12 2009

/images/harp.jpg


Uimh. 12 de 2009


AN tACHT AIRGEADAIS 2009

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID 1

Tobhach Ioncaim, Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Caibidil 1

Léiriú

Alt

1 . Léiriú (Cuid 1).

Caibidil 2

Tobhach Ioncaim

2 . Tobhach Ioncaim.

Caibidil 3

Cáin Ioncaim

3 . Leasú ar alt 244 (faoiseamh i leith úis a íocadh ar iasachtaí áirithe tí cónaithe) den Phríomh-Acht.

4 . Leasú ar alt 244A (feidhm alt 244) den Phríomh-Acht.

5 . Leasú ar alt 97 (rialacha ríomha agus asbhaintí inlamhála) den Phríomh-Acht.

6 . Cáin ioncaim: mar a dhéileálfar le brabúis nó gnóchain agus caillteanais ó dhéileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach.

Caibidil 4

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

7 . Leasú ar alt 372AW (léiriú, iarratais ar cheadú agus ar dheimhniú) den Phríomh-Acht.

8 . Liúntais chaipitiúla i leith saoráidí áirithe a bhaineann le sláinte.

9 . Leasú ar Chuid 8 (íocaíochtaí bliantúla, muirir agus ús) den Phríomh-Acht.

10 . Polasaithe árachais saoil agus cistí infheistíochta.

Caibidil 5

Cáin Chorparáide

11 . Cáin chorparáide: mar a dhéileálfar le brabúis nó gnóchain agus caillteanais ó dhéileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach.

12 . Leasú ar alt 626B (díolúine ó cháin i gcás gnóchan ar dhiúscairtí áirithe scaireanna) den Phríomh-Acht.

13 . Sócmhainní do-láimhsithe, etc.

Caibidil 6

Cáin Ghnóchan Caipitiúil

14 . Gnóchain chaipitiúla: an ráta muirir.

CUID 2

Mál

15 . Rátaí cánach ola mianra.

16 . Rátaí cánach táirgí tobac.

17 . Dleacht gealltóireachta.

18 . Cáin aerthaistil.

19 . Leasú ar alt 135B (méideanna a aisíoc i leith cánach cláraithe feithiclí i gcásanna áirithe) den Acht Airgeadais 1992.

CUID 3

Cáin Bhreisluacha

20 . Léiriú (Cuid 3).

21 . Leasú ar alt 7 (díolúine a tharscaoileadh) den Phríomh-Acht.

22 . Leasú ar alt 7B (bearta idirthréimhseacha: díolúine a tharscaoileadh) den Phríomh-Acht.

CUID 4

Dleachtanna Stampa

23 . Léiriú (Cuid 4).

24 . Malartú tithe.

25 . Leasú ar alt 101 (maoin intleachtúil) den Phríomh-Acht.

26 . Leasú ar Chuid 9 (tobhaigh) den Phríomh-Acht.

CUID 5

Cáin Fháltas Caipitiúil

27 . Leasú ar Sceideal 2 (cáin a ríomh) a ghabhann leis an Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003.

CUID 6

Ilghnéitheach

28 . Léiriú (Cuid 6).

29 . Ús ar cháin áirithe thar téarma.

30 . Leasuithe teicniúla ilghnéitheacha i ndáil le cáin.

31 . Cúram agus bainistiú cánacha agus dleachtanna.

32 . Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Leasú) 1998

1998, Uimh. 24

An tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003

2003, Uimh. 1

An tAcht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000

2000, Uimh. 28

An tAcht Airgeadais 1992

1992, Uimh. 9

An tAcht Airgeadais 1999

1999, Uimh. 2

An tAcht Airgeadais 2001

2001, Uimh. 7

An tAcht Airgeadais 2002

2002, Uimh. 5

An tAcht Airgeadais 2005

2005, Uimh. 5

An tAcht Airgeadais 2008

2008, Uimh. 3

An tAcht Airgeadais (Uimh. 2) 2008

2008, Uimh. 25

Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú) 1993

1993, Uimh. 25

An tAcht Árachais 1936

1936, Uimh. 45

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000

2000, Uimh. 30

An tAcht um Chineálacha Plandaí (Cearta Dílseánaigh) 1980

1980, Uimh. 24

An tAcht um Chineálacha Plandaí (Cearta Dílseánaigh) (Leasú) 1998

1998, Uimh. 41

An tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999

1999, Uimh. 31

Succession Duty Act 1853

16 & 17 Vict., c. 39

An tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997

1997, Uimh. 39

An tAcht Cánach Breisluacha 1972

1972, Uimh. 22

Na hAchtanna Cánach Breisluacha

/images/harp.jpg


Uimh. 12 de 2009


AN tACHT AIRGEADAIS 2009

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE FORCHUR, AISGHAIRM, LOGHADH, ATHRÚ AGUS RIALÁIL CÁNACHAIS, DLEACHTANNA STAMPA AGUS DLEACHTANNA A BHAINEANN LE MÁL AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ EILE THAIRIS SIN I dTAOBH AIRGEADAIS LENA nÁIRÍTEAR RIALÁIL CUSTAM.

[3 Meitheamh, 2009]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID 1

Tobhach Ioncaim, Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Caibidil 1

Léiriú

Léiriú (Cuid 1).

1 .— Sa Chuid seo ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997.

Caibidil 2

Tobhach Ioncaim

Tobhach Ioncaim.

2 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 531A(1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “ioncam comhiomlán”:

“ciallaíonn ‘ioncam comhiomlán don bhliain mheasúnachta’, i ndáil le pearsa aonair agus bliain mheasúnachta, comhiomlán dhíolaíochtaí iomchuí na pearsan aonair sa bhliain mheasúnachta, lena n-áirítear díolaíochtaí iomchuí a íoctar go hiomlán nó go páirteach do bhliain mheasúnachta seachas an bhliain mheasúnachta ar lena linn a dhéantar an íocaíocht, agus ioncam iomchuí na pearsan aonair don bhliain mheasúnachta;”,

(b) in alt 531B, i mír (b) den Tábla a ghabhann le fo-alt (1) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad na bhfocal go léir ó “Maidir leis an ioncam a thuairiscítear sa mhír seo” go “de réir na nAchtanna Cánach Ioncaim agus —”:

“Maidir leis an ioncam a thuairiscítear sa mhír seo, ar a dtabharfar ‘ioncam iomchuí’, is ioncam atá ann, gan féachaint d’aon mhéid is inasbhainte as ioncam iomlán, nó is inasbhainte le linn ioncam iomlán a ríomh, ó gach bunadh arna mheas de réir na nAchtanna Cánach Ioncaim, seachas díolaíochtaí iomchuí, íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus íocaíochtaí de chineál dá samhail agus díolaíochtaí eisiata, agus—”,

(c) in alt 531B, i mír (b)(iii) den Tábla a ghabhann le fo-alt (1) trí “agus” a scriosadh,

(d) in alt 531B, i mír (b)(iv) den Tábla a ghabhann le fo-alt (1) trí “íocaíochta den sórt sin,” a chur in ionad “íocaíochta den sórt sin.”,

(e) in alt 531B, i mír (b) den Tábla a ghabhann le fo-alt (1) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (iv):

“(v) gan aird ar chaiteachas, ar ina leith a fhéadfaidh fostaí a bheith i dteideal faoisimh ó cháin ioncaim, agus atá faoi réim Rialacháin 10(3) de Rialacháin ÍMAT,

(vi) ag féachaint d'aon fhaoiseamh a eascraíonn faoi fho-alt (5)(a) d’alt 201, agus míreanna 6 agus 8 de Sceideal 3 i leith íocaíochtaí is inmhuirearaithe i leith cánach faoi alt 123, agus

(vii) gan díolaíochtaí iomchuí pearsan aonair a áireamh, is pearsa aonair a bhfuil cónaí air nó uirthi i gcríoch lena bhfuil socruithe déanta faoi alt 826(1)(a)(i) i ndáil le faoiseamh a thabhairt ó chánachas dúbailte, i gcás gur ábhar d’fhógra a eisítear faoi alt 984(1) na díolaíochtaí sin.”,

(f) in alt 531B(2), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) a chruthóidh, faoi réir fho-alt (3), chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim nach mó ná €15,028 a ioncam nó a hioncam comhiomlán don bhliain mheasúnachta,”,

(g) in alt 531B, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) D’fhonn ioncam comhiomlán pearsan aonair a chinneadh i leith na bliana measúnachta 2009 chun críocha fho-alt (2)(a), tabharfar neamhaird ar aon íocaíocht díolaíochtaí iomchuí nár bhain fostóir tobhach ioncaim aisti, a rinneadh sa tréimhse ón 1 Eanáir 2009 go dtí an 30 Aibreán 2009, agus ar cuireadh an chuid chuí de €18,304 chun feidhme maidir léi sa tréimhse sin.

(4) (a) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le díolaíochtaí a íocadh le pearsa aonair sa tréimhse an 1 Eanáir 2009 go dtí an 30 Aibreán 2009 i bhfoirm aon íocaíochta inchánach ex gratia arna déanamh an tráth a tháinig an phearsa aonair chun bheith iomarcach, agus is inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim faoi fhorálacha alt 123.

(b) D’ainneoin aon fhorála eile den Chuid seo agus faoi réir mhír (c), a mhéid gur díolaíochtaí iad díolaíochtaí lena mbaineann an fo-alt seo, maidir leis na díolaíochtaí sin—

(i) muirearófar iad i leith tobhaigh ioncaim maidir leis an mbliain mheasúnachta 2009 de réir an ráta—

(I) 1 faoin gcéad ar an gcéad €100,100 de na díolaíochtaí sin,

(II) 2 faoin gcéad ar an gcéad €150,020 eile de na díolaíochtaí sin, agus

(III) 3 faoin gcéad ar fhuílleach na ndíolaíochtaí sin,

agus

(ii) ní áireofar iad le linn díolaíochtaí iomchuí don bhliain sin a ríomh chun aon chríche eile den Chuid seo.

(c) Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le díolaíochtaí arna n-íoc le pearsa aonair má roghnaíonn an phearsa aonair sin amhlaidh trí fhógra i scríbhinn chuig cigire tar éis dheireadh na bliana measúnachta 2009.”,

(h) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 531C:

“An ráta muirir.

531C.— (1) Don bhliain mheasúnachta 2009, déanfar pearsa aonair a mhuirearú i leith tobhaigh ioncaim ar ioncam comhiomlán na pearsan aonair don bhliain mheasúnachta de réir na rátaí a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

An chuid den ioncam comhiomlán

An ráta tobhaigh ioncaim

An chéad €75,036

1.67%

An chéad €25,064 eile

3%

An chéad €74,880 eile

3.33%

An chéad €75,140 eile

4.67%

An fuílleach

5%

(2) Don bhliain mheasúnachta 2010, agus do bhlianta measúnachta dá éis sin, déanfar pearsa aonair a mhuirearú i leith tobhaigh ioncaim ar ioncam comhiomlán na pearsan aonair don bhliain mheasúnachta de réir na rátaí a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

An chuid den ioncam comhiomlán

An ráta tobhaigh ioncaim

An chéad €75,036

2%

An chéad €99,944 eile

4%

An fuílleach

6%

.”,

(i) in alt 531D, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) (a) Maidir le haon íocaíocht díolaíochtaí iomchuí arna déanamh le fostaí nó thar ceann fostaí sa tréimhse dar tosach an 1 Eanáir 2009 agus dar críoch an 30 Aibreán 2009, déanfaidh an fostóir tobhach ioncaim a asbhaint as na díolaíochtaí sin de réir aon cheann nó gach ceann de na rátaí seo a leanas—

(i) 1 faoin gcéad i gcás nach mó méid na ndíolaíochtaí iomchuí ná €1,925, sa chás gur seachtain an tréimhse a ndéantar an íocaíocht ina leith, nó méid comhréire, i gcás gur faide nó gur giorra ná seachtain an tréimhse,

(ii) 2 faoin gcéad ar mhéid na breise i gcás gur mó méid na ndíolaíochtaí iomchuí ná €1,925, ach nach mó ná €4,810 é, sa chás gur seachtain an tréimhse a ndéantar an íocaíocht ina leith, nó méid comhréire, i gcás gur faide nó gur giorra ná seachtain an tréimhse,

(iii) 3 faoin gcéad ar mhéid na breise i gcás gur mó méid na ndíolaíochtaí iomchuí ná €4,810, sa chás gur seachtain an tréimhse a ndéantar an íocaíocht ina leith, nó méid comhréire, i gcás gur faide nó gur giorra ná seachtain an tréimhse.

(b) Maidir le haon íocaíocht díolaíochtaí iomchuí a dhéanfar le fostaí nó thar ceann fostaí an 1 Bealtaine 2009 nó dá éis, déanfaidh an fostóir tobhach ioncaim a asbhaint as na díolaíochtaí sin de réir aon cheann nó gach ceann de na rátaí seo a leanas—

(i) 2 faoin gcéad i gcás nach mó méid na ndíolaíochtaí iomchuí ná €1,443, sa chás gur seachtain an tréimhse a ndéantar an íocaíocht ina leith, nó méid comhréire, i gcás gur faide nó gur giorra ná seachtain an tréimhse,

(ii) 4 faoin gcéad ar mhéid na breise i gcás gur mó méid na ndíolaíochtaí iomchuí ná €1,443, ach nach mó ná €3,365 é, sa chás gur seachtain an tréimhse a ndéantar an íocaíocht ina leith, nó méid comhréire, i gcás gur faide nó gur giorra ná seachtain an tréimhse,

(iii) 6 faoin gcéad ar mhéid na breise i gcás gur mó méid na ndíolaíochtaí iomchuí ná €3,365, sa chás gur seachtain an tréimhse a ndéantar an íocaíocht ina leith, nó méid comhréire, i gcás gur faide nó gur giorra ná seachtain an tréimhse.”,

agus

(j) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 531H:

“Tobhach ioncaim ar ioncam comhiomlán don bhliain mheasúnachta a mheasúnú, a bhailiú, a íoc agus a ghnóthú.

531H.— (1) Déanfar tobhach ioncaim is iníoctha in aghaidh bliana measúnachta i leith ioncaim chomhiomláin a mheasúnú, a mhuirearú agus a íoc ar gach slí ionann is dá mba mhéid cánach ioncaim é a measúnaíodh agus a muirearaíodh faoi na hAchtanna Cánach, ach sin gan féachaint d’alt 1017, agus féadfar é a shonrú mar aon suim amháin (dá ngairtear ‘an tsuim chomhiomlán’ san alt seo) leis an méid cánach ioncaim a bheidh in aon ríomh nó measúnacht nó measúnachtaí i leith cánach ioncaim a dhéanfaidh an phearsa aonair ag a bhfuil an tobhach ioncaim iníoctha don bhliain mheasúnachta nó a dhéanfar air nó uirthi.

(2) Dá mba rud é, murach an fo-alt seo, nach ndéanfaí aon mheasúnacht i leith tobhaigh ioncaim ar phearsa aonair do bhliain mheasúnachta, ansin déanfaidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim measúnacht i leith tobhaigh ioncaim ar an bpearsa aonair go feadh bhreithiúnas an oifigigh maidir leis na méideanna is inmhuirearaithe i leith tobhaigh ioncaim, agus beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna Cánach, lena n-áirítear, go háirithe, na forálacha sin a bhaineann le cáin a mheasúnú, a bhailiú agus a ghnóthú agus le hús a íoc ar cháin neamhíoctha, maidir le haon mheasúnacht i leith tobhaigh ioncaim a dhéanfar ar an bpearsa aonair de bhua an fho-ailt seo, seachas aon fhorálacha den sórt sin a mhéid a bhaineann siad le haon liúntas, asbhaint nó faoiseamh a dheonú.

(3) I gcás go bhfuil tobhach ioncaim iníoctha in aghaidh na bliana measúnachta 2009 i leith ioncaim chomhiomláin don bhliain mheasúnachta, beidh feidhm ag alt 958, agus beidh éifeacht leis, amhail is dá mbeadh tobhach ioncaim iníoctha in aghaidh na bliana measúnachta 2008 de réir na Coda seo.

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun an Chuid seo a riaradh agus a chur i ngníomh go cuí, agus féadfaidh, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, foráil a bheith sna rialacháin sin chun tobhach ioncaim in aghaidh aon bhliana measúnachta lena mbaineann an Chuid seo a mheasúnú, a bhailiú, a ghnóthú agus a aisíoc.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir leis an mbliain mheasúnachta 2009 agus le blianta measúnachta dá héis.

Caibidil 3

Cáin Ioncaim

Leasú ar alt 244 (faoiseamh i leith úis a íocadh ar iasachtaí áirithe tí cónaithe) den Phríomh-Acht.

3 .— Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2009 agus le blianta measúnachta dá héis, leasaítear alt 244 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1)—

“(1A) (a) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le hús a íoctar an 1 Bealtaine 2009 nó dá éis.

(b) D’ainneoin mhír (a), leanfaidh an t-alt seo d’fheidhm a bheith aige—

(i) maidir leis na chéad 7 mbliana measúnachta a bhfuil teideal ag pearsa aonair chun faoisimh faoin alt seo ina n-aghaidh i leith úis cháilithigh arna chinneadh faoi threoir mhír (iii) nó (iv) den mhíniú ar ‘ús infhaoisimh’, agus

(ii) maidir le tréimhse nach faide ná 7 mbliana measúnachta a bhfuil teideal ag pearsa aonair chun faoisimh faoin alt seo ina haghaidh i leith úis cháilithigh i ndáil le hiasacht cháilitheach.

(c) (i) Ní bheidh feidhm ag mír (b) maidir le hús cáilitheach is inchurtha síos don chuid sin d’iasacht cháilitheach a úsáidtear chun iasacht cháilitheach eile (dá ngairtear ‘iasacht cháilitheach atá ar marthain’ sa mhír seo) a aisíoc mura rud é gurbh ús dá dtagraítear i mír (b)(i) nó (ii) an t-ús cáilitheach ar an iasacht cháilitheach sin atá ar marthain mura n-aisíocfaí an iasacht cháilitheach atá ar marthain.

(ii) I gcás go bhfuil feidhm ag fomhír (i), ní mó an líon blianta measúnachta a mbeidh teideal ann ina leith chun faoisimh faoin alt seo i leith úis cháilithigh is inchurtha síos don chuid sin d’iasacht cháilitheach a úsáidtear chun an iasacht cháilitheach atá ar marthain a aisíoc ná an líon blianta measúnachta a mbeadh faoiseamh i bhfeidhm ina leith mura n-aisíocfaí an iasacht cháilitheach atá ar marthain.

(d) Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2009 agus léi sin amháin, leasaítear an míniú ar ‘ús infhaoisimh’—

(i) i mír (i), trí ‘méid an úis cháilithigh arna íoc ag an bpearsa aonair sa tréimhse 1 Eanáir 2009 go 30 Aibreán 2009 nó, más lú é, €2,000 agus méid an úis cháilithigh arna íoc ag an bpearsa aonair sa tréimhse 1 Bealtaine 2009 go 31 Nollaig 2009 nó, más lú é, €4,000’ a chur in ionad ‘méid an úis cháilithigh arna íoc ag an bpearsa aonair sa bhliain mheasúnachta, nó más lú é, €6,000’, agus

(ii) i mír (ii), trí ‘méid an úis cháilithigh arna íoc ag an bpearsa aonair sa tréimhse 1 Eanáir 2009 go 30 Aibreán 2009 nó, más lú é, €1,000 agus méid an úis cháilithigh arna íoc ag an bpearsa aonair sa tréimhse 1 Bealtaine 2009 go 31 Nollaig 2009 nó, más lú é, €2,000’ in ionad ‘méid an úis cháilithigh arna íoc ag an bpearsa aonair sa bhliain mheasúnachta nó, más lú é, €3,000’.”.

Leasú ar alt 244A (feidhm alt 244) den Phríomh-Acht.

4 .— Maidir leis an mbliain mheasúnachta 2009 agus le blianta measúnachta dá héis, leasaítear alt 244A den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6)—

“(7) (a) D’ainneoin aon achtacháin eile, féadfaidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a iarraidh ar iasachtóir cáilitheach cibé faisnéis a sholáthar, i cibé foirm a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim, i ndáil le hiasachtaí morgáiste cáilitheacha arna ndeonú ag an iasachtóir cáilitheach—

(i) a chuideoidh, nó a fhéadfaidh cuidiú, le hoifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a chinneadh an bhfuil faoiseamh dlite faoi alt 244 do bhliain mheasúnachta áirithe, agus

(ii) is gá chun an t-alt seo a riaradh go cuí.

(b) Déanfaidh an t-iasachtóir cáilitheach de réir iarrata faoi mhír (a) tráth nach déanaí ná—

(i) 30 lá tar éis iarraidh den sórt sin a fháil, nó

(ii) aon fhadú ar an tréimhse dá dtagraítear i bhfomhír (i) a chomhaontófar le hoifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim.

(c) Aon fhaisnéis a sholáthrófar do na Coimisinéirí Ioncaim faoin bhfo-alt seo, ní úsáidfear í ach amháin chun críocha alt 244 agus an ailt seo agus, d’ainneoin alt 872, ní úsáidfear í chun aon chríche eile.”.

Leasú ar alt 97 (rialacha ríomha agus asbhaintí inlamhála) den Phríomh-Acht.

5 .— Leasaítear alt 97 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2I):

“(2J) (a) D’ainneoin fho-alt (2) ach faoi réir fhorálacha eile an ailt seo (lena n-áirítear mír (b) den fho-alt seo), ní rachaidh an asbhaint a údaraítear le fo-alt (2)(e) thar 75 faoin gcéad den asbhaint a d’údarófaí, murach an fo-alt seo, le fo-alt (2)(e) i leith úis arna fhabhrú an 7 Aibreán 2009 nó dá éis ar airgead a fuarthas ar iasacht agus a chaitear ar cheannach, ar fheabhsú nó ar dheisiú áitribh, is áitreabh cónaithe an tráth a fhabhraíonn an t-ús agus, chun críocha an fho-ailt seo, déileálfar le hús ar airgead den sórt sin a fuarthas ar iasacht mar ús a fhabhraíonn ó lá go lá.

(b) Chun críocha mhír (a)—

(i) aon airgead a fuarthas ar iasacht agus a chaitear ar fhoirgniú áitribh cónaithe ar thalamh ina bhfuil eastát nó leas ag an duine is inmhuirearaithe, mar aon le haon airgead a fuarthas ar iasacht agus a chaith an duine sin ar thalamh den sórt sin a fháil, measfar gur airgead a fuarthas ar iasacht é agus a caitheadh ar cheannach áitribh cónaithe, agus

(ii) i gcás áitribh arb éard é áitreabh cónaithe, go páirteach, agus áitreabh nach áitreabh cónaithe, go páirteach, beidh feidhm ag mír (a) maidir leis an ús a fhabhraíonn ar an gcuid den airgead a fuarthas ar iasacht agus a chaitear ar cheannach, ar fheabhsú nó ar dheisiú an áitribh agus is inchurtha síos, ar bhonn cóir réasúnach, d’áitreabh cónaithe.”.

Cáin ioncaim: mar a dhéileálfar le brabúis nó gnóchain agus caillteanais ó dhéileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach.

6 .— Leasaítear Cuid 22 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 644A, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le brabúis nó gnóchain a eascróidh chuig duine sa bhliain mheasúnachta 2009 nó in aon bhliain mheasúnachta dá héis.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 644A:

“Mar a dhéileálfar le caillteanais ó dhéileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach.

644AA.— (1) San alt seo—

“ciallaíonn ‘ioncam coigeartaithe’ do bhliain chánach ioncam duine ó gach bunadh don bhliain chánach tar éis aon liúntas, muirear, asbhaint nó caillteanas a chur i gcuntas is inchurtha i leith bunaidh shonraigh a mbeidh an duine ina theideal nó ina teideal le linn an t-ioncam ón mbunadh a chur faoi cháin nó a cheanglaítear a dhéanamh le linn ioncam an duine ón mbunadh a chur faoi cháin, ach gan aon liúntas, muirear, asbhaint nó caillteanas a chur i gcuntas a mbeidh an duine ina theideal nó ina teideal, nó a cheanglaítear a dhéanamh, le linn ioncam an duine ó gach bunadh a chur faoi cháin;

ciallaíonn ‘brabúis nó gnóchain choigeartaithe’ i ndáil le trádáil do bhliain chánach méid, más ann, na mbrabús nó na ngnóchan ón trádáil tar éis aon liúntas, muirear, asbhaint nó caillteanas a chur i gcuntas a mbeidh an duine ina theideal nó ina teideal le linn an trádáil a chur faoi cháin nó a cheanglaítear a dhéanamh le linn an trádáil a chur faoi cháin, agus déanfar tagairtí do na brabúis nó na gnóchain choigeartaithe ón gcomhthrádáil nó ón trádáil neamhshonraithe a fhorléiriú dá réir sin;

ciallaíonn ‘ comhthrádáil ’ trádáil arb éard í trádáil shonraithe go páirteach agus trádáil neamhshonraithe go páirteach;

ciallaíonn ‘ trádáil neamhshonraithe ’, i ndáil le comhthrádáil, gníomhaíochtaí agus oibríochtaí na comhthrádála arb éard iad an chuid den trádáil nach trádáil shonraithe;

ciallaíonn ‘ caillteanas iomchuí ’, i ndáil le bliain chánach—

(a) i gcás trádála sonraithe, méid iomlán caillteanais a fulaingíodh sa trádáil shonraithe sa bhliain chánach, agus

(b) i gcás comhthrádála, an oiread sin de mhéid caillteanais a fulaingíodh sa chomhthrádáil sa bhliain chánach is inchurtha síos do thrádáil shonraithe;

ciallaíonn ‘ trádáil shonraithe ’, de réir mar a bheidh, trádáil, nó an chuid de chomhthrádáil, a raibh na brabúis nó na gnóchain uaithi, más ann dóibh, do bhliain chánach roimh an mbliain chánach 2009, inmhuirearaithe i leith cánach de réir alt 644A(3) (seachas de bhua fho-alt (5) den alt sin);

ciallaíonn ‘ cáin ’ cáin ioncaim;

ciallaíonn ‘ bliain chánach ’ bliain mheasúnachta.

(2) Chun críocha fho-ailt (3) go (8), i gcás gur comhthrádáil í trádáil, déileálfar leis an gcuid den trádáil is trádáil shonraithe agus leis an gcuid den trádáil is trádáil neamhshonraithe araon mar thrádáil ar leithligh agus más rud é, d’fhonn éifeacht a thabhairt d’fhorálacha fho-ailt (3) go (8), go gceanglófar cionroinnt a dhéanamh ar an méid iomlán is infhaighte ó dhíolacháin arna ndéanamh agus ó sheirbhísí arna dtabhairt i gcúrsa comhthrádála agus ar chaiteachais arna dtabhú sa trádáil sin, déanfar an chionroinnt sin ar mhodh a bheidh cóir réasúnach.

(3) Más rud é, i leith bliana cánach roimh an mbliain chánach 2009, go ndéanfaidh duine (dá ngairtear an ‘t-éilitheoir’ san fho-alt seo agus i bhfo-ailt (4) go (7)) éileamh de réir fho-alt (6) d’alt 381, is éileamh i leith caillteanais iomchuí nó ar cuid de caillteanas iomchuí, ansin, d’ainneoin fho-alt (1) den alt sin, mura ndéanfar an t-éileamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim, agus mura bhfaighidh siad é, roimh an 7 Aibreán 2009, ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt sin maidir leis an oiread sin den chaillteanas is caillteanas iomchuí agus ina ionad sin beidh teideal maidir leis an gcaillteanas iomchuí ag an éilitheoir chuig an aisíoc cánach dá bhforáiltear le fo-alt (4).

(4) (a) I ndáil leis an gcaillteanas iomchuí dá dtagraítear i bhfo-alt (3), is é a bheidh san aisíoc cánach a mbeidh an t-éilitheoir ina theideal cibé méid is gá chun a áirithiú nach rachaidh an méid comhiomlán cánach in aghaidh na bliana cánach a iompróidh an t-éilitheoir ar deireadh thar an méid a d’iompródh an t-éilitheoir dá ndéanfaí an méid eatramhach cánach is iníoctha ag an éilitheoir don bhliain chánach a laghdú den mhéid (dá ngairtear an ‘creidmheas cánach’ san alt seo) arna chinneadh de réir fho-alt (5).

(b) Chun críocha an fho-ailt seo agus fo-ailt (6)(a) agus (7)(a), measfar go gciallaíonn na tagairtí don ‘méid eatramhach cánach is iníoctha ag an éilitheoir don bhliain chánach’ an cháin a d’iompródh an duine sin don bhliain chánach sin tar éis aon laghdaithe ar ioncam an duine sin don bhliain chánach sin, a mbeidh an duine ina theideal de réir alt 381(1)—

(i) den oiread sin de mhéid caillteanais a eascróidh i gcomhthrádáil is inchurtha síos don trádáil neamhshonraithe, agus

(ii) de mhéid aon chaillteanais eile (seachas méid an chaillteanais iomchuí).

(5) Is é a bheidh sa chreidmheas cánach dá dtagraítear i bhfo-alt (4) méid atá coibhéiseach leis an méid a chinnfear de réir na foirmle—

A [html] 20

100

i gcás gurb é A méid an chaillteanais iomchuí.

(6) (a) D’ainneoin alt 382, a mhéid nár tugadh faoiseamh go hiomlán faoi fho-alt (4) i ndáil le caillteanas iomchuí de dheasca an méid eatramhach cánach is iníoctha ag an éilitheoir don bhliain cánach a bheith níos lú ná an creidmheas cánach a sholáthraítear leis an bhfo-alt sin, féadfaidh an t-éilitheoir a éileamh go dtabharfar ar aghaidh an chionroinnt neamhúsáidte den chreidmheas cánach (dá ngairtear ‘creidmheas cánach barrachais’ san alt seo) agus, a mhéid is féidir é, go n-úsáidfear í chun an méid cánach a laghdú is iníoctha ar na brabúis nó na gnóchain a measúnófar an duine sin ina leith faoi Sceideal D i leith na comhthrádála d’aon bhliain chánach dá héis.

(b) Déanfar aon fhaoiseamh faoin bhfo-alt seo a thabhairt, a mhéid is féidir é, ón gcáin is iníoctha don chéad bhliain cánach dá éis sin, agus, sa mhéid nach féidir é a thabhairt amhlaidh, ón gcáin is iníoctha don chéad bhliain chánach eile agus mar sin de.

(7) (a) Más rud é i mbliain chánach dá éis sin a dtabharfar creidmheas cánach barrachais ar aghaidh chuici go mbeidh brabúis nó gnóchain ó chomhthrádáil agus ioncam eile cuimsithe in ioncam duine, measfar, chun críocha fho-alt (6)(a) ach faoi réir mhír (b), gurb é a bheidh sa mhéid cánach is iníoctha ar na brabúis nó ar na gnóchain ón gcomhthrádáil don bhliain chánach méid atá coibhéiseach leis an méid arna chinneadh de réir na foirmle—

B [html] C

D

i gcás—

gurb é B an méid eatramhach cánach is iníoctha ag an éilitheoir don bhliain chánach,

gurb é C na brabúis nó na gnóchain choigeartaithe ón gcomhthrádáil don bhliain chánach, agus

gurb é D ioncam coigeartaithe an éilitheora don bhliain chánach.

(b) Chun críocha fho-alt (6)(a), i gcás gur bliain chánach roimh an mbliain chánach 2009 an bhliain chánach a dtabharfar creidmheas cánach barrachais ar aghaidh chuici, úsáidfear aon chreidmheas cánach barrachais chun laghdú a dhéanamh—

(i) ar an gcéad ásc, ar an méid cánach, más ann, is iníoctha de réir alt 644A(3) ar bhrabúis nó ar ghnóchain na trádála sonraithe don bhliain chánach sin, agus

(ii) ar an dara hásc, más rud é tar éis fomhír (i) a chur chun feidhme, nach mbeidh an creidmheas cánach barrachais ar fad nó cuid de úsáidte, ar an méid cánach is iníoctha ar an trádáil neamhshonraithe arna ríomh de réir mhír (a) ach sin ar an toimhde gur cuireadh an míniú seo a leanas in ionad an mhínithe ar C san fhoirmle sa mhír sin:

‘gurb é C na brabúis nó na gnóchain choigeartaithe ón trádáil neamhshonraithe don bhliain chánach, agus’.

(8) (a) I gcás go ndéanfar éileamh faoi alt 382 i leith caillteanais iomchuí, nó cuid de chaillteanas iomchuí, a bhain do dhuine i mbliain chánach roimh an mbliain chánach 2009 (seachas caillteanas iomchuí a bhfuil éilitheoir i dteideal aisíoc cánach ina leith faoi fho-alt (4)) ansin, d’ainneoin fho-alt (1) den alt sin, mura ndéanfar an t-éileamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim, agus mura bhfaighidh siad é, roimh an 7 Aibreán 2009, ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt sin, agus ina ionad sin, beidh an t-éilitheoir i dteideal, i ndáil le méid an chaillteanais iomchuí lena mbaineann an t-éileamh, creidmheas cánach arna chinneadh de réir mhír (b) a thabhairt ar aghaidh.

(b) Is é a bheidh i méid an chreidmheasa cánach dá dtagraítear i mír (a) méid atá comhionann leis an méid a chinnfear de réir na foirmle—

E [html] 20

100

i gcás gurb é E an caillteanas iomchuí, nó an chuid den chaillteanas iomchuí, lena mbaineann an t-éileamh faoi alt 382.

(c) Déanfar méid an chreidmheasa cánach a mbeidh éilitheoir i dteideal é a thabhairt ar aghaidh de réir mhír (a) a áireamh mar chreidmheas cánach barrachais den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (6)(a).

(9) (a) I gcás go ndéanfar éileamh ar fhaoiseamh faoi alt 385 i leith caillteanais foirceannaidh a d’fhulaing duine i gcomhthrádáil, ansin, chun críocha fho-alt (1) den alt sin, mura ndéanfar an t-éileamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim, agus mura bhfaighidh siad é, roimh an 7 Aibreán 2009, beidh feidhm ag an bhfo-alt sin i ndáil le cibé méid den chaillteanas foirceannaidh is inchurtha síos don tréimhse roimh an 1 Eanáir 2009, amhail is dá mba thrádálacha ar leithligh iad an chuid den chomhthrádáil ba thrádáil shonraithe agus an chuid den chomhthrádáil ba thrádáil neamhshonraithe araon agus beidh feidhm ag ailt 386 go 389 dá réir sin.

(b) I gcás go gceanglaítear, chun éifeacht a thabhairt d’fhorálacha mhír (a), cionroinnt a dhéanamh ar an méid iomlán is infhaighte ó dhíolacháin arna ndéanamh agus ó sheirbhísí arna dtabhairt i gcúrsa comhthrádála agus ar chaiteachas arna thabhú sa trádáil sin, déanfar an chionroinnt sin ar mhodh cóir réasúnach.”.

Caibidil 4

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Leasú ar alt 372AW (léiriú, iarratais ar cheadú agus ar dheimhniú) den Phríomh-Acht.

7 .— Leasaítear alt 372AW den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “tréimhse cháilitheach”:

“ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’ an tréimhse dar tosach an 1 Meitheamh 2008 agus dar críoch an 31 Bealtaine 2013;”,

agus

(b) i bhfo-alt (2)(b), trí “2 bhliain” a chur in ionad “bliana”.

Liúntais chaipitiúla i leith saoráidí áirithe a bhaineann le sláinte.

8 .— Leasaítear Cuid 9 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 268(9), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (d):

“(d) faoi threoir mhír (g), maidir le caiteachas caipitiúil a thabhaítear sa tréimhse dar thosach 3 Nollaig 1997, agus dar críoch—

(i) 31 Nollaig 2009, nó

(ii) i gcás go bhfuil feidhm ag fo-alt (17)(a), an 30 Meitheamh 2010, nó

(iii) i gcás go bhfuil feidhm ag fo-alt (17)(b), an 30 Meitheamh 2011,”,

(b) in alt 268(9), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (f) agus (g):

“(f) faoi threoir mhír (i), maidir le caiteachas caipitiúil arna thabhú sa tréimhse dar thosach an 2 Nollaig 1998 agus dar críoch—

(i) an 31 Nollaig 2009, nó

(ii) i gcás go bhfuil feidhm ag fo-alt (17)(a), an 30 Meitheamh 2010, nó

(iii) i gcás go bhfuil feidhm ag fo-alt (17)(b), an 30 Meitheamh 2011,

(g) faoi threoir mhír (j), maidir le caiteachas caipitiúil arna thabhú sa tréimhse dar thosach—

(i) i gcás go bhfuil feidhm ag fo-alt (2A)(d)(i), an 15 Bealtaine 2002, nó

(ii) i gcás go bhfuil feidhm ag fo-alt (2A)(d)(ii), an 28 Márta 2003,

agus dar críoch—

(I) an 31 Nollaig 2009, nó

(II) i gcás go bhfuil feidhm ag fo-alt (17)(a), an 30 Meitheamh 2010, nó

(III) i gcás go bhfuil feidhm ag fo-alt (17)(b), an 31 Nollaig 2013,”,

(c) in alt 268(9), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (i):

“(i) faoi threoir mhír (l), maidir le caiteachas caipitiúil arna thabhú sa tréimhse dar thosach an 23 Eanáir 2007 agus dar críoch—

(i) an 31 Nollaig 2009, nó

(ii) i gcás go bhfuil feidhm ag fo-alt (17)(a), an 30 Meitheamh 2010, nó

(iii) i gcás go bhfuil feidhm ag fo-alt (17)(b), an 30 Meitheamh 2011, agus”,

(d) in alt 268, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (16):

“(17) (a) Beidh feidhm ag an mír seo i gcás—

(i) go mbeidh caiteachas caipitiúil tabhaithe ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais dá dtagraítear i míreanna (g), (i), (j) nó (l) d’fho-alt (1),

(ii) gur forbairt eiscthe chun críocha an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2000 de bhua alt 4 den Acht sin nó de bhua Chuid 2 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (I.R. Uimh. 600 de 2001) (dá ngairtear ‘Rialacháin 2001’ san fho-alt seo) an obair fhoirgníochta nó athfheistithe ar an bhfoirgneamh nó ar an déanmhas arb ionannas di an caiteachas sin, agus

(iii) go mbeidh méid arna thabhú nach lú ná 30 faoin gcéad de na costais iomlána foirgníochta nó athfheistithe an 31 Nollaig 2009, nó roimhe.

(b) Beidh feidhm ag an mír seo i gcás—

(i) go mbeidh caiteachas caipitiúil tabhaithe ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais dá dtagraítear i míreanna (g), (i), (j) nó (l) d’fho-alt (1),

(ii) go ndéanfar iarratas ar phleanáil (nach iarratas ar chead sracléaráide de réir bhrí alt 36 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000), a mhéid is gá cead pleanála, i leith na hoibre foirgníochta nó athfheistithe ar an bhfoirgneamh nó ar an déanmhas arb ionannas di an caiteachas sin, de réir Rialacháin 2001,

(iii) go mbeidh admháil ar an iarratas, lena ndaingnítear go bhfuarthas an t-iarratas an 31 Nollaig 2009 nó roimhe, eisithe ag an údarás pleanála de réir airteagal 26(2) de Rialacháin 2001, agus

(iv) nach iarratas neamhbhailí an t-iarratas ar ina leith a d’eisigh an t-údarás pleanála fógra de réir airteagal 26(5) de Rialacháin 2001.”,

agus

(e) in alt 316, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2B):

“(2C) Chun cinneadh a dhéanamh, agus chuige sin amháin, i ndáil le héileamh ar liúntas faoin gCuid seo, cibé acu a thabhaítear nó nach dtabhaítear agus a mhéid a thabhaítear, in aon cheann de na tréimhsí dá dtagraítear i míreanna (d), (f), (g) agus (i) d’alt 268(9), caiteachas caipitiúil ar fhoirgniú nó ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais dá dtagraítear i míreanna (g), (i), (j) nó (l) d’alt 268(1), ní dhéileálfar (d'ainneoin fho-alt (2) agus aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach maidir leis an tráth a dhéileáiltear nó a dhéileálfar le haon chaiteachas caipitiúil mar chaiteachas a tabhaíodh) ach le cibé méid den chaiteachas caipitiúil sin is inchurtha síos go cuí d'obair ar fhoirgniú nó ar athfheistiú an fhoirgnimh nó an déanmhais a rinneadh iarbhír le linn aon tréimhse den sórt sin mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse sin.”.

Leasú ar Chuid 8 (íocaíochtaí bliantúla, muirir agus ús) den Phríomh-Acht.

9 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht in alt 256(1), sa mhíniú ar “cáin chuí”—

(a) i mír (a), trí “25 faoin gcéad” a chur in ionad “23 faoin gcéad”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) faoi réir mhír (c), i gcás úis arna íoc i leith aon taisce iomchuí eile, de réir ráta 25 faoin gcéad, agus”,

agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) i gcás úis arna íoc i leith taisce iomchuí, ar taisce í a rinneadh an 23 Márta 2000, nó dá éis, seachas ús—

(i) dá dtagraítear i mír (a), nó

(ii) is iníoctha go bliantúil nó ag eatraimh is minice ná sin, nó

(iii) is ús sonraithe de réir bhrí alt 260,

de réir ráta 28 faoin gcéad;”.

(2) Leasaítear an Príomh-Acht in alt 267B—

(a) i bhfo-alt (2)(b), trí “25 faoin gcéad” a chur in ionad “23 faoin gcéad”, agus

(b) i bhfo-alt (3)(b) trí “25 faoin gcéad” a chur in ionad “23 faoin gcéad”.

(3) Tá feidhm ag an alt seo maidir le haon íocaíocht nó creidiúnú úis iomchuí (de réir bhrí Chaibidil 4 de Chuid 8 den Phríomh-Acht) a dhéanfar an 8 Aibreán 2009, nó dá éis.

Polasaithe árachais saoil agus cistí infheistíochta.

10 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht in alt 730F(1)—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) faoi réir mhír (b), i gcás gurb ar an 1 Eanáir 2001, nó dá éis, a tharlaíonn an teagmhas inmhuirearaithe, de réir ráta 28 faoin gcéad,”,

agus

(b) i mír (b), trí “(S + 28) faoin gcéad” a chur in ionad “(S + 26) faoin gcéad”.

(2) Leasaítear an Príomh-Acht in alt 730J—

(a) i mír (a)(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad chlásal (I):

“(I) i gcás gur íocaíocht iomchuí an íocaíocht, de réir ráta 25 faoin gcéad, agus”,

(b) i mír (a)(i)(II)(A), trí “(S + 28) faoin gcéad” a chur in ionad “(S + 26) faoin gcéad”,

(c) i mír (a)(i)(II), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhochlásal (B):

“(B) in aon chás eile, de réir ráta 28 faoin gcéad,”,

agus

(d) i mír (a)(ii)(I) trí “(H + 25) faoin gcéad” a chur in ionad “(H + 23) faoin gcéad”.

(3) Leasaítear an Príomh-Acht in alt 730K(1)—

(a) trí “an ráta a chinnfear de réir na foirmle” a scriosadh sa chéad áit a bhfuil sé,

(b) i mír (a) trí “(S+28) faoin gcéad” a chur in ionad “(S+26) faoin gcéad”, agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) in aon chás eile, de réir ráta 28 faoin gcéad”.

(4) Leasaítear an Príomh-Acht i gCaibidil 1A de Chuid 27—

(a) in alt 739D, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5A):

“(5A) Is é an méid dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(dd) an méid a chinnfear de réir na foirmle—

A [html] G [html] 100

100 - (G [html] 28)

i gcás—

gurb é A an cháin chuí is iníoctha ar shealbhóir aonad d’aistriú teidil chun aonaid de réir fho-alt (2)(d), agus

gurb é G méid an ghnóchain ar aistriú an aonaid sin arna roinnt ar luach an aonaid sin.”,

(b) in alt 739E(1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) faoi réir mhír (ba), i gcás go bhforáiltear méid an ghnóchain le halt 739D(2)(a), de réir ráta 25 faoin gcéad,”,

(c) in alt 739E(1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) faoi réir mhír (ba), i gcás go dtarlóidh an teagmhas inmhuirearaithe an 1 Eanáir 2001 nó dá éis agus go bhforáiltear méid an ghnóchain le mír (b), (c), (d), (dd) nó (ddd) d’alt 739D(2), de réir ráta 28 faoin gcéad,”,

(d) in alt 739E(1)(ba), trí “(S+28) faoin gcéad” a chur in ionad “(S+26) faoin gcéad”, agus

(e) in alt 739G(2)(c), trí “a shonraítear in” a chur in ionad “a chinneadh de réir”.

(5) Leasaítear an Príomh-Acht i gCaibidil 4 de Chuid 27—

(a) in alt 747D(a)(i)(I)(A), trí “(S+28) faoin gcéad” a chur in ionad “(S+26) faoin gcéad”,

(b) in alt 747D(a)(i)(I), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhochlásal (B):

“(B) in aon chás eile, de réir ráta 25 faoin gcéad,”,

(c) in alt 747D(a)(i)(II)(A), trí “(S+28) faoin gcéad” a chur in ionad “(S+26) faoin gcéad”,

(d) in alt 747(a)(i)(II), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhochlásal (B):

“(B) in aon chás eile, de réir ráta 28 faoin gcéad,”,

(e) in alt 747D(a)(ii)(I), trí “(H+25) faoin gcéad” a chur in ionad “(H+23) faoin gcéad”,

(f) in alt 747E(1)(b), trí “an ráta a chinnfear ” a scriosadh,

(g) in alt 747E(1)(b)(i) —

(i) trí “an ráta a chinnfear” a chur isteach roimh “de réir na foirmle”, agus

(ii) trí “(S+28) faoin gcéad” a chur in ionad “(S+26) faoin gcéad”,

agus

(h) in alt 747E(1)(b), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii):

“(ii) in aon chás eile, de réir ráta 28 faoin gcéad.”.

(6) (a) Tá feidhm ag fo-alt (1), agus éifeacht leis, maidir le teagmhas inmhuirearaithe do tharlú i ndáil le polasaí saoil (de réir bhrí Chaibidil 5 de Chuid 26 den Phríomh-Acht) an 8 Aibreán 2009 nó dá éis.

(b) Tá feidhm ag fo-alt (2), agus éifeacht leis, maidir le haon duine d’fháil íocaíochta i leith polasaí saoil coigríche (de réir bhrí Chaibidil 6 de Chuid 26 den Phríomh-Acht) an 8 Aibreán 2009 nó dá éis.

(c) Tá feidhm ag fo-alt (3), agus éifeacht leis, maidir le polasaí saoil coigríche (de réir bhrí Chaibidil 6 de Chuid 26 den Phríomh-Acht) a dhiúscairt go hiomlán nó go páirteach an 8 Aibreán 2009 nó dá éis.

(d) Tá feidhm ag fo-alt (4), agus éifeacht leis, maidir le teagmhas inmhuirearaithe do tharlú i ndáil le gnóthas infheistíochta (de réir bhrí alt 739B(1) den Phríomh-Acht) an 8 Aibreán 2009 nó dá éis.

(e) Tá feidhm ag míreanna (a) go (e) d’fho-alt (5), agus éifeacht leo, maidir le haon duine d’fháil íocaíochta i leith leasa ábhartha i gciste eischósta (de réir bhrí Chaibidil 4 de Chuid 27 den Phríomh-Acht) an 8 Aibreán 2009 nó dá éis.

(f) Tá feidhm ag míreanna (f) go (h) d’fho-alt (5), agus éifeacht leo, maidir le duine do dhiúscairt leasa ábhartha i gciste eischósta (de réir bhrí Chaibidil 4 de Chuid 27 den Phríomh-Acht) go hiomlán nó go páirteach an 8 Aibreán 2009 nó dá éis.

Caibidil 5

Cáin Chorparáide

Cáin chorparáide: mar a dhéileálfar le brabúis nó gnóchain agus caillteanais ó dhéileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach.

11 .— (1) Leasaítear Cuid 22 den Phríomh-Acht—

(a) in alt 644B, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) (a) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le tréimhse chuntasaíochta dar críoch tráth i ndiaidh an 31 Nollaig 2008.

(b) I gcás go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta roimh an 31 Nollaig 2008 agus go gcríochnaíonn sí i ndiaidh an lae sin, roinnfear í ina 2 chuid, ceann amháin acu ag tosú an lá a thosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus ag críochnú an 31 Nollaig 2008 agus an ceann eile ag tosú an 1 Eanáir 2009 agus ag críochnú an lá a chríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid chun críocha an ailt seo amhail is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh de chuid na cuideachta iad.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 644B:

“Faoiseamh ó cháin chorparáide do chaillteanais ó dhéileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach.

644C.— (1) (a) San alt seo—

ciallaíonn ‘cáin chorparáide is inchurtha i leith déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach’, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, an cháin chorparáide is inchurtha i leith ioncaim trádála ó dhéileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach de réir bhrí fho-alt (2) d’alt 644B arna laghdú faoin alt sin;

ciallaíonn ‘cáin chorparáide iomchuí’, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, an cháin chorparáide ab inmhuirearaithe ar an gcuideachta i leith na tréimhse cuntasaíochta—

(i) ar leith ón alt seo agus ó ailt 239, 241, 420B, 440 agus 441, agus

(ii) i gcás go seolann an chuideachta gnó saoil (de réir bhrí alt 706), ar leith ó aon cháin chorparáide ab inchurtha síos do bhrabúis sealbhóirí polasaithe;

tá le ‘ioncam trádála iomchuí’ an bhrí chéanna atá leis in alt 243A;

tá le ‘talamh forbraíochta chónaitheach’ an bhrí chéanna atá leis in alt 644A(1).

(b) I gcás go dtosaíonn tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta roimh an 31 Nollaig 2008 agus go gcríochnaíonn sí i ndiaidh an lae sin, roinnfear í ina 2 chuid, ceann amháin acu ag tosú an lá a thosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus ag críochnú an 31 Nollaig 2008 agus an ceann eile ag tosú an 1 Eanáir 2009 agus ag críochnú an lá a chríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid chun críocha an ailt seo amhail is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh de chuid na cuideachta iad.

(2) D’ainneoin fho-alt (1) d’alt 396, i gcás go n-éileoidh cuideachta go ndéanfar caillteanas arna thabhú i dtrádáil, arb éard atá ina hoibríochtaí nó ina gníomhaíochtaí, nó ar cuid dá hoibríochtaí nó dá gníomhaíochtaí, déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach, i dtréimhse chuntasaíochta dar chríoch an 31 Nollaig 2008 nó roimhe sin a fhritháireamh in aghaidh ioncaim trádála tréimhse cuntasaíochta dar tosach tráth tar éis an dáta sin, beidh feidhm ag an bhfo-alt sin (1) amhail is dá laghdófaí de 20 faoin gcéad méid an chaillteanais a mhéid a bhaineann sé le déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach.

(3) D’ainneoin fho-alt (2) d’alt 396, chun críocha an fho-ailt sin, measfar, maidir le méid caillteanais arna thabhú ag cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta i dtrádáil, arb éard atá ina hoibríochtaí nó ina gníomhaíochtaí, nó ar cuid dá hoibríochtaí nó dá gníomhaíochtaí, déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach, é a bheith laghdaithe—

(a) i gcás gur roimh an 1 Eanáir 2009 go hiomlán don tréimhse chuntasaíochta, den mhéid is lú díobh seo a leanas—

(i) méid an chaillteanais, agus

(ii) an méid den chaillteanas a bhaineann le déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach,

agus

(b) i gcás go dtosaíonn an tréimhse chuntasaíochta roimh an 1 Eanáir 2009 agus go gcríochnaíonn sí an lá sin nó dá éis, den mhéid is lú díobh seo a leanas—

(i) méid an chaillteanais, agus

(ii) an méid den chaillteanas a bhaineann le déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach,

arna thabhú sa tréimhse a thosaíonn an tráth a thosaíonn an tréimhse chuntasaíochta agus a chríochnaíonn an 31 Nollaig 2008.

(4) Le linn an méid den chaillteanas a bhaineann le déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach a ríomh chun críocha fho-ailt (2), (3)(a)(ii), (3)(b)(ii), (13)(b), (14)(a)(ii), (14)(b)(ii), (20)(b)(i)(II) agus (20)(b)(ii)(II), cuirfear i gcuntas fáltais agus ceannacháin, athruithe ar luachanna stoic agus caiteachais eile is inchurtha i leith talún forbraíochta cónaithí agus cion (arna chinneadh ar bhonn cóir réasúnach) d’fháltais agus de chaiteachais is inchurtha go páirteach i leith déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach agus go páirteach i leith talún eile nó i leith gníomhaíochtaí eile de chuid na trádála.

(5) Beidh feidhm ag fo-ailt (6) go (12) maidir leis an méid ar dá réir a shriantar caillteanas i dtréimhse chuntasaíochta faoi fho-alt (3) amhail is dá mba chaillteanas (dá ngairtear ‘caillteanas iomchuí’ anseo ina dhiaidh seo san alt seo) é arna thabhú ag an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta sin i dtaca le seoladh trádála ar leithligh arb éard atá inti déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach.

(6) Más rud é, i dtréimhse chuntasaíochta, go dtabhóidh cuideachta caillteanas iomchuí, féadfaidh an chuideachta éileamh a dhéanamh á cheangal go ndéanfaí an caillteanas a fhritháireamh in aghaidh bhrabúis na cuideachta, arb éard atá iontu—

(a) ioncam a shonraítear in alt 21A(4)(b),

(b) ioncam trádála iomchuí,

(c) ioncam nach bhfuil feidhm ag alt 21A(3) maidir leis de bhua alt 21B, agus

(d) brabúis is inchurtha síos do ghnóchain inmhuirearaithe,

de chuid na tréimhse cuntasaíochta sin agus, má bhí an chuideachta an tráth sin ag seoladh na trádála, a bhfuil na caillteanais uaithi teoranta faoi fho-alt (3), agus má cheanglaítear amhlaidh leis an éileamh, de chuid tréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar críoch tráth laistigh den tréimhse ama a shonraítear i bhfo-alt (7), agus, faoi réir an fho-ailt sin agus aon fhaoisimh i leith caillteanais trádála is luaithe ná sin, a mhéid is éard atá i mbrabúis aon tréimhse de na tréimhsí cuntasaíochta sin, nó i gcuid díobh, brabúis nó ioncam a shonraítear i míreanna (a) go (d), déanfar ansin na brabúis sin nó an t-ioncam sin a laghdú de mhéid an chaillteanais lena mbaineann an t-alt seo nó den oiread sin den mhéid sin nach féidir faoiseamh a thabhairt ina leith in aghaidh brabús de chuid tréimhse cuntasaíochta is déanaí ná sin.

(7) Chun críocha fho-alt (6), is í an tréimhse ama dá dtagraítear san fho-alt sin tréimhse ama díreach roimh an tréimhse chuntasaíochta a chéadluaitear i bhfo-alt (6) agus atá ar comhfhad leis an tréimhse chuntasaíochta ina dtabhaítear an caillteanas, ach ní rachaidh méid an laghdaithe a fhéadfar a dhéanamh faoi fho-alt (3) ar na brabúis de chuid tréimhse cuntasaíochta ar roimh an tréimhse ama sin di go páirteach thar cuid de na brabúis sin atá ar comhréir leis an gcuid den tréimhse chuntasaíochta atá laistigh den tréimhse ama sin.

(8) Más rud é, in aon tréimhse chuntasaíochta, go dtabhóidh cuideachta caillteanas iomchuí agus gur mó méid an chaillteanais sin ná méid atá comhionann le comhiomlán na méideanna a d’fhéadfaí a fhritháireamh, dá mbeadh éileamh tráthúil ar an bhfritháireamh sin déanta ag an gcuideachta, i leith an chaillteanais sin chun críocha cánach corparáide in aghaidh brabús de chuid na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin agus d’aon tréimhse chuntasaíochta roimhe sin de réir fho-alt (6), ansin féadfaidh an chuideachta faoiseamh a éileamh faoin bhfo-alt seo i leith na breise.

(9) Más rud é, d’aon tréimhse chuntasaíochta, go n-éileoidh cuideachta faoiseamh faoi fho-alt (8) maidir leis an mbreis, déanfar cáin chorparáide iomchuí na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin agus, má bhí an chuideachta ag seoladh na trádála an tráth sin, a laghdaítear na caillteanais ina leith faoi fho-alt (3), agus go n-éileofar amhlaidh san éileamh, do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin a chríochnaigh laistigh den am a shonraítear i bhfo-alt (10) agus faoi réir an fho-ailt sin, a laghdú de mhéid atá comhionann le 20 faoin gcéad den bhreis nó cibé cion den méid sin nach féidir faoiseamh a thabhairt ina leith in aghaidh cánach corparáide iomchuí de chuid tréimhse cuntasaíochta is déanaí.

(10) Chun críocha fho-alt (9), is é an t-am dá dtagraítear san fho-alt sin am díreach roimh an tréimhse chuntasaíochta a chéadluaitear i bhfo-alt (9) atá ar comhfhad leis an tréimhse chuntasaíochta inar tabhaíodh an caillteanas, ach ní rachaidh méid an laghdaithe a fhéadfar a dhéanamh faoi fho-alt (9) ar an gcáin chorparáide iomchuí do thréimhse chuntasaíochta, is tréimhse ar roimh an am sin go páirteach di, thar chuid den cháin chorparáide sin atá ar comhréir leis an gcuid den tréimhse atá laistigh den am sin.

(11) (a) I gcás go ndéanfaidh cuideachta éileamh ar fhaoiseamh d'aon tréimhse chuntasaíochta faoi fho-alt (8) maidir le caillteanas iomchuí, déileálfar le méid (nach mó ná méid na breise ar ina leith a fhéadfar éileamh faoi fho-alt (8) a dhéanamh), a chinnfear de réir mhír (b), chun críocha na nAchtanna Cánach mar mhéid caillteanais a dtabharfar faoiseamh ina leith in aghaidh brabús de chuid na tréimhse cuntasaíochta sin.

(b) Faoi réir mhír (c), is é an méid a chinnfear de réir na míre seo i ndáil le tréimhse chuntasaíochta méid atá comhionann le:

T [html] 100

20

i gcás—

gurb é T an méid dá laghdófar, de bhua fho-alt (9), an méid cánach corparáide iomchuí is iníoctha.

(c) (i) San alt seo, ciallaíonn ‘méid iomchuí’ méid (nach méid é a thabhaigh cuideachta chun críocha trádála a sheolann sí) muirear ar ioncam, caiteachais bhainisteoireachta nó méid eile (nach liúntas é dá dtugtar éifeacht faoi alt 308(4)) is inasbhainte as brabúis de bhreis agus tuairisc amháin nó ar féidir déileáil leis mar mhéid a laghdaíonn na brabúis sin.

(ii) Chun críocha mhír (b), más rud é, maidir le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, go bhfuil méid iomchuí inasbhainte as brabúis de bhreis agus tuairisc amháin, nó gur féidir déileáil leis mar mhéid a laghdaíonn na brabúis sin, measfar gurb é an méid a laghdófar cáin chorparáide de bhua fho-alt (9) an méid a laghdófaí é dá mba rud é nach raibh aon mhéid iomchuí inasbhainte amhlaidh nó mura ndéileálfaí leis amhlaidh.

(12) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (11) maidir le haon éileamh ar fhaoiseamh faoi alt 396(2) i leith caillteanais i dtrádáil, arb iad oibríochtaí nó gníomhaíochtaí na trádála, nó ar cuid díobh, déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach, agus ar éileamh é a dhéanfar an 7 Aibreán 2009 nó dá éis.

(13) D’ainneoin fho-alt (1) d’alt 397, más rud é, an 31 Nollaig 2008, nó roimhe, maidir le cuideachta a scoir de thrádáil a sheoladh, ar cuid dá hoibríochtaí nó dá gníomhaíochtaí déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach, gur thabhaigh an chuideachta caillteanas sa trádáil, in aon tréimhse chuntasaíochta a tháinig go hiomlán nó go páirteach laistigh den tréimhse 12 mhí dar chríoch an lá a scoir an chuideachta den trádáil a sheoladh, ansin, chun críocha fho-alt (1) den alt sin, measfar go mbeidh méid an chaillteanais sin arna laghdú den mhéid is lú díobh seo a leanas—

(a) méid an chaillteanais, agus

(b) méid an chaillteanais a bhaineann le déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach.

(14) D’ainneoin fho-alt (1) d’alt 397, más rud é, an 1 Eanáir 2009, nó dá éis, maidir le cuideachta a scoirfidh de thrádáil a sheoladh, ar cuid dá hoibríochtaí nó dá gníomhaíochtaí déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach, gur thabhaigh an chuideachta caillteanas sa trádáil, in aon tréimhse chuntasaíochta a tháinig go hiomlán nó go páirteach laistigh den tréimhse 12 mhí dar chríoch an lá a scoir an chuideachta den trádáil a sheoladh, agus a tháinig go hiomlán nó go páirteach roimh an 1 Eanáir 2009, ansin, chun críocha fho-alt (1) den alt sin, measfar go mbeidh méid an chaillteanais sin arna laghdú—

(a) i gcás gur tháinig an tréimhse chuntasaíochta go hiomlán roimh an 1 Eanáir 2009, den mhéid is lú díobh seo a leanas—

(i) méid an chaillteanais, agus

(ii) an méid den chaillteanas a bhaineann le déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach,

agus

(b) i gcás gur thosaigh an tréimhse chuntasaíochta roimh an 1 Eanáir 2009 agus gur ar an lá sin nó ar lá dá éis sin a chríochnaigh sí, den mhéid is lú díobh seo a leanas—

(i) méid an chaillteanais, agus

(ii) an méid den chaillteanas a bhaineann le déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach,

a tabhaíodh sa tréimhse dar thosach an tráth a thosaigh an tréimhse chuntasaíochta agus dar chríoch an 31 Nollaig 2008.

(15) Más rud é, maidir le cuideachta a scoir de thrádáil a sheoladh, ar cuid dá hoibríochtaí nó dá gníomhaíochtaí déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach, go ndéanfaidh an chuideachta éileamh faoi alt 397 maidir le caillteanas a tabhaíodh sa trádáil sin agus go laghdófar an caillteanas faoi fho-alt (13) nó (14) do thréimhse chuntasaíochta, ansin, faoi réir fho-alt (17) agus aon fhaoisimh i leith caillteanas roimhe sin, féadfaidh an chuideachta faoiseamh a éileamh faoin bhfo-alt seo don tréimhse chuntasaíochta sin i leith an mhéid dár laghdaíodh an caillteanas.

(16) Más rud é, d’aon tréimhse chuntasaíochta, go n-éileoidh cuideachta faoiseamh faoi fho-alt (15) maidir le caillteanas lena mbaineann an fo-alt sin, déanfar an cháin chorparáide a íocfaidh an chuideachta i leith ioncam na trádála ar cáin chorparáide í is inchurtha i leith déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach de chuid na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta a tháinig go hiomlán nó go páirteach laistigh de na 3 bliana roimh an tréimhse 12 mhí a luaitear i bhfo-alt (13) nó (14) (nó laistigh de thréimhse is giorra ná sin ar sheol an chuideachta an trádáil ar a feadh) a laghdú de mhéid atá comhionann le 20 faoin gcéad den chaillteanas nó de cibé cion den mhéid sin nach féidir faoiseamh a thabhairt ina leith faoin bhfo-alt seo in aghaidh cánach corparáide ó thréimhse chuntasaíochta níos déanaí.

(17) (a) Ní thabharfar faoiseamh faoi fho-alt (16) maidir le haon chaillteanas a mhéid a cuireadh an caillteanas i gcuntas, nó is féidir ar shlí eile é a chur i gcuntas, chun aon mhuirear cánach a laghdú nó faoiseamh a thabhairt ina leith.

(b) I gcás go mbeidh caillteanas tabhaithe i dtréimhse chuntasaíochta ar lasmuigh den tréimhse 12 mhí a luaitear i bhfo-alt (13) nó (14) do chuid di, ní thabharfar faoiseamh faoi fho-alt (16) ach amháin i leith coda den chaillteanas atá i gcomhréir leis an gcuid den tréimhse atá laistigh den tréimhse 12 mhí sin, agus ní rachaidh méid an laghdaithe a fhéadfar a dhéanamh faoin bhfo-alt sin ar an gcáin chorparáide do thréimhse chuntasaíochta ar lasmuigh de na 3 bliana a luaitear i bhfo-alt (16) do chuid di thar an gcuid den cháin chorparáide sin atá i gcomhréir leis an gcuid den tréimhse atá laistigh de na 3 bliana sin.

(18) I gcás go n-éileofar faoiseamh faoi alt 397 maidir le tréimhse chuntasaíochta agus go ndéanfar méid an chaillteanais a n-éilítear faoiseamh ina leith a laghdú de bhua fho-alt (2), ansin, chun faoiseamh a dheonú faoin alt sin—

(a) measfar an t-ioncam ón trádáil don tréimhse chuntasaíochta a bheith laghdaithe de mhéid a chinnfear de réir na foirmle—

U [html] 100

20

más rud é—

gurb é U méid na cánach corparáide is inchurtha i leith déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach is iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta roimh fhaoiseamh arna thabhairt faoi fho-alt (16),

agus

(b) measfar an cháin chorparáide a íocfaidh an chuideachta a bheith laghdaithe d’aon cháin chorparáide is inchurtha i leith déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach arna híoc ag an gcuideachta agus a bheidh gan aisíoc léi don tréimhse chuntasaíochta sin.

(19) Beidh feidhm ag fo-ailt (13) go (18) in aon chás go ndéanfar éileamh ar fhaoiseamh faoi alt 397 an 7 Aibreán 2009 nó dá éis i leith caillteanas i dtrádáil, a bhfuil ar áireamh ina hoibríochtaí nó ina gníomhaíochtaí déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach.

(20) (a) D’ainneoin fho-ailt (1) agus (6) d’alt 420 agus alt 421, más rud é, i dtréimhse chuntasaíochta dar críoch tráth roimh an 31 Nollaig 2009, go mbeidh caillteanas tabhaithe ag an gcuideachta ghéillte i dtrádáil arb éard atá ina hoibríochtaí nó ina gníomhaíochtaí, nó ar cuid dá hoibríochtaí nó dá gníomhaíochtaí, déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach, ansin, ní ceadmhach méid den chaillteanas, arna chinneadh de réir mhír (b), a fhritháireamh chun críocha cánach corparáide in aghaidh bhrabúis iomlána na cuideachta éilimh dá tréimhse chuntasaíochta chomhréire.

(b) Is é a bheidh sa mhéid a chinnfear de réir na míre seo i ndáil le tréimhse chuntasaíochta méid atá comhionann leis an méid is lú díobh seo a leanas—

(i) i gcás go gcríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta an 31 Nollaig 2008 nó roimhe—

(I) an méid den chaillteanas, agus

(II) an méid den chaillteanas a bhaineann le déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach,

agus

(ii) i gcás go dtosaíonn an tréimhse chuntasaíochta roimh an 1 Eanáir 2009 agus go gcríochnaíonn sí tar éis an dáta sin—

(I) an méid den chaillteanas, agus

(II) an méid den chaillteanas a bhaineann le déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach,

a tabhaíodh sa tréimhse dar thosach an tráth a thosaigh an tréimhse chuntasaíochta agus dar chríoch an 31 Nollaig 2008.

(21) (a) Más rud é in aon tréimhse chuntasaíochta go bhfuil caillteanas tabhaithe ag an gcuideachta ghéillte i dtrádáil arb éard atá ina hoibríochtaí agus ina gníomhaíochtaí, nó ar cuid dá hoibríochtaí agus dá gníomhaíochtaí, déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach, agus nach ceadmhach méid den chaillteanas (dá ngairtear an “ caillteanas srianta ” ina dhiaidh seo san alt seo) a fhritháireamh chun críocha cánach corparáide in aghaidh bhrabúis iomlána na cuideachta éilimh dá tréimhse chuntasaíochta chomhréire de bhua fho-alt (20), ansin féadfar an cháin chorparáide (más ann) de chuid na cuideachta éilimh is inchurtha i leith déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach dá tréimhse chuntasaíochta chomhréire a laghdú de 20 faoin gcéad den chaillteanas srianta don tréimhse sin.

(b) Más rud é go n-éileoidh cuideachta faoiseamh faoin bhfo-alt seo in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta, déileálfar leis an gcuideachta ghéillte mar chuideachta a ghéill caillteanais trádála, agus déileálfar leis an gcuideachta éilimh mar chuideachta a d’éiligh faoiseamh i leith caillteanas trádála, ar caillteanais trádála iad de mhéid a chinnfear de réir na foirmle—

V x 100

20

i gcás—

gurb é V an méid dá laghdaítear an cháin chorparáide iomchuí is iníoctha don tréimhse chuntasaíochta de bhua mhír (a).

(22) (a) Más rud é in aon tréimhse chuntasaíochta go bhfuil caillteanas tabhaithe ag an gcuideachta ghéillte i dtrádáil arb éard atá ina hoibríochtaí agus ina gníomhaíochtaí, nó ar cuid dá hoibríochtaí agus dá gníomhaíochtaí, déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach, féadfar an caillteanas srianta arna laghdú d’aon mhéid a ndéileáiltear leis mar mhéid ar tugadh faoiseamh ina leith le fo-alt (21)(b), a fhritháireamh chun críocha cánach corparáide—

(i) in aghaidh ioncaim a shonraítear in alt 21A(4)(b),

(ii) in aghaidh ioncaim trádála iomchuí,

(iii) in aghaidh ioncaim nach bhfuil feidhm ag alt 21A(3) ina leith de bhua alt 21B, agus

(iv) in aghaidh brabús is inchurtha i leith gnóchan inmhuirearaithe,

de chuid na cuideachta éilimh dá tréimhse chuntasaíochta chomhréire arna laghdú d’aon mhéideanna a lamháladh mar asbhaintí in aghaidh an ioncaim sin faoi alt 243A nó a fritháiríodh in aghaidh an ioncaim sin faoi alt 396A.

(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a)—

(i) maidir leis an oiread sin de chaillteanas atá eisithe ó alt 396(2) le halt 396(4) nó 663, ná

(ii) chun na brabúis de chuid cuideachta éilimh a sheolann gnó saoil (de réir bhrí alt 706) a laghdú de mhéid is mó ná méid na mbrabús sin (roimh fhritháireamh faoin bhfo-alt seo) arna ríomh de réir Chás I de Sceideal D agus alt 710(1).

(23) Laghdóidh grúpfhaoiseamh arna lamháil faoi fho-alt (22) an t-ioncam ó thrádáil de chuid na cuideachta éilimh do thréimhse chuntasaíochta—

(a) roimh fhaoiseamh arna dheonú faoi alt 397 i leith caillteanais arna thabhú i dtréimhse chuntasaíochta nó i dtréimhsí cuntasaíochta ina dhiaidh sin, agus

(b) tar éis an fhaoisimh arna dheonú faoi alt 396 i leith caillteanais arna thabhú i dtréimhse chuntasaíochta nó i dtréimhsí cuntasaíochta roimhe sin.

(24) Chun críocha fho-ailt (21) agus (22), i gcás éilimh arna dhéanamh ag cuideachta mar chomhalta de chomheagras, ní ceadmhach ach codán de chaillteanas srianta a fhritháireamh, agus beidh an codán sin comhionann le scair an chomhalta sin sa chomheagras, faoi réir aon laghdú breise faoi alt 422(2).

(25) Más rud é in aon tréimhse chuntasaíochta go mbeidh caillteanas tabhaithe ag an gcuideachta ghéillte i dtrádáil arb éard atá ina hoibríochtaí nó ina gníomhaíochtaí, nó ar cuid dá hoibríochtaí nó dá gníomhaíochtaí, déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach, agus gur mó an caillteanas srianta ná méid atá comhionann le comhiomlán na méideanna a d’fhéadfadh a bheith, dá mbeadh éilimh thráthúla déanta ar an bhfritháireamh sin, arna bhfritháireamh i leith an chaillteanais sin chun críocha cánach corparáide—

(a) in aghaidh bhrabúis na cuideachta de réir fho-alt (6), nó

(b) in aghaidh bhrabúis aon chuideachta eile de réir fho-ailt (21) agus (22),

féadfaidh an chuideachta éilimh faoiseamh a éileamh faoi fho-alt (26) dá tréimhse chuntasaíochta chomhréire i leith an mhéid (dá ngairtear an ‘ caillteanas infhaoisimh ’ anseo ina dhiaidh seo san alt seo) dar mó an caillteanas neamhfhaoisimh ná an comhiomlán sin.

(26) (a) Más rud é, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta, go n-éileoidh cuideachta faoiseamh faoi fho-alt (25) i leith caillteanais infhaoisimh, déanfar cáin chorparáide iomchuí na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta a laghdú de mhéid atá comhionann le 20 faoin gcéad den chaillteanas sin.

(b) Más rud é, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta, go n-éileoidh cuideachta faoiseamh faoin alt seo i leith aon chaillteanais infhaoisimh, déileálfar leis an gcuideachta ghéillte mar chuideachta a ghéill caillteanais trádála, agus déileálfar leis an gcuideachta éilimh mar chuideachta a d’éiligh faoiseamh i leith caillteanas trádála, ar caillteanais trádála iad de mhéid a chinnfear de réir na foirmle—

W x 100

20

i gcás—

gurb é W an méid dá laghdaítear an cháin chorparáide iomchuí is iníoctha don tréimhse chuntasaíochta de bhua mhír (a).

(27) Beidh feidhm ag Caibidil 5 de Chuid 12 amhail is dá mbeadh fo-ailt (20) go (26) ar áireamh sa Chaibidil sin.

(28) Beidh feidhm ag fo-ailt (20) go (27) in aon chás ina ndéantar éileamh ar ghrúpfhaoiseamh an 7 Aibreán 2009 nó dá éis i leith caillteanais i dtrádáil, arb é atá ina hoibríochtaí nó ina gníomhaíochtaí, nó ar cuid dá hoibríochtaí nó dá gníomhaíochtaí, déileáil i dtalamh forbraíochta chónaitheach.”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2009.

Leasú ar alt 626B (díolúine ó cháin i gcás gnóchan ar dhiúscairtí áirithe scaireanna) den Phríomh-Acht.

12 .— (1) Leasaítear alt 626B den Phríomh-Acht i bhfo-alt (3)(d) trí “míreanna (a) agus (b) d’fho-alt (3) d’alt 29 agus fo-alt (6) den alt sin” a chur in ionad “míreanna (a) agus (b) d’alt 29(3)”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le diúscairtí arna ndéanamh an 7 Bealtaine 2009 nó dá éis.

Sócmhainní do-láimhsithe, etc.

13 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 247, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4A):

“(4B) I gcás iasacht, nó cuid d’iasacht, le cuideachta infheistíochta a bheith curtha i bhfeidhm—

(a) maidir le suibscríobhanna le haghaidh scairchaipitil cuideachta eile ar an gcuideachta eile d’eisiúint an scairchaipitil, nó

(b) chun airgead a thabhairt ar iasacht do chuideachta eile,

agus go n-úsáidfidh an chuideachta eile sin (dá ngairtear ‘an chuideachta eile’ san fho-alt seo agus i bhfo-alt (4D)) na suibscríobhanna nó an t-airgead sin chun sócmhainní do-láimhsithe (de réir bhrí alt 291A) a chur ar fáil, is sócmhainní a dtabharfar liúntais di ina leith faoi alt 284 arna chur i bhfeidhm le halt 291A, ansin, d’ainneoin fho-alt (3) agus alt 243, maidir leis an méid den fhaoiseamh a thabharfar i leith an oiread sin (dá ngairtear ‘an t-ús iomchuí’ san fho-alt seo agus i bhfo-ailt (4C) agus (4D)) den ús a íocann an chuideachta infheistíochta i dtréimhse chuntasaíochta ar an iasacht, nó ar an gcuid den iasacht, de réir mar a bheidh, is mó ná—

(i) aon díbhinní nó dáiltí eile is inmhuirearaithe i leith cánach corparáide agus a fhaigheann an chuideachta infheistíochta ón gcuideachta eile sa tréimhse chuntasaíochta sin i leith an scairchaipitil sin, agus

(ii) aon ús a fhaigheann an chuideachta infheistíochta don tréimhse chuntasaíochta sin i leith an airgid sin a thugtar ar iasacht don chuideachta eile,

ní rachaidh sé thar an méid úis arbh éard é—

(I) méid an úis iomchuí a bheadh le hasbhaint don tréimhse chuntasaíochta chomhréire (de réir bhrí fho-alt 4(D)) ag an gcuideachta eile—

(A) dá mba í an chuideachta eile a thabhaigh an t-ús iomchuí sin i dtaca le soláthar sócmhainne do-láimhsithe sonraithe ar faoina treoir a bheadh liúntais le tabhairt di faoi alt 284 arna chur i bhfeidhm le halt 291A i dteannta aon úis eile arna thabhú aici amhlaidh, agus

(B) d’ainneoin fho-alt (6) d’alt 291A, dá ndéanfaí aon srianta breise a chur le hasbhaintí, cibé acu i leith liúntas nó úis, a cheanglófaí ansin leis an bhfo-alt sin, d’aon toisc trí shrian a chur leis an asbhaint i leith an úis iomchuí sin,

(II) i gcás nach ionann an tréimhse chuntasaíochta chomhréire agus tréimhse chuntasaíochta na cuideachta infheistíochta, nó i gcás go bhfuil méid is mó ná tréimhse chuntasaíochta chomhréire amháin ann, comhiomlán na méideanna den ús iomchuí atá le hasbhaint don tréimhse chomhréire nó do na tréimhsí comhréire ag an gcuideachta eile, dá mba í an chuideachta eile a thabhaigh an t-ús iomchuí, ar méideanna iad a ríomhtar trí chionroinnt de réir mhír (d) d’fho-alt (4D), agus ar ús iad a íocadh, nó a áirítear a íocadh, i dtréimhse chuntasaíochta na cuideachta infheistíochta.

(4C) Ní dhéanfar an méid (dá ngairtear an ‘méid breise’ sa mhír seo) den ús a bheidh íoctha i dtréimhse chuntasaíochta ag an gcuideachta infheistíochta, agus nach dtabharfar faoiseamh faoin alt seo ina leith, de réir fho-alt (4B), don tréimhse chuntasaíochta sin, a asbhaint ná faoiseamh ina leith a thabhairt don tréimhse sin ar shlí eile faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach ach déanfar an méid breise úis sin a bheidh íoctha a thabhairt ar aghaidh agus a áireamh mar mhéid úis iomchuí a bheidh íoctha sa tréimhse chuntasaíochta ina dhiaidh sin agus a chuirfear leis an ús iomchuí, más ann, a íocadh iarbhír sa tréimhse chuntasaíochta sin, agus ar féidir, faoi réir fho-alt (4B), faoiseamh a thabhairt ina leith don tréimhse chuntasaíochta sin agus déanfar aon mhéid breise úis a íocadh, nó a áirítear a íocadh, sa tréimhse chuntasaíochta sin dá héis a thabhairt ar aghaidh, ina sheal, agus a áireamh mar mhéid úis iomchuí a íocadh sa chéad tréimhse chuntasaíochta eile agus a chuirfear leis an ús iomchuí, más ann, a íocadh iarbhír sa tréimhse chuntasaíochta sin, agus ar féidir, faoi réir fho-alt (4B), faoiseamh a thabhairt ina leith don tréimhse chuntasaíochta sin agus mar sin de do gach tréimhse chuntasaíochta dá héis.

(4D) Chun aon srian le faoiseamh a thabharfar do thréimhse chuntasaíochta agus a cheanglaítear le fo-alt (4B) a ríomh—

(a) beidh aon tréimhse chuntasaíochta (dá ngairtear an ‘tréimhse chuntasaíochta chomhréire’ san fho-alt seo) de chuid na cuideachta eile ar laistigh de thréimhse chuntasaíochta na cuideachta infheistiúcháin di go léir nó d'aon chuid di ar comhréir le tréimhse chuntasaíochta na cuideachta infheistiúcháin,

(b) murab ionann tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta infheistiúcháin agus tréimhse chuntasaíochta chomhréire na cuideachta eile déanfar ús iomchuí a chionroinnt ar thréimhsí cuntasaíochta comhréire ar bhonn ama de réir an chion atá idir an tréimhse, a bhaineann le tréimhse chuntasaíochta na cuideachta infheistiúcháin agus leis an tréimhse chuntasaíochta chomhréire, agus tréimhse chuntasaíochta na cuideachta infheistiúcháin,

(c) is é a bheidh san ús iomchuí iomlán is inchurtha i leith tréimhse cuntasaíochta comhréire comhiomlán gach ceann de na méideanna úis iomchuí a chionroinntear ar an tréimhse chuntasaíochta chomhréire sin faoi mhír (b), agus

(d) déanfar méid an úis iomchuí iomláin dá dtagraítear i mír (c) agus a d’asbhainfí, faoi réir fho-alt (4B)(I)(A) agus (B), dá mba í an chuideachta eile a thabhaigh í don tréimhse chuntasaíochta chomhréire, a chionroinnt ar gach ceann de na méideanna úis iomchuí dá dtagraítear i mír (c) faoi threoir an chion atá idir gach ceann de na méideanna sin agus an t-ús iomchuí iomlán sin.”,

(b) in alt 288(1)(d), trí “sócmhainn dholáimhsithe shonraithe de réir bhrí alt 219A,” a chur isteach i ndiaidh “i gcás innealra nó gléasra arb éard atá ann”,

(c) in alt 288 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3B):

“(3C) D’ainneoin fho-alt (3), ní ghearrfar muirear cothromaíochta faoi threoir liúntais caithimh agus cuimilte a thabharfar do chuideachta i leith caiteachais chaipitiúil arna thabhú ar shócmhainn doláimhsithe shonraithe de réir bhrí alt 291A a sholáthar i gcás go dtarlaíonn teagmhas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) breis agus 15 bliana tar éis thosach thréimhse chuntasaíochta na cuideachta inar soláthraíodh an tsócmhainn den chéad uair agus nach mbeidh de thoradh ar theagmhas den sórt sin, nó ar aon scéim nó aon chomhshocraíocht a bhfuil an teagmhas sin ar áireamh inti, go dtabhóidh cuideachta atá laistigh de réim na cánach corparáide agus atá bainteach (de réir bhrí alt 10) leis an gcuideachta chéadluaite caiteachas caipitiúil ar an tsócmhainn, ar caiteachas caipitiúil é a ndéanfar éileamh ina leith faoi alt 291A.”,

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 291:

“Sócmhainní doláimhsithe.

291A.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe acu i scríbhinn chun críocha an ailt seo;

déanfar ‘sócmhainn dholáimhsithe’ a fhorléiriú de réir cleachtais cuntasaíochta a bhfuil glacadh coitianta leis;

ciallaíonn ‘sócmhainn dholáimhsithe shonraithe’ sócmhainn dholáimhsithe, arb éard í—

(a) aon phaitinn, dearadh cláraithe, ceart deartha nó aireagán,

(b) aon trádmharc, ainm trádála, culaith trádála, branda, ainm branda, ainm fearainn, marc seirbhíse nó teideal foilseacháin,

(c) aon chóipcheart nó ceart gaolmhar de réir bhrí an Achta Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000,

(d) aon deimhniú cosanta forlíontach dá bhforáiltear faoi Rialachán (CEE) Uimh. 1768/92 an 18 Meitheamh 1992 ón gComhairle 1 ,

(e) aon deimhniú cosanta forlíontach dá bhforáiltear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1610/96 an 23 Iúil 1996 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 ,

(f) aon chearta póraitheoirí plandaí de réir bhrí alt 4 den Acht um Chineálacha Plandaí (Cearta Dílseánaigh) 1980, arna leasú leis an Acht um Chineálacha Plandaí (Cearta Dílseánaigh) (Leasú) 1998,

(g) fios feasa de réir bhrí alt 768,

(h) aon údarú nach mbeadh sé incheadaithe dá éagmais—

(i) cógas, nó

(ii) táirge d’aon dearadh, foirmle, próiseas nó aireagán,

a dhíol chun aon chríche chun ar beartaíodh é nó í,

(i) aon chearta a fhaightear ó thaighde, arna dhéanamh roimh aon údarú dá dtagraítear i mír (h), ar éifeachtaí na nithe seo a leanas—

(i) cógas, nó

(ii) táirge d’aon dearadh, foirmle, próiseas nó aireagán,

(j) aon cheadúnas i leith sócmhainne doláimhsithe dá dtagraítear in aon cheann de mhíreanna (a) go (i),

(k) aon chearta arna ndeonú faoi dhlí aon tíre, críche, stáit nó limistéir, seachas an Stát, nó faoi aon chonradh, coinbhinsiún nó comhaontú idirnáisiúnta ar páirtí ann an Stát, ar cearta iad atá ar aon dul nó atá cosúil leo sin atá in aon cheann de mhíreanna (a) go (j),

(l) cáilmheas a mhéid is inchurtha síos é go díreach d’aon ní in aon cheann de mhíreanna (a) go (k);

tá le ‘cuntas sochair agus dochair’, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, an bhrí a shanntar dó le cleachtas cuntasaíochta a bhfuil glacadh coitianta leis agus folaíonn sé cuntas ioncaim agus caiteachais i gcás go n-ullmhaíonn cuideachta cuntais de réir caighdeán cuntasaíochta idirnáisiúnta.

(2) I gcás go dtabhóidh cuideachta a sheolann trádáil caiteachas caipitiúil ar sholáthar sócmhainne doláimhsithe sonraithe chun críocha na trádála, ansin, chun críocha na Caibidle seo agus Chaibidil 4 den Chuid seo—

(a) déileálfar leis an tsócmhainn dholáimhsithe shonraithe mar innealra nó gléasra,

(b) déileálfar leis an innealra nó leis an ngléasra sin mar innealra nó gléasra a soláthraíodh chun críocha na trádála, agus

(c) fad is úinéir na sócmhainne doláimhsithe sonraithe an chuideachta nó, i gcás gur ceart atá sa tsócmhainn, fad atá an chuideachta i dteideal an chirt sin, déileálfar leis an innealra nó leis an ngléasra sin mar innealra nó gléasra ar leis an gcuideachta sin é.

(3) Faoi réir an ailt seo, i gcás go bhfuil liúntas caithimh agus cuimilte le tabhairt faoi alt 284 d’aon tréimhse chuntasaíochta do chuideachta a thabhaigh caiteachas caipitiúil ar sholáthar sócmhainne doláimhsithe sonraithe chun críocha trádála a sheolann an chuideachta sin, beidh feidhm ag fo-alt (2) d’alt 284 amhail is dá mba thagairt do ráta faoin gcéad arna chinneadh de réir na foirmle seo a leanas an tagairt i mír (ad) den fho-alt sin do ráta 12.5 faoin gcéad—

A

B [html] 100

más rud é—

gurb é A—

(a) an méid, arna ríomh de réir cleachtais cuntasaíochta a bhfuil glacadh coitianta leis, a mhuirearaítear ar chuntas sochair agus dochair na cuideachta, don tréimhse chuntais arb ionann í agus an tréimhse chuntasaíochta, i leith amúchadh nó dhíluacháil na sócmhainne doláimhsithe sonraithe, nó

(b) i gcás nach ionann an tréimhse chuntais a thosaíonn sa tréimhse chuntasaíochta agus an tréimhse chuntasaíochta sin, an oiread sin den mhéid, arna ríomh agus arna mhuirearú chuige sin ar chuntas sochair agus dochair na cuideachta d’aon tréimhse chuntais den sórt sin, a fhéadfar a chionroinnt ar an tréimhse chuntasaíochta ar bhonn cóir réasúnach agus fad na dtréimhsí lena mbaineann faoi seach agus ré úsáide agus úinéireachta na sócmhainne i ngach ceann de na tréimhsí sin á gcur i gcuntas,

agus

gurb é B an costas iarbhír, de réir bhrí mhír (ad) d’alt 284(2), a ghabhann leis an tsócmhainn dholáimhsithe shonraithe nó, más mó é ná an costas iarbhír, luach na sócmhainne sin ar faoina threoir a ríomhadh amúchadh nó díluacháil don tréimhse chuntais dá dtagraítear i mír (a) nó (b).

(4) (a) D’ainneoin fho-alt (3), i gcás go ndéanfaidh cuideachta roghnú faoin bhfo-alt seo i leith caiteachais chaipitiúil arna thabhú ar sholáthar sócmhainne doláimhsithe sonraithe chun críocha trádála a sheolann an chuideachta, beidh feidhm ag fo-alt (2) d’alt 284 amhail is dá mba thagairt do 7 faoin gcéad an tagairt i mír (ad) den fho-alt sin do 12.5 faoin gcéad.

(b) Aon roghnú ag cuideachta faoi mhír (a)—

(i) déanfar í sa tuairisceán a cheanglaítear a thabhairt faoi alt 951 don tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta ina dtabhaítear an caiteachas ar sholáthar na sócmhainne doláimhsithe sonraithe den chéad uair, agus

(ii) beidh feidhm aici maidir leis an gcaiteachas caipitiúil go léir arna thabhú ar an tsócmhainn.

(5) (a) Maidir leis an oiread sin de ghníomhaíochtaí cuideachta a sheoltar mar chuid de thrádáil (dá ngairtear ‘gníomhaíochtaí iomchuí’ san fho-alt seo) arb éard iad sócmhainn dholáimhsithe shonraithe nó sócmhainní doláimhsithe sonraithe a bhainistiú, a fhorbairt nó a shaothrú ar ina leith a tugadh liúntais faoin gCaibidil seo don chuideachta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí arb éard iad díol earraí nó seirbhísí arb iad na sócmhainní sin an chuid is mó dá luach, déileálfar leis chun críocha na nAchtanna Cánach, seachas aon fhoráil de na hAchtanna sin a bhaineann le trádáil a thosú nó a scor, mar thrádáil ar leithligh (dá ngairtear ‘trádáil iomchuí’ san fho-alt seo agus i bhfo-alt (6)), is trádáil atá éagsúil ó aon trádáil eile nó ó aon chuid eile de thrádáil a sheolann an chuideachta.

(b) D’fhonn déileáil le gníomhaíochtaí iomchuí mar thrádáil ar leithligh de réir mhír (a), déanfar aon chionroinnt is gá ionas go gcuirfear ioncam síos don trádáil iomchuí ar bhonn cóir réasúnach agus ní mó méid an ioncaim sin ná an méid a chuirfí síos do chuideachta éagsúil ar leithligh, atá ag gabháil do na gníomhaíochtaí iomchuí, dá mbeadh sí neamhspleách ar an gcuideachta a luaitear i mír (a), agus ag déileáil ar neamhthuilleamaí leis an gcuideachta sin.

(6) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c), maidir le méid comhiomlán na nithe seo a leanas do thréimhse chuntasaíochta—

(i) aon liúntais a bheidh le tabhairt do chuideachta faoi alt 284 arna chur chun feidhme leis an alt seo, agus

(ii) aon ús arna thabhú i dtaca le soláthar sócmhainne doláimhsithe sonraithe ar faoina treoir a thugtar liúntais dá dtagraítear i bhfomhír (i),

ní mó é ná 80 faoin gcéad den mhéid arbh é méid an ioncaim trádála ón trádáil iomchuí a sheolann an chuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin é mura dtabharfaí aon liúntais den sórt sin don chuideachta agus mura n-asbhainfí aon ús den sórt sin le linn an t-ioncam sin a ríomh don tréimhse chuntasaíochta sin agus, chun críocha na míre seo, ní lamhálfar iomlán aon liúntas den sórt sin ná aon chuid díobh don tréimhse chuntasaíochta sin agus, sa chás amháin gur gá é ansin chun críocha na míre seo, ní asbhainfear iomlán aon úis den sórt sin ná aon chuid de don tréimhse chuntasaíochta sin.

(b) (i) Déanfar méid aon liúntas a fhanfaidh, de bhua mhír (a), gan lamháil do thréimhse chuntasaíochta (dá ngairtear an ‘méid breise’ san fhomhír seo) a thabhairt ar aghaidh agus a áireamh mar liúntas de réir bhrí mhír (a)(i) don tréimhse chuntasaíochta ina dhiaidh sin a chuirfear le méid aon liúntas de réir na brí sin a bheidh, faoi réir mhír (a), ar fáil lena bhfritháireamh i gcoinne ioncaim trádála de chuid na trádála iomchuí don tréimhse chuntasaíochta sin ina dhiaidh sin agus déanfar aon mhéid breise sa tréimhse chuntasaíochta sin ina dhiaidh sin a thabhairt ar aghaidh, ina sheal, agus a áireamh mar liúntas de réir bhrí mhír (a)(i) don chéad tréimhse chuntasaíochta eile ina dhiaidh sin a chuirfear le méid aon liúntas de réir na brí sin a bheidh, faoi réir mhír (a), ar fáil lena bhfritháireamh i gcoinne ioncaim trádála de chuid na trádála iomchuí don tréimhse chuntasaíochta sin agus mar sin de do gach tréimhse chuntasaíochta ina dhiaidh sin.

(ii) Déanfar méid aon úis nach féidir faoiseamh a thabhairt ina leith, de bhua mhír (a), do thréimhse chuntasaíochta (dá ngairtear ‘ús breise’ san fhomhír seo) a thabhairt ar aghaidh agus a áireamh mar ús de réir bhrí mhír (a)(ii) don tréimhse chuntasaíochta ina dhiaidh sin a chuirfear le méid aon úis de réir na brí sin ar féidir, faoi réir mhír (a), faoiseamh a thabhairt ina leith don tréimhse chuntasaíochta sin ina dhiaidh sin agus déanfar aon ús breise sa tréimhse chuntasaíochta sin ina dhiaidh sin a thabhairt ar aghaidh, ina sheal, agus a áireamh mar ús de réir bhrí mhír (a)(ii) don chéad tréimhse chuntasaíochta eile ina dhiaidh sin a chuirfear le méid aon úis de réir na brí sin, ar féidir, faoi réir mhír (a), faoiseamh a thabhairt ina leith don tréimhse chuntasaíochta sin agus mar sin de do gach tréimhse chuntasaíochta ina dhiaidh sin.

(c) Le linn an t-ioncam trádála ó thrádáil iomchuí do thréimhse chuntasaíochta cuideachta a ríomh chun críocha an fho-ailt seo, ní chuirfear i gcuntas aon ioncam a dtugtar neamhaird air chun críocha na nAchtanna Cánach.

(7) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le caiteachas caipitiúil arna thabhú ag cuideachta—

(a) a bhféadfar aon fhaoiseamh nó asbhaint faoi na hAchtanna Cánach a thabhairt nó a lamháil ina leith seachas de bhua an ailt seo,

(b) a mhéid is mó an caiteachas arna thabhú ar sholáthar sócmhainne doláimhsithe sonraithe ná an méid a d’íocfaí nó ab iníoctha ar an tsócmhainn in idirbheart idir daoine neamhspleácha ag gníomhú ar neamhthuilleamaí dóibh, nó

(c) nach ndéantar go hiomlán agus go heisiatach ar chúiseanna tráchtála bona fide agus a tabhaíodh mar chuid de scéim nó de shocrú arb é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, atá leis, dliteanas cánach a sheachaint nó a laghdú.

(8) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim nó oifigeach údaraithe, i ndáil le liúntas arna thabhairt nó le tabhairt do chuideachta faoi alt 284 arna chur chun feidhme leis an alt seo i leith caiteachais chaipitiúil arna thabhú ar shócmhainn dholáimhsithe shonraithe—

(i) dul i gcomhairle le haon duine (dá ngairtear ‘saineolaí’ san fho-alt seo) is dóigh leo a d’fhéadfadh cabhrú lena fháil amach a mhéid a thabhaítear an caiteachas sin ar an tsócmhainn dholáimhsithe shonraithe agus, i gcás go bhfaightear sócmhainn den sórt sin ó dhuine bainteach (de réir bhrí alt 10), an méid a bheadh iníoctha ar an tsócmhainn in idirbheart idir daoine neamhspleácha ag gníomhú ar neamhthuilleamaí dóibh, agus

(ii) d’ainneoin aon oibleagáide maidir le rúndacht nó aon sriain eile ar nochtadh faisnéise a fhorchuirtear leis na hAchtanna Cánach nó fúthu nó le haon reacht eile, nó faoi, nó ar shlí eile, ach faoi réir mhír (b), aon mhionsonra i ndáil leis an liúntas a éilítear faoin alt seo a nochtadh don saineolaí a mheasfaidh siad is gá le haghaidh na comhairle sin.

(b) (i) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim nó oifigeach údaraithe, sula nochtfaidh siad nó sé nó sí faisnéis d’aon saineolaí faoi mhír (a), na nithe seo a leanas a chur i bhfios don chuideachta—

(I) céannacht an tsaineolaí a mbeartaíonn siad dul i gcomhairle leis nó léi, agus

(II) an fhaisnéis a bheartaíonn siad a nochtadh don saineolaí.

(ii) I gcás go suífidh an chuideachta chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim nó an oifigigh údaraithe (nó ar achomharc chun sástacht na gCoimisinéirí Achomhairc) go bhféadfadh go ndéanfadh nochtadh na faisnéise sin don saineolaí sin dochar do thrádáil na cuideachta, ansin ní dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim nó an t-oifigeach údaraithe an nochtadh sin.

(9) (a) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le cuideachta (dá ngairtear ‘an t-aistrí’ san fho-alt seo) d’fháil sócmhainne doláimhsithe sonraithe i gcás go bhfaightear an tsócmhainn ó chuideachta eile (dá ngairtear ‘an t-aistreoir’ san fho-alt seo) agus, de bhua alt 615(2) nó 617(1), measfar go bhfuair ant-aistrí an tsócmhainn ar chomaoin ina raibh cibé méid a d’áiritheodh nach bhfabhródh gnóchan ná caillteanas ar an aistreoir do dhiúscairt na sócmhainne chuig an aistrí.

(b) D’ainneoin mhír (a), i gcás go ndéanfaidh an t-aistreoir agus an t-aistrí comhroghnú faoi alt 615(4) nó 617(4), beidh ant-aistrí i dteideal liúntas a éileamh faoi alt 284 arna chur chun feidhme leis an alt seo, i leith caiteachais chaipitiúil arna thabhú aige ar an tsócmhainn dholáimhsithe shonraithe a fháil ón aistreoir.

(10) Aon éileamh a dhéanfar faoi threoir an ailt seo, déanfar é laistigh de 12 mhí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta ina dtabhófar an caiteachas caipitiúil is cúis leis an éileamh.”,

(e) in alt 615, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) (a) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i ndáil le sócmhainn dholáimhsithe shonraithe a aistriú de réir bhrí alt 291A i gcás go roghnóidh an chuideachta a gheobhaidh an tsócmhainn agus an chuideachta óna bhfaighfear an tsócmhainn amhlaidh i gcomhar le chéile, trí fhógra a thabhairt tráth nach déanaí ná 12 mhí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta ina bhfuair an chuideachta an tsócmhainn, don Ard-Bhailitheoir ar cibé slí a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim.

(b) I gcás—

(i) go ndéanfar rogha faoi mhír (a) i ndáil le sócmhainn dholáimhsithe shonraithe a aistriú, agus

(ii) nach aistriú é an t-aistriú sin lena mbaineann alt 400(6),

ansin, chun aon ghnóchan inmhuirearaithe a ríomh, déileálfar le haistriú na sócmhainne sin, i leith—

(I) diúscairt ag an gcuideachta óna bhfaighfear an tsócmhainn, agus

(II) fáil ag an gcuideachta a gheobhaidh an tsócmhainn,

mar aistriú a rinneadh ar chomaoin atá ar cóimhéid le margadhluach na sócmhainne ar dháta an aistrithe sin.”.

(f) in alt 617(1), trí “fo-ailt (2), (3) agus (4)” a chur in ionad “fo-ailt (2) agus (3)”,

(g) in alt 617, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) I gcás go ndiúscróidh comhalta de ghrúpa cuideachtaí sócmhainn dholáimhsithe shonraithe de réir bhrí alt 291A chuig comhalta eile den ghrúpa, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le diúscairt na sócmhainne sin i gcás go roghnóidh na cuideachtaí amhlaidh i gcomhpháirt trí fhógra a thabhairt don Ard-Bhailitheoir, ar cibé modh a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim, tráth nach déanaí ná 12 mhí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta ina bhfuair an comhalta eile den ghrúpa an tsócmhainn.”,

(h) in alt 755, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Faoi réir fho-alt (4), ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le cuideachta atá laistigh de réim na cánach corparáide.

(4) (a) Faoi réir mhír (b), i gcás go roghnóidh cuideachta i scríbhinn, beidh feidhm ag an alt seo maidir le caiteachas caipitiúil, a shonraítear sa roghnú, a thabhóidh sí chun cearta paitinne a cheannach tar éis an 7 Bealtaine 2009 agus roimh an 7 Bealtaine 2011.

(b) Déanfar roghnú faoi mhír (a) sa tuairisceán a cheanglaítear a thabhairt faoi alt 951 do thréimhse chuntasaíochta na cuideachta ina dtabhaítear an caiteachas agus ní dhéanfar é tráth is déanaí ná 12 mhí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta ina dtabhaítear an caiteachas caipitiúil is cúis leis an éileamh.”,

(i) in alt 756, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le cearta paitinne a mbeidh liúntas tugtha do chuideachta ina leith faoi alt 284 arna chur chun feidhme le halt 291A.”,

agus

(j) in alt 768, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) Faoi réir fho-alt (8), ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le cuideachta atá laistigh de réim na cánach corparáide.

(8) (a) Faoi réir mhír (b), i gcás go ndéanfaidh cuideachta roghnú i scríbhinn, beidh feidhm ag an alt seo maidir le caiteachas, arna shonrú sa roghnú, a thabhóidh sí ar fhios feasa tar éis an 7 Bealtaine 2009 agus roimh an 7 Bealtaine 2011.

(b) Déanfar roghnú faoi mhír (a) sa tuairisceán a cheanglaítear a thabhairt faoi alt 951 do thréimhse chuntasaíochta na cuideachta ina dtabhaítear an caiteachas agus ní dhéanfar é tráth is déanaí ná 12 mhí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta ina dtabhaítear an caiteachas caipitiúil is cúis leis an éileamh.”.

(2) Baineann an t-alt seo le caiteachas a thabhóidh cuideachta tar éis an 7 Bealtaine 2009.

Caibidil 6

Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Gnóchain chaipitiúla: an ráta muirir.

14 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 28(3), trí “25 faoin gcéad” a chur in ionad “22 faoin gcéad”, agus

(b) in alt 649A(1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) i gcás diúscartha iomchuí arna déanamh an 8 Aibreán 2009 nó dá éis, 25 faoin gcéad.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le diúscairtí arna ndéanamh an 8 Aibreán 2009 nó dá éis.

CUID 2

Mál

Rátaí cánach ola mianra.

15 .— Leasaítear an tAcht Airgeadais 1999—

(a) le héifeacht ar an agus ón 8 Aibreán 2009, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin (arna leasú le halt 47(b) den Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008):

“SCEIDEAL 2

Rátaí Cánach Ola Mianra

(Le héifeacht ar an agus ón 8 Aibreán 2009)

Tuairisc na hOla Mianra

An Ráta Cánach

Ola Éadrom:

Peitreal

Gásailín eitleoireachta

€508.79 an 1,000 lítear

€508.79 an 1,000 lítear

Ola Throm:

A úsáidtear mar thiomántán

A úsáidtear le haghaidh aerloingseoireachta

A úsáidtear le haghaidh loingseoireachta áineasa príobháidí

Ceirisín a úsáidtear ar shlí seachas mar thiomántán

Ola bhreosla

Ola throm eile

€409.20 an 1,000 lítear

€409.20 an 1,000 lítear

€409.20 an 1,000 lítear

€00.00

€14.78 an 1,000 lítear

€47.36 an 1,000 lítear

Gás Peitriliam Leachtaithe:

A úsáidtear mar thiomántán

Gás peitriliam leachtaithe eile

€63.59 an 1,000 lítear

€00.00

Gual:

le haghaidh úsáide gnó

le haghaidh úsáide eile

€4.18 an tona

€8.36 an tona

”,

agus

(b) i bhfo-alt (2) d’alt 97A (a cuireadh isteach le halt 72(1)(c) den Acht Airgeadais 2008) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) méid cánach ola mianra a íoc ar an gcainníocht sin, arna ríomh de réir ráta is ionann agus an difríocht idir an ráta a shonraítear i Sceideal 2 le haghaidh ola gáis mharcáilte agus an ráta a shonraítear amhlaidh le haghaidh ola troime a úsáidtear le haghaidh loingseoireachta áineasa príobháidí.”.

Rátaí cánach táirgí tobac.

16 .— Leasaítear an tAcht Airgeadais 2005 le héifeacht amhail ar agus ón 8 Aibreán 2009 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin (arna leasú le halt 52 den Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008):

“SCEIDEAL 2

Rátaí Cánach Táirgí Tobac

(Le héifeacht amhail ar agus ón 8 Aibreán 2009)

Tuairisc an Táirge

An Ráta Cánach

Toitíní

€183.42 an míle i dteannta méid atá comhionann le 18.25 faoin gcéad den phraghas ar a miondíoltar na toitíní

Todóga

€261.066 an cileagram

Tobac mínghearrtha chun toitíní a rolladh

€220.301 an cileagram

Tobac eile chun a chaite ina dheatach

€181.117 an cileagram

”.

Dleacht gealltóireachta.

17 .— (1) D'ainneoin alt 53 den Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008, beidh feidhm ag alt 67 den Acht Airgeadais 2002 amhail is nár achtaíodh mír (a) d’fho-alt (1) den alt sin 53 agus meastar nach raibh éifeacht riamh leis an mír sin (a).

(2) Leasaítear alt 67 (1) den Acht Airgeadais 2002 trí “2 faoin gcéad” a chur in ionad “1 faoin gcéad”.

(3) Tiocfaidh fo-alt (2) i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

Cáin aerthaistil.

18 .— Leasaítear alt 55 den Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008—

(a) i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “aerfort”:

“ciallaíonn ‘aerfort’ aerfort de réir bhrí an Achta Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Leasú) 1998, ach ní fholaíonn sé aerfort ar lú ná 50,000 líon na ndaoine (lena n-áirítear paisinéirí) a d’imigh amach as ar aerárthaí le linn na bliana féilire roimhe sin;”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Gach duine a dhlíonn cáin aerthaistil a íoc, déanfaidh sé nó sí, laistigh de 20 lá nó cibé tréimhse eile a chinnfidh na Coimisinéirí, an méid cánach aerthaistil is iníoctha aige nó aici i leith imeachtaí paisinéirí le linn na míosa roimhe sin nó le linn cibé tréimhse eile arna cinneadh amhlaidh a chur ar aghaidh chuig na Coimisinéirí.”.

Leasú ar alt 135B (méideanna a aisíoc i leith cánach cláraithe feithiclí i gcásanna áirithe) den Acht Airgeadais 1992.

19 .— Leasaítear alt 135B den Acht Airgeadais 1992 i bhfo-alt (6)(b), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii):

“(ii) I gcás go mbeidh an t-úinéir céadchláraithe tar éis an fheithicil a dhiúscairt roimh dháta déanta an éilimh ar aisíocaíocht, beidh de theorainn le méid na haisíocaíochta méid a ríomhfar mar a leanas:

V [html] (OP — S)

OP

i gcás—

gurb é V an méid cánach cláraithe feithiclí a ró-íocadh,

gurb é S an praghas, más ann, a fuair an t-úinéir céadchláraithe tráth na diúscartha ach, i gcás gur mó S ná OP, glacfar leis gurb é OP an praghas a fuarthas, agus

gurb é OP an praghas, lena n-áirítear na cánacha go léir, a bheidh dearbhaithe do na Coimisinéirí tráth céadchláraithe na feithicle.”.

CUID 3

Cáin Bhreisluacha

Léiriú (Cuid 3).

20 .— Sa Chuid seo, ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha 1972.

Leasú ar alt 7 (díolúine a tharscaoileadh) den Phríomh-Acht.

21 .— Leasaítear alt 7 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (3), trí “fho-alt (3), (7), nó (9) d’alt 7B” a chur in ionad “alt 7B(3)”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) I gcás gur chealaigh duine a tharscaoileadh díolúine nó a tarscaoileadh díolúine roimh 1 Iúil 2008 ansin, chun alt 12E a fheidhmiú, déileálfar leis an tréimhse coigeartaithe (de réir bhrí an ailt sin nó, de réir mar a éilíonn an comhthéacs, beidh an tréimhse le háireamh mar an tréimhse coigeartaithe de réir alt 4C(11)) i ndáil le haon earra caipitiúil a raibh d’oibleagáid ar an duine sin an cháin is inmhuirearaithe ar a fháil nó a fhorbairt ag an duine sin a chur i gcuntas nuair a rinne an duine sin an cealú sin, ionann is gur tháinig deireadh leis an dáta ar a raibh éifeacht leis an gcealú sin .”.

Leasú ar alt 7B (bearta idirthréimhseacha: díolúine a tharscaoileadh) den Phríomh-Acht.

22 .— Leasaítear alt 7B den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Chun alt 12E a chur chun feidhme, maidir leis an tréimhse choigeartúcháin (de réir bhrí an ailt sin nó, de réir mar a éileoidh an comhthéacs, an tréimhse a ndéileálfar léi mar an tréimhse choigeartúcháin de réir alt 4C(11)) i ndáil le hearra caipitiúil a raibh, maidir leis an gcáin is inmhuirearaithe ar an tiarna talún dá fháil nó dá fhorbairt, d’oibleagáid ar an tiarna talún sin í a chur i gcuntas nuair a chealaigh an tiarna talún sin a tharscaoileadh díolúine nó a tarscaoileadh díolúine, tiocfaidh deireadh léi ar an dáta a raibh éifeacht leis an gcealú sin.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) (a) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo—

(i) i gcás go raibh, an 1 Iúil 2008, leas ag tiarna talún in earraí dochorraithe iomchuí,

(ii) i gcás nach raibh, ar an dáta iomchuí, leas ag an tiarna talún in aon earraí dochorraithe iomchuí, agus

(iii) i gcás nár cealaíodh tarscaoileadh díolúine an tiarna talún sin ar an dáta iomchuí nó roimhe de réir alt 7(3).

(b) I gcás go mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo—

(i) déileálfar le tarscaoileadh díolúine an tiarna talún amhail is gur cealaíodh é de réir alt 7(3) ar dháta rite an Achta Airgeadais 2009, agus

(ii) íocfaidh an tiarna talún sin méid, arb éard é an méid is iníoctha de réir alt 7(3) i leith chealú an tarscaoilte sin, amhail is dá mba cháin é a bheadh dlite ag an tiarna talún sin don tréimhse inchánach dar tosach an 1 Bealtaine 2009.

(8) (a) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo—

(i) i gcás go ndearna tiarna talún, sa tréimhse ón 1 Iúil 2008 go dtí an dáta iomchuí, earraí dochorraithe iomchuí a sholáthar le linn na tréimhse coigeartúcháin (de réir bhrí alt 12E nó, de réir mar a éileoidh an comhthéacs, le linn na tréimhse a ndéileálfar léi mar an tréimhse choigeartúcháin de réir alt 4C(11)) i ndáil leis na hearraí sin, agus

(ii) i gcás nach raibh cáin inmhuirearaithe ar an soláthar sin.

(b) I gcás feidhm a bheith ag an alt seo, ansin chun críocha ailt 4B(5), 12E(3)(d) agus 12E(7)(b) déileáiltear le soláthar na n-earraí dochorraithe iomchuí amhail is dá mba ar dháta rite an Achta Airgeadais 2009 a rinneadh é.

(c) Ní bheidh feidhm ag mír (b)—

(i) i gcás gur cealaíodh tarscaoileadh díolúine an tiarna talún de réir fho-alt (7), ná

(ii) i gcás go gcealaíonn an tiarna talún a tharscaoileadh díolúine nó a tarscaoileadh díolúine de réir alt 7(3) roimh an 1 Iúil 2009.

(9) (a) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo—

(i) i gcás go bhfuil leas ag tiarna talún in earraí dochorraithe iomchuí ar dháta rite an Achta Airgeadais 2009 nó dá éis,

(ii) i gcás go scoireann an tiarna talún, cibé acu de dheasca na hearraí sin a dhiúscairt nó ar shlí eile, de leas in aon earraí den sórt sin a bheith aige nó aici, agus

(iii) i gcás, ar an dáta a scoireann an tiarna talún sin d’aon leas den sórt sin a bheith aige nó aici, nár cealaíodh tarscaoileadh díolúine an tiarna talún sin de réir alt 7(3).

(b) I gcás go mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo—

(i) déileálfar le tarscaoileadh díolúine an tiarna talún amhail is gur cealaíodh é ar an dáta dá dtagraítear i mír (a)(iii), agus

(ii) íocfaidh an tiarna talún sin méid, arb éard é an méid is iníoctha de réir alt 7(3) i leith chealú an tarscaoilte sin, amhail is dá mba cháin é a bheadh dlite ag an tiarna talún sin don tréimhse inchánach ina ndéileáiltear leis an tarscaoileadh díolúine amhlaidh mar tharscaoileadh díolúine cealaithe.

(10) San alt seo—

ciallaíonn ‘ earraí dochorraithe iomchuí ’ earraí dochorraithe a mbeadh d’oibleagáid ar thiarna talún an cháin is inmhuirearaithe ar iad a fháil nó a fhorbairt a chur i gcuntas de réir alt 7(3) i ndáil le cealú tharscaoileadh díolúine an tiarna talún sin;

ciallaíonn ‘ dáta iomchuí ’ an dáta díreach roimh dháta rite an Achta Airgeadais 2009.”.

CUID 4

Dleachtanna Stampa

Léiriú (Cuid 4).

23 .— Sa Chuid seo, ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999.

Malartú tithe.

24 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 83B:

“Malartú tithe.

83C.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘talamh bhreise’ limistéar talún seachas talamh dá dtagraítear sa mhíniú ar ‘teach’;

ciallaíonn ‘teach’ foirgneamh nó cuid d’fhoirgneamh, a úsáidtear nó atá oiriúnach lena úsáid mar theaghais, agus folaíonn sé limistéar talún le háitiú agus le teachtadh i dteannta na teaghaise maille leis na gairdíní nó na tailte a ghabhann leis nach mó é ná 0.4047 heicteár gan limistéar na talún ar a bhfuil an teaghais foirgnithe a áireamh;

ciallaíonn ‘tógálaí tí’ duine atá tar éis teach nua a fhoirgniú agus folaíonn sé duine atá bainteach, de réir bhrí alt 10 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, leis an duine céadluaite mar chuid de shocrú i dtaca le foirgniú nó diúscairt an tí;

ciallaíonn ‘teach nua’ teach, maidir leis an tráth díreach sula ndearna an tógálaí tí an teach a thíolacadh, a aistriú nó a léasú, nár áitíodh nó nár díoladh roimhe sin;

ciallaíonn ‘seanteach’ teach a bhí, díreach sula ndearna pearsa aonair an teach a thíolacadh nó a aistriú, á áitiú ag an bpearsa aonair nó ag aon phearsa aonair eile.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraim a oibríonn mar thíolacadh nó aistriú seantí ag pearsa aonair (cibé acu ina aonar nó ina haonar nó i dteannta pearsana aonair eile) do thógálaí tí nó chuig tógálaí tí i gcás—

(a) go mbeidh deimhniú san ionstraim á rá go bhfuil feidhm ag an alt seo,

(b) go ndéanfaidh an tógálaí tí nó aon duine eile, nó iad araon, teach nua a thíolacadh nó a léasú don phearsa aonair (cibé acu ina aonar nó ina haonar nó i dteannta pearsana aonair eile), agus

(c) go ndéanfar tíolacadh nó aistriú an tseantí i gcomaoin thíolacadh, aistriú nó léasú an tí nua (dá ngairtear ‘malartú tithe’ san alt seo).

(3) D’ainneoin alt 37, ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar ionstraim a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir léi a mhéid a dhéanann an ionstraim tíolacadh nó aistriú seantí ag pearsa aonair (cibé acu ina aonar nó ina haonar nó i dteannta pearsana aonair eile) do thógálaí tí nó chuig tógálaí tí a chur i gcrích.

(4) I gcás go bhfuil feidhm ag fo-alt (3) agus nach bhfuil an seanteach agus an teach nua ar aonluach, ní bheidh in aon chomaoin a íocfar nó a chomhaontófar a íoc ar mhaithe le cothroime ach íocaíocht in airgead tirim.

(5) I gcás go ndéanfaidh pearsa aonair talamh bhreise a thíolacadh do thógálaí tí nó a aistriú chuig tógálaí tí le hionstraim a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir léi, beidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar an ionstraim, a mhéid a dhéantar talamh bhreise a thíolacadh nó a aistriú léi, i leith na talún breise, amhail is dá mba thíolacas nó aistriú í ar an talamh bhreise a dhíol ach luach na talún breise a thíolactar nó a aistrítear leis sin a chur in ionad mhéid nó luach na comaoine i leith an díola.

(6) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) maidir le hionstraim mura mbeidh sí, de réir alt 20, stampáilte le stampa áirithe á thaispeáint go bhfuil sí stampáilte go cuí nó, de réir mar a bheidh, nach bhfuil aon dleacht inmhuirearaithe uirthi.

(7) Chun críocha fho-alt (6), i gcás go ndéanfar aon mhalartú tithe a chur i gcrích le níos mó ná ionstraim amháin, déanfar na hionstraimí sin, chun críocha alt 20, a thíolacadh do na Coimisinéirí an tráth céanna.

(8) (a) I gcás go n-eascróidh faoiseamh ó dhleacht stampa faoin alt seo, tiocfaidh an tógálaí tí chun bheith faoi dhliteanas, an chéad uair a tharlóidh ceachtar de na teagmhais a shonraítear i mír (c), méid (dá ngairtear ‘aisghlámadh’ san fho-alt seo) a íoc leis na Coimisinéirí, ar méid é a bheidh comhionann le méid na dleachta a mhuirearófaí ar an ionstraim de bhua alt 37, i leith thíolacadh nó aistriú an tseantí chuig an tógálaí tí, mar aon le hús arna mhuirearú ar an méid sin, arna ríomh de réir alt 159D, ón dáta a tharla ceachtar de na teagmhais sin den chéad uair go dtí an dáta a íoctar an t-aisghlámadh.

(b) I gcás go n-eascróidh faoiseamh ó dhleacht stampa faoin alt seo agus go bhfaighfear amach dá éis sin maidir leis an deimhniú, dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(a), atá san ionstraim—

(i) go raibh sé neamhfhírinneach in aon phonc ábhartha agus gurbh é an toradh a bheadh air sin nach mbeadh feidhm ag an bhfaoiseamh a thugtar leis an alt seo, agus

(ii) gur áiríodh é, agus a fhios ag an té a d’áirigh go raibh an céanna neamhfhírinneach nó gur tugadh neamhaird mheargánta i dtaobh an raibh sé fírinneach nó nach raibh,

ansin, i gcás go mbeidh deimhniú bréagach curtha san áireamh san ionstraim, dlífidh an tógálaí tí méid a íoc leis na Coimisinéirí mar phionós atá comhionann le 125 faoin gcéad den dleacht a mhuirearófaí ar an ionstraim de bhua alt 37, i leith an seanteach a thíolacadh don tógálaí tí nó a aistriú chuig an tógálaí tí, dá ndeimhneofaí go fírinneach na fíorais go léir, mar aon le hús arna mhuirearú ar an méid sin, arna ríomh de réir alt 159D, ó dháta forghníomhaithe na hionstraime go dtí an dáta a íocfar an pionós.

(c) Is iad na teagmhais dá dtagraítear i mír (a)—

(i) déanann an tógálaí tí an seanteach, nó cuid den seanteach, a thíolacadh do dhuine eile nó a aistriú chuig duine eile, nó

(ii) ní dhéanann an tógálaí tí an seanteach a thíolacadh do dhuine eile nó a aistriú chuig duine eile an 31 Nollaig 2010 nó roimhe.

(9) D’ainneoin fho-alt (8)—

(a) ní bheidh aisghlámadh dlite de thógálaí tí faoi mhír (a) d’fho-alt (8) más rud é gur íoc agus a mhéid a d’íoc an tógálaí tí pionós faoi mhír (b) den fho-alt sin,

(b) ní dhlífear pionós a chur ar thógálaí tí faoi mhír (b) d’fho-alt (8) más rud é gur íoc agus a mhéid a d’íoc an tógálaí tí aisghlámadh faoi mhír (a) den fho-alt sin.

(10) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí a fhorghníomhófar an 7 Bealtaine 2009 nó dá éis agus an 31 Nollaig 2010 nó roimhe.”.

Leasú ar alt 101 (maoin intleachtúil) den Phríomh-Acht.

25 .— (1) Leasaítear alt 101(1) den Phríomh-Acht sa mhíniú ar “maoin intleachtúil”—

(a) i mír (a), trí “, ainm fearainn, ainm trádála, feisteas trádála, branda, ainm branda, marc seirbhíse nó teideal foilsitheoireachta” a chur in ionad “nó ainm fearainn”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):

“(ea) aon údarú nárbh incheadaithe dá éagmais—

(i) cógas, nó

(ii) táirge d’aon dearadh, foirmle, próiseas nó aireagán,

a dhíol chun aon chríche chun ar beartaíodh é,

(eb) aon chearta a dhíorthaítear ó thaighde arna dhéanamh, sula dtugtar aon údarú dá dtagraítear i mír (ea), ar na héifeachtaí a ghabhann—

(i) le cógas, nó

(ii) le táirge d’aon dearadh, foirmle, próiseas nó aireagán,”,

(c) i mír (f) trí “, (e), (ea) nó (eb)” a chur in ionad “nó (e)”,

(d) i mír (g) trí “(e), (ea), (eb)” a chur in ionad “(e)”,

(e) i mír (h) trí “(e), (ea), (eb), (f) nó (g), nó” a chur in ionad “(e), (f) nó (g),”, agus

(f) i mír (i) trí “(e), (ea), (eb)” a chur in ionad “(e)”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí a fhorghníomhófar tar éis an 7 Bealtaine 2009.

Leasú ar Chuid 9 (tobhaigh) den Phríomh-Acht.

26 .— (1) Leasaítear Cuid 9 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh 124A:

“Préimheanna árachais saoil áirithe.

124B.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘méid inmheasúnaithe’, i ndáil le ráithe, an méid comhlán a fhaigheann árachóir ar mhodh préimheanna sa ráithe sin le haghaidh polasaithe árachais dá dtagraítear in aicmí I, II, III, IV, V agus VI d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir, a mhéid atá na fiontair lena mbaineann na polasaithe árachais sin suite sa Stát (ar fiontair iad a mheastar a bheith suite sa Stát de bhua alt 61);

ciallaíonn ‘Treoir’ Treoir 2002/83/CE an 5 Samhain 2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1 maidir le hárachas saoil;

ciallaíonn ‘dáta dlite’, i leith na ráithe dar críoch—

(a) an 31 Márta in aon bhliain, an 30 Aibreán an bhliain chéanna,

(b) an 30 Meitheamh in aon bhliain, an 31 Iúil an bhliain chéanna,

(c) an 30 Meán Fómhair in aon bhliain, an 31 Deireadh Fómhair an bhliain chéanna, agus

(d) an 31 Nollaig in aon bhliain, an 31 Eanáir an bhliain dár gcionn;

ciallaíonn ‘árachóir’—

(a) duine is sealbhóir ar cheadúnas árachais faoin Acht Árachais 1936,

(b) sealbhóir ar údarú de réir bhrí Rialacháin Chreata na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil) 1994 (I.R. Uimh. 360 de 1994), nó

(c) sealbhóir ar údarú oifigiúil chun árachas a ghabháil de láimh san Íoslainn, i Lichtinstéin nó san Iorua, de bhun Chomhaontú LEE de réir bhrí Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú) 1993, is sealbhóir a bhfuil gnó árachais saoil á sheoladh aige nó aici sa Stát;

ciallaíonn ‘árachas saoil’ árachas d'aicme dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir;

tá le ‘préimh’ an bhrí chéanna atá le “praemium” san Acht Árachais 1936;

ciallaíonn ‘ráithe’, i ndáil le bliain, tréimhse 3 mhí dar críoch an 31 Márta, an 30 Meitheamh, an 30 Meán Fómhair nó an 31 Nollaig.

(2) Déanfaidh árachóir ráiteas i scríbhinn a sheachadadh ar na Coimisinéirí gach bliain, tráth nach déanaí ná an dáta dlite le haghaidh gach ráithe, ag tosú leis an ráithe dar críoch an 30 Meán Fómhair 2009, agus taispeánfar sa ráiteas an méid inmheasúnaithe maidir leis an árachóir i leith na ráithe sin.

(3) Déanfar dleacht stampa a bheidh ar cóimhéid le 1 faoin gcéad den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar sa ráiteas a mhuirearú ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2).

(4) An dleacht a mhuirearaítear le fo-alt (3) ar ráiteas arna sheachadadh ag árachóir de bhun fho-alt (2), íocfaidh an t-árachóir í leis na Coimisinéirí ar an ráiteas a sheachadadh.

(5) Tabharfaidh árachóir do na Coimisinéirí cibé sonraí a mheasfaidh na Coimisinéirí is gá i ndáil le haon ráiteas a gceanglaítear ar árachóir leis an alt seo é a sheachadadh.

(6) I gcás go mainneoidh árachóir—

(a) aon ráiteas a cheanglaítear ar an árachóir a sheachadadh de bhun fho-alt (2) a sheachadadh tráth nach déanaí ná an dáta dlite, nó

(b) an dleacht stampa is inmhuirearaithe ar aon ráiteas den sórt sin a íoc ar an ráiteas a sheachadadh,

beidh an t-árachóir faoi dhliteanas—

(i) ón dáta dlite sin go dtí an lá a íocfar an dleacht stampa, ús ar an dleacht stampa, arna ríomh de réir alt 159D, a íoc i dteannta na dleachta stampa, agus

(ii) ón dáta dlite sin, pionós €380 a íoc in aghaidh gach lae a fhanfaidh an dleacht stampa gan íoc.

(7) Más rud é, le linn aon ráithe, ach roimh an dáta dlite—

(a) go scoireann árachóir de ghnó a sheoladh a gceanglaítear ar an árachóir ráiteas (dá ngairtear ‘an chéad ráiteas a luaitear’ san fho-alt seo) a sheachadadh lena linn de bhun fho-alt (2) (lena n-áirítear aon chás ina gceanglaítear ar an árachóir amhlaidh de bhua oibriú an fho-ailt seo roimhe sin) ach nach ndearna sé nó sí amhlaidh roimh an scor sin, agus

(b) go bhfaigheann duine eile (dá ngairtear an ‘comharba’ san fho-alt seo) an gnó iomlán nó bunáite an ghnó,

ansin—

(i) ní cheanglaítear ar an árachóir an chéad ráiteas a luaitear a sheachadadh, agus

(ii) déanfaidh an comharba—

(I) i gcás go gceanglaítear ar an gcomharba, ar leith ón bhfo-alt seo, ráiteas (dá ngairtear ‘an dara ráiteas a luaitear’ san fho-alt seo) a sheachadadh de bhun fho-alt (2) (lena n-áirítear aon chás ina gceanglaítear amhlaidh ar an gcomharba de bhua oibriú an fho-ailt seo roimhe sin) i leith na ráithe céanna ach nach ndearna sé nó sí amhlaidh roimh an bhfáil sin, an méid inmheasúnaithe a cheanglófaí a thaispeáint sa chéad ráiteas a luaitear mura scoirfeadh an t-árachóir den ghnó lena mbaineann a sheoladh a chur sa dara ráiteas sin a luaitear,

(II) i gcás nach bhfuil feidhm ag fomhír (I), an chéad ráiteas a luaitear a sheachadadh amhail is dá mba é nó í an comharba an t-árachóir.

(8) Féadfaidh na Coimisinéirí seachadadh aon ráitis a cheanglaítear le fo-alt (2) a fhorfheidhmiú faoi alt 47 den Succession Duty Act 1853 ar gach slí amhail is dá mba é a bhí sa ráiteas sin an cuntas sin a luaitear san alt sin agus amhail is dá mba é a bhí sa mhainneachtain an ráiteas sin a sheachadadh an mhainneachtain sin a luaitear san alt sin.”,

(b) in alt 125(3), trí “3 faoin gcéad” a chur in ionad “2 faoin gcéad”,

agus

(c) in alt 126B(1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “alt sonraithe”:

“ciallaíonn ‘alt sonraithe’ alt 123, 123A, 123B, 123C, 124, 124A, 124B nó 125.”.

(2) (a) San fho-alt seo tá le “méid inmheasúnaithe”, “préimheanna” agus “árachóir” na bríonna, faoi seach, a thugtar dóibh in alt 124B(1) (a chuirtear isteach leis an alt seo) den Phríomh-Acht.

(b) Tá feidhm ag fo-alt (1)(a) maidir leis an oiread sin den mhéid inmheasúnaithe arb éard atá ann préimheanna a fhaightear an 1 Lúnasa 2009 nó dá éis i leith conarthaí árachais cibé uair a dhéanann árachóir iad.

(3) (a) San fho-alt seo tá le “méid inmheasúnaithe”, “préimheanna” agus “árachóir” na bríonna, faoi seach, a thugtar dóibh in alt 125(1) den Phríomh-Acht.

(b) Beidh feidhm ag fo-alt (1)(b) maidir leis an oiread sin den mhéid inmheasúnaithe arb éard atá ann préimheanna a fhaightear an 1 Meitheamh 2009 nó dá éis i leith tairiscintí árachais nó fógraí athnuachana árachais arna n-eisiúint ag árachóir an 8 Aibreán 2009 nó dá éis.

CUID 5

Cáin Fháltas Caipitiúil

Leasú ar Sceideal 2 (cáin a ríomh) a ghabhann leis an Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003.

27 .— (1) Leasaítear Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003—

(a) sa mhíniú ar “grúpthairseach” i mír 1 de Chuid 1—

(i) i bhfomhír (a), trí “€304,775” a chur in ionad “€381,000”,

(ii) i bhfomhír (b), trí “€30,478” a chur in ionad “€38,100”, agus

(iii) i bhfomhír (c), trí “€15,239” a chur in ionad “€19,050”,

agus

(b) trí “25” a chur in ionad “22” sa Tábla i gCuid 2.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le bronntanais agus oidhreachtaí arna nglacadh an 8 Aibreán 2009 nó dá éis.

CUID 6

Ilghnéitheach

Léiriú (Cuid 6).

28 .— Sa Chuid seo, ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997.

Ús ar cháin áirithe thar téarma.

29 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 172K(6), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) Aon mhéid cánach iarchoimeádta díbhinne is iníoctha de réir na Caibidle seo gan measúnacht a bheith déanta, béarfaidh sé ús ón dáta a thiocfaidh an méid chun bheith dlite agus iníoctha go dtí go n-íocfar é—

(i) in aghaidh aon lae nó coda de lá roimh an 1 Iúil 2009 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0322 faoin gcéad, agus

(ii) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Iúil 2009 nó dá éis ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0274 faoin gcéad.”,

(b) in alt 240(3), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) Aon cháin is iníoctha de réir alt 239 gan measúnacht a bheith déanta, béarfaidh sí ús ón dáta a thiocfaidh an méid chun bheith dlite agus iníoctha go dtí go n-íocfar é—

(i) in aghaidh aon lae nó coda de lá roimh an 1 Lúnasa 1978 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0492 faoin gcéad,

(ii) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Lúnasa 1978 nó dá éis agus roimh an 1 Aibreán 1998 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0410 faoin gcéad,

(iii) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Aibreán 1998 nó dá éis agus roimh an 1 Iúil 2009 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0322 faoin gcéad, agus

(iv) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Iúil 2009 nó dá éis ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0274 faoin gcéad.”,

(c) in alt 258(9), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) Aon mhéid cánach cuí nó méid ar cuntas cánach cuí is iníoctha de réir na Caibidle seo gan measúnacht a bheith déanta, béarfaidh sé ús ón dáta a thiocfaidh an méid chun bheith dlite agus iníoctha go dtí go n-íocfar é—

(i) in aghaidh aon lae nó coda de lá roimh an 1 Iúil 2009 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0322 faoin gcéad, agus

(ii) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Iúil 2009 nó dá éis ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0274 faoin gcéad.”,

(d) in alt 531, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (9):

“(9) I gcás go mbeidh an méid cánach a bheidh duine is príomhaí nó a meastar gur príomhaí é nó í den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (1) faoi dhliteanas faoin alt seo agus faoi aon rialacháin faoi fho-alt (6) a íoc leis an Ard-Bhailitheoir gan íoc amhlaidh, íocfaidh an duine leis an Ard-Bhailitheoir ús simplí ar an méid agus ríomhfar an t-ús sin ón dáta a tháinig an méid chun bheith dlite agus iníoctha go dtí go n-íocfar é—

(a) in aghaidh aon lae nó coda de lá roimh an 1 Lúnasa 1978 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0492 faoin gcéad,

(b) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Lúnasa 1978 nó dá éis agus roimh an 1 Aibreán 1998 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0410 faoin gcéad,

(c) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Aibreán 1998 nó dá éis agus roimh an 1 Iúil 2009 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0322 faoin gcéad, agus

(d) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Iúil 2009 nó dá éis ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0274 faoin gcéad.”,

(e) in alt 730G(7), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) Béarfaidh aon mhéid cánach cuí ús ón dáta a thagann an méid chun bheith dlite agus iníoctha go dtí go n-íocfar é—

(i) in aghaidh aon lae nó coda de lá roimh an 1 Iúil 2009 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0322 faoin gcéad, agus

(ii) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Iúil 2009 nó dá éis ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0274 faoin gcéad.”,

(f) in alt 739F(7), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) Béarfaidh aon mhéid cánach cuí ús ón dáta a thagann an méid chun bheith dlite agus iníoctha go dtí go n-íocfar é—

(i) in aghaidh aon lae nó coda de lá roimh an 1 Iúil 2009 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0322 faoin gcéad, agus

(ii) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Iúil 2009 nó dá éis ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0274 faoin gcéad.”,

(g) in alt 991, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) I gcás, maidir le méid cánach a bheidh fostóir faoi dhliteanas faoin gCaibidil seo agus aon rialacháin faoin gCaibidil seo a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim, nach ndéantar é a íoc amhlaidh, íocfaidh an fostóir ús simplí ar an méid leis na Coimisinéirí Ioncaim, agus ríomhfar an t-ús sin ó dheireadh na tréimhse a shonrófar sna rialacháin chun an méid a íoc go dtí go n-íocfar é—

(a) in aghaidh aon lae nó coda de lá roimh an 1 Lúnasa 1978 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0492 faoin gcéad,

(b) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Lúnasa 1978 nó dá éis agus roimh an 1 Aibreán 1998 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0410 faoin gcéad,

(c) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Aibreán 1998 nó dá éis agus roimh an 1 Iúil 2009 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0322 faoin gcéad, agus

(d) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Iúil 2009 nó dá éis ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0274 faoin gcéad.”,

agus

(h) in alt 1080 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann le fo-alt (2):

“An Tábla

(Tréimhse)

(1)

(Céatadán)

(2)

Ón 6 Aibreán 1963 go dtí an 31 Iúil 1971

0.0164%

Ón 1 Lúnasa 1971 go dtí an 30 Aibreán 1975

0.0246%

Ón 1 Bealtaine 1975 go dtí an 31 Iúil 1978

0.0492%

Ón 1 Lúnasa 1978 go dtí an 31 Márta 1998

0.0410%

Ón 1 Aibreán 1998 go dtí an 31 Márta 2005

0.0322%

Ón 1 Aibreán 2005 go dtí an 30 Meitheamh 2009

0.0273%

Ón 1 Iúil 2009 go dtí dáta na híocaíochta

0.0219%

”.

(2) Leasaítear alt 159D den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999—

(a) i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “tréimhse moille”:

“ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’, i ndáil le tréimhse moille atá laistigh de níos mó ná tréimhse amháin a shonraítear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann le fo-alt (2), aon chuid den tréimhse moille atá laistigh de thréimhse, nó arb ionann í agus tréimhse, a shonraítear sa cholún sin;”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Is éard a bheidh sa mhéid úis a mhuirearófar, is inmhuirearaithe, is iníoctha nó is inghnóthaithe i leith aon dleachta neamhíoctha nó aon mhéid eile a bheidh dlite agus iníoctha nó inghnóthaithe faoi fhoráil shonraithe—

(a) i gcás go bhfuil an tréimhse moille ar áireamh i gceann de na tréimhsí a shonraítear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo nó i gcás gurb ionann an tréimhse sin agus an tréimhse moille, an méid a chinnfear de réir na foirmle—

A [html] D [html] P

i gcás—

gurb é A an dleacht nó an méid eile atá dlite agus iníoctha faoin bhforáil shonraithe agus atá gan íoc,

gurb é D an líon laethanta (lena n-áirítear cuid de lá) arb é an tréimhse moille é, agus

gurb é P an céatadán cuí i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus atá os coinne na tréimhse a shonraítear i gcolún (1) den Tábla sin ar laistigh di don tréimhse moille nó arb ionann í agus an tréimhse moille,

agus

(b) i gcás go bhfuil an tréimhse moille ar áireamh i dtréimhse leanúnach arb éard ata inti níos mó ná aon tréimhse amháin a shonraítear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo, ach gan a bheith i dtaobh le haon tréimhse amháin den sórt sin (mar atá amhlaidh i bhfo-alt (a)), nó i gcás gurb ionann tréimhse leanúnach den sórt agus an tréimhse moille, comhiomlán na méideanna atá dlite i leith gach tréimhse iomchuí ar cuid den tréimhse moille í, agus déanfar an méid atá dlite i leith gach tréimhse iomchuí den sórt sin a chinneadh de réir na foirmle—

A [html] D [html] P

i gcás—

gurb é A an dleacht nó an méid eile atá dlite agus iníoctha faoin bhforáil shonraithe agus atá gan íoc,

gurb é D an líon laethanta (lena n-áirítear cuid de lá) arb é an tréimhse moille é, agus

gurb é P an céatadán cuí i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus atá os coinne na tréimhse a shonraítear i gcolún (1) den Tábla sin agus ar laistigh di don tréimhse moille nó arb ionann í agus an tréimhse moille.

An Tábla

(Tréimhse)

(1)

(Céatadán)

(2)

Ón 1 Aibreán 2005 go dtí an 30 Meitheamh 2009

0.0273%

Ón 1 Iúil 2009 go dtí dáta na híocaíochta

0.0219%

”.

(3) Leasaítear alt 51 den Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 i bhfo-alt (2) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt sin:

“An Tábla

Cuid 1

(Tréimhse)

(1)

(Céatadán)

(2)

Ón 31 Márta 1976 go dtí an 31 Iúil 1978

0.0492%

Ón 1 Lúnasa 1978 go dtí an 31 Márta 1998

0.0410%

Ón 1 Aibreán 1998 go dtí an 31 Márta 2005

0.0322%

Ón 1 Aibreán 2005 go dtí an 30 Meitheamh 2009

0.0273%

Ón 1 Iúil 2009 go dtí dáta na híocaíochta

0.0219%

Cuid 2

(1)

(2)

Ón 8 Feabhra 1995 go dtí an 31 Márta 1998

0.0307%

Ón 1 Aibreán 1998 go dtí an 31 Márta 2005

0.0241%

Ón 1 Aibreán 2005 go dtí an 30 Meitheamh 2009

0.0204%

Ón 1 Iúil 2009 go dtí dáta na híocaíochta

0.0164%

”.

(4) Leasaítear alt 21(1) den Acht Cánach Breisluacha 1972—

(a) i mír (a), trí “0.0274” a chur in ionad “0.0322”, agus

(b) i mír (b), trí “0.0274” a chur in ionad “0.0322”.

(5) Leasaítear alt 103(2) den Acht Airgeadais 2001 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) Gan dochar d’fhorálacha alt 74 den Acht Airgeadais 2002 a bhaineann le dleacht gealltóireachta, más rud é go dtiocfaidh aon mhéid dleachta máil chun bheith iníoctha faoi fho-alt (1) nó faoi aon fhoráil eile de na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil, nó faoi aon ionstraim a bhaineann leis na dleachtanna máil agus a rinneadh faoi reacht, ach nach n-íoctar é, déanfaidh an duine a dhlíonn an dleacht a íoc ús simplí a íoc ar an méid agus déanfar an t-ús sin a ríomh ón dáta a tháinig an méid chun bheith iníoctha—

(i) in aghaidh aon lae nó coda de lá roimh an 1 Iúil 2009 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0322 faoin gcéad, agus

(ii) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Iúil 2009 nó dá éis ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0274 faoin gcéad.”.

(6) Leasaítear alt 74 den Acht Airgeadais 2002 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) I gcás go dtiocfaidh aon mhéid dleachta gealltóireachta chun bheith iníoctha faoi alt 67 agus nach n-íoctar é, déanfaidh an duine a dhlíonn an dleacht a íoc ús simplí a íoc ar an méid agus déanfar an t-ús sin a ríomh ón dáta a thagann an méid chun a bheith iníoctha—

(a) in aghaidh aon lae nó coda de lá roimh an 1 Iúil 2009 ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0322 faoin gcéad, agus

(b) in aghaidh aon lae nó coda de lá an 1 Iúil 2009 nó dá éis ar lena linn a bheidh an méid gan íoc, de réir ráta 0.0274 faoin gcéad.”.

(7) (a) Beidh feidhm ag fo-ailt (1), (2), (3), (5) agus (6) maidir le haon cháin nó dleacht neamhíoctha, de réir mar a bheidh, nach mbeidh íoctha roimh an 1 Iúil 2009, is cuma ar tháinig an cháin nó an dleacht sin chun bheidh dlite agus iníoctha roimh an dáta sin, ar an dáta sin nó tar éis an dáta sin.

(b) Beidh feidhm ag fo-alt (4) maidir le hús is iníoctha faoi alt 21 den Acht Cánach Breisluacha 1972 in aghaidh aon lae nó coda de lá dar tosach an 1 Iúil 2009 nó dá éis, i leith méid cánach breisluacha a dhlitear a íoc nó méid cánach breisluacha a aisíocadh nárbh inaisíoctha go cuí, de réir mar a bheidh, cibé acu roimh an dáta sin, ar an dáta sin nó tar éis an dáta sin.

Leasuithe teicniúla ilghnéitheacha i ndáil le cáin.

30 .— (1) Leasaítear Cuid 11D (a cuireadh isteach le halt 21 den Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008) den Phríomh-Acht—

(a) in alt 380Q(1), sa mhíniú ar “substaint chontúirteach”, trí “le Rialachán 3” a chur in ionad “le halt 3”,

(b) in alt 380Q, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Beidh feidhm ag an gCuid seo maidir le haon chaiteachas arna thabhú an 1 Eanáir 2009 nó dá éis agus roimh an 1 Eanáir 2014.”,

(c) in alt 380S(2), trí “faoi alt 380R(5)(a)(ii)” a chur in ionad “faoi alt 380R(5)(b)”,

(d) in alt 380V(2)—

(i) trí “chun críocha trádála iomchuí” a chur in ionad “chun críocha na trádála sin”, agus

(ii) trí “380U(b)” a chur in ionad “380U(1)(b)”,

agus

(e) in alt 380W—

(i) i bhfo-alt (1), trí “380U(b)” a chur in ionad “380U(1)(b)”, agus

(ii) i bhfo-alt (3), trí “Cánach” a chur in ionad “Cánacha”.

(2) Leasaítear alt 1077C(2)(b) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008) den Phríomh-Acht trí “ón duine sin” a chur in ionad “ón bpearsa aonair sin”.

(3) Leasaítear an tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999—

(a) in alt 87(3), trí “dáta íoctha na suime sin agus, ar mhodh pionóis,” a chur in ionad “go dtí dáta íoctha na suime sin agus”,

(b) in alt 87A(4)(b), trí “ar mhodh pionóis, suim is comhionann le 1 faoin gcéad” a chur in ionad “suim is comhionann le 1 faoin gcéad”, agus

(c) in alt 134A—

(i) i bhfo-alt (7), trí “i bhfo-alt (3)(a) agus i míreanna (a)(i) agus (b)(i) d’fho-alt (5)” a chur in ionad “i bhfo-ailt (3)(a) agus (5)(a)”,

(ii) i bhfo-alt (8), trí “i bhfo-alt (3)(b) agus i míreanna (a)(ii) agus (b)(ii) d’fho-alt (5)” a chur in ionad “i bhfo-ailt (3)(b) agus (5)(b)”, agus

(iii) i bhfo-alt (9), trí “i bhfo-alt (3)(c) agus i míreanna (a)(iii) agus (b)(iii) d’fho-alt (5)” a chur in ionad “i bhfo-ailt (3)(c) agus (5)(c)”.

(4) Leasaítear an tAcht Airgeadais (Uimh. 2) 2008—

(a) in alt 6(1)(c), trí fhomhír (ii) a scriosadh, seachas clásal (II), agus tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an chlásail sin:

“(iia) i mír (c)(ii)—

(I) trí ‘den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo’ a chur in ionad ‘den Tábla a ghabhann leis an alt seo’, agus

(II) trí ‘24,000’ a chur in ionad ‘15,000’,

agus”,

agus

(b) in alt 98(2), trí “maidir le fomhír (as) de mhír 2 de Sceideal 5” a chur in ionad “maidir le fomhír (ar) de mhír 2 de Sceideal 5”.

(5) (a) Chun críocha alt 21(2) den Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008, déanfar na leasuithe ar an bPríomh-Acht a dhéantar le halt 21(1) den Acht sin a léamh mar leasuithe arna ndéanamh le fo-alt (1) den alt seo.

(b) Measfar gur tháinig fo-alt (2) i bhfeidhm agus in éifeacht amhail ar an agus ón 24 Nollaig 2008.

(c) I bhfo-alt (3)

(i) measfar gur tháinig míreanna (a) agus (b) i bhfeidhm agus in éifeacht amhail ar an agus ón 24 Nollaig 2008,

(ii) tá éifeacht le fomhíreanna (i) agus (ii) de mhír (c) maidir le pionóis a thabhófar ar an Acht seo a rith nó dá éis, agus

(iii) tá éifeacht le fomhír (iii) de mhír (c) amhail ar an agus ón 24 Nollaig 2008 agus, dá réir sin, tá feidhm ag forálacha mhír 6(b) de Sceideal 5 a ghabhann leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008 a bhaineann le tagairtí d’fho-ailt (2)(c) agus (4)(c) d’alt 134A den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 maidir leis na forálacha lena mbaineann arna leasú leis an bhfomhír sin.

(d) Tá feidhm ag fo-alt (2) d’alt 6 den Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008 maidir le fo-alt (1) den alt sin arna leasú le fo-alt (4)(a) den alt seo.

(e) Tá éifeacht le fo-alt (4)(b) amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo.

Cúram agus bainistiú cánacha agus dleachtanna.

31 .— Déantar na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistiú na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

32 .— (1) Féadfar an tAcht Airgeadais 2009 a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar Cuid 1

(a) a mhéid a bhaineann sí le cáin ioncaim agus le tobhach ioncaim, i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim,

(b) a mhéid a bhaineann sí le cáin chorparáide, i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide, agus

(c) a mhéid a bhaineann sí le cáin ghnóchan caipitiúil, i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

(3) Forléireofar Cuid 2, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna sin agus le bainistiú na ndleachtanna sin.

(4) Forléireofar Cuid 3 i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha.

(5) Forléireofar Cuid 4 i dteannta an Achta Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(6) Forléireofar Cuid 5 i dteannta an Achta Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(7) Forléireofar Cuid 6—

(a) a mhéid a bhaineann sí le cáin ioncaim, i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim,

(b) a mhéid a bhaineann sí le cáin chorparáide, i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide,

(c) a mhéid a bhaineann sí le cáin ghnóchan caipitiúil, i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil,

(d) a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, i dteannta na reachtanna a bhaineann le dleachtanna máil agus le bainistiú na ndleachtanna sin,

(e) a mhéid a bhaineann sí le cáin bhreisluacha, i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha,

(f) a mhéid a bhaineann sí le dleacht stampa, i dteannta an Achta Comhdhlúite Dleachtanna Stampa agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin, agus

(g) a mhéid a bhaineann sí le cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta, i dteannta an Achta Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(8) Ach amháin i gcás go bhforáiltear go sainráite dá mhalairt i gCuid 1, measfar an Chuid sin a bheith tagtha i bhfeidhm agus tá éifeacht léi amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2009.

(9) Ach amháin i gcás go bhforáiltear go sainráite dá mhalairt, i gcás go mbeidh foráil den Acht seo le teacht i ngníomh ar an Aire Airgeadais do dhéanamh ordú, tiocfaidh an fhoráil sin i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Airgeadais, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

1IO Uimh. L182, 2.7.1992, lch. 1

2IO Uimh. L198, 8.8.1996, lch. 30

1IO Uimh. L345, 19 Nollaig 2002, lch. 1