarratas ar chomhaltas i gcomhlacht ainmnithe;

(iii) na seirbhísí a fhéadfaidh comhlacht ainmnithe a chomhall thar ceann a chomhaltaí chun comhlíonadh a fheidhmeanna a éascú;

(iv) na caighdeáin oiliúna agus sábháilteachta atá le baint amach agus le coinneáil ag comhaltaí de chuid comhlachta ainmnithe agus na nósanna imeachta atá le leanúint ag comhlacht ainmnithe le linn faireachán a dhéanamh ar na caighdeáin sin;

(v) na nósanna imeachta atá le leanúint ag comhlacht ainmnithe i ndáil le hiniúchadh a dhéanamh ar aon obair arna déanamh ag duine dá chomhaltaí, nó ag duine nach conraitheoir cláraithe leictreachais é nó í;

(vi) na nósanna imeachta atá le leanúint ag comhlacht ainmnithe i dtaca le comhaltas duine dá chomhaltaí a fhionraí nó a chúlghairm;

(vii) na nithe atá le cuimsiú i ndeimhniú um chríochnú i leith earnálacha éagsúla nó aicmí éagsúla oibreacha leictreachais agus na himthosca ina n-úsáidfear gach aicme deimhnithe den sórt sin;

(viii) an cineál cuntas atá le coimeád ag an gcomhlacht ainmnithe, agus an modh inar ceart iniúchóireacht a dhéanamh ar na cuntais sin;

(ix) an modh inar ceart na cuntais a choimeádtar faoi fhomhír (viii) a fhoilsiú; agus

(x) na nósanna imeachta atá le leanúint, agus na taifid atá le coinneáil, ag comhlacht ainmnithe nó ag a chomhaltaí (más cuí), i dtaca le fomhíreanna (i) go (ix).

(c) Féadfaidh an Coimisiún na critéir a athbhreithniú nó a leasú a mhinice a mheasann sé is gá.

(6) Ní cheapfaidh an Coimisiún duine mar chomhlacht ainmnithe mura deimhin leis go bhfuil an duine in ann na critéir a chomhlíonadh, agus maidir le gach duine is comhalta (dá ngairtear conraitheoir cláraithe leictreachais san alt seo) den chomhlacht ainmnithe sin go bhfuil ag an gcomhlacht sin, nó go mbeidh ag an gcomhlacht sin má cheaptar é, an cumas agus an teideal chun na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(a) aon obair arna déanamh ag conraitheoir cláraithe leictreachais a iniúchadh,

(b) faireachán a dhéanamh ar chaighdeáin oiliúna agus sábháilteachta duine is conraitheoir cláraithe leictreachais,

(c) athbhreithniú a dhéanamh ar oiliúint a fhaigheann duine atá ar fostú mar fhostaí nó mar chonraitheoir neamhspleách de chuid conraitheora chláraithe leictreachais,

(d) ordacháin a eisiúint chuig conraitheoir cláraithe leictreachais maidir leis an oiliúint atá le tabhairt d’aicme nó d’aicmí daoine, nó atá le fáil ag aicme nó aicmí daoine, atá ar fostú mar fhostaithe nó mar chonraitheoirí neamhspleácha,

(e) comhaltas conraitheora chláraithe leictreachais i gcomhlacht ainmnithe a fhionraí i gcás an conraitheoir cláraithe leictreachais sin a bheith á imscrúdú nó á himscrúdú ag an gcomhlacht sin i dtaobh na nithe seo a leanas—

(i) an bhfuil obair a rinne an conraitheoir cláraithe leictreachais neamhshábháilte nó de chaighdeán atá míshásúil ar shlí eile,

(ii) an bhfuil oiliúint fostaithe agus conraitheoirí neamhspleácha atá ar fostú ag an gconraitheoir cláraithe leictreachais lena mbaineann neamh-leordhóthanach go hábhartha, nó

(iii) ar ghníomhaigh an conraitheoir cláraithe leictreachais de shárú ar na critéir go feadh méid ábhartha,

(f) comhaltas conraitheora chláraithe leictreachais sa chomhlacht ainmnithe a fhionraí nó a chúlghairm i gcás inar deimhin leis an gcomhlacht sin go bhfuil feidhm ag aon cheann de na nithe a shonraítear i bhfomhíreanna (i) go (iii) de mhír (e) maidir leis an gconraitheoir lena mbaineann.

(7) (a) I gcás ina gcinnfidh comhlacht comhaltas conraitheora chláraithe leictreachais sa chomhlacht sin a fhionraí nó a chúlghairm, déanfaidh an comhlacht ainmnithe sin fógra a thabhairt i scríbhinn dóibh seo a leanas araon—

(i) an Coimisiún, agus

(ii) an conraitheoir cláraithe leictreachais lena mbaineann,

maidir lena chinneadh chun comhaltas conraitheora chláraithe leictreachais sa chomhlacht ainmnithe a fhionraí nó a chúlghairm.

(b) Féadfaidh conraitheoir cláraithe leictreachais, is ábhar do chinneadh faoi mhír (a), achomharc i scríbhinn i gcoinne an chinnidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 28 lá ón tráth a chuirtear an cinneadh in iúl dó nó di.

(8) (a) Déanfaidh an Coimisiún duine amháin nó níos mó (“Oifigeach Achomhairc”) a cheapadh:

(i) chun breithniú cuí a dhéanamh, agus

(ii) chun tuarascáil a thabhairt don Choimisiún,

ar aon achomharc a chuireann conraitheoir cláraithe leictreachais faoi bhráid an Choimisiúin agus a bhaineann le cinneadh arna dhéanamh ag an gcomhlacht ainmnithe chun a chomhaltas nó a comhaltas sa chomhlacht ainmnithe a fhionraí nó a chúlghairm.

(b) Déanfaidh an Coimisiún aird a thabhairt ar thuarascáil an Oifigigh Achomhairc faoi mhír (a) agus tabharfaidh sé fógra don chomhlacht ainmnithe, don Oifigeach Achomhairc agus don chonraitheoir cláraithe leictreachais lena mbaineann faoina chinneadh maidir le cinneadh an chomhlachta ainmnithe lena mbaineann a dhaingniú, a athrú nó a chur ar ceal.

(c) Ní dhéanfar achomharc a bhreithniú faoin bhfo-alt seo más rud é—

(i) go mbaineann sé le haon ní is ábhar d’imeachtaí os comhair cúirte nó binse eile, go dtí go gcinnfear na himeachtaí sin, nó

(ii) nach gcuirfear faoi bhráid an Choimisiúin é laistigh de 28 lá ón tráth a chuirtear an cinneadh in iúl don chonraitheoir cláraithe leictreachais lena mbaineann.

(9) D’ainneoin ghinearáltacht fho-ailt (7) agus (8), féadfaidh an Coimisiún na nósanna imeachta a bheidh le leanúint acu seo a leanas a shonrú:

(a) an tOifigeach Achomhairc le linn an t-achomharc a bhreithniú;

(b) an tOifigeach Achomhairc le linn a thuarascáil nó a tuarascáil don Choimisiún a dhréachtú;

(c) an comhlacht ainmnithe nuair atá comhaltas conraitheora chláraithe leictreachais á fhionraí nó á chúlghairm; agus

(d) conraitheoir cláraithe leictreachais is ábhar do chinneadh ón gcomhlacht ainmnithe i dtaobh a chomhaltas nó a comhaltas sa chomhlacht ainmnithe a fhionraí nó a chúlghairm,

sna critéir a fhoilseofar faoi fho-alt (5).

(10) (a) Maidir le taraifí na dtáillí agus na muirear a fhorchuirfidh comhlacht ainmnithe i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(i) comhaltas conraitheora leictreachais sa chomhlacht sin,

(ii) conraitheoir leictreachais a chlárú mar chonraitheoir cláraithe leictreachais,

(iii) iniúchtaí ar oibreacha leictreachais, agus

(iv) aon seirbhís arna soláthar do chomhalta de chuid comhlachta ainmnithe ag an gcomhlacht sin nó thar a cheann,

beidh siad faoi réir a gceadaithe ag an gCoimisiún.

(b) Déanfaidh an comhlacht ainmnithe na caiteachais agus na costais go léir a thabhaíonn comhlacht ainmnithe le linn aon cheann dá fheidhmeanna a chomhall faoin alt seo a íoc as cistí atá faoina réir agus a fhaightear de réir mhír (a).

(11) Ní fhéadfaidh duine a bheith ina chomhalta nó ina comhalta de níos mó ná comhlacht ainmnithe amháin.

(12) I gcás ina ndéanfaidh conraitheoir cláraithe leictreachais oibreacha leictreachais, déanfar na hoibreacha de réir na gceanglas sábháilteachta arna gceadú ag an gCoimisiún ó am go ham.

(13) I gcás ina ndéanfaidh conraitheoir cláraithe leictreachais oibreacha leictreachais, ar oibreacha sonraithe iad mar gheall ar chinneadh ón gCoimisiún faoi fho-alt (27), déanfaidh an conraitheoir cláraithe leictreachais lena mbaineann deimhniú um chríochnú a eisiúint chuig an duine a d’iarr go ndéanfaí na hoibreacha.

(14) I gcás ina ndéanfaidh conraitheoir leictreachais nach comhalta de chomhlacht ainmnithe oibreacha sonraithe, déanfaidh an duine ar thar a cheann nó thar a ceann atá na hoibreacha sonraithe á ndéanamh a iarraidh ar chomhlacht ainmnithe socrú a dhéanamh go ndéanfar iniúchadh ar na hoibreacha agus, má chomhlíonann na hoibreacha na ceanglais sábháilteachta arna gceadú ag an gCoimisiún, go n-eiseofar deimhniú um chríochnú.

(15) Déanfaidh comhlacht ainmnithe a fhaigheann iarraidh faoi fho-alt (14) socrú go ndéanfar an t-iniúchadh a luaithe is indéanta agus, más cuí, go n-eiseofar deimhniú um chríochnú.

(16) Faoi réir fho-alt (17), beidh comhlacht ainmnithe i dteideal íocaíocht táillí agus muirear a fháil i leith iniúchadh a dhéanamh ar na hoibreacha, agus ní bheidh na táillí agus na muirir sin níos mó ná mar atá leagtha amach i dtaraif na dtáillí agus na muirear arna foilsiú ag an gcomhlacht ainmnithe lena mbaineann.

(17) Ní bheidh éifeacht le taraif na dtáillí agus na muirear dá dtagraítear i bhfo-alt (16) go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún í a cheadú agus ní thabharfar an ceadú sin mura rud é gur deimhin leis an gCoimisiún go ndéantar na táillí agus na muirir a ríomh ar bhonn na gcostas réasúnach atá inchurtha i leith iniúchtaí a dhéanamh faoin alt seo.

(18) Sonróidh an Coimisiún foirm an deimhnithe um chríochnú ar foirm í a bheidh le húsáid chun críocha an ailt seo agus féadfaidh sé foirmeacha éagsúla a shonrú le haghaidh imthosca éagsúla nó aicmí éagsúla oibre leictreachais agus féadfaidh sé foráil a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) na nósanna imeachta atá le leanúint, agus

(b) na taifid atá le coimeád,

ag conraitheoirí cláraithe leictreachais agus ag comhlacht ainmnithe i dtaca le deimhnithe den sórt sin a eisiúint.

(19) (a) Féadfaidh an Coimisiún cigireacht nó iniúchóireacht a dhéanamh ar chomhlacht ainmnithe chun a fhíorú go bhfuil ceanglais an ailt seo, na téarmaí agus coinníollacha ceapacháin agus critéir an Choimisiúin á gcomhlíonadh ag an gcomhlacht ainmnithe.

(b) Féadfaidh an Coimisiún duine a cheapadh chun cúnamh a thabhairt dó le linn cigireachtaí nó iniúchóireachtaí dá dtagraítear i mír (a) a dhéanamh.

(20) Féadfaidh an Coimisiún ceapachán comhlachta ainmnithe a fhoirceannadh—

(a) de réir théarmaí agus choinníollacha an cheapacháin,

(b) le héifeacht láithreach, i gcás an Coimisiún a bheith den tuairim gur cúis contúirte tromaí don phobal é aon ghníomh nó mainneachtain de chuid an chomhlachta ainmnithe, nó

(c) más rud é, i dtuairim an Choimisiúin, gur ar mhaithe le leasanna tomhaltóirí atá sé an ceapachán a fhoirceannadh, agus níl feidhm ag mír (b) má thugtar fhógra 3 mhí ar a laghad, nó cibé fógra is giorra ná sin, a bheidh sonraithe sna téarmaí agus sna coinníollacha ceapacháin ina leith sin.

(21) Féadfaidh an Coimisiún duine a cheapadh, lena n-áirítear duine is fostaí de chuid comhlachta ainmnithe, mar oifigeach údaraithe chun iniúchadh a dhéanamh ar obair leictreachais—

(a) ar oibreacha de chuid conraitheoirí cláraithe leictreachais iad, ar aon talamh a gcreideann an t-oifigeach údaraithe ina leith go bhfuil obair den sórt sin á déanamh nó déanta air ag conraitheoir den sórt sin, nó

(b) ar oibreacha iad ab ábhar do dheimhniú um chríochnú,

ach ní dhéanfaidh oifigeach údaraithe is fostaí de chuid comhlachta ainmnithe na cumhachtaí a thugtar faoin alt seo a fheidhmiú maidir le hobair de chuid duine is comhalta de chomhlacht ainmnithe seachas an comhlacht ainmnithe ag a bhfuil an t-oifigeach údaraithe lena mbaineann ar fostú.

(22) Tráth a cheaptha nó a ceaptha, tabharfar deimhniú a cheapacháin nó a ceapacháin do dhuine a cheapfar mar oifigeach údaraithe faoi fho-alt (21), agus le linn dó nó di cumhacht a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú déanfaidh sé nó sí, má iarrann aon duine a ndéanann an feidhmiú sin difear dó nó di é, an deimhniú sin a thabhairt ar aird don duine sin lena iniúchadh.

(23) Déanfaidh conraitheoir cláraithe leictreachais agus gach fostaí nó conraitheoir neamhspleách de chuid conraitheora chláraithe leictreachais gach cúnamh réasúnach a thabhairt dóibh seo a leanas—

(a) oifigeach údaraithe i bhfeidhmiú a chumhachtaí nó a cumhachtaí faoin alt seo, agus

(b) an Coimisiún le linn dó a chumhachtaí a fheidhmiú faoi fho-alt (19) lena n-áirítear duine a bhfuil cúnamh á thabhairt aige nó aici don Choimisiún de bhun fho-alt (19).

(24) Ní dhéanfaidh duine—

(a) bac a chur ar oifigeach údaraithe atá ag comhlíonadh aon fheidhme a n-údaraítear dó nó di í a fheidhmiú nó a chomhlíonadh faoin alt seo,

(b) bac a chur ar an gCoimisiún le linn dó a chumhachtaí a fheidhmiú faoin alt seo, nó

(c) bac a chur ar dhuine a bhfuil cúnamh á thabhairt aige nó aici don Choimisiún de bhun fho-alt (19).

(25) Ní dhéanfaidh duine conraitheoir cláraithe leictreachais a thabhairt de thuairisc air féin nó uirthi féin ná ní thabharfaidh sé nó sí tuairisc air féin nó uirthi féin ar shlí ar dóigh di a thabhairt le tuiscint gur conraitheoir cláraithe leictreachais an duine sin mura rud é gur comhalta de chomhlacht ainmnithe an duine sin de thuras na huaire.

(26) Tá duine a sháraíonn fo-alt (4), (24) nó (25) ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó téarma príosúnachta nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €15,000 nó téarma príosúnachta nach faide ná 3 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(27) Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle le cibé daoine is cuí leis, a chinneadh gur oibreacha sonraithe iad aicme nó aicmí oibreacha leictreachais.

(28) San alt seo—

ciallaíonn ‘deimhniú um chríochnú’ deimhniú a mbeidh an fhoirm ina leith sonraithe ag an gCoimisiún faoi fho-alt (18);

ciallaíonn ‘comhlacht ainmnithe’ duine a cheapfar faoi fho-alt (1) mar chomhlacht ainmnithe chun críocha an ailt seo;

ciallaíonn ‘oibreacha sonraithe’ cibé aicme nó aicmí oibreacha a mbeidh cinneadh déanta ag an gCoimisiún ina leith de réir fho-alt (27) á rá gur oibreacha sonraithe iad.

Oibreacha ainmnithe leictreachais.

9E.— (1) Féadfaidh an Coimisiún le rialacháin, tar éis dul i gcomhairle le cibé daoine is cuí leis, agus le toiliú an Aire, aicme nó aicmí oibreacha leictreachais a ainmniú mar oibreacha ainmnithe leictreachais.

(2) I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (1) déanfaidh an tAire, i gcás an dréacht de na rialacháin sin a bheith ceadaithe aige nó aici, a chur faoi deara go leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(3) Ní dhéanfaidh duine oibreacha leictreachais ar oibreacha ainmnithe leictreachais iad mura rud é gur conraitheoir cláraithe leictreachais an duine sin.

(4) Tá duine a sháraíonn fo-alt (3) ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó téarma príosúnachta nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €15,000 nó téarma príosúnachta nach faide ná 3 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.”.

Ceadúnais faoi Acht 1999.

5 .— Leasaítear Acht 1999 in alt 14(1) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (c) agus (d):

“(c) chun leictreachas a sholáthar do chustaiméirí deiridh ar leictreachas é a ghineann an soláthróir sin agus ar leictreachas é a ghintear, go hiomlán nó go páirteach, trí chineálacha inathnuaite, inmharthana nó malartacha fuinnimh a úsáid, de réir aon socruithe trádála dá bhforáiltear i rialacháin arna ndéanamh faoi alt 9(1)(d),

(d) chun leictreachas a sholáthar do chustaiméirí deiridh ar leictreachas é a ghineann an soláthróir sin nó a cheannaíonn an soláthróir sin agus ar leictreachas é a ghintear, go hiomlán nó go páirteach, trí theas is cumhacht in éineacht a úsáid, de réir aon socruithe trádála dá bhforáiltear i rialacháin arna ndéanamh faoi alt 9(1)(d).”.

Teas is cumhacht in éineacht.

6 .— Leasaítear Acht 1999—

(a) i bhfo-alt (1) d’alt 2—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “teas is cumhacht in éineacht”:

“ciallaíonn ‘teas is cumhacht in éineacht’ na nithe seo a leanas a ghiniúint go comhuaineach in aon phróiseas amháin—

(a) fuinneamh teirmeach agus fuinneamh leictreach,

(b) fuinneamh teirmeach agus fuinneamh meicniúil, nó

(c) fuinneamh teirmeach, leictreach agus meicniúil;”,

agus

(ii) trí na mínithe nua seo a leanas a chur isteach de réir ord aibítre an leagain Béarla:

“ciallaíonn ‘éileamh atá inchosanta go heacnamaíoch’ an t-éileamh nach mó ná na riachtanais le haghaidh teasa nó le haghaidh fuarú agus a shásófaí thairis sin, faoi dhálaí margaidh, trí phróisis ghiniúna fuinnimh seachas comhghiniúint;

ciallaíonn ‘táirgeadh leictreachais ó theas is cumhacht in éineacht’ leictreachas a tháirgtear ó theas is cumhacht in éineacht arna ríomh de réir alt 7;

ciallaíonn ‘teas is cumhacht in éineacht ard-éifeachtúlachta’ táirgeadh trí theas is cumhacht in éineacht lena ndéantar, ar bhonn bliantúil—

(a) i gcás teas is cumhacht in éineacht ar mhionscála agus teas is cumhacht in éineacht ar mhicreascála, coigiltis fuinnimh phríomhúil arna ríomh de réir mhíreanna 3 agus 4 de Sceideal 3 a bhaint amach, agus

(b) i gcás gach teas is cumhacht in éineacht eile, coigiltis fuinnimh phríomhúil arna ríomh de réir mhíreanna 3 agus 4 de Sceideal 3 a bhaint amach is coigiltis 10 faoin gcéad ar a laghad i gcomparáid leis na tagairtí i leith teas agus leictreachas a tháirgeadh ar leithligh óna chéile;

ciallaíonn ‘aonad teas is cumhacht in éineacht ar mhicreascála’ aonad teas is cumhacht in éineacht a bhfuil toilleadh uasta is lú ná 50 kWe aige;

ciallaíonn ‘teas is cumhacht in éineacht ar mhionscála’ aonaid teas is cumhacht in éineacht a bhfuil toilleadh suiteáilte is mó ná 50 kWe agus is lú ná 1MWe acu;

ciallaíonn ‘teas úsáideach’ teas a tháirgtear i bpróiseas comhghiniúna chun éileamh ar theas nó ar fhuarú atá inchosanta go heacnamaíoch a shásamh.”,

(b) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 7—

“Teas is cumhacht in éineacht.

7.— (1) Déanfar táirgeadh leictreachais ó theas is cumhacht in éineacht a ríomh de réir mhíreanna 1 agus 2 de Sceideal 3.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, duine a cheapadh chun coibhnis iarbhír cumhacht go teas na n-aicmí sin d’aonaid teas is cumhacht in éineacht a shonraítear san ordú a ríomh agus a dheimhniú agus beidh ag an duine sin cibé cumhachtaí agus dualgais a shonraítear san ordú.

(3) Déanfaidh duine arna cheapadh nó arna ceapadh faoi fho-alt (2) coibhnis iarbhír cumhacht go teas aonad teas is cumhacht in éineacht a ríomh de réir an Achta seo agus de réir na Treorach.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, luachanna réamhshocraithe a shonrú don choibhneas cumhacht go teas d’aon teicneolaíocht nó d’aon teicneolaíochtaí a chomhlíonann an sainmhíniú ar chumhacht is teas in éineacht, ar choinníoll—

(a) maidir leis na teicneolaíochtaí dá dtagraítear i míreanna (a), (b), (c), (d) agus (e) d’Iarscríbhinn I den Treoir, go mbeidh na luachanna réamhshocraithe sin i gcomhréir leo siúd atá sonraithe i mír (b) d’Iarscríbhinn II den Treoir,

(b) maidir le teicneolaíochtaí seachas iad sin dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo, go gcuirfear na luachanna réamhshocraithe sin in iúl don Choimisiún Eorpach.

(5) Déanfar méid coibhneasta coigiltis fuinnimh phríomhúil arna sholáthar le táirgeadh teas is cumhacht in éineacht a ríomh de réir mhíreanna 3 agus 4 de Sceideal 3.

(6) Faoi réir fho-alt (7), féadfaidh an tAire luachanna tagartha éifeachtúlachta a chinneadh, le hordú, le haghaidh leictreachas agus teas a tháirgeadh ar leithligh óna chéile, ar luachanna iad a chinnfear de réir na bprionsabal a shonraítear i mír 5 de Sceideal 3, agus féadfaidh an tAire ordú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(7) I gcás ina mbeidh, de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 14(2) den Treoir, treoirlínte mionsonraithe bunaithe ag an gCoimisiún Eorpach maidir le cur i ngníomh agus cur chun feidhme Iarscríbhinn II den Treoir—

(a) ní dhéanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (6) i ndáil le nithe is ábhar do threoirlínte den sórt sin,

(b) scoirfidh na luachanna tagartha éifeachtúlachta a bheidh cinnte ag an Aire in ordú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo d’éifeacht a bheith leo, agus

(c) beidh feidhm ag na treoirlínte sin chun an cóimheas cumhacht go teas a bhaineann le leictreachas arna tháirgeadh ó theas is cumhacht in éineacht a chinneadh.

(8) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú arna dhéanamh faoin alt seo, lena n-áirítear ordú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.

(9) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo agus Sceideal 3 maidir le suiteálacha nó stáisiúin ghiniúna cibé acu a ceadúnaíodh den chéad uair iad sular tháinig alt 6 den Acht Fuinnimh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2006 i ngníomh nó dá éis sin.

(10) San alt seo ciallaíonn “Treoir” Treoir 2004/8/CE an 11 Feabhra 2004 1 .”,

(c) in alt 14(1), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (d) (arna chur isteach le halt 5):

“(d) chun leictreachas a sholáthar do chustaiméirí deiridh ar leictreachas é a ghineann an soláthróir sin nó a cheannaíonn an soláthróir sin agus ar leictreachas é a ghintear, go hiomlán nó go páirteach, trí theas is cumhacht ard-éifeachtúlachta in éineacht a úsáid de réir na socruithe trádála dá bhforáiltear i rialacháin arna ndéanamh ag an gCoimisiún faoi alt 9(1)(d),”,

agus

(d) tríd an ábhar atá sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur isteach i ndiaidh Sceideal 2 (a cuireadh isteach leis an Acht um Fhuinneamh Inmharthana 2002) mar Sceideal 3 a ghabhann le hAcht 1999.

Ordacháin bheartais don Choimisiún.

7 .— Leasaítear Acht 1999 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 10:

Ordacháin bheartais don Choimisiún.

10A.— (1) (a) Féadfaidh an tAire, ar mhaithe le rialáil chuí éifeachtach an mhargaidh leictreachais agus an mhargaidh gáis nádúrtha agus ar mhaithe le beartas atá infheidhmithe maidir le rialáil chuí éifeachtach den sórt sin a fhoirmliú, cibé ordacháin ghinearálta bheartais a thabhairt don Choimisiún, de réir mar a mheasann sé nó sí is cuí, ar ordacháin iad a bheidh le comhlíonadh ag an gCoimisiún i bhfeidhmiú a fheidhmeanna.

(b) D’ainneoin ghinearáltacht mhír (a), féadfar aird a thabhairt ar na saincheisteanna seo a leanas in ordacháin ghinearálta bheartais den sórt sin—

(i) slándáil an tsoláthair fuinnimh,

(ii) inchothaitheacht an tsoláthair fhuinnimh,

(iii) iomaíochas an tsoláthair fhuinnimh, nó

(iv) cibé ní eile a mheasann an tAire is cuí.

(2) Comhlíonfaidh an Coimisiún aon ordachán a thabharfar faoi fho-alt (1), agus tabharfaidh sé tuairisc don Aire i dtaobh aon ordacháin a chur i ngníomh (lena n-áirítear costais an chur i ngníomh sin) a thabharfar faoi fho-alt (1) sa tuarascáil a ullmhófar de réir mhír 25(b) de Sceideal 1 a ghabhann leis Acht seo.

(3) Sula dtabharfaidh an tAire ordachán faoi fho-alt (1), déanfaidh sé nó sí—

(a) dréacht den ordachán atá beartaithe a sholáthar dóibh seo a leanas—

(i) an Coimisiún,

(ii) an Comhchoiste dá dtagraítear i mír 26 de Sceideal 1 den Acht seo, agus

(iii) aon duine eile mheasann an tAire is cuí,

á iarraidh orthu uiríll a dhéanamh i scríbhinn ar an togra agus sonróidh sé nó sí an tréimhse (nach giorra ná 30 lá ón tráth a thabharfar an dréacht don Choimisiún nó ón tráth foilsithe sin, cibé acu is déanaí) ar laistigh di a fhéadfaidh siad uiríll a dhéanamh i ndáil leis an togra, agus

(b) dréacht den ordachán beartais atá beartaithe don Choimisiún a fhoilsiú, ar dréacht é—

(i) ina n-áireofar sonraí faoin ordachán beartais atá beartaithe, lena n-áirítear na cúiseanna leis an ordachán a thabhairt, agus

(ii) ina sonrófar an tréimhse (nach giorra ná 30 lá ón tráth a thabharfar an dréacht don Choimisiún nó ón tráth foilsithe sin, cibé acu is déanaí) ar laistigh di a fhéadfaidh páirtithe leasmhara uiríll a dhéanamh i ndáil leis an togra.

(4) Féadfaidh an tAire, tar éis dó nó di aon uiríll arna ndéanamh faoi fho-alt (3) a bhreithniú, an t-ordachán a thabhairt faoi fho-alt (1), fara leasú nó gan leasú.

(5) Más rud é, i dtuairim an Aire, maidir le hordachán a bheartaíonn an tAire a thabhairt don Choimisiún faoi fho-alt (1), go mbaineann sé, nó go bhféadfadh baint a bheith aige, le feidhmeanna Aire eile den Rialtas, rachaidh an tAire i gcomhairle leis an Aire sin den Rialtas roimh aon oibleagáid a fhorchuirtear air nó uirthi le fo-alt (3) a chomhall.

(6) Ní thabharfaidh an tAire ordachán faoi fho-alt (1)—

(a) i leith duine a bhfuil ceadúnas, údarú nó toiliú iarrtha nó ar seilbh aige nó aici, ná

(b) i leith duine dá bhféadfaidh an Coimisiún, ceadúnas, údarú nó toiliú a dheonú, ná

(c) i leith chomhlíonadh fheidhmeanna an Choimisiúin i ndáil le gnóthais fhuinnimh aonair nó i ndáil le daoine aonair.

(7) I gcás ina dtabharfaidh an tAire ordachán faoi fho-alt (1), déanfar fógra i dtaobh an ordacháin sin agus i dtaobh mionsonraí faoi, lena n-áirítear cúiseanna ar tugadh an t-ordachán, a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.”.

Idirnascairí.

8 .— (1) Leasaítear fo-alt (1) d’alt 2 d’Acht 1999 trí “faoi réir alt 2A,” a chur isteach roimh “i ndáil le leictreachas” sa mhíniú ar “tarchur”.

(2) Leasaítear Acht 1999 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 2:

“Ionad idirnascairí i leith córais tarchurtha.

2A.— (1) Is cuid den chóras tarchurtha idirnascaire atá ar úinéireacht ag an mBord.

(2) Faoi réir fho-alt (3) ní cuid den chóras tarchurtha idirnascaire atá ar úinéireacht ag duine seachas an Bord.

(3) D’ainneoin fho-alt (2), measfar chun muirir a ríomh agus muirir a fhorchur as an gcóras tarchurtha a úsáid gur cuid den chóras tarchurtha idirnascaire atá ar úinéireacht ag duine seachas an Bord.”.

(3) Leasaítear fo-alt (1) d’alt 14 d’Acht 1999—

(a) i mír (g) trí “oibritheoir an chórais dáilte,” a chur in ionad “oibritheoir an chórais dáilte, nó”,

(b) i mír (h) trí “soláthróir leictreachais poiblí, nó” a chur in ionad “soláthróir leictreachais poiblí”, agus

(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (h):

“(i) chun leictreachas a iompar trasna idirnascaire agus chun idirnascaire a chothabháil,”.

(4) Leasaítear alt 16 d’Acht 1999—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Ní dhéanfaidh aon duine—

(a) stáisiún giniúna a fhoirgniú nó a athfhoirgniú, chun leictreachas a sholáthar do chustaiméirí deiridh, ná

(b) idirnascaire a fhoirgniú,

mura mbeidh údarú cuí deonaithe don duine ag an gCoimisiún.”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Faoi réir alt 17, féadfaidh an Coimisiún údarú a dheonú nó diúltú údarú a dheonú d'aon duine—

(a) chun stáisiún giniúna a fhoirgniú nó a athfhoirgniú, nó,

(b) chun idirnascaire a fhoirgniú,

agus i gcás ina ndeonóidh an Coimisiún údarú den sórt sin, beidh an t-údarú sin faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a shonrófar san údarú, lena n-áirítear, maidir le stáisiún giniúna, cumas giniúna an stáisiúin sin.”.

(5) Leasaítear Acht 1999 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 16:

“Idirnascaire a fhoirgniú.

16A.— Féadfaidh an Coimisiún, le toiliú an Aire, foirgniú idirnascaire nó idirnascairí a áirithiú ar mhodh amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a) trí thairiscint iomaíoch;

(b) trí údarú arna dheonú do dhuine gan tairiscint iomaíoch roimh ré a bheith faighte i gcás ina léireoidh an duine, chun sástacht an Choimisiúin, gur le leas fadtéarmach custaiméirí deiridh údarú a dheonú, faoi réir cibé coinníollacha a mheasfaidh an Coimisiún is gá agus is cuí; nó

(c) trí iarraidh a dhéanamh ar oibritheoir an chórais tarchurtha foráil a dhéanamh ina phlean forbartha maidir le hidirnascaire a fhoirgniú.”.

(6) Leasaítear alt 18 d’Acht 1999 i bhfo-alt (1) trí “chun stáisiún giniúna a fhoirgniú nó a athfhoirgniú” a chur isteach i ndiaidh “údarú”.

(7) Leasaítear Acht 1999 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 34:

“Téarmaí maidir le rochtain ar idirnascaire.

34A.— (1) Faoi réir fho-alt (3) déanfaidh sealbhóir ceadúnais faoi alt 14(1)(i) (dá ngairtear ‘an t-oibritheoir idirnascaire’ san alt seo) rochtain ar an idirnascaire lena mbaineann a thairiscint ar bhonn téarmaí neamh-idirdhealaitheacha foilsithe a bheidh faoi réir a gceadaithe ag an gCoimisiún agus faoi réir ordachán a thabharfaidh an Coimisiún.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) féadfaidh an Coimisiún ordacháin a thabhairt don oibritheoir idirnascaire lena ndéanfar foráil maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) na nithe a bheidh le sonrú i gcomhaontú maidir le húsáid an idirnascaire,

(b) na téarmaí agus na coinníollacha ar a ndéanfar tairiscint maidir le rochtain ar an idirnascaire,

(c) an bonn ar a bhféadfar muirir a ghearradh as rochtain ar an idirnascaire,

(d) na téarmaí agus na coinníollacha ar a ndéanfar iarratais ar rochtain agus an tréimhse ama ar laistigh di a dhéanfaidh an t-oibritheoir idirnascaire tairiscint nó diúltú de bhun iarratais, agus

(e) aon nithe eile a mheasfaidh an Coimisiún is gá nó is fóirsteanach chun tairiscint a dhéanamh maidir le rochtain ar an idirnascaire,

agus déanfaidh an t-oibritheoir idirnascaire de réir ordachán a thabharfaidh an Coimisiún faoin alt seo laistigh de cibé tréimhse ama a shonróidh an Coimisiún.

(3) Ní cheanglófar ar an oibritheoir idirnascaire faoi fho-alt (1) comhaontú a dhéanamh más rud é —

(a) go mbeidh léirithe aige nó aici chun sástacht an Choimisiúin nach é leas an phobail é déanamh amhlaidh,

(b) gur dhóigh don oibritheoir idirnascaire, dá ndéanfadh sé nó sí comhaontú faoin alt seo, a bheith páirteach—

(i) i sárú ar an Acht seo,

(ii) i sárú ar rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo,

(iii) i sárú ar an gcód eangaí nó ar an gcód dáilte, nó

(iv) i sárú ar choinníollacha aon cheadúnais nó údaraithe a deonaíodh don oibritheoir idirnascaire faoin Acht seo.

(4) I gcás ina ndiúltóidh an t-oibritheoir idirnascaire comhaontú a dhéanamh faoin alt seo, tabharfaidh an t-oibritheoir idirnascaire fógra don iarratasóir faoi na cúiseanna a bhí leis an diúltú sin.

(5) Aon díospóid idir an t-oibritheoir idirnascaire agus aon duine ar duine é nó í, nó a éileoidh gur duine é nó í, a bhfuil d'oibleagáid ar an oibritheoir idirnascaire tairiscint rochtana ar an idirnascaire a dhéanamh dó nó di (agus cibé acu is díospóid í i ndáil le déanamh tairisceana, leis na téarmaí a thairgtear, leis an muirear atá beartaithe nó le haon ní eile)—

(a) i gcás ina ndéanfaidh an t-oibritheoir idirnascaire an tairiscint, nó

(b) i gcás ina ndiúltóidh an t-oibritheoir idirnascaire tairiscint a dhéanamh,

féadfaidh an Coimisiún, ar iarratas ón duine sin, í a chinneadh agus déanfaidh an t-oibritheoir idirnascaire de réir aon chinnidh den sórt sin agus beidh sé nó sí faoi cheangal ag aon chinneadh den sórt sin.”.

Bearta éigeandála.

9 .— Leasaítear Acht 1999 tríd an gcuid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid VI:

“CUID VIA

Bearta Éigeandála i gCás Géarchéime Tobainne

Bearta éigeandála.

40A.— (1) Má tharlaíonn géarchéim thobann sa mhargadh fuinnimh agus i gcás ina mbeidh sábháilteacht nó slándáil fhisiciúil daoine, gairis nó suiteálacha, nó sláine an chórais tarchurtha gáis nádúrtha nó leictreachais nó an chórais dáilte gáis nádúrtha nó leictreachais faoi bhagairt, féadfaidh an tAire a ordú le hordú—

(a) don Choimisiún,

(b) do shealbhóir ceadúnais faoi alt 14,

(c) do dhuine dá dtagraítear in alt 10A(2)(b)(i), (ii), (iii) nó (iv) den Acht Gáis, 1976,

cibé bearta cosanta a dhéanamh is dóigh leis an Aire is gá, agus déanfaidh an duine ar a ndírítear an t-ordú an t-ordachán a chomhlíonadh.

(2) Le linn ordú a dhéanamh faoin alt seo, beidh aird ag an Aire ar an gcuspóir, maidir leis na bearta a bheidh faoi réir ordacháin faoin ordú—

(a) go gcuirfidís isteach a laghad is féidir ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i ngás nó i leictreachas, agus

(b) nach leithne a raon ná mar is fíor-riachtanach chun na deacrachtaí tobanna a leigheas.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú arna dhéanamh faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.”.

Leasú ar an Sceideal a ghabhann le hAcht 1999.

10 .— (1) Leasaítear Acht 1999—

(a) tríd an Sceideal a ghabhann leis an Acht sin a athuimhriú mar Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht sin, agus

(b) in alt 8(3), trí “Sceideal 1” a chur in ionad “An Sceideal”.

(2) Leasaítear Sceideal 1 a ghabhann le hAcht 1999 (arna athuimhriú le fo-alt (1))—

(a) i mír 2, trí “, chun bheith i seilbh oifige i gcáil lánaimseartha ar feadh tréimhse nach lú ná trí bliana agus nach mó ná cúig bliana” a scriosadh,

(b) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 2:

“2A. I gcás nach mbeidh an cathaoirleach a cheapfar de bhun mhír 2 ar fáil lena dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire comhalta eile den Choimisiún a cheapadh chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach gníomhach ar an gCoimisiún ar feadh tréimhse sonraithe nach mó ná 6 mhí, agus comhlíonfaidh duine a cheapfar amhlaidh dualgais agus feidhmeanna an chathaoirligh.

2B. I gcás ina mbeidh níos mó ná comhalta amháin ar an gCoimisiún, beidh vóta ag gach comhalta den Choimisiún, lena n-áirítear an cathaoirleach, agus is le tromlach vótaí na gcomhaltaí den Choimisiún a bheidh i láthair nuair a thionólfar an vóta agus a vótálfaidh ar an gceist a chinnfear aon ní a mbeidh cinneadh le déanamh air ag an gCoimisiún agus, i gcás comhionannais, beidh an dara vóta, is vóta réitigh, ag cathaoirleach an Choimisiúin a cheapfar de bhun mhír 2 nó 2A, má tá sé nó sí i láthair agus má vótálann sé nó sí.”,

(c) i mír 3, trí “Beidh comhalta den Choimisiún a rachaidh a théarma oifige nó a téarma oifige in éag” a chur in ionad “Beidh comhalta den Choimisiún, lena n-áirítear an cathaoirleach, a rachaidh a théarma oifige nó a téarma oifige in éag”,

(d) i mír 4, trí “dhá théarma oifige mar chomhalta” a chur in ionad “dhá théarma oifige”,

agus

(e) i mír 25—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (b):

“(b) cuntais a choimeádfar faoi fhomhír (a) i leith gach bliana a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus, nuair a bheidh na cuntais sin iniúchta amhlaidh, tíolacfar iad don Aire, maille le—

(i) tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, agus

(ii) tuarascáil ón gCoimisiún don Aire i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna sa bhliain roimhe sin,

laistigh de 6 mhí ó dheireadh na bliana airgeadais, agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de na cuntais, de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, agus den tuarascáil ón gCoimisiún i ndáil lena fheidhmeanna a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (c):

“(c) tráth nach déanaí ná an 30 Samhain gach bliain, tuarascáil a thabhairt don Aire i ndáil lena chlár oibre beartaithe don bhliain dár gcionn agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is indéanta.”.

CUID 3

Sábháilteacht Gáis Nádúrtha

Leasú ar alt 2 d’Acht 1999.

11 .— Leasaítear alt 2 d’Acht 1999 i bhfo-alt (1) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “Aire”:

“ciallaíonn ‘feisteas gáis nádúrtha’ aon fhearas, gaireas nó rud eile, lena n-áirítear píobáin agus múcháin ghaolmhara, ar nithe iad—

(a) a úsáideann custaiméir tís nó atá ceaptha lena n-úsáid ag custaiméir tís, nó

(b) a úsáideann cibé aicme nó aicmí custaiméara tionscail nó tráchtála a shonróidh an Coimisiún ó am go ham, nó atá ceaptha lena n-úsáid ag aicme nó aicmí den sórt sin,

i dtaca le tomhailt nó úsáid gáis nádúrtha cibé acu is le gnóthas gáis nádúrtha an fearas, an gaireas nó an rud nó nach ea;”.

Feidhmeanna an Choimisiúin maidir le sábháilteacht gáis nádúrtha.

12 .— Leasaítear alt 9 d’Acht 1999—

(a) i bhfo-alt (1) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):

“(ea) gníomhaíochtaí gnóthas gáis nádúrtha agus suiteálaithe gáis nádúrtha a rialáil, maidir le sábháilteacht,

(eb) sábháilteacht custaiméirí gáis nádúrtha agus an phobail i gcoitinne a chur chun cinn maidir le gás nádúrtha a sholáthar, stóráil, a tharchur, a dháileadh agus a úsáid (gan na gníomhaíochtaí sin a sheoltar ag píblínte nó ag saoráidí uas-srutha a áireamh ach amháin i gcás ina mbeifear ag gabháil do ghás nádúrtha a stóráil sa phíblíne nó sa tsaoráid sin),

(ec) dul i gcomhairle leis an Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann maidir le caighdeáin agus sonraíochtaí a bhaineann le sábháilteacht gáis nádúrtha.”,

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1F):

“(1G) (a) Le linn a fheidhmeanna a chomhlíonadh faoi fho-alt (1)(ea) déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, creat rialaitheach le haghaidh sábháilteachta gáis nádúrtha a bhunú agus a chur i ngníomh, agus tuarascáil a thabhairt don Aire gach bliain i dtaobh fheidhmiú an chreata sin.

(b) Beidh na rudaí seo a leanas sa chreat a bhunófar faoi mhír (a)—

(i) córas chun gach píblíne tarchuir agus dáilte gáis nádúrtha, saoráidí stórála agus GLN a iniúchadh agus a thástáil a mhéid agus a mhinice a shonraítear sa chreat,

(ii) córas chun suiteálaithe gáis nádúrtha oilte aonair a rialáil agus a dheimhniú agus chun iniúchadh leantach a dhéanamh ar a gcuid oibre agus chun a n-inniúlacht a mheasúnú,

(iii) nósanna imeachta chun gearáin maidir le hinniúlacht aon suiteálaí gáis nádúrtha áirithe a imscrúdú,

(iv) nósanna imeachta chun imscrúdú a dhéanamh ar aon teagmhais ina bhfuil gás nádúrtha i gceist a ndlítear iad a imscrúdú i dtuairim an Choimisiúin,

(v) nósanna imeachta a bhaineann le tuarascáil a thabhairt don Aire maidir le himscrúdú faoi fhomhír (iv),

(vi) aon ní eile a mheasfaidh an Coimisiún is gá.

(c) Féadfaidh an Coimisiún an creat dá dtagraítear i mír (a) a athbhreithniú nó a leasú a mhinice a mheasfaidh sé is gá.

(1H) (a) Le linn a fheidhmeanna faoi mhíreanna (ea) agus (eb) d’fho-alt (1) a chomhall féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar ghnóthais gáis nádúrtha comhairle a thabhairt agus faisnéis a sholáthar go rialta dá gcustaiméirí deiridh agus don phobal—

(i) maidir leis an gcleachtas is fearr i ndáil le húsáid shábháilte gáis nádúrtha agus maidir le feisteáin gáis nádúrtha a oibriú agus a chothabháil, agus

(ii) maidir le sceithí gáis nádúrtha agus lochtanna eile ar fheisteáin gáis nádúrtha a bhrath agus a thuairisciú,

i cibé slí a ordóidh an Coimisiún ó am go ham.

(b) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), féadfaidh an Coimisiún a ordú do ghnóthas gáis nádúrtha gabháil d’fheachtais chun sábháilteacht gáis nádúrtha a chur chun cinn, leis féin nó de chomhbheart in éineacht le haon ghnóthas gáis nádúrtha eile (cibé acu a oibríonn nó nach n-oibríonn an gnóthas eile sin laistigh den Stát), ar feachtais iad a bheidh i cibé foirm a shonróidh an Coimisiún ina ordachán agus comhlíonfaidh gach gnóthas gáis nádúrtha lena mbaineann aon ordachán den sórt sin.”.

Leasú ar Acht 1999 i ndáil le sábháilteacht gáis agus suiteálaithe gáis.

13 .— Leasaítear Acht 1999 trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 9E (a cuireadh isteach le halt 4):

“Suiteálaithe gáis a rialáil.

9F.— (1) (a) Féadfaidh an Coimisiún duine a cheapadh mar chomhlacht ainmnithe chun críocha an ailt seo agus féadfar Comhlacht Maoirseachta Sábháilteachta Gáis a ghairm den chomhlacht sin.

(b) I gcás nach mbeidh duine ceaptha mar chomhlacht ainmnithe ag an gCoimisiún, nó nach bhfuil comhlacht ainmnithe ábalta a thuilleadh, i dtuairim an Choimisiúin, a fheidhmeanna faoin alt seo a chomhall, féadfaidh an Coimisiún, le toiliú an Aire, fostaí de chuid an Choimisiúin a cheapadh chun na feidhmeanna sin a chomhall ar bhonn sealadach.

(2) (a) Le linn duine a cheapadh mar chomhlacht ainmnithe de réir fho-alt (1), tabharfaidh an Coimisiún aird ar na costais is dócha a bheidh le tabhú acu seo a leanas—

(i) an Coimisiún, le linn a fheidhmeanna faoin alt seo a chomhall, agus

(ii) custaiméirí deiridh.

(b) Beidh feidhm ag mír 16 de Sceideal 1 maidir le haon chostais a thabhóidh an Coimisiún le linn dó a fheidhmeanna faoin alt seo a chomhall.

(c) I mír (b) folaíonn na focail “aon chostais a thabhóidh an Coimisiún” aon airgead a sholáthróidh an Coimisiún don chomhlacht ainmnithe, tar éis é a cheapadh faoi fho-alt (1), chun a éascú don chomhlacht sin a fheidhmeanna a bhunú agus a chomhall.

(3) Ní cheapfar duine mar chomhlacht ainmnithe, nó i gcás duine a bheith ceaptha amhlaidh, scoirfidh sé nó sí de ghníomhú mar chomhlacht ainmnithe, más rud é go bhfuil an duine sin, nó go dtiocfaidh an duine sin chun bheith, ina chomhlachas trádála nó ina comhlachas trádála nó go gcomhlíonann sé nó sí feidhmeanna ionadaíochta thar ceann daoine a oibríonn sa tionscal gáis.

(4) Aon duine nach bhfuil, de thuras na huaire, arna cheapadh nó arna ceapadh mar chomhlacht ainmnithe, ní thabharfaidh sé nó sí Comhlacht Maoirseachta Sábháilteachta Gáis de thuairisc air féin nó uirthi féin ná ní thabharfaidh sé nó sí tuairisc air féin nó uirthi féin ar shlí ar dóigh di a thabhairt le tuiscint gurb é nó í an duine sin an comhlacht ainmnithe chun críocha an ailt seo.

(5) (a) Foilseoidh an Coimisiún critéir (dá ngairtear ‘na critéir’ san alt seo) a bhaineann leis na nithe seo a leanas—

(i) maoirseacht sábháilteachta gáis,

(ii) na caighdeáin sábháilteachta atá le baint amach agus le coinneáil ag suiteálaithe gáis, agus

(iii) na nósanna imeachta atá le hoibriú ag duine a cheapfar i gcáil an chomhlachta ainmnithe.

(b) Beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh i ndoiciméad na gcritéar atá le foilsiú i dtaca le mír (a), ach ní gá gurb í sin amháin a bheidh ann:

(i) na nósanna imeachta atá le glacadh ag an gcomhlacht ainmnithe chun a chomhaltaí a chlárú;

(ii) na nósanna imeachta atá le leanúint ag duine a dhéanann iarratas ar chomhaltas sa chomhlacht ainmnithe;

(iii) na seirbhísí a fhéadfaidh an comhlacht ainmnithe a chomhall thar ceann a chomhaltaí;

(iv) na caighdeáin oiliúna agus sábháilteachta atá le baint amach agus le coinneáil ag comhaltaí de chuid an chomhlachta ainmnithe agus na nósanna imeachta atá le leanúint ag an gcomhlacht ainmnithe le linn faireachán a dhéanamh ar na caighdeáin sin;

(v) na nósanna imeachta atá le leanúint ag an gcomhlacht ainmnithe i ndáil le hiniúchadh a dhéanamh ar aon obair arna déanamh ag duine dá chomhaltaí;

(vi) na nósanna imeachta atá le leanúint ag an gcomhlacht ainmnithe i dtaca le comhaltas duine dá chomhaltaí a fhionraí nó a chúlghairm;

(vii) na nithe atá le cuimsiú i ndeimhniú um chríochnú i leith earnálacha éagsúla nó aicmí éagsúla oibreacha gáis agus na himthosca ina n-úsáidfear gach aicme deimhnithe den sórt sin;

(viii) an cineál cuntas atá le coimeád ag an gcomhlacht ainmnithe, agus an modh inar ceart iniúchóireacht a dhéanamh ar na cuntais sin;

(ix) an modh inar ceart na cuntais a choimeádtar faoi fhomhír (viii) a fhoilsiú; agus

(x) na nósanna imeachta atá le leanúint, agus na taifid atá le coinneáil, ag an gcomhlacht ainmnithe nó ag a chomhaltaí (más cuí), i dtaca le fomhíreanna (i) go (ix).

(c) Féadfaidh an Coimisiún na critéir a athbhreithniú nó a leasú a mhinice a mheasann sé is gá.

(6) Ní cheapfaidh an Coimisiún duine mar chomhlacht ainmnithe mura deimhin leis go bhfuil an duine in ann na critéir a chomhlíonadh, agus maidir le gach duine is comhalta (dá ngairtear suiteálaí cláraithe gáis san alt seo) den chomhlacht ainmnithe go bhfuil ag an gcomhlacht sin, nó go mbeidh ag an gcomhlacht sin má cheaptar é, an cumas agus an teideal chun na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(a) aon obair arna déanamh ag suiteálaí cláraithe gáis a iniúchadh,

(b) faireachán a dhéanamh ar oiliúint agus ar chaighdeáin duine is suiteálaí cláraithe gáis,

(c) comhaltas suiteálaí chláraithe gáis sa chomhlacht ainmnithe a fhionraí i gcás an suiteálaí cláraithe gáis sin a bheith á imscrúdú nó á himscrúdú ag an gcomhlacht sin i dtaobh na nithe seo a leanas—

(i) an bhfuil obair a rinne an suiteálaí cláraithe gáis neamhshábháilte nó de chaighdeán atá míshásúil ar shlí eile, nó

(ii) ar ghníomhaigh an suiteálaí cláraithe gáis de shárú ar na critéir go feadh méid ábhartha,

(d) comhaltas suiteálaí chláraithe gáis sa chomhlacht ainmnithe a fhionraí nó a chúlghairm i gcás é a bheith suite ag an gcomhlacht go bhfuil feidhm ag aon cheann de na nithe a shonraítear i bhfomhíreanna (i) nó (ii) de mhír (c) maidir leis an suiteálaí lena mbaineann.

(7) (a) I gcás ina gcinnfidh an comhlacht ainmnithe comhaltas suiteálaí chláraithe gáis sa chomhlacht sin a fhionraí nó a chúlghairm, déanfaidh an comhlacht ainmnithe fógra a thabhairt i scríbhinn dóibh seo a leanas araon—

(i) an Coimisiún, agus

(ii) an suiteálaí cláraithe gáis lena mbaineann,

maidir lena chinneadh chun comhaltas suiteálaí chláraithe gáis sa chomhlacht ainmnithe a fhionraí nó a chúlghairm.

(b) Féadfaidh suiteálaí cláraithe gáis, is ábhar do chinneadh faoi mhír (a), achomharc i scríbhinn i gcoinne an chinnidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 28 lá ón tráth a chuirtear an cinneadh in iúl dó nó di.

(8) (a) Déanfaidh an Coimisiún duine amháin nó níos mó (“Oifigeach Achomhairc”) a cheapadh:

(i) chun breithniú cuí a dhéanamh, agus

(ii) chun tuarascáil a thabhairt don Choimisiún,

ar aon achomharc a chuireann suiteálaí cláraithe gáis faoi bhráid an Choimisiúin agus a bhaineann le cinneadh arna dhéanamh ag an gcomhlacht ainmnithe chun a chomhaltas nó a comhaltas sa chomhlacht ainmnithe a fhionraí nó a chúlghairm.

(b) Déanfaidh an Coimisiún aird a thabhairt ar thuarascáil an Oifigigh Achomhairc faoi mhír (a) agus tabharfaidh sé fógra don chomhlacht ainmnithe, don Oifigeach Achomhairc agus don suiteálaí cláraithe gáis lena mbaineann faoina chinneadh maidir le cinneadh an chomhlachta ainmnithe lena mbaineann a dhaingniú, a athrú nó a chur ar ceal.

(c) Ní dhéanfar achomharc a bhreithniú faoin bhfo-alt seo más rud é—

(i) go mbaineann sé le haon ní is ábhar d’imeachtaí os comhair cúirte nó binse eile, go dtí go gcinnfear na himeachtaí sin, nó

(ii) nach gcuirfear faoi bhráid an Choimisiúin é laistigh de 28 lá ón tráth a chuirtear an cinneadh in iúl don suiteálaí cláraithe gáis lena mbaineann.

(9) D’ainneoin ghinearáltacht fho-ailt (7) agus (8), féadfaidh an Coimisiún na nósanna imeachta a bheidh le leanúint acu seo a leanas a shonrú:

(a) an tOifigeach Achomhairc le linn an t-achomharc a bhreithniú;

(b) an tOifigeach Achomhairc le linn a thuarascáil nó a tuarascáil don Choimisiún a dhréachtú;

(c) an comhlacht ainmnithe nuair atá comhaltas suiteálaí chláraithe gáis á fhionraí nó á chúlghairm; agus

(d) suiteálaí cláraithe leictreachais is ábhar do chinneadh ón gcomhlacht ainmnithe i dtaobh a chomhaltas nó a comhaltas sa chomhlacht ainmnithe a fhionraí nó a chúlghairm,

sna critéir a fhoilseofar faoi fho-alt (5).

(10) (a) Maidir le taraif na dtáillí agus na muirear a fhorchuirfidh an comhlacht ainmnithe i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(i) comhaltas suiteálaí gáis sa chomhlacht,

(ii) suiteálaí gáis a chlárú mar shuiteálaí cláraithe gás,

(iii) iniúchtaí ar oibreacha gáis, agus

(iv) aon seirbhís arna soláthar do chomhalta de chuid an chomhlachta ainmnithe ag an gcomhlacht sin nó thar a cheann,

beidh siad faoi réir a gceadaithe ag an gCoimisiún.

(b) Féadfaidh an comhlacht ainmnithe táillí agus muirir ina mbeidh méideanna éagsúla a fhorchur faoi mhír (a) i leith earnálacha éagsúla comhaltais, clárúcháin nó seirbhíse de réir mar a shonróidh an Coimisiún sna critéir.

(c) Déanfaidh an comhlacht ainmnithe na caiteachais agus na costais go léir a thabhaíonn comhlacht ainmnithe le linn aon cheann dá fheidhmeanna a chomhall faoin faoin alt seo a íoc as cistí atá faoina réir agus a fhaightear de réir mhír (a).

(11) I gcás ina ndéanfaidh suiteálaí cláraithe gáis oibreacha gáis, déanfar na hoibreacha de réir aon cheanglas sábháilteachta a shonróidh an Coimisiún sna critéir.

(12) I gcás ina ndéanfaidh suiteálaí cláraithe leictreachais aon oibreacha gáis, déanfaidh an suiteálaí cláraithe gáis lena mbaineann an deimhniú cuí um chríochnú a eisiúint chuig an duine a d’iarr go ndéanfaí na hoibreacha.

(13) Féadfaidh duine a mbeidh aon oibreacha gáis déanta thar a cheann nó thar a ceann ag suiteálaí cláraithe gáis iarraidh a dhéanamh, ar fhorais a shonraítear i scríbhinn, go ndéanfaidh an comhlacht ainmnithe socrú chun go ndéanfar iniúchadh ar na hoibreacha gáis sin.

(14) Tar éis don chomhlacht ainmnithe iarraidh a fháil faoi fho-alt (13), déanfaidh sé socrú go ndéanfar an t-iniúchadh a luaithe is indéanta, agus tar éis é a chríochnú déanfaidh sé fógra i scríbhinn a thabhairt don suiteálaí cláraithe gáis a rinne na hoibreacha gáis agus don duine a d’iarr go ndéanfaí an t-iniúchadh i dtaobh an gcomhlíonann na hoibreacha gáis ceanglais sábháilteachta an Choimisiúin.

(15) Faoi réir fho-alt (16), beidh comhlacht ainmnithe i dteideal íocaíocht táillí agus muirear a fháil i leith iniúchadh a dhéanamh ar oibreacha gáis faoi fho-alt (14), agus ní bheidh na táillí agus na muirir sin níos mó ná mar atá leagtha amach i dtaraif na dtáillí agus na muirear arna foilsiú ag an gcomhlacht ainmnithe.

(16) Ní bheidh éifeacht le taraif na dtáillí agus na muirear dá dtagraítear i bhfo-alt (15) go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún í a cheadú agus ní thabharfar an ceadú sin mura rud é gur deimhin leis an gCoimisiún go ndéantar na táillí agus na muirir a ríomh ar bhonn na gcostas réasúnach atá inchurtha i leith iniúchtaí a dhéanamh faoin alt seo.

(17) Sonróidh an Coimisiún foirm an deimhnithe um chríochnú ar foirm í a bheidh le húsáid chun críocha an ailt seo agus féadfaidh sé foirmeacha éagsúla a shonrú le haghaidh imthosca éagsúla nó aicmí éagsúla oibre agus féadfaidh sé foráil a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) na nósanna imeachta atá le leanúint, agus

(b) na taifid atá le coimeád,

ag suiteálaithe cláraithe gáis i dtaca le deimhnithe den sórt sin a eisiúint.

(18) (a) Féadfaidh an Coimisiún cigireacht nó iniúchóireacht a dhéanamh ar an gcomhlacht ainmnithe chun a fhíorú go bhfuil ceanglais an ailt seo, na téarmaí agus coinníollacha ceapacháin agus critéir an Choimisiúin á gcomhlíonadh ag an gcomhlacht ainmnithe.

(b) Féadfaidh an Coimisiún duine a cheapadh chun cúnamh a thabhairt dó le linn cigireachtaí nó iniúchóireachtaí dá dtagraítear i mír (a) a dhéanamh.

(19) Féadfaidh an Coimisiún ceapachán comhlachta ainmnithe a fhoirceannadh—

(a) de réir théarmaí agus choinníollacha an cheapacháin,

(b) le héifeacht láithreach, i gcás an Coimisiún a bheith den tuairim gur cúis contúirte tromaí don phobal é aon ghníomh nó mainneachtain de chuid an chomhlachta ainmnithe, nó

(c) más rud é, i dtuairim an Choimisiúin, gur ar mhaithe le leasanna tomhaltóirí atá sé an ceapachán a fhoirceannadh, agus níl feidhm ag mír (b) má thugtar fhógra 3 mhí ar a laghad, nó cibé fógra is giorra ná sin, a bheidh sonraithe sna téarmaí agus sna coinníollacha ceapacháin ina leith sin.

(20) Féadfaidh an Coimisiún duine a cheapadh, lena n-áirítear duine is fostaí de chuid an chomhlachta ainmnithe, mar oifigeach údaraithe chun iniúchadh a dhéanamh ar an obair—

(a) ar obair de chuid conraitheoirí cláraithe leictreachais í, ar aon talamh a gcreideann an t-oifigeach údaraithe ina leith go bhfuil obair den sórt sin á déanamh nó déanta air ag suiteálaí den sórt sin, nó

(b) ar obair í ab ábhar do dheimhniú um chríochnú.

(21) Tráth a cheaptha nó a ceaptha, tabharfar deimhniú a cheapacháin nó a ceapacháin do dhuine a cheapfar mar oifigeach údaraithe faoi fho-alt (20), agus le linn dó nó di cumhacht a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú déanfaidh sé nó sí, má iarrann aon duine a ndéanann an feidhmiú sin difear dó nó di é, an deimhniú sin a thabhairt ar aird don duine sin lena iniúchadh.

(22) Déanfaidh suiteálaí cláraithe gáis agus gach fostaí nó conraitheoir neamhspleách de chuid suiteálaí chláraithe gáis gach cúnamh réasúnach a thabhairt dóibh seo a leanas—

(a) oifigeach údaraithe i bhfeidhmiú a chumhachtaí nó a cumhachtaí faoin alt seo, agus

(b) an Coimisiún le linn dó a chumhachtaí a fheidhmiú faoi fho-alt (18) lena n-áirítear duine a bhfuil cúnamh á thabhairt aige nó aici don Choimisiún de bhun fho-alt (18).

(23) Ní dhéanfaidh duine—

(a) bac a chur ar oifigeach údaraithe atá ag comhlíonadh aon fheidhme a n-údaraítear dó nó di í a fheidhmiú nó a chomhlíonadh faoin alt seo,

(b) bac a chur ar an gCoimisiún le linn dó a chumhachtaí a fheidhmiú faoin alt seo, nó

(c) bac a chur ar dhuine a bhfuil cúnamh á thabhairt aige nó aici don Choimisiún de bhun fho-alt (18).

(24) Ní dhéanfaidh duine—

(a) é féin nó í féin a thuairisciú mar shuiteálaí cláraithe gáis, nó

(b) é féin nó í féin a thuairisciú ar shlí ar dóigh di a thabhairt le tuiscint gur suiteálaí cláraithe gáis é nó í,

mura rud é gur comhalta den chomhlacht ainmnithe an duine sin.

(25) Tá duine a sháraíonn fo-alt (4), (23) nó (24) ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó téarma príosúnachta nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €15,000 nó téarma príosúnachta nach faide ná 3 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(26) San alt seo—

ciallaíonn ‘deimhniú um chríochnú’ deimhniú a bhfuil an fhoirm ina leith sonraithe ag an gCoimisiún faoi fho-alt (17);

ciallaíonn ‘comhlacht ainmnithe’ duine a cheapfar faoi fho-alt (1) mar chomhlacht ainmnithe chun críocha an ailt seo;

ciallaíonn ‘oibreacha gáis’ oibreacha a ainmnítear mar oibreacha den sórt sin faoi alt 9G.

Oibreacha gáis.

9G.— (1) Féadfaidh an Coimisiún le rialacháin, tar éis dul i gcomhairle le cibé daoine is cuí leis, agus le toiliú an Aire, aicme nó aicmí oibreacha a ainmniú mar oibreacha ainmnithe gáis.

(2) San alt seo, ciallaíonn “oibreacha” obair a bhfuil baint aici le suiteáil, díchur nó athsholáthar feistis gáis nádúrtha arna mhíniú le halt 2 (arna chur isteach le halt 11 den Acht Fuinnimh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2006).

(3) Ní dhéanfaidh duine oibreacha gáis ar oibreacha ainmnithe gáis iad mura rud é maidir leis an duine sin—

(a) gur suiteálaí cláraithe gáis é nó í,

(b) gur oibritheoir córais tarchurtha gáis é nó í agus a fheidhmeanna á gcomhall aige de réir théarmaí agus choinníollacha an cheadúnais iomchuí,

(c) gur oibritheoir córais dáiliúcháin gáis é nó í agus a fheidhmeanna á gcomhall aige de réir théarmaí agus choinníollacha an cheadúnais iomchuí,

(d) gur oifigeach éigeandála gáis é nó í, arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 9I agus a fheidhmeanna nó a feidhmeanna á gcomhall aige nó aici,

(e) gur oifigeach sábháilteachta gáis é nó í, arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 9J agus a fheidhmeanna nó a feidhmeanna á gcomhall aige nó aici faoin alt sin.

(4) Tá duine a sháraíonn fo-alt (3) ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó téarma príosúnachta nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €15,000 nó téarma príosúnachta nach faide ná 3 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Rialacháin a bhaineann le sábháilteacht gáis.

9H.— (1) Féadfaidh an Coimisiún, i bhfeidhmiú a fheidhmeanna faoi mhíreanna (ea) agus (eb) d’alt 9(1), rialacháin a dhéanamh a bhaineann le sábháilteacht gáis.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar, le rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo, foráil a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) sonraíochtaí nó ceanglais i ndáil le feistis gháis nádúrtha a shuiteáil nó a chothabháil, agus

(b) na coinníollacha atá le comhlíonadh sula bhféadfar gás nádúrtha a chur i gceangal nó a athchur i gceangal le haon áitreabh nó le haon chuid d’aon áitreabh tar éis feisteas gáis nádúrtha a shuiteáil, a chothabháil, a mhodhnú nó a dheisiú.

(3) I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún rialacháin a dhéanamh faoin alt seo, déanfaidh an Coimisiún, sula ndéantar na rialacháin amhlaidh, comhairle a ghlacadh leis an Aire, leis an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus le cibé Aire eile den Rialtas (más ann) is dealraitheach, i dtuairim an Choimisiúin, a bheith cuí.

(4) Aon duine a mhainníonn rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo a chomhlíonadh tá sé nó sí ciontach i gcion faoin alt seo.

(5) Aon duine atá ciontach i gcion faoin alt seo dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó téarma príosúnachta nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €15,000 nó téarma príosúnachta nach faide ná 3 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(6) (a) D’ainneoin aon ní a shonraítear i rialacháin arna ndéanamh faoi fho-alt (2), ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chuireann dualgas freagrachta ar shuiteálaí gáis a chinntiú go ndéantar feisteas gáis nádúrtha a bhfuil sé nó sí tar éis é a shuiteáil i gceart i dteaghais, in áit ghnó nó in aon limistéar comhchoiteann a chothabháil go sábháilte tar éis phointe seachadta an gháis nádúrtha, mura rud é go bhfuil oibleagáid chonarthach ann lena gcuirtear oibleagáid ar an suiteálaí lena mbaineann déanamh amhlaidh.

(b) Mura rud é go sonraítear amhlaidh in aon achtachán eile, is é an duine atá freagrach as a chinntiú go ndéantar feisteas gáis nádúrtha a chothabháil go sábháilte tar éis phointe seachadta an gháis nádúrtha ná—

(i) i gcás teaghaise:

(I) más rud é go bhfuil an teaghais sin ina hábhar do thionóntacht, ach nach bhfuil sí ina hábhar do léas idir tiarna talún agus tionónta, an duine atá i dteideal an cíos a fháil;

(II) más rud é go bhfuil an teaghais sin ina hábhar do léas idir tiarna talún agus tionónta, an tiarna talún (faoi réir freagrachtaí tiarnaí talún agus tionóntaí mar atá leagtha amach in ailt 12 agus 16 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004); nó

(III) más rud é nach bhfuil an teaghais sin ina hábhar do léas nó do thionóntacht idir tiarna talún agus tionónta, an duine a bheadh i dteideal an cíos a fháil dá mbeadh an teaghais ina hábhar do thionóntacht nó do léas,

(ii) i gcás áitribh a úsáidtear mar áit ghnó:

(I) más rud é go bhfuil an t-áitreabh ina ábhar do léas idir tiarna talún agus tionónta, agus go bhfuil cúnant ann (cibé acu sainráite nó intuigthe agus cibé acu ginearálta nó sonrach) á rá go ndéanfaidh an tionónta, mar léasaí, an t-áitreabh a choinneáil i ndeisriocht, an tionónta atá ag áitiú an áitribh; nó

(II) más rud é nach bhfuil an t-áitreabh sin ina áitreabh a bhfuil feidhm ag clásal (I) maidir leis, cibé duine a shonróidh an Coimisiún ó am go ham sa chreat arna fhoilsiú faoi alt 9(1F), tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire, leis an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus le cibé Aire eile den Rialtas (más ann) is dealraitheach a bheith cuí i dtuairim an Aire.

agus

(iii) i gcás limistéir chomhchoitinn talún ina n-áirítear aon teaghaisí is ábhar d’fhomhír (i), nó aon áiteanna gnó is ábhar d’fhomhír (ii), nó ina n-áirítear iad araon, agus ar limistéar é atá á bhainistiú ag cuideachta bhainistíochta, an chuideachta bhainistíochta sin.

(c) Chun críocha an fho-ailt seo—

(i) tá an téarma ‘gnó’ le léiriú de réir na brí a thugtar dó le halt 3 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú) 1980,

(ii) tá an téarma ‘teaghais’ le léiriú de réir na brí a thugtar dó le halt 4 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004,

(iii) tá na téarmaí ‘léas’, ‘tiarna talún’, ‘tionónta’, agus ‘tionóntacht’, mar a úsáidtear i mír (b)(i) iad, le léiriú de réir na brí a thugtar dóibh le halt 5 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004, agus

(iv) tá na téarmaí ‘léas’, ‘léasaí’, ‘tiarna talún’ agus ‘tionónta’, mar a úsáidtear i mír (b)(ii) iad, le léiriú de réir na brí a thugtar dóibh le halt 3 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú) 1980.

Oifigigh éigeandála gáis.

9I.— (1) Féadfaidh oibritheoir córais tarchurtha nó oibritheoir córais dáiliúcháin i ndáil le gás nádúrtha duine a cheapadh mar oifigeach éigeandála gáis chun críocha an ailt seo.

(2) Féadfaidh oifigeach éigeandála gáis, faoi réir fhorálacha an ailt seo, dul isteach ar aon talamh agus é a iniúchadh (le forneart má mheasann sé nó sí gur gá sin sna himthosca) gan fógra a thabhairt nó toiliú aon duine a fháil, agus cibé bearta a dhéanamh ansin a mheasann an t-oifigeach is cuí chun aon duine nó aon mhaoin a chosaint ar aon chontúirt ó ghás nádúrtha.

(3) Déanfaidh an t-oibritheoir córais a dhéanann an ceapachán deimhniú a cheapacháin nó a ceapacháin a thabhairt do dhuine a cheaptar faoi fho-alt (1), agus le linn dó nó di cumhacht a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú déanfaidh sé nó sí, má iarrann aon duine a ndéanann an feidhmiú difear dó nó di é, an deimhniú sin a thabhairt ar aird don duine sin.

(4) Ní fhéadfaidh oifigeach éigeandála gáis na cumhachtaí a thugtar leis an alt a fheidhmiú seo mura rud é go bhfuil sé nó sí den tuairim go bhfuil contúirt ann, nó go bhféadfadh contúirt a bheith ann, d’aon duine nó maoin ar contúirt í a thig ó na nithe seo a leanas—

(a) úsáid, mí-úsáid nó sceitheadh gáis nádúrtha, nó

(b) fabht atá, nó a d'fhéadfadh a bheith, in aon phíblíne nó feistis gháis nádúrtha.

(5) Gan dochar do ghinearáltacht fhomhír (2), le linn dó nó di a chumhachtaí nó a cumhachtaí faoin alt seo a fheidhmiú, féadfaidh oifigeach éigeandála gáis—

(a) a ordú d’aon duine imeacht as aon áit go dtí cibé tráth a bheidh an t-áitreabh sábháilte i dtuairim an oifigigh,

(b) a ordú d’aon duine aon ghníomh a dhéanamh nó staonadh óna dhéanamh, más rud é, i dtuairim an oifigigh, gur gá an gníomh sin a dhéanamh nó staonadh óna dhéanamh chun aon chontúirt ó ghás nádúrtha a laghdú nó a chosc,

(c) cuardach a dhéanamh ar aon gás nádúrtha éalaithe, nó ar aon sceitheadh nó fabht in aon phíblíne nó feisteas gáis nádúrtha,

(d) an soláthar gáis nádúrtha a bhriseadh nó a dhícheangal gan fógra.

(6) I gcás ina rachaidh oifigeach éigeandála gáis isteach ar thalamh de bhun cumhachtaí a thugtar leis an alt seo, déanfaidh oibritheoir an chórais tarchurtha nó oibritheoir an chórais dáilte, a ndeachthas isteach thar a cheann nó thar a ceann, a chinntiú a luaithe is féidir tar éis na cumhachtaí a fheidhmiú faoin alt seo—

(a) nach lú slándáil na talún de bhíthin go ndeachthas isteach air,

(b) go ndeiseofar aon damáiste arb é an t-oifigeach éigeandála gáis is cúis leis nó go n-íocfar cúiteamh le háititheoir nó le húinéir na talún lena mbaineann.

(7) Aon duine—

(a) a chuireann bac nó treampán ar oifigeach éigeandála gáis i bhfeidhmiú cumhachtaí a thugtar leis an alt seo,

(b) a mhainníonn nó a dhiúltaíonn treoir arna tabhairt ag oifigeach éigeandála gáis faoin alt seo a chomhlíonadh,

(c) a dhéanann faisnéis atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha a thabhairt go feasach d’oifigeach éigeandála gáis, nó

(d) a dhéanann, gan toiliú oifigigh éigeandála gáis, an soláthar gáis nádúrtha a chur ar siúl nó a athcheangal ar soláthar é a bhí múchta nó dícheangailte ag oifigeach éigeandála gáis

tá sé nó sí ciontach i gcion.

(8) Aon duine atá ciontach i gcion faoi fho-alt (7), dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó téarma príosúnachta nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €15,000 nó téarma príosúnachta nach faide ná 3 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Oifigigh sábháilteachta gáis.

9J.— (1) Féadfaidh an Coimisiún duine a cheapadh mar oifigeach sábháilteachta gáis—

(a) chun críocha an ailt seo,

(b) chun críocha mhíreanna (ea) agus (eb) d’alt 9(1), agus

(c) chun críocha fho-alt (1G) d’alt 9.

(2) Féadfaidh oifigeach sábháilteachta gáis, faoi réir fhorálacha an ailt seo—

(a) dul isteach ar aon talamh agus é a iniúchadh (le forneart má mheasann sé nó sí gur gá sin sna himthosca) gan fógra a thabhairt nó gan toiliú aon duine a fháil, agus féadfaidh sé nó sí iniúchadh a dhéanamh ansin—

(i) ar aon phíblíne gháis nádúrtha,

(ii) ar aon suiteáil nó saoráid gháis nádúrtha (lena n-áirítear saoráid stórála),

(iii) ar aon fheisteas gáis nádúrtha, nó

(iv) ar aon fheistis aerúcháin (cibé acu feistis mheicniúla nó feistis de chineál eile) a bhaineann le hoibriú sábháilte feistis gáis nádúrtha nó atá ag teastáil i ndáil le hoibriú sábháilte feistis gáis nádúrtha,

agus féadfaidh sé nó sí cibé bearta a dhéanamh a mheasann an t-oifigeach is cuí chun aon duine nó aon mhaoin a chosaint ar aon chontúirt ó ghás nádúrtha,

(b) dul isteach ar aon talamh aon tráth réasúnach agus—

(i) cibé iniúchtaí agus cibé tástálacha a dhéanamh ansin is dóigh leis nó léi is cuí i ndáil le haon ghníomhaíochtaí in áitreabh nó ar áitreabh nó i suiteáil nó ar shuiteáil,

(ii) aon tomhas a dhéanamh nó grianghraf a ghlacadh nó aon taifeadadh leictreach nó leictreonach a dhéanamh ansin a mheasann sé nó sí is gá chun críocha aon scrúdaithe nó fiosraithe den sórt sin,

(iii) a cheangal ar aon duine iomchuí atá i gceannas ansin cibé doiciméid, taifid nó ábhair a thabhairt ar aird dó nó di atá i seilbh nó faoi urláimh an duine sin agus a bhaineann leis an ní atá á fhiosrú agus cibé faisnéis a thabhairt dó nó di a éileoidh sé nó sí le réasún maidir leis na doiciméid, na taifid nó na hábhair sin,

(iv) doiciméid, taifid nó ábhair a thugtar ar aird dó nó di faoi fhomhír (iii) nó a aimsíonn sé nó sí le linn dó nó di a bheith san áitreabh a iniúchadh agus a chóipeáil nó faisnéis a bhaint astu,

(v) samplaí de ghás nádúrtha a thógáil.

(3) Déanfaidh an Coimisiún deimhniú a cheapacháin nó a ceapacháin a thabhairt do dhuine a cheaptar faoi fho-alt (1) agus le linn dó nó di cumhacht a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú déanfaidh sé nó sí, má iarrann aon duine a ndéanann an feidhmiú sin difear dó nó di é, an deimhniú sin a thabhairt ar aird don duine sin.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), féadfaidh oifigeach sábháilteachta gáis, le linn dó nó di a chumhachtaí nó a cumhachtaí faoin alt seo a fheidhmiú—

(a) a ordú d’aon duine imeacht as aon áitreabh go dtí cibé tráth a bheidh an t-áitreabh sábháilte i dtuairim an oifigigh,

(b) a ordú d’aon duine aon ghníomh a dhéanamh nó staonadh óna dhéanamh más rud é, i dtuairim an oifigigh, gur gá an gníomh sin a dhéanamh nó staonadh óna dhéanamh chun aon chontúirt ó ghás nádúrtha a laghdú nó a chosc,

(c) cuardach a dhéanamh ar aon ghás nádúrtha éalaithe, nó ar aon sceitheadh nó fabht in aon phíblíne nó feisteas gáis nádúrtha,

(d) an soláthar gáis nádúrtha a bhriseadh nó a dhícheangal gan fógra.

(5) I gcás ina rachaidh oifigeach sábháilteachta gáis isteach ar thalamh de bhun cumhachtaí a thugtar leis an alt seo, cinnteoidh an Coimisiún, a luaithe is féidir tar éis na cumhachtaí a fheidhmiú faoin alt seo—

(a) nach lú slándáil na talún de bhíthin go ndeachthas isteach air,

(b) go ndeiseofar aon damáiste arb é an t-oifigeach sábháilteachta gáis is cúis leis nó go n-íocfar cúiteamh le háititheoir nó le húinéir na talún lena mbaineann.

(6) Aon duine—

(a) a chuireann bac nó treampán ar oifigeach sábháilteachta gáis i bhfeidhmiú cumhachtaí a thugtar leis an alt seo,

(b) a mhainníonn nó a dhiúltaíonn treoir arna tabhairt ag oifigeach sábháilteachta gáis faoin alt seo a chomhlíonadh,

(c) a dhéanann faisnéis atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha a thabhairt go feasach d’oifigeach sábháilteachta gáis, nó

(d) a dhéanann, gan toiliú oifigigh sábháilteachta gáis, an soláthar gáis nádúrtha a chur ar siúl nó a athcheangal, ar soláthar é a bhí múchta nó dícheangailte ag oifigeach sábháilteachta gáis

tá sé nó sí ciontach i gcion.

(7) Aon duine atá ciontach i gcion faoin alt seo dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó téarma príosúnachta nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €15,000 nó téarma príosúnachta nach faide ná 3 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.”.

Forálacha sábháilteachta gáis a leathnú chuig gás peitriliam leachtaithe.

14 .— Leasaítear Acht 1999 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 9J (arna chur isteach le halt 13):

“Forálacha sábháilteachta gáis a leathnú chuig gás peitriliam leachtaithe.

9K.— Maidir le haon tagairt do ghás nádúrtha—

(a) in ailt 9F go 9J den Acht seo,

(b) i míreanna (ea) go (ec) d’Alt 9(1), agus

(c) i bhfo-ailt (1G) agus (1H) d’alt 9,

forléireofar í, agus beidh éifeacht léi, amhail is dá mbeadh tagairt do ghás peitriliam leachtaithe san áireamh inti.”.

CUID 4

Leasú ar an Acht Gáis 1976

Leasú ar alt 2 d’Acht 1976.

15 .— Leasaítear alt 2 den Acht Gáis 1976 trí na mínithe seo a leanas a chur in ionad na mínithe ar “urthrá”, “údarás cuain” agus “údarás áitiúil” faoi seach—

ciallaíonn “urthrá” an méid sin, faoi bhun líne barr láin na ngnáth-thaoidí nó na meán-taoidí, de ghrinneall agus cladach na farraige agus na n-abhann taoide agus na n-inbhear taoide uile agus de ghrinneall agus cladach chuislí, chrompáin agus bhánna uile na farraige nó de ghrinneall agus cladach aon abhann nó inbhir den sórt sin agus déanfar teorainn sheachtrach na hurthrá a chinneadh de réir alt 1A (a cuireadh isteach le halt 60 den Acht um Shábháilteacht Mhuirí 2005) den Acht Imeall Trágha 1933;

ciallaíonn “údarás cuain”—

(a) i gcás cuain lena mbaineann an tAcht Cuanta 1996, an chuideachta chuain lena mbaineann,

(b) i gcás cuain lena mbaineann na hAchtanna Cuanta 1946 go 1976, an t-údarás cuain lena mbaineann,

(c) i gcás lárionaid cuain iascaigh lena mbaineann an tAcht um Lárionaid Chuanta Iascaigh 1968 nó i gcás aon chuain eile atá faoi rialú nó faoi bhainistiú ag an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha, an tAire sin,

(d) i gcás cuain atá faoi rialú nó faoi bhainistiú ag údarás áitiúil, an t-údarás áitiúil lena mbaineann,

(e) i gcás cuain atá faoi rialú nó faoi bhainistiú ag Iarnród Éireann - Irish Rail, an chuideachta sin,

(f) i gcás aon chuain eile, an t-úinéir.

tá le “údarás áitiúil” an bhrí a shanntar dó leis an Acht Rialtais Áitiúil 2001;”.

Cumhacht Bhord Gáis Éireann chun stoc caipitiúil a chruthú.

16 .— Leasaítear Acht 1976 trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 7:

“Mínithe.

7A.— San alt seo agus in ailt 7B go 7G—

ciallaíonn ‘scéim cheadaithe’ scéim nó scéimeanna a bhaineann leis an mBord agus a gceadaíonn na na Coimisinéirí Ioncaim í nó iad, ó am go ham, de bhun Chuid 17 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997;

tá le ‘stoc caipitiúil’ an bhrí a shanntar dó le halt 7B;

ciallaíonn ‘cuideachta’ cuideachta de réir bhrí Acht na gCuideachtaí 1963;

ciallaíonn ‘fostaithe de chuid an Bhoird’ oifigigh agus seirbhísigh an Bhoird;

ciallaíonn ‘glansócmhainní an Bhoird’ na cúlchistí uile atá i gclár comhardaithe an Bhoird.

Cumhacht chun stoc caipitiúil a chruthú agus a eisiúint.

7B.— (1) De bhua an ailt seo, tá cumhacht ag an mBord, mar chuid dá fheidhmeanna, chun stoc (‘stoc caipitiúil’) a chruthú faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a bheidh in aon scéim stoic chaipitiúil arna déanamh de bhun alt 7E, i méideanna atá, san iomlán, comhionann le glansócmhainní an Bhoird.

(2) (a) Féadfaidh an Bord, de réir scéime ceadaithe, suas le 5 faoin gcéad den stoc caipitiúil a chur ar fáil d’fhostaithe de chuid an Bhoird nó d’iontaobhaithe thar a gceann i gcomaoin claochluithe sa chuideachta a dhéanann fostaithe an Bhoird agus lena ngabhann an luach céanna ar a laghad.

(b) Déanfaidh an Bord 10 faoin gcéad d’aon stoc caipitiúil a eisiúint, gan íocaíocht, chuig an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha agus déileálfar leis an stoc caipitiúil sin mar stoc láníoctha.

(c) Déanfaidh an Bord an chuid eile d’aon stoc caipitiúil a eisiúint, gan íocaíocht, chuig an Aire Airgeadais agus déileálfar leis an stoc caipitiúil sin mar stoc láníoctha.

An tAire Airgeadais agus an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha d’fheidhmiú cumhachtaí i leith stoic chaipitiúil.

7C.— (1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, féadfaidh an tAire Airgeadais, i leith an stoic chaipitiúil atá ar seilbh aige nó aici, na cearta nó na cumhachtaí go léir atá ag sealbhóir stoic chaipitiúil den sórt sin a fheidhmiú agus, i gcás ina bhfuil ceart nó cumhacht den sórt sin infheidhmithe trí aturnae, é nó í a fheidhmiú trína aturnae nó trína haturnae.

(2) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, féadfaidh an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha, i leith an stoic chaipitiúil atá ar seilbh aige nó aici, na cearta nó na cumhachtaí go léir atá ag sealbhóir stoic chaipitiúil den sórt sin a fheidhmiú agus, i gcás ina bhfuil ceart nó cumhacht den sórt sin infheidhmithe trí aturnae, é nó í a fheidhmiú trína aturnae nó trína haturnae.

(3) Ní dhéanfaidh an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha an stoc caipitiúil uile sa Bhord, nó aon chuid de, atá ar seilbh aige nó aici a dhíol, a mhalartú, a thabhairt suas nó a dhiúscairt ar shlí eile gan toiliú roimh ré ón Aire Airgeadais.

Stoc caipitiúil a chomhshó ina scaireanna cuideachta.

7D.— Má achtaítear tuilleadh reachtaíochta tar éis an tAcht seo a rith chun an Bord a athbhunú mar chuideachta, ansin déanfar an stoc caipitiúil a chomhshó ina ghnáth-scairchaipiteal sa chuideachta ar mhodh a fhágfaidh go mbeidh na scairshealbháin nua sa chuideachta ar cóimhéid leis na sealbháin stoic chaipitiúil sa Bhord díreach roimh athbhunú an Bhoird mar chuideachta.

Socruithe a bhaineann le cearta agus oibleagáidí a bhaineann le stoc caipitiúil.

7E.— (1) Féadfaidh an Bord scéim a dhéanamh (dá ngairtear ‘scéim stoic chaipitiúil’ san alt seo) maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le stoc caipitiúil a chruthú, agus

(b) na cearta agus na hoibleagáidí a ghabhann leis an stoc caipitiúil,

agus beidh aon scéim stoic chaipitiúil den sórt sin faoi réir a réamhthoilithe i scríbhinn ag an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha agus ag an Aire Airgeadais.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh forálacha a bhaineann le díbhinní, le cearta vótála, le hionadaíocht ar an mBord agus le teorannú nó coimhthiú leasa thairbhiúil i stoc caipitiúil a bheith san áireamh i scéim stoic chaipitiúil arna déanamh faoi fho-alt 1.

(3) Gach scéim stoic chaipitiúil a dhéanfar de bhun an ailt seo, leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime stoic chaipitiúil, beidh an scéim stoic chaipitiúil ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Cumhacht an Bhoird chun scéim cheadaithe a bhunú.

7F.— Beidh cumhacht ag an mBord chun scéim cheadaithe a bhunú.

Díbhinn a íoc isteach sa Státchiste.

7G.— Déanfar na méideanna go léir in ionannas díbhinní nó airgid eile a gheobhaidh an tAire Airgeadais nó an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha i leith stoic chaipitiúil a bheidh ar seilbh ag ceachtar díobh a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.”.

Leasú ar alt 10A d’Acht 1976.

17 .— (1) Leasaítear alt 10A den Acht Gáis 1976 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) (a) Faoi réir fho-alt (7) agus faoi réir cibé díolúintí a dheonófar de réir Airteagal 22 den Treoir, i gcás ina bhfaighfear iarratas ar rochtain tríú páirtí ó chustaiméir cáilithe nó thar ceann custaiméara cháilithe i leith saoráide íos-srutha a oibríonn duine atá ceadúnaithe faoi alt 16 den Acht Gáis (Eatramhach) (Rialáil) 2002, tairgfidh an t-oibritheoir saoráide comhaontú a dhéanamh le haghaidh na rochtana sin, faoi réir téarmaí agus coinníollacha a bheidh sonraithe in ordacháin arna n-eisiúint ag an gCoimisiún faoi fho-alt (5).

(b) I mír (a), ciallaíonn ‘custaiméir cáilithe’—

(i) sealbhóir ceadúnais gáis nádúrtha faoi alt 16 den Acht Gáis (Eatramhach) (Rialáil) 2002, chun aon ghníomhaíocht a sheoladh a bhfuil an sealbhóir ceadúnaithe lena haghaidh,

(ii) sealbhóir léasa peitriliam faoi alt 13 den Acht um Fhorbairt Pheitriliaim agus Mianraí Eile 1960, chun aon ghníomhaíocht a bhaineann leis an léas a sheoladh,

(iii) duine a bhfuil ordú déanta ina leith faoi alt 2(1) den Acht Gáis (Leasú) 1987, chun na feidhmeanna a thugtar don duine leis an ordú a chomhall,

(iv) duine a oibríonn stáisiún giniúna gásdóiteach, is cuma cad é a leibhéal bliantúil tomhaltais, chun fuinneamh a sholáthar d’fhonn leictreachas a ghiniúint sa stáisiún sin,

(v) custaiméir a cheannaíonn gás nádúrtha nach dá úsáid nó dá húsáid tís go heisiach é, agus

(vi) faoi réir fhorálacha alt 17(2) den Acht Fuinnimh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2006, le héifeacht ó theacht i ngníomh na míre seo, aon duine.”.

(2) (a) Faoi réir fhorálacha an fho-ailt seo, tiocfaidh fomhír (vi) d’alt 10A(2)(b) den Acht Gáis 1976 (a cuireadh isteach le fo-alt (1)) i ngníomh—

(i) cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh le haghaidh forálacha éagsúla nó chun críoch éagsúil agus, go háirithe, féadfaidh an tAire in aon ordú den sórt sin faoin alt seo, limistéar geografach a shonrú nó teorainn limistéir gheografaigh a shocrú a mbeidh feidhm ag an ordú maidir leis, nó

(ii) a mhéid nár tháinig fomhír (vi) i bhfeidhm roimhe sin, ar an 1ú lá d’Iúil 2007,

cibé acu is luaithe.

(b) Sula ndéanfaidh sé nó sí ordú faoi mhír (a)(i) rachaidh an tAire i gcomhairle leis an gCoimisiún agus cuirfidh an Coimisiún in iúl don Aire an ar mhaithe le leas an mhargaidh gáis nádúrtha agus tomhaltóirí gáis nádúrtha sa Stát i gcoitinne nó in aon chuid den Stát, i dtuairim an Choimisiúin, a bheadh sé an t-ordú sin a dhéanamh.

Leasú ar alt 10B d’Acht 1976.

18 .— (1) Leasaítear alt 10B den Acht Gáis 1976 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) (a) Faoi réir fho-alt (6) agus faoi réir cibé díolúintí a dheonófar de réir Airteagal 22 den Treoir, i gcás ina bhfaighfear iarratas ar rochtain tríú páirtí ó chustaiméir cáilithe nó thar ceann custaiméara cháilithe i leith píblíne uas-srutha, tairgfidh oibritheoir na píblíne uas-srutha comhaontú a dhéanamh le haghaidh na rochtana sin, faoi réir téarmaí agus coinníollacha a bheidh sonraithe i rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoi fho-alt (3).

(b) I mír (a), ciallaíonn ‘custaiméir cáilithe’—

(i) sealbhóir ceadúnais gáis nádúrtha faoi alt 16 den Acht Gáis (Eatramhach) (Rialáil) 2002, chun aon ghníomhaíocht a sheoladh a bhfuil an sealbhóir ceadúnaithe lena haghaidh,

(ii) sealbhóir léasa peitriliam faoi alt 13 den Acht um Fhorbairt Pheitriliaim agus Mianraí Eile 1960, chun aon ghníomhaíocht a bhaineann leis an léas a sheoladh,

(iii) duine a bhfuil ordú déanta ina leith faoi alt 2(1) den Acht Gáis (Leasú) 1987, chun na feidhmeanna a thugtar don duine leis an ordú a chomhall,

(iv) duine a oibríonn stáisiún giniúna gásdóiteach, is cuma cad é a leibhéal bliantúil tomhaltais, chun fuinneamh a sholáthar d’fhonn leictreachas a ghiniúint sa stáisiún sin.

(v) custaiméir a cheannaíonn gás nádúrtha nach dá úsáid nó dá húsáid tís go heisiach é, agus

(vi) faoi réir fhorálacha alt 18(2) den Acht Fuinnimh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2006, le héifeacht ó theacht i ngníomh na fomhíre seo, aon duine.”.

(2) Faoi réir fhorálacha an fho-ailt seo, tiocfaidh fomhír (vi) d’alt 10B(1)(b) den Acht Gáis 1976 (a cuireadh isteach le fo-alt (1)) i bhfeidhm—

(a) ar cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla, nó

(b) a mhéid nach mbeidh fomhír (vi) tosaithe roimhe sin, an 1ú lá d’Iúil 2007,

cibé acu is luaithe.

CUID 5

Leasú ar an Acht Gáis (Eatramhach) (Rialáil) 2002

Leasú ar an Acht Gáis (Eatramhach) (Rialáil) 2002.

19 .— Leasaítear an tAcht Gáis (Eatramhach) (Rialáil) 2002 trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 21:

“Soláthróir Dála Deiridh

21A.— (1) (a) Féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do dhaoine ar soláthróirí ceadúnaithe iad spéis a nochtadh i dtaca le gníomhú mar sholáthróir dála deiridh, is é sin, gás a sholáthar de réir an ailt seo.

(b) Tar éis comhchomhairle poiblí agus faoi réir mhír (c), ainmneoidh an Coimisiún soláthróir ceadúnaithe chun gníomhú mar sholáthróir dála deiridh.

(c) Féadfaidh an Coimisiún ainmniú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo a athdhaingniú, a leasú nó a chúlghairm de réir mar is cuí leis.

(2) Déanfaidh soláthróir dála deiridh gás a sholáthar do chustaiméirí deiridh de chuid soláthróra cheadúnaithe eile más rud é—

(a) go scoirfidh nó go mainneoidh soláthróir ceadúnaithe a bhfuil conradh soláthair ag custaiméirí deiridh leis de ghás a sholáthar do na custaiméirí deiridh sin de réir a oibleagáidí conarthacha, nó

(b) tar éis don Choimisiún uiríll a fháil ó sholáthróir ceadúnaithe, go bhfuil an Coimisiún den tuairim go bhfuil imthosca ann a fhágann gur ceart ordachán a thabhairt don soláthróir dála deiridh sin gás a sholáthar do chustaiméir deiridh.

(3) Déanfaidh an Coimisiún aon téarmaí, coinníollacha nó ceanglais a mheasfaidh an Coimisiún is gá i leith fheidhmeanna an tsoláthróra dála deiridh sin a chur san áireamh in ainmniú faoi fho-alt (1).

(4) Sonróidh an Coimisiún na nithe seo a leanas in ainmniú—

(a) na téarmaí agus na coinníollacha faoina ndéanfaidh an soláthróir dála deiridh sin gás a sholáthar do custaiméir deiridh lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(i) ré an tsoláthair,

(ii) foirceannadh an tsoláthair, agus

(iii) praghas,

(b) an modh chun na muirir chun ar ghás a sholáthar do chustaiméir deiridh a ríomh,

(c) aon nithe eile a mheasfaidh an Coimisiún is gá chun go ndéanfaidh an soláthróir dála deiridh sin gás a sholáthar do chustaiméir deiridh,

agus comhlíonfaidh an soláthróir dála deiridh sin na nithe a shonrófar amhlaidh.

(5) I gcás ina ndéanfaidh soláthróir dála deiridh gás a sholáthar do chustaiméir deiridh, measfar conradh chun gás a sholáthar a bheith ann idir an custaiméir deiridh agus an soláthróir dála deiridh lena mbaineann ón dáta a thosaíonn an soláthróir dála deiridh sin ag soláthar gáis don chustaiméir deiridh sin agus beidh an conradh sin faoi réir téarmaí agus coinníollacha a shonróidh an Coimisiún le linn an soláthróir dála deiridh sin a ainmniú.

Loingseoir Dála Deiridh.

21B.— (1) (a) Féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do dhaoine ar loingseoirí ceadúnaithe iad spéis a nochtadh i dtaca le gníomhú mar loingseoir dála deiridh, is é sin, gás a loingsiú de réir an ailt seo.

(b) Tar éis comhchomhairle poiblí agus faoi réir mhír (c), féadfaidh an Coimisiún loingseoir ceadúnaithe a ainmniú chun gníomhú mar loingseoir dála deiridh.

(c) D’ainneoin ghinearáltacht mhíreanna (a) agus (b), i gcás an Coimisiún a bheith den tuairim gur duine cuí Bord Gáis Éireann chun feidhmeanna loingseora dála deiridh a chomhall faoin alt seo, féadfaidh sé, de réir mhír (b), Bord Gáis Éireann a ainmniú chun gníomhú mar loingseoir dála deiridh.

(d) Féadfaidh an Coimisiún ainmniú arna dhéanamh faoi mhír (b) a athdhaingniú, a leasú nó a chúlghairm de réir mar is cuí leis.

(2) Déanfaidh loingseoir dála deiridh gás a loingsiú chuig custaiméirí de chuid loingseora cheadúnaithe eile más rud é—

(a) go scoirfidh nó go mainneoidh loingseoir ceadúnaithe a bhfuil conradh loingseoireachta ag custaiméirí leis de ghás a loingsiú chuig na custaiméirí sin de réir a oibleagáidí conarthacha, nó

(b) tar éis don Choimisiún uiríll a fháil ó loingseoir ceadúnaithe, go mbeidh an Coimisiún den tuairim go bhfuil imthosca ann a fhágann gur ceart ordachán a thabhairt don loingseoir dála deiridh sin gás a loingsiú chuig custaiméir loingseora cheadúnaithe.

(3) Déanfaidh an Coimisiún aon téarmaí, coinníollacha nó ceanglais a mheasfaidh an Coimisiún is gá i leith fheidhmeanna an loingseora dála deiridh sin a chur san áireamh in ainmniú faoi fho-alt (1).

(4) Sonróidh an Coimisiún na nithe seo a leanas in ainmniú—

(a) na téarmaí agus na coinníollacha faoina ndéanfaidh an loingseoir dála deiridh sin gás a loingsiú chuig custaiméir loingseora cheadúnaithe, lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(i) ré na hoibleagáide,

(ii) foirceannadh na hoibleagáide, agus

(iii) muirir,

(b) an modh chun na muirir ar loingsiú gáis de dhroim an ainmnithe a ríomh,

(c) aon nithe eile a mheasfaidh an Coimisiún is gá,

agus comhlíonfaidh an loingseoir dála deiridh sin na nithe a shonrófar amhlaidh.

(5) I gcás ina ndéanfaidh loingseoir dála deiridh gás a loingsiú chuig custaiméir de chuid loingseora cheadúnaithe, nó thar ceann custaiméara de chuid loingseora cheadúnaithe, de réir an ailt seo, measfar conradh chun an gás sin a loingsiú a bheith ann idir an custaiméir sin agus an loingseoir dála deiridh lena mbaineann ón dáta a thosaíonn an loingseoir dála deiridh sin ag loingsiú gáis chuig an gcustaiméir, agus beidh an conradh sin faoi réir téarmaí agus choinníollacha a shonróidh an Coimisiún le linn an loingseoir dála deiridh a ainmniú.

(6) Féadfaidh an Coimisiún duine is loingseoir ceadúnaithe agus soláthróir ceadúnaithe araon a ainmniú chun bheith ina loingseoir dála deiridh faoin alt seo agus chun bheith ina sholáthróir dála deiridh faoi alt 21A.”.

CUID 6

Leasú ar an Acht Forbartha Móna 1998

Méadú ar an méid airgid a fhéadfaidh Bord na Móna a fháil ar iasacht.

20 .— Leasaítear alt 22 den Acht Forbartha Móna 1998 i bhfo-alt (1)(b) trí €400 milliún” a chur in ionad “£100 milliún”.

CUID 7

Leasú ar Acht 2001

Leasú ar Acht 2001.

21 .— (1) Leasaítear Acht 2001 in alt 2 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Maidir leis an stoc caipitiúil sa Bhord arna eisiúint chuig an Aire Airgeadais de bhun fho-alt (2)(a) beidh, ar theacht i ngníomh don fho-alt seo, beidh méid de, arb éard é 10 faoin gcéad den stoc caipitiúil sa Bhord, arna aistriú chuig an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha agus fanfaidh an méid sin san Aire sin.

(4) Maidir le stoc caipitiúil arna eisiúint ag an mBord tar éis don fho-alt seo teacht i ngníomh—

(a) eiseofar 85 faoin gcéad den stoc caipitiúil sin chun an Aire Airgeadais gan íocaíocht agus déileálfar leis an stoc caipitiúil sin mar stoc caipitiúil láníoctha, agus

(b) eiseofar 10 faoin gcéad den stoc caipitiúil sin chun an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha gan íocaíocht agus déileálfar leis an stoc caipitiúil sin mar stoc caipitiúil láníoctha,

agus beidh feidhm ag na socruithe sin in ionad na socruithe a shonraítear i bhfo-alt (2)(a).”.

(2) Leasaítear Acht 2001 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 3:

“An tAire Airgeadais agus an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha d’fheidhmiú cumhachtaí i leith stoic chaipitiúil.

3.— (1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, féadfaidh an tAire Airgeadais, i leith an stoic chaipitiúil atá ar seilbh aige nó aici, na cearta nó na cumhachtaí go léir atá ag sealbhóir stoic chaipitiúil den sórt sin a fheidhmiú agus, i gcás ina bhfuil ceart nó cumhacht den sórt sin infheidhmithe trí aturnae, é nó í a fheidhmiú trína aturnae nó trína haturnae.

(2) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, féadfaidh an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha, i leith an stoic chaipitiúil atá ar seilbh aige nó aici, na cearta nó na cumhachtaí go léir atá ag sealbhóir stoic chaipitiúil den sórt sin a fheidhmiú agus, i gcás ina bhfuil ceart nó cumhacht den sórt sin infheidhmithe trí aturnae, é nó í a fheidhmiú trína aturnae nó trína haturnae.

(3) Ní dhéanfaidh an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha an stoc caipitiúil go léir sa Bhord atá ar seilbh aige nó aici, ná aon chuid de, a dhíol, a mhalartú, a ghéilleadh nó a dhiúscairt ar shlí eile gan toiliú a fháil roimh ré ón Aire Airgeadais.”.

(3) Leasaítear Acht 2001 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 7:

“Díbhinní a íoc isteach sa Státchiste.

7.— Déanfar na méideanna go léir in ionannas díbhinní nó airgid eile a gheobhaidh an tAire Airgeadais nó an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha i leith stoic chaipitiúil a bheidh ar seilbh ag ceachtar díobh a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.”.

(4) Leasaítear Acht 2001 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 11:

“Caiteachais.

11.— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha agus an tAire Airgeadais ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.”.

CUID 8

An Éifeacht atá le Leasuithe Áirithe arna nDéanamh ar an Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000

Ceaduithe forbartha áirithe faoi Chuid XI den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000.

22 .— (1) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 2000” an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000;

ciallaíonn “Acht 2006” an tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006.

(2) I bhfo-ailt (3) go (5), aon tagairt d’alt uimhrithe gan cháiliú, is tagairt í don alt arna uimhriú amhlaidh agus a cuireadh isteach in Acht 2000 le hAcht 2006.

(3) Ní gá aon cheadú—

(a) faoi alt 181B,

(b) faoi alt 182B, nó

(c) faoi alt 182D,

i ndáil le forbairt dá dtagraítear in alt 181A, 182A nó 182C, faoi seach, más rud é—

(i) i gcás forbartha dá dtagraítear in alt 181A, go mbeifear tar éis fógra i leith na forbartha a fhoilsiú, roimh thosach feidhme an ailt seo, de réir rialachán faoi alt 181(1)(b) d’Acht 2000 (cibé acu ar tosaíodh nó nár tosaíodh nó ar críochnaíodh nó nár críochnaíodh an fhorbairt roimh thosach feidhme an ailt seo),

(ii) i gcás forbartha dá dtagraítear in alt 182A, gur forbairt í ab ábhar—

(I) do dheonú ceada faoi alt 34 d’Acht 2000 roimh thosach feidhme an ailt seo agus go bhfuil an cead sin i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme sin, nó

(II) d’iarratas arna dhéanamh, roimh thosach feidhme an ailt seo, de réir Acht 2000 agus rialachán faoin Acht sin, ar dheonú ceada den sórt sin, agus nach bhfuil an t-iarratas sin arna tharraingt siar roimh thosach feidhme an ailt seo,

(iii) i gcás forbartha dá dtagraítear in alt 182C, gur forbairt í ab ábhar—

(I) do dheonú toilithe faoi alt 39A nó 40 d’Acht 1976 roimh thosach feidhme an ailt seo agus go bhfuil an toiliú sin i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme sin, nó

(II) d’iarratas arna dhéanamh, roimh thosach feidhme an ailt seo, de réir Acht 1976 agus rialachán faoin Acht sin, ar dheonú toilithe den sórt sin agus nach bhfuil an t-iarratas sin arna tharraingt siar roimh thosach feidhme an ailt seo.

(4) D’ainneoin an cheada a deonaíodh faoi alt 34 d’Acht 2000 i leith an teirminéil sin roimh an tosach feidhme sin, ní léifear aon ní in alt 182C nó in aon fhoráil eile d’Acht 2000 mar ní a chiallaíonn go bhfuil gá le cead—

(a) faoi alt 34 nó 37G d’Acht 2000, agus

(b) cead arna dheonú tar éis thosach feidhme na leasuithe ar an Acht sin arna ndéanamh le hAcht 2006,

in imthosca i gcoitinne nó sna himthosca dá dtagraítear i bhfo-alt (5), i leith an teirminéil dá dtagraítear i bhfo-alt (6).

(5) Is é atá sna himthosca a luaitear i bhfo-alt (4) ná go ndéantar iarratas faoi alt 182C i ndáil le forbairt arb é a bheidh inti, má dhéantar í, athrú nó modhnú ar théarmaí na forbartha bonneagair straitéisigh gáis dá dtagraítear i bhfo-alt (6) seachas téarmaí na forbartha sin arb é atá iontu ná an teirminéal dá dtagraítear san fho-alt sin.

(6) Maidir leis an teirminéal a luaitear i bhfo-ailt (4) agus (5), is teirminéal é a chuimsítear i bhforbairt bonneagair straitéisigh gáis (de réir bhrí Acht 2000) a raibh an phíblíne a chuimsítear san fhorbairt sin ina hábhar do thoiliú dá dtagraítear i bhfo-alt (3)(iii)(I).

CUID 9

Mianaigh a Athshlánú

Léiriú (Cuid 9).

23 .— Sa Chuid seo—

ciallaíonn “údarás áitiúil” comhairle contae nó comhairle cathrach de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil 2001;

ciallaíonn “mianach” aon mhianach nó cairéal de réir bhrí fho-alt (1) nó (2), faoi seach, d’alt 3 den Acht um Mianaigh agus Cairéil 1965 agus folaíonn sé—

(a) aon áit lena mbaineann fo-alt (3) den alt sin, agus

(b) aon áit a úsáidtear chun tochlas nó dramhábhar eile a thógtar ón mianach nó ón gcairéal a fhágáil inti,

agus déanfar tagairt do láithreán iarmhianaigh a léamh dá réir sin;

tá le “plean athshlánúcháin mianaigh” an bhrí a thugtar dó in alt 24(1);

ciallaíonn “Aire” an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha;

ciallaíonn “athshlánúchán” i ndáil le mianach, an talamh a ndearna mianach difear dó a chóireáil ar shlí ina gcuirtear bail shásúil ar an talamh arís, ag féachaint go háirithe do chaighdeán na hithreach, don fhiadhúlra, do ghnáthóga nádúrtha, do chórais fhionnuisce, do thírdhreachú agus d’úsáidí tairbhiúla cuí.

Plean athshlánúcháin mianaigh.

24 .— (1) I gcás an tAire nó údarás áitiúil a bheith den tuairim i leith láithreáin iarmhianaigh—

(a) go bhfuil athshlánúchán an láithreáin riachtanach go hiomlán nó go formhór, chun críche shláinte nó shábháilteacht an phobail nó sláinte nó sábháilteachta ainmhithe nó chun an comhshaol a chaomhnú nó gur ar mhaithe le leas an phobail é ar shlí eile, agus

(b) nach féidir a bheith ag súil go ndéanfar an láithreán a athshlánú ar shlí eile laistigh de thréimhse ama réasúnach ag féachaint do mhír (a),

ansin féadfaidh an tAire, údarás áitiúil mar ghníomhaire don Aire faoi alt 26 nó údarás áitiúil ag gníomhú dó thar a cheann féin le toiliú an Aire—

(i) plean a ullmhú le haghaidh athshlánúchán fadtéarma an láithreáin (“plean athshlánúcháin mianaigh”), agus

(ii) an plean athshlánúcháin mianaigh a chur i ngníomh.

(2) Maidir le plean athshlánúcháin mianaigh, cibé acu a cuireadh nó nár cuireadh i ngníomh é, féadfar é a athbhreithniú mar a leanas ó am go ham—

(a) féadfaidh údarás áitiúil é a athbhreithniú ag gníomhú dó mar ghníomhaire don Aire faoi alt 26(1),

(b) féadfaidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann é a athbhreithniú le toiliú an Aire,

(c) in aon chás eile, féadfaidh an tAire é a athbhreithniú.

(3) Ní léifear aon ní san alt seo mar ní a dhéanann difear d’aon oibleagáidí de chuid na ndaoine seo a leanas—

(a) an duine ag a raibh an mianach á oibriú, nó

(b) úinéir nó áititheoir láithreán an iarmhianaigh i leith an iarmhianaigh, nó

(c) aon duine eile a bhfuil oibleagáidí air nó uirthi thairis sin i leith láithreán an iarmhianaigh.

(4) Le linn plean athshlánúcháin mianaigh a ullmhú, rachaidh an tAire nó údarás áitiúil (de réir mar a bheidh) i gcomhairle le gach ceann díobh seo a leanas, más infhionnta le réasún:

(a) úinéir nó áititheoir láithreán an iarmhianaigh;

(b) úinéir nó áititheoir aon talaimh a ndéanann láithreán an iarmhianaigh difear dó nó a bhféadfadh rochtain ar an láithreán a bheith ag teastáil thairis;

(c) aon duine eile a bhféadfadh oibleagáidí a bheith air nó uirthi i leith láithreán an iarmhianaigh,

agus féadfaidh sé nó sí dul i gcomhairle le haon duine eile, lena n-áirítear aon ghrúpa nó comhlachas daoine, is cuí leis an Aire nó leis an údarás áitiúil (de réir mar a bheidh) sna himthosca.

(5) Le linn plean athshlánúcháin mianaigh a athbhreithniú, déanfaidh an tAire nó údarás áitiúil (de réir mar a bheidh), más cuí, comhairle a ghlacadh le gach duine de na daoine dá dtagraítear i bhfo-alt (4).

(6) Ní léifear aon ní sa Chuid seo mar ní a cheanglaíonn ar an Aire nó ar údarás áitiúil (de réir mar a bheidh) plean arna ullmhú faoin alt seo a chur i ngníomh.

Airleacain ón Aire le haghaidh pleananna athshlánúcháin mianaigh, etc.

25 .— (1) Chun críocha pleananna den sórt seo a leanas

(a) plean athshlánúcháin mianaigh, nó

(b) plean athshlánúcháin mianaigh is cuid de thionscadal faoi alt 46 (a bhaineann le hairleacain ón Aire chun críche tionscadal turasóireachta nó oidhreachta ar tionscadail iad atá bunaithe ar an muir nó ar acmhainní nádúrtha) den Acht Loingis Cheannaíochta (Taismí Muirí a Imscrúdú) 2000,

féadfaidh an tAire, ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna, ar mhodh deontais nó iasachta (más cuí), de réir mar a chinnfidh an tAire, a airleacan, ar cibé téarmaí agus coinníollacha a mheasfaidh sé nó sí a bheith riachtanach, chuig duine (lena n-áirítear údarás áitiúil ag gníomhú dó thar a cheann féin nó mar ghníomhaire don Aire) as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Más rud é, roimh an Acht seo a rith, gur ghabh údarás áitiúil obair de láimh mar ghníomhaire don Aire i leith láithreáin iarmhianaigh, ar obair í a gabhadh de láimh de réir tionscadail den chineál céanna le plean athshlánúcháin mianaigh, ansin, chun críocha fho-alt (1), measfar maidir leis an obair sin, gur obair í faoi phlean athshlánúcháin mianaigh.

Plean athshlánúcháin mianaigh agus údarás áitiúil a cheapadh mar ghníomhaire don Aire.

26 .— (1) Féadfaidh an tAire údarás áitiúil a cheapadh mar ghníomhaire don Aire chun aon cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) plean athshlánúcháin mianaigh a ullmhú;

(b) plean athshlánúcháin mianaigh a athbhreithniú; nó

(c) plean athshlánúcháin mianaigh a chur i gcrích,

ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire.

(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, údarás áitiúil a cheapadh chun feidhmeanna faoin alt seo a chomhlíonadh i leith cibé méid de láithreán iarmhianaigh atá laistigh de limistéar feidhme an údaráis áitiúil.

(3) Ní léifear aon ní i bhfo-alt (2) mar ní a dhéanann difear do cheapachán aon údaráis áitiúil, arna dhéanamh ag an Aire roimh an Acht seo a rith, ar ceapachán é mar ghníomhaire don Aire chun tionscadal den chineál céanna le plean athshlánúcháin mianaigh a chur i gcrích.

Cumhacht chun dul isteach.

27 .— (1) D’fhonn a chinneadh cibé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar plean athshlánúcháin mianaigh, i leith láithreáin iarmhianaigh, a ullmhú, a athbhreithniú nó a chur i ngníomh, nó le linn plean den sórt sin a ullmhú, a athbhreithniú nó a chur i ngníomh, beidh ag an Aire, ag údarás áitiúil ag gníomhú dó mar ghníomhaire don Aire nó ag údarás áitiúil ag gníomhú dó thar a cheann féin (de réir mar a bheidh)—

(a) ceart chun dul isteach i láithreán an iarmhianaigh, agus ceart slí go dtí láithreán an iarmhianaigh, gach tráth réasúnach, ach sin faoi réir na nithe seo a leanas—

(i) ach amháin i gcásanna práinne, réamhfhógra a thabhairt don úinéir nó don áititheoir (a mhéid is féidir le réasún an t-úinéir nó an t-áititheoir sin a fhionnadh), agus

(ii) má iarrtar é, méid a íoc mar chúiteamh i leith aon chaillteanais nó caiteachais arna thabhú ag úinéir nó áititheoir aon talaimh dá ndéanann feidhmiú an chirt chun dul isteach agus an chirt slí ag an Aire nó ag an údarás áitiúil lena mbaineann difear, ach sin a mhéid amháin atá sé cóir agus cothromasach sna himthosca tar éis aird a thabhairt—

(I) ar aon fheabhsúchán ar an talamh chun tairbhe don úinéir nó don áititheoir de dhroim an phlean athshlánúcháin mianaigh,

(II) ar aon oibleagáid atá ar úinéir nó áititheoir an talaimh lena mbaineann i leith láithreán an iarmhianaigh,

agus

(b) na cumhachtaí sin go léir a bheidh riachtanach nó fóirsteanach maidir lena fheidhmeanna i ndáil le plean athshlánúcháin mianaigh, nó a bheidh ag gabháil leis na feidhmeanna sin.

(2) Más rud é—

(a) roimh an Acht seo a rith, go ndearna údarás áitiúil, cibé acu ag gníomhú dó mar ghníomhaire don Aire nó ar shlí eile, tús a chur le tionscadal i leith láithreáin iarmhianaigh ar tionscadal é den chineál céanna le plean athshlánúcháin mianaigh, agus

(b) go leantar den tionscadal a chur i ngníomh nó, tar éis é a chur i ngníomh, gur gá faireachán a dhéanamh ar an láithreán, nó ar aon chuid de, chun na gcríoch atá leagtha amach in alt 24(1)(a),

ansin beidh feidhm ag míreanna (a) agus (b) d’fho-alt (1) i leith an láithreáin.

(3) (a) Féadfaidh duine amháin nó níos mó feidhmeanna an Aire, nó feidhmeanna údaráis áitiúil, faoin alt seo a fheidhmiú thar ceann an Aire nó an údaráis áitiúil.

(b) Féadfaidh úinéir nó áititheoir talaimh lena mbaineann fo-alt (1) fianaise ar chéannacht a iarraidh i leith duine a bheidh ag feidhmiú feidhmeanna de bhun mhír (a).

(c) Chun críocha mhír (b), féadfar fianaise ar chéannacht a chruthú ar cheann amháin de na slite seo a leanas:

(i) más oifigeach nó fostaí de chuid an Aire nó de chuid an údaráis áitiúil an duine, le cárta aitheantais nó cibé doiciméad eile arna eisiúint ag an Aire nó ag an údarás áitiúil nó thar ceann an Aire nó an údaráis áitiúil, ar cárta nó doiciméad é ina ndéantar an duine sin a chéannú mar oifigeach nó mar fhostaí (cibé caoi a sainítear é) de chuid an Aire nó an údaráis áitiúil, de réir mar a bheidh;

(ii) in aon chás eile—

(I) i gcás ina ndéantar fógra lena mbaineann fo-alt (1)(a)(i) a thabhairt i scríbhinn agus ina ndéantar an duine dár tugadh an chumhacht chun dul isteach a chéannú san fhógra sin, le fianaise leordhóthanach chun an duine sin a chéannú nó fianaise leordhóthanach gur oifigeach nó fostaí (cibé caoi a sainítear é) an duine lena mbaineann an fhianaise, nó go bhfuil sé nó sí ag gníomhú mar ghníomhaire, de chuid an duine dár tugadh an chumhacht chun dul isteach, nó

(II) le fianaise i scríbhinn ón Aire nó thar ceann an Aire nó ón údarás áitiúil gur tugadh an chumhacht chun dul isteach don duine, mar aon le fianaise leordhóthanach chun an duine sin a chéannú nó fianaise leordhóthanach gur oifigeach nó fostaí (cibé caoi a sainítear é) an duine lena mbaineann an fhianaise, nó go bhfuil sé nó sí ag gníomhú mar ghníomhaire, de chuid an duine dár tugadh an chumhacht chun dul isteach.

Cumhacht an Aire chun tailte, etc., a fháil.

28 .— (1) I dtaca le haon phlean athshlánúcháin mianaigh a chur i ngníomh, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ceachtar de na nithe seo a leanas, nó iad araon, a dhéanamh:

(a) cibé tailte, nó cearta i cibé tailte nó in aon fho-stratam de chuid cibé tailte, nó cearta fúthu nó faoi nó cearta tharstu nó thairis, a mheasann an tAire is gá nó is fóirsteanach chun críocha an phlean sin, a cheannach trí chomhaontú;

(b) tailte, nó cearta i dtailte nó in aon fho-stratam de chuid tailte a shonraítear in ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (2), nó cearta fúthu nó faoi nó cearta tharstu nó thairis, a fháil go héigeantach le hordú.

(2) (a) Más rud é, chun críocha aon phlean athshlánúcháin mianaigh, gur dóigh leis an Aire gur gá nó gur fóirsteanach aon talamh, nó cearta i dtalamh nó in aon fho-stratam talaimh, nó faoi nó thairis, a fháil go héigeantach, ansin féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a dhearbhú le hordú go mbeartaíonn sé nó sí an talamh nó na cearta sin a fháil amhlaidh. Oibreoidh gach ordú den sórt sin chun cumhacht a tabhairt don Aire chun an talamh nó na cearta lena mbaineann a fháil go héigeantach de réir an ailt seo.

(b) Sula ndéanfaidh an tAire ordú faoin bhfo-alt seo, déanfaidh sé nó sí—

(i) cibé pleananna, sonraíochtaí agus doiciméid eile a thaispeánfaidh go hiomlán agus go soiléir an talamh nó na cearta a bheartaítear a fháil de bhua an ordaithe a thaisceadh agus a choimeád ar oscailt chun a n-iniúchta in áit oiriúnach éigin (a dtabharfar fógra poiblí ina thaobh),

(ii) fógra a thabhairt, i cibé slí is dóigh leis nó léi is oiriúnaí chun a chur in iúl do dhaoine ar dócha go ndéanfaidh an t-ordú difear dóibh go mbeartaíonn sé nó sí breithniú a dhéanamh i dtaobh an t-ordú a dhéanamh agus chun an modh ina bhféadfar uiríll agus agóidí a dhéanamh i leith an ordaithe a chur in iúl do dhaoine, agus

(iii) más dóigh leis nó léi gur fóirsteanach déanamh amhlaidh, a chur faoi deara fiosrúchán poiblí a sheoladh maidir le déanamh an ordaithe.

(3) (a) Más rud é, díreach sula ndéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo, go bhfuil aon eastát, ceart, éasúint, teideal nó leas eile ag aon duine sa talamh, thar an talamh nó i leith an talaimh a gheofar leis an ordú, féadfaidh an duine, aon tráth tar éis an t-ordú a dhéanamh, iarratas a dhéanamh chuig an Aire ar chúiteamh i leith an leasa sin agus déanfaidh an tAire air sin, faoi réir fho-alt (4), méid atá comhionann, ar dháta an ordaithe, le luach (más aon luach é) an leasa sin maille le hús, de réir cibé ráta a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ó am go ham, ar an méid ón dáta sin go dtí an dáta a n-íoctar é, a íoc leis an duine ar mhodh cúitimh.

(b) Déanfar an cúiteamh a bheidh le híoc faoin mír seo i leith aon eastáit, cirt, éasúna, teidil nó leasa d’aon chineál i dtalamh, thar thalamh nó i leith talaimh, a chinneadh, cheal comhaontaithe, trí eadráin faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act 1919.

(4) (a) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, i cibé cásanna (más ann) agus a mhéid a mheasfaidh sé nó sí is gá chun críocha fála éigeantaí faoin alt seo, forálacha uile nó aon cheann d’fhorálacha ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act 1845 a chur chun feidhme—

(i) amhail is dá mba airgead ceannaigh nó cúiteamh faoin Acht sin an cúiteamh sin, agus

(ii) amhail is dá mba é nó dá mba í an tAire tionscnóir an ghnóthais,

fara aon mhodhnuithe eile is gá.

(b) I gcás ina n-íoctar airgead isteach i gcúirt faoi alt 69 den Lands Clauses Consolidation Act 1845, arna chur chun feidhme ag an Aire faoin bhfo-alt seo, ní bheidh aon chostais iníoctha ag an Aire le haon duine i leith aon imeachtaí chun an t-airgead sin a infheistiú, chun ioncam uaidh a íoc nó chun a chaipiteal a íoc.

(5) Tá feidhm ag an méid seo a leanas maidir le haon fhiosrúchán poiblí a sheolfar faoin alt seo:

(a) ceapfaidh an tAire duine cuí oiriúnach chun an fiosrúchán a sheoladh;

(b) údaraítear don duine sin leis seo daoine a láithríonn mar fhinnéithe ag an bhfiosrúchán a chur faoi mhionn; agus

(c) aon duine ag a bhfuil leas in ábhar an fhiosrúcháin nó dá ndéanann an leas sin difear, beidh sé nó sí i dteideal láithriú i bpearsa nó trí abhcóide nó aturnae agus fianaise a thabhairt ar aird.

(6) Ní léifear aon ní san alt seo mar ní a shrianann cumhachtaí údaráis áitiúil chun láithreán iarmhianaigh, nó aon chuid de láithreán den sórt sin, a fháil go héigeantach faoin Acht um Láithreáin Thréigthe 1990 nó faoi aon achtachán eile.

Caiteachas ar phlean athshlánúcháin mianaigh a ghnóthú.

29 .— Aon chaiteachas arna thabhú faoin gCuid seo ag an Aire nó ag údarás áitiúil le linn láithreán iarmhianaigh a athshlánú, féadfaidh an tAire nó an t-údarás áitiúil (de réir mar a bheidh), i gcás ina gceapfar gur cuí sin sna himthosca, é a ghnóthú i gcoinne aon duine ar a bhfuil oibleagáid chonarthach nó oibleagáid infhorfheidhmithe eile chun an láithreán sin a athshlánú go feadh mhéid na hoibleagáide atá ar an duine sin chun an mianach a athshlánú.

Réim Chuid 9.

30 .— (1) Maidir leis an gCuid seo, is cuid í i dteannta, agus ní cuid í in ionad, aon cheanglais eile nó aon oibleagáide eile a fhorchuirtear le dlí, ná ní cuid í a lena gcuirtear srian le haon cheanglas nó le haon oibleagáid den sórt sin.

(2) Ní léifear aon ní i bhfo-alt (1) nó in aon acht eile nó in aon ionstraim arna déanamh faoi acht chun srian a chur le feidhmiú feidhmeanna faoin gCuid seo.

AN SCEIDEAL

Alt 6 .

“SCEIDEAL 3

Teas is Cumhacht in Éineacht

1. Faoi réir mhír 2, déanfar táirgeadh leictreachais ó theas is cumhacht in éineacht a ríomh mar seo a leanas:

(a) i gcás tuirbín gáis timthriallta in éineacht a ghnóthaíonn teas nó i gcás tuirbín eastósctha comhdhlúthúcháin gaile a bhfuil éifeachtúlacht fhoriomlán bhliantúil 80 faoin gcéad nó níos mó aige, measfar gur leictreachas arna tháirgeadh ó theas is cumhacht in éineacht táirgeadh leictreachais iomlán bliantúil an aonaid arna thomhas ag béal na bpríomhghineadóirí;

(b) i gcás aon teicneolaíochta nó teicneolaíochtaí eile a thagann faoi réim an mhínithe ar theas is cumhacht in éineacht agus a bhfuil éifeachtúlacht fhoriomlán bhliantúil 75 faoin gcéad nó níos mó aici nó acu, measfar gur leictreachas arna tháirgeadh ó theas is cumhacht in éineacht táirgeadh leictreachais iomlán bliantúil an aonaid arna thomhas ag béal na bpríomhghineadóirí; agus

(c) i gcás aonaid teasa is cumhachta in éineacht a bhfuil éifeachtúlacht fhoriomlán bhliantúil níos lú ná na luacha dá dtagraítear i bhfomhíreanna (a) agus (b) acu, déantar an leictreachas a tháirgtear ó theas is cumhacht in éineacht a ríomh mar seo a leanas:

ECHP = HCHP . C

i gcás gurb é:

ECHP

táirgeadh leictreachais ó theas is cumhacht in éineacht.

C

an cóimheas cumhacht in aghaidh teasa iarbhír atá ag an aonad.

HCHP

an méid teasa úsáidigh ó theas is cumhacht in éineacht (arna ríomh mar tháirgeadh teasa iomlán lúide aon teas arna tháirgeadh i gcoirí ar leithligh nó le heastóscadh gaile beo as an ngineadóir gaile roimh an tuirbín).

2. Má dhéantar sciar d’ábhar fuinnimh an ionchuir breosla sa phróiseas teas is cumhacht in éineacht a aisghabháil i gceimiceáin agus a athchúrsáil, féadfar an sciar sin a dhealú ón ionchur breosla sula ríomhfar an éifeachtúlacht fhoriomlán a úsáidtear i mír 1.

3. Déanfar méid coibhneasta coigiltí fuinnimh phríomhúil arna soláthar le táirgeadh teas is cumhacht in éineacht a ríomh mar a leanas:

/images/energybill2006eqn.jpg

I gcás gurb é:

PES

coigiltí fuinnimh phríomhúil.

CHPH

éifeachtúlacht teasa an teas is cumhacht in éineacht, arna míniú mar aschur teasa úsáidigh bliantúil arna roinnt ar an ionchur breosla chun go bhfaighfear an tsuim d’aschur teasa úsáidigh agus de tháirgeadh leictreachais ó theas is cumhacht in éineacht.

RefH

an luach tagartha éifeachtúlachta do tháirgeadh teasa ar leithligh arna chinneadh de réir alt 7(6).

CHPE

éifeachtúlacht leictreach an teas is cumhacht in éineacht, arna mhíniú mar tháirgeadh leictreachais bliantúil ó theas is cumhacht in éineacht arna roinnt ar an ionchur breosla a úsáidtear chun go bhfaighfear an tsuim d’aschur teasa úsáidigh agus de tháirgeadh leictreachais ó theas is cumhacht in éineacht. i gcás ina nginfidh aonad teas is cumhacht in éineacht fuinneamh meicniúil, féadfar an leictreachas bliantúil ó theas is cumhacht in éineacht a mhéadú den mhéid leictreachais atá comhionann leis an méid fuinnimh mheicniúil.

RefE

an luach tagartha éifeachtúlachta do tháirgeadh leictreachais ar leithligh arna chinneadh de réir alt 7(6).

4. Maidir le luachanna a úsáidtear chun go ríomhfar leictreachas ó theas is cumhacht in éineacht agus an méid coigiltí fuinnimh phríomhúil arna soláthar ag teas is cumhacht in éineacht, déanfar iad a chinneadh ar bhonn na nithe seo a leanas—

(a) oibriú tuartha nó iarbhír an aonaid faoi ghnáthdhálaí úsáide, nó

(b) i gcás micrea-aonad teas is cumhacht in éineacht, luachanna deimhnithe.

5. Is iad seo a leanas na prionsabail ar dá réir a fhéadfar luachanna tagartha éifeachtúlachta do tháirgeadh leictreachais agus teasa ar leithligh a chinneadh faoi ordú a dhéanfar faoi alt 7(6):

(a) beidh an chomparáid le táirgeadh leictreachais ar leithligh bunaithe ar an bprionsabal go ndéantar comparáid idir na hearnálacha breosla céanna agus go ndéantar an chomparáid leis an teicneolaíocht is fearr a bheidh ar fáil agus a bheidh inchosanta go heacnamaíoch le haghaidh táirgeadh ar leithligh teasa agus leictreachais ar an margadh sa bhliain a fhoirgneofar an t-aonad cumhachta lena mbaineann;

(b) socrófar na luachanna tagartha éifeachtúlachta d’aonaid is sine ná 10 mbliana d’aois ar luachanna tagartha aonad atá 10 mbliana d’aois;

(c) déanfar, más gá, na luachanna tagartha éifeachtúlachta do tháirgeadh ar leithligh leictreachais agus teasa a chalabrú chun dálaí aeráide na hÉireann a chur i gcuntas.”.

class="0 6 0 justify 1 0"class="0 6 0 justify 1 0"