|
||||
|
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||
Uimhir 7 de 2009 | ||||||||||||||||||||||||||
AN tACHT UM INFHEISTÍOCHT AN CHÚLCHISTE NÁISIÚNTA PINSEAN AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA 2009 | ||||||||||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||||||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||||||||||||
Alt | ||||||||||||||||||||||||||
1 . Míniú. | ||||||||||||||||||||||||||
2 . Leasú ar alt 2 (léiriú) den Phríomh-Acht. | ||||||||||||||||||||||||||
3 . Leasú ar alt 6 (feidhmeanna an Choimisiúin) den Phríomh-Acht. | ||||||||||||||||||||||||||
4 . Leasú ar alt 15 (ní rialóidh an Coimisiún cuideachta) den Phríomh-Acht. | ||||||||||||||||||||||||||
5 . Dífheidhm ceanglas áirithe den dlí iomaíochta, etc., in imthosca áirithe. | ||||||||||||||||||||||||||
6. Leasú ar alt 18 (Cúlchiste Náisiúnta Pinsean a bhunú) den Phríomh-Acht. | ||||||||||||||||||||||||||
7. Leasú ar alt 19 den Phríomh-Acht (beartas infheistíochta don Chiste). | ||||||||||||||||||||||||||
8. Ordacháin i dtaobh infheistíochtaí, etc. | ||||||||||||||||||||||||||
9 . Leasú ar an Acht Comhdhlúite Cánacha 1997. | ||||||||||||||||||||||||||
10 . Leasú ar Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Margaí in Ionstraimí Airgeadais) 2007. | ||||||||||||||||||||||||||
11 . Leasú ar an Acht um Urrúsú (Fáltais ó Mhorgáistí Áirithe) 1995. | ||||||||||||||||||||||||||
12 . Leasú ar an Acht um Margaí in Ionstraimí Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha 2007. | ||||||||||||||||||||||||||
13 . Gearrtheideal agus tosach feidhme. | ||||||||||||||||||||||||||
Na hAchtanna dá dTagraítear | ||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||
Uimhir 7 de 2009 | ||||||||||||||||||||||||||
AN tACHT UM INFHEISTÍOCHT AN CHÚLCHISTE NÁISIÚNTA PINSEAN AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA 2009 | ||||||||||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||||||||||||||||
ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM CHÚLCHISTE NÁISIÚNTA PINSEAN 2000 I nDÁIL LE hINFHEISTÍOCHTAÍ ÁIRITHE AR MHAITHE LE LEAS AN PHOBAIL; DO LEASÚ AN ACHTA COMHDHLÚITE CÁNACHA 1997 I nDÁIL LE CÁNACHAS AR NA hINFHEISTÍOCHTAÍ SIN; DO LEASÚ AN ACHTA UM URRÚSÚ (FÁLTAIS Ó MHORGÁISTÍ ÁIRITHE) 1995 CHUN FOIRCEANNADH COMHLACHTA A BUNAÍODH FAOIN ACHT SIN A ÉASCÚ; DO LEASÚ AN ACHTA UM MARGAÍ IN IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA 2007 CHUN SOCRÚ A DHÉANAMH MAIDIR LE TRÉDHEARCACHT NÍOS MÓ I nDÁIL LE CINEÁLACHA ÁIRITHE TRÁDÁLA IN IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA. | ||
[5 Márta, 2009] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
Míniú. |
1 .— San Acht seo ciallaíonn “Príomh - Acht ” an tAcht um Chúlchiste Náisiúnta Pinsean 2000. | |
Leasú ar alt 2 (léiriú) den Phríomh-Acht. |
2 .— Leasaítear alt 2(1) den Phríomh-Acht— | |
[EN] | (a) tríd an méid a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “Coimisiún”— | |
[EN] | “ciallaíonn ‘gléas infheistíochta de chuid an Choimisiúin ’ cuideachta nó comhlacht corpraithe eile a dhéanann an Coimisiún a fhoirmiú, a chur faoi deara a fhoirmiú, nó a rialú, chun infheistíochtaí a shealbhú, a éascú nó a bhainistiú;”, | |
[EN] | (b) tríd an méid a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “coimeádaí”— | |
[EN] | “ciallaíonn ‘infheistíocht ordaithe’— | |
[EN] | (a)infheistíocht arna déanamh ag an gCoimisiún de bhun ordacháin faoi alt 19A, | |
[EN] | (b)scairshealbhán nó leas eile a shealbhóidh an Coimisiún de thoradh eisiúint urrús a fhrithghealladh de bhun ordacháin den sórt sin, nó | |
[EN] | (c)scairshealbhán nó leas eile i bhforas creidmheasa liostaithe arna aistriú isteach sa Chiste faoi alt 18(5A);”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (c) trí an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “bainisteoir infheistíochta” | |
[EN] | “ciallaíonn ‘foras creidmheasa liostaithe’ foras creidmheasa (de réir na brí a thugtar le hAcht an Bhainc Ceannais 1997) a nglactar a chuid scaireanna chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte (de réir na brí a thugtar le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Margaí in Ionstraimí Airgeadais) 2007 (I.R. Uimh. 60 de 2007));”. | |
Leasú ar alt 6 (feidhmeanna an Choimisiúin) den Phríomh-Acht. |
3 .— Leasaítear alt 6 den Phríomh-Acht— | |
[EN] | (a) i bhfo-alt (1)(a) trí “agus ailt 19A agus 19B” a chur isteach i ndiaidh “bheartas infheistíochta an Chiste”, | |
[EN] | (b) i bhfo-alt (1)(c) trí “gan urrúis arna n-eisiúint faoi alt 54(1) den Acht Airgeadais 1970 a áireamh” a chur in ionad “gan urrúis de chuid Rialtas na hÉireann a áireamh,”, | |
[EN] | (c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1)(c)— | |
[EN] | “(ca) cistí nó sócmhainní a ghlacadh chun sochair don Chiste ó fhoinsí seachas ón bPríomh-Chiste, má ordaíonn an tAire dó déanamh amhlaidh,”, | |
[EN] | (d) i bhfo-alt (1)(k) trí “Aire, agus” a chur in ionad “Aire.”, | |
[EN] | (e) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1)(k)— | |
[EN] | “(l) comhairle a thabhairt don Aire, aon uair a iarrfaidh an tAire amhlaidh, maidir le haon ní a mbeartaíonn an tAire ordachán a thabhairt ina leith faoi alt 19A nó 19B.”, | |
[EN] | (f) i bhfo-alt (2)(e) trí “a chomhlíonadh,” a chur in ionad “a chomhlíonadh.”, agus | |
[EN] | (g) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2)(e)— | |
[EN] | “(f) ordachán ón Aire faoi alt 19A nó 19B a chomhlíonadh, | |
[EN] | (g) gníomhú mar fhrithgheallaí, bainisteoir cinn nó socróir, nó in aon cháil den tsamhail sin (cibé acu ina aonar nó i dteannta duine nó gnóthais eile ar bhonn comhpháirteach nó ar bhonn leithleach nó ar bhonn comhpháirteach leithleach), i ndáil le hurrús de chineál ar bith a eisiúint, agus | |
[EN] | (h) gléas infheistíochta de chuid an Choimisiúin a fhoirmiú nó a chur faoi deara gléas infheistíochta de chuid an Choimisiúin a fhoirmiú.”. | |
Leasú ar alt 15 (ní rialóidh an Coimisiún cuideachta) den Phríomh-Acht. |
4 .— Leasaítear alt 15 den Phríomh-Acht— | |
[EN] | (a) i bhfo-alt (1) trí “Faoi réir fho-ailt (3) agus (4), ní dhéanfaidh an Coimisiún” a chur in ionad “Ní dhéanfaidh an Coimisiún”, agus | |
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2)— | |
[EN] | “(3) Ní fholaíonn tagairt do chuideachta i bhfo-alt (1) gléas infheistíochta de chuid an Choimisiúin. | |
[EN] | (4) Níl feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le sealbhú scaireanna nó seilbh ceart vótála nó ceart eile arb éard iad infheistíocht ordaithe nó ar toradh iad ar infheistíocht ordaithe.”. | |
Dífheidhm ceanglas áirithe den dlí iomaíochta, etc., in imthosca áirithe. |
5 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 15— | |
[EN] | “15A.— (1) Níl feidhm ag Codanna 2 agus 3 den Acht Iomaíochta 2002 maidir le fáil iomchuí ná le haistriú iomchuí. | |
[EN] | (2) Níl feidhm ag alt 7 den Acht um Fhorais Chreidmheasa (Tacaíocht Airgeadais) 2008 maidir le fáil iomchuí ná le haistriú iomchuí. | |
[EN] | (3) Maidir le haon ní a dhéanfaidh an tAire, an Coimisiún nó gléas infheistíochta de chuid an Choimisiúin nó a dhéanfar thar a gceann chun críocha fála iomchuí nó aistrithe iomchuí ní beart atheagraithe é chun críocha na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (a) Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Forais Chreidmheasa a Atheagrú agus a Fhoirceannadh) 2004 (I.R. Uimh. 198 de 2004), nó | |
[EN] | (b) Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gnóthais Árachais a Atheagrú agus a Fhoirceannadh) 2003 (I.R. Uimh. 168 de 2003). | |
[EN] | (4) Maidir le haon ní a dhéanfaidh an tAire, an Coimisiún nó gléas infheistíochta de chuid an Choimisiúin nó a dhéanfar thar a gceann chun críocha fála iomchuí nó aistrithe iomchuí, agus le haon fháil scaireanna nó urrús ag an gCoimisiún nó ag gléas infheistíochta de chuid an Choimisiúin i dtaca le fáil iomchuí nó aistriú iomchuí — | |
[EN] | (a) ní tairiscint, táthcheangal, fáil rialaithe ná aon idirbheart táthcheangail eile chun críocha an Achta um Painéal Táthcheangail na hÉireann 1997 ná aon rialacha arna ndéanamh faoi alt 8 den Acht sin é nó í, nó | |
[EN] | (b) ní imthairiscint táthcheangail nó imthairiscint (i ngach cás, de réir bhrí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Imthairiscintí Táthcheangail) (Treoir 2004/25/CE)) 2006 (I.R. Uimh. 255 de 2006)) é nó í. | |
[EN] | (5) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn ‘fáil iomchuí’ fáil leasa i bhforas creidmheasa liostaithe ag an Aire, ag an gCoimisiún nó ag gléas infheistíochta de chuid an Choimisiúin nó thar a gceann (is fáil a thig nó a thiocfadh as ordachán faoi alt 19A) agus folaíonn sé togra chun fáil den sórt sin a dhéanamh; | |
[EN] | ciallaíonn ‘aistriú iomchuí’ leas i bhforas creidmheasa liostaithe a aistriú isteach sa Chiste de bhun alt 18(5A), agus folaíonn sé togra chun aistriú den sórt sin a dhéanamh.”. | |
Leasú ar alt 18 (Cúlchiste Náisiúnta Pinsean a bhunú) den Phríomh-Acht. |
6 .— Leasaítear alt 18 den Phríomh-Acht— | |
[EN] | (a) i bhfo-alt (2) trí “ina tráthchodanna ráithiúla comhionanna” a scriosadh, | |
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2)— | |
[EN] | “(2A) Féadfaidh an tAire an tsuim dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a íoc i gcnapshuim amháin nó ina dhá tráthchuid nó níos mó, de réir mar is cuí leis an Aire. Má íoctar an tsuim sin ina tráthchodanna ní gá gur tráthchodanna comhionanna iad.”, | |
[EN] | (c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5)— | |
[EN] | “(5A) Féadfaidh an tAire ranníoc leis an gCiste trí scairshealbhán nó leas eile a shealbhaíonn an tAire nó ainmnitheach don Aire a aistriú isteach sa Chiste. | |
[EN] | (5B) Measfar gur sásamh nó sásamh páirteach, de réir mar a bheidh, ar oibleagáid an Aire faoi fho-alt (2) íocaíochtaí a dhéanamh isteach sa Chiste sa bhliain reatha luach ranníoca dá dtagraítear i bhfo-alt (5A) arna chinneadh ag an Aire dáta an aistrithe. | |
[EN] | (5C) Féadfaidh an tAire ranníoc leis an gCiste trí shuim a íoc isteach sa Chiste, as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis, chun críche infheistíochta a bhfuil ordachán tugtha ag an Aire ina leith, nó a mbeartaíonn an tAire ordachán a thabhairt ina leith, faoi alt 19A. | |
[EN] | (5D) Measfar maidir le ranníoc dá dtagraítear i bhfo-alt (5C) gur sásamh nó gur sásamh páirteach é, de réir mar a bheidh, ar oibleagáid an Aire faoi fho-alt (2) íocaíochtaí a dhéanamh isteach sa Chiste sa bhliain reatha. | |
[EN] | (5E) Más rud é maidir le luach ranníoca dá dtagraítear i bhfo-alt (5A) (arna chinneadh faoi fho-alt (5B)), nó méid ranníoca dá dtagraítear i bhfo-alt (5C), arna chur le haon ranníoc a dhéanfar sa bhliain chéanna faoi fho-alt (2), gur mó é ná an méid a cheanglaítear a íoc isteach sa Chiste sa bhliain faoi fho-alt (2), measfar gur sásamh nó gur sásamh páirteach, de réir mar is gá sa chás, an barrachas ar an méid a cheanglaítear faoi fho-alt (2) a íoc isteach sa Chiste in aon bhliain dá éis sin. | |
[EN] | (5F) Ní inmhuirearaithe dleacht stampa ar ionstraim lena dtugtar éifeacht d’aistriú dá dtagraítear i bhfo-alt (5A).”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (d) i bhfo-alt (7) trí “, agus úinéireacht aon ghléis infheistíochta de chuid an Choimisiúin,” a chur isteach i ndiaidh “an Chiste”. | |
Leasú ar alt 19 den Phríomh-Acht (beartas infheistíochta don Chiste). |
7 .— Leasaítear alt 19 den Phríomh-Acht— | |
[EN] | (a) i bhfo-alt (1) trí “Seachas i gcás infheistíochta ordaithe, déanfaidh an Coimisiún” a chur in ionad “Déanfaidh an Coimisiún” agus | |
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2)— | |
[EN] | “(3) Féadfaidh an Coimisiún, le linn an straitéis infheistíochta don Chiste a chinneadh faoi alt 6(1)(c), aird a thabhairt ar a infheistíochtaí ordaithe.”. | |
Ordacháin i dtaobh infheistíochtaí, etc. |
8 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 19— | |
[EN] | “Ordacháin chun infheistíochtaí áirithe a dhéanamh, etc. | |
[EN] | 19A.— (1) Tá ag an Aire, ar mhaithe le leas an phobail, na feidhmeanna dá bhforáiltear faoi fho-alt (2) más rud é gur dóigh leis an Aire, tar éis dul i gcomhairle le Gobharnóir an Bhainc agus leis an Údarás Rialála, gur gá, chun ceachtar críche nó chun an dá chríoch acu seo a leanas, na feidhmeanna sin a chomhlíonadh ar mhaithe le leas an phobail— | |
[EN] | (a) suaitheadh tromchúiseach ar gheilleagar an Stáit a leigheas; | |
[EN] | (b) damáiste tromchúiseach a d’fhéadfaí a dhéanamh do chóras airgeadais an Stáit a chosc agus cobhsaíocht leantach an chórais sin a áirithiú. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire ordachán i scríbhinn a thabhairt don Choimisiún chun ceachtar críche nó chun an dá chríoch a luaitear i bhfo-alt (1)— | |
[EN] | (a) infheistiú in urrúis shonraithe de chuid forais creidmheasa liostaithe ar théarmaí agus ar choinníollacha a shonrófar san ordachán, nó | |
[EN] | (b) eisiúint aon chineáil urrús de chuid forais creidmheasa liostaithe a fhrithghealladh nó tacú léi ar shlí eile, ar théarmaí agus ar choinníollacha a shonrófar san ordachán. | |
[EN] | (3) Féadfar, sna téarmaí agus coinníollacha a shonróidh an tAire in ordachán faoi fho-alt (2), téarmaí nó coinníollacha a áireamh lena gceanglófar ar an gCoimisiún téarmaí nó coinníollacha sonraithe a fhorchur i ndáil leis an infheistíocht nó leis an bhfrithghealladh nó ar an bhforas creidmheasa ina ndéanfar an infheistíocht nó ar urrúis dá chuid a bheidh le heisiúint. | |
[EN] | (4) Comhlíonfaidh an Coimisiún ordachán faoi fho-alt (2) agus féadfaidh sé déanamh amhlaidh go díreach nó trí ghléas infheistíochta de chuid an Choimisiúin. | |
[EN] | (5) San alt seo tá le ‘Gobharnóir’ agus ‘Údarás Rialála’ na bríonna céanna faoi seach atá leo in Acht an Bhainc Cheannais 1942. | |
[EN] | Ordacháin i ndáil le bainistiú infheistíochtaí áirithe. | |
[EN] | 19B.— (1) Féadfaidh an tAire ordachán i scríbhinn a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (a) sealbhú agus bainistiú infheistíochta ordaithe, ar théarmaí agus coinníollacha a shonraítear san ordachán, | |
[EN] | (b) feidhmiú aon cheart vótála nó aon cheart eile a ghabhann le hinfheistíocht den sórt sin, ar théarmaí agus coinníollacha a shonraítear san ordachán, nó | |
[EN] | (c) diúscairt infheistíochta den sórt sin, ar théarmaí agus coinníollacha a shonraítear san ordachán. | |
[EN] | (2) Comhlíonfaidh an Coimisiún ordachán faoi fho-alt (1). | |
[EN] | Ní cúlstiúrthóirí daoine áirithe. | |
[EN] | 19C.— (1) Mura gceaptar mar stiúrthóir ar shlí eile é nó í, ní mheasfar aon duine de na daoine a luaitear i bhfo-alt (2) a bheith ina chúlstiúrthóir ná ina cúlstiúrthóir (de réir na brí a thugtar le halt 27(1) d’Acht na gCuideachtaí 1990) ná ina stiúrthóir de facto, mar a thugtar air, ná ina dhuine ná ina duine a urscaoileann freagrachtaí bainistíochta— | |
[EN] | (a) de chuid cuideachta a bhfuil infheistíocht ordaithe ag an gCoimisiún nó ag gléas infheistíochta de chuid an Choimisiúin inti, | |
[EN] | (b) de chuid aon fhochuideachta nó foghnóthais de chuid cuideachta den sórt sin. | |
[EN] | (2) Is iad seo a leanas na daoine: | |
[EN] | (a) an tAire; | |
[EN] | (b) an Coimisiún; | |
[EN] | (c) Coimisinéir; | |
[EN] | (d) an Bainisteoir agus aon chomhalta d’fhoireann an Bhainisteora. | |
[EN] | (3) San alt seo: | |
[EN] | tá le ‘fochuideachta’, i ndáil le cuideachta, an bhrí chéanna atá leis in alt 155 d’Acht na gCuideachtaí 1963; | |
[EN] | tá le ‘foghnóthas’, i ndáil le cuideachta, an bhrí chéanna atá leis i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuideachtaí: Grúpchuntais) 1992 (I.R. Uimh. 201 de 1992).”. | |
Leasú ar an Acht Comhdhlúite Cánacha 1997. |
9 .— Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997 mar a leanas: | |
[EN] | (a) in alt 172A(1)(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i) den mhíniú ar “dáileadh iomchuí”— | |
[EN] | “(i) dáileadh de réir bhrí mhír 1 de Sceideal F in alt 20(1), seachas dáileadh den sórt sin arna dhéanamh— | |
[EN] | (I) chuig Aire den Rialtas ina cháil nó ina cáil mar Aire den sórt sin, | |
[EN] | (II) chuig Coimisiún an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean, nó | |
[EN] | (III) chuig gléas infheistíochta de chuid an Choimisiúin (de réir na brí a thugtar le halt 2 den Acht um Chúlchiste Náisiúnta Pinsean 2000 (arna leasú le halt 2 den Acht um Infheistíocht an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean agus Forálacha Ilghnéitheacha 2009)),”; | |
[EN] | (b) in alt 230A trí “nó chuig gléas infheistíochta de chuid an Choimisiúin (de réir na brí a thugtar le halt 2 den Acht um Chúlchiste Náisiúnta Pinsean 2000 (arna leasú le halt 2 den Acht um Infheistíocht an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean agus Forálacha Ilghnéitheacha 2009))” a chur isteach i ndiaidh “chuig Coimisiún an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean”; | |
[EN] | (c) in alt 256(1), i mír (a) den mhíniú ar “taisce iomchuí”, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (iiia) agus (iiib)— | |
[EN] | “(iiia) ag Coimisiún an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean nó ag gléas infheistíochta de chuid an Choimisiúin (de réir na brí a thugtar le halt 2 den Acht um Chúlchiste Náisiúnta Pinsean 2000 (arna leasú le halt 2 den Acht um Infheistíocht an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean agus Forálacha Ilghnéitheacha 2009)), | |
[EN] | (iiib) ag an Stát ag gníomhú trí Choimisiún an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean nó trí ghléas infheistíochta de chuid an Choimisiúin (de réir na brí a thugtar le halt 2 den Acht um Chúlchiste Náisiúnta Pinsean 2000 (arna leasú le halt 2 den Acht um Infheistíocht an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean agus Forálacha Ilghnéitheacha 2009)),”, | |
[EN] | (d) in alt 739D tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6)(1)— | |
[EN] | “(l) gurb é atá ann ná— | |
[EN] | (i) Coimisiún an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean nó gléas infheistíochta de chuid an Choimisiúin (de réir na brí a thugtar le halt 2 den Acht um Chúlchiste Náisiúnta Pinsean 2000 (arna leasú le halt 2 den Acht um Infheistíocht an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean agus Forálacha Ilghnéitheacha 2009)), nó | |
[EN] | (ii) an Stát ag gníomhú trí Choimisiún an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean nó trí ghléas infheistíochta de chuid an Choimisiúin (de réir na brí a thugtar le halt 2 den Acht um Chúlchiste Náisiúnta Pinsean 2000 (arna leasú le halt 2 den Acht um Infheistíocht an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean agus Forálacha Ilghnéitheacha 2009)), | |
[EN] | agus gur thug an sealbhóir aonad dearbhú chuige sin don ghnóthas infheistíochta, nó”; | |
[EN] | (e) i gCuid 1 de Sceideal 15 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 34— | |
[EN] | “34A. Gléas infheistíochta de chuid an Choimisiúin (de réir na brí a thugtar le halt 2 den Acht um Chúlchiste Náisiúnta Pinsean 2000 (arna leasú le halt 2 den Acht um Infheistíocht an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean agus Forálacha Ilghnéitheacha 2009)).”. | |
Leasú ar Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Margaí in Ionstraimí Airgeadais) 2007. |
10 .— Leasaítear Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Margaí in Ionstraimí Airgeadais) 2007 (I.R. Uimh. 60 de 2007) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Rialachán 5(1)(g) (arna leasú le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Margaí in Ionstraimí Airgeadais) (Leasú) 2007 (I.R. Uimh. 663 de 2007)— | |
[EN] | “(ga) Coimisiún an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean; | |
[EN] | (gb) aon ghléas infheistíochta de chuid an Choimisiúin (de réir na brí a thugtar le halt 2 (arna leasú le halt 2 den Acht um Infheistíocht an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean agus Forálacha Ilghnéitheacha 2009) den Acht um Chúlchiste Náisiúnta Pinsean 2000);”. | |
Leasú ar an Acht um Urrúsú (Fáltais ó Mhorgáistí Áirithe) 1995. |
11 .— Leasaítear an tAcht um Urrúsú (Fáltais ó Mhorgáistí Áirithe) 1995 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 10: | |
[EN] | “Dáiltí, etc., ag comhlacht ainmnithe. | |
[EN] | 10.— (1) Féadfaidh comhlacht ainmnithe dáiltí a thabhairt ó am go ham don Aire nó do cibé duine nó comhlacht eile a ordóidh an tAire. | |
[EN] | (2) Féadfaidh comhlacht ainmnithe íocaíochtaí iasachtaí morgáiste neamhíoctha atá in ionannas do phríomhshuim agus méideanna úis íocaíochtaí morgáiste údaráis áitiúil urrúsaithe atá dlite don chomhlacht ainmnithe a aistriú ó am go ham chuig an Aire nó chuig cibé duine nó comhlacht a ordóidh an tAire. | |
[EN] | (3) Aon sócmhainn de chuid comhlachta ainmnithe a bheidh fágtha ar é a fhoirceannadh, déanfar í a aistriú chuig an Aire nó chuig cibé duine nó comhlacht eile a ordóidh an tAire. | |
[EN] | (4) Chun críocha fho-alt (3), folaíonn ‘sócmhainn’ airgead, leas agus ceart caingne i leith airgid agus leas a fhabhróidh, a bheidh infhaighte nó a dhílseofar tar éis an fhoirceanta.”. | |
Leasú ar an Acht um Margaí in Ionstraimí Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha 2007. |
12 .— Leasaítear an tAcht um Margaí in Ionstraimí Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha 2007 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 6— | |
[EN] | “Rialacháin i ndáil le trédhearcacht i dtaca le trádáil in ionstraimí airgeadais áirithe. | |
[EN] | 6A.— (1) San alt seo tá le ‘ionstraimí airgeadais’ an bhrí chéanna atá leis i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Margaí in Ionstraimí Airgeadais) 2007 (I.R. Uimh. 60 de 2007). | |
[EN] | (2) D’fhonn a chinntiú go bhfuil, agus go bhfanfaidh, trádáil in ionstraimí airgeadais sa Stát cóir, ordúil agus trédhearcach, nó i gcás ina measfaidh an tAire gur gá nó gur fóirsteanach déanamh amhlaidh chun cuspóirí Treorach ó na Comhphobail Eorpacha a bhaineann le maoirsiú a dhéanamh ar mhargaí airgeadais agus ar thrádáil in ionstraimí airgeadais (nó cuspóirí dlí de chuid an Stáit lena dtugtar éifeacht do Threoir den sórt sin) a chur chun cinn, féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc, rialacháin a dhéanamh á cheangal ar dhaoine (nó ar dhaoine d’aicmí sonraithe) a rinne idirbhearta in ionstraimí airgeadais sonraithe nó in aicmí sonraithe ionstraimí airgeadais cibé faisnéis a shonrófar sna rialacháin a nochtadh don Bhanc nó don phobal (nó dóibh araon). | |
[EN] | (3) Féadfar, le rialacháin faoi fho-alt (2)— | |
[EN] | (a) foráil a dhéanamh maidir leis an modh nochta agus leis an bhfoirm ina mbeidh an nochtadh le déanamh, agus | |
[EN] | (b) cibé foráil theagmhasach, fhorlíontach nó iarmhartach a dhéanamh is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach chun críocha na rialachán, lena n-áirítear forálacha lena gcruthófar cionta (ach sin gan foráil a dhéanamh leo ach amháin maidir le pionóis i leith ciontuithe achoimre mar gheall ar na cionta sin). | |
[EN] | (4) Gach rialachán a dhéanfar faoi fho-alt (2) leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.”. | |
Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
13 .— (1) Féadfar an tAcht um Infheistíocht an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean agus Forálacha Ilghnéitheacha 2009 a ghairm den Acht seo. | |
[EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht seo (seachas míreanna (d) agus (e) d’alt 3) i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla. |