41 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 41 de 2007


AN tACHT LEITHREASA 2007

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon €45,148,322,000 san iomlán, a leithreasú.

2 . Géilleadh iarchurtha a bhaineann le seirbhísí soláthair chaipitiúil, eadhon €126,119,000 san iomlán.

3 . Rúin airgeadais a rith Dáil Éireann an 5 Nollaig 2007.

4 . Gearrtheideal.

SCEIDEAL 1

Suimeanna a Vótáladh le haghaidh Seirbhísí Soláthair a Leithreasú

SCEIDEAL 2

Géilleadh Iarchurtha a Bhaineann le Seirbhísí Soláthair Chaipitiúil


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Príomh-Chiste (Forálacha Buana) 1965

1965, Uimh. 26

An tAcht Airgeadais 2004

2004, Uimh. 8

An tAcht um Bhailiú Shealadach Cánach 1927

1927, Uimh. 7

Public Accounts and Charges Act 1891

54 & 55 Vict., c. 24

Na hAchtanna Aoisliúntais 1834 go 2004

An tAcht Aoisliúntas agus Pinsean 1976

1976, Uimh. 22

/images/harp.jpg


Uimhir 41 de 2007


AN tACHT LEITHREASA 2007

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEITHREASÚ SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA) 1965 CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA gCRÍOCH CUÍ, DO DHÉANAMH FORÁLA MAIDIR LE TABHAIRT SUAS IARCHURTHA LEITHREASUITHE ÁIRITHE NEAMHURSCAOILTE DON PHRÍOMH-CHISTE FAOI THREOIR NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR CHAIPITIÚIL AGUS NA gCRÍOCH DÁ bhFORÁILTEAR LE hALT 91 DEN ACHT AIRGEADAIS 2004 AGUS DO DHÉANAMH FORÁLA I nDÁIL LEIS NA RÚIN AIRGEADAIS A RITH DÁIL ÉIREANN AN 5 NOLLAIG 2007.

[21 Nollaig, 2007]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon €45,148,322,000 san iomlán, a leithreasú.

1 .— (1) Na suimeanna a deonaíodh as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana) 1965 chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán suim cúig mhíle is daichead, céad daichead is ocht milliún, trí chéad fiche is dhá mhíle euro le haghaidh sheirbhís na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2007, déantar iad a leithreasú le haghaidh na seirbhísí agus na gcríoch a luaitear i Sceideal 1.

(2) I dteannta na ndeontas as an bPríomh-Chiste dá dtagraítear i bhfo-alt (1), féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deireanach de Sceideal 1 agus a ndéanann a n-iomlán suim ceithre mhíle céad caoga is ceithre mhilliún, trí chéad is trí mhíle euro déag a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act 1891 é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na gcríoch a shonraítear sa Sceideal sin.

Géilleadh iarchurtha a bhaineann le seirbhísí soláthair chaipitiúil, eadhon €126,119,000 san iomlán.

2 .— Chun críocha alt 91 den Acht Airgeadais 2004, i leith leithreasaí neamhurscaoilte áirithe faoi threoir na seirbhísí soláthair chaipitiúil agus na gcríoch a áirítear i vóta dá dtagraítear i Sceideal 1, leagtar amach i Sceideal 2 na suimeanna a iarchuireadh isteach sa bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2008, agus na vótaí gaolmhara agus na teidil ghaolmhara i leith gach ceann de na suimeanna sin, a ndéanann a n-iomlán suim céad fiche is sé mhilliún, céad is naoi míle euro déag.

Rúin Airgeadais a rith Dáil Éireann an 5 Nollaig 2007.

3 .— (1) Féadfar an reachtaíocht is gá chun éifeacht a thabhairt do na rúin airgeadais a rith Dáil Éireann an 5 Nollaig 2007 agus dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, faoi réir na tréimhse ama a shonraítear in alt 4 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach 1927, a achtú sa bhliain 2008.

(2) Is iad seo a leanas na Rúin Airgeadais dá dtagraítear i bhfo-alt (1):

(a) Rún Airgeadais Uimh. 1 (a bhaineann le méadú ar dhleachtanna máil ar thobac agus ar tháirgí tobac);

(b) Rún Airgeadais Uimh. 2 (a bhaineann le méadú ar rátaí dleachta stampa ar bhillí malairte);

(c) Rún Airgeadais Uimh. 3 (a bhaineann le méadú ar na rátaí mótarchánach agus ar phlátaí ceadúnais trádála);

(d) Rún Airgeadais Uimh. 4 (a bhaineann le cáin ioncaim agus le méadú ar an ráta sonraithe i gcomhair iasachtaí tosaíochta).

Gearrtheideal.

4 .— Féadfar an tAcht Leithreasa 2007 a ghairm den Acht seo.

SCEIDEAL 1

Suimeanna a Vótáladh le haghaidh Seirbhísí Soláthair a Leithreasú

Alt 1 .

Sceideal de shuimeanna a deonaíodh, agus de shuimeanna a fhéadfar a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair i dteannta na suimeanna a deonaíodh, chun íoctha mhuirir na Seirbhísí Poiblí a luaitear i gcolún (2) a ghabhann leis an Sceideal seo agus a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2007.

Suimeanna nach mó ná

Vóta Uimh.

Teideal

Deontais Soláthair

Leithreasaí-i-gcabhair

(1)

(2)

(3)

(4)

1

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig Rúnaí an Uachtaráin, le haghaidh costas áirithe eile a bhaineann le Teaghlachas an Uachtaráin agus le haghaidh deontas áirithe .....

3,469,000

2

Le haghaidh thuarastail agus chostais Roinn an Taoisigh, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na Roinne agus chun deontais agus deontais-i-gcabhair a íoc ........ ..... ..... ..... ..... ..... ....

43,736,000

100,000

3

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Ard-Aighne, lena n-áirítear deontas-i-gcabhair

19,220,000

8,000

4

Le haghaidh thuarastail agus chostais na Príomh-Oifige Staidrimh ..... ..... ..... ..... ..... .....

54,900,000

695,000

5

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ..... ..... ..... .....

9,747,000

4,200,000

6

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Airgeadais, lena n-áirítear Oifig an Phámháistir Ghinearálta, le haghaidh seirbhísí áirithe atá faoi riaradh Oifig an Aire agus chun deontais agus deontais-i-gcabhair áirithe a íoc ..... ..... ..... ..... .....

97,501,000

6,583,000

7

Le haghaidh pinsean, aoisliúntais, díobhálacha ceirde, agus liúntas agus aiscí breise agus eile faoi na hAchtanna Aoisliúntais 1834 go 2004, agus faoin Acht Aoisliúntas agus Pinsean 1976, agus faoi ilreachtanna eile; pinsean eisreachtúil, liúntas eisreachtúil agus aiscí eisreachtúla arna ndámhachtain ag an Aire Airgeadais; táillí do lia-réiteoirí agus táillí ócáideacha do dhochtúirí; cúitimh agus íocaíochtaí eile i leith díobhálacha pearsanta; táillí don Bhord Pinsean; íocaíochtaí i leith an Chórais Sochair Pinsean, íocaíochtaí ilghnéitheacha, etc.

253,000,000

62,000,000

8

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig na gCoimisinéirí Achomhairc ..... ..... ..... ..... .....

651,000

9

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, lena n-áirítear seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin ..... .... ..... ..... ..... .....

409,598,000

41,460,000

10

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig na nOibreacha Poiblí; le haghaidh seirbhísí atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Oifig an tSoláthair mar chuid de Ghníomhaireacht Soláthair an Rialtais, agus chun deontais áirithe a íoc agus chun caiteachas áirithe i ndáil le faoiseamh tuile a chúiteamh .....

616,262,000

21,360,000

11

Le haghaidh thuarastail agus chostais na Saotharlainne Stáit

10,009,000

100,000

12

Le haghaidh na Seirbhíse Sicréidí

805,000

13

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit ..... ..... ..... ..... .....

50,157,000

270,000

14

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ..... ..... .....

35,795,000

15,000

15

Le haghaidh thuarastail agus chostais na hOifige Luachála agus mionseirbhísí áirithe ..... .....

10,977,000

1,630,000

16

Le haghaidh thuarastail agus chostais na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí ..... ..... .....

13,810,000

150,000

17

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí .....

1,059,000

18

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Ombudsman, an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, Oifig an Choimisinéara Faisnéise agus Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil ..... ..... .....

8,625,000

5,000

19

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, agus seirbhísí áirithe eile, lena n-áirítear íocaíochtaí faoi scéimeanna airgeadteoranta atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontais áirithe agus deontais-i-gcabhair a íoc ..... ..... ..... ..... .....

450,338,000

20,296,000

20

Le haghaidh thuarastail agus chostais an Gharda Síochána, lena n-áirítear pinsin, etc.; le haghaidh íocaíochtaí cúitimh agus costas eile i leith seirbhíse sna Caomhnóirí Áitiúla; chun costais finnéithe áirithe a íoc; agus chun deontas-i-gcabhair a íoc ..... ..... ..... ..... ..... ..... ..... .....

1,437,342,000

45,049,000

21

Le haghaidh thuarastail agus chostais na Seirbhíse Príosún agus le haghaidh costas eile i ndáil le príosúin, lena n-áirítear ionaid choinneála; le haghaidh seirbhísí promhaidh; agus chun deontas-i-gcabhair a íoc ..... .....

374,389,000

22,749,000

22

Le haghaidh na dtuarastal agus na gcostas sin de chuid na Seirbhíse Cúirteanna agus na Cúirte Uachtaraí, na hArd-Chúirte, na Cúirte Coiriúla Speisialta, na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche agus mionseirbhísí áirithe eile nach muirear ar an bPríomh-Chiste ..... ..... ..... ..... ..... .....

102,566,000

28,361,000

23

Le haghaidh thuarastail agus chostais an Údaráis Clárúcháin Maoine ..... ..... ..... ..... ..... .....

44,194,000

24

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla ...... ..... ..... ..... ....

465,000

1,000

25

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, lena n-áirítear deontais d’Údaráis Áitiúla, deontais agus costais eile i ndáil le tithíocht, seirbhísí uisce, scéimeanna ilghnéitheacha, fóirdheontais agus deontais .....

2,944,624,000

31,276,000

26

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Oideachais agus Eolaíochta, le haghaidh seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontais agus deontais-i-gcabhair áirithe a íoc ..... ..... ..... ..... .....

8,485,331,000

227,703,000

27

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, le haghaidh seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontais áirithe a íoc ......

475,001,000

47,653,000

28

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Gnóthaí Eachtracha, agus seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair agus ranníocaí d’Eagraíochtaí Idirnáisiúnta .....

214,945,000

39,000,000

29

Le haghaidh Cúnaimh Oifigiúil Forbartha áirithe, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair áirithe, agus le haghaidh ranníocaí d’Eagraíochtaí Idirnáisiúnta áirithe atá páirteach i gCúnamh Forbartha agus le haghaidh tuarastal agus costas i dtaca leo sin ..... ..... ..... ..... ..... ..... ..... .....

729,807,000

150,000

30

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontais áirithe agus ildeontais-i-gcabhair a íoc ..... ..... ..... ..... .....

274,802,000

237,169,000

31

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus Choimisiún Talún na hÉireann agus chun deontais, fóirdheontais agus ildeontais-i-gcabhair áirithe a íoc agus chun deontais áirithe faoi scéimeanna airgeadteoranta a íoc ..... ..... .....

1,303,705,000

436,307,000

32

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Iompair, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, chun deontais áirithe agus deontais-i-gcabhair a íoc, agus le haghaidh seirbhísí áirithe eile .....

2,859,321,000

30,550,000

33

Le haghaidh thuarastail agus chostais na Dánlainne Náisiúnta, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair

11,765,000

1,000

34

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, chun fóirdheontais, deontais agus deontais-i-gcabhair áirithe a íoc agus chun deontais áirithe faoi scéimeanna airgeadteoranta a íoc

1,391,311,000

117,839,000

35

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun fóirdheontais, deontais agus deontais-i-gcabhair áirithe a íoc

649,276,000

2,240,000

36

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Cosanta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin; le haghaidh phá agus chostais Óglaigh na hÉireann; agus chun deontais-i-gcabhair áirithe a íoc

797,130,000

24,951,000

37

Le haghaidh pá scoir, pinsean, cúitimh, liúntas agus aiscí is iníoctha faoi ilreachtanna le comhaltaí d’Óglaigh na hÉireann agus d’Eagraíochtaí Míleata áirithe eile, etc., nó ina leith sin, agus le haghaidh ilranníocaí agus ilchostas i ndáil leo sin; le haghaidh liúntas eisreachtúil áirithe leanaí agus íocaíochtaí eile agus ildeontas ..... ..... ..... .....

181,878,000

6,589,000

38

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Gnóthaí Sóisialacha, agus Teaghlaigh, le haghaidh seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus le haghaidh deontas áirithe lena n-áirítear deontas-i-gcabhair ..... .....

8,245,135,000

179,509,000

39

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Sláinte agus Leanaí (lena n-áirítear Oifig an Ard-Chláraitheora), agus seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear deontais ilghnéitheacha

478,472,000

380,000

40

Le haghaidh thuarastail agus chostais Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na Feidhmeannachta, lena n-áirítear deontais ilghnéitheacha ..... .....

11,474,410,000

2,493,009,000

41

Le haghaidh seirbhísí áirithe a sholáthar i leith leanaí, lena n-áirítear deontais ilghnéitheacha

582,794,000

24,955,000

Iomlán Sceideal 1....

45,148,322,000

4,154,313,000

SCEIDEAL 2

Géilleadh Iarchurtha a Bhaineann le Seirbhísí Soláthair Chaipitiúil

Alt 2 .

Sceideal de shuimeanna a áirítear i Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht seo, ar suimeanna iad a bhféadfaidh an tAire Airgeadais a chinneadh ina leith, le hordú faoi Alt 91 den Acht Airgeadais 2004, go mbeidh siad ar fáil chun a n-úsáide chun slánaithe soláthair sa bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2008 le haghaidh na seirbhísí soláthair chaipitiúil agus na gcríoch sna Vótaí agus sna Teidil chomhréire a luaitear i gcolúin (1) agus (2).

Vóta Uimh.

Teideal

Suimeanna dá n-iarchuirtear géilleadh.

(1)

(2)

(3)

6

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Airgeadais, lena n-áirítear Oifig an Phámháistir Ghinearálta, le haghaidh seirbhísí áirithe atá faoi riaradh Oifig an Aire agus chun deontais agus deontais-i-gcabhair áirithe a íoc ..... ..... ..... ...... ..... .....

800,000

10

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig na nOibreacha Poiblí; le haghaidh seirbhísí atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Oifig an tSoláthair mar chuid de Ghníomhaireacht Soláthair an Rialtais, agus chun deontais áirithe a íoc agus chun caiteachas áirithe i ndáil le faoiseamh tuile a chúiteamh ..... ..... ..... ..... ..... ..... ..... ..... .....

35,650,000

23

Le haghaidh thuarastail agus chostais an Údaráis Clárúcháin Maoine ..... ..... ..... .....

500,000

30

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontais agus ildeontais-i-gcabhair áirithe a íoc ..... ..... ..... ..... ..... ..... ..... ..... ..... ..... .....

2,047,000

31

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus Choimisiún Talún na hÉireann agus chun deontais, fóirdheontais agus ildeontais-i-gcabhair áirithe a íoc agus chun deontais áirithe faoi scéimeanna airgeadteoranta a íoc ..... ..... ..... ..... ..... ..... .....

31,413,000

34

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, chun fóirdheontais agus deontais áirithe agus deontas-i-gcabhair a íoc, agus chun deontais áirithe faoi scéimeanna airgeadteoranta a íoc ..... ..... ..... ..... ..... .....

23,428,000

35

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun fóirdheontais, deontais agus deontais-i-gcabhair áirithe a íoc .... ..... ..... ..... ..... .....

25,181,000

36

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Cosanta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin; le haghaidh phá agus chostais Óglaigh na hÉireann; agus chun deontais-i-gcabhair áirithe a íoc ..... .....

3,000,000

39

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Sláinte agus Leanaí (lena n-áirítear Oifig an Ard-Chláraitheora), agus seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear deontais ilghnéitheacha ..... ..... ..... .....

4,100,000

Iomlán Sceideal 2 ...

126,119,000