24 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 24 de 2007


AN tACHT COSANTA (LEASÚ) 2007

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID 1

Réamhráiteach

Alt

1 . Gearrtheideal, tosach feidhme, comhlua agus forléiriú.

2 . Míniú.

3 . Forálacha cosanta agus idirthréimhseacha.

CUID 2

Leasuithe agus Aisghairm

Caibidil 1

Leasuithe Ilghnéitheacha ar an bPríomh-Acht

4 . An Príomh-Acht: leasuithe agus aisghairm.

5 . Tagairtí d’abhcóide breithiúnais in Achtanna agus ionstraimí áirithe.

6 . Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht (léiriú i gcoitinne).

7 . Leasú ar alt 26 den Phríomh-Acht (rialacháin ghinearálta maidir le hÓglaigh na hÉireann.).

8 . Leasú ar alt 61 den Phríomh-Acht (fir do na Buan-Óglaigh a liostálfar faoi alt 53 d’aistriú ó chór seirbhíse go cór seirbhíse eile).

9 . Leasú ar alt 114 den Phríomh-Acht (sásamh in éagóra).

Caibidil 2

Leasuithe Ilghnéitheacha ar Achtanna agus Ionstraimí Eile

10 . Tagairtí d’aithis in Acht áirithe agus in ionstraimí áirithe.

11 . Leasuithe ilghnéitheacha ar Achtanna eile.

CUID 3

Leasuithe ar Chuid V den Phríomh-Acht

Caibidil 1

Dliteanas i leith an Dlí Mhíleata

12 . Leasú ar alt 120 den Phríomh-Acht (dliteanas i leith an dlí mhíleata ó thaobh stádais).

13 . Leasú ar alt 121 den Phríomh-Acht (modhnú ar Chuid V maidir lena feidhm i gcás sibhialtach a bheas faoin dlí míleata).

14 . Leasú ar alt 123 den Phríomh-Acht (tórainn ama le triail chionta).

Caibidil 2

Cionta in aghaidh an Dlí Mhíleata

15 . Leasú ar alt 135 den Phríomh-Acht (tréigean).

16 . Leasú ar alt 142 den Phríomh-Acht (meisce).

17 . Leasú ar alt 150 den Phríomh-Acht (iompar earraí ar longa nó aerárthaigh, gan údarás).

18 . Leasú ar alt 161 den Phríomh-Acht (cionta maidir le harmchúirteanna, etc.).

19 . Leasú ar alt 162 den Phríomh-Acht (fianaise bhréagach).

Caibidil 3

Imscrúdú Cúiseamh agus Cúisimh a Chur de Láimh go hAchomair, Achomhairc chun Armchúirte Achoimre agus Athchur chun Armchúirte

20 . Alt nua a chur isteach: cionta sceidealta.

21 . Leasuithe ar an bPríomh-Acht de dhroim alt 20.

22 . Leasú ar alt 177 den Phríomh-Acht (cúisimh in aghaidh oifigeach).

23 . Ailt nua a chur isteach: fógra, ceart chun roghnú, cur de láimh go hachomair, agus athchur.

24 . Leasú ar alt 178 den Phríomh-Acht (oifigigh ceannais do thriail cúiseamh i gcoinne fear).

25 . Ailt nua a chur isteach: fógra, ceart chun roghnú, cúiseamh a chur de láimh go hachomair agus athchur.

26 . Ailt nua a chur isteach: achomharc chun na harmchúirte achoimre, etc.

27 . Leasú ar alt 179 den Phríomh-Acht (fo-oifigigh do thriail cúiseamh i gcoinne saighdiúirí singile agus mairnéalach).

28 . Ailt nua a chur isteach: fógra, ceart chun roghnú agus cúiseamh a chur de láimh go hachomair.

29 . Ailt nua a chur isteach: achomharc chuig oifigeach ceannais, etc.

30 . Alt nua a chur isteach: oibriú pionós áirithe a chur ar fionraí go dtí go ndéanfar achomharc.

31 . Leasú ar alt 184 den Phríomh-Acht (rialacháin maidir le cúisimh d’imscrúdú agus a thriail go hachomair).

Caibidil 4

Armchúirteanna

32 . Caibidil nua a chur isteach: An Riarthóir Armchúirte.

33 . Caibidil nua a chur isteach: An Stiúrthóir Ionchúiseamh Míleata.

34 . Caibidil nua a chur isteach: Breitheamh Míleata.

35 . Leasú ar alt 185 den Phríomh-Acht (éigiontú nó ciontú a bheith ina urchosc ar thriail ag armchúirt ina dhiaidh sin).

36 . Leasú ar alt 186 den Phríomh-Acht (cineálacha armchúirte).

37 . Leasú ar alt 187 den Phríomh-Acht (armchúirteanna a chomóradh).

38 . Alt nua a chur isteach: armchúirt achomair.

39 . Leasú ar alt 189 den Phríomh-Acht (comhdhéanamh armchúirte ginearálta).

40 . Leasú ar alt 190 den Phríomh-Acht (comhdhéanamh armchúirte tóranta).

41 . Leasú ar alt 191 den Phríomh-Acht (dícháilíochtaí chun comhaltais armchúirte).

42 . Leasú ar alt 192 den Phríomh-Acht (dlínse armchúirte).

43 . Leasú ar alt 193 den Phríomh-Acht (armchúirteanna a dhíscaoileadh).

44 . Leasú ar alt 194 den Phríomh-Acht (cead isteach chun armchúirteanna).

45 . Leasú ar alt 195 den Phríomh-Acht (cúrsaí áirithe nós imeachta).

46 . Leasú ar alt 197 den Phríomh-Acht (agóidí ón gcúisí).

47 . Alt nua a chur isteach: rialuithe agus ordacháin.

48 . Leasú ar alt 198 den Phríomh-Acht (vótáil ag armchúirt).

49 . Leasú ar alt 199 den Phríomh-Acht (an chúirt a chur faoi mhionn).

50 . Leasú ar alt 202 den Phríomh-Acht (neamhord meabhrach tráth na trialach).

51 . Leasú ar alt 203 den Phríomh-Acht (neamhord meabhrach an tráth a rinneadh an cion).

52 . Ailt nua a chur isteach: achomhairc chuig an gCúirt Achomhairc Armchúirteanna.

53 . Alt nua a chur isteach: éifeacht cionta áirithe ar dhaoine ar ina leith a rinneadh iad.

54 . Leasú ar alt 206 den Phríomh-Acht (dáta éifeachta pianbhreithe armchúirte).

55 . Leasú ar alt 207 den Phríomh-Acht (finnéithe a thoghairm, agus a bpribhléid os comhair armchúirte).

56 . Leasú ar alt 208 den Phríomh-Acht (dísbeagadh armchúirte).

Caibidil 5

Pionóis is inghearrtha ag Armchúirteanna mar gheall ar Chionta in aghaidh an Dlí Mhíleata

57 . Leasú ar alt 209 den Phríomh-Acht (pionóis is inghearrtha ag armchúirteanna ar oifigigh).

58 . Leasú ar alt 210 den Phríomh-Acht (pionóis is inghearrtha ag armchúirteanna ar fhir).

59 . Leasú ar alt 211 den Phríomh-Acht (an t-aon phianbhreith amháin i leith na gcionta uile).

60 . Alt nua a chur isteach: srian le pianbhreith phríosúnachta nó choinneála ar dhuine nach bhfuil dlíodóir ag feidhmiú ar a shon.

61 . Alt nua a chur isteach: pianbhreitheanna coimeádta a fhionraí.

62 . Alt nua a chur isteach: athbhreithniú ar phianbhreitheanna áirithe.

63 . Leasú ar alt 213 den Phríomh-Acht (ordú ó armchúirt cúiteamh d’íoc).

64 . Alt nua a chur isteach: fíneáil a íoc.

Caibidil 6

Bearta atá le déanamh maidir le Cinneadh agus Pianbhreith Armchúirte

65 . Leasú ar alt 225 den Phríomh-Acht (maoin ghoidte a thabhairt ar ais).

66 . Leasú ar alt 226 den Phríomh-Acht (ceart chun cóip d’imeachta armchúirte d’fháil).

Caibidil 7

Pianbhreitheanna a chur i bhFeidhm

67 . Leasú ar alt 229 den Phríomh-Acht (pianbhreith phríosúntachta nó choinneála a chur i bhfeidhm).

68 . Leasú ar alt 231 den Phríomh-Acht (é a bheith de dhualgas ar rialtóir príosúin príosúnaigh a ghlacadh).

69 . Leasú ar alt 233 den Phríomh-Acht (príosúin mhíleata agus beairicí coinneála a rialáil).

Caibidil 8

Rialacha Nós Imeachta agus Rialacha Armchúirte

70 . Leasú ar alt 240 den Phríomh-Acht (rialacha nós imeachta).

71 . Ailt nua a chur isteach: Coiste Rialacha na nArmchúirteanna, etc.

SCEIDEAL 1

Cosaint agus Forálacha Idirthréimhseacha

SCEIDEAL 2

Leasuithe ar an bPríomh-Acht

SCEIDEAL 3

Tagairtí d’Aithis in Acht áirithe agus in Ionstraimí áirithe

SCEIDEAL 4

Leasuithe Ilghnéitheacha ar Achtanna eile

SCEIDEAL 5

Cionta Sceidealta

SCEIDEAL 6

Leasuithe de Dhroim Alt 20

SCEIDEAL 7

Rialacha Armchúirte


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Dhliteanas Sibhialta 1961

1961, Uimh. 41

Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse 1956

1956, Uimh. 46

An tAcht um Achomhairc Armchúirteanna 1983

1983, Uimh. 19

An tAcht um Fhianaise Choiriúil 1992

1992, Uimh. 12

An tAcht um Cheartas Coiriúil 1990

1990, Uimh. 16

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Sábháilteacht Oibrithe na Náisiún Aontaithe) 2000

2000, Uimh. 16

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005

2005, Uimh. 2

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Cionta Gadaíochta agus Calaoise) 2001

2001, Uimh. 50

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta) 2000

2000, Uimh. 11

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Gealtacht) 2006

2006, Uimh. 11

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú) 1990

1990, Uimh. 32

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 2006

2006, Uimh. 15

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil 1993

1993, Uimh. 40

An tAcht Cosanta 1954

1954, Uimh. 18

Na hAchtanna Cosanta 1954 go 2006

An tAcht Cosanta (Leasú) 1987

1987, Uimh. 8

An tAcht Cosanta (Leasú) 2006

2006, Uimh. 20

An tAcht um Choinbhinsiúin na Ginéive 1962

1962, Uimh. 11

An tAcht um an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 2006

2006, Uimh. 30

An tAcht Léiriúcháin 2005

2005, Uimh. 23

An tAcht Meabhair-Shláinte 2001

2001, Uimh. 25

An tAcht Ombudsman (Óglaigh na hÉireann) 2004

2004, Uimh. 36

Police (Property Act) 1897

60 & 61 Vic., c.30

Acht na bPríosún 1970

1970, Uimh. 11

Acht na bPríosún 1972

1972, Uimh. 7

An tAcht Ionstraimí Reachtúla 1947

1947, Uimh. 44

Superannuation Act 1887

50 & 51 Vict., c.67

/images/harp.jpg


Uimhir 24 de 2007


AN tACHT COSANTA (LEASÚ) 2007

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE CÚISIMH I LEITH CIONTA IN AGHAIDH AN DLÍ MHÍLEATA A CHUR DE LÁIMH GO hACHOMAIR; DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE BUNÚ AGUS DLÍNSE NA hARMCHÚIRTE ACHOIMRE; DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LEIS AN RIARTHÓIR ARMCHÚIRTE AGUS AN STIÚRTHÓIR IONCHÚISEAMH MÍLEATA, AGUS MAIDIR LE BREITHEAMH MÍLEATA, A CHEAPADH; DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE COMHDHÉANAMH ARMCHÚIRTEANNA AGUS MAIDIR LE COMHALTAS BOIRD ARMCHÚIRTE; DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE NITHE A BHAINEANN LE NÓS IMEACHTA OS COMHAIR ARMCHÚIRTEANNA, MAIDIR LE hARMCHÚIRTEANNA DO GHEARRADH AGUS D’FHORGHNÍOMHÚ PIONÓS AGUS MAIDIR LE PIANBHREITHEANNA A FHIONRAÍ; DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE BUNÚ CHOISTE RIALACHA NA nARMCHÚIRTEANNA AGUS MAIDIR LE RIALACHA ARMCHÚIRTE A DHÉANAMH; AGUS CHUN NA gCRÍOCH SIN AGUS CHUN CRÍOCH EILE DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA COSANTA 1954 GO 2006, DO DHÉANAMH LEASUITHE IARMHARTACHA AR ACHTACHÁIN EILE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[21 Aibreán 2007]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID 1

Réamhráiteach

Gearrtheideal, tosach feidhme, comhlua agus forléiriú.

1 .— (1) Féadfar an tAcht Cosanta (Leasú) 2007 a ghairm den Acht seo.

(2) Faoi réir fho-alt (3), tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla, lena n-áirítear feidhm ailt 4(2), 10 agus 11 maidir le hachtacháin éagsúla arna sonrú i Sceidil 2, 3 agus 4 faoi seach agus maidir le forálacha éagsúla de na hachtacháin sin.

(3) Tiocfaidh an Chuid seo agus ailt 6 go 9, 12, 14 go 17, 31 go 34 agus 65 i ngníomh ar dháta rite an Achta seo.

(4) Féadfar na hAchtanna Cosanta 1954 go 2007 a ghairm de na hAchtanna Cosanta 1954 go 2006 agus den Acht seo le chéile agus léifear le chéile iad mar aon ní amháin.

Míniú.

2 .— San Acht seo, ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Cosanta 1954.

Forálacha cosanta agus idirthréimhseacha.

3 .— Tá éifeacht leis na forálacha cosanta agus idirthréimhseacha i Sceideal 1.

CUID 2

Leasuithe agus Aisghairm

Caibidil 1

Leasuithe Ilghnéitheacha ar an bPríomh-Acht

An Príomh-Acht: leasuithe agus aisghairm.

4 .— (1) Aisghairtear ailt 142A, 180, 188 agus 215 go 224 den Phríomh-Acht.

(2) Leasaítear an Príomh-Acht mar a chuirtear in iúl i Sceideal 2.

Tagairtí d’abhcóide breithiúnais in Achtanna agus ionstraimí áirithe.

5 .— Déanfar gach tagairt sna hAchtanna Cosanta 1954 go 2007 nó in aon ionstraim arna déanamh faoi na hAchtanna sin d’abhcóide breithiúnais a léamh mar thagairt do bhreitheamh míleata.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht (léiriú i gcoitinne).

6 .— Leasaítear alt 2 den Phríomh-Acht—

(a) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘pá lae’—

(a) i ndáil le duine a chiontaítear i gcion in aghaidh an dlí mhíleata ag armchúirt nó a mbeidh cinneadh déanta nó daingnithe ina leith faoi Chaibidil IV de Chuid V den Acht seo agus ar comhalta d’Óglaigh na hÉireann é, an bunphá, gan aon phá nó liúntas breise a áireamh, is iníoctha nó a bheadh iníoctha leis an duine sin i leith an lae a ngearrtar pionós i leith an chiona, nó

(b) i ndáil le duine a chiontaítear i gcion in aghaidh an dlí mhíleata ag armchúirt nó a mbeidh cinneadh déanta nó daingnithe ina leith faoi Chaibidil IV de Chuid V den Acht seo agus nach comhalta d’Óglaigh na hÉireann é ach ar chomhalta d’Óglaigh na hÉireann é nuair a rinneadh an cion (nach duine lena mbaineann mír (c) den mhíniú seo), an bunphá, gan aon phá nó liúntas breise a áireamh, a bheadh iníoctha leis an duine sin i leith an lae a ngearrtar pionós i leith an chiona dá mba chomhalta d’Óglaigh na hÉireann é an lá sin agus go raibh a chéim agus a sheirbhís (nó seirbhís i gcéim, más iomchuí) mar a chéile leis an gcéim agus an tseirbhís (nó an tseirbhís i gcéim) a bhí aige ar an lá deireanach dá sheirbhís in Óglaigh na hÉireann, nó

(c) i ndáil le duine a chiontaítear i gcion in aghaidh an dlí mhíleata ag armchúirt nó a mbeidh cinneadh déanta nó daingnithe ina leith faoi Chaibidil IV de Chuid V den Acht seo agus nach comhalta d’Óglaigh na hÉireann é ach atá, nó a bhí nuair a rinneadh an cion, faoin dlí míleata mar oifigeach de bhun alt 118(d) nó (e) nó mar fhear de bhun alt 119(c) nó (d), an bunphá, gan aon phá nó liúntas breise a áireamh, a bheadh iníoctha le hoifigeach i gcéim dara leifteanant atá ag fáil an phá uasta a bhaineann leis an gcéim sin, nó le fear i gcéim shaighdiúra shingil den ghrád is airde atá ag fáil an phá uasta a bhaineann leis an gcéim sin, de réir mar a bheidh, i leith an lae a ngearrtar pionós i leith an chiona;

ciallaíonn ‘duine cúnta’ i ndáil le himeachtaí mar gheall ar chion faoi Chuid V den Acht seo, faoi réir thoiliú an chomhalta lena mbaineann, cibé comhalta d’Óglaigh na hÉireann a bheidh faoin dlí míleata agus a roghnóidh an duine a bheidh cúisithe sa chion chun cúnamh a thabhairt don duine sin de réir mar a fhoráiltear sa Chuid sin V;

ciallaíonn ‘armchúirt’, nuair a úsáidtear é gan cháiliú, armchúirt ghinearálta, armchúirt theoranta nó armchúirt achomair;

ciallaíonn ‘Riarthóir Armchúirte’ an Riarthóir Armchúirte a cheapfar faoi Chaibidil IVA de Chuid V den Acht seo;

ciallaíonn ‘rialacha armchúirte’ rialacha a dhéanfar faoi alt 240B i leith armchúirteanna;

ciallaíonn ‘Stiúrthóir’ an Stiúrthóir Ionchúiseamh Míleata a cheapfar faoi Chaibidil IVB de Chuid V den Acht seo;

folaíonn ‘doiciméad’—

(a) léarscáil, plean, graf, líníocht, grianghraf nó taifead, nó

(b) atáirgeadh i mbuanfhoirm inléite, ag ríomhaire nó ar mhodh eile (lena n-áirítear méadú), ar fhaisnéis atá i bhfoirm neamh-inléite;

folaíonn ‘meisceach’ aon alcól, druga, tuaslagóir nó aon substaint eile nó teaglaim de shubstaintí eile;

ciallaíonn ‘breitheamh míleata’ breitheamh míleata a cheapfar faoi Chaibidil IVC de Chuid V den Acht seo;

beidh le ‘cion sceidealta’, chun críocha Chuid V den Acht seo, an bhrí a shanntar dó le halt 176A;”,

(b) sa mhíniú ar “forordú”, i mír (a), trí “(seachas Caibidlí IV agus X nó i gcás aon ní nó rud dá dtagraítear i gCuid V mar ní nó rud atá forordaithe le rialacha armchúirte)” a chur in ionad “(ach amháin Caibidil IV agus X)”,

(c) sa mhíniú ar “seirbhís” trí “nó aon ní eile” a chur isteach i ndiaidh “maoin”,

(d) tríd an míniú ar “goid” a scriosadh,

(e) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “oifigeach uachtarach”:

“folaíonn ‘oifigeach uachtarach’—

(a) nuair a úsáidtear é i ndáil le comhalta de na Buan-Óglaigh, oifigeach nó oifigeach neamhchoimisiúnta de na Buan-Óglaigh de chomhchéim leis nó de chéim níos airde, a bheidh, i ndáil leis an gcomhalta sin, údaraithe, leis an Acht seo nó faoi nó de réir ghnás na seirbhíse, chun údarás a chur i bhfeidhm ar an gcomhalta sin,

(b) nuair a úsáidtear é i ndáil le comhalta de na hÓglaigh Cúltaca, oifigeach nó oifigeach neamhchoimisiúnta de na Buan-Óglaigh nó de na hÓglaigh Cúltaca, de chomhchéim leis nó de chéim níos airde, a bheidh, i ndáil leis an gcomhalta sin, údaraithe, leis an Acht seo nó faoi nó de réir ghnás na seirbhíse, chun údarás a chur i bhfeidhm ar an gcomhalta sin;”,

agus

(f) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) San Acht seo, forléireofar tagairt do ghoid mar thagairt do ghadaíocht de réir bhrí alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Gadaíochta agus Calaoise) 2001.”.

Leasú ar alt 26 den Phríomh-Acht (rialacháin ghinearálta maidir le hÓglaigh na hÉireann.).

7 .— Leasaítear alt 26 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhforáil láithreach a athuimhriú mar fho-alt (1) den alt sin, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(2) Maidir le rialacháin faoin alt seo—

(a) féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha, a dhealraíonn don Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na rialachán, nó chun lánéifeacht a thabhairt don Acht seo, a bheith iontu,

(b) féadfaidh feidhm a bheith acu i gcoitinne nó faoi threoir earnála nó earnálacha sonraithe daoine.”.

Leasú ar alt 61 den Phríomh-Acht (fir do na Buan-Óglaigh a liostálfar faoi alt 53 d’aistriú ó chór seirbhíse go cór seirbhíse eile).

8 .— Leasaítear alt 61 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1), trí “a liostáladh faoi alt 53 roimh thosach feidhme alt 8 den Acht Cosanta (Leasú) 2007” a chur in ionad “a liostálfar faoi alt 53”.

Leasú ar alt 114 den Phríomh-Acht (sásamh in éagóra).

9 .— Leasaítear alt 114 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le haon chinneadh arna dhéanamh, aon phionós arna ghearradh nó aon ordú cúitimh arna dhéanamh faoi alt 177C, 178C nó 179C, nó

(b) maidir le breith ó armchúirt achomair faoi alt 178G tar éis achomhairc faoi alt 178E.”.

Caibidil 2

Leasuithe Ilghnéitheacha ar Achtanna agus Ionstraimí Eile

Tagairtí d’aithis in Acht áirithe agus in ionstraimí áirithe.

10 .— (1) Leasaítear an tAcht a shonraítear i gCuid 1 de Sceideal 3 mar a chuirtear in iúl sa Sceideal sin.

(2) Leasaítear na hionstraimí a shonraítear i gCuid 2 de Sceideal 3 mar a chuirtear in iúl sa Sceideal sin.

(3) Déanfar gach tagairt in aon Acht nó in aon ionstraim arna déanamh faoi aon Acht (seachas Acht nó ionstraim lena mbaineann fo-alt (1)(2)) d’aithis, a mhéid atá feidhm aige maidir le dífhostú nó urscaoileadh (cibé slí a bheidh sí sainráite) as Óglaigh na hÉireann, a léamh mar thagairt do náire.

Leasuithe ilghnéitheacha ar Achtanna eile.

11 .— Leasaítear na hAchtanna a shonraítear i Sceideal 4 mar a chuirtear in iúl sa Sceideal sin.

CUID 3

Leasuithe ar Chuid V den Phríomh-Acht

Caibidil 1

Dliteanas i leith an Dlí Mhíleata

Leasú ar alt 120 den Phríomh-Acht (dliteanas i leith an dlí mhíleata ó thaobh stádais).

12 .— Leasaítear alt 120 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Más rud é—

(a) go ndearna aon duine, le linn dó a bheith faoin dlí míleata, cion (seachas frithcheilg, tréigean, liostáil chalaoiseach nó cion sibhialta arna dhéanamh ag duine atá faoin dlí míleata le linn dó a bheith ar fianas lasmuigh den Stát nó le linn dó a bheith curtha chun bealaigh le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát chun aon chríche a shonraítear in alt 3 den Acht Cosanta (Leasú) 2006) in aghaidh an dlí mhíleata is intriailte ag armchúirt faoin Acht seo, agus

(b) gur scoir an duine sin, ón uair a rinne sé an cion, de bheith faoin dlí míleata,

ní fhéadfar an duine sin a thriail sa chion mura gcúiseofar é sa chion de réir an Achta seo laistigh de shé mhí dar tosach an dáta a scoir sé de bheith faoin dlí míleata, ach ní fhorléireofar aon ní san fho-alt seo mar ní a dhéanfaidh difear do dhlínse cúirte sibhialta i gcás ina bhfuil an cion intriailte ag an gcúirt sin chomh maith lena bheith intriailte ag armchúirt.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) I gcás ina dtugann armchúirt pianbhreith phríosúnachta nó choinneála ar dhuine atá faoin dlí míleata agus ina bhfuil an duine sin faoi choimeád seirbhíse, beidh feidhm ag an Acht seo maidir leis an duine ar feadh théarma na pianbhreithe sin d’ainneoin an duine d’urscaoileadh nó do dhífhostú as Óglaigh na hÉireann nó é do scor ar shlí eile de bheith faoin dlí míleata, agus féadfar an duine a choimeád, a aistriú, a phríosúnú, a chur faoi choinneáil agus a phionósú dá réir sin amhail is dá leanfadh an duine de bheith faoin dlí míleata.”.

Leasú ar alt 121 den Phríomh-Acht (modhnú ar Chuid V maidir lena feidhm i gcás sibhialtach a bheas faoin dlí míleata).

13 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 121 den Phríomh-Acht:

“Modhnú ar Chuid V ina feidhm maidir le sibhialtaigh a bheidh faoin dlí míleata.

121.— Le linn an Chuid seo a chur chun feidhme maidir le daoine nach mbaineann le hÓglaigh na hÉireann, déanfar na modhnuithe seo a leanas:

(a) i gcás ina ndearna aon duine atá faoin dlí míleata agus nach mbaineann le hÓglaigh na hÉireann cion in aghaidh an dlí mhíleata agus go ndéanfar an duine a athchur chun a thrialach ag armchúirt faoin Acht seo, féadfaidh cibé cineál armchúirte a ordóidh an Stiúrthóir an duine sin a thriail agus, ar é a chiontú, déileáil leis agus é a phionósú dá réir sin;

(b) aon duine atá faoin dlí míleata agus nach mbaineann le hÓglaigh na hÉireann, measfar, chun críche na Coda seo, é a bheith faoi cheannas an oifigigh fhorordaithe, agus, faoi réir cirt duine a roghnú go dtriailfeadh armchúirt é de bhun alt 177B nó 178B, de réir mar is cuí, féadfar, le toiliú roimh ré ón Stiúrthóir, déileáil leis an duine sin go hachomair agus é a phionósú faoi Chaibidil IV den Chuid seo, de réir mar a bheidh an duine faoin dlí míleata mar oifigeach nó mar fhear.”.

Leasú ar alt 123 den Phríomh-Acht (tórainn ama le triail chionta).

14 .— Leasaítear alt 123 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Faoi réir fho-alt (1A), ní dhéanfar duine atá faoin dlí míleata a chúiseamh i gcion (seachas frithcheilg, tréigean, liostáil chalaoiseach nó cion sibhialta arna dhéanamh ag duine atá faoin dlí míleata le linn dó a bheith ar fianas lasmuigh den Stát nó le linn dó a bheith curtha chun bealaigh le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát chun aon chríche a shonraítear in alt 3 den Acht Cosanta (Leasú) 2006) in aghaidh an dlí mhíleata is intriailte ag armchúirt faoin Acht seo tar éis dheireadh sé bliana dar tosach an dáta a rinneadh an cion.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Féadfar imeachtaí a thionscnamh chun cion sceidealta faoi Chaibidil IV den Chuid seo a chur de láimh go hachomair—

(a) aon tráth laistigh de 12 mhí ón dáta a rinneadh an cion, nó

(b) aon tráth laistigh de 12 mhí ón dáta a thiocfaidh fianaise ar iúl an duine a thionscnóidh na himeachtaí ar fianaise í is leor, i dtuairim an duine sin, chun na himeachtaí a fhírinniú,

cibé acu is déanaí, ach ní thionscnófar aon imeachtaí den sórt sin tráth is déanaí ná 3 bliana ón dáta a rinneadh an cion lena mbaineann.

(1B) Le linn tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó (1A) den alt seo a ríomh, ní áireofar aon tréimhse a ndeimhneoidh oifigeach ceannais an duine i leith an duine gur thréimhse í ar lena linn—

(a) a bhí sé ar fianas,

(b) a bhí sé curtha chun bealaigh le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát chun aon chríche a shonraítear in alt 3 den Acht Cosanta (Leasú) 2006,

(c) a bhí sé ag gabháil thairis sin d’aon dualgais oibríochta riachtanacha eile laistigh den Stát nó lasmuigh de,

(d) a bhí sé as láthair gan chead, nó

(e) nach raibh sé ar fáil lena imscrúdú de dheasca breoiteachta.”.

Caibidil 2

Cionta in aghaidh an Dlí Mhíleata

Leasú ar alt 135 den Phríomh-Acht (tréigean).

15 .— Leasaítear alt 135(2)(a) den Phríomh-Acht i bhfomhír (i) trí “(lena n-áirítear, chun críche an ailt seo, fianas nó seirbhís le díorma nó mar chomhalta arna chur chun bealaigh le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát chun aon chríche a shonraítear in alt 3 den Acht Cosanta (Leasú) 2006, ach gan a bheith teoranta dóibh sin)” a chur isteach i ndiaidh “seirbhís thábhachtach”.

Leasú ar alt 142 den Phríomh-Acht (meisce).

16 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 142 den Phríomh-Acht:

“Toirmeasc ar dhuine a bheith faoi thionchar meiscigh.

142.— (1) Gach duine atá faoin dlí míleata, cibé acu ar dualgas dó nó nach ea, agus a bheidh, de dheasca é a bheith faoi thionchar meiscigh—

(a) neamhchumasach le go gcuirfí aon dualgas de chúram air a éilítear air nó a d’fhéadfaí a éileamh air a chomhlíonadh, nó

(b) á iompar féin ar shlí mhí-ordúil nó ar aon slí ar dóigh di míchlú a tharraingt ar Óglaigh na hÉireann,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus, i gcás ina ndéanfar cúiseamh faoin alt seo a chur de láimh go hachomair faoi alt 177C, 178C nó 179C, de réir mar a bheidh, dlífear aon phionós is inghearrtha faoin alt sin a chur air nó, ar é a chiontú ag armchúirt dlífear—

(i) i gcás oifigigh, é a bhriseadh as Óglaigh na hÉireann nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air, nó

(ii) i gcás fir, más rud é go ndéanfar an cion ar fianas nó ar dualgas, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná dhá bhliain nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air, nó

(iii) i gcás fir, más rud é go ndéanfar an cion ar shlí eile seachas ar fianas nó ar dualgas, é a chur faoi choinneáil go ceann tréimhse nach faide ná nócha lá nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.

(2) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo, maidir le fianaise a thabharfaidh duine atá faoin dlí míleata ar a thuairim go raibh duine eile den sórt sin, an tráth ábhartha, faoi thionchar meiscigh, beidh sí ina fianaise ar mheisce, gan a thuilleadh fianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt.

(3) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo, is cosaint don duine a chúiseofar sa chion a chruthú gur fhriotháil lia-chleachtóir cláraithe nó fiaclóir cláraithe an meisceach lena mbaineann, nó gur caitheadh é de réir orduithe lia-chleachtóra chláraithe nó fiaclóra chláraithe (nó gur friotháladh agus gur caitheadh amhlaidh é).”.

Leasú ar alt 150 den Phríomh-Acht (iompar earraí ar longa nó aerárthaigh, gan údarás).

17 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 150 den Phríomh-Acht:

“Iompar daoine nó earraí ar longa nó aerárthaí, gan údarás.

150.— Gach duine faoin dlí míleata a dhéanfaidh go feasach daoine, earraí nó marsantas a choinsíniú, a thógáil nó a ghlacadh ar bord, nó a cheadú go n-iomprófar daoine, earraí nó marsantas ar bord, loinge Stáit nó aerárthaigh seirbhíse, nó loinge nó aerárthaigh a úsáideann Óglaigh na hÉireann chun aon chríche, is daoine, earraí nó marsantas nach mbeidh údarás ag an duine a choinsíniú, a thógáil nó a ghlacadh ar bord, beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus, i gcás ina ndéanfar cúiseamh faoin alt seo a chur de láimh go hachomair faoi alt 177C nó 178C, de réir mar a bheidh, dlífear aon phionós is inghearrtha faoin alt sin a chur air nó, ar é a chiontú ag armchúirt, dlífear príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná dhá bhliain nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.”.

Leasú ar alt 161 den Phríomh-Acht (cionta maidir le harmchúirteanna, etc.).

18 .— Leasaítear alt 161 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (b) agus (c):

“(b) oifigeach, de bhun alt 177, a bheidh ag imscrúdú cúisimh i leith ciona a gceanglófaí príosúnacht saoil a ghearradh ar dhuine ar é a chiontú ina leith,

(c) oifigeach ceannais, de bhun alt 178, a bheidh ag imscrúdú cúisimh i leith ciona a gceanglófaí príosúnacht saoil a ghearradh ar dhuine ar é a chiontú ina leith,”,

(b) i bhfo-alt (2)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):

“(ea) a dhéanfaidh cumarsáid leis an Stiúrthóir, le comhalta dá fhoireann (lena n-áirítear oifigeach ionchúisimh), le comhalta de bhord armchúirte, le breitheamh míleata nó le finné in aon imeachtaí faoin Acht seo d’fhonn tionchar a imirt, go díreach nó go neamhdhíreach, ar aon chinneadh a bhaineann le comhlíonadh a bhfeidhmeanna, lena n-áirítear, de réir mar is cuí, cinneadh chun na himeachtaí sin nó aon chúiseamh áirithe sna himeachtaí sin, nó seoladh nó triail aon imeachtaí den sórt sin, a tharraingt siar nó cinneadh gan iad a thionscnamh, nó

(eb) a mhainneoidh, a dhiúltóidh nó a fhailleoidh ordachán ón mbreitheamh míleata faoi alt 195 a chomhlíonadh, nó

(ec) a dhéanfaidh, trí ghníomh nó neamhghníomh, bac nó treampán a chur ar bhinse seirbhíse i gcomhlíonadh a fheidhmeanna, nó”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (f):

“(f) a dhéanfaidh nó a fhágfaidh gan déanamh aon ní eile, ar ní é, dá mba chúirt shibhialta an binse seirbhíse agus cumhacht chimithe aici mar gheall ar dhíspeagadh, a bheadh ina dhíspeagadh ar an gcúirt sin,”,

agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) I gcás ina mbeidh an Stiúrthóir, comhalta dá fhoireann (lena n-áirítear oifigeach ionchúisimh), comhalta de bhord armchúirte, breitheamh míleata nó finné in aon imeachtaí faoin Acht seo den tuairim gur sárú ar fho-alt (2)(ea) den alt seo aon chumarsáid, is é dualgas an duine sin gan a thuilleadh airde a thabhairt ar an gcumarsáid.

(4) (a) I gcás an Stiúrthóra nó comhalta dá fhoireann, níl feidhm ag fo-alt (2)(ea) den alt seo maidir leis na nithe seo a leanas—

(i) cumarsáidí ó dhuine is gearánach in imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo nó a cúisíodh i gcion faoin Acht seo nó a chreideann gur dóigh go gcúiseofar é i gcion faoin Acht seo, nó

(ii) cumarsáidí ó dhuine a bhfuil baint aige leis an ábhar go pearsanta nó mar chomhairleoir dlí nó liachta do dhuine a bhfuil baint aige leis an ábhar nó mar oibrí sóisialach nó mar dhuine de theaghlach duine a bhfuil baint aige leis an ábhar.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn ‘duine den teaghlach’ céile, tuismitheoir, seanathair nó seanmháthair, leastuismitheoir, leanbh (lena n-áirítear leasleanbh nó leanbh uchtaithe), ua nó banua, deartháir, deirfiúr, deartháir leasghaolmhar, deirfiúr leasghaolmhar, aintín, uncail, neacht nó nia de chuid an duine lena mbaineann;

ciallaíonn ‘céile’ gach duine de lánúin i ndáil leis an duine eile;

ciallaíonn ‘lánúin’ lánúin phósta nó fear agus bean nach bhfuil pósta le chéile ach atá ag maireachtáil i bhfochair a chéile mar fhearchéile agus banchéile.

(5) Beidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo maidir le cúisimh a chur de láimh go hachomair faoi alt 177C, 178C nó 179C, de réir mar a bheidh, mar atá feidhm aige maidir le binse seirbhíse agus, chun críocha na feidhme sin, déanfar tagairtí san fho-alt sin (2) do bhinse seirbhíse a fhorléiriú mar thagairtí do chúisimh a chur de láimh go hachomair faoi alt 177C, 178C nó 179C, de réir mar a bheidh.”.

Leasú ar alt 162 den Phríomh-Acht (fianaise bhréagach).

19 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 162 den Phríomh-Acht:

“Fianaise bhréagach.

162.— Gach duine faoin dlí míleata a thabharfaidh go feasach fianaise bhréagach nuair a bheifear á cheistiú faoi mhionn nó faoi dhearbhú sollúnta—

(a) os comhair binse seirbhíse de réir bhrí alt 161,

(b) os comhair oifigigh údaraithe a bheidh ag imscrúdú cúisimh faoi alt 177C,

(c) os comhair oifigigh ceannais a bheidh ag imscrúdú cúisimh faoi alt 178C, nó

(d) os comhair fo-oifigigh a bheidh ag imscrúdú cúisimh faoi alt 179C,

beidh sé ciontach i gcion in aghaidh an dlí mhíleata agus, ar é a chiontú ag armchúirt, dlífear príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná dhá bhliain nó aon phionós is ísle ná sin is inghearrtha ag armchúirt a chur air.”.

Caibidil 3

Imscrúdú Cúiseamh agus Cúisimh a Chur de Láimh go hAchomair, Achomhairc chun Armchúirte Achoimre agus Athchur chun Armchúirte

Alt nua a chur isteach: cionta sceidealta.

20 .— (1) Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 176 den Phríomh-Acht:

“Cionta sceidealta.

176A.— Aon chion de chineál araíonachta faoi aon cheann d’fhorálacha an Achta seo a shonraítear san Aonú Sceideal Déag a ghabhann leis an Acht seo, is cion sceidealta é chun críocha na Coda seo den Acht seo.”.

(2) Cuirtear an Sceideal atá leagtha amach i Sceideal 5 isteach i ndiaidh an Deichiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

Leasuithe ar an bPríomh-Acht de dhroim alt 20.

21 .— Leasaítear an Príomh-Acht mar a chuirtear in iúl i Sceideal 6.

Leasú ar alt 177 den Phríomh-Acht (cúisimh in aghaidh oifigeach).

22 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 177 den Phríomh-Acht:

“Cúisimh i gcoinne oifigeach agus daoine sonraithe eile.

177.— (1) Maidir le cúiseamh i gcoinne duine atá faoin dlí míleata—

(a) mar oifigeach, nó

(b) mar oifigeach neamhchoimisiúnta i gcéim mhaorsháirsint nó ceathrúsháirsint cathláin nó sna céimeanna cabhlaigh atá comhionann leo,

faoi réir fógra a thabhairt faoi alt 177A, is é oifigeach ceannais an duine sin nó, má ordaíonn an Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht) amhlaidh, cibé oifigeach a cheapfaidh an Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht) chun na críche sin, a dhéanfaidh, de réir rialachán arna ndéanamh faoi alt 184, an cúiseamh a imscrúdú.

(2) (a) Más rud é go gcúiseofar duine i gcion sceidealta, déanfaidh an t-oifigeach a bheidh ag imscrúdú an chúisimh faoi fho-alt (1) den alt seo—

(i) i gcás ina bhfuil céim leifteanantchornail nó cheannfoirt nó aon chéim choimisiúnta is airde ná sin ag an duine—

(I) faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, an cúiseamh a dhíbhe más dóigh leis, dá rogha féin, nár chóir dul ar aghaidh leis, nó

(II) an duine a chúiseofar a athchur chun a thrialach ag armchúirt, más dóigh leis gur chóir dul ar aghaidh leis an gcúiseamh,

(ii) in aon chás eile—

(I) faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, an cúiseamh a dhíbhe más dóigh leis, dá rogha féin, nár chóir dul ar aghaidh leis, nó

(II) an duine a chúiseofar a athchur chun a thrialach ag armchúirt, más dóigh leis gur chóir dul ar aghaidh leis an gcúiseamh, nó

(III) faoi réir an ailt seo agus faoi réir rialachán arna ndéanamh faoi alt 184, an cúiseamh a tharchur lena imscrúdú go hachomair ag oifigeach údaraithe.

(b) I gcás cúisimh i gcoinne duine mar gheall ar chion sceidealta a shonraítear i gCuid II den Aonú Sceideal Déag a ghabhann leis an Acht seo, beidh díbhe an chúisimh faoi fhomhír (i)(I) nó (ii)(I) de mhír (a) den fho-alt seo nó tarchur an chúisimh lena imscrúdú go hachomair ag oifigeach údaraithe faoi fhomhír (ii)(III) den mhír sin (a) faoi réir toiliú roimh ré ón Stiúrthóir agus, i gcás ina ndiúltóidh an Stiúrthóir toiliú a thabhairt in aon chás den sórt sin, déanfar an duine a chúiseofar a athchur chun a thrialach ag armchúirt.

(3) (a) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion seachas cion sceidealta, déanfaidh ant-oifigeach a bheidh ag imscrúdú an chúisimh faoi fho-alt (1) den alt seo—

(i) faoi réir toiliú roimh ré ón Stiúrthóir, an cúiseamh a dhíbhe más dóigh leis an oifigeach nár chóir dul ar aghaidh leis, nó

(ii) an duine a athchur chun a thrialach ag armchúirt.

(b) I gcás ina ndiúltóidh an Stiúrthóir toiliú le díbhe an chúisimh lena mbaineann, déanfar an duine a chúiseofar a athchur chun a thrialach ag armchúirt.

(4) I gcás ina n-athchuirfear duine faoin alt seo chun a thrialach ag armchúirt, déanfar an ní a tharchur chuig an Stiúrthóir chun go dtabharfaidh sé a ordacháin.

(5) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion a gceanglófaí, ar é a chiontú, príosúnacht saoil a ghearradh mar phianbhreith ar an duine ina leith, agus ina ndéanfar an cúiseamh a imscrúdú faoin alt seo, féadfaidh, más mian leis an duine é, dlíodóir (de réir bhrí alt 196) nó oifigeach faoin dlí míleata feidhmiú ar son an duine.”.

Ailt nua a chur isteach: fógra, ceart chun roghnú, cur de láimh achomair, agus athchur.

23 .— Cuirtear na hailt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 177 den Phríomh-Acht:

“Fógra.

177A.— Más rud é maidir le cúiseamh i gcoinne duine atá faoin dlí míleata—

(a) go mbeidh sé le himscrúdú faoi alt 177 ag oifigeach ceannais an duine nó ag oifigeach arna cheapadh chuige sin ag an Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht), nó

(b) go dtarchuirfear é chuig oifigeach údaraithe lena imscrúdú go hachomair faoi alt 177(2)(a)(ii)(III),

beidh an duine a chúiseofar i dteideal na nithe seo a leanas a fháil, sa tslí fhorordaithe, 24 huaire an chloig ar a laghad sula mbeidh an cúiseamh le himscrúdú amhlaidh—

(i) fógra i scríbhinn san fhoirm fhorordaithe maidir leis an dáta agus an tráth a bheidh, agus an áit ina mbeidh, an cúiseamh le himscrúdú amhlaidh, agus

(ii) cóip de dhuilleog na gcúiseamh ina mbeidh sonraí i dtaobh an chiona lena mbaineann, liosta de na finnéithe a bheidh ag tabhairt fianaise i gcoinne an duine agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, achomaireacht ar an bhfianaise a bheidh le tabhairt i gcoinne an duine agus cóip d’aon ráitis ó fhinnéithe.

Ceart chun triail ag armchúirt a roghnú.

177B.— (1) Sula ndéanfaidh an t-oifigeach údaraithe cúiseamh a chur de láimh go hachomair faoi alt 177C, déanfaidh sé, sa tslí fhorordaithe—

(a) a fhiafraí den duine a chúiseofar an roghnaíonn sé go ndéanfaidh ant-oifigeach údaraithe an cúiseamh a chur de láimh go hachomair nó go ndéanfar é a thriail ag armchúirt, agus

(b) a chur in iúl don duine a chúiseofar go bhféadfaidh sé comhairle dlí a fháil maidir le hábhar an roghnaithe agus, i gcás inar mian leis an duine an chomhairle dlí sin a fháil, go gcuirfear an éisteacht ar atráth go ceann cibé tréimhse is dóigh leis an oifigeach údaraithe a bheith réasúnach (ar tréimhse í nach giorra, in aon chás, ná 48 n-uaire an chloig).

(2) I gcás ina roghnóidh an duine a chúiseofar go ndéanfar é a thriail ag armchúirt, cibé acu a gheobhaidh nó nach bhfaighidh an duine comhairle dlí, déanfaidh an t-oifigeach údaraithe an duine a chúiseofar a athchur chun a thrialach ag armchúirt agus déanfaidh sé an cúiseamh a tharchur chuig an Stiúrthóir chun go dtabharfaidh sé a ordacháin ach, i gcás ar bith eile, rachaidh sé ar aghaidh chun an cúiseamh a chur de láimh go hachomair faoi alt 177C, agus féadfaidh sé déanamh amhlaidh an t-am sin agus san áit sin.

(3) I gcás ina dtionscnófar dhá chúiseamh nó níos mó i gcoinne an duine lena mbaineann, maidir le triail ag armchúirt a roghnú i leith aon cheann de na cúisimh, beidh éifeacht leis sin mar roghnú i leith gach aon cheann díobh.

Oifigeach údaraithe do chur cúiseamh de láimh go hachomair.

177C.— (1) Tá feidhm ag an alt seo i gcás ina roghnóidh an duine a chúiseofar faoi alt 177B go ndéanfaidh an t-oifigeach údaraithe an cúiseamh a chur de láimh go hachomair.

(2) Féadfaidh an t-oifigeach údaraithe, faoi réir fho-alt (5) den alt seo, an cúiseamh a dhíbhe ag aon chéim den éisteacht.

(3) Má chinneann an t-oifigeach údaraithe nár cruthaíodh an cúiseamh, déanfaidh sé an cúiseamh a dhíbhe.

(4) Féadfaidh an t-oifigeach údaraithe, tar éis an fhianaise a éisteacht nó gan an fhianaise a éisteacht, an duine a chúiseofar a athchur chun a thrialach ag armchúirt agus, sa chás sin, déanfaidh sé an ní a tharchur chuig an Stiúrthóir chun go dtabharfaidh sé a ordacháin.

(5) Tar éis don oifigeach údaraithe an fhianaise a éisteacht nó, má thoilíonn an duine a chúiseofar freastal finnéithe a ligean thar ceal agus má admhaíonn an duine an cion inar cúisíodh é, tar éis don oifigeach údaraithe coimriú nó achomaireacht ar an bhfianaise a léamh, déanfaidh an t-oifigeach údaraithe i gcás go gcinnfidh sé gur cruthaíodh an cúiseamh—

(a) an cinneadh a thaifeadadh, agus

(b) faoi réir fho-alt (6) den alt seo—

(i) i gcás duine atá faoin dlí míleata mar oifigeach de bhun alt 118(a), (b) nó (c) nó mar oifigeach neamhchoimisiúnta i gcéim mhaorsháirsint nó ceathrúsháirsint cathláin nó sna céimeanna cabhlaigh atá comhionann leo, ceann de na pionóis seo a leanas a ghearradh:

(I) laghdú d’aon bhreisiú amháin ar scála infheidhme pá an duine ó dháta sonraithe go ceann tréimhse sonraithe nach faide ná bliain amháin;

(II) an chéad bhreisiú eile atá dlite don duine ar scála infheidhme pá an duine sin a iarchur go ceann tréimhse sonraithe nach faide ná bliain amháin;

(III) fíneáil nach mó ná méid is comhionann le pá seacht lá an duine de réir an ráta is déanaí is infheidhme;

(IV) dian-iomardú;

(V) iomardú,

(ii) i gcás duine atá faoin dlí míleata mar oifigeach de bhun alt 118(d) nó (e), ceann de na pionóis seo a leanas a ghearradh:

(I) fíneáil nach mó ná méid is comhionann le pá seacht lá an duine de réir an ráta is déanaí is infheidhme;

(II) dian-iomardú;

(III) iomardú.

(6) I gcás ina dtaifeadfaidh an t-oifigeach údaraithe cinneadh gur cruthaíodh dhá chúiseamh nó níos mó i gcoinne an duine, déanfaidh sé pionós amháin a ghearradh de réir fho-alt (5) den alt seo i leith na gcúiseamh á nglacadh le chéile.

(7) Féadfaidh an duine a chúiseofar duine cúnta a bheith i láthair aige ag an éisteacht os comhair an oifigigh údaraithe ach ní bheidh an duine cúnta páirteach san éisteacht.

(8) Má éilíonn an duine a chúiseofar amhlaidh, is faoi mhionn a ghlacfar an fhianaise ina choinne a ghlacfar os comhair an oifigigh údaraithe, agus sa chás sin cuirfear gach finné faoin mionn nó faoin dearbhú sollúnta céanna is gá d’fhinné a ghlacadh os comhair armchúirte, agus chun na críche seo féadfaidh an t-oifigeach údaraithe daoine a chur faoi mhionn agus faoi dhearbhú sollúnta.

(9) I gcás ina ndéanfaidh an t-oifigeach údaraithe cinneadh faoin alt seo gur cruthaíodh cúiseamh agus gur tharraing cion an chúisimh aon díobháil phearsanta, aon chaiteachas nó aon chaillteanas nó díothú aon mhaoine nó damáiste d’aon mhaoin, féadfaidh an t-oifigeach údaraithe, in ionad nó i dteannta aon phionóis a n-údaraítear dó leis an alt seo a ghearradh i leith an chiona, a ordú go ndéanfaidh an duine a chúiseofar, mar chúiteamh sa díobháil phearsanta, sa chaiteachas, sa chaillteanas, sa damáiste nó sa díothú a tarraingíodh amhlaidh, cibé suim a ordóidh ant-oifigeach údaraithe is suim nach mó ná an ceann is lú díobh seo a leanas, a íoc le haon duine ar bhain an díobháil phearsanta, an caiteachas, an caillteanas, an damáiste nó an díothú sin dó—

(a) an méid is gá chun an díobháil phearsanta, an caiteachas, an caillteanas, an damáiste nó an díothú sin a shlánú, nó

(b) faoi réir fho-alt (10) den alt seo, méid is comhionann le pá ocht lá is fiche an duine a chúiseofar.

(10) Féadfar le hordú cúitimh faoi fho-alt (9) den alt seo foráil a dhéanamh chun an cúiteamh a íoc i cibé tráthchodanna agus cibé tráthanna a mheasfaidh an t-oifigeach údaraithe a bheith réasúnach sna himthosca go léir faoi réir asbhainte uasta pá seacht lá in aon mhí féilire amháin.

Athchur chun trialach ag armchúirt.

177D.— (1) I gcás ina n-athchuirfear an duine a chúiseofar chun a thrialach ag armchúirt faoi alt 177(2)(a)(ii)(II) nó 177C agus ina ndéanfar an ní a tharchur chuig an Stiúrthóir chun go dtabharfaidh sé a ordacháin, féadfaidh an Stiúrthóir a ordú go ndéanfar an cúiseamh (le cibé athruithe, leasuithe, breisithe, malartuithe agus cúisimh bhreise is cuí leis) a tharchur siar chuig oifigeach údaraithe agus déanfaidh an t-oifigeach údaraithe an cúiseamh nó na cúisimh a tarchuireadh siar amhlaidh a dhíbhe nó, faoi réir cirt duine a roghnú go dtriailfeadh armchúirt é de bhun alt 177B, é nó iad a thriail go hachomair de réir alt 177C.

(2) I gcás ina ndéanfar an duine a chúiseofar—

(a) a athchur chun a thrialach ag armchúirt faoi alt 177(2)(a)(ii)(II) nó 177C agus nach dtabharfar aon ordachán faoi fho-alt (1) den alt seo, nó

(b) a athchur chun a thrialach ag armchúirt faoi alt 177 (seachas faoi alt 177(2)(a)(ii)(II)) nó 177B,

féadfaidh an Stiúrthóir—

(i) faoi réir alt 192, i leith an chúisimh lena mbaineann (le cibé athruithe, leasuithe, breisithe, malartuithe agus cúisimh bhreise is cuí leis)—

(I) a ordú go ndéanfar an ní a tharchur chun a thrialach ag armchúirt achomair, nó

(II) a ordú go ndéanfaidh an Riarthóir Armchúirte armchúirt ghinearálta nó armchúirt theoranta, de réir mar a shonrófar san ordachán uaidh, a chomóradh chun an duine a chúiseofar a thriail,

(ii) an cúiseamh a tharraingt siar.”.

Leasú ar alt 178 den Phríomh-Acht (oifigigh ceannais do thriail cúiseamh i gcoinne fear).

24 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 178 den Phríomh-Acht:

Cúisimh i gcoinne fear.

178.— (1) Tá feidhm ag an alt seo agus ailt 178A go 178D maidir le hoifigeach ceannais do dhéanamh cúiseamh i gcoinne duine atá faoin dlí míleata mar fhear seachas mar mhaorsháirsint nó mar cheathrúsháirsint cathláin nó na céimeanna cabhlaigh atá comhionann leo a chur de láimh go hachomair.

(2) (a) I gcás ina gcúiseofar duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo i gcion sceidealta, déanfaidh ant-oifigeach ceannais a bheidh ag imscrúdú an chúisimh (lena n-áirítear cúiseamh a tarchuireadh chuig an oifigeach ceannais faoi alt 179(2)(b) nó 179B)—

(i) de réir mhír (b) den fho-alt seo, an cúiseamh a dhíbhe, más dóigh leis, dá rogha féin, nár chóir dul ar aghaidh leis, nó

(ii) an duine a athchur chun a thrialach ag armchúirt más dóigh leis gur chóir dul ar aghaidh leis an gcúiseamh, nó

(iii) faoi réir an ailt seo agus rialachán arna ndéanamh faoi alt 184, an cúiseamh a thriail go hachomair.

(b) I gcás cúisimh i gcoinne duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo mar gheall ar chion sceidealta a shonraítear i gCuid II den Aonú Sceideal Déag a ghabhann leis an Acht seo, beidh díbhe an chúisimh faoi fhomhír (i) de mhír (a) den fho-alt seo nó an cinneadh maidir leis an gcúiseamh a thriail go hachomair faoi fhomhír (iii) den mhír sin (a) faoi réir toiliú roimh ré ón Stiúrthóir agus i gcás ina ndiúltóidh an Stiúrthóir toiliú in aon chás den sórt sin déanfar an duine a athchur chun a thrialach ag armchúirt.

(3) (a) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion seachas cion sceidealta, déanfaidh ant-oifigeach ceannais a bheidh ag imscrúdú an chúisimh—

(i) faoi réir toiliú roimh ré ón Stiúrthóir, an cúiseamh a dhíbhe más dóigh leis nár chóir dul ar aghaidh leis, nó

(ii) an duine a athchur chun a thrialach ag armchúirt.

(b) I gcás ina ndiúltóidh an Stiúrthóir toiliú leis an gcúiseamh lena mbaineann a dhíbhe, déanfar an duine a chúiseofar a athchur chun a thrialach ag armchúirt.

(4) I gcás ina ndéanfar duine a athchur faoin alt seo chun a thrialach ag armchúirt, déanfar an ní a tharchur chuig an Stiúrthóir chun go dtabharfaidh sé a ordacháin.

(5) I gcás ina gcúiseofar duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo i gcion a gceanglófaí, ar é a chiontú, príosúnacht saoil a ghearradh mar phianbhreith ar an duine ina leith agus ina ndéanfar an cúiseamh a imscrúdú faoin alt seo, féadfaidh, más mian leis an duine é, dlíodóir (de réir bhrí alt 196) nó oifigeach faoin dlí míleata feidhmiú ar son an duine.”.

Ailt nua a chur isteach: fógra, ceart chun roghnú, cúiseamh a chur de láimh achomair agus athchur.

25 .— Cuirtear na hailt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 178 den Phríomh-Acht:

“Fógra.

178A.— Má tá oifigeach ceannais chun cúiseamh i gcoinne duine dá dtagraítear in alt 178(1) a imscrúdú, beidh an duine a chúiseofar i dteideal na nithe seo a leanas a fháil, sa tslí fhorordaithe, 24 huaire an chloig ar a laghad sula mbeidh an cúiseamh le himscrúdú amhlaidh—

(a) fógra i scríbhinn san fhoirm fhorordaithe maidir leis an dáta agus an tráth a bheidh agus an áit ina mbeidh an cúiseamh le himscrúdú amhlaidh, agus

(b) cóip de dhuilleog na gcúiseamh ina mbeidh sonraí i dtaobh an chiona lena mbaineann, liosta de na finnéithe a bheidh ag tabhairt fianaise i gcoinne an duine agus cóipeanna d’aon fhianaise atá ar fáil agus a bheidh le tabhairt i gcoinne an duine agus d’aon ráitis ó fhinnéithe.

Ceart chun triail ag armchúirt a roghnú.

178B.— (1) Sula ndéanfaidh an t-oifigeach ceannais cúiseamh a chur de láimh go hachomair faoi alt 178C, déanfaidh sé, sa tslí fhorordaithe—

(a) a fhiafraí den duine a chúiseofar an roghnaíonn sé go ndéanfaidh ant-oifigeach ceannais an cúiseamh a chur de láimh go hachomair nó go ndéanfaí é a thriail ag armchúirt, agus

(b) a chur in iúl don duine a chúiseofar go bhféadfaidh sé comhairle dlí a fháil maidir le hábhar an roghnaithe agus, i gcás inar mian leis an duine an chomhairle dlí sin a fháil, go gcuirfear an éisteacht ar atráth go ceann cibé tréimhse is dóigh leis an oifigeach ceannais a bheith réasúnach (ar tréimhse í nach giorra, in aon chás, ná 48 n-uaire an chloig).

(2) I gcás ina roghnóidh an duine a chúiseofar go ndéanfar é a thriail ag armchúirt, cibé acu a gheobhaidh nó nach bhfaighidh an duine comhairle dlí, déanfaidh an t-oifigeach ceannais an duine a athchur chun a thrialach ag armchúirt agus déanfaidh sé an cúiseamh a tharchur chuig an Stiúrthóir chun go dtabharfaidh sé a ordacháin ach, i gcás ar bith eile, rachaidh sé ar aghaidh chun an cúiseamh a chur de láimh go hachomair faoi alt 178C, agus féadfaidh sé déanamh amhlaidh ant-am sin agus san áit sin.

(3) I gcás ina dtionscnófar dhá chúiseamh nó níos mó i gcoinne an duine lena mbaineann, maidir triail ag armchúirt a roghnú i leith aon cheann de na cúisimh, beidh éifeacht leis mar roghnú i leith gach ceann díobh.

Oifigeach ceannais do chur cúiseamh de láimh go hachomair.

178C.— (1) Tá feidhm ag an alt seo má roghnaíonn an duine a chúiseofar faoi alt 178B go ndéanfaidh an t-oifigeach ceannais an cúiseamh a chur de láimh go hachomair agus, i gcás ciona sceidealta a shonraítear i gCuid II den Aonú Sceideal Déag a ghabhann leis an Acht seo, má bhíonn an Stiúrthóir tar éis toiliú leis an gcúiseamh a chur de láimh go hachomair.

(2) Féadfaidh an t-oifigeach ceannais, faoi réir fho-alt (5) den alt seo, an cúiseamh a dhíbhe ag céim ar bith den éisteacht.

(3) Má chinneann an t-oifigeach ceannais nár cruthaíodh an cúiseamh, déanfaidh sé an cúiseamh a dhíbhe.

(4) Féadfaidh an t-oifigeach ceannais, tar éis an fhianaise a éisteacht nó gan an fhianaise a éisteacht, an duine a chúiseofar a athchur chun a thrialach ag armchúirt agus, sa chás sin, déanfaidh sé an ní a tharchur chuig a Stiúrthóir chun go dtabharfaidh sé a ordacháin.

(5) Tar éis don oifigeach ceannais an fhianaise a éisteacht nó, má thoilíonn an duine a chúiseofar freastal finnéithe a ligean thar ceal agus má admhaíonn an duine an cion inar cúisíodh é, tar éis don oifigeach ceannais an fhianaise atá ar fáil a bhreithniú, déanfaidh an t-oifigeach ceannais, i gcás ina gcinnfidh sé gur cruthaíodh an cúiseamh—

(a) an cinneadh a thaifeadadh, agus

(b) faoi réir fho-alt (7) den alt seo-

(i) i gcás oifigigh neamhchoimisiúnta, ceann de na pionóis seo a leanas a ghearradh:

(I) laghdú d’aon bhreisiú amháin ar scála infheidhme pá an duine ó dháta sonraithe go ceann tréimhse sonraithe nach faide ná bliain amháin;

(II) an chéad bhreisiú eile atá dlite don duine ar scála infheidhme pá an duine sin a iarchur go ceann tréimhse sonraithe nach faide ná bliain amháin;

(III) fíneáil nach mó ná méid is comhionann le pá seacht lá an duine de réir an ráta is déanaí is infheidhme;

(IV) dian-iomardú;

(V) iomardú,

(ii) i gcás saighdiúra shingil nó mairnéalaigh, ceann de na pionóis seo a leanas nó, faoi réir fho-alt (6) den alt seo, teaglaim de na pionóis seo a leanas a ghearradh:

(I) laghdú d’aon bhreisiú amháin ar scála infheidhme pá an duine ó dháta sonraithe go ceann tréimhse sonraithe nach faide ná bliain amháin;

(II) an chéad bhreisiú eile atá dlite don duine ar scála infheidhme pá an duine a iarchur go ceann tréimhse sonraithe nach faide ná bliain amháin;

(III) fíneáil nach mó ná méid is comhionann le pá seacht lá an duine de réir an ráta is déanaí is infheidhme;

(IV) stopadh le cead saoire áitiúla nó le cead saoire ar tír, de réir mar a bheidh, go ceann tréimhse nó tréimhsí nach faide san iomlán ná ceithre lá dhéag, de réir mar a bheidh forordaithe faoi alt 184;

(V) dualgais bhreise de réir mar a bheidh forordaithe faoi alt 184;

(VI) rabhadh,

(iii) i gcás duine atá faoin dlí míleata mar fhear de bhun alt 119(c) nó (d), ceann amháin de na pionóis seo a leanas a ghearradh:

(I) fíneáil nach mó ná méid is comhionann le pá seacht lá an duine de réir an ráta is déanaí is infheidhme;

(II) rabhadh.

(6) I gcás inar saighdiúir singil nó mairnéalach an duine a chúiseofar, ach amháin mar a fhoráiltear le fo-alt (10) den alt seo, ní fhéadfaidh oifigeach ceannais ach na teaglamaí pionós seo a leanas a ghearradh:

(a) i gcás ina ngearrfaidh an t-oifigeach ceannais fíneáil faoi fhomhír (ii)(III) de mhír (b) d’fho-alt (5) den alt seo, féadfaidh sé—

(i) stopadh le cead saoire áitiúla nó le cead saoire ar tír a ghearradh freisin faoi fhomhír (ii)(IV) den mhír sin (b), nó

(ii) dualgais bhreise a ghearradh freisin faoi fhomhír (ii)(V) den mhír sin (b),

(b) i gcás ina ngearrfaidh an t-oifigeach ceannais stopadh le cead saoire áitiúla nó le cead saoire ar tír faoi fhomhír (ii)(IV) de mhír (b) d’fho-alt (5) den alt seo, féadfaidh sé dualgais bhreise a ghearradh freisin faoi fhomhír (ii)(IV) den mhír sin (b).

(7) I gcás ina dtaifeadfaidh an t-oifigeach ceannais cinneadh gur cruthaíodh dhá chúiseamh nó níos mó i gcoinne an duine, gearrfaidh sé pionós amháin nó teaglaim de phionóis de réir fho-ailt (5) agus (6) den alt seo i leith na gcúiseamh á nglacadh le chéile.

(8) Féadfaidh an duine a chúiseofar duine cúnta a bheith i láthair aige ag an éisteacht os comhair an oifigigh ceannais ach ní bheidh an duine cúnta páirteach san éisteacht.

(9) Má éilíonn an duine a chúiseofar amhlaidh, is faoi mhionn a ghlacfar an fhianaise ina choinne a ghlacfar os comhair an oifigigh ceannais, agus sa chás sin cuirfear gach finné faoin mionn nó faoin dearbhú sollúnta céanna is gá d’fhinné a ghlacadh os comhair armchúirte, agus chun na críche seo féadfaidh an t-oifigeach ceannais daoine a chur faoi mhionn nó faoi dhearbhú sollúnta.

(10) I gcás ina ndéanfaidh an t-oifigeach ceannais cinneadh faoin alt seo gur cruthaíodh cúiseamh agus gur tharraing cion an chúisimh aon díobháil phearsanta, aon chaiteachas nó aon chaillteanas, nó díothú aon mhaoine nó damáiste d’aon mhaoin, féadfaidh an t-oifigeach ceannais, in ionad nó i dteannta aon phionóis a údaraítear dó leis an alt seo a ghearradh i leith an chiona, a ordú go ndéanfaidh an duine a chúiseofar, mar chúiteamh sa díobháil phearsanta, sa chaiteachas, sa chaillteanas, sa damáiste nó sa díothú a tarraingíodh amhlaidh, cibé suim a ordóidh ant-oifigeach ceannais agus is suim nach mó ná an ceann is lú díobh seo a leanas a íoc le haon duine ar bhain an díobháil phearsanta, an caiteachas, an caillteanas, an damáiste nó an díothú sin dó—

(a) an méid is gá chun an díobháil phearsanta, an caiteachas, an caillteanas, an damáiste nó an díothú sin a shlánú, nó

(b) faoi réir fho-alt (11) den alt seo, méid is comhionann le pá ocht lá is fiche an duine a chúiseofar.

(11) Féadfar le hordú cúitimh faoi fho-alt (10) den alt seo foráil a dhéanamh chun an cúiteamh a íoc i cibé tráthchodanna agus cibé tráthanna a mheasfaidh an t-oifigeach ceannais a bheith réasúnach sna himthosca go léir faoi réir asbhainte uasta pá seacht lá i aon mhí féilire amháin.

Athchur chun trialach ag armchúirt.

178D.— (1) I gcás ina n-athchuirfear an duine a chúiseofar chun a thrialach ag armchúirt faoi alt 178(2)(a)(ii) nó 178C agus ina ndéanfar an ní a tharchur chuig an Stiúrthóir chun go dtabharfaidh sé a ordacháin, féadfaidh an Stiúrthóir a ordú go ndéanfar an cúiseamh (le cibé athruithe, leasuithe, breisithe, malartuithe agus cúisimh bhreise is cuí leis) a tharchur siar chuig an oifigeach ceannais agus déanfaidh an t-oifigeach ceannais an cúiseamh nó na cúisimh a tarchuireadh siar amhlaidh a dhíbhe nó, faoi réir cirt duine a roghnú go dtriailfeadh armchúirt é de bhun alt 178B, é nó iad a thriail go hachomair de réir alt 178C.

(2) I gcás ina ndéanfar an duine a chúiseofar—

(a) a athchur chun a thrialach ag armchúirt faoi alt 178(2)(a)(ii) nó 178C agus nach dtabharfar aon ordachán faoi fho-alt (1) den alt seo, nó

(b) a athchur chun a thrialach ag armchúirt faoi alt 178 (seachas faoi alt 178(2)(a)(ii)) nó 178B,

féadfaidh an Stiúrthóir—

(i) faoi réir alt 192, i leith an chúisimh lena mbaineann (le cibé athruithe, leasuithe, breisithe, malartuithe agus cúisimh bhreise is cuí leis)—

(I) a ordú go ndéanfar an ní a tharchur chun a thrialach ag armchúirt achomair, nó

(II) a ordú go ndéanfaidh an Riarthóir Armchúirte armchúirt ghinearálta nó armchúirt theoranta, mar a shonrófar san ordachán ón Stiúrthóir, a chomóradh chun an duine cúisithe a thriail,

(ii) an cúiseamh a tharraingt siar.”.

Ailt nua a chur isteach: achomharc chun na harmchúirte achoimre, etc.

26 .— Cuirtear na hailt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 178D (arna chur isteach le halt 25) den Phríomh-Acht:

Achomharc chun na harmchúirte achoimre.

178E.— (1) Beidh feidhm ag an alt seo agus ag ailt 178F agus 178G i ndáil le hordú cúitimh arna dhéanamh faoi alt 177C nó 178C mar atá feidhm acu maidir le pionós a ghearrfar faoin alt sin 177C nó 178C, de réir mar a bheidh, agus chun críche na feidhme sin déanfar tagairtí san alt seo agus in ailt 178F agus 178G do phionós a fhorléiriú mar thagairtí d’ordú cúitimh.

(2) Aon duine arb amhlaidh maidir leis—

(a) go ndearnadh cúiseamh a chur de láimh go hachomair, agus

(b) go ndearna oifigeach údaraithe nó oifigeach ceannais, de réir mar a bheidh, cinneadh agus pionós a ghearradh,

faoi alt 177C nó 178C, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh ar an modh a fhorordaítear le rialacha armchúirte chun na harmchúirte achoimre in aghaidh an chinnidh nó an phionóis nó i gcoinne an chinnidh agus an phionóis araon.

(3) Tionscnófar achomharc faoin alt seo—

(a) laistigh de thréimhse seacht lá dar tosach an dáta a gearradh an pionós (‘an tréimhse tosaigh’), nó

(b) laistigh de cibé tréimhse is faide a cheadóidh an armchúirt achomair le cead arna thabhairt roimh dheireadh na tréimhse tosaigh.

(4) Is é an Stiúrthóir an freagróir in achomharc faoin alt seo.

Armchúirt achomair d’éisteacht achomhairc.

178F.— (1) Déanfar achomharc faoi alt 178E in aghaidh cinnidh a sheoladh—

(a) tríd an gcúiseamh a athéisteacht agus

(b) ach amháin i gcás ina mbeidh feidhm ag alt 178G(2), trí athéisteacht maidir le pionós.

(2) Déanfar achomharc faoi alt 178E in aghaidh pionóis a sheoladh trí athéisteacht maidir le pionós.

(3) Féadfaidh, más mian leis an achomharcóir é, dlíodóir (de réir bhrí alt 196) nó oifigeach faoin dlí míleata feidhmiú ar son an achomharcóra ag éisteacht an achomhairc.

Cumhachtaí armchúirte achoimre.

178G.— (1) Ag athéisteacht an chúisimh lena mbaineann faoi alt 178F, féadfaidh an armchúirt achomair an cinneadh lena mbaineann a dhaingniú nó a neamhniú.

(2) I gcás ina neamhneoidh an armchúirt achomair cinneadh, nó i gcás ina mbeidh níos mó ná cinneadh amháin ann, gach cinneadh, a dhéanfar i leith an achomharcóra, déanfaidh an armchúirt achomair an pionós a bhaineann leis an gcinneadh sin, nó de réir mar a bheidh, na cinntí sin, a neamhniú.

(3) Ag athéisteacht maidir le pionós faoi alt 178F, féadfaidh an armchúirt achomair—

(a) an pionós a gearradh a dhaingniú,

(b) an pionós sin a neamhniú, nó

(c) aon phionós eile a chur ina ionad an phionóis, ar pionós eile é a mbeadh sé faoi réim chumhacht an oifigigh údaraithe nó an oifigigh ceannais, de réir mar a bheidh, a d’éist an cúiseamh i gcoinne an achomharcóra go hachomair é a ghearradh.

(4) I gcás ina ndéanfaidh an armchúirt achomair pionós faoi fho-alt (3)(c) den alt seo a chur in ionad pionóis, beidh éifeacht leis an bpionós ionaid ar an agus ón dáta a gearradh an pionós bunaidh nó cibé dáta eile a ordóidh an breitheamh míleata.

(5) I gcás ina ndéanfar achomharc chun na harmchúirte achoimre faoi alt 178E—

(a) déanfaidh an breitheamh míleata, má iarrann an t-achomharcóir nó an freagróir air déanamh amhlaidh, agus mura dóigh leis an mbreitheamh míleata gur iarraidh shuaibhreosach an iarraidh, agus

(b) féadfaidh an breitheamh míleata, gan é a iarraidh air,

aon cheist dlí a éireoidh san achomharc sin a tharchur chuig an gCúirt Achomhairc Armchúirteanna lena cinneadh de réir an Achta um Achomhairc Armchúirteanna 1983.”.

Leasú ar alt 179 den Phríomh-Acht (fo-oifigigh do thriail cúiseamh i gcoinne saighdiúirí singile agus mairnéalach).

27 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 179 den Phríomh-Acht:

“Cúisimh i gcoinne saighdiúirí singile agus mairnéalach.

179.— (1) Féadfaidh oifigeach ceannais, de réir rialachán arna ndéanamh faoi alt 184, an chumhacht chun cúisimh a chur de láimh i gcoinne saighdiúirí singile nó mairnéalach a bheidh faoi cheannas an oifigigh ceannais a tharmligean chun aon oifigigh a bheidh faoina cheannas i leith aon cheann de na cionta sceidealta a shonraítear i gCuid I den Aonú Sceideal Déag a ghabhann leis an Acht seo, agus chun críocha an ailt seo, is fo-oifigeach gach oifigeach chun a ndéanfar an chumhacht sin a tharmligean.

(2) Déanfaidh aon fho-oifigeach a bheidh ag imscrúdú cúisimh i gcoinne saighdiúra shingil nó mairnéalaigh atá faoin dlí míleata, go ndearna sé aon cheann de na cionta dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo—

(a) an cúiseamh a dhíbhe, má mheasann sé, dá rogha féin, nár chóir dul ar aghaidh leis, nó

(b) i gcás ina measfaidh an fo-oifigeach gur chóir dul ar aghaidh leis an gcúiseamh, an cúiseamh a tharchur chuig an oifigeach ceannais agus déileálfaidh an t-oifigeach ceannais leis an gcúiseamh de réir ailt 178 go 178D, nó

(c) faoi réir an ailt seo agus de réir rialachán arna ndéanamh faoi alt 184, an cúiseamh a chur de láimh go hachomair.”.

Ailt nua a chur isteach: fógra, ceart chun roghnú agus cúiseamh a chur de láimh go hachomair.

28 .— Cuirtear na hailt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 179 den Phríomh-Acht:

“Fógra.

179A.— Más rud é go mbeartóidh fo-oifigeach cúiseamh i gcoinne saighdiúra shingil nó mairnéalaigh a imscrúdú maidir le haon cheann de na cionta dá dtagraítear in alt 179(1), beidh an saighdiúir singil nó an mairnéalach i dteideal na nithe seo a leanas a fháil, sa tslí fhorordaithe, 24 huaire an chloig ar a laghad sula mbeidh an cúiseamh le himscrúdú amhlaidh—

(a) fógra i scríbhinn san fhoirm fhorordaithe maidir leis an dáta agus an tráth a bheidh, agus an áit ina mbeidh, an cúiseamh le himscrúdú amhlaidh, agus

(b) cóip de dhuilleog na gcúiseamh ina mbeidh sonraí i dtaobh an chiona lena mbaineann, liosta de na finnéithe a bheidh ag tabhairt fianaise i gcoinne an duine agus cóipeanna d’aon fhianaise atá ar fáil agus a bheidh le tabhairt i gcoinne an duine agus d’aon ráitis ó fhinnéithe.

Ceart chun roghnú go ndéanfaí an cúiseamh a chur de láimh go hachomair ag oifigeach ceannais.

179B.— (1) Sula ndéanfaidh an fo-oifigeach cúiseamh a chur de láimh go hachomair faoi alt 179C, déanfaidh sé, sa tslí fhorordaithe, a fhiafraí den saighdiúir singil nó den mhairnéalach an roghnaíonn sé go ndéanfaidh an fo-oifigeach an cúiseamh a chur de láimh go hachomair nó go ndéanfaí an cúiseamh a tharchur chuig an oifigeach ceannais agus, má roghnaíonn an saighdiúir singil nó an mairnéalach go ndéanfaí an cúiseamh a tharchur amhlaidh, déanfaidh an fo-oifigeach an cúiseamh a tharchur chuig an oifigeach ceannais agus déileálfaidh an t-oifigeach ceannais leis an gcúiseamh de réir ailt 178 go 178D ach, i gcás ar bith eile, rachaidh an fo-oifigeach ar aghaidh leis an gcúiseamh a chur de láimh go hachomair faoi alt 179C agus féadfaidh sé déanamh amhlaidh an t-am sin agus san áit sin.

(2) I gcás ina dtionscnófar dhá chúiseamh nó níos mó i gcoinne saighdiúra shingil nó mairnéalaigh, maidir le roghnú go ndéanfaí aon cheann de na cúisimh a chur de láimh go hachomair ag an oifigeach ceannais, beidh éifeacht leis mar roghnú i leith gach aon cheann díobh.

Fo-oifigeach do chur cúiseamh de láimh go hachomair.

179C.— (1) Tá feidhm ag an alt seo má roghnaíonn saighdiúir singil nó mairnéalach faoi alt 177B go ndéanfaidh fo-oifigeach an cúiseamh a chur de láimh go hachomair.

(2) Féadfaidh an fo-oifigeach, faoi réir fho-alt (5) den alt seo, an cúiseamh a dhíbhe ag aon chéim den éisteacht.

(3) Má chinneann an fo-oifigeach nár cruthaíodh an cúiseamh, déanfaidh sé an cúiseamh a dhíbhe.

(4) Féadfaidh an fo-oifigeach, tar éis an fhianaise a éisteacht nó gan an fhianaise a éisteacht, an cúiseamh a tharchur chuig an oifigeach ceannais agus déileálfaidh an t-oifigeach ceannais leis an gcúiseamh de réir ailt 178 go 178D.

(5) Tar éis don fho-oifigeach an fhianaise a éisteacht nó, má thoilíonn an saighdiúir singil nó an mairnéalach freastal finnéithe a ligean thar ceal agus má admhaíonn sé an cion inar cúisíodh é, tar éis don fho-oifigeach an fhianaise atá ar fáil a bhreithniú, déanfaidh an fo-oifigeach, i gcás ina gcinnfidh sé gur cruthaíodh an cúiseamh—

(a) an cinneadh a thaifeadadh, agus

(b) faoi réir fho-ailt (6) agus (7) den alt seo, ceann amháin de na pionóis seo a leanas, nó teaglaim díobh, a ghearradh:

(i) fíneáil nach mó ná méid is comhionann le pá trí lá an tsaighdiúra shingil nó an mhairnéalaigh de réir an ráta is déanaí is infheidhme;

(ii) stopadh le cead saoire áitiúla nó le cead saoire ar tír, de réir mar a bheidh, go ceann tréimhse nó tréimhsí nach faide ná seacht lá san iomlán, de réir mar a bheidh forordaithe faoi alt 184;

(iii) dualgais bhreise de réir mar a bheidh forordaithe faoi alt 184;

(iv) rabhadh.

(6) Ach amháin mar a fhoráiltear le fo-alt (10) den alt seo, ní fhéadfaidh fo-oifigeach ach na teaglamaí pionós seo a leanas a ghearradh—

(a) i gcás ina ngearrfaidh an fo-oifigeach fíneáil faoi fhomhír (i) de mhír (b) d’fho-alt (5) den alt seo, féadfaidh sé—

(i) stopadh le cead saoire áitiúla nó le cead saoire ar tír a ghearradh freisin faoi fhomhír (ii) den mhír sin (b), nó

(ii) dualgais bhreise a ghearradh freisin faoi fhomhír (iii) den mhír sin (b),

(b) i gcás ina ngearrfaidh an fo-oifigeach stopadh le cead saoire áitiúla nó le cead saoire ar tír faoi fhomhír (ii) de mhír (b) d’fho-alt (5) den alt seo, féadfaidh sé dualgais bhreise a ghearradh freisin faoi fhomhír (iii) den mhír sin (b).

(7) I gcás ina dtaifeadfaidh an fo-oifigeach cinneadh gur cruthaíodh dhá chúiseamh nó níos mó i gcoinne an tsaighdiúra shingil nó an mhairnéalaigh, gearrfaidh sé pionós amháin nó teaglaim de phionóis de réir fho-ailt (5) agus (6) den alt seo i leith na gcúiseamh á nglacadh le chéile.

(8) Féadfaidh an saighdiúir singil nó an mairnéalach duine cúnta a bheith i láthair aige ag an éisteacht os comhair an fho-oifigigh ach ní bheidh an duine sin páirteach san éisteacht.

(9) Má éilíonn an saighdiúir singil nó an mairnéalach amhlaidh, is faoi mhionn a ghlacfar an fhianaise ina choinne os comhair an fho-oifigigh, agus sa chás sin cuirfear gach finné faoin mionn nó faoin dearbhú sollúnta céanna is gá d’fhinné a ghlacadh os comhair armchúirte, agus chun na críche seo féadfaidh an fo-oifigeach daoine a chur faoi mhionn agus faoi dhearbhú sollúnta.

(10) I gcás ina ndéanfaidh an fo-oifigeach cinneadh faoin alt seo gur cruthaíodh cúiseamh agus gur tharraing cion an chúisimh aon díobháil phearsanta, aon chaiteachas nó aon chaillteanas nó díothú aon mhaoine nó aon damáiste d’aon mhaoin, féadfaidh an fo-oifigeach, in ionad nó i dteannta aon phionóis a údaraítear dó leis an alt seo a ghearradh i leith an chiona, a ordú go ndéanfaidh an saighdiúir singil nó an mairnéalach, mar chúiteamh sa díobháil phearsanta, sa chaiteachas, sa chaillteanas, sa damáiste nó sa díothú a tarraingíodh amhlaidh, cibé suim a ordóidh an fo-oifigeach is suim nach mó ná an ceann is lú díobh seo a leanas a íoc le haon duine ar bhain an díobháil phearsanta, an caiteachas, an caillteanas, an damáiste nó an díothú sin dó—

(a) an méid is gá chun an díobháil phearsanta, an caiteachas, an caillteanas, an damáiste nó an díothú sin a shlánú, nó

(b) méid is comhionann le pá seacht lá an tsaighdiúra shingil nó an mhairnéalaigh.

(11) Féadfar le hordú cúitimh faoi fho-alt (10) den alt seo foráil a dhéanamh chun an cúiteamh a íoc i cibé tráthchodanna agus cibé tráthanna a mheasfaidh an fo-oifigeach a bheith réasúnach sna himthosca go léir.”.

Ailt nua a chur isteach: achomharc chuig oifigeach ceannais, etc.

29 .— Cuirtear na hailt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 179C (a cuireadh isteach le halt 28) den Phríomh-Acht:

“Achomharc chuig oifigeach ceannais.

179D.— (1) Beidh feidhm ag an alt seo agus ag alt 179E i ndáil le hordú cúitimh arna dhéanamh faoi alt 179C mar atá feidhm acu maidir le pionós a ghearrfar faoin alt sin 179C, agus chun críche na feidhme sin déanfar tagairtí san alt seo agus in alt 179E do phionós a fhorléiriú mar thagairtí d’ordú cúitimh.

(2) Aon saighdiúir singil nó mairnéalach arb amhlaidh maidir leis—

(a) go ndearnadh cúiseamh a chur de láimh go hachomair, agus

(b) go ndearna fo-oifigeach cinneadh agus pionós a ghearradh,

faoi alt 179C, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh ar an modh a fhorordaítear chuig oifigeach ceannais in aghaidh an chinnidh nó an phionóis a gearradh (nó iad araon).

(3) Tionscnófar achomharc faoin alt seo—

(a) laistigh de thréimhse dhá lá dar tosach an dáta a gearradh an pionós (‘an tréimhse tosaigh’), nó

(b) laistigh de cibé tréimhse is faide a cheadóidh oifigeach ceannais an tsaighdiúra shingil nó an mhairnéalaigh lena mbaineann le cead arna thabhairt roimh dheireadh na tréimhse tosaigh, ar tréimhse is faide í nach rachaidh thar thréimhse cúig lá dar tosach an dáta a gearradh an pionós.

Oifigeach ceannais d’éisteacht achomharc.

179E.— (1) Déanfar achomharc faoi alt 179D in aghaidh cinnidh a sheoladh tríd an gcúiseamh a athéisteacht agus trí athéisteacht maidir le pionós.

(2) Déanfar achomharc faoi alt 179D in aghaidh pionóis a sheoladh trí athéisteacht maidir le pionós.

(3) Beidh de theideal ag an achomharcóir duine cúnta a bheith i láthair aige ag éisteacht an achomhairc ach ní bheidh an duine sin páirteach san éisteacht.

(4) Beidh feidhm ag fo-ailt (2) go (11) d’alt 178C agus alt 178D, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le hachomharc faoin alt seo a éisteacht mar atá feidhm acu chun cúiseamh faoin alt sin 178C a chur de láimh go hachomair.”.

Alt nua a chur isteach: oibriú pionós áirithe a chur ar fionraí go dtí go ndéanfar achomharc.

30 .— Cuirfear an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 179E (a cuireadh isteach le halt 29) den Phríomh-Acht:

“Oibriú pionós áirithe a chur ar fionraí go dtí go ndéanfar achomharc.

179F.— Déanfar oibriú pionóis a gearradh (seachas stopadh le cead saoire áitiúla nó le cead saoire ar tír) nó ordú cúitimh a rinneadh faoin gCaibidil seo a chur ar fionraí—

(a) in aon chás go dtí go mbeidh an tréimhse chun achomharc a dhéanamh (cibé acu in aghaidh an chinnidh, an phionóis nó an ordaithe cúitimh, de réir mar a bheidh) faoi alt 178E nó 179D imithe in éag, agus

(b) i gcás ina mbeidh an t-achomharc déanta laistigh den tréimhse sin, go dtí go mbeidh an t-achomharc nó, i gcás achomhairc faoi alt 179D, aon achomharc breise, cinnte go críochnaitheach (agus go dtí go mbeidh an cinneadh, an pionós nó an t-ordú cúitimh, de réir mar a bheidh, daingnithe) nó tréigthe nó go mbeidh an tréimhse chun aon achomharc breise a dhéanamh imithe in éag.”.

Leasú ar alt 184 den Phríomh-Acht (rialacháin i ndáil le cúisimh d’imscrúdú agus a thriail go hachomair).

31 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 184 den Phríomh-Acht:

“Rialacháin

Rialacháin maidir le cúisimh a imscrúdú agus a chur de láimh go hachomair.

184.— (1) Chun críocha na Caibidle seo, féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh, nach mbeidh ar neamhréir leis an Acht seo, maidir le gach ní nó le haon ní acu seo a leanas:

(a) cúisimh i gcoinne daoine atá faoin dlí míleata a imscrúdú agus a chur de láimh go hachomair faoin gCaibidil seo, lena n-áirítear feidhmiú an chirt triail ag armchúirt a roghnú agus féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith sna rialacháin sin:

(i) an cleachtas agus an nós imeachta a leanfar;

(ii) foirm fógraí agus fógraí den sórt sin a thabhairt faoin gCaibidil seo;

(iii) finnéithe a thoghairm agus doiciméid ábhartha agus nithe eile a thabhairt ar aird;

(iv) fianaise;

(v) finnéithe a chur faoi mhionn nó faoi dhearbhú sollúnta i gcás ina bhfuil an duine a chúiseofar faoin dlí míleata agus go n-éileoidh sé go gcuirfí na finnéithe faoi mhionn;

(b) i gcás ina n-athchuirfear duine chun a thrialach ag armchúirt de bhun na Caibidle seo, oifigeach a cheapadh chun coimriú fianaise i scríbhinn a thógáil sa chás;

(c) na hoifigigh ina ndílseofar cumhachtaí agus dualgais oifigeach údaraithe agus oifigeach ceannais agus na hoifigigh a bhféadfar cumhachtaí agus dualgais fo-oifigeach a dhílsiú iontu trí tharmligean;

(d) cumhacht a tharmligean chun fo-oifigigh chun cás a thriail go hachomair;

(e) iarratas a dhéanamh chun an Stiúrthóra chun cúiseamh i gcoinne duine mar gheall ar chion a shonraítear i gCuid II den Aonú Sceideal Déag a ghabhann leis an Acht seo a thriail go hachomair;

(f) cúisimh a tharchur chun oifigigh údaraithe lena n-imscrúdú go hachomair faoi alt 177(2);

(g) an Stiúrthóir do tharchur cúiseamh siar chun iad a chur de láimh go hachomair;

(h) taifid a dhéanamh agus a choimeád ar imeachtaí agus ar chinntí a dhéanfar maidir le cúisimh a imscrúdú agus a chur de láimh go hachomair;

(i) dátaí éifeachtacha pionós a gearradh agus orduithe cúitimh a rinneadh, agus cur i bhfeidhm pionós a gearradh agus orduithe cúitimh a rinneadh, faoi alt 177C, 178C nó 179C, de réir mar a bheidh;

(j) stopadh le cead saoire áitiúla nó le cead saoire ar tír faoi alt 178C nó 179C, lena n-áirítear na tráthanna a fhéadfar aon stopadh den sórt sin a fhorchur;

(k) na dualgais bhreise a fhéadfaidh oifigeach ceannais a ghearradh faoi alt 178C nó a fhéadfaidh fo-oifigeach a ghearradh faoi alt 179C, lena n-áirítear cineál na ndualgas sin agus an tréimhse ar lena linn agus na tráthanna a fhéadfar na dualgais sin a chomhlíonadh, ar tréimhse í nach rachaidh thar trí huaire an chloig sa ló ar feadh seacht lá in aon chás;

(l) saighdiúir singil nó mairnéalach do dhéanamh achomhairc chuig oifigeach ceannais faoi alt 179D;

(m) aon duine, ní nó rud dá dtagraítear mar dhuine, mar ní nó mar rud atá forordaithe nó le forordú;

(n) aon ní nó rud eile is gá chun an Chaibidil seo a thabhairt in éifeacht.

(2) Leagfar gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.”.

Caibidil 4

Armchúirteanna

Caibidil nua a chur isteach: An Riarthóir Armchúirte.

32 .— Cuirtear an Chaibidil seo a leanas isteach i ndiaidh Chaibidil IV de Chuid V den Phríomh-Acht:

“CAIBIDIL IVA

An Riarthóir Armchúirte

An Riarthóir Armchúirte a cheapadh.

184A.— (1) Féadfar oifigeach de na Buan-Óglaigh nach ísle céim ná cornal airm nó an chéim chabhlaigh atá comhionann léi, le barántas ón Ard-Abhcóide Breithiúnais, a cheapadh mar an Riarthóir Armchúirte.

(2) Féadfar barántas faoin alt seo a dhéanamh faoi réir cibé srianta, forchoimeádas, eisceachtaí agus coinníollacha is cuí leis an Ard-Abhcóide Breithiúnais lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann leis an Riarthóir Armchúirte do tharmligean a fheidhmeanna faoin Acht seo.

(3) Maidir le barántas faoin alt seo—

(a) féadfar é a dhíriú chuig oifigeach faoina ainm nó faoi theideal a oifige nó go páirteach i slí amháin agus go páirteach i slí eile, agus

(b) féadfar, de réir théarmaí an bharántais agus mhodh a dhírithe—

(i) é a theorannú nó gan é a theorannú go hoifigeach a ainmneofar, nó

(ii) é a leathnú nó gan é a leathnú chuig duine a bheidh de thuras na huaire ag comhlíonadh dhualgais na hoifige a ainmneofar, nó

(iii) é a leathnú nó gan é a leathnú chuig comharbaí oifige oifigigh.

(4) Beidh an Riarthóir Armchúirte neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.

(5) Ní thabharfaidh an Riarthóir Armchúirte tuarascáil ar chomhlíonadh a fheidhmeanna faoin Acht seo ná ní bheidh sé ina ábhar d’aon tuarascáil ina leith.

Feidhmeanna an Riarthóra Armchúirte.

184B.— (1) Déanfaidh an Riarthóir Armchúirte riarachán agus gnó armchúirteanna a bhainistiú agus a rialú i gcoitinne agus comhlíonfaidh sé cibé feidhmeanna eile a bheidh sonraithe nó forordaithe leis an Acht seo nó faoi.

(2) Gníomhóidh an Riarthóir Armchúirte faoi mhaoirsiú ginearálta an Ard-Abhcóide Breithiúnais.

(3) Déanfaidh an Riarthóir Armchúirte cibé faisnéis i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna a éileoidh an tArd-Abhcóide Breithiúnais ó am go ham a chur ar fáil don Ard-Abhcóide Breithiúnais.

(4) Déanfaidh an Riarthóir Armchúirte—

(a) de réir mar a ordóidh an Stiúrthóir faoin gCuid seo, armchúirteanna ginearálta agus armchúirteanna teoranta a chomóradh agus aon chúiseamh nó ní eile a tharchur chuig an armchúirt achomair, agus

(b) i gcás armchúirte ginearálta nó armchúirte teoranta, comhaltaí an bhoird armchúirte a shonrú.

(5) Faoi réir théarmaí an bharántais faoi alt 184A, féadfaidh an Riarthóir Armchúirte a chuid feidhmeanna a tharmligean ó am go ham chuig aon duine nó daoine eile nó aicme nó aicmí daoine eile chun cibé críocha a shonrófar sa bharántas.”.

Caibidil nua a chur isteach: An Stiúrthóir Ionchúiseamh Míleata.

33 .— Cuirtear an Chaibidil seo a leanas isteach i ndiaidh Chaibidil IVA (arna chur isteach le halt 32) de Chuid V den Phríomh-Acht:

“CAIBIDIL IVB

An Stiúrthóir Ionchúiseamh Míleata

An Stiúrthóir Ionchúiseamh Míleata a cheapadh.

184C.— (1) Faoi réir na Caibidle seo, ceapfaidh an Rialtas oifigeach de na Buan-Óglaigh mar an Stiúrthóir Ionchúiseamh Míleata (dá ngairtear an ‘Stiúrthóir’ san Acht seo).

(2) Faoi réir na Caibidle seo, beidh oifigeach is abhcóide cleachtach nó aturnae cleachtach a bhfuil seasamh 10 mbliana ar a laghad aige cáilithe lena cheapadh mar an Stiúrthóir.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar gur cleachtadh mar abhcóide nó mar aturnae, de réir mar a bheidh, seirbhís ar feadh aon tréimhse i bpost i seirbhís lánaimsire an Stáit (lena n-áirítear mar chomhalta de na Buan-Óglaigh agus mar státseirbhíseach de réir bhrí Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse 1956) ar riachtanas ina leith cáilíocht mar abhcóide nó mar aturnae, ar feadh na tréimhse sin, agus measfar gur abhcóide cleachtach nó aturnae cleachtach, de réir mar a bheidh, oifigeach le linn dó a bheith i seilbh an phoist sin.

(4) Ní ísle céim ná cornal airm nó an chéim chabhlaigh atá comhionann léi an Stiúrthóir.

Coiste.

184D.— (1) D’fhonn oifigigh a aithint agus d’fhonn a n-oiriúnacht chun a gceaptha mar Stiúrthóir a chur in iúl don Aire, bunófar coiste ar a mbeidh—

(a) an Ceann Foirne,

(b) Breitheamh den Ard-Chúirt, a bheidh ainmnithe ag Uachtarán na hArd-Chúirte, agus

(c) an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

(2) (a) I gcás ina ndéanfaidh an duine a shonraítear i bhfo-alt 1(b) den alt seo a chur in iúl aon tráth nach mian leis, nó nach féidir leis, gníomhú ar feadh aon tréimhse mar chomhalta den choiste, féadfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte aon Bhreitheamh eile den Ard-Chúirt a bheidh ar fáil a ainmniú chun bheith ina chomhalta den choiste in ionad an duine sin ar feadh na tréimhse sin.

(b) I gcás ina ndéanfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí a chur in iúl aon tráth nach mian leis, nó nach féidir leis, gníomhú ar feadh aon tréimhse mar chomhalta den choiste, féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Ard-Aighne, abhcóide cleachtach arna ainmniú ag Ardchomhairle Bharra na hÉireann nó aturnae cleachtach arna ainmniú ag Dlí-Chumann na hÉireann, a cheapadh ina chomhalta den choiste in ionad an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar feadh na tréimhse sin.

(3) Féadfaidh an coiste cibé nósanna imeachta a ghlacadh a mheasfaidh sé a bheith cuí chun a chuid feidhmeanna a chur i gcrích faoin alt seo.

(4) Déanfaidh an coiste, aon uair a iarrfaidh an tAire amhlaidh air, oifigeach nó oifigigh a roghnú chun a cheaptha nó a gceaptha faoi alt 184C agus cuirfidh sé an roghnú a dhéanfar agus a oiriúnacht nó a n-oiriúnacht don cheapachán in iúl don Aire.

(5) Ní cheapfaidh an Rialtas oifigeach chun bheith ina Stiúrthóir murar roghnaigh an coiste an t-oifigeach nó mura raibh sé ar áireamh na ndaoine a roghnaigh an coiste de bhun iarrata faoi fho-alt (4) den alt seo i ndáil leis an gceapachán sin, ach—

(a) mura féidir leis an gcoiste oifigeach oiriúnach a roghnú de bhun iarrata áirithe faoin bhfo-alt sin, nó

(b) má chinneann an Rialtas gan ant-oifigeach nó aon duine de na hoifigigh a roghnaigh an coiste de bhun iarrata áirithe faoin bhfo-alt sin a cheapadh chun bheith ina Stiúrthóir,

ansin—

(i) ceapfaidh an Rialtas oifigeach chun bheith ina Stiúrthóir ar oifigeach é a roghnaigh an coiste nó a bhí ar áireamh na ndaoine a roghnaigh an coiste de bhun iarrata roimhe sin (más ann) faoin bhfo-alt sin i ndáil leis an gceapachán sin, nó

(ii) déanfaidh an tAire iarraidh bhreise chun an choiste faoin bhfo-alt sin agus ceapfaidh an Rialtas oifigeach chun bheith ina Stiúrthóir ar oifigeach é a roghnaigh an coiste nó a bhí ar áireamh na ndaoine a roghnaigh an coiste de bhun na hiarrata sin nó de bhun iarrata eile faoin bhfo-alt sin i ndáil leis an gceapachán sin.

(6) Beidh imeachtaí uile an choiste agus an uile chumarsáid chuig an gcoiste faoi rún agus ní nochtfar iad ach amháin chun críocha na Caibidle seo.

Téarmaí agus coinníollacha ceapacháin.

184E.— (1) Faoi réir na Caibidle seo, sealbhóidh an Stiúrthóir oifig agus scarfaidh sé le hoifig ar na téarmaí agus na coinníollacha a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Beidh an Stiúrthóir neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.

(3) Ní thabharfaidh an Stiúrthóir tuarascáil ar chomhlíonadh a fheidhmeanna faoin Acht seo ná ní bheidh sé ina ábhar d’aon tuarascáil ina leith.

(4) Féadfaidh an tArd-Aighne, an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí agus an Stiúrthóir dul i gcomhairle le chéile ó am go ham maidir le nithe a bhaineann le feidhmeanna an Stiúrthóra.

Oifigigh ionchúisimh.

184F.— (1) Féadfaidh an Stiúrthóir oifigigh a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh ionchúisimh.

(2) Ní dhéanfar oifigeach a cheapadh mar oifigeach ionchúisimh mura rud é, ar dháta an cheaptha faoi fho-alt (1) den alt seo, gur abhcóide nó aturnae é.

(3) Sealbhóidh oifigeach ionchúisimh oifig, agus scarfaidh sé le hoifig, de réir théarmaí a cheaptha.

(4) Féadfaidh oifigeach ionchúisimh, muran-ordóidh an Stiúrthóir a mhalairt, aon fheidhm de chuid an Stiúrthóra a fheidhmiú.

Cionta a ionchúiseamh.

184G.— (1) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás ina mbeidh cúiseamh tarchurtha chuig an Stiúrthóir faoi aon cheann d’fhorálacha an Achta seo.

(2) Nuair a tharchuirfear cúiseamh mar gheall ar chion faoin Acht seo chuig an Stiúrthóir féadfaidh sé aon cheann de na cumhachtaí a thugtar dó le haon cheann d’fhorálacha an Achta seo a fheidhmiú.

(3) I gcás ina n-ordóidh an Stiúrthóir go ndéanfar cion nó cionta sonraithe a thriail ag armchúirt, cinnfidh sé freisin an cineál armchúirte a thriailfidh an cion nó na cionta lena mbaineann agus tabharfaidh sé ordú dá réir sin don Riarthóir Armchúirte.

(4) I gcás ina mbeidh ordú tugtha ag an Stiúrthóir chun duine a cúisíodh i gcion in aghaidh an dlí mhíleata a thriail ag armchúirt, measfar go bhfuil an cion á ionchúiseamh ar agra an Stiúrthóra agus beidh an Stiúrthóir freagrach as seoladh gach ionchúisimh in armchúirt, agus dá réir sin, i dteannta aon chumhachtaí eile a thugtar dó leis an Acht seo nó faoin Acht seo, beidh ag an Stiúrthóir, maidir leis an gcion sin, cumhachtaí is ionann agus na cumhachtaí a thugtar le dlí don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí maidir le cionta is intriailte ar díotáil os comhair cúirte sibhialta.

Stiúrthóir a chur as oifig.

184H.— (1) Faoi réir alt 184I, féadfaidh an Rialtas an Stiúrthóir a chur as oifig ach sin ar chúiseanna sonraithe amháin, lena n-áirítear—

(a) mar gheall ar é a theacht chun bheith éagumasach ar fheidhmeanna na hoifige a chomhlíonadh go héifeachtach de dheasca easláinte, coirp nó meabhrach,

(b) toisc gur mhainnigh sé feidhmeanna na hoifige a chomhlíonadh le dúthracht agus éifeachtacht chuí,

(c) toisc gur iompar sé é féin ar shlí a tharraingíonn míchlú ar an oifig nó a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do chomhlíonadh cuí fheidhmeanna na hoifige, nó

(d) toisc gur fearr a rachadh sé chun leasa Óglaigh na hÉireann, i dtuairim an Rialtais, é a chur as oifig.

(2) Ar fhógra a thabhairt don Stiúrthóir faoi alt 184I(1) go bhfuil ar intinn ag an Rialtas breithniú a dhéanamh i dtaobh é a chur as oifig, féadfaidh an Rialtas an Stiúrthóir a chur ar fionraí ó dhualgas láithreach.

(3) Leanfaidh an fhionraí ó dhualgas go dtí go ndéanfaidh an Rialtas cinneadh i ndáil leis an ní a bheidh faoi bhreithniú, ach sin sa chás amháin nach mbeidh aon mhoill mhíchuí ann ó thaobh bearta a dhéanamh faoi alt 184I nó ó thaobh an cinneadh sin a dhéanamh.

Bearta a dhéanfar sula gcuirfear Stiúrthóir as oifig.

184I.— (1) Sula ndéanfaidh an Rialtas breithniú i dtaobh an Stiúrthóir a chur as oifig faoi alt 184H, déanfaidh an Rialtas—

(a) fógra a thabhairt don Stiúrthóir go bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas an ní a bhreithniú agus ráiteas ar na cúiseanna atá acu le déanamh amhlaidh a áireamh san fhógra, agus

(b) deis a thabhairt don Stiúrthóir uiríll a dhéanamh maidir leis an gcúis nár chóir é a chur as oifig.

(2) Féadfaidh an Rialtas, má mheasann siad gur gá nó gur cuí déanamh amhlaidh, Breitheamh den Ard-Chúirt arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chúirte a cheapadh chun—

(a) fiosrúchán a sheoladh ar aon ní is cúis le fógra faoi fho-alt (1) den alt seo, agus

(b) tuarascáil ar fhionnachtana an fhiosrúcháin a thabhairt don Rialtas.

(3) Féadfaidh Breitheamh den Ard-Chúirt a cheapfar faoin alt seo chun fiosrúchán a sheoladh, ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) a ordú do dhuine, trí fhógra a sheachadfar ar an duine, aon fhaisnéis a sholáthar a shonrófar san fhógra agus is gá chun críocha an fhiosrúcháin;

(b) a ordú d’aon duine, trí fhógra a sheachadfar ar an duine, doiciméad a shonrófar san fhógra agus a bheidh iomchuí maidir leis an bhfiosrúchán agus a bheidh faoi chumhacht nó faoi rialú an duine, a thabhairt ar aird an tráth agus san áit a shonrófar san fhógra;

(c) finnéithe a thoghairm chun freastal ag an bhfiosrúchán;

(d) a ordú d’fhinné ceist a chuirfear ar an bhfinné ag an bhfiosrúchán a fhreagairt;

(e) aon ordachán eile a thabhairt is dealraitheach don Bhreitheamh a cheapfar faoin alt seo a bheith riachtanach, cóir agus réasúnach chun críocha an fhiosrúcháin;

(f) finnéithe a chur faoi mhionn agus faoi dhearbhasc agus finnéithe a bheidh ag freastal ar an bhfiosrúchán a cheistiú.

(4) Aon duine a mbeidh a fhianaise tugtha, á tabhairt nó le tabhairt os comhair fiosrúcháin faoin alt seo, nó a thabharfaidh doiciméad ar aird don fhiosrúchán nó a chuirfidh doiciméad go dtí an fiosrúchán de bhun toghairme nó ordacháin, de réir mar a bheidh, faoi fho-alt (3) den alt seo nó ar a gceanglófar le toghairm nó le hordachán den sórt sin fianaise a thabhairt nó doiciméad a thabhairt ar aird don fhiosrúchán nó freastal os comhair an fhiosrúcháin agus fianaise a thabhairt ann nó doiciméad a thabhairt ar aird ann, beidh sé i dteideal na bpribhléidí céanna agus na ndíolúintí céanna amhail is dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é an duine.

(5) Má mhainníonn nó má dhiúltaíonn duine toghairm nó ordachán faoi fho-alt (3) den alt seo a chomhlíonadh nó mura ndéanfaidh sé de réir toghairme nó ordacháin faoi fho-alt (3) den alt seo, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas ón mBreitheamh a cheapfar faoin alt seo—

(a) a ordú don duine ar ina leith a rinneadh an t-iarratas an t-ordachán a chomhlíonadh nó, i gcás toghairme, freastal ar an bhfiosrúchán, agus

(b) cibé ordú eile (más ann) a mheasfaidh sí is gá agus is cóir a dhéanamh chun go mbeidh lánéifeacht leis an ordachán nó, i gcás toghairme, chun a áirithiú go bhfreastalóidh an duine ag an bhfiosrúchán.

(6) Aon duine—

(a) dá dtabharfar fógra faoi fho-alt (3) den alt seo agus a dhiúltóidh nó a mhainneoidh, gan leithscéal dleathach, ordachán faoi mhír (a) nó (b) den fho-alt sin a chomhlíonadh,

(b) a mhainneoidh, gan leithscéal dleathach, freastal ar fhiosrúchán mar fhreagra ar ordachán faoi fho-alt (3)(c) den alt seo,

(c) a dhiúltóidh ceist a fhreagairt a fhéadfaidh an Breitheamh den Ard-Chúirt a bheidh ag seoladh an fhiosrúcháin a ordú de réir dlí don duine a fhreagairt, nó

(d) a dhéanfaidh nó a fhágfaidh gan déanamh, maidir leis an bhfiosrúchán, aon rud eile ar dhíspeagadh é ar an Ard-Chúirt é a dhéanamh nó é a fhágáil gan déanamh, dá mba imeacht sa Chúirt sin an fiosrúchán,

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €3,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air.

(7) Má sheoltar fiosrúchán, déanfaidh an Rialtas—

(a) an tuarascáil i dtaobh fhionnachtana an fhiosrúcháin a bhreithniú,

(b) cóip den tuarascáil a chur ar fáil don Stiúrthóir arb é is ábhar don tuarascáil é a chur as oifig, agus

(c) deis a thabhairt don Stiúrthóir uiríll a dhéanamh i ndáil leis an tuarascáil.

(8) Cuirfidh an tAire faoi deara, a luaithe is indéanta tar éis an Stiúrthóir a chur as oifig faoi alt 184H, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ar na cúiseanna gur cuireadh as oifig é.”.

Caibidil nua a chur isteach: Breitheamh Míleata.

34 .— Cuirtear an Chaibidil seo a leanas isteach i ndiaidh Chaibidil IVB (a cuireadh isteach le halt 33) de Chuid V den Phríomh-Acht:

“CAIBIDIL IVC

Breitheamh Míleata

Breitheamh míleata.

184J.— (1) Féadfaidh an tUachtarán, ar chomhairle an Rialtais, aon oifigeach cáilithe amháin nó níos mó de na Buan-Óglaigh a cheapadh chun bheith ina bhreitheamh míleata.

(2) Aon oifigeach a bheidh ina abhcóide cleachtach nó ina aturnae cleachtach ag a mbeidh seasamh 10 mbliana ar a laghad, beidh sé cáilithe chun a cheaptha mar bhreitheamh míleata.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar gur cleachtadh mar abhcóide nó mar aturnae, de réir mar a bheidh, seirbhís ar feadh aon tréimhse i bpost i seirbhís lánaimsire an Stáit (lena n-áirítear mar chomhalta de na Buan-Óglaigh agus mar státseirbhíseach de réir bhrí Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse 1956) ar riachtanas ina leith cáilíocht mar abhcóide nó mar aturnae, ar feadh na tréimhse sin agus measfar gur abhcóide cleachtach nó aturnae cleachtach, de réir mar a bheidh, oifigeach le linn dó a bheith i seilbh an poist sin.

(4) Ní ísle céim ná cornal airm nó an chéim chabhlaigh atá comhionann léi an breitheamh míleata, nó i gcás níos mó ná aon bhreitheamh míleata amháin a bheith ann, an Príomh-Bhreitheamh Míleata.

An Coiste.

184K.— (1) D’fhonn oifigigh a aithint agus d’fhonn oiriúnacht na n-oifigeach sin chun a gceaptha chuig oifig bhreithiúnach a chur in iúl don Rialtas, bunófar coiste ar a mbeidh—

(a) an Ceann Foirne,

(b) an tArd-Abhcóide Breithiúnais, agus

(c) Breitheamh den Ard-Chúirt, a bheidh ainmnithe ag Uachtarán na hArd-Chúirte.

(2) Féadfaidh an coiste cibé nósanna imeachta a ghlacadh a mheasfaidh sé a bheith cuí chun a chuid feidhmeanna a chur i gcrích faoin alt seo.

(3) Déanfaidh an coiste, aon uair a iarrfaidh an tAire amhlaidh air, oifigeach nó oifigigh a roghnú chun a cheaptha nó a gceaptha faoin alt seo agus cuirfidh sé an roghnú a dhéanfar agus a oiriúnacht nó a n-oiriúnacht don cheapachán in iúl don Aire agus déanfaidh an Rialtas an t-oifigeach nó na hoifigigh a roghnófar amhlaidh a bhreithniú i dtaca lena cheapadh nó lena gceapadh.

(4) Ní dhéanfaidh an coiste ainm oifigigh a chur faoi bhráid an Aire nó é a mholadh don Aire faoin alt seo mura gcomhlíonfaidh an t-oifigeach lena mbaineann ceanglais alt 184J(2) maidir leis an gceapachán beartaithe, agus ní mholfaidh an coiste ainm an oifigigh don Aire mura rud é, i dtuairim an choiste—

(a) gur léirigh an t-oifigeach ina chleachtadh nó ina cleachtadh mar abhcóide nó mar aturnae, de réir mar a bheidh, méid inniúlachta agus méid ionracais is cuí don cheapachán mar bhreitheamh míleata agus atá ar comhréir leis,

(b) go bhfuil an t-oifigeach oiriúnach ó thaobh carachtair agus meoin de,

(c) go bhfuil an t-oifigeach oiriúnach thairis sin, agus

(d) go gcomhlíonann an t-oifigeach ceanglais fho-alt (5) den alt seo.

(5) Aon oifigeach ar mian leis go ndéanfaí breithniú maidir lena cheapadh faoi alt 184J, tabharfaidh sé gealltanas i scríbhinn don choiste, go ndéanfadh sé más rud é go gceapfar mar bhreitheamh míleata é, cibé cúrsaí oiliúna nó oideachais, nó iad araon, a cheanglóidh an tArd-Abhcóide Breithiúnais.

(6) Beidh imeachtaí uile an choiste agus an uile chumarsáid chuig an gcoiste faoi rún agus ní nochtfar iad ach amháin chun críocha na Caibidle seo.

Téarmaí agus coinníollacha ceapacháin.

184L.— (1) Faoi réir na Caibidle seo, sealbhóidh breitheamh míleata oifig agus scarfaidh sé le hoifig ar na téarmaí agus coinníollacha agus de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair agus aoisliúntas) a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Beidh breitheamh míleata neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna breithiúnacha faoin Acht seo.

(3) Ní shealbhóidh breitheamh míleata aon oifig nó fostaíocht eile a bhfuil luach saothair iníoctha ina leith.

(4) Ní laghdófar luach saothair breithimh mhíleata le linn dó leanúint in oifig.

(5) Féadfaidh an tUachtarán, ar iarratas ón mbreitheamh míleata féin, breitheamh míleata a scaoileadh ó oifig.

(6) Is coinníoll dá cheapachán é, maidir le breitheamh míleata—

(a) a scaoilfidh an tUachtarán ó oifig é faoi fho-alt (5) den alt seo, go scoirfidh sé de bheith ina oifigeach,

(b) a scoirfidh de bheith ina oifigeach faoi aon cheann d’fhorálacha an Achta seo, go scoirfidh sé de bheith ina bhreitheamh míleata,

(c) a éireoidh as oifig de réir théarmaí agus choinníollacha a cheapacháin faoin gCaibidil seo, go scoirfidh sé de bheith ina oifigeach,

(d) a chuirfear as oifig faoi alt 184O, go scoirfidh sé de bheith ina oifigeach.

(7) Déanfaidh gach oifigeach a cheapfar mar bhreitheamh míleata faoin gCaibidil seo, sula dtosóidh sé ar a dhualgais faoin Acht seo agus in aon chás tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a cheaptha, mionn a mhionnú nó dearbhú sollúnta a dhéanamh san fhoirm fhorordaithe is mionn nó dearbhú a chuirfidh an tArd-Abhcóide Breithiúnais agus aon bhreitheamh míleata a dhiúltóidh nó a fhailleoidh mionn a mhionnú nó dearbhú den sórt sin a dhéanamh measfar gur scar sé lena oifig.

(8) Ní thabharfaidh breitheamh míleata tuarascáil ar chomhlíonadh a fheidhmeanna faoin Acht seo ná ní bheidh sé ina ábhar d’aon tuarascáil ina leith.

Feidhmeanna breithimh mhíleata.

184M.— Beidh breitheamh míleata i gceannas in armchúirteanna agus comhlíonfaidh sé aon fheidhmeanna breithiúnacha eile a fhorordófar.

An Príomh-Bhreitheamh Míleata.

184N.— (1) Féadfaidh an tUachtarán, ar chomhairle an Rialtais, breitheamh míleata a cheapadh chun bheith ina Phríomh-Bhreitheamh Míleata.

(2) Beidh ag an bPríomh-Bhreitheamh Míleata cibé feidhmeanna a fhorordófar lena n-áirítear breithiúna míleata a shannadh chun bheith i gceannas in armchúirteanna agus chun feidhmeanna breithiúnacha eile a chomhlíonadh faoin Acht seo.

(3) Féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh Míleata aon cheann d’fheidhmeanna an Phríomh-Bhreithimh Mhíleata a tharmligean chuig breitheamh míleata.

Breitheamh míleata a chur as oifig.

184O.— (1) Faoi réir alt 184P, féadfaidh an tUachtarán breitheamh míleata a chur as oifig ar chomhairle an Rialtais ach sin ar chúiseanna sonraithe amháin, lena n-áirítear—

(a) mar gheall ar é a theacht chun bheith éagumasach ar fheidhmeanna na hoifige a chomhlíonadh go héifeachtach de dheasca easláinte, coirp nó meabhrach,

(b) toisc gur mhainnigh sé feidhmeanna na hoifige a chomhlíonadh le dúthracht agus éifeachtacht chuí,

(c) toisc gur iompair sé é féin ar shlí a tharraingíonn míchlú ar an oifig nó a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do chomhlíonadh cuí fheidhmeanna na hoifige, nó

(d) toisc gur fearr a rachadh sé chun leasa Óglaigh na hÉireann, i dtuairim an Rialtais, é a chur as oifig.

(2) Ar fhógra a thabhairt do bhreitheamh míleata faoi alt 184P(1) go bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas breithniú a dhéanamh i dtaobh é a chur as oifig, féadfaidh an Rialtas, an breitheamh míleata a chur ar fionraí ó dhualgas láithreach.

(3) Leanfaidh an fhionraí ó dhualgas go dtí go ndéanfaidh an Rialtas cinneadh i ndáil leis an ní atá faoi bhreithniú, ach sin amháin sa chás nach mbeidh aon mhoill mhíchuí ann ó thaobh bearta a dhéanamh faoi alt 184P nó ó thaobh an cinneadh sin a dhéanamh.

Bearta a dhéanfar sula gcuirfear breitheamh míleata as oifig.

184P.— (1) Sula ndéanfaidh an Rialtas breithniú i dtaobh breitheamh míleata a chur as oifig faoi alt 184O, déanfaidh an Rialtas—

(a) fógra a thabhairt don bhreitheamh míleata go bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas an ní a bhreithniú agus ráiteas ar na cúiseanna atá acu le déanamh amhlaidh a áireamh san fhógra, agus

(b) deis a thabhairt don bhreitheamh míleata uiríll a dhéanamh maidir leis an gcúis nár chóir é a chur as oifig.

(2) Féadfaidh an Rialtas, má mheasann siad gur gá nó gur cuí déanamh amhlaidh, Breitheamh den Ard-Chúirt arna ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chúirte a cheapadh chun—

(a) fiosrúchán a sheoladh ar aon ní is cúis le fógra faoi alt (1) den alt seo, agus

(b) tuarascáil ar fhionnachtana an fhiosrúcháin a thabhairt don Rialtas.

(3) Féadfaidh Breitheamh den Ard-Chúirt a cheapfar faoin alt seo chun fiosrúchán a sheoladh ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) a ordú do dhuine, trí fhógra a sheachadfar ar an duine, aon fhaisnéis a sholáthar a shonrófar san fhógra agus is gá chun críocha an fhiosrúcháin;

(b) a ordú d’aon dhuine, trí fhógra a sheachadfar ar an duine, doiciméad a shonrófar san fhógra agus a bheidh iomchuí maidir leis an bhfiosrúchán agus a bheidh faoi chumhacht nó faoi rialú an duine, a thabhairt ar aird an tráth agus san áit a shonrófar san fhógra;

(c) finnéithe a thoghairm chun freastal ag an bhfiosrúchán;

(d) a ordú d’fhinné ceist a chuirfear ar an bhfinné ag an bhfiosrúchán a fhreagairt;

(e) aon ordachán eile a thabhairt is dealraitheach don Bhreitheamh a cheapfar faoin alt seo a bheith riachtanach, cóir agus réasúnach chun críocha an fhiosrúcháin;

(f) finnéithe a chur faoi mhionn agus faoi dhearbhasc agus finnéithe a bheidh ag freastal ar an bhfiosrúchán a cheistiú.

(4) Aon duine a mbeidh a fhianaise tugtha, á tabhairt nó le tabhairt os comhair fiosrúcháin faoin alt seo, nó a thabharfaidh doiciméad ar aird don fhiosrúchán nó a chuirfidh doiciméad chuig an bhfiosrúchán de bhun toghairme nó ordacháin, de réir mar a bheidh, faoi fho-alt (3) den alt seo, nó ar a gceanglófar le toghairm nó le hordachán den sórt sin fianaise a thabhairt nó doiciméad a thabhairt ar aird don fhiosrúchán nó freastal os comhair an fhiosrúcháin agus fianaise a thabhairt ann nó doiciméad a thabhairt ar aird ann, beidh sé i dteideal na bpribhléidí agus na ndíolúintí céanna amhail is dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é an duine.

(5) Má mhainníonn nó má dhiúltaíonn duine ordachán nó toghairm faoi fho-alt (3) den alt seo a chomhlíonadh, nó mura ndéanfaidh sé de réir ordacháin nó toghairme faoi fho-alt (3) den alt seo, féadfaidh an Ard-Chúirt ar iarratas ón mBreitheamh a cheapfar faoin alt seo—

(a) a ordú don duine ar ina leith a rinneadh an t-iarratas an t-ordachán a chomhlíonadh nó, i gcás toghairme, freastal ar bhfiosrúchán, agus

(b) cibé ordú eile (más ann) a mheasfaidh sí is gá agus is cóir a dhéanamh chun go mbeidh lánéifeacht leis an ordachán nó, i gcás toghairme, chun a áirithiú go bhfreastalóidh an duine ag an bhfiosrúchán.

(6) Aon duine—

(a) dá dtabharfar fógra faoi fho-alt (3) den alt seo agus a dhiúltóidh nó a mhainneoidh, gan leithscéal dleathach, ordachán faoi mhír (a) nó (b) den fho-alt sin a chomhlíonadh,

(b) a mhainneoidh, gan leithscéal dleathach, freastal ar fhiosrúchán mar fhreagra ar thoghairm faoi fho-alt (3)(c) den alt seo,

(c) a dhiúltóidh ceist a fhreagairt a fhéadfaidh an Breitheamh den Ard-Chúirt a bheidh ag seoladh an fhiosrúcháin a ordú de réir dlí don duine a fhreagairt, nó

(d) a dhéanfaidh, nó a fhágfaidh gan déanamh, maidir leis an bhfiosrúchán, aon rud eile ar dhíspeagadh é ar an Ard-Chúirt é a dhéanamh nó gan é a dhéanamh, dá mba imeacht sa Chúirt sin an fiosrúchán,

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €3,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air.

(7) Má sheoltar fiosrúchán, déanfaidh an Rialtas—

(a) an tuarascáil i dtaobh fhionnachtana an fhiosrúcháin a bhreithniú,

(b) cóip den tuarascáil a chur ar fáil don bhreitheamh míleata arb é is ábhar don tuarascáil é a chur as oifig, agus

(c) deis a thabhairt don bhreitheamh míleata uiríll a dhéanamh i ndáil leis an tuarascáil.

(8) A luaithe is indéanta tar éis an breitheamh míleata a chur as oifig faoi alt 184O, cuirfidh an tAire faoi deara ráiteas i dtaobh na gcúiseanna a bhí leis an mbreitheamh míleata a chur as oifig a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.”.

Leasú ar alt 185 den Phríomh-Acht (éigiontú nó ciontú a bheith ina urchosc ar thriail ag armchúirt ina dhiaidh sin).

35 .— Leasaítear alt 185 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Más rud é go ndearnadh duine atá faoin dlí míleata a éigiontú i gcion ag armchúirt, ní bheidh sé intriailte arís ag armchúirt i leith an chiona sin.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Más rud é go ndearnadh duine atá faoin dlí míleata a chiontú i gcion ag armchúirt, ní bheidh sé intriailte arís ag armchúirt i leith an chiona sin mura mbeidh an Chúirt Achomhairc Armchúirteanna tar éis an ciontú a neamhniú agus atriail a ordú de bhun an Achta um Nós Imeachta Coiriúil 1993.”.

Leasú ar alt 186 den Phríomh-Acht (cineálacha armchúirte).

36 .— Cuirtear an t-alt seo in ionad alt 186 den Phríomh-Acht:

“Cineálacha armchúirte.

186.— Beidh trí chineál armchúirte ann, eadhon, armchúirteanna ginearálta, armchúirteanna teoranta agus an armchúirt achomair.”.

Leasú ar alt 187 den Phríomh-Acht (armchúirteanna a chomóradh).

37 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 187 den Phríomh-Acht:

“Armchúirt a chomóradh.

187.— (1) I gcás ina n-ordóidh an Stiúrthóir go ndéanfar cion nó cionta sonraithe a thriail ag armchúirt, comórfaidh an Riarthóir Armchúirte, faoi réir ordacháin an Stiúrthóra, armchúirt ghinearálta nó armchúirt theoranta, nó tarchuirfidh sé an ní chun trialach ag armchúirt achomair.

(2) Féadfaidh armchúirt suí in aon áit cibé acu laistigh den Stát nó lasmuigh de.”.

Alt nua a chur isteach: armchúirt achomair.

38 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 187 den Phríomh-Acht:

“Armchúirt achomair.

187A.— (1) Beidh armchúirt ann ar a dtabharfar an armchúirt achomair.

(2) Údaraítear do gach breitheamh míleata dul i gceannas ar armchúirt achomair agus beidh an armchúirt achomair comhdhéanta de bhreitheamh míleata a dhéanfaidh amhlaidh.

(3) Beidh dlínse ag an armchúirt achomair, faoi réir alt 192, na nithe seo a leanas a éisteacht—

(a) cúisimh nó nithe eile a tharchuirfidh an Riarthóir Armchúirte chuici de réir mar a ordóidh an Stiúrthóir,

(b) achomhairc faoi alt 178E in aghaidh cinntí a rinneadh, pionóis a gearradh nó orduithe cúitimh a rinneadh, faoi alt 177C nó 178C, agus

(c) iarratais ar chúnamh dlíthiúil.”.

Leasú ar alt 189 den Phríomh-Acht (comhdhéanamh armchúirte ginearálta).

39 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 189 den Phríomh-Acht:

“Armchúirt ghinearálta.

189.— (1) Is iad a bheidh ar armchúirt ghinearálta—

(a) breitheamh míleata, agus

(b) ach amháin i gcás armchúirte ginearálta a chomórfar de bhun fho-alt (8) nó (11) d’alt 212A, bord armchúirte cúigear comhalta ar a laghad a bheidh sonraithe ag an Riarthóir Armchúirte nó thar a cheann.

(2) I gcás inar oifigeach an cúisí, beidh ar an mbord armchúirte—

(a) oifigeach de na Buan-Óglaigh nach ísle céim ná cornal airm nó an chéim chabhlaigh atá comhionann léi agus in aon chás nach bhfuil ar chéim is ísle ná an cúisí, agus

(b) ceathrar oifigeach eile ar a laghad, nach ísle céim duine ar bith acu ná captaen airm nó an chéim chabhlaigh atá comhionann léi.

(3) I gcás nach oifigeach an cúisí, maidir leis an mbord armchúirte—

(a) beidh na daoine seo a leanas air—

(i) oifigeach de na Buan-Óglaigh nach ísle céim ná cornal airm nó an chéim chabhlaigh atá comhionann léi, agus

(ii) triúr oifigeach eile ar a laghad, nach ísle céim duine ar bith acu ná captaen airm nó an chéim chabhlaigh atá comhionann léi,

agus

(b) féadfaidh oifigeach neamhchoimisiúnta amháin ar a mhéad, nach ísle céim ná ceathrú-sháirsint cathláin airm nó an chéim chabhlaigh atá comhionann léi agus in aon chás nach bhfuil ar chéim is ísle ná an cúisí, a bheith air.”.

Leasú ar alt 190 den Phríomh-Acht (comhdhéanamh armchúirte tóranta).

40 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 190 den Phríomh-Acht:

“Armchúirt theoranta.

190.— (1) Is iad a bheidh ar armchúirt theoranta—

(a) breitheamh míleata, agus

(b) ach amháin i gcás armchúirte teoranta a chomórfar de bhun fho-alt (8) nó (11) d’alt 212A, bord armchúirte triúr comhalta ar a laghad a bheidh sonraithe ag an Riarthóir Armchúirte nó thar a cheann.

(2) Maidir leis an mbord armchúirte—

(a) beidh na daoine seo a leanas air—

(i) oifigeach de na Buan-Óglaigh nach ísle céim ná ceannfort airm nó an chéim chabhlaigh atá comhionann léi, agus

(ii) oifigeach amháin eile ar a laghad nach ísle céim ná leifteanant airm nó an chéim chabhlaigh atá comhionann léi,

agus

(b) féadfaidh oifigeach neamhchoimisiúnta amháin ar a mhéad nach ísle céim ná ceathrú-sháirsint cathláin airm nó an chéim chabhlaigh atá comhionann léi agus in aon chás nach bhfuil ar chéim is ísle ná an cúisí a bheith air.”.

Leasú ar alt 191 den Phríomh-Acht (dícháilíochtaí chun comhaltais armchúirte).

41 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 191 den Phríomh-Acht:

“Comhaltas boird armchúirte.

191.— (1) Ní fhéadfaidh aon duine díobh seo a leanas fónamh mar chomhalta de bhord armchúirte:

(a) an Riarthóir Armchúirte nó comhalta dá fhoireann;

(b) an Stiúrthóir nó comhalta dá fhoireann;

(c) comhalta d’Óglaigh na hÉireann a rinne scrúdú, nó a thug comhairle, i dtaobh na nithe is foras d’aon chúiseamh i gcoinne an chúisí;

(d) duine a toghaireadh, nó a fhéadfar a thoghairm, mar fhinné ar thaobh an ionchúisimh nó an chúisí os comhair na harmchúirte lena mbaineann;

(e) comhalta d’Óglaigh na hÉireann a d’imscrúdaigh an cúiseamh i gcoinne an chúisí nó a thóg síos aon choimriú nó achomaireacht ar fhianaise i gcoinne an chúisí nó a bhí ina chomhalta de chúirt fiosrúcháin a rinne fiosrúchán ar na nithe is foras don chúiseamh i gcoinne an chúisí;

(f) comhalta de chór póilíní an airm;

(g) aon chomhalta d’Óglaigh na hÉireann is abhcóide nó aturnae;

(h) aon chomhalta d’Óglaigh na hÉireann ag a mbeidh leas pearsanta sa chás;

(i) aon chomhalta d’Óglaigh na hÉireann nach mbeidh, de thuras na huaire, faoin dlí míleata;

(j) oifigeach nó oifigeach neamhchoimisiúnta a bheidh ag fónamh sa tsraith ceannais mhíleata chéanna ina bhfuil an cúisí.

(2) Ní thabharfaidh comhalta de bhord armchúirte tuarascáil ar chomhlíonadh a fheidhmeanna mar chomhalta den sórt sin faoin Acht seo ná ní bheidh sé ina ábhar d’aon tuarascáil ina leith.”.

Leasú ar alt 192 den Phríomh-Acht (dlínse armchúirte).

42 .— Leasaítear alt 192 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Faoi réir agus de réir fhorálacha an Achta seo, beidh ag armchúirt ghinearálta, armchúirt theoranta nó armchúirt achomair, i dteannta aon chumhachtaí eile a thugtar di leis an Acht seo, dlínse chun aon duine a thriail agus a phionósú i gcion in aghaidh an dlí mhíleata a rinne an duine sin le linn dó a bheith faoin dlí míleata mar oifigeach nó mar fhear.”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) San alt seo ciallaíonn ‘cion iomchuí’—

(a) cion tréasa nó dúnmharaithe, nó

(b) cion faoi alt 3, arna leasú, den Acht um Choinbhinsiúin na Ginéive 1962 nó cion faoi alt 7 (cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh) nó 8 (cionta coimhdeacha) den Acht um an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 2006, nó

(c) dúnorgain, éigniú, banéigean faoi alt 4 (de réir bhrí an Achta um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú)1990) nó tromionsaí gnéasach (de réir bhrí an Achta um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú)1990), nó

(d) cion faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta) 2000, nó

(e) cion faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Sábháilteacht Oibrithe na Náisiún Aontaithe) 2000, nó

(f) cion faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005.

(1B) Ní bheidh dlínse ag armchúirt achomair—

(a) aon duine a thriail atá de thuras na huaire ina oifigeach ag a bhfuil céim leifteanant-chornail airm nó an chéim chabhlaigh atá comhionann léi nó céim choimisiúnta is airde ná sin,

(b) aon duine a thriail i gcion iomchuí,

(c) aon phianbhreith is troime ná príosúnacht ar feadh téarma sé mhí a ghearradh ar aon duine, nó

(d) i gcás achomhairc faoi alt 178E, aon phionós a ghearradh is troime ná an pionós is inghearrtha ar an ní a chur de láimh go hachomair faoi alt 177C nó 178C, de réir mar is cuí.”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Ní bheidh dlínse ag armchúirt theoranta—

(a) aon duine a thriail in aon chion in aghaidh an dlí mhíleata a rinne an duine le linn dó a bheith faoin dlí míleata mar oifigeach,

(b) aon duine a thriail atá de thuras na huaire ina oifigeach nó ina fhear ag a bhfuil céim ceathrú-sháirsint cathláin airm nó an chéim chabhlaigh atá comhionann léi nó aon chéim neamhchoimisiúnta is airde ná sin,

(c) aon duine a thriail i gcion iomchuí, nó

(d) aon phianbhreith is troime ná príosúnacht ar feadh téarma dhá bhliain a ghearradh ar aon duine.”,

(d) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Faoi réir fho-alt (3A) den alt seo, ní bheidh dlínse ag armchúirt ghinearálta chun aon duine atá faoin dlí míleata a thriail i gcion iomchuí mura rud é gur le linn don duine a bheith ar fianas nó le linn don duine a bheith curtha chun bealaigh le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát chun aon chríche a shonraítear in alt 3 den Acht Cosanta (Leasú) 2006 a rinneadh an cion.”,

(e) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) I gcás éigniú, banéigin faoi alt 4 (de réir bhrí an Achta um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú) 1990) nó tromionsaithe ghnéasaigh (de réir bhrí an Achta um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú) 1990), más rud é go ndearna duine atá faoin dlí míleata an cion agus nach raibh sé ar fianas ná curtha chun bealaigh le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát chun aon chríche a shonraítear in alt 3 den Acht Cosanta (Leasú) 2006 nuair a rinneadh an cion, féadfaidh armchúirt ghinearálta aon duine faoin dlí míleata a thriail ar chúiseamh go ndearna sé an cion sin más rud é—

(a) go bhfuil an duine a ndearnadh an cion ina leith faoin dlí míleata, nó go raibh an duine sin faoin dlí míleata nuair a rinneadh an cion, agus gur thoiligh an duine i scríbhinn le triail an chiona ag armchúirt, agus

(b) gur thug an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí a thoiliú roimh ré.”,

agus

(f) i bhfo-alt (4)(b), trí “an Stiúrthóra á dheimhniú go bhfuarthas maidir le cion sibhialta a thriail” a chur in ionad “an oifigigh a chomórfas armchúirt chun cion sibhialta a thriail, á dheimhniú go bhfuarthas maidir leis an triail sin”.

Leasú ar alt 193 den Phríomh-Acht (armchúirteanna a dhíscaoileadh).

43 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 193 den Phríomh-Acht:

“Armchúirteanna a dhíscaoileadh.

193.— (1) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le harmchúirt ghinearálta nó le harmchúirt theoranta a dhíscaoileadh.

(2) Féadfaidh an Riarthóir Armchúirte armchúirt a dhíscaoileadh aon tráth sula mbeidh sí curtha faoi mhionn, i gcás ina measann sé mar gheall ar riachtanais na seirbhíse nó ar aon chúis eile gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh.

(3) Féadfaidh an breitheamh míleata do thriail ag armchúirt an armchúirt a dhíscaoileadh aon tráth tar éis í a chur faoi mhionn i gcás ina measann sé gur gá nó gur fóirsteanach é ar mhaithe le riaradh an cheartais.

(4) I gcás ina mbeidh armchúirt curtha faoi mhionn agus ina bhfaighidh an breitheamh míleata bás nó nach mbeidh sé ar fáil ar aon chúis eile, féadfaidh breitheamh míleata eile nó an Riarthóir Armchúirte, de réir mar is cuí, an armchúirt a dhíscaoileadh.

(5) Déanfaidh an breitheamh míleata an armchúirt a dhíscaoileadh—

(a) más rud é, de dheasca bhreoiteacht an chúisí aon tráth roimh an gcinneadh a dhéanamh, nach féidir, i dtuairim an bhreithimh mhíleata, leanúint leis an triail laistigh de thréimhse ama réasúnach, nó

(b) más rud é aon tráth tar éis an armchúirt a chur faoi mhionn, agus roimh an gcinneadh a dhéanamh, go mbeidh líon comhaltaí bhord na harmchúirte tite faoi bhun an lín comhaltaí íosta is gá don triail—

(i) mar gheall ar bhás comhalta nó mar gheall ar an mbreitheamh míleata d’urscaoileadh comhalta de dheasca é a bheith éagumasach mar gheall ar bhreoiteacht nó aon chúis eile leanúint ag gníomhú mar chomhalta, nó

(ii) de bhrí go n-ordaíonn an breitheamh míleata nach bhfónfaidh comhalta nó nach leanfaidh sé ag fónamh mar chomhalta i gcás inar dóigh leis ar aon chúis shonraithe gurb inmhianaithe é ar mhaithe leis an gceartas.

(6) I gcás ina ndíscaoilfear armchúirt faoin alt seo, féadfar an cúisí a atriail, ar ordacháin ón Stiúrthóir, ag armchúirt eile de réir na Coda seo.

(7) Chun críocha fho-alt (5) den alt seo, is é an líon íosta comhaltaí a bheidh ar bhord armchúirte—

(a) i gcás armchúirte ginearálta, 5 chomhalta (lena n-áirítear ant-oifigeach dá dtagraítear in alt 189(2)(a) nó (3)(a)(i), de réir mar a bheidh), agus

(b) i gcás armchúirte teoranta, 3 chomhalta (lena n-áirítear an t-oifigeach dá dtagraítear in alt 190(2)(a)(i)).”.

Leasú ar alt 194 den Phríomh-Acht (cead isteach chun armchúirteanna).

44 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 194 den Phríomh-Acht:

“Cead isteach chun armchúirteanna.

194.— (1) Faoi réir an ailt seo agus aon achtacháin eile, is go poiblí a sheolfar imeachtaí os comhair armchúirte.

(2) I gcás inar deimhin leis an mbreitheamh míleata a bheidh i gceannas ag armchúirt, mar gheall ar chineál nó imthosca an cháis nó thairis sin ar mhaithe leis an gceartas nó le slándáil an Stáit nó Óglaigh na hÉireann, gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh, féadfaidh sé aon cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a dhéanamh:

(a) an pobal nó aon chion den phobal nó aon duine nó daoine áirithe a eisiamh as an gcúirt le linn iomlán trialach nó aon chuid de thriail;

(b) foilsiú faisnéise i ndáil leis na himeachtaí, nó i ndáil le haon chuid áirithe díobh, a thoirmeasc;

(c) srianta nó teorainneacha a chur le foilsiú faisnéise.

(3) In aon imeachtaí i leith ciona ar cion é, i dtuairim an bhreithimh mhíleata, de chineál mígheanasach nó graosta (lena n-áirítear imeachtaí i leith éigniú, banéigin faoi alt 4 (de réir bhrí an Achta um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú) 1990) nó ionsaithe ghnéasaigh nó tromionsaithe ghnéasaigh (iad araon de réir bhrí an Achta um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú) 1990), iarrachta tromionsaithe ghnéasaigh nó ionsaithe ghnéasaigh nó cabhrú nó neartú le cion arb éard é tromionsaí gnéasach nó ionsaí gnéasach nó iarracht tromionsaithe ghnéasaigh nó iarracht ionsaithe ghnéasaigh, nó cion cion arb éard é tromionsaí gnéasach nó ionsaí gnéasach nó iarracht tromionsaithe ghnéasaigh nó iarracht ionsaithe ghnéasaigh a chomhairliú nó a thabhairt chun críche, nó gríosú chun cion tromionsaithe ghnéasaigh nó ionsaithe ghnéasaigh a dhéanamh nó comhcheilg aon chion de na cionta roimhe seo a dhéanamh), déanfaidh an breitheamh míleata, faoi réir fho-ailt (4) agus (5) den alt seo, gach duine a eisiamh as an armchúirt le linn na trialach ach amháin oifigigh don chúirt, daoine a bhfuil baint dhíreach acu leis na himeachtaí, ionadaithe bona fide ón bpreas agus cibé daoine eile (más ann) a dtabharfaidh an breitheamh míleata, dá rogha féin, cead dóibh fanacht.

(4) In aon imeachtaí i leith ciona dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo—

(a) i gcás an duine chúisithe, beidh duine cúnta nó, más rud é go n-iarrfaidh an duine cúisithe amhlaidh, tuismitheoir, gaol nó cara de chuid an duine chúisithe, i dteideal fanacht sa chúirt le linn iomlán na trialach, agus

(b) i gcás duine ar ina leith a líomhnaítear go ndearnadh an cion, más rud é gon-iarrfaidh an duine amhlaidh, beidh tuismitheoir, gaol nó cara de chuid an duine i dteideal fanacht sa chúirt fad a bheidh an duine sin ag tabhairt fianaise mar fhinné os comhair na harmchúirte.

(5) In aon imeachtaí lena mbaineann fo-alt (2) nó (3) den alt seo, déanfar na cinntí agus an phianbhreith (más ann) a fhógairt go poiblí.

(6) Ní ligfear isteach chun trialach aon fhinnéithe seachas an duine cúisithe, ach amháin nuair a bheidh siad faoi cheistiú nó nuair a cheadóidh an breitheamh míleata a bheidh i gceannas ag an triail lena mbaineann é go sonrach.

(7) Ní bheidh duine ar bith seachas comhaltaí an bhoird armchúirte i láthair le linn aon phléití ag an mbord armchúirte maidir lena chinntí.”.

Leasú ar alt 195 den Phríomh-Acht (cúrsaí áirithe nós imeachta).

45 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 195 den Phríomh-Acht:

“Cúrsaí áirithe nós imeachta.

195.— (1) Féadfaidh armchúirt dul ar atráth ó am go ham agus ó áit go háit aon uair a mheasfaidh an breitheamh míleata gurb inmhianaithe dul ar atráth.

(2) Féadfaidh an breitheamh míleata agus, i gcás armchúirte ginearálta nó armchúirte teoranta, an bord armchúirte, tar éis é a chur faoi mhionn agus sula ndéanfaidh sé a chinntí, más dóigh leis an mbreitheamh míleata gur cuí é, amharc ar aon áit, duine nó rud a bhfuil sé fóirsteanach, chun críocha na n-imeachtaí, i dtuairim an bhreithimh mhíleata, go bhfeicfeadh sé agus, de réir mar a bheidh, an bord armchúirte é.

(3) D’fhonn amharc ar aon áit, duine nó rud faoi fho-alt (2) den alt seo, tabharfaidh an breitheamh míleata cibé ordacháin is fóirsteanach leis d’fhonn cosc a chur ar chumarsáid mhíchuí leis an mbord armchúirte le linn dó amharc ar an áit, ar an duine nó ar an rud.”.

Leasú ar alt 197 den Phríomh-Acht (agóidí ón gcúisí).

46 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 197 den Phríomh-Acht—

“Agóidí ón gcúisí.

197.— (1) Nuair a bheidh armchúirt tionólta agus sula gcuirfear comhaltaí an bhoird armchúirte faoi mhionn, léifear a n-ainmneacha amach don chúisí agus ansin fiafrófar de an bhfuil agóid aige i gcoinne aon duine acu agus, i gcás agóide, is é an breitheamh míleata a thabharfaidh an bhreith i dtaobh an gceadófar an agóid, de réir an nóis imeachta a fhorordaítear le rialacha armchúirteanna.

(2) Is mar a fhorordaítear é a bheidh an nós imeachta chun duine a chur in ionad comhalta den bhord armchúirte ar ceadaíodh agóid ina leith, faoi réir an ceart céanna a bheith ag an gcúisí agóid a dhéanamh, de réir fho-alt (1) den alt seo, i gcoinne an chomhalta a roghnófar chun an folúntas a éireoidh dá éis a líonadh.”.

Alt nua a chur isteach: rialuithe agus ordacháin.

47 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 197 den Phríomh-Acht:

Rialuithe agus ordacháin.

197A.— (1) Déanfaidh an breitheamh míleata a bheidh i gceannas ag armchúirt rialuithe agus ordacháin a thabhairt maidir le ceisteanna dlí, le cleachtas nó le nós imeachta i ndáil leis an gcúiseamh nó leis an triail.

(2) Aon rialuithe nó ordacháin a thabharfar faoi fho-alt (1) den alt seo, beidh siad ina gceangal ar an armchúirt lena mbaineann.”.

Leasú ar alt 198 den Phríomh-Acht (vótáil ag armchúirt).

48 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 198 den Phríomh-Acht:

Armchúirteanna: cinntí agus pianbhreith.

198.— (1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, i gcás armchúirte ginearálta nó armchúirte teoranta, is le vóta ó thromlach dhá thrian ar a laghad de chomhaltaí an bhoird armchúirte a dhéanfar cinneadh ciontachta maidir le haon chúiseamh, tar éis don bhreitheamh míleata coimriú a dhéanamh ar an dlí agus ar an bhfianaise.

(2) Mura slánuimhir dhá thrian de chomhaltaí an bhoird armchúirte, measfar gur dhá thrian, chun críocha fho-alt (1) den alt seo, an chéad slánuimhir eile is airde.

(3) Más lú ná an líon dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo an líon comhaltaí de bhord armchúirte a vótálfaidh ar son cinnidh ciontachta maidir le haon chúiseamh, éigiontófar an cúisí sa chúiseamh sin.

(4) Níl teideal ag an mbreitheamh míleata a bheidh i gceannas ag armchúirt ghinearálta nó ag armchúirt theoranta vótáil ar an gcinneadh.

(5) Déanfaidh an breitheamh míleata a bheidh i gceannas ag armchúirt an phianbhreith a chinneadh.”.

Leasú ar alt 199 den Phríomh-Acht (an chúirt a chur faoi mhionn).

49 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 199 den Phríomh-Acht:

“An armchúirt a chur faoi mhionn.

199.— (1) Nuair a bheidh bord armchúirte comhdhéanta den líon daoine is gá, ar daoine iad nach ndearnadh agóid ina gcoinne nó nár ceadaíodh na hagóidí ina gcoinne, déanfaidh an duine nó na daoine a fhorordaítear le rialacha armchúirte na daoine seo a leanas a chur faoi mhionn san fhoirm a fhorordaítear amhlaidh—

(a) gach comhalta den bhord armchúirte, agus

(b) gach ateangaire agus luathscríbhneoir nó nótóir eile a bheidh i láthair.

(2) Má dhéanann duine a gceanglaítear air leis an alt seo mionn a ghlacadh, agóid i gcoinne mionn a ghlacadh nó má dhéantar agóid ina choinne go bhfuil sé neamhinniúil ar mhionn a ghlacadh, déanfaidh an breitheamh míleata, más deimhin leis gur agóid ionraic í nó, i gcás agóide i gcoinne inniúlachta duine ar mhionn a ghlacadh, más deimhin leis nach ceangal ar bith ar choinsias an duine sin an mionn, cead a thabhairt don duine, in ionad é a chur faoi mhionn, dearbhú sollúnta san fhoirm fhorordaithe a dhéanamh, agus meastar, chun críocha an Achta seo, gur mionn an dearbhú sin.

(3) Chun críocha an ailt seo, féadfar foirmeacha éagsúla mionna a fhorordú do chomhaltaí den bhord armchúirte, d’ateangairí agus do luathscríbhneoirí nó nótóirí eile, agus féadfar daoine éagsúla a fhorordú chun daoine a chur faoi mhionn agus chun dearbhuithe a ghlacadh.”.

Leasú ar alt 202 den Phríomh-Acht (neamhord meabhrach tráth na trialach).

50 .— Leasaítear alt 202 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) i mír (a), trí “an breitheamh míleata a bheidh i gceannas ag an armchúirt” a chur in ionad “an armchúirt”, agus

(ii) i mír (b)—

(I) trí “an breitheamh míleata, más deimhin leis” a chur in ionad “an armchúirt, más deimhin léi”, agus

(II) trí “an Achta Meabhair-Shláinte 2001” a chur in ionad “Acht 2001”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) I gcás armchúirte ginearálta nó armchúirte teoranta, is é an breitheamh míleata, ina shuí ina aonar, a thabharfaidh breith, agus a dhéanfaidh an cinneadh, maidir leis an gceist i dtaobh an bhfuil duine a bheidh cúisithe i gcion inniúil chun trialach.”,

(c) trí fho-alt (2) a scriosadh,

(d) i bhfo-alt (3), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(bb) i gcás armchúirte ginearálta nó armchúirte teoranta, agóid a dhéanamh i gcoinne comhalta den bhord armchúirte ar mhian leis agóid a dhéanamh ina choinne,”,

(e) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Tar éis don bhreitheamh míleata a bheidh i gceannas ag armchúirt a chinneadh go bhfuil duine a chúiseofar i gcion neamhinniúil ar a thriail a sheasamh, féadfaidh an breitheamh míleata ar iarratas a bheith déanta chuige agus gan dochar d’aon imeachtaí breise a cheadú fianaise a thabhairt ar aird os comhair na harmchúirte i dtaobh cé acu a rinne nó nach ndearna an duine sin an gníomh nó an neamhghníomh a líomhnaítear ina choinne agus, más deimhin leis an armchúirt achomair nó i gcás armchúirte ginearálta nó armchúirte teoranta, le bord na harmchúirte, go bhfuil amhras réasúnach ann go ndearna an duine an gníomh sin nó an neamhghníomh déanfaidh an armchúirt achomair nó bord na harmchúirte, de réir mar a bheidh, é a éigiontú.”,

agus

(f) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach—

“(5) San alt seo agus in alt 203 tá le ‘síciatraí sainchomhairleach’ an bhrí chéanna atá leis san Acht Meabhair-Shláinte, 2001.”.

Leasú ar alt 203 den Phríomh-Acht (neamhord meabhrach an tráth a rinneadh an cion).

51 .— Leasaítear alt 203 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) trí “go gcinneann an armchúirt achomair, nó i gcás armchúirte ginearálta nó armchúirte teoranta, go gcinneann bord na harmchúirte” a chur in ionad “go gcinneann an armchúirt”, agus

(ii) trí “cinnfidh an armchúirt achomair, nó i gcás armchúirte ginearálta nó armchúirte teoranta, cinnfidh bord na harmchúirte, go speisialta” a chur in ionad “cinnfidh an armchúirt go speisialta”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Más deimhin leis an mbreitheamh míleata a bheidh i gceannas ag an armchúirt, tar éis aon fhianaise a thabharfar ar aird os comhair na harmchúirte a bhreithniú, go bhfuil neamhord meabhrach (de réir bhrí an Achta Meabhair-Shláinte 2001) ar an duine a fuarthas neamhchiontach de dheasca gealtachta agus go bhfuil gá aige le cúram cónaithe agus cóireáil chónaithe i lárionad ainmnithe, déanfaidh an breitheamh míleata, tar éis dul i gcomhairle le stiúrthóir cliniciúil an lárionaid ainmnithe lena mbaineann, é a chimiú chun lárionaid ainmnithe shonraithe go dtí go ndéanfar ordú faoi alt 13 den Acht um an Dlí Coiriúil (Gealtacht) 2006.”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) San alt seo, beidh le ‘stiúrthóir cliniciúil’ an bhrí chéanna atá leis in alt 1 den Acht um an Dlí Coiriúil (Gealtacht) 2006.”,

agus

(d) trí fho-alt (3) a scriosadh.

Ailt nua a chur isteach: achomhairc chuig an gCúirt Achomhairc Armchúirteanna.

52 .— Cuirtear na hailt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 203A (a cuireadh isteach leis an Acht um an Dlí Coiriúil (Gealtacht) 2006) den Phríomh-Acht:

“Achomhairc (neamhord meabhrach tráth na trialach).

203B.— (1) Féadfar achomharc a dhéanamh chuig an gCúirt Achomhairc Armchúirteanna (dá ngairtear ‘an Chúirt’ san alt seo agus in ailt 203C agus 203D) in aghaidh cinnidh ó armchúirt de bhun alt 202 go bhfuil duine a chúisítear i gcion neamhinniúil ar a thriail a sheasamh.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt ordú de bhun alt 19A (a cuireadh isteach leis an Acht Cosanta (Leasú) 2007) den Acht um Achomhairc Armchúirteanna 1983 go ndéanfar ant-achomharcóir a thriail nó a atriail, de réir mar a bheidh, ag armchúirt mar gheall ar an gcion a líomhnaítear, féadfar an t-achomharcóir, faoi réir threoracha an Stiúrthóra, a thriail nó a atriail mar gheall ar chion seachas an cion a líomhnaítear agus ar cinneadh ina leith go raibh sé neamhinniúil ar a thriail a sheasamh, ar cion é a bhféadfaí é a fháil ciontach ann ar chúiseamh i leith an chiona a líomhnaítear.

Achomhairc (neamhchiontach de dheasca gealtachta).

203C.— Féadfaidh duine a ndéanfaidh armchúirt é a thriail mar gheall ar chion agus é a fháil neamhchiontach de dheasca gealtachta achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh chun na Cúirte de bhun alt 19B (a cuireadh isteach leis an Acht Cosanta (Leasú) (Uimh.2) 2006) den Acht um Achomhairc Armchúirteanna 1983.

Achomhairc (ordú cimithe faoi alt 202 nó 203).

203D.— Féadfar achomharc a dhéanamh, ar thionscnamh an duine a cúisíodh sa chion lena mbaineann nó ar thionscnamh an Stiúrthóra, chun na Cúirte de bhun alt 19C (a cuireadh isteach leis an Acht Cosanta (Leasú) (Uimh.2) 2006) den Acht um Achomhairc Armchúirteanna 1983 in aghaidh cinnidh ó armchúirt ordú cimithe faoi alt 202(1)(b) nó 203(2) a dhéanamh nó gan é a dhéanamh.”.

Alt nua a chur isteach: éifeacht cionta áirithe ar dhaoine ar ina leith a rinneadh iad.

53 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 205 den Phríomh-Acht:

“Éifeacht cionta áirithe ar dhaoine ar ina leith a rinneadh iad.

205A.— (1) Le linn dó an pionós a ghearrfar ar dhuine i leith ciona lena mbaineann an t-alt seo a chinneadh, déanfaidh an breitheamh míleata a bheidh i gceannas ag an armchúirt lena mbaineann aon éifeacht (cibé acu éifeacht fhadtéarma nó eile) a bheidh ag an gcion ar an duine ar ina leith a rinneadh an cion a chur i gcuntas agus féadfaidh sé, i gcás inar gá sin, fianaise nó aighneachtaí maidir le haon éifeacht den sórt sin a ghlacadh.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le cion gnéasach de réir bhrí an Achta um Fhianaise Choiriúil 1992 (arna leasú leis an Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Gnéasacha 2006),

(b) maidir le cion lena ngabhann foréigean ar dhuine nó bagairt foréigin ar dhuine, agus

(c) cion arb éard é iarracht nó comhcheilg cion a luaitear i mír (a) nó (b) den fho-alt seo a dhéanamh nó cabhrú nó neartú lena dhéanamh nó déanamh ciona den sórt sin a chomhairliú nó a thabhairt chun críche nó gríosú chun cion den sórt sin a dhéanamh.

(3) I gcás ina mbeidh an pionós a ghearrfar ar dhuine i leith ciona a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis á chinneadh ag breitheamh míleata, déanfaidh an breitheamh míleata, ar iarratas ón duine ar ina leith a rinneadh an cion, fianaise an duine ar ina leith a rinneadh an cion i dtaobh éifeacht an chiona ar an duine sin a éisteacht.”.

Leasú ar alt 206 den Phríomh-Acht (dáta éifeachta pianbhreithe armchúirte).

54 .— Cuirtear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (1) d’alt 206 den Phríomh-Acht:

“(1) Faoi réir alt 212A, gach téarma príosúnachta nó coinneála a chuirfidh armchúirt de phianbhreith ar dhuine, cibé acu atá nó nach bhfuil an duine ag fulaingt pianbhreithe cheana féin, áireofar, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráiteach san Acht seo, go dtosóidh sé an lá a shíneoidh an breitheamh míleata a bheidh i gceannas ag an armchúirt an phianbhreith nó cibé dáta roimhe sin a ordóidh an breitheamh míleata.”.

Leasú ar alt 207 den Phríomh-Acht (finnéithe a thoghairm, agus a bpribhléid os comhair armchúirte).

55 .— Cuirtear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (3) d’alt 207 den Phríomh-Acht:

“(3) Chun críocha an ailt seo agus alt 208 (ach amháin fo-alt (2) d’alt 208), measfar go bhfolaíonn tagairtí d’armchúirt oifigeach a bheidh ag tógáil coimriú fianaise i scríbhinn de réir rialacha nós imeachta.”.

Leasú ar alt 208 den Phríomh-Acht (dísbeagadh armchúirte).

56 .— Leasaítear alt 208 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b)—

“(ba) a mhainneoidh, a fhailleoidh nó a dhiúltóidh déanamh de réir ordacháin ón mbreitheamh míleata faoi alt 195, nó

(bb) a dhéanfaidh fianaise a thabhairt go toiliúil d’armchúirt is fianaise a bheidh ábhartha maidir leis an armchúirt agus is eol dó a bheith bréagach nó nach gcreidfidh sé a bheith fíor, nó

(bc) a chuirfidh bac nó treampán ar an armchúirt, trí ghníomh nó trí neamhghníomh, le linn di a feidhmeanna a chomhlíonadh, nó”

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) a dhéanfaidh aon ní eile nó a fhágfaidh aon ní eile gan déanamh a bheadh ina dhíspeagadh cúirte dá mba chúirt shibhialta agus cumhacht chimithe i leith díspeagadh aici an armchúirt,”,

agus

(iii) trí “€3,000” a chur in ionad “£1,000”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Ní fhéadfar ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin alt seo a thionscnamh ach amháin ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó lena thoiliú.”,

agus

(c) i bhfo-alt (2), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) Má bhíonn aon duine atá faoin dlí míleata ciontach i ndíspeagadh armchúirte trí chaint mhaslach nó bhagrach a dhéanamh nó trí aon chur isteach nó aon challóid a dhéanamh le linn imeachtaí na harmchúirte, féadfaidh an breitheamh míleata a bheidh i gceannas ag an armchúirt, más fóirsteanach leis é, in ionad an ciontóir a chur á thriail ag armchúirt, le hordú faoina láimh—

(i) a ordú an ciontóir a chur i príosún, nó, i gcás fir, an ciontóir a chur faoi choinneáil, go ceann tréimhse nach faide ná nócha lá, nó

(ii) i gcás inar duine an ciontóir atá faoin dlí míleata mar oifigeach faoi alt 118(1)(a), (b) nó (c), fíneáil a ghearradh nach mó ná pá ceithre lá dhéag de réir an ráta is déanaí is iníoctha, nó

(iii) i gcás inar duine an ciontóir atá faoin dlí míleata mar oifigeach faoi alt 118(1)(d) nó (e), fíneáil a ghearradh nach mó ná an fhíneáil uasta is inghearrtha de thuras na huaire ag armchúirt ar oifigeach ag a bhfuil céim dara leifteanant agus a bhfuil an pá uasta a bhaineann leis an gcéim sin á fháil aige, nó

(iv) i gcás inar duine an ciontóir atá faoin dlí míleata mar fhear faoi alt 119(a) nó (b), fíneáil a ghearradh nach mó ná pá ceithre lá dhéag de réir an ráta is déanaí is iníoctha, nó

(v) i gcás inar duine an ciontóir atá faoin dlí míleata mar fhear faoi alt 119(c) nó (d), fíneáil a ghearradh nach mó ná an fhíneáil uasta is inghearrtha de thuras na huaire ag armchúirt ar fhear ag a bhfuil céim saighdiúra shingil den ghrád is airde agus a bhfuil an pá uasta a bhaineann leis an gcéim sin á fháil aige.”.

Caibidil 5

Pionóis is inghearrtha ag Armchúirteanna mar gheall ar Chionta in aghaidh an Dlí Mhíleata

Leasú ar alt 209 den Phríomh-Acht (pionóis is inghearrtha ag armchúirteanna ar oifigigh).

57 .— Leasaítear alt 209 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Faoi réir alt 192, féadfar pionóis i leith cionta in aghaidh an dlí mhíleata a dhéanfaidh daoine a bheidh faoin dlí míleata mar oifigigh agus a chiontófar ag armchúirt a ghearradh de réir an scála seo a leanas:

AN SCÁLA.

A. Príosúnacht saoil nó ar feadh aon tréimhse sonraithe.

B. Dífhostú faoi náire as Óglaigh na hÉireann.

C. Dífhostú as Óglaigh na hÉireann.

D. Más oifigeach an duine a chiontaítear, ísliú go dtí aon chéim choimisiúnta níos ísle.

E.Gach sinsearacht céime nó téarma sonraithe sinsearachta a fhorghéilleadh.

F. Ísliú go dtí aon phointe níos ísle ar an scála pá don chéim atá aige.

G. (a) I gcás duine atá faoin dlí míleata mar oifigeach faoi alt 118(1)(a), (b) nó (c), fíneáil nach mó ná pá ceithre lá dhéag an duine de réir an ráta is déanaí is iníoctha.

(b) I gcás duine atá faoin dlí míleata mar oifigeach faoi alt 118(1)(d), nó (e), fíneáil nach mó ná an fhíneáil uasta is inghearrtha de thuras na huaire ag armchúirt ar oifigeach ag a bhfuil céim dara leifteanant agus a bhfuil an pá uasta a bhaineann leis an gcéim sin á fháil aige.

(c) I gcás duine nach comhalta d’Óglaigh na hÉireann ach arbh oifigeach é nuair a rinneadh an cion, fíneáil nach mó ná méid is comhionann le pá ceithre lá dhéag de réir an ráta ba dhéanaí a bhain leis an gcéim a bhí aige.

H. Dianiomardú.

I. Iomardú.”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) (a) I gcás ina gcuirfear téarma príosúnachta is mó ná sé mhí de phianbhreith ar oifigeach, déanfaidh an breitheamh míleata, ina theannta sin, dífhostú faoi náire as Óglaigh na hÉireann nó dífhostú as Óglaigh na hÉireann, a chur de phianbhreith air.

(b) I gcás ina gcuirfear téarma príosúnachta sé mhí nó níos lú (seachas faoi alt 208(2)) de phianbhreith ar oifigeach, féadfaidh an breitheamh míleata, ina theannta sin, dífhostú faoi náire as Óglaigh na hÉireann, nó dífhostú as Óglaigh na hÉireann nó ísliú go dtí aon chéim choimisiúnta níos ísle a chur de phianbhreith air.”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6A) (arna chur isteach leis an Acht Cosanta (Leasú), 1987):

“(6A) Maidir le hoifigeach a gcuirfidh armchúirt ísliú céime de phianbhreith air féadfar, ina theannta sin—

(a) ísliú go dtí aon phointe níos ísle ar an scála pá don chéim sin agus forghéilleadh téarma shonraithe sinsearachta nó gach sinsearachta i leith na céime a ndéantar ísliú chuici, nó

(b) fíneáil nó dianiomardú nó iomardú,

nó iad araon, a chur de phianbhreith air.”,

(d) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):

“(7) Maidir le hoifigeach a gcuirfidh armchúirt forghéilleadh sinsearachta céime de phianbhreith air, féadfar, ina theannta sin, ísliú go dtí aon phointe níos ísle ar an scála pá don chéim atá aige, nó fíneáil nó dianiomardú nó iomardú a chur de phianbhreith air.”,

(e) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(7A) Maidir le hoifigeach a gcuirfidh armchúirt ísliú go dtí pointe níos ísle ar an scála pá don chéim atá aige de phianbhreith air, féadfar, ina theannta sin, fíneáil nó dianiomardú nó iomardú a chur de phianbhreith air.”,

agus

(f) i bhfo-alt (8), trí “náire” a chur in ionad “aithis”.

Leasú ar alt 210 den Phríomh-Acht (pionóis is inghearrtha ag armchúirteanna ar fhir).

58 .— Leasaítear alt 210 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Faoi réir alt 192, féadfar pionóis i leith cionta in aghaidh an dlí mhíleata a dhéanfaidh daoine a bheidh faoin dlí míleata mar fhir agus a chiontófar ag armchúirt a ghearradh de réir an scála seo a leanas:

AN SCÁLA.

A. Príosúnacht saoil nó ar feadh aon tréimhse sonraithe.

B. Urscaoileadh faoi náire as Óglaigh na hÉireann.

C. Urscaoileadh as Óglaigh na hÉireann.

D. Coinneáil—

(a) i gcás armchúirte ginearálta nó armchúirte teoranta, go ceann aon téarma nach sia ná dhá bhliain

(b) i gcás armchúirte achoimre, go ceann aon téarma nach sia ná sé mhí

i dteannta nó d’éagmais forghéilleadh pá iomláin nó cuid de.

E. Más oifigeach neamhchoimisiúnta an duine a chiontaítear, ísliú go dtí aon chéim neamhchoimisiúnta níos ísle.

F. Gach sinsearacht céime nó téarma sonraithe sinsearachta a fhorghéilleadh.

G. Ísliú go dtí aon phointe níos ísle ar an scála pá don chéim atá aige.

H. (a) I gcás duine atá faoin dlí míleata mar fhear faoi alt 119(a) nó (b), fíneáil de mhéid nach mó ná pá ceithre lá dhéag an duine de réir an ráta is déanaí is iníoctha.

(b) I gcás duine atá faoin dlí míleata mar fhear faoi alt 119(c) nó (d), fíneáil nach mó ná an fhíneáil uasta is inghearrtha de thuras na huaire ag armchúirt ar fhear ag a bhfuil céim saighdiúra shingil den ghrád is airde agus a bhfuil an pá uasta a bhaineann leis an gcéim sin á fháil aige.

(c) I gcás duine nach comhalta d’Óglaigh na hÉireann ach arbh oifigeach neamhchoimisiúnta, saighdiúir singil nó mairnéalach é nuair a rinneadh an cion, fíneáil nach mó ná méid is comhionann le pá ceithre lá dhéag de réir an ráta ba dhéanaí a bhain leis an gcéim a bhí aige.

I. Dianiomardú.

J. Iomardú.”,

(b) trí fho-alt (5) a scriosadh,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) I gcás ina gcuirfear téarma príosúnachta is mó ná sé mhí de phianbhreith ar fhear, déanfaidh an breitheamh míleata, ina theannta sin, urscaoileadh faoi náire as Óglaigh na hÉireann nó a urscaoileadh as Óglaigh na hÉireann a chur de phianbhreith air.”,

(d) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):

“(7) I gcás ina gcuirfear téarma príosúnachta sé mhí nó níos lú (seachas faoi alt 208(2)) de phianbhreith ar fhear, féadfaidh an breitheamh míleata, ina theannta sin, urscaoileadh faoi náire as Óglaigh na hÉireann nó urscaoileadh as Óglaigh na hÉireann a chur de phianbhreith air.”,

(e) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (8):

“(8) Maidir le hoifigeach neamhchoimisiúnta a gcuirfidh armchúirt pionós a luaitear ag F nó G sa Scála a ghabhann le fo-alt (1) den alt seo de phianbhreith air, féadfar, ina theannta sin, fíneáil nó dianiomardú nó iomardú a chur de phianbhreith air.”,

(f) tríd an méid seo a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(8A) Maidir le hoifigeach neamhchoimisiúnta a gcuirfidh armchúirt ísliú céime de phianbhreith air féadfar, ina theannta sin—

(a) ísliú go dtí aon phointe níos ísle ar an scála pá don chéim sin agus forghéilleadh téarma shonraithe sinsearachta nó gach sinsearachta i leith na céime a ndéantar ísliú chuici, nó

(b) fíneáil nó dianiomardú nó iomardú,

nó iad araon, a chur de phianbhreith air.”,

agus

(g) i bhfo-alt (11), trí “náire” a chur in ionad “aithis”.

Leasú ar alt 211 den Phríomh-Acht (an t-aon phianbhreith amháin i leith na gcionta uile).

59 .— Cuirtear an t-alt seo in ionad alt 211 den Phríomh-Acht;

“Pianbhreith ar leithligh i leith gach ciona.

211.— (1) I gcás ina ndéanfaidh armchúirt duine a chiontú in dhá chion nó níos mó, gearrfar pianbhreith ar leithligh i leith gach ciona.

(2) Faoi réir alt 212A, i gcás ina ndéanfaidh armchúirt duine a chiontú i leith dhá chion nó níos mó, is i gcomhthráth a chuirfear isteach aon phianbhreitheanna coimeádta a ghearrfar i leith gach ceann de na cionta sin.”.

Alt nua a chur isteach: srian le pianbhreith phríosúnachta nó choinneála ar dhuine nach bhfuil dlíodóir ag feidhmiú ar a shon.

60 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 211 den Phríomh-Acht:

“Srian le pianbhreith phríosúnachta nó choinneála ar dhuine nach bhfuil dlíodóir ag feidhmiú ar a shon.

211A.— (1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, ní chuirfear príosúnacht nó dífhostú nó urscaoileadh faoi náire as Óglaigh na hÉireann nó dífhostú nó urscaoileadh as Óglaigh na hÉireann de phianbhreith ar dhuine a chiontófar ag armchúirt i gcion in aghaidh an dlí mhíleata i gcás nach raibh dlíodóir (de réir bhrí alt 196) ag feidhmiú ar son an duine tráth éigin tar éis é a fháil ciontach agus sula gcuirfear pianbhreith air.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo más rud é, maidir leis an duine—

(a) de bhun rialacha nós imeachta, tar éis a chur in iúl dó go bhfuil sé de cheart aige dlíodóir a bheith ag feidhmiú ar a shon agus tar éis an deis a bheith aige a shocrú go bhfeidhmeodh dlíodóir ar a shon, gur dhiúltaigh nó gur mhainnigh sé déanamh amhlaidh, nó

(b) gur cuireadh príosúnacht de phianbhreith air roimhe sin mar gheall ar chion faoin Acht seo nó ag cúirt shibhialta sa Stát.

(3) Chun críocha fho-alt (2)(b) den alt seo—

(a) tabharfar neamhaird ar phianbhreith phríosúnachta roimhe sin a fionraíodh agus nár tháinig in éifeacht,

(b) ní fholaíonn ‘cuireadh príosúnacht de phianbhreith air’ cimiú mar gheall ar dhíspeagadh cúirte faoi alt 208.”.

Alt nua a chur isteach: pianbhreitheanna coimeádta a fhionraí.

61 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 212 den Phríomh-Acht:

“Cumhacht chun pianbhreith a fhionraí.

212A.— (1) San alt seo—

folaíonn ‘rialtóir’, i ndáil le príosúnach míleata nó duine faoi choinneáil, duine a bheidh de thuras na huaire ag comhlíonadh feidhmeanna rialtóra;

folaíonn ‘príosúnacht’—

(a) coinneáil i bpríosún míleata nó i mbeairic coinneála nó i gcoimeád seirbhíse eile nó i bpríosún poiblí, mar a luaitear in alt 229 den Acht seo,

(b) coinneáil i bhForas Naomh Pádraig,

(c) coinneáil in áit arna soláthar faoi alt 2 d’Acht na bPríosún 1970, agus

(d) coinneáil in áit arna sonrú faoi alt 3 d’Acht na bPríosún 1972,

agus forléireofar ‘pianbhreith phríosúnachta’ dá réir sin;

folaíonn ‘téarma príosúnachta sainordaitheach’, i ndáil le cion, téarma príosúnachta arna ghearradh ag armchúirt faoin Acht seo nó faoi aon achtachán eile i gcás ina ndéantar foráil go ndlífear téarma príosúnachta nach giorra ná cibé téarma a shonraítear san Acht seo nó san achtachán sin a chur ar dhuine a bheidh ciontach sa chion lena mbaineann.

(2) I gcás ina ndéanfaidh armchúirt téarma príosúnachta (seachas téarma príosúnachta sainordaitheach) nó coinneáil a chur de phianbhreith ar dhuine i leith ciona, féadfaidh an breitheamh míleata a bheidh i gceannas ag an armchúirt ordú a dhéanamh lena bhfionrófar cur i bhfeidhm na pianbhreithe go hiomlán nó go páirteach, faoi réir an duine do dhul i gcúirtbhanna chun coinníollacha an ordaithe, nó na coinníollacha a fhorchuirfear i ndáil leis an ordú, a chomhlíonadh.

(3) Is coinníoll d’ordú faoi fho-alt (2) den alt seo go ndéanfaidh an duine ar ina leith a dhéanfar an t-ordú an tsíocháin a choimeád agus go mbeidh sé dea-iompartha—

(a) le linn thréimhse fionraí na pianbhreithe lena mbaineann, nó

(b) i gcás ordú nach ndéanfar leis ach pianbhreith a fhionraí go páirteach, le linn na tréimhse príosúnachta nó coinneála agus le linn thréimhse fionraí na pianbhreithe lena mbaineann,

agus sonrófar an coinníoll sin san ordú lena mbaineann.

(4) Féadfaidh an breitheamh míleata, le linn ordú a dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt seo, cibé coinníollacha a fhorchur i ndáil leis an ordú a mheasfaidh sé—

(a) is iomchuí ag féachaint do chineál an chiona, agus

(b) a laghdóidh an dóchúlacht go ndéanfaidh an duine ar ina leith a dhéanfar an t-ordú aon chion eile,

agus déanfar aon choinníoll a fhorchuirfear de réir an fho-ailt seo a shonrú san ordú sin.

(5) I dteannta aon choinníll a fhorchuirfear faoi fho-alt (4) den alt seo, féadfaidh an breitheamh míleata, le linn ordú a dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt seo arb é atá ann pianbhreith phríosúnachta nó choinneála a fhionraí go páirteach, aon cheann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas a fhorchur i ndáil leis an ordú sin:

(a) go gcomhoibreoidh an duine le cibé seirbhísí tacaíochta, agus go feadh cibé méid, a shonróidh an breitheamh míleata;

(b) go rachaidh an duine—

(i) faoi cibé cóireáil don andúil,

(ii) faoi cibé cúrsa oideachais, oiliúna nó teiripe,

(iii) faoi cibé comhairliúchán síceolaíoch nó cóireáil eile,

a cheadóidh an breitheamh míleata.

(6) Déanfar coinníoll a fhorchuirfear faoi fho-alt (5) den alt seo a shonrú san ordú lena mbaineann.

(7) I gcás ina ndéanfar ordú faoi fho-alt (2) den alt seo, tabharfaidh an Riarthóir Armchúirte cóip den ordú—

(a) d’oifigeach ceannais an duine lena mbaineann an t-ordú agus don Phrofast-Mharascal, nó

(b) i gcás ordú nach bhfuil ann ach ordú chun pianbhreith phríosúnachta nó choinneála a fhionraí go páirteach, do na daoine dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo, do rialtóir an phríosúin nó na beairice coinneála a gcimeofar an duine chuige nó chuici agus do cibé duine, údarás nó seirbhísí tacaíochta eile a ordóidh an breitheamh míleata ag féachaint do na coinníollacha (más ann) a fhorchuirfear faoi fho-alt (5) den alt seo.

(8) (a) I gcás ina ndéanfar duine lena mbaineann ordú faoi fho-alt (2) den alt seo a chiontú i gcion ag armchúirt, le linn thréimhse fionraí na pianbhreithe lena mbaineann, déanfaidh an breitheamh míleata a bheidh i gceannas ag an armchúirt ar tionscnaíodh imeachtaí mar gheall ar an gcion os a comhair, tar éis pianbhreith mar gheall ar an gcion sin a fhorchur, an duine a athchur faoi choimeád nó ar shlí eile chun láithriú os comhair armchúirte den chineál céanna leis an armchúirt a rinne ant-ordú.

(b) I gcás ina ndéanfar duine a athchur de bhun mhír (a) den fho-alt seo, déanfaidh an Riarthóir Armchúirte, faoi réir ordachán ón Stiúrthóir—

(i) an ní a tharchur chuig an armchúirt achomair, nó

(ii) armchúirt ghinearálta nó armchúirt theoranta, de réir mar a shonrófar san ordachán, a chomóradh, ach sin gan bord armchúirte a bheith ann,

chun déileáil leis an ní.

(9) (a) Déanfaidh armchúirt achomair nó an breitheamh míleata a bheidh i gceannas ag armchúirt ghinearálta nó armchúirt theoranta, de réir mar a bheidh, a mbeidh duine athchurtha chuici faoi fho-alt (8) den alt seo ant-ordú a chúlghairm mura rud é go measann an breitheamh míleata go mbeadh sé míchóir in imthosca uile an cháis an t-ordú sin a chúlghairm.

(b) I gcás ina gcúlghairfidh an breitheamh míleata an t-ordú sin, ceanglófar ar an duine iomlán na pianbhreithe príosúnachta nó coinneála a gearradh i gcéaduair, nó cibé cuid den phianbhreith is cóir leis an mbreitheamh míleata ag féachaint d’imthosca uile an cháis, lúide aon tréimhse den phianbhreith sin a cuireadh isteach cheana féin agus aon tréimhse a caitheadh faoi choimeád (seachas tréimhse a raibh pianbhreith phríosúnachta nó coinneála i leith ciona dá dtagraítear i bhfo-alt (8) den alt seo á cur isteach ag an duine lena linn) ag feitheamh ar chúlghairm an ordaithe sin, a chur isteach.

(10) D’ainneoin fhorálacha alt 211 nó aon ailt eile den Acht seo, maidir le pianbhreith (seachas pianbhreith arb éard í príosúnacht saoil) a ghearrfar—

(a) i leith ciona a rinne duine lena mbaineann ordú faoi fho-alt (2) den alt seo, agus

(b) le linn na tréimhse fionraí pianbhreithe lena mbaineann an t-ordú sin,

ní thosóidh sí go dtí deireadh aon tréimhse príosúnachta nó coinneála den phianbhreith dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo a cheanglaítear ar an duine a chur isteach de bhua an ordaithe faoi fho-alt (2) nó cúlghairme faoi fho-alt (9) den alt seo.

(11) I gcás ina mbeidh forais réasúnacha ag an bProfast-Mharascal, nó de réir mar a bheidh, ag rialtóir an phríosúin nó na beairice coinneála ar athchuireadh duine chuige nó chuici, chun a chreidiúint gur sháraigh duine lena mbaineann ordú faoin alt seo coinníoll dá dtagraítear san ordú, déanfaidh sé an ní a tharchur chuig an Stiúrthóir agus féadfaidh an Stiúrthóir—

(a) faoi réir an armchúirt a bheith den chineál céanna leis an armchúirt a rinne an t-ordú, a ordú don Riarthóir Armchúirte—

(i) an ní a tharchur chun na harmchúirte achomair, nó

(ii) armchúirt ghinearálta nó armchúirt theoranta a chomóradh, mar a shonrófar san ordachán uaidh, ach sin gan bord armchúirte a bheith ann,

agus

(b) iarratas a dhéanamh ar an modh forordaithe chun na harmchúirte sin chun dáta a shocrú chun iarratas ar ordú ag cúlghairm an ordaithe faoi fho-alt (2) den alt seo a éisteacht.

(12) I gcás ina mbeidh dáta socraithe chun iarratas dá dtagraítear i bhfo-alt (11) den alt seo a éisteacht, tabharfar fógra i scríbhinn ar an modh forordaithe don duine ar ina leith a dhéanfar ant-iarratas, nó i gcás ina bhfuil an duine sin i bpríosún nó i mbeairic choinneála, do rialtóir an phríosúin nó na beairice coinneála, agus ceanglófar leis an bhfógra ar an duine láithriú ag an éisteacht, nó ceanglófar ar an rialtóir sin an duine a thabhairt ar aird os comhair na harmchúirte, an dáta agus an tráth a bheidh sonraithe san fhógra.

(13) Déanfar fógra faoi fho-alt (12) den alt seo a dhíriú chuig an duine lena mbaineann faoina ainm, agus féadfar é a thabhairt don duine ar an modh forordaithe.

(14) Má mhainníonn duine nach bhfuil i bpríosún nó i mbeairic choinneála láithriú os comhair na harmchúirte de réir ceanglais a bheidh i bhfógra faoi fho-alt (12) den alt seo, féadfaidh an breitheamh míleata a bheidh i gceannas ag an armchúirt lena mbaineann ordú a dhéanamh chun an duine a ghabháil.

(15) Déanfaidh an breitheamh míleata a bheidh i gceannas ag an armchúirt, i gcás inar deimhin leis gur sháraigh an duine lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo coinníoll den ordú, an t-ordú a chúlghairm mura rud é go measann sé go mbeadh sé míchóir in imthosca uile an cháis an t-ordú sin a chúlghairm, agus i gcás ina gcúlghairfidh an breitheamh míleata an t-ordú sin, ceanglófar ar an duine iomlán na pianbhreithe a gearradh i gcéaduair, nó cibé cuid den phianbhreith is cóir leis an mbreitheamh míleata ag féachaint d’imthosca uile an cháis, lúide aon tréimhse den phianbhreith sin a cuireadh isteach cheana féin i bpríosún nó i mbeairic choinneála agus aon tréimhse a caitheadh faoi choimeád ag feitheamh ar chúlghairm an ordaithe sin, a chur isteach.

(16) Measfar, chun críocha an Achta seo agus an Achta um Achomhairc Armchúirteanna 1983, gur pianbhreith ó armchúirt ordú a chúlghairm faoi fho-alt (9) nó (15) den alt seo.”.

Alt nua a chur isteach: athbhreithniú ar phianbhreitheanna áirithe.

62 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 212A (arna chur isteach le halt 61) den Phríomh-Acht:

Athbhreithniú ar phian-bhreitheanna áirithe.

212B.— (1) Más rud é, ar dhuine a chiontú i gcion a bhfuil téarma príosúnachta dhá bhliain nó go ceann aon tréimhse is sia ná sin inghearrtha ag armchúirt mar phionós ina leith, gur dealraitheach don Stiúrthóir go bhfuil pianbhreith a ghearr armchúirt róthrócaireach, féadfaidh an Stiúrthóir iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Achomhairc Armchúirteanna chun athbhreithniú a dhéanamh ar an bpianbhreith de réir alt 22B (a cuireadh isteach leis an Acht Cosanta (Leasú) 2007) den Acht um Achomhairc Armchúirte 1983 agus rialacha cúirte arna ndéanamh faoin Acht sin.

(2) Beidh feidhm ag alt 161(2)(ea) (lena dtoirmisctear cumarsáidí áirithe i ndáil le himeachtaí os comhair binse seirbhíse), fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le cumarsáidí a dhéanfar leis na daoine a luaitear san alt sin d’fhonn tionchar a imirt ar chinneadh a dhéanamh i ndáil le hiarratas faoin alt seo, mar atá feidhm aige maidir leis na cumarsáidí sin a dhéanfar chun na gcríoch a shonraítear san fhoráil sin.”.

Leasú ar alt 213 den Phríomh-Acht (ordú ó armchúirt cúiteamh d’íoc).

63 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 213 den Phríomh-Acht:

“Ordú cúiteamh a íoc.

213.— (1) Más rud é—

(a) go gciontófar duine a bheidh faoin dlí míleata ag armchúirt i gcion in aghaidh an dlí mhíleata, agus

(b) gur tharraing an cion aon díobháil phearsanta, aon chaiteachas nó aon chaillteanas nó díothú aon mhaoine nó damáiste d’aon mhaoin,

féadfaidh an breitheamh míleata a bheidh i gceannas ag an armchúirt, in ionad nó i dteannta aon phionóis eile a údaraítear dó leis an Acht seo a ghearradh i leith an chiona, a ordú go n-íocfaidh an duine a chiontófar cúiteamh sa díobháil phearsanta, sa chaiteachas, sa chaillteanas, sa damáiste nó sa díothú a tarraingíodh amhlaidh le haon duine (dá ngairtear an ‘páirtí díobhálaithe’ san Acht seo) ar bhain an díobháil phearsanta, an caiteachas, an caillteanas, an damáiste nó an díothú sin dó.

(2) Beidh sa chúiteamh is iníoctha faoin alt seo cibé méid a mheasfaidh an breitheamh míleata a bheith cuí, ag féachaint d’aon fhianaise agus d’aon uiríll a dhéanfaidh an duine ciontaithe nó a dhéanfar thar a cheann, a dhéanfaidh an páirtí díobhálaithe nó a dhéanfar thar a cheann nó a dhéanfaidh an Stiúrthóir nó a dhéanfar thar a cheann agus, faoi réir na n-uasmhéideanna iomchuí a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt seo, ní mó é ná méid na ndamáistí a bheadh an páirtí díobhálaithe i dteideal a ghnóthú, i dtuairim an bhreithimh mhíleata, i gcaingean shibhialta i gcoinne an duine chiontaithe i leith na díobhála, an chaiteachais, an chaillteanais, an damáiste nó an díothaithe lena mbaineann.

(3) San alt seo ciallaíonn ‘uasmhéid iomchuí’—

(a) i gcás ordú cúitimh arna dhéanamh ag armchúirt achomair, €10,000,

(b) i gcás ordú cúitimh arna dhéanamh ag an mbreitheamh míleata a bheidh i gceannas ag armchúirt theoranta, €20,000,

(c) i gcás ordú cúitimh arna dhéanamh ag an mbreitheamh míleata a bheidh i gceannas ag armchúirt ghinearálta, €100,000.

(4) I gcás inarb éard a bheidh i gcion arna dhéanamh ag an duine ciontaithe maoin a thógáil as seilbh an pháirtí dhíobhálaithe agus ina mbeifear tar éis an mhaoin a aisghabháil, aon chaillteanas a bhainfidh don pháirtí díobhálaithe de dheasca damáiste a bheith déanta don mhaoin nuair nach raibh sí ina sheilbh aige, chun críocha fho-alt (1) den alt seo, measfar gur caillteanas é de thoradh an chiona, is cuma conas a rinneadh an damáiste nó cé ba chúis leis.

(5) Le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh ordú faoin alt seo a dhéanamh i gcoinne duine, agus le linn méid an chúitimh a chinneadh, beidh aird ag an mbreitheamh míleata ar acmhainn an duine a mhéid is dealraitheach leis an mbreitheamh míleata nó is eol dó í agus chun na críche sin féadfaidh an breitheamh míleata a cheangal ar an duine a chiontófar fianaise a thabhairt maidir lena acmhainn agus lena oibleagáidí airgeadais.

(6) Féadfar foráil a dhéanamh le hordú faoin alt seo maidir le cúiteamh a íoc de réir cibé tráthchodanna agus cibé tráthanna a mheasfaidh an breitheamh míleata is réasúnach sna himthosca go léir.

(7) I gcás ina measfaidh an breitheamh míleata—

(a) gur chuí fíneáil a ghearradh faoi alt 209 nó 210, de réir mar a bheidh, agus ordú a dhéanamh faoin alt seo, ach

(b) nach leor acmhainn an duine chiontaithe chun íoc as fíneáil chuí agus cúiteamh cuí araon,

féadfaidh an breitheamh míleata, más deimhin leis gur leor an acmhainn chun gur cóir déanamh amhlaidh, ordú a dhéanamh faoin alt seo agus más deimhin leis gur cuí déanamh amhlaidh ag féachaint don acmhainn a bheadh fágtha tar éis an t-ordú a chomhlíonadh, fíneáil a ghearradh.

(8) Ní dochar an t-alt seo d’aon achtachán eile lena ndéantar foráil maidir le duine a chiontófar i gcion nó a gcruthófar ar shlí eile go ndearna sé cion d’íoc cúitimh.

(9) Chun críocha an ailt seo—

(a) i gcás inar tharla bás de dheasca ciona a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo—

ciallaíonn ‘caillteanas’ aon ní (lenan-áirítear anbhuain mheabhrach a tharlaíonn mar gheall ar an mbás agus na costais sochraide) a bhféadfaí damáistí a dhámhadh ina leith maidir leis an mbás de bhua Chuid V den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961;

folaíonn ‘páirtí díobhálaithe’ cleithiúnaí (de réir bhrí na Coda sin V) de chuid an éagaigh lena mbaineann,

(b) i gcás ina mbeidh maoin seirbhíse ina hábhar d’ordú faoin alt seo, folaíonn ‘páirtí díobhálaithe’ an tAire.

(10) Measfar, chun críocha an Achta seo agus an Achta um Achomhairc Armchúirteanna 1983, gur pianbhreith ó armchúirt ordú faoin alt seo.”.

Alt nua a chur isteach: fíneáil a íoc.

64 .— Cuirtear isteach an t-alt seo a leanas i ndiaidh alt 213 den Phríomh-Acht:

“Fíneáil a íoc.

213A.— (1) Más rud é go ndéanfaidh armchúirt duine atá faoin dlí míleata a chiontú agus go gcuirfear fíneáil de phianbhreith air, is méid luaite a bheidh san fhíneáil.

(2) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, is faoi rogha an bhreithimh mhíleata a ghearrfaidh an fhíneáil a bheidh téarmaí íocaíochta fíneála dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo.”.

Caibidil 6

Bearta atá le déanamh maidir le Cinneadh agus Pianbhreith Armchúirte

Leasú ar alt 225 den Phríomh-Acht (maoin ghoidte a thabhairt ar ais).

65 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 225 den Phríomh-Acht:

“Orduithe le haghaidh maoin a thabhairt ar ais.

225.— (1) Más rud é go gciontófar duine ag armchúirt i gcion faoi alt 155 nó 156, féadfaidh an breitheamh míleata, ar an gciontú a dhéanamh (cibé acu a iarchuirfear nó nach n-iarchuirfear ar shlite eile tabhairt na pianbhreithe)—

(a) a ordú d’aon duine a mbeidh an mhaoin is ábhar don chion ina sheilbh nó faoina urláimh aige í a thabhairt ar ais d’aon duine a bheidh i dteideal í a aisghabháil ón duine ciontaithe,

(b) ar iarratas ó dhuine a bheidh i dteideal aon mhaoin eile atá in ionannas, go díreach nó go neamhdhíreach, don mhaoin dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo (mar fháltais ó aon diúscairt nó réadú a rinneadh ar an maoin go léir nó ar chuid di nó ar mhaoin a bhí in ionannas amhlaidh di), a aisghabháil ón duine ciontaithe, a ordú go ndéanfar an mhaoin eile sin a sheachadadh ar an iarratasóir nó a aistriú chuige, nó

(c) a ordú go ndéanfar suim nach mó ná luach na maoine dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo a íoc, as aon airgead de chuid an duine chiontaithe a tógadh as a sheilbh nuair a gabhadh é, le haon duine a bheadh i dteideal an mhaoin sin a aisghabháil uaidh dá mbeadh an mhaoin i seilbh an duine chiontaithe.

(2) I gcás ina mbeidh cumhacht ag an mbreitheamh míleata, ar dhuine a chiontú, ordú a dhéanamh i gcoinne an duine faoi mhíreanna (b) agus (c) araon d’fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an breitheamh míleata orduithe a dhéanamh faoin dá mhír mura ndéanfaidh an duine ar ina fhabhar a dhéantar na horduithe níos mó ná luach na maoine is ábhar don chion lena mbaineann a aisghabháil tríd sin.

(3) Más rud é—

(a) go ndéanfar ordú faoi fho-alt (1)(a) den alt seo chun aon mhaoin a thabhairt ar ais, agus

(b) gur dealraitheach don bhreitheamh míleata gur dhíol an duine ciontaithe an mhaoin le duine a bhí ag gníomhú de mheon macánta nó go bhfuair sé airgead ar iasacht ó dhuine a bhí ag gníomhú amhlaidh ar urrús na maoine,

ansin, ar iarratas ón gceannaitheoir nó ón iasachtóir, féadfaidh an breitheamh míleata a ordú go n-íocfar leis an iarratasóir, as aon airgead de chuid an duine chiontaithe a tógadh as a sheilbh nuair a gabhadh é, suim nach mó ná an méid a d’íoc an t-iarratasóir ar an gceannach nó, de réir mar a bheidh, an méid a bheidh dlite don iarratasóir i leith na hiasachta.

(4) (a) Ní fheidhmeoidh an breitheamh míleata na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo mura rud é, ina thuairim, go bhfuil na fíorais iomchuí sách dealraitheach ó fhianaise arna tabhairt ag an triail nó ó na doiciméid a bheidh ar fáil, mar aon le hadmhálacha a dhéanfaidh aon duine, nó a dhéanfar thar a cheann, i dtaca le haon fheidhmiú beartaithe ar na cumhachtaí.

(b) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn ‘doiciméid a bheidh ar fáil’—

(i) aon ráitis nó admhálacha i scríbhinn a rinneadh lena n-úsáid, agus a bheadh inghlactha i bhfianaise, ag an triail, agus

(ii) aon ráitis nó admhálacha i scríbhinn a úsáideadh mar fhianaise ag an triail nó in aon imeachtaí den sórt sin.

(5) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo ach amháin i ndáil le cionta arna ndéanamh go hiomlán nó go páirteach ar dháta thosach feidhme an ailt seo nó dá éis.

(6) Ní dochar an t-alt seo don Police (Property Act) 1897 (maoin i seilbh an Gharda Síochána a dhiúscairt).”.

Leasú ar alt 226 den Phríomh-Acht (ceart chun cóip d’imeachta armchúirte d’fháil).

66 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 226 den Phríomh-Acht:

“Imeachtaí armchúirte.

226.— (1) Déanfar imeachtaí armchúirte a bhuanchoimeád sa tslí fhorordaithe.

(2) Chun críocha an ailt seo, folaíonn imeachtaí armchúirte foilseáin.”.

Caibidil 7

Pianbhreitheanna a chur i bhFeidhm

Leasú ar alt 229 den Phríomh-Acht (pianbhreith phríosúntachta nó choinneála a chur i bhfeidhm).

67 .— Leasaítear alt 229 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí “Faoi réir alt 212A, i gcás ina dtabharfaidh armchúirt pianbhreith phríosúnachta,” a chur in ionad “I gcás go dtabharfaidh armchúirt pianbhreith phríosúnachta agus go ndaingneofar í,”,

(b) i bhfo-alt (2), trí “Faoi réir alt 212A, i gcás ina dtabharfaidh armchúirt pianbhreith choinneála” a chur in ionad “Nuair a bhéarfas armchúirt pianbhreith choinneála agus go ndaingneofar í, nó nuair a bhéarfas oifigeach ceannais í,”, agus

(c) i bhfo-alt (3), trí “Faoi réir alt 212A, féadfar príosúnach míleata” a chur in ionad “Féadfar príosúnach míleata”.

Leasú ar alt 231 den Phríomh-Acht (é a bheith de dhualgas ar rialtóir príosúin príosúnaigh a ghlacadh).

68 .— Leasaítear alt 231 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí “príosúnaigh mhíleata” a chur in ionad “príosúnaigh”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Glacfaidh rialtóir gach príosúin faoina choimeád freisin aon duine faoin dlí míleata atá i gcoimeád seirbhíse, ar ordú i scríbhinn, a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach ceannais an duine sin, d’aon tréimhse nach sia ná 8 lá (gan an lá a dhéanfar an t-ordú a áireamh), nó aon ordú nó orduithe breise den sórt sin a dhéanfar amhlaidh d’aon tréimhse nó tréimhsí breise den sórt sin, a sheachadadh don rialtóir.”.

Leasú ar alt 233 den Phríomh-Acht (príosúin mhíleata agus beairicí coinneála a rialáil).

69 .— Leasaítear alt 233 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2A) (a cuireadh isteach leis an Acht um Cheartas Coiriúil 1990):

“(2A) Aon chumhacht a thugtar le rialacha faoin alt seo chun duine a scaoileadh saor go sealadach, ní bheidh sí, i gcás duine a mbeidh pianbhreith á cur isteach aige a cuireadh air ar é a chiontú i dtréas nó i ndúnmharú, nó in iarracht ar dhúnmharú, a bhfuil feidhm ag alt 3 den Acht um Cheartas Coiriúil 1990 maidir leis, infheidhmithe sula n-éagfaidh an tréimhse íosta a shonróidh an armchúirt faoi alt 4 den Acht sin, arna chur chun feidhme le halt 169A de Acht seo, lúide aon laghdú ar an tréimhse sin de réir an mhéid loghtha a bheidh tuillte ag an duine de réir na rialacha cleachtais faoina dtuilleann príosúnaigh i gcoitinne loghadh pianbhreithe trí dhúthracht agus dea-iompar, ach amháin ar chúiseanna tromaí de chineál daonchairdiúil, agus ní mhairfidh aon scaoileadh saor den sórt sin ach cibé fad teoranta a bheidh cóir ag féachaint do na cúiseanna sin.”.

Caibidil 8

Rialacha Nós Imeachta agus Rialacha Armchúirte

Leasú ar alt 240 den Phríomh-Acht (rialacha nós imeachta).

70 .— Leasaítear alt 240 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Féadfaidh an tAire rialacha a dhéanamh (dá ngairtear ‘rialacha nós imeachta’ san Acht seo) i ndáil le gach ní nó le haon ní díobh seo a leanas:

(a) tionól agus nós imeachta cúirteanna fiosrúcháin agus bord;

(b) foirm an mhionna a ghlacfaidh an breitheamh míleata sula rachaidh sé i mbun a dhualgas faoin Acht seo;

(c) i gcás duine a bheidh athchurtha chun trialach ag armchúirt, na nósanna imeachta (seachas nósanna imeachta armchúirte is ábhar do rialacha armchúirte) a leanfar le linn an duine a thabhairt chun trialach, lena n-áirítear coimriú fianaise i scríbhinn a thógáil sa chás;

(d) feidhmeanna an Riarthóra Armchúirte maidir le riarachán agus gnó armchúirteanna a bhainistiú agus a rialú i gcoitinne;

(e) an nós imeachta chun armchúirteanna a chomóradh;

(f) an nós imeachta chun armchúirt ghinearálta nó armchúirt theoranta a dhíscaoileadh ag an Riarthóir Armchúirte;

(g) an nós imeachta chun nithe a tharchur chuig an armchúirt achomair;

(h) an nós imeachta chun comhaltaí boird armchúirte a roghnú;

(i) an nós imeachta i ndáil le dlíodóir d’fheidhmiú ar son duine chun críocha alt 211A;

(j) cinntí agus pianbhreith armchúirte a fhógairt;

(k) pianbhreitheanna armchúirteanna a chur in éifeacht;

(l) breitheanna arna dtabhairt ag an armchúirt achomair agus pionóis arna ngearradh aici faoi alt 178G a chur in éifeacht;

(m) foirm an fhógra agus an fógra sin a thabhairt faoi alt 212A(12);

(n) taifid ar imeachtaí armchúirte a choinneáil agus a bhuanchoimeád;

(o) cóipeanna de na taifid sin a sholáthar, lena n-áirítear foráil i leith aon táille is iníoctha as cóipeanna a sholáthar;

(p) na hoifigigh atá le bheith ina n-oifigigh fhorordaithe chun críocha alt 121;

(q) feidhmeanna an Phríomh-Bhreithimh Mhíleata (más ann);

(r) na feidhmeanna breithiúnacha, seachas na feidhmeanna sin maidir le harmchúirteanna, a fhéadfaidh breitheamh míleata a fheidhmiú;

(s) aon ní nó rud eile dá dtagraítear sa Chuid seo (seachas Caibidlí IV agus X agus aon ní nó rud dá dtagraítear sa Chuid seo mar ní nó rud atá forordaithe le rialacha armchúirteanna) mar ní nó rud atá forordaithe;

(t) aon ní eile a mheasfaidh an tAire is gá nó is fóirsteanach chun an Chuid seo a riaradh go cuí (seachas Caibidlí IV agus X agus aon ní dá dtagraítear sa Chuid seo mar ní is ábhar do rialacha armchúirte).”.

Ailt nua a chur isteach: Coiste Rialacha na nArmchúirteanna, etc.

71 .— (1) Cuirtear na hailt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 240 ach i gCaibidil IX den Phríomh-Acht:

“Coiste Rialacha na nArm-chúirteanna.

240A.— (1) Bunaítear leis seo coiste ar a dtabharfar Coiste Rialacha na nArmchúirteanna nó, sa Bhéarla, the Courts-Martial Rules Committee (dá ngairtear an ‘Coiste’ sa Chaibidil seo).

(2) Is iad feidhmeanna an Choiste, le comhthoiliú an Aire, rialacha cúirte a dhéanamh (dá ngairtear ‘rialacha armchúirte’ san Acht seo) de réir alt 240B.

(3) Beirt chomhalta ex officio agus seisear comhalta ainmnithe a bheidh ar an gCoiste.

(4) Is iad is na comhaltaí ex officio den Choiste—

(a) an tArd-Abhcóide Breithiúnais, agus

(b) an breitheamh míleata nó, i gcás ina mbeidh níos mó ná breitheamh míleata amháin ann, an Príomh-Bhreitheamh Míleata, agus beidh sé ina leaschathaoirleach ar an gCoiste.

(5) Is iad na comhaltaí ainmnithe den Choiste—

(a) breitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh ainmnithe ag Uachtarán na Cúirte Cuarda, agus a bheidh ina chathaoirleach ar an gCoiste,

(b) abhcóide cleachtach a bheidh ainmnithe ag Ardchomhairle Bharra na hÉireann,

(c) aturnae cleachtach a bheidh ainmnithe ag Dlí-Chumann na hÉireann,

(d) oifigeach don Ard-Aighne, a bheidh ainmnithe ag an Ard-Aighne,

(e) oifigeach don Roinn Cosanta, nach ísle céim ná príomhoifigeach, a bheidh ainmnithe ag an Aire, agus

(f) oifigeach de na Buan-Óglaigh, nach ísle céim ná ceannfort, arna ainmniú ag an gCeann Foirne, a ghníomhóidh mar rúnaí don Choiste.

(6) Beidh gach comhalta ainmnithe den Choiste, mura túisce a éagfaidh an comhalta sin, a éireoidh sé as oifig nó a scoirfidh sé, de réir mar a bheidh, de bheith ina bhreitheamh den Chúirt Chuarda, ina abhcóide cleachtach, ina aturnae cleachtach nó ina oifigeach dá dtagraítear i bhfo-alt (5)(d) go (f) den alt seo, i seilbh oifige mar chomhalta den sórt sin ar feadh cúig bliana ón dáta a ainmneofar é.

(7) Beidh comhalta ainmnithe den Choiste a rachaidh a chomhaltas in éag le himeacht aimsire in-athainmnithe.

(8) Faoi réir fho-alt (9) den alt seo, féadfaidh an Coiste gníomhú d’ainneoin folúntais amháin nó níos mó a bheith ina chomhaltas.

(9) Ceathrar is córam do chruinniú den Choiste.

(10) Beidh cathaoirleach an Choiste i gceannas ag an uile chruinniú den Choiste a mbeidh sé i láthair acu agus is é an leaschathaoirleach a bheidh i gceannas ag an gcruinniú i gcás an cathaoirleach a bheith as láthair.

(11) Faoi réir fho-alt (12) den alt seo, déanfaidh an Coiste cibé cruinnithe agus cibé líon cruinnithe is gá a thionól chun a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh ach in aon chás tiocfaidh sé le chéile uair amháin ar a laghad gach bliain.

(12) Déanfar an chéad chruinniú den Choiste a thionól laistigh de mhí amháin tar éis thosach feidhme an ailt seo.

(13) Faoi réir an Achta seo, déanfaidh an Coiste cleachtas agus nós imeachta an Choiste a rialáil.

Rialacha armchúirte.

240B.— (1) Féadfaidh an Coiste, le comhthoiliú an Aire, rialacha armchúirte a dhéanamh chun rialáil a dhéanamh ar an bpléadáil, ar an gcleachtas agus ar an nós imeachta i gcoitinne sna himeachtaí go léir os comhair armchúirteanna faoin gCuid seo den Acht seo, lena n-áirítear rialacha i ndáil leis na nithe go léir nó le haon cheann de na nithe atá leagtha amach sa Dóú Sceideal Déag a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Measfar rialacha armchúirte a bheith inan-ionstraim reachtúil lena mbaineann an tAcht Ionstraimí Reachtúla 1947 go príomha.”.

(2) Cuirtear an Sceideal atá leagtha amach i Sceideal 7 isteach i ndiaidh an Aonú Sceideal Déag (a cuireadh isteach le halt 20) a ghabhann leis an bPríomh-Acht

SCEIDEAL 1

Cosaint agus Forálacha Idirthréimhseacha

Alt 3.

Cionta a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta seo.

1. I gcás ciona arna dhéanamh roimh thosach feidhme an Achta seo, ní fheidhmeofar na leasuithe a rinneadh leis an Acht seo ar an bPríomh-Acht chun go gceadófar pionós is déine ná an pionós ab infheidhme nuair a rinneadh an cion sin a fhorchur i leith an chiona.

Duine arna athchur nó arna hathchur chun trialach ag armchúirt.

2. Gan dochar d’alt 26(2)(c) den Acht Léiriúcháin 2005, más rud é, roimh thosach feidhme an Achta seo, go mbeidh duine athchurtha chun trialach ag armchúirt nó chun atrialach (i gcás ina mbeidh atriail ordaithe ag an gCúirt Achomhairc Armchúirteanna) agus nach mbeidh armchúirt comórtha go fóill de réir an Phríomh-Achta, ansin, faoi réir ordacháin an Stiúrthóra, féadfar, faoi réir mhír 1, an duine a thriail agus phionósú ionann is dá mba go raibh an duine athchurtha chun trialach nó chun atrialach tar éis thosach feidhme an Achta seo.

Triail ag armchúirt a roghnú.

3. (1) Más rud é, roimh thosach feidhme Chaibidil 3 de Chuid 3

(a) go mbeifear ag déileáil le cúiseamh go hachomair faoi alt 177 nó 178, de réir mar a bheidh, agus

(b) nach mbeifear tar éis a fhiafraí den duine cúisithe go fóill, de réir an ailt sin, de réir mar is cuí, cé acu a roghnaíonn an duine go ndiúscrófar an cúiseamh go hachomair nó go dtriailfear ag armchúirt é,

ansin, beidh éifeacht le halt 177B nó 178B den Phríomh-Acht, de réir mar a bheidh, ionann is dá gceanglófaí leis an alt sin ar an oifigeach údaraithe nó ar an oifigeach ceannais, de réir mar is cuí, an deis a thabhairt don duine cúisithe triail ag armchúirt a roghnú i ndáil leis an gcúiseamh sula rachaidh sé nó sí ar aghaidh chun an cúiseamh a dhiúscairt go hachomair.

(2) Aon roghnú chun trialach ag armchúirt a dhéanfar roimh thosach feidhme Chaibidil 3 de Chuid 3, déileálfar leis ar an dáta sin nó dá éis, amhail is dá mba faoi alt 177B nó 178B den Phríomh-Acht a rinneadh é, de réir mar is cuí.

Achomhairc chuig armchúirt achomair.

4. (1) Ní bheidh feidhm ag ailt 178E, 178F agus 178G den Phríomh-Acht ach amháin maidir le cinntí a dhéanfar, pionóis a ghearrfar agus orduithe cúitimh a dhéanfar tar éis do Chaibidil 3 de Chuid 3 teacht i ngníomh.

(2) Ní bheidh feidhm ag ailt 179D agus 179E den Phríomh-Acht ach amháin maidir le cinntí a dhéanfar, pionóis a ghearrfar agus orduithe cúitimh a dhéanfar tar éis do Chaibidil 3 de Chuid 3 teacht i ngníomh.

Feidhm alt 180 den Phríomh-Acht.

5. Ní dhéanfaidh aisghairm alt 180 den Phríomh-Acht le halt 4 difear d’fheidhmiú an ailt sin maidir le pionóis a ghearrfar faoi Chaibidil IV de Chuid V den Acht sin roimh thosach feidhme Chaibidil 3 de Chuid 3.

SCEIDEAL 2

Leasuithe ar an bPríomh-Acht

Alt 4.

An fhoráil dá ndéantar difear

An leasú

(1)

(2)

Alt 50

An fo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le breitheamh míleata.”.

Alt 81(1)(c)

“náire” a chur in ionad “aithis”.

Alt 126(2)

(a) I mír (a), “faoi bhrí meiscigh” a chur in ionad “ar meisce”.

(b) I bhfomhír (ii), “náire” a chur in ionad “aithis”.

Alt 139

“náire” a chur in ionad “aithis”.

Alt 152

“le haerárthach seirbhíse nó ábhar aerárthaigh seirbhíse” a chur in ionad “le haerárthach nó ábhar aerárthaigh”.

Alt 159

(a) I bhfo-alt (1)(c), “faoi bhrí meiscigh” a chur in ionad “ar meisce”.

(b) An méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Chun críocha mhír (c) d’fho-alt (1) den alt seo, measfar go raibh duine faoi bhrí meiscigh le linn dó feithicil sheirbhíse a thiomáint nó iarracht a dhéanamh í a thiomáint—

(a) más deimhin leis an oifigeach a bheidh ag imscrúdú an chúisimh faoi Chaibidil IV den Chuid seo, nó

(b) más deimhin leis an armchúirt achomair nó, i gcás armchúirte ginearálta nó armchúirte teoranta, an bord armchúirte,

nach raibh an duine sin, de dheasca é a bheith tar éis meisceach a chaitheamh, inniúil ar an bhfeithicil sin a rialú go héifeachtach le linn di a bheith ag gluaiseacht.”

Alt 169(3)(g)

“náire” a chur in ionad “aithis”.

Alt 175(1)(b)(iii)

“agus gur daingníodh cinneadh sin na harmchúirte” a scriosadh.

Alt 183(2)

“€2,000” a chur in ionad “£100”.

Alt 196

(a) I bhfo-alt (4), “breitheamh míleata” a chur in ionad “uachtarán na harmchúirte”.

(b) I bhfo-alt (5), “an bhreithimh mhíleata” a chur in ionad “an uachtaráin” agus “an breitheamh míleata” a chur in ionad “an t-uachtarán”.

Alt 200(1)

“an duine forordaithe” a chur in ionad “an t-uachtarán nó duine forordaithe eile”.

Alt 204

“Maidir le cinneadh éigiontachta ag armchúirt, cibé acu ar gach ceann nó ar aon cheann nó cinn de na cúisimh i gcoinne an chúisí,” a chur in ionad “Ní gá daingniú ar chinneadh éigiontachta ag armchúirt, pé acu ar gach ceann nó ar aon cheann nó cinn de na cúisimh i gcoinne an chúisí é, ná ní bheidh sé inathbhreithnithe agus” a scriosadh.

Alt 206(2)(a) agus (c)

“náire” a chur in ionad “aithis”.

Alt 239(2)

(a) “nó san aer” a chur isteach i ndiaidh “ar muir” gach áit a bhfuil sé.

(b) “nó aerárthaigh” a chur isteach i ndiaidh “bord loinge” agus “nó an aerárthaigh” a chur isteach i ndiaidh “na loinge” gach áit a bhfuil sé.

Alt 242(1)

“€2,000” a chur in ionad “£250”.

Alt 243(2)(b)

“€2,000” a chur in ionad “£250”.

Alt 244

“, go dtí go gcruthófar a mhalairt,” a chur in ionad “dochloíte”.

Alt 245

“€2,000” a chur in ionad “£250”.

Alt 248

(a) “nó, más iomchuí, in imeachtaí faoi Chaibidil IV den Chuid seo” a chur isteach i ndiaidh “cúirte sibhialta”.

(b) I míreanna (e) agus (f), “(cibé acu clóite nó curtha ar fáil trí mheán leictreonach nó ar shlí eile i bhfoirm neamh-inléite is féidir a atáirgeadh i bhfoirm inléite bhuan)” a chur in ionad “(pé acu clóite nó roth-ghraifnithe dhó)” gach áit a bhfuil sé.

Alt 249(2)

“comhalta de na hÓglaigh Cúltaca” a chur in ionad “ fear de na hÓglaigh Cúltaca”.

Alt 250

(a) I bhfo-alt (1), “breitheamh míleata” a chur in ionad “uachtarán na harmchúirte”.

(b) I bhfo-alt (2), “agus an beart a rinne an t-údarás daingniúcháin maidir leo” a scriosadh.

SCEIDEAL 3

Tagairtí d’Aithis in Acht áirithe agus in Ionstraimí áirithe

Alt 10.

CUID 1

An tAcht

An fhoráil dá ndéantar difear

An leasú

(1)

(2)

(3)

Superannuation Act 1887

Alt 3 (arna leasú le Rialacháin Aoisliúntais na Státseirbhíse 1980)

(I.R. Uimh. 188 de 1980))

I bhfo-alt (2)(b)(i)(I), “disgrace” a chur in ionad “ignominy”.

CUID 2

An Ionstraim

An Fhoráil dá ndéantar difear

Leasú

(1)

(2)

(3)

Scéim Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas) (Comhdhlúthú) 1998 (I.R. Uimh. 455 de 1998)

Airteagail 9(1)(j)(I)(A), 33(1)(h)(I)(A), 63(1)(j)(I)(A) agus 88(1)(h)(I)(A)

“náire” a chur in ionad “aithis” gach áit a bhfuil sé.

Na Rialacha Nós Imeachta (Óglaigh na hÉireann) 1954 (I.R. Uimh. 243 de 1954)

Riail 63(1) (arna leasú le Rialacha Nós Imeachta (Óglaigh na hÉireann) 1987 (I.R. Uimh. 245 de 1987))

I míreanna (a) agus (d) “náire” a chur in ionad “aithis” gach áit a bhfuil sé.

Scéim Aoisliúntais na Meán-Mhúinteoirí (Leasú) 1954 (I.R. Uimh. 234 de 1954)

Mír 11(2)(a)(i) agus (b)(i)

“náire” a chur in ionad “aithis” gach áit a bhfuil sé.

Scéim Aoisliúntais na Múinteoirí Scoile Náisiúnta (Leasú) 1947 (I.R. Uimh. 330 de 1947)

Mír 5(6)(a)(i) agus (b)(i)

“náire” a chur in ionad “aithis” gach áit ina bhfuil sé.

SCEIDEAL 4

Leasuithe Ilghnéitheacha ar Achtanna eile

Alt 11.

CUID 1

Leasuithe ar an Acht um Achomhairc Armchúirteanna 1983

An fhoráil dá ndéantar difear

An leasú

(1)

(2)

Alt 13

(a) “(ar bheith daingnithe di)” a scriosadh.

(b) An fhoráil atá ann a athuimhriú mar fho-alt (1) den alt sin.

(c) An fo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(2) Féadfaidh duine a ndéanfar cinneadh nó ordú cimithe ina leith faoi alt 202 nó 203 d’Acht 1954 achomharc a dhéanamh chuig an gCúirt in aghaidh an chinnidh nó an ordaithe cimithe sin.”.

Alt 17

(a) I bhfo-alt (1), “ón mbreitheamh míleata a bheidh i gceannas ag an armchúirt” a chur in ionad “ó uachtarán nó ó abhcóide breithiúnais na harmchúirte”.

(b) Fo-alt (2) a scriosadh.

Alt 19

“(seachas achomharc faoi ailt 203B go 203D (arna gcur isteach leis an Acht Cosanta (Leasú) 2007) d’Acht 1954)” a chur isteach i ndiaidh “Más rud é, ar aon achomharc”.

Ailt nua

Na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 19:

“Achomhairc (neamhord meabhrach tráth na trialach).

19A.—I gcás ina ndéanfar achomharc chuig an gCúirt faoi alt 203B (arna chur isteach leis an Acht Cosanta (Leasú) 2007) d’Acht 1954 in aghaidh cinnidh ó armchúirt de bhun alt 202 den Acht sin, ordóidh an Chúirt, má cheadaíonn sí an t-achomharc, go ndéanfaidh armchúirt an t-achomharcóir a thriail nó a atriail, de réir mar a bheidh, sa chion a líomhnaítear.

Achomhairc (neamhord meabhrach an tráth a rinneadh an cion).

19B.—(1) Féadfaidh duine a ndéanfaidh armchúirt é a thriail i gcion agus a bhfaighfear é neamhchiontach de dheasca gealtachta achomharc a dhéanamh chuig an gCúirt in aghaidh an chinnidh ar na forais seo a leanas go léir nó ar aon cheann acu:

(a) nár cruthaíodh go ndearna an duine an gníomh nó an neamhghníomh atá i gceist;

(b) nach raibh neamhord meabhrach den chineál dá dtagraítear in alt 203(1) d’Acht 1954 ar an duine an tráth a rinne sé an gníomh nó an neamhghníomh;

(c) gur chóir don bhreitheamh míleata cinneadh a dhéanamh i leith an duine go raibh sé neamhinniúil ar a thriail a sheasamh.

(2) Más rud é, ar achomharc chuig an gCúirt ar an bhforas dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a) den alt seo, gur deimhin leis an gCúirt nár suíodh go ndearna ant-achomharcóir an gníomh nó an neamhghníomh atá i gceist ordóidh sí go ndéanfar an t-achomharcóir a éigiontú.

(3) Más rud é, ar achomharc chuig an gCúirt ar an bhforas dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b) den alt seo, gur deimhin leis an gCúirt go ndearna an t-achomharcóir an gníomh nó an neamhghníomh a líomhnaítear ach, tar éis di an fhianaise nó aon fhianaise nua a bhaineann le staid meabhrach an achomharcóra arna tabhairt ag síciatraí sainchomhairleach a bhreithniú, gur deimhin léi nach raibh neamhord meabhrach air den chineál dá dtagraítear in alt 203(1) d’Acht 1954, ionadóidh an Chúirt fíorasc ciontach sa chion inar cúisíodh é nó in aon chion eile ar deimhin léi go bhféadfaí (de bhua an chúisimh) an duine a chiontú ann agus gur chóir é a chiontú ann, agus beidh na cumhachtaí céanna ag an gCúirt chun an duine a phionósú nó déileáil leis an duine ar shlí eile agus a bheadh ag an armchúirt lena mbaineann dá mba rud é gur ciontaíodh an duine sa chion ar ina leith a ionadaíodh amhlaidh an fíorasc ciontach.

(4) Más rud é, ar achomharc chuig an gCúirt ar an bhforas atá leagtha amach i bhfo-alt (1)(c) den alt seo, gur deimhin leis an gCúirt gur chóir cinneadh a dhéanamh go raibh an t-achomharcóir neamhinniúil ar a thriail a sheasamh, déanfaidh sí cinneadh sa chéill sin agus, sa chás sin beidh feidhm ag forálacha alt 202(1)(b) d’Acht 1954.

(5) Más rud é, ar achomharc chuig an gCúirt, gur deimhin leis an gCúirt, tar éis di an fhianaise nó aon fhianaise nua a bhaineann le staid meabhrach an achomharcóra a bhreithniú, go raibh, an tráth a rinneadh an cion a líomhnaítear, neamhord meabhrach den chineál dá dtagraítear in alt 203(1) d’Acht 1954 air, agus murach an neamhord sin go bhfaighfí ciontach an t-achomharcóir sa chion inar cúisíodh é nó i gcion eile a bhféadfaí an duine a fháil ciontach ann de bhua an chúisimh, déanfaidh an Chúirt an t-achomharc a dhíbhe.

(6) San alt seo agus in alt 19C den Acht seo, tá le ‘síciatraí sainchomhairleach’ an bhrí chéanna atá leis san Acht Meabhair-Shláinte 2001.

Achomhairc (forálacha forlíontacha).

19C.—(1) I gcás ina ndéanfar achomharc chuig an gCúirt in aghaidh cinnidh ó armchúirt ordú cimithe a dhéanamh nó gan é a dhéanamh faoi alt 202(1)(b) nó 203(2) d’Acht 1954, féadfaidh an Chúirt, tar éis di an fhianaise nó aon fhianaise nua a bhaineann le staid meabhrach an duine chúisithe arna tabhairt ag síciatraí sainchomhairleach a bhreithniú, cibé ordú a dhéanamh, ar ordú é a bhí ar fáil don armchúirt a dhéanamh, is cuí léi agus, gan dochar d’fhorálacha alt 13 den Acht um an Dlí Coiriúil (Gealtacht) 2006 a bhaineann le hathbhreithniú ar orduithe cimithe, ní bheidh aon ábhar achomhairc eile ann ó ordú a rinneadh de thoradh achomhairc faoin alt seo.

(2) I gcás ina gceadóidh an Chúirt achomharc in aghaidh ciontú nó in aghaidh fíoraisc neamhchiontachta de dheasca gealtachta ar an bhforas gur chóir cinneadh a dhéanamh go raibh an t-achomharcóir neamhinniúil ar a thriail a sheasamh, nó i gcás ina gceadóidh sí achomharc in aghaidh ciontú ar an bhforas gur chóir an t-achomharcóir a fháil neamhchiontach de dheasca gealtachta, beidh na cumhachtaí céanna aici chun déileáil leis an achomharcóir agus a bheadh ag an armchúirt lena mbaineann faoi alt 202 nó 203 d’Acht 1954 dá ndéanfadh sí an cinneadh céanna.

(3) Beidh feidhm ag na forálacha coimhdeacha agus nós imeachta go léir i reacht nó in ionstraim arna déanamh faoi reacht a bhaineann le hachomhairc in aghaidh ciontuithe, lena n-áirítear forálacha a bhaineann le cead achomharc a dhéanamh, fara na modhnuithe is gá maidir le hachomhairc faoi ailt 19A agus 19B den Acht seo agus fo-alt (1) den alt seo.

(4) Folóidh cumhachtaí na Cúirte in achomharc faoi alt 19A nó 19B den Acht seo nó d’fho-alt (1) den alt seo an chumhacht aon ordú den sórt sin a dhéanamh is gá chun an ceartas a dhéanamh de réir fhorálacha an Achta seo agus an Achta um an Dlí Coiriúil (Gealtacht) 2006.”.

Alt 22

“an Stiúrthóir Ionchúiseamh Míleata” a chur in ionad “an duine a chomóir an armchúirt ag ar triaileadh ant-achomharcóir, nó a chomharba oifige agus é curtha ar a chumas go cuí armchúirteanna a chomóradh”.

Ailt nua

Na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 22:

“Cás a shonrú don Chúirt ar cheist dlí.

22A.—I gcás ina ndéanfar achomharc chuig an armchúirt achomair faoi alt 178E (arna chur isteach leis an Acht Cosanta (Leasú) 2007) d’Acht 1954—

(a) déanfaidh an breitheamh míleata, má iarrann an t-achomharcóir nó an freagróir é, mura dóigh leis an mbreitheamh míleata gur iarraidh shuaibhreosach í, agus

(b) féadfaidh an breitheamh míleata, gan é a iarraidh air,

aon cheist dlí a éireoidh san achomharc sin a tharchur chuig an gCúirt lena cinneadh de réir an Achta seo.

Athbhreithniú ar phianbhreitheanna áirithe.

22B.—(1) Déanfar iarratas ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Míleata faoi alt 212B (arna chur isteach leis an Acht Cosanta (Leasú) 2007) den Acht Cosanta 1954 ar athbhreithniú ar phianbhreith a ghearrfaidh armchúirt, ar iarratas chuige sin a dhéanamh chun na Cúirte, iar bhfógra a thabhairt don duine ciontaithe, laistigh de 28 lá, nó cibé tréimhse is faide ná sin nach faide ná 56 lá a chinnfidh an Chúirt, ón lá a gearradh an phianbhreith.

(2) Ar iarratas den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an Chúirt—

(a) an phianbhreith a neamhniú agus an phianbhreith is dóigh léi is cuí a ghearradh ar an duine ciontaithe ina háit ar pianbhreith í a d’fhéadfadh an armchúirt lena mbaineann a ghearradh air, nó

(b) an t-iarratas a dhiúltú.”.

Alt 26

An méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b)—

“(b) ina gceadaíonn aon fhoráil d’Acht 1954 nó aon ionstraim arna déanamh faoin Acht sin don chúisí abhcóide nó aturnae a bheith ag feidhmiú dó le linn don chúiseamh a bheith á imscrúdú nó don fhianaise a bheith á breacadh síos de bhun aon fhorálacha nó ionstraime den sórt sin (nó le linn don imscrúdú sin a bheith á dhéanamh agus don fhianaise sin a bheith á breacadh síos),”.

Alt 27

(a) I bhfo-alt (1)—

(i) an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) duine (dá ngairtear “an cúisí” san alt seo)—

(i) a bheidh, ar ordú ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Míleata, le triail ag armchúirt, nó

(ii) a dhéanfaidh achomharc chuig an armchúirt achomair de bhun alt 178E (arna chur isteach leis an Acht Cosanta (Leasú) 2007) d’Acht 1954,

agus ”,

agus

(ii) “nó ag ullmhú agus ag stiúradh a achomhairc, de réir mar a bheidh,” a chur isteach i ndiaidh “ag an triail”.

(b) I bhfo-alt 2(c)(ii)—

(i) “nó cineál an achomhairc, de réir mar a bheidh” a chur isteach i ndiaidh “ atá bunaithe”,agus

(ii) “nó ag ullmhú agus ag stiúradh a achomhairc dó, de réir mar a bheidh” a chur isteach i ndiaidh “ag an triail dó”.

Alt nua

An t-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 27:

“Deimhniú um chúnamh dlíthiúil (cás sonraithe).

27A.—(1) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh duine achomharc chun na harmchúirte achoimre faoi alt 178E (a cuireadh isteach leis an Acht Cosanta (Leasú) 2007) d’Acht 1954 agus go ndéanfaidh an breitheamh míleata a n-éistfear ant-achomharc os a chomhair ceist dlí a éireoidh sna himeachtaí a tharchur chuig an gCúirt de bhun alt 22A den Acht seo, agus

(b) go ndeonóidh an t-údarás forordaithe deimhniú um chúnamh dlíthiúil in aisce (dá ngairtear ‘deimhniú um chúnamh dlíthiúil (cás sonraithe)’ sa Chuid seo den Acht seo) i leith an duine nó go ndeonófar an céanna faoi fho-alt (3) den alt seo,

beidh an duine i dteideal cúnamh dlíthiúil in aisce a fháil le linn a chás a ullmhú agus a sheoladh i ndáil leis an gcás sonraithe agus i dteideal aturnae agus abhcóide a shannadh dó chun na críche sin ar cibé slí a bheidh ordaithe le rialacháin faoi alt 33 den Acht seo.

(2) Ní dhéanfar deimhniú um chúnamh dlíthiúil (cás sonraithe) a dheonú i leith an duine lena mbaineann ach amháin sa chás (agus sa chás amháin)—

(a) go ndéanfar iarratas ar an deimhniú sin,

(b) go ndealraíonn sé don údarás forordaithe nach leor acmhainn an duine chun go bhféadfadh sé cúnamh dlíthiúil a fháil, agus

(c) gur dealraitheach don údarás forordaithe, mar gheall ar thromaíocht an chiona inar cúisíodh an duine nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla, gur gá ar mhaithe leis an gceartas, deimhniú um chúnamh dlíthiúil (cás sonraithe) a dheonú i leith an duine.

(3) Más rud é, maidir le cás sonraithe, go ndiúltóidh an t-údarás forordaithe deimhniú um chúnamh dlíthiúil (cás sonraithe) do dhuine, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar an deimhniú—

(a) trí litir arna díriú chuig cláraitheoir na Cúirte ina leagfar amach fíorais an cháis agus forais an iarratais, nó

(b) chun na Cúirte féin,

agus deonóidh an Chúirt an deimhniú sa chás (agus sa chás amháin)—

(i) gur dealraitheach don Chúirt nach leor acmhainn an duine chun go bhféadfadh sé cúnamh dlíthiúil a fháil, agus

(ii) gur dealraitheach don Chúirt, mar gheall ar thromaíocht an chiona inar cúisíodh an duine nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla, gur gá ar mhaithe leis an gceartas, deimhniú um chúnamh dlíthiúil (cás sonraithe) a dheonú i leith an duine.”

Alt 28 (1)

(a) An méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a)—

“(a) duine (dá ngairtear “an cúisí” san alt seo)—

(i) a chiontóidh armchúirt, nó

(ii) a chinnfear a bheith neamhinniúil ar a thriail a sheasamh de bhun alt 202 d’Acht 1954, nó

(iii) a gheofar neamhchiontach de dheasca gealtachta de bhun alt 203 d’Acht 1954,

agus”.

(b) “nó in aghaidh cinnidh ó armchúirt ordú cimithe a dhéanamh nó gan é a dhéanamh faoi alt 202(1)(b) nó alt 203(2) d’Acht 1954” a chur isteach i ndiaidh “agus na pianbhreithe sin”.

Alt 34

I bhfo-alt (1), “€2,000” a chur in ionad “£100”.

CUID 2

Leasuithe ar an Acht Cosanta (Leasú) 1987

An Fhoráil dá ndéantar difear

An leasú

(1)

(2)

Alt 8

(a) I bhfo-alt (1), “an breitheamh míleata a bheidh i gceannas ag an armchúirt” a chur in ionad “uachtarán na harmchúirte”.

(b) An méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo—

(a) beidh feidhm ag fo-alt (3) d’alt 207 den Phríomh-Acht mar atá feidhm aige chun críocha an ailt sin 207, agus

(b) déanfar tagairtí don bhreitheamh míleata a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don oifigeach sin.”.

(c) I bhfo-alt (4), “€2,000” a chur in ionad “£100”.

CUID 3

Leasú ar an Acht um Fhianaise Choiriúil 1992

An fhoráil dá ndéantar difear

An leasú

(1)

(2)

Alt 1

I bhfo-alt (4)(b)(iii) “de bhun Chaibidil IV de Chuid V” a chur in ionad “de bhun alt 177 nó 178 (arna leasú le halt 3 den Acht Cosanta (Leasú) 1987)”.

CUID 4

Leasuithe ar an Acht Ombudsman (Óglaigh na hÉireann) 2004

An fhoráil dá ndéantar difear

An leasú

(1)

(2)

Alt 5(1)

(a) I mír (b) “faoi Chaibidil IV de Chuid V d’Acht 1954” a chur in ionad “faoi alt 179”.

(b) I mír (e), an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i):

“(i) lena mbaineann ceart nó cumhacht dá dtagraítear in Airteagal 13.6 den Bhunreacht a fheidhmiú nó aon fhorghéilleadh nó pionós a loghadh a ghearr armchúirt nó an Chúirt Achomhairc Armchúirteanna faoi Chaibidil IV de Chuid V d’Acht 1954, nó”.

CUID 5

Leasuithe ar an Acht um an Dlí Coiriúil (Gealtacht) 2006

An fhoráil dá ndéantar difear

An leasú

(1)

(2)

Alt 13

(a) An méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3)(b):

“(b) I gcás ina dtagann stiúrthóir cliniciúil lárionaid ainmnithe ar an tuairim, i ndáil le hothar atá ar coinneáil de bhun alt 202 den Acht Cosanta 1954, nach bhfuil an t-othar neamhinniúil a thuilleadh chun a thriail nó a triail a sheasamh, cuirfidh sé nó sí an tuairim sin in iúl láithreach don Stiúrthóir Ionchúiseamh Míleata (de réir bhrí an Achta sin) agus féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Míleata a ordú—

(i) go ndéanfar an ní a tharchur chuig an armchúirt achomair nó go gcomórfaidh an Riarthóir Armchúirte armchúirt ghinearálta nó armchúirt theoranta, de réir mar a shonraítear san ordachán, agus

(ii) go dtabharfar an duine os comhair na harmchúirte sin a luaithe is féidir chun go ndéileálfar leis nó léi de réir mar is cuí leis an armchúirt.”.

(b) An méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (8)(a):

“(a) más rud é, tar éis fianaise a bhaineann le staid meabhrach an othair arna tabhairt ag an síciatraí sainchomhairleach atá freagrach as cúram nó cóireáil an othair a éisteacht, go gcinnfidh an Bord Athbhreithnithe nach bhfuil sé nó sí neamhinniúil a thuilleadh chun trialach de dheasca neamhoird meabhrach nó chun páirt a ghlacadh in imeachtaí dá dtagraítear in alt 4, ordóidh sé go ndéanfar an t-othar a thabhairt os comhair na cúirte a chimigh é nó í chun an lárionaid ainmnithe chun go ndéileálfar leis nó léi de réir mar is cuí leis an gcúirt sin nó i gcás othair arna choinneáil nó arna coinneáil de bhun alt 202 den Acht Cosanta 1954, tabharfaidh sé fógra don Stiúrthóir Ionchúiseamh Míleata (de réir bhrí an Achta sin) agus féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Míleata a ordú—

(i) go ndéanfar an ní a tharchur chuig an armchúirt achomair nó go gcomórfaidh an Riarthóir Armchúirte armchúirt ghinearálta nó armchúirt theoranta, de réir mar a shonraítear san ordachán, agus

(ii) go dtabharfar an duine os comhair na harmchúirte sin a luaithe is féidir chun go ndéileálfar leis nó léi de réir mar is cuí leis an armchúirt.”.

SCEIDEAL 5

Cionta Sceidealta

Alt 20.

“AN tAONÚ SCEIDEAL DÉAG

Cionta Sceidealta chun Críocha Chuid V den Acht seo

CUID I

Cionta de Chineál Araíonachta a fhéadfar a Chur de Láimh go hAchomair faoi Alt 177C, 178C nó 179C

An fhoráil den Phríomh-Acht

An cion

(1)

(2)

Alt 133

Iompar easumhal

Alt 134

Mí-ord

Alt 137

Neamhláithreacht gan chead

Alt 138

Ráiteas bréagach maidir le cead a bheith as láthair

Alt 142

Toirmeasc ar dhuine a bheith faoi bhrí meiscigh

Alt 160

Úsáid feithiclí seirbhíse gan údarás

Alt 168

Iompar a rachadh chun dochair don dea-ord agus don araíonacht

CUID II

Cionta de Chineál Araíonachta a fhéadfar a Chur de Láimh go hAchomair faoi Alt 177C nó 178C Faoi Réir Réamhthoiliú an Stiúrthóra

An fhoráil den Phríomh-Acht

An cion

(1)

(2)

Alt 131

Neamh-umhlóid d’oifigeach uachtarach

Alt 136

Tréigean a chúlcheadú

Alt 141

Cúisimh bhréagacha in aghaidh oifigigh nó fir

Alt 144

Iompar leadránach maidir le trialacha

Alt 145

Cur isteach go faillitheach nó go toiliúil ar choimeád dleathach

Alt 147

Cosc a chur ar oifigeach nó fear a bheidh ag déanamh dualgas póilíneachta

Alt 150

Iompar earraí ar longa nó aerárthaigh, gan údarás

Alt 157

Maoin a dhíothú, a chailliúint nó a dhiúscairt go mícheart

Alt 159

Feithiclí seirbhíse a thiomáint go faillitheach nó go fiáin

Alt 164

Liostáil chalaoiseach

Alt 165

Cionta ginearálta maidir le liostáil

Alt 166

Dualgais a dhéanamh go faillitheach

Alt 167

Cionta maidir le doiciméid

”.

SCEIDEAL 6

Leasuithe de Dhroim Alt 20

Alt 21.

Foráil den Phríomh-Acht dá ndéantar difear

An leasú

(1)

(2)

Ailt 131, 133, 134, 136, 137(1), 138, 141, 144, 145, 147, 157, 159(1), 160, 164(1), 165, 166, 167 agus 168(1).

“dlífear, i gcás ina ndéanfar cúiseamh faoin alt seo a chur de láimh go hachomair faoi alt 177C, 178C nó 179C, de réir mar a bheidh, aon phionós is inghearrtha faoin alt sin a chur air nó,” a chur isteach i ndiaidh “in aghaidh an dlí mhíleata agus”.

SCEIDEAL 7

Rialacha Armchúirte

Alt 71.

“AN DÓÚ SCEIDEAL DÉAG

Rialacha Armchúirte

Nithe a bhféadfaidh Coiste Rialacha na nArmchúirteanna rialacha armchúirte a dhéanamh ina leith.

1. An phléadáil, an cleachtas agus an nós imeachta i gcoitinne sna himeachtaí go léir os comhair armchúirte.

2. Sannadh cásanna ag an bPríomh-Bhreitheamh Míleata (más ann).

3. Suíonna armchúirteanna, lena n-áirítear na laethanta, na tráthanna agus an áit suí, agus aon athruithe orthu sin.

4. Mionnaí agus dearbhaisc do chomhaltaí an bhoird armchúirte, d’fhinnéithe agus do dhaoine eile agus an duine nó na daoine a fhéadfaidh daoine a chur faoi mhionn agus faoi dhearbhasc den sórt sin.

5. Nósanna imeachta maidir le hagóidí a dhéanamh in aghaidh comhaltaí boird armchúirte agus maidir le daoine a chur ina n-ionad.

6. Tabhairt ar fhinnéithe agus ar dhaoine eile freastal agus doiciméid agus rudaí eile a thabhairt ar aird, lena n-áirítear socrú—

(a) i ndáil le caiteachais a íoc le daoine a thoghairtear chun freastal ar armchúirt,

(b) i ndáil le horduithe a dhéanamh chun daoine a ghabháil.

7. Taifid a dhéanamh ar imeachtaí armchúirteanna.

8. An t-ord agus an modh ina bhféadfaidh an Stiúrthóir nó an cúisí aighneachtaí a dhéanamh nó ina bhféadfar aighneachtaí a dhéanamh thar ceann an chúisí sna himeachtaí go léir os comhair armchúirte.

9. Cúisimh a athrú, a leasú, a chur isteach agus a ionadú.

10. Imeachtaí os comhair armchúirte a chur ar atráth.

11. An nós imeachta chun breitheamh míleata do dhíscaoileadh armchúirt ghinearálta nó armchúirt theoranta.

12. Foirmeacha orduithe a dhéanfaidh breitheamh míleata lena n-áirítear orduithe i ndáil le pianbhreitheanna príosúnachta nó coinneála nó aon phionós eile a fhéadfar a ghearradh.

13. Nósanna imeachta chun iarratas a dhéanamh ar chúnamh dlíthiúil.

14. Cúirtbhanna a dhéanamh agus a ghlacadh, agus foirm chúirtbhanna, chun pianbhreitheanna a chur ar fionraí faoi alt 212A.

15. Nósanna imeachta chun iarratas a dhéanamh chun armchúirte faoi alt 212A(11) chun dáta a shocrú i gcomhair éisteachta chun críocha na forála sin.

16. Nósanna imeachta chun iarratais a dhéanamh ar mhaoin ghoidte a thabhairt ar ais faoi alt 225.

17. An cleachtas agus an nós imeachta maidir leis an armchúirt achomair do thionscnamh agus d’éisteacht achomharc agus maidir le himeachtaí gaolmhara eile os comhair na harmchúirte achoimre.

18. An nós imeachta chun ceisteanna dlí a éireoidh ar achomharc faoi alt 178E, a tharchur faoi alt 178G(5) chun na Cúirte Achomhairc Armchúirteanna lena gcinneadh.

19. Aon ní nó rud eile is fóirsteanach nó is gá chun forálacha an Achta seo a bhaineann le pléadáil, cleachtas agus nós imeachta i gcoitinne a chur in éifeacht sna himeachtaí go léir os comhair armchúirteanna faoin Acht seo.”.