6 2009

/images/harp.jpg


Uimhir 6 de 2009


AN tACHT CARTHANAS 2009

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1 . Gearrtheideal agus tosach feidhme.

2 . Léiriú.

3 . Cuspóir carthanúil.

4 . Orduithe agus rialacháin.

5 . Caiteachais.

6 . Athbhreithniú ar oibriú an Achta.

7 . Díolúine ón dliteanas cáin a íoc.

8 . Gan feidhm maidir le hiontaobhais áirithe le bheith ag an Acht.

9 . Doiciméid a sheirbheáil.

10 . Cionta.

11 . Aisghairm.

CUID 2

An tÚdarás Rialála Carthanas

12 . An Lá Bunaithe.

13 . An tÚdarás Rialála Carthanas a bhunú.

14 . Feidhmeanna an Údaráis.

15 . Ordacháin ón Aire.

16 . Deontais don Údarás.

17 . An tÚdarás d'fháil iasachtaí.

18 . Caiteachais an Údaráis a ghnóthú.

19 . An príomhfheidhmeannach.

20 . Feidhmeanna an phríomhfheidhmeannaigh.

21 . Feidhmeanna an phríomhfheidhmeannaigh a tharmligean.

22 . Cuntasacht an phríomhfheidhmeannaigh don Choiste um Chuntais Phoiblí.

23 . Cuntasacht an phríomhfheidhmeannaigh do Choistí Oireachtais eile.

24 . Foireann.

25 . Foireann a aistriú chuig an Údarás.

26 . Aoisliúntas.

27 . Nochtadh faisnéise maidir le cionta faoin Acht.

28 . An tÚdarás do nochtadh faisnéise i gcás drochamhras a bheith air go bhfuil cion déanta.

29 . Ráiteas straitéise.

30 . Cuntais an Údaráis.

31 . Tuarascáil bhliantúil.

32 . Faisnéis a sholáthar do pháirtithe leasmhara.

33 . Comhar riaracháin maidir le nithe a bhaineann le rialáil.

34 . Comhar riaracháin le comhlachtaí reachtúla coigríche maidir le nithe a bhaineann le forfheidhmiú an dlí.

35 . Dul i gcomhairle le leas-sealbhóirí.

36 . Painéil chomhairleacha.

37 . Ordacháin ón Aire maidir le painéil chomhairleacha.

38 . Feidhmeanna an Ard-Aighne a aistriú chuig an Údarás.

CUID 3

Eagraíochtaí Carthanúla a Rialáil

39 . Clár eagraíochtaí carthanúla.

40 . Measfar eagraíochtaí carthanúla áirithe a bheith cláraithe chun críocha an Achta.

41 . Is cion é eagraíocht charthanúil neamhchláraithe do sheoladh gníomhaíochtaí sa Stát.

42 . Ainm eagraíochta carthanúla.

43 . Eagraíocht charthanúil a bhaint den chlár.

44 . Cinneadh nach measfar feasta eagraíocht charthanúil lena mbaineann alt 40 a bheith cláraithe.

45 . Achomharc a dhéanamh chun an Bhinse in aghaidh breithe ón Údarás.

46 . Tagairtí do stádas carthanúil.

47 . An dualgas leabhair chuntais chuí a choimeád.

48 . Ráiteas cuntas bliantúil.

49 . Tuairisceáin bhliantúla faoi Achtanna na gCuideachtaí.

50 . Iniúchadh nó scrúdú bliantúil ar chuntais.

51 . Rialacháin i ndáil le hiniúchtaí, etc.

52 . Tuarascálacha bliantúla.

53 . Ceanglas faisnéis a sholáthar.

54 . An pobal d’iniúchadh tuarascálacha bliantúla, etc.

55 . Daoine atá dícháilithe chun bheith ina n-iontaobhaithe de chuid eagraíochta carthanúla.

56 . Duine ag gníomhú mar iontaobhaí carthanais le linn a bheith dícháilithe.

57 . Gníomhú faoi ordacháin ó dhuine nach bhfuil cáilithe chun bheith ina iontaobhaí carthanais nó ina hiontaobhaí carthanais.

58 . Iarmhairtí mar gheall ar ghníomhú faoi ordachán ó dhuine nach bhfuil cáilithe chun bheith ina iontaobhaí carthanais nó ina hiontaobhaí carthanais.

59 . Oibleagáid chun déanamh ciona a nochtadh don Údarás.

60 . Cosaint i gcoinne imeachtaí mar gheall ar chlúmhilleadh maidir leis an Údarás d’fhoilsiú tuarascálacha áirithe.

61 . Cosaint ar dhliteanas sibhialta do dhaoine a thuairisceoidh sáruithe ar an Acht, etc. don Údarás.

62 . Fostaithe a chosaint ar phionósú mar gheall ar sháruithe ar an Acht, etc., a thuairisciú.

63 . Ráitis bhréagacha.

CUID 4

Eagraíochtaí Carthanúla a Chosaint

64 . Gnóthaí eagraíochta carthanúla a imscrúdú.

65 . Doiciméid agus fianaise a thabhairt ar aird, tráth imscrúdaithe.

66 . Tuarascálacha cigire.

67 . Caiteachais imscrúdaithe ar ghnóthaí eagraíochta carthanúla.

68 . Cumhacht an Údaráis chun a cheangal doiciméid a thabhairt ar aird.

69 . Dul isteach in áitreabh agus é a chuardach.

70 . Foráil d’fhonn faisnéis a shlánchoimeád.

71 . Tuarascálacha cigire a bheith ina bhfianaise.

72 . Cosaint d'fhaisnéis faoi phribhléid.

73 . Smachtbhannaí idirmheánacha.

74 . Eagraíochtaí carthanúla a chosaint.

CUID 5

An Binse Achomhairc do Charthanais

75 . An Binse Achomhairc do Charthanais.

76 . Rúnaíocht agus áitreabh an Bhinse.

77 . An Binse do chinneadh achomharc.

78 . Seolfar imeachtaí go poiblí.

79 . Cumhacht an Bhinse rialacha nóis imeachta a dhéanamh.

80 . Achomharc i gcoinne an Bhinse.

CUID 6

Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla d’Éirinn a Dhíscaoileadh

81 . Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla d'Éirinn a dhíscaoileadh.

82 . Feidhmeanna a aistriú chuig an Údarás.

83 . Talamh agus maoin eile a aistriú.

84 . Cearta agus dliteanais a aistriú, agus léasanna, ceadúnais agus ceadanna arna ndeonú ag an gcomhlacht díscaoilte do leanúint i bhfeidhm.

85 . Dliteanas i leith caillteanais a tharlaíonn roimh an lá bunaithe.

86 . Forálacha de dhroim feidhmeanna, sócmhainní, agus dliteanais a aistriú chuig an Údarás.

87 . Cuntais chríochnaitheacha agus tuarascáil bhliantúil chríochnaitheach an chomhlachta dhíscaoilte.

88 . Cosaint maidir le scéimeanna áirithe.

CUID 7

Ilghnéitheach

89 . Cead comhaontuithe áirithe a dhéanamh le hiontaobhaithe carthanais nó le daoine bainteacha.

90 . Cumhacht na cúirte faoiseamh ó dhliteanas i leith sáraithe iontaoibhe a dheonú.

91 . Árachas slánaíochta i leith iontaobhaí carthanais.

92 . Eagraíocht charthanúil a dhíscaoileadh.

93 . Foráil maidir le bailiúcháin nach bailiúcháin airgid agus maidir le nithe gaolmhara faoi Acht 1962.

94. Dualgais bailitheoirí.

95 . Doiciméadacht bailiúcháin nach bailiúchán airgid a urghabháil, etc.

96 . Cionta faoi Acht 1962.

97 . Cumhacht chun rialacháin a dhéanamh i ndáil le cruinniú airgid carthanúil.

98 . Leasú ar Acht an Bhainc Ceannais 1997.

99. Cártaí Aifrinn a dhíol.

SCEIDEAL 1

An tÚdarás Rialála Carthanas

SCEIDEAL 2

Aisghairm


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003

2003, Uimh. 1

Acht an Bhainc Ceannais 1971

1971, Uimh. 24

Acht an Bhainc Ceannais 1997

1997, Uimh. 8

An tAcht Carthanas 1961

1961, Uimh. 17

Acht na gCuideachtaí 1990

1990, Uimh. 33

Achtanna na gCuideachtaí

Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 1993

1993, Uimh. 8

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Cionta Gadaíochta agus Calaoise) 2001

2001, Uimh. 50

An tAcht Oideachais 1998

1998, Uimh. 51

An tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995

1995, Uimh. 22

Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú) 1993

1993, Uimh. 25

An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997

1997, Uimh. 2

An tAcht um Chearrbhachas agus Crannchuir 1956

1956, Uimh. 2

Acht an Údaráis um Ard-Oideachas 1971

1971, Uimh. 22

An tAcht um Institiúidí Teicneolaíochta 2006

2006, Uimh. 25

An tAcht um Idirghabhálaithe Infheistíochta 1995

1995, Uimh. 11

An tAcht Rialtais Áitiúil 2001

2001, Uimh. 37

An tAcht um Margaí in Ionstraimí Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha 2007

2007, Uimh. 37

Na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta 1973 go 2001

An tAcht um Eagrú Ama Oibre 1997

1997, Uimh. 20

Na hAchtanna Pinsean 1990 go 2002

An tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001

2001, Uimh. 45

Na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 2001

An tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999

1999, Uimh. 31

An tAcht um Bailiúcháin Sráide agus ó Theach go Teach 1962

1962, Uimh. 13

An tAcht Trádála Sráide 1926

1926, Uimh. 15

An tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997

1997, Uimh. 39

An tAcht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994

1994, Uimh. 5

An tAcht um Dhífhostú Éagórach 1977

1977, Uimh. 10

Na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2001

An tAcht Oideachais Ghairme Beatha 1930

1930, Uimh. 29

/images/harp.jpg


Uimhir 6 de 2009


AN tACHT CARTHANAS 2009

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE RIALÁIL NÍOS FEARR A DHÉANAMH AR EAGRAÍOCHTAÍ CARTHANÚLA, AGUS, CHUN NA CRÍCHE SIN, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN COMHLACHT A BHUNÚ AR A dTABHARFAR AN tÚDARÁS RIALÁLA CARTHANAS NÓ, SA BHÉARLA, THE CHARITIES REGULATORY AUTHORITY; DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN COIMISINÉIRÍ NA dTABHARTAS AGUS NA dTIOMNACHTAÍ CARTHANÚLA D'ÉIRINN A DHÍSCAOILEADH; DO DHÉANAMH SOCRÚ I nDÁIL LE RIALÁIL AGUS COSAINT EAGRAÍOCHTAÍ CARTHANÚLA AGUS IONTAOBHAS CARTHANÚIL; DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN EAGRAÍOCHTAÍ CARTHANÚLA A CHLÁRÚ; DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN COMHLACHT A BHUNÚ AR A dTABHARFAR AN BINSE ACHOMHAIRC DO CHARTHANAIS D'FHONN ACHOMHAIRC I gCOINNE CINNTÍ ÓN ÚDARÁS RIALÁLA CARTHANAS A ÉISTEACHT; DO DHÉANAMH SOCRÚ I nDÁIL LE CRUINNIÚ AIRGID AG EAGRAÍOCHTAÍ CARTHANÚLA CLÁRAITHE, NÓ THAR A gCEANN; DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN FORÁLACHA ÁIRITHE DEN ACHT CARTHANAS 1961 A AISGHAIRM; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS AN MÉID SIN.

[28 Feabhra, 2009]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1 .— (1) Féadfar an tAcht Carthanas 2009 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla, agus chun forálacha éagsúla den Acht Carthanas 1961 a aisghairm le halt 11.

Léiriú.

2 .— (1) San Acht seo—

ciallaíonn “ Acht 1962 ” an tAcht um Bailiúcháin Sráide agus ó Theach go Teach, 1962;

ciallaíonn “ Acht 1998 ” an tAcht Oideachais 1998;

ciallaíonn “ Acht de 2001 ” an tAcht um Cheartas Coiriúil (Cionta Gadaíochta agus Calaoise) 2001;

tá le “Údarás” an bhrí a shanntar dó le halt 13;

folaíonn “ comhlacht ”, i ndáil le hiontaobhas nach bhfuil ann ina leith ach aon iontaobhaí amháin, an t-iontaobhaí sin;

ciallaíonn “bronntanas carthanúil” bronntanas chun críoch carthanúil;

ciallaíonn “ eagraíocht charthanúil ”—

(a) iontaobhaithe iontaobhais charthanúil, nó

(b) comhlacht corpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe daoine—

(i) a dhéanann críoch charthanúil, agus an chríoch sin amháin, a chur chun cinn,

(ii) a bhfuil ceangal air, faoina bhunreacht, a mhaoin go léir (idir réadach agus phearsanta) a úsáid ar mhaithe leis an gcríoch sin, seachas airgead a chaitear—

(I) ar oibriú agus ar chothabháil an chomhlachta, lena n-áirítear airgead a íoctar mar luach saothair agus mar aoisliúntas le comhaltaí d’fhoireann an chomhlachta, agus

(II) i gcás eagraíochta creidimh nó sámhtha creidimh, ar chóiríocht agus ar chúram comhaltaí den eagraíocht nó den sámhadh,

agus

(iii) arb amhlaidh maidir lena mhaoin nach iníoctha aon chuid di le comhaltaí an chomhlachta seachas de réir alt 89,

ach ní fholóidh sé comhlacht eisiata;

forléireofar “ críoch charthanúil ” de réir alt 3;

ciallaíonn “ iontaobhas carthanúil ” iontaobhas—

(a) arna bhunú chun críche carthanúla amháin,

(b) arna bhunú faoi ghníomhas iontaobhais lena gceanglaítear ar iontaobhaithe an iontaobhais maoin uile an iontaobhais (idir réadach agus phearsanta) a úsáid ar mhaithe leis an gcríoch sin seachas airgead a chaitear ag bainistiú an iontaobhais, agus

(c) arb amhlaidh maidir lena mhaoin nach iníoctha aon chuid di le hiontaobhaithe an iontaobhais seachas de réir alt 89;

folaíonn “ iontaobhaí carthanais ”—

(a) i gcás eagraíochta carthanúla ar cuideachta í, stiúrthóirí na cuideachta agus na hoifigigh eile don chuideachta, agus

(b) i gcás eagraíochta carthanúla is comhlacht corpraithe (seachas cuideachta) nó comhlacht neamhchorpraithe daoine, aon oifigeach don chomhlacht nó aon duine atá ag comhlíonadh feidhmeanna oifigigh don chomhlacht de thuras na huaire,

agus forléireofar tagairtí d’iontaobhaí carthanais de chuid eagraíochta carthanúla mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d’iontaobhaí de chuid iontaobhais charthanúil;

tá le “ príomhfheidhmeannach ” an bhrí a shanntar dó le halt 19;

ciallaíonn “ cuideachta ” cuideachta arna bunú faoi Achtanna na gCuideachtaí;

ciallaíonn “ bunreacht ” na rialacha (cibé acu atá siad i scríbhinn nó nach bhfuil) lena rialaítear riaradh agus rialú eagraíochta carthanúla agus lena rialáiltear a gníomhaíochtaí, agus folaíonn sé—

(a) i gcás eagraíochta carthanúla arb éard atá inti iontaobhaithe iontaobhais charthanúil, an gníomhas iontaobhais lena mbunaítear an t-iontaobhas carthanúil,

(b) i gcás eagraíochta carthanúla ar cuideachta í, meabhrán agus airteagail chomhlachais na cuideachta,

(c) i gcás eagraíochta carthanúla is comhlacht corpraithe seachas cuideachta, an chairt, an reacht nó an ionstraim eile den tsamhail sin lena mbunaítear í, agus

(d) i gcás eagraíochta carthanúla is comhlacht neamhchorpraithe daoine, rialacha an chomhlachta,

ach ní fholaíonn sé aon achtachán nó riail dlí is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí na heagraíochta a sheoladh;

tá le “ comhlacht díscaoilte ” an bhrí a shanntar dó le halt 81;

ciallaíonn “ comhlacht oideachais ”—

(a) coiste gairmoideachais arna bhunú le halt 7 den Acht Oideachais Ghairme Beatha 1930,

(b) scoil aitheanta de réir bhrí Acht 1998,

(c) coiste bainistíochta arna bhunú chun críocha alt 37 d’Acht 1998,

(d) cumann tuismitheoirí arna bhunú de réir alt 26 d’Acht 1998,

(e) comhairle mac léinn arna bunú de réir alt 27 d’Acht 1998,

(f) foras ard-oideachais de réir bhrí Acht an Údaráis um Ard-Oideachas 1971 (arna leasú le halt 52 den Acht um Institiúidí Teicneolaíochta 2006), nó

(g) comhlacht arna bhunú chun maoiniú a dhéanamh ar líon nach mó nach aon fhoras ard-oideachais den sórt sin agus chuige sin amháin;

tá le “ Comhaontú LEE ” an bhrí a shanntar in Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1993;

ciallaíonn “ stát de chuid LEE ”—

(a) ballstát de na Comhphobail Eorpacha (seachas an Stát), nó

(b) stát (seachas ballstát de na Comhphobail Eorpacha) is páirtí conarthach i gComhaontú LEE.

forléireofar “ an lá bunaithe ” de réir alt 12;

ciallaíonn “ comhlacht eisiata ”—

(a) páirtí polaitíochta, nó comhlacht a chuireann páirtí polaitíochta nó iarrthóir polaitíochta chun cinn,

(b) comhlacht a chuireann cúis pholaitíochta chun cinn, ach amháin go mbaineann cur chun cinn na cúise sin le go díreach le cur ar aghaidh chuspóirí an chomhlachta,

(c) comhlacht ceadaithe daoine de réir bhrí alt 235 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997,

(d) ceardchumann nó comhlacht ionadaitheach fostóirí,

(e) cumann lucht tráchtála, nó

(f) comhlacht a chuireann cuspóirí chun cinn ar cuspóirí iad—

(i) atá neamhdhleathach,

(ii) atá contrártha don mhoráltacht phoiblí,

(iii) atá contrártha don bheartas poiblí,

(iv) atá ina dtacaíocht le sceimhlitheoireacht nó le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta cibé acu laistigh den Stát nó lasmuigh den Stát, nó

(v) a théann chun tairbhe d’eagraíocht a bhfuil sé neamhdhleathach ag duine a bheith ina chomhalta nó ina comhalta di;

ciallaíonn “oifig bhreithiúnach sna hUaschúirteanna” oifig bhreithimh den Ard-Chúirt nó oifig bhreithimh den Chúirt Uachtarach;

tá le “údarás áitiúil” an bhrí chéanna atá leis san Acht Rialtais Áitiúil 2001;

forléireofar “leas ábhartha” de réir alt 2(3) den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995;

ciallaíonn “Aire” an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta;

déanfar “ baint phearsanta ” a fhorléiriú de réir fho-alt (2);

ciallaíonn “ forordaithe ” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire;

forléireofar “leas an phobail” de réir alt 3;

folaíonn “taifead”, i dteannta aon taifid i scríbhinn―

(a) plean, cairt, léarscáil, líníocht, léaráid, íomhá phictiúrtha nó ghrafach,

(b) diosca, téip, fuaimrian nó feiste eile ina gcorpraítear faisnéis, fuaimeanna nó comharthaí ionas gur féidir (le cúnamh nó gan chúnamh aon ghléis eile) iad a atáirgeadh i bhfoirm inléite nó inchloiste,

(c) scannán, téip nó feiste eile ina gcorpraítear amharcíomhánna ionas gur féidir (le cúnamh nó gan chúnamh aon ghléis eile) iad a atáirgeadh in amharcfhoirm, agus

(d) grianghraf;

tá le “clár” an bhrí a shanntar dó le halt 39, agus forléireofar “cláraithe” dá réir sin;

ciallaíonn “eagraíocht charthanúil chláraithe”—

(a) eagraíocht charthanúil atá cláraithe sa chlár; nó

(b) eagraíocht charthanúil a mheastar, de bhua alt 40, a bheith cláraithe sa chlár;

tá le “uimhir chlárúcháin” an bhrí a shanntar dó le halt 40(6)(e);

tá le “Binse” an bhrí a shanntar dó le halt 75.

(2) (a) Chun críocha an Achta seo―

(i) tá baint ag duine le pearsa aonair más tuismitheoir, deartháir, deirfiúr, céile, seanathair nó seanmháthair, nó ua nó banua, de chuid na pearsan aonair an duine sin, nó más leanbh de chuid chéile na pearsan aonair é nó í,

(ii) tá baint ag duine, ina cháil nó ina cáil mar iontaobhaí iontaobhais, le pearsa aonair más tairbhí de chuid an iontaobhais an phearsa aonair sin, nó aon leanbh de chuid na pearsan aonair sin, nó aon chomhlacht corpraithe a bhfuil rialú ag an bpearsa aonair sin air,

(iii) tá baint ag duine le haon duine a bhfuil an duine sin i gcomhpháirtíocht leis nó léi,

(iv) tá baint ag duine le haon duine ag a bhfuil sé nó sí fostaithe faoi chonradh seirbhíse,

(v) tá baint ag comhlacht corpraithe le duine eile má tá rialú ag an duine sin air nó má tá rialú air ag an duine sin agus ag daoine a bhfuil baint acu leis an duine sin le chéile,

(vi) maidir le haon bheirt nó níos mó daoine a ghníomhaíonn le chéile chun rialú ar chomhlacht corpraithe a áirithiú nó a fheidhmiú, déileálfar leo, i ndáil leis an gcomhlacht corpraithe sin, mar dhaoine a bhfuil baint acu lena chéile agus le haon duine a ghníomhaíonn ar ordacháin ó aon duine acu chun rialú ar an gcomhlacht corpraithe a áirithiú nó a fheidhmiú.

(b) San fho-alt seo tá le “rialú” an bhrí a shanntar dó le halt 11 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

Cuspóir carthanúil.

3 .— (1) Chun críocha an Achta seo is cuspóir carthanúil, faoi réir fho-alt (2), gach ceann díobh seo a leanas:

(a) an bhochtaineacht nó cruatan eacnamaíoch a chosc nó a mhaolú;

(b) oideachas a chur ar aghaidh;

(c) creideamh a chur ar aghaidh;

(d) aon chuspóir eile a théann chun tairbhe don phobal.

(2) Ní cuspóir carthanúil é cuspóir mura bhfuil sé chun leas an phobail.

(3) Faoi réir fho-alt (4), ní bheidh bronntanas chun leas an phobail, chun críocha an Achta seo—

(a) mura mbeartaítear go rachaidh sé chun tairbhe don phobal nó do chuid den phobal, agus

(b) i gcás go rachaidh sé chun tairbhe do dhuine seachas ina cháil nó ina cáil mar dhuine den phobal nó de chuid den phobal, mura mbeidh aon tairbhe den sórt sin réasúnach sna himthosca go léir agus mura mbeidh sí coimhdeach agus riachtanach chun leas an phobail a chur chun cinn.

(4) Toimhdeofar, mura gcruthófar a mhalairt, gur chun leas an phobail é bronntanas arb é is cuspóir leis creideamh a chur ar aghaidh.

(5) Ní dhéanfaidh an tÚdarás cinneadh nach chun leas an phobail é bronntanas arb é is cuspóir leis creideamh a chur ar aghaidh, gan toiliú an Ard-Aighne.

(6) Maidir le bronntanas carthanúil arb é is cuspóir leis creideamh a chur ar aghaidh, beidh éifeacht leis, agus forléireofar na téarmaí ar a dtabharfar é, de réir dhlíthe, chanónacha, dheasghnátha agus airteagail an chreidimh lena mbaineann.

(7) Le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh cibé acu a théann nó nach dtéann bronntanas chun leas an phobail, cuirfear na nithe seo a leanas i gcuntas—

(a) aon teorainn arna forchur ag deontóir an bhronntanais ar an aicme daoine a fhéadfaidh tairbhe a bhaint as an mbronntanas agus cibé acu atá nó nach bhfuil an teorainn sin cóir agus réasúnach ag féachaint don chineál cuspóra atá leis an mbronntanas, agus

(b) méid aon mhuirir is iníoctha i leith aon seirbhíse arna soláthar chun an cuspóir atá leis an mbronntanas a chur chun cinn agus an dóigh go gcuirfidh sé teorainn leis an líon daoine nó aicmí duine a bhainfidh tairbhe as an mbronntanas.

(8) Ní bheidh teorainn dá dtagraítear i bhfo-alt (7) cóir agus réasúnach má tá baint phearsanta ag tairbhithe beartaithe go léir an bhronntanais nó ag líon suntasach díobh le deontóir an bhronntanais.

(9) Ní bheidh aon achomharc indéanta chun an Bhinse i gcoinne cinnidh de chuid an Údaráis lena mbaineann fo-alt (5).

(10) Chun críocha an ailt seo, ní bronntanas chun creideamh a chur chun cinn é bronntanas más rud é go dtugtar an bronntanas d’eagraíocht nó do chultas nó chun tairbhe d’eagraíocht nó do chultas—

(a) arb é a príomhchuspóir nó a phríomhchuspóir brabús a dhéanamh, nó

(b) a chuireann ionramháil leatromach shíceolaíoch i bhfeidhm—

(i) ar a lucht leanúna, nó

(ii) d’fhonn cur lena lucht leanúna.

(11) San alt seo folaíonn “cuspóir a théann chun tairbhe don phobal”—

(a) leas an phobail a chur ar aghaidh lena n-áirítear faoiseamh dóibh siúd atá i ngátar de dheasca a óige atá siad, a shine atá siad, drochshláinte, nó éagumais,

(b) forbairt pobail a chur ar aghaidh, lena n-áirítear athbheochan tuaithe nó athbheochan uirbeach,

(c) freagracht chathartha nó obair shaorálach a chur chun cinn,

(d) an tsláinte a chur chun cinn, lena n-áirítear breoiteacht, galair nó fulaingt daoine a chosc nó faoiseamh a thabhairt ar an gcéanna,

(e) réiteach coinbhleachtaí nó an t-athmhuintearas a chur ar aghaidh,

(f) síth idir creidimh agus ciní mar aon le caidreamh sítheach pobail a chur chun cinn,

(g) an timpeallacht nádúrtha a chosaint,

(h) inchothaitheacht chomhshaoil a chur ar aghaidh;

(i) úsáid éifeachtúil éifeachtach maoine eagraíochtaí carthanúla a chur ar aghaidh,

(j) fulaingt ainmhithe a chosc nó faoiseamh a thabhairt ar an gcéanna,

(k) na healaíona, an cultúr, an oidhreacht nó na heolaíochtaí a chur ar aghaidh, agus

(l) iad siúd atá faoi mhíbhuntáiste a imeascadh, agus iad a spreagadh chun rannpháirtíocht iomlán a dhéanamh sa tsochaí.

Orduithe agus rialacháin.

4 .— (1) Féadfaidh an tAire foráil a dhéanamh le rialacháin d’aon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú.

(2) Gan dochar d’aon fhoráil den Acht seo, féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin faoin alt seo is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach chun críocha na rialachán.

(3) Déanfar gach ordú (seachas ordú faoi alt 1(2) 12) agus rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán sin.

Caiteachais.

5 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Athbhreithniú ar oibriú an Achta.

6 .— Déanfaidh an tAire—

(a) tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis an lae bunaithe, tús a chur le hathbhreithniú ar oibriú an Achta seo, agus

(b) tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis don tréimhse 5 bliana sin a bheith caite, tuarascáil a thabhairt do gach Teach den Oireachtas maidir lena chuid nó lena cuid fionnachtana agus tátal de thoradh an athbhreithnithe sin.

Díolúine ón dliteanas cáin a íoc.

7 .— (1) Ní oibreoidh aon ní san Acht seo chun difear a dhéanamh don dlí i ndáil le haon cháin a thobhach nó a bhailiú nó i ndáil le cinneadh i dtaobh cáilitheachta le haghaidh díolúine ó dhliteanas chun aon cháin a íoc.

(2) Ní bheidh na Coimisinéirí Ioncaim faoi cheangal ag cinneadh de chuid an Údaráis i dtaobh an chun leas an phobail é cuspóir nó nach ea le linn dóibh aon fheidhm faoi na hailt seo a leanas nó i dtaca leis na hailt seo a leanas a chomhlíonadh—

(a) alt 207, 208 nó 609 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997,

(b) alt 17 nó 76 den Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003, nó

(c) alt 82 den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999.

Gan feidhm maidir le hiontaobhais áirithe le bheith ag an Acht.

8 .— Ní bheidh feidhm ag an Acht seo maidir le hiontaobhas nach bhfuil de mhaoin aige ach—

(a) scaireanna i gcuideachta cháilitheach arna bunú chun críocha alt 110 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997,

(b) scaireanna i gcuideachta nach bhfuil de ghnó aici ach gléasra agus innealra a léasú,

(c) díbhinní arna n-íoc i leith scaireanna den sórt sin, ar díbhinní iad nach gcoimeádtar mar chuid de mhaoin an iontaobhais ar feadh breis agus 12 mhí, nó

(d) aon dáileadh eile airgid nó sócmhainní arna dhéanamh i leith scaireanna den sórt sin, ar airgead é nó sócmhainní iad nach gcoimeádtar mar chuid de mhaoin an iontaobhais ar feadh breis agus 12 mhí.

Doiciméid a sheirbheáil.

9 .— (1) Aon fhógra nó doiciméad eile a cheanglaítear a sheirbheáil ar dhuine, nó a thabhairt dó nó di, faoin Acht seo, déanfar é a dhíriú chuig an duine lena mbaineann faoina ainm nó faoina hainm, agus féadfar é a sheirbheáil amhlaidh ar an duine nó a thabhairt dó nó di ar cheann amháin de na slite seo a leanas:

(a) trína sheachadadh ar an duine;

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó, i gcás go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin, nó

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha chuig an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó, i gcás go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, chuig an seoladh sin.

(2) Chun críocha an ailt seo, measfar gnáthchónaí a bheith ar chuideachta de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí ag a hoifig chláraithe, agus measfar gnáthchónaí a bheith ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe daoine ag a phríomhoifig nó ag a áit ghnó.

Cionta.

10 .— (1) Aon duine atá ciontach i gcion faoin Acht seo dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €300,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(2) I gcás go ndéanfaidh comhlacht corpraithe cion faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurbh inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe nó duine a d’airbheartaigh gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

(3) Féadfaidh an tÚdarás imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(4) I gcás go gciontófar duine i gcion faoin Acht seo, déanfaidh an chúirt a ordú don duine na costais agus na caiteachais, arna dtomhas ag an gcúirt, a thabhaigh an tÚdarás, i ndáil leis an gcion a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, a íoc leis an Údarás, mura deimhin leis an gcúirt go bhfuil cúiseanna speisialta agus substaintiúla ann gan déanamh amhlaidh.

Aisghairm.

11 .— Aisghairtear an tAcht Carthanas 1961 a mhéid a shonraítear i gcolún (2) de Sceideal 2.

CUID 2

An tÚdarás Rialála Carthanas

An Lá Bunaithe.

12 .— Déanfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

An tÚdarás Rialála Carthanas a bhunú.

13 .— (1) An lá bunaithe beidh arna bhunú comhlacht ar a dtabharfar, faoi réir fho-alt (2), an tÚdarás Rialála Carthanas, nó sa Bhéarla the Charities Regulation Authority, (dá ngairtear “an tÚdarás” san Acht seo), chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Chun críocha oibríochta, féadfaidh an tÚdarás an Rialálaí Carthanas, nó sa Bhéarla the Charities Regulator, a thabhairt air féin.

(3) Beidh éifeacht le forálacha Sceideal 1 i ndáil leis an Údarás.

Feidhmeanna an Údaráis.

14 .— (1) Is iad feidhmeanna ginearálta an Údaráis—

(a) iontaoibh agus muinín an phobail as bainistiú agus riaradh iontaobhas carthanúil agus eagraíochtaí carthanúla a mhéadú,

(b) comhlíonadh a ndualgas ag iontaobhaithe carthanas a chur chun cinn i rialú agus bainistiú iontaobhas carthanúil agus eagraíochtaí carthanúla,

(c) úsáid éifeachtach maoine iontaobhas carthanúil nó eagraíochtaí carthanúla a chur chun cinn,

(d) cuntasacht eagraíochtaí carthanúla do dheontóirí agus do thairbhithe bronntanas carthanúil, agus don phobal, a chinntiú,

(e) tuiscint a chur chun cinn ar an gceanglas gur chun leas an phobail a bheidh aidhmeanna carthanúla,

(f) clár d’eagraíochtaí carthanúla a bhunú agus a chothabháil,

(g) comhlíonadh an Achta seo ag eagraíochtaí carthanúla a chinntiú, agus faireachán a dhéanamh ar an gcéanna,

(h) imscrúduithe a dhéanamh de réir an Achta seo,

(i) feabhas ar riaradh agus bainistiú eagraíochtaí carthanúla a spreagadh agus a éascú trí fhaisnéis nó comhairle a sholáthar, lena n-áirítear go háirithe ar mhodh treoirlínte, cód cleachtais agus doiciméad bunreachtúil eiseamláireach a eisiúint (nó, de réir mar is cuí leis an Údarás, a cheadú),

(j) cibé gníomhaíochtaí a sheoladh nó cibé faisnéis (lena n-áirítear faisnéis staidrimh) a fhoilsiú a bhaineann le heagraíochtaí carthanúla agus iontaobhais charthanúla agus is cuí leis an Údarás,

(k) faisnéis (lena n-áirítear faisnéis staidrimh) nó comhairle a sholáthar don Aire, nó tograí a chur faoina bhráid nó faoina bráid, maidir le hábhair a bhaineann le feidhmeanna an Údaráis.

(2) Beidh ag an Údarás na cumhachtaí sin go léir is gá nó is fóirsteanach chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(3) Faoi réir an Achta seo, beidh an tÚdarás neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.

(4) Féadfaidh an tÚdarás aon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh trí aon chomhalta d'fhoireann an Údaráis a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an Údarás.

Ordacháin ón Aire.

15 .— (1) Féadfaidh an tAire, i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna ag an Údarás, ordachán a thabhairt i scríbhinn don Údarás á cheangal air cibé beartais de chuid an Rialtais a shonraítear san ordachán a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh an tAire, i ndáil leis an Údarás d’fheidhmiú a fheidhmeanna faoi alt 39, ordachán i scríbhinn a thabhairt don Údarás á cheangal air na nithe sin a shonraítear san ordachán agus a bhaineann leis na nithe seo a leanas a chomhlíonadh—

(a) cothabháil an chláir,

(b) bailiú agus comhthiomsú faisnéise chun an clár a chothabháil, nó

(c) comhaontuithe a dhéanamh le daoine, seachas eagraíochtaí carthanúla, chun an fhaisnéis sin a fháil.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordachán i scríbhinn, ordachán faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm (lena n-áirítear ordachán faoin bhfo-alt seo).

(4) Comhlíonfaidh an tÚdarás ordachán faoin alt seo.

Deontais don Údarás.

16 .— Féadfaidh an tAire, i ngach bliain airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, cibé suimeanna a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, a airleacan chun an Údaráis as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

An tÚdarás d'fháil iasachtaí.

17 .— Féadfaidh an tÚdarás, ó am go ham, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé coinníollacha (más ann) a shonróidh siad, airgead a fháil ar iasacht (cibé acu ar urrús shócmhainní an Údaráis nó nach ea).

Caiteachais an Údaráis a ghnóthú.

18 .— Maidir le haon chostais nó caiteachais arna dtabhú ag an Údarás ag bainistiú nó ag riaradh aon mhaoine arna dílsiú don Údarás nó chun aon mhaoin den sórt sin a shlánchoimeád nó a ghnóthú, nó ar shlí eile i bhforghníomhú an Achta seo, féadfaidh an tÚdarás iad a íoc nó iad a asbhaint as eastát agus cistí na heagraíochta carthanúla ar ina leith a tabhaíodh na costais agus na caiteachais sin.

An príomh-fheidhmeannach.

19 .— (1) Beidh príomhoifigeach feidhmiúcháin ar an Údarás (dá ngairtear “an príomhfheidhmeannach” san Acht seo).

(2) Faoi réir fho-ailt (4) agus (5), is é an tÚdarás, le toiliú an Aire, a cheapfaidh an príomhfheidhmeannach.

(3) Féadfaidh an tÚdarás an príomhfheidhmeannach a chur as oifig ar chúiseanna sonraithe.

(4) Féadfaidh an tAire, roimh an lá bunaithe, duine a ainmniú chun a cheaptha nó a ceaptha ina chéad nó ina céad phríomhfheidhmeannach ar an Údarás.

(5) Más rud é, díreach roimh an lá bunaithe, go mbeidh duine ainmnithe ag an Aire faoi fho-alt (4), ceapfaidh an tÚdarás an duine sin chun bheith ina chéad nó ina céad phríomhfheidhmeannach.

(6) Sealbhóidh an príomhfheidhmeannach oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus faoina réir (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair, liúntais agus aoisliúntas) a chinnfidh an tÚdarás le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

(7) Ní shealbhóidh an príomhfheidhmeannach aon oifig eile ná fostaíocht eile ná ní sheolfaidh sé nó sí aon ghnó gan toiliú an Údaráis.

Feidhmeanna an phríomh-fheidhmeannaigh.

20 .— (1) Déanfaidh an príomhfheidhmeannach riarachán an Údaráis a sheoladh agus a bhainistiú, agus a rialú i gcoitinne, agus comhlíonfaidh sé nó sí cibé feidhmeanna eile (más ann) a chinnfidh an tÚdarás.

(2) Comhlíonfaidh an príomhfheidhmeannach a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoi réir cibé beartas a chinnfidh an tÚdarás ó am go ham, agus beidh sé nó sí cuntasach don Údarás as an Údarás a bhainistiú go héifeachtúil éifeachtach agus as a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.

(3) Féadfaidh an príomhfheidhmeannach tograí a chur faoi bhráid an Údaráis maidir le haon ní a bhaineann lena fheidhmeanna.

(4) Féadfaidh an tÚdarás comhalta d’fhoireann an Údaráis a ainmniú chun feidhmeanna an phríomhfheidhmeannaigh a chomhlíonadh i gcás an príomhfheidhmeannach a bheith as láthair nó i gcás post an phríomhfheidhmeannaigh a bheith folamh, agus déanfaidh comhalta a ainmneofar amhlaidh na feidhmeanna sin a chomhlíonadh le linn na hasláithreachta sin nó le linn don phost sin a bheith folamh.

Feidhmeanna an phríomh-fheidhmeannaigh a tharmligean.

21 .— (1) Féadfaidh an príomhfheidhmeannach, le toiliú i scríbhinn ón Údarás, aon cheann dá fheidhmeanna nó dá feidhmeanna a tharmligean chuig comhalta sonraithe d’fhoireann an Údaráis, agus beidh an comhalta foirne sin cuntasach don phríomhfheidhmeannach as comhlíonadh na bhfeidhmeanna a tharmligfear amhlaidh.

(2) Beidh an príomhfheidhmeannach cuntasach don Údarás as comhlíonadh na bhfeidhmeanna a tharmligfidh sé nó sí de réir fho-alt (1).

(3) Féadfaidh an príomhfheidhmeannach, le toiliú i scríbhinn ón Údarás, tarmligean a rinneadh de réir an ailt seo a chúlghairm.

(4) San alt seo, ní fholaíonn “feidhmeanna” feidhm a tharmligfidh an tÚdarás chuig an bpríomhfheidhmeannach faoi réir coinníll nach ndéanfaidh an príomhfheidhmeannach an fheidhm a tharmligean chuig aon duine eile.

Cuntasacht an phríomh-fheidhmeannaigh don Choiste um Chuntais Phoiblí.

22 .— (1) Aon uair a dhéanfaidh an Coiste de Dháil Éireann arna bhunú faoi Bhuan-Orduithe Dháil Éireann chun scrúdú a dhéanamh ar na cuntais leithreasa agus ar thuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (dá ngairtear “an Coiste” san alt seo) agus chun tuarascáil a thabhairt do Dháil Éireann ar an gcéanna a cheangal i scríbhinn ar an bpríomhfheidhmeannach déanamh amhlaidh, tabharfaidh sé nó sí fianaise don Choiste sin i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(a) rialtacht agus cuibheas na n-idirbheart a bheidh taifeadta, nó a cheanglaítear a thaifeadadh, in aon leabhar nó taifead eile cuntais atá faoi réir a iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a cheanglaítear, leis an Acht seo, ar an Údarás a ullmhú,

(b) barainneacht agus éifeachtúlacht an Údaráis i dtaca le húsáid a chuid acmhainní,

(c) na córais, na nósanna imeachta agus na cleachtais a úsáideann an tÚdarás chun éifeachtacht a chuid oibríochtaí a mheas, agus

(d) aon ní a dhéanann difear don Údarás agus dá dtagraítear i dtuarascáil speisialta ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi alt 11(2) d’Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 1993, nó in aon tuarascáil eile ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (a mhéid a bhaineann sé le ní a shonraítear i mír (a), (b)(c)) a leagtar faoi bhráid Dháil Éireann.

(2) Ní dhéanfaidh an príomhfheidhmeannach, le linn a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh faoin alt seo, ceist a chur ná tuairim a nochtadh i dtaobh thuillteanais aon bheartais de chuid an Rialtais ná de chuid Aire den Rialtas ná i dtaobh thuillteanais cuspóirí beartais den sórt sin.

Cuntasacht an phríomh-fheidhmeannaigh do Choistí Oireachtais eile.

23 .— (1) San alt seo ciallaíonn “Coiste” Coiste arna cheapadh ag ceachtar Teach den Oireachtas nó ag dhá Theach an Oireachtais i gcomhar (seachas an Coiste dá dtagraítear in alt 22 nó an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann nó an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Sheanad Éireann) nó fochoiste de chuid Coiste den sórt sin.

(2) Faoi réir fho-alt (3), freastalóidh an príomhfheidhmeannach os comhair Coiste, ar iarraidh uaidh i scríbhinn, chun cuntas a thabhairt ar riarachán ginearálta an Údaráis.

(3) Ní cheanglófar ar an bpríomhfheidhmeannach cuntas a thabhairt os comhair Coiste ar aon ní atá, a bhí, nó a fhéadfaidh a bheith sa todhchaí, ina ábhar d'imeachtaí os comhair cúirte nó Binse sa Stát.

(4) I gcás go mbeidh príomhfheidhmeannach den tuairim gur ní lena mbaineann fo-alt (3) ní a n-iarrtar air nó uirthi cuntas a thabhairt air os comhair Coiste, cuirfidh sé nó sí an tuairim sin, agus na cúiseanna atá leis an tuairim, in iúl don Choiste agus, mura dtabharfar an fhaisnéis don Choiste tráth a mbeidh an príomhfheidhmeannach os a chomhair, tabharfar an fhaisnéis amhlaidh i scríbhinn.

(5) I gcás go mbeidh an príomhfheidhmeannach tar éis a thuairim nó a tuairim a chur in iúl do Choiste de réir fho-alt (4) agus nach dtarraingeoidh an Coiste siar an iarraidh dá dtagraítear i bhfo-alt (2), a mhéid a bhaineann sé le ní is ábhar don tuairim sin—

(a) féadfaidh an príomhfheidhmeannach, tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis don Choiste an bhreith uaidh gan déanamh amhlaidh a chur in iúl dó nó di, iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar mhodh achomair chun a chinneadh an ní é an ní lena mbaineann fo-alt (3), nó

(b) féadfaidh Cathaoirleach an Choiste iarratas den sórt sin a dhéanamh thar ceann an Choiste,

agus cinnfidh an Ard-Chúirt an ní.

(6) Go dtí go gcinntear iarratas faoi fho-alt (5), ní fhreastalóidh an príomhfheidhmeannach os comhair an Choiste chun cuntas a thabhairt ar an ní is ábhar don iarratas.

(7) Má chinneann an Ard-Chúirt gur ní é an ní lena mbaineann fo-alt (3), tarraingeoidh an Coiste siar an iarraidh dá dtagraítear i bhfo-alt (2), ach má chinneann an Ard-Chúirt nach bhfuil feidhm ag fo-alt (3), freastalóidh an príomhfheidhmeannach os comhair an Choiste chun cuntas a thabhairt ar an ní.

(8) Le linn a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh faoin alt seo, ní dhéanfaidh an príomhfheidhmeannach ceist a chur ná tuairim a nochtadh i dtaobh thuillteanais aon bheartais de chuid an Rialtais ná de chuid Aire den Rialtas ná i dtaobh thuillteanais cuspóirí beartais den sórt sin.

Foireann.

24 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, cibé daoine agus cibé líon daoine a chinnfidh sé ó am go ham a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí d’fhoireann an Údaráis.

(2) Is é a bheidh i dtéarmaí agus i gcoinníollacha seirbhíse comhalta d’fhoireann an Údaráis, le toiliú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, na téarmaí agus na coinníollacha sin a chinnfidh an tÚdarás ó am go ham.

(3) Íocfaidh an tÚdarás le comhaltaí a fhoirne cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an tÚdarás ó am go ham, le toiliú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

Foireann a aistriú chuig an Údarás.

25 .— (1) Gach duine a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, ina oifigeach nó ina hoifigeach don Aire agus a bhí ag gabháil go heisiach do chomhlíonadh feidhmeanna thar ceann an chomhlachta dhíscaoilte, tiocfaidh sé nó sí, an lá bunaithe, chun bheith, agus beidh sé nó sí, ina chomhalta nó ina comhalta d’fhoireann an Údaráis.

(2) Ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann, aon duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1), ní bheidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i seirbhís an Údaráis, faoi réir coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear coinníollacha i ndáil le seilbh oifige) ná luacha saothair is lú tairbhe ná na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear coinníollacha i ndáil le seilbh oifige) nó an luach saothair a raibh sé nó sí faoina réir díreach roimh an lá bunaithe.

(3) I ndáil le daoine a aistreofar chuig an Údarás faoi fho-alt (1), beidh seirbhís roimhe sin leis an gcomhlacht díscaoilte ináirithe chun críocha na nAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967 go 2007, an Achta um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001, an Achta um Eagrú Ama Oibre 1997, na nAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta 1973 go 2005, agus na nAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2007, ach sin faoi réir aon eisceachtaí nó eisiamh sna hAchtanna sin.

Aoisliúntas.

26 .— (1) A luaithe is féidir tar éis an lae bunaithe, déanfaidh an tÚdarás scéim nó scéimeanna chun sochair aoisliúntais a dheonú do cibé comhaltaí dá fhoireann (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) is cuí leis an Údarás, nó ina leith, a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

(2) Le gach scéim den sórt sin, socrófar an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh sochair aoisliúntais iníoctha leo, nó ina leith, faoin scéim, agus féadfar téarmaí agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfaidh an tÚdarás, aon tráth, scéim lena leasaítear nó lena gcúlghairtear scéim, arna cur faoi bhráid an Aire agus arna ceadú roimhe sin faoin alt seo, a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

(4) Déanfaidh an tÚdarás scéim nó scéim leasaitheach arna cur faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le toiliú an Aire Airgeadais, a chur i gcrích de réir a téarmaí.

(5) Má éiríonn aon díospóid maidir le héileamh aon duine ar aon sochar aoisliúntais, nó maidir le méid aon sochair aoisliúntais, de bhun scéime faoin alt seo, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh an tAire í chuig an Aire Airgeadais agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Aire Airgeadais.

(6) Ní dhéanfaidh an tÚdarás aon sochar aoisliúntais a dheonú do dhaoine dá fhoireann (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) is comhaltaí de scéim faoin alt seo, ná ina leith, ná ní dhéanfar aon socrú eile chun aon sochar aoisliúntais a sholáthar do dhaoine den sórt sin ar scor dóibh de bheith i seilbh oifige, seachas de réir cibé scéim nó scéimeanna arna cur nó arna gcur faoi bhráid an Aire agus arna ceadú nó arna gceadú faoin alt seo nó de réir socraithe eile arna cheadú ag an Aire agus ag an Aire Airgeadais.

(7) Cuirfidh an tAire faoi deara gach scéim arna cur faoina bhráid nó faoina bráid agus arna ceadú faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d’aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

(8) Más rud é, sa tréimhse dar tosach an lá bunaithe agus dar críoch díreach roimh thosach feidhme scéime faoin alt seo, go bhfuil sochar aoisliúntais le híoc le duine a aistríodh chuig foireann an Údaráis faoi alt 25, nó i leith duine den sórt sin, déanfaidh an tÚdarás an sochar a ríomh de réir cibé scéim, nó cibé achtacháin i ndáil le haoisliúntas, ag a raibh feidhm maidir leis an duine díreach roimh an lá bunaithe agus, chun na críche sin, déanfar a sheirbhís inphinsin nó a seirbhís inphinsin leis an Údarás a chomhiomlánú lena sheirbhís inphinsin nó lena seirbhís inphinsin roimhe sin agus íocfaidh an tÚdarás an sochar aoisliúntais sin.

(9) (a) Maidir le duine a aistreofar le halt 25 chuig foireann an Údaráis, déanfar le scéim faoi fho-alt (1) socrú chun sochair aoisliúntais a dheonú dó nó di, nó ina leith, ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha nach lú fabhar dó nó di ná na téarmaí agus na coinníollacha a bhí i bhfeidhm maidir leis nó léi díreach roimh an lá bunaithe i ndáil leis na sochair sin a dheonú.

(b) Aon tréimhse seirbhíse atá ag duine mar chomhalta d’fhoireann an chomhlachta dhíscaoilte ar thréimhse seirbhíse ináirithe í chun críocha scéime chun sochair aoisliúntais a dheonú do chomhaltaí d’fhoireann an chomhlachta dhíscaoilte, nó ina leith, measfar gur tréimhse seirbhíse ináirithe í chun críocha aon scéime faoi fho-alt (1).

(10) San alt seo, ciallaíonn “sochar aoisliúntais” pinsean, aisce nó liúntas eile is iníoctha ar éirí as, ar scor nó ar bhás.

Nochtadh faisnéise maidir le cionta faoin Acht.

27 .— D’ainneoin aon rialach dlí, aon fhaisnéis a bhféadfadh baint a bheith aici—

(a) i dtuairim comhalta den Gharda Síochána,

(b) i dtuairim an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach, nó

(c) i dtuairim cibé duine eile a ndéanfar, tar éis don Aire dul i gcomhairle le haon Aire eile den Rialtas is dealraitheach dó nó di a bheith bainteach, é nó í a fhorordú,

le cion a dhéanamh faoin Acht seo, féadfaidh an comhalta sin, an Stiúrthóir sin nó an duine eile sin í a nochtadh don Údarás, nó do chomhalta den Údarás nó do chomhalta d’fhoireann an Údaráis.

An tÚdarás do nochtadh faisnéise i gcás drochamhras a bheith air go bhfuil cion déanta.

28 .— (1) Aon fhaisnéis a gheobhaidh an tÚdarás i gcomhlíonadh a fheidhmeanna agus a thabharfaidh cúis don Údarás drochamhras a bheith air go ndearna iontaobhaí carthanais nó eagraíocht charthanúil cion, tabharfaidh sé an fhaisnéis sin―

(a) don Gharda Síochána,

(b) do na Coimisinéirí Ioncaim,

(c) don Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach,

(d) don Údarás Iomaíochta, nó

(e) d’aon duine eile a bhfuil de chúram air nó uirthi cionta a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh,

de réir mar is cuí, mura deimhin leis gur tuairiscíodh an fhaisnéis roimhe sin do dhuine a shonraítear i mír (a), (b), (c), (d)(e).

(2) Maidir le faisnéis a sholáthraítear de réir fho-alt (1), féadfaidh an duine dár soláthraíodh an fhaisnéis í a úsáid chun cion a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, agus chuige sin amháin.

(3) Féadfaidh an tÚdarás aon fhaisnéis—

(a) a gheobhaidh sé le linn a fheidhmeanna a chomhlíonadh, agus

(b) arb í is cúis le drochamhras a bheith air go ndearna iontaobhaí carthanaí nó eagraíocht charthanúil cion faoi dhlí stáit (seachas an Stát),

a sholáthar do dhuine a bhfuil de chúram air nó uirthi faoi dhlí an stáit sin cionta a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, má dhéanann an duine dá soláthraítear an fhaisnéis gealltanas a thabhairt i scríbhinn go n-úsáidfear an fhaisnéis chun an cion lena mbaineann a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, agus chuige sin amháin.

Ráiteas straitéise.

29 .— (1) A luaithe is indéanta tar éis thosach feidhme an ailt seo agus ina dhiaidh sin tráth nach luaithe ná 6 mhí roimh dheireadh gach tréimhse 3 bliana ina dhiaidh sin tar éis an tosach feidhme sin agus tráth nach déanaí ná deireadh gach tréimhse den sórt sin, déanfaidh an tÚdarás ráiteas straitéise a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire i leith na tréimhse 3 bliana díreach tar éis na bliana ina ndéanfar an ráiteas straitéise a chur faoi bhráid an Aire amhlaidh.

(2) Déanfaidh an tAire, a luaithe is indéanta tar éis ráiteas straitéise a chur faoina bhráid nó faoina bráid faoi fho-alt (1), a chur faoi deara cóip de a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(3) Cinnteoidh an tÚdarás, a luaithe is indéanta tar éis cóipeanna de ráiteas straitéise a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas de réir fho-alt (2), go bhfoilseofar an ráiteas straitéise ar an idirlíon.

(4) San alt seo ciallaíonn “ráiteas straitéise” ráiteas—

(a) ina sonraítear cuspóirí fíorthábhachtacha, aschuir agus straitéisí gaolmhara an Údaráis, lena n-áirítear úsáid acmhainní an Údaráis, agus

(b) a ullmhaítear i bhfoirm agus ar mhodh atá de réir aon ordachán arna n-eisiúint ag an Aire ó am go ham.

Cuntais an Údaráis.

30 .— (1) Coimeádfaidh an tÚdarás, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir atá faighte nó caite aige agus, go háirithe, coimeádfaidh sé san fhoirm sin a dúradh na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Déanfaidh an tÚdarás cuntais a choimeádfar de réir an ailt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste tráth nach déanaí ná an 1 Aibreán sa bhliain díreach tar éis na bliana airgeadais lena mbaineann siad nó ar cibé dáta is luaithe ná sin a shonróidh an tAire ó am go ham, lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip de na cuntais, agus de cibé cuntais eile (más ann) a choimeádfar de réir an ailt seo, a ordóidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, mar aon le cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais, a thíolacadh don Aire agus, a luaithe agus is féidir, cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den chéanna a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil bhliantúil.

31 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás, tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh gach bliain, tuarascáil maidir lena ghníomhaíochtaí sa bhliain díreach roimhe sin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire, agus, a luaithe is féidir tar éis an tuarascáil a fháil, cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Déanfaidh an tÚdarás socrú go ndéanfar tuarascáil a leagtar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas de réir fho-alt (1) a fhoilsiú ar an idirlíon a luaithe is indéanta tar éis cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Faisnéis a sholáthar do pháirtithe leasmhara.

32 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás cibé faisnéis atá ina sheilbh ag an Údarás, agus a bheidh ag teastáil go réasúnach chun a chumasú do dhuine iomchuí a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, a sholáthar don duine iomchuí.

(2) San alt seo, ciallaíonn “ duine iomchuí ”—

(a) an Garda Síochána,

(b) na Coimisinéirí Ioncaim, nó

(c) aon duine eile a bhfuil an fhreagracht curtha air nó uirthi faoi aon achtachán—

(i) a chinntiú go gcomhlíontar forálacha aon achtacháin, nó

(ii) aon chion a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

Comhar riaracháin maidir le nithe a bhaineann le rialáil.

33 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás iarracht, a mhéid a bheidh sé ar comhréir le comhlíonadh cuí a fheidhmeanna, chun comhar riaracháin a áirithiú idir é agus rialálaithe iomchuí agus, chun na críche sin, féadfaidh an tÚdarás socrú amháin nó níos mó a dhéanamh (cibé acu i bhfoirm meabhráin tuisceana nó ar shlí eile) le rialálaithe iomchuí chun na gcríoch seo a leanas—

(a) comhar riaracháin a éascú idir an tÚdarás agus na rialálaithe iomchuí i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna faoi seach a mhéid a bhaineann siad le rialáil a dhéanamh ar eagraíochtaí carthanúla nó ar iontaobhais charthanúla,

(b) dúbailt gníomhaíochtaí ag an Údarás agus ag aon rialálaí iomchuí a sheachaint, nó

(c) a chinntiú, a mhéid is indéanta, go mbeidh breitheanna arna dtabhairt nó bearta arna ndéanamh ag an Údarás agus ag rialálaithe iomchuí i gcomhréir lena chéile a mhéid arb é atá in aon chuid de na breitheanna nó de na bearta sin cinneadh a dhéanamh, nó a mhéid a bhaineann siad le cinneadh a dhéanamh, ar nithe a bhaineann le rialáil a dhéanamh ar eagraíochtaí carthanúla nó ar iontaobhais charthanúla.

(2) Ní oibreoidh socrú faoin alt seo chun an tÚdarás nó rialálaí iomchuí a chur faoi cheangal.

(3) Déanfaidh ceann de na páirtithe lena mbaineann cóip de shocrú faoin alt seo agus d’aon athrú ar an socrú sin a thabhairt don Aire agus d’aon Aire iomchuí i ndáil le rialálaí iomchuí lena mbaineann.

(4) Féadfaidh na páirtithe i socrú faoin alt seo téarmaí an tsocraithe a athrú.

(5) Ní oibreoidh socrú faoin alt seo chun a cheangal ar an Údarás faisnéis a sholáthar d’aon rialálaí iomchuí má thoirmisctear le dlí an fhaisnéis sin a nochtadh ag an Údarás.

(6) San alt seo—

ciallaíonn “ Aire iomchuí ”, i ndáil le rialálaí iomchuí, an tAire den Rialtas a chomhlíonann feidhmeanna i dtaca leis an rialálaí iomchuí sin;

ciallaíonn “ rialálaí iomchuí ”—

(a) comhlacht, nó sealbhóir oifige, dá ndílsítear feidhmeanna a bhaineann le rialáil a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí nó ar dhaoine chun críoch seachas críocha an Achta seo (i gcás gur bunaíodh an comhlacht nó an oifig le hachtachán nó faoi achtachán agus go bhfuil an comhlacht nó an oifig sin forordaithe le hordú ón Aire), nó

(b) comhlacht, nó sealbhóir oifige, dá ndílsítear feidhmeanna faoi dhlí stáit (seachas an Stát) a bhaineann le rialáil a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí nó ar dhaoine sa stát sin chun aon chríche (i gcás go bhfuil an comhlacht nó an oifig forordaithe le hordú ón Aire).

Comhar riaracháin le comhlachtaí reachtúla coigríche maidir le nithe a bhaineann le forfheidhmiú an dlí.

34 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás, le ceadú an Aire, socrú a dhéanamh le comhlacht reachtúil coigríche ina bhféadfaidh gach páirtí sa socrú—

(a) faisnéis atá ina sheilbh a thabhairt don pháirtí eile má theastaíonn an fhaisnéis sin ón bpáirtí eile sin d’fhonn aon cheann dá chuid feidhmeanna a chomhlíonadh, agus

(b) cibé cúnamh eile a sholáthar don pháirtí a éascóidh don pháirtí sin aon cheann dá chuid feidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Ní thabharfaidh an tÚdarás aon fhaisnéis do chomhlacht reachtúil coigríche de bhun socraithe lena mbaineann an t-alt seo mura ndéanfaidh sé a cheangal ar an gcomhlacht sin gealltanas i scríbhinn uaidh a thabhairt, agus an céanna a fháil uaidh, go gcomhlíonfaidh sé na téarmaí a shonraítear sa cheanglas sin, is téarmaí a fhreagraíonn d’fhorálacha aon achtacháin a bhaineann le nochtadh na faisnéise sin ag an Údarás.

(3) Féadfaidh an tÚdarás gealltanas a thabhairt do chomhlacht reachtúil coigríche go gcomhlíonfaidh sé aon téarmaí a shonraítear i gceanglas a chuirfidh an comhlacht ar an Údarás gealltanas den sórt sin a thabhairt más rud é—

(a) go bhfreagraíonn na téarmaí sin d’fhorálacha aon dlí atá i bhfeidhm sa stát ina bhfuil an comhlacht bunaithe, ar forálacha iad a bhaineann leis an gcomhlacht do nochtadh na faisnéise dá dtagraítear i mír (b), agus

(b) go bhfuil comhlíonadh an cheanglais ina choinníoll arna fhorchur ag an gcomhlacht chun faisnéis atá ina sheilbh a thabhairt don Údarás de bhun socraithe lena mbaineann an t-alt seo.

(4) Déanfaidh an tÚdarás gach socrú le haghaidh comhair riaracháin a dhéanfar faoin alt seo a chur in iúl don Aire.

(5) Ní oibreoidh socrú faoin alt seo chun a cheangal ar an Údarás faisnéis a sholáthar do chomhlacht reachtúil coigríche má thoirmisctear le dlí an fhaisnéis sin a nochtadh ag an Údarás.

(6) San alt seo ciallaíonn “ comhlacht reachtúil coigríche ” duine atá forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire agus dá ndílsítear, faoi dhlí stáit seachas an Stát, feidhmeanna a bhaineann le heagraíochtaí carthanúla nó le hiontaobhais charthanúla.

Dul i gcomhairle le leas-sealbhóirí.

35 .— Féadfaidh an tÚdarás cibé bearta a dhéanamh a mheasann sé is cuí chun dul i gcomhairle le daoine a measfaidh sé go ndéanfaidh comhlíonadh a fheidhmeanna ag an Údarás difear dóibh.

Painéil chomhairleacha.

36 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás, chun críocha alt 35, painéal nó painéil a bhunú, arb éard é nó iad cibé daoine agus cibé líon daoine de réir mar a chinnfidh sé, chun cibé tascanna a dhéanamh arna sonrú i dtéarmaí tagartha an phainéil lena mbaineann.

(2) Déanfaidh an tÚdarás, i ndáil le painéal, na nithe seo a leanas a chinneadh—

(a) a théarmaí tagartha,

(b) na rialacha lena rialaítear a chruinnithe agus a nósanna imeachta, agus

(c) an dáta faoina mbeidh na tascanna atá le comhlíonadh aige le cur i gcrích.

(3) Ceapfaidh an tÚdarás comhaltaí painéil go ceann cibé tréimhse a chinnfidh sé ach gan an tréimhse sin a bheith níos faide ná 2 bhliain.

(4) Beidh comhalta de phainéal a scoirfidh de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den phainéal sin mar gheall ar imeacht aimsire in-athcheaptha chun an phainéil sin ach ní ceadmhach dó nó di níos mó ná 2 théarma a chur isteach ar an bpainéal sin.

(5) Ceapfaidh an tÚdarás duine de chomhaltaí an phainéil chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an bpainéal.

(6) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar, le téarmaí tagartha painéil, foráil a dhéanamh maidir leis an bpainéal do thabhairt tuairimí nó do dhéanamh tograí a bhaineann leis na nithe seo a leanas—

(a) éifeacht chomhlíonadh a fheidhmeanna ag an Údarás faoin Acht seo,

(b) aon fhorbairtí laistigh den Aontas Eorpach nó aon fhorbairtí idirnáisiúnta a mbeidh impleachtaí acu maidir leis an Údarás i gcomhlíonadh a fheidhmeanna,

(c) tionscnaimh a bhféadfadh an tÚdarás, i dtuairim an phainéil, iad a ghlacadh idir lámha maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna, mar aon le hanailís ar na costais is dóigh a bheadh ar na tionscnaimh sin,

(d) beartas nó doiciméad atá eisithe ag an Údarás nó a bhfuil sé beartaithe aige é a eisiúint,

(e) treoirlínte atá eisithe ag an Údarás nó a bhfuil sé beartaithe aige iad a eisiúint,

(f) cód iompair, cibé acu atá sé eisithe nó ceadaithe ag an Údarás, nó a bhfuil sé beartaithe aige é a eisiúint nó a cheadú,

(g) feidhmíocht na hearnála carthanas in aon réimse áirithe nó ar aon bhealach áirithe,

(h) measúnú ar éifeachtacht na rialála ar riarachán agus ar oibriú cruinnithe airgid charthanúil trí chóid iompair.

(7) Tráth nach déanaí ná 3 mhí, nó cibé tréimhse is faide a shonróidh an tÚdarás, tar éis dheireadh gach bliana, déanfaidh gach painéal a bhunófar faoin alt seo tuarascáil bhliantúil, lena soláthrófar mionsonraí faoina ghníomhaíochtaí i gcaitheamh na bliana sin, a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Údaráis.

(8) Socróidh an tÚdarás go ndéanfar tuarascáil bhliantúil gach painéil a bhunófar faoin alt seo a fhoilsiú ar an idirlíon sa bhliain ina ndéantar í a chur faoi bhráid an Údaráis.

(9) Socróidh an tÚdarás go ndéanfar tuairimí arna dtabhairt ag painéal a bhunófar faoin alt seo, nó tograí a dhéanfaidh an céanna, a fhoilsiú ar an idirlíon sa bhliain ina dtabharfar don Údarás iad nó ina ndéanfar leis an Údarás iad.

(10) Déanfaidh an tÚdarás cibé saoráidí riaracháin a sholáthar nó socrú a dhéanamh chun iad a sholáthar, ar saoráidí iad is gá chun a chumasú do phainéal a bhunófar faoin alt seo a fheidhmeanna a chomhlíonadh,.

(11) Tá na liúntais agus na caiteachais seo a leanas iníoctha ag an Údarás:

(a) liúntais taistil agus chothaithe comhaltaí painéil, de réir cibé scálaí a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ó am go ham;

(b) caiteachais riaracháin painéil.

(12) Féadfaidh an tÚdarás, tráth ar bith, painéal a bhunaítear faoin alt seo a dhíscaoileadh.

Ordacháin ón Aire maidir le painéil chomhairleacha.

37 .— (1) Féadfaidh an tAire ordachán i scríbhinn a thabhairt don Údarás lena gceanglaítear air painéal a bhunú chun críocha alt 35.

(2) Cinnfidh an tAire an méid seo a leanas—

(a) téarmaí tagartha painéil a bhunófar de bhun ordacháin faoi fho-alt (1), agus féadfaidh sé nó sí a cheangal ar an Údarás an painéal a dhíscaoileadh tráth ar bith,

(b) na rialacha lena rialaítear cruinnithe agus nósanna imeachta painéil den sórt sin, agus

(c) an dáta faoina mbeidh na tascanna atá le comhlíonadh ag painéal den sórt sin le cur i gcrích.

(3) Ceapfaidh an tÚdarás comhaltaí painéil ar feadh cibé tréimhse a chinnfidh an tAire ach gan an tréimhse sin a bheith níos faide ná 2 bhliain.

(4) Beidh feidhm ag fo-ailt (4), (5), (8), (9), (10) agus (11) d’alt 36, fairis na modhnuithe is gá i ndáil le painéal a bhunófar de bhun ordacháin faoi fho-alt (1).

(5) Comhlíonfaidh an tÚdarás na nithe seo a leanas—

(a) ordachán faoin alt seo, agus

(b) ceanglas faoi fho-alt (2)(a).

Feidhmeanna an Ard-Aighne a aistriú chuig an Údarás.

38 .— (1) Déantar na feidhmeanna go léir a bhaineann le heagraíochtaí carthanúla nó iontaobhais charthanúla (nó a bhaineann le carthanais ar shlí eile) agus a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, dílsithe don Ard-Aighne a aistriú chuig an Údarás, agus déanfar aon tagairtí in aon achtachán, a mhéid a bhaineann sé le heagraíochtaí carthanúla nó le hiontaobhais charthanúla (nó a bhaineann sé le carthanais ar shlí eile) a fhorléiriú mar thagairtí don Údarás.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar an lá bunaithe.

CUID 3

Eagraíochtaí Carthanúla a Rialáil

Clár eagraíochtaí carthanúla.

39 .— (1) Cuirfidh an tÚdarás faoi deara, ar thosach feidhme an ailt seo agus tar éis dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí Ioncaim, clár (dá ngairtear an “clár” san Acht seo) eagraíochtaí carthanúla a bhunú agus a chothabháil i cibé foirm is cuí leis (lena n-áirítear foirm leictreonach).

(2) Féadfaidh an tÚdarás, chun go nglanfar aon chaiteachais a thabhófar i dtaca leis an gclár a bhunú nó a chothabháil (dá ngairtear an “táille chuí” san alt seo), táille de cibé méid a chinnfidh an tAire a ghearradh ar gach eagraíocht charthanúil.

(3) Aon eagraíocht charthanúil a bheartóidh oibriú nó gníomhaíochtaí a sheoladh sa Stát, déanfaidh sí, de réir an ailt seo, iarratas chuig an Údarás ar í a chlárú sa chlár, agus beidh sé de dhualgas ar iontaobhaithe carthanais na heagraíochta carthanúla lena mbaineann an t-iarratas a dhéanamh thar ceann na heagraíochta carthanúla.

(4) Aon eagraíocht charthanúil (seachas eagraíocht charthanúil lena mbaineann alt 40) a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ag oibriú mar eagraíocht charthanúil, nó ag seoladh gníomhaíochtaí eagraíochta carthanúla, sa Stát, déanfaidh sí, más mian léi leanúint de bheith ag oibriú amhlaidh nó ag seoladh na ngníomhaíochtaí sin amhlaidh tar éis an tosach feidhme sin, iarratas, tráth nach déanaí ná—

(a) 6 mhí, nó

(b) deireadh cibé tréimhse is faide ná sin a shonróidh an tAire,

tar éis an tosach feidhme sin, iarratas ar chlárú chuig an Údarás.

(5) Faoi réir fho-alt (6) , maidir le hiarratas faoin alt seo—

(a) is i scríbhinn a bheidh sé,

(b) i gcás iarratais arna dhéanamh ag eagraíocht charthanúil, nó thar a ceann—

(i) atá bunaithe sa Stát,

(ii) atá bunaithe i stát (seachas stát de chuid LEE), nó

(iii) atá bunaithe i stát de chuid LEE agus a bhfuil príomháit ghnó aici sa Stát,

sonrófar ann ainm na heagraíochta carthanúla agus a príomháit ghnó sa Stát,

(c) i gcás iarratais arna dhéanamh ag eagraíocht charthanúil, nó thar a ceann—

(i) atá bunaithe i stát de chuid LEE, agus

(ii) nach bhfuil príomháit ghnó aici sa Stát,

sonrófar ann ainm na heagraíochta carthanúla agus a príomháit ghnó sa stát sin de chuid LEE,

(d) sonrófar ann ainmneacha na n-iontaobhaithe carthanais agus na seoltaí ag a bhfuil gnáthchónaí orthu,

(e) sonrófar ann na háiteanna a n-oibríonn an eagraíocht charthanúil nó a seolann sí a gníomhaíochtaí nó a mbeartaíonn sí oibriú nó a gníomhaíochtaí a sheoladh (lena n-áirítear áiteanna lasmuigh den Stát),

(f) beidh ann sonraí chuntais bhainc uile na heagraíochta carthanúla,

(g) beidh ann sonraí na gcineálacha gníomhaíochta a sheoltar nó a bheartaítear a sheoladh chun gach cuspóir de chuid na heagraíochta carthanúla nó de chuid an iontaobhais charthanúil lena mbaineann a chur chun cinn,

(h) sonrófar ann an tslí ar chruinnigh an eagraíocht charthanúil airgead nó a mbeartaíonn sí airgead a chruinniú,

(i) sonrófar ann méid aon airgid a chruinnigh an eagraíocht charthanúil—

(i) le linn an 12 mhí díreach roimh an iarratas sin a dhéanamh, nó

(ii) i gcás gur tar éis thosach na tréimhse sin a foirmíodh an eagraíocht charthanúil nó a bunaíodh an t-iontaobhas carthanúil, i leith na tréimhse ón tráth a foirmíodh an eagraíocht nó a bunaíodh an t-iontaobhas, de réir mar is cuí,

(j) sonrófar ann—

(i) pleananna na heagraíochta carthanúla chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú ar mhaithe lena cuspóirí a chur chun cinn, nó

(ii) i gcás iontaobhais charthanúil, pleananna iontaobhaithe an iontaobhais chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú ar mhaithe le cuspóirí an iontaobhais a chur chun cinn,

(k) beidh ann sonraí na ngníomhairí nó na sainchomhairleoirí gairmiúla cruinnithe airgid go léir a bheidh fostaithe nó a bheartaítear a bheith fostaithe ag an eagraíocht charthanúil,

(l) sonrófar ann na nósanna imeachta measúnachta priacail, na seiceálacha sábháilteachta agus na cosaintí a úsáideann an eagraíocht charthanúil i gcás go n-áirítear ar a cuid gníomhaíochtaí a bheith ag obair le daoine soghonta (lena n-áirítear seanóirí, leanaí agus daoine óga, na heasláin, an lucht míchumais agus lucht éislinne),

(m) sonrófar ann ioncam comhiomlán na heagraíochta carthanúla le linn na bliana airgeadais a chríochnaigh díreach roimh an iarratas ar chlárú a dhéanamh,

(n) beidh cóipeanna de na nithe seo a leanas ag gabháil leis—

(i) na cuntais airgeadais go léir de chuid na heagraíochta carthanúla nó a bhaineann leis an iontaobhas carthanúil i leith na tréimhse 12 mhí díreach roimh an iarratas sin, nó

(ii) i gcás gur foirmíodh an eagraíocht charthanúil nó gur bunaíodh an t-iontaobhas carthanúil tar éis thosach na tréimhse sin, na cuntais airgeadais go léir i leith na tréimhse ó foirmíodh an eagraíocht nó ó bunaíodh an t-iontaobhas, de réir mar is cuí,

(o) beidh cóip de bhunreacht na heagraíochta carthanúla ag gabháil leis, nó i gcás nach bhfuil aon bhunreacht ann i leith na heagraíochta carthanúla, cibé doiciméid de chuid na heagraíochta carthanúla ina bhforáiltear do nithe dá ndéantar foráil de ghnáth i mbunreacht,

(p) beidh ann cibé faisnéis eile (más ann)—

(i) a theastóidh le réasún ón Údarás chun a chumasú dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh faoin Acht seo, agus

(ii) a fhorordófar le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire, agus

(q) beidh an táille chuí (más ann) ag gabháil leis.

(6) Féadfaidh an t-údarás iarratasóir ar chlárú faoin alt seo a dhíolmhú ó cibé ceanglais de na ceanglais i bhfo-alt (5) is cuí leis i gcás gur dóigh leis go mbeadh sé ró-dhochraideach ar an iarratasóir na ceanglais sin a chomhlíonadh ag féachaint dá imthosca nó dá himthosca.

(7) Faoi réir fho-ailt (8), (13) agus (14) agus alt 43(10), féadfaidh an tÚdarás, a luaithe is indéanta tar éis dó iarratas de réir an ailt seo a fháil, an t-iarratas a dheonú agus na nithe seo a leanas a thaifeadadh sa chlár—

(a) i gcás eagraíochta carthanúla—

(i) atá bunaithe sa Stát,

(ii) atá bunaithe i stát (seachas stát de chuid LEE), nó

(iii) atá bunaithe i stát de chuid LEE agus a bhfuil príomháit ghnó aici sa Stát,

ainm na heagraíochta carthanúla, a príomháit ghnó sa Stát,

(b) i gcás eagraíochta carthanúla—

(i) atá bunaithe i stát de chuid LEE, agus

(ii) nach bhfuil príomháit ghnó aici sa Stát,

ainm na heagraíochta carthanúla agus a príomháit ghnó sa stát sin de chuid LEE,

(c) seoladh gach áitribh (más ann) sa Stát ag a n-oibríonn sé nó ag a seolann sé a chuid gníomhaíochtaí,

(d) ainmneacha na n-iontaobhaithe carthanais,

(e) uimhir lena bhféadfar an t-iarratasóir a shainaithint (dá ngairtear an “uimhir chlárúcháin” san Acht seo),

(f) cuspóirí na heagraíochta carthanúla nó an iontaobhais charthanúil lena mbaineann, agus

(g) cibé sonraí eile is cuí leis an Údarás,

agus beidh eagraíocht charthanúil arna clárú chun críocha an Achta seo ar an Údarás do chomhlíonadh a fheidhmeanna faoin bhfo-alt seo i ndáil leis an eagraíocht charthanúil.

Diúltóidh an tÚdarás d’iarratas faoin alt seo mura deimhin leis gur eagraíocht charthanúil é nó í an t-iarratasóir.

(8) Diúltóidh an tÚdarás d’iarratas faoin alt seo mura rud é gur deimhin leis gur eagraíocht charthanúil é an t-iarratasóir.

(9) I gcás go dtabharfaidh an tÚdarás breith iarratas a dheonú faoin alt seo, déanfaidh sé, a luaithe is féidir dá éis sin, an cinneadh a chur in iúl i scríbhinn don iarratasóir.

(10) I gcás go dtabharfaidh an tÚdarás breith diúltú d’iarratas faoin alt seo, déanfaidh sé, a luaithe is féidir dá éis sin, fógra a thabhairt i scríbhinn don iarratasóir—

(a) i dtaobh na breithe agus i dtaobh na gcúiseanna atá léi, agus

(b) i dtaobh an teidil faoi alt 45(1) chun achomharc a dhéanamh i gcoinne na breithe.

(11) Más rud é, maidir le sonra a thaifeadtar sa chlár de réir fho-alt (7) agus a bhaineann le heagraíocht charthanúil, go scoirfidh sé de bheith ceart, déanfaidh iontaobhaithe carthanais na heagraíochta carthanúla lena mbaineann, a luaithe is féidir, an méid sin a chur in iúl don Údarás.

(12) Déanfaidh an tÚdarás, ó am go ham, gach taifead sa chlár a athbhreithniú agus, má fhaigheann sé amach go bhfuil aon sonra sa chlár mícheart nó go bhfuil sé scortha de bheith ceart, déanfaidh sé cibé athruithe ar an gclár a mheasfaidh sé a bheith riachtanach agus déanfaidh sé aon athrú den sórt sin a chur in iúl i scríbhinn don eagraíocht charthanúil lena mbaineann.

(13) Más rud é, tar éis iarratas a dhéanamh faoin alt seo i ndáil le heagraíocht charthanúil ach sula ndéanann an tÚdarás cinneadh faoin iarratas, go scoirfidh iontaobhaí carthanais den eagraíocht charthanúil sin de bheith cáilithe le haghaidh phost an iontaobhaí carthanais de bhua alt 55, ní bheidh an eagraíocht charthanúil incháilithe chun bheith cláraithe chun críocha an ailt seo sula mbeidh bliain amháin, nó cibé tréimhse is giorra ná sin a chinnfidh an tAire, imithe in éag ón dáta a scoirfidh an t-iontaobhaí carthanais amhlaidh de bheith cáilithe, agus ní dhéanfaidh an tÚdarás, roimh an dul in éag sin, aon fheidhmeanna i ndáil leis an eagraíocht sin faoin alt seo a chomhlíonadh.

(14) Más rud é, tar éis iarratas a dhéanamh faoin alt seo i ndáil le heagraíocht charthanúil ach sula ndéanann an tÚdarás cinneadh faoin iarratas, go gciontófar an eagraíocht charthanúil sin ar díotáil i gcion, ní bheidh an eagraíocht charthanúil incháilithe chun bheith cláraithe chun críocha an ailt seo sula mbeidh bliain amháin, nó cibé tréimhse is giorra ná sin a chinnfidh an tAire, imithe in éag ó dháta an chiontaithe, agus ní dhéanfaidh an tÚdarás, roimh an dul in éag sin, aon fheidhmeanna i ndáil leis an eagraíocht sin faoin alt seo a chomhlíonadh.

(15) Aon duine, i gcomhlíonadh airbheartaithe an ailt seo, a thugann don Údarás go feasach nó go meargánta faisnéis nó sonra atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, nó a chreideann i ndáil le haon fhaisnéis nó sonra den sórt sin an tráth a thugann sé í nó é i gcomhlíonadh airbheartaithe an fho-ailt sin nach bhfuil sí nó sé fíor, beidh an duine sin ciontach i gcion.

(16) Cuirfidh an tÚdarás an clár ar fáil lena iniúchadh ag daoine den phobal gach tráth réasúnach ag a phríomhoifig agus foilseoidh sé an clár ar an idirlíon freisin.

(17) Déanfaidh an tÚdarás, a luaithe is féidir tar éis dó eagraíocht charthanúil ar cuideachta í a chlárú sa chlár, fógra a thabhairt i scríbhinn do chláraitheoir na gcuideachtaí i dtaobh an chlárúcháin sin.

Measfar eagraíochtaí carthanúla áirithe a bheith cláraithe chun críocha an Achta.

40 .— (1) Maidir le heagraíocht charthanúil—

(a) a raibh, díreach roimh thosach feidhme alt 39, teideal chun díolúine faoi alt 207 nó 208 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 ina leith, agus

(b) a raibh uimhir (dá ngairtear “uimhir charthanais” go coitianta) eisithe ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith chun críocha na díolúine sin,

measfar, faoi réir alt 44, í a bheith cláraithe sa chlár a fhad is a leanfaidh teideal chun díolúine den sórt sin agus a fhad sin amháin.

(2) Féadfaidh an tÚdarás a iarraidh ar na Coimisinéirí Ioncaim an fhaisnéis sin go léir atá i seilbh na gCoimisinéirí Ioncaim nó ar fáil acu a sholáthar dó, ar faisnéis í a bhaineann le heagraíocht charthanúil lena mbaineann fo-alt (1), agus a gceanglófaí ar an eagraíocht charthanúil í a sholáthar don Údarás dá mbeadh sí ag déanamh iarratais faoi alt 39.

(3) D’ainneoin aon achtacháin nó rialach dlí, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim de réir iarrata faoi fho-alt (2).

(4) Féadfaidh an tÚdarás a cheangal ar eagraíocht charthanúil lena mbaineann fo-alt (1) an fhaisnéis go léir nó aon chuid di a sholáthar don Údarás, is faisnéis a gceanglófaí ar an eagraíocht charthanúil í a sholáthar amhlaidh dá mba iarratasóir faoi alt 39 í.

(5) Íocfaidh eagraíocht charthanúil lena mbaineann fo-alt (1) leis an Údarás cibé táille (más ann) a chinnfidh an tÚdarás is leor chun íoc as na costais arna dtabhú ag an Údarás le linn dó feidhmeanna a chomhlíonadh i ndáil leis an eagraíocht charthanúil sin faoin alt seo, agus is leor chun na críche sin amháin.

(6) Déanfaidh an tÚdarás, a luaithe is indéanta tar éis faisnéis a fháil de bhun iarrata faoi fho-alt (2) de bhun ceanglais faoi fho-alt (3) i leith eagraíochta carthanúla, na nithe seo a leanas a thaifeadadh sa chlár—

(a) i gcás eagraíochta carthanúla atá—

(i) bunaithe sa Stát,

(ii) bunaithe i Stát (seachas stát de chuid LEE), nó

(iii) bunaithe i stát de chuid LEE agus a bhfuil príomháit ghnó aici sa Stát,

ainm na heagraíochta carthanúla, a príomháit ghnó sa Stát,

(b) i gcás eagraíochta carthanúla—

(i) atá bunaithe i stát de chuid LEE, agus

(ii) nach bhfuil príomháit ghnó aici sa Stát,

ainm na heagraíochta carthanúla agus a príomháit ghnó sa stát sin de chuid LEE,

(c) seoladh gach áitribh sa Stát ag a n-oibríonn sí nó ag a seolann sí a gníomhaíochtaí,

(d) ainmneacha iontaobhaithe an charthanais,

(e) uimhir lena bhféadfar an eagraíocht charthanúil a shainaithint (dá ngairtear an “uimhir chlárúcháin” freisin san Acht seo),

(f) cuspóirí na heagraíochtaí carthanúla nó an iontaobhais charthanúil lena mbaineann, agus

(g) cibé sonraí eile a mheasfaidh an tÚdarás is cuí.

Is cion é eagraíocht charthanúil neamhchláraithe do sheoladh gníomhaíochtaí sa Stát.

41 .— (1) Aon duine—

(a) a dhéanann fógraíocht thar ceann eagraíochta carthanúla nach bhfuil cláraithe nó nach meastar a bheith cláraithe, nó a chuireann faoi deara do dhuine eile fógraíocht a dhéanamh thar a ceann,

(b) a thugann cuireadh do dhaoine den phobal, nó a chuireann faoi deara do dhuine eile cuireadh a thabhairt do dhaoine den phobal, airgead nó maoin a thabhairt d’eagraíocht charthanúil nach bhfuil cláraithe nó nach meastar a bheith cláraithe, nó

(c) a ghlacann le bronntanas airgid nó le bronntanas de mhaoin eile thar ceann eagraíochta carthanúla nach bhfuil cláraithe nó nach meastar a bheith cláraithe, nó a chuireann faoi deara do dhuine eile glacadh le bronntanas den sórt sin,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Beidh eagraíocht charthanúil ar comhlacht corpraithe é agus nach bhfuil cláraithe nó nach meastar a bheith cláraithe ciontach i gcion—

(a) má dhéanann sí fógraíocht, nó má chuireann sí faoi deara do dhuine eile fógraíocht a dhéanamh thar a ceann,

(b) má thugann sí cuireadh do dhaoine den phobal, nó má chuireann sí faoi deara do dhuine eile cuireadh a thabhairt do dhaoine den phobal, airgead nó maoin eile a thabhairt di, nó

(c) má ghlacann sí le bronntanas airgid nó maoine thar a ceann, nó má chuireann sí faoi deara do dhuine eile glacadh le bronntanas den sórt sin.

(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i leith eagraíochta carthanúla lena mbaineann fo-alt (4) d’alt 39

(a) le linn na tréimhse dá dtagraítear san fho-alt sin, nó

(b) i gcás go bhfuil iarratas déanta ag an eagraíocht faoin bhfo-alt sin, le linn na tréimhse sin agus le linn aon tréimhse breise dar tosach tráth éagtha na tréimhse céadluaite agus dar críoch an tráth a dhéanfaidh an tÚdarás fógra i dtaobh a bhreithe i ndáil leis an iarratas dá dtagraítear san fho-alt sin a thabhairt d’iontaobhaithe an charthanais.

(4) Maidir le hiontaobhaithe carthanais eagraíochta carthanúla a bhfuil sárú déanta ar an alt seo ina leith, beidh gach duine acu ciontach i gcion.

Ainm eagraíochta carthanúla.

42 .— (1) Ní chláróidh an tÚdarás eagraíocht charthanúil más rud é―

(a) maidir le hainm na heagraíochta carthanúla―

(i) gurb ionann é agus ainm eagraíochta carthanúla eile, nó

(ii) go bhfuil sé chomh cosúil sin, i dtuairim an Údaráis, le hainm eagraíochta carthanúla eile gur dóigh nach mbeadh daoine den phobal ábalta idirdhealú a dhéanamh idir í agus an eagraíocht charthanúil eile sin,

(b) gur dóigh d’ainm na heagraíochta carthanúla, i dtuairim an Údaráis, daoine den phobal a chur ar míthreoir—

(i) maidir le cuspóirí na heagraíochta carthanúla, nó

(ii) maidir leis na gníomhaíochtaí a sheolann sí, nó a bheartaíonn sí a sheoladh, chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

(c) gur dóigh d’ainm na heagraíochta carthanúla, i dtuairim an Údaráis, a thabhairt ar dhaoine den phobal a chreidiúint go bhfuil baint aici leis an Rialtas, le húdarás áitiúil, nó le haon duine nó comhlacht daoine nach bhfuil aon bhaint aici leo, nó

(d) go bhfuil ainm na heagraíochta carthanúla, i dtuairim an Údaráis, ina ábhar coil.

(2) Ní athrófar ainm eagraíochta carthanúla cláraithe gan toiliú an Údaráis agus ní thabharfaidh an tÚdarás an toiliú sin más rud é—

(a) maidir le hainm na heagraíochta carthanúla—

(i) gurb ionann é agus ainm eagraíochta carthanúla eile, nó

(ii) go bhfuil sé chomh cosúil sin, i dtuairim an Údaráis, le hainm eagraíochta carthanúla eile gur dóigh nach mbeadh daoine den phobal ábalta idirdhealú a dhéanamh idir í agus an eagraíocht charthanúil eile sin,

(b) gur dóigh d’ainm na heagraíochta carthanúla, i dtuairim an Údaráis, daoine den phobal a chur ar míthreoir—

(i) maidir le cuspóirí na heagraíochta carthanúla, nó

(ii) maidir leis na gníomhaíochtaí a sheolann sí, nó a bheartaíonn sí a sheoladh, chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

(c) gur dóigh d’ainm na heagraíochta carthanúla, i dtuairim an Údaráis, a thabhairt ar dhaoine den phobal a chreidiúint go bhfuil baint aici leis an Rialtas, le húdarás áitiúil, nó le haon duine nó comhlacht daoine nach bhfuil aon bhaint aici leo, nó

(d) go bhfuil ainm na heagraíochta carthanúla, i dtuairim an Údaráis, ina ábhar coil.

(3) I gcás go ndiúltóidh an tÚdarás a thoiliú a thabhairt faoi fho-alt (2), féadfaidh an eagraíocht charthanúil lena mbaineann achomharc a dhéanamh chun an Bhinse i gcoinne an chinnidh diúltú amhlaidh nó féadfar achomharc a dhéanamh amhlaidh thar a ceann.

(4) I gcás go ndéanfar ainm eagraíochta carthanúla a athrú de shárú ar fho-alt (2), beidh gach duine d’iontaobhaithe carthanais na heagraíochta ciontach i gcion.

(5) I gcás go ndéanfar ainm eagraíochta carthanúla is comhlacht corpraithe a athrú de shárú ar fho-alt (2), beidh an eagraíocht charthanúil ciontach i gcion.

Eagraíocht charthanúil a bhaint den chlár.

43 .— (1) I gcás go mbeidh an tÚdarás den tuairim, tar éis dul i gcomhairle leis an nGarda Síochána, gur comhlacht eisiata comhlacht atá cláraithe sa chlár, nó go bhfuil sé tagtha chun bheith ina chomhlacht eisiata, de bhua cuspóirí a bheith á gcur chun cinn aige ar cuspóirí iad—

(a) atá neamhdhleathach,

(b) atá contrártha don mhoráltacht phoiblí,

(c) atá contrártha don bheartas poiblí,

(d) atá ina dtacaíocht le sceimhlitheoireacht nó le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta, nó

(e) a théann chun tairbhe d’eagraíocht a bhfuil sé neamhdhleathach ag duine a bheith ina chomhalta nó ina comhalta di,

déanfaidh sé an fhaisnéis go léir atá taifeadta i ndáil leis an gcomhlacht sin a bhaint den chlár agus scoirfidh an comhlacht air sin de bheith cláraithe.

(2) I gcás go n-athrófar ainm eagraíochta carthanúla de shárú ar alt 42(2), déanfaidh an tÚdarás an fhaisnéis go léir atá taifeadta i ndáil leis an eagraíocht sin a bhaint den chlár agus scoirfidh an eagraíocht air sin de bheith cláraithe.

(3) Más rud é go ndéanfar eagraíocht charthanúil chláraithe ar comhlacht corpraithe é a chiontú ar díotáil i gcion, féadfaidh an tÚdarás an fhaisnéis go léir atá taifeadta i ndáil leis an eagraíocht sin a bhaint den chlár, agus scoirfidh an eagraíocht sin, air sin, de bheith cláraithe.

(4) Más rud é, i ndáil le heagraíocht charthanúil, gur deimhin leis an Údarás go bhfuil sárú déanta—

(a) ar alt 47, 48, 5052, nó

(b) ar ordachán faoi alt 5051,

féadfaidh an tÚdarás an fhaisnéis go léir atá taifeadta i ndáil leis an eagraíocht sin a bhaint den chlár, agus scoirfidh an eagraíocht sin, air sin, de bheith cláraithe.

(5) Má mhainníonn eagraíocht charthanúil chláraithe ordachán ón Údarás a chomhlíonadh faoi alt 53, féadfaidh an tÚdarás an fhaisnéis go léir atá taifeadta i ndáil leis an eagraíocht sin a bhaint den chlár, agus scoirfidh an eagraíocht sin, air sin, de bheith cláraithe.

(6) Más rud é go bhfuil an tÚdarás den tuairim maidir le comhlacht atá cláraithe sa chlár nach eagraíocht charthanúil é, déanfaidh sé iarratas chun na hArd-Chúirte ar dhearbhú nach eagraíocht charthanúil an comhlacht.

(7) Má dhéanann an Ard-Chúirt, ar iarratas faoi fho-alt (6), dearbhú a dheonú nach eagraíocht charthanúil an comhlacht a ndéanfar an t-iarratas ina leith, scoirfidh an comhlacht air sin de bheith ina eagraíocht charthanúil chláraithe agus déanfaidh an tÚdarás an fhaisnéis go léir atá taifeadta i ndáil leis an gcomhlacht sin a bhaint den chlár, agus scoirfidh an comhlacht air sin de bheith cláraithe.

(8) Má scoireann iontaobhaí carthanais de chuid eagraíochta carthanúla cláraithe de bheith cáilithe le haghaidh poist mar iontaobhaí carthanais de bhua alt 55, féadfaidh an tÚdarás iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordú á údarú dó an eagraíocht charthanúil a bhaint den chlár, agus, ar an iarratas sin a bheith déanta, féadfaidh an Ard-Chúirt ordú den sórt sin a dhéanamh má mheasann sí gur cuí é sna himthosca go léir.

(9) Má dhéanann an Ard-Chúirt ordú faoi fho-alt (8), déanfaidh an tÚdarás an fhaisnéis go léir atá taifeadta i ndáil leis an eagraíocht sin a bhaint den chlár láithreach, agus scoirfidh an eagraíocht sin air sin de bheith cláraithe.

(10) Maidir le heagraíocht charthanúil atá scortha, de réir an ailt seo, de bheith cláraithe chun críocha alt 39, ní bheidh sí incháilithe, sula mbeidh bliain amháin, nó cibé tréimhse is giorra ná sin a chinnfidh an tAire, imithe in éag ón dáta a scoir sí de bheith cláraithe amhlaidh, chun iarratas a dhéanamh go gclárófar í, agus ní chomhlíonfaidh an tÚdarás, roimh an dul in éag sin, aon fheidhmeanna faoi alt 39(6) i ndáil leis an eagraíocht sin.

(11) I gcás go scoireann comhlacht, de réir an ailt seo, de bheith cláraithe, déanfaidh an tÚdarás ráiteas go bhfuil an comhlacht scortha de bheith cláraithe agus ráiteas maidir leis na cúiseanna atá leis sin a thaifeadadh sa chlár.

Cinneadh nach measfar feasta eagraíocht charthanúil lena mbaineann alt 40 a bheith cláraithe.

44 .— (1) Más é tuairim an Údaráis, tar éis dul i gcomhairle leis an nGarda Síochána, go bhfuil comhlacht a mheastar a bheith cláraithe sa chlár de bhua alt 40 ina chomhlacht eisiata, nó go bhfuil sé tagtha chun bheith ina chomhlacht eisiata, de bhua é do chur chun cinn cuspóirí—

(a) atá neamhdhleathach,

(b) atá contrártha don mhoráltacht phoiblí,

(c) atá contrártha don bheartas poiblí,

(d) atá ina dtacaíocht leis an sceimhlitheoireacht nó le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta, nó

(e) a théann chun tairbhe d'eagraíocht a bhfuil sé neamhdhleathach ag duine a bheith ina chomhalta nó ina comhalta di,

déanfaidh sé trí fhógra i scríbhinn a chur in iúl don chomhlacht nach meastar a thuilleadh é a bheith cláraithe amhlaidh.

(2) Más rud é go ndéantar ainm eagraíochta carthanúla a mheastar a bheith cláraithe sa chlár de bhua alt 40 a athrú de shárú ar alt 42(2), cuirfidh an tÚdarás in iúl don eagraíocht charthanúil trí fhógra i scríbhinn nach meastar a thuilleadh é a bheith cláraithe amhlaidh.

(3) Más rud é go ndéantar comhlacht corpraithe a mheastar a bheith cláraithe sa chlár de bhua alt 40 a chiontú ar díotáil i gcion, féadfaidh an tÚdarás, trí fhógra i scríbhinn, a chur in iúl don chomhlacht nach meastar a thuilleadh é a bheith cláraithe amhlaidh.

(4) Más rud é, i ndáil le heagraíocht charthanúil a mheastar a bheith cláraithe sa chlár de bhua alt 40, gur deimhin leis an Údarás go bhfuil sárú déanta—

(a) ar alt 47, 48, 5052, nó

(b) ar ordachán faoi alt 5051,

féadfaidh an tÚdarás trí fhógra i scríbhinn a chur in iúl don eagraíocht charthanúil nach meastar a thuilleadh é a bheith cláraithe amhlaidh.

(5) Má mhainníonn eagraíocht charthanúil a mheastar a bheith cláraithe sa chlár de bhua alt 40

(a) ceanglas de chuid an Údaráis faoi alt 40(4) a chomhlíonadh, nó

(b) ordachán de chuid an Údaráis faoi alt 53 a chomhlíonadh,

féadfaidh an tÚdarás trí fhógra i scríbhinn a chur don iúl don eagraíocht charthanúil nach meastar a thuilleadh é a bheith cláraithe amhlaidh.

(6) Ar fhógra a sheirbheáil faoin alt seo, ní mheasfar a thuilleadh an comhlacht lena mbaineann a bheith cláraithe sa chlár.

(7) I gcás gurb é tuairim an Údaráis nach eagraíocht charthanúil é comhlacht a mheastar a bheith cláraithe sa chlár de bhua alt 40, déanfaidh sé iarratas chun na hArd-Chúirte ar dhearbhú á rá nach eagraíocht charthanúil é an comhlacht.

(8) Má dheonaíonn an Ard-Chúirt, ar iarratas faoi fho-alt (7), dearbhú á rá nach eagraíocht charthanúil é an comhlacht a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh ina leith, scoirfidh an comhlacht de bheith á mheas mar chomhlacht atá cláraithe sa chlár.

(9) Má scoireann iontaobhaí carthanais ar chomhlacht a mheastar a bheith cláraithe sa chlár de bhua alt 40 de bheith cáilithe le haghaidh poist mar iontaobhaí carthanais de bhua alt 55, féadfaidh an tÚdarás iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordú lena n-údarófar don Údarás trí fhógra i scríbhinn a chur don iúl don chomhlacht nach meastar a thuilleadh an comhlacht a bheith cláraithe amhlaidh, agus, ar iarratas den sórt sin a bheith déanta, féadfaidh an Ard-Chúirt ordú den sórt sin a dhéanamh más cuí léi é sna himthosca uile.

(10) Ar fhógra a sheirbheáil faoi fho-alt (9), ní mheasfar a thuilleadh an comhlacht lena mbaineann a bheith cláraithe sa chlár.

(11) Maidir le comhlacht nach meastar a thuilleadh, de réir an ailt seo, é a bheith cláraithe sa chlár, ní bheidh sé incháilithe, sula mbeidh bliain amháin, nó cibé tréimhse is giorra ná sin a chinnfidh an tAire, imithe in éag ón dáta a scoir sé de bheith cláraithe amhlaidh, chun iarratas a dhéanamh go gclárófar é, agus ní chomhlíonfaidh an tÚdarás, roimh an dul in éag sin, aon fheidhmeanna faoi alt 39(6) i ndáil leis an eagraíocht sin.

(12) Más rud é, de réir an ailt seo, go scoirfidh comhlacht de bheith á mheas mar chomhlacht atá cláraithe sa chlár, déanfaidh an tÚdarás—

(a) faoi réir mhír (b), aon fhaisnéis sa chlár a bhaineann leis an gcomhlacht a bhaint den chlár, agus

(b) ráiteas go bhfuil an comhlacht scortha de bheith á mheas mar eagraíocht charthanúil chláraithe agus ráiteas i dtaobh na gcúiseanna atá leis sin a thaifeadadh sa chlár.

Achomharc a dhéanamh chun an Bhinse in aghaidh breithe ón Údarás.

45 .— (1) Féadfaidh duine a ndiúltóidh an tÚdarás dá iarratas nó dá hiarratas faoi alt 39 achomharc a dhéanamh chun an Bhinse in aghaidh an diúltaithe, tráth nach déanaí ná 21 lá, nó cibé tréimhse is faide ná sin a chinnfidh an Binse, ar chúis leormhaith, tar éis fógra i scríbhinn i dtaobh an diúltaithe ag an Údarás a sheirbheáil ar an duine.

(2) Féadfaidh duine atá bainte den chlár de réir alt 43 (seachas fo-ailt (7) agus (9)) achomharc a dhéanamh in aghaidh na breithe an duine a bhaint den chlár, tráth nach déanaí ná 21 lá, nó cibé tréimhse is faide ná sin a chinnfidh an Binse ar chúis leormhaith, tar éis fógra i scríbhinn i dtaobh na breithe ag an Údarás a sheirbheáil ar an duine.

(3) Maidir le comhlacht nach meastar a thuilleadh, de réir alt 44 (seachas fo-ailt (8) agus (10)), a bheith cláraithe, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh in aghaidh an fhógra dá dtagraítear san fho-alt sin, tráth nach déanaí ná 21 lá, nó cibé tréimhse is faide ná sin a chinnfidh an Binse ar chúis leormhaith, tar éis an fógra a sheirbheáil ar an duine.

(4) Féadfaidh an tAire achomharc a dhéanamh in aghaidh breithe ón Údarás duine a chlárú faoi alt 39, tráth nach déanaí ná 21 lá, nó cibé tréimhse is faide ná sin a chinnfidh an Binse ar chúis leormhaith, tar éis an duine a chlárú amhlaidh.

(5) Féadfaidh an Binse, ar achomharc faoi fho-alt (1), cinneadh a dhéanamh—

(a) á cheangal ar an Údarás an t-achomharcóir a chlárú sa chlár, nó

(b) lena ndaingnítear breith an Údaráis.

(6) Féadfaidh an Binse, ar achomharc faoi fho-alt (2), cinneadh a dhéanamh—

(a) á cheangal ar an Údarás an t-achomharcóir a chur ar ais sa chlár, nó

(b) á cheangal ar an Údarás an t-achomharcóir a chur ar ais sa chlár agus cibé coinníollacha a shonróidh an Binse a fhorchur ar an iarratasóir, nó

(c) lena ndaingnítear breith an Údaráis.

(7) Féadfaidh an Binse, ar achomharc faoi fho-alt (3)

(a) an fógra faoi alt 44 a chúlghairm,

(b) an fógra faoi alt 44 a chúlghairm agus cibé coinníollacha a shonróidh an Binse a fhorchur ar an iarratasóir, nó

(c) breith an Údaráis a dhaingniú.

(8) Féadfaidh an Binse, ar achomharc faoi fho-alt (4), cinneadh a dhéanamh—

(a) lena ndaingnítear an faoiseamh atá á iarraidh ag an Aire, nó

(b) lena ndaingnítear breith an Údaráis.

(9) Déanfaidh an tÚdarás de réir cinnidh ón mBinse faoin alt seo.

Tagairtí do stádas carthanúil.

46 .— (1) Aon duine a thabharfaidh le tuiscint, maidir le comhlacht nach bhfuil cláraithe, go bhfuil an comhlacht sin cláraithe, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Aon chomhlacht (seachas eagraíocht charthanúil chláraithe) a dhéanfaidh, in aon fhógra, fógrán, litríocht chur chun cinn nó aon ábhar foilsithe eile, é féin nó a ghníomhaíochtaí a thuairisciú i cibé téarmaí a d’fhágfadh go gcreidfeadh daoine den phobal le réasún gur eagraíocht charthanúil é, beidh sé, faoi réir fho-alt (6), ciontach i gcion.

(3) Aon duine a thabharfaidh le tuiscint, maidir le comhlacht nach bhfuil bunaithe faoi dhlí an Stáit, go bhfuil an comhlacht sin bunaithe amhlaidh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(4) Aon duine a thabharfaidh le tuiscint, maidir le comhlacht a bhfuil a shuíomh bainistíochta nó rialaithe lasmuigh den Stát, gur comhlacht é a bhfuil a shuíomh bainistíochta nó rialaithe sa Stát, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(5) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (3) agus (4), maidir le comhlacht a thuairiscítear go poiblí mar “carthanas Éireannach” nó “carthanas Éireannach cláraithe”, measfar go bhfuiltear ag tabhairt le tuiscint—

(a) go bhfuil sé cláraithe, agus

(b) gur comhlacht é—

(i) arna bhunú faoi dhlí an Stáit, nó

(ii) a bhfuil a shuíomh bainistíochta nó rialaithe sa Stát.

(6) In imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (2) is cosaint é don chosantóir a chruthú—

(a) gur faoi dhlí áite seachas an Stát atá sé nó sí bunaithe,

(b) go bhfuil sé nó sí i dteideal, faoin dlí sin, go dtuairisceofaí é nó í mar charthanas nó eagraíocht charthanúil,

(c) go bhfuil a lárionad bainistíochta agus rialaithe lasmuigh den Stát,

(d) nach bhfuil—

(i) aon talamh sa Stát á áitiú aige nó aici, nó

(ii) nach seolann sé nó sí aon ghníomhaíochtaí sa Stát,

agus

(e) go bhfuil freisin san fhógra, san fhógrán, sa litríocht chur chun cinn nó san aon ábhar foilsithe eile ina bhfuil an tuairisc a líomhnaítear gurb é an cion í, ráiteas maidir le háit a bhunaithe nó le háit a bunaithe.

(7) Luafaidh aon eagraíocht charthanúil chláraithe, i ngach doiciméad poiblí agus i cibé foilseacháin eile a fhorordófar, lena n-áirítear ar an teilifís nó ar an idirlíon, i litreacha inléite—

(a) gur eagraíocht charthanúil chláraithe í, agus

(b) soláthróidh sí cibé faisnéis eile a fhorordófar, lena n-airítear ainmneacha na n-iontaobhaithe carthanais agus seoladh a príomhoifige.

(8) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin arna ndéanamh chun críocha fho-alt (7)

(a) d’eagraíochtaí carthanúla, ar d’aicme ar leith iad, a dhíolmhú ó aon cheann de cheanglais na rialachán, nó

(b) i gcás ráitis nó faisnéise atá i dteanga seachas an Ghaeilge nó an Béarla, don ráiteas nó don fhaisnéis a bheith i nGaeilge nó i mBéarla nó sa dá theanga sin.

An dualgas leabhair chuntais chuí a choimeád.

47 .— (1) Déanfaidh iontaobhaithe carthanais de chuid eagraíochta carthanúla leabhair chuntais chuí, cibé acu i bhfoirm doiciméad nó taifid eile, a choimeád nó cuirfidh siad faoi deara go gcoimeádfar iad, ar leabhair chuntais iad—

(a) ina ndéantar idirbhearta na cuideachta a thaifeadfadh agus a mhíniú go cruinn,

(b) lena gcumasaítear staid airgeadais na heagraíochta a chinneadh go réasúnta cruinn tráth ar bith,

(c) lena gcumasaítear do na hiontaobhaithe carthanais a chinntiú go ndéantar aon ráitis chuntais arna n-ullmhú faoi alt 48 a ullmhú de réir rialachán arna ndéanamh faoin alt sin, agus

(d) lena gcumasaítear cuntais na heagraíochta a iniúchadh go réidh agus go cuí.

(2) Coimeádfar leabhair chuntais eagraíochta carthanúla ar bhonn leanúnach comhréireach, is é sin le rá, déanfar na taifid iontu ar mhodh tráthúil agus beidh siad i gcomhréir lena chéile ó bhliain go chéile.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1) agus (2), beidh i leabhair chuntais a choimeádfar de bhun na bhfo-alt sin—

(a) iontrálacha, ó lá go lá, de na suimeanna airgid go léir a gheobhaidh agus a chaithfidh an eagraíocht charthanúil lena mbaineann agus na nithe a bhfuarthas agus ar caitheadh na suimeanna ina leith, agus

(b) taifead de shócmhainní agus dliteanais na heagraíochta carthanúla.

(4) Chun críocha fho-ailt (1), (2) agus (3), measfar leabhair chuntais chuí a bheith á gcoimeád más rud é go gcomhlíonann siad na fo-ailt sin agus go dtugann siad léargas fíorcheart ar staid ghnóthaí na heagraíochta carthanúla agus go míníonn siad a hidirbhearta.

(5) Déanfar leabhair chuntais a cheanglaítear a choimeád leis an alt seo, ráiteas bliantúil na gcuntas dá dtagraítear in alt 48 agus aon chuntas agus ráiteas a ullmhaítear faoi fho-alt (3) den alt sin a choimeád i bhfoirm scríofa nó i dteanga oifigiúil de chuid an Stáit nó ionas gur féidir rochtain a fháil ar na leabhair chuntais agus ar na cuntais agus na tuairisceáin go héasca agus iad a chomhshó go héasca i bhfoirm scríofa i dteanga oifigiúil de chuid an Stáit.

(6) Déanfaidh iontaobhaithe carthanais eagraíochta carthanúla na leabhair chuntais, ráiteas bliantúil na gcuntas dá dtagraítear in alt 48 agus aon chuntas agus ráiteas a ullmhaítear faoi fho-alt (3) den alt sin, de chuid na heagraíochta carthanúla, a chur ar fáil i bhfoirm scríofa i dteanga oifigiúil de chuid an Stáit gach tráth réasúnach lena n-iniúchadh gan táille ag daoine atá i dteideal de bhun an Achta seo leabhair chuntais na heagraíochta a iniúchadh.

(7) Maidir le haon taifead (is leabhar cuntais a cheanglaítear a choimeád faoin alt seo), ráiteas bliantúil cuntas dá dtagraítear in alt 48 nó aon chuntas agus ráiteas a ullmhaítear faoi fho-alt (3) den alt sin, déanfaidh an eagraíocht charthanúil lena mbaineann é a choimeád go ceann tréimhse 6 bliana ar a laghad ó dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann sé.

(8) Más rud é, i rith na tréimhse 6 bliana dá dtagraítear i bhfo-alt (7) mar atá feidhm aige maidir le haon leabhar cuntais a cheanglaítear a choimeád faoin alt seo, le ráiteas bliantúil cuntas dá dtagraítear in alt 48 nó le haon chuntas agus ráiteas a ullmhaítear faoi fho-alt (3) den alt sin—

(a) go ndíscaoiltear an eagraíocht charthanúil lena mbaineann (is comhlacht corpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe daoine), nó

(b) go ndéantar an t-iontaobhas carthanúil a fhoirceannadh,

beidh sé de dhualgas ar na hiontaobhaithe carthanais atá i seilbh oifige díreach roimh dháta an díscaoilte nó an fhoirceanta, de réir mar a bheidh, an leabhar cuntais nó an ráiteas cuntas sin a shlánchoimeád de réir an fho-ailt sin (7), mura rud é go dtoileoidh an tÚdarás i scríbhinn lena mhilleadh nó lena dhiúscairt ar shlí éigin eile.

(9) Beidh iontaobhaí carthanais a sháraíonn an t-alt seo ciontach i gcion.

(10) Is cosaint é in imeachtaí i leith ciona arb éard é an t-alt seo a shárú don chosantóir a chruthú gur chreid sé nó sí ar fhorais réasúnacha gur cuireadh de dhualgas go cuí ar dhuine inniúil iontaofa (seachas an cosantóir) a chinntiú go ndéanfaí de réir an ailt seo agus go raibh sé nó sí in ann an dualgas sin a chomhlíonadh.

(11) Níl feidhm ag an alt seo maidir le heagraíochtaí carthanúla ar cuideachtaí iad.

Ráiteas cuntas bliantúil.

48 .— (1) Faoi réir fho-alt (3), ullmhóidh iontaobhaithe carthanais eagraíochta carthanúla, i leith gach bliana airgeadais, ráiteas cuntas (dá ngairtear an “ráiteas cuntas bliantúil” san alt seo) a bheidh i cibé foirm agus ina mbeidh faisnéis a bhaineann le cibé nithe a bheidh forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin arna ndéanamh de réir an fho-ailt sin—

(a) don ráiteas cuntas bliantúil a ullmhú de réir cibé modhanna agus caighdeán a shonrófar sna rialacháin,

(b) d’aon fhaisnéis a bheidh le soláthar trí nótaí a ghabhann leis an ráiteas cuntas bliantúil, agus

(c) do bhliain airgeadais eagraíochta carthanúla a chinneadh chun críocha an Achta seo agus aon rialachán arna ndéanamh faoi.

(3) (a) I gcás nach mó ná €100,000 ioncam nó caiteachas comhiomlán eagraíochta carthanúla i mbliain airgeadais, féadfaidh iontaobhaithe an charthanais, in ionad ráiteas bliantúil ar chuntais a ullmhú i leith na bliana sin, cuntas ioncaim agus caiteachais i leith na heagraíochta carthanúla agus ráiteas faoi shócmhainní agus dliteanais na heagraíochta carthanúla a ullmhú.

(b) Is i cibé foirm a fhorordóidh an tAire a bheidh cuntas ioncaim agus caiteachais, agus ráiteas faoi shócmhainní agus dliteanais, eagraíochta carthanúla a ullmhófar faoi mhír (a).

(4) Beidh iontaobhaí carthanais a sháraíonn an t-alt seo ciontach i gcion.

(5) I gcoinne imeachtaí mar gheall ar chion arb éard é sárú ar an alt seo, is cosaint é don chosantóir a chruthú gur chreid sé nó sí ar fhorais réasúnacha gur cuireadh de dhualgas go cuí ar dhuine inniúil iontaofa a chinntiú go ndéanfaí de réir an cheanglais sin agus go raibh sé nó sí in ann an dualgas sin a chomhlíonadh.

(6) Níl feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le heagraíocht charthanúil ar cuideachta í,

(b) maidir le comhlacht oideachais,

(c) maidir le heagraíocht charthanúil i leith bliana airgeadais inar lú a hioncam comhlán nó a chaiteachas iomlán ná—

(i) €10,000, nó

(ii) cibé méid is mó ná sin, nach mó ná €50,000, a fhorordófar,

(d) i ndáil le lárionad oideachais arna ainmniú ag an Aire faoi alt 10(4) d’Acht 1998.

Tuairisceáin bhliantúla faoi Achtanna na gCuideachtaí.

49 .— Déanfaidh an cláraitheoir, a luaithe is indéanta tar éis tuairisceán bliantúil cuideachta a bhfuil fógra faighte aige ina leith faoi alt 39(17), cóip den tuairisceán bliantúil sin agus cóipeanna de na doiciméid go léir atá i gceangal leis an tuairisceán a thabhairt don Údarás.

Iniúchadh nó scrúdú bliantúil ar chuntais.

50 .— (1) Déanfaidh duine cáilithe iniúchadh ar chuntais eagraíochta carthanúla i leith bliana airgeadais (dá ngairtear “an bhliain airgeadais iomchuí” san fho-alt seo) tráth nach déanaí ná 9 mí tar éis dheireadh na bliana airgeadais iomchuí, más rud é gur mó é ioncam comhlán nó caiteachas iomlán na heagraíochta carthanúla―

(a) sa bhliain airgeadais iomchuí,

(b) i mbliain airgeadais na heagraíochta carthanúla (más ann) díreach roimh an mbliain airgeadais iomchuí, nó

(c) i mbliain airgeadais na heagraíochta carthanúla (más ann) díreach roimh an mbliain dá dtagraítear i mír (b),

ná cibé méid a fhorordófar.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire méid a fhorordú faoi fho-alt (1) is mó ná €500,000.

(3) Faoi réir fho-alt (4), maidir le cuntais eagraíochta carthanúla (seachas eagraíocht charthanúil lena mbaineann fo-alt (1)) i leith bliana airgeadais, de rogha na n-iontaobhaithe carthanais—

(a) déanfaidh duine neamhspleách arna cheapadh nó arna ceapadh ag an Údarás, is duine ag a bhfuil an cumas agus an taithí phraiticiúil is gá chun scrúdú inniúil a dhéanamh ar na cuntais, iad a scrúdú nó

(b) déanfaidh duine cáilithe iad a iniúchadh,

tráth nach déanaí ná 9 mí tar éis dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann.

(4) Féadfaidh an tÚdarás ordachán a thabhairt d’iontaobhaithe carthanais eagraíochta carthanúla lena mbaineann fo-alt (3) á cheangal go ndéanfaidh duine cáilithe iniúchadh ar chuntais na heagraíochta carthanúla i leith cibé bliain airgeadais a shonrófar san ordachán.

(5) I gcás go bhfuil sárú déanta ar fho-alt (1) nó nach bhfuil an tÚdarás sásta leis an modh ar a bhfuil cuntais eagraíochta carthanúla lena mbaineann an fo-alt sin iniúchta, féadfaidh an tÚdarás cibé duine cáilithe is cuí leis a cheapadh chun na cuntais lena mbaineann a iniúchadh.

(6) I gcás go bhfuil sárú déanta ar fho-alt (3) nó nach bhfuil an tÚdarás sásta leis an modh ar a bhfuil cuntais eagraíochta carthanúla lena mbaineann an fo-alt sin scrúdaithe nó iniúchta, de réir mar a bheidh, féadfaidh an tÚdarás cibé duine cáilithe is cuí leis a cheapadh chun na cuntais lena mbaineann a iniúchadh.

(7) Beidh na caiteachais a thabhófar le linn do dhuine a cheapfar faoi fho-alt (5) nó faoi fho-alt (6) iniúchadh a dhéanamh, lena n-áirítear luach saothair an iniúchóra, inghnóthaithe ag an Údarás mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla—

(a) ó iontaobhaithe carthanais na heagraíochta carthanúla (a bheidh faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i leith na gcaiteachas sin), nó

(b) ón eagraíocht charthanúil lena mbaineann, i gcás nach indéanta iad a ghnóthú ó na hiontaobhaithe carthanais.

(8) Féadfaidh an tÚdarás cibé ordacháin a thabhairt is cuí leis, maidir le scrúdú a dhéanamh faoi fho-alt (3)(a), d’iontaobhaithe carthanais eagraíochta carthanúla áirithe nó i gcoitinne.

(9) Más rud é, i ndáil le heagraíocht charthanúil, go ndéantar sárú ar an alt seo, beidh gach duine de na hiontaobhaithe carthanais ciontach i gcion.

(10) I gcoinne imeachtaí mar gheall ar chion arb éard é sárú ar cheanglas faoin alt seo, is cosaint é don chosantóir a chruthú gur chreid sé nó sí ar fhorais réasúnacha gur cuireadh de dhualgas go cuí ar dhuine inniúil iontaofa a chinntiú go ndéanfaí de réir an cheanglais sin agus go raibh sé nó sí in ann an dualgas sin a chomhlíonadh.

(11) Aon iontaobhaí carthanais a chuirfidh bac ar dhuine nó a mhainneoidh comhoibriú le duine, arna cheapadh nó arna ceapadh faoi fho-alt (5)fo-alt (6) nó a mhainneoidh cibé cúnamh a thabhairt dó nó di a theastóidh uaidh nó uaithi chun iniúchadh a dhéanamh ar chuntais na heagraíochta carthanúla lena mbaineann, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(12) Más rud é, i ndáil le heagraíocht charthanúil, go ndéantar sárú ar cheanglas in ordachán faoi fho-alt (4), beidh gach duine d’iontaobhaithe carthanais na heagraíochta ciontach i gcion.

(13) Níl feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le heagraíocht charthanúil ar cuideachta í,

(b) maidir le comhlacht oideachais,

(c) maidir le heagraíocht charthanúil i leith bliana airgeadais inar lú a hioncam comhlán nó a chaiteachas iomlán ná—

(i) €10,000, nó

(ii) cibé méid is mó ná sin, nach mó ná €50,000, a fhorordófar.

(d) i ndáil le lárionad oideachais arna ainmniú ag an Aire faoi alt 10(4) d’Acht 1998.

(14) San alt seo ciallaíonn “duine cáilithe”—

(a) duine atá cáilithe, de réir alt 187 d’Acht na gCuideachtaí 1990, chun a cheaptha nó a ceaptha mar iniúchóir cuideachta, nó

(b) i ndáil le heagraíocht charthanúil—

(i) atá bunaithe i stát de chuid LEE, agus

(ii) nach bhfuil príomháit ghnó aici sa Stát,

duine atá cáilithe faoi dhlí an stáit sin de chuid LEE chun feidhmeanna a chomhlíonadh arb iad na feidhmeanna céanna iad nó atá cosúil leis na feidhmeanna sin is inchomhlíonta sa Stát ag duine dá dtagraítear i mír (a).

Rialacháin i ndáil le hiniúchtaí, etc.

51 .— (1) Féadfaidh an tAire le rialacháin—

(a) foráil a dhéanamh i ndáil le dualgais iniúchóra, nó duine neamhspleách dá dtagraítear in alt 50(3)(a) agus a dhéanann iniúchadh nó scrúdú de réir alt 50, lena n-áirítear foráil i ndáil le tuarascáil a thabhairt maidir leis an ráiteas bliantúil cuntas nó maidir leis an gcuntas ioncaim agus caiteachais agus maidir leis an ráiteas faoi shócmhainní agus dliteanais, de réir mar is cuí, a ullmhófar de réir alt 48,

(b) foráil a dhéanamh i ndáil le duine neamhspleách dá dtagraítear in alt 50(3)(a) do thabhairt tuarascála maidir le scrúdú arna dhéanamh aige nó aici,

(c) cumhacht a thabhairt d’iniúchóir nó do dhuine neamhspleách den sórt sin chun iniúchadh a dhéanamh ar leabhair, ar dhoiciméid agus ar thaifid eile (cibé caoi a gcoimeádtar iad) a bhaineann le heagraíocht charthanúil,

(d) cumhacht a thabhairt d’iniúchóir nó do dhuine neamhspleách den sórt sin chun faisnéis agus mínithe a éileamh, i gcás eagraíochta carthanúla, ó iar-iontaobhaithe carthanais nó ó iontaobhaithe carthanais láithreacha de chuid na heagraíochta carthanúla, nó ó iarchomhaltaí nó ó chomhaltaí láithreacha d’fhoireann na heagraíochta carthanúla.

(2) Má mhainníonn aon duine aon saoráid a thabhairt d’iniúchóir nó do dhuine neamhspleách dá dtagraítear in alt 50(3)(a) is saoráid a bhfuil sé nó sí i dteideal í a fháil faoi fho-alt (1)(c)(d), féadfaidh an tÚdarás cibé ordacháin is cuí leis an Údarás—

(a) a thabhairt don duine sin, nó

(b) a thabhairt do na hiontaobhaithe carthanais de thuras na huaire ar an eagraíocht charthanúil lena mbaineann,

ar ordacháin iad is cuí leis an Údarás.

(3) Beidh duine nó iontaobhaí carthanais, de réir mar a bheidh, nach gcomhlíonann ordachán faoi fho-alt (2) ciontach i gcion.

Tuarascálacha bliantúla.

52 .— (1) Déanfaidh iontaobhaithe carthanais eagraíochta carthanúla, tráth nach déanaí ná 10 mí nó cibé tréimhse is faide a shonróidh an tÚdarás, tar éis dheireadh gach bliana airgeadais, tuarascáil (dá ngairtear an “tuarascáil bhliantúil” san alt seo) a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Údaráis i leith a chuid gníomhaíochtaí sa bhliain airgeadais sin.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha fho-alt (1).

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), maidir le rialacháin faoin bhfo-alt sin—

(a) féadfaidh forálacha éagsúla a bheith iontu i ndáil le haicmí éagsúla faisnéise agus le haicmí éagsúla eagraíochta carthanúla,

(b) féadfar a cheangal leo go mbeidh cibé faisnéis (seachas faisnéis a cheanglaítear a sholáthar i dtuarascáil bhliantúil faoi fho-alt (1)) i dtuarascáil bhliantúil a bheidh sonraithe sna rialacháin, agus

(c) féadfar a fhoráil leo go ndéanfar tuarascáil dá dtagraítear san fho-alt sin a ullmhú ar cibé modh a shonrófar sna rialacháin.

(4) Faoi réir alt 48(6) agus 50(13), beidh an méid seo a leanas ag gabháil le tuarascáil bhliantúil arna cur isteach ag eagraíocht charthanúil de réir an ailt seo:

(a) cóip den ráiteas cuntas bliantúil arna ullmhú faoi fho-alt (1) d’alt 48 nó an cuntas ioncaim agus caiteachais agus an ráiteas faoi shócmhainní agus dliteanais arna ullmhú faoi fho-alt (3) den alt sin, de réir mar a bheidh, i leith na bliana airgeadais lena mbaineann;

(b) i gcás iniúchadh a bheith déanta ar chuntais na heagraíochta carthanúla de réir alt 50(1), cóip de thuarascáil an iniúchóra;

(c) i gcás duine neamhspleách do dhéanamh scrúdaithe ar chuntais na heagraíochta carthanúla de réir alt 50(3), cóip de thuarascáil an duine neamhspleách.

(5) (a) Déanfar cóip de na cuntais arna n-ullmhú ag eagraíocht charthanúil de réir Achtanna na gCuideachtaí, i leith na bliana airgeadais lena mbaineann, a chur ag gabháil le tuarascáil bhliantúil arna cur isteach ag an eagraíocht charthanúil sin de réir an ailt seo.

(b) Baineann an fo-alt seo le heagraíocht charthanúil—

(i) ar cuideachta í, agus

(ii) nach gceanglaítear uirthi a cuntais a chur i gceangal leis an tuairisceán bliantúil arna dhéanamh aici chuig cláraitheoir na gcuideachtaí faoi Achtanna na gCuideachtaí.

(6) Déanfaidh an tÚdarás tuarascáil bhliantúil arna cur faoi bhráid an Údaráis faoin alt seo agus aon doiciméad atá ag gabháil léi a choimeád go ceann cibé tréimhse is cuí leis.

(7) Aon eagraíocht charthanúil ar comhlacht corpraithe í a sháraíonn an t-alt seo, beidh sí ciontach i gcion.

(8) Más rud é, i ndáil le heagraíocht charthanúil, go ndéanfar sárú ar an alt seo, beidh gach duine d’iontaobhaithe carthanais na heagraíochta ciontach i gcion.

Ceanglas faisnéis a sholáthar.

53 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás, le hordachán i scríbhinn, a cheangal ar eagraíocht charthanúil cibé faisnéis a chur ar fáil don Údarás is faisnéis a theastóidh le réasún ón Údarás chun a chumasú dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Déanfaidh eagraíocht charthanúil de réir ordacháin faoin alt seo.

An pobal d’iniúchadh tuarascálacha bliantúla, etc.

54 .— (1) Faoi réir aon achtacháin nó rialach dlí lena dtoirmisctear faisnéis a nochtadh, déanfaidh an tÚdarás gach tuarascáil bhliantúil agus gach doiciméad atá ag gabháil léi a fhanann ina choimeád de réir alt 52(6), a chur ar fáil lena hiniúchadh nó lena iniúchadh ag daoine den phobal gach tráth réasúnach i gcaitheamh na tréimhse a bhfanfaidh sí nó sé ina choimeád lena linn nó i gcaitheamh cibé tréimhse níos giorra is cuí leis agus i cibé áit nó i cibé áiteanna a chinnfidh sé.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le hiontaobhas carthanúil príobháideach.

(3) San alt seo ciallaíonn “iontaobhas carthanúil príobháideach” iontaobhas carthanúil nach maoinítear le síntiúis ón bpobal.

Daoine atá dícháilithe chun bheith ina n-iontaobhaithe de chuid eagraíochta carthanúla.

55 .— (1) Faoi réir fho-alt (3), scoirfidh duine de bheith cáilithe le haghaidh poist iontaobhaí carthanais de chuid eagraíochta carthanúla, agus scoirfidh sé nó sí de phost den sórt sin a shealbhú, más rud é, maidir leis an duine sin—

(a) go mbreithneofar ina fhéimheach nó ina féimheach é nó í,

(b) go ndéanfaidh sé nó sí imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe,

(c) gur cuideachta é nó í atá i gcúrsa a foirceanta,

(d) go gciontófar é nó í ar díotáil i gcion,

(e) go gcuirfidh cúirt dlínse inniúla téarma príosúnachta air nó uirthi,

(f) go ndéanfar ordú ina thaobh nó ina taobh faoi alt 160 d’Acht na gCuideachtaí 1990 nó go dtoirmiscfear, go mbrisfear nó go bhfionrófar é nó í ó bheith ina iontaobhaí nó ina hiontaobhaí ar scéim faoi na hAchtanna Pinsean 1990 go 2008,

(g) go mbeifear tar éis é nó í a bhriseadh as post iontaobhaí carthanais de chuid eagraíochta carthanúla le hordú ón Ard-Chúirt faoi alt 74.

(2) Féadfaidh duine, de bhua fho-alt (1), nach bhfuil cáilithe chun bheith, nó atá scortha de bheith, ina iontaobhaí nó ina hiontaobhaí de chuid eagraíochta carthanúla, iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordú go bhféadfaidh sé nó sí post iontaobhaí carthanais de chuid eagraíochta carthanúla áirithe nó de chuid eagraíochta carthanúla d’aicme áirithe a shealbhú, agus féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas den sórt sin a bheith déanta, ordú den sórt sin a dhéanamh má mheasann sí go mba é leas an phobail é agus go mba é ard-leas na heagraíochta carthanúla lena mbaineann nó ard-leas na n-eagraíochtaí carthanúla den aicme lena mbaineann é dá ndéanfadh sí ordú den sórt sin.

(3) I gcás go ndéanfaidh an Ard-Chúirt ordú faoi fho-alt (2) i ndáil le duine, féadfaidh an duine sin post iontaobhaí carthanais a shealbhú, de bhua an ordaithe sin, is post—

(a) de chuid na heagraíochta carthanúla lena mbaineann an t-ordú, nó

(b) de chuid na heagraíochta carthanúla den aicme lena mbaineann an t-ordú,

ach más rud é, tar éis an t-ordú a dhéanamh, go dtarlóidh aon cheann de na teagmhais dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (seachas mír (a) ), scoirfidh an t-ordú d’éifeacht a bheith leis agus beidh feidhm ag forálacha an fho-ailt sin.

(4) Déanfaidh an tÚdarás clár a bhunú agus a chothabháil de na daoine go léir atá scortha de phost iontaobhaí carthanais de chuid eagraíochta carthanúla a shealbhú de bhua fho-alt (1).

(5) Déanfaidh an tÚdarás, ó am go ham, gach iontráil sa chlár a bhunófar faoin alt seo a athbhreithniú agus, má thagann sé ar an eolas go bhfuil aon sonra sa chlár sin mícheart nó go bhfuil sé scortha de bheith ceart, déanfaidh sé cibé athruithe ar an gclár sin a mheasfaidh sé is gá.

(6) Cuirfear an clár a bhunófar agus a chothabhálfar faoin alt seo ar fáil lena iniúchadh ag daoine den phobal gach tráth réasúnach i bpríomhoifig an Údaráis.

Duine ag gníomhú mar iontaobhaí carthanais le linn a bheith dícháilithe.

56 .— (1) Aon duine a ghníomhaíonn, nó a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú, mar iontaobhaí carthanais de chuid eagraíochta carthanúla tráth ar bith nach mbeidh sé nó sí, de bhua alt 55, cáilithe don phost sin, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Maidir le gníomh a dhéanfaidh aon duine—

(a) i gcomhlíonadh airbheartaithe fheidhmeanna iontaobhaí carthanais de chuid eagraíochta carthanúla, agus

(b) le linn dó nó di gan bheith cáilithe chun an post sin a shealbhú de bhua alt 55,

ní bheidh sé neamhbhailí de bhíthin amháin nach raibh an duine cáilithe amhlaidh.

(3) I gcás duine, aon tráth nach raibh sé nó sí, de bhua alt 55, cáilithe chun an post mar iontaobhaí carthanais de chuid eagraíochta carthanúla a shealbhú, a fuair ón eagraíocht charthanúil aon luach saothair nó caiteachais, nó aon sochar comhchineáil, i dtaca leis an duine sin do ghníomhú, nó d’airbheartú a bheith ag gníomhú, mar iontaobhaí carthanais de chuid na heagraíochta carthanúla, déanfaidh sé nó sí an t-airgead sin agus aon sochar comhchineáil nó suim is comhionann le luach airgid aon sochair comhchineáil a aisíoc leis an eagraíocht charthanúil.

Gníomhú faoi ordacháin ó dhuine nach bhfuil cáilithe chun bheith ina iontaobhaí carthanais nó ina hiontaobhaí carthanais.

57 .— (1) Maidir le hiontaobhaí carthanais nó comhalta d’fhoireann eagraíochta carthanúla a chomhlíonann ordacháin ó dhuine—

(a) nach bhfuil cáilithe chun post iontaobhaí carthanais de chuid na heagraíochta sin a shealbhú de bhua alt 55, agus

(b) a d’airbheartaigh an t-ordachán a thabhairt mar iontaobhaí carthanais de chuid na heagraíochta,

beidh sé nó sí, de réir mar a bheidh, ciontach i gcion más rud é, an tráth a rinne sé nó sí de réir an ordacháin amhlaidh, go raibh a fhios aige nó aici, nó go raibh forais réasúnacha aige nó aici chun a fhios a bheith aige nó aici, nach raibh an duine a thug an t-ordachán cáilithe chun post iontaobhaí carthanais de chuid na heagraíochta sin a shealbhú.

(2) I gcás go gciontófar duine i gcion faoin alt seo scoirfidh sé nó sí de bheith cáilithe chun post iontaobhaí carthanais de chuid eagraíochta carthanúla a shealbhú, agus más rud é, díreach roimh dháta a chiontaithe nó a ciontaithe, gur shealbhaigh sé nó sí post iontaobhaí carthanais de chuid eagraíochta carthanúla, scoirfidh sé nó sí den phost sin a shealbhú.

Iarmhairtí mar gheall ar ghníomhú faoi ordachán ó dhuine nach bhfuil cáilithe chun bheith ina iontaobhaí carthanais nó ina hiontaobhaí carthanais.

58 .— (1) Faoi réir fho-alt (3), beidh duine a chiontófar i gcion faoi alt 56 i leith eagraíochta carthanúla faoi dhliteanas go pearsanta i leith fhiacha na heagraíochta carthanúla arna dtabhú mar gheall ar é nó í do dhéanamh aon ghnímh i gcomhlíonadh airbheartaithe feidhmeanna iontaobhaí carthanais de chuid na heagraíochta carthanúla aige nó aici aon tráth nach raibh sé nó sí cáilithe chun post iontaobhaí carthanais de chuid na heagraíochta carthanúla a shealbhú.

(2) Faoi réir fho-alt (3), beidh duine a chiontófar i gcion faoi alt 57 i leith eagraíochta carthanúla faoi dhliteanas go pearsanta i leith fhiacha na heagraíochta carthanúla arna dtabhú mar gheall ar é nó í do dhéanamh aon ghnímh le linn déanamh de réir an ordacháin lenar bhain an cion.

(3) In imeachtaí a thionscnófar i gcoinne duine chun fiach dá dtagraítear san alt seo a ghnóthú féadfaidh an chúirt, faoi réir cibé coinníollacha is cuí léi, faoiseamh a thabhairt go hiomlán nó go páirteach ón dliteanas a mbeadh an duine murach sin faoina réir faoi fho-alt (1)(2), de réir mar a bheidh, má mheasann sí é a bheith cóir agus cothromasach déanamh amhlaidh ag féachaint d’imthosca uile an cháis.

Oibleagáid chun déanamh ciona a nochtadh don Údarás.

59 .— (1) Más rud é, i gcúrsa a dhualgais nó a dualgais a chomhall i ndáil le heagraíocht charthanúil, agus de bhua an céanna a chomhall amhlaidh, go dtiocfaidh faisnéis i seilbh duine iomchuí arb í faoi deara dó nó di a theacht ar an tuairim go bhfuil forais réasúnacha lena chreidiúint go bhfuil cion faoi Acht 2001 déanta nó á dhéanamh, déanfaidh an duine iomchuí, a luaithe is féidir, an tuairim sin a chur in iúl i scríbhinn don Údarás agus tuarascáil i scríbhinn a sholáthar don Údarás i dtaobh shonraí na bhforas ar ar thángthas ar an tuairim.

(2) Beidh duine iomchuí ciontach i gcion más rud é—

(a) go mainneoidh sé nó sí fo-alt (1) a chomhlíonadh, nó

(b) go ndéanfaidh sé nó sí, go feasach, tuarascáil a thabhairt faoi fho-alt (1) atá bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha.

(3) San alt seo ciallaíonn “duine iomchuí”, i ndáil le heagraíocht charthanúil, duine—

(a) is iniúchóir ar an eagraíocht charthanúil,

(b) is iontaobhaí carthanais de chuid na heagraíochta carthanúla nó atá, de thuras na huaire, ag comhall aon fheidhme d’fheidhmeanna iontaobhaí carthanais de chuid na heagraíochta carthanúla nó atá ceaptha go cuí chun iad a chomhall,

(c) is gnólacht gnó infheistíochta (de réir bhrí an Achta um Idirghabhálaithe Infheistíochta 1995), agus

(i) a thug comhairle don eagraíocht charthanúil, nó

(ii) a fuair aon íocaíocht i ndáil le haon chuid de mhaoin na heagraíochta carthanúla a infheistiú,

(d) a raibh baint aige nó aici le tuarascáil bhliantúil na heagraíochta carthanúla a ullmhú.

Cosaint i gcoinne imeachtaí mar gheall ar chlúmhilleadh maidir leis an Údarás d’fhoilsiú tuarascálacha áirithe.

60 .— In imeachtaí mar gheall ar chlúmhilleadh, beidh feidhm ag an gcosaint um pribhléid shrianta maidir leis an Údarás d’fhoilsiú tuarascála—

(a) faoi alt 59, nó

(b) maidir le haon ní a bhaineann le staid agus seoladh gnóthaí eagraíochta carthanúla.

Cosaint ar dhliteanas sibhialta do dhaoine a thuairisceoidh sáruithe ar an Acht, etc. don Údarás.

61 .— I gcás go gcuirfidh duine a thuairim nó a tuairim in iúl, cibé acu i scríbhinn nó ar shlí eile, don Údarás á rá—

(a) go bhfuil cion faoin Acht seo déanta nó á dhéanamh,

(b) go bhfuil aon fhoráil den Acht seo nár comhlíonadh nó nach bhfuil á comhlíonadh, nó

(c) go bhfuil cion faoi Acht 2001 déanta nó á dhéanamh i ndáil le maoin de chuid eagraíochta carthanúla,

ansin, mura rud é gur ghníomhaigh an duine de mheon mímhacánta, ní mheasfar go ndearna sé aon sárú dualgais i leith na heagraíochta carthanúla ná aon duine eile, agus ní bheidh cúis chaingne ag aon duine i gcoinne an duine chéadluaite mar gheall ar a thuairim nó a tuairim a chur in iúl amhlaidh.

Fostaithe a chosaint ar phionósú mar gheall ar sháruithe ar an Acht, etc., a thuairisciú.

62 .— (1) Ní dhéanfaidh fostóir fostaí a phionósú mar gheall ar theacht ar thuairim den chineál dá dtagraítear in alt 61 agus í a chur in iúl, cibé acu i scríbhinn nó ar shlí eile, don Údarás más rud é gur ghníomhaigh an fostaí go réasúnach agus de mheon macánta le linn dó nó di teacht ar an tuairim sin agus í a chur in iúl don Údarás.

(2) In imeachtaí faoin alt seo os comhair coimisinéara um chearta nó an Bhinse Achomhairc Fostaíochta i ndáil le gearán gur sáraíodh fo-alt (1), toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur ghníomhaigh an fostaí lena mbaineann go réasúnach agus de mheon macánta le linn teacht ar an tuairim agus an tuairim lena mbaineann a chur in iúl.

(3) Más rud é gurb éard a bheidh i bpionósú fostaí, de shárú ar fho-alt (1), dífhostú an fhostaí de réir bhrí na nAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2007, ní ceadmhach faoiseamh a dheonú don fhostaí i leith an phionósaithe sin faoin alt seo agus faoi na hAchtanna sin araon.

(4) Féadfaidh fostaí gearán a thíolacadh do choimisinéir um chearta á rá gur sháraigh a fhostóir nó a fostóir fo-alt (1) i ndáil leis nó léi agus, má dhéanann sé nó sí amhlaidh, déanfaidh an coimisinéir―

(a) deis a thabhairt do na páirtithe éisteacht a fháil ón gcoimisinéir agus aon fhianaise a bhaineann le hábhar an ghearáin a thíolacadh don choimisinéir, agus

(b) breith a thabhairt i scríbhinn i ndáil leis agus an bhreith a chur in iúl do na páirtithe.

(5) Maidir le breith ó choimisinéir um chearta faoi fho-alt (4) den alt seo, déanfar ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas leis:

(a) a dhearbhú go raibh, nó de réir mar a bheidh, nach raibh bonn leis an ngearán;

(b) a cheangal ar an bhfostóir fo-alt (1) a chomhlíonadh agus, chun na críche sin, a cheangal ar an bhfostóir bearta sonraithe a dhéanamh;

(c) a cheangal ar an bhfostóir cúiteamh a íoc leis an bhfostaí, ar cúiteamh é de cibé méid (más ann) is cóir agus is cothromasach ag féachaint do na himthosca go léir, ach gan dul thar luach saothair 104 sheachtain i leith fhostaíocht an fhostaí arna ríomh de réir rialachán faoi alt 17 den Acht um Dhífhostú Éagórach 1977.

(6) Chun críocha an ailt seo—

(a) beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (6) agus ag fo-alt (7)(a) d’alt 7 d’Acht 1994 i ndáil le gearán arna thíolacadh faoin alt seo mar atá feidhm acu i ndáil le gearán arna thíolacadh faoi fho-alt (1) den alt sin 7, faoi réir na modhnuithe seo a leanas, eadhon—

(i) na focail go léir i bhfo-alt (3) ó “má thíolactar é” go dtí deireadh an fho-ailt sin a scriosadh, agus “mura dtíolactar dó é laistigh den tréimhse 12 mhí dar tosach dáta an tsáraithe lena mbaineann an gearán nó (i gcás gur deimhin leis an gcoimisinéir um chearta, nárbh fhéidir, de dheasca imthosca eisceachtúla, an gearán a thíolacadh laistigh den tréimhse réamhráite), cibé tréimhse bhreise, ach gan an tréimhse bhreise sin a bheith níos faide ná 6 mhí ó dheireadh na tréimhse 12 mhí sin, is réasúnach leis an gcoimisinéir um chearta” a chur ina n-ionad,

(ii) tagairt do bhreith a chur in ionad na tagartha do mholadh i bhfo-alt (6),

(iii) aon mhodhnuithe eile is gá,

(b) beidh feidhm ag ailt 8, 9, agus 10 d’Acht 1994 mar atá feidhm acu chun críocha an Achta sin, faoi réir na modhnuithe seo a leanas, eadhon—

(i) tagairtí do bhreith a chur in ionad tagairtí do mholadh sna forálacha sin,

(ii) an fo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 8:

“(7) Déanfar imeachtaí faoin alt seo os comhair an Bhinse a éisteacht ar shlí eile seachas go poiblí .”,

(iii) an méid seo a leanas a chur isteach in alt 9 d’Acht 1994—

(I) tagairtí don Chúirt Chuarda a chur in ionad tagairtí don Chúirt Dúiche, agus

(II) an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Maidir le hiarratas faoin alt seo chun na Cúirte Cuarda déanfar é chun an bhreithimh den Chúirt Chuarda don chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an bhfostóir lena mbaineann nó ina seolann sé aon ghairm, trádáil nó gnó.”, agus

(III) aon mhodhnuithe eile is gá.

(7) D'fhonn amhras a sheachaint, ní oibreoidh fo-alt (6) chun aon cheann d'fheidhmeanna an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta faoi Acht 1994 a thabhairt don Aire agus beidh na feidhmeanna sin inchomhlíonta ag an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta chun críocha fhorálacha Acht 1994, arna gcur chun feidhme leis an bhfo-alt sin, go feadh an mhéid chéanna atá siad inchomhlíonta aige nó aici chun críocha Acht 1994 agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha Acht 1994.

(8) San alt seo ciallaíonn “Acht 1994” an tAcht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994.

Ráitis bhréagacha.

63 .— Aon duine a luafaidh leis an Údarás—

(a) go ndearnadh cion faoin Acht seo nó go bhfuil cion faoin Acht seo á dhéanamh,

(b) maidir le haon fhoráil den Acht seo, nár comhlíonadh í nó nach bhfuil sí á comhlíonadh, nó

(c) go ndearnadh cion faoi Acht 2001 nó go bhfuil cion faoin Acht 2001 á dhéanamh i ndáil le maoin eagraíochta carthanúla,

agus a fhios aige nó aici an ráiteas sin a bheith bréagach, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

CUID 4

Eagraíochtaí Carthanúla a Chosaint

Gnóthaí eagraíochta carthanúla a imscrúdú.

64 .— Féadfaidh an tÚdarás duine (dá ngairtear “cigire” san Acht seo) nó níos mó ná duine amháin den sórt sin a cheapadh chun gnóthaí eagraíochta carthanúla a imscrúdú agus chun tuarascáil a ullmhú i dtaobh an chéanna ar cibé modh a ordóidh an tÚdarás.

Doiciméid agus fianaise a thabhairt ar aird, tráth imscrúdaithe.

65 .— (1) Maidir le hiontaobhaí carthanais nó gníomhaire de chuid eagraíochta carthanúla—

(a) déanfaidh sé nó sí na leabhair, na doiciméid agus na taifid eile go léir de chuid na heagraíochta carthanúla, nó a bhaineann léi, agus atá ina sheilbh nó ina seilbh, nó faoina rialú nó ar a dheis aige nó ar a deis aici, a thabhairt ar aird do chigire,

(b) freastalóidh sé nó sí os comhair cigire, agus

(c) tabharfaidh sé nó sí do chigire gach cúnamh i dtaca leis an imscrúdú a fhéadfaidh sé nó sí a thabhairt le réasún,

nuair a iarrfaidh cigire air nó uirthi déanamh amhlaidh.

(2) Más dóigh le cigire go bhfuil, nó go bhféadfaidh go bhfuil, faisnéis i dtaobh gnóthaí eagraíochta carthanúla i seilbh duine (seachas iontaobhaí carthanais nó gníomhaire de chuid eagraíochta carthanúla) féadfaidh sé nó sí a cheangal ar an duine sin—

(a) aon leabhair, doiciméid nó taifid eile atá ina sheilbh nó ina seilbh, faoina rialú nó ar a dheis aige nó ar a deis aici, agus a bhaineann leis an eagraíocht charthanúil, a thabhairt ar aird dó nó di,

(b) freastal os a chomhair nó os a comhair, agus

(c) gach cúnamh eile den sórt sin i dtaca leis an imscrúdú a thabhairt dó nó di a fhéadfaidh sé nó sí a thabhairt le réasún.

(3) Más rud é go bhfuil forais réasúnacha ag cigire lena chreidiúint go bhfuil nó go raibh cuntas bainc (cibé tuairisc a bheidh air) á chothabháil ag iontaobhaí carthanais eagraíochta carthanúla a bhfuil a gnóthaí á imscrúdú ag an gcigire, cibé acu ina aonar nó ina haonar, nó i gcomhpháirt le duine eile agus cibé acu sa Stát nó in áit eile, ar íocadh isteach ann nó amach as airgead a bhfuil baint aige le haon ghníomh nó neamhghníomh ag an iontaobhaí carthanais sin, arb éard é mí-iompar (cibé acu is mí-iompar calaoiseach nó nach ea) i leith na heagraíochta carthanúla sin, féadfaidh an cigire a cheangal ar an iontaobhaí carthanais na doiciméid go léir atá i seilbh an iontaobhaí carthanais, faoina rialú nó ar a dheis aige nó ar a deis aici, agus a bhaineann leis an gcuntas bainc sin, a thabhairt ar aird dó nó di.

(4) Féadfaidh cigire iontaobhaí carthanais, comhalta foirne nó gníomhaire de chuid na heagraíochta carthanúla, nó duine lena mbaineann fo-alt (2) a cheistiú faoi mhionn, i ndáil le gnóthaí na heagraíochta carthanúla, agus féadfaidh sé nó sí dá réir sin duine a chur faoi mhionn.

(5) Aon duine a sháraíonn an t-alt seo nó a mhainníonn déanamh de réir ceanglais faoin alt seo, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(6) San alt seo—

folaíonn “gníomhaire” i ndáil le heagraíocht charthanúil baincéir, aturnae nó iniúchóir don eagraíocht charthanúil, agus aon duine ba ghníomhaire, ach nach gníomhaire a thuilleadh, don eagraíocht charthanúil;

folaíonn “cuntas bainc” cuntas le haon duine atá díolmhaithe de bhua alt 7(4) d'Acht an Bhainc Ceannais 1971 ón gceanglas ceadúnas a shealbhú faoi alt 9 den Acht sin;

folaíonn “iontaobhaí carthanais”, i ndáil le heagraíocht charthanúil, duine b’iontaobhaí carthanais, ach nach iontaobhaí carthanais a thuilleadh, don eagraíocht charthanúil.

Tuarascálacha cigire.

66 .— (1) Féadfaidh cigire arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 64, agus déanfaidh sé nó sí má ordaíonn an tÚdarás dó nó di amhlaidh, tuarascálacha eatramhacha a thabhairt don Údarás agus, ar chríoch a chur leis an imscrúdú, tabharfaidh sé nó sí tuarascáil chríochnaitheach don Údarás.

(2) D’ainneoin aon ní i bhfo-alt (1), féadfaidh cigire arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 64, aon tráth i gcúrsa a imscrúdaithe nó a himscrúdaithe, gan é a bheith riachtanach air nó uirthi tuarascáil eatramhach a thabhairt, nithe ar tháinig sé nó sí ar an eolas fúthu de bharr an imscrúdaithe agus a thaispeánfadh go bhfuil cion déanta a chur in iúl don Údarás.

(3) Féadfaidh an tÚdarás, más cuí leis é—

(a) cóip de thuarascáil ó chigire a thabhairt don eagraíocht charthanúil is ábhar don tuarascáil,

(b) cóip de thuarascáil ó chigire a thabhairt dóibh seo a leanas ar í a iarraidh agus ar cibé táille a íoc a bheidh forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire—

(i) iontaobhaí carthanais de chuid na heagraíochta carthanúla is ábhar don tuarascáil,

(ii) aon duine a dtagraítear dá iompar nó dá hiompar sa tuarascáil,

(iii) iniúchóirí na heagraíochta carthanúla sin,

(iv) aon duine eile (lena n-áirítear comhalta d’fhoireann na heagraíochta carthanúla) más dealraitheach don Údarás go ndéanann na nithe ar pléadh leo sa tuarascáil difear dá leasanna airgeadais cibé acu mar chreidiúnaí de chuid na heagraíochta carthanúla nó ar shlí eile,

(v) an Banc Ceannais, in aon chás ina mbaineann tuarascáil an chigire, go hiomlán nó go páirteach, le cúrsaí sealbhóra ceadúnais faoi alt 9 d’Acht an Bhainc Ceannais 1971,

(vi) na Coimisinéirí Ioncaim, nó

(vii) an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí,

(c) a chur faoi deara aon tuarascáil den sórt sin a fhoilsiú ar cibé modh is cuí leis.

(4) Féadfaidh an tÚdarás, i gcás gur cuí leis é, a ordú maidir le cibé cuid de thuarascáil lena mbaineann an t-alt seo de réir mar atá sé sonraithe san ordachán―

(a) go ndéanfar í a fhágáil ar lár as cóip arna tabhairt faoi fho-alt (3)(a)(b)(i), (ii), (iii)(iv), agus

(b) nach bhfoilseofar í faoi fho-alt (3)(c).

Caiteachais imscrúdaithe ar ghnóthaí eagraíochta carthanúla.

67 .— (1) Íocfaidh an tÚdarás na caiteachais a bhainfidh agus a ghabhfaidh le himscrúdú ag cigire.

(2) Más rud é, maidir le duine—

(a) go gciontófar é nó í ar díotáil i gcion in imeachtaí a thionscnófar de dhroim imscrúdaithe, nó

(b) go n-ordófar dó nó di damáistí a íoc nó aon mhaoin a thabhairt ar ais in imeachtaí a thionscnófar de dhroim imscrúdaithe,

féadfaidh an chúirt sna himeachtaí sin a ordú don duine cibé suim a shonróidh sí a íoc leis an Údarás is suim nach mó ná aon mhéid a íocfaidh an tÚdarás faoi fho-alt (1) i leith an imscrúdaithe sin.

Cumhacht an Údaráis chun a cheangal doiciméid a thabhairt ar aird.

68 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh an tÚdarás, le hordachán i scríbhinn, a cheangal ar eagraíocht charthanúil nó ar iontaobhaithe carthanais eagraíochta carthanúla, cibé tráth agus cibé áit a shonrófar san ordachán, cibé leabhair, doiciméid nó taifid eile a shonrófar amhlaidh a thabhairt ar aird.

(2) Ní thabharfar ordachán faoi fho-alt (1) mura rud é go bhfuil an tuairim ag an Údarás—

(a) gur gá leabhair, doiciméid nó taifid eile na heagraíochta carthanúla a scrúdú d’fhonn a chinneadh ar chóir cigire a cheapadh chun imscrúdú a sheoladh faoi ghnóthaí na heagraíochta carthanúla faoin gCuid seo,

(b) go bhfuil, nó go raibh, gnóthaí an chomhlachta á seoladh le hintinn calaois a dhéanamh ar aon duine,

(c) go bhfuil aon ghníomh nó neamhghníomh arna dhéanamh ag an eagraíocht charthanúil nó thar a ceann, nó a bheartaítear a dhéanamh amhlaidh, neamhdhleathach, nó go mbeadh sé neamhdhleathach dá ndéanfaí é, nó

(d) gur foirmíodh an comhlacht chun aon chríche calaoisí nó chun aon chríche neamhdhleathaí eile.

(3) Maidir le cumhacht an Údaráis faoi fho-alt (1) chun a cheangal ar eagraíocht charthanúil nó ar iontaobhaí carthanais aon leabhair, doiciméid nó taifid eile a thabhairt ar aird, áireofar inti an chumhacht chun a cheangal ar aon duine eile na leabhair, na doiciméid nó na taifid sin a thabhairt ar aird más dealraitheach don Údarás go bhfuil siad ina sheilbh nó ina seilbh.

(4) Aon chumhacht a thugtar leis an alt seo nó de bhua an ailt seo chun a cheangal ar eagraíocht charthanúil, ar iontaobhaithe carthanais eagraíochta carthanúla nó ar dhuine eile leabhair, doiciméid nó taifid a thabhairt ar aird áireofar inti—

(a) i gcás go ndéantar na leabhair, na doiciméid nó na taifid a thabhairt ar aird—

(i) an chumhacht chun cóipeanna díobh nó sleachta astu a thógáil, agus

(ii) an chumhacht chun a cheangal ar iontaobhaithe carthanais de chuid na heagraíochta carthanúla nó ar aon iar-iontaobhaí carthanais dá cuid nó ar aon chomhalta nó iarchomhalta d’fhoireann na heagraíochta carthanúla nó ar aon duine eile atá i láthair nuair a thugtar ar aird iad míniú a thabhairt ar a bhfuil in aon cheann acu nó ar bhrí aon cheann acu,

(b) más rud nach dtugtar na leabhair nó na doiciméid ar aird, an chumhacht chun a cheangal ar an duine ar ceanglaíodh air nó uirthi iad a thabhairt ar aird a rá, de réir mar is fearr is eol dó nó di agus mar a chreideann sé nó sí, cén áit a bhfuil siad.

(5) Má sháraíonn eagraíocht charthanúil is comhlacht corpraithe an t-alt seo nó má mhainníonn sí ceanglas faoin alt seo a chomhlíonadh beidh sí ciontach i gcion.

(6) Má sháraíonn iontaobhaí carthanais nó duine eile an t-alt seo nó má mhainníonn sé nó sí ceanglas faoin alt seo a chomhlíonadh beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(7) Más rud é, i ndáil le heagraíocht charthanúil, go bhfuil sárú á dhéanamh ar an alt seo nó mainneachtain á déanamh ceanglas faoin alt seo a chomhlíonadh, beidh gach duine d’iontaobhaithe carthanais na heagraíochta carthanúla ciontach i gcion.

(8) In imeachtaí a thionscnófar i gcoinne duine mar gheall ar chion faoin alt seo arb éard atá ann mainneachtain aige nó aici leabhar, doiciméad nó taifead eile a thabhairt ar aird is cosaint é don duine a chruthú nach raibh an leabhar, an doiciméad nó an taifead eile ina sheilbh nó ina seilbh, faoina rialú nó ar fáil aige nó aici nuair a iarradh air nó uirthi é a thabhairt ar aird agus nárbh fhéidir leis nó léi le réasún an ceanglas a chomhlíonadh.

(9) Forléireofar tagairtí san alt seo don Údarás mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d’oifigeach don Údarás nó do chomhalta d’fhoireann an Údaráis arna údarú nó arna húdarú go cuí ag an Údarás chun feidhmeanna faoin alt seo a chomhlíonadh.

Dul isteach in áitreabh agus é a chuardach.

69 .— (1) Ar iarratas ó chigire nó ó oifigeach don Údarás nó ó chomhalta d’fhoireann an Údaráis, más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche go bhfuil forais réasúnacha ann lena chreidiúint go ndearnadh mainneachtain ceanglas faoi alt 68 a chomhlíonadh maidir le haon leabhair, doiciméid nó taifid eile agus go bhfuil na leabhair, na doiciméid nó na taifid sin in aon áitreabh (lena n-áirítear teaghais), féadfaidh sé nó sí barántas a eisiúint á údarú do chigire ainmnithe nó d’oifigeach ainmnithe don Údarás nó do chomhalta ainmnithe d’fhoireann an Údaráis, agus cibé oifigigh don Údarás nó comhaltaí d’fhoireann an Údaráis nó comhaltaí den Gharda Síochána is gá in éineacht leis nó léi, aon tráth nó tráthanna (nach déanaí ná deireadh tréimhse míosa ó dháta eisiúna an bharántais)—

(a) dul isteach san áitreabh (trí fhorneart réasúnach a úsáid más gá),

(b) an t-áitreabh a chuardach agus na leabhair, na doiciméid nó na taifid go léir ar dealraitheach gurb iad na leabhair, na doiciméid nó na taifid is ábhar do cheanglas faoi alt 68 a iniúchadh agus seilbh a ghlacadh orthu, agus

(c) gach beart is gá a dhéanamh chun a chinntiú go gcaomhnófar na leabhair, na doiciméid nó na taifid eile sin agus nach gcuirfear isteach orthu.

(2) Faoi réir fho-alt (3), féadfar aon leabhair, doiciméid nó taifid eile a mbeidh seilbh glactha orthu de réir barántais faoin alt seo a choimeád ar feadh tréimhse 3 mhí.

(3) Más rud é, laistigh den tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (2), go dtionscnaítear imeachtaí i leith ciona in aghaidh aon duine agus go mbeidh gá le leabhair, doiciméid nó taifid eile a mbeidh seilbh glactha orthu de réir barántais faoin alt seo chun críocha na n-imeachtaí sin, féadfar na leabhair, na doiciméid nó na taifid sin a choimeád go dtí go ndéanfar breithiúnas críochnaitheach a thaifeadadh sna himeachtaí sin.

(4) Aon duine a chuireann bac nó treampán ar chigire nó ar oifigeach nó ar chomhalta d’fhoireann an Údaráis nó ar chomhalta den Gharda Síochána agus é nó í ag feidhmiú cumhachta a thugtar dó nó di le barántas faoin alt seo nó a chuireann cosc ar an gcigire, ar an oifigeach, ar an gcomhalta foirne nó ar an gcomhalta, de réir mar a bheidh, d’fheidhmiú na cumhachta sin, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

Foráil d’fhonn faisnéis a shlánchoimeád.

70 .— (1) Faoi réir ailt 66 agus 71, ní dhéanfar aon leabhar, doiciméad ná taifead eile a gheofar faoi alt 68 69 a nochtadh, gan toiliú roimh ré ón eagraíocht charthanúil lena mbaineann sé, ach amháin d’údarás inniúil, mura gá an nochtadh—

(a) chun cion a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh,

(b) i gcás eagraíochta carthanúla ar cuideachta í, chun críocha imeachtaí arna dtionscnamh ag an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach faoi Achtanna na gCuideachtaí chun an chuideachta a fhoirceannadh,

(c) chun críocha iarratais faoi alt 69(1).

(2) Aon duine a fhoilsíonn nó a nochtann aon fhaisnéis, leabhar nó doiciméad de shárú ar an alt seo beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(3) San alt seo, ciallaíonn “ údarás inniúil ”—

(a) an tÚdarás,

(b) an tAire,

(c) duine arna údarú nó arna húdarú go cuí ag an Aire chun críocha an ailt seo,

(d) cigire,

(e) an tAire Airgeadais,

(f) na Coimisinéirí Ioncaim,

(g) an Banc Ceannais, nó

(h) cúirt dlínse inniúla.

Tuarascálacha cigire a bheith ina bhfianaise.

71 .— Maidir le doiciméad a airbheartóidh a bheith ina chóip de thuarascáil ó chigire arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 64, beidh sé, mura suitear a mhalairt, ina fhianaise in aon imeachtaí (seachas imeachtaí i leith ciona)—

(a) ar na nithe atá sonraithe inti gan a thuilleadh cruthúnais, agus

(b) ar thuairim an chigire i ndáil le haon ní sa tuarascáil.

Cosaint d'fhaisnéis faoi phribhléid.

72 .— (1) Ní oibreoidh aon ní sa Chuid seo chun a cheangal ar dhuine leabhair, doiciméid nó taifid eile a thabhairt ar aird, nó aon fhaisnéis a sholáthar, do chigire, a mbeadh sé nó sí i dteideal diúltú iad a thabhairt ar aird nó í a sholáthar ar fhorais a bhaineann le pribhléid ghairmiúil dhlíthiúil ná ní údaróidh aon ní sa Chuid seo seilbh a ghlacadh ar aon leabhair, doiciméid nó taifid den sórt sin.

(2) Ní bheidh ráiteas ná admháil ó dhuine de bhun ceanglais faoin gCuid seo inghlactha i bhfianaise in imeachtaí a thionscnófar in aghaidh an duine sin i leith ciona (seachas cion faoin gCuid seo).

Smachtbhannaí idirmheánacha.

73 .— (1) Más rud é, i ndáil le heagraíocht charthanúil chláraithe, go sáraítear alt 47, 48, 50 52 nó ordachán faoi alt 51(2) agus go measann an tÚdarás go mbeadh sé réasúnach agus i gcomhréir sna himthosca gan imeachtaí a thionscnamh i leith ciona arb éard é an sárú ach ina ionad sin smachtbhanna idirmheánach a fhorchur, féadfaidh sé, má gheallann na hiontaobhaithe carthanais―

(a) an sárú a chur ina cheart laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an tÚdarás,

(b) glacadh le forchur smachtbhannaí idirmheánacha ón Údarás, agus

(c) tabhairt faoi cibé réim ghnímh (más ann) ar a gcomhaontóidh siad féin agus an tÚdarás d’fhonn a chinntiú nach dtarlóidh an sárú arís,

smachtbhanna idirmheánach amháin nó níos mó a fhorchur ar na hiontaobhaithe carthanais nó ar an eagraíocht charthanúil, de réir mar is cuí leis.

(2) I gcás go mbeartóidh an tÚdarás feidhmeanna a chomhlíonadh faoi fho-alt (1), seirbheálfaidh sé fógra ar an eagraíocht charthanúil chláraithe nó ar na hiontaobhaithe carthanais lena mbaineann i dtaobh a bhfuil beartaithe.

(3) Faoi réir fho-alt (4), ní thionscnófar imeachtaí i leith ciona arb éard é an sárú lena mbaineann má thugann iontaobhaithe carthanais na heagraíochta carthanúla lena mbaineann gealltanas de réir fho-alt (1).

(4) I gcás go ndiúltaíonn iontaobhaithe carthanais eagraíochta carthanúla cláraithe gealltanas a thabhairt de réir fho-alt (1), nó tar éis dóibh gealltanas den sórt sin a thabhairt, go mainníonn siad―

(a) an sárú lena mbaineann a chur ina cheart laistigh den tréimhse a shonróidh an tÚdarás, nó

(b) na bearta a shonrófar a chur i ngníomh i réim ghnímh chomhaontaithe,

déanfar imeachtaí i leith an chiona arb éard é an sárú lena mbaineann a thionscnamh.

(5) San alt seo ciallaíonn “smachtbhanna idirmheánach”—

(a) an eagraíocht charthanúil a bhaint den chlár go ceann cibé tréimhse a chinnfidh an tÚdarás, nó

(b) foilsiú sonraí an tsáraithe lena mbaineann ar shuíomh gréasáin idirlín an Údaráis.

Eagraíochtaí carthanúla a chosaint.

74 .— (1) I gcás gur deimhin leis an Ard-Chúirt, ar iarratas ón Údarás—

(a) go bhfuil cion faoin Acht seo déanta nó á dhéanamh i ndáil le heagraíocht charthanúil,

(b) maidir le haon fhoráil den Acht seo, nach ndearnadh í a chomhlíonadh nó nach bhfuiltear á comhlíonadh i ndáil le heagraíocht charthanúil,

(c) go bhfuil cion faoi Acht 2001 déanta nó á dhéanamh i ndáil le maoin eagraíochta carthanúla,

(d) go bhfuil aon mhaoin de chuid na heagraíochta carthanúla á cur chun mífheidhme nó go bhfuiltear ag plé léi nó á bainistiú ar mhodh lena gcuirtear an mhaoin i mbaol, nó

(e) go raibh aon mhí-iompar nó míbhainistíocht eile ann ar thaobh aon iontaobhaí carthanais nó aon chomhalta foirne i ndáil le gnóthaí na heagraíochta carthanúla,

féadfaidh an Ard-Chúirt cibé ordú is cuí léi a dhéanamh sna himthosca.

(2) Féadfaidh an Ard-Chúirt—

(a) ordú eatramhach,

(b) ordú idirbhreitheach, nó

(c) ordú buan,

a dhéanamh faoin alt seo.

(3) Féadfar iarratas ar ordú eatramhach a dhéanamh ex parte faoin alt seo.

(4) San alt seo—

folaíonn “ordú”—

(a) ordú lena ndéantar aon iontaobhaí carthanais nó comhalta d’fhoireann eagraíochta carthanúla a chur ar fionraí nó a chur as fostaíocht,

(b) ordú lena dtoirmisctear aon mhaoin de chuid na heagraíochta carthanúla a aistriú, a dhíol nó a chur chun feidhme,

(c) ordú lena ndéantar aon mhaoin de chuid eagraíochta carthanúla a dhílsiú don Údarás nó do cibé duine eile is cuí leis an gcúirt,

(d) ordú lena gceaptar cibé duine nó daoine is cuí leis chun gníomhú mar iontaobhaí carthanais nó iontaobhaithe carthanais de chuid na heagraíochta carthanúla i dteannta, nó in ionad, aon iontaobhaithe carthanais láithreacha,

(e) ordú lena n-ordaítear d’aon duine is féichiúnaí de chuid na heagraíochta carthanúla gan a fhiach nó a fiach a íoc leis an eagraíocht le linn cibé tréimhse atá sonraithe san ordú, nó é a íoc le cibé duine a shonrófar amhlaidh mar shásamh ar an bhfiach leis an eagraíocht charthanúil, agus

(f) ordú lena gcuirtear srian nó toirmeasc ar an eagraíocht charthanúil cibé comhaontuithe, nó comhaontuithe de cibé aicme, a shonrófar san ordú a dhéanamh.

CUID 5

An Binse Achomhairc do Charthanais

An Binse Achomhairc do Charthanais.

75 .— (1) Beidh binse arna bhunú ar a dtabharfar an Binse Achomhairc do Charthanais agus dá ngairtear an “Binse” san Acht seo chun na hachomhairc dá bhforáiltear leis an Acht seo a chinneadh.

(2) Is iad a bheidh ar an mBinse 5 chomhalta—

(a) ar daoine 2 acu—

(i) a shealbhaíonn nó a shealbhaigh roimhe sin oifig bhreithiúnach sna hUaschúirteanna, nó

(ii) ar abhcóidí nó aturnaetha iad a bhfuil seasamh 10 mbliana ar a laghad acu,

agus

(b) ar daoine 2 acu a bhfuil taithí acu, i dtuairim an Aire, i réimsí saineolais a bhaineann le carthanais.

(3) (a) Is é nó is í an tAire a cheapfaidh comhaltaí an Bhinse.

(b) Ceapfaidh an tAire cathaoirleach an Bhinse as measc chomhaltaí an Bhinse.

(4) Beidh comhalta den Bhinse i seilbh oifige ar feadh cibé tréimhse, nach faide ná 5 bliana ó dháta a cheaptha nó a ceaptha, a chinnfidh an tAire.

(5) Aon chomhalta den Bhinse a rachaidh a théarma nó a téarma comhaltais den Bhinse in éag, beidh sé nó sí in-athcheaptha mar chomhalta den Bhinse.

(6) Féadfar cibé luach saothair a íoc le comhaltaí an Bhinse (lena n-áirítear an cathaoirleach) a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

(7) Féadfaidh comhalta den Bhinse éirí as oifig trí fhógra i scríbhinn faoina éirí as nó faoina héirí as a thabhairt don Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as ar an dáta a gheobhaidh an tAire an fógra.

(8) Féadfaidh an tAire, aon tráth, comhalta den Bhinse a chur as oifig más rud é, i dtuairim an Aire, go bhfuil an comhalta tar éis éirí éagumasach, de dheasca easláinte, ar a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, nó gur mhí-iompair sé nó sí é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe, nó gur dealraitheach gur gá é nó í a chur as oifig chun go gcomhlíonfaidh an Binse a fheidhmeanna go héifeachtach.

(9) Scoirfidh comhalta den Bhinse de bheith cáilithe le haghaidh oifige agus scoirfidh sé nó sí d’oifig a shealbhú más rud é—

(a) go mbreithneofar ina fhéimheach nó ina féimheach é nó í,

(b) go ndéanfaidh sé nó sí imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe,

(c) go ngearrfaidh cúirt dlínse inniúla téarma príosúnachta air nó uirthi, nó

(d) go gciontófar é nó í in aon chion indíotáilte i ndáil le cuideachta,

(e) go gciontófar é nó í in aon chion indíotáilte i ndáil le heagraíocht charthanúil nó iontaobhas carthanais,

(f) go gciontófar é nó í i gcion lena ngabhann calaois nó mímhacántacht, cibé acu is i ndáil le cuideachta é nó nach ea, nó

(g) go ndéanfar ordú ina thaobh nó ina taobh faoi alt 160 d’Acht na gCuideachtaí 1990.

(10) Más rud é go bhfaighidh comhalta den Bhinse bás, go n-éireoidh sé nó sí as, go scoirfidh sé nó sí de bheith cáilithe le haghaidh oifige agus go scoirfidh sé nó sí d’oifig a shealbhú nó má chuirtear é nó í as oifig, féadfaidh an tAire duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhinse chun an corrfholúntas a tharlóidh amhlaidh a líonadh ar an modh céanna inar ceapadh an comhalta den Bhinse ba chúis leis an gcorrfholúntas.

(11) Aon duine a cheapfar chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhinse de bhun fho-alt (10), beidh sé nó sí i seilbh oifige ar feadh na tréimhse sin de théarma oifige an chomhalta ba chúis leis an gcorrfholúntas lena mbaineann a bheidh gan chaitheamh ar dháta a cheaptha nó a ceaptha agus beidh sé nó sí in-athcheaptha mar chomhalta den Bhinse ar éag don tréimhse sin.

(12) Beidh an Binse neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.

(13) Beidh feidhm ag mír 8 de Sceideal 1 maidir le comhalta den Bhinse, faoi réir an mhodhnaithe go bhforléireofar tagairtí sa mhír sin don Údarás mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don Bhinse.

Rúnaíocht agus áitreabh an Bhinse.

76 .— (1) Déanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé foireann agus cibé líon foirne a sholáthar don Bhinse agus is cuí leis nó léi chun feidhmeanna rúnaíochta don Bhinse a chomhlíonadh, lena n-áirítear foireann a shanntar chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh ach le linn an tsannta sin a shanntar freisin chun feidhmeanna dá samhail a chomhlíonadh thar ceann comhlachta amháin eile nó níos mó (seachas an tÚdarás) a bunaíodh le hAcht nó faoi Acht den Oireachtas.

(2) Déanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, áitreabh a sholáthar don Bhinse ina bhféadfaidh sé a fheidhmeanna a chomhlíonadh agus, más dóigh leis an Aire agus leis an Aire Airgeadais gur cuí, féadfaidh sé gur áitreabh an t-áitreabh sin atá á áitiú ag comhlacht amháin eile nó níos mó (seachas an tÚdarás) a bunaíodh le hAcht nó faoi Acht den Oireachtas.

An Binse do chinneadh achomharc.

77 .— (1) Déanfar achomharc chun an Bhinse a thionscnamh tráth nach déanaí ná 21 lá ó dháta na breithe a mbeidh achomharc á dhéanamh ina coinne.

(2) Déanfaidh an Binse éisteacht amháin nó níos mó a sheoladh chun achomharc a chinneadh.

(3) Déanfaidh an Binse, tráth nach déanaí ná—

(a) 21 lá, nó

(b) cibé tréimhse is giorra a shonróidh an Binse le toiliú na bpáirtithe san achomharc,

sula n-éistfear achomharc, fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar na páirtithe.

(4) Déanfar an fhaisnéis seo a leanas a áireamh i bhfógra faoi fho-alt (3):

(a) dáta, am agus láthair na héisteachta agus an cuspóir a bheidh léi;

(b) sracléiriú ar ábhar na nithe a bheidh le plé san éisteacht;

(c) sracléiriú ar na nósanna imeachta a bheidh le glacadh ag an éisteacht;

(d) tagairt d’fhorálacha an Achta seo agus d’aon rialacha arna ndéanamh faoi atá iomchuí maidir le seoladh na héisteachta;

(e) ráiteas go rachaidh an Binse ar aghaidh leis an éisteacht, mura rud é go dtiocfaidh forais shubstaintiúla chun cinn a fhágfaidh go dtabharfadh sé a mhalairt de bhreith, ar an dáta agus ag an am lena mbaineann, d’ainneoin nach mbeidh páirtí i láthair ag an éisteacht;

(f) ráiteas go gcinnfidh an Binse an t-achomharc d’ainneoin nach nglacann páirtí páirt sna himeachtaí os comhair an Bhinse; agus

(g) aon fhaisnéis eile is cuí leis an mBinse.

(5) Beidh gach ceann de na páirtithe in achomharc i dteideal deis a bheith aige nó aici, agus tabharfar deis dó nó di, éisteacht a fháil ag an éisteacht agus fianaise a thíolacadh don Bhinse.

(6) Féadfaidh an Binse éisteacht ní aige a chur ar atráth go dtí dáta a shonróidh sé.

(7) Is leor chun aon chríche breith ó thromlach de na comhaltaí den Bhinse.

(8) Tar éis don Bhinse éisteacht achomhairc a chríochnú, déanfaidh sé cinneadh i ndáil leis an achomharc agus tabharfaidh sé fógra don achomharcóir agus don Údarás maidir leis an gcinneadh sin.

Seolfar imeachtaí go poiblí.

78 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), is go poiblí a sheolfar imeachtaí os comhair an Bhinse.

(2) Féadfaidh an Binse, i gcás gur dóigh leis gur cuí déanamh amhlaidh in imthosca áirithe cáis, ordú a dhéanamh á ordú nach nochtfar céannacht páirtí amháin nó níos mó, nó céannacht aon cheann de na páirtithe, in achomharc.

Cumhacht an Bhinse rialacha nóis imeachta a dhéanamh.

79 .— (1) Is é an nós imeachta a leanfar i ndáil le hachomharc chun an Bhinse cibé nós imeachta a chinnfidh an Binse le rialacha arna ndéanamh aige le toiliú an Aire.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar le rialacha faoin alt seo—

(a) na foirmeacha a shonrú a úsáidfear chun achomharc a thionscnamh chun an Bhinse,

(b) a cheangal fógraí sonracha a thabhairt i leith achomharc a thionscnamh chun an Bhinse,

(c) a shonrú go n-íocfar táille riaracháin de mhéid sonraithe leis an mBinse maidir leis an mBinse do phlé i dtosach le hachomharc nó do leanúint aon nóis imeachta eile faoin alt seo i ndáil leis,

(d) an tréimhse a shonrú—

(i) ar laistigh di a dhéanfaidh an Binse, ón dáta a thionscnaítear achomharc, éisteacht i ndáil leis an achomharc a shocrú, agus

(ii) ar laistigh di a dhéanfaidh an Binse, ón dáta a chríochnaíonn sé éisteacht nó éisteachtaí i ndáil le hachomharc, a chinneadh i ndáil leis an ní.

(3) Mura ndéanfar tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(d) a shonrú le rialacha faoin alt seo—

(a) déanfar éisteacht i ndáil le hachomharc a shocrú a luaithe is indéanta tar éis an t-achomharc a thionscnamh, agus

(b) déanfar cinneadh ní lena mbaineann achomharc a chríochnú a luaithe is indéanta tar éis an éisteacht nó na héisteachtaí a bheith críochnaithe i ndáil leis an ní.

Achomharc i gcoinne an Bhinse.

80 .— (1) Féadfaidh páirtí in imeachtaí os comhair an Bhinse achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí i gcoinne breithe ón mBinse.

(2) Ní thionscnófar achomharc faoin alt seo—

(a) gan cead ón mBinse, nó

(b) má dhiúltaíonn an Binse cead a thabhairt, gan cead ón Ard-Chúirt.

CUID 6

Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla d’Éirinn a dhíscaoileadh

Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla d'Éirinn a Dhíscaoileadh.

81 .— (1) Díscaoiltear Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla d’Éirinn (dá ngairtear an “comhlacht díscaoilte” san Acht seo).

(2) Beidh feidhm ag alt 22 maidir leis an duine a chomhlíon feidhmeanna oifigeach cuntasaíochta an chomhlachta dhíscaoilte díreach roimh an lá bunaithe ach sin faoi réir na modhnuithe—

(a) go bhforléireofar tagairtí san alt sin don phríomhfheidhmeannach mar thagairtí don oifigeach cuntasaíochta sin, agus

(b) go bhforléireofar tagairtí don Údarás mar thagairtí don chomhlacht díscaoilte.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lá bunaithe.

Feidhmeanna a aistriú chuig an Údarás.

82 .— (1) Maidir leis na feidhmeanna go léir a bhí dílsithe don chomhlacht díscaoilte díreach roimh an lá bunaithe, aistrítear iad chuig an Údarás agus déanfar tagairtí in aon achtachán, nó in aon ionstraim faoi achtachán, do Choimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla d’Éirinn a fhorléiriú mar thagairtí don Údarás.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lá bunaithe.

Talamh agus maoin eile a aistriú.

83 .— (1) An lá bunaithe, beidh na tailte go léir a bhí dílsithe don chomhlacht díscaoilte díreach roimh an lá sin agus gach ceart, gach cumhacht agus gach pribhléid a bhaineann nó a ghabhann leis na tailte sin, beidh siad arna ndílsiú don Údarás gan aon tíolacas ná sannadh i leith an eastáit nó an leasa uile sa chéanna a bhí dílsithe don chomhlacht díscaoilte díreach roimh an lá bunaithe ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear do na tailte agus atá fós ar marthain agus inchomhlíonta.

(2) An lá bunaithe beidh gach maoin, seachas talamh, lena n-áirítear ábhair i gcaingean, a bhí, díreach roimh an lá sin, dílsithe don chomhlacht díscaoilte, arna dílsiú don Údarás gan aon sannadh.

(3) Maidir le gach ábhar i gcaingean a dhílsítear don Údarás de bhua fho-alt (2), féadfaidh an tÚdarás, amhail ar an agus ón lá bunaithe, agra a dhéanamh ina leith nó é a ghnóthú nó a fhorfheidhmiú ina ainm féin agus ní gá don Údarás, ná don chomhlacht díscaoilte, fógra faoin dílsiú a dhéantar leis an bhfo-alt sin a thabhairt d’aon duine atá faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean.

Cearta agus dliteanais a aistriú, agus léasanna, ceadúnais agus ceadanna arna ndeonú ag an gcomhlacht díscaoilte do leanúint i bhfeidhm.

84 .— (1) Gach ceart agus dliteanas de chuid an chomhlachta dhíscaoilte a eascraíonn de bhua aon chonartha nó gealltanais (sainráite nó intuigthe) arna dhéanamh aige roimh an lá bunaithe beidh sé arna aistriú chuig an Údarás an lá sin.

(2) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear chuig an Údarás le fo-alt (1), féadfaidh an tÚdarás, an lá bunaithe agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó a fhorfheidhmiú, nó féadfar agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó a fhorfheidhmiú i gcoinne an Údaráis, ina ainm féin, agus ní gá don Údarás, ná don chomhlacht díscaoilte, fógra i dtaobh an aistrithe sin a thabhairt don duine a n-aistrítear ceart nó dliteanas dá chuid nó dá cuid leis an bhfo-alt sin.

(3) Gach léas, ceadúnas, cead slí, nó cead a dheonóidh an comhlacht díscaoilte i ndáil le talamh nó le maoin eile a dhílsítear don Údarás leis an Acht seo nó faoi, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe, leanfaidh sé i bhfeidhm amhail is dá mba gur dheonaigh an tÚdarás é.

Dliteanas i leith caillteanais a tharlaíonn roimh an lá bunaithe.

85 .— (1) Déanfar éileamh i leith aon chaillteanais nó díobhála a líomhnófar a bheith fulaingthe ag aon duine de dheasca na feidhmeanna a shanntar don Údarás leis an Acht seo nó faoi a chomhlíonadh roimh an lá bunaithe a thabhairt i gcoinne an Údaráis i ndiaidh an lae sin agus ní i gcoinne an chomhlachta dhíscaoilte.

(2) Aon imeachtaí dlí atá ar feitheamh díreach roimh an lá bunaithe ar páirtí iontu an comhlacht díscaoilte agus ar imeachtaí iad a bhaineann le feidhm de chuid an Údaráis, leanfar díobh ach an tÚdarás a chur in ionad an chomhlachta dhíscaoilte, a mhéid a bhaineann siad leis.

(3) Más rud é, roimh an lá bunaithe, go ndéantar comhaontú idir na páirtithe lena mbaineann mar shocrú ar éileamh lena mbaineann fo-alt (1) agus nach bhfuil a chuid téarmaí curtha i ngníomh, nó go bhfuil breithiúnas san éileamh sin tugtha i bhfabhar duine ach nach bhfuil sé curtha i bhfeidhm, beidh téarmaí an chomhaontaithe nó an bhreithiúnais, de réir mar a bheidh, a mhéid a bheidh siad infhorfheidhmithe i gcoinne an chomhlachta dhíscaoilte, infhorfheidhmithe i gcoinne an Údaráis agus ní i gcoinne an chomhlachta dhíscaoilte.

(4) Aon éileamh a dhéanfaidh an comhlacht díscaoilte i leith aon chaillteanais nó díobhála a eascróidh as gníomh nó as mainneachtain aon duine roimh an lá bunaithe, measfar, i gcás go mbaineann an t-éileamh le feidhmeanna a shanntar don Údarás leis an Acht seo, gur éileamh é a dhéanfaidh an tÚdarás nó is cuí don Údarás a dhéanamh agus féadfaidh an tÚdarás é a shaothrú agus agra a dhéanamh ina leith amhail is dá mba é an tÚdarás a d'fhulaing an caillteanas nó an díobháil.

Forálacha de dhroim feidhmeanna, sócmhainní, agus dliteanais a aistriú chuig an Údarás.

86 .— (1) Maidir le haon ní a thosófar agus nach gcríochnófar roimh an lá bunaithe le húdarás nó faoi údarás an chomhlachta dhíscaoilte, féadfaidh an tÚdarás, a mhéid a bhaineann sé le feidhm a aistrítear chuig an Údarás faoi alt 82, leanúint ar aghaidh leis nó é a chríochnú an lá bunaithe nó dá éis.

(2) Maidir le gach ionstraim arna déanamh faoi achtachán, agus gach doiciméad (lena n-áirítear aon deimhniú) arna dheonú nó arna dhéanamh i gcomhlíonadh feidhme a aistrítear le halt 82, beidh éifeacht léi nó leis, más rud é go raibh an ionstraim nó an doiciméad sin i bhfeidhm agus a mhéid a bhí an ionstraim nó an doiciméad sin i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe, amhail is dá mba rud é gur dheonaigh nó go ndearna an tÚdarás í nó é.

(3) Déanfar tagairtí do Choimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla d'Éirinn atá i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais aon chuideachta agus a bhaineann le feidhm a aistrítear le halt 82, a fhorléiriú, an lá bunaithe agus dá éis, mar thagairtí don Údarás.

(4) Aon airgead, stoic, scaireanna nó urrúis a aistrítear le halt 82 a bhí, díreach roimh an lá bunaithe in ainm an chomhlachta dhíscaoilte, déanfar, ar iarratas ón Údarás, iad a aistriú isteach ina ainm.

(5) Beidh deimhniú arna shíniú ag an Aire á rá, maidir le haon mhaoin, ceart nó dliteanas, gur dílsíodh nó, de réir mar a bheidh, nár dílsíodh í nó é don Údarás faoi alt 8384, ina fhianaise leormhaith, mura suífear a mhalairt, ar an bhfíoras arna dheimhniú amhlaidh chun gach críche.

Cuntais chríochnaitheacha agus tuarascáil bhliantúil chríochnaitheach an chomhlachta dhíscaoilte.

87 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás, i leith na tréimhse a shonrófar faoi fho-alt (3) den alt seo, cuntais chríochnaitheacha an chomhlachta dhíscaoilte a ullmhú.

(2) Déanfaidh an tÚdarás na cuntais chríochnaitheacha a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an lae bhunaithe.

(3) Chun críocha fho-alt (1), féadfaidh an tAire tréimhse is faide nó is giorra ná bliain airgeadais de chuid an chomhlachta dhíscaoilte a shonrú.

(4) Déanfaidh an tÚdarás an tuarascáil bhliantúil chríochnaitheach i gcomhair an chomhlachta dhíscaoilte a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an lae bhunaithe.

(5) Beidh feidhm ag alt 31 fairis na modhnuithe is gá i ndáil le tuarascáil bhliantúil a ullmhófar faoin alt seo.

Cosaint maidir le scéimeanna áirithe.

88 .— (1) Aon scéim a d’ullmhaigh an comhlacht díscaoilte faoi aon achtachán agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe, leanfaidh sí i bhfeidhm an lá sin agus dá éis.

(2) Aon scéim faoi aon achtachán a d’athraigh an comhlacht díscaoilte agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe, leanfaidh sí de bheith i bhfeidhm an lá sin agus dá éis arna hathrú amhlaidh.

(3) D'fhonn amhras a sheachaint, féadfaidh an tÚdarás scéim lena mbaineann an t-alt seo a leasú nó a chúlghairm faoi réim agus de réir an achtacháin faoinar ullmhaíodh an scéim.

CUID 7

Ilghnéitheach

Cead comhaontuithe áirithe a dhéanamh le hiontaobhaithe carthanais nó le daoine bainteacha.

89 .— (1) Féadfaidh eagraíocht charthanúil comhaontú (dá ngairtear “comhaontú” san alt seo) a dhéanamh le duine iomchuí chun an duine iomchuí do sholáthar seirbhíse don eagraíocht charthanúil, nó thar ceann na heagraíochta carthanúla, i gcomaoin cibé suim nó suimeanna a shonrófar sa chomhaontú nó a chinnfear de réir an chomhaontaithe a íoc leis an duine iomchuí as maoin na heagraíochta carthanúla.

(2) Is i scríbhinn a bheidh comhaontú.

(3) Ní mó aon suim nó suimeanna is iníoctha le duine iomchuí faoi chomhaontú ná méid is réasúnach agus comhréireach ag féachaint don tseirbhís arna soláthar ag an duine iomchuí de bhun an chomhaontaithe.

(4) Faoi réir fho-alt (5), ní dhéanfaidh eagraíocht charthanúil comhaontú mura deimhin le hiontaobhaithe carthanais na heagraíochta carthanúla, seachas aon iontaobhaí carthanais—

(a) a sholáthróidh seirbhís faoin gcomhaontú,

(b) a sholáthraíonn seirbhís faoi chomhaontú seachas an comhaontú dá dtagraítear i mír (a),

(c) atá ag fáil luach saothair as maoin na heagraíochta carthanúla seachas de réir comhaontaithe, nó

(d) a bhfuil baint phearsanta aige nó aici le duine—

(i) a sholáthróidh seirbhís faoin gcomhaontú,

(ii) a sholáthraíonn seirbhís faoi chomhaontú seachas comhaontú dá dtagraítear i mír (a) nó i bhfomhír (i), nó

(iii) atá ag fáil luach saothair as maoin na heagraíochta carthanúla seachas de réir comhaontaithe,

gur le barr leasa na heagraíochta carthanúla an comhaontú.

(5) Más rud é, i ndáil le heagraíocht charthanúil, nach bhfuil ach aon iontaobhaí carthanais amháin ann, ní dhéanfaidh an eagraíocht charthanúil comhaontú mura rud é—

(a) gur deimhin leis an iontaobhaí carthanais gur le barr leasa na heagraíochta carthanúla an comhaontú, agus

(b) go dtabharfaidh an tÚdarás a cheadú i leith an eagraíocht charthanúil do dhéanamh an chomhaontaithe.

(6) Ní dhéanfaidh eagraíocht charthanúil comhaontú de shárú ar fhorálacha bhunreacht na heagraíochta carthanúla.

(7) Féadfaidh an tÚdarás ordacháin a thabhairt nó treoirlínte a eisiúint i ndáil le comhaontuithe lena mbaineann an t-alt seo a dhéanamh.

(8) Aon duine lena mbaineann ordachán faoin alt seo, déanfaidh sé nó sí de réir an ordacháin sin.

(9) Déanfaidh eagraíocht charthanúil, sula ndéanfaidh sí comhaontú, aird a thabhairt ar aon treoirlínte a eiseoidh an tÚdarás faoin alt seo.

(10) Ní bheidh feidhm ag an alt seo—

(a) i ndáil le haon luach saothair a íocfar le haon duine ina cháil nó ina cáil mar iontaobhaí carthanais nó faoi chonradh fostaíochta, ná

(b) i ndáil le haon luach saothair a mbeidh teideal ag duine chuige de réir dlí nó de réir forála de bhunreacht eagraíochta carthanúla.

(11) Más rud é, i ndáil le comhaontú, go bhfuil sárú déanta ar an alt seo, beidh an comhaontú ar neamhní.

(12) Ní oibreoidh fo-alt (11) chun eagraíocht charthanúil a chosc ar dhamáistí a ghnóthú i leith aon chaillteanais arna thabhú aici de bhua comhaontaithe lena mbaineann an fo-alt sin.

(13) San alt seo—

ciallaíonn “duine iomchuí” i ndáil le heagraíocht charthanúil—

(a) iontaobhaí carthanais de chuid na heagraíochta carthanúla, nó

(b) duine a bhfuil baint phearsanta ag iontaobhaí carthanais de chuid na heagraíochta carthanúla leis nó léi;

folaíonn “luach saothair” aon sochar comhchineáil;

folaíonn “seirbhísí” earraí;

folaíonn “suim” sochar comhchineáil.

Cumhacht na cúirte faoiseamh ó dhliteanas i leith sáraithe iontaoibhe a dheonú.

90 .— Más rud é, in aon imeachtaí a thionscnófar i gcoinne iontaobhaí carthanais mar gheall ar shárú iontaoibhe, gur dealraitheach don chúirt atá ag éisteacht an cháis go bhfuil nó go mb’fhéidir go mbeadh an t-iontaobhaí iontaobhais faoi dhliteanas i leith an tsáraithe iontaoibhe ach gur ghníomhaigh sé nó sí go macánta réasúnach agus gur chóir le ceart, ag féachaint d’imthosca uile an cháis, an sárú iontaoibhe a mhaitheamh dó nó di, féadfaidh an chúirt é nó í a shaoradh go huile nó go páirteach óna dhliteanas nó óna dliteanas ar cibé téarmaí is cuí leis an gcúirt.

Árachas slánaíochta i leith iontaobhaí carthanais.

91 .— Féadfaidh eagraíocht charthanúil comhaontú a dhéanamh le hiontaobhaí carthanais de chuid na heagraíochta carthanúla chun an eagraíocht charthanúil d’íoc leis an árachóir faoi chonradh árachais cibé suimeanna a gheallfaidh an t-iontaobhaí carthanais, de réir an chonartha sin, a íoc leis an árachóir i gcomaoin an t-árachóir d’aontú go slánóidh sé an t-iontaobhaí carthanais i leith aon dliteanais ar an iontaobhaí carthanais aon damáistí nó aon suim eile a íoc le duine i leith aon ghnímh a rinne an t-iontaobhaí carthanais nó d’fhág an t-iontaobhaí carthanais gan déanamh de mheon macánta agus i gcomhlíonadh a fheidhmeanna dó nó a feidhmeanna di mar iontaobhaí carthanais.

Eagraíocht charthanúil a dhíscaoileadh.

92 .— I gcás go ndíscaoiltear eagraíocht charthanúil, ní dhéanfar maoin na heagraíochta carthanúla, ná na fáltais óna díol, a íoc le haon duine de chomhaltaí na heagraíochta carthanúla gan toiliú an Údaráis, d’ainneoin aon fhorála dá mhalairt i mbunreacht na heagraíochta carthanúla.

Foráil maidir le bailiúcháin nach bailiúcháin airgid agus maidir le nithe gaolmhara faoi Acht 1962.

93 .— Leasaítear Acht 1962—

(a) in alt 1—

(i) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “bailiúchán”:

“ciallaíonn ‘bailiúchán’ airgead a bhailiú, nó iarracht ar airgead a bhailiú, ón bpobal in aon áit phoiblí nó áiteanna poiblí nó trí chuairteanna ó theach go teach nó san áit nó sna háiteanna sin agus trí na cuairteanna sin, i dteannta a chéile, chun tairbhe (iarbhír, líomhnaithe nó intuigthe) do chuspóir áirithe, cibé acu cuspóir carthanúil é nó nach ea, agus cibé acu—

(a) a thugtar nó nach dtugtar aon chomaoin, nó

(b) a dhéantar nó nach ndéantar aon suaitheantas, feathal nó comhartha eile a thabhairt nó a thairiscint mar mhalairt,

ar airgead a bhailítear amhlaidh, ach ní fholaíonn sé gníomhaíocht dhíolmhaithe, déirc a iarraidh ná déirc a ghlacadh;”

(ii) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘eagraíocht charthanúil’ eagraíocht charthanúil—

(a) atá cláraithe sa chlár arna bhunú agus arna chothabháil faoi alt 39 den Acht Carthanas 2009, nó

(b) a mheastar a bheith cláraithe sa chlár de réir alt 40 den Acht sin;

ciallaíonn ‘ gníomhaíocht dhíolmhaithe ’—

(a) trádáil sráide de réir bhrí an Achta Trádála Sráide 1926, nó

(b) airgead a bhailiú le haghaidh crannchuir (lena n-áirítear scuabgheall), a ndearbhaítear leis an Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir 1956 nach crannchur neamhdhleathach é;

folaíonn ‘ airgead ’—

(a) airgead a íoctar trí aistriú leictreonach, agus

(b) seic, dréacht baincéara, bille malairte, nóta gealltanais nó ionstraim shoshannta eile;

ciallaíonn ‘ bailiúchán nach bailiúchán airgid ’ daoine den phobal a shireadh, in aon áit phoiblí nó áiteanna poiblí nó trí chuairteanna ó theach go teach nó san áit nó sna háiteanna sin agus trí na cuairteanna sin, i dteannta a chéile, d’fhonn gealltáin a fháil ó na daoine sin chun íocaíochtaí a dhéanamh, le cárta creidmheasa, sainordú féichiúnaithe dhírigh, buanordú nó feiste eile dá shamhail nó dá samhail, chun tairbhe (iarbhír, líomhnaithe nó intuigthe) do chuspóir áirithe, cibé acu cuspóir carthanúil é nó nach ea, agus cibé acu—

(a) a thugtar nó nach dtugtar aon chomaoin, nó

(b) a dhéantar nó nach ndéantar aon suaitheantas, feathal nó comhartha eile a thabhairt nó a thairiscint mar mhalairt,

ar aon ghealltán den sórt sin, ach ní fholaíonn sé bailiú, gníomhaíocht dhíolmhaithe, déirc a iarraidh ná déirc a ghlacadh.”,

(b) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 1:

“Forléiriú tagairtí.

1A.— Déanfar tagairtí san Acht seo (seachas in ailt 5, 6 agus 6A (arna chur isteach le halt 93(d) den Acht Carthanas 2009)—

(a) do bhailiúchán a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do bhailiúchán nach bailiúchán airgid,

(b) do chead bailiúcháin a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chead bailiúcháin nach cead bailiúcháin airgid, agus

(c) do bhailitheoir a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do dhuine a shireann gealltáin chun críocha bailiúcháin nach bailiúchán airgid.”,

(c) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 5:

“Iarratas ar cheadanna bailiúcháin nach ceadanna bailiúcháin airgid.

5A.— (1) Ar iarratas ó dhuine a bheartaíonn gníomhaíocht bailiúcháin nach bailiúcháin airgid a sheoladh i líomatáiste áirithe le linn aon tréimhse 12 mhí, féadfaidh Ard-Cheannfort an líomatáiste sin cead bailiúcháin nach cead bailiúcháin airgid a dheonú don duine sin á údarú dó bailiúcháin nach bailiúcháin airgid a sheoladh sa líomatáiste sin le linn na tréimhse 12 mhí a shonróidh an tArd-Cheannfort sin sa chead.

(2) Is i scríbhinn agus san fhoirm fhorordaithe a bheidh iarratas faoin alt seo agus beidh cibé sonraí ann a cheanglófar faoin bhfoirm fhorordaithe.

(3) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, déanfar iarratas faoin alt seo―

(a) tráth nach luaithe ná 12 mhí agus

(b) tráth nach déanaí ná 14 lá,

roimh thosach na tréimhse lena mbaineann an t-iarratas.

(4) I gcás go ndéanfar iarratas faoin alt seo tráth is déanaí ná 14 lá roimh thosach na tréimhse lena dtagraítear i bhfo-alt (3), féadfar cead bailiúcháin nach cead bailiúcháin airgid a dheonú faoi alt 6A (arna chur isteach le halt 93(d) den Acht Carthanas 2009) maidir leis an tréimhse sin más rud é go bhfuil Coimisinéir an Gharda Síochána den tuairim gur chóir sin in imthosca an cháis.”,

(d) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 6:

“Ceadanna bailiúcháin nach ceadanna bailiúcháin airgid a dheonú.

6A.— (1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, déanfaidh Ard-Cheannfort cead bailiúcháin nach cead bailiúcháin airgid a dheonú do gach duine a bheidh tar éis a iarraidh air go cuí faoin Acht seo cead den sórt sin a dheonú dó.

(2) Is san fhoirm fhorordaithe a bheidh cead bailiúcháin nach bailiúchán airgid agus beidh sé sainráite ann go n-údaraítear leis, agus oibreoidh sé chun a údarú, don duine (a ainmneofar ann) dá ndeonófar é an ghníomhaíocht a bhaineann le bailiúcháin nach bailiúcháin airgid a sheoladh chun tairbhe do chuspóir sonraithe i líomatáiste sonraithe nó in áiteanna poiblí de shórt sonraithe i roinn an Ard-Cheannfoirt a bheidh ag deonú an cheada i gcaitheamh na tréimhse a bheidh sonraithe sa chead, ach sin faoi réir fhorálacha an Achta seo agus na gcoinníollacha (más ann) a bheidh ag gabháil leis an gcead agus a bheidh leagtha amach ann.

(3) Beidh sé de choinníoll i gcead bailiúcháin nach bailiúchán airgid, i gcás go mbeartóidh an duine dá ndeonófar an cead bailiúchán nach bailiúchán airgid a sheoladh de bhun an cheada, go dtabharfaidh sé fógra i scríbhinn don Ard-Cheannfort don líomatáiste lena mbaineann an cead i dtaobh a bhfuil beartaithe aige (lena n-áirítear áit nó áiteanna agus dáta an bhailiúcháin bheartaithe nach bailiúchán airgid) tráth nach luaithe ná 6 mhí agus tráth nach déanaí ná 14 lá roimh an dáta ar a mbeartóidh sé an bailiúchán nach bailiúchán airgid lena mbaineann a sheoladh.

(4) Más rud é, sula bhfaightear fógraíocht faoi fho-alt (3), go bhfuil cead bailiúchán deonaithe do dhuine á údarú dó bailiúchán a sheoladh sa líomatáiste céanna nó san áit chéanna agus ar an dáta céanna leis an líomatáiste nó an áit agus an dáta lena mbaineann an fhógraíocht sin, féadfaidh an tArd-Cheannfort lena mbaineann, má mheasann sé gur gá nó gurb inmhianaithe é d’fhonn a chinntiú go gcoimeádfar an t-ord poiblí nó go gcosnófar an pobal ar chiapadh, a ordú nach ndéanfar an bailiúchán nach bailiúchán airgid beartaithe sa líomatáiste sin nó san áit sin ar an dáta sin.

(5) Déanfaidh an tArd-Cheannfort a dheonóidh cead bailiúcháin nach bailiúchán airgid é a shíniú.

(6) Aon Ard-Cheannfort a gheobhaidh fógraíocht faoi fho-alt (3) tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh an lá nó roimh an gcéad lá de na laethanta ar a mbeartófar an bailiúchán nach bailiúchán airgid lena mbaineann an fhógraíocht a sheoladh, déanfaidh sé nó sí, tráth nach déanaí ná 7 lá tar éis dó nó di an fhógraíocht a fháil, fógra a thabhairt i dtaobh í a fháil do sheoltóir aon bhailiúcháin nó do sheoltóir aon bhailiúcháin nach bailiúchán airgid—

(a) a seoladh sa bhliain díreach roimpi sin ar an lá a fhreagraíonn do lá lena mbaineann an fhógraíocht,

(b) a seoladh i leith cuspóra seachas an cuspóir lena mbaineann an fhógraíocht,

(c) is duine nár tugadh fógra dó nó di faoin bhfo-alt seo i dtaobh aon fhógraíocht eile a fháil i dtaca le lá lena mbaineann an fhógraíocht chéadluaite,

(d) nach bhfuair an tArd-Cheannfort iarratas ar chead bailiúcháin ina leith a bhaineann le bailiúchán a bheidh le seoladh ar lá lena mbaineann an fhógraíocht chéadluaite, agus

(e) nach bhfuair an tArd-Cheannfort fógraíocht ina leith a bhaineann le bailiúchán nach bailiúchán airgid a bheidh le seoladh ar lá lena mbaineann an fhógraíocht chéadluaite.

(7) Déanfaidh Ard-Cheannfort ar chuige a dhéanfar iarratas ar chead bailiúcháin nach bailiúchán airgid, tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis an t-iarratas a fháil, an t-iarratas a dheonú agus an cead bailiúcháin nach bailiúchán airgid a chur chun an iarratasóra nó an t-iarratas a dhiúltú agus an diúltú agus na cúiseanna a bhí leis an diúltú a chur in iúl i scríbhinn don iarratasóir.”,

agus

(e) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (f), in alt 9:

“(f) go mbeadh brabús pearsanta, seachas coimisiún réasúnach, nó luach saothair réasúnach nó caiteachais réasúnacha i leith a seirbhísí, le fáil ag na bailitheoirí, as fáltais an bhailiúcháin.”.

Dualgais bailitheoirí.

94 .— (1) Leasaítear alt 18 d’Acht 1962—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le gach bailiúchán (seachas bailiúcháin nach bailiúcháin airgid):

(a) beidh an uimhir a sannadh i leith an bhailiúcháin agus a sonraíodh sa chead bailiúcháin lena mbaineann ar bhosca bailiúcháin ina gcuirtear airgead agus, mura n-ordóidh an tÚdarás a mhalairt maidir leis an mbailiúchán lena mbaineann, séalófar é ar shlí lena gcoiscfear rochtain ar airgead arna chur sa bhosca fad a fhanfaidh an séala ina áit;

(b) cuirfear an t-airgead go léir a bhaileofar sa bhosca bailiúcháin i bhfianaise an tsíntiúsóra;

(c) seachadfaidh gach bailitheoir an bosca bailiúcháin gan oscailt agus lena shéala slán—

(i) ar shealbhóir an cheada bailiúcháin a deonaíodh i leith an bhailiúcháin lena mbaineann, nó

(ii) ar dhuine a bheidh údaraithe chun na críche sin ag sealbhóir an cheada bailiúcháin;

(d) beidh ar bhosca bailiúcháin

(i) i gcás bailiúcháin airgid thar ceann eagraíochta carthanúla, ainm agus uimhir chláraithe na heagraíochta carthanúla ar thar a ceann atá an bailiúchán á dhéanamh, agus

(ii) i gcás bailiúcháin airgid thar ceann comhlachta seachas eagraíocht charthanúil, ainm an chomhlachta ar thar a ceann atá an bailiúchán á dhéanamh,

ar mhodh atá feiceálach agus inléite go soiléir.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(1A) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le gach bailiúchán nach bailiúchán airgid:

(a) caithfidh an bailitheoir ball éadaigh a bheidh le feiceáil gach tráth ag daoine den phobal agus—

(i) i gcás bailiúcháin nach bailiúchán airgid thar ceann eagraíochta carthanúla, ar a mbeidh ainm agus uimhir chlárúcháin na heagraíochta carthanúla, ar mhodh atá feiceálach agus inléite go soiléir, agus

(ii) i gcás bailiúcháin nach bailiúchán airgid thar ceann comhlachta seachas eagraíocht charthanúil, ar a mbeidh—

(I) ainm an chomhlachta, agus

(II) an cuspóir ar chun tairbhe dó atá an bailiúchán nach bailiúchán airgid á dhéanamh,

ar mhodh atá feiceálach agus inléite go soiléir;

(b) is é sealbhóir an cheada bailiúcháin nach bailiúchán airgid nó duine a bheidh údaraithe aige i scríbhinn chun na críche sin a ghlacfaidh aon fhoirm, a chomhlánóidh duine den phobal chun síntiús a dhéanamh le bailiúchán nach bailiúchán airgid, ón duine den phobal ach ní ghlacfaidh aon duine eile í; agus

(c) maidir leis na foirmeacha go léir a úsáidfear chun críocha an bhailiúcháin nach bailiúchán airgid agus a mbeartófar gur daoine den phobal a chomhlánóidh iad—

(i) i gcás bailiúcháin nach bailiúchán airgid thar ceann eagraíochta carthanúla, beidh orthu—

(I) ainm na heagraíochta carthanúla agus a huimhir chlárúcháin,

(II) an uimhir a sannadh i leith an bhailiúcháin nach bailiúchán airgid agus a sonraíodh sa chead bailiúcháin nach bailiúchán airgid lena mbaineann, agus

(III) ainm an bhainc agus ainm agus uimhir an chuntais bainc a mbeidh síntiúis le híoc leis,

ar mhodh atá feiceálach agus inléite go soiléir, agus

(ii) i gcás bailiúcháin nach bailiúchán airgid thar ceann comhlachta seachas eagraíocht charthanúil, beidh orthu—

(I) ainm an chomhlachta,

(II) an uimhir a sannadh i leith an bhailiúcháin nach bailiúchán airgid agus a sonraíodh sa chead bailiúcháin nach bailiúchán airgid lena mbaineann, agus

(III) ainm an bhainc agus ainm agus uimhir an chuntais bainc a mbeidh síntiúis le híoc leis,

ar mhodh atá feiceálach agus inléite go soiléir.”.

(2) Leasaítear alt 20 d’Acht 1962, i bhfo-alt (1), tríd an mír seo a leanas a chur isteach:

“(aa) go bhfuil forais réasúnacha ag an gcomhalta chun a chreidiúint, i ndáil leis an mbailiúchán, go bhfuil sárú á dhéanamh nó déanta ar fho-alt (1) (arna chur isteach le halt 94(1)(a) den Acht Carthanas 2009) d’alt 18,”.

Doiciméadacht bailiúcháin nach bailiúchán airgid a urghabháil, etc.

95 .— Leasaítear Acht 1962 tríd an alt seo a leanas a chur isteach:

“20A.— (1) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána (le forneart, más gá sin) na doiciméid agus na hairceadail eile go léir (lena n-áirítear gach suaitheantas, feathal nó comhartha eile) atá i seilbh duine a bheidh ag déanamh bailiúcháin nach bailiúchán airgid, chun críocha an bhailiúcháin nach bailiúchán airgid nó i dtaca leis an gcéanna, a bhaint de más rud é—

(a) nár deonaíodh cead bailiúcháin nach bailiúchán airgid i leith an bhailiúcháin nach bailiúchán airgid a sheoladh,

(b) ar an gcomhalta a éileamh go cuí ar an duine sin i gcúrsa an bhailiúcháin nach bailiúchán airgid a údarás bailitheora a thabhairt ar aird, go ndiúltóidh nó go mainneoidh an duine déanamh amhlaidh nó go ndiúltóidh nó go mainneoidh an duine, ar an údarás a thabhairt ar aird, a cheadú don chomhalta é a léamh, nó

(c) ar an gcomhalta a éileamh go cuí ar an duine, i gcúrsa an bhailiúcháin nach bailiúchán airgid, a ainm agus a sheoladh a thabhairt, go ndiúltóidh nó go mainneoidh an duine déanamh amhlaidh nó go dtabharfaidh sé ainm nó seoladh is eol don chomhalta, nó a chreideann sé le réasún, a bheith bréagach nó míthreorach.

(2) Forghéillfear don Aire airceadail agus airgead a bhainfear de bhailitheoir faoin alt seo agus féadfaidh an tAire iad a dhiúscairt de réir mar is cuí leis.”.

Cionta faoi Acht 1962.

96 .— Leasaítear Acht 1962—

(a) tríd an alt seo a leanas a chur isteach:

“24A.— (1) Aon duine a dhéanfaidh, go feasach nó go meargánta, iarratas ar chead bailiúcháin, nó ar chead bailiúcháin nach bailiúchán airgid, ina bhfuil ráiteas atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Aon duine a dhéanfaidh, d’fhonn cead bailiúcháin nó cead bailiúcháin nach bailiúchán airgid a bheith deonaithe dó, ráiteas atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(3) Aon duine a thabharfaidh fógra faoi fho-alt (3) d’alt 6A (arna chur isteach le halt 93(d) den Acht Carthanas 2009) ina bhfuil ráiteas atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, beidh sé nó sí ciontach i gcion.”,

agus

(b) trí “€5,000” a chur in ionad “caoga punt” in alt 25.

Cumhacht chun rialacháin a dhéanamh i ndáil le cruinniú airgid carthanúil.

97 .— (1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, rialacháin a dhéanamh maidir le modh agus iompraíocht cruinnithe airgid ag eagraíochtaí carthanúla nó thar a gceann, lena n-áirítear bailiúcháin agus bailiúcháin nach bailiúcháin airgid faoi Acht 1962 d’fhonn a áirithiú nach ndéanfar aon chruinniú airgid den sórt sin ar mhodh—

(a) lena gcuirtear isteach go míréasúnach ar phríobháideacht na ndaoine óna sirtear cistí,

(b) a bhfuil i gceist leis tathant go tuineanta míréasúnach ar dhaoine síntiúis a thabhairt don eagraíocht charthanúil lena mbaineann,

(c) a bhfuil de thoradh air brú míchuí a bheith á chur ar dhaoine síntiúis den sórt sin a thabhairt,

(d) a bhfuil i gceist leis aon uiríll bhréagacha nó mhíthreoracha a dhéanamh i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(i) méid nó práinn aon ghá atá le cistí ó thaobh na heagraíochta carthanúla lena mbaineann,

(ii) feidhm aon chistí a thugtar,

(iii) an eagraíocht charthanúil nó a críocha, a gníomhaíochtaí nó a staid airgeadais.

(2) Aon duine a sháróidh foráil de chuid rialachán faoin alt seo, is sárú a dhearbhaítear leis na rialacháin a bheith neamhdhleathach, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

Leasú ar Acht an Bhainc Ceannais 1997.

98 .— Leasaítear alt 28 d’Acht an Bhainc Ceannais 1997 tríd an mír seo a leanas a chur isteach sa mhíniú ar “gnólacht creidmheasa miondíola” (arna chur isteach le halt 19 den Acht um Margaí in Ionstraimí Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha 2007):

“(dd) eagraíocht charthanúil de réir bhrí an Achta Carthanas 2009, nó”.

Cártaí Aifrinn a dhíol.

99 .— (1) Aon duine a dhíolann cárta Aifrinn ar shlí seachas de bhun socraithe le duine aitheanta, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) In imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo, toimhdeofar, go dtí go gcruthófar gurb é a mhalairt is dóichí, nach ndearnadh an cárta Aifrinn lena mbaineann an cion líomhnaithe a dhíol de bhun socraithe le duine aitheanta.

(3) San alt seo—

ciallaíonn “Eaglais” an Naomh-Eaglais Chaitliceach Aspalda Rómhánach;

ciallaíonn “cárta Aifrinn” cárta nó ábhar clóite eile ar a léirítear, nó a n-airbheartaítear go léirítear air, go n-ofrálfar Íobairt Naofa an Aifrinn (cibé caoi a thuairiscítear é)—

(a) le haghaidh na rún atá sonraithe ann, nó

(b) le haghaidh cibé rún a mbeidh ar áireamh orthu na rúin atá sonraithe ann;

ciallaíonn “ sagart ” sagart arna oirniú de réir dheasghnátha na hEaglaise;

ciallaíonn “ duine aitheanta ”—

(c) easpag de chuid na hEaglaise, nó

(d) proibhinseal de chuid oird sagart arna bhunú faoi údarás na hEaglaise agus arna aithint ag an Eaglais;

folaíonn “ díol ”, i ndáil le cárta Aifrinn, an cárta a thairiscint nó a chur ar taispeáint le haghaidh díola nó a iarraidh ar dhuine tairiscint a dhéanamh chun an cárta a cheannach.

SCEIDEAL 1

An tÚdarás Rialála Carthanas

Alt 13.

1. (1) Beidh an tÚdarás ina chomhlacht corpraithe ag a mbeidh comharbas suthain agus séala oifigiúil agus beidh cumhacht agartha aige, agus féadfar é a agairt, ina ainm corpraithe agus beidh, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, cumhacht aige talamh nó leas i dtalamh a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt, agus beidh cumhacht aige aon mhaoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt.

(2) Fíordheimhneofar séala an Údaráis—

(a) le sínithe 2 chomhalta den Údarás, nó

(b) le sínithe comhalta den Údarás agus comhalta d’fhoireann an Údaráis araon,

ar daoine iad a bheidh údaraithe ag an Údarás chun gníomhú chuige sin.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Údaráis agus glacfar i bhfianaise aon doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an tÚdarás agus a bheith séalaithe le séala an Údaráis agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais mura suífear a mhalairt.

2. (1) Is é a bheidh ar an Údarás líon nach lú ná 9 gcomhalta agus nach mó ná 20 comhalta, ar daoine iad 3 acu, arb amhlaidh maidir le gach duine acu—

(a) go sealbhaíonn siad, nó gur shealbhaigh siad tráth, oifig bhreithiúnach sna hUaschúirteanna, nó

(b) gur abhcóidí nó aturnaetha iad a bhfuil seasamh 10 mbliana ar a laghad acu.

(2) Is é nó is í an tAire, le ceadú an Rialtais, a cheapfaidh comhaltaí an Údaráis.

(3) Is é nó is í an tAire a cheapfaidh cathaoirleach an Údaráis as measc chomhaltaí an Údaráis.

(4) Déanfaidh an tAire iarracht, a mhéid is indéanta, a chinntiú go mbeidh cóimheá chothromasach idir fir agus mná i measc chomhaltaí an Údaráis.

(5) Cinnteoidh an tAire, le linn comhaltaí an Údaráis a cheapadh, go bhfuil i measc na gcomhaltaí sin daoine ag a bhfuil eolas ar na nithe seo a leanas agus saineolas i ndáil leo—

(a) an dlí a bhaineann le carthanais,

(b) eagraíochtaí carthanúla do choimeád cuntas agus maoiniú eagraíochtaí carthanúla, agus

(c) eagraíochtaí carthanúla a bhainistiú.

(6) Beidh comhalta den Údarás i seilbh oifige ar feadh cibé tréimhse, nach faide ná 5 bliana ó dháta a cheaptha nó a ceaptha, a chinnfidh an tAire.

(7) Faoi réir fhomhír (8), beidh comhalta den Údarás a rachaidh a théarma nó a téarma oifige in éag trí imeacht aimsire in-athcheaptha chun an Údaráis.

(8) Aon duine a athcheapfar chun an Údaráis de réir fhomhír (7), ní bheidh sé nó sí i seilbh oifige ar feadh tréimhsí is faide sa chomhiomlán ná 10 mbliana.

3. (1) Féadfaidh comhalta den Údarás éirí as oifig trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Aire i dtaobh é nó í d’éirí as oifig agus beidh éifeacht leis an éirí as an lá a gheobhaidh an tAire an fógra.

(2) Féadfaidh an tAire, aon tráth, comhalta den Údarás a chur as oifig más rud é, i dtuairim an Aire, go bhfuil an comhalta tagtha chun bheith éagumasach, mar gheall ar easláinte, ar a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, nó gur mhí-iompair an comhalta é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe, nó más dealraitheach don Aire gur gá é nó í a chur as oifig chun go ndéanfaidh an tÚdarás a fheidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach.

(3) Scoirfidh comhalta den Údarás de bheith cáilithe le haghaidh oifige, agus scoirfidh sé nó sí d’oifig a shealbhú—

(a) má bhreithnítear ina fhéimheach nó ina féimheach é nó í,

(b) má dhéanann sé nó sí imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe,

(c) má chuireann cúirt dlínse inniúla téarma príosúnachta de phianbhreith air nó uirthi,

(d) má chiontaítear é nó í in aon chion indíotáilte i ndáil le cuideachta,

(e) má chiontaítear é nó í in aon chion indíotáilte i ndáil le heagraíocht charthanúil nó i ndáil le hiontaobhas carthanúil,

(f) má chiontaítear é nó í i gcion lena ngabhann calaois nó mímhacántacht, cibé acu is i ndáil le cuideachta nó nach ea, nó

(g) má dhéantar ordú ina thaobh nó ina taobh faoi alt 160 d’Acht na gCuideachtaí 1990.

(4) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, beidh comhalta den Údarás i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair agus liúntais) a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

4. (1) Más rud é go bhfaighidh comhalta den Údarás bás, go n-éireoidh sé nó sí as, go scoirfidh sé nó sí de bheith cáilithe le haghaidh oifige agus go scoirfidh sé nó sí d’oifig a shealbhú nó go gcuirfear as oifig é nó í, féadfaidh an tAire duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás chun an corrfholúntas a tharlóidh amhlaidh a líonadh ar an modh céanna ar ar ceapadh an comhalta den Údarás ba chúis leis an gcorrfholúntas.

(2) Beidh duine a cheapfar chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás de bhun fhomhír (1) i seilbh oifige ar feadh na tréimhse sin de théarma oifige an chomhalta ba chúis leis an gcorrfholúntas lena mbaineann a bheidh gan chaitheamh ar dháta a cheaptha nó a ceaptha agus, faoi réir mhír 8, beidh sé nó sí in-athcheaptha mar chomhalta den Údarás ar dhul in éag don tréimhse sin.

(3) Déanfaidh an tÚdarás cibé luach saothair agus cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, a íoc le cathaoirleach agus le gnáthchomhaltaí an Údaráis.

5. (1) Tionólfaidh an tÚdarás cibé cruinnithe agus cibé líon cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhall go cuí.

(2) Socróidh an tAire dáta, am agus áit chéad chruinniú an Údaráis.

(3) Ag cruinniú den Údarás—

(a) is é nó is í cathaoirleach an Údaráis, má tá sé nó sí i láthair, a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, nó

(b) mura mbeidh, agus fad nach mbeidh, cathaoirleach an Údaráis i láthair nó má tá an oifig sin folamh, roghnóidh na comhaltaí eile den Údarás a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú.

(4) Cinnfear gach ceist ag cruinniú den Údarás le tromlach vótaí na gcomhaltaí den Údarás atá i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag an gcathaoirleach.

(5) Faoi réir fhomhír (7), féadfaidh an tÚdarás gníomhú d’ainneoin folúntas nó folúntais i measc a chomhaltaí.

(6) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, rialálfaidh an tÚdarás a nós imeachta le rialacha nó ar shlí eile.

(7) 5 is córam do chruinniú den Údarás mura n-ordóidh an tAire a mhalairt.

6. (1) Féadfaidh an tÚdarás coistí a bhunú, arb iad a bheith orthu, go hiomlán nó go páirteach, daoine is comhaltaí den Údarás, d’fhonn—

(a) cúnamh agus comhairle a thabhairt dó i ndáil lena chuid feidhmeanna go léir nó aon cheann dá chuid feidhmeanna a chomhlíonadh, agus

(b) cibé feidhmeanna de chuid an Údaráis a bheidh arna dtarmligean chucu faoi mhír 7 a chomhlíonadh.

(2) Le linn dó comhaltaí coiste arna bhunú faoin mír seo a cheapadh, beidh aird ag an Údarás ar na nithe seo a leanas—

(a) an réimse cáilíochtaí agus taithí is gá chun feidhmeanna an choiste a chomhall go cuí agus go héifeachtach,

(b) a inmhianaithe atá sé go mbeidh cibé cothromaíocht is cuí ann idir fir agus mná ar an gcoiste.

(3) Féadfaidh an tÚdarás cibé liúntais a íoc le comhaltaí coiste arna bhunú faoin mír seo ar liúntais iad i leith caiteachas (más ann) a thabhóidh siad agus a chinnfidh an tÚdarás, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(4) Féadfaidh an tÚdarás comhalta de choiste arna bhunú faoin mír seo a chur as oifig tráth ar bith.

(5) Beidh gníomhartha coiste faoi réir a ndaingnithe ag an Údarás, mura gcinnfidh an tÚdarás a mhalairt.

(6) Féadfaidh an tÚdarás téarmaí tagartha coiste arna bhunú faoin mír seo a chinneadh agus a nós imeachta a rialáil.

(7) Féadfaidh an tÚdarás duine a cheapadh chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar choiste arna bhunú faoin mír seo.

(8) Déanfaidh coiste cibé faisnéis i leith a ghníomhaíochtaí agus a oibríochtaí a éileoidh an tÚdarás ó am go ham a sholáthar don Údarás d’fhonn feidhmeanna an Údaráis a chomhlíonadh.

(9) Féadfaidh an tÚdarás coiste arna bhunú faoin mír seo a dhíscaoileadh tráth ar bith.

7. Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire, ceann amháin nó níos mó dá chuid feidhmeanna is cuí leis a tharmligean chuig coiste arna bhunú faoi mhír 6.

8. (1) Más rud é, maidir le comhalta den Údaráis, comhalta de choiste arna bhunú faoi mhír 6 nó maidir leis an bpríomhfheidhmeannach—

(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann,

(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun bheith ina ionadaí nó ina hionadaí i bParlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar de bhun Chuid XIII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997, é nó í a bheith tofa chun na Parlaiminte sin,

scoirfidh sé nó sí air sin de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás, den choiste lena mbaineann nó ina phríomhfheidhmeannach nó ina príomhfheidhmeannach, de réir mar a bheidh.

(2) Más rud é, maidir le comhalta d'fhoireann an Údaráis—

(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann,

(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun bheith ina ionadaí nó ina hionadaí i bParlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar de bhun na Coda sin XIII é nó í a bheith tofa chun na Parlaiminte sin,

beidh sé nó sí air sin ar iasacht ó fhostaíocht ag an Údarás agus ní íocfaidh an tÚdarás leis nó léi, ná ní bheidh sé nó sí i dteideal go bhfaighidh sé nó sí ón Údarás, aon luach saothair ná liúntais i leith na tréimhse dar tosach an tráth a ainmneofar nó a thoghfar amhlaidh é nó í, nó an tráth a mheasfar amhlaidh é nó í a bheith tofa (de réir mar a bheidh), agus dar críoch an tráth a scoirfidh an duine sin de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach acu sin, ina ionadaí nó ina hionadaí sa Pharlaimint sin.

(3) Aon duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó atá ina ionadaí nó ina hionadaí i bParlaimint na hEorpa, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina ionadaí nó ina hionadaí den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás, ina chomhalta nó ina comhalta de choiste arna bhunú faoi mhír 6, ina phríomhfheidhmeannach nó ina príomhfheidhmeannach nó ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann an Údaráis.

(4) Ní dhéanfar aon tréimhse a luaitear i bhfomhír (2) a áireamh mar sheirbhís leis an Údarás chun críocha aon sochair aoisliúntais.

9. (1) Más rud é go n-éireoidh aon cheann de na nithe seo a leanas ag cruinniú den Údarás, eadhon—

(a) socrú ar páirtí ann an tÚdarás nó socrú den sórt sin atá beartaithe, nó

(b) conradh nó comhaontú eile leis an Údarás nó conradh nó comhaontú eile den sórt sin atá beartaithe,

ansin, maidir le haon chomhalta den Údarás atá i láthair ag an gcruinniú agus a bhfuil leas ábhartha aige nó aici sa ní ar shlí eile seachas ina cháil nó ina cáil mar chomhalta den sórt sin—

(i) nochtfaidh sé nó sí don Údarás, ag an gcruinniú, go bhfuil an leas sin aige nó aici agus cén cineál leasa é,

(ii) ní imreoidh sé nó sí tionchar, ná ní fhéachfaidh sé nó sí le tionchar a imirt, ar bhreith a bheidh le déanamh i ndáil leis an ní,

(iii) fanfaidh sé nó sí as láthair ón gcruinniú nó ón gcuid sin den chruinniú ar lena linn a phléitear an ní,

(iv) ní ghlacfaidh sé nó sí aon pháirt in aon bhreithniú a dhéanfaidh an tÚdarás maidir leis an ní, agus

(v) ní vótálfaidh sé nó sí ar bhreith maidir leis an ní.

(2) I gcás go nochtfar leas ábhartha de bhun na míre seo, déanfar an nochtadh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann agus, fad a bheidh an cruinniú ag plé leis an ní lena mbaineann an nochtadh, ní áireofar an comhalta a dhéanann an nochtadh sa chóram don chruinniú.

(3) I gcás go n-éireoidh ceist ag cruinniú den Údarás i dtaobh arbh ionann nó nárbh ionann iompraíocht áirithe ag comhalta den Údarás, dá ndéanfadh sé nó sí dá réir, agus mainneachtain aige nó aici ceanglais fhomhír (1) a chomhlíonadh, féadfaidh cathaoirleach an chruinnithe an cheist a chinneadh faoi réir fhomhír (4) agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i mbreith an chathaoirligh, agus i gcás go gcinnfear ceist den sórt sin amhlaidh, déanfar sonraí an chinnidh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe.

(4) Más rud é, ag cruinniú den Údarás, gurb é nó gurb í cathaoirleach an chruinnithe an comhalta a mbeidh ceist lena mbaineann fomhír (3) le cinneadh ina leith, ansin déanfaidh comhaltaí eile an Údaráis atá ag freastal ar an gcruinniú duine dá líon a roghnú chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú chun an cheist lena mbaineann a chinneadh.

(5) I gcás gur deimhin leis an Aire go bhfuil sárú déanta ag comhalta den Údarás ar fhomhír (1), féadfaidh an tAire, más cuí leis nó léi, an comhalta sin a chur as oifig agus, i gcás go gcuirtear duine as oifig de bhun na fomhíre seo, beidh sé nó sí dícháilithe as sin amach chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás.

10. (1) I gcás go mbeidh leas ábhartha ag comhalta d’fhoireann an Údaráis, ar shlí eile seachas ina cháil nó ina cáil mar chomhalta den sórt sin, in aon chonradh, comhaontú nó socrú, nó in aon chonradh, comhaontú nó socrú atá beartaithe, ar páirtí ann an tÚdarás—

(a) nochtfaidh an duine sin a leas, agus cineál an leasa, don Údarás,

(b) ní ghlacfaidh an duine sin aon pháirt i gcaibidlí an chonartha, an chomhaontaithe nó an tsocraithe nó in aon bhreithniú ag an Údarás nó ag comhaltaí d'fhoireann an Údaráis i ndáil leis an gcéanna, ná

(c) ní imreoidh an duine sin tionchar, ná ní fhéachfaidh sé nó sí le tionchar a imirt, ar bhreith a bheidh le tabhairt ar an ní ná ní dhéanfaidh sé nó sí aon mholadh i ndáil leis an gconradh, leis an gcomhaontú nó leis an socrú.

(2) Ní bheidh feidhm ag fomhír (1) maidir le conarthaí nó conarthaí beartaithe fostaíochta comhaltaí d'fhoireann an Údaráis leis an Údarás.

(3) I gcás go sáróidh duine an mhír seo féadfaidh an tÚdarás cibé athruithe is cuí leis a dhéanamh ar théarmaí agus coinníollacha fostaíochta an duine nó conradh fostaíochta an duine a fhoirceannadh.

11. (1) Ní nochtfaidh duine faisnéis faoi rún a gheobhaidh sé nó sí le linn dó nó di feidhmeanna a chomhlíonadh—

(a) mar chomhalta den Údarás nó mar chomhalta d'fhoireann an Údaráis, nó mar chomhairleoir nó sainchomhairleoir don Údarás, nó mar chomhalta d'fhoireann comhairleora nó sainchomhairleora den sórt sin, ná

(b) mar chomhalta de choiste a bhunófar faoi mhír 6,

mura mbeidh sé nó sí údaraithe go cuí ag an Údarás chun é sin a dhéanamh.

(2) Aon duine a sháraíonn fomhír (1) beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(3) Sa mhír seo folaíonn “faisnéis faoi rún”—

(a) faisnéis a mbeidh sé sainráite ag an Údarás ina leith go bhfuil sí faoi rún, maidir le faisnéis áirithe nó maidir le faisnéis d'aicme nó de thuairisc áirithe, agus

(b) tograí de chineál tráchtála nó tairiscintí a chuirfidh conraitheoirí, sainchomhairleoirí nó aon duine eile faoi bhráid an Údaráis.

SCEIDEAL 2

Aisghairm

Alt 11.

Gearrtheideal

(1)

Méid na hAisghairme

(2)

An tAcht Carthanas 1961

Caibidil I de Chuid II (seachas ailt 11(2) agus 17) agus ailt 26 agus 45.

In alt 23(1), trí na focail “, le toiliú roimh ré ón Ard-Aighne,” a scriosadh.

In alt 24, trí na focail “gan toiliú an Ard-Aighne a fháil” a scriosadh.

In alt 25, trí na focail “seachas an tArd-Aighne,” a scriosadh.

In alt 53, trí na focail “seachas an tArd-Aighne” a scriosadh.