25 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 25 de 2007


ACHT NA LIA-CHLEACHTÓIRÍ 2007

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1 . Gearrtheideal agus tosach feidhme.

2 . Léiriú.

3 . Aisghairm agus cúlghairm.

CUID 2

An Chomhairle a choimeád ar marthain agus cuspóir agus feidhmeanna na Comhairle, etc.

4 . An Chomhairle a choimeád ar marthain.

5 . Séala na Comhairle.

6 . Cuspóir na Comhairle.

7 . Feidhmeanna na Comhairle.

8 . Feidhmeanna breise a thabhairt don Chomhairle.

9 . Ordacháin ón Aire don Chomhairle.

10 . Díolúine.

11 . Cumhachtaí na Comhairle chun rialacha a dhéanamh.

12 . Cumhacht na Comhairle treoirlínte a eisiúint.

CUID 3

Ráiteas Straitéise, Plean Gnó agus Tuarascáil Bhliantúil na Comhairle

13 . An Chomhairle do dhéanamh ráiteas straitéise a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

14 . Ráiteas straitéise a fhoilsiú agus a chur i ngníomh.

15 . An Chomhairle do dhéanamh plean gnó a ullmhú agus a chur ar aghaidh chuig an Aire.

16 . An Chomhairle do chur tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Aire.

CUID 4

Comhaltaí, Coistí agus Foireann na Comhairle

17 . Comhaltaí na Comhairle.

18 . Toghcháin.

19 . An chéad chruinniú den Chomhairle faoin Acht seo.

20 . Coistí de chuid na Comhairle.

21 . Caiteachais comhaltaí den Chomhairle agus de choistí.

22 . Liúntais a íoc.

23 . Comhaltaí den Chomhairle a chur as oifig.

24 . Príomhoifigeach feidhmiúcháin.

25 . Foireann na Comhairle.

26 . Teorainneacha aoise.

27 . Aoisliúntas.

28 . Comhaltas de ceachtar Teach den Oireachtas ag comhalta d’fhoireann na Comhairle.

29 . Comhaltas d’údarás áitiúil nó de Pharlaimint na hEorpa ag comhalta d’fhoireann na Comhairle.

30 . Comhaltaí den Chomhairle nó de choiste do nochtadh leasanna.

31 . Comhaltaí foirne na Comhairle do nochtadh leasanna.

CUID 5

Cuntais agus Airgeadas na Comhairle

32 . Cuntais na Comhairle.

33 . Cumhacht na Comhairle airgead a fháil ar iasacht.

34 . An Chomhairle do ghlacadh bronntanas.

35 . Caiteachais na Comhairle agus an Aire.

36 . Táillí a fhéadfaidh an Chomhairle a ghearradh.

CUID 6

Lia-Chleachtóirí a Chlárú

37 . Ní dhéanfaidh lia-chleachtóirí neamhchláraithe míochaine a chleachtadh.

38 . Imthosca ina bhféadfaidh lia-chleachtóirí neamhchláraithe míochaine a chleachtadh.

39 . Teidil ainmnithe.

40 . Teidil ainmnithe a úsáid.

41 . Cionta agus pionóis.

42 . Táillí, etc., a ghnóthú.

43 . An clár.

44 . Forálacha idirthréimhseacha is infheidhme maidir leis an gclár.

45 . Lia-chleachtóirí a chlárú — ginearálta.

46 . Lia-chleachtóirí a chlárú sa Rannán Ginearálta.

47 . Lia-chleachtóirí a chlárú sa Rannán Speisialtóirí.

48 . Lia-chleachtóirí a chlárú sa Rannán Speisialtóirí faoi Oiliúint.

49 . Clárú inteirneachta sa Rannán Speisialtóirí faoi Oiliúint.

50 . Cleachtóirí LEE ar cuairt do sholáthar seirbhísí ar bhonn sealadach ócáideach.

51 . Cáilíochtaí breise a chlárú.

52 . Iarratas chun clárú a bhaint den chlár, etc.

53 . Coinníollacha atá ag gabháil leis an gcéad chlárú.

54 . Clárú a dhiúltú, etc., agus achomharc chun na Cúirte in aghaidh bhreith na Comhairle.

55 . An clár a cheartú.

56 . An clár a fhoilsiú.

CUID 7

Gearáin chun an Choiste Réamhimeachtaí maidir le lia-chleachtóirí cláraithe

57 . Gearáin maidir le lia-chleachtóirí cláraithe.

58 . Daoine a chabhróidh leis an gCoiste Réamhimeachtaí.

59 . An Coiste Réamhimeachtaí do bhreithniú gearán.

60 . Más gá clárú a fhionraí láithreach chun an pobal a chosaint.

61 . Gan beart eile a dhéanamh nó gearán a tharchur chuig comhlacht nó údarás eile nó chuig scéim inniúlachta gairmiúla.

62 . Gearáin a réiteach trí idirghabháil nó ar mhodh neamhfhoirmiúil eile.

63 . Gearán a tharchur chuig an gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh.

CUID 8

Gearáin a tharchuirtear chun an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh

64 . Dualgas tarchur chun an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh agus éisteacht aige a chur in iúl don lia-chleachtóir cláraithe agus don ghearánach nó d’fhinnéithe eile.

65 . Seoladh na héisteachta.

66 . Cumhachtaí agus cosaintí maidir le finnéithe agus fianaise.

67 . Má thoilíonn an lia-chleachtóir cláraithe le cáineadh nó gníomh leigheasta, etc.

68 . Má tharraingítear siar gearán le linn don Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh é a bhreithniú.

69 . Tuarascáil chun na Comhairle ón gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh.

70 . Bearta atá le déanamh ag an gComhairle tar éis an tuarascáil a fháil.

CUID 9

Smachtbhannaí a fhorchur ar lia-chleachtóirí cláraithe tar éis tuarascálacha ón gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh

71 . Dualgas na Comhairle chun smachtbhanna cuí a chinneadh.

72 . Forálacha d’fhorlíonadh alt 71.

73 . Dualgas fógra a thabhairt don lia-chleachtóir cláraithe maidir le smachtbhanna na Comhairle.

74 . Is gá daingniú ón gCúirt sula dtiocfaidh breitheanna áirithe in éifeacht.

75 . Achomharc chun na Cúirte in aghaidh bhreith na Comhairle faoi alt 71.

76 . Iarratas chun na Cúirte chun breith ón gComhairle a dhaingniú.

77 . Fianaise a bhaineann le hachomharc faoi alt 75(1) nó le hiarratas faoi alt 76(1) chun na Cúirte.

78 . Dualgas fógra a thabhairt don lia-chleachtóir cláraithe maidir le comhlíonadh breitheanna arna ndaingniú nó arna dtabhairt ag an gCúirt.

79 . Clárú a bhaint den chlár mar gheall ar mhainneachtain táille a íoc.

80 . Clárú a chur ar ais, etc., tar éis táillí áirithe a íoc.

81 . Clárú a cealaíodh a chur ar ais.

82 . Coinníollacha atá ag gabháil le clárú a bhaint.

83 . Achomharc chun na Cúirte in aghaidh bhreith na Comhairle faoi alt 8182.

84 . Fógra a thabhairt don Aire, d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus don fhostóir i dtaobh nithe áirithe a bhaineann le smachtbhannaí.

85 . Faisnéis a fhéadfaidh an Chomhairle a fhoilsiú ar mhaithe le leas an phobail.

CUID 10

Oideachas agus Oiliúint.

86 . Dualgais Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i ndáil le hoideachas agus oiliúint liachta agus fiaclóireachta.

87 . Feidhmeanna na Comhairle i ndáil le Treoracha ón Aontas Eorpach a bhaineann le hoideachas agus oiliúint liachta.

88 . Dualgais na Comhairle i ndáil le hoideachas agus oiliúint liachta.

89 . Comhlachtaí oiliúna agus cáilíochtaí chun críocha Rannáin na Speisialtóirí agus na Speisialtóirí faoi Oiliúint.

90 . Achomharc chun na Cúirte in aghaidh bhreith na Comhairle faoi alt 88(2)(a)(i)(II)(ii) 89(3)(a)(ii)(b).

CUID 11

Inniúlacht Ghairmiúil a Chothabháil

91 . Dualgas na Comhairle i ndáil le hinniúlacht ghairmiúil lia-chleachtóirí cláraithe a chothabháil.

92 . Achomharc chun na Cúirte in aghaidh bhreith na Comhairle faoi alt 91(4)(a)(b).

93 . Dualgas Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus fostóirí eile i ndáil le hinniúlacht ghairmiúil lia-chleachtóirí cláraithe a chothabháil.

94 . Dualgas lia-chleachtóirí cláraithe inniúlacht ghairmiúil a chothabháil.

95 . Rúndacht.

CUID 12

An Bord Míochaine agus Déidliachta Iarchéime a Dhíscaoileadh

96 . Léiriú ar Chuid 12.

97 . Lá an aistrithe agus díscaoileadh an Bhoird.

98 . Féadfaidh an tAire a cheangal ar an mBord faisnéis a thabhairt dó nó di.

99 . Foireann a aistriú.

100 . Maoin agus dliteanais a aistriú chuig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

101 . Conarthaí áirithe a choimeád ar marthain agus tagairtí a oiriúnú.

102 . Imeachtaí dlí atá ar feitheamh.

103 . Cuntais a ullmhú.

CUID 13

Ilghnéitheach

104 . Pribhléid.

105 . Imscrúdú.

106 . An Chomhairle le bheith ina húdarás ceadúnúcháin, etc., faoin Anatomy Act 1832.

107 . Cumhacht chun foirmeacha a shonrú.

108 . Tagairtí do lia-chleachtóir cláraithe agus do Chomhairle na nDochtúirí Leighis, etc., a fhorléiriú.

109 . Daoine atá i dteideal deimhnithe liachta a shíniú.

SCEIDEAL 1

Aisghairm agus Cúlghairm

CUID 1

Na hAchtanna a Aisghairtear

CUID 2

Na hIonstraimí Reachtúla a Chúlghairtear

SCEIDEAL 2

An Chomhairle: Comhaltas agus Cruinnithe


Na hAchtanna dá dTagraítear

Anatomy Act 1832

2 & 3 Will. IV c. 75

An tAcht um Shaoire Cúramóra 2001

2001, Uimh. 19

Acht na gCuideachtaí 1990

1990, Uimh. 27

Acht na bhFiaclóirí 1985

1985, Uimh. 9

An tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995

1995, Uimh. 22

Acht na gComhphobal Eorpach 1972

1972, Uimh. 27

An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997

1997, Uimh. 2

Na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003

Na hAchtanna Sláinte 1947 go 2007

An tAcht Sláinte 2004

2004, Uimh. 42

An tAcht Sláinte 2007

2007, Uimh. 23

An tAcht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh 2005

2005, Uimh. 27

Acht an Údaráis um Ard-Oideachas 1971

1971, Uimh. 22

An tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas) 1980

1980, Uimh. 8

An tAcht Rialtais Áitiúil 2001

2001, Uimh. 37

Acht na Lia-Chleachtóirí (Leasú) 1993

1993, Uimh. 17

Acht na Lia-Chleachtóirí (Leasú) 2000

2000, Uimh. 24

Acht na Lia-Chleachtóirí (Leasú) 2002

2002, Uimh. 17

Achtanna na Lia-Chleachtóirí 1978 go 2002

Acht na nDochtúirí Leighis 1927

1927, Uimh. 25

Acht na Lia-Chleachtóirí 1978

1978, Uimh. 4

Na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta 1973 go 2005

Acht na nAltraí 1985

1985, Uimh. 18

An tAcht um Eagrú Ama Oibre 1997

1997, Uimh. 20

Na hAchtanna um Shaoire do Thuismitheoirí 1998 agus 2006

Na hAchtanna Cógaisíochta 1875 go 1977

An tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001

2001, Uimh. 45

An tAcht um Aoisliúntas na Seirbhíse Poiblí (Forálacha Ilghnéitheacha) 2004

2004, Uimh. 7

Na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967 go 2003

An tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001

2001, Uimh. 31

Na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2005

/images/harp.jpg


Uimhir 25 de 2007


ACHT NA LIA-CHLEACHTÓIRÍ 2007

[An tiontú oifigiúil]

ACHT CHUN COSAINT AGUS EOLAS NÍOS FEARR A THABHAIRT DON PHOBAL INA CHUID DÉILEÁLACHA LE LIA-CHLEACHTÓIRÍ AGUS, CHUN NA CRÍCHE SIN, DO THABHAIRT BEART ISTEACH, I dTEANNTA BEART LENA nDÉANTAR SOCRÚ MAIDIR LE CLÁRÚ AGUS RIALÚ LIA-CHLEACHTÓIRÍ, CHUN ÁIRITHIÚ NÍOS FEARR A DHÉANAMH MAIDIR LE hOIDEACHAS, OILIÚINT AGUS INNIÚLACHT LIA-CHLEACHTÓIRÍ, DO LEASÚ CHOMHALTAS AGUS FHEIDHMEANNA CHOMHAIRLE NA nDOCHTÚIRÍ LEIGHIS, D’IMSCRÚDÚ GEARÁN IN AGHAIDH LIA-CHLEACHTÓIRÍ AGUS DO MHÉADÚ CHUNTASACHT PHOIBLÍ CHOMHAIRLE NA nDOCHTÚIRÍ LEIGHIS; DO THABHAIRT TUILLEADH ÉIFEACHTA DO THREOIR 2005/36/CE; AGUS, CHUN NA CRÍCHE SIN, D’AISGHAIRM AGUS D’IONADÚ ACHTANNA NA LIA-CHLEACHTÓIRÍ 1978 GO 2002 AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[7 Bealtaine 2007]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1 .— (1) Féadfar Acht na Lia-Chleachtóirí 2007 a ghairm den Acht seo.

(2) Folóidh an comhlua “na hAchtanna Sláinte 1947 go 2007” alt 57 (9).

(3) Féadfaidh an tAire Sláinte agus Leanaí, le hordú nó le horduithe, an lá nó na laethanta sin a cheapadh ar a dtiocfaidh an tAcht seo i ngníomh, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.

Léiriú.

2 .— San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1978” Acht na Lia-Chleachtóirí 1978;

ciallaíonn “Acht 2002” Acht na Lia-Chleachtóirí (Leasú) 2002;

ciallaíonn “líomhain”, i ndáil le gearán, líomhain—

(a) a éiríonn as an ngearán, agus

(b) a thagann faoi réim ceann amháin nó níos mó de na forais a shonraítear in alt 57 (1);

ciallaíonn “táille chuí”, i ndáil le foráil den Acht seo, an táille a chinnfear faoi alt 36 (1) agus is cuí don fhoráil sin;

ciallaíonn “buncháilíocht liachta”—

(a) cáilíocht a éiríonn as clár oideachais agus oiliúna bunliachta atá ceadaithe faoi alt 88 (2)(a)(i)(I) a chríochnú go sásúil,

(b) cáilíocht san oiliúint bhunliachta a shonraítear i bpointe 5.1.1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2005/36/CE, nó

(c) céim, dioplóma nó cáilíocht eile atá aitheanta faoi alt 88 (7) mar cháilíocht atá comhionann ar a laghad le cáilíocht dá dtagraítear i mír (a);

ciallaíonn “ plean gnó ” plean gnó a ullmhófar de bhun alt 15 (1);

ciallaíonn “cealú”, i ndáil le clárú lia-chleachtóra, ainm an chleachtóra a scriosadh as an gclár de bhun breithe dá dtagraítear in alt 78 (3) chun clárú an chleachtóra a chealú;

ciallaíonn “deimhniú taithí” deimhniú taithí a dheonófar do lia-chleachtóir de bhun alt 49 (2);

ciallaíonn “deimhniú clárúcháin” deimhniú dá dtagraítear in alt 43 (5);

ciallaíonn “príomhoifigeach feidhmiúcháin” príomhoifigeach feidhmiúcháin na Comhairle a cheapfar faoi alt 24 (1);

ciallaíonn “coiste” coiste a bhunófar faoi alt 20 (1), (2), (3)(4);

ciallaíonn “gearánach”, i ndáil le gearán, an duine (lena n-áirítear an Chomhairle) a rinne an gearán;

ciallaíonn “gearán” gearán faoi alt 57 (1);

folaíonn “coinníollacha” téarmaí;

ciallaíonn “Comhairle” Comhairle na nDochtúirí Leighis nó the Medical Council a bunaíodh le hAcht 1978 agus a choimeádtar ar marthain le halt 4(1);

ciallaíonn “Cúirt” an Ard-Chúirt;

folaíonn “breith”, i ndáil le hachomharc faoi alt 54 , 75, 83, 90 92, cuid de bhreith;

ciallaíonn “Comhairle Fiaclóireachta” an Chomhairle Fiaclóireachta nó the Dental Council a bunaíodh le hAcht na bhFiaclóirí 1985;

ciallaíonn “Treoir 2005/36/CE” Treoir 2005/36/CE an 7 Meán Fómhair 2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint 1 ;

ciallaíonn “Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh” an coiste a bhunófar faoi alt 20 (2)(b);

ciallaíonn “cáilíocht fhoirmiúil”—

(a) buncháilíocht liachta, agus

(b) deimhniú taithí;

ciallaíonn “Rannán Ginearálta” an rannán sin den chlár dá dtagraítear in alt 43 (2)(a);

ciallaíonn “Clár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí” an clár a bunaíodh faoi alt 26 d’Acht 1978;

folaíonn “a thabhairt” a chur, cibé acu leis an bpost nó trí mheán leictreonach nó eile, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte” Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a bunaíodh faoi alt 6 den Acht Sláinte 2004;

ciallaíonn “An tÚdarás um Ard-Oideachas” an tÚdarás um Ard-Oideachas a bunaíodh le halt 2 d’Acht an Údaráis um Ard-Oideachas 1971;

ciallaíonn “fiosrúchán” fiosrúchán ag an gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh faoi ghearán de bhun tarchuir faoi alt 63 ;

tá le “údarás áitiúil” an bhrí chéanna atá leis san Acht Rialtais Áitiúil 2001;

ciallaíonn “leas ábhartha” leas ábhartha arna fhorléiriú de réir an Achta um Eitic in Oifigí Poiblí 1995;

ciallaíonn “lia-chleachtóir” duine a shealbhaíonn buncháilíocht liachta;

ciallaíonn “Ballstát” stát seachas an Stát, ar stát é is ball den Aontas Eorpach agus folaíonn sé stáit is páirtithe sa chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a síníodh in Porto an 2 Bealtaine 1992 arna choigeartú leis an bprótacal a rinneadh sa Bhruiséil an 17 Márta 1993 agus Cónaidhm na hEilvéise;

ciallaíonn “Aire” an tAire Sláinte agus Leanaí;

ciallaíonn “feidhmíocht ghairmiúil lag”, i ndáil le lia-chleachtóir, mainneachtain ag an gcleachtóir na caighdeáin inniúlachta a chomhlíonadh (cibé acu maidir le heolas agus oilteacht nó maidir le heolas agus oilteacht a chur i bhfeidhm nó maidir leo araon) ar féidir a bheith ag súil leo le réasún ó lia-chleachtóirí a chleachtann míochaine den chineál a chleachtann an cleachtóir;

folaíonn “cleachtadh na míochaine” cleachtadh máinliachta agus disciplíní eile míochaine;

ciallaíonn “míochaine a chleachtadh” gabháil do chleachtadh na míochaine;

ciallaíonn “Coiste Réamhimeachtaí” an coiste arna bhunú faoi alt 20 (2)(a);

ciallaíonn “scéim inniúlachta gairmiúla” scéim arna bunú faoi alt 91 (2);

ciallaíonn “a fhoilsiú sa tslí fhorordaithe”, i ndáil le haon doiciméad nó faisnéis (cibé tuairisc atá air nó uirthi), an doiciméad nó an fhaisnéis, de réir mar a bheidh—

(a) a bheith foilsithe ar láithreán gréasáin Idirlín iomchuí, agus

(b) a bheith ar fáil lena iniúchadh nó lena hiniúchadh, in oifigí na Comhairle agus sin gach tráth réasúnach, ag daoine den phobal;

ciallaíonn “clár” clár na lia-chleachtóirí a bhunófar faoi alt 43 (1);

ciallaíonn “cláraithe”, i ndáil le lia-chleachtóir, cláraithe faoi alt 46 , 47, 48, 49 50;

ciallaíonn “fiaclóir cláraithe” duine a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta i gClár na bhFiaclóirí arna bhunú faoi Acht na bhFiaclóirí 1985;

ciallaíonn “lia-chleachtóir cláraithe” lia-chleachtóir a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta sa chlár;

ciallaíonn “lá bunaithe an chláir” an dáta a bheidh sonraithe san fhógra dá dtagraítear in alt 44 (3) arna fhoilsiú san Iris Oifigiúil mar an dáta a dtiocfaidh an clár i ngníomh;

ciallaíonn “Clár de Shaineolaithe Liachta” an clár arna bhunú faoi alt 30 d’Acht 1978;

ciallaíonn “coinníollacha iomchuí”, i ndáil le lia-chleachtóir cláraithe, aon choinníollacha a ghabhann le clárú an chleachtóra—

(a) de bhun alt 53(3),

(b) de bhun breithe arna daingniú nó arna tabhairt faoi alt 54 (4),

(c) de bhun breithe dá dtagraítear in alt 78 (1),

(d) de bhun alt 81 (3), nó

(e) de bhun breithe arna daingniú nó arna tabhairt faoi alt 83 (3);

ciallaíonn “láithreán gréasáin Idirlín iomchuí” láithreán gréasáin Idirlín de chuid na Comhairle (lena n-áirítear cuid de láithreán gréasáin den sórt sin) ar láithreán é—

(a) ar a bhfuil rochtain ar fáil go héasca ag daoine den phobal, agus

(b) a bhfuil aon ní a fhoilsítear ar an láithreán gréasáin ar fáil ann go héasca lena iniúchadh ag daoine den phobal;

ciallaíonn “míchumas liachta iomchuí”, i ndáil le lia-chleachtóir, míchumas coirp nó meabhrach atá ar an gcleachtóir (lena n-áirítear andúil in alcól nó i ndrugaí) agus a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh do chumas an chleachtóra míochaine nó gné áirithe di a chleachtadh;

ciallaíonn “baint de”, i ndáil le clárú lia-chleachtóra, ainm an chleachtóra a scriosadh as an gclár de bhun alt 52 (2) (6), 55(1) 79(1);

ciallaíonn “cur ar ais”, i ndáil le clárú lia-chleachtóra, ainm an chleachtóra a ataifeadadh sa chlár de bhun alt 52 (5), 8081(2) nó de bhun breithe arna daingniú nó arna tabhairt faoi alt 54(4)83(3);

ciallaíonn “coiste alt 20 (2)” coiste a bhunófar faoi alt 20 (2)(a) (b);

ciallaíonn “Rannán Speisialtóirí” an rannán sin den chlár dá dtagraítear in alt 43 (2)(b);

ciallaíonn “ráiteas straitéise” ráiteas straitéise a ullmhófar de bhun alt 13 (1);

ciallaíonn “tríú tír” stát seachas an Stát nó Ballstát;

ciallaíonn “Rannán Speisialtóirí faoi Oiliúint” an rannán sin den chlár dá dtagraítear in alt 43 (2)(c);

ciallaíonn “lia-chleachtóir neamhchláraithe” lia-chleachtóir nach bhfuil cláraithe;

ciallaíonn “cleachtóir LEE ar cuairt” lia-chleachtóir atá faoi réim alt 50 (1);

ciallaíonn “Rannán Cleachtóirí LEE ar Cuairt” an rannán sin den chlár dá dtagraítear in alt 43 (2)(d).

Aisghairm agus cúlghairm.

3 .— (1) Aisghairtear na hAchtanna a shonraítear i gCuid 1 de Sceideal 1.

(2) Cúlghairtear na hionstraimí reachtúla a shonraítear i gCuid 2 de Sceideal 1.

CUID 2

An Chomhairle a choimeád ar marthain agus cuspóir agus feidhmeanna na Comhairle, etc.

An Chomhairle a choimeád ar marthain.

4 .— (1) D’ainneoin aisghairm Acht 1978 le halt 3

(a) déanfar an comhlacht ar a dtugtar Comhairle na nDochtúirí Leighis, nó, sa Bhéarla, the Medical Council, arna bhunú le halt 6 den Acht sin a choimeád ar marthain, agus

(b) faoi réir fho-ailt (5) agus (6), aon ní a thosaigh an comhlacht sin, nó an coiste arna bhunú faoi alt 13(2)(b) d’Acht 1978, roimh thosach feidhme alt 3 , ach nár chríochnaigh sé, féadfaidh an Chomhairle (agus a comhaltas arna chomhdhéanamh faoin Acht seo) nó an coiste sin (agus a chomhaltas arna chomhdhéanamh faoi alt 13 d’Acht 1978 ach is cuma ar tháinig comhalta den choiste sin chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin roimh nó ar an tosach feidhme sin, nó dá éis), de réir mar is gá sa chás, é a sheoladh agus a chríochnú, tar éis an tosach feidhme sin amhail is—

(i) nár aisghaireadh na hAchtanna a shonraítear i gCuid 1 de Sceideal 1, agus

(ii) nár cúlghaireadh na hionstraimí reachtúla a shonraítear i gCuid 2 de Sceideal 1.

(2) Is comhlacht corpraithe an Chomhairle agus comharbas suthain agus séala oifigiúil aici agus—

(a) tá cumhacht agartha aici agus féadfar í a agairt ina hainm corpraithe, agus

(b) le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, tá cumhacht aici talamh nó leas i dtalamh a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt, agus aon mhaoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt.

(3) Féadfaidh an Chomhairle, faoi réir fhorálacha an Achta seo, a nós imeachta féin a rialáil.

(4) Tá feidhm ag Sceideal 2 maidir leis an gComhairle.

(5) Aon duine—

(a) a bhí ina chomhalta nó ina comhalta den Chomhairle agus den choiste dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b), díreach roimh thosach feidhme alt 3 , agus

(b) a scoireann, ar an tosach feidhme sin, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Chomhairle ach a bheidh fós ina chomhalta nó ina comhalta den choiste sin,

measfar, fad a leanfaidh an duine de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den choiste sin, agus chun críocha fho-alt (1)(b), go gcomhlíonann sé nó sí na ceanglais in alt 13 d’Acht 1978 a bhaineann le comhaltas an choiste sin.

(6) Más rud é, de bhun fho-alt (1)(b), go bhféadfaidh an Chomhairle aon bheart iomchuí a dhéanamh maidir le lia-chleachtóir a chlárú, ansin féadfaidh an Chomhairle an beart comhionann faoin Acht seo a dhéanamh agus—

(a) i gcás beart comhionann a thagann faoi réim mhír (a) den mhíniú ar “beart comhionann”, beidh feidhm ag alt 81 maidir leis an mbeart comhionann dá réir sin,

(b) i gcás beart comhionann a thagann faoi réim mhír (c) den mhíniú ar “beart comhionann”—

(i) forléireofar mír (c) den mhíniú ar “coinníollacha iomchuí” in alt 2 mar mhír a fholaíonn an beart comhionann dá réir sin, agus

(ii) beidh feidhm ag ailt 43(6) agus 82 maidir leis an mbeart comhionann dá réir sin.

(7) I bhfo-alt (6)

ciallaíonn “beart comhionann”, i ndáil le lia-chleachtóir a chlárú—

(a) i gcás mhír (a) den mhíniú ar “beart iomchuí”, an clárú a chealú de bhun breithe dá dtagraítear in alt 78 (3),

(b) i gcás mhír (b) den mhíniú ar “beart iomchuí”, an clárú a fhionraí de bhun breithe dá dtagraítear in alt 78 (3),

(c) i gcás mhír (c) den mhíniú ar “beart iomchuí”, coinníollacha a chur ag gabháil leis an gclárú de bhun breithe dá dtagraítear in alt 78(1),

ciallaíonn “beart iomchuí”, i ndáil le lia-chleachtóir a chlárú, aon bheart faoi Chuid V d’Acht 1978 a bhféadfaidh an Chomhairle, dá bun—

(a) ainm an chleachtóra a scriosadh as Clár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí nó as an gClár de Shaineolaithe Liachta,

(b) éifeacht a thabhairt do bhreith ón gComhairle nach mbeidh éifeacht, le linn tréimhse d’fhad sonraithe, le clárú ainm an chleachtóra i gclár dá dtagraítear i mír (a), nó

(c) coinníollacha a chur ag gabháil le hainm an chleachtóra a choimeád i gclár dá dtagraítear i mír (a).

Séala na Comhairle.

5 .— (1) Fíordheimhneofar séala na Comhairle—

(a) le síniú Uachtarán na Comhairle nó le síniú comhalta eile den Chomhairle a bheidh údaraithe ag an gComhairle chun gníomhú chuige sin, agus

(b) le síniú comhalta d’fhoireann na Comhairle a bheidh údaraithe ag an gComhairle chun gníomhú chuige sin.

(2) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala na Comhairle agus, dá réir sin, maidir le gach doiciméad—

(a) a airbheartaíonn gur ionstraim é arna déanamh ag an gComhairle, agus

(b) a airbheartaíonn a bheith séalaithe le séala na Comhairle arna fhíordheimhniú de réir fho-alt (1),

glacfar i bhfianaise é agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais mura suífear a mhalairt.

Cuspóir na Comhairle.

6 .— Is é is cuspóir don Chomhairle an pobal a chosaint trí chaighdeáin arda iompair ghairmiúil agus oideachais ghairmiúil, oiliúna gairmiúla agus inniúlachta gairmiúla a chur chun cinn, agus a chinntiú ar shlí níos fearr, i measc lia-chleachtóirí cláraithe.

Feidhmeanna na Comhairle.

7 .— (1) Déanfaidh an Chomhairle—

(a) gach rud is gá agus is réasúnach chun a cuspóir a chur chun cinn, agus

(b) a feidhmeanna a chomhlíonadh ar mhaithe le leas an phobail.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), déanfaidh an Chomhairle—

(a) an clár a bhunú agus a choimeád,

(b) nósanna imeachta agus critéir a bhunú le haghaidh clárúcháin lena n-áirítear deimhnithe clárúcháin a eisiúint agus clárú a athnuachan,

(c) cláir oideachais agus cláir bhreisoideachais, is gá chun críocha clárúcháin agus clárúcháin leantaigh, a cheadú,

(d) na cláir dá dtagraítear i mír (c) a choinneáil faoi athbhreithniú,

(e) na caighdeáin a shonrú is gá chun inniúlacht ghairmiúil lia-chleachtóirí cláraithe a chothabháil,

(f) na caighdeáin dá dtagraítear i mír (e) a choinneáil faoi athbhreithniú,

(g) gníomhú mar údarás inniúil chun na gcríoch seo a leanas—

(i) aitheantas frithpháirteach a thabhairt do cháilíochtaí míochaine arna ndámhachtain i mBallstáit nó dá dtugann Ballstáit aitheantas,

(ii) gach ní dá dtagraítear i dTreoir 2005/36/CE agus a bhaineann le ról údaráis inniúil chun críocha aitheantais do cháilíochtaí míochaine lia-chleachtóirí,

(h) comhaontaithe a dhéanamh, le comhlachtaí i dtríú tíortha atá údaraithe go cuí chun feidhmeanna a fhreagraíonn d’fheidhmeanna na Comhairle a chomhlíonadh i dtríú tíortha, ar comhaontuithe iad a bhaineann leis na nithe seo a leanas—

(i) an Chomhairle do thabhairt aitheantais, chun críocha clárúcháin, do chéimeanna, do dhioplómaí agus do cháilíochtaí eile a bhaineann le cleachtadh na míochaine agus a dhámhtar i dtríú tíortha,

(ii) comhlachtaí den sórt sin do thabhairt aitheantais, chun críocha údaráis chun míochaine a chleachtadh i dtríú tíortha, do chéimeanna, do dhioplómaí agus do cháilíochtaí eile a bhaineann le cleachtadh na míochaine agus a dhámhtar sa Stát,

(i) caighdeáin chleachtais a shonrú le haghaidh lia-chleachtóirí cláraithe, lena n-áirítear treoir chuí maidir le gach ní a bhaineann le hiompar gairmiúil agus eitic ghairmiúil do lia-chleachtóirí cláraithe a bhunú, a fhoilsiú, a chothabháil agus a athbhreithniú,

(j) coistí a bhunú chun gearáin a fhiosrú,

(k) breitheanna agus ordacháin a thabhairt faoi Chuid 9 maidir le smachtbhannaí a fhorchur ar lia-chleachtóirí cláraithe,

(l) comhairle a thabhairt don phobal i dtaobh gach ní is díol spéise i gcoitinne agus a bhaineann le feidhmeanna na Comhairle, lena réimse saineolais agus le nithe eile is díol spéise don phobal agus a bhaineann le cleachtadh na míochaine agus lia-chleachtóirí, lena n-áirítear cuspóir, feidhmeanna agus mionsonraí teagmhála na Comhairle a fhógairt go poiblí ó am go ham, agus

(m) aon fheidhm eile a thugtar di le haon fhoráil eile den Acht seo nó d’aon achtachán eile a chomhlíonadh.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2)(i), folóidh feidhm na Comhairle faoin bhfo-alt sin caighdeáin chleachtais a bhaineann le fógraíocht ag lia-chleachtóirí cláraithe, nó ag aicmí lia-chleachtóirí cláraithe, agus, i dtaca leis sin, a bhaineann le faisnéis chuí a nochtadh i ndáil leis na táillí atá le muirearú ar na seirbhísí liachta is ábhar don fhógraíocht sin.

(4) Le linn di a feidhmeanna a chomhlíonadh, tabharfaidh an Chomhairle aird ar na nithe seo a leanas—

(a) feidhmeanna a chomhlíonann comhlachtaí eile atá comhchosúil nó coimhdeach leis na feidhmeanna a chomhlíonann an Chomhairle,

(b) an gá atá ann comhoibriú le húdaráis phoiblí nó comhlachtaí poiblí eile (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go háirithe) agus a gníomhaíochtaí a chomhordú leo más rud é go ndéanann comhlíonadh a bhfeidhmeanna difear, nó go bhféadfadh sé difear a dhéanamh, do shláinte an phobail,

(c) an gá atá ann éifeachtúlacht a chur chun cinn, le linn sainoiliúint agus oiliúint inteirní a sheachadadh, trí chleachtais chaighdeánacha a fhorbairt,

(d) beartais agus cuspóirí an Rialtais nó aon Aire den Rialtas a mhéid a d’fhéadfadh na beartais agus na cuspóirí sin difear a dhéanamh d’fheidhmeanna na Comhairle nó a bheith bainteach leo,

(e) na hacmhainní, cibé áit ina dtionscnaíonn siad, atá ar fáil di chun a feidhmeanna a chomhlíonadh, agus

(f) an gá atá ann a áirithiú go mbaintear an úsáid is tairbhiúla, is éifeachtaí agus is éifeachtúla as na hacmhainní sin.

(5) Tá cumhacht ag an gComhairle aon ní a dhéanamh is dealraitheach di a bheith riachtanach, buntáisteach nó teagmhasach i ndáil le comhlíonadh a feidhmeanna nó aon ní is dealraitheach di a éascaíonn comhlíonadh a feidhmeanna.

(6) Féadfaidh an tAire, nó féadfaidh duine atá údaraithe ag an Aire chun fógra a thabhairt faoin bhfo-alt seo, a cheangal ar an gComhairle, trí fhógra i scríbhinn arna thabhairt don Chomhairle, cibé faisnéis a sholáthar don Aire nó don duine sin, de réir mar a bheidh, i ndáil le comhlíonadh fheidhmeanna na Comhairle de réir mar a shonraítear san fhógra agus laistigh den tréimhse a shonraítear san fhógra (is tréimhse réasúnach sna himthosca).

(7) Comhlíonfaidh an Chomhairle fógra a thabharfar di faoi fho-alt (6) ach amháin a mhéid a thoirmisctear uirthi déanamh amhlaidh le foráil eile den Acht seo.

(8) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a shrianann an chumhacht atá ag aon Aire den Rialtas rialacháin a dhéanamh faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach 1972.

Feidhmeanna breise a thabhairt don Chomhairle.

8 .— (1) Féadfaidh an tAire le hordú—

(a) cibé feidhmeanna breise a thabhairt don Chomhairle i dtaca leis na nithe seo a leanas—

(i) lia-chleachtóirí cláraithe, a n-oideachas agus a n-oiliúint agus cleachtadh na míochaine ag lia-chleachtóirí, nó

(ii) cur i ngníomh aon treorach nó rialacháin ón Aontas Eorpach maidir le cleachtadh na míochaine, lia-chleachtóirí a dhéanann míochaine a chleachtadh agus aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí lia-chleachtóirí a fheidhmíonn a gceart chun saoirse gluaiseachta laistigh den Aontas Eorpach,

is cuí leis an Aire, agus

(b) cibé socruithe a dhéanamh a mheasann an tAire is gá nó is fóirsteanach i ndáil le nithe atá coimhdeach le feidhmeanna breise a thabhairt don Chomhairle nó a éiríonn as.

(2) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach tar éis an t-ordú sin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(3) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a shrianann cumhacht aon Aire den Rialtas rialacháin a dhéanamh faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach 1972.

Ordacháin ón Aire don Chomhairle.

9 .— (1) Féadfaidh an tAire ordacháin beartais ghinearálta a thabhairt don Chomhairle i scríbhinn i ndáil le comhlíonadh a feidhmeanna ag an gComhairle seachas aon fheidhmeanna den sórt sin—

(a) a bhaineann le hiompar gairmiúil agus le heitic lia-chleachtóirí cláraithe, nó

(b) faoi aon cheann de Chodanna 7, 8 agus 9.

(2) Ní dhéanfar aon ní in ordacháin arna dtabhairt faoi fho-alt (1) a fhorléiriú mar ní a choiscfidh ar an gComhairle a feidhmeanna a chomhlíonadh nó a theorannóidh an Chomhairle le linn a feidhmeanna a chomhlíonadh.

Díolúine.

10 .— (1) Aon duine lena mbaineann an fo-alt seo, ní bheidh sé nó sí, le linn dó nó di gníomhú de mheon macánta, faoi dhliteanas go pearsanta in aon imeachtaí sibhialta i leith aon ghnímh nó mainneachtana a dhéanfar i gcomhlíonadh, nó i gcomhlíonadh airbheartaithe, aon fheidhme faoin Acht seo.

(2) Is iad seo a leanas na daoine lena mbaineann fo-alt (1)

(a) comhaltaí agus iarchomhaltaí na Comhairle,

(b) comhaltaí agus iarchomhaltaí aon choiste,

(c) an príomhoifigeach feidhmiúcháin agus aon iarphríomhoifigeach feidhmiúcháin,

(d) foireann agus iarfhoireann na Comhairle, agus

(e) na daoine a bheidh ceaptha nó a bhí ceaptha roimhesin faoi alt 58 (1) chun cuidiú leis an gCoiste Réamhimeachtaí.

Cumhachtaí na Comhairle chun rialacha a dhéanamh.

11 .— (1) Faoi réir fho-ailt (3), (4) agus (5)

(a) féadfaidh an Chomhairle rialacha a dhéanamh chun go n-oibreoidh aon fhoráil den Acht seo ar shlí níos fearr, nó

(b) ar iarraidh i scríbhinn ón Aire agus de réir na hiarrata, déanfaidh an Chomhairle rialacha chun go n-oibreoidh aon fhoráil den Acht seo ar shlí níos fearr.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh an Chomhairle rialacha a dhéanamh faoin alt seo i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(a) bunú, comhaltas, feidhmeanna agus nósanna imeachta coistí,

(b) an fhoirm ina gcoimeádfar agus an modh ar gcoimeádfar an clár agus a rannáin,

(c) na mionsonraí a bhaineann le lia-chleachtóirí a bheidh le taifeadadh, i dteannta a n-ainmneacha, sa chlár nó ina ndeimhnithe clárúcháin nó iontu araon,

(d) an modh ar a ndéanfar táillí cuí a íoc agus na teorainneacha ama d’íocaíocht táillí cuí chun clárú a choinneáil,

(e) coistí alt 20 (2) do ghlacadh agus do thaifeadadh fianaise,

(f) coistí alt 20 (2) do ghlacadh aighneachtaí,

(g) bunú, comhaltas, feidhmeanna agus nósanna imeachta fochoistí de chuid coistí lena n-áirítear, i gcás an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, fochoistí a dhéanfaidh fiosrú, thar ceann an Choiste sin, maidir le forais éagsúla is bun le gearán,

(h) critéir a leagan síos chun iarratais ar chlárú sa Rannán Speisialtóirí a mheasúnú,

(i) scrúduithe a shonrú chun críocha fhomhír (i) d’alt 46(b),

(j) forais a shonrú chun críocha fhomhír (ii) d’alt 46(b),

(k) na forais ar a mbeidh fomhír (iv) d’alt 46(b) gan feidhm maidir le lia-chleachtóir toisc é a bheith neamh-indéanta doiciméad dá dtagraítear san fhomhír sin a thabhairt ar aird i leith an chleachtóra sin,

(l) na forais ar a mbeidh mír (c) d’alt 48(2) (3) gan feidhm maidir le lia-chleachtóir toisc é a bheith neamh-indéanta doiciméad dá dtagraítear sa mhír sin a thabhairt ar aird i leith an chleachtóra sin,

(m) scrúduithe a shonrú chun críche fhomhír (i) d’alt 48(3)(a),

(n) forais a shonrú chun críocha fhomhír (ii) d’alt 48(3)(a),

(o) scrúduithe a shonrú chun críocha fhomhír (i) d’alt 48(4)(a),

(p) forais a shonrú chun críocha fhomhír (ii) d’alt 48(4)(a),

(q) ceanglais a shonrú chun críocha mhír (c) d’alt 48(4),

(r) na nithe seo a leanas a shonrú—

(i) tréimhse nó tréimhsí,

(ii) ospidéal, foras sláinte, clinic, cleachtas ginearálta míochaine, nó suíomh seirbhíse sláinte eile,

chun críocha fho-alt (3) d’alt 49,

(s) critéir a leagan síos a bhreithneoidh an Chomhairle faoi alt 81 chun clárú lia-chleachtóra a chur ar ais,

(t) critéir a leagan síos chun críocha alt 88 (2)(a),

(u) critéir a leagan síos chun críocha alt 88 (3)(a)(4)(a),

(v) critéir a leagan síos, i ndáil le gach speisialtacht liachta a aithnítear faoi alt 89 (1), chun críocha alt 89 (3),

(w) critéir a leagan síos chun críocha alt 91 (4),

(x) aon scéim inniúlachta gairmiúla,

(y) aon ní eile a bhaineann le feidhmeanna na Comhairle.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2)(e) agus (f), féadfar, le rialacha arna ndéanamh faoin alt seo, na nithe seo a leanas a shonrú—

(a) an fhoirm ina bhféadfaidh agus an chaoi ar a bhféadfaidh coistí alt 20 (2) fianaise nó aighneachtaí a ghlacadh, agus

(b) na coinníollacha ar faoina réir a fhéadfaidh coistí alt 20(2) fianaise nó aighneachtaí a ghlacadh trí nasc físe beo, fístaifeadadh, fuaimthaifeadadh nó aon mhodh eile tarchuir.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2)(x), féadfar, le rialacha arna ndéanamh faoin alt seo, na nithe seo a leanas a shonrú—

(a) earnálacha lia-chleachtóirí cláraithe lena mbaineann scéim inniúlachta gairmiúla,

(b) mínithe agus tuairiscí ar earnálacha nó réimsí gníomhaíochtaí a thagann faoi réim scéime inniúlachta gairmiúla,

(c) oibleagáidí a chuirfear ar lia-chleachtóirí nó ar earnálacha lia-chleachtóirí arna sonrú faoi mhír (a) de bhua scéime inniúlachta gairmiúla,

(d) nósanna imeachta a leanfaidh an Chomhairle agus lia-chleachtóirí cláraithe chun críocha scéime inniúlachta gairmiúla (lena n-áirítear, i gcás na Comhairle, nósanna imeachta a leanfar chun an scéim inniúlachta gairmiúla a oibriú, a riaradh agus a mhaoirsiú).

(5) Cinnteoidh an Chomhairle—

(a) go ndéanfar dréacht d’aon riail (lena n-áirítear riail lena gcúlghairtear nó lena leasaítear aon riail eile) a bheartaíonn sí a dhéanamh faoin alt seo a fhoilsiú sa mhodh forordaithe,

(b) go bhfoilseofar i dteannta an dréachta cuireadh chuig daoine den phobal, aon eagraíocht agus aon chomhlacht eile trácht ar an dréacht roimh dháta a shonróidh an Chomhairle sa chuireadh, ar dáta é atá réasúnach sna himthosca, agus

(c) gan dochar do ghinearáltacht mhír (b), go dtabharfar cóip den dréacht den riail—

(i) don Aire,

(ii) d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus

(iii) má bhaineann an dréacht le scéim inniúlachta, don Aire Airgeadais,

tráth nach déanaí ná an dáta a chomhlíonfaidh an Chomhairle mír (a) i leith an dréachta sin.

(6) Faoi réir fho-alt (7), féadfaidh an Chomhairle, tar éis aon tráchtaí ar dhréacht de riail a fhoilsítear de bhun fho-alt (5)(a) agus a gheofar roimh an dáta a shonrófar sa chuireadh dá dtagraítear i bhfo-alt (5)(b) agus a bhaineann leis an dréacht, a bhreithniú—

(a) an riail a dhéanamh i bhfoirm an dréachta mar a foilsíodh é nó fara cibé athruithe a chinnfidh an Chomhairle, nó

(b) breith a thabhairt gan an riail a dhéanamh.

(7) Ní dhéanfaidh an Chomhairle rialacha faoin alt seo maidir le scéim inniúlachta gairmiúla ach amháin le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(8) Cinnteoidh an Chomhairle maidir le riail go ndéanfar, a luaithe is indéanta tar éis an riail a dhéanamh faoin alt seo—

(a) í a fhoilsiú sa mhodh forordaithe, agus

(b) í a chur faoi bhráid an Aire lena leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(9) Leagfar gach riail a dhéanfar faoin alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach tar éis an riail a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialach, beidh an riail ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin fúithi.

Cumhacht na Comhairle treoirlínte a eisiúint.

12 .— (1) Gan dochar d’oibriú alt 62 88(2)(b) (i), (3)(b), (4)(b) (8), féadfaidh an Chomhairle ó am go ham, treoirlínte nach bhfuil ar neamhréir leis an Acht seo (lena n-áirítear aon rialacháin nó rialacha arna ndéanamh faoin Acht seo) agus lena léirítear an modh ina mbeartóidh an Chomhairle a feidhmeanna a chomhlíonadh, a ullmhú mar threoir do lia-chleachtóirí agus don phobal.

(2) Cinnteoidh an Chomhairle go ndéanfar treoirlínte arna n-ullmhú aici faoin alt seo a fhoilsiú ar an modh forordaithe a luaithe is indéanta tar éis na treoirlínte a ullmhú.

CUID 3

Ráiteas Straitéise, Plean Gnó agus Tuarascáil Bhliantúil na Comhairle

An Chomhairle do dhéanamh ráiteas straitéise a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

13 .— (1) Faoi réir fho-ailt (2) go (5), déanfaidh an Chomhairle—

(a) ráiteas straitéise a ullmhú agus a ghlacadh do théarma oifige na Comhairle (nó, de réir mar is gá sa chás, an chuid a bheidh fágtha de théarma oifige na Comhairle), agus

(b) an ráiteas a chur faoi bhráid an Aire—

(i) laistigh de 6 mhí tar éis thosach feidhme an ailt seo,

(ii) laistigh de 6 mhí tar éis Aire nua a cheapadh is Aire a bheidh i bhfeighil na Roinne Sláinte agus Leanaí má iarrann an tAire sin ráiteas straitéise a chur faoina bhráid nó faoina bráid,

(iii) laistigh de 6 mhí ó thosach téarma oifige gach Comhairle nua arna ceapadh faoi alt 17 .

(2) Ullmhóidh an Chomhairle ráiteas straitéise i bhfoirm agus ar mhodh a bheidh de réir aon ordachán a eiseoidh an tAire agus cinnteoidh sí go sonrófar na nithe seo a leanas sa ráiteas—

(a) cuspóirí fíorthábhachtacha na Comhairle don tréimhse lena mbaineann an ráiteas agus na straitéisí chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

(b) an modh ina mbeartaíonn an Chomhairle gnóthú na gcuspóirí sin aici a thomhas, agus

(c) na húsáidí a mbeartaíonn an Chomhairle a hacmhainní a chur chun feidhme ina leith.

(3) Tabharfaidh an Chomhairle, le linn ráiteas straitéise a ullmhú, aird ar bheartais an Rialtais nó Aire den Rialtas a mhéid a d’fhéadfadh na beartais sin difear a dhéanamh d’fheidhmeanna na Comhairle nó a bheith bainteach leo.

(4) Féadfaidh an tAire a ordú don Chomhairle ráiteas straitéise arna chur faoi bhráid an Aire a leasú más rud é, i dtuairim an Aire—

(a) maidir le haon fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt faoi fho-alt (2), nach bhfuil sí sa ráiteas,

(b) nach bhfuil an ráiteas de réir fho-alt (2) in aon slí eile, nó

(c) gur ullmhaíodh an ráiteas gan aird a thabhairt ar na beartais dá dtagraítear i bhfo-alt (3).

(5) Comhlíonfaidh an Chomhairle ordachán a thabharfar di faoi fho-alt (4) laistigh den tréimhse, más ann, a shonrófar san ordachán, is tréimhse a bheidh réasúnach sna himthosca.

(6) Féadfaidh an Chomhairle ráiteas straitéise a bheidh glactha a leasú agus, in aon chás den sórt sin—

(a) beidh feidhm ag fo-ailt (2) go (5), fara gach modhnú is gá, maidir le hullmhú an ráitis leasaithe mar atá feidhm acu maidir le ráiteas straitéise arna ullmhú faoi fho-alt (1), agus

(b) glacfaidh an Chomhairle an ráiteas leasaithe agus cuirfidh sí faoi bhráid an Aire é laistigh de 3 sheachtain ón dáta a ghlac an Chomhairle an ráiteas leasaithe.

(7) Ní dhéanfar aon ní i ráiteas straitéise a fhorléiriú mar ní a choiscfidh ar an gComhairle a feidhmeanna a chomhlíonadh nó a theorannóidh an Chomhairle le linn a feidhmeanna a chomhlíonadh.

Ráiteas straitéise a fhoilsiú agus a chur i ngníomh.

14 .— (1) Cinnteoidh an tAire go ndéanfar cóip de ráiteas straitéise nó de ráiteas straitéise leasaithe a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas laistigh de 21 lá tar éis don Aire an ráiteas a fháil.

(2) Cinnteoidh an Chomhairle go ndéanfar, a luaithe is indéanta tar éis cóipeanna de ráiteas straitéise nó de ráiteas straitéise leasaithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais, an ráiteas a fhoilsiú ar an modh forordaithe.

(3) Déanfaidh an Chomhairle tuarascálacha faoi dhul chun cinn a chur faoi bhráid an Aire maidir le ráiteas straitéise nó ráiteas straitéise leasaithe, de réir mar is gá sa chás, a chur i ngníomh—

(a) ina tuarascáil bhliantúil, agus

(b) ar cibé modh eile agus i gceann cibé tréimhsí a ordóidh an tAire.

(4) Le linn na tréimhse sonraithe, ní bheidh feidhm ag na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003 maidir le taifead ina bhfuil—

(a) ráiteas straitéise, nó leasú ar ráiteas straitéise, nach bhfuil glactha ag an gComhairle, nó

(b) réamhdhréacht nó dréacht eile den ábhar uile, nó de chuid den ábhar, i ráiteas straitéise nó i leasú ar ráiteas straitéise.

(5) I bhfo-alt (4), ciallaíonn “tréimhse shonraithe”, i ndáil le taifead, tréimhse 5 bliana dar tosach an dáta a cruthaíodh an taifead.

An Chomhairle do dhéanamh plean gnó a ullmhú agus a chur ar aghaidh chuig an Aire.

15 .— (1) Faoi réir fho-ailt (2) go (5), déanfaidh an Chomhairle—

(a) plean gnó a ullmhú agus a ghlacadh don bhliain féilire nó do thréimhse eile de réir mar a chinnfidh an tAire, agus

(b) an plean a chur faoi bhráid an Aire.

(2) Ullmhóidh an Chomhairle plean gnó i bhfoirm agus ar mhodh a bheidh de réir aon ordachán a eiseoidh an tAire (lena n-áirítear aon scála ama a gcaithfear an plean a chur faoi bhráid an Aire laistigh de) agus cinnteoidh sí maidir leis an bplean—

(a) go gcuirfear in iúl ann cineál agus méid an ghnó a bheidh le gabháil de láimh ag an gComhairle le linn na tréimhse lena mbaineann an plean,

(b) go gcuirfear in iúl ann aon phleananna caipitil a mholfaidh an Chomhairle,

(c) go mbeidh ann meastacháin ar líon fhoireann na Comhairle don tréimhse agus don ghnó lena mbainfidh an plean, agus

(d) go mbeidh ann aon fhaisnéis eile a shonróidh an tAire.

(3) Déanfaidh an Chomhairle, le linn di plean gnó a ullmhú, aird a thabhairt—

(a) ar an ráiteas straitéise a bheidh i ngníomh an tráth sin,

(b) ar aon ordachán arna eisiúint ag an Aire faoi alt 9 (1), agus

(c) ar bheartais agus ar chuspóirí an Aire agus an Rialtais de réir mar a bhaineann siad le feidhmeanna na Comhairle.

(4) Féadfaidh an tAire a ordú don Chomhairle plean gnó a bheidh curtha faoi bhráid an Aire a leasú más rud é, i dtuairim an Aire—

(a) maidir le haon fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt faoi fho-alt (2), nach bhfuil sí sa phlean,

(b) nach bhfuil an plean de réir fho-alt (2) in aon slí eile, nó

(c) gur ullmhaíodh an plean gan aird a thabhairt ar ní atá sonraithe i bhfo-alt (3).

(5) Comhlíonfaidh an Chomhairle ordachán a thabharfar di faoi fho-alt (4) laistigh den tréimhse, más ann, a shonrófar san ordachán, is tréimhse a bheidh réasúnach sna himthosca.

(6) Déanfaidh an Chomhairle ráiteas a chur faoi bhráid an Aire i dteannta plean gnó ar ráiteas é i dtaobh a meastacháin ar an ioncam agus ar an gcaiteachas a bhainfidh leis an bplean agus a bheidh ar comhréir leis an airgead a mheasfar a bheidh ar fáil don Chomhairle don tréimhse lena mbaineann an plean gnó.

(7) Cinnteoidh an tAire go ndéanfar cóipeanna de phlean gnó a chuirfear faoi bhráid an Aire a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas laistigh de 21 lá tar éis an plean a chur faoi bhráid an Aire.

(8) Cinnteoidh an Chomhairle go ndéanfar, a luaithe is indéanta tar éis cóipeanna de phlean gnó a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais, an plean a fhoilsiú sa mhodh forordaithe.

(9) Féadfaidh an Chomhairle plean gnó a bheidh glactha a leasú agus, in aon chás den sórt sin—

(a) beidh feidhm ag fo-ailt (2) go (8), fara gach modhnú is gá, maidir le hullmhú an phlean leasaithe mar a bheidh feidhm acu maidir le plean gnó arna ullmhú faoi fho-alt (1), agus

(b) glacfaidh an Chomhairle an plean leasaithe agus cuirfidh sí faoi bhráid an Aire é laistigh de 3 sheachtain ón dáta a ghlac an Chomhairle an plean leasaithe.

An Chomhairle do chur tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Aire.

16 .— (1) Faoi réir fho-alt (3), déanfaidh an Chomhairle, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dheireadh gach bliana airgeadais nó cibé tréimhse bhreise, nach faide ná 3 mhí, a cheadóidh an tAire, tuarascáil (dá ngairtear an “tuarascáil bhliantúil” san alt seo) ar ghníomhaíochtaí na Comhairle sa bhliain airgeadais díreach roimhe sin a chur faoi bhráid an Aire.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordachán i scríbhinn don Chomhairle, aon fhaisnéis is gá a bheith ar áireamh sa tuarascáil bhliantúil a shonrú.

(3) Comhlíonfaidh an Chomhairle ordachán a thabharfar di faoi fho-alt (2).

(4) Cinnteoidh an tAire go leagfar cóipeanna den tuarascáil bhliantúil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis don Aire an tuarascáil a fháil.

CUID 4

Comhaltaí, Coistí agus Foireann na Comhairle

Comhaltaí na Comhairle.

17 .— (1) Faoi réir fho-ailt (2) go (9), déanfaidh an tAire comhaltaí na Comhairle a cheapadh agus is iad a bheidh uirthi an 25 dhuine seo a leanas:

(a) 2 dhuine a bheidh ainmnithe i gcomhpháirt ag na comhlachtaí a bheidh ceadaithe faoi alt 88 (2)(i)(II) chun cláir oideachais agus oiliúna bunliachta a sheachadadh;

(b) lia-chleachtóir cláraithe amháin a ainmneoidh Coláiste Ríoga Lianna na hÉireann i ndáil le speisialtachtaí liachta;

(c) lia-chleachtóir cláraithe amháin a ainmneoidh Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn i ndáil le speisialtachtaí máinliachta;

(d) lia-chleachtóir cláraithe amháin a ainmneoidh Coláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann i ndáil le cleachtadh ginearálta;

(e) lia-chleachtóir cláraithe amháin arna ainmniú nó arna hainmniú—

(i) faoi réir fhomhír (ii), ag Coiste Oiliúna Síciatraí na hÉireann i ndáil le síciatracht,

(ii) i gcás ina ndéanfar comhlacht seachas an Coiste sin a cheadú faoi alt 89 (3)(a)(ii) chun fianaise a dheonú ar shainoiliúint i ndáil le síciatracht a bheith críochnaithe go sásúil, ag an gcomhlacht sin;

(f) 6 lia-chleachtóir cláraithe a dhéanann míochaine a chleachtadh sa Stát (ach aon chleachtóir LEE ar cuairt a eisiamh) tar éis dóibh a bheith tofa, de réir rialachán arna ndéanamh faoi alt 18 , ag lia-chleachtóirí cláraithe;

(g) duine amháin a ainmneoidh Acadamh Ríoga na hÉireann is duine nach bhfuil agus nach raibh riamh ina lia-chleachtóir sa Stát nó i ndlínse eile;

(h) 2 dhuine a ainmneoidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus a bheidh ionadaitheach do bhainistíocht earnáil na sláinte poiblí;

(i) duine amháin a ainmneoidh an tAire Oideachais agus Eolaíochta, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás um Ard-Oideachas, is duine nach bhfuil agus nach raibh riamh ina lia-chleachtóir sa Stát nó i ndlínse eile;

(j) duine amháin a ainmneoidh an Bord Altranais agus a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta i gclár na n-altraí agus na gcnáimhseach arna chothabháil faoi Acht na nAltraí 1985;

(k) duine amháin arna ainmniú nó arna hainmniú ag an gComhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh—

(i) ar duine é nó í, faoi réir fhomhír (ii), is cláraí de réir bhrí alt 3 den Acht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh 2005,

(ii) mura mbeidh aon chláraí den sórt sin ann, duine is comhalta de ghairm ainmnithe de réir bhrí an ailt sin;

(l) duine amháin a ainmneoidh an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte is duine nach bhfuil agus nach raibh riamh ina lia-chleachtóir sa Stát nó i ndlínse eile;

(m) duine amháin a ainmneoidh Comhlachas Ospidéal Neamhspleách na hÉireann is duine nach bhfuil agus nach raibh riamh ina lia-chleachtóir sa Stát nó i ndlínse eile; agus

(n) 5 dhuine—

(i) nach bhfuil agus nach raibh riamh ina lia-chleachtóirí sa Stát nó i ndlínse eile, agus

(ii) a mbeidh cibé cáilíochtaí, saineolas, leasanna nó taithí acu, a chumasódh dóibh, i dtuairim an Aire, rannchuidiú le comhlíonadh fheidhmeanna na Comhairle.

(2) Comhlíonfaidh comhaltaí na Comhairle a bhfeidhmeanna sa cháil sin ar mhaithe le leas an phobail.

(3) Ní bheidh aon daoine ach lia-chleachtóirí cláraithe intofa mar Uachtarán nó Leas-Uachtarán na Comhairle de réir Sceideal 2.

(4) Féadfar comhaltaí de ghrúpaí aighneachta agus úsáideoirí seirbhísí arna soláthar ag lia-chleachtóirí cláraithe a áireamh ar na daoine a cheapfar faoi fho-alt (1)(n).

(5) Féachfaidh an tAire lena chinntiú, a mhéid is indéanta, go mbeidh cóimheá chothromasach idir fir agus mná i gcomhaltas na Comhairle.

(6) Cinnteoidh an tAire, a luaithe is indéanta tar éis duine a cheapadh mar chomhalta den Chomhairle, go ndéanfar fógra sa chéill sin ina mbeidh ainm an duine a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

(7) Ní bheidh duine incheaptha mar chomhalta den Chomhairle, nó de choiste, más rud é—

(a) gur comhalta de ceachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa an duine,

(b) go meastar, de bhun alt 19 den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997, an duine a bheith tofa chun Pharlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh, nó

(c) gur comhalta d’údarás áitiúil an duine.

(8) Is iad an 6 lia-chleachtóir cláraithe a cheapfar faoi fho-alt (1)(f)

(a) lia-chleachtóir amháin a bheidh cláraithe, nó a fhéadfaidh a bheith cláraithe, sa Rannán Speisialtóirí i ndáil le hasaoideolaíocht agus banliacht,

(b) lia-chleachtóir amháin a bheidh cláraithe, nó a fhéadfaidh a bheith cláraithe, sa Rannán Speisialtóirí i ndáil le hainéistéise,

(c) lia-chleachtóir amháin a bheidh cláraithe, nó a fhéadfaidh a bheith cláraithe, sa Rannán Speisialtóirí i ndáil le míochaine sláinte poiblí,

(d) lia-chleachtóir amháin a bheidh cláraithe, nó a fhéadfaidh a bheith cláraithe, sa Rannán Speisialtóirí i ndáil le paiteolaíocht nó raideolaíocht,

(e) lia-chleachtóir cláraithe amháin, nach sainchomhairleoir, a dhéanann míochaine a chleachtadh in ospidéal, agus

(f) lia-chleachtóir amháin nach dtagann faoi réim aon cheann de mhíreanna (a) go (e).

(9) Gan dochar do ghinearáltacht fhorálacha eile an Achta seo a bhaineann le comhaltas na Comhairle—

(a) ní fhéadfaidh an tAire diúltú duine a cheapadh mar chomhalta den Chomhairle is duine a ainmneofar faoi fho-alt (1)(a), (b), (c), (d), (e), (g), (h), (i), (j), (k), (l), (m) nó a thoghfar mar a luaitear i bhfo-alt (1)(f), agus

(b) aon duine a bhí ina chomhalta nó ina comhalta den Chomhairle díreach roimh thosach feidhme alt 3 , scoirfidh sé nó sí, ar an tosach feidhme sin, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Chomhairle mura rud é go gceapfar an duine de bhun fho-alt (1) chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Chomhairle.

Toghcháin.

18 .— (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun na nósanna imeachta a leanfar chun críocha toghcháin dá dtagraítear in alt 17 (1)(f) (lena n-áirítear nósanna imeachta mar ullmhú le haghaidh toghcháin den sórt sin, nó nósanna imeachta dá éis) a shonrú.

(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

An chéad chruinniú den Chomhairle faoin Acht seo.

19 .— (1) Déanfaidh an príomhoifigeach feidhmiúcháin an tráth agus an áit don chéad chruinniú den Chomhairle tar éis thosach feidhme alt 17 a chur in iúl i scríbhinn do chomhaltaí na Comhairle.

(2) Tiocfaidh an Chomhairle le chéile an tráth agus san áit a bheidh curtha in iúl ag an bpríomhoifigeach feidhmiúcháin faoi fho-alt (1) dá céad chruinniú tar éis thosach feidhme alt 17 agus air sin rachaidh sí i mbun a feidhmeanna faoin Acht seo.

Coistí de chuid na Comhairle.

20 .— (1) Faoi réir fho-ailt (2) go (13), féadfaidh an Chomhairle coistí de chuid na Comhairle a bhunú chun aon fheidhmeanna a chomhlíonadh a fhéadfaidh, i dtuairim na Comhairle, coiste a chomhlíonadh ar bhealach níos fearr nó níos caoithiúla agus a shannfaidh an Chomhairle do choiste.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), bunóidh an Chomhairle—

(a) coiste, ar a dtabharfar an Coiste Réamhimeachtaí, chun breithniú tosaigh a dhéanamh ar ghearáin, agus

(b) coiste, ar a dtabharfar an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, chun gearáin a fhiosrú,

chun na feidhmeanna faoi Chodanna 7, 8 agus 9 a chomhlíonadh a shanntar, faoi seach, do na coistí.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh an Chomhairle coiste a bhunú, ar a dtabharfar an Coiste Oideachais agus Oiliúna, chun cibé feidhmeanna de chuid na Comhairle faoi Chuid 10 alt 106 a shannfaidh an Chomhairle don Choiste a chomhlíonadh.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh an Chomhairle coiste a bhunú, ar a dtabharfar an Coiste Sláinte, chun cibé feidhmeanna a chomhlíonadh a shonróidh an Chomhairle mar thaca—

(a) le lia-chleachtóirí faoi mhíchumas sláinte iomchuí, agus

(b) le lia-chleachtóirí a mbeidh toilithe faoi alt 67 (1)(c) tugtha acu.

(5) Faoi réir fho-ailt (7) agus (8), féadfaidh daoine nach comhaltaí den Chomhairle a bheith ar áireamh i gcomhaltas coiste.

(6) Is comhalta den Chomhairle seachas Uachtarán nó Leas-Uachtarán na Comhairle a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar choiste alt 20 (2).

(7) Ní bheidh aon duine ina chomhalta nó ina comhalta de bhreis agus aon choiste alt 20 (2) amháin.

(8) Beidh aon trian ar a laghad, le n-áirítear an cathaoirleach, de chomhaltaí coiste alt 20 (2) ina gcomhaltaí den Chomhairle.

(9) Faoi réir fho-alt (10), is lia-chleachtóirí a bheidh in aon trian ar a laghad de chomhaltaí an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh.

(10) Is daoine nach lia-chleachtóirí a bheidh i dtromlach chomhaltas an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh.

(11) Is lia-chleachtóirí a bheidh i dtromlach comhaltais coiste (seachas an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh).

(12) Beidh gníomhartha coiste (seachas coiste alt 20 (2)) faoi réir a ndaingnithe ag an gComhairle mura scaoilfidh an Chomhairle leis an riachtanas maidir le daingniú den sórt sin a dhéanamh.

(13) Féadfaidh an Chomhairle, faoi réir fhorálacha an Achta seo, nós imeachta coiste a rialáil ach, faoi réir aon rialála den sórt sin, féadfaidh an coiste a nós imeachta féin a rialáil.

(14) Beidh ag comhaltaí de choiste alt 20 (2), le linn na feidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh a thugtar dóibh seo a leanas faoi seach—

(a) na comhaltaí ina gcáil mar chomhaltaí den sórt sin, nó

(b) an coiste alt 20 (2) ar comhaltaí de iad,

an chosaint agus an díolúine chéanna atá ag breitheamh den Chúirt atá ag comhlíonadh feidhmeanna breithimh.

Caiteachais comhaltaí den Chomhairle agus de choistí.

21 .— Íocfar le comhalta den Chomhairle nó d’aon choiste, as cistí a bheidh faoina réir ag an gComhairle, cibé liúntais i leith caiteachas taistil agus cothaithe a thabhófar i ndáil le freastal an chomhalta ar chruinniú den Chomhairle nó den choiste, de réir mar a bheidh, nó ar shlí eile i dtaca le gnó na Comhairle a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

Liúntais a íoc.

22 .— (1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ó am go ham méid liúntais a chinneadh a fhéadfaidh an Chomhairle a íoc leis na daoine seo a leanas—

(a) Uachtarán na Comhairle i leith ról an Uachtaráin mar Uachtarán,

(b) comhalta den Chomhairle i leith an chomhaltais sin, nó

(c) comhalta de choiste i leith an chomhaltais sin.

(2) Íocfar liúntas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) as na cistí a bheidh faoina réir ag an gComhairle.

Comhaltaí den Chomhairle a chur as oifig.

23 .— (1) Féadfaidh an tAire tráth ar bith comhalta den Chomhairle a chur as oifig más rud é—

(a) go bhfuil an comhalta tagtha chun bheith éagumasach de dheasca breoiteachta ar fheidhmeanna na hoifige a chomhlíonadh,

(b) gur mhí-iompair an comhalta é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe,

(c) cibé acu tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi fho-alt (9) nó ar shlí eile, gur deimhin leis an Aire go gcoisceann iompar an chomhalta ar an gComhairle a feidhmeanna a chomhlíonadh ar mhodh éifeachtach nó go gcuireann sé bac gan ghá ar an gComhairle sa chomhlíonadh sin,

(d) gur sháraigh an comhalta—

(i) alt 30 , nó

(ii) foráil infheidhme den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995,

(e) le linn feidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh, nár ghlac an comhalta treoir ó chód iompair arna tharraingt suas faoi alt 10(3) den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 agus a bhaineann leis an gcomhalta.

(2) Scoirfidh comhalta den Chomhairle d’oifig a shealbhú más rud é, maidir leis an gcomhalta—

(a) go mbreithneofar ina fhéimheach nó ina féimheach é nó í,

(b) go ndéanfaidh sé nó sí imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe,

(c) go gciontófar i gcion indíotáilte é nó í,

(d) go gciontófar i gcion lena ngabhann calaois nó mímhacántacht é nó í,

(e) gurb ábhar d’ordú faoi alt 160 d’Acht na gCuideachtaí 1990 é nó í,

(f) go gcuirfidh cúirt dlínse inniúla téarma príosúnachta air nó uirthi, nó

(g) go ndéanfaidh údarás inniúil, ar aon chúis (seachas mainneachtain táille a íoc), é nó í a bhaint d’aon chlár arna bhunú chun comhaltaí gairme a chlárú sa Stát nó i ndlínse eile.

(3) Aon chomhalta den Chomhairle nach bhfreastalóidh, ar feadh tréimhse comhleanúnaí 6 mhí, ar chruinniú den Chomhairle, scoirfidh sé nó sí ag deireadh na tréimhse sin d’oifig a shealbhú mura léireoidh an comhalta chun sástacht an Aire gur mar gheall ar bhreoiteacht a mhainnigh sé nó sí freastal.

(4) I gcás nach gcomhlíonfaidh an Chomhairle aon fheidhm a thugtar di leis an Acht seo, féadfaidh an tAire, le hordú, a ordú don Chomhairle an fheidhm sin a chomhlíonadh, agus chun na críche sin, cibé nithe eile a dhéanamh atá foghabhálach nó teagmhasach leis sin agus a shonrófar san ordú.

(5) Faoi réir fho-alt (7), i gcás ina mainneoidh an Chomhairle déanamh de réir aon ordacháin ón Aire a bheidh in ordú faoi fho-alt (4), féadfaidh an tAire, le hordú, comhaltaí na Comhairle a chur as oifig.

(6) Faoi réir fho-alt (7), féadfaidh an tAire, le hordú, comhaltaí uile na Comhairle a chur as oifig más rud é—

(a) go mainneoidh an Chomhairle córam a bhaint amach ag 3 chruinniú as a chéile,

(b) nach ndéanfaidh an Chomhairle de réir breithiúnais, ordú nó foraithne ó aon chúirt,

(c) nach ndéanfaidh an Chomhairle de réir ordacháin ón Aire nó aon cheanglais eile a fhorchuirtear uirthi le haon achtachán, nó faoi aon achtachán, lena n-áirítear an tAcht seo, nó

(d) cibé acu tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi fho-alt (9) nó ar shlí eile, gur deimhin leis an Aire go gcoisceann iompar na gcomhaltaí ar an gComhairle a feidhmeanna a chomhlíonadh ar mhodh éifeachtach nó go gcuireann sé bac gan ghá ar an gComhairle sa chomhlíonadh sin.

(7) Ní bheidh éifeacht le hordú faoi fho-alt (5)(6) lena gcuirtear comhaltaí den Chomhairle as oifig mura rud é—

(a) go mbeidh dréacht den ordú beartaithe agus ráiteas maidir leis na cúiseanna atá leis an ordú curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais, agus

(b) go mbeidh rún ag ceadú an dréachta a rite ag gach Teach.

(8) I gcás ina mainneoidh an Chomhairle córam a bhaint amach ag 3 chruinniú as a chéile, déanfaidh an príomhoifigeach feidhmiúcháin, láithreach, ar an mainneachtain sin tarlú, fógra a thabhairt don Aire i scríbhinn maidir leis an mainneachtain sin.

(9) Féadfaidh an tAire, más dóigh leis nó léi nach bhfuil feidhmeanna na Comhairle á gcomhlíonadh ar mhodh éifeachtach, duine a cheapadh—

(a) chun athbhreithniú neamhspleách a sheoladh ar aon ní is bun leis an tuairim sin, agus

(b) chun tuarascáil a chur faoi bhráid an Aire maidir le torthaí an athbhreithnithe.

(10) Chun críocha athbhreithniú dá dtagraítear i bhfo-alt (9), tabharfaidh an Chomhairle gach cúnamh réasúnach don duine a bheidh ag seoladh an athbhreithnithe, lena n-áirítear rochtain ar cibé áitreabh, trealamh agus taifid, a theastóidh ón duine chun críocha an athbhreithnithe.

(11) Ní dhéanfaidh cur as oifig chomhaltaí na Comhairle aon tarmligean ar fheidhmeanna na Comhairle chuig an bpríomhoifigeach feidhmiúcháin faoi alt 24 a chúlghairm nó ní dhéanfaidh sé difear thairis sin dó.

(12) Féadfaidh cibé forálacha a bheith in ordú faoi fho-alt (5) (6) is dóigh leis an Aire is gá chun go bhféadfar feidhmeanna na Comhairle a chomhlíonadh d’ainneoin a comhaltaí a bheith curtha as oifig, agus féadfar le haon ordú den sórt sin, go háirithe, duine nó daoine a cheapadh chun aon cheann nó gach ceann d’fheidhmeanna na Comhairle a chomhall.

(13) San alt seo ciallaíonn “foráil infheidhme den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995”, i ndáil le comhalta den Chomhairle, foráil den Acht sin a bhfuil feidhm aici, de bhua rialacháin faoi alt 3 den Acht sin, maidir leis an gcomhalta sin.

Príomhoifigeach feidhmiúcháin.

24 .— (1) Faoi réir fho-alt (4)(a), ceapfaidh an Chomhairle príomhoifigeach feidhmiúcháin—

(a) chun riarachán na Comhairle agus gnó na Comhairle a sheoladh agus a bhainistiú agus a rialú i gcoitinne, agus

(b) chun aon fheidhmeanna eile a bheidh tarmligthe ag an gComhairle a chomhlíonadh.

(2) Faoi réir fho-alt (4)(b), beidh an príomhoifigeach feidhmiúcháin i seilbh oifige ar na coinníollacha (lena n-áirítear na coinníollacha sin a bhaineann le luach saothair, liúntais agus aoisliúntas) a chinnfidh an Chomhairle le ceadú roimh ré ón Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Íocfaidh an Chomhairle leis an bpríomhoifigeach feidhmiúcháin, as na cistí a bheidh faoina réir, an luach saothair agus na liúntais a chinnfear faoi fho-alt (2).

(4) D’ainneoin aisghairm Acht 1978 le halt 3, maidir leis an duine arbh é nó í an Cláraitheoir, de réir bhrí an Achta sin, díreach roimh thosach feidhme an ailt sin, measfar gurb é nó í príomhoifigeach feidhmiúcháin na Comhairle—

(a) amhail is dá ndearna an Chomhairle, ar an tosach feidhme sin, an duine a cheapadh faoi fho-alt (1) chun bheith ina phríomhoifigeach feidhmiúcháin nó ina príomhoifigeach feidhmiúcháin ar an gComhairle ar feadh an mhéid a bhí fágtha den tréimhse, má ba ann, a bhí fós le dul ag an duine i seilbh oifig an Chláraitheora sin díreach roimh an tosach feidhme sin, agus

(b) de réir na gcoinníollacha céanna (lena n-áirítear na coinníollacha sin a bhaineann le ceapachán a fhoirceannadh) ar a raibh an duine i seilbh oifige mar Chláraitheoir den sórt sin díreach roimh an tosach feidhme sin,

agus forléireofar forálacha eile an Achta seo dá réir sin.

Foireann na Comhairle.

25 .— (1) Faoi réir fho-alt (4), déanfaidh an Chomhairle cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis an gComhairle ó am go ham a cheapadh chun bheith ina ndaoine d’fhoireann na Comhairle le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Faoi réir fho-alt (4), beidh comhalta d’fhoireann na Comhairle i seilbh oifige nó fostaíochta ar na coinníollacha (lena n-áirítear na coinníollacha sin a bhaineann le luach saothair, liúntais agus aoisliúntas) a chinnfidh an Chomhairle, le ceadú roimh ré ón Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Íocfaidh an Chomhairle le foireann na Comhairle, as na cistí a bheidh faoina réir, an luach saothair agus na liúntais a chinnfear faoi fho-alt (2).

(4) D’ainneoin aisghairm Acht 1978 le halt 3, maidir le haon duine ba oifigeach nó seirbhíseach don Chomhairle, arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 17(1) den Acht sin, díreach roimh thosach feidhme alt 3 , measfar gur comhalta d’fhoireann na Comhairle é nó í—

(a) amhail is dá mba rud é, ar an tosach feidhme sin, gur cheap an Chomhairle an duine faoi fho-alt (1) chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’fhoireann na Comhairle ar feadh an mhéid a bhí fágtha den tréimhse, má ba ann, a bhí fós le dul ag an duine i seilbh oifige mar oifigeach nó seirbhíseach den sórt sin, de réir mar a bheidh, díreach roimh an tosach feidhme sin, agus

(b) ar na coinníollacha céanna (lena n-áirítear na coinníollacha sin a bhaineann le ceapachán a fhoirceannadh) ar a raibh an duine i seilbh oifige mar oifigeach nó seirbhíseach den sórt sin, de réir mar a bheidh, díreach roimh an tosach feidhme sin,

agus forléireofar forálacha eile an Achta seo dá réir sin.

Teorainneacha aoise.

26 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), scoirfidh duine is buanoifigeach don Chomhairle de bheith ina bhuanoifigeach nó ina buanoifigeach—

(a) faoi réir mhír (b), ar aois 65 bliana a shlánú,

(b) ar an aois is airde ná sin a shonrófar in ordú faoi fho-alt (3) is infheidhme maidir leis an duine, a shlánú.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le duine is iontrálaí nua (de réir bhrí an Achta um Aoisliúntas na Seirbhíse Poiblí (Forálacha Ilghnéitheacha) 2004) arna cheapadh nó arna ceapadh an 1 Aibreán 2004 nó dá éis.

(3) Féadfaidh an tAire le hordú aois is airde ná 65 bliana a shocrú ar aois í a scoirfidh duine is buanoifigeach don Chomhairle de bheith ina bhuanoifigeach nó ina buanoifigeach ar í a shlánú.

Aoisliúntas.

27 .— Beidh feidhm ag an Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas) 1980 maidir leis an gComhairle agus lena foireann amhail is dá mba údarás áitiúil an Chomhairle agus foireann údaráis áitiúil an fhoireann ach sin faoi réir aon mhodhnuithe (lena n-áirítear modhnuithe a bhaineann le seirbhís is ináirithe mar sheirbhís inphinsin) a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.

Comhaltas de ceachtar Teach den Oireachtas ag comhalta d’fhoireann na Comhairle.

28 .— (1) I gcás ina dtiocfaidh duine is comhalta d’fhoireann na Comhairle (lena n-áirítear an príomhoifigeach feidhmiúcháin) chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de ceachtar Teach den Oireachtas—

(a) beidh an duine ar iasacht ó bheith ina chomhalta nó ina comhalta den fhoireann sin i gcaitheamh na tréimhse (dá ngairtear an “tréimhse iasachta” san alt seo)—

(i) dar tosach an dáta a thiocfaidh an duine chun bheith i dteideal faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin suí sa Teach sin, agus

(ii) dar críoch an dáta—

(I) a scoirfidh an duine de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Teach sin, nó

(II) a scoirfidh an duine de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den fhoireann sin,

cibé acu is túisce a tharlóidh,

(b) ní íocfaidh an Chomhairle leis an duine, ná ní bheidh an duine i dteideal a fháil ón gComhairle, aon luach saothair nó liúntais in leith na tréimhse iasachta, agus

(c) ní bheidh an duine i dteideal an tréimhse iasachta go léir ná aon chuid di a áireamh le haghaidh aon sochar aoisliúntais is iníoctha faoin Acht seo.

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas, suí sa Teach sin, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’fhoireann na Comhairle.

Comhaltas d’údarás áitiúil nó de Pharlaimint na hEorpa ag comhalta d’fhoireann na Comhairle.

29 .— Beidh feidhm ag alt 28 , fara gach modhnú is gá, maidir le duine is comhalta d’fhoireann na Comhairle a thiocfaidh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta—

(a) d’údarás áitiúil, nó

(b) de Pharlaimint na hEorpa,

mar atá feidhm ag an alt sin maidir le comhalta d’fhoireann na Comhairle a thiocfaidh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de ceachtar Teach den Oireachtas.

Comhaltaí den Chomhairle nó de choiste do nochtadh leasanna.

30 .— (1) Aon chomhalta a bheidh i láthair ag cruinniú ag a n-éireoidh ní sonraithe agus ar comhalta é nó í a bhfuil leas aige nó aici sa ní sin ar shlí eile seachas i gcáil an chomhalta mar chomhalta—

(a) nochtfaidh sé nó sí cineál an leasa sin don Chomhairle nó don choiste ag an gcruinniú,

(b) tarraingeoidh sé nó sí siar ón gcruinniú fad a bheidh an ní á phlé nó á bhreithniú,

(c) ní ghlacfaidh sé nó sí aon pháirt in aon bhreithniú a dhéanfaidh na comhaltaí maidir leis an ní, agus

(d) staonfaidh sé ó vótáil ar aon bhreith maidir leis an ní.

(2) I gcás ina nochtfaidh comhalta leas ábhartha faoin alt seo—

(a) déanfar an nochtadh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann, agus

(b) fad a bheidh an cruinniú ag déileáil leis an ní lena mbaineann an nochtadh, ní áireofar an comhalta sa chóram don chruinniú.

(3) I gcás ina n-éireoidh ceist ag cruinniú i dtaobh arbh ionann nó nárbh ionann iompar áirithe ag comhalta, dá ndéanfadh sé nó sí dá réir, agus mainneachtain ag an gcomhalta fo-alt (1) a chomhlíonadh—

(a) féadfaidh cathaoirleach an chruinnithe, faoi réir fho-alt (4), an cheist a chinneadh,

(b) is cinneadh críochnaitheach cinneadh an chathaoirligh, agus

(c) déanfar sonraí an chinnidh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe.

(4) I gcás inarb é nó í cathaoirleach cruinnithe an comhalta ar ina leith a éireoidh ceist dá dtagraítear i bhfo-alt (3), roghnóidh na comhaltaí eile a bheidh i láthair ag an gcruinniú duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú chun críocha an fho-ailt sin.

(5) Maidir le comhalta a bhfuil leas ábhartha aige nó aici i ní sonraithe, seachas i gcáil an chomhalta mar chomhalta, ní imreoidh sé nó sí aon tionchar, ná ní fhéachfaidh sé nó sí le haon tionchar a imirt, ar aon bhreith a bheidh le déanamh ag an gComhairle nó ag an gcoiste i ndáil leis an ní sin.

(6) I gcás inar deimhin leis an Aire gur mhainnigh comhalta fo-alt (1)(5) a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire an comhalta sin a chur as oifig.

(7) Ní bheidh comhalta a chuirfear as oifig faoin alt seo incheaptha faoin Acht seo.

(8) San alt seo—

ciallaíonn “cruinniú” cruinniú den Chomhairle nó de choiste;

ciallaíonn “comhalta” comhalta den Chomhairle nó de choiste;

ciallaíonn “ní sonraithe”—

(a) socrú ar páirtí ann an Chomhairle nó socrú den sórt sin atá beartaithe, nó

(b) conradh nó comhaontú eile leis an gComhairle nó conradh nó comhaontú eile den sórt sin atá beartaithe.

Comhaltaí foirne na Comhairle do nochtadh leasanna.

31 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), maidir le comhalta d’fhoireann na Comhairle (lena n-áirítear an príomhoifigeach feidhmiúcháin) a bhfuil leas ábhartha aige nó aici, seachas i gcáil an chomhalta mar chomhalta den sórt sin, i ní sonraithe de réir bhrí alt (8)

(a) déanfaidh sé nó sí cineál an leasa sin a nochtadh don Chomhairle,

(b) ní ghlacfaidh sé nó sí aon pháirt i gcaibidil an tsocraithe, an chonartha nó an chomhaontaithe eile lena mbaineann nó in aon phlé a dhéanfaidh an Chomhairle nó a foireann maidir leis an ní sin,

(c) staonfaidh sé nó sí ó aon mholadh a dhéanamh maidir leis an ní, agus

(d) ní imreoidh sé nó sí aon tionchar, ná ní fhéachfaidh sé nó sí le haon tionchar a imirt, ar bhreith a bheidh le déanamh i ndáil leis an ní.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le conarthaí fostaíochta nó maidir le conarthaí fostaíochta beartaithe de chuid na gcomhaltaí d’fhoireann na Comhairle leis an gComhairle.

(3) I gcás ina mainneoidh comhalta d’fhoireann na Comhairle fo-alt (1) a chomhlíonadh, féadfaidh an Chomhairle—

(a) cibé athruithe is cuí léi a dhéanamh ar choinníollacha fostaíochta an chomhalta, nó

(b) conradh fostaíochta an chomhalta a fhoirceannadh.

CUID 5

Cuntais agus Airgeadas na Comhairle

Cuntais na Comhairle.

32 .— (1) Coimeádfaidh an Chomhairle na cuntais go léir is cuí—

(a) ar ioncam agus ar chaiteachas uile na Comhairle agus ar fhoinsí an ioncaim sin agus ar ábhar an chaiteachais sin, agus

(b) ar mhaoin, sócmhainní agus dliteanais uile na Comhairle.

(2) Déanfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste cuntais na Comhairle a iniúchadh uair sa bhliain ar a laghad.

(3) Déanfaidh an Chomhairle, a luaithe is féidir tar éis gach iniúchadh faoin alt seo, cóip de chuntais na Comhairle, agus deimhniú agus tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, a thabhairt don Aire.

(4) Cuirfidh an Chomhairle faoi deara—

(a) a luaithe is féidir tar éis gach iniúchadh faoin alt seo, cuntais na Comhairle, agus deimhniú agus tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, a chló, a fhoilsiú agus a chur ar díol, agus

(b) díreach tar éis gach foilsiú den sórt sin, cóip de na cuntais sin agus den deimhniú agus den tuarascáil sin orthu, arna gcló agus arna bhfoilsiú amhlaidh, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(5) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a thabharfaidh teideal don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste na nithe seo a leanas a chur i gceist—

(a) cuspóirí beartais na Comhairle, nó

(b) an gá atá le fiosrúchán nó seoladh fiosrúcháin.

Cumhacht na Comhairle airgead a fháil ar iasacht.

33 .— (1) Féadfaidh an Chomhairle, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir na gcoinníollacha, más ann, a fhorchuirfidh an tAire, nó de réir na n-ordachán, más ann, a thabharfaidh an tAire, airgead a fháil ar iasacht chun críocha caipitiúla nó críocha reatha.

(2) Féadfar aon airgead a gheobhaidh an Chomhairle ar iasacht de bhun an ailt seo agus aon ús a fhabhróidh air a urrú ar ioncam, cistí nó maoin na Comhairle.

An Chomhairle do ghlacadh bronntanas.

34 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh an Chomhairle bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonróidh an deontóir.

(2) Ní ghlacfaidh an Chomhairle bronntanas má bhíonn na coinníollacha a bheidh curtha ag gabháil lena ghlacadh ag an deontóir ar neamhréir le feidhmeanna na Comhairle.

Caiteachais na Comhairle agus an Aire.

35 .— (1) Déanfaidh an Chomhairle na caiteachais go léir a thabhóidh an Chomhairle a íoc as cistí a bheidh faoina réir ag an gComhairle.

(2) Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(3) Féadfaidh an tAire—

(a) le toiliú an Aire Airgeadais, socrú a dhéanamh chun cúnamh a thabhairt don Chomhairle, i gcomhlíonadh a feidhmeanna faoi Chuid 11, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas chun na críche sin,

(b) tar éis dul i gcomhairle leis an gComhairle agus le toiliú an Aire Airgeadais, socrú a dhéanamh chun cúnamh a thabhairt don Chomhairle, i gcomhlíonadh feidhmeanna sonraithe de chuid na Comhairle nach dtagann faoi réim Chuid 11, as an airgead a sholáthróidh an tOireachtas chun na críche sin.

(4) Féadfaidh an Chomhairle, i slí a chinnfidh sí, barrachas aon chistí a bheidh faoina réir a leithroinnt—

(a) ar chúrsaí oideachais,

(b) ar chúrsaí taighde, nó

(c) chun críocha poiblí,

a bhaineann le gairm na míochaine.

Táillí a fhéadfaidh an Chomhairle a ghearradh.

36 .— (1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), féadfaidh an Chomhairle cibé táillí a ghearradh a chinnfidh an Chomhairle ó am go ham i leith na nithe seo a leanas—

(a) lia-chleachtóir a chlárú faoi alt 46 , 47, 48 49,

(b) clárú lia-chleachtóra faoi alt 46 , 47, 48 49 a choinneáil ar bhonn bliantúil,

(c) clárú lia-chleachtóra faoi alt 46 , 47, 48 49 nó faoi alt 80 81 a chur ar ais,

(d) cáilíochtaí breise aon lia-chleachtóra a thaifeadadh sa chlár de bhun alt 51 ,

(e) deimhniú clárúcháin a thabhairt do lia-chleachtóir,

(f) comhlacht a cheadú faoi alt 88 (2)(a)(i)(II) 89(3)(a)(ii) nó,

(g) clárú comhlachta faoi alt 88 (2)(a)(i)(II) 89(3)(a)(ii) a choinneáil ar bhonn bliantúil,

(h) aitheantas a thabhairt do chomhlacht faoi alt 91 (4)(a),

(i) aitheantas comhlachta faoi alt 91 (4)(a) a choinneáil ar bhonn bliantúil,

(j) ceadúnas dá dtagraítear in alt 106 a dheonú,

(k) aon seirbhís eile a sholáthróidh an Chomhairle, ó am go ham.

(2) Ní ghearrfaidh an Chomhairle táille as lia-chleachtóir a chlárú, nó clárú lia-chleachtóra a chur ar ais, sa Rannán Cleachtóirí LEE ar Cuairt.

(3) Ní ghearrfaidh an Chomhairle táille as aon ní dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(f) go (i) ach amháin le toiliú i scríbhinn ón Aire.

CUID 6

Lia-Chleachtóirí a Chlárú

Ní dhéanfaidh lia-chleachtóirí neamhchláraithe míochaine a chleachtadh.

37 .— Faoi réir alt 38, ní dhéanfaidh lia-chleachtóir neamhchláraithe—

(a) míochaine a chleachtadh, nó

(b) faoi réir alt 50 , seirbhísí an chleachtóra mar lia-chleachtóir a fhógairt.

Imthosca ina bhféadfaidh lia-chleachtóirí neamhchláraithe míochaine a chleachtadh.

38 .— Ní sháraíonn lia-chleachtóir alt 37 (a) más rud é—

(a) gur fiaclóir an cleachtóir atá cláraithe faoi Acht na bhFiaclóirí 1985 agus nach ndéanann míochaine a chleachtadh ach amháin i gcúrsa, agus d’fhonn, fiaclóireacht a chleachtadh go dleathach,

(b) gur duine an cleachtóir atá cláraithe faoi Acht na nAltraí 1985 agus nach ndéanann míochaine a chleachtadh ach amháin i gcúrsa, agus d’fhonn, altranas nó cnáimhseachas a chleachtadh go dleathach,

(c) gur poitigéir cógaisíochta cláraithe nó poitigéir agus drugadóir urghnaimh cláraithe an cleachtóir faoi na hAchtanna Cógaisíochta 1875 go 1977, nach ndéanann míochaine a chleachtadh ach amháin i gcúrsa, agus d’fhonn, cógaisíocht a chleachtadh go dleathach de réir na nAchtanna sin,

(d) gur duine an cleachtóir atá cláraithe faoin Acht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh 2005 chun gairm a ainmnítear faoin Acht sin a chleachtadh agus nach ndéanann míochaine a chleachtadh ach amháin i gcúrsa, agus d’fhonn, an ghairm sin a chleachtadh go dleathach,

(e) nach ndéanann an cleachtóir míochaine a chleachtadh ach amháin i gcúrsa garchabhair a thabhairt do dhuine,

(f) nach ndéanann an cleachtóir míochaine a chleachtadh sa Stát ach amháin de bhun fhorálacha alt 50 , nó

(g) nach ndéanann an cleachtóir míochaine a chleachtadh ach amháin in aon teaglaim d’aon chinn de na himthosca a shonraítear i míreanna (a) go (f).

Teidil ainmnithe.

39 .— (1) Faoi réir fho-ailt (2), (3) agus (4), féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gComhairle nó de bhun moladh ón gComhairle, rialacháin a dhéanamh chun aon teideal (lena n-áirítear malairtí den teideal agus aon teaglaim de litreacha) a ainmniú, chun críocha an Achta seo, lena úsáid ag aon lia-chleachtóir cláraithe, nó ag aicme lia-chleachtóirí cláraithe, mar a shonrófar sna rialacháin.

(2) Ní fheidhmeoidh an tAire an chumhacht faoi fho-alt (1) chun teideal a ainmniú chun críocha an Achta seo mura rud é—

(a) go mbeidh deis tugtha ag an Aire do dhaoine leasmhara, d’eagraíochtaí leasmhara agus do chomhlachtaí leasmhara eile uiríll a dhéanamh chun an Aire i ndáil leis an ainmniú beartaithe,

(b) faoi réir fho-alt (3), go measfaidh an tAire gur cuí, agus gurbh é leas an phobail é, an teideal a ainmniú amhlaidh, agus

(c) go bhforálfar leis na rialacháin a dhéanfar i bhfeidhmiú na cumhachta sin, maidir le duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme na rialachán, ag úsáid an teidil go dleathach ach a dhéanfadh, ar an tosach feidhme sin, alt 40 (2) a shárú dá leanfadh an duine den teideal a úsáid, go bhféadfaidh sé nó sí leanúint den teideal a úsáid ar feadh tréimhse a bheidh sonraithe sna rialacháin (is tréimhse atá réasúnach sna himthosca ach nach giorra, in aon chás, ná 6 mhí) gan an t-alt sin a shárú.

(3) Le linn don Aire breithniú a dhéanamh chun críocha fho-alt (2)(b) i dtaobh an cuí agus an é leas an phobail é go ndéanfaí teideal sonrach a ainmniú chun críocha an Achta seo, beidh aird aige nó aici ar na nithe seo a leanas—

(a) a mhéid atá scóip shainithe cleachtaidh ag aon aicme lia-chleachtóirí agus a dhéanann sí cnuasach eolais aitheanta ar leithligh a chur chun feidhme, i dtuairim na Comhairle,

(b) méid an phriacail atá ann do shláinte, do shábháilteacht nó do leas an phobail ó chleachtadh neamhinniúil, neamheiticiúil nó lagaithe ag aon aicme lia-chleachtóirí, agus

(c) aon toisc eile is dóigh leis an Aire a bheith iomchuí.

(4) Ní dhéanfaidh an tAire rialacháin faoin alt seo mura rud é—

(a) go ndearnadh dréacht de na rialacháin atá beartaithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais, agus

(b) go ndearna gach Teach acu sin rún a rith ag ceadú an dréachta.

Teidil ainmnithe a úsáid.

40 .— (1) Ní úsáidfidh lia-chleachtóir cláraithe teideal a bheidh ainmnithe chun críocha an Achta seo de bhun rialachán arna ndéanamh faoi alt 39 (1) mura rud é—

(a) go sonraítear sna rialacháin go bhféadfaidh aon lia-chleachtóir cláraithe an teideal a úsáid, nó

(b) go dtagann an cleachtóir faoi réim na haicme lia-chleachtóirí cláraithe a sonraítear sna rialacháin go bhféadfaidh siad an teideal a úsáid.

(2) Faoi réir alt 39 (2)(c), ní úsáidfidh duine teideal dá dtagraítear i bhfo-alt (1) mura mbeidh sé nó sí i dteideal an teideal a úsáid de bhua an fho-ailt sin.

Cionta agus pionóis.

41 .— (1) Beidh duine ciontach i gcion más rud é—

(a) go sáróidh an duine alt 37 (a)(b)40(2),

(b) go dtabharfaidh an duine le fios go bréagach gur lia-chleachtóir cláraithe é nó í, nó

(c) go dtabharfaidh an duine, is lia-chleachtóir cláraithe, le fios go bréagach go bhfuil sé nó sí cláraithe i rannán den chlár seachas an rannán ina bhfuil an duine cláraithe.

(2) Beidh duine ciontach i gcion má chuireann an duine faoi deara, nó má cheadaíonn sé nó sí, do dhuine eile uiríll a dhéanamh maidir leis an duine céadluaite, ar cion faoi fho-alt (1) a bheadh iontu dá ndéanfadh an duine céadluaite iad.

(3) Beidh duine ciontach i gcion má dhéanann an duine, le hintinn mheabhlaireachta, aon uiríoll maidir le duine eile, ar uiríoll é—

(a) is eol don duine céadluaite a bheith bréagach, agus

(b) dá mba é an duine eile a rinne é gur chion ag an duine eile é faoi fho-alt (1) a bheadh ann.

(4) Beidh duine ciontach i gcion má dhéanann an duine, nó má chuireann sé nó sí faoi deara go ndéanfar, aon dearbhú bréagach nó mífhaisnéis a thabhairt d’fhonn clárú a fháil.

(5) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi,

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil—

(i) i gcás an chéad chiona, fíneáil nach mó ná €130,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi,

(ii) i gcás aon chiona dá éis sin, fíneáil nach mó ná €320,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(6) Is cosaint in imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (1)(a) (2) don duine a chúiseofar sa chion a chruthú go ndearna an duine gach beart réasúnach chun nach ndéanfaí an cion.

(7) I gcás ina gciontófar duine i gcion faoin alt seo, déanfaidh an chúirt a thaifeadann an ciontú, mura deimhin léi go bhfuil cúiseanna speisialta agus substaintiúla ann gan déanamh amhlaidh, a ordú don duine na costais agus na caiteachais, arna dtomhas ag an gcúirt, a thabhaigh an t-ionchúiseamh i ndáil le hionchúiseamh an chiona, a íoc leis an ionchúiseamh.

Táillí, etc. a ghnóthú.

42 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), ní bheidh lia-chleachtóir neamhchláraithe i dteideal táillí nó eisíocaíochtaí a ghearradh nó a ghnóthú as seirbhísí míochaine arna soláthar ag an gcleachtóir i gcúrsa míochaine a chleachtadh.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1)

(a) maidir le seirbhísí liachta arna soláthar ag lia-chleachtóir neamhchláraithe, tráth ba lia-chleachtóir cláraithe an cleachtóir, nó

(b) maidir le seirbhísí liachta arna soláthar ag lia-chleachtóir neamhchláraithe, a mhéid a soláthraíodh iad in aon cheann de na himthosca a shonraítear in aon cheann de mhíreanna (a) go (g) d’alt 38.

An clár.

43 .— (1) Déanfaidh an Chomhairle clár ar a dtabharfar clár na lia-chleachtóirí a bhunú agus a chothabháil.

(2) Beidh ainmneacha na lia-chleachtóirí a chlárófar, agus na cáilíochtaí atá siad i dteideal a chlárú, faoin Acht seo sa chlár, agus beidh 4 rannán sa chlár, arb é a bheidh iontu—

(a) an Rannán Ginearálta, ina n-áireofar ainmneacha na lia-chleachtóirí sin atá cláraithe sa rannán sin de bhun alt 46 agus cibé sonraí aitheantais eile de chuid na lia-chleachtóirí sin is cuí leis an gComhairle,

(b) an Rannán Speisialtóirí, ina n-áireofar ainmneacha na lia-chleachtóirí sin atá cláraithe sa rannán sin de bhun alt 47 agus cibé sonraí aitheantais eile de chuid na lia-chleachtóirí sin is cuí leis an gComhairle,

(c) an Rannán Speisialtóirí faoi Oiliúint, ina n-áireofar ainmneacha na lia-chleachtóirí sin atá cláraithe sa rannán sin de bhun alt 48 49 agus cibé sonraí aitheantais eile de chuid na lia-chleachtóirí sin is cuí leis an gComhairle, agus

(d) an Rannán Cleachtóirí LEE ar Cuairt, ina n-áireofar ainmneacha na lia-chleachtóirí sin atá cláraithe sa rannán sin de bhun alt 50 agus cibé sonraí aitheantais eile de chuid na lia-chleachtóirí sin is cuí leis an gComhairle.

(3) Féadfar an clár a bhunú agus a chothabháil i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach.

(4) Aon deimhniú a airbheartóidh a bheith sínithe ag an bpríomhoifigeach feidhmiúcháin, nó ag comhalta eile d’fhoireann na Comhairle a bheidh údaraithe ag an bpríomhoifigeach feidhmiúcháin chun deimhniú a thabhairt faoin bhfo-alt seo, agus a airbheartóidh a dheimhniú—

(a) maidir le duine a ainmneofar sa deimhniú—

(i) go raibh sé nó sí ina lia-chleachtóir cláraithe,

(ii) go raibh sé nó sí ina lia-chleachtóir sa Rannán Ginearálta, sa Rannán Speisialtóirí, sa Rannán Speisialtóirí faoi Oiliúint nó sa Rannán Cleachtóirí LEE ar Cuairt, nó

(iii) nach raibh sé nó sí ina lia-chleachtóir cláraithe, nó

(b) go raibh clárú lia-chleachtóra a ainmneofar sa deimhniú—

(i) ar fionraí, nó

(ii) faoi réir na gcoinníollacha iomchuí a shonrófar sa deimhniú,

lá sonraithe nó laethanta sonraithe nó le linn tréimhse sonraithe go huile, beidh an deimhniú sin, gan cruthúnas ar shíniú an duine a airbheartóidh an deimhniú a shíniú nó gurbh é nó í an duine sin an príomhoifigeach feidhmiúcháin nó gur chomhalta eile d’fhoireann na Comhairle a bhí údaraithe amhlaidh é nó í, de réir mar a bheidh, ina fhianaise ar na nithe a bheidh luaite sa deimhniú, mura gcruthófar a mhalairt.

(5) Déanfaidh an Chomhairle, a luaithe is indéanta tar éis lia-chleachtóir a chlárú agus na táillí cuí a íoc, deimhniú a thabhairt don chleachtóir ina luafar—

(a) ainm an chleachtóra,

(b) an uimhir chlárúcháin a bheidh ag gabháil le clárú an chleachtóra,

(c) an rannán den chlár ar cuireadh ainm an chleachtóra isteach ann, agus

(d) cibé sonraí aitheantais eile de chuid an lia-chleachtóra is cuí leis an gComhairle.

(6) I gcás ina mbeidh coinníollacha iomchuí curtha ag gabháil le clárú cleachtóra, déanfaidh an Chomhairle na nithe seo a leanas a thaifeadadh sa chlár—

(a) ráiteas go bhfuil clárú an chleachtóra faoi réir coinníollacha, agus

(b) sonraí i dtaobh na gcoinníollacha.

(7) Cuirfidh lia-chleachtóir cláraithe faoi deara, a luaithe is féidir tar éis don chleachtóir an deimhniú dá dtagraítear i bhfo-alt (5) a fháil, agus má tá sé indéanta déanamh amhlaidh, an deimhniú a chur ar taispeáint—

(a) sa phríomh-áit ina ndéanann an cleachtóir míochaine a chleachtadh, agus

(b) gach uile thráth fad a leanfaidh clárú an chleachtóra agus ní aon tráth eile.

(8) Cuirfidh lia-chleachtóir cláraithe faoi deara, a luaithe is féidir tar éis don duine an deimhniú dá dtagraítear i bhfo-alt (5) a fháil, an uimhir chláraithe a luaitear ar an deimhniú sin a chur ar gach oideas liachta agus ar na doiciméid agus na taifid eile go léir, cibé acu is i bhformáid pháipéir nó leictreonach atá siad, a bhaineann le cleachtadh an chleachtóra sin mar lia-chleachtóir cláraithe.

Forálacha idirthréimhseacha is infheidhme maidir leis an gclár.

44 .— (1) D’ainneoin aisghairm Acht 1978 le halt 3

(a) measfar, faoi réir fho-alt (2), gurb é Clár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí, mar a bhí an Clár sin i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme alt 3 , an Rannán Ginearálta go dtí lá bunaithe an chláir, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha eile den Acht seo (lena n-áirítear an míniú ar “Rannán Ginearálta” in alt 2 agus na forálacha a bhaineann le hainmneacha a chur sa chlár nó a scriosadh as) maidir leis an gClár sin, agus

(b) measfar gurb é an Clár de Shaineolaithe Liachta, mar a bhí an Clár sin i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme alt 3 , an Rannán Speisialtóirí, go dtí lá bunaithe an chláir, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha eile den Acht seo (lena n-áirítear an míniú ar “Rannán Speisialtóirí” in alt 2 agus na forálacha a bhaineann le hainmneacha a chur isteach sa chlár, nó a scriosadh as an gclár) maidir leis an gClár sin.

(2) Gan dochar d’oibriú fho-alt (3), maidir le lia-chleachtóir a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta i gClár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí—

(a) de bhun alt 28 (arna ionadú le halt 6 d’Acht 2002) d’Acht 1978, nó

(b) de bhun alt 29 (arna ionadú le halt 7 d’Acht 2002) d’Acht 1978,

ní fhéadfaidh sé nó sí, fad a bheidh ainm an chleachtóra taifeadta amhlaidh, míochaine a chleachtadh de bhun an chlárúcháin sin ach amháin faoi réir na gcoinníollacha céanna ab infheidhme maidir le cleachtadh na míochaine ag an gcleachtóir sin roimh thosach feidhme alt 3 .

(3) I gcás ina dtabharfaidh an Chomhairle fógra i scríbhinn don Aire ina luafar an dáta a bheidh an Chomhairle réidh chun an clár a riaradh, foilseoidh an tAire fógra san Iris Oifigiúil ina sonrófar gurb é an dáta sin an dáta a thiocfaidh an clár i ngníomh.

(4) Cinnteoidh an Chomhairle, maidir le lá bunaithe an chláir—

(a) faoi réir mhíreanna (c) go (i), go mbeidh ainm lia-chleachtóra a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta i gClár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí díreach roimh an lá sin taifeadta sa Rannán Ginearálta,

(b) faoi réir mhíreanna (c) go (i), go mbeidh ainm lia-chleachtóra a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta sa Chlár de Shaineolaithe Liachta díreach roimh an lá sin taifeadta sa Rannán Speisialtóirí,

(c) nach mbeidh ainm lia-chleachtóra a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta i gClár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí agus sa Chlár de Shaineolaithe Liachta díreach roimh an lá sin taifeadta ach amháin sa Rannán Speisialtóirí,

(d) go mbeidh ainm lia-chleachtóra a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta i gClár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí díreach roimh an lá sin de bhun alt 28 (arna ionadú le halt 6 d’Acht 2002) d’Acht 1978 taifeadta sa Rannán Speisialtóirí faoi Oiliúint,

(e) nach mbeidh ainm lia-chleachtóra—

(i) a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta i gClár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí nó sa Chlár de Shaineolaithe Liachta, nó sa dá cheann, díreach roimh an lá sin, agus

(ii) a dhéanann míochaine a chleachtadh i bpost atá uimhrithe agus inaitheanta go leithleach agus a cheadaigh an Chomhairle chun críche sainoiliúna liachta,

taifeadta ach amháin sa Rannán Speisialtóirí faoi Oiliúint,

(f) nach mbeidh ainm lia-chleachtóra a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta i gClár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí díreach roimh an lá sin de bhun alt 29 (arna leasú le halt 7 d’Acht 2002) d’Acht 1978 taifeadta ach amháin sa Rannán Speisialtóirí faoi Oiliúint,

(g) faoi réir fho-alt (5), i gcás ina raibh, díreach roimh an lá sin, aon choinníollacha ag gabháil le clárú aon lia-chleachtóra a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta i gClár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí nó sa Chlár de Shaineolaithe Liachta díreach roimh an lá sin, go dtaifeadfar na nithe seo a leanas sa chlár—

(i) ráiteas á rá go bhfuil clárú an chleachtóra faoi réir coinníollacha, agus

(ii) sonraí i dtaobh na gcoinníollacha,

(h) más rud é, díreach roimh an lá sin agus de bhun Chuid V d’Acht 1978, nach raibh éifeacht le clárú ainm lia-chleachtóra a bhí taifeadta i gClár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí nó sa Chlár de Shaineolaithe Liachta díreach roimh an lá sin ar feadh tréimhse sonraithe a éagann ar dháta tar éis lá bunaithe an chláir, go dtaifeadfar na nithe seo a leanas sa chlár—

(i) ráiteas á rá nach bhfuil aon éifeacht le clárú an chleachtóra de thuras na huaire, agus

(ii) ráiteas maidir leis an dáta ar a mbeidh éifeacht arís le clárú an chleachtóra (ar choinníoll nach bhforchuirfear aon smachtbhannaí breise faoin Acht seo ar an gcleachtóir),

agus

(i) nach mbeidh aon lia-chleachtóir cláraithe i níos mó ná rannán amháin den chlár ach amháin go bhféadfaidh lia-chleachtóir atá cláraithe sa Rannán Speisialtóirí a bheith cláraithe freisin sa Rannán Speisialtóirí faoi Oiliúint, más rud é, agus más rud é amháin go bhfuil an cleachtóir ag dul faoi shainoiliúint i speisialtacht liachta seachas an speisialtacht liachta ar ina leith atá an cleachtóir cláraithe sa Rannán Speisialtóirí.

(5) Ní cheanglaítear ar an gComhairle fo-alt (4)(g) a chomhlíonadh i gcás coinníollacha dá dtagraítear san fho-alt sin agus atá ag gabháil le clárú lia-chleachtóra dá dtagraítear san fho-alt sin más deimhin leis an gComhairle go bhfuil na coinníollacha sin iomarcach mar gheall ar an rannán den chlár ina bhfuil an cleachtóir cláraithe.

(6) Ní oibreoidh aon ní san alt seo as féin chun lia-chleachtóir a bheidh cláraithe sa Rannán Speisialtóirí a chosc ar mhíochaine a chleachtadh amhail is dá mbeadh an cleachtóir cláraithe sa Rannán Ginearálta.

Lia-chleachtóirí a chlárú— ginearálta.

45 .— (1) Féadfaidh lia-chleachtóir iarratas, a mbeidh an táille chuí nó na táillí cuí ag gabháil leis, a dhéanamh chun na Comhairle ar é nó í a chlárú.

(2) Faoi réir fho-alt (3) agus ailt 46, 47, 48, 49, 50, 53 agus 54(4), cinnfidh an Chomhairle iarratas faoi fho-alt (1) ó lia-chleachtóir tríd an gcleachtóir a chlárú sa rannán sin den chlár is dóigh leis an gComhairle is cuí.

(3) Faoi réir alt 44 (4)(i), ní dhéanfaidh an Chomhairle lia-chleachtóir a chlárú i níos mó ná rannán amháin den chlár.

(4) Faoi réir fho-alt (5), déanfaidh an Chomhairle iarratas chun bheith cláraithe faoi théarmaí Threoir 2005/36/CE a chinneadh—

(a) faoi réir mhír (b), a luaithe is féidir tar éis di na doiciméid go léir a fháil is gá chun an t-iarratas a chinneadh, ach

(b) ar aon chor, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an dáta a gheobhaidh sí an ceann deireanach de na doiciméid sin.

(5) I gcás ina bhfuil amhras réasúnach, cóir ar an gComhairle i ndáil le hiarratas dá dtagraítear i bhfo-alt (4) ó dhuine, féadfaidh sí a cheangal ar údarás inniúil de chuid Ballstáit—

(a) fíre dioplómaí, deimhnithe agus fianaise eile ar cháilíochtaí foirmiúla arna n-eisiúint sa Bhallstát agus dá dtagraítear in Airteagail 21, 23 agus 50 de Threoir 2005/36/CE a dhaingniú,

(b) a dhaingniú gur chomhlíon an duine na riachtanais oiliúna íosta a shonraítear in Airteagal 23 nó, de réir mar is gá sa chás, Airteagal 24 nó 25 de Threoir 2005/36/ CE.

(6) Déanfaidh an Chomhairle, le linn breithniú a dhéanamh ar iarratas dá dtagraítear i bhfo-alt (4) ó dhuine, aon oiliúint iomchuí a ndeachaigh an duine faoi nó taithí iomchuí a fuair an duine i dtríú tír a chur i gcuntas.

(7) D’fhonn amhras a sheachaint, dearbhaítear nach ndéanfaidh an Chomhairle lia-chleachtóir a chlárú de bhun alt 46 , 47, 4849 mura rud é go ndearna an cleachtóir iarratas faoi fho-alt (1).

Lia-chleachtóirí a chlárú sa Rannán Ginearálta.

46 .— Cláróidh an Chomhairle sa Rannán Ginearálta aon lia-chleachtóir (seachas cleachtóir LEE ar cuairt)

(a) nach féidir é nó í a chlárú—

(i) sa Rannán Speisialtóirí de bhun alt 47 , nó

(ii) sa Rannán Speisialtóirí faoi Oiliúint de bhun alt 48 49,

agus

(b) ar lia-chleachtóir é nó í—

(i) a ghnóthaigh scrúdú chun clárú sa Rannán Ginearálta, is scrúdú a shonrófar i rialacha arna ndéanamh faoi alt 11 chun críocha na fomhíre seo,

(ii) a bheidh díolmhaithe ó fhomhír (i) de bhua teacht faoi réim forais le haghaidh díolmhú den sórt sin, is foras a shonrófar i rialacha arna ndéanamh faoi alt 11 chun críocha na fomhíre seo,

(iii) is náisiúnach de Bhallstát ar dámhadh cáilíocht sa mhíochaine nó deimhniú um chearta faighte dó nó di ag comhlacht nó údarás inniúil arna ainmniú chun na críche sin ag Ballstát, de bhun Threoir 2005/36/CE, nó

(iv) faoi réir rialacha arna ndéanamh faoi alt 11 agus a bhfuil feidhm acu maidir leis an bhfomhír seo, a mbeidh doiciméad deonaithe dó nó di ar doiciméad é atá, i dtuairim na Comhairle, comhionann ar a laghad le deimhniú taithí.

Lia-chleachtóirí a chlárú sa Rannán Speisialtóirí.

47 .— (1) Déanfaidh an Chomhairle, de réir na gcritéar iomchuí arna sonrú i rialacha a dhéanfar faoi alt 11 , na lia-chleachtóirí seo a leanas a chlárú sa Rannán Speisialtóirí:

(a) gach lia-chleachtóir a bhfuil, i dtuairim na Comhairle, sainoiliúint críochnaithe aige nó aici i speisialtacht liachta atá aitheanta ag an gComhairle faoi alt 89(1);

(b) gach lia-chleachtóir dá dtabharfaidh comhlacht arna cheadú faoi alt 89 (3)(a)(ii) fianaise ar shainoiliúint a bheith críochnaithe go sásúil;

(c) gach náisiúnach den Stát nó de Bhallstát ag a bhfuil céim, dioplóma nó fianaise eile ar cháilíocht fhoirmiúil i sainliacht dá dtugann an Chomhairle aitheantas agus a bheidh dáfa ag comhlacht nó údarás inniúil arna ainmniú chun na críche sin ag Ballstát, de bhun Threoir 2005/36/CE;

(d) gach náisiúnach den Stát nó de Bhallstát ag a bhfuil deimhniú maidir le cearta faighte i sainliacht a bheidh dáfa ag comhlacht nó údarás inniúil arna ainmniú chun na críche sin ag Ballstát, de bhun Threoir 2005/36/CE;

(e) gach náisiúnach den Stát nó de Bhallstát ag a bhfuil céim, dioplóma, deimhniú nó fianaise eile ar cháilíocht fhoirmiúil i sainliacht a bheidh dáfa i dtríú tír agus deimhnithe ag comhlacht nó údarás inniúil arna ainmniú chun na críche sin ag Ballstát, de bhun Threoir 2005/36/CE; nó

(f) aon lia-chleachtóir a dheimhneoidh don Chomhairle go bhfuil an cleachtóir tar éis clár oiliúna i sainliacht a chríochnú agus taithí leordhóthanach i sainliacht a fháil ar de chaighdeán iad a mheasfaidh an Chomhairle a bheith dóthanach chun clárú sa Rannán Speisialtóirí.

(2) Féadfaidh an Chomhairle, go dtí cothromdháta 5 bliana thosach feidhme an fho-ailt seo, clárú a dheonú in aon liosta áirithe den Rannán Speisialtóirí d’aon lia-chleachtóir is duine a bhféadfar é nó í a chlárú sa Rannán Ginearálta agus a dheimhneoidh don Chomhairle go bhfuair an cleachtóir oiliúint agus taithí atá leordhóthanach chun gur cheart an cleachtóir a chlárú mar speisialtóir sa liosta sin.

(3) Chun críocha fho-alt (2), oibreoidh an Chomhairle, go dtí cothromdháta 5 bliana thosach feidhme an fho-ailt sin, leis na comhlachtaí a cheadófar faoi alt 89 (3)(a) chun cúnamh a thabhairt do lia-chleachtóirí atá cláraithe sa Rannán Ginearálta an caighdeán is gá chun clárú sa Rannán Speisialtóirí a bhaint amach.

Lia-chleachtóirí a chlárú sa Rannán Speisialtóirí faoi Oiliúint.

48 .— (1) Cláróidh an Chomhairle sa Rannán Speisialtóirí faoi Oiliúint lia-chleachtóir—

(a) dá mbeidh deimhniú taithí deonaithe, agus

(b) a dhéanann míochaine a chleachtadh i bpost inaitheanta atá uimhrithe go leithleach agus a cheadaigh an Chomhairle chun críche sainoiliúna liachta.

(2) Cláróidh an Chomhairle sa Rannán Speisialtóirí faoi Oiliúint lia-chleachtóir is náisiúnach de Bhallstát agus—

(a) ar dámhadh cáilíocht sa mhíochaine nó deimhniú um chearta faighte dó nó di ag comhlacht nó údarás inniúil arna ainmniú chun na críche sin ag Ballstát, de bhun Threoir 2005/36/CE,

(b) a dhéanann míochaine a chleachtadh i bpost inaitheanta atá uimhrithe go leithleach agus a cheadaigh an Chomhairle chun críche sainoiliúna liachta, agus

(c) faoi réir rialacha arna ndéanamh faoi alt 11 agus a bhfuil feidhm acu maidir leis an mír seo, a mbeidh doiciméad deonaithe dó nó di i mBallstát ar doiciméad é atá, i dtuairim na Comhairle, comhionann ar a laghad le deimhniú taithí.

(3) Cláróidh an Chomhairle sa Rannán Speisialtóirí faoi Oiliúint lia-chleachtóir is náisiúnach de Bhallstát agus nach dtagann faoi réim fho-alt (1)(2), nó is náisiúnach de thríú tír, agus—

(a) ar lia-chleachtóir é nó í—

(i) a ghnóthaigh scrúdú chun clárú sa Rannán Speisialtóirí faoi Oiliúint, is scrúdú a shonrófar i rialacha arna ndéanamh faoi alt 11 chun críocha na fomhíre seo, nó

(ii) a bheidh díolmhaithe ó fhomhír (i) de bhua teacht faoi réim forais le haghaidh díolmhú den sórt sin, is foras a shonrófar i rialacha arna ndéanamh faoi alt 11 chun críocha na fomhíre seo,

(b) a dhéanann míochaine a chleachtadh i bpost inaitheanta atá uimhrithe go leithleach agus a cheadaigh an Chomhairle chun críche sainoiliúna liachta, agus

(c) faoi réir rialacha arna ndéanamh faoi alt 11 agus a bhfuil feidhm acu maidir leis an mír seo, a mbeidh doiciméad deonaithe dó nó di i dtríú tír ar doiciméad é atá, i dtuairim na Comhairle, comhionann ar a laghad le deimhniú taithí.

(4) Cláróidh an Chomhairle sa Rannán Speisialtóirí faoi Oiliúint lia-chleachtóir dár deonaíodh stádas dídeanaí sa Stát agus—

(a) ar lia-chleachtóir é nó í—

(i) a ghnóthaigh scrúdú chun clárú sa Rannán Speisialtóirí faoi Oiliúint, is scrúdú a shonrófar i rialacha arna ndéanamh faoi alt 11 chun críocha na fomhíre seo, nó

(ii) a bheidh díolmhaithe ó fhomhír (i) de bhua teacht faoi réim forais le haghaidh díolmhú den sórt sin, is foras a shonrófar i rialacha arna ndéanamh faoi alt 11 chun críocha na fomhíre seo,

(b) a dhéanann míochaine a chleachtadh i bpost inaitheanta atá uimhrithe go leithleach agus a cheadaigh an Chomhairle chun críche sainoiliúna liachta, agus

(c) a shásóidh aon cheanglais eile chun críocha na míre seo, is ceanglais a shonrófar i rialacha arna ndéanamh faoi alt 11 .

(5) Aon lia-chleachtóir a bheidh cláraithe sa Rannán Speisialtóirí faoi Oiliúint ach a scoirfidh de mhíochaine a chleachtadh in bpost inaitheanta atá uimhrithe go leithleach agus a cheadaigh an Chomhairle chun críche sainoiliúna liachta, déanfaidh sé nó sí, a luaithe is indéanta tar éis dó nó di scor de mhíochaine a chleachtadh amhlaidh ach, in aon chás, tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis dó nó di scor de mhíochaine a chleachtadh amhlaidh, fógra i scríbhinn a thabhairt don Chomhairle ina thaobh sin.

(6) Más rud é—

(a) go bhfaighidh an Chomhairle fógra faoi fho-alt (5) ó lia-chleachtóir, nó

(b) go mainneoidh lia-chleachtóir fo-alt (5) a chomhlíonadh,

beidh feidhm ag ailt 45(3) agus 46 maidir leis an gComhairle agus leis an gcleachtóir agus i ndáil leo.

Clárú inteirneachta sa Rannán Speisialtóirí faoi Oiliúint.

49 .— (1) Cláróidh an Chomhairle sa Rannán Speisialtóirí faoi Oiliúint lia-chleachtóir a chríochnaigh cúrsa staidéir sa Stát nó i mBallstát ar dámhadh buncháilíocht liachta mar thoradh air agus a bheartaíonn míochaine a chleachtadh i bpost inteirne inaitheanta atá uimhrithe go leithleach agus a cheadaigh an Chomhairle chun inteirní a oiliúint.

(2) Faoi réir fho-alt (3), an lá iomchuí agus dá éis, i gcás ina mbeidh tréimhse inteirneachta críochnaithe ag lia-chleachtóir chun sástacht na Comhairle, deonóidh an Chomhairle deimhniú taithí don chleachtóir.

(3) Ní dhéanfaidh an Chomhairle deimhniú taithí a dheonú do lia-chleachtóir faoi fho-alt (2) mura deimhin leis an gComhairle go raibh an cleachtóir ar fostú, ar feadh na tréimhse nó na dtréimhsí a shonraítear i rialacha arna ndéanamh faoi alt 11 chun críocha an fho-ailt seo, mar lia-chleachtóir—

(a) in ospidéal, i bhforas sláinte, i gclinic nó i gcleachtas ginearálta míochaine, nó i suíomh seirbhíse sláinte eile, mar a shonraítear i rialacha arna ndéanamh faoi alt 11 chun críocha an fho-ailt seo, agus

(b) go ndearna an Chomhairle an t-ospidéal sin, an foras sláinte sin, an clinic sin, an cleachtas ginearálta míochaine sin, nó an suíomh seirbhíse sláinte eile sin, de réir mar a bheidh, a iniúchadh agus a cheadú i gcomhair caighdeán inghlactha oiliúna inteirní.

(4) D’ainneoin aisghairm Acht 1978 le h alt 3 , beidh feidhm ag alt 28 d’Acht 1978, go dtí an lá iomchuí, agus fairis na modhnuithe uile is gá, maidir le deimhniú taithí a dheonú faoin Acht seo mar atá feidhm aige maidir le deimhniú taithí a dheonú faoi Acht 1978.

(5) I gcás ina dtabharfaidh an Chomhairle fógra i scríbhinn don Aire ina luafar an dáta a bheidh an Chomhairle réidh chun deimhnithe taithí a dheonú, foilseoidh an tAire fógra san Iris Oifigiúil ina sonrófar gurb é an dáta sin an dáta a thosóidh an Chomhairle ar dheimhnithe den sórt sin a dheonú.

(6) San alt seo, ciallaíonn “lá iomchuí” an dáta a bheidh sonraithe san fhógra dá dtagraítear i bhfo-alt (5) arna fhoilsiú san Iris Oifigiúil mar an dáta a thosóidh an Chomhairle ar dheimhnithe taithí a dheonú.

Cleachtóirí LEE ar cuairt do sholáthar seirbhísí ar bhonn sealadach ócáideach.

50 .— (1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (7), féadfaidh lia-chleachtóir is náisiúnach de Bhallstát agus a bheidh bunaithe go dleathach i gcleachtadh míochaine i mBallstát (de bhua a bheith cláraithe nó ceadúnaithe chun míochaine a chleachtadh ag údarás inniúil de chuid Ballstáit arb é an t-údarás de chuid an Bhallstáit is déanaí a luadh é atá comhionann leis an gComhairle) le linn dó nó di a bheith ar cuairt sa Stát—

(a) míochaine a chleachtadh ar bhonn sealadach ócáideach gan a bheith cláraithe roimh ré, agus

(b) seirbhísí an chleachtóra a fhógairt mar lia-chleachtóir chun críocha mhír (a).

(2) Faoi réir fho-alt (4), tabharfaidh cleachtóir LEE ar cuairt, sula ndéanfaidh sé nó sí míochaine a chleachtadh sa Stát agus dá éis sin ar bhonn bliantúil, dearbhú i scríbhinn don Chomhairle—

(a) ina dtabharfar sonraí i dtaobh na seirbhísí liachta a bheidh le tabhairt agus na tréimhse nó na dtréimhsí inar dóigh leis an gcleachtóir go dtabharfaidh sé nó sí iad, agus

(b) a mbeidh na doiciméid seo a leanas ag gabháil leis i gcás an chéad dearbhaithe den sórt sin (agus dá éis sin sa chás amháin go mbeidh athrú ábhartha sa chor a mbeidh na doiciméid sin mar thacú leis):

(i) cruthúnas ar náisiúntacht an chleachtóra; agus

(ii) fianú ón údarás inniúil iomchuí (arb é an t-údarás nó an comhlacht arna ainmniú ag an mBallstát lena mbaineann mar údarás nó comhlacht inniúil chun críocha Airteagal 56 de Threoir 2005/36/CE) á dheimhniú maidir leis an gcleachtóir—

(I) go bhfuil sé nó sí bunaithe go dleathach i mBallstát chun míochaine a chleachtadh, agus

(II) nach bhfuil sé nó sí toirmiscthe ó mhíochaine a chleachtadh, fiú go sealadach, an tráth a sheachadtar an fianú.

(3) Féadfaidh an Chomhairle, maidir le cleachtóir LEE ar cuairt a mbeidh dearbhú déanta aige nó aici de bhun fho-alt (2), a iarraidh ar aon údarás inniúil de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an cleachtóir bunaithe mar a luaitear i bhfo-alt (2)(b)(ii)(I), i leith gach soláthair seirbhísí liachta a bheidh sonraithe sa dearbhú, aon fhaisnéis a sholáthar is iomchuí maidir le dlíthiúlacht bhunú an chleachtóra agus dea-iompar an chleachtóra agus easpa aon smachtbhannaí araíonachta nó coiriúla de chineál gairmiúil.

(4) Féadfaidh cleachtóir LEE ar cuairt na doiciméid dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(b) a thabhairt don Chomhairle tar éis don chleachtóir aon seirbhísí liachta a thabhairt a bheidh sonraithe i ndearbhú dá dtagraítear i bhfo-alt (2) agus a thug an cleachtóir don Chomhairle i gcás inar ghá na seirbhísí sin a sholáthar go práinneach ach, in aon chás, tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis an dáta a soláthraíodh na seirbhísí.

(5) Déanfaidh an Chomhairle measúnú ar bhonn cáis ar chás ar nádúr sealadach ócáideach an tsoláthair bheartaithe seirbhísí liachta ag cleachtóir LEE ar cuairt, go háirithe i ndáil lena fhad, lena mhinicíocht, lena rialtacht agus lena leanúnachas.

(6) I gcás ina gcomhlíonfaidh cleachtóir LEE ar cuairt ceanglais fho-alt (2), déanfaidh an Chomhairle—

(a) an cleachtóir a chlárú sa Rannán Cleachtóirí LEE ar Cuairt, agus

(b) na sonraí dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(a) agus atá i ndearbhú an chleachtóra arna dhéanamh faoi fho-alt (2) a thaifeadadh sa chlár.

(7) Ní dhéanfaidh cleachtóir LEE ar cuairt míochaine a chleachtadh sa Stát ar shlí eile seachas de réir dearbhú arna dhéanamh ag an gcleachtóir faoi fho-alt (2)(a) nó i gcás práinne.

Cáilíochtaí breise a chlárú.

51 .— (1) Féadfaidh lia-chleachtóir cláraithe iarratas a dhéanamh, a mbeidh an táille chuí ag gabháil leis, chuig an gComhairle go ndéanfar cáilíocht a bheidh faighte ag an gcleachtóir agus a thagann faoi réim fho-alt (2) a thaifeadadh sa chlár i dteannta cháilíochtaí an chleachtóra a bheidh taifeadta ann cheana féin.

(2) Is í an Chomhairle a chinnfidh na cáilíochtaí, nach cáilíochtaí is gá chun críocha clárú, a fhéadfar a thaifeadadh sa chlár mar cháilíochtaí breise.

(3) I gcás ina ndéanfaidh an Chomhairle cáilíocht bhreise a bheidh faighte ag lia-chleachtóir a thaifeadadh sa chlár, tabharfaidh an Chomhairle deimhniú don chleachtóir, a luaithe is indéanta ina dhiaidh sin, á rá go bhfuil an cháilíocht bhreise taifeadta sa chlár.

Iarratas chun clárú a bhaint den chlár, etc.

52 .— (1) Féadfaidh lia-chleachtóir cláraithe iarratas a dhéanamh chuig an gComhairle chun clárú an chleachtóra a bhaint den chlár.

(2) Faoi réir fho-alt (3), cinnfidh an Chomhairle iarratas faoi fho-alt (1) ó lia-chleachtóir cláraithe trí chlárú an chleachtóra a bhaint den chlár.

(3) I gcás ina bhfaighidh an Chomhairle iarratas faoi fho-alt (1) ó lia-chleachtóir cláraithe agus—

(a) ina mbeidh an cleachtóir ina ábhar nó ina hábhar do ghearán nár cuireadh de láimh nó nár déileáladh leis ar shlí eile faoi Chuid 7 agus, más infheidhme, faoi Chodanna 8 agus 9, nó

(b) ina mbeidh an cleachtóir ciontaithe sa Stát i gcion is intriailte ar díotáil nó ciontaithe lasmuigh den Stát i gcion arb é atá ann gníomhartha nó neamhghníomhartha arbh éard iad cion ab intriailte ar díotáil dá mba sa Stát a dhéanfaí iad,

ansin ní bhreithneoidh an Chomhairle an t-iarratas go dtí go gcinnfidh an Chomhairle ar cheart nó nár cheart clárú an chleachtóra a bhaint den chlár (lena n-áirítear é a chealú) de bhun forála eile de chuid an Achta seo.

(4) Féadfaidh lia-chleachtóir ar baineadh a chlárú nó a clárú den chlár de bhun fho-alt (2) iarratas a dhéanamh, a mbeidh an táille chuí ag gabháil leis, chuig an gComhairle ar chlárú an chleachtóra a chur ar ais ar an gclár.

(5) Cinnfidh an Chomhairle iarratas faoi fho-alt (4) ó lia-chleachtóir trí chlárú an chleachtóra a chur ar ais ar an gclár.

(6) I gcás inar deimhin leis an gComhairle trí fhianaise liachta go bhfuil breoiteacht nó riocht de chineál buan nó foirceanta ar lia-chleachtóir cláraithe a dhéanann, de bharr chineál an reachta, é a chur ó chumas an chleachtóra—

(a) míochaine a chleachtadh i modh sábháilte inniúil, agus

(b) breoiteacht nó riocht an chleachtóra, de réir mar a bheidh, a chur in iúl don Chomhairle,

ansin féadfaidh an Chomhairle clárú an chleachtóra a bhaint den chlár.

Coinníollacha atá ag gabháil leis an gcéad chlárú.

53 .— (1) Déanfaidh lia-chleachtóir a bheidh ag déanamh iarratas ar chlárú, dearbhú san iarratas i dtaobh aon mhíchumas liachta iomchuí a bheith ar an gcleachtóir.

(2) I gcás inar deimhin leis an gComhairle—

(a) go bhfuil míchumas liachta iomchuí ar lia-chleachtóir a bheidh ag déanamh iarratas ar chlárú, agus

(b) nár chóir, ar mhaithe le sábháilteacht an phobail, clárú a dheonú don chleachtóir ach amháin faoi réir coinníollacha maidir leis an gcleachtóir do chleachtadh míochaine, is coinníollacha lena gcuirfear an míchumas sin i gcuntas,

sonróidh an Chomhairle na coinníollacha (dá ngairtear na “coinníollacha beartaithe” san alt seo) is gá, i dtuairim na Comhairle, a chur ag gabháil le clárú an chleachtóra ar mhaithe le sábháilteacht an phobail.

(3) I gcás ina gcomhaontóidh an lia-chleachtóir is ábhar do bhreith faoi fho-alt (2) i scríbhinn leis na coinníollacha beartaithe a chur ag gabháil le clárú an chleachtóra, déanfaidh an Chomhairle an cleachtóir a chlárú agus, an tráth céanna, alt 43(6) a chomhlíonadh i leith na gcoinníollacha.

Clárú a dhiúltú, etc., agus achomharc chun na Cúirte in aghaidh bhreith na Comhairle.

54 .— (1) Ní oibreoidh aon ní in ailt 45 go 53 chun an Chomhairle a chosc ar dhiúltú lia-chleachtóir a chlárú nó ar dhiúltú clárú lia-chleachtóra a chur ar ais ar an gclár ar fhorais neamhfheidhmiúlacht an chleachtóra chun míochaine a chleachtadh.

(2) I gcás ina dtabharfaidh an Chomhairle breith—

(a) faoi fho-alt (1) diúltú lia-chleachtóir a chlárú nó clárú lia-chleachtóra a chur ar ais ar an gclár,

(b) lia-chleachtóir a chlárú i rannán den chlár seachas an rannán a bheidh sonraithe in iarratas an chleachtóra faoi alt 45 ar chlárú, nó

(c) coinníollacha a chur ag gabháil le clárú lia-chleachtóra de bhun alt 53 ,

tabharfaidh an Chomhairle fógra i scríbhinn láithreach don chleachtóir mar gheall ar an mbreith, ar dháta na breithe agus ar na cúiseanna atá leis an mbreith.

(3) Féadfaidh lia-chleachtóir is ábhar do bhreith dá dtagraítear i bhfo-alt (2), tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an dáta a tugadh fógra don chleachtóir maidir leis an mbreith de bhun an fho-ailt sin, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh na breithe.

(4) Féadfaidh an Chúirt, ar achomharc faoi fho-alt (3) ó lia-chleachtóir a éisteacht—

(a) ceachtar de na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(i) an bhreith is ábhar don achomharc a dhaingniú, nó

(ii) an bhreith sin a chealú agus cibé breith eile is cuí leis an gCúirt a chur ina hionad, ar féidir gur breith í—

(I) go ndéanfar an cleachtóir a chlárú, nó clárú an chleachtóra a chur ar ais, i cibé rannán den chlár is cuí leis an gCúirt agus gan aon choinníollacha a bheith ag gabháil leis an gclárú, nó

(II) go ndéanfar an cleachtóir a chlárú, nó clárú an chleachtóra a chur ar ais—

(A) i cibé rannán den chlár is cuí leis an gCúirt, agus

(B) go mbeidh cibé coinníollacha ag gabháil leis an gclárú sin is cuí leis an gCúirt,

agus

(b) cibé ordacháin is cuí leis an gCúirt a thabhairt don Chomhairle agus a ordú conas mar a íocfar costais an achomhairc.

(5) Déanfaidh an Chomhairle, ar ordachán arna thabhairt ag an gCúirt faoi fho-alt (4) a chomhlíonadh, fógra i scríbhinn a thabhairt don lia-chleachtóir lena mbaineann, á rá go bhfuil an t-ordachán comhlíonta ag an gComhairle.

An clár a cheartú.

55 .— (1) D’fhonn an clár a choimeád ceart, déanfaidh an Chomhairle ó am go ham de réir riachtanas na hócáide gach dearmad cléireachais sa chlár a cheartú, gach taifead ann a tugadh chun críche trí chalaois nó mífhaisnéis a bhaint de, gach athrú a thiocfaidh ar iúl na Comhairle ar sheoltaí na lia-chleachtóirí cláraithe a thaifeadadh sa chlár, agus clárú na lia-chleachtóirí cláraithe ar fad ar cuireadh i bhfios don Chomhairle nó ar tháinig sé ar iúl na Comhairle go bhfuil siad tar éis bháis a bhaint den chlár.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an Chomhairle aon bheart de bhun fho-alt (1) d’fhonn an clár a choimeád ceart, déanfaidh an Chomhairle láithreach an beart atá déanta agus na cúiseanna atá leis a chur in iúl don lia-chleachtóir lena mbaineann, nó do neasghaol an chleachtóra, de réir mar is cuí.

(3) Déanfaidh an Chomhairle cibé bearta a mheasann sí is gá ó am go ham chun a chinntiú go bhfuil na sonraí atá cláraithe sa chlár cruinn.

(4) I gcás ina n-athróidh aon sonraí a bheidh taifeadta sa chlár i leith lia-chleachtóra chláraithe, déanfaidh an cleachtóir, a luaithe is indéanta ach, in aon chás, tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis don athrú tarlú, fógra i scríbhinn a thabhairt don Chomhairle ag sonrú an athraithe.

(5) Má bheartaíonn lia-chleachtóir cláraithe a bheith as láthair, nó má bhí sé nó sí as láthair, ón Stát ar feadh tréimhse leanúnaí is faide ná 12 mhí, déanfaidh an cleachtóir, a luaithe is indéanta, fógra i scríbhinn a thabhairt don Chomhairle—

(a) ina thaobh sin, agus

(b) i dtaobh sonraí aon fhostaíochta a mbeartaíonn an cleachtóir dul ina bun, nó a ndeachaigh sé nó sí ina bun, lasmuigh den Stát i gcáil liachta.

(6) Tabharfaidh lia-chleachtóir cláraithe fógra i scríbhinn don Chomhairle maidir le haon ní ábhartha ar dhóigh dó difear a dhéanamh do leanúnachas chlárú an chleachtóra tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis don an ní sin teacht ar iúl an chleachtóra.

(7) I bhfo-alt (6), folaíonn “ní ábhartha”, i ndáil le lia-chleachtóir cláraithe—

(a) forchur coinníollacha ar aon chlárú nó ceadúnas,

(b) fionraí, tarraingt siar nó baint aon chláraithe nó ceadúnais, nó

(c) diúltú clárú nó ceadúnas a dheonú,

i ndáil le haon chomhlacht rialaithe sa Stát nó lasmuigh de, agus le haon cháil liachta de chuid an chleachtóra, agus folaíonn sé aon chiontú de chineál coiriúil cibé acu sa Stát nó lasmuigh de a forchuireadh é.

An clár a fhoilsiú.

56 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), cinnteoidh an Chomhairle go bhfoilseofar an clár sa mhodh forordaithe.

(2) Maidir le seoltaí cónaithe, uimhreacha teileafóin baile nó seoltaí ríomhphoist lia-chleachtóirí cláraithe nó mionsonraí eile dá samhail is ceart a chosaint ó nochtadh, dar leis an gComhairle, ar mhaithe le slándáil na gcleachtóirí, ní gá di iad a chur ar fáil lena n-iniúchadh nó iad a fhoilsiú.

CUID 7

Gearáin chun an Choiste Réamhimeachtaí maidir le lia-chleachtóirí cláraithe

Gearáin maidir le lia-chleachtóirí cláraithe.

57 .— (1) Féadfaidh duine (lena n-áirítear an Chomhairle) gearán a dhéanamh chun an Choiste Réamhimeachtaí maidir le lia-chleachtóir cláraithe ar fhoras amháin nó níos mó díobh seo a leanas—

(a) mí-iompar gairmiúil,

(b) feidhmíocht ghairmiúil lag,

(c) míchumas liachta iomchuí,

(d) mainneachtain déanamh de réir coinníll iomchuí,

(e) mainneachtain déanamh de réir gealltanais nó aon bheart a dhéanamh a shonrófar i dtoiliú a thabharfar mar fhreagra ar iarraidh faoi alt 67 (1),

(f) sárú ar fhoráil den Acht seo (lena n-áirítear foráil de chuid aon rialachán nó rialacha a dhéanfar faoin Acht seo), nó

(g) ciontú sa Stát mar gheall ar chion is intriailte ar díotáil nó ciontú lasmuigh den Stát mar gheall ar chion arb éard atá ann gníomhartha nó neamhghníomhartha arbh éard iad cion ab intriailte ar díotáil dá mba sa Stát a dhéanfaí iad.

(2) Féadfar gearán a dhéanamh ar fhorais mí-iompair ghairmiúil nó feidhmíochta gairmiúla laige d’ainneoin gur lasmuigh den Stát a tharla an ní lena mbainfidh an gearán.

(3) Déanfaidh an Coiste Réamhimeachtaí iarrachtaí réasúnacha chun a chinntiú—

(a) go gcoimeádfar an gearánach ar an eolas maidir le gach breith a thabharfaidh an Coiste, aon choiste eile, nó an Chomhairle faoin gCuid seo agus, más infheidhme, faoi Chodanna 8 agus 9, i ndáil leis an ngearán lena mbaineann,

(b) go ngníomhóidh an Coiste go dlúsúil, agus

(c) go bpróiseálfar gearáin ar mhodh tráthúil.

(4) Féadfaidh an Coiste Réamhimeachtaí úsáid a bhaint as seirbhísí duine a cheapfar faoi alt 58 i ndáil le gearán a imscrúdú.

(5) I gcás ina dtiocfaidh gearán faoi réim fho-alt (1)(g), déanfaidh an Coiste Réamhimeachtaí an gearán a tharchur chuig an gComhairle láithreach.

(6) Déanfaidh an Chomhairle breithniú ar ghearán a tharchuirfear chuici faoi fho-alt (5) agus—

(a) más í a tuairim—

(i) go bhfágann cineál an chiona is ábhar don ghearán nó na himthosca ina ndearnadh an cion, go bhfuil an cleachtóir neamhfheidhmiúil go buan chun leanúint den mhíochaine a chleachtadh, agus

(ii) gurb é leas an phobail é go ndéanfadh an Chomhairle gníomh faoin mír seo láithreach,

tabharfaidh an Chomhairle breith faoi alt 71 an smachtbhanna dá dtagraítear in alt 71 (f) a fhorchur ar an gcleachtóir amhail is dá mba éard é an gearán tuarascáil dá dtagraítear in alt 69 (1) ón gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh i ndáil leis an ngearán, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha eile de Chuid 9 (seachas alt 72 (2)) maidir leis an mbreith sin,

(b) in aon chás eile, déanfaidh sí an gearán a tharchur ar ais chuig an gCoiste Réamhimeachtaí agus a ordú don Choiste déileáil leis an ngearán amhail is nach ndéanfaí an gearán a tharchur amhlaidh riamh.

(7) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (6) mar ní

(a) a dhéanfaidh dochar do ghinearáltacht alt 60 , nó

(b) a chuirfidh teorainn le réimse na smachtbhannaí a fhéadfaidh an Chomhairle breith a thabhairt iad a fhorchur faoi alt 71 ar lia-chleachtóir cláraithe in aon chás ina mbeidh an gníomh dá dtagraítear i bhfo-alt (6)(b) déanta ag an gComhairle.

(8) Diúltóidh an Coiste Réamhimeachtaí gearán i leith ní a tharla roimh thosach feidhme alt 3 a bhreithniú, nó a bhreithniú tuilleadh, más rud é go raibh an ní ina ábhar d’iarratas faoi alt 45 d’Acht 1978.

(9) Is nochtadh cosanta faoin Acht Sláinte 2004 (arna leasú leis an Acht Sláinte 2007) gearán.

Daoine a chabhróidh leis an gCoiste Réamhimeachtaí.

58 .— (1) Maidir leis an gComhairle—

(a) féadfaidh sí daoine (lena n-áirítear aon chomhaltaí d’fhoireann na Comhairle seachas an príomhoifigeach feidhmiúcháin) a cheapadh chun cabhrú leis an gCoiste Réamhimeachtaí, agus

(b) cinnfidh sí coinníollacha ceapacháin daoine a cheapfar amhlaidh.

(2) Faoi réir fho-alt (4), sonróidh cathaoirleach an Choiste Réamhimeachtaí na feidhmeanna a chomhlíonfaidh na daoine a cheapfar faoi fho-alt (1).

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), féadfar ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a áireamh sna feidhmeanna a shonrófar faoin bhfo-alt sin:

(a) daoine a chur faoi agallamh chun ábharthacht nó luach fianaiseach faisnéise nó doiciméad is mian leo a thabhairt don Choiste Réamhimeachtaí a mheasúnú;

(b) daoine a chur faoi agallamh maidir leis an bhfianaise a bheartaíonn siad a thabhairt don Choiste Réamhimeachtaí;

(c) na ráitis a dhéanfaidh daoine agus na freagraí a thabharfaidh siad le linn dóibh a bheith faoi agallamh amhlaidh a thaifeadadh, i scríbhinn nó ar shlí eile;

(d) tuarascáil a thabhairt don Choiste Réamhimeachtaí i dtaobh thorthaí na n-agallamh sin;

(e) a iarraidh ar dhaoine ráitis i scríbhinn a sholáthar don Choiste Réamhimeachtaí i dtaca le haon ní is iomchuí maidir le feidhmeanna an Choiste agus ráitis a thabharfar mar fhreagra ar na hiarrataí sin a scrúdú; agus

(f) aon chomhairle nó cúnamh eile a sholáthar don Choiste Réamhimeachtaí is gá i ndáil lena thuarascálacha a ullmhú.

(4) Maidir le duine a cheapfar faoi fho-alt (1)

(a) ní dhéanfaidh sé nó sí daoine a chur faoi mhionn nó dearbhaisc a ghlacadh, ach

(b) féadfaidh sé nó sí, má údaraíonn an Coiste Réamhimeachtaí dó nó di déanamh amhlaidh, a iarraidh ar dhuine a chuirfear faoi agallamh mar a thuairiscítear i bhfo-alt (3) taifead ar ráiteas arna dhéanamh, nó ar fhreagra arna thabhairt, ag an duine le linn an agallaimh, a shíniú.

(5) Aon duine a cheaptar faoi fho-alt (1) agus a dhéanann iarraidh dá dtagraítear i bhfo-alt (4)(b), cuirfidh sé nó sí in iúl don duine a bhfuil an iarraidh á déanamh air nó uirthi go bhfuil cumhacht faoi alt 66 ag an gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh chun ordachán a thabhairt i ndáil leis an ráiteas nó leis an bhfreagra is ábhar don iarraidh.

(6) Déanfaidh an Chomhairle barántas a sholáthar do gach duine a cheapfar faoi fho-alt (1)

(a) ina sainaithneofar an duine, agus

(b) ina sonrófar na feidhmeanna a mbeidh údarás ag an duine iad a chomhlíonadh de bhua fho-alt (2) agus, más infheidhme, de bhua fho-ailt (4)(b) agus (5).

(7) I gcás go gcomhlíonfaidh duine a cheaptar faoi fho-alt (1) feidhm a shonraítear i mbarántas an duine sin arna sholáthar faoi fho-alt (6), déanfaidh an duine an barántas a thabhairt ar aird lena iniúchadh ar dhuine a gcomhlíontar an fheidhm ina leith é sin a iarraidh.

An Coiste Réamhimeachtaí do bhreithniú gearán.

59 .— (1) Déanfaidh an Coiste Réamhimeachtaí, a luaithe is indéanta tar éis dó gearán a fháil, breithniú i dtaobh an amhlaidh atá dóthain cúise ann chun gníomh breise a dhéanamh i ndáil leis an ngearán.

(2) I gcás go measann an Coiste Réamhimeachtaí go bhfuil gearán cuí maidir le nósanna imeachta comhlachta eile nó údaráis eile, lena n-áirítear aon scéim a bheidh i bhfeidhm de bhun Chuid 9 den Acht Sláinte 2004, féadfaidh sé a thuairim gur gearán cuí maidir leis na nósanna imeachta eile sin an gearán a chur in iúl don ghearánach.

(3) Féadfaidh an Coiste Réamhimeachtaí, trí fhógra i scríbhinn arna thabhairt do ghearánach, ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) a cheangal ar an ngearánach aon ní a bheidh sa ghearán a fhíorú trí mhionnscríbhinn nó ar shlí eile;

(b) a iarraidh ar an ngearánach tuilleadh faisnéise maidir leis an ní is ábhar don ghearán a sholáthar don Choiste laistigh de thréimhse réasúnach a shonrófar san fhógra;

(c) a cheangal gur trí dhearbhú reachtúil a sholáthróidh an gearánach faisnéis a iarrfar faoi mhír (b).

(4) Féadfaidh an Coiste Réamhimeachtaí diúltú gearán a bhreithniú nó a bhreithniú tuilleadh más rud é nach ndéanann an gearánach, gan leithscéal réasúnach, de réir fógra faoi fho-alt (3) arna thabhairt don ghearánach.

(5) Tabharfaidh an Coiste Réamhimeachtaí fógra i scríbhinn don lia-chleachtóir cláraithe is ábhar do ghearán i dtaobh an ghearáin, chineál an ghearáin agus ainm an ghearánaigh.

(6) Féadfaidh an lia-chleachtóir cláraithe is ábhar do ghearán aon fhaisnéis a gcreideann an cleachtóir gur chóir don Choiste nó don Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh í a bhreithniú a sholáthar don Choiste Réamhimeachtaí.

(7) Féadfaidh an Coiste Réamhimeachtaí, trí fhógra i scríbhinn arna thabhairt do lia-chleachtóir cláraithe is ábhar do ghearán, a cheangal ar an gcleachtóir cibé faisnéis maidir leis an ngearán a shonrófar san fhógra a sholáthar don Choiste laistigh de thréimhse réasúnach a shonrófar san fhógra.

(8) Déanfaidh lia-chleachtóir cláraithe de réir fógra faoi fho-alt (7) arna thabhairt don chleachtóir.

(9) Déanfaidh an Coiste Réamhimeachtaí, sula dtiocfaidh sé ar thuairim i dtaobh dóthain cúise a bheith ann chun gníomh breise a dhéanamh i ndáil le gearán, nó i dtaobh cé acu ba chóir an gearán a tharchur chuig comhlacht eile nó údarás eile, na nithe seo a leanas a bhreithniú—

(a) aon fhaisnéis arna soláthar faoin alt seo maidir leis an ngearán, agus

(b) an gearán fánach nó cráiteach nó gan substaint an gearán nó an ndearnadh é de mheon mímhacánta.

(10) I gcás go dtarraingeofar siar gearán le linn don Choiste Réamhimeachtaí é a bhreithniú, féadfaidh an Coiste, le comhaontú na Comhairle—

(a) breith a thabhairt nach ndéanfar aon bheart eile i ndáil leis an ní is ábhar don ghearán, nó

(b) leanúint ar aghaidh ionann is nár tarraingíodh siar an gearán.

(11) Beidh feidhm ag fo-ailt (1)(c), (2) (a mhéid a bhaineann sé le taifid a thabhairt ar aird) agus (9) d’alt 66 maidir leis an gCoiste Réamhimeachtaí agus le cathaoirleach an Choiste sin, agus i ndáil leo, mar atá feidhm ag na fo-ailt sin maidir leis an gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh agus le cathaoirleach an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, agus i ndáil leo.

Más gá clárú a fhionraí láithreach chun an pobal a chosaint.

60 .— (1) Féadfaidh an Chomhairle iarratas ex parte a dhéanamh chun na Cúirte ar ordú chun clárú lia-chleachtóra chláraithe a fhionraí, cibé acu atá an cleachtóir ina ábhar nó ina hábhar do ghearán nó nach bhfuil, más dóigh leis an gComhairle gur gá an fhionraí chun an pobal a chosaint go dtí go ndéanfar bearta nó bearta breise faoin gCuid seo agus, más infheidhme, faoi Chodanna 8 agus 9.

(2) Éistfear iarratas faoi fho-alt (1) ar shlí eile seachas go poiblí ach amháin gur dóigh leis an gCúirt gur cuí an t-iarratas a éisteacht go poiblí.

(3) Féadfaidh an Chúirt iarratas faoi fho-alt (1) a chinneadh—

(a) trí aon ordú a dhéanamh is cuí léi, lena n-áirítear ordú lena n-ordaítear don Chomhairle clárú an lia-chleachtóra chláraithe is ábhar don iarratas a fhionraí go ceann na tréimhse a shonrófar san ordú, agus

(b) trí aon ordachán a thabhairt don Chomhairle is cuí leis an gCúirt.

(4) Déanfaidh an Chomhairle, ar ordachán ón gCúirt arna thabhairt faoi fho-alt (3) a chomhlíonadh, fógra i scríbhinn a thabhairt don lia-chleachtóir lena mbaineann maidir le comhlíonadh an ordacháin ag an gComhairle.

Gan beart eile a dhéanamh nó gearán a tharchur chuig comhlacht nó údarás eile nó chuig scéim inniúlachta gairmiúla.

61 .— (1) Má tá an Coiste Réamhimeachtaí den tuairim, maidir le gearán—

(a) nach bhfuil dóthain cúise ann chun beart eile a dhéanamh i ndáil leis an ngearán,

(b) gur ceart an gearán a tharchur chuig comhlacht nó údarás eile nó chuig scéim inniúlachta gairmiúla, nó

(c) gur gearán é a d’fhéadfaí a réiteach trí idirghabháil nó ar mhodh neamhfhoirmiúil eile de bhun treoirlínte arna n-ullmhú faoi alt 62 (1),

cuirfidh sé an tuairim sin in iúl don Chomhairle.

(2) Tar éis tuairim, dá dtagraítear i bhfo-alt (1) maidir le gearán, a bhreithniú, féadfaidh an Chomhairle—

(a) breith a thabhairt nach ndéanfar aon bheart eile i ndáil leis an ngearán,

(b) a ordú don Choiste Réamhimeachtaí an gearánach a tharchur chuig comhlacht nó údarás eile,

(c) an gearán a tharchur chuig scéim inniúlachta gairmiúla,

(d) an gearán a tharchur lena réiteach trí idirghabháil nó ar mhodh neamhfhoirmiúil eile, nó

(e) má mheasann sí gur gá déanamh amhlaidh, a ordú go ndéanfar beart eile faoi alt 63 .

(3) Má dhéanann an Chomhairle, maidir le gearán, breith dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(a) a thabhairt nó tarchur dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(b)(d) a dhéanamh, tabharfaidh an Chomhairle fógra i scríbhinn i dtaobh na breithe nó an tarchuir, de réir mar a bheidh—

(a) don lia-chleachtóir cláraithe is ábhar don ghearán, agus

(b) don ghearánach in aon chás nach í an Chomhairle an gearánach.

Gearáin a réiteach trí idirghabháil nó ar mhodh neamhfhoirmiúil eile.

62 .— (1) Faoi réir fho-ailt (3) agus (6) agus gan dochar do ghinearáltacht alt 12 , féadfaidh an Chomhairle treoirlínte a ullmhú chun gearáin a réiteach trí idirghabháil nó ar mhodh neamhfhoirmiúil eile.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh foráil maidir le haon cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a bheith i dtreoirlínte a ullmhófar faoin bhfo-alt sin:

(a) cinneadh a bheidh le déanamh i dtaobh an féidir gearán a réiteach trí idirghabháil nó ar mhodh neamhfhoirmiúil eile nó an ndlíonn sé fiosrúchán a sheoladh;

(b) na daoine a fhéadfaidh iarracht a dhéanamh idirghabháil a dhéanamh nó an gearán a réiteach ar shlí eile;

(c) taifeadadh ar an modh ar ar réitíodh an gearán agus ar chomhaontú an ghearánaigh agus an lia-chleachtóra chláraithe ab ábhar don ghearán leis an réiteach;

(d) na bearta a bheidh le déanamh (lena n-áirítear fógra don ghearánach, don lia-chleachtóir cláraithe is ábhar don ghearán agus don Choiste Réamhimeachtaí) mura féidir, i dtuairim an duine atá ag iarraidh déanamh amhlaidh, an gearán a réiteach trí idirghabháil nó ar mhodh neamhfhoirmiúil eile;

(e) aon nithe eile a mheasfaidh an Chomhairle a bheith riachtanach nó cuí chun réiteach an ghearáin trí idirghabháil nó ar mhodh neamhfhoirmiúil eile a éascú.

(3) Ní ceadmhach aon iarracht a dhéanamh gearán a réiteach trí idirghabháil nó ar mhodh neamhfhoirmiúil eile gan toiliú an ghearánaigh agus an lia-chleachtóra chláraithe is ábhar don ghearán.

(4) Ní mheasfar gurb ionann toiliú arna thabhairt ag lia-chleachtóir cláraithe is ábhar do ghearán chun críche an ailt seo agus aon líomhain a admháil.

(5) Ní ceadmhach aon fhreagra nó aon ráiteas arna dhéanamh, i gcúrsa iarracht a dhéanamh gearán a réiteach de bhun na dtreoirlínte a ullmhófar faoi fho-alt (1), ag an ngearánach nó ag an lia-chleachtóir cláraithe is ábhar don ghearán—

(a) a chur i bhfios d’aon duine seachas do na daoine atá páirteach san iarracht an gearán a réiteach, ná

(b) a úsáid in aon imeachtaí araíonachta, sibhialta nó coiriúla.

(6) Ní cuid de réiteach gearáin de bhun treoirlínte arna n-ullmhú faoi fho-alt (1) íoc aon chúitimh airgid ag aon pháirtí.

(7) Cinnteoidh an Chomhairle go ndéanfar treoirlínte arna n-ullmhú aici faoi fho-alt (1) a fhoilsiú sa tslí fhorordaithe.

Gearán a tharchur chuig an gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh.

63 .— Más rud é—

(a) go mbeidh an Coiste Réamhimeachtaí den tuairim go bhfuil cás prima facie ann chun gníomh eile a dhéanamh i ndáil le gearán, nó

(b) go n-ordóidh an Chomhairle faoi alt 61 (2)(e) go ndéanfar gníomh eile faoin alt seo i ndáil le gearán,

déanfaidh an Coiste Réamhimeachtaí an gearán a tharchur chuig an gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh.

CUID 8

Gearáin a tharchuirtear chun an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh

Dualgas tarchur chun an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh agus éisteacht aige a chur in iúl don lia-chleachtóir cláraithe agus don ghearánach nó d’fhinnéithe eile.

64 .— (1) Déanfaidh an príomhoifigeach feidhmiúcháin, a luaithe is indéanta tar éis gearán a tharchur faoi alt 63 chun an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, fógra i scríbhinn a thabhairt—

(a) don lia-chleachtóir cláraithe is ábhar don ghearán i dtaobh na nithe seo a leanas:

(i) tarchur an ghearáin chun an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh;

(ii) cineál an ní a bheidh mar ábhar an fhiosrúcháin, lena n-áirítear na sonraí a bhaineann le haon fhianaise mar thaca leis an ngearán;

(iii) deis an chleachtóra, nó ionadaí an chleachtóra, a bheith i láthair agus an cleachtóir a chosaint ag an éisteacht; agus

(iv) an deis don chleachtóir a iarraidh go dtionólfar cuid den éisteacht nó í go léir ar shlí seachas go poiblí más féidir leis an gcleachtóir cúis réasúnach leordhóthanach a thaispeáint;

agus

(b) d’aon fhinnéithe ar féidir a cheangal orthu fianaise a thabhairt ag fiosrúchán (lena n-áirítear, más cuí, an gearánach) i dtaobh dheis an fhinné a iarraidh go dtionólfar cuid den éisteacht nó í go léir ar shlí seachas go poiblí más féidir leis an bhfinné cúis réasúnach leordhóthanach a thaispeáint.

(2) Tabharfaidh an príomhoifigeach feidhmiúcháin fógra i scríbhinn don lia-chleachtóir cláraithe is ábhar do ghearán a tharchuirtear chun an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh i dtaobh dáta, am agus áit éisteacht an ghearáin in am trátha chun go n-ullmhóidh an cleachtóir le haghaidh na héisteachta.

Seoladh na héisteachta.

65 .— (1) Déanfaidh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, faoi réir ailt 67 agus 68, gearán arna tharchur chuige faoi alt 63 a éisteacht.

(2) Is go poiblí a sheolfar éisteacht os comhair an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh mura rud é—

(a) tar éis fógra a fháil faoi alt 64 , go n-iarrfaidh an lia-chleachtóir cláraithe nó finné ar a gceanglófar fianaise a thabhairt ag an bhfiosrúchán, nó a bhféadfadh go nochtfaí nithe pearsanta faoi nó fúithi ag an bhfiosrúchán, ar an gCoiste an éisteacht go léir nó cuid di a sheoladh ar shlí eile seachas go poiblí, agus

(b) gur deimhin leis an gCoiste gur chuí sna himthosca an éisteacht, nó cuid den éisteacht, a sheoladh ar shlí eile seachas go poiblí.

(3) Le linn gearán a bheith á éisteacht os comhair an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh—

(a) déanfaidh an príomhoifigeach feidhmiúcháin, nó aon duine eile le cead ón gCoiste, an fhianaise atá mar thaca leis an ngearán a chur faoi bhráid an Choiste,

(b) is faoi mhionn a thabharfar teist finnéithe atá i láthair ag an éisteacht, agus

(c) beidh láncheart ann finnéithe a chroscheistiú agus fianaise a ghlaoch mar chosaint agus mar fhreagra.

(4) Féadfaidh aon chomhalta den Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh daoine a chur faoi mhionn chun críocha fiosrúcháin.

Cumhachtaí agus cosaintí maidir le finnéithe agus fianaise.

66 .— (1) Chun críocha fiosrúcháin, tá ag an gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh na cumhachtaí, na cearta agus na pribhléidí go léir a bhíonn dílsithe don Chúirt nó do bhreitheamh den Chúirt ar ócáid caingne agus a bhaineann leis na nithe seo a leanas—

(a) tabhairt ar fhinnéithe freastal a dhéanamh,

(b) finnéithe a cheistiú faoi mhionn nó ar shlí eile, agus

(c) iallach a chur go ndéanfaí taifid a thabhairt ar aird (lena n-áirítear a fhollasú).

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) féadfar toghairm a eiseoidh cathaoirleach an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh nó cibé comhalta eile den Choiste sin a bheidh údaraithe aige chun críche an fhiosrúcháin a chur in ionad aon phróise foirmiúla, agus beidh sé coibhéiseach le haon phróis fhoirmiúil, is ineisithe i gcaingean chun tabhairt ar fhinnéithe freastal a dhéanamh agus chun iallach a chur go ndéanfaí taifid a thabhairt ar aird.

(3) Faoi réir aon rialacha a bheidh i bhfeidhm faoi alt (11) agus an ghá atá le nósanna imeachta cothroma a chomhlíonadh, féadfaidh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh fianaise a ghlacadh a thabharfar—

(a) ó bhéal os comhair an choiste,

(b) le mionnscríbhinn, nó

(c) mar a cheadaítear ar shlí eile leis na rialacha sin, lena n-áirítear trí nasc físe beo, fístaifeadadh, fuaimthaifeadadh nó aon mhodh tarchurtha eile.

(4) Beidh teideal ag finné os comhair an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh chun na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a mbeadh finné os comhair na Cúirte ina dteideal.

(5) Tá duine ciontach i gcion más rud é—

(a) tar éis é nó í a thoghairm go cuí chun freastal mar fhinné os comhair an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh go mainníonn an duine gan leithscéal réasúnach freastal ag an am agus san áit a thaispeántar ar an toghairm,

(b) le linn freastal mar fhinné os comhair an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh go ndiúltaíonn an duine—

(i) mionn a ghlacadh a cheanglóidh an Coiste air nó uirthi go dlíthiúil a ghlacadh,

(ii) aon taifead a thabhairt ar aird a bheidh faoi chumhacht nó faoi rialú an duine a gceanglóidh an Coiste air nó uirthi go dlíthiúil é a thabhairt ar aird, nó

(iii) freagra a thabhairt ar aon cheist a gceanglóidh an Coiste air nó uirthi go dlíthiúil freagra a thabhairt uirthi,

(c) go ndéanann an duine, le linn dó nó di freastal os comhair an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, aon ní ar dhíspeagadh cúirte é dá mba chúirt dlí an Coiste sin agus cumhacht aici pionós a ghearradh mar gheall ar dhíspeagadh.

(6) Aon duine atá ciontach i gcion faoi fho-alt (5), dlífear ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná €5,000 a chur air nó uirthi.

(7) I gcás go mainníonn duine déanamh de réir toghairme chun freastal os comhair an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh nó go ndiúltaíonn sé nó sí, le linn dó nó di freastal mar fhinné os comhair an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, aon ní dá dtagraítear i bhfo-alt (5)(b) a dhéanamh, is ní a gceanglóidh an Coiste go dlíthiúil air nó uirthi é a dhéanamh, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón gComhairle—

(a) a cheangal ar an duine le hordú freastal os comhair an Choiste nó an ní a dhéanamh a dhiúltaigh an duine a dhéanamh, de réir mar a bheidh, agus

(b) cibé orduithe eatramhacha nó idirbhreitheacha a dhéanamh a mheasann sí is gá chun na críche sin.

(8) Ní choiscfidh iarratas ar ordú faoi fho-alt (7) ná ordú den sórt sin a dhéanamh imeachtaí a thionscnamh mar gheall ar chion faoi fho-alt 5(a)(b) i ndáil le duine arbh í a mhainneachtain nó a mainneachtain nó arbh é a dhiúltú nó a diúltú bonn an iarratais nó an ordaithe.

(9) I gcás go gceanglaíonn an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh taifid liachta othair de chuid aon lia-chleachtóra chláraithe a thabhairt ar aird chun críocha fiosrúcháin atá á sheoladh ag an gCoiste, ní chuirfear na taifid ar fáil don Choiste mura rud é—

(a) gur thoiligh an t-othar i scríbhinn go gcuirfí na taifid ar fáil amhlaidh, nó

(b) gur ordaigh an Coiste i scríbhinn don chleachtóir, nó d’aon duine eile a bhfuil na taifid faoina chumhacht nó faoina cumhacht nó faoina rialú aige nó aici, na taifid a chur ar fáil amhlaidh.

Má thoilíonn an lia-chleachtóir cláraithe le cáineadh nó gníomh leigheasta, etc.

67 .— (1) Féadfaidh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, aon tráth tar éis gearán a tharchur chuige, a iarraidh ar an lia-chleachtóir cláraithe is ábhar don ghearán ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) más cuí, gealltanas a thabhairt nach n-iompróidh sé nó sí é nó í féin arís ar an tslí ab ábhar don ghearán;

(b) gealltanas a thabhairt go ndéanfaí é nó í a tharchur chuig scéim inniúlachta gairmiúla agus aon cheanglais a bheidh forchurtha agus a bhaineann le feabhas a chur ar inniúlacht agus ar fheidhmíocht an chleachtóra a ghabháil de láimh;

(c) toiliú dul faoi chóireáil liachta;

(d) toiliú go ndéanfaidh an Chomhairle é nó í a cháineadh.

(2) I gcás go ndiúltóidh lia-chleachtóir cláraithe gealltanas nó toiliú is ábhar d’iarraidh faoi fho-alt (1) ón gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh a thabhairt, féadfaidh an Coiste leanúint ar aghaidh ionann is nach ndearnadh an iarraidh.

Má tharraingítear siar gearán le linn don Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh é a bhreithniú.

68 .— I gcás go dtarraingítear siar gearán le linn don Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh é a bhreithniú, féadfaidh an Coiste, le comhaontú na Comhairle—

(a) breith a thabhairt nach ndéanfar gníomh ar bith eile i ndáil leis an ní is ábhar don ghearán, nó

(b) leanúint ar aghaidh amhail is nár tarraingíodh siar an gearán.

Tuarascáil chun na Comhairle ón gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh.

69 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), déanfaidh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, ar fhiosrúchán faoi ghearán a thabhairt chun críche, tuarascáil i scríbhinn faoina bhfuil faighte amach aige a chur faoi bhráid na Comhairle.

(2) Sa tuarascáil ón gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh dá dtagraítear i bhfo-alt (1)

(a) sonrófar—

(i) cineál an ghearáin a raibh an fiosrúchán mar thoradh air,

(ii) an fhianaise a tíolacadh don Choiste, agus

(iii) fionnachtana an Choiste i dtaobh aon líomhain a bheith cruthaithe,

agus

(b) féadfaidh cibé nithe eile a bheith sa tuarascáil a bhaineann leis an lia-chleachtóir cláraithe is ábhar don ghearán agus is cuí leis an gCoiste.

Bearta atá le déanamh ag an gComhairle tar éis an tuarascáil a fháil.

70 .— Déanfaidh an Chomhairle, ar an tuarascáil ón gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh a fháil dá dtagraítear in alt 69 (1) i ndáil le gearán—

(a) má chinneann an Coiste nach bhfuil aon líomhain i gcoinne an lia-chleachtóra chláraithe is ábhar don ghearán cruthaithe, an gearán a dhíbhe,

(b) má chinneann an Coiste go bhfuil aon líomhain i gcoinne an chleachtóra cruthaithe, smachtbhanna amháin nó níos mó a chinneadh lena fhorchur nó lena bhforchur ar an gcleachtóir faoi alt 71 .

CUID 9

Smachtbhannaí a fhorchur ar lia-chleachtóirí cláraithe tar éis tuarascálacha ón gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh

Dualgas na Comhairle chun smachtbhanna cuí a chinneadh.

71 .— Faoi réir ailt 57(6)(a) agus 72, tabharfaidh an Chomhairle breith, a luaithe is indéanta tar éis an tuarascáil ón gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, dá dtagraítear in alt 69 (1) i ndáil le gearán i dtaobh lia-chleachtóra chláraithe i gcás gurb infheidhme alt 70 (b), a fháil agus a bhreithniú, go ndéanfar aon cheann amháin nó níos mó de na smachtbhannaí seo a leanas a fhorchur ar an gcleachtóir:

(a) comhairle nó iomardú, nó cáineadh, i scríbhinn;

(b) cáineadh i scríbhinn agus fíneáil nach mó ná €5,000;

(c) coinníollacha a chur ag gabháil le clárú an chleachtóra, lena n-áirítear srianta ar chleachtadh na míochaine a bhféadfaidh an cleachtóir a bheith ag gabháil dó;

(d) clárú an chleachtóra a aistriú go dtí rannán eile den chlár;

(e) clárú an chleachtóra a chur ar fionraí go ceann tréimhse sonraithe;

(f) clárú an chleachtóra a chealú;

(g) toirmeasc ar iarratas a dhéanamh ar feadh tréimhse sonraithe ar chlárú an chleachtóra a chur ar ais.

Forálacha d’fhorlíonadh alt 71 .

72 .— (1) Sonróidh an Chomhairle, ar bhreith a thabhairt faoi alt 71 smachtbhanna dá dtagraítear in alt 71 (b), (c), (d), (e)(g) a fhorchur ar lia-chleachtóir cláraithe—

(a) i gcás smachtbhanna dá dtagraítear in alt 71 (b), méid na fíneála a fhorchuirfear ar an gcleachtóir,

(b) i gcás smachtbhanna dá dtagraítear in alt 71 (c), na cineálacha coinníollacha a bheidh le cur ag gabháil le clárú an chleachtóra,

(c) i gcás smachtbhanna dá dtagraítear in alt 71 (d), an rannán den chlár a bhfuil clárú an chleachtóra le haistriú chuige,

(d) i gcás smachtbhanna dá dtagraítear in alt 71 (e), tréimhse fionraí chlárú an chleachtóra,

(e) i gcás smachtbhanna dá dtagraítear in alt 71 (g), an tréimhse ar lena linn a thoirmisctear ar chleachtóir iarratas a dhéanamh ar chlárú an chleachtóra a chur ar ais.

(2) Ní thabharfaidh an Chomhairle breith faoi alt 71 an smachtbhanna dá dtagraítear in alt 71 (f) a fhorchur ar lia-chleachtóir cláraithe ar fhorais é nó í a bheith ciontaithe i gcion dá dtagraítear in alt 57 (1)(g) murar rud é—

(a) i dtuairim na Comhairle, go bhfágann an cineál ciona nó na himthosca ina ndearnadh é an cleachtóir neamhfheidhmiúil chun leanúint de bheith ag cleachtadh míochaine, nó

(b) go bhfágfadh ciontú i gcion den sórt sin duine neamh-inchláraithe faoin Acht seo.

Dualgas fógra a thabhairt don lia-chleachtóir cláraithe maidir le smachtbhanna na Comhairle.

73 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), tabharfaidh an Chomhairle, a luaithe is indéanta tar éis breith a thabhairt faoi alt 71 smachtbhanna a fhorchur ar lia-chleachtóir cláraithe, fógra i scríbhinn don chleachtóir agus, in aon chás nach í an Chomhairle an gearánach, don ghearánach, i dtaobh na nithe seo a leanas—

(a) cineál an smachtbhanna arb í breith na Comhairle é a fhorchur,

(b) an dáta a tugadh an bhreith, agus

(c) na cúiseanna atá le forchur an smachtbhanna.

(2) I gcás gurb í breith na Comhairle smachtbhanna a fhorchur ar lia-chleachtóir cláraithe seachas smachtbhanna dá dtagraítear in alt 71 (a), cinnteoidh an Chomhairle go bhfuil cóip d’alt 75 (agus más infheidhme alt 57(6)(a), cóip d’alt 57) ag gabháil leis an bhfógra faoi fho-alt (1).

Is gá daingniú ón gCúirt sula dtiocfaidh breitheanna áirithe in éifeacht.

74 .— Ní bheidh éifeacht le breith faoi alt 71 smachtbhanna (seachas smachtbhanna dá dtagraítear in alt 71 (a)) a fhorchur ar lia-chleachtóir cláraithe mura ndaingníonn an Chúirt an bhreith ar iarratas faoi alt 75 76.

Achomharc chun na Cúirte in aghaidh bhreith na Comhairle faoi alt 71 .

75 .— (1) Maidir le lia-chleachtóir cláraithe is ábhar do bhreith faoi alt 71 smachtbhanna (seachas smachtbhanna dá dtagraítear in alt 71 (a)) a fhorchur féadfaidh sé nó sí, tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis don chleachtóir an fógra faoi alt 73 (1) i dtaobh na breithe a fháil, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh na breithe.

(2) Féadfaidh an Chúirt, ar achomharc faoi fho-alt (1) ó lia-chleachtóir a éisteacht, breithniú a dhéanamh ar aon fhianaise a thugtar ar aird nó argóint a dhéantar, cibé acu a thugtar nó nach dtugtar an fhianaise ar aird don Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh nó a dhéantar nó nach ndéantar an argóint chun an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh.

(3) Féadfaidh an Chúirt, ar achomharc ó lia-chleachtóir faoi fho-alt (1) a éisteacht—

(a) (i) an bhreith is ábhar don iarratas a dhaingniú, nó

(ii) an bhreith sin a chealú agus cibé breith eile a chur ina hionad is cuí leis an gCúirt ar breith í—

(I) smachtbhanna eile a fhorchur ar an gcleachtóir, nó

(II) gan aon smachtbhanna a fhorchur ar an gcleachtóir, agus

(b) cibé ordacháin a thabhairt don Chomhairle is cuí leis an gCúirt agus an tslí a íocfar costais an achomhairc a ordú.

(4) Féadfaidh an Chomhairle, ar ordachán a thabharfaidh an Chúirt faoi fho-alt (3) a chomhlíonadh, fógra i scríbhinn a thabhairt don lia-chleachtóir lena mbaineann maidir le comhlíonadh an ordacháin ag an gComhairle.

Iarratas chun na Cúirte chun breith ón gComhairle a dhaingniú.

76 .— (1) I gcás nach ndéanann lia-chleachtóir cláraithe achomharc, laistigh den tréimhse a cheadaítear faoi alt 75 (1), chun na Cúirte in aghaidh breithe faoi alt 71 smachtbhanna (seachas smachtbhanna dá dtagraítear in alt 71(a)) a fhorchur ar an gcleachtóir, déanfaidh an Chomhairle iarratas, a luaithe is indéanta tar éis an tréimhse sin a bheith caite, chun na Cúirte chun an bhreith a dhaingniú.

(2) Féadfar iarratas faoi fho-alt (1) a dhéanamh ar bhonn ex parte.

(3) Ar iarratas faoi fho-alt (1) a éisteacht, daingneoidh an Chúirt an bhreith faoi alt 71 is ábhar don iarratas mura rud é go bhfuil cúis mhaith ag an gCúirt gan déanamh amhlaidh.

Fianaise a bhaineann le hachomharc faoi alt 75 (1) nó le hiarratas faoi alt 76 (1) chun na Cúirte.

77 .— (1) Féadfaidh an Chúirt, ar achomharc faoi alt 75 (1) nó iarratas faoi alt 76 (1) a éisteacht, fianaise aon duine a bhfuil dea-stádas aige nó aici sa ghairm liachta a ghlacadh, agus aird a thabhairt ar fhianaise den sórt sin, i dtaobh an ní is mí-iompar gairmiúil nó feidhmíocht ghairmiúil lag ann i ndáil le cleachtadh na gairme sin.

(2) Is breith chríochnaitheach breith na Cúirte ar achomharc faoi alt 75 (1) nó ar iarratas faoi alt 76(1) ach amháin go bhféadfaidh an Chomhairle nó an lia-chleachtóir lena mbaineann an bhreith, le cead ón gCúirt nó ón gCúirt Uachtarach, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí in aghaidh na breithe ar cheist shonraithe dlí.

Dualgas fógra a thabhairt don lia-chleachtóir cláraithe maidir le comhlíonadh breitheanna arna ndaingniú nó arna dtabhairt ag an gCúirt.

78 .— (1) Ar bhreith arna daingniú nó arna tabhairt ag an gCúirt faoi alt 75 76 a chomhlíonadh ar breith í chun coinníollacha a chur ag gabháil le clárú lia-chleachtóra, déanfaidh an Chomhairle fógra i scríbhinn i dtaobh na gcoinníollacha a thabhairt don chleachtóir a luaithe is indéanta tar éis alt 43 (6) a chomhlíonadh i leith na gcoinníollacha.

(2) Ar bhreith arna daingniú nó arna tabhairt ag an gCúirt faoi alt 75 76 a chomhlíonadh ar breith í chun clárú lia-chleachtóra chláraithe a aistriú chuig rannán eile den chlár, déanfaidh an Chomhairle—

(a) clárú an chleachtóra a aistriú chuig an rannán lena mbaineann, agus

(b) fógra i scríbhinn a thabhairt don chleachtóir i dtaobh an rannáin chuig ar aistríodh clárú an chleachtóra a luaithe is indéanta tar éis an t-aistriú sin a dhéanamh.

(3) Déanfaidh an Chomhairle, ar bhreith arna daingniú nó arna tabhairt ag an gCúirt faoi alt 75 76 a chomhlíonadh ar breith í chun clárú lia-chleachtóra a fhionraí ar feadh tréimhse sonraithe nó a chealú, fógra i scríbhinn a thabhairt don chleachtóir i dtaobh na nithe seo a leanas—

(a) an fhionraí nó an cealú, de réir mar a bheidh, agus

(b) i gcás fionraí, an tréimhse, dar tosach tráth nach luaithe ná 7 lá tar éis dháta na breithe ón gCúirt, ar lena linn a bheidh an clárú le fionraí.

(4) Chun amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo, i gcás go bhfionraítear clárú lia-chleachtóra le linn breith arna daingniú nó arna tabhairt ag an gCúirt faoi alt 75 76 a chomhlíonadh ar breith í chun an clárú sin a fhionraí ar feadh tréimhse sonraithe—

(a) faoi réir mhíreanna (b) agus (c), go mbeidh feidhm ag an Acht seo maidir leis an gcleachtóir le linn na tréimhse sin amhail is dá mba lia-chleachtóir neamhchláraithe an cleachtóir,

(b) nach mbeidh feidhm ag alt 40 maidir leis an gcleachtóir le linn na tréimhse sin sa mhéid amháin go n-úsáidfidh an cleachtóir teideal dá dtagraítear san alt sin agus nár shárú ar an alt sin mura bhfionrófaí clárú an chleachtóra, agus

(c) más cleachtóir LEE ar cuairt an cleachtóir, nach mbeidh feidhm ag alt 50 maidir leis an gcleachtóir le linn na tréimhse sin.

Clárú a bhaint den chlár mar gheall ar mhainneachtain táille a íoc.

79 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), i gcás go mainneoidh lia-chleachtóir cláraithe táille chuí a íoc a cheanglaítear ar an gcleachtóir a íoc d’ainneoin gur cuireadh fógra meabhrúcháin an táille a íoc chuig an gcleachtóir ag seoladh cláraithe an chleachtóra, féadfaidh an Chomhairle, tráth nach luaithe ná 21 lá tar éis an meabhrúchán sin a chur, clárú an chleachtóra a bhaint den chlár.

(2) Ní fheidhmeoidh an Chomhairle a cumhacht faoi fho-alt (1) i gcás lia-chleachtóra chláraithe is ábhar do ghearán nár diúscraíodh nó nár déileáladh leis ar shlí eile faoi Chuid 7 agus, más infheidhme, faoi Chuid 8 agus faoin gCuid seo.

Clárú a chur ar ais, etc., tar éis táillí áirithe a íoc.

80 .— I gcás gur baineadh clárú lia-chleachtóra den chlár de bhun alt 79 amháin, cuirfidh an príomhoifigeach feidhmiúcháin an clárú sin ar ais más rud é—

(a) laistigh de 6 mhí tar éis an dáta a tháinig an táille chuí chun bheith dlite, go ndéanann an cleachtóir iarratas chun na Comhairle chun clárú an chleachtóra a chur ar ais, agus

(b) go n-íocann an cleachtóir na táillí cuí leis an gComhairle.

Clárú a cealaíodh a chur ar ais.

81 .— (1) Ní dhéanfaidh an Chomhairle clárú lia-chleachtóra a cealaíodh a chur ar ais ach amháin de réir an ailt seo.

(2) Féadfaidh an Chomhairle aon tráth breith a thabhairt clárú lia-chleachtóra ar cealaíodh a chlárú nó a clárú a chur ar ais más rud é—

(a) gur iarr an cleachtóir ar an gComhairle an bhreith a thabhairt agus gur íoc sé nó sí an táille chuí a ceanglaíodh air nó uirthi a íoc an tráth a iarradh an clárú a chur ar ais,

(b) nach dtoirmisctear ar an gcleachtóir faoin gCuid seo iarratas a dhéanamh chun an clárú a chur ar ais,

(c) gur tugadh deis don chleachtóir aighneacht ó bhéal nó i scríbhinn a dhéanamh chun na Comhairle,

(d) gur bhreithnigh an Chomhairle aon aighneacht arna déanamh faoi mhír (c) agus na critéir a shonraítear i rialacha arna ndéanamh faoi alt 11 i leith clárú a chur ar ais de bhun an ailt seo, agus

(e) tar éis na fíorais iomchuí go léir a bhreithniú, go measann an Chomhairle gur cuí an bhreith a thabhairt.

(3) Féadfaidh an Chomhairle, ar bhreith a thabhairt clárú lia-chleachtóra a chur ar ais, breith a thabhairt freisin aon choinníollacha is cuí leis an gComhairle a chur ag gabháil leis an gclárú.

(4) Déanfaidh an Chomhairle, ar bhreith a thabhairt clárú lia-chleachtóra a chur ar ais nó coinníollacha a chur ag gabháil le clárú lia-chleachtóra a mbeidh a chlárú nó a clárú curtha ar ais amhlaidh, fógra a thabhairt i scríbhinn don chleachtóir go bhfuil an clárú curtha ar ais agus, más infheidhme, go bhfuil na coinníollacha curtha ag gabháil leis a luaithe is féidir—

(a) tar éis an clárú a chur ar ais, nó

(b) tar éis an clárú a chur ar ais agus déanamh de réir alt 43 (6) i leith na gcoinníollacha,

de réir mar a bheidh.

(5) Déanfaidh an Chomhairle, ar bhreith a thabhairt diúltú clárú lia-chleachtóra a chur ar ais, fógra i scríbhinn (agus cóip d’alt 83 ina theannta) faoin méid seo a leanas a thabhairt don chleachtóir a luaithe is indéanta tar éis an bhreith a thabhairt—

(a) an bhreith,

(b) an dáta a tugadh an bhreith, agus

(c) na cúiseanna a bhí leis an mbreith.

Coinníollacha atá ag gabháil le clárú a bhaint.

82 .— (1) Féadfaidh an Chomhairle, aon tráth, breith a thabhairt na coinníollacha go léir, nó aon choinníollacha, lena mbaineann an t-alt seo de bhun fho-alt (4), atá ag gabháil le clárú lia-chleachtóra chláraithe a bhaint más rud é—

(a) go bhfuil iarrtha ag an gcleachtóir ar an gComhairle an bhreith a thabhairt,

(b) go bhfuil deis tugtha don chleachtóir aighneacht ó bhéal nó i scríbhinn a chur faoi bhráid na Comhairle,

(c) go bhfuil breithniú déanta ag an gComhairle ar aon aighneacht arna déanamh faoi mhír (b) agus ar aon fhaisnéis iomchuí eile a bheidh tagtha ar a hiúl, agus

(d) tar éis breithniú a dhéanamh ar na fíorais iomchuí go léir, gur dóigh leis an gComhairle gur cuí an bhreith a thabhairt.

(2) Déanfaidh an Chomhairle, ar bhreith a thabhairt na coinníollacha go léir, nó aon cheann acu, dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus atá ag gabháil le clárú lia-chleachtóra chláraithe a bhaint, fógra i scríbhinn a thabhairt don chleachtóir á rá gur baineadh iad.

(3) Déanfaidh an Chomhairle, ar bhreith a thabhairt diúltú aon choinníoll a bhaint dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus atá ag gabháil le clárú lia-chleachtóra chláraithe, fógra i scríbhinn (a mbeidh cóip d’alt 83 ina theannta) faoin méid seo a leanas a thabhairt don chleachtóir, a luaithe is indéanta tar éis an bhreith a thabhairt—

(a) an bhreith,

(b) an dáta a tugadh an bhreith, agus

(c) na cúiseanna a bhí leis an mbreith.

(4) Tá feidhm ag an alt seo maidir le haon choinníollacha a bheidh ag gabháil le clárú lia-chleachtóra—

(a) de bhun breithe dá dtagraítear in alt 78 (1), nó

(b) de bhun alt 81 (3).

Achomharc chun na Cúirte in aghaidh bhreith na Comhairle faoi alt 81 >nó 82.

83 .— (1) Aon lia-chleachtóir is ábhar do bhreith arna déanamh ag an gComhairle—

(a) faoi alt 81 diúltú clárú an chleachtóra a chur ar ais nó coinníollacha a chur ag gabháil le clárú an chleachtóra, nó

(b) faoi alt 82 diúltú coinníoll lena mbaineann an t-alt sin agus atá ag gabháil le clárú an duine sin a bhaint,

féadfaidh sé nó sí, tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis don chleachtóir fógra faoin mbreith a fháil faoi alt 81 (5) 82(3), de réir mar a bheidh, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh na breithe.

(2) Féadfaidh an Chúirt, ar achomharc ag lia-chleachtóir faoi fho-alt (1) a éisteacht, aon fhianaise a thabharfar ar aird nó aon argóint a dhéanfar a bhreithniú, cibé acu a tugadh nó nár tugadh ar aird don Chomhairle í nó a rinneadh nó nach ndearnadh chuig an gComhairle í.

(3) Féadfaidh an Chúirt, ar achomharc ag lia-chleachtóir faoi fho-alt (1) a éisteacht—

(a) ceachtar de na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(i) an bhreith is ábhar don achomharc a dhaingniú, nó

(ii) an bhreith sin a chealú agus cibé breith eile is cuí leis an gCúirt a chur ina hionad, ar féidir gur breith í —

(I) go ndéanfar clárú an chleachtóra a chur ar ais i cibé rannán den chlár is cuí leis an gCúirt agus—

(A) gan aon choinníollacha a bheith ag gabháil leis an gclárú, nó

(B) go mbeidh cibé coinníollacha ag gabháil leis an gclárú is cuí leis an gCúirt,

(II) go ndéanfar na coinníollacha a bheidh ag gabháil le clárú an chleachtóra a bhaint nó cibé coinníollacha eile is cuí leis an gCúirt a chur in ionad coinníollacha a bheidh ag gabháil le clárú an chleachtóra,

agus

(b) cibé ordacháin is cuí leis an gCúirt a thabhairt don Chomhairle agus a ordú conas mar a íocfar costais an achomhairc.

(4) Déanfaidh an Chomhairle, ar aon ordachán arna thabhairt ag an gCúirt faoi fho-alt (3) a chomhlíonadh, fógra i scríbhinn a thabhairt don lia-chleachtóir lena mbaineann á rá go bhfuil an t-ordachán comhlíonta ag an gComhairle.

Fógra a thabhairt don Aire, d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus don fhostóir i dtaobh nithe áirithe a bhaineann le smachtbhannaí.

84 .— (1) Déanfaidh an Chomhairle fógra i scríbhinn a thabhairt don Aire agus d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a luaithe is indéanta tar éis an trátha a thiocfaidh aon bheart de na bearta seo a leanas in éifeacht faoin gCuid seo:

(a) clárú lia-chleachtóra a chealú;

(b) clárú lia-chleachtóra a chur ar ais;

(c) clárú lia-chleachtóra a bhaint den chlár;

(d) clárú lia-chleachtóra a chur ar fionraí;

(e) an tréimhse a mbeidh clárú lia-chleachtóra ar fionraí lena linn a fhoirceannadh;

(f) clárú lia-chleachtóra a aistriú go dtí rannán eile den chlár;

(g) coinníollacha a chur ag gabháil le clárú lia-chleachtóra,

(h) coinníollacha a bheidh curtha ag gabháil faoin gCuid seo le clárú lia-chleachtóra a bhaint;

(i) lia-chleachtóir a thoirmeasc ó iarratas a dhéanamh go ceann tréimhse sonraithe ar chlárú an chleachtóra a chur ar ais;

(j) lia-chleachtóir cláraithe a cháineadh agus a fhíneáil;

(k) lia-chleachtóir cláraithe a cháineadh.

(2) I gcás ina dtiocfaidh sé ar aird na Comhairle go ndearnadh, faoi dhlí stáit seachas an Stát, beart a fhreagraíonn do bheart dá dtagraítear in aon cheann de mhíreanna (a) go (k) d’fho-alt (1) i ndáil le lia-chleachtóir cláraithe, déanfaidh an Chomhairle, a luaithe is indéanta, fógra i scríbhinn a thabhairt don Aire agus d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i dtaobh an bhirt.

(3) Tabharfaidh an Chomhairle fógra i scríbhinn d’fhostóir (seachas Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) más rud é—

(a) go dtiocfaidh sé ar aird na Comhairle go ndearnadh aon bheart dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(2) i ndáil le lia-chleachtóir cláraithe a bheidh fostaithe ag an bhfostóir, agus

(b) go mbeidh ainm an fhostóra ar eolas ag an gComhairle.

(4) Más rud é—

(a) go dtiocfaidh sé ar aird na Comhairle go ndearnadh aon bheart dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (2) i ndáil le lia-chleachtóir cláraithe, agus

(b) go mbeidh cúis ag an gComhairle lena chreidiúint—

(i) go bhfuil an cleachtóir cláraithe i ndlínse eile, agus

(ii) go bhféadfaidh sé nár tháinig na bearta sin ar aird an chomhlachta a bheidh údaraithe go cuí chun feidhmeanna a chomhlíonadh sa dlínse sin a fhreagraíonn d’fheidhmeanna na Comhairle,

tabharfaidh an Chomhairle fógra i scríbhinn don chomhlacht sin i dtaobh na mbeart sin.

Faisnéis a fhéadfaidh an Chomhairle a fhoilsiú ar mhaithe le leas an phobail.

85 .— Déanfaidh an Chomhairle, más deimhin léi gur ar mhaithe le leas an phobail déanamh amhlaidh—

(a) comhairle a thabhairt don phobal—

(i) nuair a thiocfaidh aon bheart dá dtagraítear in alt 84 (1) in éifeacht faoin gCuid seo i leith lia-chleachtóra,

(ii) nuair a gheobhaidh an Chomhairle fios ar aon bheart dá dtagraítear in alt 84(2) i leith lia-chleachtóra,

(b) tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, scríbhinn a fhoilsiú d’imeachtaí uile, nó d’aon chuid d’imeachtaí, an Choiste ag fiosrúchán, cibé acu i dteannta nó d’éagmais aon fhaisnéise trína bhféadfaí gach páirtí, nó aon pháirtí amháin nó níos mó de na páirtithe, sna himeachtaí a aithint.

CUID 10

Oideachas agus Oiliúint

Dualgais Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i ndáil le hoideachas agus oiliúint liachta agus fiaclóireachta.

86 .— (1) San alt seo—

ciallaíonn “comhlachtaí oiliúna fiaclóireachta” na comhlachtaí atá ceadaithe ag an gComhairle Fiaclóireachta faoi alt 37(3) d’Acht na bhFiaclóirí 1985;

ciallaíonn “comhlachtaí oiliúna liachta” na comhlachtaí atá ceadaithe ag an gComhairle faoi alt 89 (3)(a)(ii);

(2) Déanfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, de réir alt 7(4)(b) den Acht Sláinte 2004, maidir le hoideachas agus oiliúint bhunliachta, oideachas agus oiliúint mac léinn a bheidh i mbun oiliúna chun bheith ina lia-chleachtóirí cláraithe a éascú.

(3) Beidh ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, maidir le sainoideachas agus sainoiliúint liachta agus fiaclóireachta, na freagrachtaí seo a leanas:

(a) forbairt sainoideachais agus sainoiliúna liachta agus fiaclóireachta a chur chun cinn agus na forbairtí sin a chomhordú i gcomhar leis an gComhairle, leis an gComhairle Fiaclóireachta, leis na comhlachtaí oiliúna liachta agus leis na comhlachtaí oiliúna fiaclóireachta;

(b) i gcomhar leis na comhlachtaí oiliúna liachta agus leis na comhlachtaí oiliúna fiaclóireachta agus tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás um Ard-Oideachas, pleanáil chuí maidir le fórsa saothair lia-chleachtóirí agus cleachtóirí fiaclóireachta a ghabháil de láimh d’fhonn freastal ar riachtanais soláthair sainfhoirne agus sainoiliúna liachta agus fiaclóireachta na seirbhíse sláinte ar bhonn leanúnach;

(c) líon na bpost oiliúna inteirne agus líon agus cineál na bpost sainoiliúna liachta a mbeidh gá ag an tseirbhís sláinte leo a mheasúnú ar bhonn bliantúil agus, de bhun an mheasúnaithe sin, tograí a chur faoi bhráid na Comhairle i ndáil le feidhmeanna na Comhairle faoi alt 88 (3)(a) agus (4)(a);

(d) an gá atá le poist liachta agus cuibheas post liachta—

(i) nach dtagann faoi réim mhír (c), agus

(ii) nach poist le haghaidh sainchomhairleoirí iad,

a mheasúnú ar bhonn bliantúil agus torthaí an mheasúnaithe sin a fhoilsiú; agus

(e) comhairle a thabhairt don Aire, tar éis dul i gcomhairle leis na comhlachtaí oiliúna liachta agus leis na comhlachtaí oiliúna fiaclóireachta agus le cibé comhlachtaí eile is cuí léi, maidir le hoideachas liachta agus fiaclóireachta agus maidir le gach ní eile, lena n-áirítear nithe airgeadais, a bhaineann le sainoideachas agus sainoiliúint liachta agus fiaclóireachta a fhorbairt agus a chomhordú.

(4) Féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn arna thabhairt d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, a cheangal ar an bhFeidhmeannacht cibé faisnéis a sholáthar i ndáil le comhlíonadh fheidhmeanna na Feidhmeannachta faoin Acht seo a shonrófar san fhógra agus sin laistigh den tréimhse a shonrófar san fhógra (is tréimhse a bheidh réasúnach sna himthosca).

(5) Comhlíonfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte fógra arna thabhairt di faoi fho-alt (4) ach amháin a mhéid a thoirmisctear uirthi déanamh amhlaidh le foráil eile den Acht seo.

(6) Maidir le sainoideachas agus sainoiliúint liachta agus fiaclóireachta, measfar, chun críocha ailt 38 agus 39 den Acht Sláinte 2004, gur seirbhís sláinte agus seirbhís shóisialta phearsanta é nó í de réir bhrí alt 2 den Acht sin.

(7) Comhlíonfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte cibé feidhmeanna, seachas feidhmeanna a shanntar di leis an Acht seo, a shannfaidh an tAire di ó am go ham, tar éis dul i gcomhairle léi i ndáil le hoideachas agus oiliúint liachta agus fiaclóireachta.

Feidhmeanna na Comhairle i ndáil le Treoracha ón Aontas Eorpach a bhaineann le hoideachas agus oiliúint liachta.

87 .— (1) Ainmnítear an Chomhairle, de réir Airteagal 56 de Threoir 2005/36/CE, mar an t-údarás inniúil chun cáilíochtaí foirmiúla sa liacht agus i sainliacht agus doiciméid nó faisnéis eile a dhámhadh nó fianaise orthu a ghlacadh, chun iarratais a ghlacadh agus na breitheanna dá dtagraítear sa Treoir mar a bhaineann siad le lia-chleachtóirí a thabhairt.

(2) Cinnteoidh an Chomhairle go gcomhlíonann buncháilíochtaí liachta arna ndámhachtain sa Stát ag comhlachtaí arna gceadú faoi alt 88 (2)(a)(i)(II) ceanglais Airteagal 24 de Threoir 2005/36/CE i ndáil le hoiliúint bhunliachta.

(3) Cinnteoidh an Chomhairle, maidir leis na ceanglais a bhaineann le hoideachas agus oiliúint i sainliacht sa Stát, go gcomhlíonann siad na caighdeáin íosta a shonraítear i dTreoir 2005/36/CE i ndáil leis an oideachas sin agus leis an oiliúint sin agus sin laistigh den tréimhse, más ann, a shonraítear sa Treoir.

(4) Cinnteoidh an Chomhairle go ndéanfar an fhaisnéis a gheobhaidh sí faoi Airteagal 50.1 de Threoir 2005/36/CE a choinneáil faoi rún.

(5) Tabharfaidh an Chomhairle fógra don Aire láithreach faoi aon bheart riaracháin a bheidh curtha i ngníomh aici chun críocha an ailt seo.

Dualgais na Comhairle i ndáil le hoideachas agus oiliúint liachta.

88 .— (1) Déanfaidh an Chomhairle—

(a) na caighdeáin oideachais agus oiliúna liachta le haghaidh buncháilíochtaí agus saincháilíochtaí liachta a leagan síos agus a fhoilsiú sa tslí fhorordaithe, agus

(b) faireachán a dhéanamh i dtaobh an bhfuiltear ag cloí leis na caighdeáin dá dtagraítear i mír (a).

(2) Déanfaidh an Chomhairle, i ndáil le hoideachas bunliachta—

(a) faoi réir alt 87 (2), tar éis di dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta, agus de réir na gcritéar iomchuí a shonrófar i rialacha a dhéanfar faoi alt 11

(i) na nithe seo a leanas a cheadú, iad a cheadú faoi réir coinníollacha a bheidh ag gabháil lena gceadú, coinníollacha a bheidh ag gabháil lena gceadú a leasú nó a bhaint, nó a gceadú a tharraingt siar—

(I) cláir oideachais agus oiliúna bunliachta, agus

(II) na comhlachtaí a fhéadfaidh na cláir sin a sholáthar,

(ii) diúltú comhlacht a cheadú mar chomhlacht a fhéadfaidh na cláir sin a sholáthar,

(b) treoirlínte ar shaincheisteanna a bhaineann le curaclam agus ar an ábhar a bheidh le háireamh i gcláir a cheadófar faoi mhír (a) a ullmhú agus a fhoilsiú sa tslí fhorordaithe,

(c) caighdeáin a ullmhú agus a fhoilsiú sa tslí fhorordaithe ar caighdeáin iad is gá chun buncháilíocht liachta a dhámhachtain de bhun clár a cheadófar faoi mhír (a),

(d) faireachán a dhéanamh i dtaobh an bhfuiltear ag cloí leis na critéir dá dtagraítear i mír (a), leis na treoirlínte dá dtagraítear i mír (b) agus leis na caighdeáin dá dtagraítear i mír (c),

(e) comhlachtaí a cheadófar faoi mhír (a) a iniúchadh chun a chinntiú go ndéanfar na critéir dá dtagraítear sa mhír sin, na treoirlínte dá dtagraítear i mír (b) agus na caighdeáin dá dtagraítear i mír (c) a chomhlíonadh go leanúnach,

(f) áiteanna sa Stát ina soláthraítear oiliúint do dhaoine atá ag dul faoi oiliúint le haghaidh buncháilíochta liachta a iniúchadh, chun críocha caighdeán oideachais agus oiliúna liachta,

(g) tar éis iniúchtaí faoi mhír (f), moltaí a eisiúint chuig bainistíocht aon áite dá dtagraítear sa mhír sin maidir le haon fheabhsuithe ar chaighdeáin oideachais agus oiliúna liachta is gá nó maidir le haon saincheisteanna eile a éireoidh as na hiniúchtaí sin,

(h) mionsonraí na n-iniúchtaí go léir a dhéanfar faoin bhfo-alt seo a fhoilsiú sa tslí fhorordaithe,

(i) treoirlínte a ullmhú agus a fhoilsiú sa tslí fhorordaithe do chomhlachtaí a cheadófar faoi mhír (a) maidir le caighdeáin eiticiúla agus iompar eiticiúil is cuí do mhic léinn liachta atá ag gabháil do chúrsa staidéir a dtiocfaidh dá chionn buncháilíocht liachta de bhun clár a cheadófar faoi mhír (a), agus

(j) comhairle a thabhairt don Aire agus don Aire Oideachais agus Eolaíochta ar aon saincheisteanna a bhaineann lena feidhmeanna faoin bhfo-alt seo.

(3) Déanfaidh an Chomhairle, i ndáil le hoideachas agus oiliúint liachta d’inteirní—

(a) ar scór tograí a gheofar ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi alt 86 (3)(c), agus de réir critéar iomchuí a shonrófar i rialacha arna ndéanamh faoi alt 11 , an líon post oiliúna inteirne a cheadóidh sí chun críocha oiliúna d’inteirní a shonrú,

(b) treoirlínte maidir le hoideachas agus oiliúint liachta d’inteirní a ullmhú agus a fhoilsiú sa tslí fhorordaithe,

(c) comhairle a thabhairt d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir leis na critéir iontrála íosta i gcomhair post a cheadófar faoi mhír (a), i gcomhairle le comhlachtaí a cheadófar faoi alt 89 (3)(a)(ii),

(d) na caighdeáin a shonrú agus a fhoilsiú sa tslí fhorordaithe i gcomhair oiliúna agus taithí is gá chun deimhniú taithí a dheonú,

(e) áiteanna ina mbeidh poist a cheadófar faoi mhír (a) a iniúchadh chun faireachán a dhéanamh i dtaobh an bhfuiltear ag cloí le treoirlínte dá dtagraítear i mír (b) agus leis na caighdeáin dá dtagraítear i mír (d),

(f) tar éis iniúchtaí faoi mhír (e), moltaí a eisiúint chuig bainistíocht aon áite dá dtagraítear sa mhír sin maidir le haon fheabhsuithe is gá nó maidir le haon saincheisteanna eile a éireoidh as iniúchtaí den sórt sin,

(g) tar éis comhairle a ghlacadh roimh ré leis an Aire, le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus le bainistíocht aon áite dá dtagraítear i mír (e), agus ag féachaint do na tuairimí a nochtfar le linn an chomhairle sin a ghlacadh, ceadú a bhaint den áit sin chun críocha oiliúna inteirneachta i gcás ina measfaidh an Chomhairle nach bhfuiltear ag cloí a thuilleadh i leith na háite sin leis na treoirlínte dá dtagraítear i mír (b) nó leis na caighdeáin dá dtagraítear i mír (d),

(h) mionsonraí na n-iniúchtaí go léir a dhéanfar faoin bhfo-alt seo a fhoilsiú sa tslí fhorordaithe, agus

(i) comhairle a thabhairt don Aire maidir le haon saincheisteanna a bhaineann lena feidhmeanna faoin bhfo-alt seo.

(4) Déanfaidh an Chomhairle, i ndáil le sainoideachas agus sainoiliúint liachta—

(a) ar scór tograí a gheofar ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi alt 86 (3)(c), agus de réir na gcritéar iomchuí a shonrófar i rialacha arna ndéanamh faoi alt 11 , an líon agus an cineál post a cheadóidh sí chun críocha sainoideachais agus sainoiliúna liachta a shonrú,

(b) treoirlínte maidir le sainoideachas agus sainoiliúint liachta a ullmhú agus a fhoilsiú sa tslí fhorordaithe,

(c) comhairle a thabhairt d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir leis na critéir iontrála íosta i gcomhair post a cheadófar faoi mhír (a), i gcomhairle le comhlachtaí a cheadófar faoi alt 89 (3)(a)(ii),

(d) na caighdeáin a shonrú agus a fhoilsiú sa tslí fhorordaithe i gcomhair oiliúna agus taithí is gá chun saincháilíocht liachta a dheonú,

(e) áiteanna ina mbeidh poist a cheadófar faoi mhír (a) a iniúchadh chun faireachán a dhéanamh i dtaobh an bhfuiltear ag cloí le treoirlínte dá dtagraítear i mír (b) agus leis na caighdeáin dá dtagraítear i mír (d),

(f) tar éis iniúchtaí faoi mhír (e), moltaí a eisiúint chuig bainistíocht aon áite dá dtagraítear sa mhír sin maidir le haon fheabhsuithe is gá nó maidir le haon saincheisteanna eile a éireoidh as iniúchtaí den sórt sin,

(g) tar éis comhairle a ghlacadh roimh ré leis an Aire, le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus le bainistíocht aon áite dá dtagraítear i mír (e), agus ag féachaint do na tuairimí a nochtfar le linn an chomhairle sin a ghlacadh, ceadú a bhaint den áit sin chun críocha sainoiliúna i gcás ina measfaidh an Chomhairle nach bhfuiltear ag cloí a thuilleadh i leith na háite sin leis na treoirlínte dá dtagraítear i mír (b) nó leis na caighdeáin dá dtagraítear i mír (d),

(h) mionsonraí na n-iniúchtaí go léir a dhéanfar faoin bhfo-alt seo a fhoilsiú sa tslí fhorordaithe, agus

(i) comhairle a thabhairt don Aire maidir le saincheisteanna a bhaineann lena feidhmeanna faoin bhfo-alt seo.

(5) I gcás ina dtabharfaidh an Chomhairle breith faoi fho-alt (2)(a)(i)(II) (ii), tabharfaidh sí fógra i scríbhinn (a mbeidh cóip d’alt 90 ag gabháil leis), a luaithe is indéanta tar éis an bhreith a thabhairt, don chomhlacht is ábhar don bhreith—

(a) maidir leis an mbreith,

(b) maidir leis an dáta a tugadh an bhreith, agus

(c) maidir leis na cúiseanna a bhí leis an mbreith.

(6) D’ainneoin aisghairm Acht 1978 le halt 3—

(a) maidir le clár oideachais agus oiliúna bunliachta a dtiocfaidh dá chionn aon cheann de na cáilíochtaí seo a leanas—

(i) Baitsiléir Míochaine agus Baitsiléir Máinliachta d’Ollscoil na hÉireann,

(ii) Baitsiléir Míochaine agus Baitsiléir Máinliachta d’Ollscoil Bhaile Átha Cliath, nó

(iii) Ceadúnach de Choláiste Ríoga Leá na hÉireann agus Ceadúnach de Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn,

measfar gur clár oideachais agus oiliúna bunliachta arna cheadú faoi fho-alt (2)(a)(i)(I) é amhail is go raibh, ar thosach feidhme alt 3 , an clár sin ceadaithe ag an gComhairle faoin bhfo-alt sin, agus déanfar na forálacha eile den Acht seo (lena n-áirítear fo-alt (7)) a fhorléiriú dá réir sin,

(b) maidir le comhlacht a sholáthair, díreach roimh thosach feidhme alt 3 , clár oideachais agus oiliúna bunliachta a dtagann dá chionn cáilíocht dá dtagraítear i mír (a), measfar gur comhlacht arna cheadú faoi fho-alt (2)(a)(i)(II) é i leith an chláir sin, amhail is go raibh, ar an tosach feidhme sin, an comhlacht ceadaithe ag an gComhairle amhlaidh, agus déanfar na forálacha eile den Acht seo (lena n-áirítear alt 17 (1)(a)) a fhorléiriú dá réir sin.

(7) Féadfaidh an Chomhairle céim, dioplóma nó cáilíocht eile a dhámhtar i dtríú tír a aithint mar cháilíocht atá comhionann ar a laghad le cáilíocht a dhámhtar tar éis clár oideachais agus oiliúna bunliachta arna cheadú faoi fho-alt (2)(a)(i)(I) a chríochnú go sásúil.

(8) Déanfaidh an Chomhairle treoirlínte a ullmhú agus a fhoilsiú sa tslí fhorordaithe maidir le cúinsí eitice a chuirfear i gcuntas i leith aon mhaoiniú nach ón Státchiste agus a thairgfear nó a sholáthrófar i ndáil le hoideachas agus oiliúint liachta le haghaidh buncháilíochtaí agus saincháilíochtaí liachta a ghlacadh nó eile.

(9) Déanfaidh an Chomhairle, i gcomhairle leis an gComhairle Déidliachta, le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus le cibé comhlachtaí cuí eile is oiriúnach leis an gComhairle, socrú chun faisnéis ghairme a sholáthar do lia-chleachtóirí cláraithe agus d’fhiaclóirí cláraithe.

Comhlachtaí oiliúna agus cáilíochtaí chun críocha Rannáin na Speisialtóirí agus na Speisialtóirí faoi Oiliúint.

89 .— (1) Faoi réir fho-alt (5), féadfaidh an Chomhairle, le toiliú an Aire, na speisialtachtaí liachta dá dtugann sí aitheantas chun críche a feidhmeanna faoin Acht seo a chinneadh.

(2) Sonróidh an Chomhairle, i ndáil le gach speisialtacht liachta dá dtugtar aitheantas faoi fho-alt (1), teidil agus ainmniúcháin na gcáilíochtaí i sainliacht a dheonaítear sa Stát agus ar féidir iad a éileamh chun a chumasú do lia-chleachtóir clárú a áirithiú sa Rannán Speisialtóirí i leith na speisialtachta sin.

(3) Faoi réir alt 87 (3), déanfaidh an Chomhairle, i ndáil le gach speisialtacht liachta dá dtugtar aitheantas faoi fho-alt (1), le toiliú an Aire agus de réir na gcritéar iomchuí a shonrófar i rialacha arna ndéanamh faoi alt 11

(a) na nithe seo a leanas a cheadú, iad a cheadú faoi réir coinníollacha a bheidh ag gabháil lena gceadú, nó coinníollacha a bheidh ag gabháil lena gceadú a leasú nó a bhaint, nó a gceadú a tharraingt siar—

(i) cláir shainoiliúna i ndáil leis an speisialtacht liachta sin, agus

(ii) na comhlachtaí a fhéadfaidh fianaise a dheonú ar shainoiliúint i ndáil leis an speisialtacht liachta sin a bheith críochnaithe go sásúil,

(b) diúltú comhlacht a cheadú mar chomhlacht a fhéadfaidh fianaise a dheonú ar shainoiliúint i ndáil leis an speisialtacht liachta sin a bheith críochnaithe go sásúil.

(4) I gcás ina ndéanfaidh an Chomhairle ceadú a tharraingt siar faoi fho-alt (3) ó chomhlacht dá dtagraítear san fho-alt sin, déanfaidh sí, i gcás inar cuí sin, gach iarracht chun comhlacht malartach a cheadú faoin bhfo-alt sin.

(5) Beidh ar na speisialtachtaí liachta dá dtabharfar aitheantas faoi fho-alt (1) cibé speisialtachtaí liachta a ainmneofar mar speisialtachtaí liachta a bhaineann leis an Stát in aon Treoir lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach i ndáil le sainliacht.

(6) I gcás ina dtabharfaidh an Chomhairle breith faoi fho-alt (3) (a)(b), tabharfaidh sí fógra i scríbhinn (a mbeidh cóip d’alt 90 ag gabháil leis), a luaithe is indéanta tar éis an bhreith a thabhairt, don chomhlacht is ábhar don bhreith—

(a) maidir leis an mbreith,

(b) maidir leis an dáta a tugadh an bhreith, agus

(c) maidir leis na cúiseanna a bhí leis an mbreith.

(7) D’ainneoin aisghairm Acht 1978 le halt 3

(a) maidir le speisialtacht liachta dar tugadh aitheantas faoi alt 38 (1) den Acht sin, díreach roimh thosach feidhme alt 3 , measfar gur speisialtacht liachta dar tugadh aitheantas faoi fho-alt (1) í—

(i) amhail is go ndearna an Chomhairle, ar an tosach feidhme sin, aitheantas a thabhairt di mar speisialtacht liachta faoin bhfo-alt sin, agus

(ii) ar na coinníollacha céanna ar tugadh aitheantas don speisialtacht faoi alt 38(1) den Acht sin díreach roimh an tosach feidhme sin,

agus déanfar forálacha eile an Achta seo a fhorléiriú dá réir sin, agus

(b) maidir le comhlacht dár tugadh aitheantas faoi alt 38(3) den Acht sin, díreach roimh thosach feidhme alt 3 , chun fianaise a dheonú ar shainoiliúint i ndáil le speisialtacht dá dtugtar aitheantas faoi alt 38(1) den Acht sin agus a thagann faoi réim mhír (a) a bheith críochnaithe go sásúil, measfar gur comhlacht arna cheadú faoi fho-alt (3)(a)(ii) é chun fianaise a dheonú ar shainoiliúint i ndáil leis an speisialtacht liachta sin a bheith críochnaithe go sásúil

(i) amhail is go ndearna an Chomhairle, ar an tosach feidhme sin, é a cheadú mar chomhlacht den sórt sin faoin bhfo-alt sin, agus

(ii) ar na coinníollacha céanna ar ceadaíodh an comhlacht faoi alt 38(3) den Acht sin díreach roimh an tosach feidhme sin,

agus déanfar forálacha eile an Achta seo a fhorléiriú dá réir sin.

Achomharc chun na Cúirte in aghaidh bhreith na Comhairle faoi alt 88 (2)(a)(i)(II) (ii)89(3)(a)(ii) (b).

90 .— (1) Féadfaidh comhlacht is ábhar do bhreith arna tabhairt ag an gComhairle faoi alt 88 (2)(a)(i)(II) (ii) 89(3)(a)(ii) (b), tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis don chomhlacht fógra a fháil faoin mbreith faoi alt 88 (5) 89(6), de réir mar a bheidh, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh na breithe.

(2) Féadfaidh an Chúirt, ar achomharc ag comhlacht faoi fho-alt (1) a éisteacht, aon fhianaise a thabharfar ar aird nó aon argóint a dhéanfar a bhreithniú, cibé acu a tugadh ar aird don Chomhairle í nó a rinneadh chuig an gComhairle í.

(3) Féadfaidh an Chúirt, ar achomharc ag comhlacht faoi fho-alt (1) a éisteacht

(a) ceachtar de na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(i) an bhreith is ábhar don achomharc a dhaingniú, nó

(ii) an bhreith sin a chealú agus cibé breith eile is cuí leis an gCúirt a chur ina hionad,

agus

(b) cibé ordachán is cuí leis an gCúirt a thabhairt don Chomhairle agus a ordú conas mar a íocfar costais an achomhairc.

(4) Déanfaidh an Chomhairle, ar aon ordachán arna thabhairt ag an gCúirt faoi fho-alt (3) a chomhlíonadh, fógra i scríbhinn a thabhairt don chomhlacht lena mbaineann á rá go bhfuil an t-ordachán comhlíonta ag an gComhairle.

CUID 11

Inniúlacht Ghairmiúil a Chothabháil

Dualgas na Comhairle i ndáil le hinniúlacht ghairmiúil lia-chleachtóirí cláraithe a chothabháil.

91 .— (1) Beidh sé de dhualgas ar an gComhairle a dheimhniú di féin go ndéantar inniúlacht ghairmiúil lia-chleachtóirí cláraithe a chothabháil ar bhonn leanúnach.

(2) Déanfaidh an Chomhairle, tráth nach déanaí ná cothrom bliana dháta thosach feidhme an ailt seo, nó cibé tréimhse is faide a cheadóidh an tAire i scríbhinn ar iarraidh ón gComhairle, scéim amháin nó níos mó a fhorbairt, a bhunú agus a oibriú chun a dualgas faoi fho-alt (1) a chomhlíonadh.

(3) Maidir leis an gComhairle, i leith scéime inniúlachta gairmiúla—

(a) déanfaidh sí oibriú na scéime a athbhreithniú go tréimhsiúil, agus

(b) féadfaidh sí, tar éis athbhreithniú den sórt sin, moltaí a chur faoi bhráid an Aire maidir leis na bearta a bhféadfadh sé gur gá, i dtuairim na Comhairle, iad a dhéanamh chun oibriú na scéime a fheabhsú.

(4) Féadfaidh an Chomhairle, le toiliú an Aire agus de réir na gcritéar iomchuí a shonrófar i rialacha arna ndéanamh faoi alt 11

(a) maidir le comhlacht arna cheadú faoi alt 88 (2)(a)(i)(II)89(3)(a)(ii) agus lena bhféadfaidh an Chomhairle socrú a dhéanamh agus a chur i gcrích chun cabhrú leis an gComhairle a dualgas faoi fho-alt (1) a chomhlíonadh, aitheantas a thabhairt dó, aitheantas a thabhairt dó faoi réir coinníollacha a bheidh ag gabháil le haitheantas a thabhairt dó, coinníollacha a bheidh ag gabháil le haitheantas a thabhairt dó a leasú nó a bhaint, nó aitheantas a tharraingt siar uaidh, nó

(b) diúltú aitheantas a thabhairt do chomhlacht arna cheadú faoi alt 88(2)(a)(i)(II)89(3)(a)(ii) mar chomhlacht lena bhféadfaidh an Chomhairle socrú a dhéanamh agus a chur i gcrích chun na gcríoch sin.

(5) Déanfaidh an Chomhairle faireachán agus measúnú ar fheidhmíocht comhlachtaí dár tugadh aitheantas faoi fho-alt (4) a bheidh bunaithe ar na critéir dá dtagraítear san fho-alt sin.

(6) Más rud é, de dhroim a dualgas faoi fho-alt (1) a chomhlíonadh, gur dóigh leis an gComhairle, maidir le lia-chleachtóir cláraithe—

(a) ar duine é nó í ar a gceanglaítear faoi alt 94 (2) comhoibriú le haon cheanglais a fhorchuirtear ar an gcleachtóir i rialacha arna ndéanamh faoi alt 11 , gur dhiúltaigh sé nó sí comhoibriú amhlaidh, gur mhainnigh sé nó sí comhoibriú amhlaidh nó gur scoir sé nó sí de chomhoibriú amhlaidh,

(b) gur sháraigh sé nó sí alt 94 (4),

(c) go bhféadfadh sé nó sí an pobal a chur i mbaol díobhála láithreach, nó

(d) go bhféadfadh sé go ndearna sé nó sí sárú tromchúiseach ar a treoir i dtaobh caighdeán eiticiúil agus iompair eiticiúil,

ansin déanfaidh an Chomhairle gearán láithreach.

(7) Más rud é, de dhroim a dualgas faoi fho-alt (1) a chomhlíonadh, gur dóigh leis an gComhairle gur thug an Chomhairle gach deis réasúnach do lia-chleachtóir atá cláraithe sa Rannán Speisialtóirí nó sa Rannán Speisialtóirí faoi Oiliúint chun feidhmíocht ghairmiúil an chleachtóra a fheabhsú ach go gcinnfidh an Chomhairle go leanann inniúlacht ghairmiúil an chleachtóra sin de bheith faoi bhun na gcaighdeán inniúlachta a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leo chun leanúint de bheith cláraithe sa Rannán Speisialtóirí nó sa Rannán Speisialtóirí faoi Oiliúint, de réir mar a bheidh, ansin féadfaidh an Chomhairle gearán a dhéanamh.

(8) I gcás ina dtabharfaidh an Chomhairle breith faoi fho-alt (4)(a)(b), tabharfaidh sí fógra i scríbhinn (a mbeidh cóip d’alt 92 ag gabháil leis), a luaithe is indéanta tar éis an bhreith a thabhairt, don chomhlacht is ábhar don bhreith—

(a) maidir leis an mbreith,

(b) maidir leis an dáta a tugadh an bhreith, agus

(c) maidir leis na cúiseanna a bhí leis an mbreith.

Achomharc chun na Cúirte in aghaidh bhreith na Comhairle faoi alt 91 (4)(a)(b).

92 .— (1) Féadfaidh comhlacht is ábhar do bhreith arna tabhairt ag an gComhairle faoi alt 91 (4)(a)(b), tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis don chomhlacht fógra a fháil faoin mbreith faoi alt 91 (8), achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh na breithe.

(2) Féadfaidh an Chúirt, ar achomharc ag comhlacht faoi fho-alt (1) a éisteacht, aon fhianaise a thabharfar ar aird nó aon argóint a dhéanfar a bhreithniú, cibé acu a tugadh ar aird do Chomhairle í nó a rinneadh chuig an gComhairle í.

(3) Féadfaidh an Chúirt, ar achomharc ag comhlacht faoi fho-alt (1) a éisteacht—

(a) ceachtar de na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(i) an bhreith is ábhar don achomharc a dhaingniú, nó

(ii) an bhreith sin a chealú agus cibé breith eile is cuí leis an gCúirt a chur ina hionad,

agus

(b) cibé ordachán is cuí leis an gCúirt a thabhairt don Chomhairle agus a ordú conas mar a íocfar costais an achomhairc.

(4) Déanfaidh an Chomhairle, ar aon ordachán arna thabhairt ag an gCúirt faoi fho-alt (3) a chomhlíonadh, fógra i scríbhinn a thabhairt don chomhlacht lena mbaineann á rá go bhfuil an t-ordachán comhlíonta ag an gComhairle.

Dualgas Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus fostóirí eile i ndáil le hinniúlacht ghairmiúil lia-chleachtóirí cláraithe a chothabháil.

93 .— (1) Déanfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte cothabháil inniúlachta gairmiúla lia-chleachtóirí cláraithe a éascú de bhun scéime inniúlachta gairmiúla is infheidhme maidir leis na cleachtóirí lena mbaineann.

(2) Déanfaidh fostóir lia-chleachtóra chláraithe, nach Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, cothabháil inniúlachta gairmiúla lia-chleachtóirí cláraithe a éascú de bhun scéime inniúlachta gairmiúla is infheidhme maidir leis na cleachtóirí lena mbaineann.

Dualgas lia-chleachtóirí cláraithe inniúlacht ghairmiúil a chothabháil.

94 .— (1) Déanfaidh lia-chleachtóir cláraithe inniúlacht ghairmiúil an lia-chleachtóra chláraithe a chothabháil ar bhonn leanúnach de bhun scéime inniúlachta gairmiúla is infheidhme maidir leis an gcleachtóir sin.

(2) Comhoibreoidh lia-chleachtóir cláraithe le haon cheanglais a fhorchuirtear ar an gcleachtóir i rialacha arna ndéanamh faoi alt 11 .

(3) Féadfaidh an Chomhairle, le fógra i scríbhinn arna thabhairt do lia-chleachtóir cláraithe nach dtagann a chlárú nó a clárú faoi réim fho-alt (2) ach a bhfuil gealltanas tugtha aige nó aici de bhun alt 67 (1), a cheangal ar an gcleachtóir comhoibriú le gealltanas den sórt sin chun sástacht na Comhairle.

(4) Comhlíonfaidh lia-chleachtóir fógra faoi fho-alt (3) arna thabhairt don lia-chleachtóir.

Rúndacht.

95 .— (1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (4), aon duine a gheobhaidh aon fhaisnéis de bhua an duine do chomhlíonadh feidhmeanna faoin Acht seo a bhaineann le haon scéim inniúlachta gairmiúla, nó do thabhairt cúnamh sa chomhlíonadh sin, coimeádfaidh sé nó sí rúndacht maidir leis an bhfaisnéis agus, gan dochar don mhéid sin roimhe seo, ní dhéanfaidh sé nó sí—

(a) an fhaisnéis a nochtadh do dhuine eile, ach amháin i gcás ina mbeidh gá leis an nochtadh don chomhlíonadh nó don chúnamh sin, nó

(b) a chur faoi deara go bhfaighidh aon duine eile rochtain, nó cead a thabhairt d’aon duine eile rochtain a fháil, ar an bhfaisnéis, ach amháin i gcás ina mbeidh gá ag an duine eile sin leis an rochtain sin chun feidhmeanna a chomhlíonadh, nó chun cúnamh a thabhairt maidir le feidhmeanna a chomhlíonadh, faoin Acht seo (lena n-áirítear feidhmeanna aon choiste alt 20 (2)).

(2) D’ainneoin fho-alt (1), féadfaidh an Chomhairle faisnéis a nochtadh—

(a) i bhfoirm achoimre arna tiomsú as faisnéis arna soláthar i ndáil le lia-chleachtóirí cláraithe a ghlacann páirt i scéim inniúlachta, más rud é go dtiomsaítear an achoimre ar chaoi go gcoiscfear sonraí a bhaineann le céannacht aon chleachtóirí den sórt sin a fhionnadh ón achoimre,

(b) d’fhonn aon imeachtaí coiriúla nó aon imscrúdú sa Stát a thionscnamh, nó chun críocha an chéanna thairis sin, nó

(c) i dtaca le haon imeachtaí sibhialta ar páirtí iontu an Chomhairle.

(3) Ní bheidh feidhm ag na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003 maidir le taifead (de réir bhrí na nAchtanna sin) a bhaineann le scéim inniúlachta gairmiúla.

(4) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a thoirmisceann faisnéis a nochtadh de bhun ordú cúirte.

(5) Aon duine a sháróidh fo-alt (1), beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó téarma príosúnachta nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

CUID 12

An Bord Míochaine agus Déidliachta Iarchéime a Dhíscaoileadh

Léiriú ar Chuid 12.

96 .— Sa Chuid seo—

ciallaíonn “an Bord Míochaine agus Déidliachta Iarchéime” an bord a bunaíodh faoi alt 39 d’Acht 1978;

ciallaíonn “lá an aistrithe” an lá a cheapfaidh an tAire faoi alt 97 (1) mar lá an aistrithe.

Lá an aistrithe agus díscaoileadh an Bhoird.

97 .— (1) Déanfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh mar lá an aistrithe chun críocha na Coda seo.

(2) Déanfar, leis an Acht seo, an Bord Míochaine agus Déidliachta Iarchéime a dhíscaoileadh lá an aistrithe.

(3) Déanfar tagairtí don Bhord Míochaine agus Déidliachta Iarchéime in aon Acht den Oireachtas arna rith roimh lá an aistrithe nó in aon ionstraim arna déanamh roimh lá an aistrithe faoi Acht den Oireachtas a léamh ar an lá sin agus dá éis mar thagairtí d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Féadfaidh an tAire a cheangal ar an mBord faisnéis a thabhairt dó nó di.

98 .— (1) Féadfaidh an tAire, le fógra i scríbhinn arna thabhairt don Bhord Míochaine agus Déidliachta Iarchéime, a cheangal ar an mBord cibé faisnéis i ndáil le comhlíonadh feidhmeanna an Bhoird a shonraítear san fhógra a thabhairt don Aire ar an lá aistrithe nó roimhe.

(2) Comhlíonfaidh an Bord Míochaine agus Déidliachta Iarchéime fógra arna thabhairt dó faoi fho-alt (1) ach amháin a mhéid a thoirmisctear air déanamh amhlaidh le foráil eile d’Acht 1978.

Foireann a aistriú.

99 .— (1) Gach duine a bhí, díreach roimh lá an aistrithe, ina oifigeach nó ina hoifigeach nó ina sheirbhíseach nó ina seirbhíseach don Bhord Míochaine agus Déidliachta Iarchéime, déantar é nó í a aistriú chuig foireann Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus tiocfaidh sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta di, lá an aistrithe.

(2) Ach amháin de réir comhaontaithe chomhchoitinn arna chaibidil le ceardchumann nó comhlachas foirne aitheanta, beidh duine a aistrítear faoin alt seo i dteideal, le linn dó nó di a bheith i seirbhís Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, a bheith fostaithe faoi choinníollacha fostaíochta nach lú fabhar ná na coinníollacha fostaíochta sin a raibh an duine sin ina dteideal díreach roimh lá an aistrithe.

(3) Déanfar an tseirbhís roimhe sin de chuid duine a aistrítear faoin alt seo leis an mBord Míochaine agus Déidliachta Iarchéime a áireamh mar sheirbhís chun críocha na nithe seo a leanas, ach sin faoi réir aon eisceachtaí nó eisiamh iontu—

(a) na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967 go 2003,

(b) an tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001,

(c) an tAcht um Eagrú Ama Oibre 1997,

(d) na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta 1973 go 2005,

(e) na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2005,

(f) an tAcht um Shaoire Cúramóra 2001,

(g) na hAchtanna um Shaoire do Thuismitheoirí 1998 agus 2006.

(4) Ní lú fabhar aon sochair aoisliúntais a dhámhfaidh an Fheidhmeannacht do dhuine nó i leith duine a aistreofar faoin alt seo, agus na coinníollacha a bhaineann leis na sochair sin, ná iad sin is infheidhme maidir leis an duine sin nó ina leith díreach roimh lá an aistrithe.

(5) San alt seo—

folaíonn “ coinníollacha fostaíochta ” coinníollacha i leith luach saothair agus nithe gaolmhara;

ciallaíonn “ ceardchumann nó comhlachas foirne aitheanta ” ceardchumann nó comhlachas foirne atá aitheanta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun críocha caibidlí a bhaineann le coinníollacha fostaíochta nó coinníollacha oibre fostaithe.

Maoin agus dliteanais a aistriú chuig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

100 .— (1) Le héifeacht ón lá aistrithe, aistrítear na nithe seo a leanas chuig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte:

(a) an mhaoin uile (réadach agus pearsanta) agus na cearta uile a bhí díreach roimh an lá sin ar seilbh nó ar teachtadh ag an mBord Míochaine agus Déidliachta Iarchéime;

(b) na dliteanais uile a thabhaigh an Bord sin roimh an lá sin agus nach raibh urscaoilte roimh an lá sin.

(2) Gan aon tíolacadh, aistriú ná sannadh breise—

(a) dílsíonn maoin a thagann faoi réim fho-alt (1), lá an aistrithe, d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go feadh an eastáit, an téarma nó an leasa go léir dá raibh sí díreach roimh an lá sin dílsithe don Bhord Míochaine agus Déidliachta Iarchéime, ach faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don mhaoin agus is inchomhlíonta,

(b) is cearta de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, lá an aistrithe agus dá éis, cearta a thagann faoi réim fho-alt (1), agus

(c) is dliteanais de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, lá an aistrithe agus dá éis, dliteanais a thagann faoi réim fho-alt (1).

(3) Déanfar an t-airgead, na stoic, na scaireanna agus na hurrúis uile a aistrítear chuig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte leis an alt seo agus atá, díreach roimh lá an aistrithe, in ainm an Bhoird Míochaine agus Déidliachta Iarchéime, ar an bhFeidhmeannacht é a iarraidh, a aistriú isteach ina hainm.

(4) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear chuig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte leis an alt seo, féadfaidh an Fheidhmeannacht, lá an aistrithe agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm, nó féadfar agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm i gcoinne na Feidhmeannachta, ina hainm féin agus ní gá di fógra faoin aistriú a thabhairt don duine a n-aistrítear a cheart nó a ceart nó a dhliteanas nó a dliteanas leis an alt seo.

Conarthaí áirithe a choimeád ar marthain agus tagairtí a oiriúnú.

101 .— Gach conradh nó comhaontú arna dhéanamh idir an Bord Míochaine agus Déidliachta Iarchéime (nó aon iontaobhaí nó gníomhaire atá ag gníomhú thar a cheann) agus aon duine eile, agus atá i bhfeidhm díreach roimh lá an aistrithe—

(a) leanfaidh sé i bhfeidhm an lá sin agus dá éis,

(b) léifear é agus beidh éifeacht leis amhail is dá ndéanfaí, sa chonradh nó sa chomhaontú, de réir mar a bheidh, ainm Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a chur in ionad ainm an Bhoird Míochaine agus Déidliachta Iarchéime nó, de réir mar a bheidh, aon iontaobhaí nó gníomhaire atá ag gníomhú thar a cheann, agus

(c) beidh sé infhorghníomhaithe i gcoinne Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Imeachtaí dlí atá ar feitheamh.

102 .— Más rud é, díreach roimh lá an aistrithe, go mbeidh aon imeachtaí dlí ar feitheamh ar páirtí iontu an Bord Míochaine agus Déidliachta Iarchéime, déanfar ainm Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a chur in ionad ainm an Bhoird sin sna himeachtaí, agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an ionadú.

Cuntais a ullmhú.

103 .— (1) A luaithe is indéanta tar éis lá an aistrithe, ullmhóidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar airgead a fuair nó a chaith an Bord Míochaine agus Déidliachta Iarchéime sa bhliain chuntasaíochta, nó sa chuid de bhliain chuntasaíochta, de chuid an Bhoird sin dar críoch díreach roimh lá an aistrithe.

(2) Déanfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte cuntais a ullmhófar faoi fho-alt (1) a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh.

(3) Déanfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, tar éis an iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a ullmhófar faoi fho-alt (1), na cuntais iniúchta mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a thíolacadh don Aire.

(4) Cinnteoidh an tAire go ndéanfar, a luaithe is féidir tar éis na cuntais iniúchta agus an tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a thíolacadh don Aire, cóipeanna díobh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

CUID 13

Ilghnéitheach

Pribhléid.

104 .— (1) In aon chaingean mar gheall ar chlúmhilleadh, beidh na himeachtaí, na tuarascálacha agus na cumarsáidí seo a leanas faoi phribhléid iomlán—

(a) imeachtaí Coiste Réamhimeachtaí nó an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh faoi aon cheann de Chodanna 7, 8 agus 9,

(b) cumarsáidí ón gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh faoi alt 67 ,

(c) tuarascálacha ón gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh faoi alt 69 ,

(d) cumarsáidí ón gComhairle faoi alt 70 , agus

(e) aon chumarsáid eile—

(i) arna déanamh ag coiste de bhun aon cheann de Chodanna 7, 8 agus 9, le linn feidhm de chuid an choiste a chomhlíonadh, nó

(ii) arna déanamh ag an gComhairle de bhun aon cheann de Chodanna 7, 8 agus 9, le linn feidhm de chuid na Comhairle a chomhlíonadh.

(2) Faoi réir fho-alt (4), ní dhéanfar doiciméad a bhaineann le rannpháirtíocht lia-chleachtóra i scéim inniúlachta gairmiúla, a mhéid a bhaineann sé léi amhlaidh, a ghlacadh i bhfianaise (cibé acu trí fhollasú nó ar shlí eile) in aon imeachtaí sibhialta ach amháin le toiliú an lia-chleachtóra (dá ngairtear an “toiliú iomchuí” san alt seo).

(3) Ní bheidh d’oibleagáid ar aon fhinné in aon imeachtaí sibhialta, ná ní cheadófar dó nó di, d’éagmais an toilithe iomchuí, na nithe seo a leanas a nochtadh—

(a) faoi réir fho-alt (4), ábhar doiciméid a bhaineann le rannpháirtíocht lia-chleachtóra i scéim inniúlachta gairmiúla a mhéid a bhaineann sé léi amhlaidh, nó

(b) faoi réir fho-alt (5), aon bhreithniú de chuid duine i ndáil le rannpháirtíocht lia-chleachtóra i scéim inniúlachta gairmiúla.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1)fo-alt (3)(a) i gcás doiciméid is ábhar do líomhain nach ndearnadh de mheon macánta é.

(5) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3)(b) i gcás breithniú is ábhar do líomhain nach ndearnadh de mheon macánta é.

Imscrúdú.

105 .— (1) Déanfaidh an Chomhairle, ar iarraidh ón Aire, nó féadfaidh sí, ar a tionscnamh féin nó ar ghearán ó dhuine den phobal, aon chás a imscrúdú—

(a) ina mbeidh drochamhras ann go ndéanann nó go ndearna pearsa aonair, nach lia-chleachtóir cláraithe, an mhíochaine a chleachtadh de shárú ar fhoráil de chuid an Achta seo, nó

(b) ina mbeidh drochamhras ann go ndéanann nó go ndearna pearsa aonair, nach lia-chleachtóir cláraithe, a éileamh gur lia-chleachtóir cláraithe é nó í de shárú ar fhoráil de chuid an Achta seo.

(2) I gcás gur sheol an Chomhairle imscrúdú faoi fho-alt (1), déanfaidh an Chomhairle, má tá forais réasúnacha aici lena chreidiúint, maidir leis an bpearsa aonair is ábhar don imscrúdú—

(a) nach lia-chleachtóir cláraithe é nó í, agus

(b) (i) go ndéanann nó go ndearna sé nó sí an mhíochaine a chleachtadh de shárú ar fhoráil de chuid an Achta seo, nó

(ii) go ndéanann nó go ndearna sé nó sí a éileamh gur lia-chleachtóir cláraithe é nó í,

tuarascáil láithreach a thabhairt ansin i dtaobh an ní don Gharda Síochána agus don Aire agus féadfaidh sí urghaire a lorg san Ard-Chúirt á cheangal ar an duine scor de na gníomhaíochtaí a gcreideann an Chomhairle le réasún gur sárú ar an Acht seo iad.

An Chomhairle le bheith ina húdarás ceadúnúcháin, etc., faoin Anatomy Act 1832.

106 .— Maidir leis an gComhairle—

(a) údaraítear di, de bhua an ailt seo—

(i) ceadúnas a dheonú chun anatamaíocht a chleachtadh sa Stát,

(ii) cigirí a cheapadh ar áiteanna sa Stát ina ndéantar anatamaíocht, agus

(iii) a bheith mar an duine ar chuige nó chuici a chuirfidh na cigirí sin tuairisceáin,

faoi réim agus de réir an Anatomy Act 1832, agus

(b) déanfaidh sí, ar iarraidh ón Aire agus a luaithe is indéanta tar éis di an iarraidh a fháil, cibé faisnéis a bhaineann lena feidhmeanna faoin Anatomy Act 1832 agus a shonróidh an tAire san iarraidh a sholáthar don Aire.

Cumhacht chun foirmeacha a shonrú.

107 .— (1) Féadfaidh an comhlacht iomchuí foirm doiciméad is gá chun críocha an Achta seo a shonrú de réir mar is cuí leis an gcomhlacht iomchuí.

(2) Féadfar cumhacht an chomhlachta iomchuí faoi fho-alt (1) a fheidhmiú ar shlí a fhágfaidh—

(a) go n-áireofar i bhfoirm shonraithe aon doiciméid dá dtagraítear san fho-alt sin dearbhú reachtúil—

(i) a bheidh le déanamh ag an duine a chomhlánóidh an fhoirm, agus

(ii) i dtaobh an bhfuil na sonraí san fhoirm ceart agus cruinn a mhéid is fearr is eol don duine sin agus a chreideann sé nó sí,

agus

(b) go sonrófar dhá fhoirm nó níos mó d’aon doiciméad dá dtagraítear san fho-alt sin, cibé acu mar roghanna, nó chun socrú a dhéanamh le haghaidh imthosca áirithe nó cásanna áirithe, de réir mar is cuí leis an gcomhlacht iomchuí.

(3) Maidir le foirm arna sonrú faoin alt seo—

(a) is de réir cibé orduithe agus treoracha a shonrófar san fhoirm a chomhlánófar í,

(b) beidh ag gabháil léi cibé doiciméid a shonrófar san fhoirm, agus

(c) má cheanglaítear an fhoirm chomhlánaithe a sholáthar—

(i) don chomhlacht iomchuí,

(ii) do dhuine eile thar ceann an chomhlachta iomchuí, nó

(iii) d’aon duine eile,

déanfar í a sholáthar amhlaidh ar an modh, más ann, a shonrófar san fhoirm.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh an Chomhairle—

(a) foirm a shonrú a bheidh le comhlánú ag lia-chleachtóir cláraithe i dtaca leis an gcleachtóir d’íoc aon táille a chinnfear faoi alt 36 (1)(b),

(b) san fhoirm sin, a cheangal ar an gcleachtóir cibé faisnéis a sholáthar don Chomhairle a bheadh ar an gcleachtóir a sholáthar don Chomhairle mura mbeadh an cleachtóir cláraithe ach dá mbeadh clárú á iarraidh aige nó aici (lena n-áirítear faisnéis maidir le haon mhíchumas liachta iomchuí).

(5) San alt seo, ciallaíonn “comhlacht iomchuí”—

(a) faoi réir mhír (b), an Chomhairle,

(b) i ndáil le feidhm faoin Acht seo arna comhlíonadh ag coiste alt 20 (2), an coiste sin.

Tagairtí do lia-chleachtóir cláraithe agus do Chomhairle na nDochtúirí Leighis, etc., a fhorléiriú.

108 .— (1) Gach tagairt do lia-chleachtóir cláraithe atá in aon achtachán nó in aon ionstraim reachtúil, forléireofar í mar thagairt do lia-chleachtóir cláraithe de réir bhrí alt 2 .

(2) Gach tagairt do Chlár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí atá in aon achtachán eile nó in aon ionstraim reachtúil, forléireofar í mar thagairt d’aon rannán den chlár.

(3) Gach tagairt—

(a) do Chomhairle na nDochtúirí Leighis, nó

(b) do Chomhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis,

atá in aon achtachán eile nó in aon ionstraim reachtúil, forléireofar í mar an Chomhairle de réir bhrí alt 2 .

Daoine atá i dteideal deimhnithe liachta a shíniú.

109 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), gach deimhniú a gceanglaítear chun aon chríche le haon achtachán nó aon ionstraim reachtúil, nó faoin gcéanna, é a bheith sínithe ag aon lia, máinlia, ceadúnach liachta agus máinliachta nó aon lia-chleachtóir eile, ní mór, ar thosach feidhme alt 3 nó dá éis sin, é a bheith sínithe ag lia-chleachtóir cláraithe agus ní bheidh aon bhailíocht ná éifeacht le haon deimhniú den sórt sin a bheidh sínithe, ar an tosach feidhme sin nó dá éis, ag duine nach lia-chleachtóir cláraithe é nó í.

(2) Ní fheidhmeoidh fo-alt (1) chun duine nach lia-chleachtóir cláraithe a chosc ar dheimhniú a shíniú má cheanglaítear ar an duine, nó má cheadaítear don duine, le haon achtachán nó aon ionstraim reachtúil, an deimhniú a shíniú i gcáil seachas i gcáil lia, máinlia, ceadúnaigh liachta agus máinliachta nó lia-chleachtóra eile agus gur duine sa cháil eile sin an duine sin.

(3) San alt seo, folaíonn “deimhniú” oideas.

SCEIDEAL 1

Aisghairm agus Cúlghairm

Alt 3 .

CUID 1

Na hAchtanna a Aisghairtear

1. Acht na Lia-Chleachtóirí 1978 ( Uimh. 4 de 1978 ).

2. Acht na Lia-Chleachtóirí (Leasú) 1993 (Uimh. 17 de 1993).

3. Acht na Lia-Chleachtóirí (Leasú) 2000 ( Uimh. 24 de 2000 ).

4. Acht na Lia-Chleachtóirí (Leasú) 2002 ( Uimh. 17 de 2002 ).

CUID 2

Na hIonstraimí Reachtúla a Chúlghairtear

1. An tOrdú um Acht na nDochtúirí Leighis 1927 (Feidhm Alt 26) 1944 ((I.R. Uimh. 82 de 1944).

2. An tOrdú um Acht na nDochtúirí Leighis 1927 (Feidhmiú Ailt 26) 1953 (I.R. Uimh. 272 de 1953).

3. An tOrdú um Acht na nDochtúirí Leighis 1927 (Feidhm Ailt 26) 1958 (I.R. Uimh. 212 de 1958).

4. An tOrdú um Acht na nDochtúirí Leighis 1927 (Feidhm Alt 26) 1960 (I.R. Uimh. 206 de 1960).

5. An tOrdú um Acht na nDochtúirí Leighis 1927 (Feidhm Alt 26) 1961 (I.R. Uimh. 31 de 1961 ).

6. An tOrdú um Acht na nDochtúirí Leighis 1927 (Feidhm Alt 26) 1961 (I.R. Uimh. 99 de 1961).

7. Na Rialacháin um Chomhairle na nDochtúirí Leighis (Comhaltaí a Thoghadh) 1978 (I.R. Uimh. 197 de 1978).

8. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Aitheantas do Cháilíochtaí Liachta) 1976 (I.R. Uimh. 288 de 1976).

9. Ordú na Lia-Chleachtóirí (Comhaontú a Fhoirceannadh) 1979 (I.R. Uimh. 158 de 1979).

10. Rialacha arna ndéanamh de bhun alt 25A d’Acht na Lia-Chleachtóirí 1978 mar a cuireadh isteach le hAcht na Lia-Chleachtóirí (Leasú) 2002 (I.R. Uimh. 285 de 2003).

11. Rialacha arna ndéanamh de bhun alt 25A d’Acht na Lia-Chleachtóirí 1978 mar a cuireadh isteach le hAcht na Lia-Chleachtóirí (Leasú) 2002 (I.R. Uimh. 286 de 2003).

12. Rialacha arna ndéanamh de bhun alt 25A d’Acht na Lia-Chleachtóirí 1978 mar a cuireadh isteach le hAcht na Lia-Chleachtóirí (Leasú) 2002 (I.R. Uimh. 287 de 2003).

SCEIDEAL 2

An Chomhairle: Comhaltas agus Cruinnithe

Alt 4 (4).

Seilbh Oifige

1. Faoi réir fhorálacha an Sceidil seo i ndáil le corrfholúntais a líonadh, maidir le gach comhalta den Chomhairle, mura bhfaighidh sé nó sí bás, mura n-éireoidh sé nó sí as oifig, nó mura dtiocfaidh sé nó sí faoi dhícháilíocht, roimhe sin, sealbhóidh sé nó sí oifig ar feadh tréimhse, nach faide ná 5 bliana, a shonróidh an tAire i scríbhinn.

2. Ní shealbhóidh aon duine oifig mar chomhalta den Chomhairle ar feadh níos mó ná 2 théarma chomhleanúnacha 5 bliana (agus déanfar comhaltas den Chomhairle a tharla roimh thosach feidhme na míre seo a chur i gcuntas chun na críche sin).

Éirí as Comhaltas agus Foirceannadh Comhaltais

3. Faoi réir mhír 4, i gcás go bhfaighidh an tAire iarraidh i scríbhinn ón gComhairle chun ceapachán comhalta den Chomhairle a fhoirceannadh ar an bhforas gur mhainnigh an comhalta mír 12 a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire ceapachán an chomhalta a fhoirceannadh.

4. Ní dhéanfaidh an tAire ceapachán comhalta den Chomhairle a fhoirceannadh de bhun iarrata dá dtagraítear i mír 3 mura rud é—

(a) go bhfuil fianaise ag gabháil leis an iarraidh a fhágann gur deimhin leis an Aire—

(i) gur tugadh deis réasúnach don chomhalta uiríll a dhéanamh i scríbhinn chuig an gComhairle chun na cúiseanna ar mhainnigh an comhalta mír 12 a chomhlíonadh a mhíniú, agus

(ii) gur mhainnigh nó gur dhiúltaigh an comhalta na huiríll sin a dhéanamh,

(b) go bhfuil na nithe seo a leanas ag gabháil leis an iarraidh—

(i) fianaise a fhágann gur deimhin leis an Aire gur tugadh deis réasúnach don chomhalta uiríll a dhéanamh i scríbhinn chuig an gComhairle chun na cúiseanna ar mhainnigh an comhalta mír 12 a chomhlíonadh a mhíniú,

(ii) cóipeanna de na huiríll i scríbhinn a rinne an comhalta chuig an gComhairle, agus

(iii) ráiteas ón gComhairle gur thug sí aird chuí ar na huiríll sin i scríbhinn ach gurbh é a tátal nach dtugann siad leithscéal réasúnach don chomhalta as é nó í do mhainneachtain mír 12 a chomhlíonadh,

agus

(c) i gcás gurb infheidhme fomhír (b), gur deimhin leis an Aire go bhfuil an tátal dá dtagraítear i gclásal (iii) den fhomhír sin réasúnach in imthosca an cháis.

5. Féadfaidh comhalta den Chomhairle éirí as a bheith ina chomhalta nó ina comhalta trí fhógra scríofa a bheidh sínithe ag an gcomhalta a thabhairt don Chomhairle, ach ní ghlacfaidh an t-éirí as éifeacht go dtí an chéad chruinniú eile den Chomhairle a thionólfar tar éis an fógra faoin éirí as a fháil.

6. Scoirfidh lia-chleachtóir a ceapadh faoi aon cheann d’alt 17(1)(b) go (f) ina chomhalta nó ina comhalta den Chomhairle de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Chomhairle nuair a scoirfidh an duine de bheith ina lia-chleachtóir cláraithe.

Corrfholúntais

7. (1) Má tharlaíonn corrfholúntas i measc na gcomhaltaí den Chomhairle, seachas na comhaltaí a ceapadh faoi alt 17(1)(f) (n), cuirfidh an Chomhairle é sin in iúl láithreach don chomhlacht nó don údarás a d’ainmnigh an duine sin agus déanfaidh an comhlacht nó an t-údarás sin, a luaithe is caoithiúil, duine nó daoine a ainmniú a ndéanfaidh an tAire breithniú air nó uirthi lena cheapadh nó lena ceapadh chun an folúntas sin a líonadh agus aon duine a cheapfar amhlaidh, faoi réir fhorálacha eile an Achta seo, fónfaidh sé nó sí mar chomhalta den Chomhairle go ceann na tréimhse a bheidh gan chaitheamh de théarma oifige an duine a nglacfaidh an duine a ceapadh amhlaidh a ionad nó a hionad.

(2) Má tharlaíonn corrfholúntas i measc na gcomhaltaí den Chomhairle a ceapadh faoi alt 17(1)(f), déanfaidh an Chomhairle, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, lia-chleachtóir a chomhthoghadh a bheadh, de bhun fhorálacha an Achta seo, cáilithe chun a thofa nó a tofa chun an folúntas sin a líonadh agus aon lia-chleachtóir a chomhthoghfar amhlaidh, faoi réir fhorálacha eile an Achta seo, fónfaidh sé nó sí mar chomhalta den Chomhairle go ceann na tréimhse a bheidh gan chaitheamh de théarma oifige an duine a nglacfaidh an cleachtóir a ceapadh amhlaidh a ionad nó a hionad.

(3) Má tharlaíonn corrfholúntas i measc na gcomhaltaí den Chomhairle a ceapadh faoi alt 17(1)(l), féadfaidh an tAire duine a cheapadh a bheadh, de bhun fhorálacha an Achta seo, cáilithe chun an folúntas sin a líonadh agus aon duine a cheapfar amhlaidh, faoi réir fhorálacha eile an Achta seo, fónfaidh sé nó sí mar chomhalta den Chomhairle go ceann na tréimhse a bheidh gan chaitheamh de théarma oifige an duine a nglacfaidh an duine a ceapadh amhlaidh a ionad nó a hionad.

Córam

8. 7 is córam do chruinniú den Chomhairle, ar choinníoll gur 10 an córam i gcás cruinniú den Chomhairle a mbeidh ar chlár na hoibre ann smachtbhanna a fhorchur faoi Chuid 9 ar lia-chleachtóir cláraithe.

Cruinnithe

9. Tionólfaidh an Chomhairle 4 chruinniú ar a laghad gach bliain agus féadfaidh sí cibé cruinnithe eile a thionól is gá chun a feidhmeanna a chomhlíonadh trí nasc físe nó trí pháipéir a scaipeadh.

10. Féadfaidh an Chomhairle, le fógra i scríbhinn arna thabhairt do chomhaltaí uile na Comhairle, an líon íosta cruinnithe den Chomhairle a shonrú a gceanglaítear ar na comhaltaí freastal orthu.

11. Féadfaidh an Chomhairle, le fógra i scríbhinn arna thabhairt do na comhaltaí uile de choiste, an líon íosta cruinnithe den choiste a shonrú a gceanglaítear ar na comhaltaí freastal orthu.

12. Maidir le comhalta den Chomhairle a mbeidh fógra faoi mhír 1011 tugtha dó nó di, déanfaidh sé nó sí gach beart is gá chun an fógra a chomhlíonadh.

Uachtarán agus Leas-Uachtarán

13. (1) Faoi réir alt 17 (3), déanfaidh an Chomhairle, ó am go ham, duine dá comhaltaí a thoghadh chun bheith ina Uachtarán nó ina hUachtarán ar an gComhairle agus duine eile dá comhaltaí a thoghadh chun bheith ina Leas-Uachtarán ar an gComhairle, ar comhalta é nó í a bheidh cáilithe faoin alt sin chun bheith tofa amhlaidh.

(2) Déanfaidh Uachtarán agus Leas-Uachtarán na Comhairle oifig a shealbhú sa cháil sin, gach duine acu, ar feadh cibé téarma a shonróidh an Chomhairle tráth a gceaptha faoi seach, mura rud é—

(a) go scoirfidh an tUachtarán nó an Leas-Uachtarán, de réir mar a bheidh, de bheith, nó go dtiocfaidh sé nó sí faoi dhícháilíocht chun bheith, ina chomhalta nó ina comhalta den Chomhairle,

(b) go n-éireoidh an tUachtarán nó an Leas-Uachtarán, de réir mar a bheidh, as an oifig sin agus go nglacfaidh an t-éirí as éifeacht faoin mír seo, nó

(c) go ndéanfaidh an Chomhairle le rún, dá vótálfaidh dhá thrian ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle agus a ndéanfar fógra 7 lá ar a laghad go bhfuiltear chun é a mholadh a thabhairt do gach comhalta den Chomhairle, a cheapachán nó a ceapachán mar Uachtarán nó mar Leas-Uachtarán a fhoirceannadh.

(3) Féadfaidh Uachtarán nó Leas-Uachtarán na Comhairle tráth ar bith éirí as an oifig sin trí fhógra i scríbhinn a bheidh sínithe ag an Uachtarán nó ag an Leas-Uachtarán, de réir mar a bheidh, a thabhairt don Chomhairle, ach ní ghlacfaidh an t-éirí as éifeacht go dtí an chéad chruinniú eile den Chomhairle a thionólfar tar éis don Chomhairle an fógra faoin éirí as a fháil.

(4) Más rud é, le linn Uachtarán nó Leas-Uachtarán na Comhairle a thoghadh, gur comhionann an líon vótaí do 2 lia-chleachtóir cláraithe nó níos mó, cinnfear trí chrannchur cé acu de na cleachtóirí sin a bheidh ina Uachtarán nó ina hUachtarán nó ina Leas-Uachtarán, de réir mar a bheidh.

Imeachtaí ag Cruinnithe

14. Ní bheidh imeachtaí na Comhairle neamhbhailí mar gheall ar aon fholúntas nó aon fholúntais i measc a comhaltaí nó mar gheall ar aon éalang ar na ceapacháin chun na Comhairle nó ar cháilíochtaí aon chomhalta di.

15. Maidir le hUachtarán na Comhairle nó, i gcás an tUachtarán a bheith as láthair, Leas-Uachtarán na Comhairle—

(a) féadfaidh sé nó sí cruinniú den Chomhairle a ghairm,

(b) déanfaidh sé nó sí cruinniú den Chomhairle a ghairm nuair a iarrfar air nó uirthi déanamh amhlaidh le foréileamh arna shíniú ag 6 chomhalta ar a laghad den Chomhairle.

16. (1) Má dhiúltaíonn Uachtarán na Comhairle nó, i gcás an tUachtarán a bheith as láthair, Leas-Uachtarán na Comhairle cruinniú den Chomhairle a ghairm tar éis foréileamh chun na críche sin arna shíniú ag 6 chomhalta ar a laghad den Chomhairle a thíolacadh don Uachtarán nó don Leas-Uachtarán, de réir mar a bheidh, féadfaidh 3 chomhalta ar bith den Chomhairle cruinniú den Chomhairle a ghairm láithreach.

(2) Más rud é nach ndéanann Uachtarán nó, i gcás an tUachtarán a bheith as láthair, Leas-Uachtarán na Comhairle, gan diúltú amhlaidh, cruinniú den Chomhairle a ghairm laistigh de 7 lá tar éis foréileamh chun na críche sin arna shíniú ag 6 chomhalta ar a laghad den Chomhairle a thíolacadh dó nó di, féadfaidh 3 chomhalta ar bith den Chomhairle, ar na 7 lá sin a bheith caite, cruinniú den Chomhairle a ghairm.

17. 3 lá glan ar a laghad roimh gach cruinniú den Chomhairle, déanfar fógra i scríbhinn arna shíniú ag Uachtarán nó ag Leas-Uachtarán na Comhairle, de réir mar a bheidh, nó, más comhaltaí den Chomhairle a ghairfidh an cruinniú, arna shíniú ag na comhaltaí sin, lena n-inseofar tráth agus ionad an chruinnithe a sheoladh chuig gach comhalta den Chomhairle: más comhaltaí den Chomhairle a ghairfidh an cruinniú, sonrófar san fhógra lena ngairtear an cruinniú an gnó a dhéanfar ag an gcruinniú.

18. Ag cruinniú den Chomhairle—

(a) is é nó is í Uachtarán na Comhairle, má tá sé nó sí i láthair, a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach,

(b) mura bhfuil agus fad nach bhfuil Uachtarán na Comhairle i láthair, nó má tá oifig an Uachtaráin folamh, is é nó is í Leas-Uachtarán na Comhairle, má tá sé nó sí i láthair, a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach,

(c) mura bhfuil agus fad nach bhfuil Uachtarán na Comhairle i láthair, nó má tá oifig an Uachtaráin folamh agus nach bhfuil an Leas-Uachtarán i láthair nó má tá oifig an Leas-Uachtaráin folamh, toghfaidh na comhaltaí den Chomhairle atá i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú sin.

19. (1) Áiritheoidh an Chomhairle go n-ullmhófar miontuairiscí de gach cruinniú den Chomhairle.

(2) Déanfar miontuairiscí cruinnithe a chur faoi bhráid an chéad chruinnithe eile den Chomhairle lena ndaingniú mar thaifead beacht.

(3) Nuair a bheidh miontuairiscí cruinnithe daingnithe, fara leasú nó gan leasú, déanfaidh an duine a bheidh i gceannas ar an gcruinniú a mbeidh siad curtha faoina bhráid lena ndaingniú iad a shíniú.

20. Déanfar ainmneacha na gcomhaltaí go léir atá i láthair ag cruinniú den Chomhairle a thaifeadadh sna miontuairiscí ar imeachtaí an chruinnithe.

21. Faoi réir mhíreanna 8 agus 13(4), féadfar gach gníomh a dhéanann an Chomhairle agus gach ceist a thagann nó a éiríonn os comhair na Comhairle a dhéanamh agus a chinneadh le tromlach na gcomhaltaí sin den Chomhairle atá i láthair agus a vótálann i ndáil leis an ngníomh nó leis an ní ag cruinniú den Chomhairle arna ghairm go cuí de réir dlí.

22. I gcás comhionannas vótaí a bheith ann ar aon cheist a éiríonn ag cruinniú den Chomhairle (seachas toghadh an Uachtaráin nó an Leas-Uachtaráin), beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe sin.

23. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le haon achtachán, lena n-áirítear an tAcht seo, féadfaidh an Chomhairle buanorduithe a dhéanamh chun a himeachtaí a rialáil agus féadfaidh sí na buanorduithe sin a leasú nó a chúlghairm.

1 OJ L255, 30.9.2005, l. 22