10 2009

/images/harp.jpg


Uimhir 10 de 2009


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH AGUS PINSEAN 2009

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1 . Gearrtheideal agus forléiriú.

2 . Mínithe.

CUID 2

Leasuithe ar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh

3 . Ranníocaí fostaíochta—leasú ar an uasteorainn ioncaim.

4 . Ranníocaí roghnacha — leasú ar an uasteorainn ioncaim.

5 . Sochar cuardaitheora poist — leasuithe.

6 . Liúntas cuardaitheora poist — leasuithe.

7 . Liúntas leasa forlíontach — leasuithe.

8 . Forlíonadh luathchúraim leanaí — leasú.

9 . Éilimh — leasú.

10 . Liúntas cúraim baile — éilimh dhéanacha.

11 . Rátaí íocaíochta athbhreithnithe.

CUID 3

Leasú ar an Acht um Ranníocaí Sláinte 1979

12 . Leasuithe ar Acht 1979.

CUID 4

Leasú ar an Acht um Bearta Airgeadais Éigeandála ar Mhaithe le Leas an Phobail 2009

13 . Leasú ar an Acht um Bearta Airgeadais Éigeandála ar mhaithe le Leas an Phobail 2009.

CUID 5

Forálacha i nDáil le Scéimeanna Pinsean

14 . Míniú.

15 . Leasú ar alt 41 den Phríomh-Acht.

16 . Tosaíochtaí ar fhoirceannadh scéime iomchuí.

17 . Leasú ar alt 50 den Phríomh-Acht.

18 . An chumhacht chun scéim iomchuí a leasú.

19 . Cumhacht na cúirte chun faoiseamh a thabhairt ó dhliteanas mar gheall ar shárú iontaoibhe.

20 . Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

21 . Fianaise in imeachtaí mar gheall ar chion.

22 . Scéim um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean.

23 . Comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Chúram Leanaí 1991

1991, Uimh. 17

Acht na Leanaí 2001

2001, Uimh. 24

Achtanna na gCuideachtaí

An tAcht um Bearta Airgeadais Éigeandála ar Mhaithe le Leas an Phobail 2009

2009, Uimh. 5

An tAcht Sláinte 2004

2004, Uimh. 42

An tAcht um Ranníocaí Sláinte 1979

1979, Uimh. 4

Acht na dTithe 1988

1988, Uimh. 28

Na hAchtanna Cánach Ioncaim

An tAcht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta 1990

1990, Uimh. 18

Acht na bPinsean 1990

1990, Uimh. 25

Acht na bPinsean (Leasú) 1996

1996, Uimh. 18

Acht na bPinsean (Leasú) 2002

2002, Uimh. 18

An tAcht um Chosaint Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí) 1984

1984, Uimh. 21

An tAcht um Athchóiriú an Dlí Leasa Shóisialaigh agus um Pinsin 2006

2006, Uimh. 5

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008

2008, Uimh. 22

Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh

An tAcht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2005

2005, Uimh. 4

An tAcht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2007

2007, Uimh. 8

An tAcht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2008

2008, Uimh. 2

An tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005

2005, Uimh. 26

An tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997

1997, Uimh. 39

/images/harp.jpg


Uimhir 10 de 2009


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH AGUS PINSEAN 2009

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, AN ACHTA UM BEARTA AIRGEADAIS ÉIGEANDÁLA AR MHAITHE LE LEAS AN PHOBAIL 2009 AGUS AN ACHTA RANNÍOCAÍ SLÁINTE 1979; DO DHÉANAMH SOCRÚ I nDÁIL LEIS NA TOSAÍOCHTAÍ AR SCÉIM PINSEAN A FHOIRCEANNADH AGUS I nDÁIL LEIS AN LAGHDÚ AR NA SOCHAIR IS INÍOCTHA FAOI SCÉIMEANNA ÁIRITHE PINSEAN; DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE hINGHLACTHACHT DOICIMÉAD ÁIRITHE I bhFIANAISE IN IMEACHTAÍ MAR GHEALL AR CHIONTA ÁIRITHE; CHUN NA gCRÍOCH SIN DO LEASÚ ACHT NA bPINSEAN 1990; DÁ CHUMASÚ DON AIRE AIRGEADAIS SCÉIM A DHÉANAMH LENA nDÉANTAR FORÁIL MAIDIR LE hÍOCAÍOCHTAÍ ÁIRITHE A DHÉANAMH I LEITH SCÉIMEANNA DÓCMHAINNEACHA ÁIRITHE; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS AN MÉID SIN.

[29 Aibreán, 2009]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus forléiriú.

1 .— (1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2009 a ghairm den Acht seo.

(2) Léifear na hAchtanna Leasa Shóisialaigh agus ailt 2 go 11 le chéile mar aon ní amháin.

Mínithe.

2 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1979” an tAcht um Ranníocaí Sláinte 1979;

ciallaíonn “Acht 2006” an tAcht um Athchóiriú an Dlí Leasa Shóisialaigh agus um Pinsin 2006;

ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005.

CUID 2

Leasuithe ar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh

Ranníocaí fostaíochtaleasú ar an uasteorainn ioncaim.

3 .— (1) Leasaítear alt 13(2) den Phríomh-Acht trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (c) (arna leasú le halt 6(1) den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008):

“(c) Faoi réir mhír (ca), más rud é, i mbliain ranníoca áirithe, gurbh é a bhí i dtuilleamh ináirithe ranníocóra fhostaithe suim €75,036 agus gur íocadh na ranníocaí is iníoctha faoi mhír (b) i leith an tuillimh ináirithe sin, ní bheidh aon ranníoc eile den sórt sin iníoctha ag an ranníocóir fostaithe sa bhliain ranníoca sin i leith aon tuillimh ináirithe de chuid an ranníocóra fhostaithe sin.

(ca) I gcás ranníocóra fhostaithe a d’íoc ranníocaí faoi mhír (b) i leith tuillimh ináirithe de shuim €52,000 roimh an 1 Bealtaine 2009, beidh ranníocaí eile iníoctha ón dáta sin i leith cibé tuillimh ináirithe bhreise nach mó ná €23,036 sa bhliain ranníoca sin agus léifear mír (c), maille le haon mhodhnuithe is gá, amhail is dá gcuirfí €23,036 in ionad €75,036 i leith an tuillimh ináirithe bhreise.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1 Bealtaine 2009.

Ranníocaí roghnacha — leasú ar an uasteorainn ioncaim.

4 .— (1) Leasaítear alt 29(1) den Phríomh-Acht i mír (b) (arna leasú le halt 7(1) den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008) trí “€75,036” a chur in ionad “€52,000”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1 Bealtaine 2009.

Sochar cuardaitheora poist — leasuithe.

5 .— Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 62(5) (arna leasú le halt 4 d’Acht 2006 agus le Sceideal 1 a ghabhann le hAcht 2006) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) ní áireofar lá i ndáil le duine árachaithe mar lá dífhostaíochta mura rud é, ar an lá sin—

(i) go bhfuil sé nó sí ábalta obair a dhéanamh,

(ii) go bhfuil sé nó sí ar fáil le haghaidh fostaíochta, nó go measfar, de bharr a pháirteachais nó a páirteachais i ngníomhaíocht a fhorordaítear chun críocha an fho-ailt seo agus faoi réir na gcoinníollacha a fhorordófar, é nó í a bheith ar fáil le haghaidh fostaíochta, nó go bhfuil sé nó sí díolmhaithe ó cheangal a bheith air nó uirthi a bheith ar fáil le haghaidh fostaíochta,

(iii) go bhfuil fostaíocht a bheadh oiriúnach dó nó di á lorg i ndáiríre aige nó aici, ach nach bhfuil sé nó sí in ann í a fháil, ag féachaint dá aois nó dá haois, dá neart coirp, dá oideachas nó dá hoideachas, dá ghnáthshlí bheatha nó dá gnáthshlí bheatha, dá áit chónaithe nó dá háit chónaithe agus dá imthosca teaghlaigh nó dá himthosca teaghlaigh, agus

(iv) go bhfuil sé nó sí páirteach, nó go gcomhaontaíonn sé nó sí a bheith páirteach de réir mar a bheidh, má iarrann oifigeach don Aire air nó uirthi déanamh amhlaidh, i gcúrsa oideachais, oiliúna nó forbartha is cuí leis an oifigeach ag féachaint do riachtanais oiliúna agus oideachais an duine agus dá imthosca pearsanta nó dá himthosca pearsanta,”,

agus

(b) in alt 67, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9) (arna leasú le halt 4 d’Acht 2006 agus le Sceideal 1 a ghabhann le hAcht 2006):

“(10) Chun críocha an ailt seo, i gcás go bhfaigheann duine íocaíocht i leith scéime a riarann an tAire agus ar a dtugtar an Scéim Liúntas Fiontair Gearrthéarma i leith aon seachtaine dífhostaíochta, lena n-áirítear aon lá a mbeidh an duine i dteideal sochair cuardaitheora poist ina leith, déanfar aon lá dífhostaíochta sa tseachtain sin a áireamh amhail is dá mba lá é ar íocadh sochar cuardaitheora poist ina leith.”.

Liúntas cuardaitheora poist leasuithe.

6 .— Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

(a) in alt 141(4), trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (b) agus (c):

“(b) go bhfuil sé nó sí ar fáil le haghaidh fostaíochta, nó go measfar, de bharr pháirteachas an duine i ngníomhaíocht a fhorordaítear chun críocha an fho-ailt seo agus faoi réir aon choinníollacha a fhorordófar, é nó í a bheith ar fáil le haghaidh fostaíochta, nó go bhfuil sé nó sí díolmhaithe ó cheangal a bheith air nó uirthi a bheith ar fáil le haghaidh fostaíochta,

(c) go bhfuil fostaíocht oiriúnach á lorg i ndáiríre aige nó aici, ach nach bhfuil sé nó sí in ann í a fháil, ag féachaint d'aois, neart coirp, oideachas, gnáthshlí bheatha, áit chónaithe agus imthosca teaghlaigh an duine, agus

(d) go bhfuil sé nó sí páirteach, nó go gcomhaontaíonn sé nó sí a bheith páirteach de réir mar a bheidh, má iarrann oifigeach don Aire air nó uirthi déanamh amhlaidh, i gcúrsa oideachais, oiliúna nó forbartha is cuí leis an oifigeach ag féachaint do riachtanais oiliúna agus oideachais an duine agus dá imthosca pearsanta nó dá himthosca pearsanta.”,

(b) in alt 142(1) (arna leasú le halt 4 d’Acht 2006 agus le Sceideal 1 a ghabhann le hAcht 2006) trí “ailt 142A, 144 agus 146” a chur in ionad “ailt 144 agus 146”, agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 142:

“Na rátaí cúnaimh — aoiseanna 18 agus 19 mbliana.

142A.— (1) D’ainneoin alt 142(1), i gcás duine—

(a) a bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe aige nó aici agus nach bhfuil 20 bliain d’aois slánaithe aige nó aici,

(b) nach duine dá dtagraítear in alt 142(1)(a)(ii) (arna leasú le halt 20 den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2007), agus

(c) nach bhfuil i dteideal méadú a fháil i leith linbh cháilithe,

is é a bheidh sa ráta sceidealta liúntais cuardaitheora poist an ráta seachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) ag tagairt 1(c) i gCuid 1 de Sceideal 4 (arna chur isteach le halt 11(a) den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2009) arna mhéadú den mhéid atá leagtha amach i gcolún (3) den Chuid sin os coinne na tagartha sin in aghaidh aon tréimhse ar lena linn a bheidh aosach cáilithe ag an éilitheoir nó ag an tairbhí, faoi réir an tsriain nach mbeidh an t-éilitheoir nó an tairbhí i dteideal méadú a fháil ar an liúntas in aghaidh na tréimhse céanna faoin bhfo-alt seo i leith níos mó ná duine amháin.

(2) (a) I gcás duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1), agus faoi réir mhír (b), beidh liúntas cuardaitheora poist iníoctha más rud é, maidir le hacmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an tairbhí—

(i) gur lú í ná €1, de réir an ráta sceidealta, agus

(ii) go bhfuil sí comhionann le €1, de réir an ráta sceidealta arna laghdú de €1, agus

(iii) gur mó í ná €1, de réir an ráta sceidealta, arna laghdú de €1 in aghaidh gach méid (más ann) de €1 ar mó an acmhainn sheachtainiúil sin ná €1.

(b) I gcás go bhfuil acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an tairbhí comhionann leis an ráta sceidealta nó i gcás gur mó í ná an ráta sin, ní bheidh aon liúntas cuardaitheora poist iníoctha.

(3) Ní bheidh feidhm ag alt 144 maidir le híocaíochtaí a dhéanfar de réir an ailt seo.

(4) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás éilimh ar liúntas cuardaitheora poist más rud é—

(a) gur thosaigh an tréimhse bhearnaithe fostaíochta an 29 Aibreán 2009 nó roimhe,

(b) go bhfuil, díreach roimh iarratas a dhéanamh ar liúntas faoin alt seo, a theideal nó a teideal chun sochair is iníoctha de bhun alt 67 ídithe ag éilitheoir,

(c) go raibh liúntas míchumais á fháil ag éilitheoir díreach roimh dó nó di an t-éileamh faoin alt seo a dhéanamh, nó

(d) go bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe ag éilitheoir agus nach bhfuil 20 bliain d’aois slánaithe aige nó aici agus aon tráth le linn na tréimhse 12 mhí sular shlánaigh sé nó sí 18 mbliana d’aois amhlaidh—

(i) go raibh sé nó sí, nó gur cuireadh é nó í, faoi chúram na Feidhmeannachta de bhun ordú ón Ard-Chúirt, nó

(ii) go raibh sé nó sí, nó gur cuireadh é nó í, faoi chúram na Feidhmeannachta—

(I) de bhun ordú ón gCúirt Dúiche nó ón gCúirt Chuarda ar achomharc ón gCúirt Dúiche arna dhéanamh faoi Chuid III, IV, IVA, (a cuireadh isteach le halt 16 d’Acht na Leanaí 2001) nó VI den Acht um Chúram Leanaí 1991,

(II) faoi shocrú cúraim shaorálaigh de bhun alt 4 den Acht um Chúram Leanaí 1991, nó

(III) faoi shocrú cóiríochta de bhun alt 5 den Acht um Chúram Leanaí 1991.”.

Liúntas leasa forlíontach — leasuithe.

7 .— Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 197:

“197.— (1) I gcás duine atá gan acmhainn, arna chinneadh leis an gCaibidil seo agus faoi réir íocaíochta faoi alt 198, is é a bheidh sa mhéid seachtainiúil liúntais leasa fhorlíontaigh is iníoctha an méid atá leagtha amach i gcolún (2) ag tagairt 10(a) de Chuid 1 de Sceideal 4 (arna cur isteach le halt 11(b) den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2009), arna mhéadú—

(a) den mhéid atá leagtha amach i gcolún (3) den Chuid sin in aghaidh aon tréimhse ar lena linn a bheidh aosach cáilithe ag an éilitheoir nó ag an tairbhí, faoi réir an tsriain nach mbeidh an t-éilitheoir nó an tairbhí i dteideal méadú a fháil ar an liúntas in aghaidh na tréimhse céanna faoin mír seo i leith níos mó ná duine amháin, agus

(b) den mhéid cuí atá leagtha amach i gcolún (4) den Chuid sin i leith gach linbh cháilithe.

(2) D’ainneoin fho-alt (1), i gcás duine nach bhfuil 20 bliain d’aois slánaithe aige nó aici agus atá gan acmhainn, arna chinneadh leis an gCaibidil seo, agus nach bhfuil i dteideal méadú a fháil i leith linbh cháilithe, faoi réir aon íocaíochta faoi alt 198, is é a bheidh sa mhéid seachtainiúil liúntais leasa fhorlíontaigh is iníoctha an méid atá leagtha amach i gcolún (2) ag tagairt 10(b) de Chuid 1 de Sceideal 4 (arna cur isteach le halt 11(b) den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2009), arna mhéadú den mhéid atá leagtha amach i gcolún (3) den Chuid sin in aghaidh aon tréimhse ar lena linn a bheidh aosach cáilithe ag an tairbhí, faoi réir an tsriain nach mbeidh an t-éilitheoir nó an tairbhí i dteideal méadú a fháil ar an liúntas in aghaidh na tréimhse céanna faoin bhfo-alt seo i leith níos mó ná duine amháin.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) i gcás éilimh ar liúntas forlíontach más rud é, maidir leis an éilitheoir—

(a) go raibh an liúntas á fháil go leanúnach aige nó aici ó dháta arb é an 29 Aibreán 2009, nó dáta roimhe sin, é, nó

(b) go bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe aige nó aici agus nach bhfuil 20 bliain d’aois slánaithe aige nó aici agus aon tráth le linn na tréimhse 12 mhí sular shlánaigh sé nó sí 18 mbliana d’aois amhlaidh—

(i) go raibh sé nó sí, nó gur cuireadh é nó í, faoi chúram na Feidhmeannachta de bhun ordú ón Ard-Chúirt,

(ii) go raibh sé nó sí, nó gur cuireadh é nó í, faoi chúram na Feidhmeannachta—

(I) de bhun ordú ón gCúirt Dúiche nó ón gCúirt Chuarda ar achomharc ón gCúirt Dúiche arna dhéanamh faoi Chuid III, IV, IVA, (a cuireadh isteach le halt 16 d’Acht na Leanaí 2001) nó VI den Acht um Chúram Leanaí 1991,

(II) faoi shocrú cúraim shaorálaigh de bhun alt 4 den Acht um Chúram Leanaí 1991, nó

(III) faoi shocrú cóiríochta de bhun alt 5 den Acht um Chúram Leanaí 1991.”,

(b) in alt 198 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3E) (a cuireadh isteach le halt 14 den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008):

“(3F) Ní bheidh duine i dteideal íocaíochta dá dtagraítear i bhfo-alt (3) mura rud é, ar an iarratas a dhéanamh, gur deimhin leis an bhFeidhmeannacht maidir leis an duine—

(a) gur tionónta bona fide é nó í,

(b) go bhfuil—

(i) measúnacht déanta ag údarás tithíochta de bhun alt 9 d’Acht na dTithe 1988 (arna leasú le halt 75 den Acht Sláinte 2004) ar an ngá ata aige nó aici le tithíocht, nó

(ii) sé nó sí tar éis a bheith ina chónaí nó ina cónaí, don tréimhse atá forordaithe—

(I) i gcóiríocht chíosa, nó

(II) i gcóiríocht do dhaoine gan chónaí mar a fhoráiltear faoi alt 10 d’Acht na dTithe, 1988.”,

agus

(c) in alt 198, trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) Maidir leis an bhforlíonadh is iníoctha le duine faoi fho-alt (3) nó aon rialacháin arna ndéanamh faoi, déanfar méid an fhorlíonaidh is iníoctha an 1 Meitheamh 2009, nó dá éis, a ríomh—

(a) trí shuim €6 a asbhaint as méid an fhorlíonaidh sin a bheadh iníoctha sa tseachtain leis an duine an 31 Bealtaine 2009 dá mbeidís á n-íoc ar bhonn seachtainiúil (cibé acu ar íocadh nó nár íocadh iad amhlaidh),

(b) tríd an tsuim, a fuarthas tríd an ríomh dá dtagraítear i mír (a) a dhéanamh, a iolrú ar 8 faoin gcéad faoi réir an choinníll go ndéanfar an méid iomlán a chothromú suas go dtí an €1 is gaire i gcás gur iolraí ar 50 cent é ach nach iolraí ar €1 freisin é agus a chothromú go dtí an €1 is gaire i gcás nach iolraí ar 50 cent ná ar €1 é,

(c) tríd an tsuim, a fuarthas tríd an ríomh dá dtagraítear i mír (b) a dhéanamh, a asbhaint as an tsuim a fuarthas tríd an ríomh dá dtagraítear i mír (a) a dhéanamh.

(8) Maidir leis an bhforlíonadh is iníoctha le duine faoi fho-alt (5) nó aon rialacháin arna ndéanamh faoi, déanfar méid an fhorlíonaidh is iníoctha an 1 Meitheamh 2009, nó dá éis, a ríomh trí shuim €6 a asbhaint as méid an fhorlíonaidh sin a bheadh iníoctha sa tseachtain leis an duine an 31 Bealtaine 2009 dá mbeidís á n-íoc ar bhonn seachtainiúil (cibé acu ar íocadh nó nár íocadh iad amhlaidh).

(9) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (7) ná (8) maidir le cinneadh nó cinneadh athbhreithnithe ó fhostaí de chuid na Feidhmeannachta i ndáil le forlíonadh a íoc faoi fho-alt (3) nó (5) nó rialacháin arna ndéanamh faoi cheachtar díobh, de réir mar a bheidh, an 1 Meitheamh 2009 nó dá éis.”.

Forlíonadh luathchúraim leanaí — leasú.

8 .— (1) Leasaítear alt 223B (arna leasú le halt 18 den Acht um Bearta Airgeadais Éigeandála ar Mhaithe le Leas an Phobail 2009) den Phríomh Acht i bhfo-alt (1) trí “€498” a chur in ionad “€996” agus “€41.50” a chur in ionad “€83”.

(2) Scoirfidh Cuid 4A den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le halt 28 d’Acht 2006) d’éifeacht a bheith léi an 1 Nollaig 2009.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1 Bealtaine 2009.

Éilimh — leasú.

9 .— Leasaítear an Príomh-Acht in alt 241 trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Féadfaidh an tAire faisnéis agus cineál agus foirm na faisnéise a bheidh le tabhairt ag duine a dhéanfaidh éileamh ar shochar a fhorordú i gcás go dtagann an tAire ar an tuairim go gcuideodh tabhairt na faisnéise—

(a) le hoifigeach breithiúnachta, le hoifigeach biúró, leis an bhFeidhmeannacht nó le haon duine eile a dhéanann cinneadh i ndáil le héileamh ar shochar i dtaobh an bhfuil an duine a bhfuil an t-éileamh á dhéanamh aige nó aici i dteideal éileamh a dhéanamh ar aon sochar nó aon sochar a fháil faoin Acht seo, nó

(b) maidir le measúnú á dhéanamh ar na riachtanais oiliúna, oideachais nó forbartha is cuí dá imthosca pearsanta nó dá himthosca pearsanta.

(1B) Chun faisnéis a thabharfaidh duine a dhéanfaidh éileamh ar shochar a fhorordú de bhun fho-alt (1A), féadfar cineálacha agus foirmeacha éagsúla faisnéise a shonrú maidirle haicmí éagsúla daoine nó maidir le héilimh éagsúla ar shochar.”.

Liúntas cúraim baile — éilimh dhéanacha.

10 .— Leasaítear an Príomh-Acht in alt 241 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4A) (a cuireadh isteach le halt 16 den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2008):

“(4A) (a) Aon duine a mhainníonn éileamh a dhéanamh ar liúntas cúraim baile laistigh den am forordaithe, dícháileofar é nó í chun íocaíocht a fháil i leith aon lae roimh an gcéad lá den mhí tar éis an lae a dhéanfar an t-éileamh.

(b) D’ainneoin mhír (a), i gcás gur deimhin le hoifigeach breithiúnachta nó le hoifigeach achomhairc—

(i) ar dháta is luaithe ná an chéad lá den mhí tar éis an lae a rinneadh an t-éileamh, ar leith ón gcoinníoll a chomhlíonadh ó thaobh éileamh a dhéanamh, gur tháinig an duine chun bheith ina dhuine nó ina duine cáilithe de réir bhrí alt 186D(1) (a cuireadh isteach le halt 15 denAcht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2008), agus

(ii) go raibh cúis mhaith, i gcaitheamh na tréimhse idir an dáta ba luaithe agus an dáta a rinneadh an t-éileamh, leis an moill a bhain le héileamh a dhéanamh,

ní bheidh an duine dícháilithe chun íocaíocht liúntais cúraim baile a fháil i leith aon tréimhse den sórt sin dá dtagraítear i bhfomhír (i) nach faide ná 6 mhí roimh an gcéad lá den mhí tar éis an dáta a dhéantar an t-éileamh.”.

Rátaí íocaíochta athbhreithnithe.

11 .— Leasaítear an Príomh-Acht (arna leasú le halt 4(1) den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008) i gCuid 1 de Sceideal 4—

(a) ag tagairt 1. Liúntas Cuardaitheora Poist, tríd an tagairt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh thagairt (b):

(c) i gcás duine lena mbaineann alt 142A

100.00

100.00

-

-

-

-

-

”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad thagairt 10.:

10. Liúntas Leasa Forlíontach

(a) i gcás duine lena mbaineann alt 197(1)

(b) i gcás duine lena mbaineann alt 197(2)

204.30

100.00

135.60

100.00

26.00

-

-

-

-

-

-

-

-

-

”.

CUID 3

Leasú ar an Acht um Ranníocaí Sláinte 1979

Leasuithe ar Acht 1979.

12 .— (1) Leasaítear Acht 1979—

(a) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach in alt 1:

“ciallaíonn ‘Acht 1997’ an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997;

ciallaíonn ‘tuilleamh ináirithe’ díolaíochtaí—

(a) ó fhostaíocht inárachaithe nó ó fhostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) de réir bhrí na nAchtanna Leasa Shóisialaigh, agus

(b) lena mbaineann Caibidil 4 de Chuid 42 d’Acht 1997, ach gan féachaint d’ailt 1015 go 1024 d’Acht 1997,

arna laghdú de cibé méid den ranníoc inlamháilte dá dtagraítear i rialacháin 41 agus 42 de Rialacháin 2001 a asbhaintear tráth íoctha na ndíolaíochtaí sin;

ciallaíonn ‘díolaíochtaí ináirithe’ díolaíochtaí (seachas tuilleamh ináirithe) lúide cibé méid den ranníoc inlamháilte dá dtagraítear i rialacháin 41 agus 42 de Rialacháin 2001 a asbhaintear tráth íoctha na ndíolaíochtaí sin;

ciallaíonn ‘ ioncam ináirithe’ , i ndáil le pearsa aonair, comhiomlán ioncam na pearsan aonair ó gach bunadh in aghaidh bliana ranníoca arna mheas de réir fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, ach gan féachaint d’ailt 1015 go 1024 d’Acht 1997, agus tar éis—

(a) cibé méid den ranníoc inlamháilte dá dtagraítear i rialacháin 41 agus 42 de Rialacháin 2001 a asbhaintear ar dhíolaíochtaí a íoc a asbhaint ón ioncam sin, agus

(b) cibé méid d’aon asbhaint a bhaint as an ioncam sin (seachas díolaíochtaí) is asbhaint a lamháiltear de bhua na bhforálacha dá dtagraítear sa mhíniú ar ‘liúntas caipitiúil’ in alt 2(1) d’Acht 1997 atá le hasbhaint as an ioncam sin nó le fritháireamh ina aghaidh agus an t-ioncam á mhuirearú maidir le cáin ioncaim;

ciallaíonn ‘Rialacháin 2001’ na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí) (Comhdhlúite) 2001 (I.R. Uimh. 559 de 2001).”,

(b) trí alt 2 a aisghairm,

(c) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 4:

“Rátaí i leith ranníocaí sláinte.

4A.— (1) Don bhliain ranníoca 2009, is de réir na rátaí a shonraítear sa tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo a bheidh an ranníoc sláinte is iníoctha ag pearsa aonair ar a ioncam nó a hioncam ináirithe don bhliain ranníoca sin.

AN TÁBLA

An chuid den ioncam ináirithe

An ráta ranníoca sláinte

An chéad €75,036

3.333%

An chéad €25,064 eile

4%

An fuílleach

4.16%

(2) Do bhliain ranníoca i ndiaidh na bliana ranníoca 2009, is de réir na rátaí a shonraítear sa tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo a bheidh an ranníoc sláinte is iníoctha ag pearsa aonair ar a ioncam nó a hioncam ináirithe don bhliain ranníoca sin.

AN TÁBLA

An chuid den ioncam ináirithe

An ráta ranníoca sláinte

An chéad €75,036

4%

An fuílleach

5%

.”,

(d) in alt 5—

(i) i bhfo-alt (1)(a) trí “is de réir na rátaí a shonraítear sa tábla dá dtagraítear in alt 4A(1) nó 4A(2) de réir mar a bheidh a ríomhfar an ranníoc sláinte i leith an tuillimh ináirithe sin” a chur in ionad “ is de réir ráta 2 faoin gcéad de mhéid an tuillimh ináirithe sin a ríomhfar an ranníoc sláinte”, agus

(ii) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1A) agus (1B):

“(1A) Faoi réir alt 4A(1), maidir le tuilleamh ináirithe a íocfar sa tréimhse dar tosach an 1 Eanáir 2009 agus dar críoch an 30 Aibreán 2009, más rud é gur mó méid an tuillimh ináirithe—

(a) ná €1,925, sa chás gur seachtain an tréimhse a ndéantar an íocaíocht lena mbaineann ina leith, nó

(b) ná méid comhréireach, sa chás gur mó nó gur lú ná seachtain an tréimhse a ndéantar an íocaíocht lena mbaineann ina leith,

ríomhfar an ranníoc sláinte is iníoctha faoin alt seo de réir ráta—

(i) 2 faoin gcéad de €1,925 nó den mhéid comhréireach, de réir mar a bheidh, agus

(ii) 2.5 faoin gcéad de mhéid na breise.

(1B) Faoi réir alt 4A(1), maidir le tuilleamh ináirithe a íocfar an 1 Bealtaine 2009, nó dá éis, más rud é gur mó méid an tuillimh ináirithe—

(a) ná €1,443, sa chás gur seachtain an tréimhse a ndéantar an íocaíocht lena mbaineann ina leith, nó

(b) ná méid comhréireach, sa chás gur mó nó gur lú ná seachtain an tréimhse a ndéantar an íocaíocht lena mbaineann ina leith,

ríomhfar an ranníoc sláinte is iníoctha faoin alt seo de réir ráta—

(i) 4 faoin gcéad de €1,443 nó den mhéid comhréireach, de réir mar a bheidh, agus

(ii) 5 faoin gcéad de mhéid na breise.”,

(e) in alt 6—

(i) i bhfo-alt (1) trí “is de réir na rátaí a shonraítear sa tábla dá dtagraítear in alt 4A(1) nó 4A(2) de réir mar a bheidh a ríomhfar an ranníoc sláinte i leith na ndíolaíochtaí ináirithe sin.” a chur in ionad “beidh ranníoc sláinte iníoctha a ríomhfar a mhéid de réir ráta 2 faoin gcéad de mhéid na ndíolaíochtaí ináirithe lena mbaineann an íocaíocht sin.”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1A) agus (1B):

“(1A) Faoi réir alt 4A(1), maidir le díolaíochtaí ináirithe a íocfar sa tréimhse dar tosach an 1 Eanáir 2009 agus dar críoch an 30 Aibreán 2009, más rud é gur mó méid na ndíolaíochtaí ináirithe—

(a) ná €1,925, sa chás gur seachtain an tréimhse a ndéantar an íocaíocht lena mbaineann ina leith, nó

(b) ná méid comhréireach, sa chás gur mó nó gur lú ná seachtain an tréimhse a ndéantar an íocaíocht lena mbaineann ina leith,

ríomhfar an ranníoc sláinte is iníoctha faoin alt seo de réir ráta—

(i) 2 faoin gcéad de €1,925 nó den mhéid comhréireach, de réir mar a bheidh, agus

(ii) 2.5 faoin gcéad de mhéid na breise.

(1B) Faoi réir alt 4A(1), maidir le díolaíochtaí ináirithe a íocfar an 1 Bealtaine 2009, nó dá éis, más rud é gur mó méid na ndíolaíochtaí ináirithe—

(a) ná €1,443, sa chás gur seachtain an tréimhse a ndéantar an íocaíocht lena mbaineann ina leith, nó

(b) ná méid comhréireach, sa chás gur mó nó gur lú ná seachtain an tréimhse a ndéantar an íocaíocht lena mbaineann ina leith,

ríomhfar an ranníoc sláinte is iníoctha faoin alt seo de réir ráta—

(i) 4 faoin gcéad de €1,443 nó den mhéid comhréireach, de réir mar a bheidh, agus

(ii) 5 faoin gcéad de mhéid na breise.”,

(f) trí alt 7 a aisghairm, agus

(g) trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 7B:

“Coigeartú chun ríomha comhiomlána a chur i gcuntas.

7C.— D’ainneoin ailt 5(1A), 5(1B), 6(1A) agus 6(1B), maidir le ríomha arna ndéanamh de réir na n-alt sin, féadfaidh fostóir ranníocóra fhostaithe iad a choigeartú chun comhiomlán an tuillimh ináirithe nó comhiomlán na ndíolaíochtaí ináirithe, nó comhiomlán an tuillimh ináirithe agus comhiomlán na ndíolaíochtaí ináirithe araon, de réir mar a bheidh, arna n-íoc sa bhliain ranníoca, a chur i gcuntas agus féadfar íocaíocht an ranníoca sláinte a dhéanamh de réir an fhigiúir a gheofar mar thoradh ar an ríomh arna choigeartú amhlaidh.

Ranníocaí a aisíoc.

7D.— (1) I gcás go ndearnadh ranníoc sláinte pearsan aonair a ríomh de réir alt 5 nó 6 i leith na bliana ranníoca 2009 agus más rud é, mar thoradh ar an ríomh sin, gur íoc an phearsa aonair, i leith na bliana sin, méid de bhreis ar na rátaí a shonraítear sa dara colún den tábla dá dtagraítear in alt 4A(1) i leith na gcodanna den ioncam ináirithe a shonraítear sa chéad cholún den tábla sin, aisíocfar an méid breise sin leis an bpearsa aonair.

(2) I gcás go ndearnadh ranníoc sláinte pearsan aonair a ríomh de réir alt 5(1B) nó 6(1B) i leith na bliana ranníoca 2010 nó i leith aon bhliain ranníoca dá éis sin agus nach mó ná €75,036 tuilleamh ináirithe nó díolaíochtaí ináirithe na pearsan aonair don bhliain ranníoca áirithe, forléireofar ailt 5(1B) nó 6(1B), de réir mar a bheidh, amhail is dá gcuirfí “4 faoin gcéad” in ionad “5 faoin gcéad” agus déanfar aon ranníocaí sláinte a ró-íocadh i leith na bliana ranníoca sin a aisíoc leis an bpearsa aonair.

Foráil i leith íocaíochtaí iomarcaíochta ex gratia.

7E.— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le díolaíochtaí a íocadh le pearsa aonair sa tréimhse 1 Eanáir 2009 go 30 Aibreán 2009 i bhfoirm aon íocaíochta ex gratia arna déanamh tráth iomarcaíochta na pearsan aonair sin, ar íocaíocht í is inmhuirearaithe i leith cánach faoi alt 123 d’Acht 1997, a bhfuil ranníocaí sláinte iníoctha ina leith de réir alt 4A.

(2) D’ainneoin aon fhorála eile den Acht seo agus faoi réir alt 7A, sa mhéid gur díolaíochtaí lena mbaineann an t-alt seo iad díolaíochtaí—

(a) déanfar ranníocaí sláinte a íoc i leith na ndíolaíochtaí sin don bhliain ranníoca 2009 de réir an ráta—

(i) 2 faoin gcéad ar an gcéad €100,100 de na díolaíochtaí sin, agus

(ii) 2.5 faoin gcéad ar an iarmhéid,

agus

(b) ní áireofar na díolaíochtaí sin le linn ioncam iomchuí a ríomh don bhliain sin ná chun aon chríche eile den Acht seo.”.

(2) Aon tagairtí do thuilleamh ináirithe i rialacháin faoi Acht 1979 a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, forléireofar iad mar thagairtí do thuilleamh ináirithe de réir bhrí an Achta sin arna leasú leis an alt seo.

(3) Aon tagairtí do dhíolaíochtaí ináirithe i rialacháin faoi Acht 1979 a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, forléireofar iad mar thagairtí do dhíolaíochtaí ináirithe de réir bhrí an Achta sin arna leasú leis an alt seo.

(4) Aon tagairtí d’ioncam ináirithe i rialacháin faoi Acht 1979 a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, forléireofar iad mar thagairtí d’ioncam ináirithe de réir bhrí an Achta sin arna leasú leis an alt seo.

(5) Cúlghairtear Rialacháin 4, 5 agus 6 de na Rialacháin um Ranníocaí Sláinte 1979 (I.R. Uimh. 107 de 1979).

(6) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1 Bealtaine 2009.

CUID 4

LEASÚ AR AN ACHT UM BEARTA AIRGEADAIS ÉIGEANDÁLA AR MHAITHE LE LEAS AN PHOBAIL 2009

Leasú ar an Acht um Bearta Airgeadais Éigeandála ar mhaithe le Leas an Phobail 2009.

13 .— Leasaítear an tAcht um Bearta Airgeadais Éigeandála ar mhaithe le Leas an Phobail 2009, in alt 2, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3) le héifeacht ón 1 Bealtaine 2009:

"(3) Maidir leis an duine atá freagrach as luach saothair a íoc le duine iomchuí nó a údaraíonn luach saothair a íoc le duine iomchuí, déanfaidh sé nó sí, faoi réir fho-alt (3A), méid a asbhaint nó cuirfidh sé nó sí faoi deara go ndéanfar méid a asbhaint—

(a) i gcás na tréimhse 1 Márta 2009 go 30 Aibreán 2009 i gcás go scoirfidh duine iomchuí, tráth nach déanaí ná an 30 Aibreán 2009, de bheith ina sheirbhíseach nó ina seirbhíseach poiblí agus nach dtiocfaidh sé nó sí chun bheith ina dhuine nó ina duine iomchuí arís in 2009, de réir an ráta nó na rátaí infheidhme a shonraítear i dTábla A a ghabhann leis an bhfo-alt seo i leith na tréimhse sin,

(b) i gcás na tréimhse 1 Márta 2009 go 30 Aibreán 2009 (seachas i gcás go bhfuil feidhm ag mír (a) nó fo-alt (3A)), de réir an ráta nó na rátaí infheidhme a shonraítear i dTábla B a ghabhann leis an bhfo-alt seo i leith na tréimhse sin,

(c) i gcás na tréimhse 1 Bealtaine 2009 go 31 Nollaig 2009 (seachas i gcás go bhfuil feidhm ag fo-alt (3A)), de réir an ráta nó na rátaí infheidhme a shonraítear i dTábla C a ghabhann leis an bhfo-alt seo i leith na tréimhse sin, agus

(d) i gcás na bliana 2010 agus gach bliain dá éis, de réir an ráta nó na rátaí infheidhme a shonraítear i dTábla D a ghabhann leis an bhfo-alt seo i leith na bliana sin,

as an luach saothair is iníoctha leis an duine iomchuí ó am go ham don tréimhse lena mbaineann nó aon bhliain den sórtsin.

TÁBLA A

Méid an Luach Saothair

Ráta na hasbhainte

Suas le €15,000

3 faoin gcéad

Aon bharrachas is mó ná €15,000 ach nach mó ná €20,000

6 faoin gcéad

Aon mhéid is mó ná €20,000

10 faoin gcéad

TÁBLA B

Méid an Luach Saothair

Ráta na hasbhainte

Suas le €2,727.27

3 faoin gcéad

Aon bharrachas is mó ná €2,727.27 ach nach mó ná €3,636.36

6 faoin gcéad

Aon mhéid is mó ná €3,636.36

10 faoin gcéad

TÁBLA C

Méid an Luach Saothair

Ráta na hasbhainte

Suas le €12,272.73

Díolmhaithe

Aon bharrachas is mó ná €12,272.73 ach nach mó ná €16,363.64

5 faoin gcéad

Aon bharrachas is mó ná €16,363.64 ach nach mó ná €49,090.91

10 faoin gcéad

Aon mhéid is mó ná €49,090.91

10.5 faoin gcéad

TÁBLA D

Méid an luach saothair

Ráta na hasbhainte

Suas le €15,000

Díolmhaithe

Aon bharrachas is mó ná €15,000 ach nach mó ná €20,000

5 faoin gcéad

Aon bharrachas is mó ná €20,000 ach nach mó ná €60,000

10 faoin gcéad

Aon mhéid is mó ná €60,000

10.5 faoin gcéad

(3A) Más rud é, in aon chás—

(a) gur duine iomchuí a bhí i seirbhíseach poiblí aon tráth idir an 1 Márta 2009 agus an 30 Aibreán 2009 agus—

(i) gur duine iomchuí a bhí ann nó inti an 30 Aibreán 2009 agus gur lean sé nó sí de bheith ina dhuine nó ina duine iomchuí an 1 Bealtaine 2009 ach gur scoir sé nó sí ina dhiaidh sin de bheith ina dhuine nó ina duine iomchuí an 31 Nollaig 2009, nó roimhe, nó

(ii) ar scor de bheith ina sheirbhíseach nó ina seirbhíseach poiblí roimh an 1 Bealtaine 2009, go dtiocfaidh sé nó sí chun bheith ina dhuine nó ina duine iomchuí arís an 31 Nollaig 2009, nó roimhe,

agus

(b) de thoradh ar Thábla B agus Tábla C a ghabhann le fo-alt (3) a chur i bhfeidhm maidir le cibé méid den tréimhse 1 Márta 2009 go 31 Nollaig 2009 inar duine iomchuí an seirbhíseach poiblí, go ndéanfaí, nó go ndearnadh, méid is mó a asbhaint ná mar a dhéanfaí a asbhaint dá mbeadh feidhm ag Tábla A a ghabhann le fo-alt (3) maidir le hiomlán na tréimhse sin,

ansin, mura rachaidh méid an luach saothair lena mbaineann thar €160,000 le linn na tréimhse 1 Márta 2009 go 31 Nollaig 2009, déanfar Tábla A a ghabhann leis an bhfo-alt sin a chur chun feidhme maidir leis an tréimhse 1 Márta 2009 go 31 Nollaig 2009.”.

CUID 5

FORÁLACHA I nDÁIL LE SCÉIMEANNA PINSEAN

Míniú.

14 .— Sa Chuid seo—

ciallaíonn “Príomh-Acht” Acht na bPinsean 1990;

tá le “ scéim iomchuí ” an bhrí chéanna atá leis i gCuid IV den Phríomh-Acht.

Leasú ar alt 41 den Phríomh-Acht.

15 .— Leasaítear alt 41 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach in ionad mhír (b) d’fho-alt (2) (a cuireadh isteach le halt 31 den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2005):

“(b) beidh feidhm ag fo-ailt (1), (1A), (1B) agus (2) d’alt 48 (a leasaíodh le halt 16 den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2009) maidir le haon scéim seachas scéim ranníoca shainithe, agus”.

Tosaíochtaí ar fhoirceannadh scéime iomchuí.

16 .— Leasaítear alt 48 (a cuireadh isteach le halt 33 d’Acht na bPinsean (Leasú) 2002) den Phríomh-Acht—

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) D’ainneoin fho-alt (1), le linn dóibh acmhainní scéime iomchuí a fhoirceannfar tar éis an tAcht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2009 a rith, nó a foirceannadh agus nár urscaoileadh i ndáil leis aon dliteanais de chuid na scéime ar dháta rite an Achta Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2009, urscaoilfidh na hiontaobhaithe dliteanais na scéime i leith na sochar seo a leanas san ord seo a leanas:

(a) sa chéad áit, na sochair bhreise go léir arna n-urrú nó arna ndeonú ar mhodh ranníocaí saorálacha breise nó ar aistriú ceart ó scéim eile lena mbaineann mír 2 den Tríú Sceideal a mhéid a rinneadh na cearta lena mbaineann an t-aistriú a urrú nó a dheonú i dtosach ar mhodh ranníocaí saorálacha breise;

(b) sa dara háit, na sochair (gan méaduithe iarscoir ar na sochair sin a áireamh) a shonraítear i mír 1 den Tríú Sceideal do na daoine sin, nó i leith na ndaoine sin, a bhí, ar dháta foirceanta na scéime, laistigh de na hearnálacha dá dtagraítear sa mhír sin, a mhéid nach mbeidh na sochair sin urscaoilte cheana féin;

(c) sa tríú háit, na sochair (gan méaduithe iarscoir ar na sochair sin a áireamh) a shonraítear i míreanna 2, 3 agus 4 den Tríú Sceideal do na comhaltaí sin den scéim, nó i leith na gcomhaltaí sin den scéim, a bhí, ar dháta foirceanta na scéime, laistigh de na hearnálacha dá dtagraítear sna míreanna sin, a mhéid nach mbeidh na sochair sin urscaoilte cheana féin; agus

(d) sa cheathrú háit, na sochair a shonraítear i míreanna 1, 2, 3 agus 4 den Tríú Sceideal do na daoine sin agus do na comhaltaí sin den scéim, nó ina leith, a bhí, ar dháta foirceanta na scéime, laistigh d’aon cheann de na hearnálacha dá dtagraítear in aon mhír de na míreanna sin, a mhéid nach mbeidh na sochair sin urscaoilte cheana féin,

sula n-urscaoilfidh siad dliteanais na scéime i leith sochar eile.

(1B) Beidh dliteanais na scéime i leith na sochar lena mbaineann mír (d) d’fho-alt (1A) ar aon chéim lena chéile agus íocfar iad go hiomlán mura rud é nach leor acmhainní na scéime chun na dliteanais sin a íoc, agus sa chás sin laghdófar iad amhail i gcionmhaireachtaí comhionanna lena chéile.”,

agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Chun críocha an ailt seo, foirceanntar scéim iomchuí ar an dáta a dhéanfar cibé gníomh, a tharlóidh cibé teagmhas, nó a dhéanfar cibé cinneadh a gceanglaítear ina leith, faoi rialacha na scéime, an scéim a fhoirceannadh agus forléireofar “ dáta an fhoirceanta ”, i ndáil le scéim iomchuí, dá réir sin.

(6) Déanfar tagairtí sa Tríú Sceideal do dháta éifeachtach an deimhnithe a fhorléiriú, chun críocha an ailt seo, mar thagairtí do dháta foirceanta na scéime iomchuí lena mbaineann.”.

Leasú ar alt 50 den Phríomh-Acht.

17 .— Leasaítear alt 50 den Phríomh-Acht—

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Féadfaidh an Bord, le fógra i scríbhinn, a ordú d'iontaobhaithe scéime iomchuí cibé bearta a dhéanamh maidir le comhaltaí na scéime atá i bhfostaíocht iomchuí an tráth sin, nach bhfuil gnáthaois inphinsin slánaithe acu, nó maidir le comhaltaí a bhfuil deireadh tagtha lena seirbhís i bhfostaíocht iomchuí, nach bhfuil gnáthaois inphinsin slánaithe acu agus a bhfuil teideal acu chun sochair chaomhnaithe nó aon sochar eile a fháil faoin scéim, nach mbeidh tús curtha lena íoc, is gá chun laghdú a dhéanamh ar na sochair a bheadh iníoctha leis na comhaltaí sin nó ina leith ón scéim i gcás—

(a) go mainníonn iontaobhaithe na scéime deimhniú maoiniúcháin achtúireach a chur isteach laistigh den tréimhse a shonraítear in alt 43,

(b) go ndeimhnítear sa deimhniú maoiniúcháin achtúireach nach gcomhlíonann an scéim an caighdeán maoiniúcháin agus nach bhfuil togra maoiniúcháin curtha isteach ag iontaobhaithe na scéime de réir alt 49,

(c) go ndeimhnítear sa deimhniú maoiniúcháin achtúireach nach gcomhlíonann an scéim an caighdeán maoiniúcháin agus go bhfuil togra maoiniúcháin curtha isteach ag iontaobhaithe na scéime de réir alt 49, nó

(d) go dtoilíonn an Bord scéim a leasú de réir alt 50A (a cuireadh isteach le halt 18 den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2009).

(1A) Féadfaidh an Bord, le fógra i scríbhinn, a ordú d'iontaobhaithe scéime cibé bearta a dhéanamh is gá chun laghdú a dhéanamh ar mhéaduithe sa todhchaí ar shochair is iníoctha ón scéim le daoine a fhaigheann sochair faoin scéim nó daoine ag a bhfuil gnáthaois inphinsin slánaithe nó ina leith, más rud é—

(a) go mainníonn iontaobhaithe na scéime deimhniú maoiniúcháin achtúireach a chur isteach laistigh den tréimhse a shonraítear in alt 43,

(b) go ndeimhníonn an deimhniú maoiniúcháin achtúireach nach gcomhlíonann an scéim an caighdeán maoiniúcháin agus nach bhfuil togra maoiniúcháin curtha isteach ag iontaobhaithe na scéime de réir alt 49,

(c) go ndeimhníonn an deimhniú maoiniúcháin achtúireach nach gcomhlíonann an scéim an caighdeán maoiniúcháin agus go bhfuil togra maoiniúcháin curtha isteach ag iontaobhaithe na scéime de réir alt 49, nó

(d) go dtoilíonn an Bord scéim a leasú de réir alt 50A (a cuireadh isteach le halt 18 den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2009).”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Ní bheidh feidhm ag mír 2(2) den Dara Sceideal agus mír 4(b)(i)(I) den Tríú Sceideal a mhéid amháin go mbeidh siad ar neamhréir le laghdú ar shochair de bhun ordaithe faoi fho-alt (1).

(2A) Maidir le laghdú ar shochair a dhéanfar de bhun ordaithe faoi fho-alt (1) nó (1A)—

(a) is laghdú a bheidh ann, i dtuairim an achtúire lena mbaineann, a chinnteoidh, díreach tar éis an laghdaithe, go gcomhlíonfaidh an scéim an caighdeán maoiniúcháin de réir alt 44, nó

(b) i gcás scéime dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(c) nó (1A)(c), is laghdú a bheidh ann, i dtuairim an achtúire lena mbaineann, a chinnteoidh go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go gcomhlíonfadh an scéim an caighdeán maoiniúcháin ar dháta éifeachtach an chéad deimhnithe maoiniúcháin achtúirigh eile nó, más infheidhme, aon dáta is déanaí a shonraítear faoi alt 49(3).”,

agus

(c) i bhfo-alt (3)—

(i) trí “fho-alt (1) nó (1A)” a chur in ionad “fho-alt (1)”, agus

(ii) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i) de mhír (a) (a cuireadh isteach le halt 19 d'Acht na bPinsean (Leasú) 1996):

“(i) cibé bearta a dhéanamh—

(I) maidir le comhaltaí na scéime atá i bhfostaíocht iomchuí an tráth sin, nach raibh gnáthaois inphinsin slánaithe acu,

(II) maidir le comhaltaí a bhfuil deireadh tagtha lena seirbhís i bhfostaíocht iomchuí agus nach bhfuil gnáthaois inphinsin slánaithe acu agus a bhfuil teideal acu chun sochair chaomhnaithe nó aon sochar eile faoin scéim, agus

(III) maidir le daoine atá ag fáil sochair faoin scéim nó a bhfuil gnáthaois inphinsin slánaithe acu,

chun laghdú a dhéanamh ar na sochair a bheadh iníoctha leo nó ina leith as an scéim—

(A) is gá chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh an scéim, i dtuairim an achtúire lena mbaineann, an caighdeán maoiniúcháin de réir alt 44 díreach tar éis an laghdaithe, nó

(B) i dtuairim an achtúire lena mbaineann, i gcás scéime a mbeidh togra maoiniúcháin ina leith curtha faoi bhráid an Bhoird de bhun alt 49, a chinnteoidh go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go gcomhlíonfadh an scéim an caighdeán maoiniúcháin ar dháta éifeachtach an chéad deimhnithe maoiniúcháin achtúirigh eile nó, más infheidhme, aon dáta is déanaí a shonraítear faoi alt 49(3), agus”.

An chumhacht chun scéim iomchuí a leasú.

18 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach ann:

“50A.— (1) Faoi réir an ailt seo agus alt 50, féadfaidh iontaobhaithe scéime—

(a) chun a chinntiú nach gceanglófar an scéim a fhoirceannadh de bhíthin amháin nach bhfuil na hacmhainní leordhóthanacha sa scéim chun go ndíscaoilfear dliteanais na scéime,

(b) tar éis rialacháin (más ann) faoin alt seo a chomhlíonadh, agus

(c) le toiliú an Bhoird,

cibé leasuithe is cuí leo a dhéanamh ar an scéim.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena gceanglófar ar iontaobhaithe scéime iomchuí fógra a thabhairt do chomhaltaí na scéime i dtaobh aon togra chun an scéim a leasú de bhun an ailt seo agus deis a thabhairt do na comhaltaí sin uiríll a dhéanamh chuig iontaobhaithe na scéime i ndáil leis an togra sula ndéanfar aon leasú ar an scéim.

(3) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin faoin alt seo is dóigh leis an Aire is gá chun críocha na rialachán.

(4) D’ainneoin rialacha scéime iomchuí, ní gá do chomhaltaí na scéime toiliú leis an scéim a leasú de bhun an ailt seo.

(5) Ní oibreoidh an t-alt seo chun teorainn a chur le haon chumhacht chun rialacha scéime iomchuí a leasú, ar cumhacht í, ar leith ón alt seo, a dhílsíonn d’iontaobhaithe na scéime.”.

Cumhacht na cúirte chun faoiseamh a thabhairt ó dhliteanas mar gheall ar shárú iontaoibhe.

19 .— (1) Más rud é, in aon imeachtaí a thionscnófar in aghaidh iontaobhaí scéime mar gheall ar shárú iontaoibhe, gur dealraitheach don chúirt a bheidh ag éisteacht an cháis go bhfuil an t-iontaobhaí, nó go bhféadfadh sé nó sí a bheith, faoi dhliteanas maidir leis an sárú iontaoibhe ach gur ghníomhaigh sé nó sí go hionraic agus go réasúnach agus gur chóir, ag féachaint d'imthosca uile an cháis, an sárú iontaoibhe a mhaitheamh dó nó di, féadfaidh an chúirt faoiseamh iomlán nó páirteach a thabhairt dó nó di óna dhliteanas nó óna dliteanas ar cibé téarmaí is cuí leis an gcúirt.

(2) Ní oibreoidh an t-alt seo chun teorainn a chur le haon fhaoiseamh ó dhliteanas iontaobhaí scéime mar gheall ar shárú iontaoibhe ar faoiseamh é a thugtar le rialacha na scéime.

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

20 .— Leasaítear alt 3 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Faoi réir fho-alt (3A), maidir le haon duine atá ciontach i gcion faoi fho-alt (1), (2) nó (2A), dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain amháin, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €25,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(3A) Duine atá ciontach i gcion faoin Acht seo arb éard atá ann sárú ar fho-alt (1) nó (2) d’alt 58A, dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain amháin, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €25,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.”.

Fianaise in imeachtaí mar gheall ar chion.

21 .— Leasaítear an Príomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt (3B) (arna chur isteach le halt 39 den Acht um Athchóiriú an Dlí Leasa Shóisialaigh agus um Pinsin 2006):

“Inghlacthacht doiciméad áirithe in imeachtaí mar gheall ar chion.

3C.— (1) In imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo arb éard é sárú ar fho-alt (1) nó (2) d’alt 58A—

(a) beidh doiciméad párolla, nó doiciméad a airbheartaíonn gur doiciméad párolla é, inghlactha mar fhianaise ar na nithe atá sonraithe sa doiciméad,

(b) beidh doiciméad (seachas doiciméad párolla) arna ullmhú nó arna choimeád i ngnáthchúrsa gnó, nó a airbheartaíonn gur ullmhaíodh nó gur coimeádadh é i ngnáthchúrsa gnó, ag duine a raibh, nó ar féidir a mheas le réasún go raibh, eolas pearsanta aige nó aici ar na nithe atá sonraithe sa doiciméad, inghlactha mar fhianaise ar na nithe atá sonraithe sa doiciméad, agus

(c) beidh doiciméad a airbheartaíonn gur atáirgeadh i bhfoirm inléite é ar dhoiciméad lena mbaineann mír (a) nó (b) agus a stóráiltear i bhfoirm neamh-inléite inghlactha mar fhianaise ar na nithe atá sonraithe ann, más deimhin leis an gcúirt ar os a comhair a tionscnaíodh na himeachtaí gur atáirgeadh é i gcúrsa ghnáth-oibriú an chórais atáirgthe lena mbaineann.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1)(b) ná fo-alt (1)(c) (a mhéid a bhaineann sé le doiciméad a bhfuil feidhm ag fo-alt (1)(b) maidir leis) maidir le doiciméad—

(a) ina bhfuil faisnéis atá faoi phribhléid ó thaobh nochtadh in imeachtaí mar gheall ar chion,

(b) arna ullmhú chun críocha, nó in oirchill, na nithe seo a leanas—

(i) imscrúdú aon chiona,

(ii) imscrúdú nó fiosrúchán arna sheoladh de bhun aon achtacháin nó faoi aon achtachán,

(iii) aon imeachtaí cibé acu imeachtaí sibhialta nó imeachtaí coiriúla, nó

(iv) imeachtaí de chineál araíonachta, nó

(c) arna ullmhú tar éis an trátha a líomhnaítear go ndearnadh an cion lena mbaineann.

(3) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun gur neamh-inghlactha in imeachtaí mar gheall ar chion aon doiciméad mar fhianaise ar aon ní atá sonraithe ann, is doiciméad a bheidh inghlactha amhlaidh de bhua aon riail dlí nó aon achtacháin seachas an tAcht seo.

(4) San alt seo—

folaíonn ‘gnó’ aon trádáil, gairm nó slí bheatha eile a sheoltar—

(a) ar luaíocht nó ar shlí eile, agus

(b) sa Stát nó lasmuigh den Stát;

ciallaíonn ‘doiciméad párolla’ duillín pá, mórleabhar párolla, leabhar cuntais nó doiciméad eile arna ullmhú nó arna choimeád ag fostóir nó thar ceann fostóra i leith duine amháin nó níos mó ná duine amháin dá fhostaithe nó dá fostaithe ina bhfuil taifead ar íocaíochtaí nó ar asbhaintí arna ndéanamh ag an bhfostóir sin, nó thar ceann an fhostóra sin, i leith an fhostaí nó na bhfostaithe lena mbaineann.

Toimhdeana in imeachtaí mar gheall ar chion.

3D.— (1) In imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo arb éard é sárú ar fho-alt (1) nó (2) d’alt 58A, toimhdeofar, mura suífear a mhalairt, go mbaineann doiciméad párolla dá dtagraítear in alt 3C a gheofar in áitreabh aon fhostóra le fostaí de chuid an fhostóra sin.

(2) I gcás go ndéanfar doiciméad a aisghabháil ó chóras leictreonach stórála agus aisghabhála, toimhdeofar, mura suífear a mhalairt, gurb é nó gurb í an duine a úsáideann an córas sin de ghnáth údar an doiciméid.”.

Scéim um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean.

22 .— (1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, scéim (ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san alt seo, an “Scéim um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean”) a dhéanamh lena bhforálfar go n-íocfar, de réir na scéime sin, airgead le pinsinéirí iomchuí nó ina leith.

(2) Beidh sa Scéim um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean cibé forálacha a chinnfidh an tAire agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, féadfar foráil a dhéanamh léi i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(a) na coinníollacha chun feidhm a thabhairt don Scéim um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean maidir le scéimeanna pinsean cáilithe,

(b) (i) cibé scéimeanna nó aicmí scéime,

(ii) cibé fostóirí nó aicmí fostóra, nó

(iii) cibé gnóthaí nó aicmí gnó,

a shonrófar sa Scéim um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean a eisiamh ó fheidhm na Scéime um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean,

(c) airgead a íoc le pinsinéirí iomchuí faoin Scéim um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean lena n-áirítear na coinníollacha ar a n-íoctar an t-airgead sin,

(d) na téarmaí ar a n-íocfar an t-airgead sin agus na coinníollacha a gceanglaítear comhlíonadh i ndáil leo chun go dtiocfaidh an t-airgead sin chun bheith iníoctha nó chun go bhfabhróidh aon teideal chun íoc an airgid sin,

(e) na téarmaí a bhaineann leis an Aire do ríomh cibé suimeanna is iníoctha ag iontaobhaithe scéime pinsean rannpháirtí agus, i dtuairim an Aire, a mhaoineoidh go hiomlán airgead a íoc faoin Scéim um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean le pinsinéirí iomchuí de chuid na scéime pinsean rannpháirtí, nó ina leith,

(f) téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le suimeanna dá dtagraítear i mír (e) a íoc,

(g) cibé téarmaí agus coinníollacha eile is dóigh leis an Aire is gá d’fhonn a chinntiú nach mó na híocaíochtaí agus na caiteachais arna n-airleacan as an bPríomh-Chiste i leith scéime pinsean rannpháirtí áirithe ná an tsuim arna híoc, de réir na Scéime um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean, ag iontaobhaithe na scéime pinsean rannpháirtí sin leis an Aire.

(h) cibé téarmaí agus coinníollacha is dóigh leis an Aire is gá chun an Príomh-Chiste agus a thoradh fáis a chosaint,

(i) téarmaí agus coinníollacha i dtaca le hoibriú agus feidhm fho-alt (6), lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le suimeanna arna n-íoc leis an Aire ag iontaobhaithe de chuid scéime pinsean rannpháirtí lena mbaineann an fo-alt sin a aisíoc leo.

(3) Ar iarratas ó iontaobhaithe scéime pinsean cáilithe, féadfaidh an tAire, dá rogha féin agus de réir na Scéime um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean, a dheimhniú, i scríbhinn, gur scéim pinsean rannpháirteach an scéim sin.

(4) Ní dheimhneoidh an tAire scéim pinsean faoin alt seo mura rud é—

(a) gur deimhin leis nó léi gur scéim pinsean cháilithe an scéim pinsean lena mbaineann,

(b) go gcomhaontóidh iontaobhaithe na scéime pinsean, i scríbhinn, téarmaí na Scéime um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean a chomhlíonadh, agus

(c) go gcomhaontóidh iontaobhaithe na scéime pinsean cibé suim a shonróidh an tAire a íoc leis an Aire.

(5) Déanfaidh an tAire an tsuim dá dtagraítear i bhfo-alt (4)(c) a ríomh, i leith gach scéime pinsean rannpháirtí, de réir théarmaí na Scéime um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean.

(6) I gcás go mainneoidh nó go ndiúltóidh iontaobhaithe scéime pinsean rannpháirtí téarmaí na Scéime um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean a chomhlíonadh féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn, a chur in iúl d’iontaobhaithe na scéime pinsean nach scéim pinsean rannpháirteach a thuilleadh an scéim pinsean agus, ar an bhfógra sin a sheirbheáil, scoirfidh an scéim pinsean sin de bheith ina scéim pinsean rannpháirteach.

(7) Ní dhéanfar foráil leis an Scéim um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean maidir le méaduithe sa todhchaí ar shochair do phinsinéirí iomchuí.

(8) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, cibé duine is cuí leis nó léi a cheapadh chun íocaíochtaí a dhéanamh, de réir na Scéime um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean, le pinsinéirí iomchuí nó ina leith.

(9) Déanfar suimeanna a cheanglaítear ar iontaobhaithe scéime pinsean cáilithe a íoc, mar choinníoll a ghabhann lena deimhniú mar scéim pinsean rannpháirteach faoi fho-alt (3) nó thairis sin de réir na Scéime um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean, a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste ar cibé slí a ordóidh an tAire.

(10) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis an t-airgead go léir a theastóidh chun íocaíochtaí a dhéanamh de réir na Scéime um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean agus chun caiteachais a íoc arna dtabhú i dtaca le riaradh na Scéime um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean.

(11) Leasaítear an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta 1990 tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (t):

“(u) alt 22(5) den Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2009,”.

(12) Tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis an Scéim um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean a dhéanamh (mura mbeidh sí cúlghairthe cheana féin faoi fho-alt (13)), déanfaidh an tAire athbhreithniú ar oibriú na scéime.

(13) Féadfaidh an tAire scéim a dhéanamh lena leasaítear nó lena gcúlghairtear an Scéim um Íocaíochtaí Dócmhainneachta Pinsean.

(14) Déanfar fógra faoi fho-alt (6) a dhíriú chuig na hiontaobhaithe lena mbaineann faoina n-ainm, agus féadfar é a sheirbheáil orthu nó a thabhairt dóibh ar cheann amháin de na slite seo a leanas:

(a) trína sheachadadh ar na hiontaobhaithe nó ar aon iontaobhaí díobh;

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar na hiontaobhaithe nó, i gcás go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin; nó

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha chuig an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar na hiontaobhaithe nó, i gcás go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, chuig an seoladh sin.

(15) Chun críocha fho-alt (14), measfar gnáthchónaí a bheith ar chuideachta de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí ag a hoifig chláraithe, agus measfar gnáthchónaí a bheith ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe daoine ag a phríomhoifig nó ag a phríomháit ghnó.

(16) Chun críocha an ailt seo, is é dáta foirceannta scéime pinsean sochair shainithe an dáta a dhéanfar cibé gníomh, a tharlóidh cibé teagmhas, nó a dhéanfar cibé cinneadh a gceanglaítear ina leith, faoi rialacha na scéime, an scéim a fhoirceannadh.

(17) San alt seo—

ciallaíonn “scéim pinsean cháilithe” scéim sochair shainithe de réir bhrí an Phríomh-Achta—

(a) a bhfuil tús curtha lena foirceannadh,

(b) nach leor a cuid acmhainní chun dliteanais na scéime, an dáta a thosófar an foirceannadh, a urscaoileadh,

(c) a bhfuil sé deimhnithe i scríbhinn ag an mBord Pinsean gur scéim sochair shainithe í atá de réir cibé ceanglais a bheidh forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, agus

(d) a bhfuil an fostóir lena mbaineann dócmhainneach chun críocha an Achta um Chosaint Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí) 1984;

ciallaíonn “Aire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “scéim pinsean rannpháirteach” scéim pinsean atá, de thuras na huaire, arna deimhniú faoi fho-alt (3);

ciallaíonn “pinsinéir iomchuí”, i ndáil le scéim pinsean rannpháirteach, duine arb amhlaidh dó nó di díreach roimh dháta foirceannta na scéime—

(a) go raibh sochair faoin scéim á bhfáil aige nó aici, nó

(b) go raibh gnáthaois inphinsin (de réir bhrí an Phríomh-Achta) slánaithe aige nó aici agus go raibh sé nó sí i dteideal sochair a fháil faoin scéim sin.

Comhlua.

23 .— Féadfar Achtanna na bPinsean 1990 go 2009 a ghairm d’Achtanna na bPinsean 1990 go 2008 agus den Chuid seo le chéile.