17 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 17 de 2007


ACHT IASCAIGH AN FHEABHAIL AGUS CHAIRLINN 2007

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1 . Gearrtheideal.

2 . Tosach Feidhme.

3 . Léiriú.

CUID 2

Dobharshaothrú

4 . Dobharshaothrú.

CUID 3

Leasuithe ar an bPríomh-Acht

5 . Mínithe.

6 . Feidhmeanna an Choimisiúin.

7 . Iascaireacht a rialáil.

8 . Srianta leis an líon ceadúnas.

9 . Uiscí a fháil agus a fhorbairt le haghaidh duántachta.

10 . Ceadanna chun iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Choimisiúin.

11 . Séasúir choiscthe agus tráthanna coiscthe.

12 . Iascaireacht neamhcheadúnaithe, etc.

13 . Méadrú.

14 . Líonta a úsáid trasna aibhneacha.

15 . Pionós mar gheall ar Thruailliú.

16 . Feistí áirithe a úsáid chun iasc a thógáil.

17 . Iascaireacht le cros-línte.

18 . Iasc a maraíodh go neamhdhleathach nó a fuarthas marbh a thógáil.

19 . Eochrais, gealóga nó blátháin bhradán nó bhreac a thógáil, etc.

20 . Oifigigh don Choimisiún.

21 . Faireoirí abhann.

22 . Nithe áirithe a urghabháil agus a dhiúscairt.

23 . Cumhachtaí daoine údaraithe.

24 . Barántais chun dul isteach in áitreabh áirithe.

25 . Ciontóirí a ghabháil.

26 . Cumhachtaí iniúchta, scrúdaithe agus coinneála.

27 . Pionóis mar gheall ar chionta.

28 . Díolúine i leith Gníomhartha a dhéanfar chun iascaigh, etc. a fheabhsú.

29 . Báid, trealamh etc. a fhorghéilleadh.

30 . Athbhreithniú Breithiúnach.

31 . Tréimhsí ama a ríomh.

32 . Cearta iascaireachta príobháideacha a fhorfheidhmiú.

33 . Leasuithe ilghnéitheacha ar Acht 1952.

CUID 4

Leasuithe Ilghnéitheacha.

34 . Leasú ar an Acht Iascaigh (Leasú) 1997.

35 . Leasú ar an Acht Imeall Trágha 1933.

SCEIDEAL 1

Forálacha a bheidh le cur isteach mar Sceideal 3A agus Sceideal 3B a ghabhann le hAcht 1952

SCEIDEAL 2

Leasuithe a Bhaineann le Pionóis


Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna Eadrána 1954 go 1998

An tAcht Féimheachta 1988

1988, Uimh. 27

An tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999

1999, Uimh. 1

An tAcht Iascaigh (Leasú) 1997

1997, Uimh. 23

An tAcht Iascaigh 1980

1980, Uimh. 1

An tAcht Imeall Trágha 1933

1933, Uimh. 33

Acht Iascaigh an Fheabhail (Leasú) 1983

1983, Uimh. 2

Acht Iascaigh an Fheabhail 1952

1952, Uimh. 5

/images/harp.jpg


Uimhir 17 de 2007


ACHT IASCAIGH AN FHEABHAIL AGUS CHAIRLINN 2007

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE hACHT IASCAIGH AN FHEABHAIL 1952 A LEASÚ AGUS I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[10 Aibreán, 2007]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1 .— Féadfar Acht Iascaigh an Fheabhail agus Chairlinn 2007 a ghairm den Acht seo.

Tosach Feidhme.

2 .— Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla agus féadfaidh an tAire, go háirithe, in aon ordú den sórt sin faoin alt seo limistéar geografach a shonrú nó a theorannú ar ina leith a bheidh an tAcht seo nó aon fhoráil den Acht le teacht i ngníomh.

Léiriú.

3 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1952” Acht Iascaigh an Fheabhail 1952;

ciallaíonn “Acht 1983” Acht Iascaigh an Fheabhail (Leasú) 1983;

ciallaíonn “Aire” an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha.

CUID 2

Dobharshaothrú

Dobharshaothrú.

4 .— (1) Leasaítear Acht 1952 tríd an gCuid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid VI—

“CUID VIA

DOBHARSHAOTHRÚ

Ceadúnais dobharshaothraithe

Ceadúnais dobhar-shaothraithe.

53A.— (1) Féadfaidh an Coimisiún, de réir fhorálacha na Coda seo, ceadúnas (‘ceadúnas dobharshaothraithe’) a dheonú d’aon duine á údarú don duine gabháil do dhobharshaothrú laistigh d’aon limistéar a shonrófar sa cheadúnas (‘an limistéar ceadúnaithe’).

(2) Féadfar ceadúnas dobharshaothraithe a dheonú d’ainneoin aon cheart a bheith ag an bpobal iascaireacht a dhéanamh sa limistéar a thiocfaidh chun bheith, ar an gceadúnas a dheonú, ina limistéar ceadúnaithe.

(3) Faoi réir fho-alt (4), féadfaidh aon chuid den urthrá nó aon chuid de ghrinneall na farraige nó de ghrinneall inbhir a bheith ar áireamh sa limistéar ceadúnaithe.

(4) Ní shonrófar i gceadúnas dobharshaothraithe aon limistéar—

(a) atá ina chuid den urthrá nó ina chuid de ghrinneall na farraige nó de ghrinneall inbhir atá ar úinéireacht nó á háitiú go dleathach ag aon duine, mura rud é go ndéanfar an ceadúnas a dheonú d’úinéir nó d’áititheoir dleathach na coda sin den urthrá nó na coda sin de ghrinneall na farraige nó de ghrinneall an inbhir, nó le toiliú i scríbhinn uaidh, nó

(b) atá laistigh de theorainneacha iascaigh eisiach, mura rud é go ndéanfar an ceadúnas a dheonú d’úinéir nó d’áititheoir dleathach an iascaigh sin, nó le toiliú i scríbhinn uaidh.

(5) Ní ghabhfaidh duine do dhobharshaothrú i Limistéar an Fheabhail nó i Limistéar Chairlinn ach amháin faoi réim ceadúnais dobharshaothraithe agus de réir na gcoinníollacha a ghabhann le ceadúnas dobharshaothraithe.

(6) Aon duine a sháróidh fo-alt (5), beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €100,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air.

Iarratais ar cheadúnais dobhar-shaothraithe.

53B.— (1) Déanfar iarratas ar cheadúnas dobharshaothraithe chuig an gCoimisiún agus—

(a) beidh ann cibé faisnéis agus déanfar é i cibé foirm agus i cibé slí a fhorordófar,

(b) fógrófar é, ar chostas an iarratasóra, i cibé foirm agus i cibé slí a fhorordófar, agus

(c) beidh ag gabháil leis—

(i) aon toiliú a cheanglaítear le halt 53A(4); agus

(ii) an táille fhorordaithe.

(2) Gan dochar d’aon fhoráil eile den Chuid seo, féadfaidh forálacha a bheidh cosúil le forálacha Threoir 85/337/CEE1 a bheith i rialacháin faoi fho-alt (1)(a) agus féadfar, go háirithe, leis na rialacháin sin a cheangal ar an gCoimisiún, le linn dó breithniú a dhéanamh i dtaobh ceadúnas dobharshaothraithe a dheonú, aon fhaisnéis a bheidh faighte ag an gCoimisiún, nó aon uiríll a bheidh déanta chuige, agus a bhaineann le tionchar an dobharshaothraithe ar an gcomhshaol, a chur i gcuntas.

(3) Féadfaidh an Coimisiún, trí fhógra a thabhairt don iarratasóir, a cheangal air cibé faisnéis bhreise a shonrófar san fhógra agus a theastóidh ón gCoimisiún chun an t-iarratas a chinneadh, a thabhairt laistigh den tréimhse a shonrófar amhlaidh.

(4) Má mhainníonn duine aon fhaisnéis a thabhairt—

(a) is faisnéis a theastóidh faoi fho-alt (1)(a), nó

(b) is faisnéis a shonrófar i bhfógra faoi fho-alt (3) laistigh den tréimhse a shonrófar san fhógra,

féadfaidh an Coimisiún diúltú dul ar aghaidh leis an iarratas.

Iarratais ar cheadúnais dobhar-shaothraithe a chinneadh.

53C.— (1) Breithneoidh an Coimisiún iarratas ar cheadúnas dobharshaothraithe agus—

(a) deonóidh sé an ceadúnas, nó

(b) diúltóidh sé an ceadúnas a dheonú.

(2) Le linn dó aon iarratas ar cheadúnas dobharshaothraithe a chinneadh, breithneoidh an Coimisiún aon uiríll i scríbhinn a bhaineann leis an iarratas (lena n-áirítear aon uiríll arna ndéanamh chuig an gCoimisiún a bhaineann le tionchar an dobharshaothraithe ar an gcomhshaol) agus a gheobhaidh an Coimisiún laistigh den tréimhse 28 lá dar tosach an dáta deireanach a fógraíodh ant-iarratas de réir alt 53B(1)(b).

(3) A luaithe is féidir tar éis iarratas ar cheadúnas dobharshaothraithe a chinneadh tabharfaidh an Coimisiún fógra faoin gcinneadh—

(a) don iarratasóir, agus

(b) do gach duine a rinne uiríll a breithníodh faoi fho-alt (2).

(4) I gcás ina ndeonóidh an Coimisiún ceadúnas dobharshaothraithe, déanfaidh an Coimisiún fógra ina luafar gur deonaíodh an ceadúnas a fhoilsiú i cibé foirm agus i cibé slí a fhorordófar.

(5) I gcás ina ndeonóidh an Coimisiún ceadúnas dobharshaothraithe, maidir leis an gceadúnas—

(a) beidh éifeacht leis, mura dtionscnaítear aon achomharc faoi alt 53P, ar 28 lá a bheith caite ón dáta deireanach a rinne an Coimisiún fógra inar luadh gur deonaíodh an t-iarratas a fhoilsiú de réir fho-alt (4),

(b) beidh éifeacht leis, má thionscnaítear achomharc faoi alt 53P—

(i) más rud é go ndaingnítear agus a mhéid a dhaingnítear an ceadúnas ar achomharc, ón dáta a chinnfear an t-achomharc,

(ii) más rud é go ndéantar ant-achomharc a tharraingt siar, ar an dáta a dhéantar ant-achomharc a tharraingt siar.

Foirm agus coinníollacha ceadúnas dobhar-shaothraithe.

53D.— (1) Déanfaidh ceadúnas dobhar-shaothraithe suíomh agus teorainneacha an limistéir cheadúnaithe a mhíniú faoi threoir léarscáile nó cairte, fara ábhar tuairisciúil nó gan ábhar tuairisciúil (ar ábhar tuairisciúil é a mbeidh tosaíocht aige i gcás aon neamhréireachta leis an léarscáil nó leis an gcairt, ach amháin sa mhéid a fhorálfar a mhalairt leis an gceadúnas).

(2) I gcás aon toiliú a luaitear in alt 53A(4) a bheith tugtha faoi réir aon choinníollacha nó teorainneacha, beidh an ceadúnas faoi réir na gcoinníollacha nó na dteorainneacha sin agus luafar an ní sin sa cheadúnas.

(3) Féadfaidh cibé coinníollacha eile a chinnfidh an Coimisiún a bheith i gceadúnas dobharshaothraithe.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (3), féadfaidh baint a bheith ag coinníollacha atá i gceadúnas dobharshaothraithe le haon ní díobh seo a leanas:

(a) cleachtais oibríochta;

(b) faireachán a dhéanamh ar shláinte iasc, dobharainmhithe inveirteabracha nó dobharphlandaí agus a sláinte a chosaint agus teagmhais galar agus láithreacht paraisítí a thuairisciú;

(c) faireachán agus iniúchadh a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a sheoltar de bhun an cheadúnais;

(d) an saghas rópaí, tristéal, caighean éisc nó trealaimh nó déanmhais eile is féidir a shuíomh sa limistéar ceadúnaithe;

(e) teorainneacha an limistéir cheadúnaithe nó aon chuid de, nó suíomh aon rópaí, tristéal, caighean éisc nó aon déanmhas laistigh den limistéar ceadúnaithe a mharcáil, le baoithe nó ar shlí eile;

(f) sealbhóir an cheadúnais do choinneáil taifead;

(g) tuairisceáin a dhéanamh agus faisnéis eile a thabhairt don Choimisiún i ndáil le gníomhaíochtaí sa limistéar ceadúnaithe;

(h) caomhnú an chomhshaoil (lenan-áirítear an comhshaol de dhéantús an duine a bhfuil luach oidhreachta leis) agus scaoiltí amach ón limistéar ceadúnaithe a rialú;

(i) faireachán cuí comhshaoil, cáilíochta uisce agus bitheolaíoch a dhéanamh agus, go háirithe, samplaí a sholáthar nó saoráidí a sholáthar le samplaí a thógáil, sa limistéar ceadúnaithe;

(j) i ndáil le feirmeoireacht agus oiliúint éisc—

(i) méid na n-ionchur beatha,

(ii) teorainneacha bliantúla nó séasúracha le hionchuir agus aschuir stoic agus an méid stoic sa limistéar ceadúnaithe nó in aon chuid de,

(iii) éisc mharbha a dhiúscairt,

(iv) bearta chun cosc a chur le héalú éisc agus socruithe chun aon éalú den sórt sin a thuairisciú,

(v) gluaiseacht éisc laistigh den limistéar ceadúnaithe agus isteach agus amach as an gcéanna;

(k) aon táille atá forordaithe i ndáil leis an gceadúnas a íoc.

(5) Féadfar le ceadúnas dobharshaothraithe, a mhéid is fóirsteanach chun éifeacht a thabhairt d’aon choinníollacha a bheidh ag ghabháil leis—

(a) sealbhóir an cheadúnais dobharshaothraithe agus aon duine a bheidh ag gníomhú faoina ordacháin, agus

(b) aon duine a gheobhaidh iasc d’aon chineál a bheidh gafa de réir na gcoinníollacha sin,

a dhíolmhú ó na srianta a fhorchuirtear le halt 35 nó le rialacháin arna ndéanamh faoi alt 13 (gg), a mhéid a bheidh feidhm ag na srianta sin maidir le hiasc den chineál sin.

Ré ceadúnas dobhar-shaothraithe.

53E.— (1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), maidir le ceadúnas dobharshaothraithe—

(a) ar an gcéad ásc, beidh de theorainn leis tréimhse ama a shonróidh an Coimisiún i scríbhinn, ar tréimhse í nach giorra ná 10 mbliana agus nach faide ná 20 bliain, agus

(b) ar an tréimhse sin a bheith caite, ar a bheith deimhin don Choimisiún go bhfuil dul chun cinn réasúnach déanta, agus gur dóigh go leanfar de dhul chun cinn réasúnach a dhéanamh, maidir leis an láithreán ceadúnaithe a fhorbairt, déanfar é a athnuachan go ceann tréimhse breise a shonróidh an Coimisiún i scríbhinn, ar tréimhse í nach faide ná 20 bliain, agus

(c) ar an tréimhse sin a bheith caite, ar a bheith deimhin don Choimisiún mar a dúradh, féadfar é a athnuachan tuilleadh ó am go ham go ceann cibé tréimhse a shonróidh an Coimisiún i scríbhinn ach ní fhéadfar é a athnuachan, ar aon ócáid, go ceann tréimhse is faide ná 20 bliain.

(2) I gcás ina mbeidh ceadúnas dobharshaothraithe deonaithe—

(a) d’áititheoir (nach é an t-úinéir é) iascaigh eisiach nó aon talún atá ar áireamh sa limistéar ceadúnaithe, nó

(b) d’aon duine le toiliú áititheora den sórt sin,

agus nár thoiligh úinéir an iascaigh eisiach nó na talún i scríbhinn le deonú an cheadúnais, ní fhanfaidh an ceadúnas i bhfeidhm ach fad a bheidh áitíocht ag an áititheoir sin.

(3) I gcás ina ndeonófar ceadúnas dobharshaothraithe le toiliú i scríbhinn aon úinéara nó áititheora agus go sonrófar tréimhse sa toiliú, ní leanfaidh an ceadúnas i bhfeidhm ach amháin don tréimhse sin.

Éifeacht ceadúnais dobhar-shaothraithe.

53F.— (1) Tabharfaidh ceadúnas dobhar-shaothraithe an ceart eisiach do shealbhóir an cheadúnais, sa limistéar ceadúnaithe, chun aon iasc, dobharainmhí inveirteabrach nó dobharphlanda a ndéantar feirmeoireacht nó saothrú air de réir an cheadúnais a leagan, a thabhairt isteach, a iomadú, a dhreideáil, a bhaint agus a thógáil.

(2) Maidir le ceadúnas dobharshaothraithe—

(a) ach amháin chun feirmeoireacht nó saothrú a dhéanamh ar éisc, ar ainmhithe nó ar phlandaí de chineál a shonraítear sa cheadúnas, ní dhéanfaidh sé difear d’aon cheart san imeall trá nó i ngrinneall na farraige nó i ngrinneall aon inbhir nó d’aon cheart thar an gcéanna, nó d’aon cheart iascaigh eisiach,

(b) ní dhéanfaidh sé difear, chun aon críche, d’aon cheart den sórt sin de chuid aon duine a theachtann sé faoi Acht áitiúil nó pearsanta nó faoi Chairt, litreacha paitinne, rúradh nó gnáthamh imchian, gan toiliú an duine sin.

(3) D’ainneoin aon ní san Acht seo nó in aon rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo, féadfaidh sealbhóir ceadúnais dobharshaothraithe agus aon duine a bheidh ag gníomhú faoi ordacháin uaidh, faoi réir na gcoinníollacha a bheidh sa cheadúnas, aon ní a údaraítear leis an gceadúnas a dhéanamh nó aon ní a dhéanamh is gá nó is fóirsteanach chun aon ní a údaraítear leis an gceadúnas a dhéanamh.

(4) Dílsíonn úinéireacht aon éisc, dobharainmhí inveirteabraigh nó dobharphlanda a n-údaraítear le ceadúnas dobharshaothraithe feirmeoireacht nó saothrú a dhéanamh air agus a ndéantar feirmeoireacht nó saothrú air de réir an cheadúnais sin, do shealbhóir an cheadúnais agus a sheiceadóirí, a riarthóirí agus a shannaithe.

(5) Faoi réir alt 53K, níl ceadúnas dobharshaothraithe inaistrithe ag an úinéir, ach féadfaidh an Coimisiún é a aistriú chuig duine eile de réir alt 53L.

(6) Ach amháin mar a cheadaítear leis an Acht seo nó faoi, má dhéanann duine, trí fhoghail, iascaireacht nó eile, cur isteach ar aon ní a bheidh déanta nó á dhéanamh de bhun ceadúnais dobharshaothraithe agus gur gan cead ó shealbhóir an ceadúnais a dhéantar an cur isteach sin, ansin, d’ainneoin aon cheart a bheith ag an bpobal iascaireacht a dhéanamh, beidh an duine a bheidh ag cur isteach amhlaidh ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €25,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

An Coimisiún d’athrú ceadúnais dobhar-shaothraithe.

53G.— (1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, ceadúnas dobharshaothraithe a athrú (ach ní ar shlí go leathnófaí an limistéar ceadúnaithe) más mheasann sé gurb é leas an phobail déanamh amhlaidh.

(2) Ní athrófar ceadúnas dobharshaothraithe ar shlí go ndéanfar difear d’aon choinníollacha nó d’aon teorainneacha ar tugadh toiliú faoi alt 53A(4) faoina réir, nó d’aon tréimhse a luadh i dtoiliú den sórt sin, seachas le toiliú i scríbhinn ón duine nó ón údarás a thug an toiliú nó óna chomharba i dteideal.

(3) I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún ceadúnas dobharshaothraithe a athrú faoin alt seo, déanfaidh an Coimisiún—

(a) fógra 28 lá ar a laghad a thabhairt do shealbhóir an cheadúnais i dtaobh é a bheith beartaithe aige déanamh amhlaidh agus i dtaobh na bhforas ar a mbeartaítear an t-athrú a dhéanamh, agus

(b) fógra a fhógairt, i cibé foirm agus i cibé slí a fhorordófar, i dtaobh é a bheith beartaithe aige an ceadúnas a athrú.

(4) Sula n-athróidh an Coimisiún an ceadúnas, déanfaidh sé breithniú ar aon uiríll scríofa a gheobhaidh an Coimisiún laistigh den tréimhse 28 lá—

(a) ón dáta a thug an Coimisiún fógra do shealbhóir an cheadúnais i dtaobh an athruithe bheartaithe, nó

(b) ón dáta deireanach a fógraíodh an fógra de réir fho-alt 3 (b) i dtaobh é a bheith beartaithe an ceadúnas a athrú,

cibé acu is déanaí.

(5) I gcás ina n-athróidh an Coimisiún ceadúnas faoin alt seo, déanfaidh an Coimisiún fógra i dtaobh an athraithe a sheirbheáil ar shealbhóir an cheadúnais agus sonrófar san fhógra—

(a) an t-athrú ar an gceadúnas a chinn an Coimisiún a dhéanamh, agus

(b) cén dáta nó cé na dátaí ar a mbeidh éifeacht leis an athrú.

(6) I gcás ina n-athróidh an Coimisiún ceadúnas faoin alt seo, déanfaidh an Coimisiún, i cibé foirm agus i cibé slí a fhorordófar, fógra a fhoilsiú á rá gur athraíodh an ceadúnas.

(7) Dlífidh an Coimisiún cúiteamh a íoc le sealbhóir ceadúnais dobharshaothraithe i leith aon chaillteanais nó damáiste a tharla dó de thoradh aon ghnímh a bheidh déanta ag an gCoimisiún i ndáil le ceadúnas dobharshaothraithe de bhua fho-alt (1) agus déanfar aon díospóid i dtaobh teidil duine chun an chúitimh sin nó i dtaobh mhéid an chúitimh sin a tharchur chuig an mBord Achomhairc agus is é an Bord Achomhairc a chinnfidh í.

Ceadúnais dobhar-shaothraithe a athrú; iarratais ó shealbhóir ceadúnais.

53H.— (1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh sealbhóir ceadúnais dobharshaothraithe, tráth ar bith tar éis 2 bhliain a bheith caite ón tráth a deonaíodh an ceadúnas, iarratas a dhéanamh chun an Choimisiúin, i cibé slí a fhorordófar, ar an gceadúnas a athrú mar a shonrófar san iarratas.

(2) Ní athrófar ceadúnas dobharshaothraithe ar shlí go ndéanfar difear d’aon choinníollacha nó teorainneacha ar tugadh toiliú faoi alt 53A(4) faoina réir, ná d’aon tréimhse a luadh i dtoiliú den sórt sin, seachas le toiliú i scríbhinn ón duine nó ón údarás a thug an toiliú nó óna chomharba i dteideal.

(3) I gcás ina ndéanfar iarratas faoi fho-alt (1) ar cheadúnas a athrú (seachas trí laghdú a dhéanamh ar an limistéar ceadúnaithe, agus sin amháin) beidh feidhm ag ailt 53A(3) agus (4), 53B agus 53C mar atá feidhm acu maidir le ceadúnas dobharshaothraithe a dheonú, nó maidir le hiarratas ar cheadúnas dobharshaothraithe a dheonú.

Ceadúnais dobhar-shaothraithe a chúlghairm.

53I.— (1) Féadfaidh an Coimisiún ceadúnas dobharshaothraithe a chúlghairm más deimhin leis nár ghabh sealbhóir an cheadúnais don dobharshaothrú sa limistéar ceadúnaithe ar feadh tréimhse leanúnaí 2 bhliain.

(2) Féadfaidh an Coimisiún ceadúnas dobharshaothraithe a chúlghairm más rud é—

(a) gur deimhin leis gur sáraíodh coinníoll a sonraíodh sa cheadúnas, nó

(b) go measann sé gurb é leas an phobail déanamh amhlaidh.

(3) I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún ceadúnas dobharshaothraithe a chúlghairm, tabharfaidh an Coimisiún fógra 28 lá ar a laghad do shealbhóir an cheadúnais—

(a) i dtaobh é a bheith beartaithe aige déanamh amhlaidh, agus

(b) i dtaobh na bhforas ar a mbeartaítear an chúlghairm a dhéanamh,

agus sula ndéanfaidh sé an ceadúnas a chúlghairm breithneoidh an Coimisiún aon uiríll a dhéanfaidh sealbhóir an cheadúnais roimh dhul in éag don fhógra.

(4) I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún ceadúnas dobharshaothraithe a chúlghairm tabharfaidh an Coimisiún fógra i dtaobh na cúlghairme don duine ar cúlghaireadh a cheadúnas, agus cuirfear in iúl don duine sin san fhógra go bhfuil ceart achomhairc aige faoi alt 53P, agus cén tréimhse ama a bhféadfar achomharc a thionscnamh laistigh di.

(5) Ní bheidh éifeacht le cúlghairm ceadúnais dobharshaothraithe de réir an ailt seo—

(a) go dtí go mbeidh an tréimhse ama a cheadaítear chun achomharc a dhéanamh faoi alt 53P caite, nó

(b) má dhéantar achomharc faoi alt 53P—

(i) má dhaingnítear agus a mhéid a dhaingnítear cúlghairm an cheadúnais ar achomharc, go dtí an dáta a chinnfear ant-achomharc, nó

(ii) má tharraingítear siar ant-achomharc, go dtí an dáta a tharraingítear siar é,

cibé acu is déanaí.

(6) Dlífidh an Coimisiún cúiteamh a íoc le duine ba shealbhóir ceadúnais dobharshaothraithe i leith aon chaillteanais nó damáiste a tharla don duine sin de thoradh aon ghnímh a bheidh déanta ag an gCoimisiún de bhua fho-alt (2)(b) agus déanfar aon díospóid i dtaobh teidil duine chun an chúitimh sin nó i dtaobh mhéid an chúitimh sin a tharchur chuig an mBord Achomhairc agus is é an Bord Achomhairc a chinnfidh í.

Ceadúnais dobhar-shaothraithe a thabhairt suas.

53J.— (1) Féadfaidh sealbhóir ceadúnais dobharshaothraithe, de réir fho-ailt (2) go (5), an ceadúnas dobharshaothraithe a thabhairt suas don Choimisiún má ghlacann an Coimisiún leis an tabhairt suas.

(2) Déanfaidh sealbhóir ceadúnais dobharshaothraithe ar mian leis é a thabhairt suas iarratas chun na críche sin chuig an gCoimisiún ar fhoirm arna soláthar ag an gCoimisiún chuige sin ina dtabharfar cibé faisnéis agus a mbeidh cibé doiciméadacht a theastóidh le réasún ón gCoimisiún ag gabháil léi agus a mbeidh an táille is iníoctha de réir alt 53N ag gabháil léi.

(3) Nuair a gheobhaidh an Coimisiún iarratas chun ceadúnas dobharshaothraithe a thabhairt suas—

(a) déanfaidh sé an limistéar ceadúnaithe a iniúchadh, agus

(b) féadfaidh sé a cheangal ar shealbhóir an cheadúnais dobharshaothraithe—

(i) faisnéis bhreise a thabhairt don Choimisiún,

(ii) cibé oibreacha a dhéanamh ar an limistéar ceadúnaithe a shonróidh an Coimisiún i scríbhinn.

(4) I gcás ina nglacfaidh an Coimisiún le tabhairt suas ceadúnais faoin alt seo, déanfaidh an Coimisiún deimhniú (‘deimhniú déantachta’) a eisiúint chuig an iarratasóir agus, ar an deimhniú sin a eisiúint, scoirfidh an ceadúnas dobharshaothraithe d’éifeacht a bheith leis.

(5) Más rud é, laistigh den tréimhse 3 mhí ón dáta a gheobhaidh an Coimisiún iarratas chun ceadúnas a thabhairt suas, nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a chomhaontóidh an Coimisiún agus an t-iarratasóir aon tráth i scríbhinn, nach mbeidh deimhniú déantachta eisithe ag an gCoimisiún nó nach mbeidh fógra tugtha ag an gCoimisiún don iarratasóir gur dhiúltaigh an Coimisiún don iarratas, measfar gur dhiúltaigh an Coimisiún don iarratas.

Ceadúnais dobhar-shaothraithe a dhílsiú ar bhás nó ar fhéimheacht sealbhóra.

53K.— (1) Ar shealbhóir ceadúnais dobharshaothraithe d’fháil bháis, measfar gur maoin is cuid d’eastát pearsanta an éagaigh an ceadúnas, cibé acu a mheasfaí nó nach measfaí amhlaidh faoi ar leith ón bhfo-alt seo, agus dílseoidh sé dá réir sin dá ionadaí pearsanta.

(2) Má bhreithnítear sealbhóir ceadúnais dobharshaothraithe ina fhéimheach, measfar, chun críocha an Achta Féimheachta 1988, gur maoin is cuid d’eastát an fhéimhigh an ceadúnas, cibé acu a mheasfaí nó nach measfaí amhlaidh faoi ar leith ón bhfo-alt seo, agus dílseoidh sé dá réir sin don Sannaí Oifigiúil mar mhaoin den sórt sin.

(3) Tiocfaidh duine a ndílseoidh ceadúnas dobharshaothraithe dó faoin alt seo chun bheith ina shealbhóir ar an gceadúnas dobharshaothraithe, in ionad an tsealbhóra roimhe sin, ó dháta an dílsithe.

(4) I gcás ina ndílseoidh ceadúnas dobharshaothraithe d’aon duine faoin alt seo, tabharfaidh an duine sin fógra ina thaobh sin don Choimisiún tráth nach déanaí ná deireadh na tréimhse 90 lá, nó cibé tréimhse is faide ná sin a chomhaontófar leis an gCoimisiún, dar tosach dáta an dílsithe.

Ceadúnais dobhar-shaothraithe a aistriú, etc.

53L.— (1) Féadfar ceadúnas dobharshaothraithe a aistriú chuig duine eile de réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo.

(2) I gcás inar mian le sealbhóir ceadúnais dobharshaothraithe go n-aistreofaí an ceadúnas chuig duine eile (‘an t-aistrí beartaithe’) déanfaidh an sealbhóir ceadúnais dobharshaothraithe agus an t-aistrí beartaithe, i gcomhpháirt, iarratas chuig an gCoimisiún chun an ceadúnas a aistriú.

(3) Déanfar iarratas faoi fho-alt (2) chun ceadúnas dobharshaothraithe a aistriú ar fhoirm a sholáthróidh an Coimisiún chun na críche, agus beidh ag gabháil leis—

(a) cibé faisnéis a theastóidh le réasún ón gCoimisiún,

(b) i gcás ina ndearnadh an ceadúnas dobharshaothraithe a dheonú faoi réir thoiliú úinéir nó áititheoir dleathach na hurthrá, ghrinneall na farraige, an inbhir nó aon iascaigh, toiliú an úinéara nó an áititheora dleathaigh sin, de réir mar a bheidh, i scríbhinn le haistriú beartaithe an cheadúnais,

(c) an táille is iníoctha de bhun alt 53N, agus

(d) an ceadúnas.

(4) Más rud é nach deimhin leis an gCoimisiún gur chóir an ceadúnas a aistriú chuig an aistrí beartaithe, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn do shealbhóir an cheadúnais dobharshaothraithe agus don aistrí beartaithe á rá gur dhiúltaigh sé an ceadúnas a aistriú.

(5) Más rud é, ar iarratas faoi fho-alt (2), gur deimhin leis an gCoimisiún gur chóir an ceadúnas a aistriú chuig an aistrí beartaithe, déanfaidh an Coimisiún an ceadúnas dobharshaothraithe a aistriú chuig an aistrí beartaithe.

(6) Déanfaidh an Coimisiún ceadúnas dobharshaothraithe a aistriú faoi fho-alt (5) trína chur faoi deara an ceadúnas a fhormhuiniú le hainm agus le sonraí eile an aistrí bheartaithe mar shealbhóir an cheadúnais ó cibé dáta a shonrófar san fhormhuiniú agus a chomhaontófar leis na hiarratasóirí.

(7) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do dhliteanas sealbhóra ceadúnais dobhar-shaothraithe i leith aon mhainneachtain aige, sula raibh éifeacht le haon aistriú faoi fho-alt (5), aon choinníoll de chuid an cheadúnais sin a chomhlíonadh.

Clár de cheadúnais.

53M.— (1) Déanfaidh an Coimisiún, i cibé slí a fhorordófar, clár a chothabháil ina mbeidh sonraí forordaithe i dtaobh ceadúnas dobharshaothraithe nó maidir leo.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar clár faoin alt seo a chothabháil i bhfoirm leictreonach.

(3) Déanfaidh an Coimisiún—

(a) a chinntiú go mbeidh an t-ábhar a bheidh i gclár a chothabhálfar faoin alt seo ar fáil, gach tráth réasúnach, lena iniúchadh (lena n-áirítear, más indéanta, iniúchadh trí mheán leictreonach) ag an bpobal saor in aisce, agus

(b) saoráidí réasúnacha a chur ar fáil do dhaoine den phobal chun cóipeanna d’iontrálacha sa chlár a fháil ón gCoimisiún ar mhuirir réasúnacha a íoc.

(4) Is fianaise dhochloíte clár arna chothabháil faoin alt seo ar théarmaí aon cheadúnais dobharshaothraithe, nó ar aon choinníoll a mbeidh ceadúnas den sórt sin faoina réir, mar atá éifeacht de thuras na huaire leis an gceadúnas sin nó leis an gcoinníoll sin, de réir mar a bheidh.

Táillí i leith iarratas ar cheadúnais dobhar-shaothraithe, etc.

53N.— (1) Féadfaidh an Coimisiún, i cibé slí a fhorordófar, foráil a dhéanamh go n-íocfar táillí leis an gCoimisiún i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(a) iarratais ar cheadúnais dobhar-shaothraithe faoi alt 53B,

(b) ceadúnas dobharshaothraithe a choimeád ar marthain,

(c) iarratais chun ceadúnas dobhar-shaothraithe a athrú faoi alt 53H,

(d) iarratais chun ceadúnas dobhar-shaothraithe a thabhairt suas faoi alt 53J,

(e) iarratais chun ceadúnas dobhar-shaothraithe a aistriú faoi alt 53L.

(2) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin faoi fho-alt (1) go ndéanfar táillí a aisíoc (go hiomlán nó go páirteach) in imthosca forordaithe.

An Bord Achomhairc um Cheadúnú Dobhar-shaothraithe an Fheabhail agus Chairlinn.

53O.— (1) Bunaítear leis seo comhlacht ar a dtabharfar an Bord Achomhairc um Cheadúnú Dobharshaothraithe an Fheabhail agus Chairlinn (‘an Bord Achomhairc’).

(2) Is iad a bheidh ar an mBord Achomhairc 8 gcomhalta a cheapfaidh an Chomhairle.

(3) Beidh duine amháin ar a laghad de chomhaltaí an Bhoird Achomhairc ina aturnae nó ina abhcóide a bheidh cáilithe chun cleachtadh in aon chuid de Limistéar an Fheabhail nó Limistéar Chairlinn.

(4) Le linn na comhaltaí eile den Bhord Achomhairc a cheapadh—

(a) beidh aird ag an gComhairle ar a inmhianaithe atá sé daoine a bhfuil eolas agus taithí acu ar iascaigh, ar dhobharshaothrú, ar chúrsaí airgeadais nó ar chaomhnú comhshaoil a bheith mar chomhaltaí den Bhord Achomhairc, agus

(b) a mhéid is indéanta, déanfaidh an Chomhairle iarracht a chinntiú go bhfuil cóimheá chothromasach ann idir fir agus mná i gcomhdhéanamh an Bhoird Achomhairc.

(5) Déanfaidh an Chomhairle Cathaoirleach a cheapadh as measc chomhaltaí an Bhoird Achomhairc.

(6) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena ndéanfar foráil maidir le táillí a íoc leis an mBord Achomhairc i ndáil le hachomhairc faoi alt 53P.

(7) Féadfaidh an tAire deontais a thabhairt don Bhord Achomhairc as airgead a leithreasófar le hAcht den Oireachtas.

(8) Beidh cibé méideanna sna deontais sin agus déanfar iad ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire.

(9) Beidh éifeacht le Sceideal 3A i ndáil leis an mBord Achomhairc.

Achomhairc in aghaidh breitheanna i leith ceadúnas dobhar-shaothraithe.

53P.— (1) Aon duine arb éagóir leis breith ón gCoimisiún—

(a) ceadúnas dobharshaothraithe a dheonú nó diúltú é a dheonú,

(b) aon choinníoll a shonrú i gceadúnas dobharshaothraithe,

(c) ceadúnas dobharshaothraithe a athrú faoi alt 53G,

(d) ceadúnas dobharshaothraithe a athrú nó diúltú é a athrú faoi alt 53H,

(e) ceadúnas dobharshaothraithe a chúlghairm faoi alt 53I,

(f) diúltú ceadúnas dobharshaothraithe a aistriú faoi alt 53L,

(g) diúltú glacadh le tabhairt suas ceadúnais dobharshaothraithe faoi alt 53J,

féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chuig an mBord Achomhairc.

(2) Déanfar achomharc chuig an mBord Achomhairc trí fhógra achomhairc a chur chuig an mBord Achomhairc ionas go bhfaighidh an Bord Achomhairc é—

(a) i gcás breithe ón gCoimisiún ceadúnas dobharshaothraithe a dheonú nó aon choinníoll a shonrú i gceadúnas dobharshaothraithe, tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis an dáta is déanaí a foilsíodh fógra i dtaobh an ceadúnas a dheonú de réir alt 53C(4),

(b) i gcás breithe ón gCoimisiún ceadúnas dobharshaothraithe a athrú faoi alt 53G nó 53H, tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis an dáta is déanaí a foilsíodh fógra i dtaobh na breithe an ceadúnas a athrú de réir alt 53G(6),

(c) i gcás breithe ón gCoimisiún—

(i) diúltú ceadúnas dobhar-shaothraithe a dheonú,

(ii) diúltú ceadúnas dobhar-shaothraithe a athrú faoi alt 53H,

(iii) ceadúnas dobharshaothraithe a chúlghairm faoi alt 53I, nó

(iv) diúltú ceadúnas dobhar-shaothraithe a aistriú faoi alt 53L,

tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis an dáta a fuair an duine arb éagóir leis an bhreith fógra i dtaobh na breithe díospóidithe;

(d) i gcás breithe (nó breith mheasta) ón gCoimisiún diúltú glacadh le tabhairt suas ceadúnais dobharshaothraithe faoi alt 53J, tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis an dáta a tugadh, de réir fho-alt (5) den alt sin, fógra i dtaobh an diúltaithe don iarratasóir nó, de réir mar a bheidh, a measadh gur dhiúltaigh an Coimisiún don iarratas.

(3) Féadfaidh an Bord Achomhairc—

(a) an bhreith is ábhar don achomharc, nó aon chuid di, a dhaingniú nó a chur ar ceal,

(b) a bhreith maidir leis an ní a chur in ionad bhreith an Choimisiúin.

(4) Más rud é, ar achomharc faoi fho-alt (1), go gcinnfidh an Bord Achomhairc gur chóir breith an Choimisiúin a athrú, tabharfaidh an Coimisiún éifeacht don chinneadh sin agus foilseoidh sé fógra i dtaobh an chinnidh i cibé slí agus i cibé foirm a fhorordófar.

(5) Beidh éifeacht le Sceideal 3B maidir le hachomhairc faoi fho-alt (1).

(6) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ina mbeidh foráil maidir le cibé nithe breise, teagmhasacha, iarmhartacha nó forlíontacha a bhaineann le nós imeachta i leith achomharc chuig an mBord Achomhairc is dealraitheach don Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach.

(7) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (6), féadfar le rialacháin faoin bhfo-alt sin socrú a dhéanamh—

(a) maidir leis an aicme nó na haicmí daoine a bhféadfar éisteacht a thabhairt dóibh ag éisteacht ó bhéal,

(b) maidir leis an tslí ina dtabharfar fógra i dtaobh achomharc a chinneadh, agus

(c) maidir le doiciméid nó sleachta as doiciméid a bhaineann le hachomhairc a bheith ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal, maidir leis an tréimhse a mbeidh siad ar fáil amhlaidh lena linn, agus maidir leis an bpobal do cheannach cóipeanna de na doiciméid sin nó de shleachta as na doiciméid sin.

Tabharfar cúiseanna le breitheanna.

53Q.— Más rud é—

(a) go dtabharfaidh an Coimisiún breith—

(i) ceadúnas dobharshaothraithe a dheonú nó diúltú é a dheonú,

(ii) aon choinníoll a shonrú i gceadúnas dobharshaothraithe,

(iii) ceadúnas dobharshaothraithe a athrú faoi alt 53G,

(iv) ceadúnas dobharshaothraithe a athrú nó diúltú é a athrú faoi alt 53H,

(v) ceadúnas dobharshaothraithe a chúlghairm faoi alt 53I,

(vi) diúltú ceadúnas dobhar-shaothraithe a aistriú faoi alt 53L, nó

(b) go dtabharfaidh an Coimisiún aon bhreith, nó go measfar aon bhreith a bheith tugtha aige, diúltú glacadh le tabhairt suas ceadúnais dobhar-shaothraithe a faoi alt 53J, nó

(c) go dtabharfaidh an Bord Achomhairc breith i ndáil le díospóid arna tarchur chuige faoi alt 53G(7) nó 53I(6) nó go gcinnfidh sé achomharc faoi alt 53P,

beidh de dhualgas ar an gCoimisiún nó, de réir mar a bheidh, ar an mBord Achomhairc, na cúiseanna atá leis an mbreith nó leis an gcinneadh a lua.

Stoc a éalóidh a athghabháil.

53R.— (1) Déanfaidh an Coimisiún cibé beart a mheasfaidh sé is gá chun stoc a éalóidh as limistéar ceadúnaithe a athghabháil.

(2) Féadfaidh an Coimisiún, d’ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, a údarú—

(a) do shealbhóir ceadúnais dobhar-shaothraithe, nó

(b) do dhuine seachas sealbhóir ceadúnais dobharshaothraithe,

cibé beart a shonrófar san údarú a dhéanamh chun stoc a éalóidh ó limistéar ceadúnaithe a athghabháil.

(3) Féadfar údarú dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a dheonú faoi réir cibé coinníollacha, más ann, a mheasfaidh an Coimisiún is gá nó is fóirsteanach.

(4) Féadfar na costais réasúnacha—

(a) a bhainfidh le haon ghníomh a dhéanfaidh an Coimisiún faoi fho-alt (1),

(b) a bhainfidh d’aon duine a dhéanfaidh gníomh de bhun údarú faoi fho-alt (2),

a ghnóthú i gcúirt dlínse inniúla ó shealbhóir an cheadúnais dobharshaothraithe ar éalaigh a stoc mar fhiach a bheidh dlite don duine agus iníoctha leis an duine a thabhaigh na costais.

Cionta arb éard iad ráitis atá bréagach nó míthreorach nó iontrálacha atá bréagach a dhéanamh.

53S.— (1) Aon duine a dhéanfaidh, chun aon deonú ceadúnais dobharshaothraithe, aon athrú ar cheadúnas dobharshaothraithe nó aon aistriú ceadúnais dobharshaothraithe a fháil dó féin nó do dhuine eile, ráiteas arb eol dó é a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, nó a dhéanfaidh go meargánta aon ráiteas atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion.

(2) Aon duine a dhéanfaidh iontráil bhréagach go hintinneach in aon taifead a cheanglaítear a choimeád de bhua ceadúnais dobharshaothraithe, beidh sé ciontach i gcion.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1) nó (2), dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná €5,000 a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €25,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon a chur air.

Fiosrúcháin agus Iniúchtaí.

53T.— (1) Gan dochar d’alt 82, féadfaidh an Coimisiún, maidir le haon limistéar ceadúnaithe, cibé fiosrúcháin agus cibé scrúdú a dhéanamh trí oifigeach den Choimisiún (de réir bhrí alt 54) nó ar shlí eile, agus cibé faisnéis a iarraidh ar shealbhóir ceadúnais dobharshaothraithe lena mbaineann an limistéar ceadúnaithe a mheasfaidh an Coimisiún a bheith riachtanach nó cuí, agus déanfaidh sealbhóir an cheadúnais dobhar-shaothraithe an uile shaoráid i gcomhair fiosrúchán agus scrúdaithe den sórt sin a chur ar fáil, agus faisnéis den sórt sin a thabhairt, dá réir sin.

(2) Gan dochar d’aon fhoráil de Chuid VII, chun críche scrúdaithe faoi fho-alt (1), féadfaidh oifigeach a bheidh údaraithe i scríbhinn chuige sin ag an gCoimisiún, ar a údarás a thabhairt ar aird má iarrtar sin air, aon tráth réasúnach—

(a) dul isteach in aon limistéar ceadúnaithe, agus

(b) scrúdú a dhéanamh ar an limistéar sin agus ar gach iasc, foirgneamh, déanmhas, rafta, tráidire, feiste agus gach rud eile a gheofar ann, agus

(c) samplaí (a mharcálfar, a lipéadófar nó a dhéanfar inaitheanta ar shlí eile) d’aon iasc, d’aon ainmhí nó d’aon phlanda nó d’aon uisce nó d’aon substaint eile a gheofar ann a fháil, a thabhairt chun siúil agus a dhiúscairt,

agus déanfaidh sealbhóir ceadúnais dobharshaothraithe saoráidí a chur ar fáil d’oifigeach den sórt sin le go bhfeidhmeoidh sé aon cheart a thugtar leis an bhfo-alt seo.

(3) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní lena n-údaraítear d’aon duine—

(a) dul isteach in aon gharraí fálta,

(b) dul isteach in aon teach cónaithe nó i gcúirtealáiste tí cónaithe.

Rialacháin.

53U.— (1) Beidh aon rialacháin a dhéanfaidh an Coimisiún faoin gCuid seo faoi réir a gceadaithe ag an gComhairle.

(2) A luaithe is féidir tar éis aon rialacháin a dhéanamh faoin gCuid seo, déanfaidh an Coimisiún nó, de réir mar a bheidh, an tAire, fógra a fhoilsiú in dhá nuachtán ar a laghad a scaiptear i Limistéar an Fheabhail agus i Limistéar Chairlinn—

(a) ina luafar go ndearnadh na rialacháin agus ina dtabharfar tuairisc ghinearálta ar an ábhar atá iontu,

(b) ina sonrófar áit ina bhféadfar, agus na huaireanta an chloig ar eatarthu a fhéadfar, cóip de na rialacháin a iniúchadh.

(3) Féadfaidh cibé foráil fhorlíontach, theagmhasach agus idirthréimhseach a mheasfaidh an Coimisiún nó, de réir mar a bheidh, an tAire, is gá nó is cuí, a bheith i rialacháin a dhéanfaidh an Coimisiún nó an tAire faoin gCuid seo.

(4) Cuirfidh an tAire faoi deara gach rialachán a dhéanfaidh an Coimisiún nó an tAire faoin gCuid seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Forálacha i leith ceadúnas áirithe atá ar marthain.

53V.— (1) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le ceadúnas dobharshaothraithe—

(a) a dheonófar faoin Acht Iascaigh (Leasú) 1997,

(b) (i) a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá a thiocfaidh an Chuid seo i ngníomh maidir le Limistéar Lú, nó

(ii) is ábhar d’iarratas dá dtagraíonn alt 53W(2),

agus

(c) a n-údaraítear leis aon ghníomh a dhéanamh i Limistéar Lú,

ach ní dhéanann aon ní san alt seo difear d’oibriú ceadúnais den sórt sin i ndáil le haon limistéar eile seachas Limistéar Lú.

(2) Faoi réir alt 53W(2), maidir le ceadúnas lena mbaineann an t-alt seo, a mhéid a údaróidh sé aon ghníomh a dhéanamh i Limistéar Lú, beidh éifeacht leis ar an lá agus tar éis an lae a thiocfaidh alt 53A i ngníomh maidir le Limistéar Lú nó ar an lá óna n-údaraíonn an ceadúnas aon ghníomh a dhéanamh, cibé acu is déanaí maidir leis an gceadúnas lena mbaineann, amhail is gurb é an Coimisiún a dheonaigh é faoi alt 53A.

Forálacha i leith iarratas áirithe.

53W.— (1) I gcás ina bhfaighidh an tAire iarratas faoi alt 10 den Acht Iascaigh (Leasú) 1977 ar cheadúnas dobharshaothraithe a bhaineann le Limistéar Lú roimh thosach feidhme alt 53A i leith an limistéir a bheidh le ceadúnú agus nach mbeidh cinneadh déanta ag an Aire roimh an tosach feidhme sin, measfar, ar an tosach feidhme sin, gurb iarratas ar cheadúnas dobharshaothraithe faoin Acht seo an t-iarratas.

(2) I gcás ina gcinnfidh an tAire iarratas a bhaineann le Limistéar Lú a chinneadh faoi alt 10 den Acht Iascaigh (Leasú) 1997 sula dtiocfaidh alt 53A i ngníomh maidir leis an limistéar lena mbaineann an t-iarratas, agus maidir leis an tréimhse ama chun achomharc a dhéanamh faoi Chuid III den Acht Iascaigh 1997 i ndáil le cinneadh den sórt ag an Aire nach mbeidh sí éagtha an dáta a thiocfaidh alt 53A i ngníomh ar an tslí sin, ansin déanfar aon achomharc in aghaidh chinneadh an Aire a thionscnamh faoi Chuid III den Acht Iascaigh (Leasú) 1997.

(3) Faoi réir fho-alt (4), beidh feidhm ag forálacha an Achta seo agus aon rialacháin a dhéanfar faoin Acht seo a bhaineann le ceadúnais dobharshaothraithe agus beidh éifeacht leo i ndáil le hiarratais lena mbaineann fo-alt (1) amhail is dá ndéanfaí an t-iarratas ar thosach feidhme an ailt seo.

(4) Más rud é, roimh thosach feidhme an ailt seo, go mbeidh fógra poiblí tugtha i ndáil le hiarratas lena mbaineann fo-alt (1) agus go mbeidh deis tugtha do dhaoine nó comhlachtaí leasmhara aighneachtaí a dhéanamh nó tuairimí a thabhairt i ndáil leis an iarratas, maidir le ceanglais na rialachán i ndáil le fógra a thabhairt faoi iarratas ar cheadúnas dobharshaothraithe nó aighneachtaí a dhéanamh nó tuairimí a thabhairt i ndáil le hiarratas den sórt sin, ní bheidh feidhm acu maidir leis an iarratas sin.

(5) I gcás inar deimhin leis an gCoimisiún gur cuireadh dóthain faisnéise ar fáil le go gcinnfeadh an Coimisiún iarratas lena mbaineann fo-alt (1) de réir fhorálacha an Achta seo, ní bheidh feidhm, maidir leis an iarratas sin, ag ceanglais na rialachán i ndáil leis an bhfaisnéis a cheanglaítear i leith iarratais ar cheadúnas dobharshaothraithe.

Léiriú.

53X.— (1) Sa Chuid seo—

ciallaíonn ‘Bord Achomhairc’ an Bord Achomhairc um Cheadúnú Dobharshaothraithe an Fheabhail agus Chairlinn a bhunaítear le halt 53O(1);

ciallaíonn ‘dobharshaothrú’ feirmeoireacht nó saothrú aon éisc, dobharainmhí inveirteabraigh nó dobharphlanda, lena n-áirítear aon dobharchineál bia atá oiriúnach chun éisc a chothú;

ciallaíonn ‘ceadúnas dobharshaothraithe’ ceadúnas dobharshaothraithe a ndéantar iarratas ina leith nó a dheonaítear faoin gCuid seo;

ciallaíonn ‘limistéar ceadúnaithe’ an limistéar a shonrófar i gceadúnas dobharshaothraithe;

ciallaíonn ‘fógra’ fógra i scríbhinn;

ciallaíonn ‘fógra achomhairc’ achomharc faoi alt 53P;

ciallaíonn ‘forordaithe’ forordaithe le rialacháin;

ciallaíonn ‘rialacháin’ (ach amháin in ailt 53O(6) agus 53P(6)) rialacháin arna ndéanamh ag an gCoimisiún faoin gCuid seo;

ciallaíonn ‘Acht 1952’ Acht Iascaigh an Fheabhail 1952;

ciallaíonn an briathar ‘athrú’, i ndáil le coinníollacha ceadúnais dobharshaothraithe, cur leo nó iad a athrú nó aon cheann díobh a chealú agus déanfar an t-ainmfhocal ‘athrú’ a fhorléiriú dá réir sin.

(2) Sa chuid seo, ciallaíonn ‘iasc’ (nuair a úsáidtear é gan cháiliú)—

(a) iasc fíoruisce d’aon chineál,

(b) bradán agus iasc eile de chineál a imirceann chun na farraige agus ón bhfarraige,

(c) eascanna agus luathóga,

(d) iasc mara,

(e) iasc sliogach

(f) sceith, bláthán, sceathrach agus óg aon éisc,

(g) aon chuid d’aon iasc.

(3) I bhfo-alt (2)(a), ciallaíonn ‘iasc fíoruisce’ aon iasc a mhaireann i bhfíoruisce, seachas cineál éisc a imirceann chun na farraige agus ón bhfarraige.”.

(2) Déanfar an t-ábhar atá leagtha amach i Sceideal 1 a chur isteach i ndiaidh an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 mar Sceideal 3A agus Sceideal 3B a ghabhann leis an Acht sin.

CUID 3

Leasuithe ar an bPríomh-Acht

Mínithe.

5 .— Leasaítear alt 2 d’Acht 1952—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) déantar “ciallaíonn ‘an Coimisiún’ Coimisiún an Fheabhail, Chairlinn agus Shoilse na hÉireann arb é an Comhlacht é dá dtagraítear in alt 32 den Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999;” a chur in ionad an mhínithe ar “‘an Coimisiún’”,

(ii) sa mhíniú ar “ ‘ordú’ ”, “ach amháin i gCuid VIA,” a chur isteach i ndiaidh ‘ordú’,

(iii) cuirfear an méid seo a leanas in ionad an mhínithe ar “‘abha’” —

“folaíonn ‘abhainn’ craobh d’abhainn agus aon sruthán, loch, inbhear nó sruthchúrsa;”,

(iv) cuirfear an méid seo a leanas in ionad an mhínithe ar “uiscí”—

“folaíonn ‘uiscí’ aon abhainn nó aon chuid den fharraige;”,

(v) cuirfear isteach san áit chuí an míniú seo a leanas—

“ciallaíonn ‘iascach eisiach’ aon iascach atá ar sealúchas agus ar teachtadh go dleathach mar iascach eisiach faoi theideal ar bith, is teideal maith bailí de réir dlí, go heisiach ar an bpobal, ag duine ar bith nó ag daoine ar bith, cibé acu in uiscí inseolta é nó in uiscí nach inseolta, agus cibé acu is don duine sin nó do na daoine sin nó d’aon duine eile atá an ithir faoi na huiscí sin dílsithe;”,

(b) in ionad fho-alt (2), cuirfear—

“(2) San Acht seo, ach amháin i gCuid VIA, ciallaíonn ‘iasc’ (nuair a úsáidtear é gan aon cháiliú)—

(a) iasc fíoruisce d’aon chineál,

(b) bradán agus iasc eile de chineál a imirceann chun na farraige agus ón bhfarraige,

(c) doingean mara agus gearrthóir,

(d) eascanna agus luathóga,

(e) diúilicíní,

(f) oisrí,

(g) sceith, gealóga, sceathrach agus óg aon chineáil éisc a luaitear i míreanna (a) go (f),

(h) aon chuid d’aon chineál éisc a luaitear i míreanna (a) go (f).

(3) I bhfo-alt (2)(a) ciallaíonn ‘iasc fíoruisce’ aon iasc a mhaireann i bhfíoruisce, seachas cineál éisc a imirceann chun na farraige agus ón bhfarraige.

(4) San Acht seo folaíonn aon tagairt d’abhainn tagairt do chainéal nó grinneall abhann atá tirim de thuras na huaire.”.

Feidhmeanna an Choimisiúin.

6 .— (1) Leasaítear alt 11 d’Acht 1952—

(a) i bhfo-alt (2)—

(i) i mír (b) trí “i gcoitinne, agus” a chur in ionad “i gcoitinne.”, agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) cibé feidhmeanna eile a thugtar don Choimisiún leis an Acht seo nó faoi nó le haon fhoráil reachtúil eile nó faoi.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), féadfaidh an Coimisiún, chun críocha a fheidhmeanna faoin bhfo-alt sin—

(a) cúrsaí oideachais nó oiliúna nó saoráidí le haghaidh oiliúna nó teagaisc a sholáthar,

(b) comhoibriú le comhlachtaí eile a bhfuil feidhmeanna acu atá cosúil le feidhmeanna an Choimisiúin,

(c) cibé taighde a sheoladh a mheasfaidh sé is gá,

(d) muirir a ghearradh as saoráidí, taitneamhachtaí agus seirbhísí a sholáthraíonn an Coimisiún.”.

(2) Leasaítear an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 trí na focail “chun na hiascaigh i Líomatáiste an Fheabhail a rialú, a bhainistí, a chothabháil nó d’fheabhsú” a scriosadh i mír (2)(1)(c).

Iascaireacht a rialáil.

7 .— Leasaítear alt 13 d’Acht 1952—

(a) i bhfo-alt (1), i ndiaidh mhír (g), cuirfear isteach an mhír seo a leanas:

“(gg) díol aon speicis éisc a ghabhfar le slat agus ruaim a rialáil nó a thoirmeasc,”,

(b) i bhfo-alt (2) trí “, clibe” a chur isteach i ndiaidh “aon cheadúnais”,

(c) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Féadfar le rialacháin a dhéanfar de bhua fho-alt (2)—

(a) foráil a dhéanamh maidir le táillí lamháltais a mhuirearú i cibé cásanna a fhorordófar,

(b) foráil a dhéanamh maidir le díolúine ó na táillí forordaithe a íoc i cibé cásanna a fhorordófar.

(2B) Féadfar le rialacháin a dhéanfaidh an Coimisiún faoin alt seo—

(a) a cheangal go ndéanfar clibeanna a eiseoidh an Coimisiún a cheangal de chonablaigh iasc,

(b) a cheangal go mbeidh grianghraf den iarratasóir agus sonraí i dtaobh dháta breithe an iarratasóra ag gabháil le hiarratais ar cheadúnais iascaireachta,

(c) foirm ceadúnas iascaireachta a eiseoidh an Coimisiún, agus na coinníollacha a ghabhfaidh leo, a fhorordú,

(d) a fhoráil nach mbeidh ceadúnas iascaireachta chun iascaireacht a dhéanamh le slat agus ruaim nó le ruaim láimhe inaistrithe, agus

(e) aistriú ceadúnas iascaireachta eile a rialáil.”,

(d) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) A luaithe is indéanta tar éis dó aon rialacháin a dhéanamh faoin alt seo, déanfaidh an Coimisiún fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus in dhá nuachtán ar a laghad a scaiptear i Limistéar an Fheabhail agus i Limistéar Chairlinn—

(a) ina luafar go ndearnadh na rialacháin agus ina dtabharfar tuairisc ghinearálta ar an ábhar atá iontu, agus

(b) ina sonrófar áit ina bhféadfar, agus na huaireanta an chloig ar eatarthu a fhéadfar, cóip de na rialacháin a iniúchadh.

(3A) Féadfaidh cibé forálacha forlíontacha, teagmhasacha agus idirthréimhseacha is dóigh leis an gCoimisiún is gá nó is cuí, a bheith i rialacháin a dhéanfaidh an Coimisiún faoin alt seo.”.

Srianta leis an líon ceadúnas.

8 .— Leasaítear Acht 1952 tríd an alt seo a leanas a chur isteach in ionad alt 14:

“Srianta leis an líon ceadúnas.

14.— (1) Ní mó an líon ceadúnas iascaireachta a eiseoidh an Coimisiún in aon bhliain le haghaidh iascaireachta le hinnill iascaireachta d’aon sórt (seachas slat agus ruaim)—

(a) in uiscí taoide Limistéar an Fheabhail, nó

(b) in uiscí taoide Limistéar Chairlinn, nó

(c) in aon chuid fhorordaithe de na huiscí sin,

ná cibé líon a fhorordófar i ndáil leis na huiscí sin nó leis an gcuid sin.

(2) Más mó an líon iarratas arna ndéanamh go cuí ar cheadúnais in aon bhliain ná an líon uasta a fhorordófar de bhua an ailt seo, déanfar na ceadúnais a leithroinnt i cibé slí a fhorordófar.”.

Uiscí a fháil agus a fhorbairt le haghaidh duántachta.

9 .— Leasaítear Acht 1952 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 14 (a chuirtear isteach le halt 8 den Acht seo):

“Uiscí a fháil agus a fhorbairt le haghaidh duántachta.

14A.— (1) Féadfaidh an Coimisiún, d’fhonn saoráidí le haghaidh duántachta a fhorbairt nó a fheabhsú, na nithe seo a leanas a fháil le comhaontú—

(a) cearta iascaireachta in aon uiscí i Limistéar an Fheabhail nó i Limistéar Chairlinn,

(b) aon eastát i dtalamh ar dá bhua atá na cearta sin infheidhmithe,

(c) aon eastát in aon talamh eile ar deimhin leis an gCoimisiún gur fóirsteanach é a fháil chun na cearta sin a chosaint nó chun iad a theachtadh nó a shaothrú go hiomlán.

(2) I gcás ina mbeidh cearta iascaireachta i leith aon uiscí faighte ag an gCoimisiún faoi fho-alt (1)(a), féadfaidh an Coimisiún na nithe sin go léir a dhéanamh is gá nó is fóirsteanach—

(a) chun na huiscí sin, agus aon talamh a bheidh faighte faoi fho-alt (1)(b) nó (c), a fhorbairt go cuí le haghaidh duántachta, nó

(b) chun saoráidí nó taitneamhachtaí a sholáthar do dhaoine a bheidh údaraithe ag an gCoimisiún chun dul isteach ar an talamh sin.”.

Ceadanna chun iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Choimisiúin.

10 .— Leasaítear Acht 1952 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 14A (a chuirtear isteach le halt 9 den Acht seo):

“Ceadanna chun iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Choimisiúin.

14B.— (1) I gcás ina mbeidh na cearta iascaireachta in aon uiscí ar úinéireacht nó á mbainistiú ag an gCoimisiún—

(a) féadfaidh an Coimisiún ceadanna a eisiúint, nó socruithe a dhéanamh maidir lena n-eisiúint trí ghníomhairí, á údarú do shealbhóir ceada den sórt sin slat agus ruaim a úsáid sna huiscí lena mbaineann an cead, agus

(b) féadfaidh sé, faoi réir fho-alt (2), cibé suimeanna a fhorordófar a ghearradh as na ceadanna sin a eisiúint.

(2) Féadfaidh an Coimisiún faoi fho-alt (1)(a) ceadanna dea-mhéine a eisiúint chuig cibé daoine a fhorordófar i cibé imthosca a fhorordófar agus ní cheanglófar le haon ní san Acht seo ar dhaoine den sórt sin aon íocaíocht a dhéanamh maidir le cead den sórt sin.

(3) Déanfar cead a eiseofar faoi fho-alt (1)(a) a dheonú i gcomhair cibé tréimhse, agus faoi réir cibé coinníollacha, a shonrófar sa chead.

(4) I gcás ina n-eiseofar cead faoi fho-alt (1)(a) i ndáil le haon uiscí, aon duine—

(a) a úsáidfidh slat agus ruaim sna huiscí sin gan cead den sórt sin a fháil,

(b) a sháróidh aon choinníoll a bhfuil an cead faoina réir,

(c) a úsáidfidh cead nó, le hintinn mheabhlaireachta, a thíolacfaidh cead le haghaidh aon trátha, aon dáta, aon tréimhse, nó aon áite nó chun aon chríche seachas an tráth, an dáta, an tréimhse, an áit nó an chríoch a bhfuil an cead sin bailí ina leith,

(d) a dhéanfaidh cead arna eisiúint in ainm aon duine eile a úsáid nó a thíolacadh mar chead arb é an sealbhóir air é, nó

(e) a úsáidfidh cead, nó a thíolacfaidh cead, is eol dó a athraíodh ar aon mhodh (ar shlí seachas ag duine a bheidh údaraithe go cuí ag an gCoimisiún) nó a góchumadh go calaoiseach,

beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.”.

Séasúir choiscthe agus tráthanna coiscthe.

11 .— (1) Leasaítear Acht 1952 in alt 28 trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Féadfar tréimhsí éagsúla a ordú faoin alt seo i leith cineálacha éagsúla iasc agus, i gcás ina n-ordófar tréimhse amhlaidh i gcomhair cineáil áirithe éisc, déanfar tagairtí san Acht seo don séasúr coiscthe bliantúil, don séasúr coiscthe bliantúil le haghaidh duántachta nó don tráth coiscthe seachtainiúil, de réir mar is gá sa chás, a fhorléiriú i ndáil leis an gcineál sin éisc mar thagairtí don tréimhse a ordófar amhlaidh.

(6) Féadfar a fhoráil le rialacháin nach mbeidh feidhm ag an alt seo ná ag ailt 29 agus 30 maidir le hiasc de chineál ordaithe.”.

(2) Déantar Acht 1952 a leasú in ailt 29 agus 30 trí na focail “nó aon iasc eile de chineál arna ordú chun críocha an ailt seo” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “bradáin nó bric” aon áit a bhfuil na focail sin.

(3) Déantar Acht 1952 a leasú in alt 34 trí na focail “le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil i gcomhair bradán nó breac nó an trátha choiscthe sheachtainiúil i gcomhair bradán nó breac” a chur in ionad na bhfocal “le linn an tsaosúir choiscthe bhliantúil nó an trátha choiscthe sheachtainiúil”.

(4) Leasaítear Acht 1952 in alt 35 trí fho-alt (4) a scriosadh.

Iascaireacht neamhcheadúnaithe, etc.

12 .— Déanfar an méid seo a leanas a chur isteach ag tús Chuid VI d’Acht 1952—

Iascaireacht neamhcheadúnaithe, etc.

Iascaireacht neamh-cheadúnaithe a thoirmeasc.

35A.— (1) Ní dhéanfaidh duine bradán, nó cibé cineálacha eile éisc a bheidh ordaithe chun críocha an ailt seo, a iascaireacht, nó a thógáil nó a mharú, ach amháin—

(a) faoi údarás ceadúnais iascaireachta, agus

(b) de réir théarmaí agus choinníollacha an cheadúnais sin agus aon rialachán a bhaineann leis.

(2) Ní bheidh ina sheilbh ag duine, in aon áit iascaireachta nó ina chóngar, aon inneall iascaireachta chun bradán, nó cibé cineálacha eile éisc a bheidh ordaithe chun críocha an ailt seo, a thógáil nó a mharú ar inneall é a bheidh curtha suas nó i bhfearas chun iascaireachta, mura mbeidh ceadúnas iascaireachta i bhfeidhm an-údaraítear dó dá bhua an t-inneall iascaireachta sin a úsáid san áit sin.

(3) Aon duine a ghníomhóidh, nó a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh do dhuine eile gníomhú, contrártha d’fho-alt (1) nó (2), beidh sé ciontach i gcion faoin Acht seo.

(4) Más rud é, maidir le haon duine a úsáidfidh, in aon áit, inneall iascaireachta ar gá ceadúnas iascaireachta ina leith faoin Acht seo nó maidir le haon duine ag a mbeidh inneall iascaireachta den sórt sin a bheidh curtha suas nó a bheidh i bhfearas chun iascaireachta ina sheilbh aige in aon áit iascaireachta nó ina chóngar, go mainneoidh sé, ar é a éileamh air, ceadúnas iascaireachta an-údaraítear dó an t-inneall iascaireachta sin a úsáid san áit sin dá bhua a thabhairt ar aird do dhuine údaraithe, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €2,500 a chur air.

(5) Aon duine—

(a) a úsáidfidh, nó a thíolacfaidh le hintinn mheabhlaireachta, ceadúnas iascaireachta le haghaidh aon trátha, aon dáta, aon tréimhse, nó aon áite nó chun aon chríche, seachas an tráth, an dáta, an tréimhse, an áit nó an chríoch a bhfuil an ceadúnas sin bailí ina leith, nó

(b) a dhéanfaidh ceadúnas iascaireachta arna eisiúint in ainm aon duine eile a úsáid nó a thíolacadh mar cheadúnas iascaireachta arb é an sealbhóir air é, nó

(c) a úsáidfidh nó a thíolacfaidh ceadúnas iascaireachta is eol dó a athraíodh ar aon mhodh (ar shlí seachas ag duine a bheidh údaraithe go cuí ag an gCoimisiún) nó a góchumadh go calaoiseach,

beidh an duine sin ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

(6) In ionchúiseamh a bhaineann le cion faoin alt seo mar gheall ar shárú ar fho-alt (1) is leor—

(a) i gcás nach mbeidh sa sárú ach amháin úsáid nó seilbh slaite agus ruaime nó ruaime láimhe, an tuairisc ‘duántacht neamhcheadúnaithe contrártha d’alt 35A d’Acht Iascaigh an Fheabhail 1952’ a thabhairt ar an gcion agus

(b) in aon chás eile, an tuairisc ‘iascaireacht ar mhodh neamhcheadúnaithe contrártha d’alt 35A d’Acht Iascaigh an Fheabhail 1952’ a thabhairt ar an gcion.

(7) San alt seo agus in alt 35B ciallaíonn ‘ceadúnas iascaireachta’—

(a) ceadúnas a d’eisigh an Coimisiún faoi rialacháin arna ndéanamh ag an gCoimisiún faoin Acht seo, nó

(b) ceadúnas atá ar comhréir le ceadúnas a luaitear i mír (a) agus a d’eisigh comhlacht a bheidh ceadaithe ag an gComhairle chun críche na míre seo.

(8) Tá an t-alt seo faoi réir alt 35B.

Eisceachtaí, cosaintí, etc. i ndáil le cionta faoi alt 35A.

35B.— (1) Níl feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) d’alt 35A i ndáil le haon ní a chumhachtaítear go sainráite do dhuine a dhéanamh faoi aon socrú arna dhéanamh leis an Acht seo nó faoi nó le haon fhoráil reachtúil eile nó fúithi.

(2) Níl feidhm ag aon ní in alt 35A maidir le duine—

(a) a dhéanann iascaireacht go dleathach le slat agus ruaim i linn táirgthe i limistéar ceadúnaithe (de réir bhrí alt 53X), nó

(b) a mbeidh slat nó ruaim ina sheilbh aige chun na críche sin i limistéar ceadúnaithe nó ina chóngar.

(3) I bhfo-alt (2) ciallaíonn ‘linn táirgthe’ linn—

(a) a úsáidtear chun iasc a shíolrú agus a shaothrú go saorga, agus

(b) atá ainmnithe chun críocha an fho-ailt seo ag an gCoimisiún i gceadúnas dobharshaothraithe mar linn táirgthe.

(4) I gcás ina gcúiseofar duine faoi alt 35A i gcion arb éard é iasc a thógáil nach bhfuil sé ceadúnaithe a thógáil, is cosaint mhaith aige a chruthú—

(a) go raibh sé ag gabháil go dleathach d’iascaireacht ar chineál eile éisc an tráth a tógadh an t-iasc sin, agus

(b) gur tógadh an t-iasc céadluaite go neamhdheonach agus, gur cuireadh ar ais san uisce é gan aon díobháil inseachanta a dhéanamh dó, díreach ar é a thógáil.

(5) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoi alt 35A arb éard é—

(a) inneall iascaireachta a bheith ina sheilbh aige mar atá luaite i bhfo-alt (2) den alt sin, nó

(b) mainneachtain ceadúnas iascaireachta le haghaidh innill iascaireachta a thabhairt ar aird in aon cheann de na himthosca dá dtagraítear i bhfo-alt (4) den alt sin,

is cosaint mhaith aige a chruthú go raibh ant-inneall iascaireachta ina sheilbh aige i gcáil monaróra nó díoltóra an innill iascaireachta sin agus ní chun é a úsáid.

(6) Ní ionchúiseofar duine i gcion faoi alt 35A arb éard é mainneachtain ceadúnas iascaireachta le haghaidh innill iascaireachta a thabhairt ar aird in aon cheann de na himthosca dá dtagraítear i bhfo-alt (4) den alt sin más rud é ar dhuine údaraithe d’éileamh ceadúnas iascaireachta a thabhairt ar aird faoin bhfo-alt sin, go ndéanfaidh an duine céadluaite—

(a) a ainm agus a sheoladh agus aon fhianaise i dtaobh a chéannachta a bheidh ar fáil an tráth sin a thabhairt don duine údaraithe san am sin agus san áit sin agus míniú réasúnach a thabhairt freisin faoin gcúis ar mhainnigh sé an ceadúnas iascaireachta a thabhairt ar aird an tráth sin, agus

(b) laistigh de 5 lá dá éis sin, agus de réir aon cheanglais réasúnaigh a chuirfidh an duine údaraithe in iúl dó an tráth sin, na nithe seo a thabhairt ar aird don duine údaraithe nó d’aon duine eile a bheidh ainmnithe aige—

(i) ceadúnas iascaireachta á údarú dó an t-inneall iascaireachta a úsáid san áit sin agus an tráth sin, agus

(ii) fianaise i dtaobh a chéannachta.”.

Méadrú.

13 .— (1) In alt 38(1) d’Acht 1952—

(a) cuirfear “4.5 ceintiméadar” in ionad na bhfocal “orlach agus trí cheathrú”, agus

(b) cuirfear “18 gceintiméadar” in ionad na bhfocal “seacht n-orlach”.

(2) In alt 39(1) cuirfear “805 mhéadar” in ionad an fhocail “leathmhíle”.

Líonta a úsáid trasna aibhneacha.

14 .— Leasaítear alt 39 d’Acht 1952 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Más rud é maidir le duine ar bith—

(a) go ndéanann sé líon a theilgean, a tharraingt nó a shíneadh trasna béil abhann nó trasna aon chuid eile d’abhainn, agus

(b) go mainníonn sé cainéal a fhágáil ar oscailt—

(i) a mbeidh ceathrú amháin ar a laghad de leithead bhéal na habhann nó, de réir mar a bheidh, den chuid eile sin den abhainn ann, agus

(ii) a mbeidh doimhneacht agus leithead leordhóthanach ann chun gluaiseacht bradán san abhainn sin a éascú,

beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.”.

Pionós mar gheall ar Thruailliú.

15 .— Leasaítear Acht 1952 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 41:

“Pionós mar gheall ar Thruailliú.

42.— (1) Faoi réir fho-alt (2), má chuireann aon duine faoi deara nó má cheadaíonn sé go feasach aon ábhar díobhálach do dhul amach in aon abhainn, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 a chur air,

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €20,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon a chur air.

(2) Ní oibreoidh aon ní i bhfo-alt (1) chun scardadh aon ábhair datha nó eisiltigh trádála eile ag aon duine a phionósú, a gcruthóidh sé ina leith nach bhfuil sé i riocht atá dochrach d’éisc nó d’ainmhithe beo eile.

(3) I gcás ina mbeidh duine (dá ngairtear ‘an duine a ciontaíodh’ san alt seo) ciontaithe i gcion faoi fho-alt (1), féadfaidh an Coimisiún—

(a) tar éis dul i gcomhairle le húinéir na gceart iascaireachta sna huiscí dá ndearna an truailliú difear, nó

(b) gan dul i gcomhairle amhlaidh, mura féidir leis an gCoimisiún, ar fhiosrúcháin réasúnacha a dhéanamh, ainm agus seoladh an úinéara a fháil amach,

na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(i) cibé athshuíomh is réasúnach sna himthosca a dhéanamh ar na huiscí, agus

(ii) costas an chéanna a ghnóthú ón duine a ciontaíodh.

(4) Féadfar aon cheist i dtaobh na nithe seo a leanas—

(a) réasúntacht aon athshuímh a bheidh le déanamh faoi mhír (i) d’fho-alt (3), nó

(b) na costais a bheidh inghnóthaithe faoi mhír (ii) den fho-alt sin,

a tharchur chun eadrána faoi réim agus de réir fhorálacha na nAchtanna Eadrána 1954 go 1998.

(5) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d’aon cheart atá ag úinéir ceart iascaireachta sna huiscí a bhfearann an truailliú orthu chun imeachtaí sibhialta a thionscnamh i gcoinne an duine a ciontaíodh; ach le linn damáistí a mheasúnú in aon imeachtaí den sórt sin cuirfidh an chúirt i gcuntas luach aon athshuímh a dhéanfaidh an Coimisiún faoi fho-alt (3).

(6) Beidh feidhm ag fo-alt (5) i ndáil le haon cheart den sórt sin a dhílseofar don Choimisiún.”.

Feistí áirithe a úsáid chun iasc a thógáil.

16 .— Leasaítear alt 43 d’Acht 1952—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Más rud é, chun aon iasc a thógáil nó mar chabhair chun aon iasc a thógáil, go n-úsáidfidh duine ar bith nó go mbeidh ina sheilbh nó faoina urláimh aige in aon abhainn, nó ar bhruacha, nó i bhfoisceacht do bhruacha, aon abhann—

(a) aon solas nó tine, nó

(b) aon ghaireas leictreach nó fuaimníoch d’aon chineál,

beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.”,

(b) i bhfo-alt (3), trí “ga nó” a scriosadh i míreanna (a) agus (b),

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Má dhéanann aon duine aon diúracán nó rud eile a chaitheamh, a scaoileadh nó a urscaoileadh isteach in aon uisce chun aon iasc a thógáil nó a mharú nó mar chabhair chun aon iasc a thógáil nó a mharú, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.”,

agus

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) San alt seo—

ciallaíonn ‘ga’ uirlis chrúcach (i dteannta nó d’éagmais friofaic) a úsáidtear chun geolbhach nó corp éisc a threá; agus

ciallaíonn ‘otar’ lata nó seac otair, agus folaíonn sé aon uirlis, cibé acu an úsáidtear é le dorú láimhe nó mar chabhair le slat agus ruaim, nó ar shlí eile chun mealltaí a ligean amach, bídís saorga nó ná bíodh.”.

Iascaireacht le cros-línte.

17 .— Déanfar alt 44 d’Acht 1952 a athuimhriú mar fho-alt (1) den alt sin agus cuirfear an fo-alt seo a leanas isteach i ndiaidh an fho-ailt sin:

“(2) I bhfo-alt (1), ciallaíonn ‘cros-línte’ doruithe—

(a) a théann ó shuíomh amháin chomh fada le suíomh eile trasna uisce agus atá fosaithe nó coinnithe ag gach ceann díobh, agus

(b) a mbeidh duán baoiteáilte amháin nó níos mó nó mealladh amháin nó níos mó, bídís saorga nó ná bíodh, ceangailte díobh.”.

Iasc a maraíodh go neamhdhleathach nó a fuarthas marbh a thógáil.

18 .— Leasaítear alt 46 d’Acht 1952—

(a) i bhfo-alt (2)—

(i) i mír (d) déanfar “duine a bheidh ag gníomhú faoi údarás ó údarás áitiúil, nó” a chur in ionad “oifigeach sláintíochta”.

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d):

“(e) faireoir abhann príobháideach arna cheapadh chun na huiscí atá i gceist a chosaint.”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) I gcás ina ndéanfaidh duine a luaitear i bhfo-alt (2)(a), (c), (d) nó (e) iasc a aistriú ó abhainn mar a luaitear i bhfo-alt (1), nó ina gcuirfidh sé faoi deara iasc a aistriú amhlaidh, cuirfidh sé an t-aistriú sin in iúl don Choimisiún a luaithe is féidir.”.

Eochrais, gealóga nó blátháin bhradán nó bhreac a thógáil, etc.

19 .— Déanfar alt 47 d’Acht 1952 a athuimhriú mar fho-alt (1) den alt sin agus cuirfear an fo-alt seo a leanas isteach i ndiaidh an fho-ailt sin:

“(2) Is cosaint é do dhuine a chúiseofar i gcion faoi fho-alt (1)(a) i ndáil le heochrais aon bhradáin nó bric, a chruthú

(a) gur táirgeadh an eochrais—

(i) in áit a shonrófar i gceadúnas dobharshaothraithe faoin Acht Iascaigh (Leasú) 1997, nó

(ii) i limistéar ceadúnaithe (de réir bhrí alt 53X), nó

(b) gur chreid sé ar fhorais réasúnacha gur táirgeadh amhlaidh í.

(3) Má bhaineann aon duine aon ábhar den ghrinneall den chuid fíoruisce d’aon abhainn i Limistéar Mhagh Bhile nó i Limistéar Lú—

(a) gan toiliú an Choimisiúin faoi fho-alt (4), nó

(b) ar shlí eile seachas de réir coinníollacha toilithe arna dheonú ag an gCoimisiún faoi fho-alt (4),

beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

(4) Féadfaidh an Coimisiún, ar iarratas ó aon duine, a thoiliú a dheonú chun ábhar a bhaint den ghrinneall den chuid fíoruisce d’abhainn ar cibé coinníollacha is cuí leis.

(5) Ní thugann toiliú faoi fho-alt (4) ceart d’aon duine ábhar a bhaint de ghrinneall abhann ar ceart é nach mbeadh aige ar shlí eile (ar leith ón alt seo).

(6) Aon ní a dhéantar faoi réim agus de réir coinníollacha toilithe faoi fho-alt (4), ní cion é faoi fho-alt (1) nó alt 48.”.

Oifigigh don Choimisiún.

20 .— (1) Leasaítear alt 54 d’Acht 1952 tríd an míniú seo a leanas a ionadú:

“ciallaíonn ‘oifigeach don Choimisiún’ cigire nó oifigeach iascaigh arna cheapadh faoi alt 55;”.

(2) Leasaítear alt 55(1)(b) d’Acht 1952 trí “oifigeach iascaigh” a chur in ionad “fhaireoir abhann”.

Faireoirí abhann.

21 .— (1) Leasaítear alt 56 d’Acht 1952 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) go (4):

“(2) Aon duine a cheapfar ina fhaireoir abhann, ní ghníomhóidh sé sa cháil sin go dtí go mbeidh a cheapachán daingnithe ag an gcúirt chuí.

(3) Aon duine a dhéanfaidh iarratas faoi fho-alt (2) chun ceapachán duine mar fhaireoir abhann a dhaingniú, déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná 14 lá roimh dháta an iarratais a éisteacht, fógra i scríbhinn i dtaobh an iarratais a thabhairt don Choimisiún, agus beidh an Coimisiún i dteideal láithriú os comhair na cúirte, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ar an iarratas a éisteacht, agus féadfaidh an Coimisiún déanamh amhlaidh trí dhuine dá oifigigh nó trí aturnae nó abhcóide.

(4) Déanfar ceapachán duine mar fhaireoir abhann a dhaingniú trí Bhreitheamh Dúiche na cúirte cuí d’fhormhuiniú na hionstraime ceapacháin.

(5) Féadfaidh an chúirt chuí, ar ghearán a bheith déanta léi, ceapachán an fhaireora abhann a chúlghairm, agus, air sin, beidh an ceapachán foirceanta.

(6) I gcás ina ndéanfaidh duine a cheap faireoir abhann an ceapachán sin a chúlghairm, déanfaidh sé, laistigh de 14 lá ón tráth a dhéanfar an chúlghairm, fógra i scríbhinn ina thaobh sin a sheirbheáil ar chléireach Cúirte Dúiche na cúirte cuí.

(7) Más rud é—

(a) go mbeidh ceapachán duine mar fhaireoir abhann daingnithe faoi fho-alt (4) nó cúlghairthe faoi fho-alt (5), nó

(b) go mbeidh fógra i dtaobh ceapachán den sórt sin a chúlghairm faighte faoi fho-alt (6),

déanfaidh cléireach Cúirte Dúiche na cúirte cuí an daingniú sin nó an chúlghairm sin nó, de réir mar a bheidh, an fógra sin, a chur in iúl don Choimisiún a luaithe is indéanta.

(8) Aon duine a cheapfaidh duine eile chun gníomhú mar fhaireoir abhann, déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir i ngach bliain, tuairisceán a thabhairt don Choimisiún i cibé foirm, agus ina mbeidh cibé faisnéis, a fhorordófar.

(9) Déanfaidh an Coimisiún clár a choimeád d’ainmneacha agus de sheoltaí na ndaoine atá i dteideal gníomhú mar fhaireoirí abhann agus de thuairiscí ar na limistéir gheografaíochta ina mbeidh gach duine de na daoine sin i dteideal gníomhú.

(10) Más rud é, maidir le haon duine—

(a) go ngníomhóidh sé mar fhaireoir abhann gan a cheapachán a bheith daingnithe faoi fho-alt (4),

(b) go ngníomhóidh sé amhlaidh tar éis a cheapachán a bheith cúlghairthe ag cúirt faoi fho-alt (5) nó ag an duine a cheap é, nó

(c) go ngníomhóidh sé amhlaidh tar éis dó scor de bheith ina fhaireoir abhann de bhua alt 56A,

beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €1,500, a chur air.

(11) San alt seo agus in ailt 56A agus 56B, ciallaíonn ‘an chúirt chuí’, i ndáil le faireoir abhann, cúirt dlínse achoimre a shuíonn don dúiche Cúirte Dúiche (nó d’aon dúiche amháin den sórt sin i gcás níos mó ná ceann amháin a bheith ann) ar laistigh di a cheaptar an faireoir abhann chun gníomhú agus forléireofar ‘cléireach Cúirte Dúiche’ dá réir sin.”.

(2) Leasaítear Acht 1952 trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 56:

“Ré ceapacháin faireoirí abhann.

56A.— (1) Aon duine a ndéanfar a cheapachán mar fhaireoir abhann a dhaingniú tar éis d’alt 21 d’Acht Iascaigh an Fheabhail agus Chairlinn 2007 teacht i ngníomh, scoirfidh sé, mura ndéantar a cheapachán a athnuachan faoi 56B, de bheith ina fhaireoir abhann ar 5 bliana a bheith dulta in éag ó dháta an daingnithe sin.

(2) Aon duine ar daingníodh a cheapachán mar fhaireoir abhann roimh theacht i ngníomh don alt sin scoirfidh sé, mura ndéantar a cheapachán a athnuachan faoi alt 55B, de bheith ina fhaireoir abhann—

(a) ar dhul in éag don tréimhse 5 bliana ó dháta an daingnithe sin, nó

(b) ar dhul in éag don tréimhse 1 bhliain ón tráth a thagann an t-alt sin i ngníomh,

cibé acu is déanaí.

(3) Aon duine a scoirfidh, de bhua an ailt seo, de bheith ina fhaireoir abhann, féadfar é a athcheapadh mar fhaireoir abhann faoi alt 56.

Ceapachán mar fhaireoir abhann a athnuachan.

56B.— (1) I gcás ina mbeartóidh duine (‘ant-iarratasóir’) ceapachán faireora abhann a athnuachan, déanfaidh sé, tráth nach lú ná 6 sheachtain roimh an dáta a scoirfidh an ceapachán d’éifeacht a bheith aige, fógra a sheirbheáil, i cibé foirm agus ina mbeidh cibé sonraí a fhorordófar—

(a) ar an gcléireach Cúirte Dúiche, agus

(b) ar an gCoimisiún.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún agóid in aghaidh ceapachán faireora abhann a athnuachan déanfaidh sé, laistigh de 21 lá tar éis fógra faoi fho-alt (1) a fháil, a agóid agus na forais a bheidh léi a chur in iúl don iarratasóir agus don chléireach Cúirte Dúiche.

(3) I gcás nach mbeidh aon fhógra faighte, laistigh den tréimhse ama a shonraítear i bhfo-alt (2), ag an gcléireach Cúirte Dúiche maidir le hagóid faoin bhfo-alt sin, féadfaidh an Breitheamh Dúiche a bheidh sannta don dúiche lena mbaineann, an ceapachán a dhaingniú agus an ionstraim cheapacháin a fhormhuiniú sa chéill sin.

(4) I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún in iúl don iarratasóir go bhfuil agóid ann i gcoinne an ceapachán a athnuachan, féadfaidh an t-iarratasóir iarratas a dhéanamh chun na cúirte chun athnuachan an cheapacháin a dhaingniú.

(5) Aon duine a dhéanfaidh iarratas faoi fho-alt (4) chun athnuachan ceapacháin duine mar fhaireoir abhann a dhaingniú, déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná 14 lá roimh an dáta a éistfear ant-iarratas, fógra i scríbhinn a thabhairt don Choimisiún maidir leis an iarratas, agus beidh an Coimisiún i dteideal láithriú os comhair na Cúirte, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ar an iarratas a éisteacht, agus féadfaidh sé déanamh amhlaidh trí dhuine dá oifigigh nó trí aturnae nó abhcóide.

(6) Déanfar athnuachan ceapacháin duine mar fhaireoir abhann de bhun iarratais faoi fho-alt (4) a dhaingniú tríd an mBreitheamh Dúiche d’fhormhuiniú na hionstraime ceapacháin.

(7) I gcás ina mbeidh ceapachán duine mar fhaireoir abhann athnuaite faoin alt seo, cuirfidh an cléireach Cúirte Dúiche an athnuachan sin in iúl don Choimisiún a luaithe is féidir.”.

Nithe áirithe a urghabháil agus a dhiúscairt.

22 .— (1) Leasaítear alt 59(1) d’Acht 1952 tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (f):

“(ff) aon trealamh (de chineál ar bith) a urghabháil a úsáideadh nó atá á úsáid chun tógáil neamhdhleathach aon iasc a éascú,”.

(2) Leasaítear alt 65 d’Acht 1952—

(a) tríd an méid seo a leanas a cur in ionad na bhfocal ó thús an ailt go dtí “aon bhád nó inneall iascaireachta a urghabháil sa Stát,”:

“(1) Má dhéanann duine aon bhád nó inneall iascaireachta a urghabháil sa Stát i bhfeidhmiú cumhachtaí a thugtar dó leis an gCuid seo nó aon trealamh a urghabháil i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar le halt 59(1)(ff),”

(b) i bhfo-alt (a) trí “tar éis í a úsáid le déanaí” a chur in ionad “tar éis í a úsáid” agus i bhfo-alt (c) trí “tar éis é a úsáid go mídhleathach le déanaí” a chur in ionad “tar éis é a úsáid go mídhleathach”,

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (c):

“(cc) más rud é, i gcás aon trealaimh a urghabhfar faoi alt 59(1)(ff), go gcinnfidh an chúirt go rabhthas tar éis é a úsáid, nó go rabhthas á úsáid nó ar tí é a úsáid, tráth a urghabhála, chun tógáil neamhdhleathach iasc a éascú, ordóidh an chúirt é a fhorghéilleadh;”,

agus

(d) i bhfo-alt (d) trí “, an t-inneall iascaireachta nó an trealamh” a chur in ionad “nó an t-inneall iascaireachta”.

Cumhachtaí daoine údaraithe.

23 .— Leasaítear alt 59 d’Acht 1952 trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Maidir le hoifigeach don Choimisiún a mbeidh cumhacht faoin Acht seo á feidhmiú aige, féadfaidh na daoine seo a leanas a bheith ina theannta agus ag cabhrú leis—

(a) oifigeach don Aire,

(b) oifigeach do bhord réigiúnach (de réir bhrí an Achta Iascaigh 1980).

(1B) Gan dochar d’fho-alt (1)(a), féadfaidh duine údaraithe seachas faireoir abhann príobháideach, d’fhonn déanamh aon chiona i gcoinne aon fhorála den Acht seo a chosc nó a bhrath, aon tráth, dul isteach ar aon talamh agus dul trasna air de shiúl na gcos nó, i gcás ina bhfuil ród, lána nó cosán oiriúnach ann, i mótarfheithicil.

(1C) I gcás ina ndéanfaidh duine údaraithe, de bhua fho-alt (1B), mótarfheithicil a thabhairt isteach ar aon talamh, ní chuirfidh sé faoi deara nó ní cheadóidh sé go seasfaidh nó go bhfanfaidh an mhótarfheithicil sin i suíomh inar cúis contúirte nó bacainne í nó inar dóigh di a bheith ina cúis contúirte nó bacainne.

(1D) Déanfaidh duine údaraithe, ar imeacht as aon talamh a mbeidh sé tar éis dul isteach air de bhua an ailt seo, an talamh sin a fhágáil chomh daingean in aghaidh foghlaithe is a fuair sé é.”.

Barántais chun dul isteach in áitreabh áirithe.

24 .— Leasaítear Acht 1952 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 60:

“Cumhacht breithimh den Chúirt Dúiche chun barántas a eisiúint chun dul isteach in áitreabh áirithe.

60.— (1) Más rud é gur deimhin le Breitheamh den Chúirt Dúiche, ó ghearán faoi mhionn, go bhfuil an chéad choinníoll comhlíonta agus an dara coinníoll nó an tríú coinníoll comhlíonta, féadfaidh an Breitheamh barántas a eisiúint á údarú do dhuine údaraithe dul isteach in aon áitreabh, trí fhorneart réasúnach a úsáid más gá, chun aon cheann do na críocha a luaitear in alt 64(1).

(2) Beidh na nithe seo a leanas ar áireamh sa ghearán—

(a) ráiteas i dtaobh an ndearna áititheoir an áitribh aon uiríll chuig duine údaraithe maidir leis an gcríoch dá n-iarrtar an barántas,

(b) achoimre ar aon uiríll.

(3) Is é an chéad choinníoll go bhfuil forais réasúnacha ann chun go rachadh duine údaraithe isteach san áitreabh chun na críche sin.

(4) Is é an dara coinníoll go bhfuil feidhm ag gach ní díobh seo a leanas maidir le háititheoir an áitribh:

(a) cuireadh an cinneadh chun cead dul isteach san áitreabh a iarraidh agus na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin iúl dó;

(b) níor thug sé cead isteach san áitreabh ar dhuine údaraithe a iarraidh air déanamh amhlaidh;

(c) cuireadh an cinneadh iarratas a dhéanamh ar bharántas in iúl dó.

(5) Is é an tríú coinníoll—

(a) go bhfuil an t-áitreabh neamháitithe nó go bhfuil an t-áititheoir as láthair agus (i gceachtar cás) gur fágadh fógra i dtaobh é a bheith beartaithe iarratas a dhéanamh ar bharántas in ionad feiceálach san áitreabh, nó

(b) go gcuirfí an cuspóir atá leis an dul isteach ar neamhní dá ndéanfaí iarratas ar chead dul isteach san áitreabh nó dá dtabharfaí fógra i dtaobh é a bheith beartaithe iarratas a dhéanamh ar bharántas.

(6) Ní leanfaidh barántas arna eisiúint faoin alt seo i bhfeidhm níos faide ná 7 lá ón dáta a eiseoidh Breitheamh den Chúirt Dúiche é ar dáta é a bheidh le feiceáil go soiléir ar an mbarántas.

(7) Ní dhéanfar barántas arna eisiúint faoin alt seo a fhorghníomhú ach amháin ag uair an chloig atá réasúnach, mura rud é go n-údaraítear a mhalairt leis an mbarántas.

(8) Maidir le duine a bheidh údaraithe chun dul isteach in áitreabh de bhua barántais a eiseofar faoin alt seo—

(a) féadfaidh sé cibé daoine eile agus cibé trealamh a mheasfaidh sé is gá a thabhairt leis, agus

(b) ar imeacht as aon áitreabh neamháitithe a mbeidh sé tar éis dul isteach ann de bhua barántais den sórt sin, fágfaidh sé an t-áitreabh sin chomh daingean in aghaidh foghlaithe agus a fuair sé é.

(9) San alt seo ní fholaíonn ‘duine údaraithe’ faireoir abhann príobháideach.”.

Ciontóirí a ghabháil.

25 .— Leasaítear alt 62 d’Acht 1952—

(a) i bhfo-alt (1)(b) trí “chun sástacht an duine údaraithe” a chur isteach i ndiaidh “a sheoladh a thabhairt”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Má mhainníonn aon duine a ainm agus a sheoladh a thabhairt chun sástacht duine údaraithe nuair a cheanglaítear air déanamh amhlaidh de réir fho-alt (1)(b), beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.”,

agus

(c) trí fho-alt (3) a scriosadh.

Cumhachtaí iniúchta, scrúdaithe agus coinneála.

26 .— Leasaítear alt 64 d’Acht 1952—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) i mír (g) trí “agus dáta breithe” a chur isteach i ndiaidh “ainm agus seoladh”,

(ii) i mír (g) trí “ón duine sin,” a chur in ionad “ón duine sin.”, agus

(iii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (g):

“(h) ainm, seoladh agus dáta breithe d’éileamh ar aon duine atá ag iascaireacht nó a bhfuil drochamhras réasúnach air go bhfuil sé ar tí iascaireacht a dhéanamh nó tar éis iascaireacht a dhéanamh sa leathuair an chloig roimhe sin.”,

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) Gach duine a dhiúltóidh a ainm agus a sheoladh agus a dháta breithe féin a thabhairt chun sástacht an oifigigh údaraithe nó ainm agus seoladh aon duine eile (chomh fada agus is eol dó iad) nuair a éileofar sin air go dleathach faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 a chur air.

(6) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a údaraíonn d’oifigeach údaraithe dul isteach—

(a) i ngarraí fálta, nó

(b) in aon teach cónaithe nó i gcúirtealáiste tí cónaithe.”.

Pionóis mar gheall ar chionta.

27 .— (1) Faoi réir fho-alt (3) leasaítear gach alt d’Acht 1952 atá luaite i gcolún (1) de Sceideal 2 a mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal sin os coinne an lua sin.

(2) Faoi réir fho-alt (3), déantar alt 3 d’Acht 1983 a aisghairm.

(3) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le cionta a dhéanfar tar éis don alt seo teacht i ngníomh.

(4) Leasaítear Acht 1952 tríd an alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 69:

“Costais agus caiteachais a bhaineann le hionchúisimh.

69A.— I gcás ina gciontófar duine i gcion faoin Acht seo, ar cion é a rinneadh tar éis don alt seo teacht i ngníomh, ordóidh an Chúirt don duine sin, mura deimhin léi go bhfuil cúiseanna speisialta substaintiúla ann gan déanamh amhlaidh, na costais agus na caiteachais arna dtomhas ag an gcúirt, a thabhaigh an Coimisiún i ndáil le himscrúdú, brath agus ionchúiseamh an chiona, lena n-áirítear costais agus caiteachais a tabhaíodh maidir le samplaí a thógáil agus maidir le seoladh tástálacha, scrúduithe agus anailísí, a íoc leis an gCoimisiún.”.

Díolúine i leith gníomhartha a dhéanfar chun iascaigh, etc. a fheabhsú.

28 .— Leasaítear Acht 1952 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 70:

“Cosaint do ghníomhartha a dhéanfar i gcomhair síolrú saorga, chun críocha eolaíochta nó chun iascaigh a fheabhsú.

70.— (1) Ní thoirmiscfidh aon ní san Acht seo aon ní a dhéanfar chun iasc a shíolrú go saorga, chun críche éigin eolaíochta nó chun aon iascach a fheabhsú—

(a) ag an gCoimisiún,

(b) ag duine dá n-eiseofar cead faoin alt seo (nó aon duine eile a bheidh ag gníomhú faoina ordacháin), faoi údarás an cheada sin agus faoi réir na gcoinníollacha a ghabhann leis.

(2) Féadfaidh an Coimisiún, le cead i scríbhinn agus faoi réir aon choinníollacha sonraithe, a údarú d’aon duine ainmnithe aon nithe sonraithe a dhéanamh, aon séasúr den bhliain, chun aon chríoch de na críocha a luaitear i bhfo-alt (1), agus go háirithe, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo—

(a) éisc d’aon chineál a bheidh sonraithe a ghabháil agus éisc den chineál sin nó a n-ubháin a bheith ina sheilbh aige chun síolrú saorga nó athphlandú a dhéanamh nó chun stoc a sholáthar nó a athsholáthar in aon iascach nó chun é a fheabhsú nó chun aon chríche eolaíochta, agus, chun an ghabháil sin a dhéanamh, aon inneall iascaireachta de chineál sonraithe a bheith ina sheilbh aige, a chur suas agus a úsáid, nó substaint d’aon chineál sonraithe a bheith ina sheilbh aige agus a úsáid,

(b) ubháin nó gealóga éisc d’aon chineál a bheidh sonraithe a cheannach nó a dhíol chun stoc a sholáthar nó a athsholáthar, nó chun aon chríche eolaíochta,

(c) éisc arna dtógáil de réir théarmaí an cheada a dhiúscairt i cibé slí agus ar cibé téarmaí a shonrófar.

(3) Ní údarófar le cead faoin alt seo aon ní a dhéanamh i ndáil le hiascach eisiach ar shlí seachas le toiliú úinéir an iascaigh sin.

(4) Maidir le duine ar thug an Coimisiún cead dó, más rud é, le linn aon ní a dhéanamh de bhun an cheada, go n-iarrfaidh duine údaraithe air déanamh amhlaidh, tabharfaidh sé an cead ar aird don duine sin.

(5) San alt seo ciallaíonn ‘sonraithe’ sonraithe i gcead.”.

Báid, trealamh etc. a fhorghéilleadh.

29 .— (1) Leasaítear Acht 1952 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 76:

“Báid, innill iascaireachta etc. a fhorghéilleadh.

76.— I gcás ina gciontófar duine i gcion faoin Acht seo, féadfaidh an Chúirt a chiontóidh é cibé ordú eile a dhéanamh is cuí leis an gCúirt i dtaobh—

(a) aon iasc a bheidh tógtha nó ina sheilbh aige go neamhdhleathach tráth an chiona,

(b) aon bhád, inneall iascaireachta, trealamh nó rud eile ar leis nó ina leith a dhéantar an cion,

a fhorghéilleadh.”.

(2) Aisghairtear alt 77 d’Acht 1952.

Athbhreithniú Breithiúnach.

30 .— Leasaítear Acht 1952 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 73:

“Athbhreithniú Breithiúnach.

73A.— (1) Féadfaidh duine, ar mhodh iarratais ar athbhreithniú breithiúnach faoi Ordú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna (I.R. Uimh. 15 de 1986 ) (dá ngairtear ‘an tOrdú’ san alt seo), agus ar an modh sin amháin—

(a) bailíocht breithe ón gCoimisiún faoi Chuid VIA den Acht seo a cheistiú, nó

(b) bailíocht breithe ar achomharc nó cinnidh achomhairc ón mBord Achomhairc faoi Chuid VIA den Acht seo a cheistiú.

(2) Ní dhiúltóidh an Ard-Chúirt iarratas ar athbhreithniú breithiúnach faoin Ordú a bhreithniú, ar iarratas é a bhaineann le breith nó cinneadh dá dtagraítear i bhfo-alt (1), de bhíthin amháin, maidir leis an mbreith nó leis an gcinneadh is ábhar don iarratas—

(a) go ndearnadh í nó é, nó go bhfuil sí nó sé le déanamh nó go bhféadfar í nó é a dhéanamh lasmuigh den Stát, nó

(b) go mbaineann sí nó sé le háit atá lasmuigh den Stát.

(3) I ndáil le hiarratas dá dtagraítear i bhfo-alt (1), ní choiscfidh aon riail dlí nó nós imeachta ar an gCúirt cead a thabhairt an t-iarratas nó fógra faoin iarratas lena mbaineann a sheirbheáil ar dhuine dá ndéanann sé difear is duine atá lasmuigh den Stát.”.

Tréimhsí ama a ríomh.

31 .— Leasaítear Acht 1952 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 83:

“Tréimhsí ama a ríomh.

84.— (1) San Acht seo, nó in aon rialacháin a dhéanfar faoin Acht seo, má deirtear go dtosóidh tréimhse ama lá áirithe, nó go n-áireofar ó lá áirithe í, ní bheidh an lá sin ar áireamh sa tréimhse.

(2) San Acht seo, nó in aon rialacháin a dhéanfar faoin Acht seo, má deirtear go gcríochnóidh tréimhse ama lá áirithe, nó go n-áireofar go dtí lá áirithe í, beidh an lá sin ar áireamh sa tréimhse.

(3) San Acht seo, nó in aon rialacháin a dhéanfar faoin Acht seo, más rud é gur ar Shatharn, ar Dhomhnach nó ar lá saoire poiblí a rachaidh an t-am in éag a bheidh teorannaithe chun aon ní a dhéanamh, fadófar an t-am a bheidh arna theorannú amhlaidh go dtí an chéad lá ina dhiaidh sin nach Satharn, Domhnach ná lá saoire poiblí agus féadfar an ní a dhéanamh an lá sin.

(4) I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún nó an Bord Achomhairc aon doiciméad nó fógra taobh amuigh d’uaireanta gnó an Choimisiúin nó, de réir mar a bheidh, an Bhoird Achomhairc, measfar go bhfuarthas an doiciméad nó an fógra an chéad lá ina dhiaidh sin nach Satharn, Domhnach ná lá saoire poiblí.

(5) I bhfo-ailt (3) agus (4)—

(a) ciallaíonn ‘uaireanta gnó’ cibé uaireanta a bheidh forordaithe chun críocha an ailt seo,

(b) ciallaíonn ‘lá saoire poiblí’ aon lá a fhorordófar chun críocha an ailt seo.”.

Cearta iascaireachta príobháideacha a fhorfheidhmiú.

32 .— (1) Déanfar mír 2 den Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 a athuimhriú mar fhomhír (1) den mhír sin.

(2) Leasaítear fomhír (1) (arna hathuimhriú le fo-alt (1)) de mhír 2 den Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 tríd an gclásal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh chlásal (d):

“(e) comhaontú a dhéanamh chun cearta iascaireachta aon úinéara nó áititheora talún nó uiscí a fhorfheidhmiú de réir cibé téarmaí agus coinníollacha a shonrófar sa chomhaontú agus ar cibé suimeanna a íoc a shonrófar amhlaidh.”.

Leasuithe ilghnéitheacha ar Acht 1952.

33 .— (1) Leasaítear alt 13 d’Acht 1952—

(a) i bhfo-alt (1)(g) trí “ceadúnais iascaireachta” a chur in ionad “ceadúnais”,

(b) i bhfo-alt (1)(k) trí “, seachas i gCuid VIA,” a chur isteach i ndiaidh “san Acht seo”, agus

(c) i bhfo-alt (2) trí “cheadúnais iascaireachta” a chur in ionad “cheadúnais”.

(2) Leasaítear alt 35(4) d’Acht 1952 i mír (c) trí “ceadúnais iascaireachta” a chur in ionad “cheadúnais” agus “ceadúnais”.

(3) Leasaítear alt 40(3) d’Acht 1952 trí “ar cheadúnas iascaireachta” a chur in ionad “ar cheadúnas”.

(4) Leasaítear alt 75 d’Acht 1952 trí “cheadúnas iascaireachta” a chur in ionad “cheadúnas” agus “ceadúnas iascaireachta” a chur in ionad “ceadúnas” gach áit a bhfuil na focail sin.

CUID 4

Leasuithe Ilghnéitheacha.

Leasú ar an Acht Iascaigh (Leasú) 1997.

34 .— Leasaítear an tAcht Iascaigh (Leasú) 1997 in alt 2—

(a) trí “nó Limistéar Lú” a chur isteach i ndiaidh “Líomatáiste Mhagh Bhile”, agus

(b) trí “de réir bhríonna faoi seach na dtéarmaí sin in” a chur in ionad “de réir bhrí”.

Leasú ar an Acht Imeall Trágha 1933.

35 .— Leasaítear an tAcht Imeall Trágha 1933 in alt 3 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) (a) D’ainneoin fhorálacha fho-alt (1), i gcás ina ndeonóidh an tAire ceadúnas faoin bhfo-alt sin (‘ceadúnas imeall trá’) don Choimisiún, féadfar leis an gceadúnas sin, más rud é go bhforálfaidh na téarmaí agus na coinníollacha amhlaidh, a cheadú do dhuine a shealbhóidh ceadúnas faoi Chuid VIA d’Acht Iascaigh an Fheabhail 1952 (‘ceadúnas dobharshaothraithe’) i leith cuid den limistéar arna chuimsiú ag an gceadúnas imeall trá nó i leith an limistéir sin uile, aon ní a dhéanamh sa limistéar a shonraítear sa cheadúnas dobharshaothraithe lena mbaineann agus a cheadaítear a dhéanamh leis an gceadúnas dobharshaothraithe arna shonrú sa cheadúnas imeall trá mar ní a cheadaítear do dhuine a shealbhaíonn ceadúnas dobharshaothraithe den sórt sin a dhéanamh, faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a bheidh sa cheadúnas imeall trá.

(b) San alt seo ciallaíonn ‘Coimisiún’ an comhlacht dá dtagraítear in alt 32 den Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999.”.

SCEIDEAL 1

Forálacha a bheidh le cur isteach mar Sceideal 3A agus Sceideal 3B a ghabhann le hAcht 1952

Alt 4 (2).

“SCEIDEAL 3A

An Bord Achomhairc um Cheadúnú Dobharshaothraithe an Fheabhail agus Chairlinn

Corprú.

1. (1) Beidh inniúlachtaí dlíthiúla comhlachta chorpraithe ag an mBord Achomhairc.

(2) Beidh an chumhacht ag an mBord Achomhairc talamh nó maoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt.

(3) Ní dhéanfaidh an Bord Achomhairc talamh a fháil, a shealbhú nó a dhiúscairt gan toiliú na Comhairle, na Roinne Airgeadais agus Pearsanra i dTuaisceart Éireann agus an Aire Airgeadais.

(4) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Bhoird Achomhairc.

Comhaltas.

2. (1) Faoi réir fhorálacha na míre seo, is iad an Chomhairle, an Roinn Airgeadais agus Pearsanra i dTuaisceart Éireann agus an tAire Airgeadais a dhéanfaidh luach saothair, liúntais agus caiteachais an Chathaoirligh agus chomhaltaí eile an Bhoird Achomhairc, agus aon téarmaí agus coinníollacha eile ar a sealbhaíonn siad oifig, a chinneadh.

(2) Beidh comhalta den Bhord Achomhairc i seilbh oifige ar feadh cibé tréimhse a chinnfidh an Chomhairle.

(3) Féadfaidh duine éirí as oifig mar chomhalta nó mar Chathaoirleach an Bhoird Achomhairc trí fhógra i scríbhinn chuig an gComhairle.

(4) Féadfaidh an Chomhairle duine a bhriseadh as oifig mar chomhalta nó mar Chathaoirleach an Bhoird Achomhairc, más rud é—

(a) go mainníonn sé, gan leithscéal réasúnach, a fheidhmeanna a chomhall ar feadh tréimhse leanúnaí 3 mhí;

(b) go ndéantar é a chiontú i gcion ar díotáil agus go ngearrtar téarma príosúnachta nach lú ná 3 mhí air,

(c) go mbreithnítear ina fhéimheach é,

(d) go ndéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe, nó

(e) go bhfuil sé, i dtuairim na Comhairle, neamhábalta nó neamhoiriúnach chun a fheidhmeanna a chomhall.

(5) Má éagann comhalta den Bhord Achomhairc, má éiríonn sé as oifig nó má chuirtear as oifig é, féadfaidh an Chomhairle duine a cheapadh chun an folúntas a líonadh, agus déanfar an duine a cheapfar amhlaidh a cheapadh sa tslí chéanna inar ceapadh an comhalta ba chúis leis an bhfolúntas.

(6) Beidh duine a cheapfar faoi fhomhír (5) i seilbh oifige ar feadh cibé tréimhse a chinnfidh an Chomhairle.

(7) Aon duine atá nó a thiocfaidh chun bheith, faoi Bhuan-Orduithe Dháil Éireann nó Sheanad Éireann i dteideal suí i gceachtar den dá Theach sin, nó atá nó a thiocfaidh chun bheith ina chomhalta de Pharlaimint na hEorpa, beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord Achomhairc agus, más comhalta den Bhord Achomhairc é cheana féin, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Bhord Achomhairc.

Foireann agus áitreabh.

3. (1) Féadfaidh an Bord Achomhairc, chun críocha a fheidhmeanna, le ceadú na Comhairle—

(a) foireann a fhostú, agus

(b) seirbhísí cibé daoine eile a mheasfaidh an Bord Achomhairc is gá nó is fóirsteanach a fhruiliú.

(2) Déanfaidh an Bord Achomhairc, le ceadú na Comhairle, na Roinne Airgeadais agus Pearsanra i dTuaisceart Éireann agus an Aire Airgeadais, luach saothair, grádú, líon agus téarmaí agus coinníollacha seirbhíse na foirne a fhostóidh an Bord, a chinneadh.

(3) Féadfaidh an Bord Achomhairc, i gcás cibé daoine dá fhoireann a chinnfidh sé le toiliú na Comhairle, na Roinne Airgeadais agus Pearsanra i dTuaisceart Éireann agus an Aire Airgeadais, cibé pinsin, liúntais nó aiscí a chinnfear amhlaidh a íoc, nó cibé scéimeanna pinsean a chinnfear amhlaidh a sholáthar agus a chothabháil.

Nós Imeachta.

4. Ag cruinniú den Bhord Achomhairc—

(a) 5 chomhalta is córam dó,

(b) is é an Cathaoirleach a rachaidh i gceannas, nuair a bheidh sé i láthair,

(c) mura mbeidh an Cathaoirleach i láthair ceapfaidh na comhaltaí a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith i gceannas, agus

(d) déanfar gach ceist a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus, i gcás comhionannais vótaí, beidh an vóta réitigh ag an gCathaoirleach nó ag an gcomhalta eile a bheidh i gceannas chomh maith lena vóta breithniúcháin.

5. Fíordheimhneofar séala an Bhoird Achomhairc, nuair a chuirfear ar dhoiciméad é, le síniú an Chathaoirligh nó comhalta eile a bheidh údaraithe ag an mBord Achomhairc chun gníomhú chun na críche sin.

Cód Iompair.

6. (1) Déanfaidh an Bord Achomhairc, a luaithe is indéanta, cód iompair a tharraingt suas lena cheadú ag an gComhairle.

(2) Gan dochar d’fhomhír (1), cuimseofar leis an gcód oibleagáidí an Bhoird Achomhairc i leith an phobail, agus cuntasacht agus iompar a chomhaltaí agus a fhoirne (lena n-áirítear comhaltas in eagraíochtaí eile nó fostaíocht ag eagraíochtaí eile, bronntanais nó sochair eile a ghlacadh agus leasanna eile is iomchuí maidir le hobair an Bhoird Achomhairc a nochtadh agus rúndacht).

Cuntais.

7. (1) Déanfaidh an Bord Achomhairc cuntais chuí agus taifid airgeadais chuí a choinneáil i cibé foirm a chinnfidh an Chomhairle, agus ullmhóidh sé i leith gach bliana ráiteas cuntas ina mbeidh cibé faisnéis, agus a bheidh i cibé foirm, a ordóidh an Chomhairle.

(2) Déanfaidh an Bord Achomhairc cóipeanna den ráiteas arna ullmhú de bhun fhomhír (1) a chur—

(a) faoi bhráid na Comhairle,

(b) faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste do Thuaisceart Éireann agus déanfaidh siadsan na cuntais a scrúdú agus a dheimhniú i gcomhar lena chéile.

(3) Déanfar an ráiteas arna ullmhú faoi fhomhír (1) a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais.

(4) Déanfar aon tuarascáil ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, agus ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste do Thuaisceart Éireann, a bhaineann leis an mBord Achomhairc a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais.

(5) Ceadóidh an Bord Achomhairc d’oifigigh don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste do Thuaisceart Éireann rochtain a bheith acu ar na taifid go léir is gá chun na feidhmeanna thuas a chomhall.

Tuarascáil bhliantúil.

8. (1) Déanfaidh an Bord Achomhairc tuarascáil i dtaobh a ghníomhaíochtaí i ngach bliain a chur faoi bhráid na Comhairle cibé dáta agus i cibé foirm a ordóidh an Chomhairle.

(2) Déanfar cóip den tuarascáil a chuirfear faoi bhráid na Comhairle faoi fho-alt (1) a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais.

SCEIDEAL 3B

Nós imeachta i ndáil le hachomhairc

Fógra achomhairc.

1. (1) Maidir le fógra achomhairc—

(a) déanfar i scríbhinn é,

(b) luafar ann—

(i) ainm agus seoladh an achomharcóra,

(ii) ainm agus seoladh ionadaí dlíthiúil an achomharcóra, más cuí, agus

(iii) seoladh le haghaidh seirbheála,

(c) beidh na nithe seo ann—

(i) ráiteas gearr maidir leis na fíorais,

(ii) achoimre ar na príomhfhorais ar a bhfuil breith an Choimisiúin á conspóid agus ar na hargóintí atá mar thaca leis na forais sin,

(iii) ráiteas ar an bhfaoiseamh atá á lorg ag an achomharcóir agus aon ordacháin atá á lorg de bhun mhír 14,

(iv) sceideal ina liostófar na doiciméid go léir a bheidh i gceangal leis an bhfógra achomhairc,

agus

(d) cuirfear cibé táille (más ann) a fhorordófar ag gabháil leis.

(2) Más mian leis an achomharcóir a iarraidh go ndéileálfar le haon chuid dá achomharc faoi rún, cuirfidh sé in iúl san fhógra achomhairc, nó laistigh de 14 lá ón tráth a chuirfear é chun an Bhoird Achomhairc, cad iad na sleachta nó na doiciméid iomchuí, mar aon leis na cúiseanna atá leis an iarraidh, agus, má ordaíonn an Bord Achomhairc dó déanamh amhlaidh, soláthróidh sé leagan den fhógra achomhairc nach mbeidh faoi rún.

(3) Beidh i gceangal leis an bhfógra achomhairc cóip de gach doiciméad a mbeartaíonn an t-achomharcóir dul ar a iontaoibh.

2. (1) Más rud é go measfaidh an Bord Achomhairc nach gcomhlíonann an fógra achomhairc mír 1, nó go bhfuil sé neamhiomlán, nó nach bhfuil sé soiléir, féadfaidh an Bord Achomhairc cibé ordacháin a thabhairt is gá chun a chinntiú go gcuirfear an fógra achomhairc in ord agus go ndéileálfar leis de réir ceartais.

(2) Féadfaidh an Bord Achomhairc, más deimhin leis gur gá déanamh amhlaidh chun na himeachtaí a sheoladh go héifeachtach, seirbheáil an fhógra achomhairc ar an gCoimisiún a chur siar go dtí go mbeidh na hordacháin dá dtagraítear i bhfomhír (1) comhlíonta.

3. (1) Féadfaidh an Bord Achomhairc fógra achomhairc a scriosadh amach ag aon chéim sna himeachtaí más rud é—

(a) tar éis forais an achomhairc arna leagan amach san fhógra achomhairc a bhreithniú—

(i) go measfaidh sé nach nochtar aon fhoras achomhairc bailí san fhógra achomhairc, nó

(ii) gurb é a thuairim gur achomharc cráiteach nó suaibhreosach an t-achomharc nó gur achomharc gan substaint ná bunús é,

(b) nach gcomhlíonann an fógra achomhairc mír 1 ar bhealach substaintiúil, agus nár leigheas ant-achomharcóir an locht de bhun ordacháin faoi mhír 2(1), nó

(c) go mainníonn an t-achomharcóir ordachán ón mBord Achomhairc a chomhlíonadh.

(2) I gcás ina scriosfaidh an Bord Achomhairc fógra achomhairc amach, féadfaidh sé aon ordú iarmhartach a dhéanamh a mheasfaidh sé a bheith cuí.

4. (1) Ní fhéadfaidh an t-achomharcóir an fógra achomhairc a leasú ach amháin le cead ón mBord Achomhairc.

(2) I gcás ina dtabharfaidh an Bord Achomhairc cead faoi fhomhír (1), féadfaidh sé déanamh amhlaidh ar cibé téarmaí is cuí leis, agus tabharfaidh sé cibé ordacháin bhreise nó iarmhartacha is gá.

(3) Ní thabharfaidh an Bord Achomhairc cead chun an fógra achomhairc a leasú d’fhonn foras nua a chur leis chun an bhreith a chonspóid mura rud é—

(a) go bhfuil an foras sin bunaithe ar nithe a tháinig chun solais ón tráth a cuireadh an fógra achomhairc chuig an mBord Achomhairc, nó

(b) nach raibh sé indéanta an foras sin a chur san fhógra achomhairc, nó

(c) go bhfuil imthosca eisceachtúla ann, i dtuairim an Bhoird Achomhairc.

Achomharc a tharraingt siar.

5. (1) Ní fhéadfaidh an t-achomharcóir a achomharc a tharraingt siar ach amháin le cead ón mBord Achomhairc.

(2) I gcás ina dtabharfaidh an Bord Achomhairc cead faoi fhomhír (1), féadfaidh sé—

(a) déanamh amhlaidh ar cibé téarmaí is cuí leis,

(b) fógra a thabhairt do cibé páirtithe san achomharc is cuí leis an mBord Achomhairc ar cibé modh is cuí leis, agus

(c) fógra maidir leis an tarraingt siar a fhoilsiú ar cibé modh is cuí leis an mBord Achomhairc.

Freagra ar fhógra achomhairc.

6. Ar fhógra achomhairc a fháil, déanfaidh an Bord Achomhairc—

(a) admháil go bhfuair sé an fógra a chur chuig an achomharcóir, agus

(b) faoi réir mhíreanna 2(2) agus 3, cóip den fhógra achomhairc a chur chuig an gCoimisiún.

7. (1) Cuirfidh an Coimisiún freagra chuig an mBord Achomhairc san fhoirm a cheanglaítear leis an mír seo ionas go bhfaighfear an freagra laistigh de shé sheachtain, nó cibé tréimhse bhreise a cheadóidh an Bord Achomhairc, ón dáta a fuair an Coimisiún cóip den fhógra achomhairc arna chur de réir mhír 6(b).

(2) Beidh sa fhreagra—

(a) cóip den bhreith is ábhar don achomharc,

(b) léiriú gonta ar na hargóintí a rachaidh an Coimisiún ar a n-iontaoibh le linn dó cur i gcoinne an fhógra achomhairc,

(c) an faoiseamh atá á lorg ag an gCoimisiún agus aon ordacháin atá á lorg de bhun mhír 14, agus

(d) cóip de na doiciméid a mbeartaíonn an Coimisiún dul ar a n-iontaoibh agus sceideal ina liostófar na doiciméid sin.

(3) Ar an bhfreagra a fháil, cuirfidh an Bord Achomhairc cóip den fhreagra chuig an achomharcóir.

8. Más mian leis an gCoimisiún a iarraidh go ndéileálfar le haon chuid dá fhreagra faoi rún, cuirfidh sé in iúl sa fhreagra, nó laistigh de 14 ón tráth a chuirfear é chuig an mBord Achomhairc, cad iad na sleachta nó na doiciméid iomchuí, mar aon leis na cúiseanna a bhaineann leis an iarraidh, agus, má ordaíonn an Bord Achomhairc dó déanamh amhlaidh, soláthróidh sé leagan den fhreagra nach mbeidh faoi rún.

9. (1) Más rud é go measann an Bord Achomhairc nach gcomhlíonann an freagra mír 7, nó go bhfuil sé neamhiomlán, nó nach bhfuil sé soiléir, féadfaidh an Bord Achomhairc cibé ordacháin a thabhairt is gá chun a chinntiú go gcuirfear an freagra in ord agus go ndéileálfar leis de réir ceartais.

(2) Féadfaidh an Bord Achomhairc, más deimhin leis gur gá déanamh amhlaidh chun na himeachtaí a sheoladh go héifeachtach, seirbheáil an fhreagra ar an achomharcóir a chur siar go dtí go mbeidh na hordacháin dá dtagraítear i bhfomhír (1) comhlíonta.

10. (1) Féadfaidh an Bord Achomhairc, tar éis na páirtithe a éisteacht, an freagra a scriosadh amach ag aon chéim sna himeachtaí más rud é—

(a) go measfaidh sé nach nochtar aon fhoras cosanta bailí sa fhreagra,

(b) nach gcomhlíonann an freagra mír 7 ar bhealach substaintiúil, agus nár leigheas an Coimisiún an locht de bhun ordacháin faoi mhír 9(1), nó

(c) go mainníonn an Coimisiún ordachán ón mBord Achomhairc a chomhlíonadh.

(2) I gcás ina scriosfaidh an Bord Achomhairc freagra amach, féadfaidh sé aon ordú iarmhartach a dhéanamh a mheasfaidh sé a bheith cuí.

11. (1) Ní fhéadfaidh an Coimisiún an freagra a leasú ach amháin le cead ón mBord Achomhairc.

(2) I gcás ina dtabharfaidh an Bord Achomhairc cead faoi fhomhír (1) féadfaidh sé déanamh amhlaidh ar cibé téarmaí is cuí leis, agus tabharfaidh sé cibé ordacháin bhreise nó iarmhartacha is gá.

(3) Ní thabharfaidh an Bord Achomhairc cead chun an freagra a leasú d’fhonn foras nua a chur leis chun an bhreith a chonspóid mura rud é—

(a) go bhfuil an foras sin bunaithe ar nithe a tháinig chun solais ón tráth a cuireadh an freagra chuig an mBord Achomhairc, nó

(b) nach raibh sé indéanta an foras sin a chur sa fhreagra, nó

(c) go bhfuil imthosca eisceachtúla ann.

Imeachtaí a chomhdhlúthú, a shuíomh agus a sheoladh.

12. (1) I gcás ina mbeidh dhá fhógra achomhairc nó níos mó faighte i leith na breithe céanna nó ina mbeidh na saincheisteanna céanna nó comhchosúla i gceist leo, féadfaidh an Bord Achomhairc, ar iarraidh ó pháirtí nó as a threoir féin, a ordú go ndéanfar na hachomhairc nó aon saincheist nó ní áirithe a thógtar sna fógraí achomhairc a chomhdhlúthú nó a éisteacht le chéile.

(2) Sula dtabharfaidh sé ordachán faoin mír seo, iarrfaidh an Bord Achomhairc ar na páirtithe sna himeachtaí iomchuí a dtuairimí a chur faoina bhráid maidir le comhdhlúthú nan-imeachtaí.

13. Féadfaidh an Bord Achomhairc aon chruinniú nó éisteacht a sheoladh nó aon ordacháin a thabhairt i cibé áit is cuí leis, ag féachaint do sheoladh cóir dlúsúil tíosach na n-imeachtaí.

Ordacháin agus finnéithe.

14. (1) Féadfaidh an Bord Achomhairc, aon tráth, ar iarraidh ó pháirtí nó as a threoir féin, cibé ordacháin dá bhforáiltear i bhfomhír (2) nó cibé ordacháin eile is cuí leis a thabhairt chun seoladh cóir dlúsúil tíosach na n-imeachtaí a áirithiú.

(2) Féadfaidh an Bord Achomhairc ordacháin a thabhairt—

(a) maidir leis an modh ar a mbeidh na himeachtaí le seoladh agus, go háirithe, i dtaobh ar cóir go mbeadh aon chuid de na himeachtaí i bhfoirm éisteachta ó bhéal,

(b) maidir le haon teorainneacha ama a bheidh le coimeád, lena n-áirítear aon teorainneacha ama i leith aon éisteacht ó bhéal a sheoladh,

(c) go ndéanfaidh aon pháirtí freagairt a thaisceadh ar an bhfreagra nó ar phléadálacha eile,

(d) á cheangal ar dhaoine láithriú agus fianaise a thabhairt nó doiciméid a thabhairt ar aird,

(e) maidir leis an bhfianaise a fhéadfar a éileamh nó a ghlacadh in imeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc agus maidir lena mhéid is fianaise ó bhéal nó scríofa a bheidh inti, lena n-airítear, i gcás ina mbeidh ráiteas ó fhinné curtha faoi bhráid an Bhoird, i dtaobh an nglaofar ar an bhfinné chun fianaise ó bhéal a thabhairt,

(f) maidir le haon ráitis ó fhinnéithe nó tuarascálacha ó shaineolaithe a chur faoi bhráid an Bhoird Achomhairc roimh éisteacht,

(g) maidir le finnéithe a cheistiú nó a chroscheistiú,

(h) maidir le teorainneacha ama a shocrú i leith aon ghné de na himeachtaí,

(i) maidir le haon teorainneacha ama a laghdú nó a fhadú, cibé acu a bheidh siad caite nó nach mbeidh,

(j) chun go ndéanfaidh na páirtithe doiciméid nó aicmí doiciméad a nochtadh dá chéile nó a thabhairt ar aird,

(k) i ndáil le haon limistéar a iniúchadh,

(l) chun saineolaithe a cheapadh agus a theagasc, cibé acu ag an mBord Achomhairc nó ag na páirtithe agus maidir leis an modh ina dtabharfar fianaise ó shaineolaithe,

(m) chun costais nó caiteachais a dhámhachtain, lenan-áirítear aon liúntais is iníoctha le daoine i dtaca lena bhfreastal os comhair an Bhoird Achomhairc,

(n) i ndáil le cibé nithe eile is cuí leis.

(3) Féadfaidh an Bord Achomhairc, go háirithe, as a threoir féin—

(a) ceisteanna a chur ar aon pháirtí san achomharc,

(b) a iarraidh ar aon pháirtí san achomharc aighneachtaí i scríbhinn nó ó bhéal a dhéanamh maidir le gnéithe áirithe de na himeachtaí,

(c) faisnéis nó sonraí a iarraidh ar aon pháirtí san achomharc,

(d) a iarraidh ar aon pháirtí san achomharc aon doiciméid nó páipéir a bhaineann leis an achomharc a thabhairt ar aird.

(4) Maidir le hiarraidh ó pháirtí ar ordacháin, déanfar í, a mhéid is indéanta, san fhógra achomhairc nó sa fhreagra.

(5) Maidir le hiarraidh ar ordacháin a dhéanfar ar shlí seachas san fhógra achomhairc nó sa fhreagra, déanfar í i scríbhinn agus—

(a) déanfaidh an Bord Achomhairc í a sheirbheáil ar aon pháirtí san achomharc a bhféadfadh na hordacháin sin difear a dhéanamh dó, agus

(b) déanfaidh an Bord Achomhairc í a chinneadh ag cur tuairimí na bpáirtithe i gcuntas.

15. (1) Faoi réir fhomhíreanna (2) agus (3), féadfaidh an Bord Achomhairc aon tráth, as a threoir féin nó ar iarraidh ó aon pháirtí, toghairm a eisiúint á cheangal ar aon duine ceann amháin díobh seo a leanas nó iad araon a dhéanamh:

(a) freastal mar fhinné os comhair an Bhoird Achomhairc an tráth agus san áit a bheidh leagtha amach sa toghairm; agus

(b) aon cheisteanna a fhreagairt nó aon doiciméid nó aon ábhar eile a bheidh ina sheilbh nó faoina rialú aige agus a bhainfidh le haon ní a bheidh i gceist sna himeachtaí a thabhairt ar aird.

(2) Luafar in iarraidh ó pháirtí chun toghairm a eisiúint faoin mír seo—

(a) cé na fíorais ar a gceisteofar an finné agus na cúiseanna a bheidh leis an gceistiú,

(b) na doiciméad a cheanglófar a thabhairt ar aird.

(3) Ní fhéadfar a cheangal ar aon duine freastal de réir toghairme faoin mír seo mura rud é—

(a) gur tugadh fógra 7 lá ar a laghad i dtaobh na héisteachta dó, agus

(b) go n-íocfar leis cibé suim a chinnfidh an Bord Achomhairc.

(4) Féadfaidh an Bord Achomhairc a chur faoi deara go ndéanfar finné a thoghairm ar iarraidh ó pháirtí ar choinníoll go dtaiscfear suim leis an mBord Achomhairc is suim a chinnfidh an Bord Achomhairc a bheith leordhóthanach faoi chomhair na nithe seo a leanas—

(a) costais na toghairme,

(b) an tsuim dá dtagraítear i bhfomhír (3)(b).

(5) Déanfaidh an Bord Achomhairc na cistí a airleacan is gá i dtaca le haon fhinnéithe a cheistiú a dhéanfaidh an Bord Achomhairc a thoghairm as a threoir féin.

(6) Más rud é, maidir le haon duine—

(a) ar é a thoghairm go cuí chun freastal mar fhinné os comhair an Bhoird Achomhairc, nach bhfreastalóidh sé, nó

(b) a dhiúltóidh, agus é ag freastal, aon doiciméad nó aon ábhar eile a bheidh ina sheilbh nó faoina rialú aige a thabhairt ar aird a cheanglófar air go dleathach a thabhairt ar aird nó a dhiúltóidh aon cheist a fhreagairt a cheanglófar air go dleathach a fhreagairt,

beidh sé ciontach i gcion faoin mír seo agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 mhí, nó iad araon, a chur air.

16. Má mhainníonn aon pháirtí aon ordachán a thabharfar de réir an Sceidil seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Bord Achomhairc, má mheasann sé gur gá é ar mhaithe le ceartas an cháis, a ordú go gcuirfear toirmeasc ar an bpáirtí sin aon pháirt a ghlacadh a thuilleadh sna himeachtaí gan cead ón mBord Achomhairc.

Éisteacht ó bhéal le déanamh go poiblí.

17. Is go poiblí a dhéanfar aon éisteacht ó bhéal ach amháin aon chuid den éisteacht inar deimhin leis an mBord Achomhairc go mbeidh faisnéis, is faisnéis faoi rún i dtuairim an Bhoird Achomhairc, á breithniú aige.

Breith ón mBord Achomhairc.

18. (1) Déanfar breith an Bhoird Achomhairc a thabhairt ar cibé modh a chinnfidh an Bord Achomhairc.

(2) Déanfaidh an Bord Achomhairc cóip den bhreith a chur chuig gach páirtí san achomharc.”.

SCEIDEAL 2

Leasuithe a Bhaineann le Pionóis

Alt 27 .

Alt

(1)

Méid an Leasaithe

(2)

35.

Déantar an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Má dhéanann aon duine aon bhradán nó breac a gabhadh go neamhdhleathach a cheannach, a dhíol, nó a thaispeáint lena dhíol nó má bhíonn aon bhradán nó breac den sórt sin ina sheilbh aige, beidh an duine sin ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil (nach mó san iomlán ná €4,000) nach mó ná €1,500 mar aon le méid nach mó ná €250 in aghaidh gach bradáin agus €100 in aghaidh gach bric ar ina leith a rinneadh an cion nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €10,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air.”.

41.

Déantar an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €10,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air.”.

43.

Déantar an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) (a) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €4,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air.

(b) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (3A) den alt seo, dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €10,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air.”.

49.

Déantar an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Gach duine a dhéanfaidh go neamhdhleathach, aon tráth, bradán nó breac neamhghlan nó neamhshéasúrach a thógáil, a mharú, a dhíothú, a cheannach, a dhíol, a thaispeáint lena dhíol nó a mbeidh bradán nó breac den sórt sin faoina choimeád nó faoina rialú aige go neamhdhleathach, beidh an duine sin ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €10,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air.”.

52A.

Déantar an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €10,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air.”.

67.

Déantar an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 67:

“Pionós mar gheall ar dhaoine údaraithe a ionsaí nó a chosc.

67.—Má ionsaíonn, má choisceann nó má bhacann duine ar bith aon duine a bheidh ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar leis an gCuid seo, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €4,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air.”.

69.

Déantar an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 69:

“Pionóis mar gheall ar chionta.

69.—Aon duine a dhéanfaidh cion i gcoinne an Achta seo nach bhforáiltear pionós dó le haon fhoráil eile den Acht seo, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €4,000 a chur air.”.

83.

Déantar an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Aon duine—

(a) a mhainneoidh teacht i láthair mar fhinné ag fiosrúchán, ar é a thoghairm go cuí chun teacht i láthair, nó

(b) a dhiúltóidh, agus é i láthair, mionn a ghlacadh a cheanglaítear air go dleathach a ghlacadh, nó aon doiciméad a thabhairt ar aird a bheidh faoina chumhacht nó faoina rialú aige agus a cheanglaítear air go dleathach a thabhairt ar aird, nó aon cheist a fhreagairt a cheanglaítear air go dleathach a fhreagairt,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear, ar é a chiontú go achomair, fíneáil nach mó ná €1,500 a chur air.”.

1IO Uimh. L175, 05.07.1985, lch.40