38 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 38 de 2007


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (FEIDHMEANNA BÓITHRE) 2007

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Leasú ar an Acht Rialtais Áitiúil 1998.

2 . Leasú ar an Roads Act 1920.

3 . Leasú ar alt 44 (forálacha i ndáil le hordú iarnróid) den Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001.

4 . Gearrtheideal agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Airgeadais 1992

1992, Uimh. 9

An tAcht Airgeadais 1993

1993, Uimh. 13

An tAcht Airgeadais 1994

1994, Uimh. 13

An tAcht Airgeadais 2003

2003, Uimh. 3

An tAcht Rialtais Áitiúil 1998

1998, Uimh. 16

An tAcht Rialtais Áitiúil 2001

2001, Uimh. 37

An tAcht Airí agus Rúnaithe 1924

1924, Uimh. 16

An tAcht um Mótarfheithiclí (Dleachtanna agus Ceadúnais) 2003

2003, Uimh. 5

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006

2006, Uimh. 27

Roads Act 1920

10 agus 11 Geo. 5, c.72

Acht na mBóithre 1993

1993, Uimh. 14

An tAcht Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001

2001, Uimh. 55

/images/harp.jpg


Uimhir 38 de 2007


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (FEIDHMEANNA BÓITHRE) 2007

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE FEIDHMEANNA ÁIRITHE A AISTRIÚ ÓN AIRE COMHSHAOIL, OIDHREACHTA AGUS RIALTAIS ÁITIÚIL CHUN AN AIRE IOMPAIR I LEITH BÓITHRE AGUS D’ÉASCÚ AN AISTRITHE SIN, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE hAIRGEAD A ÍOC AS AN gCISTE RIALTAIS ÁITIÚIL LEIS AN AIRE IOMPAIR I LEITH NITHE ÁIRITHE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[26 Samhain, 2007]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar an Acht Rialtais Áitiúil 1998.

1 .— Leasaítear an tAcht Rialtais Áitiúil 1998—

(a) in alt 4, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) Aon airgead a bheidh faighte, i ngach bliain airgeadais—

(a) ag an Aire i dtaca le cáin mhótarfheithicle a bhailiú, nó

(b) ag an Aire Iompair i dtaca le faisnéis a chur ar fáil as taifid arna mbunú agus arna gcoimeád faoi alt 60(2) (a cuireadh isteach le halt 86 den Acht Airgeadais 1994 agus arna leasú le halt 7 den Acht um Mótarfheithiclí (Dleachtanna agus Ceadúnais) 2003) den Acht Airgeadais 1993,

íocfaidh an tAire nó an tAire Iompair, de réir mar a bheidh, isteach sa Chiste é, seachas airgead arna íoc leis an Aire lena mbaineann as an gCiste nó airgead a sholáthraíonn an tOireachtas don Aire sin.”,

agus

(b) in alt 6—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Féadfaidh an tAire maidir le méid airgid a bheidh íoctha aige nó aici as an gCiste faoi fho-alt (1) a cheangal ar an údarás áitiúil nó ar na húdaráis áitiúla lena mbaineann an méid nó cuid de a úsáid ar mhodh sonraithe i leith comhlíonadh feidhmeanna ag an údarás áitiúil nó ag na húdaráis áitiúla sin i ndáil le cibé nithe a chinnfidh an tAire, ó am go ham, i scríbhinn. Déanfaidh an t-údarás áitiúil nó na húdaráis áitiúla lena mbaineann an ceanglas sin a chomhlíonadh.

(2A) Féadfaidh an tAire íocaíochtaí a dhéanamh as an gCiste leis an Aire Iompair—

(a) i leith bóithre poiblí seachas bóithre náisiúnta (de réir bhrí Acht na mBóithre 1993),

(b) i leith oibreacha a dhéanamh faoi alt 81 den Acht Rialtais Áitiúil 2001, agus

(c) i leith na gcaiteachas a thabhóidh an tAire Iompair—

(i) i dtaca le taifid a bhunú agus a choimeád faoi alt 60(2) (a cuireadh isteach le halt 86 den Acht Airgeadais 1994 agus arna leasú le halt 7 den Acht um Mótarfheithiclí (Dleachtanna agus Ceadúnais) 2003) den Acht Airgeadais 1993,

(ii) i dtaca le cáin mhótarfheithicle a riaradh thar ceann an Aire,

(iii) i dtaca le ceadúnais tiomána a eisiúint, agus

(iv) i dtaca le faisnéis a sholáthar ó na taifid lena mbaineann fomhír (i).

(2B) Féadfaidh an tAire na caiteachais a thabhóidh an tAire i dtaca le cáin mhótarfheithicle a riaradh agus a bhailiú, a íoc as an gCiste leis féin nó léi féin.”,

agus

(ii) trí fho-alt (5) a scriosadh agus “nó (5)” a scriosadh i bhfo-alt (6).

Leasú ar an Roads Act 1920.

2 .— (1) Leasaítear alt 12 den Roads Act 1920

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) trí “Other than as provided for by subsection (1A), the Minister may make regulations” a chur in ionad “The Minister may make regulations”,

(ii) trí mhír (d) a scriosadh,

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (e):

“(e) providing for the issue of new licences in place of any licences which may have been lost or destroyed, and (having regard to all the costs involved in so providing) for the fee to be paid on the issue of a new licence; and”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) For the purposes of registration certificates, the Minister for Transport may make regulations—

(a) requiring any person—

(i) buying or selling, or otherwise acquiring or disposing of, a vehicle,

(ii) altering or destroying a vehicle, or

(iii) permanently removing a vehicle from the State or, having otherwise removed it from the State, who intends not to have it normally kept within the State,

to furnish the prescribed particulars in the prescribed manner,

(b) providing for—

(i) the issue of a registration certificate in respect of any vehicle,

(ii) where a registration certificate has been lost or destroyed, the issue of a replacement and (having regard to all the costs involved in so providing) the fee to be paid on the issue of a new registration certificate,

(iii) the inspection by prescribed persons of any registration certificate so issued,

(iv) the surrender and production of any registration certificate so issued.”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Every regulation made under this Act shall be laid before each House of the Oireachtas as soon as may be after it is made and, if a resolution annulling the regulation is passed by either such House within 21 days of the day on which that House has sat after the regulation is laid before it, the regulations shall be annulled accordingly, but without prejudice to the validity of anything previously done under them.”,

agus

(d) i bhfo-alt (3), trí “by the Minister” a scriosadh.

(2) Leasaítear alt 17 den Roads Act 1920—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “the Minister” (mar a fhorléirítear é faoi threoir alt 1(iv) den Acht Airí agus Rúnaithe 1924 agus an Tríú Cuid den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin):

“The expression ‘the Minister’ means the Minister for the Environment, Heritage and Local Government;”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “prescribed”:

“The expression ‘registration certificate’ means a certificate of registration issued under subsection (5) (inserted by the Finance Act 2003) of section 131 of the Finance Act 1992 and, where the context admits, includes a registration book, a vehicle registration certificate and a vehicle licensing certificate duly issued in respect of a vehicle registered in the State before 28 May 2004;”.

(3) Aon rialacháin a rinneadh go hiomlán nó go páirteach faoi alt 12 den Roads Act 1920—

(a) agus a bhaineann le nithe a bhféadfadh an tAire Iompair rialacháin a dhéanamh ina leith faoi alt 12(1A) den Acht sin (a cuireadh isteach le fo-alt (1)(b)), agus

(b) a bheidh i bhfeidhm díreach roimh theacht i ngníomh, nó ar theacht i ngníomh, don Acht Rialtais Áitiúil (Feidhmeanna Bóithre) 2007,

leanfaidh siad i bhfeidhm agus féadfaidh an tAire Iompair iad a leasú nó a chúlghairm i leith na nithe sin.

Leasú ar alt 44 (forálacha i ndáil le hordú iarnróid) den Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001.

3 .— Leasaítear alt 44 (a cuireadh isteach le halt 49(b) den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006) den Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid) 2001 i bhfo-alt (2)(b) trí “faoi réir thoiliú an Aire” a chur in ionad “faoi réir thoiliú an Aire i gcás bóthair náisiúnta nó an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil i gcás aon bhóthair phoiblí eile” agus tá an fo-alt sin (2) (seachas mír (a) agus míreanna (c) go (i)) leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), maidir le hordú iarnróid—

(b) féadfar a shonrú ann aon chearta i dtalamh nó in uisce nó faoi nó thairis nó, faoi réir thoiliú an Aire, in aon bhóthar poiblí nó faoi nó thairis ar gá, i dtuairim an Bhoird, iad a fháil chun éifeacht a thabhairt don ordú,

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

4 .— (1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Feidhmeanna Bóithre) 2007 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil le hordú.