7 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 7 de 2007


AN tACHT UM AN nGNÍOMHAIREACHT CHÚLTACA OLA NÁISIÚNTA 2007

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1 . Gearrtheideal agus tosach feidhme.

2 . Léiriú.

3 . Caiteachais.

CUID 2

Aistriú Scaire

4 . An scair atá ar úinéireacht ag Corparáid Náisiúnta Pheitriliam na hÉireann Teoranta sa Ghníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta Teoranta a aistriú chuig an Aire.

5 . Lá aistrithe na scaire.

6 . Costais an aistrithe agus dleacht stampa.

CUID 3

An Ghníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta

7 . An Ghníomhaireacht do leanúint ar marthain.

8 . Cuspóir agus feidhmeanna na Gníomhaireachta.

9 . Feidhmeanna breise.

10 . Scairchaipiteal na Gníomhaireachta.

11 . Scaireanna a eisiúint.

12 . An tAire d’fheidhmiú feidhmeanna is infheidhme ag scairshealbhóirí.

13 . Meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais.

14 . An bord stiúrthóirí.

15 . Ráiteas straitéise.

16 . Cumhacht chun fochuideachtaí a bhunú.

17 . Cumhacht chun táillí a mhuirearú agus a ghnóthú,

18 . Cumhacht chun sainchomhairleoirí agus comhairleoirí a fhostú.

19 . An príomhfheidhmeannach (ceapadh agus téarma oifige).

20 . Feidhmeanna an phríomhfheidhmeannaigh.

21 . Foireann na Gníomhaireachta.

22 . Aoisliúntas.

23 . Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas, de Pharlaimint na hEorpa nó d’údarás áitiúil.

24 . Nochtadh neamhúdaraithe faisnéise rúnda.

25 . Cód iompair.

26 . Cumhacht airgead a fháil ar iasacht.

27 . Airgead a fháil ar iasacht go sealadach.

28 . Tuarascáil bhliantúil.

29 . Cuntais agus iniúchadh.

30 . Faisnéis don Aire maidir le comhlíonadh feidhmeanna.

31 . Faisnéis don Oireachtas maidir le comhlíonadh feidhmeanna.

CUID 4

Stoic Ola a Choimeád

32 . Dualgas na Gníomhaireachta.

33 . Conarthaí sealbhaithe.

34 . Dualgais an Aire.

35 . Stoic ola a scaoileadh i gcásanna práinne ar leith.

CUID 5

Tobhach ar Dhiúscairtí Iomchuí Táirgí Peitriliam

36 . Mínithe do Chuid 5.

37 . Dliteanas cuideachtaí ola agus tomhaltóirí ola tobhach a íoc.

38 . Díolúintí ó thobhach.

39 . Measúnacht toirte.

40 . Tobhach a ríomh.

41 . Fógra measúnachta tobhaigh.

42 . Ús ar mhéid measúnachta neamhíoctha.

43 . Tobhach nár íocadh agus ús a ghnóthú.

44 . Rialacháin a bhaineann le tobhach.

CUID 6

Forálacha Forfheidhmithe

45 . Mínithe do Chuid 6.

46 . Oifigigh údaraithe.

47 . Cumhachtaí oifigeach údaraithe.

48 . Barántais chuardaigh.

49 . Dualgas oifigeach údaraithe nithe áirithe a thuairisciú.

50 . Cionta.

51 . Slánú.

CUID 7

Leasuithe agus Cúlghairm

52 . Leasú ar alt 7 d’Acht 2001.

53 . Leasú ar alt 8 d’Acht 2001.

54 . Leasú ar alt 9 d’Acht 2001.

55 . Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 1997.

56 . Cúlghairm.

CUID 8

Forálacha Ilghnéitheacha

57 . Rialacháin chun éifeacht a thabhairt d’ionstraimí de chuid na gComhphobal Eorpach.

58 . Rialacháin agus orduithe.

59 . Cumhacht an Aire chun rialacháin a dhéanamh a bhaineann le tuairisceáin.

60 . Rialacháin agus orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

61 . Cumhacht an Aire chun iarratas a dhéanamh ar ordú comhlíonta agus ordacháin a eisiúint.

62 . Is gá ceadú a fháil roimh ré ón Aire i leith conarthaí áirithe, oibleagáidí faoi chonarthaí sealbhaithe etc.

63 . Dualgas cruthúnais in imeachtaí áirithe.

64 . Cionta a ionchúiseamh.

65 . Cionta ag comhlachtaí corpraithe.

66 . Pionóis.

67 . Fógraí a thabhairt.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gCuideachtaí 1963

1963, Uimh. 33

Achtanna na gCuideachtaí

An tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995

1995, Uimh. 22

An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997

1997, Uimh. 2

An tAcht Airgeadais 1999

1999, Uimh. 2

An tAcht um Shaoráil Faisnéise 1997

1997, Uimh. 13

An tAcht um Chorparáid Náisiúnta Pheitriliam na hÉireann Teoranta 2001

2001, Uimh. 26

An tAcht Rialtais Áitiúil 2001

2001, Uimh. 37

Petty Sessions (Ireland) Act 1851

14 & 15 Vic., c. 50

/images/harp.jpg


Uimhir 7 de 2007


AN tACHT UM AN nGNÍOMHAIREACHT CHÚLTACA OLA NÁISIÚNTA 2007

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE hAISTRIÚ NA SCAIRE ARNA SEALBHÚ AG CORPARÁID NÁISIÚNTA PHEITRILIAM NA hÉIREANN TEORANTA SA GHNÍOMHAIREACHT CHÚLTACA OLA NÁISIÚNTA TEORANTA CHUIG AN AIRE CUMARSÁIDE, MARA AGUS ACMHAINNÍ NÁDÚRTHA; DO CHOIMEÁD NA GNÍOMHAIREACHTA CÚLTACA OLA NÁISIÚNTA TEORANTA AR MARTHAIN MAR AN GHNÍOMHAIREACHT CHÚLTACA OLA NÁISIÚNTA NÓ THE NATIONAL OIL RESERVES AGENCY; DO MHÍNIÚ A FEIDHMEANNA, LENA nÁIRÍTEAR FEIDHMEANNA A BHAINEANN LE hOIBLEAGÁIDÍ MAIDIR LE SEALBHÚ STOC OLA; D’FHORCHUR TOBHAIGH AR DHIÚSCAIRTÍ IOMCHUÍ TÁIRGÍ PEITRILIAM; DO LEASÚ AN ACHTA UM CHORPARÁID NÁISIÚNTA PHEITRILIAM NA hÉIREANN TEORANTA 2001; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[13 Márta, 2007]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1 .— (1) Féadfar an tAcht um an nGníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta 2007 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Léiriú.

2 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1963” Acht na gCuideachtaí 1963;

ciallaíonn “Acht 2001” an tAcht um Chorparáid Náisiúnta Pheitriliam na hÉireann Teoranta 2001;

ciallaíonn “Gníomhaireacht” an comhlacht corpraithe arna fhoirmiú agus arna chlárú faoi Achtanna na gCuideachtaí agus a leanfaidh ar marthain faoi alt 7 mar an Ghníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta nó, sa Bhéarla, mar the National Oil Reserves Agency;

tá le “oifigeach údaraithe” an bhrí a shanntar dó le halt 46;

ciallaíonn “comhaontú déthaobhach” aon chomhaontú idir an Rialtas agus rialtas stáit eile a bhaineann le sealbhú stoc ola;

ciallaíonn “príomhfheidhmeannach” príomhfheidhmeannach na Gníomhaireachta;

ciallaíonn “Treoir ón gComhairle Treoir 2006/67/CE an 24 Iúil 2006 ón gComhairle 1 lena bhforchuirtear oibleagáid ar Bhallstáit stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choimeád;

ciallaíonn “fochuideachta ainmnithe” fochuideachta a bhfuil ordú i ngníomh ina leith faoi alt 16(12);

tá le “conradh sealbhaithe” an bhrí a shanntar dó le halt 33;

ciallaíonn “Comhaontú CIF” an Comhaontú um Chlár Idirnáisiúnta Fuinnimh a síníodh i bPáras an 18 Samhain 1974;

ciallaíonn “táirge idirmheánach” aon substaint seachas amhola is féidir a phróiseáil ina dtáirgí peitriliam de thuairisc ar bith;

ciallaíonn “ tobhach” an tobhach arna fhorchur faoi Chuid 5 ;

tá le “údarás áitiúil” an bhrí chéanna atá leis san Acht Rialtais Áitiúil 2001;

ciallaíonn “Aire” an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha;

ciallaíonn “cúltaca ola náisiúnta” aon tráth an toirt iomlán stoc ola (ach gan stoic a bheidh ar seilbh sa Stát faoi chomhaontú déthaobhach a áireamh) a bheidh ar seilbh an tráth sin—

(a) ag an nGníomhaireacht nó ag pearsa eile thar a ceann faoi chonradh sealbhaithe,

(b) ag cuideachtaí ola, agus

(c) ag tomhaltóirí ola;

ciallaíonn “ola” amhola, táirgí idirmheánacha agus táirgí peitriliam;

ciallaíonn “cuideachta ola”, i leith aon mhíosa, aon phearsa (seachas an Ghníomhaireacht) a rinne, an bhliain féilire roimhe sin—

(a) ola a allmhairiú isteach sa Stát nó a fháil, trína ceannach nó ar shlí eile, ó chuideachta ola eile nó ó shaoráid scagtha ola nó stórála ola sa Stát, is ola lena tomhailt ag an bpearsa sin féin, lena hathdhíol nó lena diúscairt chuig tríú páirtí, nó

(b) saoráid scagtha ola nó stórála ola a oibriú sa Stát, is saoráid ina ndearnadh ola a choimeád ar stóras, a thomhailt nó a dhíol;

ciallaíonn “tomhaltóir ola”, i leith aon mhíosa, aon phearsa a rinne, an bhliain féilire roimhe sin, 1,000 tonna nó níos mó de tháirgí peitriliam—

(a) a allmhairiú isteach sa Stát,

(b) a fháil, trína gceannach nó ar shlí eile, ó chuideachta ola sa Stát, nó

(c) a choimeád ar stóras sa Stát,

is táirgí peitriliam lena dtomhailt go heisiach ag an bpearsa sin féin sa Stát agus ní lena n-athdhíol nó lena ndiúscairt chuig tríú páirtí;

folaíonn “ táirgí peitriliam ” na hearnálacha táirgí seo a leanas:

(a) biotáille mhótair agus breosla eitlíochta (is é sin le rá, scairdbhreosla den chineál gásailíneach agus biotáille eitlíochta);

(b) ola gáis, ola díosail agus ceirisín (lena n-áirítear scairdbhreosla den chineál ceirisíneach);

(c) olaí breosla;

ciallaíonn “ forordaithe ” forordaithe le rialachán;

ciallaíonn “ rialacháin a bhaineann le tuairisceáin ” rialacháin faoi alt 59;

ciallaíonn “ lá aistrithe na scaire ” an lá a cheapfar faoi alt 5;

ciallaíonn “ oibleagáidí maidir le sealbhú stoc ”, i ndáil leis an Stát, a oibleagáidí a bhaineann le stoic ola a choimeád—

(a) faoin Treoir ón gComhairle,

(b) faoi aon fhoráil de na conarthaí a rialaíonn na Comhphobail Eorpacha,

(c) faoi aon ionstraim arna glacadh ag forais na gComhphobal sin,

(d) faoin gComhaontú CIF, agus

(e) faoi aon choinbhinsiún nó comhaontú idirnáisiúnta ar páirtí ann an Stát, nó a dtagann an Stát chun bheith ina pháirtí ann;

ciallaíonn “ fochuideachta ” fochuideachta (de réir bhrí alt 155 d’Acht 1963) den Ghníomhaireacht;

ciallaíonn “ sochar aoisliúntais ” pinsean, aisce nó liúntas eile is iníoctha ar éirí as, ar scor nó ar bhás.

Caiteachais.

3 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID 2

Aistriú Scaire

An scair atá ar úinéireacht ag Corparáid Náisiúnta Pheitriliam na hÉireann Teoranta sa Ghníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta Teoranta a aistriú chuig an Aire.

4 .— D’ainneoin aon achtacháin nó rialach dlí nó aon fhorála atá i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais Chorparáid Náisiúnta Pheitriliam na hÉireann Teoranta, ordóidh an tAire, le hordú, do Chorparáid Náisiúnta Pheitriliam na hÉireann Teoranta an scair atá ar úinéireacht aici sa Ghníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta Teoranta a aistriú chuig an Aire, lá aistrithe na scaire, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an Aire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

Lá aistrithe na scaire.

5 .— Déanfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh mar an lá a dhéanfaidh Corparáid Náisiúnta Pheitriliam na hÉireann Teoranta an scair atá ar úinéireacht aici sa Ghníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta Teoranta a aistriú chuig an Aire.

Costais an aistrithe agus dleacht stampa.

6 .— (1) Déanfar méideanna (más ann) a íocfaidh an tAire i leith aistrithe a ordófar faoi alt 4 a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar ionstraim faoina ndéanfar an scair atá ar úinéireacht ag Corparáid Náisiúnta Pheitriliam na hÉireann Teoranta sa Ghníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta Teoranta a aistriú chuig an Aire.

CUID 3

An Ghníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta

An Ghníomhaireacht do leanúint ar marthain.

7 .— (1) Leanann an Ghníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta Teoranta ar marthain faoin Acht seo, ach tabharfar an Ghníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta uirthi nó, sa Bhéarla, the National Oil Reserves Agency.

(2) Faoi réir an Achta seo, leanann Achtanna na gCuideachtaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an nGníomhaireacht.

(3) Níl feidhm ag alt 6(1)(a) d’Acht 1963 maidir leis an nGníomhaireacht.

Cuspóir agus feidhmeanna na Gníomhaireachta.

8 .— (1) Is é príomhchuspóir na Gníomhaireachta na feidhmeanna a shanntar di leis an Acht seo nó faoin Acht seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear na feidhmeanna seo a leanas—

(a) stoic ola a choimeád de réir Chuid 4,

(b) comhairle, faisnéis nó treoir a sholáthar don Aire, ar a tionscnamh féin nó ar iarraidh ón Aire, maidir le haon ní a bhaineann le stoic ola a shealbhú,

(c) an tobhach a bhailiú agus a ghnóthú,

(d) cibé seirbhísí sainchomhairle, comhairle, cúnaimh theicniúil agus conarthacha (lena n-áirítear seirbhísí taighde agus oiliúna) a sholáthar, de réir mar is cuí leis an nGníomhaireacht, sa Stát nó in áit eile, maidir le haon ní a bhaineann le feidhmeanna na Gníomhaireachta faoi fho-alt (1)(a), agus

(e) a bheith ionadaitheach, ar iarraidh ón Aire, d’Aire den Rialtas ag cruinnithe de chomhlachtaí idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann na cruinnithe le stoic ola a shealbhú.

(2) Beidh an cuspóir a shonraítear i bhfo-alt (1) le cur san áireamh i meabhrán comhlachais na Gníomhaireachta.

(3) Tá cumhacht ag an nGníomhaireacht aon ní a dhéanamh is dealraitheach di a bheith riachtanach, buntáisteach nó teagmhasach, i ndáil le comhlíonadh a feidhmeanna aici, mar a shonraítear san Acht seo nó faoin Acht seo nó ina meabhrán comhlachais, nó aon ní a dhéanamh is dealraitheach di a d’urasódh an comhlíonadh sin (go díreach nó go neamhdhíreach) agus nach bhfuil ar neamhréir le haon achtachán a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, lena n-áirítear cumhacht—

(a) chun ola a fháil, trína ceannach nó ar shlí eile, a shealbhú, a stóráil, a allmhairiú, a onnmhairiú, a iompar agus a mhalartú,

(b) faoi réir ceadú roimh ré ón Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, chun talamh nó leas i dtalamh a fháil,

(c) chun oibreacha, gléasra, trealamh, umair stórála agus píblínte a fhoirgniú, a fháil, a chothabháil, a oibriú agus a fhorbairt, sa Stát nó in áit eile, le haghaidh stoic ola a shealbhú agus a iompar,

(d) chun longa, feithiclí agus modhanna eile iompair a fháil, a chairtfhostú, a fhruiliú nó a áirithiú ar shlí eile,

(e) chun aon ghnó nó oibríochtaí tráchtála eile i dtaca le feidhmeanna na Gníomhaireachta a ghabháil de láimh sa Stát nó in áit eile,

(f) chun airgead na Gníomhaireachta a infheistiú agus chun déileáil leis an gcéanna,

(g) faoi réir ceadú roimh ré ón Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, chun dul i mbun comhfhiontar, comhpháirtíochtaí nó socruithe tráchtála eile le daoine eile chun oibreacha, gléasra, trealamh, umair stórála agus píblínte a fhoirgniú, a fháil, a chothabháil, agus a fhorbairt sa Stát nó in áit eile le haghaidh stoic ola a shealbhú agus a iompar,

(h) chun ola arna coinneáil ag an nGníomhaireacht nó thar a ceann a dhíol, de réir mar is cuí leis an nGníomhaireacht,

(i) faoi réir ceadú roimh ré ón Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, chun iomlán nó cuid d’aon mhaoin eile de chuid na Gníomhaireachta a dhíol ar cibé comaoin is cuí leis an nGníomhaireacht agus go háirithe ar scaireanna, stoc, bintiúir nó urrúis eile de chuid aon chomhlachta chorpraithe, agus

(j) faoi réir ceadú roimh ré ón Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, chun dul i mbun aon chomhaontú tráchtála le tríú páirtí sa Stát nó in áit eile chun a chumasú don Ghníomhaireacht a feidhmeanna faoi fho-alt 1(a) a chomhlíonadh.

(4) Ní choisctear leis an alt seo gach cuspóir agus cumhacht atá ar comhréir leis an Acht seo a áireamh sa mheabhrán comhlachais, is cuspóir nó cumhacht atá réasúnach, riachtanach nó iomchuí, chun príomhchuspóir na Gníomhaireachta a bhaint amach go cuí nó atá comhghabhálach nó coimhdeach leis an gcéanna.

(5) Féadfaidh an Ghníomhaireacht aon fheidhm dá cuid a chomhlíonadh tríd an bpríomhfheidhmeannach nó trí aon chomhalta dá foireann a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an nGníomhaireacht.

Feidhmeanna breise.

9 .— Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus tar éis dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht agus le haon Aire eile den Rialtas is Aire lena mbaineann, i dtuairim an Aire, cibé feidhmeanna breise a mbeidh baint acu leis na feidhmeanna a shanntar don Ghníomhaireacht leis an Acht seo nó faoin Acht seo agus is cuí leis an Aire, a shannadh di le hordú.

Scairchaipiteal na Gníomhaireachta.

10 .— Is é a bheidh i scairchaipiteal údaraithe na Gníomhaireachta, mar a luaitear ina meabhrán comhlachais, cibé méid, arna roinnt ina scaireanna ar fiú cibé luach iad, a chinnfidh an tAire Airgeadais ó am go ham tar éis dul i gcomhairle leis an Aire.

Scaireanna a eisiúint.

11 .— (1) Ní eiseofar scaireanna i scairchaipiteal na Gníomhaireachta ach amháin le toiliú an Aire Airgeadais arna thabhairt tar éis dul i gcomhairle leis an Aire.

(2) Déanfaidh an tAire Airgeadais costas aon scaireanna a eiseoidh an Ghníomhaireacht chuig an Aire a airleacan don Aire as an bPríomh-Chiste nó as toradh fáis an Chiste.

An tAire d’fheidhmiú feidhmeanna is infheidhme ag scairshealbhóirí.

12 .— Féadfaidh an tAire, i leith na scaireanna a shealbhaíonn sé nó sí sa Ghníomhaireacht, na cearta agus na cumhachtaí go léir atá ag sealbhóir scaireanna den sórt sin a fheidhmiú agus, i gcás ceart nó cumhacht a bheith infheidhmithe trí aturnae, an ceart nó an chumhacht sin a fheidhmiú trína aturnae nó trína haturnae.

Meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais.

13 .— (1) Déanfaidh an Ghníomhaireacht cibé bearta is gá faoi Achtanna na gCuideachtaí chun a meabhrán comhlachais agus a hairteagail chomhlachais a athrú d’fhonn iad a chur ar comhréir leis an Acht seo.

(2) D’ainneoin aon ní atá in Achtanna na gCuideachtaí, ní bheidh éifeacht le haon athrú a dhéanfar ar mheabhrán comhlachais nó ar airteagail chomhlachais na Gníomhaireachta ach amháin má dhéantar an t-athrú le ceadú roimh ré ón Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

An bord stiúrthóirí.

14 .— (1) Is iad a bheidh ar bhord stiúrthóirí na Gníomhaireachta—

(a) 5 stiúrthóir ar a mhéad (lena n-áirítear an cathaoirleach), agus

(b) an duine a shealbhaíonn oifig an phríomhfheidhmeannaigh agus is stiúrthóir de bhua na hoifige sin.

(2) Déanfaidh an tAire na stiúrthóirí (seachas an príomhfheidhmeannach) a cheapadh le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Aon duine a cheapfar mar stiúrthóir faoi fho-alt (2), is duine é nó í ag a bhfuil, i dtuairim an Aire, taithí agus inniúlacht i réimse amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a) tionscail ola nó tionscail a bhaineann le hola;

(b) tionscail cheimiceacha nó tionscail a bhaineann le ceimicigh;

(c) airgeadas;

(d) eacnamaíocht;

(e) cúrsaí dlí;

(f) tionscail a bhaineann le fuinneamh a tháirgeadh agus a sholáthar.

(4) Gach stiúrthóir a cheapfar faoi fho-alt (2), déanfar é nó í a cheapadh ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana agus beidh sé nó sí in-athcheaptha.

(5) Ainmneoidh an tAire duine de na stiúrthóirí (seachas an príomhfheidhmeannach) mar chathaoirleach.

(6) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, tráth ar bith, stiúrthóir a ceapadh faoi fho-alt (2) a chur as oifig más rud é—

(a) i dtuairim an Aire, go bhfuil an stiúrthóir tagtha chun bheith éagumasach de dheasca easláinte ar a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh,

(b) i dtuairim an Aire, gur mhí-iompair an stiúrthóir é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe,

(c) gur dealraitheach don Aire gur gá an stiúrthóir a chur as oifig chun go gcomhlíonfaidh an Ghníomhaireacht a feidhmeanna go héifeachtúil, nó

(d) go bhfuil sárú déanta ag an stiúrthóir ar alt 24 den Acht seo nó ar fhoráil infheidhme den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995.

(7) Níl feidhm ag alt 182 d’Acht 1963 maidir leis an nGníomhaireacht.

(8) Déanfaidh an Ghníomhaireacht cibé luach saothair (más ann) agus liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc as an tobhach leis an gcathaoirleach agus leis na stiúrthóirí eile a cheapfar faoi fho-alt (2).

(9) Aon duine a bhí i seilbh oifige mar stiúrthóir den Ghníomhaireacht díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, leanfaidh sé nó sí in oifig mar stiúrthóir den sórt sin, faoi réir fho-alt (6) agus alt 23 agus na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar dá réir a ceapadh é nó í, go dtí deireadh na tréimhse dár ceapadh é nó í, amhail is dá mba faoi fho-alt (2) a ceapadh é nó í.

(10) San alt seo, ciallaíonn “foráil infheidhme den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995”, i ndáil le stiúrthóir a cheapfar faoi fho-alt (2), foráil den Acht sin a bhaineann leis an stiúrthóir sin de bhua rialacháin faoi alt 3 den Acht sin.

Ráiteas straitéise.

15 .— (1) A luaithe is indéanta tar éis lá aistrithe na scaire, déanfaidh an Ghníomhaireacht ráiteas straitéise a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú, arb é a bheidh ann—

(a) i gcás an ráitis straitéise tosaigh, ráiteas straitéise don tréimhse cúig bliana ina dhiaidh sin, agus

(b) i gcás gach ráitis straitéise dá éis sin, ráiteas straitéise don tréimhse a shonróidh an tAire.

(2) Déanfar gach ráiteas straitéise a ullmhú i cibé foirm agus modh a ordóidh an tAire.

(3) Le linn don Ghníomhaireacht ráiteas straitéise a ullmhú, tabharfaidh sí aird ar an ngá atá ann a chinntiú go mbainfear an úsáid is tairbhiúla, is éifeachtaí agus is éifeachtúla as a hacmhainní agus áireoidh sí ann an fhaisnéis seo a leanas:

(a) na straitéisí agus na gníomhaíochtaí fíorthábhachtacha a bheidh á saothrú ag an nGníomhaireacht chun a cuspóirí a chur ar aghaidh agus a feidhmeanna a chomhlíonadh;

(b) na haschuir a mbeidh sé d’aidhm ag an nGníomhaireacht iad a bhaint amach agus ar dá réir a measúnófar a feidhmíocht;

(c) na tograí maidir le foireann, acmhainní agus caiteachas is gá chun na straitéisí agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír (a) a shaothrú.

(4) A luaithe is indéanta tar éis ráiteas straitéise a cheadú, cuirfidh an tAire faoi deara cóip den ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Cumhacht chun fochuideachtaí a bhunú.

16 .— (1) Féadfaidh an Ghníomhaireacht, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, aon cheann dá feidhmeanna a chomhlíonadh trí fhochuideachta.

(2) Chun críche fho-alt (1), féadfaidh an Ghníomhaireacht ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) fochuideachta amháin nó níos mó a fháil, a fhoirmiú nó a bhunú;

(b) scaireanna, nó aon leas eile, i gcuideachta a fháil nó a shealbhú, nó teacht chun bheith ina comhalta de chuideachta.

(3) Aon fhochuideachta a gheofar, a fhoirmeofar nó a bhunófar faoi fho-alt (2), féadfar í a fhoirmiú agus a chlárú—

(a) faoi Achtanna na gCuideachtaí, nó

(b) faoi dhlíthe áite seachas an Stát.

(4) Déanfaidh an Ghníomhaireacht a chinntiú go mbeidh meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais gach fochuideachta i bhfoirm a bheidh ar comhréir leis an Acht seo agus go bhfaighfear ceadú roimh ré ón Aire agus ón Aire Airgeadais i ndáil le meabhrán comhlachais agus le hairteagail chomhlachais gach fochuideachta agus i ndáil le haon athruithe orthu.

(5) Gach fochuideachta a fhoirmeofar nó a bhunófar faoi Achtanna na gCuideachtaí, beidh sí faoi theorainn scaireanna agus comhlíonfaidh sí na hAchtanna sin.

(6) Féadfaidh an tAire, faoi réir fho-alt (7), ordachán i scríbhinn i dtaobh aon ní a bhaineann le fochuideachta a thabhairt don Ghníomhaireacht, agus cinnteoidh an Ghníomhaireacht go gcomhlíonfar an t-ordachán.

(7) Aon ordachán a bhaineann le haon sócmhainní nó barrachais de chuid fochuideachta a dhiúscairt, ní fhéadfar é a thabhairt ach amháin le toiliú an Aire Airgeadais.

(8) Is í an Ghníomhaireacht, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, a chinnfidh gráid foirne agus líon foirne fochuideachta.

(9) Beidh comhalta d’fhoireann fochuideachta i seilbh oifige nó fostaíochta faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

(10) Is í an Ghníomhaireacht, le ceadú roimh ré ón Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, a cheapfaidh stiúrthóirí fochuideachta agus a fhéadfaidh iad a chur as oifig.

(11) Má dhéantar duine is stiúrthóir ar fhochuideachta agus is stiúrthóir ar an nGníomhaireacht araon a chur as oifig faoi alt 14(6) mar stiúrthóir ar an nGníomhaireacht nó má scoireann sé nó sí faoi alt 23 den oifig sin a shealbhú, scoirfidh an duine sin láithreach de bheith ina stiúrthóir ar an bhfochuideachta.

(12) Féadfaidh an tAire, le hordú, fochuideachta a chomhlíonfaidh ceanglais an ailt seo a ainmniú mar fhochuideachta a mbeidh a costais oibrithe agus a caiteachais riaracháin le híoc as an tobhach.

(13) Más rud é, faoi mheabhrán comhlachais fochuideachta, gur feidhm de chuid na fochuideachta aon fheidhm de chuid na Gníomhaireachta, gach foráil den Acht seo, nó d’aon ionstraim faoin Acht seo nó d’aon achtachán eile maidir leis an nGníomhaireacht, bainfidh sí leis an bhfochuideachta, i leith na feidhme sin, mar a bhaineann sí leis an nGníomhaireacht.

Cumhacht chun táillí a mhuirearú agus a ghnóthú,

17 .— (1) Féadfaidh an Ghníomhaireacht táillí a mhuirearú, a ghlacadh agus a ghnóthú as obair arna gabháil de láimh aici thar ceann aon duine seachas Aire den Rialtas.

(2) Féadfaidh an Ghníomhaireacht aon mhéid a bheidh dlite agus ag dul di faoi fho-alt (1) a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ó aon duine den sórt sin.

Cumhacht chun sainchomhairleoirí agus comhairleoirí a fhostú.

18 .— (1) Féadfaidh an Ghníomhaireacht cibé sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhostú a mheasfaidh sí is gá chun a feidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Déanfaidh an Ghníomhaireacht aon táillí a bheidh dlite do shainchomhairleoir nó do chomhairleoir a fhostófar faoin alt seo a íoc as an tobhach.

An príomhfheidhmeannach (ceapadh agus téarma oifige).

19 .— (1) Beidh príomhfheidhmeannach ar an nGníomhaireacht.

(2) Déanfaidh na stiúrthóirí a cheapfar faoi alt 14(2) an príomhfheidhmeannach a cheapadh agus féadfaidh siad é nó í a chur as oifig nó a fhionraí ó oifig.

(3) Beidh an príomhfheidhmeannach i seilbh oifige ar feadh cibé tréimhse agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair agus liúntais i leith caiteachas) a chinnfidh na stiúrthóirí a cheapfar faoi alt 14(2), le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

(4) Déanfaidh an Ghníomhaireacht an luach saothair agus na liúntais a chinnfear faoi fho-alt (3) agus aon sochair aoisliúntais is iníoctha leis an bpríomhfheidhmeannach nó ina leith a íoc as an tobhach.

(5) Féadfar duine a athcheapadh mar phríomhfheidhmeannach faoi réir fhorálacha eile an ailt seo.

(6) I gcás ina mbeidh agus fad a bheidh an príomhfheidhmeannach ar fionraí ó oifig, beidh an príomhfheidhmeannach ar fionraí ó bheith ina stiúrthóir ar an nGníomhaireacht.

Feidhmeanna an phríomhfheidhmeannaigh.

20 .— (1) Is iad feidhmeanna an phríomhfheidhmeannaigh—

(a) riarachán agus gnó na Gníomhaireachta a sheoladh, a bhainistiú agus a rialú i gcoitinne, agus

(b) aon fheidhmeanna eile a chomhlíonadh a chinnfidh na stiúrthóirí.

(2) Beidh an príomhfheidhmeannach freagrach don bhord stiúrthóirí as a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh agus as beartais an bhoird a chur i ngníomh.

(3) Soláthróidh an príomhfheidhmeannach cibé faisnéis do na stiúrthóirí a éileoidh na stiúrthóirí, lena n-áirítear faisnéis airgeadais, i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna.

(4) Féadfaidh cibé comhalta d’fhoireann na Gníomhaireachta a ainmneoidh na stiúrthóirí chun na críche sin feidhmeanna an phríomhfheidhmeannaigh a chomhlíonadh má bhíonn an príomhfheidhmeannach as láthair nó nuair a bheidh post an phríomhfheidhmeannaigh folamh.

(5) Ní bheidh an duine a ainmneofar faoi fho-alt (4) chun feidhmeanna an phríomhfheidhmeannaigh a chomhlíonadh i dteideal gníomhú mar stiúrthóir de chuid na Gníomhaireachta.

(6) Féadfaidh na stiúrthóirí, aon tráth, ainmniú arna dhéanamh faoi fho-alt (4) a chúlghairm nó a athrú.

(7) Ní shealbhóidh an príomhfheidhmeannach aon oifig nó post eile ná ní sheolfaidh sé nó sí aon ghnó, trádáil nó gairm gan toiliú na stiúrthóirí.

Foireann na Gníomhaireachta.

21 .— (1) Féadfaidh an Ghníomhaireacht, faoi réir cinnidh faoi fho-alt (2), daoine a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí dá foireann.

(2) Déanfaidh an Ghníomhaireacht, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, na nithe seo a leanas a chinneadh—

(a) na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair agus liúntais) a bheidh ag foireann a cheapfar faoin alt seo, agus

(b) na gráid agus an líon foirne de chuid na Gníomhaireachta ag gach grád.

(3) Déanfaidh an Ghníomhaireacht luach saothair agus liúntais chomhaltaí fhoireann na Gníomhaireachta agus aon sochair aoisliúntais is iníoctha leis na comhaltaí sin nó ina leith a íoc as an tobhach.

(4) Comhlíonfaidh comhalta d’fhoireann na Gníomhaireachta cibé dualgais a shannfaidh an príomhfheidhmeannach dó nó di.

(5) Aon duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ina chomhalta nó ina comhalta d’fhoireann na Gníomhaireachta, leanfaidh sé nó sí, faoi réir alt 23(2) agus faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar dá réir a ceapadh é nó í, i bhfostaíocht amhail is dá mba faoi fho-alt (1) a ceapadh é nó í.

Aoisliúntas.

22 .— (1) Déanfaidh an Ghníomhaireacht scéim, nó níos mó ná scéim amháin, a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire, chun sochair aoisliúntais a dheonú do cibé comhaltaí d’fhoireann na Gníomhaireachta (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) is cuí léi, nó ina leith.

(2) Socróidh scéim aoisliúntais an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh sochair aoisliúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Déanfaidh an Ghníomhaireacht scéim aoisliúntais a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le toiliú an Aire Airgeadais, a chur i gcrích de réir a téarmaí.

(4) Féadfar scéim aoisliúntais a leasú nó a chúlghairm le scéim ina dhiaidh sin a ullmhófar, a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo.

(5) Ní dheonóidh an Ghníomhaireacht aon sochar aoisliúntais, ná ní dhéanfaidh sí aon socrú chun aon sochar aoisliúntais a sholáthar, do chomhalta d’fhoireann na Gníomhaireachta (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) nó ina leith, ach amháin de réir scéime aoisliúntais arna ceadú faoin alt seo nó arna ceadú ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais.

(6) Beidh foráil i ngach scéim aoisliúntais le haghaidh achomharc ó bhreith a bhaineann le sochar aoisliúntais faoin scéim.

(7) Cinnteoidh an tAire go ndéanfar scéim aoisliúntais a cheadófar faoin alt seo, lena n-áirítear leasú ar scéim, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is indéanta tar éis a ceadaithe.

(8) Féadfaidh ceachtar Teach den Oireachtas, le rún arna rith laistigh de 21 lá suí tar éis an lae a leagfar an scéim aoisliúntais os comhair an Tí sin, an scéim a neamhniú.

(9) Tagann neamhniú scéime aoisliúntais faoi fho-alt (8) in éifeacht láithreach ar an rún lena mbaineann a rith, ach ní dhéanann sé difear do bhailíocht aon ní a rinneadh faoin scéim roimh an rún a rith.

(10) Maidir le scéim lena ndéantar sochair aoisliúntais a dheonú do chomhaltaí d’fhoireann na Gníomhaireachta, nó ina leith, a bheidh ar marthain díreach roimh an Acht seo a rith agus a bheidh ceadaithe ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais, measfar í a bheith curtha faoi bhráid an Aire agus a bheith ceadaithe faoin alt seo.

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas, de Pharlaimint na hEorpa nó d’údarás áitiúil.

23 .— (1) Scoirfidh stiúrthóir de chuid na Gníomhaireachta (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) láithreach de bheith i seilbh oifige—

(a) ar é nó í a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann,

(b) ar é nó í a thoghadh mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa,

(c) an tráth a mheastar, de bhun alt 19 den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997, é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh, nó

(d) ar theacht dó nó di chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’údarás áitiúil.

(2) Beidh comhalta d’fhoireann na Gníomhaireachta ar iasacht láithreach ó fhostaíocht leis an nGníomhaireacht—

(a) ar é nó í a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann,

(b) ar é nó í a thoghadh mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa, nó

(c) an tráth a mheastar, de bhun alt 19 den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997, é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh.

(3) Ní bheidh aon luach saothair nó liúntais iníoctha ag an nGníomhaireacht le duine a bheidh ar iasacht ó fhostaíocht faoi fho-alt (2) i leith thréimhse na hiasachta, agus ní dhéanfar an tréimhse sin a áireamh mar sheirbhís leis an nGníomhaireacht chun críocha aon sochair aoisliúntais.

(4) I ndáil le duine a bheidh ar iasacht ó fhostaíocht faoi fho-alt (2), tosóidh tréimhse na hiasachta ar an teagmhas iomchuí dá dtagraítear san fho-alt sin tarlú agus críochnóidh sí an tráth a scoirfidh an duine de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa.

(5) Aon duine a bheidh i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin, nó ar comhalta é nó í de Pharlaimint na hEorpa, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, ní bheidh sé nó sí cáilithe chun teacht chun bheith ina stiúrthóir ar an nGníomhaireacht nó chun bheith fostaithe in aon cháil ag an nGníomhaireacht.

Nochtadh neamhúdaraithe faisnéise rúnda.

24 .— (1) Ach amháin sna himthosca a shonraítear i bhfo-alt (2), ní nochtfaidh duine faisnéis rúnda a gheofar le linn feidhmeanna a chomhlíonadh—

(a) mar stiúrthóir ar an nGníomhaireacht,

(b) mar chomhalta de choiste den Ghníomhaireacht,

(c) mar phríomhfheidhmeannach nó mar aon chomhalta eile d’fhoireann na Gníomhaireachta,

(d) mar oifigeach údaraithe

(e) mar dhuine arna fhostú nó arna fostú ag an nGníomhaireacht mar shainchomhairleoir nó mar chomhairleoir, nó

(f) mar fhostaí de chuid duine dá dtagraítear i mír (e).

(2) Ní sháraíonn duine fo-alt (1) trí fhaisnéis rúnda a nochtadh más rud é—

(a) go n-údaróidh an Ghníomhaireacht nochtadh na faisnéise,

(b) go ndéanfar an nochtadh don Ghníomhaireacht,

(c) go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht an nochtadh don Aire, nó go ndéanfar an nochtadh don Aire thar ceann na Gníomhaireachta nó i gcomhlíonadh ceanglais de chuid an Achta seo, nó

(d) go gceanglófar thairis sin le dlí an nochtadh a dhéanamh.

(3) San alt seo, ciallaíonn “faisnéis rúnda”—

(a) faisnéis a mbeidh sé ráite ag an nGníomhaireacht ina leith go bhfuil sí rúnda maidir le faisnéis áirithe nó maidir le faisnéis d’aicme nó de thuairisc áirithe, agus

(b) tograí de chineál tráchtála nó tairiscintí a chuirfidh conraitheoir, comhairleoir nó aon duine eile faoi bhráid na Gníomhaireachta.

Cód iompair.

25 .— (1) Déanfaidh an Ghníomhaireacht, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, cód iompair a tharraingt suas maidir le caighdeáin chuí ionracais, iompair agus cúraim i leith leas an phobail a bheidh le cothabháil ag duine le linn feidhmeanna a chomhlíonadh—

(a) mar stiúrthóir ar an nGníomhaireacht,

(b) mar chomhalta de choiste den Ghníomhaireacht,

(c) mar phríomhfheidhmeannach nó mar aon chomhalta eile d’fhoireann na Gníomhaireachta,

(d) mar shainchomhairleoir nó mar chomhairleoir a bheidh fostaithe ag an nGníomhaireacht, nó

(e) mar fhostaí de chuid duine dá dtagraítear i mír (d).

(2) Foilseoidh an Ghníomhaireacht aon chód iompair a tharraingeofar suas faoin alt seo.

Cumhacht airgead a fháil ar iasacht.

26 .— (1) Féadfaidh an Ghníomhaireacht, faoi réir fho-ailt (2) agus (3), airgead (lena n-áirítear airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit) a chruinniú nó a fháil ar iasacht, trí bhintiúir a eisiúint nó ar shlí eile, faoi chomhair críocha reatha nó caipitil.

(2) Ní rachaidh an méid comhiomlán airgid a chruinneofar nó a gheofar ar iasacht aon tráth faoin alt seo thar €1 bhilliún.

(3) Ní dhéanfar aon airgead a chruinniú nó a fháil ar iasacht faoin alt seo ach amháin le ceadú roimh ré ón Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh siad.

(4) Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith san áireamh sna téarmaí ar a bhféadfar airgead a chruinniú nó a fháil ar iasacht faoin alt seo—

(a) forálacha chun an t-airgead go léir nó cuid den airgead a chruinneofar nó a gheofar ar iasacht agus aon oibleagáid airgeadais ghaolmhar (lena n-áirítear ús) a mhuirearú ar gach maoin, is cuma cén cineál, ar sócmhainní na Gníomhaireachta de thuras na huaire í, nó ar aon mhaoin áirithe, agus

(b) forálacha ag bunú thosaíocht na muirear sin eatarthu.

(5) Chun críocha an ailt seo agus alt 27, maidir le hairgead a chruinneofar nó a gheofar ar iasacht in airgeadra seachas airgeadra an Stáit, meastar gur coibhéis é in airgeadra an Stáit don airgead a chruinneofar nó a gheofar ar iasacht iarbhír, agus an choibhéis sin á ríomh de réir an ráta iomlaoide don airgeadra sin agus airgeadra an Stáit an tráth a dhéanfar an t-airgead a chruinniú nó a fháil ar iasacht.

(6) Beidh feidhm ag an teorainn le hiasachtaí dá bhforáiltear faoi fho-alt (2) maidir le comhiomlán iasachtaí na Gníomhaireachta agus na bhfochuideachtaí go léir aon tráth áirithe.

Airgead a fháil ar iasacht go sealadach.

27 .— Féadfaidh an Ghníomhaireacht, le ceadú roimh ré ón Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna airgid (lena n-áirítear airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit) a theastóidh uaithi d’fhonn soláthar a dhéanamh do chaiteachas reatha a fháil ar iasacht go sealadach trí shocrú le baincéirí nó ar shlí eile.

Tuarascáil bhliantúil.

28 .— (1) Déanfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil bhliantúil i dtaobh a cuid gníomhaíochtaí agus i dtaobh ghníomhaíochtaí aon fhochuideachtaí a chur faoi bhráid an Aire tar éis dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann an tuarascáil.

(2) Beidh gach tuarascáil bhliantúil i cibé foirm, agus beidh faisnéis inti i dtaobh cibé nithe, a ordóidh an tAire.

(3) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil bhliantúil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann an tuarascáil.

Cuntais agus iniúchadh.

29 .— (1) Gan dochar do cheanglais Achtanna na gCuideachtaí i ndáil le leabhair chuntais chuí, coimeádfaidh an Ghníomhaireacht, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, gach leabhar cuntais cuí agus gach taifead cuntais cuí—

(a) ar an uile ioncam a bheidh faighte aici lena n-áirítear na foinsí,

(b) ar an uile chaiteachas a bheidh tabhaithe aici, agus

(c) ar a cuid sócmhainní agus dliteanas.

(2) Déanfaidh an Ghníomhaireacht a cuid cuntas a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh gach bliain cibé tráthanna a ordóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Tar éis an iniúchta, déanfaidh an Ghníomhaireacht na cuntais iniúchta, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, a thíolacadh don Aire.

(4) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de na doiciméid a thíolacfar faoi fho-alt (3) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann na cuntais iniúchta.

Faisnéis don Aire maidir le comhlíonadh feidhmeanna.

30 .— (1) Má éilíonn an tAire é, soláthróidh an Ghníomhaireacht faisnéis don Aire i ndáil le cibé nithe a shonróidh sé nó sí maidir leis na nithe seo a leanas nó i ndáil leo—

(a) comhlíonadh a feidhmeanna (lena n-áirítear na feidhmeanna a chomhlíontar trí fhochuideachta),

(b) na pleananna atá aici maidir le comhlíonadh a feidhmeanna amach anseo,

(c) aon ráiteas straitéise a bheidh leagtha faoi bhráid gach Tí den Oireachtas faoi alt 15,

(d) aon tuarascáil nó cuntas a d’ullmhaigh sí faoi ailt 2829,

(e) barainneacht agus éifeachtúlacht úsáide na Gníomhaireachta i dtaca le húsáid a hacmhainní,

(f) na córais, nósanna imeachta agus cleachtais a úsáideann an Ghníomhaireacht d’fhonn éifeachtacht a hoibríochtaí a mheas, nó

(g) beartas agus gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus aon fhochuideachtaí, seachas gníomhaíochtaí ó lá go lá.

(2) Déanfar faisnéis a éileoidh an tAire faoi fho-alt (1) a sholáthar i cibé foirm agus laistigh de cibé tréimhse a ordóidh an tAire.

Faisnéis don Oireachtas maidir le comhlíonadh feidhmeanna.

31 .— (1) Aon uair a cheanglóidh an Coiste de Dháil Éireann a bheidh bunaithe faoi Bhuan-Orduithe Dháil Éireann chun scrúdú a dhéanamh ar na cuntais leithreasa agus ar thuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus tuarascáil a thabhairt do Dháil Éireann orthu, air nó uirthi déanamh amhlaidh, tabharfaidh an príomhfheidhmeannach fianaise don Choiste sin ar gach ní a bhaineann le caiteachas na Gníomhaireachta agus aon fhochuideachtaí dá cuid.

(2) Aon uair a iarrfaidh coiste (seachas an Coiste dá dtagraítear i bhfo-alt (1)) de chuid Tí amháin den Oireachtas nó de dhá Theach an Oireachtais air nó uirthi déanamh amhlaidh, tabharfaidh an príomhfheidhmeannach cuntas don choiste sin ar chomhlíonadh fheidhmeanna na Gníomhaireachta agus aon fhochuideachtaí dá cuid.

CUID 4

Stoic Ola a Choimeád

Dualgas na Gníomhaireachta.

32 .— (1) Déanfaidh an Ghníomhaireacht cibé stoic ola a choimeád faoi réir an Aire a áiritheoidh, faoi réir alt 35, go gcoimeádfar cúltaca ola náisiúnta—

(a) ag leibhéal atá leordhóthanach chun oibleagáidí an Stáit maidir le sealbhú stoc ola a chomhlíonadh, nó

(b) ag cibé leibhéal is airde ná sin a shonróidh an tAire, le hordachán i scríbhinn, má mheasann sé nó sí gur gá déanamh amhlaidh chun feidhmeanna na Gníomhaireachta a chomhlíonadh go héifeachtach.

(2) Féadfaidh an Ghníomhaireacht a dualgas faoi fho-alt (1) a chomhlíonadh—

(a) trí na stoic ola a shealbhú í féin, nó

(b) trí chonarthaí sealbhaithe a dhéanamh.

Conarthaí sealbhaithe.

33 .— (1) Is conradh sealbhaithe é conradh idir an Ghníomhaireacht agus duine eile lena ngabhann an duine eile sin air nó uirthi féin toirt chomhaontaithe stoc ola (cibé acu is leis an nGníomhaireacht iad nó nach ea) a shealbhú faoi réir na Gníomhaireachta chun críocha fheidhmeanna na Gníomhaireachta.

(2) Féadfaidh conradh sealbhaithe foráil a dhéanamh maidir leis an toirt chomhaontaithe stoc ola a shealbhú—

(a) laistigh den Stát, nó

(b) lasmuigh den Stát i gcríoch stáit eile de réir comhaontaithe dhéthaobhaigh.

(3) Sula ndéanfaidh an Ghníomhaireacht conradh sealbhaithe lena ndéanfar foráil maidir le stoic ola a shealbhú lasmuigh den Stát de réir comhaontaithe dhéthaobhaigh, cuirfidh an Ghníomhaireacht a tograí faoi bhráid an Aire lena gceadú.

(4) Sula gcinnfidh an tAire ceadú a thabhairt, nó gan é a thabhairt, do thograí arna gcur faoina bhráid nó faoina bráid faoi fho-alt (3), beidh aird ag an Aire ar cibé tosca is cuí leis nó léi, lena n-áirítear aon ghá a bheidh ann earnálacha áirithe stoc ola a shealbhú laistigh den Stát.

Dualgais an Aire.

34 .— (1) Cinnfidh an tAire ó am go ham, de réir oibleagáidí an Stáit maidir le sealbhú stoc, an méid agus an modh a fhéadfar amhola, táirgí idirmheánacha agus earnálacha éagsúla táirgí peitriliam a chur i gcuntas—

(a) le linn cúltaca ola náisiúnta a ríomh, agus

(b) le linn an toirt stoc ola a chinneadh a bheidh le coimeád ag an nGníomhaireacht d’fhonn a dualgas faoi alt 32 a chomhall.

(2) Coimeádfaidh an tAire an Ghníomhaireacht ar an eolas maidir leis an toirt stoc ola, arna ríomh faoi threoir na faisnéise a chuirtear ar fáil don Aire de réir na rialachán a bhaineann le tuairisceáin, is gá don Ghníomhaireacht a choimeád chun a dualgas faoi alt 32 a chomhlíonadh.

Stoic ola a scaoileadh i gcásanna práinne ar leith.

35 .— (1) Más dóigh leis an Aire go bhfuil cás práinne ar leith ann agus gur gá déanamh amhlaidh, chun go gcomhlíonfaidh an Stát a oibleagáidí maidir le sealbhú stoc, cuirfidh sé nó sí in iúl don Ghníomhaireacht gur féidir na stoic ola a bheidh á gcoimeád aici a laghdú faoi bhun an leibhéil a cheanglaítear faoi alt 32 ar feadh cibé tréimhse agus chuig cibé leibhéal a ordóidh an tAire i scríbhinn.

(2) Tar éis dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, féadfaidh an tAire, i scríbhinn—

(a) treoir a eisiúint ina sonrófar na nósanna imeachta a bheidh le cur chun feidhme ag an nGníomhaireacht chun na stoic ola sin a scaoileadh, agus

(b) a údarú don Ghníomhaireacht stoic ola a scaoileadh de réir na nósanna imeachta sin.

CUID 5

Tobhach ar Dhiúscairtí Iomchuí Táirgí Peitriliam

Mínithe do Chuid 5.

36 .— Sa Chuid seo—

ciallaíonn “caiteachais” costais oibrithe agus caiteachais riaracháin na Gníomhaireachta agus gach fochuideachta ainmnithe lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

(a) costais stórála ola;

(b) na costais maidir le stoic ola nach leis an nGníomhaireacht iad a shealbhú faoi chonradh sealbhaithe;

(c) luach saothair, más ann, agus liúntais i leith chaiteachais na stiúrthóirí;

(d) luach saothair agus liúntais i leith chaiteachais an phríomhfheidhmeannaigh agus aon sochair aoisliúntais is iníoctha leis nó léi nó ina leith;

(e) luach saothair agus liúntais na gcomhaltaí foirne agus aon sochair aoisliúntais is iníoctha leis na comhaltaí sin nó ina leith;

(f) táillí a bheidh dlite d’aon sainchomhairleoirí nó comhairleoirí arna bhfostú faoin Acht seo;

(g) na costais arna dtabhú ag an nGníomhaireacht le linn an tobhach a bhailiú;

(h) íoc aon úis agus táillí bainc eile arna dtabhú ar iasachtaí a gheofar faoi ailt 26 agus 27;

(i) aisíoc príomhshuime a fhaightear ar iasacht faoi alt 2627 chun ola a cheannach nó chun aon ní a shonraítear in alt 8(3)(a), (b), (c)(f) a dhéanamh;

ciallaíonn “ fógra measúnachta tobhaigh ” fógra arna eisiúint faoi alt 41;

ciallaíonn “ buncair mhara ” táirgí peitriliam atá díolmhaithe ó dhleacht máil mar tháirgí atá beartaithe i gcomhair dabhcha breosla soithí farraige;

ní fholaíonn “táirgí peitriliam” buncair mhara, breosla eitlíochta agus scairdbhreosla den chineál ceirisíneach;

tá le “ diúscairt iomchuí táirgí peitriliam ” an bhrí a shanntar dó le halt 37(2);

ciallaíonn “ measúnacht toirte ” measúnacht faoi alt 39 ar dhiúscairtí iomchuí táirgí peitriliam.

Dliteanas cuideachtaí ola agus tomhaltóirí ola tobhach a íoc.

37 .— (1) D’fhonn na caiteachais a íoc a thabhóidh an Ghníomhaireacht agus gach fochuideachta ainmnithe go cuí, nó is dócha a thabhóidh siad amhlaidh, le linn feidhmeanna a chomhlíonadh faoin Acht seo, déanfaidh cuideachtaí ola agus tomhaltóirí ola gach mí, de réir na Coda seo agus na rialachán faoi alt 44, tobhach ar a ndiúscairtí iomchuí táirgí peitriliam sa mhí roimhe sin a íoc leis an nGníomhaireacht.

(2) Is é is diúscairt iomchuí táirgí peitriliam toirt (arna sloinneadh i dtonaí nó i líotair) na dtáirgí peitriliam—

(a) i ndáil le cuideachta ola, a thomhlaíonn sí nó a dhiúscraíonn sí trí dhíol nó ar shlí eile le daoine sa Stát aon mhí ar leith, agus

(b) i ndáil le tomhaltóir ola, a thomhlaíonn sé sa Stát aon mhí ar leith.

(3) Ní bheidh aon tobhach iníoctha ag cuideachta ola (seachas cuideachta ola a oibríonn saoráid scagtha ola nó stórála ola sa Stát) nó ag tomhaltóir ola ar a diúscairtí nó ar a dhiúscairtí iomchuí táirgí peitriliam i gcás an tobhach a bheith íoctha ag an gcuideachta ola óna bhfuair sí nó sé na táirgí peitriliam.

Díolúintí ó thobhach.

38 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), ní bheidh aon tobhach iníoctha aon mhí ar leith ag tomhaltóir ola a shealbhaigh, i gcaitheamh na míosa roimhe sin, stoic táirgí peitriliam a bhí ar úinéireacht aige agus—

(a) a bhí comhionann le 55 oiread mheántoirt na dtáirgí sin a thomhail sé gach lá sa bhliain féilire roimhe sin nó níos mó ná sin, nó

(b) a bhí comhionann le cibé toirt laethúil eile, nó níos mó ná cibé toirt laethúil eile, a fhorordóidh an tAire chun soláthairtí ola a áirithiú de réir oibleagáidí an Stáit maidir le sealbhú stoc nó de réir a riachtanas náisiúnta.

(2) Le linn stoic táirgí peitriliam a shealbhaigh tomhaltóir ola i gcaitheamh na míosa roimhe sin a ríomh chun críocha an ailt seo, ní chuirfidh an tAire i gcuntas aon toirt táirgí peitriliam arna sealbhú laistigh den Stát thar ceann an tomhaltóra ola faoi chonradh idir an tomhaltóir ola agus duine eile, mura rud é—

(a) go bhforáiltear leis an gconradh go ndéanfaidh an duine eile toirt chomhaontaithe táirgí peitriliam atá ar úinéireacht ag an tomhaltóir ola a shealbhú amhlaidh chun críche éilimh ag an tomhaltóir ola ar dhíolúine ó thobhach faoin alt seo, agus

(b) gur cuireadh na tograí conartha (de réir na brí a shanntar le halt 62) faoi bhráid an Aire sula ndearnadh an conradh.

(3) Déanfaidh tomhaltóir ola a éileoidh díolúine ó thobhach faoin alt seo gach faisnéis is iomchuí maidir leis an díolúine a éileofar a sholáthar don Aire de réir na rialachán a bhaineann le tuairisceáin agus laistigh den am a shonrófar sna rialacháin sin.

Measúnacht toirte.

39 .— (1) Roimh dheireadh gach míosa, déanfaidh an tAire, maidir le gach cuideachta ola agus gach tomhaltóir ola a dhlíonn tobhach a íoc, fógra a thabhairt don Ghníomhaireacht i dtaobh mheasúnacht an Aire ar an toirt de gach earnáil táirgí peitriliam a dhealraíonn sé a rinne sí nó sé a dhiúscairt go hiomchuí sa mhí roimhe sin.

(2) Bunófar an mheasúnacht toirte—

(a) ar an bhfaisnéis a sholáthróidh an chuideachta ola nó an tomhaltóir ola de réir na rialachán a bhaineann le tuairisceáin, nó

(b) i gcás nár soláthraíodh an fhaisnéis sin nó má tá cúis ag an Aire lena chreidiúint go bhfuil faisnéis arna soláthar amhlaidh míchruinn nó neamhiomlán in aon phonc ábhartha, ar cibé meastacháin a dhealraíonn don Aire a bheith réasúnach ag féachaint d’aon fhaisnéis eile a bheidh ar fáil.

Tobhach a ríomh.

40 .— (1) Déanfaidh an tAire méid an tobhaigh is iníoctha i leith míosa ag gach cuideachta ola agus tomhaltóir ola a dhlíonn an tobhach a íoc ar a diúscairtí nó ar a dhiúscairtí iomchuí sa mhí a ríomh agus tabharfaidh sé nó sí fógra i dtaobh an mhéid sin don Ghníomhaireacht.

(2) Déanfar méid an tobhaigh a ríomh faoi threoir na nithe seo a leanas—

(a) diúscairtí iomchuí táirgí peitriliam na cuideachta ola nó an tomhaltóra ola (lena n-áirítear, más cuí, diúscairtí gach earnála táirgí peitriliam) sa mhí mar a shonraítear ina measúnacht toirte nó ina mheasúnacht toirte don mhí, agus

(b) an ráta tobhaigh a fhorordófar faoi alt 44 don mhí.

Fógra measúnachta tobhaigh.

41 .— Déanfaidh an Ghníomhaireacht fógra measúnachta tobhaigh a thabhairt do gach cuideachta ola agus tomhaltóir ola a dhlíonn an tobhach a íoc i leith míosa, ar fógra é ina sonrófar—

(a) diúscairtí iomchuí táirgí peitriliam na cuideachta ola nó an tomhaltóra ola mar a shonraítear ina measúnacht toirte nó ina mheasúnacht toirte don mhí sin,

(b) an ráta tobhaigh a fhorordaítear faoi alt 44 don mhí agus, más cuí, do gach earnáil táirgí peitriliam a shonraítear sa mheasúnacht sin,

(c) méid an tobhaigh is iníoctha aici nó aige i leith na míosa sin arna ríomh faoi alt 40,

(d) an dáta, arna chinneadh de réir na rialachán, ar a dtiocfaidh an tobhach chun bheith iníoctha, agus

(e) más cuí, aon díolúine ó thobhach a íoc de réir alt 38.

Ús ar mhéid measúnachta neamhíoctha.

42 .— (1) I gcás nach ndéanfar iomlán an mhéid, nó cuid den mhéid, a bheidh sonraithe i bhfógra measúnachta tobhaigh a íoc an dáta a bheidh sonraithe san fhógra mar an dáta a thiocfaidh an méid chun bheith iníoctha nó roimhe, fabhróidh ús ar an méid nár íocadh de réir an ráta a fhorordaítear faoi alt 44 ón dáta sin go dtí an dáta íoca.

(2) D’ainneoin fho-alt (1), ní fhabhraíonn ús ar mhéid a gcinnfidh an tAire ina leith in athbhreithniú faoi alt 44(1)(e) nach bhfuil sé iníoctha.

Tobhach nár íocadh agus ús a ghnóthú.

43 .— Féadfaidh an Ghníomhaireacht aon mhéid a bheidh dlite agus ag dul di faoin gCuid seo i leith an tobhaigh agus aon ús a d’fhabhraigh ar an méid sin a ghnóthú, mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla, ón gcuideachta ola nó ón tomhaltóir ola a mbeidh sé iníoctha aici nó aige.

Rialacháin a bhaineann le tobhach.

44 .— (1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, foráil a dhéanamh maidir le gach ceann nó le haon cheann de na nithe seo a leanas a bhaineann leis an tobhach:

(a) an ráta tobhaigh in aghaidh an tona nó an lítir de dhiúscairtí iomchuí táirgí peitriliam;

(b) an toirt laethúil táirgí peitriliam a shealbhóidh tomhaltóir ola chun na gcríoch dá dtagraítear in alt 38(1)(b);

(c) an modh ar a n-ullmhóidh an Ghníomhaireacht fógraí measúnachta tobhaigh;

(d) cuideachtaí ola agus tomhaltóirí ola do choinneáil taifid shonraithe maidir le nithe a bhaineann leis an dliteanas an tobhach a íoc agus an fhoirm a shonrú ina gcoinneofar na taifid sin agus an tréimhse dá ndéanfar iad a choinneáil;

(e) an tAire d’athbhreithniú fógra measúnachta tobhaigh ar iarraidh ó chuideachta ola nó ó thomhaltóir ola a éilíonn go bhfuil an fógra earráideach;

(f) an tréimhse ama ar lena linn a dhéanfar iarraidh ar an athbhreithniú sin agus na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh ag cuideachta ola nó ag tomhaltóir ola sula bhféadfar an iarraidh a dhéanamh;

(g) an modh ar a bhféadfar méid aon ró-íocaíochta nó gearríocaíochta a bheidh déanta ag cuideachta ola nó ag tomhaltóir ola i leith an tobhaigh a fhritháireamh i gcoinne aon dliteanais iardain, nó a chur le haon dliteanas iardain, de chuid na cuideachta ola nó an tomhaltóra ola sin i leith na Gníomhaireachta;

(h) na tráthanna a thiocfaidh an íocaíocht chun bheith dlite;

(i) an fhoirm ina ndéanfaidh cuideachta ola nó tomhaltóir ola an íocaíocht sin leis an nGníomhaireacht;

(j) an ráta úis ar mhéideanna nach n-íocfar nuair a bheidh siad dlite;

(k) cibé nithe eile is gá chun an tobhach a fhorchur, a íoc agus a bhailiú, nó atá teagmhasach leis an gcéanna.

(2) Féadfaidh an tAire rátaí éagsúla tobhaigh a fhorordú le haghaidh earnálacha éagsúla táirgí peitriliam agus i ndáil le míonna éagsúla.

(3) Le linn na rátaí tobhaigh a chinneadh, féachfaidh an tAire lena chinntiú (agus blianta a ghlacadh le chéile) maidir leis na suimeanna a réadófar trí na rátaí sin a chur chun feidhme i leith na measúnachtaí toirte, go nglanann siad caiteachais mheasta na Gníomhaireachta agus gach fochuideachta ainmnithe ach nach mó ná na caiteachais sin iad.

(4) D’fhonn caiteachais mheasta sin na Gníomhaireachta a chinneadh in aon bhliain, féadfaidh an tAire—

(a) an fhaisnéis a bheidh i ráiteas straitéise na Gníomhaireachta a bhreithniú,

(b) aird a thabhairt ar cibé faisnéis a sholáthraítear faoi alt 29, agus

(c) caiteachais na Gníomhaireachta agus gach fochuideachta ainmnithe sa bhliain airgeadais roimhe sin a chur i gcuntas, agus aon chaiteachas breise is dóigh a thabhóidh aon cheann díobh sa bhliain airgeadais a bheidh le teacht.

(5) Maidir leis an ráta tobhaigh arna chinneadh faoi Rialachán 6(4) de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Stoic Íosta Olaí Peitriliam) 1995 (I.R. Uimh. 96 de 1995) agus a bheidh in éifeacht díreach sula gcúlghairfear na Rialacháin sin le halt 55, meastar é a bheith forordaithe faoin alt seo agus leanann sé in éifeacht go dtí go n-athraítear é faoin alt seo.

(6) Má athraítear an ráta tobhaigh forordaithe, tagann an ráta tobhaigh nua in éifeacht tráth nach luaithe ná 3 mhí tar éis an rialachán a dhéanamh lena n-athraítear an ráta forordaithe.

(7) Féadfar, le rialacháin faoi fho-alt (1)(j), foirmle a fhorordú chun an ráta úis a chinneadh—

(a) faoi threoir Ráta Tairgthe Idirbhainc an Euro a bheidh i réim,

(b) faoi threoir ráta breise a dheimhneoidh an Banc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann, agus

(c) faoi threoir cibé ráta breise eile is cuí leis an Aire, ag cur sa chuntas an costas chun tobhach nár íocadh a ghnóthú, lena n-áirítear aon mhuirir bainc a thabhóidh an Ghníomhaireacht ag cothabháil rótharraingt bhainc chun easnamh i gcistí a chumhdach is easnamh a éiríonn as tobhach nár íocadh.

CUID 6

Forálacha Forfheidhmithe

Mínithe do Chuid 6.

45 .— Sa Chuid seo—

ciallaíonn “áitreabh” aon áit, long nó soitheach eile, aerárthach, vaigín iarnróid nó feithicil eile agus folaíonn sé aon choimeádán, umar stórála nó píblíne a úsáidtear chun ola a shealbhú, a stóráil nó a iompar;

ciallaíonn “gníomhaíocht iomchuí”—

(a) aon ghníomhaíocht a bhaineann leis an nGníomhaireacht, le cuideachta ola nó le tomhaltóir ola, agus

(b) aon ghníomhaíocht a bhaineann le stoic ola a shealbhú sa Stát thar ceann stáit eile de réir comhaontaithe dhéthaobhaigh.

Oifigigh údaraithe.

46 .— (1) Is oifigigh údaraithe na daoine seo a leanas chun críocha an Achta seo:

(a) aon oifigeach Custam agus Máil;

(b) iniúchóir arna cheapadh nó arna ceapadh ag an nGníomhaireacht le toiliú an Aire;

(c) aon duine eile (lena n-áirítear oifigeach don Aire nó don Ghníomhaireacht) arna cheapadh nó arna ceapadh ag an Aire.

(2) Aon cheapachán faoi fho-alt (1)(b) (c), féadfaidh sé, faoi réir fho-alt (3), gur i gcomhair tréimhse socraithe é chun críocha fhorálacha uile nó aon cheann d’fhorálacha an Achta seo.

(3) I gcás go mbaineann feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar faoi alt 47 alt 48 le gníomhaíocht iomchuí de chuid na Gníomhaireachta, ní fhéadfaidh duine arna cheapadh nó arna ceapadh ag an nGníomhaireacht ná oifigeach den Ghníomhaireacht na cumhachtaí sin a fheidhmiú.

(4) Soláthrófar deimhniú ceapacháin do dhuine a cheapfar chun bheith ina oifigeach nó ina hoifigeach údaraithe faoi fho-alt (1)(b)(c) ar é nó í a bheith ceaptha, is deimhniú arna eisiúint—

(a) i gcás duine a cheapfar faoi fho-alt (1)(b), ag an nGníomhaireacht, agus

(b) i gcás duine a cheapfar faoi fho-alt (1)(c), ag an Aire.

(5) Déanfaidh oifigeach údaraithe, le linn dó nó di cumhacht a thugtar dó nó di leis an Acht seo a fheidhmiú, má iarrann duine dá ndéanann feidhmiú na cumhachta sin difear air nó uirthi é, deimhniú a cheapacháin nó a ceapacháin a thabhairt ar aird don duine sin.

(6) Scoirfidh ceapachán faoin alt seo mar oifigeach údaraithe—

(a) más í an Ghníomhaireacht a rinne é, ar an nGníomhaireacht an ceapachán a chúlghairm,

(b) más é an tAire a rinne é, ar an Aire an ceapachán a chúlghairm,

(c) más i gcomhair tréimhse socraithe é, ar dhul in éag don tréimhse sin, nó

(d) más oifigeach Custam agus Máil, nó más oifigeach don Aire nó don Ghníomhaireacht, an duine, ar an duine sin do scor de bheith ina oifigeach nó ina hoifigeach den sórt sin.

(7) Aon duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ina oifigeach údaraithe nó ina hoifigeach údaraithe faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Stoic Íosta Olaí Peitriliam) 1995 (I.R. Uimh. 96 de 1995) meastar gur faoin alt seo a ceapadh é nó í.

Cumhachtaí oifigeach údaraithe.

47 .— (1) D’fhonn aon fhaisnéis a fháil is gá chun go ndéanfaidh an tAire nó an Ghníomhaireacht a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh faoin Acht seo (lena n-áirítear aon fheidhmeanna a bhaineann le stoic ola a shealbhú sa Stát thar ceann stáit eile de réir comhaontaithe dhéthaobhaigh), féadfaidh oifigeach údaraithe aon cheann nó gach ceann de nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) dul isteach, gach tráth réasúnach, in aon áitreabh a mbeidh gníomhaíocht iomchuí á seoladh ann nó dá bhíthin nó ina mbeidh taifid i ndáil leis an ngníomhaíocht sin á gcoimeád agus é a iniúchadh;

(b) iniúchadh a dhéanamh, san áitreabh sin, ar aon leabhair, taifid nó doiciméid eile (lena n-áirítear doiciméid arna stóráil i bhfoirm neamh-inléite) a gheobhaidh an t-oifigeach i gcúrsa an iniúchta, agus cóipeanna díobh nó sleachta astu a thógáil;

(c) a ordú go ndéanfar na leabhair, na taifid nó na doiciméid eile sin a gheofar ag an áitreabh a choimeád ar feadh cibé tréimhse a bheidh réasúnach chun iad a scrúdú tuilleadh;

(d) aon leabhair, taifid nó doiciméid eile den sórt sin a aistriú ón áitreabh agus a choimeád ar feadh cibé tréimhse is dóigh leis an oifigeach le réasún is gá chun iad a scrúdú tuilleadh;

(e) a cheangal ar an úinéir nó ar an duine a bheidh i bhfeighil an áitribh nó ar aon duine a gcreidfidh an t-oifigeach le réasún a bheith fostaithe ann cibé cúnamh agus faisnéis a thabhairt don oifigeach, agus cibé leabhair, taifid nó doiciméid eile (agus i gcás doiciméad arna stóráil i bhfoirm neamh-inléite, atáirgthí inléite díobh a thabhairt ar aird don oifigeach) a thabhairt ar aird dó nó di a bheidh faoi urláimh an duine sin nó ar fáil dó nó di agus a éileoidh an t-oifigeach le réasún;

(f) cibé scrúduithe, iniúchtaí, tástálacha agus tomhais a dhéanamh ar ola, gléasra, trealamh, umair stórála, píblínte nó aon trealamh nó fearais eile san áitreabh de réir mar is cuí leis an oifigeach nó a shocrú go ndéanfar iad;

(g) aon ola, trealamh nó fearas den sórt sin a aistriú, nó a shocrú go n-aistreofar iad, ón áitreabh agus iad a choimeád ar feadh cibé tréimhse is dóigh leis an oifigeach le réasún is gá chun iad a scrúdú tuilleadh;

(h) aon áitreabh nó aon chuid d’aon áitreabh ina seoltar gníomhaíocht iomchuí nó ina gcoimeádtar taifid i ndáil leis an ngníomhaíocht sin a dhaingniú lena iniúchadh nó lena hiniúchadh tráth is faide anonn;

(i) grianghraif a thógáil nó aon taifead nó amharcthaifead a dhéanamh d’aon ghníomhaíocht iomchuí a sheoltar san áitreabh sin.

(2) Déanfar aon fhaisnéis a gheobhaidh iniúchóir a cheapfar faoi alt 46(1)(b) a thabhairt go díreach don Aire agus féadfaidh an tAire, má mheasann sé nó sí gur cuí é, chun feidhmeanna na Gníomhaireachta a chomhlíonadh go héifeachtach, an fhaisnéis sin go léir nó aon chuid di a thabhairt ar láimh don Ghníomhaireacht.

(3) I gcás ina gcoiscfear ar oifigeach údaraithe i bhfeidhmiú a chumhachtaí nó a cumhachtaí faoin alt seo dul isteach in aon áitreabh, féadfar iarratas a dhéanamh faoi alt 48 ar bharántas lena n-údarófar dul isteach san áitreabh sin.

(4) Ní rachaidh oifigeach údaraithe, seachas le toiliú an áititheora, isteach i dteaghais phríobháideach ach amháin má tá barántas faighte ag an oifigeach faoi alt 48 lena n-údarófar dul isteach sa teaghais phríobháideach sin.

(5) Féadfaidh oifigeach údaraithe a mbeidh forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint go ndearna duine cion faoin Acht seo a cheangal ar an duine sin a ainm nó a hainm agus an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi a thabhairt don oifigeach.

Barántais chuardaigh.

48 .— (1) Féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúiche barántas cuardaigh a eisiúint más deimhin leis nó léi ar fhaisnéis faoi mhionn ó oifigeach údaraithe go bhfuil forais réasúnacha amhrais ann go bhfuil faisnéis a theastaíonn ó oifigeach údaraithe chun go gcomhlíonfaidh an tAire nó an Ghníomhaireacht a bhfeidhmeanna faoin Acht seo le fáil in aon áitreabh ina bhfuil gníomhaíocht iomchuí á seoladh.

(2) Maidir le barántas cuardaigh arna eisiúint faoin alt seo beidh sé sainráite ann go n-údaraíonn sé, agus oibreoidh sé chun a údarú, d’oifigeach údaraithe ainmnithe, agus cibé oifigigh údaraithe agus comhaltaí den Gharda Síochána a mheasfaidh an t-oifigeach ainmnithe is gá ina theannta nó ina teannta, aon tráth nó tráthanna, laistigh de 28 lá ó dháta eisiúna an bharántais, ar an mbarántas a thabhairt ar aird má iarrtar amhlaidh, dul isteach (le forneart réasúnach más gá) i cibé áitreabh a bheidh sonraithe sa bharántas.

(3) I gcás ina rachaidh oifigeach údaraithe isteach in aon áitreabh de bhun barántais arna eisiúint faoin alt seo, féadfaidh an t-oifigeach, i ndáil leis an áitreabh sin, gach ceann nó aon cheann de na cumhachtaí a thugtar d’oifigeach údaraithe faoi alt 47 a fheidhmiú.

Dualgas oifigeach údaraithe nithe áirithe a thuairisciú.

49 .— (1) Aon oifigeach údaraithe a thagann ar an tuairim seo a leanas tar éis dul isteach in áitreabh faoi alt 47, nó faoi údarás barántais arna eisiúint faoi alt 48, le linn a chumhachtaí nó a cumhachtaí faoi alt 47 a fheidhmiú—

(a) go ndearna aon duine gníomhaíocht iomchuí a sheoladh, nó go bhfuil gníomhaíocht iomchuí á seoladh ag aon duine, san áitreabh ar shlí seachas i gcomhlíonadh forála rialaithí, nó

(b) go bhfuil baol ann do shláinte, do shábháilteacht nó do leas aon fhostaithe atá ag obair san áitreabh,

déanfaidh sé nó sí an ní a thuairisciú don údarás cuí.

(2) San alt seo—

ciallaíonn “ údarás cuí ” —

(a) comhalta den Gharda Síochána,

(b) an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta,

(c) an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil,

(d) an t-údarás áitiúil ar ina limistéar feidhme atá an t-áitreabh suite, nó

(e) na Coimisinéirí Ioncaim;

ciallaíonn “ foráil rialaitheach ” —

(a) aon fhoráil atá in achtachán, nó arna dhéanamh faoi achtachán, a ritheadh ar mhaithe le fostaithe a chosaint, an comhshaol a chaomhnú nó pleanáil agus forbairt a rialáil, nó

(b) aon fhoráil de chuid Chaibidil 1 de Chuid 2 den Acht Airgeadais 1999 nó de chuid rialacháin arna dhéanamh faoi alt 104 den Acht sin.

Cionta.

50 .— Beidh duine ciontach i gcion faoin alt seo más rud é—

(a) go ndéanfaidh an duine bac nó treampán a chur ar oifigeach údaraithe nó é nó í a ionsaí le linn don oifigeach cumhacht a thugtar faoi alt 47 a fheidhmiú,

(b) go mainneoidh nó go ndiúltóidh an duine, gan leithscéal réasúnach, ordachán nó ceanglas oifigigh údaraithe faoi alt 47(1)(c)(e) a chomhlíonadh,

(c) go mainneoidh an duine, gan leithscéal réasúnach, alt 62(4)(b) a chomhlíonadh,

(d) go ndéanfaidh an duine aon leabhair, taifid nó doiciméid (lena n-áirítear doiciméid arna stóráil i bhfoirm neamh-inléite) a ceanglaíodh ar an duine a thabhairt ar aird, nó a bhféadfaidh ionchas réasúnach a bheith aige nó aici iad a thabhairt ar aird, a athrú, a choinneáil siar nó a dhíothú,

(e) go ndéanfaidh an duine faisnéis is eol dó nó di a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha a thabhairt d’oifigeach údaraithe, nó

(f) go ndéanfaidh an duine a thabhairt le fios go bréagach gur oifigeach údaraithe é nó í.

Slánú.

51 .— I gcás inar deimhin leis an nGníomhaireacht go ndearna aon chomhalta d’fhoireann na Gníomhaireachta nó oifigeach údaraithe a bheidh ceaptha aici a dhualgais nó a dualgais i ndáil le forfheidhmiú fhorálacha an Achta seo a chomhall de mheon macánta, déanfaidh an Ghníomhaireacht an comhalta foirne sin nó an t-oifigeach údaraithe sin a shlánú in aghaidh gach caingne nó éilimh a éireoidh le linn na dualgais sin a chomhall.

CUID 7

Leasuithe agus Cúlghairm

Leasú ar alt 7 d’Acht 2001.

52 .— Leasaítear alt 7 d’Acht 2001—

(a) trí fho-alt (1) a scriosadh,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) D’ainneoin aon achtacháin nó rialach dlí nó aon fhorála atá i meabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais na Corparáide, féadfaidh an tAire, le hordú, a ordú don Chorparáid a sócmhainní nó dliteanais go léir nó aon chuid díobh nó iad araon a aistriú chuig an Aire nó údarás poiblí eile ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an Aire tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.”,

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Déanfar méideanna (más ann) a bheidh íoctha ag an Aire i leith aistrithe arna ordú faoi fho-alt (2) a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.”,

agus

(d) trí fho-alt (4) a scriosadh.

Leasú ar alt 8 d’Acht 2001.

53 .— Leasaítear alt 8 d’Acht 2001—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) D’ainneoin aon achtacháin nó rialach dlí, ní bheidh an Chorparáid faoi dhliteanas aon mhéid a bheidh íoctha ag an Aire faoi fhorálacha na ráthaíochta dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a aisíoc leis an Aire.”,

agus

(b) trí fho-alt (6) a scriosadh.

Leasú ar alt 9 d’Acht 2001.

54 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 9 d’Acht 2001:

“Athrú ar mheabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Corparáide.

9.— Déanfaidh an Chorparáid cibé bearta is gá faoi Achtanna na gCuideachtaí chun a meabhrán comhlachais agus a hairteagail chomhlachais a athrú d’fhonn iad a chur ar comhréir leis an Acht seo.”.

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 1997.

55 .— Leasaítear an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 1997 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndeireadh Chuid I—

(a) i gcolún (2), “An tAcht um an nGníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta 2007.”, agus

(b) i gcolún (3), os coinne lua an Achta um an nGníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta 2007 i gcolún (2), alt 24.”.

Cúlghairm.

56 .— Cúlghairtear Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Stoic Íosta Olaí Peitriliam) 1995 (I.R. Uimh. 96 de 1995).

CUID 8

Forálacha Ilghnéitheacha

Rialacháin chun éifeacht a thabhairt d’ionstraimí de chuid na gComhphobal Eorpach.

57 .— Folaíonn an chumhacht chun rialacháin a dhéanamh faoin Acht seo an chumhacht chun foráil a dhéanamh i rialacháin den sórt sin chun éifeacht a thabhairt do na nithe seo a leanas—

(a) foráil de chuid chonarthaí na gComhphobal Eorpach, nó

(b) ionstraim arna glacadh ag institiúid de na Comhphobail Eorpacha.

Rialacháin agus orduithe.

58 .— (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) chun aon chríche a bhforáiltear do rialacháin i ndáil léi san Acht seo,

(b) d’fhorordú aon ní nó rud dá dtagraítear san Acht seo mar ní nó rud atá forordaithe nó le forordú, agus

(c) i gcoitinne chun éifeacht a thabhairt don Acht seo.

(2) Féadfaidh an tAire orduithe a dhéanamh d’aon ní a bhforáiltear d’orduithe i ndáil leis san Acht seo.

Cumhacht an Aire chun rialacháin a dhéanamh a bhaineann le tuairisceáin.

59 .— (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) chun críocha Chodanna 4 agus 5, ag ceangal ar an nGníomhaireacht, ar chuideachtaí ola agus ar thomhaltóirí ola tuairisceáin i scríbhinn a sholáthar don Aire gach mí, agus

(b) chun críocha comhaontaithe dhéthaobhaigh, ag ceangal ar dhaoine a shealbhaíonn stoic ola sa Stát thar ceann stáit eile de réir an chomhaontaithe sin, tuairisceáin i scríbhinn a sholáthar don Aire de réir mar a cheanglóidh agus nuair a cheanglóidh an tAire é.

(2) Féadfar le rialacháin faoin alt seo, maille le nithe eile a dhéanamh, foráil a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) an fhaisnéis a bheith le háireamh i dtuairisceáin;

(b) ceanglais a bhaineann le tuairisceáin a dheimhniú;

(c) na dátaí faoina mbeidh tuairisceáin le soláthar;

(d) an fhoirm ina mbeidh tuairisceáin le soláthar;

(e) chun críche alt 61, nósanna imeachta chun uiríll a dhéanamh chun an Aire.

(3) Beidh duine ciontach i gcion faoin alt seo más rud é—

(a) go mainneoidh an duine tuairisceán a sholáthar ar feadh tréimhse 3 mhí as a chéile ón dáta infheidhme a cheanglaítear faoi fho-alt (2)(c), is tuairisceán i cibé foirm agus a mbeidh cibé faisnéis ar áireamh ann a cheanglaítear faoi fho-alt (2)(a), nó

(b) go soláthróidh an duine faisnéis i dtuairisceán a bheidh bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha agus a fhios ag an duine an fhaisnéis a bheith bréagach nó míthreorach.

Rialacháin agus orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

60 .— (1) Déanfar gach rialachán agus ordú arna dhéanamh faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is indéanta tar éis a dhéanta.

(2) Féadfaidh ceachtar Teach den Oireachtas, le rún a rithfear laistigh de 21 lá suí tar éis an lae ar leagadh rialachán nó ordú (seachas ordú faoi alt 1(2), 45) faoina bhráid de réir fho-alt (1), an rialachán nó an t-ordú a neamhniú.

(3) Tiocfaidh neamhniú rialacháin nó ordaithe faoin alt seo in éifeacht láithreach ar an rún lena mbaineann a rith, ach ní dhéanfaidh sé difear d’aon ní a rinneadh faoin rialachán nó faoin ordú roimh an rún a rith.

Cumhacht an Aire chun iarratas a dhéanamh ar ordú comhlíonta agus ordacháin a eisiúint.

61 .— (1) Más dealraitheach don Aire gur mhainnigh duine aon cheanglas de chuid rialachán a bhaineann le tuairisceáin a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire, tar éis deis a thabhairt don duine uiríll a dhéanamh chuige nó chuici de réir nósanna imeachta a fhorordaítear faoi alt 59(2)(e)

(a) iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordú faoi fho-alt (3), nó

(b) cibé ordacháin is cuí leis an Aire a thabhairt don duine chun comhlíonadh an cheanglais iomchuí a áirithiú.

(2) Sula ndéanfaidh an tAire iarratas faoi fho-alt (1)(a), tabharfaidh sé nó sí fógra i scríbhinn don duine lena mbaineann ina sonrófar cineál na mainneachtana agus lena dtabharfar don duine tréimhse 14 lá tar éis don duine sin scéala a fháil i dtaobh na mainneachtana chun an mhainneachtain a shlánú.

(3) Más deimhin leis an Ard-Chúirt ar iarratas faoi fho-alt (1)(a) gur mhainnigh an duine lena mbaineann an ceanglas sin a chomhlíonadh, féadfaidh sí ordú a dhéanamh a cheanglóidh ar an duine sin an ceanglas a chomhlíonadh.

Is gá ceadú a fháil roimh ré ón Aire i leith conarthaí áirithe, oibleagáidí faoi chonarthaí sealbhaithe etc.

62 .— (1) Déanfaidh cuideachta ola nó tomhaltóir ola tograí conartha a chur faoi bhráid an Aire lena gceadú sula ndéanann an chuideachta nó an tomhaltóir conradh le duine (seachas an Ghníomhaireacht) ar conradh é trína ngeallann an chuideachta ola nó an tomhaltóir ola, de réir mar a bheidh, toirt chomhaontaithe táirgí peitriliam a shealbhú sa Stát de réir comhaontaithe dhéthaobhaigh i leith oibleagáidí an duine eile maidir le sealbhú stoc.

(2) Roimh chinneadh a dhéanamh i dtaobh an dtabharfar, nó an gcoimeádfar siar, ceadú do thograí arna gcur faoi bhráid an Aire faoi fho-alt (1), tabharfaidh an tAire aird ar cibé tosca is cuí leis nó léi, lena n-áirítear na nithe seo a leanas—

(a) leibhéal an chúltaca ola náisiúnta, agus

(b) saoráidí dóthanacha sealbhaithe a bheith ar fáil sa Stát d’fhonn oibleagáidí an Stáit maidir le sealbhú stoc a chomhlíonadh.

(3) Chun críocha fho-alt (2), féadfaidh an tAire comhairle na Gníomhaireachta a iarraidh i ndáil leis na nithe dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) den alt sin.

(4) (a) I gcás ina mbeidh conradh lena mbaineann fo-alt (1) déanta ag cuideachta ola nó ag tomhaltóir ola chun stoic ola a shealbhú sa Stát de réir comhaontú déthaobhach, ansin déanfaidh an chuideachta ola nó an tomhaltóir ola sin na stoic ola lena mbaineann a shealbhú amhlaidh.

(b) Más rud é, maidir le stoic ola, go ndearna duine conradh sealbhaithe leis an nGníomhaireacht agus go mbaineann an conradh sin go hiomlán nó go páirteach le stoic ola a shealbhú sa Stát, ansin, faoi réir mhír (c), déanfaidh an duine sin na stoic ola a bheidh le sealbhú sa Stát faoin gconradh sin a shealbhú amhlaidh.

(c) Déanfar stoic ola a choimeádfar sa Stát chun críocha mhír (b) a choimeád amhlaidh—

(i) i gcás ina ndéantar iad a shealbhú go cuí i dteannta gnó scagtha ola arna sheoladh sa Stát, mar mhéid sonrach ola nach mbeidh sainaitheanta, agus

(ii) in aon chás eile, mar mhéid sonrach ola a bheidh sainaitheanta agus nach bhféadfar tarraingt uirthi nó a athlánú (ach amháin ag an nGníomhaireacht), ach sin gan dochar d’athsholáthar na hola ó am go ham, le toiliú roimh ré ón nGníomhaireacht, chun díghrádú cáilíochta a sheachaint.

(5) San alt seo agus in alt 38, ciallaíonn “tograí conartha”—

(a) ainm agus seoladh na bpáirtithe sa chonradh chun stoic ola a shealbhú,

(b) cineál agus cainníocht na stoc,

(c) an suíomh ina sealbhófar na stoic,

(d) an tréimhse ar lena linn atá na stoic le sealbhú, agus

(e) cibé faisnéis eile a cheanglóidh an tAire faoi oibleagáidí an Stáit maidir le sealbhú stoc.

Dualgas cruthúnais in imeachtaí áirithe.

63 .— Más rud é, in imeachtaí chun tobhach a ghnóthú, go dtarlóidh díospóid i dtaobh gan aon tobhach a bheith iníoctha de bhua alt 37(3) nó i dtaobh na téarmaí agus na coinníollacha a bheith comhlíonta chun díolúine ó thobhach a éileamh de réir alt 38, is ar an gcuideachta ola nó an tomhaltóir ola is cosantóir a bheidh an dualgas cruthúnais.

Cionta a ionchúiseamh.

64 .— (1) Maidir le himeachtaí achoimre i leith ciona—

(a) féadfaidh an tAire nó an Ghníomhaireacht iad a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh i ndáil le cion faoi alt 50, agus

(b) féadfaidh an tAire iad a thionscnamh i ndáil le cion faoi alt 59.

(2) D’ainneoin alt 10(4) den Petty Sessions (Ireland) Act 1851, féadfar imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo a thionscnamh tráth ar bith laistigh de 2 bhliain ón dáta a líomhnaítear go ndearnadh an cion.

Cionta ag comhlachtaí corpraithe.

65 .— I gcás ina ndéanfaidh comhlacht corpraithe cion faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó aon duine a d’airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

Pionóis.

66 .— (1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(2) Má leantar tar éis an chiontaithe den sárú ar ina leith a chiontaítear duine i gcion faoin Acht seo, beidh an duine ciontach i gcion breise ar gach lá ar a leanfar den sárú agus, in aghaidh gach ciona den sórt sin, dlífear, ar an duine a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €250 a chur air nó uirthi.

Fógraí a thabhairt.

67 .— (1) Maidir le fógra a cheanglaítear nó a cheadaítear faoin Acht seo a thabhairt do dhuine, díreofar é chuig an duine faoina ainm nó faoina hainm agus féadfar é a thabhairt don duine ar cheann de na slite seo a leanas:

(a) trína sheachadadh ar an duine;

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó ag a seolann sé nó sí gnó;

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha chuig an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó ag a seolann sé nó sí gnó;

(d) más rud é go mbeidh seoladh soláthraithe ag an duine, trína fhágáil ag an seoladh a sholáthrófar nó trína chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha agus é dírithe chuig an duine ag an seoladh sin;

(e) má mheasann an duine a bheidh ag tabhairt an fhógra gur chóir fógra a thabhairt láithreach agus má bhíonn meaisín facs ag seoladh a luaitear i mír (b)(d), trína chur leis an bhfacs chuig an meaisín sin ach sin amháin sa chás go ndéanfaidh meaisín facs an tseoltóra teachtaireacht a ghiniúint á dhaingniú go ndearnadh líon iomlán leathanach an fhógra a tharchur go rathúil.

(2) Chun críocha an ailt seo, measfar gnáthchónaí a bheith ar chuideachta atá cláraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí ag a hoifig chláraithe, agus measfar gnáthchónaí a bheith ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe ag a phríomhoifig nó ag a áit ghnó.

class="0 0 0 justify 1 0"class="0 0 0 justify 1 0"