22 2009

/images/harp.jpg


Uimhir 22 de 2009


ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA) 2009

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1 . Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

2 . Léiriú.

3 . Rialacháin.

4 . Ordacháin ón Aire.

5 . Treoirlínte.

6 . Teorainn le cumhacht an Aire.

7 . Aisghairm.

8 . Leasuithe iarmhartacha.

9 . Caiteachais.

CUID 2

Feidhmeanna Údarás Tithíochta

Caibidil 1

Seirbhísí Tithíochta

10 . Seirbhísí tithíochta a sholáthar.

11 . Seirbhísí coimhdeacha a sholáthar.

12 . Maoiniú le haghaidh seirbhísí tithíochta.

13 . Acmhainní údaráis tithíochta.

Caibidil 2

Plean Seirbhísí Tithíochta

14 . Oibleagáid chun plean seirbhísí tithíochta a dhéanamh.

15 . An t-ábhar a bheidh i bplean seirbhísí tithíochta.

16 . Dréachtphlean a ullmhú agus plean a dhéanamh.

17 . Plean seirbhísí tithíochta a athrú.

18 . Clár gníomhaíochta tithíochta.

Caibidil 3

Tacaíocht do Thithíocht Shóisialta

19 . Tacaíocht do thithíocht shóisialta a sholáthar.

20 . Measúnacht ar thithíocht shóisialta.

21 . Achoimre ar mheasúnachtaí tithíochta sóisialta.

22 . Teaghaisí a leithroinnt.

Caibidil 4

Socruithe le haghaidh Cóiríochta ar Cíos

23 . Léiriú (Caibidil 4).

24 . Comhaontú infhaighteachta cóiríochta cíosa.

25 . Comhaontú tionóntachta Chaibidil 4.

26 . Caiteachais arna dtabhú ag údarás tithíochta.

27 . Gan feidhm a bheith ag forálacha áirithe maidir le diúscairtí chun críocha na Caibidle seo.

Caibidil 5

Feidhmeanna Bainistíochta agus Rialaithe

28 . Feidhmeanna bainistíochta agus rialaithe.

29 . Comhaontuithe tionóntachta.

30 . Feidhmeanna bainistíochta agus rialaithe a tharmligean.

31 . Scéimeanna cíosa agus muirir.

32 . Ceanglais maidir le faisnéis.

33 . Airgead atá ag dul d’údarás tithíochta.

34 . Socruithe le teaghlaigh chun airgead atá dlite agus ag dul d’údarás tithíochta a íoc.

35 . Straitéis maidir le hiompar frithshóisialta.

Caibidil 6

Pleananna Gníomhaíochta Easpa Dídine

36 . Léiriú (Caibidil 6).

37 . Plean gníomhaíochta easpa dídine.

38 . Fóram comhairleach easpa dídine.

39 . Grúpa bainistíochta.

40 . Dréachtphlean a ullmhú agus plean a dhéanamh.

41 . Ordacháin ón Aire.

42 . Cumhacht an Aire chun comhlacht a fhorordú mar chomhlacht sonraithe.

CUID 3

Socruithe Ceannaigh Imcrimintigh

43 . Léiriú (Cuid 3).

44 . Feidhm Chuid 3 maidir le teaghaisí áirithe.

45 . Teaghais a dhíol trí shocrú ceannaigh incrimintigh.

46 . Ordú muirir.

47 . Laghdú ar sciar muirearaithe a fhionraí.

48 . Rialú ar athdhíol teaghaise arna díol faoi shocrú ceannaigh incrimintigh.

49 . Rialacháin (Cuid 3).

CUID 4

Ceannach Árasán ag Tionóntaí

50 . Léiriú (Cuid 4).

51 . Breithniú i dtaobh mórláthair árasán a ainmniú.

52 . Dréacht-togra a ullmhú chun mórláthair árasán a ainmniú.

53 . Togra chun mórláthair árasán a ainmniú.

54 . Pobalbhreith tionóntaí.

55 . Mórláthair árasán a ainmniú.

56 . Tréimhse díola tosaigh.

57 . Bunú agus cuspóirí cuideachta bainistíochta.

58 . Cruinnithe bliantúla agus tuarascálacha de chuid cuideachta bainistíochta.

59 . Úinéireacht ar mhórláthair árasán ainmnithe a aistriú chuig cuideachta bainistíochta.

60 . Árasán a léasú le húdarás tithíochta.

61 . Iarmhairtí de dhroim ainmniú do dhul as feidhm faoi alt 55.

62 . Costais a thabhóidh cuideachta bainistíochta.

63 . Mórláthair árasán ainmnithe a bhainistiú, a rialú agus a chothabháil.

64 . Údarás tithíochta do dhíol árasán le tionóntaí.

65 . Forálacha a bhaineann le cuideachta bainistíochta.

66 . Comhaltas de chuideachta bainistíochta d’aistriú go huathoibríoch ar an árasán a dhíol.

67 . Muirear seirbhíse mórláithreach árasán.

68 . Ciste fiachmhúchta.

69 . Muirir bhliantúla cuideachta bainistíochta.

70 . Ciste tacaíochta mórláithreach árasán.

71 . Díospóid idir údarás tithíochta agus cuideachta bainistíochta a eascraíonn faoi alt 70(10).

72 . Cuntais cuideachta bainistíochta.

73 . Comhaontú seirbhísí maoine.

74 . Ordú muirir.

75 . Laghdú ar sciar muirearaithe a fhionraí.

76 . Rialú ar athdhíol árasáin atá faoi réir ordaithe muirir.

77 . Rialacháin (Cuid 4).

CUID 5

Socruithe Ceannaigh Teaghaise Incheannaithe

78 . Léiriú (Cuid 5).

79 . Teaghaisí a sholáthar.

80 . Comhaontú díola dhírigh.

81 . Teaghais mhargaidh oscailte.

82 . Feidhm Chuid 5.

83 . Socruithe ceannaigh teaghaise incheannaithe.

84 . Measúnacht ar incháilitheacht teaghlaigh le haghaidh socrú ceannaigh teaghaise incheannaithe.

85 . Scéim tosaíochta i gcomhair socruithe ceannaigh teaghaise incheannaithe.

86 . Ordú muirir.

87 . Íocaíochtaí ag ceannaitheoir le linn tréimhse muirearaithe.

88 . Orduithe muirir agus comhaontuithe le forais airgeadais a chlárú.

89 . Aisíoc ar dhul in éag do thréimhse mhuirearaithe.

90 . Rialú ar athdhíol teaghaise arna ceannach faoi shocrú ceannaigh teaghaise incheannaithe.

91 . Méideanna a bheidh dlite d’údarás tithíochta a ghnóthú.

92 . Teaghais a luacháil chun críocha áirithe.

93 . Ordú muirir a urscaoileadh.

94 . Ciste Teaghaisí Incheannaithe.

95 . Rialacháin (Cuid 5).

96 . Socruithe idirthréimhseacha agus forálacha cosantacha.

CUID 6

Forálacha i leith Deontas Áirithe

97 . Deontais i leith láithreáin a sholáthar faoi alt 57 den Phríomh-Acht.

98 . Rialú ar athdhíol láithreán áirithe nó teaghaisí ar na láithreáin sin.

99 . Deontas oiriúnaithe a aisíoc.

CUID 7

Leasuithe ar an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004

100 . Leasuithe ar an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004.

SCEIDEAL 1

Aisghairm

SCEIDEAL 2

Leasuithe Iarmhartacha

CUID 1

Leasuithe ar Acht na dTithe 1966

CUID 2

Leasuithe ar an Acht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe 1981

CUID 3

Leasuithe ar Acht na dTithe 1988

CUID 4

Leasuithe ar Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 1992

CUID 5

Leasuithe ar Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 1997

CUID 6

Leasuithe ar Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil) 1998

CUID 7

Leasuithe ar an Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000

CUID 8

Leasú ar an Acht um Chlárú Sibhialta 2004

CUID 9

Leasú ar an Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005

SCEIDEAL 3

Téarmaí agus Coinníollacha Comhaontaithe Tionóntachta

SCEIDEAL 4

Faisnéis a bheidh le hÁireamh i gComhaontú Seirbhísí Maoine


Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna Eadrána 1954 go 1998

Acht an Bhainc Ceannais 1971

1971, Uimh. 24

An tAcht um Chlárú Sibhialta 2004

2004, Uimh. 3

Achtanna na gCuideachtaí

Conveyancing Acts 1881 to 1911

An tAcht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh 1976

1976, Uimh. 27

Acht an Gharda Síochána 2005

2005, Uimh. 20

Na hAchtanna Sláinte 1947 go 2008

An tAcht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe 1981

1981, Uimh. 37

Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 1979

1979, Uimh. 27

Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 1992

1992, Uimh. 18

Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 1997

1997, Uimh. 21

Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2002

2002, Uimh. 9

Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil) 1998

1998, Uimh. 33

Acht na dTithe 1966

1966, Uimh. 21

Acht na dTithe 1988

1988, Uimh. 28

Achtanna na dTithe 1966 go 2004

Land Law (Ireland) Act 1881

1881, c. 49

An tAcht Rialtais Áitiúil 2001

2001, Uimh. 37

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000

2000, Uimh. 30

An tAcht um Chlárú Teidil 1964

1964, Uimh. 16

An tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004

2004, Uimh. 27

Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh

An tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005

2005, Uimh. 26

An tAcht um Údaráis Stáit (Socruithe le haghaidh Comhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha) 2002

2002, Uimh. 1

An tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997

1997, Uimh. 39

An tAcht Oideachais Ghairme Beatha 1930

1930 Uimh. 29

/images/harp.jpg


Uimhir 22 de 2009


ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA) 2009

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE MAIDIR LE FEIDHMEANNA ÚDARÁS TITHÍOCHTA; DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE PLEANANNA SEIRBHÍSÍ TITHÍOCHTA A DHÉANAMH; DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE MEASÚNUITHE A DHÉANAMH AR THITHÍOCHT SHÓISIALTA CHUN CRÍOCHA TACAÍOCHTA DO THITHÍOCHT SHÓISIALTA AGUS CHUN TEAGHAISÍ A LEITHROINNT; DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE SOCRUITHE LE hAGHAIDH CÓIRÍOCHTA CÍOSA; DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE FEIDHMEANNA BAINISTÍOCHTA AGUS RIALAITHE ÚDARÁS TITHÍOCHTA; DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE PLEANANNA GNÍOMHAÍOCHTA A DHÉANAMH I nDÁIL LE hEASPA DÍDINE; DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE STRAITÉIS IOMPAIR FHRITHSHÓISIALTA A DHÉANAMH; DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE MAIDIR LE TIONÓNTAÍ DO CHEANNACH TEAGHAISÍ FAOI SHOCRUITHE CEANNAIGH INCRIMINTIGH; DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE TIONÓNTAÍ DO CHEANNACH ÁRASÁN; DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE TEAGHAISÍ ÁIRITHE A DHÍOL FAOI SHOCRUITHE CEANNAIGH INCHEANNAITHE; DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE MAIDIR LE CAIGHDEÁIN LE hAGHAIDH TITHE AR CÍOS AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE FÓGRAÍ FEABHSÚCHÁIN AGUS FÓGRAÍ TOIRMISC A THABHAIRT DO THIARNAÍ TALÚN; CHUN NA gCRÍOCH SIN AGUS CHUN CRÍOCH EILE DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA dTITHE 1966 GO 2004, DO LEASÚ AN ACHTA UM GHNÍOMHAIREACHT AIRGEADAIS DO THITHE 1981, AN ACHTA UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT 2000, AN ACHTA UM CHLÁRÚ SIBHIALTA 2004, AN ACHTA UM THIONÓNTACHTAÍ CÓNAITHE 2004 AGUS AN ACHTA CHOMHDHLÚITE LEASA SHÓISIALAIGH 2005 AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[15 Iúil, 2009]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

1 .— (1) Féadfar Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na dTithe 1966 go 2009 a ghairm d’Achtanna na dTithe 1966 go 2004 agus den Acht seo (seachas alt 100 ) le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.

(3) Déanfar alt 100 agus, a mhéid a bhaineann sé leis an alt sin, an t-alt seo a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Thionóntachtaí Cónaithe 2004 agus 2009, mar aon ní amháin, agus folófar iad sa chomhlua “na hAchtanna um Thionóntachtaí Cónaithe 2004 agus 2009”.

(4) Tagann an tAcht seo (seachas alt 100 ) i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla, lena n-áirítear feidhm alt 7 8 maidir le hachtacháin éagsúla a shonraítear i Sceideal 1 nó i Sceideal 2 agus maidir le forálacha éagsúla de na hachtacháin sin.

Léiriú.

2 .— (1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1988” Acht na dTithe 1988;

ciallaíonn “Acht 1992” Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 1992;

ciallaíonn “Acht 1997” Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 1997;

ciallaíonn “Acht 2002” Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2002;

ciallaíonn “ tithíocht incheannaithe ” teaghaisí incheannaithe arna gceannach faoi shocruithe ceannaigh teaghaise incheannaithe faoi Chuid 5 nó tithíocht incheannaithe arna soláthar faoi Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 nó faoi Chuid 2 d’Acht 2002, de réir mar a bheidh;

tá le “ scéim leithroinnte ” an bhrí a thugtar dó le halt 22;

tá le “iompar frithshóisialta” an bhrí chéanna atá leis in alt 1 d’Acht 1997;

ciallaíonn “comhlacht ceadaithe” comhlacht atá arna cheadú chun críocha alt 6 d’Acht 1992;

tá le “carbhán” an bhrí chéanna atá leis in alt 13 d’Acht 1988;

tá le “ comhaontú tionóntachta Chaibidil 4 ” an bhrí a thugtar dó le halt 25 agus forléireofar tagairtí do “tionóntacht Chaibidil 4” dá réir sin;

tá le “ plean forbartha ” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000;

folaíonn “ teaghais ” aon fhoirgneamh nó aon chuid d’fhoirgneamh atá á áitiú nó a bheartaítear a áitiú mar ghnátháit chónaithe agus folaíonn sé aon fhotheach, clós, gairdín nó talamh eile a chomhghabhann leis nó a theachtar de ghnáth ina theannta agus folaíonn sé teach, árasán, teaghaisín, teaghasán nó brú;

tá le “ bainistiú eastáit ” an bhrí chéanna a shanntar do “ bainistí eastáit ” in alt 1 d’Acht 1997;

tá le “ feidhm feidhmiúcháin ” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil 2001;

tá le “ plean gníomhaíochta easpa dídine ” an bhrí a thugtar dó le halt 37;

tá le “ fóram comhairleach easpa dídine ” an bhrí a thugtar dó le halt 38;

ciallaíonn “ duine gan dídean ” duine a measann údarás tithíochta gur duine gan dídean é nó í de réir na brí atá le “duine gan chónaí” in alt 2 d’Acht 1988 agus forléireofar “ gan dídean ” agus “ teaghlach gan dídean ” dá réir sin;

léifear “ comhfhóram comhairleach easpa dídine ” de réir alt 38 ;

ciallaíonn “ teaghlach ”, faoi réir ailt 20 agus 84, duine a chónaíonn ina aonar nó ina haonar nó 2 dhuine nó níos mó atá in aontíos;

tá le “ clár gníomhaíochta tithíochta ” an bhrí a thugtar dó le halt 18;

tá le “ údarás tithíochta ” an bhrí chéanna atá leis in alt 23 d’Acht 1992;

déanfar “ seirbhísí tithíochta ” a léamh de réir alt 10;

tá le “ plean seirbhísí tithíochta ” an bhrí a thugtar dó le halt 14;

tá le “ straitéis tithíochta ” an bhrí chéanna atá leis in alt 93 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000;

déanfar “ tacaíocht tithíochta ” a léamh de réir alt 10 (a);

ciallaíonn “ údarás áitiúil ” údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil 2001;

tá le “ bainisteoir ” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil 2001;

tá le “ cíos margaidh ” an bhrí chéanna atá leis in alt 24 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004;

“ciallaíonn “ feabhsuithe ábhartha ” feabhsuithe arna ndéanamh—

(a) ar theaghais arna díol faoi shocrú ceannaigh incrimintigh faoi Chuid 3, nó

(b) faoi réir alt 78 (3), ar theaghais arna díol faoi shocrú ceannaigh teaghaise incheannaithe faoi Chuid 5,

cibé acu chun an teaghais a leathnú, a mhéadú, a dheisiú nó a athchóiriú, ach ní fholaíonn sé maisiú ná aon fheabhsuithe arna ndéanamh ar an talamh lena n-áirítear an teaghais a fhoirgniú;

ciallaíonn “ Aire ” an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn “ forordaithe ” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

ciallaíonn “ Príomh -Acht ” Acht na dTithe 1966;

tá le “ socrú le haghaidh comhpháirtíochta poiblí príobháidí ” an bhrí chéanna atá leis in alt 3 den Acht um Údaráis Stáit (Socruithe le haghaidh Comhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha) 2002;

folaíonn “ athfheistiú ”, i ndáil le teaghais nó foirgneamh eile, an teaghais nó an foirgneamh eile sin a mhéadú, a fheabhsú, a oiriúnú nó a athfhoirgniú;

tá le “comhaontú infhaighteachta cóiríochta cíosa” an bhrí a thugtar dó le halt 24;

tá le “scéim cíosa” an bhrí a thugtar dó le halt 31;

tá le “ feidhm fhorchoimeádta ” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil 2001;

tá le “ measúnacht ar thithíocht shóisialta ” an bhrí a thugtar dó le halt 20;

déanfar “ tacaíocht do thithíocht shóisialta ” a léamh de réir alt 19 .

(2) San Acht seo déanfar tagairtí do “comhairle buirge”, “comhairle contae” agus “comhairle baile” a léamh de réir an Achta Rialtais Áitiúil 2001.

Rialacháin.

3 .— (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena bhforordófar aon ní dá dtagraítear, san Acht seo, mar ní atá forordaithe nó atá le forordú nó mar ní a bheidh ina ábhar do rialacháin nó chun a chumasú go mbeidh lánéifeacht le haon fhoráil dá chuid.

(2) Maidir le rialacháin faoin Acht seo—

(a) féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha, iarmhartacha nó idirthréimhseacha a bheith iontu is dóigh leis an Aire is gá chun críocha na rialachán, agus

(b) féadfaidh sé a bheith sainráite iontu go bhfuil feidhm acu go ginearálta nó go bhfuil feidhm acu maidir le húdaráis tithíochta nó limistéir shonraithe nó maidir le húdaráis tithíochta, limistéir, mórláithreacha árasán (de réir bhrí alt 50 ), teaghaisí, tionóntachtaí, iasachtaí, morgáistí, daoine, teaghlaigh, oibreacha nó aon ní eile d’aicme shonraithe nó d’aicmí sonraithe, arna sainiú faoi threoir cibé nithe lena mbaineann an fhoráil nó na forálacha den Acht seo faoina ndéantar na rialacháin agus is cuí leis an Aire agus féadfaidh sé a bheith sainráite go bhfuil feidhm ag forálacha éagsúla de na rialacháin sin maidir le húdaráis tithíochta nó limistéir éagsúla nó maidir le haicmí éagsúla údarás tithíochta, limistéar, mórláithreacha árasán (de réir bhrí alt 50 ), teaghaisí, tionóntachtaí, iasachtaí, morgáistí, daoine, teaghlach, oibreacha nó nithe eile.

(3) Leagfar gach rialachán faoin Acht seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin rún a rith ag neamhniú an rialacháin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Ordacháin ón Aire.

4 .— (1) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, de réir mar is cuí leis nó léi, ordacháin bheartais ghinearálta a thabhairt i scríbhinn d’údarás tithíochta i ndáil leis an údarás tithíochta do chomhlíonadh aon cheann dá chuid feidhmeanna faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009 agus comhlíonfaidh an t-údarás tithíochta aon ordachán den sórt sin.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordachán i scríbhinn, ordachán faoi fho-alt (1), lena n-áirítear ordachán faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.

(3) Aon uair a thabharfaidh an tAire ordachán faoin alt seo, foilseoidh sé nó sí an t-ordachán, nó cuirfidh sé nó sí faoi deara go bhfoilseofar é, sa tslí is cuí leis nó léi.

(4) Déanfaidh údarás tithíochta cóip d’aon ordachán a thabharfar dó faoin alt seo a chur ar fáil le linn gnáthuaireanta oibre lena iniúchadh ag daoine den phobal, saor in aisce, ar an Idirlíon agus ina chuid oifigí agus i cibé áiteanna eile is cuí leis.

Treoirlínte.

5 .— (1) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, de réir mar is cuí leis nó léi, cibé treoirlínte, is cuí leis nó léi, a eisiúint chuig údaráis tithíochta i ndáil le comhlíonadh a gcuid feidhmeanna faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009 agus tabharfaidh údaráis tithíochta aird ar na treoirlínte sin le linn na feidhmeanna sin a chomhlíonadh.

(2) Déanfaidh an tAire aon treoirlínte a eiseofar faoin alt seo a fhoilsiú, nó a chur faoi deara go bhfoilseofar iad, sa tslí is cuí leis nó léi.

(3) Déanfaidh údarás tithíochta cóip d’aon treoirlínte a eiseofar chuige faoin alt seo a chur ar fáil le linn gnáthuaireanta oibre lena n-iniúchadh ag daoine den phobal, saor in aisce, ar an Idirlíon agus ina chuid oifigí agus i cibé áiteanna eile is cuí leis.

Teorainn le cumhacht an Aire.

6 .— Gan dochar d’alt 12, ní fhorléireofar ailt 4 agus 5 mar ailt lena gcuirtear ar chumas an Aire aon chumhacht nó rialú a fheidhmiú i ndáil le haon chás áirithe a bhfuil baint ag údarás tithíochta leis nó a bhféadfaidh baint a bheith ag údarás tithíochta leis.

Aisghairm.

7 .— Déantar na hAchtanna a shonraítear i gcolún (3) de Sceideal 1 a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (4) den Sceideal sin.

Leasuithe iarmhartacha.

8 .— Déantar na hAchtanna a shonraítear i Sceideal 2 a leasú mar a léirítear sa Sceideal sin.

Caiteachais.

9 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID 2

Feidhmeanna Údarás Tithíochta

Caibidil 1

Seirbhísí Tithíochta

Seirbhísí tithíochta a sholáthar.

10 .— Le linn dó a fheidhmeanna faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009 a chomhlíonadh, féadfaidh údarás tithíochta seirbhísí tithíochta a sholáthar, lena n-áirítear gach ní nó aon ní díobh seo a leanas, ach gan iad a bheith teoranta do na nithe sin—

(a) tacaíocht tithíochta arna soláthar do theaghlaigh chun freastal ar a riachtanais chóiríochta, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i) tacaíocht do thithíocht shóisialta;

(ii) tithíocht incheannaithe;

(iii) léasanna úinéireachta roinnte a dheonú faoi alt 3 d’Acht 1992;

(iv) teaghaisí a dhíol, nó toiliú lena ndíol, faoi alt 90 den Phríomh-Acht;

(v) fóirdheontais is iníoctha faoi alt 4 d’Acht 1992 nó faoi alt 7 d’Acht 2002;

(vi) iasachtaí arna dtabhairt faoi alt 11 d’Acht 1992 nó faoi alt 25(1) d’Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil) 1998;

(vii) deontais le haghaidh oibreacha chun tithe a fheabhsú nó a oiriúnú faoi alt 5 d’Acht 1992;

(viii) deontais agus cúnamh eile chun tithe nua a sholáthar nó le haghaidh oibreacha feabhsúcháin ar thithe faoi alt 6 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 1979;

(ix) seirbhísí arna soláthar do dhaoine gan dídean, nó daoine gan chónaí, faoi alt 10 d’Acht 1988;

(x) láithreáin a sholáthar faoi alt 57 den Phríomh-Acht,

(b) cúnamh, seachas cúnamh airgeadais nó tacaíocht tithíochta, arna sholáthar—

(i) de réir plean gníomhaíochta easpa dídine do theaghlaigh a bhí gan dídean tráth roimh a gcóiríocht reatha a áitiú acu agus, i dtuairim an údaráis tithíochta, gur gá an cúnamh sin d’fhonn tacaíocht a thabhairt do na teaghlaigh sin chun fanacht ag áitiú na cóiríochta sin, nó

(ii) do thionóntaí teaghaisí lena mbaineann alt 31 (1),

(c) bainistiú, cothabháil agus athfheistiú a dhéanamh faoi alt 28 ar aon teaghais, foirgneamh nó talamh atá ar úinéireacht ag an údarás tithíochta nó atá faoina bhainistiú agus faoina rialú, agus

(d) athfhoirgniú nó feabhsú a dhéanamh faoi alt 12 d’Acht 1988 ar thithe áirithe arna soláthar ag údaráis tithíochta.

Seirbhísí coimhdeacha a sholáthar.

11 .— (1) San alt seo folaíonn “ seirbhísí coimhdeacha ” bóithre, siopaí, saoráidí chun tairbhe don phobal (lena n-áirítear saoráidí sláinte agus fóillíochta), faichí súgartha, ionaid áineasa, páirceanna, plásáin, spásanna oscailte, láithreáin le haghaidh ionad adhartha, monarchana, scoileanna, oifigí agus foirgnimh nó talamh eile agus cibé oibreacha nó seirbhísí eile a bheidh, i dtuairim údaráis tithíochta, fóinteach i dtaca le riachtanais na dteaghlach dá soláthraítear na teaghaisí lena mbaineann nó i dtaca le riachtanais teaghlach eile.

(2) Le linn seirbhísí tithíochta a sholáthar agus i dtaca le teaghaisí a sholáthraítear, atá le soláthar nó is gá, i dtuairim an údaráis tithíochta, a sholáthar san am atá le teacht, féadfaidh údarás tithíochta na seirbhísí coimhdeacha a sholáthar agus, más cuí leis é, iad a choimeád i ndea-ord agus i ndea-dheis.

(3) Chun críocha fho-alt (2)—

(a) folaíonn tagairt do theaghaisí a sholáthar tagairt do theaghaisí a sholáthraítear, nó a chothabháiltear, thar ceann údaráis tithíochta de bhun socruithe le comhlacht ceadaithe nó de bhun socruithe le haghaidh comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha, agus

(b) folaíonn tagairt do sheirbhísí coimhdeacha a sholáthar agus a chothabháil tagairt do sheirbhísí coimhdeacha a sholáthraítear de bhun socruithe le comhlacht ceadaithe nó de bhun socruithe le haghaidh comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha.

Maoiniú le haghaidh seirbhísí tithíochta.

12 .— (1) Féadfaidh an tAire, chun seirbhísí tithíochta a sholáthar, le toiliú an Aire Airgeadais, deontas nó fóirdheontas a íoc le húdarás tithíochta as airgead a sholáthróidh an tOireachtas i leith na nithe seo a leanas go léir nó i leith aon cheann amháin nó níos mó díobh:

(a) an t-údarás do sholáthar teaghaisí nó láithreán;

(b) athfheistiú teaghaisí arna soláthar ag an údarás;

(c) an t-údarás do sholáthar carbhán nó do sholáthar, d’fheabhsú nó do bhainistiú láithreán le haghaidh carbhán dá dtagraítear in alt 13 d’Acht 1988 do dhaoine lena mbaineann an t-alt sin;

(d) talamh a fháil chun teaghaisí nó láithreáin a sholáthar;

(e) seirbhísí coimhdeacha a sholáthar i dtaca le teaghaisí nó láithreáin a sholáthar nó a fheabhsú;

(f) faoi réir cibé rialacháin a dhéanfar faoin alt seo, cúnamh a sholáthar do chomhlacht ceadaithe faoi alt 6 d’Acht 1992;

(g) cibé bearta a dhéanfaidh an t-údarás tithíochta de bhun a phlean seirbhísí tithíochta chun a sheirbhísí tithíochta a fheabhsú;

(h) cibé bearta a dhéanfaidh an t-údarás tithíochta de bhun a phlean gníomhaíochta easpa dídine agus a bhaineann le cúnamh a sholáthar faoi alt 10 (b)(i).

(2) Ní íocfar deontas ná fóirdheontas faoin alt seo maidir le teaghais, láithreán nó oibreacha mura rud é go gcomhlíonann an teaghais, an láithreán nó na hoibreacha iomchuí, tráth a gcríochnaithe, cibé coinníollacha, más ann, a chinnfidh an tAire ó am go ham chun críocha an ailt seo i ndáil le caighdeáin foirgníochta agus oibreacha agus i ndáil le soláthar uisce, séarachais agus seirbhísí eile i dteaghaisí nó chuig láithreáin.

(3) Maidir le fóirdheontas faoi fho-alt (1) i leith muirear iasachta arna dtabhú le linn aon cheann de na seirbhísí tithíochta dá dtagraítear san fho-alt sin a sholáthar, féadfar é a íoc leis an údarás tithíochta lena mbaineann nó féadfar é a íoc, thar ceann an údaráis sin, leis an duine a thug an iasacht iomchuí ar ina leith a tabhaíodh na muirir iasachta.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le deontas nó fóirdheontas a íoc faoi fho-alt (1)(f), ar rialacháin iad ina ndéanfar foráil maidir leis na nithe seo a leanas go léir nó maidir le haon cheann amháin nó níos mó díobh:

(a) an aicme nó na haicmí cóiríochta a bhféadfar an deontas nó an fóirdheontas a íoc ina leith agus an aicme nó na haicmí teaghlach dá soláthraítear an chóiríocht sin;

(b) méid an deontais nó an fhóirdheontais;

(c) ceanglais i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(i) an cúnamh a bhféadfar an deontas nó an fóirdheontas a íoc ina leith,

(ii) an deontas nó an fóirdheontas a íoc,

(iii) imthosca airgeadais agus imthosca eile teaghlach a áitíonn cóiríocht a bhféadfar an deontas nó an fóirdheontas a íoc ina leith,

(iv) áitiú agus cothabháil cóiríochta a bhféadfar an deontas nó an fóirdheontas a íoc ina leith,

(v) achar urláir na cóiríochta a bhféadfar an deontas nó an fóirdheontas a íoc ina leith arna thomhas ar cibé slí a chinnfidh an tAire ó am go ham,

(vi) caighdeáin foirgníochta, oibreacha agus deisiúcháin, agus uisce, séarachas agus seirbhísí eile a bheith ar fáil i gcóiríocht a bhféadfar an deontas nó an fóirdheontas a íoc ina leith, agus

(vii) aon deontas, fóirdheontas nó cúnamh eile a íoc faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo) i leith na cóiríochta lena mbaineann.

Acmhainní údaráis tithíochta.

13 .— Maidir le haon airgead a fhabhróidh chuig údarás tithíochta—

(a) as teaghais a dhíol atá ar úinéireacht ag an údarás, lena n-áirítear díol faoi alt 90 den Phríomh-Acht nó faoi Chuid 34,

(b) as teaghais a athdhíol faoi alt 48 76,

(c) as comhlacht ceadaithe i leith teaghais dá dtagraítear i mír (b) a athdhíol,

(d) as íocaíochtaí i leith aon mhéideanna a bheidh gan íoc faoi alt 47 75, de réir mar a bheidh,

(e) as teaghais a athdhíol faoi alt 9 d’Acht 2002,

(f) as leas an údaráis tithíochta a cheannach nó as teaghais a dhíol, de réir mar a bheidh, faoi alt 10 d’Acht 2002,

(g) as láithreáin áirithe, nó teaghaisí ar na láithreáin sin, a athdhíol faoi alt 98 , nó

(h) as deontas lena mbaineann alt 99 a aisíoc,

tabharfaidh an t-údarás tithíochta cuntas air i gcuntas ar leithligh agus, faoi réir ceadú a fháil roimh ré ón Aire, féadfar é a úsáid chun tithíocht a sholáthar nó chun tithíocht atá ann cheana féin a athfheistiú nó a chothabháil, nó chun aon chríoch gaolmhar eile.

Caibidil 2

Plean Seirbhísí Tithíochta

Oibleagáid chun plean seirbhísí tithíochta a dhéanamh.

14 .— (1) Déanfaidh gach údarás tithíochta plean (dá ngairtear “plean seirbhísí tithíochta” san Acht seo) ina leagfar amach na cuspóirí is dóigh leis an údarás tithíochta a bheith réasúnach agus riachtanach chun seirbhísí tithíochta a sholáthar ag féachaint do cheanglais na straitéise nó do straitéisí tithíochta a bhaineann le tacaíochtaí tithíochta dá limistéar riaracháin.

(2) Beidh plean seirbhísí tithíochta i scríbhinn agus sonrófar ann conas a bheartaíonn an t-údarás tithíochta seirbhísí tithíochta a sholáthar.

(3) Faoi réir fho-alt (5), déanfaidh údarás tithíochta plean seirbhísí tithíochta a ghlacadh tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an dáta a ndéantar an plean forbartha reatha.

(4) Bainfidh plean seirbhísí tithíochta leis an tréimhse a bheidh fágtha de phlean forbartha reatha an údaráis tithíochta.

(5) (a) Féadfaidh an tAire a ordú d’údarás tithíochta nó d’údaráis tithíochta plean seirbhísí tithíochta a dhéanamh i ndáil leis an tréimhse a bheidh fágtha den phlean forbartha a bheidh i ngníomh, ar theacht i ngníomh don alt seo, i leith an limistéir riaracháin lena mbaineann agus beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le plean den sórt sin a ullmhú agus a dhéanamh.

(b) Comhlíonfaidh údarás tithíochta aon ordachán a thabharfar dó faoi mhír (a).

(6) Is feidhm fhorchoimeádta é plean seirbhísí tithíochta, nó dréachtphlean, de réir mar a bheidh, a ullmhú, a dhéanamh, a ghlacadh nó a athrú.

An t-ábhar a bheidh i bplean seirbhísí tithíochta.

15 .— (1) Le linn plean seirbhísí tithíochta a bheith á dhéanamh, tabharfaidh údarás tithíochta aird ar na nithe seo a leanas, go háirithe:

(a) an plean nó na pleananna forbartha dá limistéar riaracháin;

(b) aon achoimre nó achoimrí ar mheasúnachtaí ar thithíocht shóisialta arna n-ullmhú faoi alt 21 ;

(c) an t-éileamh ar thithíocht incheannaithe ina limistéar riaracháin;

(d) an clár cóiríochta nó na cláir chóiríochta arna ghlacadh nó arna nglacadh dá limistéar riaracháin de réir alt 7 d’Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil) 1998;

(e) an plean gníomhaíochta easpa dídine arna ghlacadh de réir Chaibidil 6 i leith a limistéir riaracháin;

(f) an gá atá ann a chinntiú go soláthraítear seirbhísí tithíochta ar mhodh ina gcuirtear pobail inchothaithe chun cinn, lena n-áirítear an gá atá leis na nithe seo a leanas, ach ní gá iad a bheith teoranta do na nithe sin—

(i) gníomhú i gcoinne leithlisiú míchuí i dtaca le tithíocht idir daoine ar de chúlraí éagsúla sóisialta iad, agus

(ii) a chinntiú go soláthráitear meascán de chineálacha agus de mhéideanna teaghaisí agus d’aicmí tionachta chun go mbeidh siad in oiriúint go réasúnach do na cineálacha éagsúla tacaíochta tithíochta atá ag teastáil ina limistéar riaracháin;

(g) a straitéis iompair fhrithshóisialta (más ann) faoi alt 35 ;

(h) aon ordacháin a thabharfaidh an tAire faoi fho-alt (2);

(i) na nithe a shonraítear in alt 69 den Acht Rialtais Áitiúil 2001 ar nithe iad a gceanglaítear ar údaráis áitiúla aird a thabhairt orthu le linn a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) (a) Féadfaidh an tAire a ordú d’údarás tithíochta cibé faisnéis a chur san áireamh ina phlean seirbhísí tithíochta is dóigh leis nó léi is gá, lena n-áirítear faisnéis agus tosaíochtaí maidir le gach ceann de na nithe seo a leanas, ach ní gá go mbeidh an fhaisnéis nó na tosaíochtaí teoranta do na nithe sin:

(i) tacaíochtaí cuí tithíochta a sholáthar;

(ii) bearta atá beartaithe chun a chinntiú go soláthrófar tacaíochtaí tithíochta ar mhodh ina ndéanfar pobail inchothaithe a chur chun cinn;

(iii) cáilíocht, caighdeáin agus bail tithíochta atá ar úinéireacht ag an údarás tithíochta, agus tosaíochtaí maidir le hathfheistiú;

(iv) pleananna chun an limistéar riaracháin lena mbaineann, nó aon chuid de, a athbheochan;

(v) beartais an údaráis tithíochta maidir le bainistiú agus cothabháil teaghaisí nó láithreán atá ar úinéireacht nó faoina rialú aige.

(b) Comhlíonfaidh údarás tithíochta aon ordachán a thabharfar dó faoi mhír (a).

(3) Beidh ar áireamh i bplean seirbhísí tithíochta an achoimre nó na hachoimrí, arna hullmhú nó arna n-ullmhú faoi alt 21 , ar na measúnachtaí ar thithíocht shóisialta a rinneadh i leith an limistéir riaracháin lena mbaineann.

Dréachtphlean a ullmhú agus plean a dhéanamh.

16 .— (1) Ullmhóidh údarás tithíochta dréacht den phlean seirbhísí tithíochta agus cuirfidh sé cóip den dréachtphlean seirbhísí tithíochta—

(a) chuig an Aire,

(b) chuig gach údarás áitiúil a bhfuil a limistéar riaracháin tadhlach le limistéar riaracháin an údaráis a mbeidh an dréachtphlean á ullmhú aige nó a bhfuil a limistéar riaracháin laistigh den limistéar riaracháin sin,

(c) chuig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte,

(d) chuig comhlachtaí ceadaithe a ghabhann do chóiríocht nó dídean a sholáthar sa limistéar riaracháin lena mbaineann,

(e) faoi bhráid an fhóraim chomhairligh easpa dídine ina limistéar riaracháin, nó an chomhfhóraim chomhairligh easpa dídine, de réir mar a bheidh,

(f) chuig aon choiste comhairleach áitiúil um chóiríocht don lucht siúil sa limistéar riaracháin lena mbaineann arna cheapadh faoi alt 21 d’Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil) 1998, agus

(g) chuig cibé comhlachtaí áitiúla pobail sa limistéar riaracháin lena mbaineann agus chuig aon duine eile is cuí leis an údarás tithíochta.

(2) Féadfaidh na daoine a shonraítear i bhfo-alt (1) aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn maidir leis an dréachtphlean seirbhísí tithíochta a chur faoi bhráid an údaráis tithíochta laistigh de 8 seachtaine ón dáta a chuirfear an dréachtphlean chucu faoi fho-alt (1).

(3) Más dóigh leis an Aire, maidir le haon dréachtphlean seirbhísí tithíochta, nach gcuirtear i gcuntas, i slí leordhóthanach, aon cheann de na nithe a shonraítear in alt 15 (1), féadfaidh an tAire, laistigh den tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (2), ar chúiseanna sonraithe, a ordú don údarás tithíochta lena mbaineann bearta sonraithe a dhéanamh chun a chinntiú go gcuirfear na nithe sin i gcuntas, ar shlí leordhóthanach, sa phlean seirbhísí tithíochta nuair a dhéanfar é agus comhlíonfaidh an t-údarás tithíochta aon ordachán den sórt sin.

(4) Tráth nach déanaí ná 4 seachtaine tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (2), déanfaidh an bainisteoir tuarascáil ar na nithe seo a leanas a ullmhú agus a chur faoi bhráid an údaráis tithíochta—

(a) aon aighneachtaí nó tuairimí a chuirfear faoi bhráid an údaráis tithíochta faoi fho-alt (2),

(b) na hordacháin (más ann) ón Aire faoi fho-alt (3) agus na cúiseanna sonraithe leis na hordacháin sin, agus

(c) aon ghné den dréachtphlean seirbhísí tithíochta (seachas gnéithe den dréachtphlean is ábhar d’aon ordachán ón Aire faoi fho-alt (3)) nach ndéantar maidir leis, i dtuairim an bhainisteora, aon cheann de na nithe a shonraítear in alt 15 (1) a chur i gcuntas ar shlí leordhóthanach.

(5) Déanfaidh an t-údarás tithíochta, tar éis ordacháin ón Aire (más ann) faoi fho-alt (3) agus tuarascáil an bhainisteora faoi fho-alt (4) a chur i gcuntas, an plean seirbhísí tithíochta a ghlacadh, fara modhnú nó gan mhodhnú, laistigh de 6 seachtaine tar éis tuarascáil an bhainisteora a chur faoi bhráid an údaráis tithíochta.

(6) Déanfaidh an t-údarás tithíochta—

(a) cóip den phlean seirbhísí tithíochta a thabhairt don Aire a luaithe is indéanta tar éis a ghlactha,

(b) an plean seirbhísí tithíochta a chur ar fáil, saor in aisce, lena iniúchadh arna iarraidh sin d’aon duine ina chuid oifigí agus i cibé áiteanna eile is dóigh leis is cuí, le linn gnáthuaireanta oifige,

(c) arna iarraidh sin d’aon duine, cóip den phlean seirbhísí tithíochta a sholáthar ar phraghas nach mó ná an costas réasúnach a ghabhann lena hatáirgeadh, agus

(d) cóip den phlean seirbhísí tithíochta a fhoilsiú agus a chothabháil ar an Idirlíon ar feadh thréimhse an phlean.

Plean seirbhísí tithíochta a athrú.

17 .— (1) I gcás inar dóigh leis an mbainisteoir gur tharla athrú ar aon cheann de na nithe a shonraítear in alt 15(1) ar athrú é a dhéanann difear suntasach don phlean seirbhísí tithíochta, lena n-áirítear aon choigeartú ar straitéis tithíochta de bhun alt 95(3) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, cuirfidh an bainisteoir tuarascáil maidir leis an ní faoi bhráid chomhaltaí an údaráis tithíochta agus, i gcas ina measfaidh an bainisteoir gur gá agus gur cuí é, féadfaidh sé nó sí a mholadh go n-athrófar an plean seirbhísí tithíochta dá réir sin agus féadfaidh an t-údarás tithíochta, tar éis aon mholtaí den sórt sin a chur i gcuntas, de réir mar is cuí leis, a chinneadh an plean, nó cuid nó codanna de, a athrú dá réir sin.

(2) I gcás inar dóigh leis an Aire gur tharla athrú ar na himthosca ar athrú é a dhéanann difear suntasach do gach cuid nó d’aon chuid nó d’aon chodanna de phlean seirbhísí tithíochta amháin nó níos mó, féadfaidh sé nó sí ordachán a thabhairt á cheangal ar an údarás tithíochta nó ar na húdaráis tithíochta lena mbaineann an plean nó na pleananna nó an chuid nó na codanna de nó díobh a athrú dá réir sin agus comhlíonfaidh an t-údarás tithíochta nó na húdaráis tithíochta, de réir mar a bheidh, aon ordachán den sórt sin.

(3) Beidh feidhm ag alt 16 maidir le plean a athrú mar atá feidhm aige maidir le plean a ullmhú agus a ghlacadh, fara aon mhodhnuithe is gá.

Clár gníomhaíochta tithíochta.

18 .— (1) Déanfaidh an bainisteoir, ó am go ham, clár (dá ngairtear “clár gníomhaíochta tithíochta” san Acht seo) a ullmhú i cibé foirm agus i gcomhair cibé tréimhse a ordóidh an tAire, ar clár é maidir leis an bplean seirbhísí tithíochta a chur i ngníomh.

(2) Déanfar, le clár gníomhaíochta tithíochta—

(a) na hacmhainní airgeadais atá ar fáil don tréimhse lena mbaineann an clár a chur i gcuntas, agus

(b) cibé nithe a shonróidh an tAire in ordachán arna thabhairt faoi fho-alt (1) a áireamh, lena n-áirítear (ach amháin i gcás an chéad chláir gníomhaíochta tithíochta) athbhreithniú ar an dul chun cinn a rinneadh maidir leis an bplean seirbhísí tithíochta a chur i ngníomh le linn thréimhse an chláir gníomhaíochta tithíochta roimhe sin.

(3) Tabharfaidh an bainisteoir cóip den chlár gníomhaíochta tithíochta don Aire, do chomhaltaí an údaráis tithíochta agus do chomhaltaí aon chomhairle buirge nó aon chomhairle baile atá i limistéar riaracháin an údaráis tithíochta.

Caibidil 3

Tacaíocht do Thithíocht Shóisialta

Tacaíocht do thithíocht shóisialta a sholáthar.

19 .— (1) Féadfaidh údarás tithíochta, de réir Achtanna na dTithe 1966 go 2009 agus de réir rialachán arna ndéanamh faoi na hAchtanna sin, tacaíocht do thithíocht shóisialta a sholáthar nó soláthar tacaíochta do thithíocht shóisialta a éascú nó a bhainistiú.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas a bheith san áireamh i dtacaíocht do thithíocht shóisialta:

(a) teaghaisí arna soláthar ag údarás tithíochta faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009 nó arna soláthar faoi Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, seachas tithíocht incheannaithe;

(b) teaghaisí arna soláthar ag comhlacht ceadaithe;

(c) teaghais a dhíol faoi Chuid 3;

(d) comhaontuithe um infhaighteacht cóiríochta cíosa a dhéanamh agus a chothabháil;

(e) láithreáin le haghaidh carbhán dá dtagraítear in alt 13 d’Acht 1988 a sholáthar agus aon chóiríocht a sholáthraítear don lucht siúil faoi Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil) 1998;

(f) láithreáin a sholáthar faoi alt 57 den Phríomh-Acht chun críocha foirgníochta.

(3) Féadfaidh údarás tithíochta, de réir Achtanna na dTithe 1966 go 2009 agus de réir rialachán arna ndéanamh faoi na hAchtanna sin na nithe seo a leanas chun tacaíocht do thithíocht shóisialta a sholáthar do theaghlaigh, cibé acu a dhéantar í a sholáthar ar bhonn buan nó ar bhonn sealadach—

(a) teaghaisí nó láithreáin a cheannach, a thógáil, a léasú nó a fháil ar shlí eile,

(b) foirgnimh a athchóiriú, agus

(c) teaghaisí a athfheistiú.

(4) Le linn dó a fheidhmeanna faoi fho-ailt (2) agus (3) a chomhlíonadh beidh aird ag údarás tithíochta ar a phlean seirbhísí tithíochta agus ar an ngá atá ann maidir leis an méid seo a leanas—

(a) gníomhú i gcoinne leithlisiú míchuí i dtaca le tithíocht idir daoine ar de chúlraí éagsúla sóisialta iad, agus

(b) a chinntiú go soláthraítear meascán de chineálacha agus de mhéideanna teaghaisí agus d’aicmí tionachta chun freastal go réasúnach ar riachtanais teaghlach.

(5) Féadfaidh údarás tithíochta, le ceadú ón Aire, socrú comhpháirtíochta poiblí príobháidí a dhéanamh chun a fheidhmeanna faoi fho-alt (1) a chomhlíonadh.

(6) Maidir leis an gcumhacht atá ag údarás tithíochta chun teaghaisí agus láithreáin a sholáthar chun críocha tógála faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009, measfar, i gcás comhairle contae, go n-áirítear inti, agus gur áiríodh inti i gcónaí, cumhacht chun teaghaisí nó láithreáin, de réir mar a bheidh, a sholáthar i mbaile atá liostaithe i gCuid 2 de Sceideal 6 den Acht Rialtais Áitiúil 2001, amhail is dá mba rud é, chun críche an tsoláthair sin, gur chuid de limistéar riaracháin na comhairle an baile.

Measúnacht ar thithíocht shóisialta.

20 .— (1) Aon tagairt san alt seo do theaghlach, léifear í mar thagairt a fholaíonn tagairt do 2 dhuine nó níos mó a bhfuil gá réasúnach acu, i dtuairim an údaráis tithíochta lena mbaineann, a bheith ina gcónaí le chéile.

(2) I gcás ina ndéanfaidh teaghlach iarratas ar thacaíocht do thithíocht shóisialta, déanfaidh an t-údarás tithíochta lena mbaineann, faoi réir agus de réir rialachán arna ndéanamh chun críocha an ailt seo, measúnacht (dá ngairtear “ measúnacht ar thithíocht shóisialta ” san Acht seo) ar cháilitheacht an teaghlaigh agus ar an ngá atá aige le tacaíocht tithíochta sóisialta chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh na nithe seo a leanas—

(a) an bhfuil an teaghlach cáilithe le haghaidh na tacaíochta sin, agus

(b) an fhoirm tacaíochta is oiriúnaí den sórt sin.

(3) Féadfaidh údarás tithíochta measúnacht ar thithíocht shóisialta a dhéanamh i gcás ina raibh forlíonadh á fháil ag teaghlach faoi alt 198(3) den Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005 i gcomhair an méid cíosa is iníoctha ag an teaghlach i leith áit chónaithe an teaghlaigh ar feadh cibé tréimhse a fhorordófar.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ina mbeidh foráil i ndáil leis na meáin trína gcinnfear incháilitheacht teaghlach le haghaidh tacaíochta do thithíocht shóisialta lena n-áirítear na nithe seo a leanas, ach ní gá gurb iad na nithe sin amháin a bheidh i gceist:

(a) an tairseach uasta ioncaim, agus í bunaithe ar theaghlach ina bhfuil aon duine amháin;

(b) an mhodheolaíocht ar dá réir a dhéanfar coigeartú ar an tairseach dá dtagraítear i mír (a) i gcás teaghlach a bhfuil níos mó ná duine amháin iontu;

(c) an modh ar a socróidh údarás tithíochta an tairseach ioncaim, ag féachaint don chíos margaidh i leith teaghaisí, agus don mheánphraghas ceannaigh ar theaghaisí, ina limistéar riaracháin, ar tairseach í nach mó, in aon chás, ná an tairseach uasta ioncaim dá dtagraítear i mír (a);

(d) na nósanna imeachta atá le cur i bhfeidhm ag údarás tithíochta chun cáilitheacht teaghlaigh a chinneadh faoi threoir ioncaim;

(e) infhaighteacht cóiríochta ionadaí don teaghlach ar cóiríocht í a d’fhreastalódh ar a riachtanas tithíochta;

(f) tacaíocht do thithíocht shóisialta arna soláthar don teaghlach roimhe seo ag aon údarás tithíochta, ar tacaíocht í a bhféadfaidh údarás tithíochta í a chur i gcuntas le linn cinneadh a dhéanamh ar an bhfoirm is oiriúnaí tacaíochta do thithíocht shóisialta don teaghlach sin;

(g) an tréimhse ar lena linn is gá don teaghlach a bheith ag fáil an fhorlíonta dá dtagraítear i bhfo-alt (3).

(5) Ní bheidh teaghlach incháilithe le haghaidh tacaíochta do thithíocht shóisialta, más rud é—

(a) aon tráth le linn na 3 bliana díreach roimh an mheasúnacht ar thithíocht shóisialta a dhéanamh, go raibh an teaghlach nó duine den teaghlach i riaráiste cíosa ar feadh tréimhse carnaí 12 sheachtain nó níos mó i leith aon teaghaise nó láithreáin arna ligean leo ag aon údarás tithíochta faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009 nó arna soláthar nó arna sholáthar faoi Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, agus

(b) nach ndearna an t-údarás tithíochta socrú faoi alt 34 leis an teaghlach nó leis an duine lena mbaineann chun an t-airgead atá dlite agus ag dul don údarás tithíochta i leith an riaráiste sin a íoc.

(6) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ina mbeidh foráil i ndáil leis na nithe ar faoina dtreoir a dhéanfar riachtanas teaghlaigh maidir le tacaíocht do thithíocht shóisialta agus foirm na tacaíochta sin a chinneadh, lena n-áirítear na nithe seo a leanas, ach ní gá gurb iad na nithe sin amháin a bheidh i gceist:

(a) tuairisc ar riachtanas an teaghlaigh agus aicmiú an riachtanais sin;

(b) tuairisc ar riachtanais shonracha cóiríochta de réir catagóirí éagsúla riachtanais ag teaghlaigh;

(c) tuairisc ar an riachtanas cóiríochta de réir chomhdhéanamh an teaghlaigh.

(7) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le measúnachtaí ar thithíocht shóisialta, lena n-áirítear na nithe seo a leanas, ach ní gá gurb iad na nithe sin amháin a bheidh i gceist:

(a) an fhoirm agus an modh ar a ndéanfar measúnacht ar thithíocht shóisialta;

(b) an tréimhse ar lena linn a phléifidh údarás tithíochta le hiarratas ar thacaíocht do thithíocht shóisialta;

(c) an t-údarás tithíochta do chur in iúl go ndearnadh cinneadh maidir le hiarratas ar thacaíocht do thithíocht shóisialta;

(d) a mhinice a dhéanfar measúnachtaí a athbhreithniú agus a uasdátú.

(8) Le linn measúnacht ar thithíocht shóisialta a dhéanamh faoin alt seo, féadfaidh údarás tithíochta neamhaird a thabhairt ar an gcóiríocht atá á háitiú ag an teaghlach i gcas ina bhfuil cúis ag an údarás lena chreidiúint go ndearna an teaghlach, nó aon duine den teaghlach, aon ní, nó gur mhainnigh sé nó sí aon ní a dhéanamh d'aon ghnó nó gan cúis mhaith leordhóthanach (seachas gníomh nó neamhghníomh a rinneadh de mheon macánta), agus gur tharla dá dheasca sin nach bhfuil an chóiríocht atá á háitiú ag an teaghlach amhlaidh chomh hoiriúnach mar thithíocht leordhóthanach dó le cóiríocht eile a mbeadh sé réasúnach don teaghlach í a áitiú tráth nó a mbeadh sé réasúnach don teaghlach í a áitiú anois.

(9) Maidir le teaghlach a bhfuil tacaíocht do thithíocht shóisialta dá dtagraítear in alt 19 (2)(b) á fáil aige, roimh theacht i ngníomh don alt seo, measfar gur measúnaíodh é agus gur cháiligh sé le haghaidh na tacaíochta sin do thithíocht shóisialta faoin alt seo.

(10) Ní cheanglófar ar údarás tithíochta measúnacht ar thithíocht shóisialta a dhéanamh d’fhonn teaghais a dhíol faoi shocrú ceannaigh incrimintigh (de réir bhrí alt 43 ) le teaghlach incháilithe (de réir bhrí mhír (b) den mhíniú ar “ teaghlach incháilithe ” in alt 43 ).

Achoimre ar mheasúnachtaí tithíochta sóisialta.

21 .— Déanfaidh údarás tithíochta—

(a) chun meastachán a ullmhú faoi alt 94(4)(a)(i) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 ar an méid tithíochta atá riachtanach do theaghlaigh a mheasúnaítear faoi alt 20 mar theaghlaigh atá cáilithe le haghaidh tacaíochta do thithíocht shóisialta,

(b) le linn dréachtphlean seirbhísí tithíochta a ullmhú faoi alt 16 ,

(c) le linn clár cóiríochta a ullmhú faoi alt 7 d’Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil) 1998, nó

(d) de réir mar a ordóidh an tAire ó am go ham,

achoimre a ullmhú, san fhoirm fhorordaithe, ar na measúnachtaí ar thithíocht shóisialta a bheidh déanta ina limistéar riaracháin.

Teaghaisí a leithroinnt.

22 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir leis an méid seo a leanas—

(a) teaghaisí arna soláthar faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009 nó faoi Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000—

(i) ar údarás tithíochta is úinéir orthu, nó

(ii) nach é an t-údarás tithíochta a n-úinéir agus a sholáthraítear faoi chonradh nó léas idir an t-údarás tithíochta agus an t-úinéir lena mbaineann, lena n-áirítear comhaontuithe infhaighteachta cóiríochta cíosa,

agus

(b) teaghaisí atá faoi úinéireacht ag comhlachtaí ceadaithe nó a sholáthair comhlachtaí ceadaithe dá dtugtar cúnamh faoi alt 6 d’Acht 1992 chun críche soláthair den sórt sin.

(2) Féadfaidh údarás tithíochta teaghais a leithroinnt faoin alt seo ar theaghlach de réir scéime faoi fho-alt (3).

(3) Déanfaidh údarás tithíochta, tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis theacht i ngníomh an ailt seo scéim a ullmhú de réir an ailt seo agus aon rialachán arna ndéanamh faoi (dá ngairtear “scéim leithroinnte” san Acht seo) ar scéim í trína gcinnfear an t-ord tosaíochta atá le bheith ann le linn teaghaisí a leithroinnt—

(a) ar theaghlaigh arna measúnú faoi alt 20 mar theaghlaigh atá cáilithe le haghaidh tacaíochta do thithíocht shóisialta, agus

(b) ar theaghlaigh atá ag fáil tacaíocht do thithíocht shóisialta agus a bhfuil iarratas déanta acu chun an údaráis tithíochta ar aistriú chuig teaghais eile nó teaghais a cheannach faoi Chuid 3 agus go dtoileoidh an t-údarás leis an aistriú nó leis an gceannach, de réir mar a bheidh.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ina mbeidh foráil i ndáil leis na nithe a chuirfear san áireamh i scéim leithroinnte, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

(a) an modh ar a ndéantar teaghaisí, nó catagóirí éagsúla teaghaisí, a leithroinnt ar theaghlaigh;

(b) an t-ord tosaíochta ar dá réir a leithroinntear teaghaisí faoin scéim leithroinnte;

(c) na coinníollacha a bhaineann le teaghlach do dhiúltú do thairiscintí réasúnacha maidir le tacaíocht do thithíocht shóisialta arna tairiscint de réir scéime leithroinnte faoi threoir infhaighteacht na tacaíochta do thithíocht shóisialta sa limistéar riaracháin lena mbaineann, faoi threoir an líon tairiscintí a tugadh do theaghlach agus an líon tairiscintí ar dhiúltaigh an teaghlach dóibh, agus faoi threoir na tréimhse a ndéantar na tairiscintí agus na diúltaithe sin lena linn.

(5) Ag féachaint d’alt 19(4), déanfaidh údarás tithíochta socrú ina scéim leithroinnte maidir leis an gcion de na teaghaisí in aon chuid nó codanna dá limistéar riaracháin a fhéadfar a chur in áirithe chun na gcríoch seo a leanas go léir nó chun aon chríche díobh:

(a) leithroinnt ar aicmí áirithe teaghlach;

(b) foirmeacha áirithe tionachta;

(c) leithroinnt ar theaghlaigh a bheidh ag aistriú ó fhoirmeacha eile tacaíochta do thithíocht shóisialta.

(6) Féadfaidh coinníollacha a bheith i scéim leithroinnte ar faoina réir a chuirfear i gcuntas rogha teaghlaigh chun cónaí i limistéar nó i limistéir áirithe le linn teaghais a leithroinnt ar theaghlach den sórt sin, lena n-áirítear coinníollacha a bhaineann leis na nithe seo a leanas, ach ní gá gurb iad na coinníollacha sin amháin a bheidh i gceist—

(a) an bhfuil cónaí ar an teaghlach nó ar aon duine den teaghlach sa limistéar nó sna limistéir lena mbaineann faoi láthair, nó an raibh cónaí ar an teaghlach nó aon duine den teaghlach sa limistéar nó sna limistéir lena mbaineann aon tráth, agus cad é fad an chónaithe sin,

(b) achar an limistéir nó na limistéar ó áit fostaíochta aon duine den teaghlach,

(c) an bhfuil aon daoine den teaghlach ag freastal ar aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras oideachais eile sa limistéar nó sna limistéir lena mbaineann, agus

(d) an bhfuil cónaí ar aon ghaolta le haon duine den teaghlach sa limistéar nó sna limistéir lena mbaineann.

(7) D’ainneoin ghinearáltacht fho-alt (2), féadfaidh údarás tithíochta neamhaird a thabhairt ar an ord tosaíochta a thugtar do theaghlach faoi scéim leithroinnte i gcás ina bhfuil tacaíocht do thithíocht shóisialta á soláthar don teaghlach—

(a) i dteaghais arna ligean leis an teaghlach faoi chomhaontú tionóntachta Chaibidil 4 tar éis measúnacht a dhéanamh air faoi alt 20 (3), nó

(b) ag eascairt as imthosca eisceachtúla sonraithe, lena n-áirítear easáitiú de dheasca dóiteáin, tuile nó aon éigeandála eile nó de dheasca an t-údarás tithíochta do dhéanamh forbartha, athfhorbartha nó athbheochana ar limistéar, nó de dheasca foras eisceachtúla leighis nó trócaireachta.

(8) Féadfar a fhoráil i scéim leithroinnte go ndéanfaidh an t-údarás tithíochta tuarascáil a fháil ó lia-chleachtóir atá ar fostú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus go dtabharfaidh sé aird ar an tuarascáil sin, le linn dó teaghaisí a leithroinnt i gcás ina n-éilítear tosaíocht ar fhorais arb é atá iontu ná forais eisceachtúla leighis nó ar fhorais a n-áirítear forais eisceachtúla leighis iontu.

(9) Féadfaidh údarás tithíochta ó am go ham a scéim leithroinnte a athbhreithniú agus, de réir mar a mheasfaidh sé is gá agus is cuí, an scéim a leasú nó scéim nua a dhéanamh.

(10) Is feidhmeanna forchoimeádta iad scéim leithroinnte a dhéanamh nó scéim den sórt sin a leasú.

(11) Is feidhm fheidhmiúcháin í teaghais a leithroinnt ar theaghlach.

(12) Déanfaidh an bainisteoir—

(a) tuarascáil i scríbhinn a ullmhú agus a chur faoi bhráid chomhaltaí an údaráis tithíochta tráth nach déanaí ná an 30 Aibreán gach bliain, ar tuarascáil í a bhaineann le leithrannta arna ndéanamh faoina scéim leithroinnte trí na catagóirí éagsúla teaghaisí agus teaghlach agus ciona de gach catagóir den sórt sin a shonrú, faoi threoir líon iomlán na leithrannta sin sa bhliain roimhe sin, agus

(b) cóip den tuarascáil arna hullmhú faoi mhír (a) a sholáthar don Aire, má iarrann an tAire cóip den sórt sin.

(13) D’ainneoin aisghairm alt 11 d’Acht 1988 leis an Acht seo, aon scéim tosaíochtaí arna déanamh ag údarás tithíochta faoin alt sin agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh theacht i ngníomh don alt seo, leanfaidh sí d’éifeacht a bheith léi tar éis an teacht i ngníomh sin agus meastar gur faoin alt seo a rinneadh í go dtí go dtiocfaidh scéim leithroinnte faoin alt seo i bhfeidhm.

(14) Déanfaidh údarás tithíochta cóip dá scéim leithroinnte a chur ar fáil lena hiniúchadh ag daoine den phobal, saor in aisce, ar an Idirlíon agus in oifigí an údaráis agus i cibé áiteanna eile is cuí leis, le linn gnáthuaireanta oibre.

(15) Déanfaidh údarás tithíochta, roimh scéim leithroinnte a dhéanamh nó a leasú, dréacht den scéim nó den leasú ar an scéim, de réir mar a bheidh, a sholáthar don Aire, agus féadfaidh an tAire a ordú don údarás tithíochta an dréachtscéim nó an dréachtleasú a leasú, agus comhlíonfaidh an t-údarás tithíochta aon ordachán den sórt sin laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an tAire.

(16) Féadfaidh an tAire, de réir mar a mheasfaidh sé nó sí is gá agus is cuí, a ordú d’údarás tithíochta scéim leithroinnte a leasú, ar cibé modh a ordóidh sé nó sí, agus comhlíonfaidh an t-údarás tithíochta aon ordachán den sórt sin laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an tAire.

(17) (a) Féadfaidh an tAire ordacháin a eisiúint chuig údarás tithíochta maidir le hoibriú scéime leithroinnte agus comhlíonfaidh an t-údarás tithíochta aon ordachán den sórt sin le linn an scéim a oibriú.

(b) Ní fhorléireofar aon ní i mír (a) ná ní oibreoidh sé chun a chumasú don Aire a ordú go ndéanfar teaghais a leithroinnt ar theaghlach sonrach.

Caibidil 4

Socruithe le haghaidh Cóiríochta Cíosa

Léiriú (Caibidil 4).

23 .— Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn “ Acht 2004 ” an tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004;

tá le “ gníomhaire údaraithe ” an bhrí chéanna atá leis in Acht 2004;

ciallaíonn “ teaghais lena mbaineann an Chaibidil seo ” teaghais is ábhar do chomhaontú infhaighteachta cóiríochta cíosa;

ciallaíonn “ tionónta cáilithe ” teaghlach arna mheasúnú faoi alt 20 mar theaghlach atá cáilithe le haghaidh tacaíochta do thithíocht shóisialta;

tá le “ comhaontú infhaighteachta cóiríochta cíosa ” an bhrí a thugtar dó le halt 24 agus déanfar tagairtí do “comhaontú infhaighteachta” a fhorléiriú dá réir sin;

ciallaíonn “ soláthraí cóiríochta cíosa ” duine a dhéanann teaghais, arb é nó í an duine sin a húinéir, a chur ar fáil faoi chomhaontú infhaighteachta cóiríochta cíosa chun í a ligean le tionónta cáilithe de réir na Caibidle seo, agus déanfar tagairtí do “soláthraí” a fhorléiriú dá réir sin;

tá le “ ranníoc cíosa ” an bhrí a thugtar dó le halt 25.

Comhaontú infhaighteachta cóiríochta cíosa.

24 .— (1) Faoi réir cibé rialachán a dhéanfar chun críocha an ailt seo agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a fhorordófar, féadfaidh údarás tithíochta, le hordú ón mbainisteoir, comhaontú a dhéanamh (dá ngairtear “comhaontú infhaighteachta cóiríochta cíosa” san Acht seo) le soláthraí cóiríochta cíosa ar comhaontú infhaighteachta é a n-aontaíonn an soláthraí de bhun a théarmaí agus a choinníollacha—

(a) an teaghais a chur ar fáil ar feadh tréimhse sonraithe chun críocha na Caibidle seo, agus

(b) an teaghais a ligean de bhun comhaontaithe tionóntachta—

(i) le cibé tionónta cáilithe a leithroinnfidh an t-údarás tithíochta an tionóntacht air nó uirthi ó am go ham de réir alt 22 , nó leis an údarás tithíochta, nó

(ii) leis an tionónta cáilithe a shonraítear sa chomhaontú infhaighteachta,

agus a ráthaíonn an t-údarás tithíochta, i gcomaoin an chomhaontaithe infhaighteachta sin agus faoi réir théarmaí agus choinníollacha an chomhaontaithe infhaighteachta sin agus an chomhaontaithe tionóntachta, an cíos a shonraítear sa chomhaontú tionóntachta a íoc, agus a aontaíonn an t-údarás sin, i gcomaoin an chomhaontaithe infhaighteachta sin agus faoi réir théarmaí agus choinníollacha an chomhaontaithe infhaighteachta sin agus an chomhaontaithe tionóntachta, aon airgead eile a íoc is iníoctha ag an údarás tithíochta agus a shonraítear sa chomhaontú infhaighteachta nó sa chomhaontú tionóntachta, de réir mar a bheidh.

(2) Ní dhéanfaidh údarás tithíochta comhaontú infhaighteachta cóiríochta cíosa mura rud é go ndéanfaidh an soláthraí—

(a) an t-údarás tithíochta a shásamh, de réir na rialachán arna ndéanamh chun críocha an ailt seo, go gcomhlíonann an teaghais aon chaighdeáin do theaghaisí atá arna bhforordú de thuras na huaire faoi alt 18 d’Acht 1992, agus

(b) na nithe seo a leanas a thabhairt don údarás tithíochta—

(i) a uimhir nó a huimhir thagartha cánach de réir bhrí alt 888 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, agus

(ii) deimhniú imréitigh cánach reatha arna eisiúint faoi alt 1095 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.

(3) Is i scríbhinn a bheidh comhaontú infhaighteachta cóiríochta cíosa agus beidh an fhaisnéis seo a leanas ann—

(a) seoladh na teaghaise,

(b) ainm agus seoladh an tsoláthraí agus an údaráis áitiúil, le haghaidh comhfhreagrais,

(c) ainm agus seoladh ghníomhaire údaraithe an tsoláthraí (más ann), le haghaidh comhfhreagrais,

(d) más cuideachta an soláthraí, nó a ghníomhaire údaraithe nó a gníomhaire údaraithe, de réir mar a bheidh, uimhir chláraithe agus oifig chláraithe na cuideachta,

(e) tuairisc ar an teaghais, ina léireofar—

(i) an t-achar measta urláir,

(ii) an líon áiteanna leapa,

(iii) ráiteas i dtaobh cé acu de na catagóirí seo a leanas lena mbaineann sí, eadhon, teach iomlán nó cuid de theach, teaghasán, árasán nó leithleann agus, i gcás ina bhfuil sí laistigh de chatagóir tí nó teaghasáin, léiriú i dtaobh cé acu is teach nó teaghasán scoite nó leathscoite nó is teach nó teaghasán de shraith tithe nó teaghasán é, agus

(iv) an líon seomraí leapa,

agus

(f) téarma an chomhaontaithe infhaighteachta.

(4) Maidir le comhaontú infhaighteachta, beidh téarmaí agus coinníollacha ann a bhaineann leis na nithe seo a leanas—

(a) íoc an chíosa agus aon airgid eile is iníoctha ag an údarás tithíochta agus a bheidh sonraithe sa chomhaontú tionóntachta,

(b) freagracht an tsoláthraí i ndáil le haon oibreacha a bheidh le déanamh agus atá riachtanach chun a chinntiú go gcomhlíonann an teaghais na caighdeáin do theaghaisí atá forordaithe de thuras na huaire faoi alt 18 d’Acht 1992, roimh thosach na tionóntachta nó i gcás ina mbeidh níos mó ná tionóntacht amháin ann le linn théarma an chomhaontaithe infhaighteachta, roimh gach tionóntacht den sórt sin,

(c) an soláthraí do dhéanamh, faoi Chuid 7 d’Acht 2004, an tionóntacht nó gach tionóntacht a dhéanfar le linn théarma an chomhaontaithe infhaighteachta a chlárú,

(d) cibé rochtain a theastóidh le réasún ó oifigigh nó ó ghníomhairí a bheidh údaraithe ag an údarás tithíochta chun iniúchadh a dhéanamh ar an teaghais le linn théarma an chomhaontaithe infhaighteachta,

(e) an t-údarás tithíochta nó an soláthraí, de réir mar a bheidh, d’fhoirceannadh an chomhaontaithe infhaighteachta, agus

(f) cibé nithe eile is dóigh leis an údarás tithíochta is gá agus is cuí agus a bhaineann le caighdeán na cóiríochta lena mbaineann.

(5) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo ar rialacháin iad lena ndéanfar foráil maidir leis na nithe seo a leanas, ach ní gá gurb iad na nithe sin amháin a bheidh i gceist:

(a) an modh ar a ndéanfaidh soláthraí an t-údarás tithíochta a shásamh chun críocha fho-alt (2)(a), lena n-áirítear trí dheimhniú um chomhlíonadh a sholáthar;

(b) an aicme nó na haicmí daoine a fhéadfaidh deimhniú um chomhlíonadh dá dtagraítear i mír (a), a sholáthar;

(c) an fhaisnéis atá le soláthar ag soláthraí don údarás tithíochta sula ndéantar comhaontú infhaighteachta, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann leis an soláthraí, lena ghníomhaire nó lena gníomhaire (más ann) agus leis an teaghais lena mbaineann;

(d) i ndáil leis an údarás tithíochta nó leis an soláthraí d’fhoirceannadh an chomhaontaithe infhaighteachta—

(i) na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an bhfoirceannadh, agus na nósanna imeachta le haghaidh an fhoirceanta,

(ii) na forais ar a bhféadfar comhaontú infhaighteachta a fhoirceannadh,

(iii) fógra a thabhairt agus tréimhsí fógra, agus

(iv) an nós imeachta le haghaidh aon díospóide a eascróidh as foirceannadh an chomhaontaithe infhaighteachta a réiteach, lena n-áirítear nósanna imeachta achomhairc,

agus

(e) an tréimhse ar laistigh di a dhéanfaidh an soláthraí fógra foirceanta a sheirbheáil ar thionónta cáilithe de bhun alt 25 (6).

Comhaontú tionóntachta Chaibidil 4.

25 .— (1) Féadfaidh údarás tithíochta teaghais lena mbaineann an Chaibidil seo a leithroinnt ar thionónta cáilithe de réir alt 22 .

(2) Déanfaidh an soláthraí, faoi réir théarmaí agus choinníollacha an chomhaontaithe infhaighteachta cóiríochta cíosa, comhaontú tionóntachta a dhéanamh (dá ngairtear “comhaontú tionóntachta Chaibidil 4” san Acht seo) leis an tionónta cáilithe ar a leithroinntear an teaghais lena mbaineann.

(3) Ní dhéanfar teaghais lena mbaineann an Chaibidil seo agus is ábhar do chomhaontú tionóntachta Chaibidil 4 a fhorléiriú mar theaghais arna ligean ag údarás poiblí, nó arna ligean le húdarás poiblí, chun críocha alt 3(2)(c) d’Acht 2004.

(4) Is i scríbhinn a bheidh comhaontú tionóntachta Chaibidil 4 agus mairfidh sé go ceann cibé tréimhse a shonrófar sa chomhaontú agus beidh na sonraí seo a leanas ann maidir leis na páirtithe sa tionóntacht, maidir leis an tionóntacht agus maidir leis an teaghais lena mbaineann:

(a) seoladh na teaghaise;

(b) ainm an tionónta;

(c) ainm agus seoladh an tsoláthraí agus an údaráis tithíochta le haghaidh comhfhreagrais;

(d) ainm agus seoladh a ghníomhaire údaraithe nó a gníomhaire údaraithe (más ann) le haghaidh comhfhreagrais;

(e) más cuideachta an soláthraí nó a ghníomhaire údaraithe nó a gníomhaire údaraithe, de réir mar a bheidh, uimhir chláraithe agus oifig chláraithe na cuideachta;

(f) tuairisc ar an teaghais;

(g) dáta tosaithe na tionóntachta;

(h) más tionóntacht go ceann téarma shocraithe an tionóntacht, tréimhse an téarma sin.

(5) Beidh ar áireamh i gcomhaontú tionóntachta Chaibidil 4, de bhreis ar na hoibleagáidí a fhorchuirtear faoi Chuid 2 d’Acht 2004, téarmaí agus coinníollacha a bhaineann leis na nithe seo a leanas—

(a) áitiú na teaghaise,

(b) an tionónta cáilithe do dhéanamh méid a shonrófar sa chomhaontú tionóntachta (dá ngairtear an “ranníoc cíosa” san Acht seo) a íoc leis an údarás tithíochta ag cibé tráthanna a shonrófar sa chomhaontú, agus

(c) an tionóntacht a fhoirceannadh—

(i) mar gheall ar mhainneachtain an ranníoc cíosa a íoc de réir théarmaí agus choinníollacha an chomhaontaithe tionóntachta,

(ii) mar gheall ar shárú ar na téarmaí agus ar na coinníollacha a bhaineann le háitiú na teaghaise faoi mhír (a), nó

(iii) mar gheall ar a cheadú go feasach do dhuine, a bhfuil ordú eisiata faoi alt 3 d’Acht 1997 nó ordú eisiata eatramhach faoi alt 4 den Acht sin i bhfeidhm ina choinne nó ina coinne i leith na teaghaise lena mbaineann, dul isteach sa teaghais de shárú ar an ordú eisiata nó ar an ordú eisiata eatramhach, de réir mar a bheidh.

(6) (a) I gcás ina ndéanfaidh tionónta cáilithe aon cheann de na nithe a shonraítear i bhfo-alt (5)(c), beidh mainneachtain déanta aige nó aici oibleagáidí na tionóntachta a chomhlíonadh chun críocha alt 67 d’Acht 2004.

(b) I gcás ina dtiocfaidh sé faoi iúl an údaráis tithíochta go bhfuil aon cheann de na nithe a shonraítear i bhfo-alt (5)(c) á dhéanamh nó déanta ag tionónta nó go bhfuil nó go raibh sé nó sí á iompar nó á hiompar féin ar shlí atá frithshóisialta de shárú ar an oibleagáid a shonraítear in alt 16(h) d’Acht 2004, féadfaidh an t-údarás tithíochta fógra a thabhairt don soláthraí i scríbhinn maidir leis an mainneachtain na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh.

(c) Déanfaidh soláthraí, tar éis fógra a fháil ón údarás tithíochta faoi mhír (b), laistigh de cibé tréimhse a bheidh forordaithe faoi alt 24 (5)(e), má tá an soláthraí tar éis déanamh amhlaidh cheana féin faoi alt 67 d’Acht 2004, fógra foirceanta a sheirbheáil ar an tionónta cáilithe de réir fho-alt (2) den alt sin 67.

(7) I gcas ina seirbheálfaidh soláthraí fógra foirceanta ar thionónta cáilithe de bhun fógra ó údarás tithíochta faoi fho-alt (6)(b), tabharfaidh an soláthraí cóip den fhógra don údarás tithíochta a luaithe is indéanta dá éis sin.

(8) I gcás ina mbeartaíonn an soláthraí fógra foirceanta a sheirbheáil ar thionónta cáilithe de réir théarmaí agus choinníollacha an chomhaontaithe tionóntachta, seachas de bhun fógra ón údarás tithíochta faoi fho-alt (6)(b), tabharfaidh an soláthraí fógra i scríbhinn don údarás tithíochta tráth nach déanaí ná 14 lá sula seirbheálfaidh sé nó sí an fógra foirceanta ar an tionónta cáilithe.

(9) I gcás ina mbeartaíonn an t-údarás tithíochta iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche ar ordú eisiata i gcoinne duine faoi alt 3(2) d’Acht 1997, i leith teaghaise is ábhar do chomhaontú tionóntachta Chaibidil 4, déanfaidh an t-údarás tithíochta, tráth nach déanaí ná 14 lá sula ndéanfaidh sé an t-iarratas, fógra i scríbhinn a thabhairt don soláthraí maidir lena bhfuil beartaithe aige nó aici.

(10) Cinnfidh údarás tithíochta an ranníoc cíosa de réir scéime cíosa faoi alt 31 .

(11) Féadfaidh údarás tithíochta an ranníoc cíosa is iníoctha faoi chomhaontú tionóntachta Chaibidil 4 a laghdú, go ceann tréimhse sonraithe den tionóntacht, i gcás inar lú go mór costais cóiríochta an tionónta roimh an gcomhaontú tionóntachta a dhéanamh ná na costais faoin gcomhaontú tionóntachta, agus i gcás inarb ábhar cruatain an méid sin don teaghlach.

Caiteachais arna dtabhú ag údarás tithíochta.

26 .— Féadfaidh an tAire, faoi réir toiliú a fháil ón Aire Airgeadais roimh ré, íocaíochtaí a dhéanamh le húdarás tithíochta, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, i leith cuid de na caiteachais nó i leith na gcaiteachas go léir, lena n-áirítear caiteachais riaracháin, a thabhóidh an t-údarás de bhua na Caibidle seo.

Gan feidhm a bheith ag forálacha áirithe maidir le diúscairtí chun críocha na Caibidle seo.

27 .— Ní bheidh feidhm ag alt 211(2) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 ná ag alt 183 den Acht Rialtais Áitiúil 2001 maidir le húdarás tithíochta do dhiúscairt talún nó teaghaise chun aon chríche de chuid na Caibidle seo.

Caibidil 5

Feidhmeanna Bainistíochta agus Rialaithe

Feidhmeanna bainistíochta agus rialaithe.

28 .— (1) Faoi réir an ailt seo, déanfar bainistíocht agus rialú i leith na nithe seo a leanas—

(a) teaghais, foirgneamh, suíomh nó talamh eile atá ar úinéireacht ag údarás tithíochta, nó

(b) oibreacha nó seirbhísí arna soláthar ag an údarás faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009,

a dhílsiú don údarás tithíochta agus is é an t-údarás tithíochta a fheidhmeoidh iad.

(2) I gcás ina soláthraíonn údarás tithíochta teaghais faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009 nó ina soláthraítear teaghais faoi Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, ní cheanglaítear bainistíocht agus rialú na gcomhlimistéar a chomhghabhann agus a theachtar leis an teaghais a dhílsiú don údarás tithíochta faoi fho-alt (1).

(3) Faoi réir an ailt seo, féadfaidh údarás tithíochta feidhmeanna bainistíochta agus rialaithe a chomhlíonadh i leith aon teaghaise nach bhfuil ar úinéireacht ag an údarás tithíochta agus a sholáthraítear faoi chonradh nó léas idir an t-údarás tithíochta agus úinéir na teaghaise, lena n-áirítear comhaontú infhaighteachta cóiríochta cíosa.

(4) Faoi réir Achtanna na dTithe 1966 go 2009 agus rialachán arna ndéanamh fúthu, féadfaidh údarás tithíochta, maidir le teaghais nó láithreán lena mbaineann fo-alt (1)(a):

(a) an teaghais a leithroinnt ar theaghlach de réir alt 22 ;

(b) téarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe tionóntachta a shonrú, ar comhaontú é idir an t-údarás tithíochta agus an tionónta lena rialaítear ligean na teaghaise de réir alt 29 ;

(c) cibé cíos a shonrú agus aon mhuirir eile a ghearradh de réir mar a chinnfidh an t-údarás tithíochta ó am go ham de réir alt 31 le haghaidh thionóntacht, áitiú nó úsáid na teaghaise;

(d) i ndáil le haon fhoirgneamh nó talamh nó oibreacha nó seirbhísí eile a sholáthraítear faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009 nó faoi Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, cibé muirir is cuí leis a ghearradh, cibé acu ar mhodh cíosa nó ar shlí eile;

(e) an teaghais a dhíol faoi alt 90 den Phríomh-Acht nó faoi Chuid 3 4;

(f) cibé oibreacha cothabhála, deisiúcháin nó athfheistithe nó cibé gníomhaíochtaí eile a dhéanamh a mheasann an t-údarás tithíochta is gá agus is cuí, d’fhonn cothabháil chuí na teaghaise nó an eastáit ina bhfuil an teaghais suite, agus dea-bhainistíocht an eastáit sin, a áirithiú, ag féachaint do na cuspóirí a leagtar amach ina phlean seirbhísí tithíochta.

(5) Faoi réir Achtanna na dTithe 1966 go 2009 agus rialachán arna ndéanamh fúthu, féadfaidh údarás tithíochta, maidir le teaghais lena mbaineann fo-alt (3), faoi réir fhorálacha aon chonartha nó léasa idir an t-údarás tithíochta agus úinéir na teaghaise, lena n-áirítear comhaontú infhaighteachta cóiríochta cíosa:

(a) an teaghais a leithroinnt ar theaghlach de réir alt 22 ;

(b) téarmaí agus coinníollacha comhaontaithe tionóntachta lena rialaítear ligean na teaghaise de réir alt 29 a shonrú, de réir mar is cuí;

(c) cibé cíos agus aon mhuirir eile a shonrú de réir mar a chinnfidh an t-údarás tithíochta ó am go ham de réir alt 31 i leith thionóntacht, áitiú nó úsáid na teaghaise;

(d) cibé oibreacha cothabhála, deisiúcháin nó athfheistithe nó cibé gníomhaíochtaí eile a dhéanamh a mheasann an t-údarás tithíochta is gá agus is cuí, d’fhonn cothabháil chuí na teaghaise nó an eastáit ina bhfuil an teaghais suite, agus dea-bhainistíocht an eastáit sin, a áirithiú, ag féachaint do na cuspóirí a leagtar amach ina phlean seirbhísí tithíochta.

(6) Ní bheidh feidhm ag an Land Law (Ireland) Act 1881 maidir le húdarás tithíochta do ligean plásáin arna sholáthar faoi alt 11 , agus measfar gurb é a bheidh i ligean den sórt sin, mura rud é go bhfuil foráil dá mhalairt i gcomhaontú ligin, ná ligean mar áis shealadach ar ligean é a bheidh infhoirceannta ag deireadh aon mhíosa.

Comhaontuithe tionóntachta.

29 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le teaghais dá dtagraítear in alt 28 (1), agus

(b) maidir le teaghais dá dtagraítear in alt 28 (3), seachas teaghais is ábhar do chomhaontú infhaighteachta cóiríochta cíosa.

(2) Beidh ligean teaghaise lena mbaineann an t-alt seo faoi réir comhaontaithe tionóntachta a bheidh i scríbhinn agus san fhoirm fhorordaithe agus, faoi réir fho-alt (3)—

(a) a mbeidh ar áireamh ann na téarmaí agus coinníollacha a shonraítear i Sceideal 3 agus ar fúthu a cheadaítear don teaghlach an teaghais a áitiú nó a úsáid, agus

(b) a bhféadfaidh cibé téarmaí agus coinníollacha eile a bheith ar áireamh ann a mheasann an t-údarás tithíochta is gá agus is cuí maidir leis an ligean.

(3) I gcás teaghaise dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b), beidh téarmaí agus coinníollacha comhaontaithe tionóntachta faoi réir théarmaí an chonartha nó an léasa idir an t-údarás tithíochta agus úinéir na teaghaise.

(4) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas a fhorordú:

(a) foirm nó foirmeacha comhaontaithe tionóntachta;

(b) téarma tionóntachta faoi threoir aicme sonraithe nó aicmí sonraithe teaghaise agus cibé acu an tionóntacht thréimhsiúil nó tionóntacht go ceann téarma shocraithe í;

(c) na tréimhsí fógra is gá maidir le foirceannadh aicme nó aicmí tionóntachta ag an údarás tithíochta nó ag an tionónta, de réir mar a bheidh;

(d) nósanna imeachta maidir le foirceannadh tionóntachta ag an údarás tithíochta nó ag an tionónta, de réir mar a bheidh.

Feidhmeanna bainistíochta agus rialaithe a tharmligean.

30 .— (1) Faoi réir cibé rialacháin a dhéanfar chun críocha an ailt seo, féadfaidh údarás tithíochta gach feidhm nó aon fheidhm amháin nó níos mó dá chuid feidhmeanna (lena n-áirítear cothabháil) i leith bhainistíocht agus rialú teaghaise atá ar úinéireacht aige a tharmligean chuig comhlacht ainmnithe.

(2) Sonrófar an méid seo a leanas i dtarmligean a dhéanfaidh údarás tithíochta faoi fho-alt (1)

(a) an comhlacht ainmnithe chun críocha an tarmligin,

(b) na feidhmeanna atá á dtarmligean chun an chomhlachta ainmnithe, agus

(c) na teaghaisí lena mbaineann an tarmligean.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena ndéanfar foráil i ndáil le gach ceann nó le haon cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas, ach ní gá gurb iad na nithe sin amháin a bheidh i gceist:

(a) bunú agus comhdhéanamh comhlachta ainmnithe,

(b) nósanna imeachta comhlachta ainmnithe;

(c) téarmaí agus coinníollacha tarmligin;

(d) foirm comhaontaithe idir údarás tithíochta agus comhlacht ainmnithe i ndáil le tarmligean;

(e) an aicme nó na haicmí teaghaisí a bhféadfar tarmligean a dhéanamh ina leith;

(f) faireachán ag údarás tithíochta ar ghníomhaíochtaí atá á seoladh ag comhlacht ainmnithe faoi tharmligean, lena n-áirítear an t-údarás d’iniúchadh teaghaisí;

(g) comhlacht ainmnithe do sholáthar tuarascálacha tréimhsiúla agus cuntas tréimhsiúil d’údarás tithíochta maidir lena chuid gníomhaíochtaí;

(h) cuntais bhliantúla comhlachta ainmnithe a iniúchadh.

(4) Féadfaidh údarás tithíochta, dá rogha féin, tarmligean faoin alt seo a chúlghairm agus, air sin, déanfar na feidhmeanna a bhí tarmligthe a dhílsiú arís don údarás agus feidhmeoidh an t-údarás iad le héifeacht ó dháta a shonrófar sa rún lena gcúlghairfear an tarmligean.

(5) Is feidhmeanna forchoimeádta iad feidhm a tharmligean chuig comhlacht ainmnithe nó aon tarmligean den sórt sin a chúlghairm faoin alt seo.

(6) Féadfar foráil a dhéanamh le tarmligean faoi fho-alt (1) maidir le gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) socruithe i ndáil le hoibreacha cothabhála, deisiúcháin nó feabhsúcháin comhshaoil nó oibreacha coimhdeacha a dhéanamh;

(b) cíos nó aon mhuirir eile a bhailiú a bheidh dlite don údarás tithíochta d’aon tionónta, de réir scéime cíosa faoi alt 31 ;

(c) na fáltais go léir, nó aon chuid díobh, as an gcíos sin nó as muirir eile, a shannadh don chomhlacht ainmnithe chun costais bhainistithe agus chothabhála teaghaise agus comhlimistéar a chomhghabhann leis an teaghais sin a íoc;

(d) ceart an údaráis tithíochta iniúchadh a dhéanamh ar aon leabhar, doiciméad nó taifead eile (lena n-áirítear taifid a stóráiltear i bhfoirm neamh-inléite) de chuid an chomhlachta ainmnithe i ndáil le teaghais a bhainistiú agus a rialú;

(e) cúnamh a thabharfaidh an t-údarás tithíochta don chomhlacht ainmnithe, cibé acu cúnamh airgid nó cúnamh eile;

(f) aon ní gaolmhar nó teagmhasach eile is dóigh leis an údarás tithíochta is cuí, lena n-áirítear nithe a leagtar amach sa phlean seirbhísí tithíochta iomchuí a bhaineann leis an mbeartas ar theaghaisí atá ar úinéireacht ag an údarás tithíochta a bhainistiú agus a chothabháil.

(7) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn “comhlacht ainmnithe” cumann, comhairle, coiste nó comhlacht eile cibé acu corpraithe nó neamhchorpraithe—

(a) (i) arna bhunú nó arna bunú ag cónaitheoirí limistéir, agus atá ionadaitheach dóibh, ar limistéar é ina bhfuil teaghaisí atá le bheith ina n-ábhar do tharmligean faoin alt seo suite, nó

(ii) arna bhunú nó arna bunú i gcomhpháirt ag na cónaitheoirí sin agus ag an údarás tithíochta agus ag aon duine nó comhlacht eile (cibé acu corpraithe nó neamhchorpraithe) arna cheadú ag an údarás,

agus

(b) a mbeidh dearbhú déanta ag an údarás, le rún, á rá gur comhlacht ainmnithe é nó í chun críocha an ailt seo.

Scéimeanna cíosa agus muirir.

31 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le teaghais arna soláthar faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009 nó faoi Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 ar teaghais í—

(a) arb é an t-údarás tithíochta a húinéir, nó

(b) nach é an t-údarás tithíochta a húinéir agus a sholáthraítear faoi chonradh nó léas idir an t-údarás tithíochta agus úinéir na teaghaise, lena n-áirítear comhaontú infhaighteachta cóiríochta cíosa.

(2) San alt seo, folaíonn tagairtí do chíos ranníoc cíosa is iníoctha ag tionónta faoi chomhaontú tionóntachta Chaibidil 4.

(3) Féadfaidh údarás tithíochta, de réir an ailt seo, i leith teaghaise a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir léi—

(a) cibé cíos a mhuirearú nó cibé muirear eile a chinnfidh sé ó am go ham a ghearradh i leith thionóntacht nó áitiú na teaghaise sin, agus

(b) cibé muirear is cuí leis a ghearradh, cibé acu trí chíos nó ar shlí eile, i leith oibreacha nó seirbhísí arna soláthar faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009 nó faoi Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (3), féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh i muirir arna ngearradh faoin bhfo-alt sin—

(a) muirir a bhaineann le soláthar seirbhísí do theaghais agus le hárachas teaghaise agus muirir eile a bhaineann le bainistiú agus rialú na teaghaise, agus

(b) muirir a bhaineann leis na nithe seo a leanas—

(i) comhlimistéir a chomhghabhann le teaghais a bhainistiú agus a rialú i gcás ina ndéanann áititheoirí teaghaisí eile na comhlimistéir sin a úsáid freisin, agus

(ii) soláthar seirbhísí i gcás ina soláthraítear na seirbhísí sin d’áititheoirí teaghaisí eile freisin.

(5) (a) Déanfaidh údarás tithíochta, de réir an ailt seo agus de réir rialachán arna ndéanamh chun críocha an ailt seo, laistigh de bhliain óna theacht i ngníomh, scéim a dhéanamh (dá ngairtear “scéim cíosa” san Acht seo) lena ndéanfar foráil maidir leis an modh ar a gcinnfear cíosanna agus muirir eile dá dtagraítear i bhfo-alt (3).

(b) Féadfaidh údarás tithíochta, ó am go ham, de réir mar is cuí leis, nó de réir mar a ordóidh an tAire, an scéim cíosa a chúlghairm agus scéim cíosa nua a dhéanamh.

(6) Féadfaidh an tAire le rialacháin, chun críocha an ailt seo, foráil a dhéanamh maidir leis na nithe a bheidh le cur san áireamh i scéim cíosa, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

(a) an modh ar a ndéanfar imthosca airgeadais teaghlach agus a gcumas cíos a íoc a chur i gcuntas le linn cíos a chinneadh, lena n-áirítear leibhéal, cineál agus foinsí an ioncaim teaghlaigh a fhéadfar a mheasúnú chun cíosanna a chinneadh;

(b) an modh ar a ndéanfar méid, caighdeán, suíomh agus taitneamhacht aon aicme nó aicmí teaghaisí a chur i gcuntas le linn cíos a chinneadh, ag féachaint don chíos margaidh i leith teaghaisí de mhéid, de chaighdeán, de shuíomh nó de thaitneamhacht den tsamhail chéanna atá suite sa limistéar riaracháin lena mbaineann;

(c) an modh ar a bhféadfar coigeartuithe a dhéanamh ar an gcíos i leith aon oibleagáidí arna bhforchur ar an tionónta faoin gcomhaontú tionóntachta agus a bhaineann le cothabháil na teaghaise;

(d) méid, nó modh ríofa, aon liúntas i leith cíosa a fhéadfar a thabhairt i leith cleithiúnach;

(e) an nós imeachta maidir le hathbhreithniú cíosa lena n-áirítear méaduithe cíosa le linn thréimhse na tionóntachta ag féachaint don chostas a ghabhann le tacaíocht do thithíocht shóisialta a sholáthar agus d’aon athruithe ar imthosca teaghlaigh nó ar leibhéil ioncaim;

(f) an modh ar a gcinnfear na muirir dá dtagraítear i bhfo-alt (4);

(g) cíos agus muirir eile a tharscaoileadh, go hiomlán nó go páirteach, ar bhonn sealadach, i gcás cruatain airgeadais.

(7) Is feidhmeanna forchoimeádta iad scéim cíosa a dhéanamh agus a chúlghairm.

(8) Is feidhmeanna feidhmiúcháin iad cíosanna nó muirir eile dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a mhuirearú i leith teaghaise lena mbaineann an t-alt seo agus na cíosanna nó na muirir eile sin a athbhreithniú de réir scéime cíosa.

(9) Déanfaidh údarás tithíochta cóip dá scéim cíosa a chur ar fáil lena hiniúchadh ag daoine den phobal, gan mhuirear, ar an Idirlíon agus ag a oifigí agus ag cibé áiteanna eile is cuí leis, le linn gnáthuaireanta oibre.

Ceanglais maidir le faisnéis.

32 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) teaghlach a mbeidh iarratas ar thacaíocht tithíochta déanta aige agus nach mbeidh cinneadh déanta ina leith chun teaghais nó láithreán a sholáthar, lena n-áirítear teaghlach a mbeidh iarratas ar thacaíocht tithíochta déanta aige roimh theacht i ngníomh an ailt roimhe seo,

(b) teaghlach—

(i) a mbeidh measúnacht ar thithíocht shóisialta á déanamh faoi alt 20 (3) ina leith, agus

(ii) nach mbeidh cinneadh déanta fós ina leith chun teaghais a leithroinnt,

agus

(c) teaghlach a bhfuil tacaíocht tithíochta á fáil aige, cibé acu roimh theacht i ngníomh don alt seo nó dá éis.

(2) Féadfaidh údarás tithíochta, ag comhlíonadh a fheidhmeanna faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009 dó, a iarraidh—

(a) ar theaghlach lena mbaineann an t-alt seo an fhaisnéis seo a leanas go léir nó aon chuid di a thabhairt don údarás tithíochta:

(i) líon daoine an teaghlaigh, mar aon le haois, gnéas, slí bheatha agus staid sláinte gach duine acu;

(ii) ioncam seachtainiúil gach duine den teaghlach, lena n-áirítear aon chúnamh, sochar nó liúntas atá á fháil ag aon duine den teaghlach, nó thar ceann aon duine den teaghlach, faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, faoi na hAchtanna Sláinte 1947 go 2008 nó faoi reachtaíocht aon stáit eile nó ó aon fhoinse eile;

(iii) an modh iompair atá ar fáil don teaghlach agus costas an iompair sin,

agus

(b) i gcás teaghlaigh dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a)(b), an fhaisnéis seo a leanas go léir nó aon chuid di a thabhairt dó:

(i) na téarmaí ar a n-áitíonn an teaghlach áitreabh an tráth sin, an méid cíosa is iníoctha i leith an áitribh sin agus ainm agus seoladh an duine a bhfuil cíos iníoctha leis nó léi;

(ii) aon teaghais nó láithreán a sholáthraíonn údarás tithíochta, nó comhlacht ceadaithe, ar teaghais nó ar láithreán é a ligeadh nó a díoladh roimhe sin leis an teaghlach nó le haon duine den teaghlach aon tráth sula ndéantar an t-iarratas;

(iii) aon teaghais a ligeadh leis an teaghlach nó le haon duine den teaghlach roimhe sin faoi chomhaontú tionóntachta Chaibidil 4 aon tráth sula ndéantar an t-iarratas.

(3) Is i scríbhinn a bheidh iarraidh ar fhaisnéis agus sonrófar inti tréimhse nach giorra ná 14 lá ó dháta na hiarrata ar laistigh di a bheidh an fhaisnéis le tabhairt don údarás tithíochta.

(4) Is i scríbhinn a thabharfar faisnéis mura rud é go gcomhaontóidh an t-údarás tithíochta go dtabharfar an fhaisnéis i bhfoirm eile agus faoi réir aon choinníollacha a shonróidh sé.

(5) Gan dochar d’fho-alt (2), chun measúnachtaí ar thithíocht shóisialta a dhéanamh faoi alt 20 , féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena ndéanfar foráil maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) an fhoirm ina ndéanfar iarratas ar thacaíocht do thithíocht shóisialta, lena n-áirítear ar mhodh leictreonach,

(b) an fhaisnéis agus na sonraí a bheidh le soláthar ag teaghlach atá ag déanamh iarratais ar thacaíocht do thithíocht shóisialta agus fíorú na faisnéise agus na sonraí sin,

(c) cibé faisnéis bhreise a thabhairt is cuí le húdarás tithíochta d’fhonn measúnacht a dhéanamh,

(d) an tréimhse ar laistigh di a thabharfaidh an teaghlach lena mbaineann an fhaisnéis agus na sonraí, lena n-áirítear aon fhaisnéis bhreise, agus

(e) cibé nithe eile a mheasann an tAire is gá agus is cuí.

(6) (a) Gan dochar d’fho-alt (2), féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh d’fhonn—

(i) teaghais a cheannach faoi shocrú ceannaigh incrimintigh faoi Chuid 3,

(ii) árasán a cheannach faoi Chuid 4, nó

(iii) teaghais a cheannach faoi shocrú ceannaigh teaghaise incheannaithe faoi Chuid 5.

(b) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin a dhéanfar faoin bhfo-alt seo maidir leis na nithe seo a leanas—

(i) an fhoirm agus an modh ar a bhféadfar iarratas a dhéanamh ar cheannach, lena n-áirítear ar mhodh leictreonach;

(ii) an fhaisnéis agus na sonraí atá le soláthar ag teaghlach a dhéanann iarratas ar cheannach agus fíorú ar an bhfaisnéis agus na sonraí sin;

(iii) cibé faisnéis bhreise a thabhairt is dóigh leis an údarás tithíochta is cuí d’fhonn an t-iarratas a bhreithniú;

(iv) an tréimhse ar laistigh di a sholáthróidh an teaghlach a dhéanann an t-iarratas an fhaisnéis agus na sonraí, lena n-áirítear aon fhaisnéis bhreise, agus

(v) cibé nithe eile is dóigh leis an Aire is gá agus is cuí.

(7) (a) Tá duine ciontach i gcion agus dlitear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €2,000 a chur air nó uirthi, i gcás inar duine de theaghlach é nó í ar iarradh air nó uirthi faisnéis a thabhairt d’údarás tithíochta faoin alt seo nó faoi aon rialacháin arna ndéanamh faoi fho-alt (5)(6), de réir mar a bheidh, agus ina ndéanann sé nó sí—

(i) aon ráiteas nó uiríoll a thabhairt go feasach (cibé acu i scríbhinn nó ó bhéal) ar ráiteas nó uiríoll é atá, go feadh a eolais nó a heolais, bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, nó aon fhíoras ábhartha a cheilt go feasach, nó

(ii) aon doiciméad nó faisnéis is eol dó nó di a bheith bréagach i bponc ábhartha a thabhairt ar aird nó a thabhairt, nó a chur faoi deara nó a cheadú go feasach é nó í a thabhairt ar aird nó a thabhairt.

(b) Féadfaidh an t-údarás tithíochta a d’iarr an fhaisnéis dá dtagraítear i mír (a) cion faoin mír sin a ionchúiseamh.

(8) I gcás ina gciontaítear duine i gcion faoi fho-alt (7)(a) agus, mar gheall ar an gcion sin, inar thabhaigh an t-údarás tithíochta leibhéal is airde caiteachais le linn tacaíocht tithíochta a sholáthar do theaghlach ná mar a thabhódh sé murach sin, beidh aon chaiteachas den sórt sin inaisíoctha leis an údarás tithíochta agus dlífidh an duine nó ionadaí pearsanta an duine sin an caiteachas is inaisíoctha amhlaidh a íoc leis an údarás tithíochta, ar é a éileamh, agus féadfaidh an t-údarás tithíochta an caiteachas sin a ghnóthú, mura n-aisíocfar amhlaidh é, mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(9) I gcás ina gciontaítear duine i gcion faoi fho-alt (7)(a) agus, mar gheall ar an gcion sin, inar mhuirearaigh an t-údarás tithíochta cíos is ísle i leith tacaíochta tithíochta a sholáthar ná mar a mhuirearódh sé murach sin, beidh an méid a ndearnadh an cíos a ghearrmhuirearú inaisíoctha leis an údarás tithíochta agus dlífidh an duine nó ionadaí pearsanta an duine sin an méid is inaisíoctha amhlaidh a íoc leis an údarás tithíochta, ar é a éileamh, agus féadfaidh an t-údarás tithíochta an méid sin a ghnóthú, mura n-aisíocfar amhlaidh é, mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Airgead atá ag dul d’údarás tithíochta.

33 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir leis na forálacha seo a leanas:

(a) ailt 28, 31, 32(8) agus (9), 47(4), 48(5) agus (6), 75(4), 76(5), 98 agus 99;

(b) alt 13 d’Acht 1988;

(c) ailt 3 agus 11 d’Acht 1992;

(d) alt 25 d’Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil) 1998; agus

(e) ailt 9 agus 10 d’Acht 2002.

(2) Tá ús iníoctha de réir an ailt seo ar cibé méid d’aon chíos, muirir, táillí nó aisíocaíochtaí iasachta nó d’aon airgead eile atá dlite agus ag dul d’údarás tithíochta faoi aon cheann de na forálacha lena mbaineann an t-alt seo, ar méid é atá fágtha gan íoc i leith na tréimhse idir an dáta a thagann an t-airgead chun bheith iníoctha agus an dáta a íoctar é.

(3) Is é an ráta úis is iníoctha faoi fho-alt (2) an ráta a bheidh forordaithe de thuras na huaire chun críocha an ailt seo ach in aon chás ní mó é ná an ráta is infheidhme de thuras na huaire maidir le fiach breithiúnais shibhialta Ard-Chúirte.

(4) I gcás airgead a bheith dlite agus ag dul d’údarás tithíochta ag teaghlach faoi aon cheann de na forálacha lena mbaineann an t-alt seo agus, an tráth céanna, suim eile a bheith dlite den údarás áitiúil lena mbaineann don teaghlach sin, féadfar an tsuim is túisce a luaitear a fhritháireamh in aghaidh na suime is déanaí a luaitear, go hiomlán nó go páirteach, de réir mar is cuí.

Socruithe le teaghlaigh chun airgead atá dlite agus ag dul d’údarás tithíochta a íoc.

34 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir leis na forálacha seo a leanas:

(a) ailt 28, 31 agus 32(8) agus (9);

(b) alt 13 d’Acht 1988;

(c) ailt 3 agus 11 d’Acht 1992, agus

(d) alt 25 d’Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil) 1998.

(2) I gcás airgead a bheith dlite agus ag dul d’údarás tithíochta ag teaghlach faoi aon cheann de na forálacha lena mbaineann an t-alt seo agus gur deimhin leis an údarás tithíochta go mbainfeadh cruatan míchuí don teaghlach murach sin, féadfaidh an t-údarás tithíochta socruithe a dhéanamh leis an teaghlach chun an t-airgead sin (mar aon le haon ús a bheidh fabhraithe faoi alt 33 (2)) a íoc i cibé tráthchodanna agus ag cibé tráthanna is dóigh leis an údarás tithíochta a bheith réasúnach sna himthosca go léir, i dteannta aon chíosa, muirear, táillí nó aisíocaíochtaí iasachta a íocann an teaghlach leis an údarás.

Straitéis maidir le hiompar frithshóisialta.

35 .— (1) Déanfaidh údarás tithíochta, laistigh de bhliain amháin tar éis teacht i ngníomh don alt seo, straitéis (dá ngairtear “straitéis maidir le hiompar frithshóisialta” san alt seo) a tharraingt suas agus a ghlacadh i leith an chuid sin nó na gcodanna sin dá limistéar riaracháin ina bhfuil na teaghaisí agus na láithreáin seo a leanas suite—

(a) teaghaisí arna ligean ag an údarás tithíochta le tionóntaí faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009,

(b) teaghaisí is ábhar do chomhaontuithe tionóntachta Chaibidil 4,

(c) teaghaisí ina bhfuil cónaí ar cheannaitheoirí iomchuí (de réir bhrí alt 1 d’Acht 1997), agus

(d) láithreáin (de réir bhrí alt 1 d’Acht 1997).

(2) Beidh mar phríomhchuspóirí ag straitéis maidir le hiompar frithshóisialta—

(a) iompar frithshóisialta a chosc agus a laghdú,

(b) seirbhísí laistigh den údarás tithíochta a chomhordú, ar seirbhísí iad atá dírithe ar dhul i ngleic le hiompar frithshóisialta nó ar iompar frithshóisialta a chosc nó a laghdú,

(c) comhoibriú le daoine eile, lena n-áirítear an Garda Síochána, a chur chun cinn le linn a bhfeidhmeanna faoi seach a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann na feidhmeanna sin le dul i ngleic le hiompar frithshóisialta nó le hiompar frithshóisialta a chosc nó a laghdú, ag féachaint don ghá atá ann dúblú gníomhaíochtaí a sheachaint ar thaobh an údaráis tithíochta agus na ndaoine eile sin le linn na feidhmeanna sin a chomhlíonadh, agus

(d) dea-bhainistíocht eastát a chur chun cinn.

(3) Leagfar amach i straitéis maidir le hiompar frithshóisialta tograí an údaráis tithíochta chun na príomhchuspóirí dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a bhaint amach, lena n-áirítear na nithe seo a leanas, ach ní gá gurb iad na nithe sin amháin a bheidh i gceist:

(a) nósanna imeachta i ndáil le gearáin a dhéanamh chun an údaráis tithíochta maidir le hiompar frithshóisialta;

(b) tionscnaimh chun iompar frithshóisialta a chosc agus a laghdú;

(c) oideachas a sholáthar agus taighde a dhéanamh maidir le hiompar frithshóisialta agus maidir lena chosc agus lena laghdú.

(4) Maidir le húdarás tithíochta—

(a) déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná 6 mhí sula rachaidh a phlean seirbhísí tithíochta in éag, agus

(b) féadfaidh sé, ó am go ham de réir mar is cuí leis,

a straitéis maidir le hiompar frithshóisialta a athbhreithniú agus an straitéis a leasú nó straitéis nua a tharraingt suas agus a ghlacadh, de réir mar is cuí leis.

(5) Le linn d’údarás tithíochta straitéis a tharraingt suas, nó sula leasóidh sé straitéis, rachaidh sé i gcomhairle—

(a) le haon chomhchoiste póilíneachta arna bhunú faoi alt 36 d’Acht an Gharda Síochána 2005 i leith limistéar riaracháin an údaráis,

(b) leis an nGarda Síochána,

(c) le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus

(d) le haon duine eile de réir mar is cuí leis an údarás.

(6) Is feidhm fhorchoimeádta í straitéis maidir le hiompar frithshóisialta a tharraingt suas agus a ghlacadh, agus í a leasú.

(7) Ní ghlacfar le tarraingt suas agus glacadh, agus le leasú, straitéise maidir le hiompar frithshóisialta mar ní a thugann ceart faoin dlí d’aon duine, ar ceart é nach mbeadh ag an duine thairis sin, chun a cheangal ar údarás tithíochta i gcás áirithe aon fheidhm arna tabhairt dó faoi Acht 1997 nó faoin Acht seo a fheidhmiú nó chun damáistí a lorg i leith mainneachtana ag údarás tithíochta aon fheidhm den sórt sin a fheidhmiú.

Caibidil 6

Pleananna Gníomhaíochta Easpa Dídine

Léiriú (Caibidil 6).

36 .— Sa Chaibidil seo—

tá le “ grúpa bainistíochta ” an bhrí a thugtar dó le halt 39;

tá le “ údarás tithíochta freagrach ” an bhrí a thugtar dó le halt 38;

ciallaíonn “ comhlacht sonraithe ”—

(a) an Foras Áiseanna Saothair,

(b) Seirbhís Phríosúin na hÉireann, i gcás ina bhfuil príosún suite—

(i) i limistéar riaracháin an údaráis tithíochta, nó

(ii) i gcás comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, i limistéar riaracháin aon údaráis tithíochta lena mbaineann,

(c) an tSeirbhís Phromhaidh,

(d) coiste gairmoideachais de réir bhrí alt 7 den Acht Oideachais Ghairme Beatha 1930 a bhfreagraíonn a limistéar feidhme—

(i) do limistéar riaracháin an údaráis tithíochta, nó

(ii) i gcás comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, do limistéar riaracháin aon údaráis tithíochta lena mbaineann,

agus

(e) cibé comhlacht eile a fhorordófar chun críocha na Caibidle seo.

Plean gníomhaíochta easpa dídine.

37 .— (1) Déanfaidh údarás tithíochta, i leith a limistéir riaracháin, tráth nach déanaí ná 8 mí tar éis teacht i ngníomh don Chaibidil seo, plean a ghlacadh (dá ngairtear “ plean gníomhaíochta easpa dídine ” san Acht seo) chun aghaidh a thabhairt ar easpa dídine.

(2) Sonrófar i bplean gníomhaíochta easpa dídine na bearta atá beartaithe ag an údarás tithíochta nó na húdaráis tithíochta, de réir mar a bheidh, ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, comhlachtaí sonraithe, nó comhlachtaí ceadaithe nó comhlachtaí eile a sholáthraíonn seirbhísí chun aghaidh a thabhairt ar easpa dídine nó a bhféadfaidh comhlíonadh a bhfeidhmeanna difear a dhéanamh do sholáthar seirbhísí den sórt sin nó a bheith bainteach leo a ghabháil de láimh, chun aghaidh a thabhairt ar easpa dídine sa limistéar riaracháin nó sna limistéir riaracháin lena mbaineann, lena n-áirítear bearta chun na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach, ach ní gá a bheith teoranta dóibh—

(a) easpa dídine a chosc,

(b) easpa dídine a laghdú maidir lena méid nó lena fad,

(c) seirbhísí, lena n-áirítear cóiríocht, a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais teaghlach gan dídean,

(d) cúnamh a sholáthar faoi alt 10 (b)(i), de réir mar is gá, do dhaoine a bhí gan dídean roimhe seo, agus

(e) comhordú éifeachtach gníomhaíochtaí a bheartaítear a ghabháil de láimh ag na comhlachtaí dá dtagraítear san fho-alt seo d’fhonn aghaidh a thabhairt ar easpa dídine sa limistéar riaracháin nó sna limistéir riaracháin lena mbaineann a chur chun cinn.

(3) Is i scríbhinn a bheidh plean gníomhaíochta easpa dídine agus cuirfear an méid seo a leanas i gcuntas ann—

(a) aon fhaisnéis atá ar fáil maidir le méid an ghá atá le seirbhísí chun aghaidh a thabhairt ar easpa dídine, lena n-áirítear, i gcás tacaíochtaí tithíochta, aon achoimre ar mheasúnachtaí ar thithíocht shóisialta arna n-ullmhú faoi alt 21 i leith teaghlach gan dídean,

(b) na costais a ghabhann leis na bearta beartaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2) agus na hacmhainní airgeadais atá ar fáil nó is dóigh a bheidh ar fáil le haghaidh thréimhse an phlean gníomhaíochta easpa dídine don údarás tithíochta nó do na húdaráis tithíochta lena mbaineann, d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nó d’aon chomhlacht sonraithe, de réir mar a bheidh, d’fhonn na bearta sin a ghabháil de láimh agus an gá atá ann a chinntiú go mbainfear an úsáid is tairbhiúla, is éifeachtaí agus is éifeachtúla as na hacmhainní sin,

(c) cibé beartais agus cuspóirí atá ag an Rialtas nó ag an Aire de thuras na huaire a mhéid a fhéadfaidh siad difear a dhéanamh do sholáthar seirbhísí do dhaoine gan dídean nó a bhainfidh siad leis an gcéanna, agus

(d) cibé nithe eile a shonróidh an tAire in ordachán a thabharfar don údarás tithíochta faoi fho-alt (4) lena n-áirítear (ach amháin i gcás an chéad phlean gníomhaíochta easpa dídine) athbhreithniú ar dhul chun cinn a bheidh déanta i gcur i ngníomh an phlean gníomhaíochta easpa dídine le linn thréimhse an phlean roimhe sin.

(4) (a) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, ordacháin i scríbhinn a thabhairt d’údarás tithíochta—

(i) d’fhonn treoir a sholáthar maidir le foirm agus ábhar plean gníomhaíochta easpa dídine, nó

(ii) d’fhonn an tréimhse a shonrú ar lena linn a fhanfaidh plean den sórt sin i bhfeidhm, ar tréimhse í nach giorra ná 3 bliana in aon chás,

nó chun an dá chríoch sin.

(b) Comhlíonfaidh an t-údarás tithíochta aon ordacháin arna dtabhairt faoi mhír (a).

Fóram comhairleach easpa dídine.

38 .— (1) Faoi réir fho-ailt (3) agus (4), a luaithe is indéanta tar éis teacht i ngníomh don Chaibidil seo agus ag féachaint d’alt 37(1), bunóidh údarás tithíochta comhlacht ar a dtabharfar an fóram comhairleach easpa dídine agus ceapfaidh sé a chomhaltaí.

(2) Is iad feidhmeanna fóraim chomhairligh easpa dídine faisnéis, tuairimí, comhairle nó tuarascálacha, de réir mar is cuí, a sholáthar don ghrúpa bainistíochta i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(a) easpa dídine agus oibriú agus cur i ngníomh an phlean gníomhaíochta easpa dídine sa limistéar riaracháin lena mbaineann,

(b) forálacha an dréachtphlean gníomhaíochta easpa dídine, agus

(c) aon mhodhnú beartaithe ar an dréachtphlean gníomhaíochta easpa dídine de bhun alt 40 (6).

(3) I gcás ina gcomhlíontar aon cheann den dá choinníoll a shonraítear i bhfo-alt (4)(a) nó iad araon nó i gcás ina n-ordaíonn an tAire amhlaidh de bhun fho-alt (4)(b), déanfaidh údarás tithíochta socrú le haon údarás tithíochta eile a bhfuil a limistéar riaracháin tadhlach le limistéar riaracháin an údaráis tithíochta lena mbaineann nó le haon údarás tithíochta eile, de réir mar is cuí, chun comhfhóram comhairleach easpa dídine a bhunú a chomhlíonfaidh na feidhmeanna a shonraítear i bhfo-alt (2) i ndáil le limistéir riaracháin na n-údarás tithíochta is páirtithe sa socrú.

(4) (a) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (3) go measfaidh an t-údarás tithíochta—

(i) go gcuirfeadh comhfhóram comhairleach easpa dídine cuspóirí plean gníomhaíochta easpa dídine ar aghaidh mar gheall ar mhéid nó ar chineál na heaspa dídine ina limistéar riaracháin, nó

(ii) go gcinnteodh comhfhóram comhairleach easpa dídine agus comhroinnt seirbhísí riaracháin a bhainfeadh leis go mbainfí an úsáid is tairbhiúla, is éifeachtaí agus is éifeachtúla as acmhainní.

(b) Féadfaidh an tAire, i gcás inar cuí leis nó léi é, a ordú d’údaráis tithíochta socrú a dhéanamh de bhun fho-alt (3) agus comhlíonfaidh na húdaráis tithíochta aon ordachán den sórt sin.

(5) I gcás socrú de bhun fho-alt (3) chun comhfhóram comhairleach easpa dídine a bhunú, déanfaidh na húdaráis tithíochta lena mbaineann, trí chomhaontú i scríbhinn, údarás tithíochta amháin (dá ngairtear “ an t-údarás tithíochta freagrach ” sa Chaibidil seo) a cheapadh chun go gcomhlíonfar, thar ceann na n-údarás tithíochta lena mbaineann, a gcuid feidhmeanna faoin gCaibidil seo.

(6) Déanfaidh údarás tithíochta nó, i gcás comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, déanfaidh an t-údarás tithíochta freagrach, de réir cibé ordachán a thabharfaidh an tAire faoi alt 41 , cathaoirleach ar an bhfóram comhairleach easpa dídine nó ar an gcomhfhóram comhairleach easpa dídine, de réir mar a bheidh, a cheapadh as measc chomhaltas an fhóraim nó an chomhfhóraim sin.

(7) Beidh an cathaoirleach a cheapfar faoi fho-alt (6) ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an ngrúpa bainistíochta freisin.

(8) Is é a bheidh i gcomhaltas an fhóraim chomhairligh easpa dídine na daoine seo a leanas:

(a) fostaí nó fostaithe de chuid an údaráis tithíochta nó, i gcás comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, fostaí nó fostaithe de chuid gach údaráis tithíochta lena mbaineann a bheidh ainmnithe ag an údarás tithíochta nó ag na húdaráis tithíochta lena mbaineann, de réir mar a bheidh;

(b) fostaí nó fostaithe de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a bheidh ainmnithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte;

(c) faoi réir cibé ordachán a thabharfaidh an tAire faoi alt 41 (1)(a), daoine a bheidh ainmnithe ag comhlachtaí sonraithe, agus

(d) faoi réir fho-alt (9), daoine a bheidh ainmnithe—

(i) ag comhlachtaí ceadaithe, agus

(ii) ag aon chomhlachtaí eile,

a sholáthraíonn seirbhísí do dhaoine gan dídean sa limistéar riaracháin nó, i gcás comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, sna limistéir riaracháin lena mbaineann nó a bhféadfaidh comhlíonadh a bhfeidhmeanna difear a dhéanamh do sholáthar seirbhísí den sórt sin nó a bheith bainteach le soláthar seirbhísí den sórt sin de réir mar is dóigh leis an údarás tithíochta nó leis an údarás freagrach, de réir mar a bheidh, is cuí de réir cibé ordachán a thabharfaidh an tAire faoi alt 41 .

(9) Ní mó an líon daoine dá dtagraítear i bhfo-alt (8)(d) ná an leathchuid de chomhalta an fhóraim chomhairligh easpa dídine nó an chomhfhóraim chomhairligh easpa dídine, de réir mar a bheidh.

(10) Déanfaidh fóram comhairleach easpa dídine nó comhfhóram comhairleach easpa dídine, de réir mar a bheidh, cruinnithe agus imeachtaí an fhóraim a rialáil le buanorduithe nó ar shlí eile.

(11) Féadfaidh an t-údarás tithíochta lena mbaineann nó, i gcás comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, féadfaidh na húdaráis tithíochta lena mbaineann, cibé seirbhísí agus tacaíocht a bhaineann le hoibriú an fhóraim chomhairligh easpa dídine nó an chomhfhóraim chomhairligh easpa dídine, de réir mar a bheidh, a sholáthar a mheasfaidh an t-údarás tithíochta nó na húdaráis tithíochta is gá, de réir cibé ordachán a thabharfaidh an tAire faoi alt 41 .

(12) Ní chuirfear imeachtaí fóraim chomhairligh easpa dídine nó comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, de réir mar a bheidh, ó bhail mar gheall ar aon fholúntais sa chomhaltas.

Grúpa bainistíochta.

39 .— (1) Ceapfaidh an t-údarás tithíochta nó an t-údarás tithíochta freagrach, de réir mar a bheidh, grúpa (dá ngairtear “grúpa bainistíochta” sa Chaibidil seo) ina mbeidh comhaltaí áirithe den fhóram comhairleach easpa dídine nó den chomhfhóram comhairleach easpa dídine, de réir mar a bheidh, arb é nó í an duine sin é nó í, nó arb iad na daoine sin iad, dá dtagraítear in alt 38(8)(a), (b) agus (c) agus is cuí leis an údarás tithíochta nó leis an údarás freagrach, de réir mar a bheidh, de réir cibé ordachán a thabharfaidh an tAire faoi alt 41 .

(2) Féadfaidh an grúpa bainistíochta a chruinnithe agus a nósanna imeachta a rialáil le buanorduithe nó ar shlí eile.

(3) Féadfaidh an t-údarás tithíochta nó an t-údarás tithíochta freagrach, de réir mar a bheidh, cibé seirbhísí agus tacaíocht a sholáthar a bhaineann le hoibriú an ghrúpa bainistíochta, agus is cuí leis an údarás tithíochta sin, de réir cibé ordachán a thabharfaidh an tAire faoi alt 41 .

(4) Maidir leis an ngrúpa bainistíochta—

(a) comhlíonfaidh sé na feidhmeanna a thugtar dó faoin gCaibidil seo i ndáil le hullmhú agus modhnú an dréachtphlean gníomhaíochta easpa dídine agus leis an athbhreithniú ar an bplean gníomhaíochta easpa dídine, agus

(b) féadfaidh sé moltaí a chur faoi bhráid an údaráis tithíochta nó, i gcás comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, faoi bhráid na n-údarás tithíochta lena mbaineann, faoi bhráid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nó faoi bhráid aon chomhlachta shonraithe, i ndáil le gach ní nó aon ní de na nithe seo a leanas:

(i) seirbhísí is gá chun aghaidh a thabhairt ar easpa dídine sa limistéar riaracháin nó sna limistéir riaracháin lena mbaineann;

(ii) maoiniú le haghaidh seirbhísí den sórt sin, agus na hacmhainní airgeadais atá ar fáil nó is dóigh a bheidh ar fáil á gcur i gcuntas;

(iii) oibriú an phlean gníomhaíochta easpa dídine, ag féachaint d’aon fhaisnéis, tuairimí, comhairle nó tuarascálacha arna soláthar ag an bhfóram comhairleach easpa dídine nó ag an gcomhfhóram comhairleach easpa dídine, de réir mar a bheidh.

(5) Ní chuirfear imeachtaí grúpa bainistíochta ó bhail mar gheall ar aon fholúntais sa chomhaltas.

Dréachtphlean a ullmhú agus plean a dhéanamh.

40 .— (1) Déanfaidh bainisteoir údaráis tithíochta nó údaráis tithíochta fhreagraigh, de réir mar a bheidh, tráth nach déanaí ná 6 sheachtain tar éis teacht i ngníomh don Chaibidil seo, iarraidh i scríbhinn a chur chuig cathaoirleach an ghrúpa bainistíochta chun socrú a dhéanamh maidir le dréachtphlean gníomhaíochta easpa dídine a ullmhú i leith an limistéir riaracháin lena mbaineann nó, i gcás comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, i leith na limistéar riaracháin lena mbaineann.

(2) D’fhonn dréachtphlean gníomhaíochta easpa dídine a ullmhú faoin alt seo agus roimh an dréachtphlean gníomhaíochta easpa dídine a chur isteach de bhun fho-alt (3)

(a) rachaidh an grúpa bainistíochta i gcomhairle—

(i) leis na comhaltaí eile den fhóram comhairleach easpa dídine nó den chomhfhóram comhairleach easpa dídine, de réir mar a bheidh, agus

(ii) le haon chomhairle baile a bhfuil a limistéar riaracháin i limistéar riaracháin an údaráis tithíochta, nó, i gcás comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, i limistéir riaracháin na n-údarás tithíochta, lena mbaineann an plean,

agus

(b) féadfaidh sé dul i gcomhairle le haon údarás tithíochta a bhfuil a limistéar riaracháin tadhlach le limistéar riaracháin an údaráis tithíochta lena mbaineann nó, i gcás comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, tadhlach le limistéir riaracháin na n-údarás tithíochta lena mbaineann.

(3) Tráth nach déanaí ná 10 seachtain ón dáta a chuirfear an iarraidh dá dtagraítear i bhfo-alt (1), déanfaidh an grúpa bainistíochta an dréachtphlean gníomhaíochta easpa dídine a cheadú agus a chur faoi bhráid an údaráis tithíochta nó, i gcás comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, faoi bhráid gach údaráis tithíochta de na húdaráis tithíochta lena mbaineann lena ghlacadh.

(4) Faoi réir fho-ailt (5) go (8), déanfaidh an t-údarás tithíochta, nó, i gcás comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, déanfaidh gach údarás tithíochta de na húdaráis tithíochta lena mbaineann, an plean gníomhaíochta easpa dídine a ghlacadh laistigh de 6 sheachtain tar éis an dréachtphlean gníomhaíochta easpa dídine a fháil, fara modhnú nó gan mhodhnú.

(5) I gcás ina mbaineann aon chuid de dhréachtphlean gníomhaíochta easpa dídine le feidhmeanna Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nó le feidhmeanna comhlachta shonraithe, déanfaidh an t-údarás tithíochta, nó an t-údarás tithíochta freagrach, de réir mar a bheidh, iarraidh i scríbhinn a chur chuig cathaoirleach an ghrúpa bainistíochta chun a cheadú a lorg maidir le haon mhodhnú beartaithe de bhun fho-alt (4) i leith na coda sin den dréachtphlean.

(6) Déanfaidh an grúpa bainistíochta, tráth nach déanaí ná 3 sheachtain ón dáta a chuirfear an iarraidh dá dtagraítear i bhfo-alt (5), tar éis dul i gcomhairle leis na comhaltaí eile den fhóram comhairleach easpa dídine, nó den chomhfhóram comhairleach easpa dídine, de réir mar a bheidh—

(a) glacadh leis an modhnú beartaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (5) nó diúltú dó, agus

(b) fógra, i scríbhinn, a thabhairt don údarás tithíochta nó don údarás tithíochta freagrach, de réir mar a bheidh, maidir leis an gcinneadh agus maidir leis na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin.

(7) Glacfaidh an t-údarás tithíochta nó, i gcás comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, gach ceann de na húdaráis tithíochta lena mbaineann, an plean gníomhaíochta easpa dídine tráth nach déanaí na 6 sheachtain ón dáta a chuirfear an fógra faoi fho-alt (6), mar aon leis an modhnú, i gcás ina nglacfaidh an grúpa bainistíochta leis, nó gan an modhnú, i gcás ina ndiúltófar dó.

(8) I gcás ina mainneoidh an t-údarás tithíochta nó, i gcás comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, aon cheann de na húdaráis tithíochta lena mbaineann, an plean gníomhaíochta easpa dídine a ghlacadh de réir an ailt seo, déanfaidh bainisteoir gach údaráis tithíochta, de réir mar is cuí, le hordú, a luaithe is indéanta agus in aon chás tráth nach déanaí ná deireadh na tréimhse dá dtagraítear in alt 37 (1), an dréachtphlean gníomhaíochta easpa dídine a ghlacadh de réir fho-alt (4) (7), de réir mar is cuí.

(9) Déanfaidh an t-údarás tithíochta nó an t-údarás tithíochta freagrach, de réir mar is cuí—

(a) cóip den phlean gníomhaíochta easpa dídine a thabhairt don Aire agus do gach comhalta den fhóram comhairleach easpa dídine nó den chomhfhóram comhairleach easpa dídine, de réir mar a bheidh, a luaithe is indéanta tar éis a ghlactha,

(b) an plean gníomhaíochta easpa dídine a chur ar fáil lena iniúchadh, ar iarraidh ó aon duine, gan mhuirear, ina chuid oifigí agus i cibé áiteanna eile is cuí leis, le linn gnáthuaireanta oifige,

(c) ar iarraidh ó aon duine, cóip den phlean gníomhaíochta easpa dídine a sholáthar ar phraghas nach mó ná an costas réasúnach atáirgthe, agus

(d) cóip den phlean gníomhaíochta easpa dídine a fhoilsiú agus a chothabháil ar an Idirlíon ar feadh tréimhse an phlean.

(10) Féadfaidh údarás tithíochta nó údarás tithíochta freagrach, de réir mar a bheidh, aon tráth, agus déanfaidh sé, in aon chás, tráth nach déanaí ná 8 mí roimh dheireadh thréimhse an phlean gníomhaíochta easpa dídine, cinneadh a dhéanamh socrú a dhéanamh—

(a) chun an plean gníomhaíochta easpa dídine a athbhreithniú agus, más cuí, a leasú, nó

(b) chun plean gníomhaíochta easpa dídine nua a ullmhú agus a ghlacadh.

(11) I gcás ina ndéanfaidh údarás tithíochta nó údarás tithíochta freagrach, de réir mar a bheidh, cinneadh chun críocha fho-alt (10), déanfaidh bainisteoir an údaráis tithíochta nó an údaráis tithíochta fhreagraigh, de réir mar a bheidh, iarraidh i scríbhinn a chur chuig cathaoirleach an ghrúpa bainistíochta chun socrú a dhéanamh chun an plean gníomhaíochta easpa dídine a athbhreithniú nó chun plean gníomhaíochta easpa dídine nua a ullmhú agus beidh feidhm dá réir sin ag fo-ailt (2) go (9) fara aon mhodhnuithe is gá.

(12) Faoi réir fho-alt (8), is feidhm fhorchoimeádta é plean gníomhaíochta easpa dídine a ghlacadh nó a leasú.

(13) (a) D’ainneoin alt 37(1), más rud é, roimh theacht i ngníomh don Chaibidil seo, gur ghlac údarás tithíochta plean a chomhlíonann na coinníollacha a shonraítear i mír (b), ansin meastar gur plean gníomhaíochta easpa dídine arna ghlacadh go cuí ag an údarás tithíochta chun críocha na Caibidle seo plean den sórt sin.

(b) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i mír (a)

(i) go sonrófar sa phlean na bearta a bheartaítear a ghabháil de láimh chun cuspóirí plean gníomhaíochta easpa dídine a shonraítear in alt 37(2) a bhaint amach, agus

(ii) nach n-éagfaidh an plean roimh dheireadh bliana amháin tar éis an dáta a thiocfaidh an Chaibidil seo i ngníomh.

Ordacháin ón Aire.

41 .— (1) Féadfaidh an tAire ordacháin a thabhairt d’údarás tithíochta nó d’údarás tithíochta freagrach, de réir mar a bheidh, i ndáil le gach ceann nó aon cheann díobh seo a leanas:

(a) líon comhaltaí agus comhdhéanamh fóraim chomhairligh easpa dídine nó comhfhóraim chomhairligh easpa dídine, de réir mar a bheidh, lena n-áirítear cothromaíocht chuí inscne;

(b) líon comhaltaí agus comhdhéanamh grúpa bainistíochta;

(c) tréimhse cheapacháin na gcomhaltaí d’fhóram comhairleach easpa dídine nó de chomhfhóram comhairleach easpa dídine, de réir mar a bheidh, agus den ghrúpa bainistíochta;

(d) téarmaí agus coinníollacha ceapacháin (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le cur as oifig, le héirí as, le corrfholúntais a líonadh agus le hathcheapadh) na gcomhaltaí d’fhóram comhairleach easpa dídine nó de chomhfhóram comhairleach easpa dídine, de réir mar a bheidh, agus den ghrúpa bainistíochta;

(e) cathaoirleach ar fhóram comhairleach easpa dídine nó ar chomhfhóram comhairleach easpa dídine, de réir mar a bheidh, a cheapadh;

(f) seirbhísí agus tacaíocht a bhaineann le hoibriú an fhóraim chomhairligh easpa dídine, an chomhfhóraim chomhairligh easpa dídine nó an ghrúpa bainistíochta, de réir mar a bheidh.

(2) I gcomhlíonadh a fheidhmeanna faoin gCaibidil seo, déanfaidh údarás tithíochta nó údarás tithíochta freagrach, de réir mar a bheidh, de réir aon ordachán a thabharfaidh an tAire faoi fho-alt (1).

Cumhacht an Aire chun comhlacht a fhorordú mar chomhlacht sonraithe.

42 .— Féadfaidh an tAire aon chomhlacht a sholáthraíonn seirbhísí chun aghaidh a thabhairt ar easpa dídine nó a bhfearann comhlíonadh a fheidhmeanna ar sholáthar seirbhísí den sórt sin nó a mbaineann comhlíonadh a fheidhmeanna le soláthar seirbhísí den sórt sin a fhorordú mar chomhlacht sonraithe agus is comhlacht sonraithe chun críocha na Caibidle seo aon chomhlacht a fhorordófar amhlaidh.

CUID 3

Socruithe Ceannaigh Incrimintigh

Léiriú (Cuid 3).

43 .— (1) Sa Chuid seo—

tá le “ordú muirir” an bhrí a thugtar dó le halt 46;

tá le “ tréimhse mhuirearaithe ” an bhrí a thugtar dó le halt 46;

tá le “sciar muirearaithe” an bhrí a thugtar dó le halt 46;

ciallaíonn “teaghlach incháilithe”—

(a) teaghlach arna mheasúnú ag údarás tithíochta faoi alt 20 mar theaghlach atá cáilithe i gcomhair tacaíochta do thithíocht shóisialta, agus ar ar leithroinneadh teaghais lena mbaineann an Chuid seo de réir scéime leithroinnte agus a bhfuil cónaí air sa teaghais lena mbaineann ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana ó dháta na leithroinnte, nó

(b) faoi réir fho-alt (2), teaghlach dá dtagraítear in alt 22 (5)(c) a ndearnadh teaghais lena mbaineann an Chuid seo a leithroinnt air de réir scéime leithroinnte;

tá le “socrú ceannaigh incrimintigh” an bhrí a thugtar dó le halt 45;

tá le “ scaoileadh incriminteach ” an bhrí a thugtar dó le halt 46;

ciallaíonn “margadhluach”, i ndáil le teaghais lena mbaineann an Chuid seo, an praghas a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis gur air a dhíolfaí feo simplí neamhualaithe na teaghaise ar an margadh oscailte agus, in aon chás inar sholáthair an teaghlach incháilithe an láithreán le haghaidh na teaghaise don údarás tithíochta ar shuim ainmniúil, ní fholaíonn sé méid atá comhionann leis an mbreis (más ann) atá ag margadhluach an láithreáin thar an tsuim sin;

ciallaíonn “ glan-mhargadhluach ” an margadhluach arna laghdú le liúntas atá comhionann leis an méid den mhargadhluach is inchurtha i leith feabhsuithe ábhartha;

ciallaíonn “ airgead ceannaigh ”, i ndáil le teaghais lena mbaineann an Chuid seo, luach airgid an chion de phraghas ceannaigh na teaghaise arna shocrú ag an údarás tithíochta, de réir rialachán arna ndéanamh faoi alt 49 chun an t-airgead ceannaigh a ríomh, mar an cion is gá a íoc chun an teaghais a cheannach;

ciallaíonn “ praghas ceannaigh ”, i ndáil le teaghais lena mbaineann an Chuid seo, praghas na teaghaise arna chinneadh ag údarás tithíochta de réir rialachán arna ndéanamh faoi alt 49 chun an praghas ceannaigh a ríomh;

ciallaíonn “ceannaitheoir” duine a cheannaíonn teaghais faoi shocrú ceannaigh incrimintigh agus folaíonn sé duine a dtagann leas an cheannaitheora nó leas a chomharba nó a comharba i dteideal agus leas ionadaí pearsanta an duine sin nó an chomharba sin i dteideal chun bheith dílsithe ann nó inti dá éis sin (seachas ar chomaoin luachmhar);

tá le “ordú aistrithe” an bhrí a thugtar dó le halt 45.

(2) Ní rachaidh údarás tithíochta ar aghaidh le teaghais a dhíol faoi shocrú ceannaigh incrimintigh le teaghlach dá dtagraítear i mír (b) den mhíniú ar “ teaghlach incháilithe ” i bhfo-alt (1) más rud é—

(a) aon tráth le linn na 3 bliana díreach roimh iarratas a dhéanamh chun an údaráis chun teaghais a cheannach faoin gCuid seo, go raibh an teaghlach i riaráiste cíosa ar feadh tréimhse carnaí 12 sheachtain nó níos mó i leith aon teaghaise nó láithreáin arna ligean leo ag aon údarás tithíochta faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009 nó arna soláthar nó arna sholáthar faoi Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, agus

(b) nach ndearna an t-údarás tithíochta socrú faoi alt 34 leis an teaghlach chun an t-airgead atá dlite agus ag dul don údarás tithíochta i leith na riaráistí sin a íoc.

Feidhm Chuid 3 maidir le teaghaisí áirithe.

44 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), tá feidhm ag an gCuid seo maidir le teaghais—

(a) arna soláthar ag údarás tithíochta faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009 nó ag comhlacht ceadaithe le cúnamh ó údarás tithíochta faoi alt 6 d’Acht 1992 nó arna soláthar faoi Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000—

(i) arna foirgniú tar éis teacht i ngníomh don Chuid seo, nó ar tosaíodh ar a foirgniú roimh theacht i ngníomh don Chuid seo agus a chríochnaítear tar éis an teacht i ngníomh sin agus a leithroinntear ar theaghlach incháilithe de réir scéime leithroinnte laistigh de bhliain amháin tar éis í a chríochnú, nó

(ii) nár ligeadh roimhe sin de réir scéime leithroinnte agus atá folamh ar theacht i ngníomh don Chuid seo,

agus

(b) agus ar d’aicme teaghaise í a fhorordaítear chun críocha na Coda seo mar aicme teaghaise a bhféadfaidh feidhm a bheith ag socrú ceannaigh incrimintigh maidir léi.

(2) (a) Níl feidhm ag an gCuid seo maidir le teaghais dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus—

(i) is árasán i mórláthair árasán ainmnithe, nó

(ii) is árasán lánscartha ar leithligh in áitreabh, arna roinnt ina 2 árasán nó níos mó agus ar gá socruithe a dhéanamh chun na comhlimistéir, na comhdhéanmhais, na comhoibreacha nó na comhsheirbhísí a chothabháil agus a bhainistiú seachas ag an gceannaitheoir.

(b) Chun críocha mhír (a)(i), tá le “ árasán ” agus “ mórláthair árasán ainmnithe ” an bhrí chéanna atá leo in alt 50 .

Teaghais a dhíol trí shocrú ceannaigh incrimintigh.

45 .— (1) Faoi réir agus de réir na Coda seo agus Achtanna na dTithe 1966 go 2009 agus faoi réir cibé rialachán a dhéanfar faoi alt 49 , féadfaidh údarás tithíochta nó comhlacht ceadaithe socrú (dá ngairtear “ socrú ceannaigh incrimintigh ” sa Chuid seo) a dhéanamh le teaghlach incháilithe trína bhféadfaidh an t-údarás tithíochta, i gcomaoin an t-údarás tithíochta d’fháil an airgid ceannaigh, teaghais lena mbaineann an Chuid seo a dhíol, sa bhailriocht agus sa bhail atá uirthi ar an dáta díola, leis an teaghlach incháilithe, trí ordú (dá ngairtear “ ordú aistrithe ” sa Chuid seo), san fhoirm fhorordaithe, a bheidh sainráite agus a oibreoidh chun an leas a shonrófar san ordú a dhílsiú, ar an dáta a shonrófar san ordú, de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (2) agus téarmaí agus coinníollacha ordaithe muirir.

(2) Beidh ar áireamh ar na téarmaí agus na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1):

(a) go ndéanfaidh an ceannaitheoir, i gcás ina ndíolann an ceannaitheoir an teaghais le duine seachas údarás tithíochta nó comhlacht ceadaithe, de réir mar is cuí, le linn na tréimhse muirearaithe, méid arna ríomh de réir alt 48 (5)(6) a íoc leis an údarás nó leis an gcomhlacht ceadaithe;

(b) go mbeidh an teaghais ar áitiú mar ghnátháit chónaithe an cheannaitheora nó duine de theaghlach an cheannaitheora le linn na tréimhse muirearaithe mura rud é go dtabharfaidh an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe, de réir mar is cuí, a thoiliú roimh ré i scríbhinn;

(c) nach ndéanfar an teaghais ná aon chuid di, le linn na tréimhse muirearaithe, gan toiliú i scríbhinn roimh ré ón údarás tithíochta nó ón gcomhlacht ceadaithe, de réir mar a bheidh, a dhíol, a shannadh, a ligean nó a fholigean nó a dhiúscairt ar shlí eile nó a mhorgáistiú, a mhuirearú nó a choimhthiú, ar shlí seachas trí réadtiomnú nó oibriú dlí;

(d) ní dhéanfaidh an ceannaitheoir feabhsuithe ábhartha ar an teaghais, le linn na tréimhse muirearaithe, gan toiliú i scríbhinn roimh ré ón údarás tithíochta nó ón gcomhlacht ceadaithe, de réir mar a bheidh;

(e) téarmaí agus coinníollacha—

(i) a bhaineann leis an gceannaitheoir do chothabháil na teaghaise, agus

(ii) a bhaineann leis an gceannaitheoir do sholáthar agus do chothabháil árachais maoine leordhóthanaigh i leith na teaghaise;

(f) cibé téarmaí agus coinníollacha eile a bhaineann le díol na teaghaise a bheidh forordaithe chun críocha ordaithe aistrithe.

(3) Ach amháin mar a fhoráiltear le haon achtachán eile nó le rialacháin arna ndéanamh faoi, ní thabharfar le tuiscint le díol teaghaise lena mbaineann an Chuid seo faoi shocrú ceannaigh incrimintigh go bhfuil aon bharánta ann ar thaobh an údaráis tithíochta nó an chomhlachta cheadaithe lena mbaineann i ndáil le bailriocht nó bail na teaghaise ná i ndáil lena hoiriúnacht mar áit chónaithe do dhaoine.

(4) Féadfaidh comhlacht ceadaithe, le toiliú an údaráis tithíochta agus faoi réir cibé rialachán a dhéanfar faoi alt 49 , líon teaghaisí a chur in áirithint lena ndíol faoin gCuid seo, ar teaghaisí iad arna soláthar le cúnamh ó údarás tithíochta faoi alt 6 d’Acht 1992.

(5) Ní bheidh feidhm ag alt 211(2) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 ná ag alt 183 den Acht Rialtais Áitiúil 2001 maidir le teaghais a dhíol le teaghlach incháilithe faoin alt seo.

Ordú muirir.

46 .— (1) A luaithe is indéanta tar éis teaghais lena mbaineann an Chuid seo a dhíol faoi shocrú ceannaigh incrimintigh, déanfaidh an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe, de réir mar is cuí, faoi réir cibé rialachán a dhéanfar faoi alt 49 , ordú (dá ngairtear “ordú muirir” sa Chuid seo) lena ndéanfar an teaghais a mhuirearú, san fhoirm fhorordaithe, de réir na dtéarmaí a shonraítear san alt seo i leith na tréimhse a shonraítear san ordú (dá ngairtear an “tréimhse mhuirearaithe” sa Chuid seo).

(2) Leis an ordú muirir, cruthófar ordú i bhfabhar an údaráis tithíochta nó an chomhlachta cheadaithe lena mbaineann i leith sciar neamhroinnte chéatadánaigh sa teaghais (dá ngairtear “sciar muirearaithe” sa Chuid seo), arna ríomh de réir fho-alt (3), agus déanfar an sciar muirearaithe sin a laghdú de réir fho-alt (4).

(3) Ríomhtar an sciar muirearaithe de réir na foirmle seo aleanas:

Y x 100

Z

más rud é—

(a) gurb é Y an difríocht idir praghas ceannaigh na teaghaise tráth an díola leis an gceannaitheoir agus an t-airgead ceannaigh, agus

(b) gurb é Z praghas ceannaigh na teaghaise tráth an díola leis an gceannaitheoir.

(4) (a) Faoi réir mhír (b) agus alt 47 , laghdófar an sciar muirearaithe, ina chionúireachtaí comhionanna (dá ngairtear “scaoiltí incriminteacha” san alt seo) a chuirfear chun feidhme gach bliain, ar chothromdháta an ordaithe aistrithe, i leith gach bliana iomláine tar éis an dáta sin a raibh ceannaitheoir, nó duine dá theaghlach nó dá teaghlach, ag áitiú na teaghaise lena linn mar ghnátháit chónaithe, go dtí an dáta is luaithe acu seo a leanas—

(i) faoi réir alt 48 , an dáta a dhéanfar an teaghais a athdhíol den chéad uair, nó

(ii) faoi réir alt 47 , deireadh na tréimhse muirearaithe.

(b) Is laghdú carnach an laghdú ar an sciar muirearaithe don tréimhse 5 bliana ó dháta an ordaithe aistrithe agus ní bheidh feidhm aige go dtí go mbeidh an tréimhse sin imithe in éag, ar choinníoll go raibh an ceannaitheoir, nó duine dá theaghlach nó dá teaghlach, ag áitiú na teaghaise mar ghnátháit chónaithe ar feadh na tréimhse sin.

(5) Déanfaidh an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe, de réir mar a bheidh, aon tráth a iarrfaidh an ceannaitheoir air, ráiteas i scríbhinn, san fhoirm fhorordaithe, a thabhairt don cheannaitheoir ina léireofar méid carnach na scaoiltí incriminteacha a úsáideadh faoin ordú muirir.

(6) Measfar gur morgáiste arna dhéanamh trí ghníomhas de réir bhrí na Conveyancing Acts 1881 to 1911 ordú muirir agus go ndearnadh, an tráth a díoladh an teaghais, é a fhorghníomhú i bhfabhar an údaráis tithíochta nó an chomhlachta cheadaithe, de réir mar is cuí, ar mhuirear sna téarmaí dá bhforáiltear san alt seo.

(7) Dá réir sin, maidir leis an údarás tithíochta nó leis an gcomhlacht ceadaithe, amhail ar agus ó dháta déanta an ordaithe muirir—

(a) measfar gur morgáistí ar an teaghais é chun críocha na Conveyancing Acts 1881 to 1911, agus

(b) i ndáil leis an muirear dá dtagraítear i bhfo-alt (6), beidh na cumhachtaí go léir aige a thugtar leis na hAchtanna sin do mhorgáistithe faoi mhorgáistí arna ndéanamh trí ghníomhas.

(8) I gcas ina ndéanfaidh údarás tithíochta nó comhlacht ceadaithe ordú muirir, cuirfidh sé faoi deara, a luaithe is indéanta dá éis sin, go gclárófar an t-ordú i gClárlann na nGníomhas nó i gClárlann na Talún, de réir mar is cuí, agus is tuairisc leordhóthanach ar an muirear ar ina leith a bheidh an t-ordú á chlárú a lua gurb é an muirear sin an muirear dá dtagraítear in alt 46(2) d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009.

(9) Aon ordú muirir lena ndéantar difear do theaghais is talamh cláraithe de réir bhrí an Achta um Chlárú Teidil 1964, beidh sé inchláraithe mar ualach ar an talamh sin cibé acu atá nó nach bhfuil an duine atá ainmnithe san ordú mar úinéir na talún cláraithe faoin Acht sin mar úinéir na talún.

(10) Féadfaidh údarás tithíochta nó comhlacht ceadaithe, faoi réir fho-alt (11), comhaontú a dhéanamh le sealbhóir ar cheadúnas faoi Acht an Bhainc Ceannais 1971, le cumann foirgníochta nó le foras airgeadais eile go mbeidh tosaíocht, amhail in aghaidh morgáiste nó muirir a bheartaítear a chruthú i bhfabhar an tsealbhóra, an chumainn nó an fhorais sin, ag muirear a bheartaíonn sé a chruthú le hordú muirir ar tosaíocht í atá éagsúil leis an tosaíocht a bheadh ag an muirear thairis sin dá mba rud é nár achtaíodh an fo-alt seo.

(11) Ní fhéadfaidh údarás tithíochta nó comhlacht ceadaithe comhaontú dá dtagraítear i bhfo-alt (10) a dhéanamh ach amháin i gcás ina measann sé maidir leis an gcomhaontú—

(a) go gcumasóidh sé do theaghlach cáilithe lena mbeartaíonn sé teaghais lena mbaineann an Chuid a dhíol faoi shocrú ceannaigh incrimintigh airleacan airgid a fháil ón sealbhóir, ón gcumann nó ón bhforas dá dtagraítear i bhfo-alt (10) chun an teaghais a cheannach, nó

(b) go gcumasóidh sé do cheannaitheoir—

(i) airleacan airgid láithreach ón sealbhóir, ón gcumann nó ón bhforas dá dtagraítear i bhfo-alt (10) a athmhaoiniú, nó

(ii) airleacan airgid breise a fháil ón sealbhóir, nó ón gcumann nó ón bhforas dá dtagraítear i bhfo-alt (10) chun aon chríche.

(12) Féadfaidh an t-údarás nó an comhlacht ceadaithe, de réir mar a bheidh, aon mhéid a thiocfaidh chun bheith iníoctha le húdarás tithíochta nó le comhlacht ceadaithe faoi alt 47 48 a ghnóthú, gan dochar d’aon chumhacht eile chuige sin, ón duine lena mbaineann mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(13) Chun amhras a sheachaint, ní mheasfar gur tíolacas chun críocha alt 3 den Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh 1976 ordú muirir ná muirear a eascraíonn faoi.

(14) (a) Ar an teagmhas is luaithe de na teagmhais a shonraítear i bhfo-alt (4)(a) tarlú agus faoi réir théarmaí agus choinníollacha an ordaithe aistrithe agus an ordaithe muirir a bheith comhlíonta, déanfaidh an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe, de réir mar a bheidh, i gcás go n-iarrfaidh an ceannaitheoir air déanamh amhlaidh, gníomhas urscaoilte a fhorghníomhú i leith an ordaithe muirir.

(b) Beidh an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe, de réir mar a bheidh, faoi dhliteanas i leith aon chaiteachas a thabhófar le linn gníomhas urscaoilte a fhorghníomhú agus a chlárú ach ní bheidh sé faoi dhliteanas thairis sin i leith aon chaiteachas a thabhóidh ceannaitheoir faoin alt seo ná faoi alt 47 48.

Laghdú ar sciar muirearaithe a fhionraí.

47 .— (1) Féadfaidh údarás tithíochta nó comhlacht ceadaithe, de réir mar a bheidh, an laghdú ar an sciar muirearaithe dá fhoráiltear faoi alt 46 a fhionraí i leith aon bhliana dar críoch cothromdháta an ordaithe aistrithe, i gcás go mainníonn an ceannaitheoir aon cheann de théarmaí agus coinníollacha an ordaithe aistrithe a chomhlíonadh.

(2) I gcás go ndéanfaidh an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe an laghdú ar an sciar muirearaithe a fhionraí faoi fho-alt (1), déanfar an sciar muirearaithe ar an teaghais a ríomh de réir na foirmle seo a leanas:

Y x 100—R

Z

i gcás—

(a) gurb é Y an difríocht idir praghas ceannaigh na teaghaise tráth an díola leis an gceannaitheoir agus an t-airgead ceannaigh,

(b) gurb é Z praghas ceannaigh na teaghaise tráth an díola leis an gceannaitheoir, agus

(c) gurb é R an chuid den sciar muirearaithe a scaoileadh de réir an fho-ailt seo.

(3) (a) I gcás go mbeidh an laghdú ar an sciar muirearaithe curtha ar fionraí ag údarás tithíochta nó comhlacht ceadaithe faoi fho-alt (1), déanfaidh an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe, de réir mar is cuí, fógra i scríbhinn maidir leis an bhfionraí agus na cúiseanna atá leis an bhfionraí a thabhairt don cheannaitheoir a luaithe is indéanta ina dhiaidh sin.

(b) Déanfaidh an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe, de réir mar a bheidh, ar dhul in éag don tréimhse mhuirearaithe, ráiteas i scríbhinn a thabhairt don cheannaitheoir, san fhoirm fhorordaithe, ina léireofar méid an mhuirir a bheidh gan íoc faoin ordú muirir ar dháta éagtha na tréimhse muirearaithe, ar méid é a shloinnfear mar chéatadán de mhargadhluach na teaghaise, a bheidh comhionann le sciar muirearaithe an údaráis tithíochta nó an chomhlachta cheadaithe, de réir mar is cuí, sa teaghais ar an dáta sin arna ríomh de réir fho-alt (2).

(4) (a) Déanfaidh an ceannaitheoir, laistigh de 2 mhí tar éis an ráiteas dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a fháil, an méid a bheidh leagtha amach sa ráiteas a íoc leis an údarás tithíochta.

(b) I gcás ina mainníonn an ceannaitheoir an méid dá dtagraítear i mír (a) a íoc, tá feidhm ag alt 46 (12).

(5) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn “ margadhluach ” an praghas a bhféadfaí a bheith ag súil le réasún go ndíolfaí teaghais air ar dháta éagtha na tréimhse muirearaithe, sa bhailriocht agus sa bhail láithreach atá uirthi agus gan í a bheith faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear in alt 45 (2) ná faoi réir ordaithe muirir.

(6) (a) Chun críocha an ailt seo, déanfaidh an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe, de réir mar is cuí, margadhluach teaghaise a chinneadh, nó, i gcás nach n-aontóidh an ceannaitheoir leis an margadhluach a chinnfear amhlaidh, déanfaidh luachálaí neamhspleách, a bheidh ainmnithe ag an gceannaitheoir as painéal daoine cuícháilithe, arna bhunú ag an údarás tithíochta, ar daoine iad d’aicme nó de thuairisc a fhorordaítear faoi alt 49 , an margadhluach a chinneadh.

(b) Ní bheidh an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe faoi dhliteanas i leith aon chaiteachas a thabhóidh an ceannaitheoir faoi mhír (a).

Rialú ar athdhíol teaghaise arna díol faoi shocrú ceannaigh incrimintigh.

48 .— (1) I gcás ina mbeartaíonn ceannaitheoir teaghais a dhíol atá faoi réir ordaithe muirir nach bhfuil urscaoilte, tabharfaidh sé nó sí fógra i scríbhinn roimh ré don údarás tithíochta nó don chomhlacht ceadaithe, de réir mar is cuí, de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha a shonrófar san ordú aistrithe.

(2) Tar éis fógra dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a fháil, féadfaidh an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe, faoi réir fho-alt (4), an teaghais a cheannach ar shuim atá coibhéiseach lena margadhluach, arna laghdú de mhéid atá comhionann leis an gcion sin de mhargadhluach na teaghaise a fhreagraíonn don sciar muirearaithe sa teaghais ar dháta an athdhíola.

(3) Gan dochar d’aon chumhacht eile chuige sin, féadfaidh údarás tithíochta nó comhlacht ceadaithe, de réir mar is cuí, diúltú toiliú leis an teaghais a dhíol le haon duine i gcás inarb é tuairim an údaráis tithíochta nó an chomhlachta cheadaithe—

(a) gur lú an praghas díola beartaithe ná an margadhluach,

(b) go bhfuil nó go raibh an duine sin ag gabháil d’iompar frithshóisialta nó nach mbeadh an díol ar mhaithe le dea-bhainistiú eastáit, nó

(c) go bhfágfadh an díol beartaithe, dá gcuirfí i gcrích é, an díoltóir nó aon duine a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go mbeadh sé nó sí ina chónaí nó ina cónaí leis nó léi gan tithíocht leordhóthanach.

(4) I gcas ina gceannaíonn an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe an teaghais de réir fho-alt (2) agus go mbeidh feabhsuithe ábhartha déanta ar an teaghais le toiliú i scríbhinn roimh ré ón údarás tithíochta nó ón gcomhlacht ceadaithe, de réir mar is cuí, de réir théarmaí agus choinníollacha an ordaithe aistrithe, is é a bheidh sa phraghas is iníoctha ag an údarás nó ag an gcomhlacht ceadaithe ná margadhluach na teaghaise, arna laghdú de mhéid atá comhionann leis an gcion sin de ghlan-mhargadhluach na teaghaise a fhreagraíonn do sciar muirearaithe an údaráis nó an chomhlachta cheadaithe sa teaghais ar dháta a hathdhíola.

(5) I gcás ina n-athdhíolann ceannaitheoir teaghais le duine seachas údarás tithíochta nó comhlacht ceadaithe le linn na tréimhse muirearaithe, íocfaidh an ceannaitheoir leis an údarás tithíochta nó leis an gcomhlacht ceadaithe lena mbaineann méid atá comhionann le céatadán den mhargadhluach agus is é a bheidh sa chéatadán sin ná coibhéis sciar muirearaithe an údaráis nó an chomhlachta cheadaithe sa teaghais ar dháta athdhíola na teaghaise.

(6) I gcás ina ndéanann ceannaitheoir teaghais ar a ndearnadh feabhsuithe ábhartha le toiliú i scríbhinn roimh ré ón údarás nó ón gcomhlacht ceadaithe, de réir mar is cuí, a dhíol le duine seachas údarás tithíochta nó comhlacht ceadaithe, íocfaidh an ceannaitheoir leis an údarás tithíochta nó leis an gcomhlacht ceadaithe méid atá comhionann leis an gcion sin de ghlan-mhargadhluach na teaghaise a fhreagraíonn do sciar muirearaithe an údaráis nó an chomhlachta cheadaithe sa teaghais ar dháta a hathdhíola.

(7) Más rud é, maidir leis an méid is iníoctha faoi aon cheann d’fhorálacha an ailt seo, go dtiocfadh laghdú ar fháltais an díola (gan aird a thabhairt ar chostais agus táillí aturnae agus gníomhaire talún) go dtí méid faoi bhun an airgid ceannaigh, laghdófar an méid is iníoctha faoin ordú muirir a mhéid is gá chun an toradh sin a sheachaint.

(8) (a) Faoi réir mhír (b), i gcás go n-athdhíolann ceannaitheoir teaghais is ábhar d’ordú muirir a bhfuil an tréimhse mhuirearaithe ina leith imithe in éag agus nár íocadh an méid dá dtagraítear in alt 47 (3) ina leith de réir an ailt sin, tá feidhm ag alt 46 (12).

(b) Ní dhéanfar aon fheabhsuithe ábhartha arna ndéanamh ar an teaghais tar éis dheireadh na tréimhse muirearaithe a chur i gcuntas.

(9) Féadfaidh an t-údarás tithíochta aon airgead is dóigh a fhabhróidh chuig comhlacht ceadaithe ó dhíol teaghaisí faoi shocruithe ceannaigh incrimintigh a chur i gcuntas le linn cúnamh a sholáthar do chomhlacht den sórt sin faoi alt 6 d’Acht 1992 i leith cóiríocht tithíochta a sholáthar.

(10) (a) Faoi réir mhír (b), déanfar aon airgead a fhabhróidh chuig comhlacht ceadaithe ó dhíol teaghaise faoi shocrú ceannaigh incrimintigh nó ó athdhíol teaghaise den sórt sin a íoc leis an údarás tithíochta lena úsáid ag an údarás tithíochta chun na gcríoch a shonraítear in alt 13 .

(b) Beidh aisíoc an airgid dá dtagraítear i mír (a) teoranta a mhéid a bheidh an t-airgead sin curtha i gcuntas ag an údarás tithíochta le linn cúnamh a sholáthar faoi alt 6 d’Acht 1992 i leith cóiríocht tithíochta a sholáthar.

(11) Chun críocha an ailt seo, déanfaidh an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe, de réir mar is cuí, margadhluach reatha teaghaise a chinneadh, nó, i gcás nach n-aontóidh an díoltóir leis an margadhluach a chinnfear amhlaidh, déanfaidh luachálaí neamhspleách, a bheidh ainmnithe ag an díoltóir as painéal daoine cuícháilithe, ar painéal é a bheidh bunaithe ag an údarás tithíochta agus ar daoine iad d’aicme nó de thuairisc a fhorordófar faoi alt 49 , an margadhluach a chinneadh.

(12) Ní bheidh an t-údarás tithíochta nó an comhlacht ceadaithe, de réir mar a bheidh, faoi dhliteanas i leith aon chaiteachas a thabhóidh díoltóir faoi fho-alt (11).

Rialacháin (Cuid 3).

49 .— Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le gach ceann nó le haon cheann nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a) an aicme nó na haicmí teaghaise a bhféadfaidh feidhm a bheith ag socruithe ceannaigh incrimintigh maidir léi nó leo;

(b) an aicme nó na haicmí teaghlach a bhféadfar socruithe ceannaigh incrimintigh a dhéanamh léi nó leo;

(c) an modh chun praghas ceannaigh teaghaise a chinneadh ar modh é—

(i) ar a bhféadfar idirdhealú a dhéanamh idir aicmí éagsúla teaghaise, agus

(ii) ar a bhféadfar aois na teaghaise a chur i gcuntas;

(d) an modh chun an t-airgead ceannaigh a chinneadh, agus imthosca airgeadais teaghlach a bhféadfar socruithe ceannaigh incrimintigh a dhéanamh leo á gcur i gcuntas;

(e) an tréimhse íosta a chinneadh, nó an raon ar laistigh di a shocróidh údarás tithíochta an tréimhse íosta, a mbeidh feidhm ag ordú muirir ar a feadh i leith teaghaise arna díol faoi shocrú ceannaigh incrimintigh, ar tréimhse í nach giorra in aon chás ná 20 bliain ó dháta an ordaithe aistrithe;

(f) i gcás comhlachta cheadaithe, an comhlacht ceadaithe do chur líon nó cion sonraithe teaghaisí nuafhoirgnithe in áirithe is teaghaisí arna soláthar le cúnamh ó údarás tithíochta faoi alt 6 d’Acht 1992;

(g) foirm agus modh ordaithe aistrithe agus ordaithe muirir, agus na téarmaí agus na coinníollacha atá le sonrú in ordú aistrithe agus in ordú muirir;

(h) aicme nó aicmí nó tuairisc na ndaoine atá cáilithe go cuí, faoi threoir a gcuid cáilíochtaí agus taithí, chun margadhluach teaghaise nó láithreáin, de réir mar a bheidh, a chinneadh, chun críocha na Coda seo;

(i) foirm an ráitis chun críocha ailt 46(5) agus 47(3);

(j) cibé nithe eile a mheasann an tAire is gá agus is cuí maidir le socruithe ceannaigh incrimintigh.

CUID 4

Ceannach Árasán ag Tionóntaí

Léiriú (Cuid 4).

50 .— (1) Sa Chuid seo—

ciallaíonn “ árasán ” teaghais leithleach lánscartha i mórláthair árasán ina bhfuil gá le socruithe maidir leis na comhlimistéir, na comhdhéanmhais, na comhoibreacha nó na comhsheirbhísí go léir, nó aon chuid díobh, a chothabháil agus a bhainistiú seachas ag úinéir an árasáin;

tá le “ ordú sannta árasáin ” an bhrí a thugtar dó le halt 64(2);

ciallaíonn “ mórláthair árasán ” talamh ar a bhfuil arna thógáil nó arna dtógáil foirgneamh nó foirgnimh, arb éard atá ann nó iontu le chéile 5 árasán ar a laghad (ach gan aon árasán pobail a chur san áireamh) agus na comhlimistéir, na comhdhéanmhais, na comhoibreacha agus na comhsheirbhísí;

tá le “ muirear seirbhíse mórláithreach árasán ” an bhrí a thugtar dó le halt 67(1) agus forléireofar “ muirear seirbhíse ”dá réir sin;

tá le “ ciste tacaíochta mórláithreach árasán ” an bhrí a shanntar dó le halt 70;

tá le “ ordú aistrithe mórláithreach árasán ” an bhrí a thugtar dó le halt 59;

ciallaíonn “ úinéir árasáin ”, i ndáil le hárasán (lena n-áirítear árasán pobail) i mórláthair árasán ainmnithe, faoi réir alt 65 (1)(b)

(a) ceannaitheoir árasáin, nó

(b) an t-údarás tithíochta, i gcás árasáin nár dhíol an t-údarás tithíochta—

(i) faoi alt 90 den Phríomh-Acht, cibé acu sular tháinig an Chuid seo i ngníomh nó dá éis sin, nó

(ii) faoin gCuid seo agus faoi aon rialacháin arna ndéanamh fúithi;

ciallaíonn “ ceannaitheoir árasáin ”, faoi réir alt 76 , duine a cheannaíonn árasán faoin gCuid seo agus folaíonn sé duine a dtagann leas an cheannaitheora árasáin chun bheith dílsithe dó nó di dá éis sin nó a chomharba i dteideal nó a comharba i dteideal agus ionadaí pearsanta an duine nó an chomharba i dteideal sin agus déanfar tagairtí do “ceannaitheoir” a fhorléiriú dá réir sin;

tá le “ ordú aistrithe árasáin ” an bhrí a thugtar dó le halt 60;

tá le “ ordú muirir ” an bhrí a thugtar dó le halt 74;

tá le “ tréimhse mhuirearaithe ” an bhrí a thugtar dó le halt 74;

tá le “ sciar muirearaithe ” an bhrí a thugtar dó le halt 74;

ciallaíonn “ comhlimistéir, comhdhéanmhais , comhoibreacha agus comhsheirbhísí ”, i ndáil le mórláthair árasán, limistéir, déanmhais, oibreacha agus seirbhísí ar comhlimistéir, comhdhéanmhais, comhoibreacha agus comhsheirbhísí iad, nó a mbeartaítear gur comhlimistéir, comhdhéanmhais, comhoibreacha agus comhsheirbhísí iad, maidir le hárasáin (lena n-áirítear árasáin pobail) sa mhórláthair árasán i bpáirt le chéile agus a theachtar leo, lena n-áirítear, más iomchuí, bóithre rochtana agus taobh-bhóithre, gnéithe ailtireachta, limistéir chúrsaíochta, cosáin, comhstaighrí inmheánacha, spásanna oscailte, limistéir loctha, seomraí áiseanna agus an chuid sin den díon nó den taobh amuigh d’aon fhoirgneamh nach mbeartaítear gur cuid í, nó nach cuid í, d’aon árasán aonair;

ciallaíonn “ árasán pobail ” árasán i mórláthair árasán a n-údaraíonn an t-údarás tithíochta é a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí ar mhaithe le comhleas áititheoirí na n-árasán sa mhórláthair árasán nó ar mhaithe lena theachtadh acu;

ciallaíonn “ margadhluach reatha ” an praghas a bhféadfaí a bheith ag súil le réasún go ndíolfaí an t-árasán air, ar an margadh oscailte, ar an dáta díola faoi alt 76 , sa bhailriocht agus sa bhail láithreach atá air agus é gan a bheith faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear in alt 64 (5) ná faoi réir ordaithe muirir;

tá le “ mórláthair árasán ainmnithe ” an bhrí a thugtar dó le halt 55(1);

ciallaíonn “ bliain airgeadais ”, i ndáil le cuideachta bainistíochta, tréimhse 12 mhí dar críoch an 31 Nollaig in aon bhliain, agus, i gcás na chéad bhliana airgeadais de chuid cuideachta bainistíochta, ciallaíonn sé an tréimhse dar tús éag na tréimhse a shonraítear in alt 63 (1) agus dar críoch an 31 Nollaig díreach dá éis;

tá le “ tréimhse díola tosaigh ” an bhrí a thugtar dó le halt 56(2);

tá le “ cuideachta bainistíochta ” an bhrí a thugtar dó le halt 57(2);

tá le “ muirir bhliantúla cuideachta bainistíochta ” an bhrí a thugtar dó le halt 69;

ciallaíonn “ comhalta ” comhalta den chuideachta bainistíochta;

ciallaíonn “ seirbhísí bainistíochta maoine ” seirbhísí i leith bainistiú mórláithreach árasán a chuirtear i gcrích thar ceann cuideachta bainistíochta, agus folaíonn seirbhísí den sórt sin—

(a) seirbhísí riaracháin, agus

(b) cothabháil, seirbhísiú, deisiú, feabhsú nó árachú na mórláithreach árasán nó aon choda nó codanna den mhórláthair árasán, nó aon teaglaim den chéanna, a fháil;

ciallaíonn “ airgead ceannaigh ”, i ndáil le hárasán, luach airgid an chion de phraghas ceannaigh an árasáin arna shocrú ag an údarás tithíochta, de réir rialachán arna ndéanamh faoi alt 77 chun an t-airgead ceannaigh a ríomh, mar an gcion a cheanglaítear a íoc chun an t-árasán a cheannach;

ciallaíonn “ praghas ceannaigh ”, i ndáil le hárasán, praghas an árasáin arna chinneadh ag údarás tithíochta de réir rialachán arna ndéanamh faoi alt 77 chun an praghas ceannaigh a ríomh;

tá le “ togra faoi alt 53 ” an bhrí a thugtar dó le halt 53;

ciallaíonn “ díol ”, i ndáil le hárasán, eastát nó leas léasach a dhíol nó a shannadh;

tá le “ ciste fiachmhúchta ” an bhrí a thugtar dó le halt 68(1);

tá le “ ranníoc ciste fiachmhúchta ” an bhrí a thugtar dó le halt 68(3);

ciallaíonn “ tionónta ” tionónta árasáin de bhun comhaontaithe tionóntachta idir an teaghlach agus údarás tithíochta.

(2) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis an gCuid seo—

(a) ní fholóidh tagairtí sa Chuid seo d’árasán árasán pobail, agus

(b) ní fholóidh tagairtí sa Chuid seo do thionónta aon tionónta de chuid árasáin pobail.

(3) Sa Chuid seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar tagairt d’aistriú úinéireachta mar thagairt do ghníomhas aistrithe, do thíolacas nó do shannadh.

Breithniú i dtaobh mórláthair árasán a ainmniú.

51 .— (1) Faoi réir agus de réir na Coda seo agus aon rialachán arna ndéanamh fúithi, féadfaidh údarás tithíochta a bheartú mórláthair árasán a ainmniú d’fhonn na hárasáin go léir atá inti, arb é an t-údarás tithíochta an t-úinéir árasán ina leith, a chur ar fáil lena ndíol leis na tionóntaí a bheidh inti, faoin gCuid seo agus faoi aon rialacháin arna ndéanamh fúithi, i gcás gur deimhin leis an údarás tithíochta go bhfuil na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (2) comhlíonta.

(2) Is iad seo a leanas na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1)

(a) go measfaidh an t-údarás tithíochta go bhfuil díol na n-árasán lena mbaineann i gcomhréir le dea-bhainistiú eastáit agus agus le bainistiú a stoic chónaithe fhoriomláin de réir na gcuspóirí beartais a bheidh leagtha amach ina phlean seirbhísí tithíochta agus a bhainfidh le bainistiú agus cothabháil teaghaisí atá ar úinéireacht ag an údarás tithíochta,

(b) go bhfuil an mhórláthair árasán oiriúnach lena hainmniú ag féachaint do na nithe seo a leanas, ach ní gá a bheith teoranta dóibh—

(i) cumraíocht na mórláithreach árasán faoi threoir a dearaidh agus a leagain amach agus faoi threoir na gcomhlimistéar, na gcomhdhéanmhas, na gcomhoibreacha agus na gcomhsheirbhísí,

(ii) an costas bliantúil a ghabhann le bainistiú agus cothabháil na mórláithreach árasán agus socrú á dhéanamh maidir le hoibreacha caipitiúla todhchaí chun an mhórláthair árasán a chaomhnú agus a fheabhsú, agus

(iii) an líon árasán a bheidh ar fáil lena ndíol,

(c) gur deimhin leis an údarás tithíochta, i gcás go ndearnadh obair dhéanmhais ar an mórláthair árasán le 10 mbliana anuas nó, in aon chás eile, i gcás go ndearnadh suirbhé ar riocht déanmhais na mórláithreach árasán le 5 bliana anuas, go bhfuil an mhórláthair árasán i riocht maith, in ord maith agus i ndeis mhaith ó thaobh déanmhais de,

(d) maidir leis an mórláthair árasán lena mbaineann, nach bhfuil na nithe seo a leanas sa phlean seirbhísí tithíochta ná sa phlean gníomhaíochta tithíochta—

(i) tograí chun oibreacha athfhoirgnithe nó feabhsúcháin a dhéanamh de bhua alt 12 d’Acht 1988, nó

(ii) pleananna chun an limistéar ina bhfuil an mhórláthair árasán suite a athbheochan;

(e) go bhféadfar dea-theideal inmhargaidh a aistriú chuig cuideachta bainistíochta faoi alt 59 chun críocha na Coda seo, agus

(f) nach d’aicme atá eisiata óna díol faoin gCuid seo le rialacháin arna ndéanamh faoi alt 77 aon cheann de na hárasáin sa mhórláthair árasán.

Dréacht-togra a ullmhú chun mórláthair árasán a ainmniú.

52 .— (1) I gcás go mbeartaíonn údarás tithíochta mórláthair árasán a ainmniú, ullmhóidh an t-údarás tithíochta dréacht-togra—

(a) ina sonrófar an mhórláthair árasán a bheartaítear a ainmniú,

(b) ina mbeidh faisnéis a bhaineann leis na socruithe le haghaidh na nithe seo a leanas—

(i) pobalbhreith tionóntaí a dhéanamh i leith ainmniú beartaithe na mórláithreach árasán laistigh de 3 mhí tar éis don údarás tithíochta togra faoi alt 53 a ghlacadh,

(ii) úinéireacht na mórláithreach árasán a aistriú chuig cuideachta bainistíochta,

(iii) árasáin sa mhórláthair árasán a dhíol le tionóntaí na n-árasán sin,

(iv) na comhlimistéir, na comhdhéanmhais, na comhoibreacha agus na comhsheirbhísí sa mhórláthair árasán a bhainistiú agus a chothabháil, agus

(v) caiteachas maoinithe de chineál dá dtagraítear in alt 68 (1),

(c) ina mbeidh faisnéis a bhaineann le téarmaí agus coinníollacha díola árasáin sa mhórláthair árasán le tionónta an árasáin sin, lena n-áirítear—

(i) an oibleagáid chun muirir bhliantúla a íoc leis an gcuideachta bainistíochta agus leibhéal measta na muirear sin sa chéad bhliain tar éis an cheannaigh,

(ii) na srianta le hathdhíol árasáin ag ceannaitheoir árasáin, agus

(iii) na cúnaint san ordú sannta árasáin agus na hiarmhairtí don cheannaitheoir árasáin má mhainníonn sé nó sí iad a urramú,

(d) ina mbeidh faisnéis a bhaineann leis an údarás tithíochta do chomhlíonadh a fheidhmeanna i leith árasán sa mhórláthair árasán is ábhar do chomhaontuithe tionóntachta idir an t-údarás tithíochta agus tionóntaí na n-árasán sin,

(e) ina leagfar amach figiúir tháscacha le haghaidh an phraghais ceannaigh agus an airgid ceannaigh réamh-mheasta le haghaidh na n-aicmí éagsúla árasán sa mhórláthair árasán, agus

(f) ina mbeidh aon fhaisnéis eile is dóigh leis an údarás is iomchuí maidir leis an dréacht-togra.

(2) Déanfaidh an t-údarás tithíochta—

(a) cóip de dhréacht-togra faoin alt seo chun mórláthair árasán a ainmniú a fhoilsiú agus a chothabháil ar an Idirlíon,

(b) an dréacht-togra a chur ar fáil lena iniúchadh ar iarraidh ó aon duine, gan mhuirear, ina oifigí agus i cibé áiteanna eile is dóigh leis is cuí le linn gnáthuaireanta oifige,

(c) fógra faoin dréacht-togra a thabhairt—

(i) do gach tionónta de chuid árasáin sa mhórláthair árasán, agus

(ii) do gach comhalta den údarás tithíochta.

(3) Déanfaidh údarás tithíochta cibé bearta is dóigh leis is cuí d’fhonn tionóntaí a chur ar an eolas, agus a gcuid tuairimí a iarraidh, maidir le dréacht-togra faoin alt seo chun mórláthair árasán a ainmniú lena n-áirítear na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh—

(a) cruinniú nó cruinnithe faisnéise a thionól maidir leis an dréacht-togra, agus

(b) socrú a dhéanamh bualadh le tionóntaí aonair, de réir mar is cuí, ar iarraidh a fháil, maidir leis an dréacht-togra.

(4) Chun críocha fho-alt (1)(a), féadfaidh léarscáil a bheith sa dréacht-togra ina léirítear go soiléir teorainneacha, comhlimistéir, comhdhéanmhais, comhoibreacha agus comhsheirbhísí na mórláithreach árasán lena mbaineann.

Togra chun mórláthair árasán a ainmniú.

53 .— (1) Más rud é, faoi réir leanúint de na coinníollacha a shonraítear in alt 51 (2) a chomhlíonadh agus ag féachaint do thuairimí na dtionóntaí lena mbaineann arna gcur in iúl ag cruinnithe faisnéise nó ar shlí eile faoi alt 52 (3), go gcinnfidh an bainisteoir dul ar aghaidh leis an togra chun an mhórláthair árasán a ainmniú, cuirfidh an bainisteoir an dréacht-togra faoi bhráid chomhaltaí an údaráis tithíochta fara nó gan cibé modhnuithe is cuí leis an mbainisteoir.

(2) I gcás go gcinnfidh an bainisteoir gan dul ar aghaidh leis an togra chun mórláthair árasán a ainmniú—

(a) toisc go bhfuil aon choinníoll a shonraítear in alt 51 (2) gan a bheith á chomhlíonadh a thuilleadh,

(b) ag féachaint do thuairimí na dtionóntaí lena mbaineann arna gcur in iúl ag cruinnithe faisnéise nó ar shlí eile faoi alt 52 (3), nó

(c) ar aon chúis eile,

déanfaidh an bainisteoir a chinneadh nó a cinneadh agus na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin a chur in iúl do na tionóntaí lena mbaineann agus do chomhaltaí an údaráis tithíochta.

(3) Féadfaidh an t-údarás tithíochta an dréacht-togra chun an mhórláthair árasán a ainmniú (dá ngairtear “ togra faoi alt 53 ” sa Chuid seo), arna chur faoina bhráid faoi fho-alt (1), a ghlacadh, le modhnú nó gan mhodhnú.

(4) Is feidhm fhorchoimeádta é togra faoi alt 53 a ghlacadh faoin alt seo.

Pobalbhreith tionóntaí.

54 .— (1) I gcás go nglacfaidh údarás tithíochta togra faoi alt 53 , déanfaidh sé pobalbhreith i leith na mórláithreach árasán lena mbaineann laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe sa togra agus de réir an ailt seo agus aon rialachán arna ndéanamh faoi d’fhonn a fháil amach—

(a) an leibhéal tacaíochta atá ann le hainmniú na mórláithreach árasán, agus

(b) a mhéid atá tionóntaí a cheannaíonn árasáin sa mhórláthair árasán faoin gCuid seo toilteanach fónamh mar stiúrthóirí de chuid na cuideachta bainistíochta.

(2) (a) Faoi réir mhír (b), tabharfar vóta amháin sa phobalbhreith do gach árasán sa mhórláthair árasán lena mbaineann.

(b) I gcás gur dhíol an t-údarás tithíochta árasán faoi alt 90 den Phríomh-Acht, cibé acu roimh theacht i ngníomh don Chuid seo nó dá éis, ní áireofar an t-árasán chun críocha pobalbhreithe tionóntaí faoin alt seo.

(3) Ní ceadmhach vóta faoi fho-alt (2) a fheidhmiú ach amháin—

(a) ag tionóntaí an árasáin tráth na pobalbhreithe, agus

(b) trí pháipéar ballóide a chomhlánú agus a chur ar ais san fhoirm agus sa tslí a fhorordófar faoi fho-alt (6).

(4) I gcás árasáin ina bhfuil 2 thionónta nó níos mó—

(a) measfar gur tionónta amháin iad chun críocha fho-alt (3)(a),

(b) níl siad i dteideal vótáil sa phobalbhreith mura gcomhthoilíonn tromlach díobh, agus

(c) mura síníonn tromlach díobh an vóta, tabharfar neamhaird air chun críocha na pobalbhreithe.

(5) Tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis an togra chun an mhórláthair árasán a ainmniú a ghlacadh, déanfaidh an t-údarás tithíochta lena mbaineann na páipéir bhallóide go léir lena gcomhlánú faoi fho-alt (3), mar aon le cóip den togra faoi alt 53 agus aon ábhar míniúcháin eile is dóigh leis is iomchuí, a chur chuig na tionóntaí go léir lena mbaineann leis an ngnáthphost nó ar aon slí eile a fhorordófar faoi fho-alt (6).

(6) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) a bhainfidh le pobalbhreith tionóntaí agus lena rialófar an céanna,

(b) lena bhforordófar foirm páipéir ballóide faoin alt seo agus an tslí ar a mbeidh sí le comhlánú agus le cur ar ais, agus

(c) lena bhforordófar modh seachas an post chun páipéir bhallóide a sheachadadh agus a chur ar ais faoin alt seo.

Mórláthair árasán a ainmniú.

55 .— (1) Más rud é, tar éis pobalbhreith tionóntaí a dhéanamh, go leanfar de na coinníollacha a shonraítear in alt 51 (2) a chomhlíonadh, agus faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (2) a chomhlíonadh, féadfaidh an t-údarás tithíochta an mhórláthair árasán (dá ngairtear “ mórláthair árasán ainmnithe ” sa Chuid seo) a ainmniú de réir an togra faoi alt 53 .

(2) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1)

(a) go mbeidh líon na vótaí i bhfabhar an mhórláthair árasán a ainmniú comhionann le 65 faoin gcéad, nó níos mó ná 65 faoin gcéad, de líon na dtionóntaí atá i dteideal vótáil sa phobalbhreith, agus

(b) maidir le líon na vótálaithe a chuirfidh in iúl sa phobalbhreith go bhfuil siad toilteanach, má leanann an t-ainmniú ar aghaidh agus má cheannaíonn siad a n-árasáin, fónamh mar stiúrthóirí de chuid na cuideachta bainistíochta go bhfuil sé comhionann leis an líon is mó díobh seo a leanas nó níos mó ná sin—

(i) an líon íosta tionóntaí dá dtagraítear i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo os coinne na hiontrála i gcolún (1) maidir leis an aicme mórláithreach árasán a fhreagraíonn don aicme mórláithreach árasán lena mbaineann, nó

(ii) an líon tionóntaí (arna chothromú suas chuig an tslánuimhir is airde agus is neasa) arb ionann é agus an cion íosta de na tionóntaí go léir a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne na hiontrála sin i gcolún (1).

AN TÁBLA

An aicme mórláithreach árasán arna cinneadh de réir an lín árasán atá inti arb é an t-údarás tithíochta an t-úinéir orthu

(1)

An líon íosta tionóntaí sa mhórláthair árasán atá toilteanach fónamh mar stiúrthóirí ar an gcuideachta bainistíochta

(2)

An cion íosta de na tionóntaí go léir sa mhórláthair árasán atá toilteanach fónamh mar stiúrthóirí ar an gcuideachta bainistíochta

(3)

Mórláthair árasán ina bhfuil líon nach mó ná 9 n-árasán

3

60%

Mórláthair árasán ina bhfuil 10 go 19 n-árasán

6

40%

Mórláthair árasán ina bhfuil 20 go 29 n-árasán

8

Cion ar bith

Mórláthair árasán ina bhfuil 30 go 59 n-árasán

9

Cion ar bith

Mórláthair árasán ina bhfuil 60 árasán nó níos mó

10

Cion ar bith

(3) I gcás go n-ainmneofar mórláthair árasán faoi fho-alt (1), rachaidh an t-ainmniú i léig mura ndíolfaidh an t-údarás tithíochta aon árasán faoin gCuid seo sula n-éagfaidh an tréimhse díola tosaigh.

(4) Is feidhm fhorchoimeádta é mórláthair árasán a ainmniú.

Tréimhse díola tosaigh.

56 .— (1) Déanfaidh údarás tithíochta, laistigh de 6 mhí tar éis mórláthair árasán a ainmniú faoi alt 55 , trí fhógra i scríbhinn a thabharfar do gach tionónta de chuid árasáin sa mhórláthair árasán, a iarraidh air nó uirthi iarratas chun an t-árasán a cheannach a chur faoi bhráid an údaráis.

(2) Beidh árasáin i mórláthair árasán ainmnithe ar fáil lena ndíol faoin gCuid seo lena dtionóntaí le linn na tréimhse (dá ngairtear an “ tréimhse díola tosaigh ” sa Chuid seo) dar tús an dáta a shonraítear i bhfo-alt (3) agus dar críoch an dáta is déanaí díobh seo a leanas—

(a) 3 bliana ón dáta a thosóidh an tréimhse díola tosaigh, nó

(b) 5 bliana ón dáta a thosóidh an tréimhse díola tosaigh i gcás go ndéanfaidh an t-údarás tithíochta, roimh dhul in éag don tréimhse a shonraítear i mír (a), an tréimhse sin a fhadú go ceann tréimhse breise 2 bhliain i gcás gur deimhin leis go rachfar ar aghaidh le linn aon tréimhse fadaithe den sórt sin leis an líon íosta árasán ar a laghad a bheidh ar fáil lena ndíol sa mhórláthair árasán ainmnithe, arna ríomh de réir alt 64 (4), a dhíol.

(3) Is é an dáta sonraithe chun críocha fho-alt (2) dáta na chéad uaire tar éis an mhórláthair árasán a ainmniú faoi alt 55 a dhéanfaidh an t-údarás tithíochta, de bhun iarratais dá dtagraítear i bhfo-alt (1), an fhaisnéis, an doiciméadacht, na mionsonraí teidil agus na téarmaí agus coinníollacha díola is gá maidir leis an árasán lena mbaineann a sholáthar do thionónta mar aon le faisnéis agus doiciméadacht a bhaineann leis an gcuideachta bainistíochta.

(4) Is feidhm fhorchoimeádta é an tréimhse díola tosaigh a fhadú chun críocha fho-alt (2)(b).

(5) Déanfaidh an bainisteoir socrú maidir le cuideachta bainistíochta a bhunú faoi alt 57 i gcás gur deimhin leis an mbainisteoir—

(a) go bhfuiltear, le linn na tréimhse díola tosaigh, ullamh chun dul ar aghaidh leis an líon íosta árasán ar a laghad atá ar fáil lena ndíol sa mhórláthair árasán ainmnithe, arna ríomh de réir fho-alt (6), a dhíol, agus

(b) i ndáil leis na díola a mbeifear ullamh chun dul ar aghaidh leo de réir na tagartha i mír (a), go bhfuil an líon de thionóntaí na n-árasán lena mbaineann a chuir in iúl go raibh siad toilteanach fónamh mar stiúrthóirí de chuid na cuideachta bainistíochta comhionann le leath an lín íosta árasán arna ríomh de réir fho-alt (6) nó níos mó ná sin.

(6) Déantar an líon íosta árasán chun críocha fho-alt (5)(a) a ríomh mar an líon is mó díobh seo a leanas—

(a) an líon íosta árasán a shonraítear i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo os coinne na hiontrála i gcolún (1) maidir leis an aicme mórláithreach árasán a fhreagraíonn d’aicme na mórláithreach árasán ainmnithe lena mbaineann, agus

(b) an líon íosta tionóntaí (arna chothromú suas chuig an tslánuimhir is airde agus is neasa) arb ionann é agus an cion íosta de na hárasáin go léir sa mhórláthair árasán lena mbaineann a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne na hiontrála sin i gcolún (1).

AN TÁBLA

An aicme mórláithreach árasán arna cinneadh de réir an lín árasán atá inti arb é an t-údarás tithíochta an t-úinéir orthu

(1)

An líon íosta díol árasán

(2)

An cion íosta de na hárasáin go léir sa mhórláthair árasán

(3)

Mórláthair árasán ina bhfuil líon nach mó ná 19 n-árasán

2

35%

Mórláthair árasán ina bhfuil 20 árasán nó níos mó

7

30%

(7) Chun críocha fho-alt (5) agus alt 64 (3), táthar ullamh chun dul ar aghaidh le díol más rud é, de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha díola, go ndearna an tionónta—

(a) an t-ordú sannta árasáin a shíniú,

(b) cibé éarlais is iníoctha leis an údarás tithíochta i leith an cheannaigh lena mbaineann a íoc, agus

(c) fógra i scríbhinn i dtaobh ceadú iasachta a sholáthar don údarás tithíochta nó a chumas nó a cumas iarmhéid an airgid ceannaigh a íoc ar an díol leis nó léi a chur i gcrích a shuíomh ar shlí eile chun sástacht an údaráis tithíochta.

Bunú agus cuspóirí cuideachta bainistíochta.

57 .— (1) San alt seo, folaíonn tagairtí d’árasán árasán pobail.

(2) Déanfaidh údarás tithíochta, i ndáil le mórláthair árasán ainmnithe, cuideachta (dá ngairtear “ cuideachta bainistíochta ” sa Chuid seo) a bhunú chun na príomhchuspóirí a shonraítear i bhfo-ailt (5) agus (6) a bhaint amach ar cuideachta í a fhoirmeofar agus a chlárófar faoi Achtanna na gCuideachtaí agus a bheidh—

(a) faoi theorainn scaireanna, i gcás go mbeidh líon nach mó ná 6 árasán sa mhórláthair árasán ainmnithe lena mbaineann, nó

(b) faoi theorainn ráthaíochta, i gcás go mbeidh níos mó ná 6 árasán sa mhórláthair árasán ainmnithe.

(3) Is éard a bheidh in ainm gach cuideachta bainistíochta ainm na mórláithreach árasán ainmnithe lena mbaineann agus na focail “cuideachta bainistíochta úinéirí” ar focail iad a fhéadfar a ghiorrú go “CBÚ”.

(4) Beidh meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais cuideachta bainistíochta i cibé foirm, i gcomhréir leis an Acht seo, a chinnfidh an t-údarás tithíochta.

(5) Luafar i meabhrán comhlachais cuideachta bainistíochta gurb iad seo a leanas a príomhchuspóirí—

(a) aistriú úinéireachta mórláithreach árasán ainmnithe a ghlacadh de réir ordaithe aistrithe mórláithreach árasán;

(b) i gcás árasán sa mhórláthair árasán ainmnithe nach mbeidh díolta ag an údarás tithíochta faoi alt 90 den Phríomh-Acht, cibé acu roimh theacht i ngníomh don Chuid seo nó dá éis, léas nó foléas ar na hárasáin a dheonú don údarás tithíochta de réir ordaithe aistrithe árasán;

(c) na comhlimistéir, na comhdhéanmhais, na comhoibreacha agus na comhsheirbhísí a bhainistiú, a rialáil agus a chothabháil de réir alt 63 (3),

(d) a feidhmeanna a chomhall de réir na Coda seo.

(6) Ní choisctear ná ní shriantar le fo-alt (5) cuspóirí agus cumhachtaí a áireamh is cuspóirí agus cumhachtaí—

(a) is gá le réasún nó is cuí chun na príomhchuspóirí dá dtagraítear i bhfo-alt (5) a bhaint amach nó atá teagmhasach nó coimhdeach leis na príomhchuspóirí sin a bhaint amach, agus

(b) nach bhfuil ar neamhréir leis an gCuid seo ná le haon achtachán eile.

(7) Beidh foráil sna hairteagail chomhlachais—

(a) maidir le muirear seirbhíse mórláithreach árasán agus muirear i leith an ranníoca ciste fiachmhúchta a thobhach agus a bhailiú gach bliain, agus

(b) maidir leis na cúnaint agus na comhaontuithe a bhaineann leis an mórláthair árasán ainmnithe agus leis na hárasáin atá inti.

Cruinnithe bliantúla agus tuarascálacha de chuid cuideachta bainistíochta.

58 .— (1) Déanfaidh cuideachta bainistíochta—

(a) tuarascáil bhliantúil a chomhlíonann fo-alt (2) a ullmhú agus a thabhairt do gach comhalta, agus

(b) cruinniú a thionól uair sa bhliain ar a laghad chun críocha ar cuid díobh an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i mír (a) a bhreithniú.

(2) Beidh na nithe seo a leanas i dtuarascáil bhliantúil ó chuideachta bainistíochta:

(a) ráiteas ar ioncam agus caiteachas maidir leis an tréimhse lena mbaineann an tuarascáil;

(b) ráiteas faoi shócmhainní agus dliteanais na cuideachta;

(c) ráiteas faoi na cistí a bheidh chun creidiúna don chiste fiachmhúchta;

(d) ráiteas faoi mhéid an mhuirir seirbhíse mórláithreach árasán agus faoin mbonn atá leis an muirear sin i leith na tréimhse lena mbaineann an tuarascáil;

(e) ráiteas faoin muirear seirbhíse mórláithreach árasán réamh-mheasta nó comhaontaithe a bhaineann leis an tréimhse reatha;

(f) ráiteas faoi aon chaiteachas beartaithe ar athfheistiú, feabhsú nó cothabháil de chineál neamh-aisfhillteach a bheartaítear a dhéanamh sa tréimhse reatha;

(g) ráiteas faoi luach árachaithe na mórláithreach árasán ainmnithe, méid na préimhe arna muirearú, ainm na cuideachta árachais lena sealbhaítear an polasaí árachais agus achoimre ar na príomhfhiontair a chumhdaítear; agus

(h) ráiteas ina nochtfar go hiomlán aon chonarthaí arna ndéanamh nó i bhfeidhm idir an chuideachta bainistíochta agus stiúrthóir nó cúlstiúrthóir de chuid na cuideachta nó duine is duine bainteach i ndáil leis an stiúrthóir sin nó leis an gcúlstiúrthóir sin.

(3) Tabharfar fógra i scríbhinn 21 lá ar a laghad do gach comhalta faoin gcruinniú dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b).

(4) Tabharfar cóip den tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a) do gach comhalta 10 lá ar a laghad roimh an gcruinniú dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b).

(5) Beidh an cruinniú dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b) in áit atá réasúnta cóngarach don mhórláthair árasán ainmnithe agus ag tráth réasúnach (mura gcomhaontófar a mhalairt le vóta tromlaigh 75 faoin gcéad de na comhaltaí).

(6) Maidir le hoibleagáidí cuideachta bainistíochta faoin alt seo, is oibleagáidí iad i dteannta aon oibleagáide nó dualgais eile de chuid cuideachta den sórt sin cibé acu a thig an oibleagáid nó an dualgas sin faoi Acht, faoi ionstraim reachtúil, le riail dlí nó ar shlí eile.

(7) Chun críocha fho-alt (2)(h), tá le “ cúlstiúrthóir ” agus “ duine bainteach ” na bríonna céanna atá leo in Achtanna na gCuideachtaí.

Úinéireacht ar mhórláthair árasán ainmnithe a aistriú chuig cuideachta bainistíochta.

59 .— (1) A luaithe is indéanta tar éis an chuideachta bainistíochta a bhunú faoi alt 57 , déanfaidh an t-údarás tithíochta, ar chomaoin ainmniúil, a úinéireacht ar an mórláthair árasán (lena n-áirítear a leas in aon árasán arna dhíol faoi alt 90 den Phríomh-Acht cibé acu roimh theacht i ngníomh don Chuid seo nó dá éis) a aistriú chuig an gcuideachta bainistíochta trí ordú (dá ngairtear “ordú aistrithe mórláithreach árasán” sa Chuid seo), san fhoirm fhorordaithe, arna dhéanamh ag an údarás tithíochta, ar ordú é a bheidh sainráite agus a oibreoidh, chun an leas a bheidh sonraithe ann a dhílsiú, ar an dáta a bheidh sonraithe san ordú, faoi réir mar a fhoráiltear san ordú sin agus faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (2).

(2) Ar áireamh ar na téarmaí agus na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1), tá na nithe seo a leanas—

(a) go ndéanfaidh an chuideachta bainistíochta, ar an dáta a bheidh sonraithe san ordú aistrithe mórláithreach árasán nó a luaithe is indéanta dá éis sin, gach árasán (lena n-áirítear aon árasán pobail) sa mhórláthair árasán ainmnithe a léasú nó a fholéasú, de réir mar a bheidh, leis an údarás tithíochta de réir na Coda seo seachas aon árasáin arna ndíol ag an údarás tithíochta faoi alt 90 den Phríomh-Acht cibé acu roimh theacht i ngníomh don Chuid seo nó dá éis,

(b) go bhfuil an t-aistriú úinéireachta faoi fho-alt (1) faoi réir na nithe seo a leanas—

(i) na comhaontuithe tionóntachta idir an t-údarás tithíochta agus tionóntaí na n-árasán lena mbaineann arna ndéanamh roimh dháta an ordaithe aistrithe mórláithreach árasán, agus

(ii) aon léas arna dhéanamh idir an t-údarás tithíochta roimh dháta an ordaithe aistrithe mórláithreach árasán d’fhonn árasán sa mhórláthair árasán ainmnithe a dhíol faoi alt 90 den Phríomh-Acht cibé acu roimh theacht i ngníomh don Chuid seo nó dá éis,

(c) nach gceanglaítear toiliú a fháil ón gcuideachta bainistíochta i leith an t-údarás tithíochta do dhíol nó do ligean árasán faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009,

(d) go ndéanfaidh an chuideachta bainistíochta, i gcás go rachaidh ainmniú mórláithreach árasán as feidhm faoi alt 55 (3), ceanglais alt 61 a chomhlíonadh,

(e) cibé téarmaí agus coinníollacha eile a bheidh forordaithe chun críocha ordaithe aistrithe mórláithreach árasán.

(3) Ach amháin mar a fhoráiltear le haon achtachán eile nó le rialachán arna ndéanamh faoi, ní thabharfar le tuiscint le haistriú úinéireachta ar mhórláthair árasán ainmnithe chuig cuideachta bainistíochta faoin alt seo go bhfuil aon bharánta ann ar thaobh an údaráis tithíochta i ndáil le bailriocht nó bail na mórláithreach árasán ná i ndáil le hoiriúnacht na n-árasán lena mbaineann mar áit chónaithe do dhaoine.

Árasán a léasú le húdarás tithíochta.

60 .— (1) San alt seo, i gcás mórláithreach árasán ainmnithe a bhfuil leas léasachta sannta don chuideachta bainistíochta ina leith chun críocha alt 59 , folaíonn tagairt do léas foléas.

(2) Faoi réir agus de réir an ailt seo, a luaithe is indéanta tar éis an dáta a shonrófar san ordú aistrithe mórláithreach árasán chun críocha alt 59 (1), déanfaidh an chuideachta bainistíochta, ar chomaoin ainmniúil, léas a dheonú don údarás tithíochta i leith gach árasáin (lena n-áirítear aon árasán pobail) sa mhórláthair árasán ainmnithe, trí ordú (dá ngairtear “ordú aistrithe árasáin” sa Chuid seo) san fhoirm fhorordaithe, arna dhéanamh ag an gcuideachta bainistíochta, a bheidh sainráite agus a oibreoidh chun an leas arna shonrú san ordú a dhílsiú, ar an dáta arna shonrú ann, faoi réir mar a fhoráiltear ann agus faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (3).

(3) Ar áireamh ar na téarmaí agus na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (2), tá na nithe seo a leanas—

(a) go bhféadfaidh an t-údarás tithíochta, gan toiliú na cuideachta bainistíochta—

(i) an t-árasán a dhíol, faoin gCuid seo, le tionónta de chuid an árasáin, nó

(ii) gan dochar d’aon chomhaontú tionóntachta arna dhéanamh idir an t-údarás tithíochta agus tionónta de chuid an árasáin lena mbaineann roimh an dáta a shonrófar san ordú aistrithe árasáin chun críocha fho-alt (2), an t-árasán a ligean de réir agus i gcomhlíonadh a fheidhmeanna faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009,

(b) nach ndéanfaidh an t-údarás tithíochta feabhsuithe ábhartha ar an árasán gan toiliú i scríbhinn a fháil roimh ré ón gcuideachta bainistíochta,

(c) an coinníoll a shonraítear in alt 69 (3) agus a bhaineann leis na muirir bhliantúla cuideachta bainistíochta a íoc i leith an árasáin agus na hiarmhairtí de dhroim mainneachtain iad a íoc,

(d) go ndéanfaidh an chuideachta bainistíochta, i gcás go dtéann ainmniú mórláithreach árasán as feidhm faoi alt 55 (3), ceanglas alt 61 a chomhlíonadh,

(e) téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le comhaltas den chuideachta bainistíochta, agus

(f) cibé téarmaí agus coinníollacha eile a bhaineann le hárasán a léasú leis an údarás tithíochta faoin alt seo agus a bheidh forordaithe chun críocha ordaithe aistrithe árasáin.

(4) Níl feidhm ag an alt seo maidir le haon árasán i mórláthair árasán ainmnithe arna dhíol ag údarás tithíochta faoi alt 90 den Phríomh-Acht cibé acu roimh theacht i ngníomh don Chuid seo nó dá éis.

(5) San alt seo, ciallaíonn “ feabhsuithe ábhartha ” feabhsuithe a dhéantar ar árasán cibé acu chun an t-árasán a leathnú, a mhéadú nó a athchóiriú ach ní fholaíonn sé maisiú agus deisiú inmheánach.

Iarmhairtí de dhroim ainmniú do dhul as feidhm faoi alt 55 .

61 .— (1) I gcás go rachaidh ainmniú mórláithreach árasán as feidhm faoi alt 55 (3), tabharfaidh an t-údarás tithíochta fógra i scríbhinn don chuideachta bainistíochta agus déanfaidh an chuideachta bainistíochta, a luaithe is indéanta tar éis an fógra a fháil—

(a) na léasanna arna ndeonú don údarás tithíochta i leith gach árasáin a fhoirceannadh de réir théarmaí agus choinníollacha an ordaithe aistrithe mórláithreach árasán agus an ordaithe aistrithe árasáin;

(b) úinéireacht ar an mórláthair árasán a aistriú chuig an údaráis tithíochta, faoi réir aon léasa dá dtagraítear in alt 59 (2)(b)(ii), agus

(c) socrú a dhéanamh chun an chuideachta bainistíochta a fhoirceannadh de réir Achtanna na gCuideachtaí.

(2) I gcás go rachaidh ainmniú mórláithreach árasán as feidhm faoi alt 55 (3), agus faoi réir an chuideachta bainistíochta do chomhlíonadh cheanglais fho-alt (1), leanfaidh an t-údarás tithíochta de bheith ag comhlíonadh a fheidhmeanna faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009 i ndáil le bainistiú agus rialú na mórláithreach árasán.

Costais a thabhóidh cuideachta bainistíochta.

62 .— Déanfaidh údarás tithíochta aisíoc le cuideachta bainistíochta arna bunú aige i leith cibé caiteachas réasúnach agus deimhnithe a thabhóidh an chuideachta bainistíochta i gcomhlíonadh a feidhmeanna faoi ailt 59, 60 agus 61.

Mórláthair árasán ainmnithe a bhainistiú, a rialú agus a chothabháil.

63 .— (1) D’ainneoin úinéireacht ar mhórláthair árasán ainmnithe a aistriú chuig cuideachta bainistíochta faoi alt 59 , déanfaidh an t-údarás tithíochta an mhórláthair árasán ainmnithe a bhainistiú agus a rialú i gcomhlíonadh a fheidhmeanna faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009, ar feadh na tréimhse dar tús an dáta a shonrófar san ordú aistrithe mórláithreach árasán chun críocha alt 59 (1) agus dar críoch an dáta a dhíoltar árasán sa mhórláthair árasán le tionónta an árasáin den chéad uair.

(2) Déanfaidh an chuideachta bainistíochta aon mhuirir arna n-íoc leis an gcuideachta bainistíochta i leith na tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (1) ag aon duine lenar díoladh árasán sa mhórláthair árasáin ainmnithe faoi alt 90 den Phríomh-Acht cibé acu roimh theacht i ngníomh don Chuid seo nó dá éis a íoc leis an údarás tithíochta a luaithe is indéanta tar éis iad a fháil.

(3) Ar an dáta a dhíoltar árasán i mórláthair árasán ainmnithe faoin gCuid seo le tionónta an árasáin den chéad uair, déanfaidh an chuideachta bainistíochta, i ndáil leis na comhlimistéir, na comhdhéanmhais, na comhoibreacha agus na comhsheirbhísí sa mhórláthair árasán ainmnithe, de réir a meabhráin comhlachais agus a hairteagal comhlachais, bainistiú éifeachtúil na gcomhlimistéar, na gcomhdhéanmhas, na gcomhoibreacha agus na gcomhsheirbhísí a chinntiú agus gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, a chinntiú go bhfeidhmíonn an mhórláthair árasán ainmnithe go héifeachtach agus thairis sin comhlíonfaidh sí na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar an gcuideachta bainistíochta faoi réim agus de réir na Coda seo agus an ordaithe aistrithe mórláithreach árasán.

Údarás tithíochta do dhíol árasán le tionóntaí.

64 .— (1) San alt seo, i gcás árasáin a ndeonófar foléas don údarás tithíochta ina leith chun críocha alt 60 , folaíonn tagairt do léas foléas.

(2) Faoi réir agus de réir na Coda seo agus Achtanna na dTithe 1966 go 2004 agus faoi réir cibé rialachán a dhéanfar faoi alt 77 , féadfaidh údarás tithíochta, faoi réir fho-ailt (3) agus (4), i gcomaoin an t-údarás tithíochta d’fháil an airgid ceannaigh, árasán a dhíol, arb é úinéir an árasáin ina leith é, i mórláthair árasán ainmnithe, sa bhailriocht agus sa bhail atá air dáta a dhíola, le tionónta an árasáin (dá ngairtear “ceannaitheoir árasáin” sa Chuid seo) trí shannadh an léasa arna dheonú don údarás tithíochta faoi alt 60 ar mhodh ordaithe (dá ngairtear “ordú sannta árasáin” sa Chuid seo), san fhoirm fhorordaithe, arna dhéanamh ag an údarás tithíochta, agus a bheidh sainráite agus a oibreoidh chun an t-ús a bheidh sonraithe san ordú a dhílsiú, ar an dáta a bheidh sonraithe san ordú, de réir agus faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (5) agus téarmaí agus coinníollacha ordaithe muirir.

(3) Ní shíneoidh an bainisteoir an t-ordú sannta árasáin chun an chéad árasán i mórláthair árasán ainmnithe a dhíol le tionónta faoin gCuid seo más rud é—

(a) go bhfuil an tréimhse díola tosaigh tar éis dul in éag, nó

(b) nach deimhin leis nó léi go bhfuiltear ullamh chun dul ar aghaidh (de réir bhrí alt 56 (7)), laistigh de 4 sheachtain ón dáta a shínítear an t-ordú sannta, leis an líon íosta árasán a bheidh ar fáil lena ndíol sa mhórláthair árasán ainmnithe, arna ríomh de réir fho-alt (4), a dhíol ar a laghad, nó

(c) gur lú ná leath an lín íosta árasán arna ríomh de réir fho-alt (4) an líon tionóntaí de chuid na n-árasán dá dtagraítear i mír (b) a chuir in iúl go bhfuil siad toilteanach fónamh mar stiúrthóirí de chuid na cuideachta bainistíochta.

(4) Tá an chéad árasán dá dtagraítear i bhfo-alt (3) ar áireamh sa líon íosta árasán chun críocha fho-alt (3)(b) agus ríomhtar an líon íosta árasán mar an líon is mó díobh seo a leanas—

(a) an líon íosta árasán a shonraítear i gcolún (2) den Tábla seo a leanas os coinne na hiontrála i gcolún (1) maidir leis an aicme mórláithreach árasán a fhreagraíonn d’aicme na mórláithreach árasán ainmnithe lena mbaineann, nó

(b) an líon íosta tionóntaí (arna chothromú suas go dtí an tslánuimhir is airde agus is neasa) arb ionannas dó an cion íosta de na hárasáin go léir a shonraítear i gcolún (3) den Tábla seo a leanas os coinne na hiontrála sin i gcolún (1).

AN TÁBLA

An aicme mórláithreach árasán arna cinneadh de réir an lín árasán atá inti arb é an t-údarás tithíochta an t-úinéir orthu

(1)

An líon íosta díol árasán

(2)

An cion íosta de na hárasáin go léir sa mhórláthair árasán

(3)

Mórláthair árasán ina bhfuil líon nach mó ná 19 n-árasán

2

35%

Mórláthair árasán ina bhfuil 20 árasán nó níos mó

6

25%

(5) Ar áireamh ar na téarmaí agus na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (2), beidh na nithe seo a leanas—

(a) go mbeidh an t-árasán, le linn na tréimhse muirearaithe, mura dtabharfaidh an t-údarás tithíochta a thoiliú i scríbhinn roimh ré, á áitiú mar ghnátháit chónaithe cheannaitheoir an árasáin nó duine de theaghlach cheannaitheoir an árasáin;

(b) nach ndéanfar an t-árasán ná aon chuid de a dhíol, a shannadh, a ligean ná a fholigean ná a dhiúscairt ar shlí eile ná a mhorgáistiú, a mhuirearú ná a choimhthiú, le linn na tréimhse muirearaithe, ar shlí seachas trí réadtiomnú nó oibriú dlí, gan toiliú an údaráis tithíochta a fháil i scríbhinn roimh ré;

(c) téarmaí agus coinníollacha a bhaineann leis an árasán a athdhíol faoi alt 76 le linn na tréimhse muirearaithe;

(d) cibé téarmaí agus coinníollacha eile a bhaineann le díol árasáin agus a bheidh forordaithe chun críocha ordaithe sannta árasáin.

(6) Aon tionónta a dhéanfaidh iarratas chun a árasán nó a hárasán a cheannach faoin gCuid seo, déanfaidh sé nó sí, an tráth a shíneoidh sé nó sí an t-ordú sannta árasáin nó roimhe sin, éarlais a íoc leis an údarás tithíochta ina mbeidh méid a chinnfear de réir cibé modha a fhorordófar faoi alt 77 , ar éarlais í nach mbeidh, faoi réir fho-alt (7), inaisíoctha má tharraingíonn an tionónta siar as an díol ar aon chúis aon tráth roimh dheireadh 6 mhí ón dáta a shíneoidh sé nó sí an t-ordú.

(7) I gcás nach rachaidh údarás tithíochta ar aghaidh, ar aon chúis, le hárasán a dhíol, déanfaidh an t-údarás tithíochta—

(a) fógra i scríbhinn a thabhairt don tionónta,

(b) aon éarlais arna híoc ag an tionónta a aisíoc leis nó léi agus cúiteamh a thabhairt don tionónta i leith cibé caiteachas dlí réasúnach a bheidh tabhaithe aige nó aici i leith cheannach beartaithe an árasáin aige nó aici faoin gCuid seo, agus

(c) ús ar mhéid na héarlaise a aisíocfar faoi mhír (b) a íoc leis an tionónta de réir an ráta a fhorordófar faoi alt 33 don tréimhse dar tosach an dáta a shíneoidh an tionónta an t-ordú sannta árasáin agus dar críoch an dáta a thabharfaidh an t-údarás tithíochta fógra don tionónta á rá nach bhfuil sé ag dul ar aghaidh leis an gceannach.

(8) Ach amháin mar a fhoráiltear le haon achtachán eile nó le rialacháin arna ndéanamh faoi, ní bheidh sé le tuiscint as díol árasáin le tionónta faoin gCuid seo go bhfuil aon bharánta ann ar thaobh an údaráis tithíochta i ndáil le bailriocht nó bail an árasáin ná i ndáil lena oiriúnacht mar áit chónaithe do dhaoine.

(9) Ní rachaidh údarás tithíochta ar aghaidh le hárasán a dhíol faoin gCuid seo le tionónta an árasáin—

(a) más rud é—

(i) aon tráth le linn na 3 bliana díreach sula ndéanfaidh sé nó sí iarratas chuig an údarás chun árasán a cheannach faoin gCuid seo, go raibh an tionónta i riaráiste i leith cíosa ar feadh tréimhse carnaithe 12 sheachtain nó níos faide i leith an árasáin nó aon teaghaise nó láithreáin eile arna ligean chuige nó chuici ag aon údarás tithíochta faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009 nó arna sholáthar nó arna soláthar faoi Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, agus

(ii) nach bhfuil socrú déanta ag an údarás tithíochta faoi alt 34 leis an tionónta maidir leis an airgead atá dlite agus ag dul don údarás tithíochta i leith na riaráistí sin a íoc,

(b) más rud é, ar bhonn aon suirbhé struchtúraigh ar an mórláthair árasán nó ar árasán aonair a fhéadfar a dhéanamh tar éis an dáta a ainmneofar an mhórláthair árasán faoi alt 55 , go measfaidh an t-údarás nach ar mhaithe le dea-bhainistiú eastáit dul ar aghaidh leis an díol,

(c) i gcás nach deimhin leis an údarás, ag féachaint d’fhorálacha alt 65 (5), gur leor an líon ceannaitheoirí árasán láithreacha agus ionchasacha atá toilteanach fónamh mar stiúrthóirí de chuid na cuideachta bainistíochta chun a chumasú don chuideachta feidhmiú go héifeachtúil, nó

(d) i gcás go mbeidh ainmniú mórláithreach árasán le haghaidh ceannach ag tionóntaí tar éis dul as feidhm faoi alt 55 (3).

(10) Ní bheidh feidhm ag alt 211(2) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 ná ag alt 183 den Acht Rialtais Áitiúil 2001 maidir le hárasán a dhíol le tionónta de réir na Coda seo.

Forálacha a bhaineann le cuideachta bainistíochta.

65 .— (1) San alt seo—

(a) folaíonn tagairtí d’árasán árasán pobail, agus

(b) folaíonn tagairtí d’úinéir árasáin—

(i) duine ar díoladh árasán i mórláthair árasán ainmnithe leis nó léi faoi alt 90 den Phríomh-Acht, cibé acu a díoladh é roimh theacht i ngníomh don Chuid seo nó dá éis sin, agus

(ii) duine a dtiocfaidh leas an duine dá dtagraítear i bhfomhír (i) nó leas a chomharba i dteideal nó a comharba i dteideal agus ionadaí pearsanta an duine sin nó an chomharba i dteideal sin chun bheith dílsithe dó nó di dá éis sin.

(2) Beidh gach úinéir árasáin ina chomhalta nó ina comhalta den chuideachta bainistíochta.

(3) (a) Beidh cearta vótála na gcomhaltaí struchtúrtha ar mhodh a fhágfaidh go mbeidh, le linn aon ní a bheith á chinneadh ag na comhaltaí, aon vóta amháin ag gabháil le gach úinéir árasáin i leith gach árasáin sa mhórláthair árasán ainmnithe lena mbaineann an chuideachta bainistíochta, agus nach mbeidh vóta den sórt sin ag aon duine eile.

(b) Beidh gach vóta dá dtagraítear i mír (a) ar aonluach.

(4) I gcás gur comhúinéirí árasáin iad 2 dhuine nó níos mó, is ionann iad agus aon chomhalta amháin i leith fheidhmiú na gcumhachtaí vótála agus na gcumhachtaí eile atá dílsithe don chomhalta sin.

(5) De réir mar a dhíoltar árasáin i mórláthair árasán ainmnithe le tionóntaí faoin gCuid seo, déanfaidh údarás tithíochta, faoi réir fho-alt (6), cibé líon daoine a ainmniú lena dtoghadh mar stiúrthóirí ar an gcuideachta bainistíochta, arna shloinneadh mar chion den líon iomlán stiúrthóirí ar an gcuideachta a bheidh ag fónamh tar éis an toghchán a chríochnú, nach mó ná an cion den líon iomlán árasán sa mhórláthair árasán ainmnithe arb é an t-údarás tithíochta an t-úinéir árasáin orthu.

(6) Féadfaidh údarás tithíochta a chinneadh gan aon duine a ainmniú lena thoghadh nó lena toghadh mar stiúrthóir ar an gcuideachta bainistíochta i gcás go mbeidh an líon árasán arb é an t-údarás tithíochta an t-úinéir árasáin orthu comhionann le 20 faoin gcéad den líon iomlán árasán sa mhórláthair árasán ainmnithe nó níos lú ná sin.

Comhaltas de chuideachta bainistíochta d’aistriú go huathoibríoch ar an árasán a dhíol.

66 .— (1) I gcás go n-aistreofar úinéireacht árasáin i mórláthair árasán ainmnithe, cibé acu trí thíolacas, aistriú, sannadh nó trí oibriú dlí nó ar shlí eile, maidir le comhaltas den chuideachta bainistíochta a eascraíonn de bhua úinéireacht an árasáin, d’ainneoin aon fhorála dá mhalairt in Achtanna na gCuideachtaí nó in achtachán eile, ar aistriú den sórt sin beidh sé arna aistriú chuig an duine a thagann chun bheith i dteideal an leasa san árasán lena mbaineann agus ní gá aistriú a fhorghníomhú ná é a cheadú ag stiúrthóirí na cuideachta, agus—

(a) beidh an duine sin i dteideal cumhachtaí, cearta agus teidlíocht comhalta den chuideachta lena mbaineann a fheidhmiú, agus

(b) faoi réir fho-alt (3), beidh d’oibleagáid ar an duine sin na hoibleagáidí uile (lena n-áirítear an muirear seirbhíse mórláithreach árasán, an muirear i leith an ranníoca ciste fiachmhúchta agus aon mhuirir eile a íoc) a bhaineann le comhaltas na cuideachta lena mbaineann a chomhlíonadh.

(2) D’ainneoin fho-alt (1), déanfaidh cuideachta bainistíochta gach beart is gá chun a chinntiú—

(a) go n-eiseofar an scairdheimhniú nó an deimhniú comhaltais, de réir mar is cuí, chuig an gcomhalta lena mbaineann a luaithe is indéanta tar éis fógra a thabhairt i dtaobh an athraithe ar úinéireacht árasáin,

(b) go n-athrófar an clár de chomhaltaí na cuideachta dá réir sin, agus

(c) go bhfuil gach ceanglas iomchuí eile faoi Achtanna na gCuideachtaí á chomhlíonadh.

(3) Ní dochar an t-alt seo do chearta, do theidlíochtaí ná d’oibleagáidí aon duine lenar díoladh árasán i mórláthair árasán ainmnithe faoi alt 90 den Phríomh-Acht cibé acu roimh theacht i ngníomh don Chuid seo nó dá éis sin, lena n-áirítear duine a dtagann leas an duine sin nó a chomharba nó a comharba i dteideal agus ionadaí pearsanta an duine sin nó an chomharba i dteideal sin chun bheith dílsithe dó nó di dá éis sin.

Muirear seirbhíse mórláithreach árasán.

67 .— (1) Roimh dheireadh na tréimhse a shonraítear in alt 63 (1), agus ina dhiaidh sin roimh dheireadh na chéad mhíosa de gach bliain airgeadais, ullmhóidh an chuideachta bainistíochta meastachán ar an méid a bheidh le cruinniú, i leith na bliana airgeadais lena mbaineann, trí mhuirear bliantúil nó trí mhuirir bhliantúla (dá ngairtear an “ muirear seirbhíse mórláithreach árasán ” sa Chuid seo) is iníoctha ag úinéirí árasán, arb éard é an méid is gá chun caiteachas leanúnach a urscaoileadh a thabhaítear go réasúnach ar chomhlimistéir, comhdhéanmhais, comhoibreacha agus comhsheirbhísí na mórláithreach árasán ainmnithe lena mbaineann a árachú, a chothabháil (lena n-áirítear seirbhísí glanta agus bainistithe dramhaíola) agus a dheisiú agus ar chomhsheirbhísí nó seirbhísí roinnte a sholáthar do na húinéirí agus na háititheoirí árasán sa mhórláthair árasán ainmnithe.

(2) Déanfaidh an chuideachta bainistíochta an meastachán dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a ullmhú faoi threoir an chaiteachais iarbhír nó réamh-mheasta don bhliain airgeadais ar ina leith atá an muirear seirbhíse le tobhach.

(3) Beidh na hearnálacha seo a leanas ar áireamh sa mheastachán dá dtagraítear i bhfo-alt (1):

(a) árachas;

(b) cothabháil ghinearálta;

(c) deisiúcháin;

(d) bainistiú dramhaíola;

(e) glanadh;

(f) garraíodóireacht agus tírdhreachú;

(g) seirbhísí slándála;

(h) seirbhísí dlí agus ullmhú cuntas, agus

(i) caiteachas eile a mheasfar a eascróidh i dtaca leis na comhlimistéir a chothabháil, a dheisiú agus a bhainistiú agus a mheasfar a eascróidh.

(4) Ní dhéanfaidh an chuideachta bainistíochta an muirear seirbhíse mórláithreach árasán do gach bliain airgeadais a thobhach mura rud é go mbeidh breithniú déanta air ag cruinniú ginearálta de na comhaltaí arna ghairm chun críocha ar a n-áirítear an breithniú ar an meastachán dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

(5) Déanfar an cruinniú ginearálta dá dtagraítear i bhfo-alt (4) a thionól in áit atá réasúnta cóngarach don mhórláthair árasán ainmnithe agus ag tráth réasúnach (mura gcomhaontófar a mhalairt le vóta tromlaigh 75 faoin gcéad de na comhaltaí).

(6) (a) Féadfar an togra i ndáil le socrú an mhuirir seirbhíse mórláithreach árasán a leasú ag an gcruinniú dá dtagraítear i bhfo-alt (4) le ceadú vóta tromlaigh 60 faoin gcéad de na comhaltaí atá i láthair agus ag vótáil ag an gcruinniú.

(b) I gcás go ndícheadóidh líon nach lú ná vóta tromlaigh 75 faoin gcéad de na comhaltaí atá i láthair agus ag vótáil ag an gcruinniú an muirear seirbhíse mórláithreach árasán a mholtar don chruinniú ginearálta, ní bheidh éifeacht leis an muirear seirbhíse mórláithreach árasán beartaithe ach leanfaidh an muirear seirbhíse mórláithreach árasán a bhaineann leis an mbliain airgeadais roimhe sin d’fheidhm a bheith aige go dtí go nglacfar muirear seirbhíse mórláithreach árasán i leith na bliana airgeadais lena mbaineann.

(7) Déanfaidh an chuideachta bainistíochta méid an mhuirir seirbhíse mórláithreach árasán a thobhach a luaithe is indéanta tar éis a ghlactha faoin alt seo mar mhuirear ar gach árasán sa mhórláthair árasán ainmnithe, agus is mar a chéile an cion den mhuirear seirbhíse mórláithreach árasán is inchurtha i leith aon árasáin agus an chomhréir idir achar urláir an árasáin sin, arna chinneadh ar an modh forordaithe, agus achar urláir comhiomlán na n-árasán go léir sa mhórláthair árasán ainmnithe.

(8) (a) I gcás mórláithreach árasán ainmnithe inar dhíol an t-údarás tithíochta árasán amháin nó níos mó faoi alt 90 den Phríomh-Acht, cibé acu roimh theacht i ngníomh don Chuid seo nó dá éis sin, déanfaidh an chuideachta bainistíochta—

(i) glanmhéid an mhuirir seirbhíse mórláithreach árasán a chinneadh trí mhéid a fháltais mheasta muirir seirbhíse don bhliain airgeadais reatha ó úinéirí árasán na n-árasán a díoladh amhlaidh faoi théarmaí agus coinníollacha na n-orduithe aistrithe i leith dhíol na n-árasán sin a asbhaint as méid an mhuirir seirbhíse mórláithreach árasán don bhliain airgeadais lena mbaineann,

(ii) gan na hárasáin a díoladh amhlaidh a áireamh sa ríomh agus faoi réir ceadú a fháil ón Aire roimh ré, glanmhéid an mhuirir seirbhíse mórláithreach árasán a chionroinnt idir gach ceann de na hárasáin eile sa mhórláthair árasán ainmnithe ar an modh cionroinnte dá bhforáiltear sna horduithe aistrithe a dúradh, agus

(iii) an méid a chionroinnfear amhlaidh i leith gach ceann de na hárasáin eile sin sa mhórláthair árasán ainmnithe a thobhach mar mhuirear ar an árasán sin.

(b) Ní cheadóidh an tAire an modh cionroinnte dá dtagraítear i mír (a)(ii) mura deimhin leis nó léi gur modh cothrom amhail idir na hárasáin dá dtagraítear i mír (a)(iii) an modh sin.

(c) I gcás nach gceadóidh an tAire an modh cionroinnte dá dtagraítear i mír (a)(ii), déanfaidh an chuideachta bainistíochta, gan na hárasáin a díoladh amhlaidh faoi alt 90 den Phríomh-Acht a áireamh sa ríomh, glanmhéid an mhuirir seirbhíse mórláithreach árasán a chionroinnt idir gach ceann de na hárasáin eile sa mhórláthair árasán ainmnithe ar an modh cionroinnte a shonraítear i bhfo-alt (7).

(9) (a) Maidir le haon chuid den mhuirear seirbhíse mórláithreach árasán don bhliain lena mbaineann, a mhéid nach gá é, déanfar aon bhreis a chur i gcuntas le linn an muirear seirbhíse mórláithreach árasán a shocrú don bhliain ina dhiaidh sin.

(b) A mhéid nach leor an muirear seirbhíse mórláithreach árasán don chaiteachas sa bhliain lena mbaineann, féadfar méid na neamhdhóthanachta sin a chur leis an muirear seirbhíse mórláithreach árasán a bheidh iníoctha thairis sin i leith na bliana ina dhiaidh sin.

(10) Coimeádfaidh an chuideachta bainistíochta taifid leordhóthanacha chuí ar an gcaiteachas a thabhaíonn sé chun a chumasú fíorú agus iniúchtaí cuí a ghabháil de láimh.

(11) Déanfar an muirear seirbhíse mórláithreach árasán a thoibheofar de bhun an ailt seo a úsáid chun na gcríoch a shonraítear i bhfo-alt (1) ach féadfar, d’ainneoin fho-ailt (2)(9), aon bhreis a úsáid ar chaiteachas a thabhóidh an ciste fiachmhúchta.

(12) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena bhforordófar an aicme nó na haicmí ítimí caiteachais a fhéadfaidh a bheith ina hábhar nó ina n-ábhar don mhuirear seirbhíse mórláithreach árasán.

Ciste fiachmhúchta.

68 .— (1) Roimh dheireadh na tréimhse a shonraítear in alt 63 (1), déanfaidh an chuideachta bainistíochta ciste infheistíochta foirgníochta (dá ngairtear “ ciste fiachmhúchta ” sa Chuid seo) a bhunú chun caiteachas a urscaoileadh a thabhófar go réasúnach, i leith na mórláithreach árasán ainmnithe lena mbaineann—

(a) ar athfheistiú,

(b) ar fheabhsú,

(c) ar chothabháil de chineál neamh-aisfhillteach, nó

(d) ar chomhairle ó dhuine cuícháilithe maidir le míreanna (a) go (c).

(2) Chun críocha fho-alt (1), ní mheasfar gur caiteachas ar chothabháil de chineál neamh-aisfhillteach caiteachas—

(a) i gcás go mbainfidh an caiteachas le ní a dtabhaítear caiteachas ina leith gach bliain i gcoitinne,

(b) mura rud é go ndeimhneoidh stiúrthóirí na cuideachta bainistíochta gur caiteachas ar chothabháil de chineál neamh-aisfhillteach é, agus

(c) mura rud é go gceadóidh cruinniú de na comhaltaí an caiteachas mar chaiteachas ar chothabháil de chineál neamh-aisfhillteach.

(3) (a) Roimh dheireadh na tréimhse a shonraítear in alt 63 (1), agus ina dhiaidh sin roimh dheireadh na chéad mhíosa de gach bliain airgeadais, déanfaidh an chuideachta bainistíochta, faoi réir mhír (b), meastachán a ullmhú ar an tsuim airgid (dá ngairtear an “ranníoc ciste fiachmhúchta” sa Chuid seo) a mheasann sí is cuí agus is stuama lena cur leis an gciste fiachmhúchta sa bhliain airgeadais lena mbaineann agus, trí úsáid a bhaint as an modh cionroinnte a shonraítear i bhfo-alt (4)(a) (b), de réir mar is cuí, an méid atá comhionann leis an gcion den ranníoc ciste fiachmhúchta a bheadh inchurtha i leith gach árasáin sa mhórláthair árasán ainmnithe a ríomh.

(b) Ní ullmhóidh an chuideachta bainistíochta meastachán ar an ranníoc ciste fiachmhúchta don bhliain airgeadais lena mbaineann a mbeidh de thoradh air, nuair a chionroinnfear é idir gach árasán sa mhórláthair árasán ainmnithe de réir mhír (a), gur lú an méid is lú is inchurtha i leith aon árasáin ná €200 nó cibé méid eile a fhorordófar chun críocha an fho-ailt seo.

(c) Más rud é, faoin ríomh a leagtar amach i mír (a), go mbeidh an méid is lú is inchurtha i leith aon árasáin sa mhórláthair árasán ainmnithe comhionann le €200 nó cibé méid eile a fhorordófar chun críocha an fho-ailt seo, féadfaidh an chuideachta bainistíochta a meastachán faoi mhír (a) a ghlacadh mar an ranníoc ciste fiachmhúchta don bhliain airgeadais lena mbaineann.

(d) Más rud é, faoin ríomh a shonraítear i mír (a), gur mó an méid is lú is inchurtha i leith aon árasáin sa mhórláthair árasán ná €200 nó cibé méid eile a fhorordófar chun críocha an fho-ailt seo, glacfaidh cruinniú ginearálta comhaltaí a ghairfear chun na gcríoch sin an ranníoc ciste fiachmhúchta don bhliain airgeadais ar choinníoll nach mbeidh de thoradh ar an ranníoc sin, nuair a chionroinnfear é idir gach árasán sa mhórláthair árasán ainmnithe ar an mbonn céanna leis an muirear seirbhíse mórláithreach árasán, gur lú an méid is lú is inchurtha i leith aon árasáin ná €200 nó cibé méid eile a fhorordófar chun críocha an fho-ailt seo.

(4) Déanfaidh an chuideachta bainistíochta, a luaithe is indéanta tar éis méid an ranníoca ciste fiachmhúchta a chinneadh, an méid sin a thobhach mar mhuirear ar gach árasán sa mhórláthair árasán ainmnithe, agus an méid á chionroinnt idir gach árasán sa mhórláthair árasán ainmnithe ar an mbonn céanna a chionroinntear an muirear seirbhíse mórláithreach árasán—

(a) de réir alt 67 (7), nó

(b) i gcás mórláithreach árasán ainmnithe inar dhíol an t-údarás tithíochta árasán amháin nó níos mó faoi alt 90 den Phríomh-Acht, de réir alt 67 (8).

(5) Na ranníocaí a dhéanfar leis an gciste fiachmhúchta, déanfar iad a choimeád i gcuntas ar leithligh agus ar mhodh ar a n-aithnítear gur cistí iad na cistí sin a bhaineann leis an gciste fiachmhúchta agus ní úsáidfear ná ní chaithfear na cistí sin ar nithe seachas caiteachas de chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

(6) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena bhforordófar gach ceann nó aon cheann nó níos mó de na nithe seo a leanas—

(a) aicme nó aicmí caiteachais a fhéadfaidh ciste fiachmhúchta a thabhú;

(b) tairseacha caiteachais (faoi threoir méideanna caiteachais nó faoi threoir an chion den chiste fiachmhúchta) a bhéarfaidh go mbeidh gá le ceadú ó na comhaltaí;

(c) aon mhéid eile chun críocha fho-alt (3) ag féachaint do mheánleibhéal na muirear seirbhíse i mórláithreacha árasán ainmnithe.

Muirir bhliantúla cuideachta bainistíochta.

69 .— (1) Féadfaidh cuideachta bainistíochta iarraidh aonair a eisiúint chun comhiomlán na muirear a eascróidh faoi ailt 67 agus 68 a íoc, agus gach iarraidh ar íocaíocht, cibé acu ar iontaoibh an ailt seo nó alt 67 68, leagfar amach inti an bonn atá le ríomh an mhuirir, miondealú maidir leis an gcaoi a ríomhtar é agus an méid is iníoctha i leith an árasáin lena mbaineann.

(2) I gcás go ndéanfar íoc muirear a eascróidh faoi ailt 67 agus 68 a iarraidh nó a bhailiú le chéile, féadfar “ muirir bhliantúla cuideachta bainistíochta ” a ghairm de na muirir sin i dteannta a chéile.

(3) Is coinníoll de chuid an ordaithe aistrithe árasáin agus an ordaithe sannta árasáin—

(a) go ndéanfaidh an t-úinéir árasáin muirir bhliantúla de cibé méid nó méideanna a íoc leis an gcuideachta bainistíochta cibé tráthanna agus ar cibé modh a shonróidh an chuideachta bainistíochta faoi réir agus de réir théarmaí agus choinníollacha an ordaithe aistrithe árasáin nó an ordaithe sannta árasáin, de réir mar a bheidh, agus

(b) i gcás go mainneoidh an t-úinéir árasáin an oibleagáid i mír (a) a chomhlíonadh, go mbeidh sé de cheart ag an gcuideachta bainistíochta dul isteach san árasán arís agus seilbh a ghlacadh air, agus air sin tiocfaidh deireadh le téarma an ordaithe aistrithe árasáin nó an ordaithe sannta árasáin, de réir mar a bheidh, gan dochar do chearta agus leigheasanna na cuideachta i leith aon mhuirir den sórt sin atá i riaráiste nó aon sáraithe eile ar an ordú aistrithe árasáin nó ar an ordú sannta árasáin.

(4) I gcás go mbeidh na muirir bhliantúla cuideachta bainistíochta, nó cuid díobh, gan íoc ag an úinéir árasáin i ndeireadh na tréimhse le haghaidh íoc a shonrófar san ordú aistrithe árasáin nó san ordú sannta árasáin, de réir mar a bheidh, iompróidh an méid lena mbaineann ús de réir an ráta dá bhforáiltear ann agus arna ríomh dá réir.

(5) Más rud é, le linn na tréimhse muirearaithe, go mbeidh na muirir bhliantúla cuideachta bainistíochta, nó cuid díobh, gan íoc ag an gceannaitheoir árasáin lena mbaineann ar feadh tréimhse is faide ná 6 mhí tar éis dheireadh na tréimhse chun an muirear a shonraítear san ordú sannta árasáin a íoc, tabharfaidh an chuideachta bainistíochta fógra i scríbhinn don údarás tithíochta.

(6) I gcás go ndéanfaidh údarás tithíochta árasán a dhíol le tionónta an árasáin faoin gCuid seo, ní bheidh sé faoi dhliteanas, maidir le haon tréimhse i ndiaidh an dáta a shíneoidh an t-údarás tithíochta an t-ordú sannta árasáin, i leith na muirear bliantúil cuideachta bainistíochta don chion den bhliain airgeadais a bheidh fágtha tar éis an dáta sin nó d’aon bhliain airgeadais dá éis sin.

Ciste tacaíochta mórláithreach árasán.

70 .— (1) Faoi réir fho-alt (3), ar árasán i mórláthair árasán ainmnithe a dhíol den chéad uair le tionónta an árasáin faoin gCuid seo, déanfaidh an t-údarás tithíochta ciste (dá ngairtear “ ciste tacaíochta mórláithreach árasán ” sa Chuid seo) a bhunú, a chothabháil agus cuntas a thabhairt ina leith chun na gcríoch a leagtar amach i bhfo-alt (4).

(2) (a) Déanfaidh an t-údarás tithíochta, ar an gciste tacaíochta mórláithreach árasán a bhunú, méid a shocraítear de réir mhír (b) a íoc isteach sa chiste.

(b) Déanfar an méid dá dtagraítear i mír (a) a ríomh mar chomhshuim an chion fhorordaithe den phraghas ceannaigh ar an dáta a dhíoltar gach árasán sa mhórláthair árasán ainmnithe den chéad uair, arb é an díol dá dtagraítear i bhfo-alt (1) é, agus lena n-áirítear árasáin phobail agus aon árasáin arna ndíol le tionóntaí faoi alt 90 den Phríomh-Acht cibé acu roimh theacht i ngníomh don Chuid seo nó dá éis, ar cion é nach rachaidh thar an gceann is mó díobh seo a leanas—

(i) 5 faoin gcéad den phraghas ceannaigh sin, nó

(ii) cibé méid a fhorordófar chun críocha an ailt seo ag féachaint do líon agus do mhéid na n-árasán atá sa mhórláthair árasán ainmnithe lena mbaineann.

(3) Féadfaidh údarás tithíochta an t-airgead, dá dtagraítear i bhfo-alt (2) i leith mórláithreach árasán ainmnithe amháin nó níos mó, a shealbhú agus a bhainistiú agus cuntas a thabhairt ina leith i gciste tacaíochta mórláithreach árasán aonair, ar choinníoll go bhfuiltear in ann an maoiniú le haghaidh gach mórláithreach árasán den sórt sin a shainaithint ar leithligh.

(4) Féadfaidh an t-údarás tithíochta, de réir an ailt seo, ar iarraidh chuige sin a bheith déanta ag an gcuideachta bainistíochta agus faoi réir airgead leordhóthanach a bheith sa chiste tacaíochta mórláithreach árasán, a chinneadh airgead a aistriú ón gciste tacaíochta mórláithreach árasán chuig ciste fiachmhúchta na cuideachta faoi chomhair caiteachais ag an gcuideachta bainistíochta, nó thar a ceann, ar aon oibreacha de na hoibreacha dá dtagraítear in alt 68 (1)(a) go (c).

(5) (a) I gcás go ndéanfar iarraidh faoi fho-alt (4), déanfaidh an chuideachta bainistíochta, de réir mar a theastóidh le réasún ón údarás tithíochta d’fhonn a chinneadh an aistreoidh sé airgead ón gciste tacaíochta mórláithreach árasán chuig an gciste fiachmhúchta—

(i) mionsonraí (lena n-áirítear líníochtaí agus costais mheasta) a sholáthar i dtaobh na n-oibreacha beartaithe,

(ii) faisnéis airgeadais agus faisnéis eile a sholáthar (lena n-áirítear na taifid de chuid na cuideachta a bhaineann le bainistiú, cothabháil agus deisiú na gcomhlimistéar, na gcomhdhéanmhas, na gcomhoibreacha agus na gcomhsheirbhísí), agus

(iii) iniúchtaí, suirbhéanna agus tástálacha a sheoladh nó a urasú don údarás tithíochta iad a sheoladh.

(b) Íocfaidh an t-údarás tithíochta na costais réasúnacha a thabhóidh an chuideachta bainistíochta le linn ceanglais údaráis tithíochta faoin bhfo-alt seo a chomhlíonadh.

(6) Féadfaidh údarás tithíochta diúltú airgead a aistriú faoi fho-alt (4) i gcás go bhfuil sé den tuairim go mbaineann aon cheann díobh seo a leanas le hábhar:

(a) nach ar mhaithe le dea-bhainistiú eastáit na hoibreacha atá beartaithe;

(b) nach bhfuil an chuideachta bainistíochta in ann costas na n-oibreacha a íoc, as a hacmhainní féin, lena n-áirítear an ciste fiachmhúchta, airgead a d’iarr sí faoi fho-alt (4) ón gciste tacaíochta mórláithreach árasán agus iasachtaí;

(c) gur gá na hoibreacha atá beartaithe mar gheall ar mhainneachtain na cuideachta bainistíochta a hoibleagáidí faoi alt 63(3) a chomhlíonadh, cibé acu an bhfuil an mhainneachtain sin inchurtha i leith mhainneachtain na cuideachta muirear seirbhíse mórláithreach árasán leordhóthanach a thobhach nó a bhailiú i mbliain airgeadais amháin nó níos mó, nó eile;

(d) go bhféadfaidh an chuideachta bainistíochta an t-airgead a úsáid chun críocha seachas na hoibreacha atá beartaithe a dhéanamh, lena n-áirítear deireadh a chur le haon bhreis a bheidh ag caiteachas ar ioncam (ach gan an ciste fiachmhúchta a áireamh) ar chuntais na cuideachta bainistíochta, nó an céanna a laghdú.

(7) I gcás go gcinnfidh údarás tithíochta airgead a aistriú faoi fho-alt (4), féadfaidh sé gach ní nó aon ní díobh seo a leanas a dhéanamh—

(a) an méid a iarrann an chuideachta bainistíochta faoi fho-alt (4) nó méid is lú ná an méid a iarrtar amhlaidh a aistriú ón gciste tacaíochta mórláithreach árasán;

(b) cibé coinníollacha is dóigh leis is cuí a chur ag gabháil lena chinneadh, lena n-áirítear coinníollacha lena sonraítear—

(i) na hoibreacha a bheidh le déanamh,

(ii) na hoibreacha nach mbeidh le déanamh,

(iii) caighdeán na n-oibreacha a bheidh le déanamh, agus

(iv) uainiú agus ábhar tuarascálacha atá le tabhairt don údarás tithíochta i ndáil leis na hoibreacha a dhéanfar;

(c) an céanna a aistriú chuig ciste fiachmhúchta na cuideachta bainistíochta i cibé tráthchodanna agus ag cibé tráthanna is dóigh leis an údarás tithíochta a bheith réasúnach ag féachaint do dhul chun cinn na n-oibreacha lena mbaineann.

(8) Le linn don chuideachta bainistíochta aon oibreacha de na hoibreacha dá dtagraítear in alt 68 (1)(a) go (c) a dhéanamh, déanfaidh sí de réir cibé coinníollacha, más ann, a chuirfear ag gabháil, faoi fho-alt (7)(b), leis an gcinneadh chun airgead a aistriú faoi fho-alt (4).

(9) (a) Féadfaidh an t-údarás tithíochta, d’fhonn a shuíomh go ndearnadh an t-airgead a aistrítear faoi fho-alt (4) a úsáid chun na críche a bhí beartaithe agus i gcomhlíonadh na gcoinníollacha a chuirfear ag gabháil, faoi fho-alt (7)(b), lena chinneadh airgead a aistriú, cibé iniúchtaí, suirbhéanna agus tástálacha breise a sheoladh ar na hoibreacha lena mbaineann is dóigh leis is gá.

(b) Urasóidh an chuideachta bainistíochta don údarás tithíochta na hiniúchtaí, na suirbhéanna agus na tástálacha dá dtagraítear i mír (a) a sheoladh agus, má iarrann an t-údarás é, seolfaidh sí féin cibé iniúchtaí, suirbhéanna agus tástálacha ar na hoibreacha lena mbaineann is dóigh leis an údarás tithíochta is gá, agus íocfaidh an t-údarás tithíochta na costais réasúnacha a ghabhann leo.

(10) (a) Beidh an chuideachta bainistíochta faoi dhliteanas na méideanna seo a leanas a aisíoc leis an údarás tithíochta—

(i) i gcás go mainneoidh sí an t-airgead go léir nó aon chuid den airgead a aistreofar faoi fho-alt (4) a úsáid chun na críche a bhí beartaithe, iomlán an airgid sin nó an chuid sin den airgead, de réir mar a bheidh, nó

(ii) i gcás sárú ar choinníoll amháin nó níos mó a chuirfidh an t-údarás ag gabháil, faoi fho-alt (7)(b), lena chinneadh airgead a aistriú faoi fho-alt (4), an cion sin de mhéid an airgid aistrithe a fhreagraíonn don chostas a ghabhann le comhlíonadh an choinníll nó na gcoinníollacha lena mbaineann arna shloinneadh mar chion den chostas iomlán a ghabhann le déanamh na n-oibreacha ar ina leith a chomhaontaigh an t-údarás airgead a aistriú amhlaidh.

(b) Aon airgead a bheidh dlite agus ag dul don údarás tithíochta faoi mhír (a), déanfaidh an chuideachta bainistíochta, faoi réir alt 71 , é a aisíoc tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis an dáta a éilíonn an t-údarás aisíoc ón gcuideachta bainistíochta le fógra i scríbhinn ina sonrófar na nithe is cúis leis an éileamh ar aisíoc agus an méid lena mbaineann.

(c) Aon airgead a aisíocfaidh cuideachta bainistíochta le húdarás tithíochta faoin bhfo-alt seo, íocfar isteach sa chiste tacaíochta mórláithreach árasán é.

(11) Féadfaidh an t-údarás tithíochta cibé caiteachais réasúnacha a thabhóidh sé i bhfeidhmiú a fheidhmeanna faoin alt seo a chúiteamh as an gciste tacaíochta mórláithreach árasán.

(12) Is é a bheidh sa chiste tacaíochta mórláithreach árasán cuntas reatha (dá ngairtear an “ cuntas reatha ” san alt seo) agus cuntas infheistíochta (dá ngairtear an “ cuntas infheistíochta ” san alt seo).

(13) Íocfaidh an t-údarás tithíochta isteach sa chuntas reatha, ó am go ham, an méid a chinnfidh an t-údarás is gá chun na gcríoch seo a leanas—

(a) airgead a aistriú chuig ciste fiachmhúchta faoin alt seo, agus

(b) na costais a íoc a thabhóidh an t-údarás—

(i) faoi fho-alt (5)(b), (9)(11), de réir mar a bheidh, agus

(ii) i gcomhlíonadh a fheidhmeanna faoin alt seo i ndáil le bainistiú an chiste tacaíochta mórláithreach árasán.

(14) Déanfar an t-airgead eile go léir a bheidh chun creidiúna don chiste tacaíochta mórláithreach árasán a íoc isteach sa chuntas infheistíochta.

(15) Aon uair nach leor an t-airgead atá sa chuntas reatha faoi chomhair na ndliteanas de chuid an chiste tacaíochta mórláithreach árasán a shonraítear i bhfo-alt (13), íocfar isteach sa chuntas sin ón gcuntas infheistíochta an t-airgead is gá faoi chomhair na ndliteanas sin.

(16) Déanfar airgead atá sa chuntas infheistíochta agus nach bhfuil gá leis faoi chomhair dhliteanais reatha agus ionchasacha an chuntais sin a infheistiú agus déanfar na hinfheistíochtaí a réadú nó a athrú ó am go ham de réir riachtanas na hócáide agus déanfar na fáltais ó aon réadú den sórt sin, agus aon díbhinní nó íocaíochtaí eile a gheofar i leith airgid a infheisteofar faoin mír seo, a íoc isteach sa chuntas infheistíochta nó a infheistiú faoin bhfo-alt seo.

(17) Déanfar infheistíocht faoi fho-alt (16) a infheistiú sa Stát agus in airgeadra an Stáit—

(a) sna hurrúis (seachas scaireanna i gcuideachta) is dóigh leis an údarás tithíochta is cuí, nó

(b) trí airgead a thaisceadh le haon fhoras creidmheasa nó airgead a infheistiú i dtáirgí airgeadais gearrthéarma, amhail deimhnithe taisce nó páipéar tráchtála, arna n-eisiúint ag aon duine.

Díospóid idir údarás tithíochta agus cuideachta bainistíochta a eascraíonn faoi alt 70 (10).

71 .— (1) I gcás go mbeidh díospóid ann idir an t-údarás tithíochta agus an chuideachta bainistíochta maidir le haon ní a bhaineann le héileamh ar aisíoc faoi alt 70 (10), ar díospóid í a réitítear ina dhiaidh sin le comhaontú i scríbhinn idir an t-údarás tithíochta agus an chuideachta bainistíochta, déanfaidh an chuideachta bainistíochta an méid lena mbaineann nó aon mhéid athmheasta a aisíoc tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis dháta an chomhaontaithe.

(2) I gcás go mbeidh díospóid ann idir an t-údarás tithíochta agus an chuideachta bainistíochta i ndáil leis an éileamh ar aisíoc faoi alt 70 (10) i leith sárú ar choinníoll a chuirfear, faoi alt 70 (7)(b), ag gabháil lena chomhaontú airgead a aistriú faoi alt 70 (4), faoi réir chomhaontú na bpáirtithe i scríbhinn, féadfaidh an chuideachta bainistíochta an díospóid a réiteach trí chomhaontú cibé oibreacha breise a dhéanamh, ar a costas féin, a gcomhaontóidh na páirtithe gur gá iad chun comhlíonadh an choinníll lena mbaineann a áirithiú.

(3) I gcás go mbeidh díospóid ann idir an t-údarás tithíochta agus an chuideachta bainistíochta maidir le haon ní nó nithe a bhaineann leis an éileamh ar aisíoc faoi alt 70 (10), ar díospóid í nach féidir a réiteach chun sástacht an dá pháirtí, déanfar an ní a chinneadh trí nósanna imeachta comhréitigh a chomhaontófar idir an dá pháirtí nó, cheal comhaontú den sórt sin, trí eadráin faoi na hAchtanna Eadrána 1954 go 1998.

Cuntais cuideachta bainistíochta.

72 .— (1) Coimeádfaidh cuideachta bainistíochta na leabhair nó na cuntais eile go léir is cuí agus is gnách—

(a) ar an airgead go léir a gheobhaidh sí nó a chaithfidh sí, agus

(b) ar mhaoin, sócmhainní agus dliteanais uile na cuideachta bainistíochta,

lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), bunóidh, oibreoidh agus cothabhálfaidh cuideachta bainistíochta córais airgeadais, cuntais, nósanna imeachta maidir le tuairisciú agus coimeád taifead, lena n-áirítear ráitis airgeadais bhliantúla, atá bunaithe ar phrionsabail agus ar chleachtais chuntasaíochta a bhfuil glacadh coitianta leo.

(3) Déanfaidh cuideachta bainistíochta—

(a) cóip dá cuntais bhliantúla iniúchta a chur faoi bhráid an údaráis tithíochta lena mbaineann tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis dheireadh gach bliana airgeadais de chuid na cuideachta bainistíochta lena mbaineann na cuntais, agus

(b) ar iarraidh ó aon chomhalta, cóip de na cuntais sin a sholáthar ar phraghas nach mó ná an costas réasúnach atáirgthe.

(4) Scoirfidh fo-alt (3)(a) d’fheidhm a bheith aige i leith na bliana airgeadais tar éis na bliana airgeadais inarb é an toradh atá ar árasán a dhíol gur mó, d’árasán amháin, an líon iomlán de na hárasáin go léir sa mhórláthair árasán ainmnithe a dhíoltar ná an líon iomlán d’árasáin (lena n-áirítear aon árasán pobail), arna roinnt ar 2, sa mhórláthair árasán ainmnithe, arna chothromú suas go dtí an chéad slánuimhir eile, de réir mar is cuí.

Comhaontú seirbhísí maoine.

73 .— (1) San alt seo, ciallaíonn “ comhlacht sonraithe ”—

(a) an t-údarás tithíochta a d’aistrigh úinéireacht ar an mórláthair árasán ainmnithe chuig an gcuideachta bainistíochta faoi ordú aistrithe mórláithreach árasán,

(b) cuideachta dá dtagraítear i bhfo-alt (6), nó

(c) comhlacht ceadaithe.

(2) Faoi réir fho-alt (3), féadfaidh cuideachta bainistíochta agus comhlacht sonraithe comhaontú (dá ngairtear “ comhaontú seirbhísí maoine ” sa Chuid seo) a dhéanamh chun cibé seirbhísí bainistithe maoine a shonrófar sa chomhaontú a sholáthar don chuideachta bainistíochta i leith na mórláithreach árasán ainmnithe.

(3) I gcás comhaontú seirbhísí maoine idir cuideachta bainistíochta agus údarás tithíochta, is comhaontú é in aghaidh cibé tréimhse nach faide ná 5 bliana ón dáta a dhíoltar árasán den chéad uair le tionónta an árasáin faoin gCuid seo sa mhórláthair árasán ainmnithe lena mbaineann.

(4) Is i scríbhinn a bheidh comhaontú seirbhísí maoine agus beidh sé faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha, agus beidh ann an fhaisnéis, a shonraítear i Sceideal 4.

(5) Maidir leis na caiteachais a thabhóidh comhlacht sonraithe maidir le seirbhísí bainistithe maoine a sholáthar de bhun comhaontaithe seirbhísí maoine, déanfaidh an chuideachta bainistíochta iad a aisíoc leis an gcomhlacht sonraithe de réir théarmaí agus choinníollacha an chomhaontaithe.

(6) Féadfaidh údarás tithíochta, chun críocha an ailt seo, cuideachta a bhunú a n-áirítear ar a cuspóirí seirbhísí bainistithe maoine a sholáthar do chuideachtaí bainistíochta ar cuideachta í an chuideachta sin a bheidh foirmithe agus cláraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí.

Ordú muirir.

74 .— (1) A luaithe is indéanta tar éis árasán a dhíol le ceannaitheoir árasáin faoin gCuid seo, déanfaidh an t-údarás tithíochta, faoi réir cibé rialacháin a dhéanfar faoi alt 77 , ordú (dá ngairtear “ ordú muirir ” sa Chuid seo), san fhoirm fhorordaithe, lena muirearófar an t-árasán sna téarmaí a shonraítear san alt seo don tréimhse a shonrófar san ordú (dá ngairtear an “ tréimhse mhuirearaithe ” sa Chuid seo).

(2) Cruthaítear leis an ordú muirir muirear i bhfabhar an údaráis tithíochta i leith sciar neamhroinnte is céatadán (dá ngairtear an “ sciar muirearaithe ” san Chuid seo), arna ríomh de réir fho-alt (3), san árasán agus ar sciar muirearaithe é a laghdófar de réir fho-alt (4).

(3) Ríomhtar an sciar muirearaithe de réir na foirmle seo a leanas:

Y x 100

Z

i gcás—

(a) gurb é Y an difríocht idir praghas ceannaigh an árasáin tráth an díola leis an gceannaitheoir árasáin agus an t-airgead ceannaigh, agus

(b) gurb é Z praghas ceannaigh an árasáin tráth an díola leis an gceannaitheoir árasáin.

(4) (a) Faoi réir mhír (b) agus alt 75 , déanfar an sciar muirearaithe a laghdú i gcionmhaireachtaí comhionanna (dá ngairtear “ scaoiltí incriminteacha ” san alt seo) a chuirfear chun feidhme go bliantúil ar chothromdháta an ordaithe sannta árasáin i leith gach bliana iomláine tar éis an dáta sin ina raibh an t-árasán ar áitiú ag an gceannaitheoir árasáin nó ag duine dá theaghlach nó dá teaghlach mar ghnáth-áit chónaithe, go dtí cibé acu seo a leanas is luaithe—

(i) faoi réir alt 76, an chéad uair a athdhíoltar an t-árasán, nó

(ii) faoi réir alt 75, deireadh na tréimhse muirearaithe.

(b) Is laghdú carnach an laghdú ar an sciar muirearaithe don tréimhse 5 bliana ó dháta an ordaithe sannta árasáin agus ní bheidh feidhm aige go dtí deireadh na tréimhse sin, ar choinníoll go raibh an t-árasán ar áitiú ag an gceannaitheoir árasáin nó ag duine dá theaghlach nó dá teaghlach mar ghnáth-áit chónaithe ar feadh na tréimhse sin.

(5) Déanfaidh an t-údarás tithíochta, aon tráth a iarrann an ceannaitheoir árasáin air é, ráiteas i scríbhinn san fhoirm fhorordaithe a thabhairt don cheannaitheoir árasáin ina léireofar méid carnach na scaoiltí incriminteacha a bheidh curtha chun feidhme faoin ordú muirir.

(6) Maidir le hordú muirir, measfar gur morgáiste é arna dhéanamh trí ghníomhas de réir bhrí na Conveyancing Acts 1881 to 1911 agus gur forghníomhaíodh é, an tráth a dhíoltar an t-árasán, i bhfabhar an údaráis tithíochta ar mhuirear sna téarmaí dá bhforáiltear san alt seo.

(7) Dá réir sin, maidir leis an údarás tithíochta, amhail ar agus ó thráth déanta an ordaithe muirir—

(a) measfar gur morgáistí de chuid an árasáin é chun críocha na Conveyancing Acts 1881 to 1911, agus

(b) beidh aige, i ndáil leis an muirear dá dtagraítear i bhfo-alt (8), na cumhachtaí go léir a thugtar leis na hAchtanna sin do mhorgáistithe faoi mhorgáistí a dhéantar trí ghníomhas.

(8) I gcás go ndéanfaidh údarás tithíochta ordú muirir, cuirfidh sé faoi deara, a luaithe is indéanta dá éis sin, go gclárófar an t-ordú i gClárlann na nGníomhas nó i gClárlann na Talún, de réir mar is cuí, agus is tuairisc leordhóthanach é ar an muirear ar ina leith a bhfuil an t-ordú á chlárú a rá gurb é an muirear sin an muirear dá dtagraítear in alt 74(2) d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009.

(9) Aon ordú muirir a fhearann ar árasán, is talamh cláraithe de réir bhrí an Achta um Chlárú Teidil 1964, beidh sé inchláraithe mar ualach a fhearann ar an talamh sin cibé acu atá nó nach bhfuil an duine a ainmnítear mar úinéir na talún san ordú cláraithe faoin Acht sin mar úinéir na talún.

(10) Féadfaidh údarás tithíochta, faoi réir fho-alt (11), comhaontú a dhéanamh le sealbhóir ceadúnais faoi Acht an Bhainc Ceannais 1971, le cumann foirgníochta nó le foras airgeadais eile go mbeidh tosaíocht ag muirear a bheartaíonn sé a chruthú le hordú muirir, amhail in aghaidh morgáiste nó muirir a bheartaítear a chruthú i bhfabhar an tsealbhóra, an chumainn nó an fhorais sin, atá éagsúil leis an tosaíocht a bheadh ag an muirear thairis sin dá mba rud é nár achtaíodh an fo-alt seo.

(11) Ní ceadmhach d’údarás tithíochta comhaontú dá dtagraítear i bhfo-alt (10) a dhéanamh ach amháin go measann sé go ndéanfar leis an gcomhaontú—

(a) a chumasú do thionónta a mbeartaíonn sé árasán a dhíol leis nó léi faoin gCuid seo airleacan airgid a fháil ón sealbhóir, ón gcumann nó ón bhforas dá dtagraítear i bhfo-alt (10) d’fhonn an t-árasán a cheannach, nó

(b) a chumasú do cheannaitheoir árasáin—

(i) airleacan airgid láithreach ón sealbhóir, ón gcumann nó ón bhforas dá dtagraítear i bhfo-alt (10) a athmhaoiniú, nó

(ii) airleacan airgid breise a fháil ón sealbhóir, ón gcumann nó ón bhforas dá dtagraítear i bhfo-alt (10) chun aon chríche.

(12) Aon mhéid a thiocfaidh chun bheith iníoctha le húdarás tithíochta faoi alt 75 76, de réir mar a bheidh, féadfaidh an t-údarás tithíochta, gan dochar d’aon chumhacht eile chuige sin, é a ghnóthú ón duine lena mbaineann mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(13) D’fhonn amhras a sheachaint, ní mheasfar gur tíolacas chun críocha alt 3 den Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh 1976 ordú muirir nó muirear a eascraíonn faoi.

(14) (a) Ar an teagmhas is luaithe de na teagmhais a shonraítear i bhfo-alt (4)(a) tarlú agus faoi réir téarmaí agus coinníollacha an ordaithe sannta árasáin agus an ordaithe muirir a bheith comhlíonta, déanfaidh an t-údarás tithíochta, i gcás go n-iarrfaidh an ceannaitheoir árasáin air déanamh amhlaidh, gníomhas urscaoilte a fhorghníomhú i leith an ordaithe muirir.

(b) Beidh an t-údarás tithíochta faoi dhliteanas i leith aon chaiteachas a thabhófar le linn gníomhas urscaoilte a fhorghníomhú agus a chlárú ach ní bheidh sé faoi dhliteanas thairis sin i leith aon chaiteachas a thabhóidh ceannaitheoir árasáin faoin alt seo ná faoi alt 75 nó 76.

Laghdú ar sciar muirearaithe a fhionraí.

75 .— (1) Féadfaidh údarás tithíochta an laghdú ar an sciar muirearaithe dá bhforáiltear faoi alt 74 a fhionraí i leith aon bhliana dar críoch cothromdháta an ordaithe sannta árasáin, i gcás go mainneoidh an ceannaitheoir árasáin aon cheann de théarmaí agus de choinníollacha an ordaithe sannta árasáin a chomhlíonadh.

(2) I gcás go bhfionróidh an t-údarás tithíochta an laghdú ar an sciar muirearaithe faoi fho-alt (1), ríomhfar an sciar muirearaithe ar an maoin de réir na foirmle seo a leanas:

Y x 100 -R

Z

i gcás—

(a) gurb é Y an difríocht idir praghas ceannaigh an árasáin tráth a dhíola leis an gceannaitheoir árasáin agus an t-airgead ceannaigh,

(b) gurb é Z praghas ceannaigh an árasáin tráth a dhíola leis an gceannaitheoir árasáin, agus

(c) gurb é R an chuid den sciar muirearaithe atá scaoilte de réir an fho-ailt seo.

(3) (a) I gcás go mbeidh an laghdú ar an sciar muirearaithe curtha ar fionraí ag údarás tithíochta faoi fho-alt (1), déanfaidh an t-údarás tithíochta, a luaithe is indéanta ina dhiaidh sin, fógra i scríbhinn a thabhairt do cheannaitheoir an árasáin maidir leis an bhfionraí agus na cúiseanna atá leis an bhfionraí.

(b) Déanfaidh an t-údarás tithíochta, ar dhul in éag don tréimhse mhuirearaithe, ráiteas i scríbhinn a thabhairt don cheannaitheoir árasáin, san fhoirm fhorordaithe, ina léireofar méid an mhuirir a bheidh gan íoc faoin ordú muirir ar dháta éagtha na tréimhse muirearaithe, ar méid é a shloinnfear mar chéatadán de mhargadhluach an árasáin, a bheidh comhionann le sciar muirearaithe an údaráis tithíochta san árasán ar an dáta sin arna ríomh de réir fho-alt (2).

(4) (a) Déanfaidh an ceannaitheoir árasáin, laistigh de 2 mhí tar éis ráiteas dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a fháil, an méid a bheidh leagtha amach sa ráiteas a íoc leis an údarás tithíochta.

(b) I gcás go mainníonn an ceannaitheoir árasáin an méid dá dtagraítear i mír (a) a íoc, tá feidhm ag alt 74 (12).

(5) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn “margadhluach” an praghas ar a mbeifí ag súil le réasún go ndíolfaí árasán dáta éagtha na tréimhse muirearaithe, ina dheisriocht agus ina bhail láithreach agus gan a bheith faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear in alt 64 (5) ná faoi réir ordaithe muirir.

(6) (a) Chun críocha an ailt seo, déanfaidh an t-údarás tithíochta margadhluach árasáin a chinneadh nó, i gcás nach n-aontóidh an ceannaitheoir árasáin leis an margadhluach a chinnfear amhlaidh, déanfaidh luachálaí neamhspleách, a bheidh ainmnithe ag an gceannaitheoir árasáin as painéal daoine cuícháilithe, arna bhunú ag an údarás tithíochta, ar daoine iad d’aicme nó de thuairisc a fhorordaítear faoi alt 77 , an margadhluach a chinneadh.

(b) Ní bheidh an t-údarás tithíochta faoi dhliteanas i leith aon chaiteachas a thabhóidh ceannaitheoir árasáin faoi mhír (a).

Rialú ar athdhíol árasáin atá faoi réir ordaithe muirir.

76 .— (1) San alt seo, ní fholóidh tagairtí do cheannaitheoir árasáin duine a dtiocfaidh leas an cheannaitheora árasáin nó chomharba i dteideal an duine sin chun bheith dílsithe dó nó di ar chomaoin luachmhar ná ionadaí pearsanta an duine sin nó an chomharba i dteideal sin.

(2) I gcás go mbeartóidh ceannaitheoir árasáin árasán a dhíol le linn na tréimhse muirearaithe, tabharfaidh sé nó sí fógra i scríbhinn roimh ré don údarás tithíochta de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha a bheidh sonraithe san ordú sannta árasáin.

(3) Féadfaidh an t-údarás tithíochta, ar fhógra dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a fháil, an t-árasán a cheannach ar shuim atá comhionann lena mhargadhluach reatha, arna laghdú de mhéid atá comhionann leis an gcion sin de mhargadhluach reatha an árasáin a bheidh ar comhréir leis an sciar muirearaithe san árasán dáta a athdhíola.

(4) Gan dochar d’aon chumhacht eile chuige sin, féadfaidh údarás tithíochta diúltú toiliú leis an árasán a dhíol le haon duine i gcás go bhfuil an t-údarás tithíochta den tuairim—

(a) gur lú an praghas díola beartaithe ná an margadhluach reatha,

(b) go bhfuil nó go raibh an duine sin ag gabháil d’iompar frithshóisialta nó nár ar mhaithe le dea-bhainistiú eastáit é an t-árasán a dhíol, nó

(c) go bhfágfaí an díoltóir nó aon duine eile a mbeifí ag súil le réasún go gcónódh sé nó sí leis nó léi gan tithíocht dhóthanach de dheasca an díola bheartaithe dá gcuirfí i gcrích é.

(5) I gcás go ndéanfaidh ceannaitheoir árasáin árasán a athdhíol le duine seachas údarás tithíochta le linn na tréimhse muirearaithe, íocfaidh an ceannaitheoir árasáin leis an údarás tithíochta méid atá comhionann le céatadán den mhargadhluach reatha ar céatadán é a bheidh comhionann le sciar muirearaithe an údaráis san árasán dáta athdhíola an árasáin.

(6) I gcás go bhfágfadh an méid is iníoctha faoi aon cheann d’fhorálacha an ailt seo go laghdófaí fáltais an díola (gan aird a thabhairt ar chostais agus fiacha aturnae agus gníomhaire eastáit) faoi bhun an airgid ceannaigh, laghdófar an méid is iníoctha faoin ordú muirir a mhéid is gá chun an toradh sin a sheachaint.

(7) I gcás go ndéanfaidh ceannaitheoir árasán atá faoi réir ordaithe muirir a mbeidh a thréimhse mhuirearaithe imithe in éag agus a mbeidh an méid dá dtagraítear in alt 75 (3) gan a bheith íoctha ina leith de réir an ailt sin a athdhíol, tá feidhm ag alt 74 (12).

(8) (a) Chun críocha an ailt seo, cinnfidh an t-údarás tithíochta margadhluach reatha árasáin nó, i gcás nach n-aontóidh an díoltóir leis an margadhluach reatha a chinnfear amhlaidh, cinnfidh luachálaí neamhspleách arna ainmniú nó arna hainmniú ag an díoltóir as painéal daoine cuícháilithe, arna bhunú ag an údarás tithíochta, ar d’aicme nó de thuairisc a fhorordaítear faoi alt 77 iad, margadhluach an árasáin.

(b) Ní bheidh an t-údarás tithíochta faoi dhliteanas i leith aon chaiteachas a thabhóidh díoltóir faoi mhír (a).

Rialacháin (Cuid 4).

77 .— Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha na Coda seo i ndáil le gach ceann nó aon cheann nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a) an aicme nó na haicmí árasán atá eisiata óna ndíol faoin gCuid seo;

(b) an tréimhse íosta nach mór do dhuine a bheith ina thionónta nó ina tionónta lena linn d’fhonn iarratas a dhéanamh chun árasán a cheannach faoin gCuid seo, ar tréimhse í nach giorra in aon chás ná bliain amháin roimh an dáta a dhéantar an t-iarratas sin;

(c) an modh chun an praghas ceannaigh a chinneadh;

(d) an modh chun an t-airgead ceannaigh a chinneadh, agus dálaí airgeadais tionóntaí a bhféadfar árasán a dhíol leo á gcur i gcuntas;

(e) an modh chun méid éarlaise atá le híoc ag an gceannaitheoir árasáin faoi alt 64 (6) i leith árasán a cheannach faoin gCuid seo a chinneadh;

(f) foirm ordaithe aistrithe mórláithreach árasán, ordaithe aistrithe árasáin agus ordaithe sannta árasáin agus na téarmaí agus na coinníollacha a bheidh le sonrú in orduithe den sórt sin;

(g) foirm ordaithe muirir;

(h) cinneadh a dhéanamh maidir leis an tréimhse íosta, nó maidir leis an raon ar laistigh de a shocróidh údarás tithíochta an tréimhse íosta, a mbeidh feidhm ag ordú muirir lena linn i leith árasáin arna dhíol faoin gCuid seo, ar tréimhse í nach giorra ná 20 bliain ó dháta an ordaithe sannta árasáin in aon chás;

(i) achar urláir árasáin a chinneadh chun críche alt 67 (7);

(j) an cion de chomhshuim praghais ceannaigh gach árasáin sa mhórláthair árasán ainmnithe a íocfaidh údarás tithíochta isteach sa chiste tacaíochta mórláithreach árasán faoi alt 70 (2) agus an méid uasta a íocfaidh sé isteach sa chiste faoin bhforáil sin;

(k) foirm an ráitis a bheidh le heisiúint ag údarás tithíochta faoi alt 74 (5)75(3), de réir mar a bheidh;

(l) an aicme nó na haicmí nó an tuairisc duine atá cáilithe go cuí faoi threoir a gcáilíochtaí agus a dtaithí chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an margadhluach reatha nó leis an margadhluach (de réir bhrí alt 75 ), de réir mar a bheidh, atá ar árasán chun aon chríche de chuid na Coda seo.

CUID 5

Socruithe Ceannaigh Teaghaise Incheannaithe

Léiriú (Cuid 5).

78 .— (1) Sa Chuid seo—

tá le “teaghais incheannaithe” an bhrí a thugtar dó le halt 82;

tá le “Ciste Teaghaisí Incheannaithe” an bhrí a thugtar dó in alt 94 ;

tá le “socrú ceannaigh teaghaise incheannaithe” an bhrí a thugtar dó le halt 83;

tá le “ordú muirir” an bhrí a thugtar dó le halt 86;

tá le “tréimhse mhuirearaithe” an bhrí a thugtar dó le halt 86;

tá le “comhaontú díola dhírigh” an bhrí a thugtar dó le halt 80;

ciallaíonn “teaghlach incháilithe” teaghlach arna mheasúnú ag údarás tithíochta faoi alt 84 mar theaghlach atá incháilithe le haghaidh socrú ceannaigh teaghaise incheannaithe;

ciallaíonn “margadhluach”, i ndáil le teaghais incheannaithe, an praghas ar a mbeifí ag súil le réasún go ndíolfaí an teaghais ar an margadh oscailte;

ciallaíonn “margadhluach glan” an margadhluach arna laghdú de liúntas atá comhionann leis an méid den mhargadhluach is inchurtha i leith feabhsuithe ábhartha;

tá le “teaghais mhargaidh oscailte” an bhrí a thugtar dó le halt 81;

tá le “comhaontú faoi Chuid V” an bhrí a thugtar dó le halt 80;

ciallaíonn “airgead ceannaigh”, i ndáil le teaghais incheannaithe, luach airgid an chion de phraghas ceannaigh na teaghaise arna shocrú ag an údarás tithíochta mar an cion a cheanglaítear ar theaghlach incháilithe a íoc chun an teaghais a cheannach faoi shocrú ceannaigh teaghaise incheannaithe;

ciallaíonn “ceannaitheoir” duine a cheannaíonn teaghais incheannaithe faoi shocrú ceannaigh teaghaise incheannaithe agus folaíonn sé duine a dtagann leas an cheannaitheora nó a chomharba i dteideal nó a comharba i dteideal agus ionadaí pearsanta an duine sin nó a chomharba i dteideal nó a comharba i dteideal chun bheith dílsithe dó nó di dá éis sin (seachas ar chomaoin luachmhar);

tá le “scéim tosaíochta” an bhrí a thugtar dó le halt 85.

(2) Sa Chuid seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar tagairt d’aistriú úinéireachta mar thagairt do ghníomhas aistrithe, do thíolacas nó do shannadh.

(3) (a) Ní chuirfear i gcuntas feabhsuithe ábhartha ar árasán chun aon chríche de chuid na Coda seo.

(b) San fho-alt seo, ciallaíonn “árasán” teaghais leithleach lánscartha in áitreabh, arna roinnt ina 2 árasán den sórt sin nó níos mó agus ar gá socruithe ina leith maidir le cothabháil agus bainistiú na gcomhlimistéar, na gcomhdhéanmhas, na gcomhoibreacha nó na gcomhsheirbhísí go léir nó aon chuid díobh seachas ag an gceannaitheoir.

Teaghaisí a sholáthar.

79 .— (1) Féadfaidh údarás tithíochta teaghaisí a chur ar fáil lena ndíol le teaghlaigh incháilithe faoi shocruithe ceannaigh teaghaise incheannaithe agus féadfaidh sé, de réir Achtanna na dTithe 1966 go 2009 agus rialachán arna ndéanamh fúthu, teaghaisí a fháil, a thógáil nó a chur faoi deara iad a thógáil, nó iad a sholáthar nó a soláthar a urasú thairis sin chun na críche sin.

(2) Féadfaidh údarás tithíochta, chun críocha fho-alt (1)

(a) socruithe a dhéanamh le comhlacht ceadaithe, nó

(b) socruithe le haghaidh comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha a dhéanamh.

(3) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontas a íoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, faoi chomhair an chostais a ghabhann le teaghaisí a chur ar fáil faoin alt seo dóibh seo a leanas go léir nó d’aon cheann acu:

(a) údarás tithíochta, i leith teaghaisí arna gcur ar fáil ag an údarás nó arna soláthar ag comhlacht ceadaithe nó ag duine eile thar ceann an údaráis;

(b) an Chomhpháirtíocht um Thithe Incheannaithe (a bunaíodh de bhun an Ordaithe fán gComhpháirtíocht um Thithe Incheannaithe (Bunú) 2005 (I.R. Uimh. 383 de 2005)), i leith teaghaisí incheannaithe arna bhfáil nó arna soláthar aici thar ceann údarás tithíochta;

(c) cibé comhlacht eile, arna bhunú le reacht nó faoi reacht, a fhorordóidh an tAire le hordú chun críocha an ailt seo agus a n-áirítear ar a fheidhmeanna seirbhísí a sholáthar d’údarás tithíochta i ndáil le teaghaisí a fháil.

(4) Déanfaidh údarás tithíochta, ag comhlíonadh a fheidhmeanna faoi fho-alt (1) dó, aird a thabhairt ar a phlean seirbhísí tithíochta agus ar an ngá atá ann—

(a) gníomhú i gcoinne leithlisiú míchuí i dtaca le tithíocht idir daoine ar de chúlraí éagsúla sóisialta iad, agus

(b) a chinntiú go soláthraítear meascán de chineálacha agus de mhéideanna teaghaisí chun go mbeidh siad in oiriúint go réasúnach do riachtanais teaghlach incháilithe.

Comhaontú díola dhírigh.

80 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir leis na daoine seo a leanas—

(a) duine a bhfuil conradh ag an údarás tithíochta leis nó léi chun teaghaisí a sholáthar chun críocha alt 79 ,

(b) comhpháirtíocht phoiblí phríobháideach a ndearna an t-údarás tithíochta socrú faoi alt 79 (2)(b) léi chun teaghaisí a sholáthar chun críocha an ailt sin, agus

(c) duine a ndearna an t-údarás pleanála comhaontú faoi alt 96(2) de Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 leis nó léi chun teaghaisí dá dtagraítear in alt 94(4)(a) den Acht sin a sholáthar (dá ngairtear “ comhaontú faoi Chuid V ” sa Chuid seo).

(2) Féadfaidh údarás tithíochta, de bhun a fheidhmeanna faoi alt 79 , nó féadfaidh údarás pleanála, de bhun a fheidhmeanna faoi Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, comhaontú (dá ngairtear “ comhaontú díola dhírigh ” sa Chuid seo) a dhéanamh le duine lena mbaineann an t-alt seo chun na teaghaisí a shonrófar sa chomhaontú a dhíol go díreach, de réir na Coda seo, le teaghlaigh incháilithe a bheidh ainmnithe ag an údarás tithíochta de réir scéime tosaíochta.

(3) Déanfar foráil i gcomhaontú díola dhírigh go bhféadfaidh duine lena mbaineann an t-alt seo aon idirbhearta is gá a dhéanamh i ndáil leis na teaghaisí a shonrófar sa chomhaontú a dhíol go díreach, de réir na Coda seo, le teaghlaigh incháilithe, faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (4).

(4) Maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (3)

(a) beidh ar áireamh orthu:

(i) gurb é an t-airgead ceannaigh an praghas díola ar gach teaghais a shonrófar sa chomhaontú;

(ii) go ndéanfar na teaghaisí a shonrófar sa chomhaontú a dhíol go díreach le teaghlaigh incháilithe a bheidh ainmnithe ag an údarás tithíochta de réir scéime tosaíochta;

(iii) téarmaí agus coinníollacha a bhaineann leis na nithe seo a leanas—

(I) socruithe chun díolacháin a chríochnú,

(II) fógra maidir le díolacháin a thabhairt don údarás tithíochta, agus

(III) aon nithe eile a bhaineann le díol na dteaghaisí a shonrófar sa chomhaontú le teaghlaigh incháilithe,

agus

(b) féadfaidh cibé téarmaí agus coinníollacha eile a bheith ar áireamh orthu maidir leis na hidirbhearta dá dtagraítear i bhfo-alt (3) agus a fhorordófar chun críocha socruithe ceannaigh teaghaise incheannaithe.

(5) I gcás comhaontaithe faoi Chuid V, i gcás gur lú an méid iomlán a bheidh dlite faoi chomhaontú díola dhírigh do dhuine dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(c) ná an méid a bheidh dlite don duine sin faoin gcomhaontú faoi Chuid V, déanfaidh an t-údarás tithíochta méid aon difríochta den sórt sin a íoc leis an duine sin.

Teaghais mhargaidh oscailte.

81 .— (1) Féadfaidh údarás tithíochta, faoi réir Achtanna na dTithe 1966 go 2009, agus rialachán arna ndéanamh fúthu, cúnamh airgeadais a sholáthar do theaghlach incháilithe chun teaghais (dá ngairtear “ teaghais mhargaidh oscailte ” sa Chuid seo) a cheannach faoi shocrú ceannaigh teaghaise incheannaithe faoi réir an teaghais a bheith—

(a) ar fáil lena ceannach sa Stát, agus

(b) d’aicme teaghaise a fhorordófar faoi alt 95 (1)(a) chun críocha an ailt seo.

(2) Maidir leis an méid cúnaimh airgeadais a fhéadfar a sholáthar do theaghlach incháilithe faoin alt seo i leith teaghais mhargaidh oscailte a cheannach—

(a) is éard a bheidh ann an difríocht idir an t-airgead ceannaigh agus margadhluach na teaghaise, agus

(b) ní mó é ná cibé uasmhéid a fhorordóidh an tAire faoi alt 95 (1)(d).

Feidhm Chuid 5.

82 .— Tá feidhm ag an gCuid seo maidir leis na teaghaisí seo a leanas (dá ngairtear “ teaghaisí incheannaithe ” sa Chuid seo):

(a) teaghaisí a chuireann údarás tithíochta ar fáil faoi alt 79 ;

(b) teaghaisí lena mbaineann comhaontú faoi Chuid V, lena n-áirítear teaghaisí a chuirtear ar fáil lena ndíol faoi chomhaontú den sórt sin ach a bheidh gan díol fós roimh theacht i ngníomh don Chuid seo;

(c) teaghaisí a chuirtear ar fáil lena ndíol de réir Chuid 2 d’Acht 2002 ach a bheidh gan díol fós roimh theacht i ngníomh don Chuid seo agus d’alt 7 (a mhéid a bhaineann sé leis an Acht sin);

(d) teaghaisí margaidh oscailte.

Socruithe ceannaigh teaghaise incheannaithe.

83 .— (1) Féadfaidh údarás tithíochta, de réir na Coda seo agus Achtanna na dTithe 1966 go 2004 agus faoi réir cibé rialachán a dhéanfar faoi alt 95 , socrú (dá ngairtear “ socrú ceannaigh teaghaise incheannaithe ” sa Chuid seo) a dhéanamh chun teaghais incheannaithe a dhíol faoin gCuid seo le teaghlach incháilithe de réir scéime tosaíochta.

(2) Is mar seo a leanas na socruithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1):

(a) i gcás teaghaise incheannaithe is ábhar do chomhaontú díola dhírigh, i gcomaoin an t-airgead ceannaigh a shonrófar sa chomhaontú a fháil, féadfar an teaghais a dhíol le teaghlach incháilithe de réir agus faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (3), téarmaí agus coinníollacha ordaithe muirir agus cibé téarmaí agus coinníollacha eile a fhorordófar chun críocha socruithe ceannaigh teaghaise incheannaithe;

(b) i gcás teaghaise incheannaithe dá dtagraítear in alt 82 (a), (b)(c), i gcomaoin an t-údarás tithíochta d’fháil an airgid ceannaigh, déanfaidh an t-údarás tithíochta a úinéireacht sa teaghais a aistriú trí ordú (dá ngairtear “ ordú aistrithe ” sa Chuid seo), san fhoirm fhorordaithe, arna dhéanamh ag an údarás tithíochta agus a bheidh sainráite agus a oibreoidh chun an leas a shonrófar san ordú aistrithe a dhílsiú, an dáta a shonrófar san ordú, de réir agus faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (3), téarmaí agus coinníollacha ordaithe muirir agus cibé téarmaí agus coinníollacha eile a fhorordófar chun críocha socruithe ceannaigh teaghaise incheannaithe;

(c) i gcás teaghaise margaidh oscailte, an t-údarás tithíochta do sholáthar cúnaimh airgeadais faoi alt 81 do theaghlach incháilithe chun an teaghais a cheannach faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (3), téarmaí agus coinníollacha ordaithe muirir agus cibé téarmaí agus coinníollacha eile a fhorordófar chun críocha socruithe ceannaigh teaghaise incheannaithe.

(3) Maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (2)

(a) beidh ar áireamh orthu:

(i) go ndéanfaidh an ceannaitheoir, i gcás go ndíolfaidh an ceannaitheoir an teaghais le linn na tréimhse muirearaithe, méid arna ríomh de réir alt 90 a íoc leis an údarás tithíochta;

(ii) go ndéanfar, le linn na tréimhse muirearaithe, mura dtabharfaidh an t-údarás tithíochta a thoiliú i scríbhinn roimh ré, an teaghais a áitiú mar ghnátháit chónaithe an cheannaitheora nó duine de theaghlach an cheannaitheora;

(iii) nach ndéanfar, le linn na tréimhse muirearaithe, an teaghais ná aon chuid di a ligean ná a fholigean gan toiliú i scríbhinn roimh ré ón údarás tithíochta;

(iv) téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le híocaíochtaí a dhéanamh faoi alt 87 , 8990, de réir mar a bheidh, agus na hiarmhairtí a bheidh ann don cheannaitheoir má mhainníonn sé nó sí na híocaíochtaí sin a dhéanamh,

agus

(b) féadfaidh a bheith ar áireamh orthu:

(i) nach ndéanfar, le linn na tréimhse muirearaithe, an teaghais ná aon chuid di a dhíol, a shannadh ná a dhiúscairt ar shlí eile ná a mhorgáistiú, a mhuirearú ná a choimhthiú, gan toiliú i scríbhinn roimh ré ón údarás tithíochta, seachas trí réadtiomnú nó oibriú an dlí;

(ii) téarmaí agus coinníollacha maidir leis an teaghlach incháilithe d’íoc éarlaise de cibé méid a fhorordófar faoi alt 95 (1)(e)(ii).

(4) Ach amháin mar a fhoráiltear le haon achtachán eile nó rialacháin arna ndéanamh faoi, ní thabharfar le tuiscint le díol teaghaise faoi shocrú ceannaigh teaghaise incheannaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(a) go bhfuil aon bharánta ann ar thaobh an údaráis tithíochta lena mbaineann i ndáil le bailriocht nó bail na teaghaise ná i ndáil lena hoiriúnacht mar áit chónaithe do dhaoine.

(5) Ní bheidh feidhm ag alt 211(2) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 ná ag alt 183 den Acht Rialtais Áitiúil 2001 maidir le díol teaghaise le teaghlach incháilithe faoi shocrú ceannaigh teaghaise incheannaithe.

(6) Ní choiscfidh aon ní sa Chuid seo ar údarás tithíochta iasacht a thabhairt faoi alt 11 d’Acht 1992 do theaghlach incháilithe chun aon chríche de chuid na Coda seo.

Measúnacht ar incháilitheacht teaghlaigh le haghaidh socrú ceannaigh teaghaise incheannaithe.

84 .— (1) Léifear tagairt san alt seo do theaghlach mar thagairt a fholaíonn tagairt do 2 dhuine nó níos mó a bhfuil, i dtuairim an údaráis tithíochta lena mbaineann, gá réasúnach acu cónaí in aontíos le chéile.

(2) I gcás go ndéanfaidh teaghlach iarratas chuig údarás áitiúil chun teaghais incheannaithe a cheannach faoi shocrú ceannaigh teaghaise incheannaithe, déanfaidh an t-údarás tithíochta, faoi réir agus de réir an ailt seo agus aon rialachán arna ndéanamh faoin alt seo agus faoi alt 95 , measúnacht ar incháilitheacht an teaghlaigh le haghaidh socrú ceannaigh teaghaise incheannaithe agus na nithe seo a leanas á gcur i gcuntas:

(a) riachtanais chóiríochta an teaghlaigh, ag féachaint do na nithe seo a leanas, ach ní gá a bheith teoranta dóibh—

(i) imthosca tithíochta reatha an teaghlaigh,

(ii) an t-achar idir cibé ionad nó ionaid tosaíochta a chuirfidh an teaghlach in iúl ina iarratas ó áit fostaíochta aon duine den teaghlach, agus

(iii) an amhlaidh go bhfuil aon daoine den teaghlach ag freastal ar aon ollscoil, coláiste, scoil nó bunachas oideachais eile sa limistéar riaracháin lena mbaineann;

(b) faoi réir fho-alt (3), an amhlaidh gur leor ioncam an teaghlaigh faoi chomhair na n-aisíocaíochtaí ar mhorgáiste chun teaghais a cheannach chun freastal do riachtanais chóiríochta an teaghlaigh toisc gur mhó na híocaíochtaí arna ríomh thar tréimhse bliana ná 35 faoin gcéad d’ioncam bliantúil an teaghlaigh tar éis cánach ioncaim agus árachais shóisialaigh pá-choibhneasa;

(c) faoi réir fho-ailt (4) agus (5), an amhlaidh go ndearna an teaghlach nó aon duine den teaghlach teaghais a cheannach nó a thógáil roimhe sin lena háitiú aige nó aici nó chun aon chríche eile sa Stát;

(d) faoi réir fho-ailt (4) agus (5), an amhlaidh go bhfuil leas in aon teaghais nó talamh sa Stát nó in áit eile ar úinéireacht ag an teaghlach nó ag aon duine den teaghlach nó an bhfuil teideal tairbhiúil ag an teaghlach nó ag aon duine den teaghlach chun leasa den sórt sin.

(3) Chun críocha fho-ailt (2)(b), cuirfear i gcuntas aon sócmhainní eile de chuid an teaghlaigh a d’fhéadfaí a úsáid chun íoc as an gcostas uile, nó as aon chuid den chostas, a ghabhann le cóiríocht a sholáthar chun freastal do riachtanais chóiríochta an teaghlaigh.

(4) I gcás gur chéile i bpósadh is ábhar do ghníomhas idirscartha, d’fhoraithne idirscartha bhreithiúnaigh, d’fhoraithne colscartha nó d’fhoraithne neamhnithe an teaghlach a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh aige chun críocha an ailt seo, nó aon duine den teaghlach, ní bheidh feidhm ag fo-alt (2)(c), ar choinníoll, i ndáil le hiar-áras an teaghlaigh (de réir bhrí an Achta um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh 1976), maidir leis an gcéile lena mbaineann—

(a) nár choinnigh sé nó sí leas san áras sin, agus

(b) díreach roimh dháta an ghníomhais idirscartha nó na foraithne lena mbaineann nach bhfuil teideal tairbhiúil aige nó aici chun leasa i dteaghais seachas áras sin an teaghlaigh.

(5) Más rud é, ag féachaint dá riachtanais chóiríochta dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(a), gur gá do theaghlach athshuíomh go dtí teaghais eile nó limistéar riaracháin eile nó an dá rud, ní fhágfaidh fo-alt (2)(c) go mbeidh an teaghlach neamh-incháilithe le haghaidh socrú ceannaigh teaghaise incheannaithe, más rud é—

(a) gur cheannaigh an teaghlach teaghais roimhe sin faoi shocrú ceannaigh teaghaise incheannaithe, nó

(b) roimh theacht i ngníomh don Chuid seo, gur cheannaigh an teaghlach teaghais dá dtagraítear in alt 82 (b)(c).

(6) Chun críocha fho-alt (2)(b), ciallaíonn “morgáiste” iasacht (seachas iasacht arna déanamh chun teaghais incheannaithe dá dtagraítear in alt 82 (d) a cheannach) chun teaghais a cheannach arna hurrú le morgáiste de mhéid nach mó ná 90 faoin gcéad de mhargadhluach na teaghaise.

(7) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena bhforálfar maidir leis an modh ar a measúnófar incháilitheacht teaghlach le haghaidh socrú ceannaigh teaghaise incheannaithe lena n-áirítear na nithe seo a leanas, ach ní gá a bheith teoranta dóibh:

(a) na nósanna imeachta a bheidh le cur chun feidhme ag údarás tithíochta chun incháilitheacht teaghlaigh a mheasúnú faoi threoir ioncaim agus dálaí airgeadais eile ag féachaint d’fho-ailt (2)(b), (3), (4) agus (5);

(b) ag féachaint do na haicmí éagsúla teaghlach sa limistéar riaracháin lena mbaineann agus do na haicmí éagsúla teaghaisí a cheannaíonn ceannaitheoirí céaduaire sa limistéar riaracháin sin agus do mheánmhargadhluach na dteaghaisí sin, an mhodheolaíocht ar dá réir a chinnfidh an t-údarás tithíochta, chun críocha fho-alt (2)(b), praghas ceannaigh teaghaise a bheidh oiriúnach do riachtanais chóiríochta teaghlaigh;

(c) cóiríocht eile a d’fhreastalódh do riachtanais chóiríochta an teaghlaigh a bheith ar fáil dó;

(d) aon teaghais incheannaithe nó tacaíocht eile do thithíocht a sholáthair aon údarás tithíochta roimhe sin don teaghlach agus a fhéadfaidh údarás tithíochta a chur i gcuntas le linn measúnacht a dhéanamh ar incháilitheacht faoin alt seo.

Scéim tosaíochta i gcomhair socruithe ceannaigh teaghaise incheannaithe.

85 .— (1) Déanfaidh údarás tithíochta, tráth nach déanaí ná aon bhliain amháin tar éis teacht i ngníomh don Chuid seo, de réir an ailt seo agus rialachán arna ndéanamh faoin alt seo, scéim (dá ngairtear “scéim tosaíochta” sa Chuid seo) lena gcinnfear an t-ord tosaíochta a bheidh le tabhairt do theaghlaigh incháilithe—

(a) i ndáil le teaghaisí incheannaithe dá dtagraítear in alt 82 (a), (b) agus (c) a dhíol i gcás gur mó an t-éileamh ar theaghaisí den sórt sin ná an líon teaghaisí den sórt sin atá ar fáil chun críocha na Coda seo, agus

(b) i ndáil le cúnamh airgeadais a sholáthar faoi alt 81 do theaghlaigh incháilithe chun teaghaisí margaidh oscailte a cheannach i gcás gur mó an t-éileamh ar chúnamh airgeadais den sórt sin ná na hacmhainní airgeadais atá ar fáil ag an údarás tithíochta chun cúnamh den sórt sin a sholáthar.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena ndéanfar foráil maidir leis na nithe a bheidh le háireamh i scéim tosaíochta, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

(a) an modh ar a gcuirtear teaghaisí incheannaithe ar fáil nó, i gcás teaghaisí margaidh oscailte, ar a soláthraítear cúnamh airgeadais faoi alt 81 d’aicmí éagsúla teaghlach incháilithe lena n-áirítear—

(i) teaghlaigh incháilithe a ainmniú chun teaghaisí is ábhar do chomhaontú díola dhírigh, agus

(ii) oiriúnacht na dteaghaisí a chinneadh faoi threoir méid agus ionaid, ag féachaint do dhálaí teaghlach incháilithe, lena n-áirítear dálaí teaghlaigh agus airgeadais ach ní gá a bheith teoranta dóibh;

(b) aicmiú teaghlach incháilithe chun críocha fho-alt (3);

(c) an t-ord tosaíochta ar dá réir a dhíoltar teaghaisí incheannaithe le teaghlaigh incháilithe nó, i gcás teaghaisí margaidh oscailte, a sholáthraítear cúnamh airgeadais faoi alt 81 do theaghlaigh incháilithe, lena n-áirítear an tosaíocht amhail idir teaghlaigh incháilithe atá faoi réim an aicmithe chéanna dá dtagraítear i mír (b) agus na nithe seo a leanas á gcur i gcuntas—

(i) an tréimhse a bheidh caite ón tráth a measúnaíodh incháilitheacht an teaghlaigh faoi alt 84 le haghaidh socrú ceannaigh teaghaise incheannaithe,

(ii) aon tosaíochtaí atá ag an teaghlach incháilithe i leith an chineáil teaghaise agus ionad na teaghaise sin,

(iii) ioncam nó dálaí airgeadais eile an teaghlaigh incháilithe, agus

(iv) an tréimhse ar lena linn a bhí an teaghlach incháilithe ina chónaí i limistéar riaracháin an údaráis tithíochta;

(d) cibé nithe eile a mheasfaidh an tAire is gá agus is cuí chun scéim tosaíochta a dhéanamh.

(3) D’fhonn díol teaghaisí incheannaithe faoin gCuid seo le teaghlaigh incháilithe nó, i gcás teaghaisí margaidh oscailte, d’fhonn soláthar cúnaimh airgeadais faoi alt 81 do theaghlaigh incháilithe, a urasú, déanfar foráil le scéim tosaíochta maidir le haicmiú teaghlach incháilithe a bhfuil dálaí den tsamhail chéanna acu faoi threoir an oird tosaíochta a bhunófar de réir rialachán arna ndéanamh chun críocha fho-alt (2)(c).

(4) Féadfaidh údarás tithíochta ó am go ham athbhreithniú a dhéanamh ar scéim tosaíochta agus, de réir mar is dóigh leis is gá agus is cuí, an scéim a leasú nó scéim nua a dhéanamh.

(5) Is feidhmeanna forchoimeádta iad scéim tosaíochta a dhéanamh nó scéim den sórt sin a leasú.

(6) Is feidhmeanna feidhmiúcháin iad teaghaisí incheannaithe a dhíol faoin gCuid seo le teaghlaigh incháilithe agus, i gcás teaghaisí margaidh oscailte, cúnamh airgeadais a sholáthar faoi alt 81 do theaghlaigh incháilithe.

(7) D’ainneoin alt 98 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 agus alt 8 d’Acht 2002, leanfaidh scéim arna bunú faoin alt sin 98 nó faoin alt sin 8, de réir mar a bheidh, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh theacht i ngníomh don Chuid seo, d’éifeacht a bheith léi tar éis teacht i ngníomh amhlaidh don Chuid seo agus measfar í a bheith déanta faoin alt seo go dtí go dtiocfaidh scéim tosaíochta arna déanamh faoin alt seo i bhfeidhm.

(8) Déanfaidh údarás tithíochta cóip dá scéim tosaíochta a chur ar fáil lena hiniúchadh ag daoine den phobal, gan mhuirear, ar an Idirlíon agus ina oifigí agus i cibé áiteanna eile, de réir mar is cuí leis, le linn gnáthuaireanta oibre.

(9) Déanfaidh údarás tithíochta, sula ndéanfaidh sé nó sula leasóidh sé scéim tosaíochta, dréacht den scéim nó den leasú ar an scéim, de réir mar a bheidh, a sholáthar don Aire agus féadfaidh an tAire a ordú don údarás tithíochta an dréachtscéim nó an dréachtleasú a leasú agus déanfaidh an t-údarás tithíochta de réir aon ordacháin den sórt sin laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an tAire.

(10) Féadfaidh an tAire, de réir mar a mheasfaidh sé nó sí is gá agus is cuí, a ordú d’údarás tithíochta scéim tosaíochta a leasú, ar cibé modh a ordóidh sé nó sí, agus déanfaidh an t-údarás tithíochta de réir aon ordacháin den sórt sin laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an tAire.

Ordú muirir.

86 .— (1) A luaithe is indéanta tar éis teaghais incheannaithe a dhíol le teaghlach incháilithe faoi shocrú ceannaigh teaghaise incheannaithe, déanfaidh an t-údarás tithíochta, faoi réir cibé rialachán a dhéanfar faoi alt 95 , ordú (dá ngairtear “ ordú muirir ” sa Chuid seo) lena muirearófar méid ar an teaghais sna téarmaí a shonraítear san alt seo don tréimhse a shonraítear san ordú (dá ngairtear an “ tréimhse mhuirearaithe ” sa Chuid seo) ar méid é a bheidh sainráite san ordú sna téarmaí seo a leanas.

(2) Is iad na téarmaí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) gurb é a bheidh sa mhéid a mhuirearófar—

(a) méid atá comhionann leis an difríocht idir an t-airgead ceannaigh agus margadhluach na teaghaise, nó

(b) i gcás teaghaise margaidh oscailte, an méid cúnaimh airgeadais a sholáthrófar faoi alt 81 don teaghlach incháilithe,

arna shloinneadh mar chéatadán den mhargadhluach arna ríomh de réir na foirmle seo a leanas:

Y x 100

Z

i gcás

(i) gurb é Y—

(I) an difríocht idir an praghas ceannaigh agus margadhluach na teaghaise, nó

(II) an cúnamh airgeadais a sholáthrófar faoi alt 81 don teaghlach incháilithe,

de réir mar a bheidh, agus

(ii) gurb é Z margadhluach na teaghaise tráth an díola leis an gceannaitheoir.

(3) Déanfaidh an t-údarás tithíochta muirear faoi fho-alt (1) a urscaoileadh an tráth is luaithe díobh seo a leanas—

(a) faoi réir alt 90 , an dáta a dhéanfar an teaghais a athdhíol den chéad uair, nó

(b) faoi réir alt 87 , an tráth a dhéanfar an méid den mhuirear a bheidh gan íoc faoin ordú muirir a aisíoc go hiomlán, nó

(c) faoi réir alt 89 , an dáta a rachaidh an tréimhse mhuirearaithe in éag.

Íocaíochtaí ag ceannaitheoir le linn tréimhse muirearaithe.

87 .— (1) Maidir le ceannaitheoir teaghaise faoi shocrú ceannaigh teaghaise incheannaithe is ábhar d’ordú muirir, féadfaidh sé nó sí, faoi réir fho-alt (3), aon tráth nó tráthanna tar éis an chothromdháta cúig bliana ó dhíol na teaghaise leis an gceannaitheoir ach le linn na tréimhse muirearaithe, íocaíocht nó íocaíochtaí a dhéanamh leis an údarás tithíochta lena mbaineann.

(2) I gcás go ndéanfaidh ceannaitheoir íocaíocht faoin alt seo, déanfar an méid den mhuirear a bheidh gan íoc faoin ordú muirir a laghdú dá réir sin ar an modh a shonraítear i bhfo-alt (5).

(3) Maidir le híocaíocht a dhéanfar faoin alt seo, ní lú é ná an méid a bheidh forordaithe chun críocha an ailt seo.

(4) Déanfaidh ceannaitheoir a bheartaíonn íocaíocht a dhéanamh faoin alt seo fógra i scríbhinn a thabhairt don údarás tithíochta san fhoirm fhorordaithe ina sonrófar méid na híocaíochta beartaithe.

(5) A luaithe is indéanta ach tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis fógra faoi fho-alt (4) a fháil, tabharfaidh an t-údarás tithíochta ráiteas i scríbhinn don cheannaitheoir—

(a) ina leagfar amach margadhluach na teaghaise, nó, i gcás go mbeidh feabhsuithe ábhartha déanta, glanmhargadhluach na teaghaise, arna chinneadh ag an údarás tithíochta, agus glacfar leis an luacháil sin mar an margadhluach, nó an glanmhargadhluach, a bheidh i réim chun críocha mhír (c),

(b) ina gcuirfear in iúl don cheannaitheoir an bhfuil an coinníoll a shonraítear i bhfo-alt (3) comhlíonta, agus

(c) i gcás an coinníoll a shonraítear i bhfo-alt (3) a bheith comhlíonta agus méid na híocaíochta beartaithe á chur i gcuntas, ina leagfar amach an méid den mhuirear a leanfaidh de bheith gan íoc faoin ordú muirir tar éis na híocaíochta sin, ar méid é a ríomhfar de réir na foirmle seo a leanas:

Y-Z%

i gcás—

(i) gurb é Y an méid den mhuirear a shonraítear san ordú muirir nó in aon ráiteas roimhe sin arna thabhairt faoin bhfo-alt seo, agus

(ii) gurb é Z an céatadán, arb ionannas dó an tsuim a íoctar faoi fho-alt (1), de mhargadhluach na teaghaise a bheidh i réim, nó i gcás go ndearna an ceannaitheoir feabhsuithe ábhartha ar an teaghais, glanmhargadhluach na teaghaise a bheidh i réim, dá dtagraítear i mír (a).

(6) Beidh an ráiteas a thugtar faoi fho-alt (5) bailí go ceann 3 mhí ó dháta an ráitis agus pléifear le haon íocaíocht a dhéanfar tar éis dheireadh na tréimhse sin de bhun an ráitis sin mar fhógra nua faoi fho-alt (4) agus beidh feidhm ag an alt seo maidir leis an bhfógra sin dá réir sin.

(7) I gcás go bhfaighidh an t-údarás tithíochta íocaíocht faoin alt seo ón gceannaitheoir atá comhionann le méid an mhuirir a bheidh gan íoc faoin ordú muirir, déanfaidh an t-údarás tithíochta an muirear a urscaoileadh.

(8) Faoi réir alt 92 , i gcás go ndéanfar íocaíocht faoin alt seo, beidh an t-údarás tithíochta faoi dhliteanas i leith aon chaiteachas, lena n-áirítear caiteachais i leith an teaghais a luacháil, a thabhófar faoin alt seo.

Orduithe muirir agus comhaontuithe le forais airgeadais a chlárú.

88 .— (1) Measfar gur morgáiste arna dhéanamh trí ghníomhas de réir bhrí na Conveyancing Acts 1881 to 1911 ordú muirir agus gur forghníomhaíodh é, an tráth a dhíoltar an teaghais, i bhfabhar an údaráis tithíochta ar mhuirear sna téarmaí dá bhforáiltear in alt 86 .

(2) Dá réir sin, maidir leis an údarás tithíochta, amhail ar agus ó thráth déanta an ordaithe muirir, de réir mar a bheidh—

(a) measfar gur morgáistí ar an teaghais é chun críocha na Conveyancing Acts 1881 to 1911, agus

(b) beidh aige, i ndáil leis an muirear dá dtagraítear i bhfo-alt (1), na cumhachtaí go léir a thugtar leis na hAchtanna sin do mhorgáistithe faoi mhorgáistí arna ndéanamh trí ghníomhas.

(3) I gcás go ndéanfaidh údarás tithíochta ordú muirir, cuirfidh sé faoi deara, a luaithe is indéanta dá éis sin, go gclárófar an t-ordú i gClárlann na nGníomhas nó i gClárlann na Talún, de réir mar is cuí, agus is tuairisc leordhóthanach ar an muirear ar ina leith a bheidh an t-ordú á chlárú a rá gurb é an muirear sin an muirear dá dtagraítear in alt 86 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009.

(4) Aon ordú muirir a fhearann ar theaghais is talamh cláraithe de réir bhrí an Achta um Chlárú Teidil 1964, beidh sé inchláraithe mar ualach ar an talamh sin cibé acu atá nó nach bhfuil an duine a ainmnítear san ordú mar úinéir na talún cláraithe faoin Acht sin mar úinéir na talún.

(5) Féadfaidh údarás tithíochta, faoi réir fho-alt (6), comhaontú a dhéanamh le sealbhóir ceadúnais faoi Acht an Bhainc Ceannais 1971, le cumann foirgníochta nó le foras airgeadais eile go mbeidh tosaíocht ag muirear a bheartaíonn sé a chruthú le hordú muirir, amhail in aghaidh morgáiste nó muirir a bheartaítear a chruthú i bhfabhar an tsealbhóra, an chumainn nó an fhorais sin, atá éagsúil leis an tosaíocht a bheadh ag an muirear thairis sin dá mba rud é nár achtaíodh an fo-alt seo.

(6) Ní ceadmhach d’údarás tithíochta comhaontú dá dtagraítear i bhfo-alt (5) a dhéanamh ach amháin má mheasann sé go ndéanfar leis an gcomhaontú—

(a) a chumasú do theaghlach incháilithe a mbeartaíonn sé socrú ceannaithe teaghaise incheannaithe a dhéanamh leis airleacan airgid a fháil ón sealbhóir, ón gcumann nó ón bhforas dá dtagraítear i bhfo-alt (5) d’fhonn an teaghais a cheannach, nó

(b) a chumasú do cheannaitheoir—

(i) airleacan airgid láithreach ón sealbhóir, ón gcumann nó ón bhforas dá dtagraítear i bhfo-alt (5) a athmhaoiniú, nó

(ii) airleacan airgid breise a fháil ón sealbhóir, ón gcumann nó ón bhforas dá dtagraítear i bhfo-alt (5) chun aon chríche.

(7) D’fhonn amhras a sheachaint, ní mheasfar gur tíolacas chun críocha alt 3 den Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh 1976 ordú muirir ná muirear a eascraíonn faoi ordú muirir.

Aisíoc ar dhul in éag do thréimhse mhuirearaithe.

89 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), laistigh de mhí amháin tar éis dul in éag don tréimhse mhuirearaithe, déanfaidh an ceannaitheoir méid atá comhionann le méid an mhuirir atá gan íoc faoin ordú muirir, an dáta a théann an tréimhse mhuirearaithe in éag, a íoc leis an údarás tithíochta.

(2) I gcás go mbeidh feabhsuithe ábhartha déanta ar an teaghais, déanfaidh an ceannaitheoir méid atá comhionann leis an gcion sin de ghlanmhargadhluach na teaghaise a fhreagraíonn do mhéid an mhuirir atá gan íoc faoin ordú muirir, an dáta a théann an tréimhse mhuirearaithe in éag, a íoc leis an údarás tithíochta.

(3) I gcás go mainneoidh an ceannaitheoir an méid dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(2), de réir mar is cuí, a íoc, tá feidhm ag alt 91 .

Rialú ar athdhíol teaghaise arna ceannach faoi shocrú ceannaigh teaghaise incheannaithe.

90 .— (1) Más rud é, roimh dhul in éag don tréimhse mhuirearaithe, go n-athdhíolann ceannaitheoir teaghais is ábhar d’ordú muirir nach bhfuil urscaoilte, déanfaidh an ceannaitheoir méid atá comhionann le céatadán den mhargadhluach ar céatadán é a bheidh coibhéiseach le méid an mhuirir atá gan íoc faoin ordú muirir a íoc leis an údarás tithíochta.

(2) I gcás go mbeidh feabhsuithe ábhartha déanta ar theaghais dá dtagraítear i bhfo-alt (1), déanfaidh an ceannaitheoir méid atá comhionann leis an gcion sin de ghlanmhargadhluach na teaghaise a fhreagraíonn do mhéid an mhuirir atá gan íoc faoin ordú muirir a íoc leis an údarás tithíochta.

(3) (a) Faoi réir mhír (b), i gcás go n-athdhíolann ceannaitheoir teaghais is ábhar d’ordú muirir atá tar éis dul in éag agus nach mbeidh an méid dá dtagraítear in alt 89 (1)(2), de réir mar is cuí, íoctha ina leith de réir an ailt sin, tá feidhm ag alt 91 .

(b) Ní chuirfear i gcuntas aon fheabhsuithe ábhartha arna ndéanamh ar an teaghais tar éis dheireadh na tréimhse muirearaithe.

Méideanna a bheidh dlite d’údarás tithíochta a ghnóthú.

91 .— Aon mhéid a thiocfaidh chun bheith iníoctha le húdarás tithíochta faoi alt 89 90, de réir mar a bheidh, féadfaidh an t-údarás, gan dochar d’aon chumhacht eile chuige sin, é a ghnóthú ón duine lena mbaineann mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Teaghais a luacháil chun críocha áirithe.

92 .— (1) Chun críocha ailt 86, 87, 89 agus 90, déanfaidh an t-údarás tithíochta margadhluach na teaghaise lena mbaineann a chinneadh nó, i gcás nach n-aontóidh an ceannaitheoir leis an margadhluach a chinnfear amhlaidh, déanfaidh luachálaí neamhspleách arna ainmniú nó arna hainmniú ag an gceannaitheoir as painéal daoine cuícháilithe, arna bhunú ag an údarás tithíochta, ar daoine iad d’aicme nó de thuairisc a fhorordófar faoi alt 95 , é a chinneadh.

(2) Ní bheidh an t-údarás tithíochta faoi dhliteanas i leith aon chaiteachas a thabhóidh ceannaitheoir faoi fho-alt (1).

Ordú muirir a urscaoileadh.

93 .— (1) Faoi réir ailt 86 go 91 agus faoi réir téarmaí agus coinníollacha an tsocraithe ceannaigh teaghaise incheannaithe agus an ordaithe muirir a bheith comhlíonta, déanfaidh an t-údarás tithíochta, i gcás go n-iarrfaidh an ceannaitheoir air déanamh amhlaidh, gníomhas urscaoilte a fhorghníomhú i leith an ordaithe muirir.

(2) Beidh an t-údarás tithíochta faoi dhliteanas i leith cibé caiteachas a thabhófar i bhforghníomhú agus i gclárú gníomhais urscaoilte ach ní bheidh sé faoi dhliteanas thairis sin i leith aon chaiteachas a thabhóidh ceannaitheoir chun críocha an ailt seo.

Ciste Teaghaisí Incheannaithe.

94 .— (1) Beidh arna bhunú, ar theacht i ngníomh don Chuid seo, ciste ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, an Ciste Teaghaisí Incheannaithe (dá ngairtear an “ Ciste ” san alt seo).

(2) Íocfaidh údaráis tithíochta isteach sa Chiste—

(a) aon airgead a íocfaidh ceannaitheoirí de bhun alt 87 , 89, 9091,

(b) i gcás teaghaisí arna gceannach faoi alt 3 d’Acht 1992 roimh theacht i ngníomh don Chuid seo agus d’alt 7 (a mhéid a bhaineann sé leis an Acht sin agus le hAcht 2002), aon airgead arna íoc de réir alt 10 d’Acht 2002 roimh an teacht i ngníomh sin,

(c) aon airgead arna íoc de réir alt 99(4) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 roimh theacht i ngníomh don Chuid seo agus d’alt 7 (a mhéid a bhaineann sé leis an Acht sin), agus

(d) i gcás teaghaisí arna gceannach faoi Chuid 2 d’Acht 2002 roimh theacht i ngníomh don Chuid seo agus d’alt 7 (a mhéid a bhaineann sé leis an Acht sin), aon airgead arna íoc de réir alt 9 den Acht sin roimh an teacht i ngníomh sin.

(3) Féadfaidh údarás tithíochta íocaíochtaí a dhéanamh isteach sa Chiste as cuntas arna bhunú de bhun alt 96(12) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000.

(4) Féadfaidh an tAire, in aon bhliain airgeadais, cibé méid a chinnfidh sé nó sí, le toiliú an Aire Airgeadais, i ndáil leis an mbliain sin, a íoc isteach sa Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(5) Faoi réir agus de réir an Achta um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe 1981 agus fho-alt (6)

(a) déanfaidh an Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe cpt an Ciste a bhainistiú agus a rialú,

(b) tabharfar cuntas i leith aon airgid atá sa Chiste i gcuntas ar leithligh de chuid na Gníomhaireachta Airgeadais do Thithe cpt, agus

(c) féadfaidh an Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe cpt airgead a airleacan ón gCiste chuig údaráis tithíochta chun tacaíocht tithíochta a sholáthar faoin Acht seo.

(6) Beidh cuntais an Chiste i cibé foirm, agus ullmhófar iad ar cibé modh, a chinnfidh an tAire agus—

(a) ullmhófar iad ar leithligh ó aon chuntais eile de chuid na Gníomhaireachta Airgeadais do Thithe cpt, agus

(b) is éard a bheidh iontu—

(i) clár comhardaithe amhail i ndeireadh na bliana cuntasaíochta arna iniúchadh go cuí ag iniúchóir na Gníomhaireachta Airgeadais do Thithe cpt, agus

(ii) cuntas ioncaim agus caiteachais don bhliain chuntasaíochta arna iniúchadh amhlaidh.

(7) Déanfaidh an Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe cpt, i gcás go n-iarrfaidh an tAire amhlaidh, meastachán a sholáthar ar ioncam réamh-mheasta an Chiste, agus ar an gcaiteachas réamh-mheasta uaidh, do cibé tréimhse a shonróidh an tAire san iarraidh.

(8) Más deimhin leis an Aire, agus aon mheastachán a sholáthrófar faoi fho-alt (7) á chur i gcuntas aige nó aici, gur mó an méid airgid atá sa Chiste ná an méid is gá faoi chomhair na gcostas a bhaineann don Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe cpt as airgead a fháil ar iasacht, de réir alt 10 den Acht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe 1981, féadfaidh an tAire aon chistí barrachais a dháileadh ar údaráis tithíochta chun na gcríoch a shonraítear i bhfo-alt (5)(c).

(9) Déanfar na costais riaracháin a thabhóidh an Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe cpt i mbainistiú an Chiste a íoc as an gCiste.

Rialacháin (Cuid 5).

95 .— (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil leis na nithe seo a leanas go léir nó le haon ní amháin nó níos mó díobh:

(a) an aicme nó na haicmí teaghaise ar ina leith a fhéadfar cúnamh airgeadais a sholáthar do theaghlaigh incháilithe chun críocha alt 81 ;

(b) faoi réir alt 84 , an aicme nó na haicmí teaghlach a bhféadfar socruithe ceannaigh teaghaise incheannaithe a dhéanamh leo;

(c) uasmhéid agus íosmhéid an mhéid a fhéadfar a mhuirearú faoi ordú muirir, ar méid é nach rachaidh, in aon chás, a uasmhéid thar 40 faoin gcéad de mhargadhluach na teaghaise lena mbaineann;

(d) uasmhéid an chúnaimh airgeadais a fhéadfar a sholáthar faoi alt 81 do theaghlach incháilithe chun teaghais mhargaidh oscailte a cheannach faoi shocrú ceannaigh teaghaise incheannaithe;

(e) foirm agus modh socruithe ceannaigh teaghaise incheannaithe, agus na téarmaí agus na coinníollacha a shonrófar iontu, lena n-áirítear na nithe seo a leanas—

(i) árachas cosanta morgáiste a sholáthar, agus

(ii) an éarlais íosta is iníoctha ag an teaghlach i leith teaghais incheannaithe a cheannach;

(f) foirm ordaithe aistrithe;

(g) foirm agus ábhar ordaithe muirir;

(h) an tréimhse mhuirearaithe íosta, nó an raon ar laistigh de a shocróidh údarás tithíochta an tréimhse mhuirearaithe íosta, a chinneadh ar tréimhse í nach giorra in aon chás ná 25 bliana ón dáta díola;

(i) faoi réir fho-alt (2), an méid a fhorordófar i leith íocaíochta faoi alt 87 ;

(j) an fhoirm agus an modh ar a dtabharfaidh ceannaitheoir fógra d’údarás tithíochta go mbeartaíonn sé nó sí íocaíocht a dhéanamh faoi alt 87 ;

(k) an aicme nó na haicmí nó an tuairisc duine atá cáilithe go hoiriúnach faoi threoir a gcáilíochtaí agus a dtaithí chun margadhluach teaghaise a chinneadh chun aon chríche de chuid na Coda seo;

(l) cibé nithe eile is dóigh leis an Aire is gá agus is cuí maidir le teaghaisí incheannaithe a sholáthar nó maidir le socruithe ceannaigh teaghaise incheannaithe.

(2) Chun críocha fho-alt (1)(i), féadfaidh an tAire méid nó céatadán de mhargadhluach na teaghaise tráth na híocaíochta faoi alt 87 a fhorordú.

Socruithe idirthréimhseacha agus forálacha cosantacha.

96 .— (1) I gcás go mbeidh iarratas déanta ag teaghlach ar thithíocht incheannaithe faoi Chuid 2 d’Acht 2002 nó faoi Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 roimh theacht i ngníomh don Chuid seo, d’alt 7 (a mhéid a bhaineann sé le hAcht 2002 nó leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, de réir mar a bheidh) agus d’alt 8 (a mhéid a bhaineann sé leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000), agus nach bhfuil cinneadh déanta teaghais nó láithreán a leithroinnt roimh an teacht i ngníomh sin, measfar, ar an teacht i ngníomh sin, go ndearna an teaghlach iarratas chun teaghais incheannaithe a cheannach faoi shocrú ceannaigh teaghaise incheannaithe agus beidh feidhm ag an gCuid seo dá réir sin fara aon mhodhnuithe is gá.

(2) Ar theacht i ngníomh don Chuid seo, tabharfaidh údarás tithíochta fógra i scríbhinn do gach teaghlach dá dtagraítear i bhfo-alt (1) á rá go measann sé, maidir lena n-iarratas ar thithíocht incheannaithe, gur iarratas é chun teaghais incheannaithe a cheannach faoi shocrú ceannaigh teaghaise incheannaithe, agus ceanglaítear ar aon teaghlach den sórt sin fógra i scríbhinn a thabhairt don údarás tithíochta laistigh de 3 mhí ó dháta an fhógra sin i gcás nach mian leis an teaghlach dul ar aghaidh leis an iarratas lena mbaineann ar an mbonn sin.

(3) I gcás go ndéanfaidh teaghlach iarratas chuig údarás tithíochta i leith léas úinéireachta roinnte a dheonú faoi alt 3 d’Acht 1992 roimh theacht i ngníomh don Chuid seo agus d’alt 7 (a mhéid a bhaineann sé le hAcht 1992) agus nach bhfuil cinneadh chun an léas a dheonú déanta ag an údarás tithíochta roimh an teacht i ngníomh sin, measfar, ar an teacht i ngníomh sin, iarratas a bheith déanta ag an teaghlach chun teaghais mhargaidh oscailte a cheannach faoi shocrú ceannaigh teaghaise incheannaithe agus beidh feidhm ag an gCuid seo dá réir sin fara aon mhodhnuithe is gá.

(4) Ar theacht i ngníomh don Chuid seo, tabharfaidh údarás tithíochta fógra i scríbhinn do gach teaghlach dá dtagraítear i bhfo-alt (3) á rá go measann sé, maidir lena n-iarratas ar léas úinéireachta roinnte a dheonú faoi alt 3 d’Acht 1992, gur iarratas é chun teaghais mhargaidh oscailte a cheannach faoi shocrú ceannaigh teaghaise incheannaithe, agus ceanglaítear ar aon teaghlach den sórt sin fógra i scríbhinn a thabhairt don údarás tithíochta laistigh de 3 mhí ó dháta an fhógra sin i gcás nach mian leis an teaghlach dul ar aghaidh leis an iarratas lena mbaineann ar an mbonn sin.

(5) D’ainneoin aisghairm ailt 2, 3 agus 9 d’Acht 1992 agus alt 10 d’Acht 2002 le halt 7, maidir leis na forálacha sin agus aon rialacháin arna ndéanamh fúthu, leanfaidh siad, tar éis teacht i ngníomh d’alt 7 (a mhéid a bhaineann sé le hAcht 1992 agus le hAcht 2002), d’fheidhm a bheith acu maidir le léasanna úinéireachta roinnte arna ndeonú faoi alt 3 d’Acht 1992 roimh theacht i ngníomh d’alt 7 amhlaidh amhail is dá mba nár tháinig alt 7 i ngníomh.

(6) D’ainneoin aisghairm ailt 98, 99 agus 100 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 le halt 7, maidir leis na forálacha sin agus aon rialacháin arna ndéanamh fúthu, leanfaidh siad, tar éis teacht i ngníomh d’alt 7 (a mhéid a bhaineann sé leis an Acht sin), d’fheidhm a bheith acu maidir le tithíocht incheannaithe (de réir bhrí an Achta sin) a bheidh díolta nó ligthe ar léas faoi alt 98 den Acht sin roimh theacht i ngníomh d’alt 7 amhlaidh amhail is dá mba nár tháinig alt 7 i ngníomh.

(7) D’ainneoin aisghairm ailt 6, 8 agus 9 d’Acht 2002 le halt 7, maidir leis na forálacha sin agus aon rialacháin arna ndéanamh fúthu, leanfaidh siad, tar éis teacht i ngníomh d’alt 7 (a mhéid a bhaineann sé leis an Acht sin), d’fheidhm a bheith acu maidir le tithe incheannaithe (de réir bhrí an Achta sin) a bheidh díolta roimh theacht i ngníomh d’alt 7 amhlaidh amhail is dá mba nár tháinig alt 7 i ngníomh.

CUID 6

Forálacha i leith Deontas Áirithe

Deontais i leith láithreáin a sholáthar faoi alt 57 den Phríomh-Acht.

97 .— (1) San alt seo agus in alt 98

ciallaíonn “ margadhluach ”, i ndáil le láithreán, an praghas a bhféadfaí a bheith ag súil le réasún go ndíolfaí feo simplí neamhualaithe an láithreáin air ar an margadh oscailte;

ciallaíonn “ ceannaitheoir cáilithe ” teaghlach—

(a) ar mheasúnaigh údarás tithíochta é faoi alt 20 mar theaghlach atá cáilithe le haghaidh tacaíochta do thithíocht shóisialta, nó

(b) is tionónta i dteaghais arna soláthar—

(i) ag údarás tithíochta faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009 nó faoi Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000,

(ii) ag soláthraí cóiríochta cíosa de bhun comhaontaithe infhaighteachta cóiríochta cíosa, nó

(iii) ag comhlacht ceadaithe,

agus folaíonn sé duine dá dtagann leas an cheannaitheora cháilithe nó a chomharba nó a comharba i dteideal, agus leas ionadaí pearsanta an duine sin nó a chomharba nó a comharba i dteideal, chun bheith dílsithe ann ina dhiaidh sin (ar shlí seachas ar chomaoin luachmhar);

ciallaíonn “ láithreán ” láithreán arna sholáthar ag údarás tithíochta faoi alt 57 den Phríomh-Acht.

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfar chun críocha an ailt seo, deontas ina mbeidh cibé méid a chinnfidh an tAire a íoc le húdarás tithíochta as airgead a sholáthróidh an tOireachtas—

(a) i leith an t-údarás do sholáthar láithreáin do chomhlacht ceadaithe—

(i) chun teaghais nó teaghaisí a thógáil, ar shlí seachas údarás tithíochta dá tógáil nó dá dtógáil nó í nó iad a thógáil thar a cheann, d’fhonn í nó iad a ligean le teaghlaigh a mheasúnaítear faoi alt 20 a bheith cáilithe le haghaidh tacaíochta do thithíocht shóisialta, nó

(ii) chun teaghais nó teaghaisí a thógáil chun í nó iad a dhíol le ceannaitheoirí cáilithe,

(b) i leith láithreán a sholáthar do cheannaitheoir cáilithe.

(3) Féadfar an méid deontais is iníoctha ag an Aire faoi fho-alt (2) a úsáid chun na costais seo a leanas go léir, nó aon cheann díobh, a bheidh tabhaithe ag an údarás tithíochta a íoc—

(a) costais a ghabhann le láithreán a fháil lena n-áirítear ús iasachta agus costais ghaolmhara eile,

(b) costais oibreacha is gá maidir le forbairt an láithreáin, nó atá teagmhasach léi, chun an teaghais nó na teaghaisí a thógáil, agus

(c) costais ghairmiúla, costais dhlíthiúla agus aon chostais eile a thabhóidh an t-údarás i ndáil le soláthar an láithreáin.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena ndéanfar foráil, go háirithe, ach sin gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), maidir le gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) na téarmaí agus na coinníollacha ar faoina réir a fhéadfar deontas a thabhairt faoin alt seo, lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le húinéireacht láithreáin arna sholáthar ag údarás tithíochta do chomhlacht ceadaithe chun na gcríoch a shonraítear i bhfo-alt (2)(a);

(b) an modh ar a gcinntear praghas ceannaigh láithreáin ag féachaint dá mhargadhluach;

(c) réimse an mhéid den deontas arna íoc chun críocha fho-alt (2)(a)(i), ag féachaint do shuíomh an láithreáin agus don chineál teaghaise atá le tógáil ar an láithreán;

(d) an deontas uasta is iníoctha chun críocha mhír (a)(ii)(b) d’fho-alt (2);

(e) ceanglais i ndáil le híoc an deontais lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann leis na nithe seo a leanas, ach ní gá gurb iad na téarmaí sin amháin a bheidh i gceist—

(i) úsáid na teaghaise mar ghnáthchónaí an cheannaitheora cháilithe, agus

(ii) aisíocaíochtaí le húdarás tithíochta faoi alt 98 ;

(f) ceanglais i ndáil le caighdeáin tógála agus oibreacha.

Rialú ar athdhíol láithreán áirithe nó teaghaisí ar na láithreáin sin.

98 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le láithreán arna sholáthar ag údarás áitiúil do cheannaitheoir cáilithe ar phraghas ceannaigh is lú ná an margadhluach.

(2) Más rud é, maidir le láithreán lena mbaineann an t-alt seo, lena n-áirítear láithreán ar a bhfuil teaghais, go ndéanfar é a athdhíol den chéad uair sula mbeidh 20 bliain caite ón dáta a díoladh an láithreán le ceannaitheoir cáilithe, déanfaidh an díoltóir méid a íoc leis an údarás tithíochta atá comhionann le céatadán de mhargadhluach an láithreáin ar dháta an athdhíola, agus ar an dáta sin amháin, agus ríomhfar an céatadán sin de réir fho-alt (3).

(3) Déanfar an céatadán dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a ríomh de réir na foirmle seo a leanas

Y x 100

Z

más rud é—

(a) gurb é Y an difríocht idir margadhluach an láithreáin ar dháta an díola leis an gceannaitheoir cáilithe agus an praghas arna íoc iarbhír, agus

(b) gurb é Z margadhluach an láithreáin ar dháta an díola leis an gceannaitheoir cáilithe.

(4) Déanfar an méid is iníoctha faoi fho-alt (2) a laghdú 10 faoin gcéad i leith gach bliana iomláine tar éis an deichiú bliain ar lena linn a bhí an ceannaitheoir i seilbh an láithreáin.

(5) I gcás go mbeadh de thoradh ar an méid is iníoctha faoi fho-alt (2) a dhealú ó mhargadhluach an láithreáin ar dháta a athdhíola méid is lú ná an praghas a íocadh iarbhír i leith an láithreáin, déanfar an méid is iníoctha a laghdú a oiread is gá chun an toradh sin a sheachaint.

(6) A luaithe is indéanta tar éis láithreán lena mbaineann an t-alt seo a dhíol le ceannaitheoir cáilithe, déanfaidh an t-údarás tithíochta ordú lena ndéanfar méid a shonrófar san ordú sna téarmaí atá leagtha amach i bhfo-alt (7) a mhuirearú ar an láithreán.

(7) Is iad na téarmaí dá dtagraítear i bhfo-alt (6) ná gurb é atá sa mhéid a mhuirearaítear ná méid atá comhionann leis an méid (más ann) a thiocfaidh chun bheith iníoctha dá éis sin faoi fho-alt (2) i leith an láithreáin.

(8) Maidir le hordú faoi fho-alt (6), measfar gur morgáiste é arna dhéanamh trí ghníomhas de réir bhrí na Conveyancing Acts 1881 to 1911 agus gur forghníomhaíodh é, tráth an láithreán a dhíol leis an gceannaitheoir cáilithe, i bhfabhar an údaráis tithíochta ar mhuirear ina mbeidh méid dá dtagraítear i bhfo-alt (7).

(9) Dá réir sin, maidir leis an údarás tithíochta, amhail ar thráth déanta an ordaithe sin agus ón tráth sin—

(a) measfar gur morgáistí ar an láithreán é chun críocha na Conveyancing Acts 1881 to 1911, agus

(b) beidh aige, i ndáil leis an muirear dá dtagraítear i bhfo-alt (8), na cumhachtaí go léir a thugtar leis na hAchtanna sin do mhorgáistithe faoi mhorgáistí a dhéantar trí ghníomhas.

(10) I gcas ina ndéanfaidh údarás tithíochta ordú faoi fho-alt (6), cuirfidh sé faoi deara, a luaithe is indéanta dá éis sin, go gclárófar an t-ordú i gClárlann na nGníomhas nó i gClárlann na Talún, de réir mar is cuí, agus is tuairisc leordhóthanach ar an méid ar ina leith a mbeidh an muirear lena mbaineann an t-ordú á chlárú a lua gurb é an méid sin an méid dá dtagraítear in alt 98(7) d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009.

(11) Aon ordú faoi fho-alt (6) a fhearann ar láithreán lena mbaineann an t-alt seo agus is talamh cláraithe de réir bhrí an Achta um Chlárú Teidil 1964, beidh sé inchláraithe mar ualach ar an talamh sin cibé acu atá nó nach bhfuil an duine a ainmnítear mar úinéir na talún san ordú cláraithe faoin Acht sin mar úinéir na talún.

(12) Féadfaidh údarás tithíochta, faoi réir fho-alt (13), comhaontú a dhéanamh le sealbhóir ar cheadúnas faoi Acht an Bhainc Ceannais 1971, le cumann foirgníochta nó le foras airgeadais eile go mbeidh tosaíocht ag muirear a bheartaíonn sé a chruthú le hordú faoi fho-alt (6), amhail in aghaidh morgáiste nó muirir a bheartaítear a chruthú i bhfabhar an tsealbhóra, an chumainn nó an fhorais sin, ar tosaíocht í atá éagsúil leis an tosaíocht a bheadh ag an muirear thairis sin dá mba rud é nár achtaíodh an fo-alt seo.

(13) Ní fhéadfaidh údarás tithíochta comhaontú dá dtagraítear i bhfo-alt (12) a dhéanamh ach amháin i gcás ina measann sé, maidir leis an gcomhaontú—

(a) go gcumasóidh sé do cheannaitheoir cáilithe a mbeartaíonn sé láithreán lena mbaineann an t-alt seo a dhíol leis nó léi iarratas a dhéanamh chun airleacan airgid a fháil ón sealbhóir, ón gcumann nó ón bhforas dá dtagraítear i bhfo-alt (12) chun an láithreán a cheannach, nó

(b) go gcumasóidh sé do cheannaitheoir cáilithe a cheannaigh láithreán lena mbaineann an t-alt seo—

(i) airleacan airgid láithreach ón sealbhóir, ón gcumann nó ón bhforas dá dtagraítear i bhfo-alt (12) a athmhaoiniú, nó

(ii) airleacan breise airgid a fháil ón sealbhóir, ón gcumann nó ón bhforas dá dtagraítear i bhfo-alt (12), chun aon chríche.

(14) Féadfaidh an t-údarás tithíochta aon mhéid a thagann chun bheith iníoctha leis an údarás faoi fho-alt (2) a ghnóthú, gan dochar d’aon chumhacht eile chuige sin, ón duine lena mbaineann mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(15) Chun amhras a sheachaint, ní mheasfar gur tíolacas chun críocha alt 3 den Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh 1976 ordú faoi fho-alt (6) ná muirear a eascraíonn faoi.

(16) Chun críocha an ailt seo, is é an t-údarás tithíochta a chinnfidh margadhluach reatha láithreáin lena mbaineann an t-alt seo, nó, i gcás nach gcomhaontóidh an díoltóir leis an margadhluach a chinnfear amhlaidh, is luachálaí neamhspleách a ainmneoidh an díoltóir as painéal daoine cuícháilithe, arna bhunú ag an údarás tithíochta, ar daoine iad d’aicme nó de thuairisc a fhorordaítear faoi alt 49 , a chinnfidh é.

(17) Ní bheidh an t-údarás tithíochta faoi dhliteanas i leith aon chaiteachas a thabhóidh díoltóir faoi fho-alt (16).

Deontas oiriúnaithe a aisíoc.

99 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le deontas arna íoc le duine faoi airteagal 5 de Rialacháin na dTithe (Deontais Oiriúnaithe do Dhaoine Scothaosta agus Daoine faoi Mhíchumas) 2007 (I.R. Uimh. 670 de 2007), chun cóiríocht bhreise a sholáthar, de bhun iarratais a bheidh faighte ag údarás tithíochta ar cibé dáta a fhorordófar nó dá éis.

(2) (a) I gcás ina ndíolfar teaghais a mbeidh deontas íoctha ina leith sula mbeidh 5 bliana caite ón dáta a íocadh an deontas, déanfaidh an díoltóir méid atá comhionann le céatadán den deontas a íoc leis an údarás tithíochta.

(b) Is é an céatadán dá dtagraítear i mír (a)

(i) 85 faoin gcéad den deontas a íocadh i gcás ina mbeidh tréimhse is giorra ná bliain amháin caite ón dáta a íocadh an deontas,

(ii) 70 faoin gcéad den deontas a íocadh i gcás ina mbeidh bliain amháin nó tréimhse is faide ná bliain amháin ach is giorra ná 2 bhliain caite ón dáta a íocadh an deontas,

(iii) 50 faoin gcéad den deontas a íocadh i gcás ina mbeidh 2 bhliain nó tréimhse is faide ná 2 bhliain ach is giorra ná 3 bliana caite ón dáta a íocadh an deontas,

(iv) 35 faoin gcéad den deontas a íocadh i gcás ina mbeidh 3 bliana nó tréimhse is faide ná 3 bliana ach is giorra ná 4 bliana caite ón dáta a íocadh an deontas, agus

(v) 20 faoin gcéad den deontas a íocadh i gcás ina mbeidh 4 bliana nó tréimhse is faide ná 4 bliana ach is giorra ná 5 bliana caite ón dáta a íocadh an deontas.

(3) A luaithe is indéanta tar éis an deontas a íoc le duine, déanfaidh an t-údarás tithíochta ordú lena ndéanfar méid a shonrófar san ordú sna téarmaí a leagtar amach i bhfo-alt (4) a mhuirearú ar an teaghais.

(4) Is iad na téarmaí dá dtagraítear i bhfo-alt (3) ná gurb é atá sa mhéid a mhuirearófar ná méid atá comhionann leis an méid (más ann) a thiocfaidh chun bheith iníoctha dá éis sin faoi fho-alt (2) i leith na teaghaise.

(5) Measfar maidir le hordú faoi fho-alt (3) gur morgáiste é arna dhéanamh trí ghníomhas de réir bhrí na Conveyancing Acts 1881 to 1911 agus gur forghníomhaíodh é, tráth an deontas a thabhairt, i bhfabhar an údaráis tithíochta ar mhuirear ina mbeidh méid dá dtagraítear i bhfo-alt (4).

(6) Dá réir sin, maidir leis an údarás tithíochta, amhail ar thráth déanta ordaithe faoi fho-alt (3) agus ón tráth sin—

(a) measfar gur morgáistí ar an teaghais é chun críocha na Conveyancing Acts 1881 to 1911, agus

(b) beidh aige, i ndáil leis an muirear dá dtagraítear i bhfo-alt (5), na cumhachtaí go léir a thugtar leis na hAchtanna sin do mhorgáistithe faoi mhorgáistí a dhéantar trí ghníomhas.

(7) I gcás ina ndéanfaidh údarás tithíochta ordú faoi fho-alt (3), cuirfidh sé faoi deara, a luaithe is indéanta dá éis sin, go gclárófar an t-ordú i gClárlann na nGníomhas nó i gClárlann na Talún, de réir mar is cuí, agus is tuairisc leordhóthanach ar an méid ar ina leith a mbeidh an muirear lena mbaineann an t-ordú á chlárú a lua gurb é an méid sin an méid dá dtagraítear in alt 52(4) d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009.

(8) Aon ordú faoi fho-alt (3) a fhearann ar theaghais lena mbaineann an t-alt seo agus is talamh cláraithe de réir bhrí an Achta um Chlárú Teidil 1964, beidh sé inchláraithe mar ualach ar an talamh sin cibé acu atá nó nach bhfuil an duine a ainmnítear mar úinéir na talún san ordú cláraithe faoin Acht sin mar úinéir na talún.

(9) Féadfaidh an t-údarás tithíochta aon mhéid a thagann chun bheith iníoctha leis an údarás faoi fho-alt (2) a ghnóthú, gan dochar d’aon chumhacht eile chuige sin, ón duine lena mbaineann mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(10) Chun amhras a sheachaint, ní mheasfar gur tíolacas chun críocha alt 3 den Acht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh 1976 ordú faoi fho-alt (3) ná muirear a eascraíonn faoi.

CUID 7

Leasuithe ar an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004

Leasuithe ar an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004.

100 .— (1) San alt seo, ciallaíonn “ Acht 2004 ” an tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004.

(2) Leasaítear alt 3 d’Acht 2004—

(a) i bhfo-alt (2)(c)(ii), trí “teaghlach de réir bhrí Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009 arna mheasúnú faoi alt 20 den Acht sin mar theaghlach atá cáilithe le haghaidh tacaíochta do thithíocht shóisialta” a chur in ionad “duine dá dtagraítear in alt 9(2) d’Acht na dTithe 1988”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(3) D’ainneoin an mhínithe ar “ tionóntacht ” in alt 5(1), san alt seo ní fholaíonn tagairt do thionóntacht tionóntacht ar faide a téarma ná 35 bliana.”.

(3) Leasaítear alt 12 d’Acht 2004—

(a) i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(ba) gabhdáin a sholáthar atá oiriúnach chun dramhaíl a stóráil lasmuigh den teaghais, ach amháin i gcás nach bhfuil cumhacht ná rialú ag an tiarna talún i leith na teaghaise lena mbaineann chun gabhdáin den sórt sin a sholáthar,”,

(b) i bhfo-alt (4)(a), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i):

“(i) cíos, nó aon mhuirir nó cánacha eile is iníoctha ag an tionónta de réir an léasa nó an chomhaontaithe tionóntachta, a íoc agus gurb ionann méid an chíosa nó na muirear nó na gcánacha eile sin atá i riaráiste agus méid na héarlaise nó gur mó ná sin é, nó”,

agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4)(b):

“(b) más rud é, ar dháta na hiarrata ar aischur nó aisíoc, go ndéantar mainneachtain—

(i) cíos, nó aon mhuirir nó cánacha eile is iníoctha ag an tionónta de réir an léasa nó an chomhaontaithe tionóntachta, a íoc, nó

(ii) alt 16(f) a chomhlíonadh,

agus nach bhfuil feidhm ag fomhír (i) nó (ii), de réir mar a bheidh, de mhír (a), ansin ní cheanglófar ach amháin an difríocht idir méid an chíosa nó na muirear nó na gcánacha eile sin atá i riaráiste nó, de réir mar is cuí, méid na gcostas a thabhófaí le linn bearta den chineál dá dtagraítear i mír (a)(ii) a dhéanamh, a aisíoc nó a aischur faoi fho-alt (1)(d).”.

(4) Leasaítear alt 135 d’Acht 2004—

(a) trí fho-alt (2) a scriosadh, agus

(b) i bhfo-alt (5) trí “á rá go bhfuil an t-iarratas neamhiomlán agus neamhbhailí agus déanfaidh sé an t-iarratas, agus aon fhaisnéis eile a cuireadh isteach leis an iarratas agus aon táille a íocadh a chur ar ais” a chur in ionad “maidir leis an ábhar lena mbaineann a bheith fágtha ar lár agus tabharfaidh sé deis réasúnach dó nó di an ní a réiteach”.

(5) Leasaítear Acht 2004 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 147:

“Faisnéis áirithe a nochtadh do na Coimisinéirí Ioncaim.

147A.— Déanfaidh an Bord, i gceann cibé eatramh a shonróidh na Coimisinéirí Ioncaim, faisnéis atá sa chlár a nochtadh do na Coimisinéirí Ioncaim, is faisnéis ar gá le réasún í a nochtadh do na Coimisinéirí Ioncaim chun go gcomhlíonfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a bhfeidhmeanna.”.

(6) Ní dhéanann an leasú dá bhforáiltear i bhfo-alt (2)(b) difear d’aon ní arna tharchur chuig an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha lena réiteach faoi Chuid 6 d’Acht 2004 roimh theacht i ngníomh don alt seo.

SCEIDEAL 1

Aisghairm

Alt 7 .

Mír

(1)

Uimhir agus Bliain

(2)

Gearrtheideal

(3)

Méid na hAisghairme

(4)

1

Uimh. 21 de 1966

Acht na dTithe 1966

Ailt 56, 58 agus 61

2

Uimh. 28 de 1988

Acht na dTithe 1988

Ailt 8, 9, 11, 14, 15 agus 20

3

Uimh. 18 de 1992

Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 1992

Ailt 2, 3 agus 9

4

Uimh. 30 de 2000

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000

Ailt 98, 99 agus 100

5

Uimh. 9 de 2002

Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2002

Ailt 6, 8, 9, 10 agus 14

SCEIDEAL 2

Leasuithe Iarmhartacha

Alt 8 .

CUID 1

Leasuithe ar Acht na dTithe 1966

Mír

An fhoráil dá ndéantar difear

An Leasú

(1)

(2)

(3)

1

Alt 90

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) Ní bheidh feidhm ag alt 211(2) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 maidir le teaghais a dhíol faoi fho-alt (1)(a)(i).”.

2

Alt 107(7)

“de réir an ráta a bhféadfadh an t-údarás airgead a fháil ar iasacht ón nGníomhaireacht Airgeadais do Thithe dá réir chun críocha iasachtaí ceannaigh tithe atá faoi réir ráta úis athraithigh” a chur in ionad “de réir an ráta a shonrófar sa ghealltanas, is é sin, an ráta a bhféadfadh an t-údarás airgead a fháil ar iasacht dá réir as ciste na n-iasachtaí áitiúla ar dháta an ghealltanais”.

CUID 2

Leasuithe ar an Acht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe 1981

Mír

(1)

An fhoráil dá ndéantar difear

(2)

An Leasú

(3)

1

Alt 4(2)

(a) I mír (c), “agus” a scriosadh.

(b) An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(ca) an Ciste Teaghaisí Incheannaithe arna bhunú faoi Chuid 5 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009 a bhainistiú de réir an Achta sin agus aon rialachán arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht sin,

(cb) airgead a airleacan as an gCiste Teaghaisí Incheannaithe sin chun údarás tithíochta chun aon chríche a bheidh údaraithe le halt 94 d’Acht na dTithe 2009 nó faoi, agus”

2

Alt 5

(a) I mír (c), “nó” a scriosadh.

(b) “ag an gcomhlacht sin, nó” a chur in ionad “ag an gcomhlacht sin.”.

(c) An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d):

“(e) údarás tithíochta ón gCiste Teaghaisí Incheannaithe arna bhunú faoi Chuid 5 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009 faoi réir agus de réir an Achta sin agus aon rialachán arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht sin, chun aon chríche a bheidh údaraithe le halt 86 den Acht sin nó faoi”.

3

Alt 10(3)

“€10,000,000,000” a chur in ionad “€6,000,000,000”.

CUID 3

Leasuithe ar Acht na dTithe 1988

Mír

An fhoráil dá ndéantar difear

An Leasú

(1)

(2)

(3)

1

Alt 12

(a) I bhfo-alt (1), “agus (8)” a chur isteach i ndiaidh “fho-alt (2)”.

(b) An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(8) (a) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le hárasáin i mórláthair árasán ainmnithe.

(b) Chun críocha mhír (a), tá le “árasáin” agus “mórláthair árasán ainmnithe” an bhrí chéanna atá leo in alt 50 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009.”.

2

Alt 13

I bhfo-alt (3), alt 11 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009” a chur in ionad “alt 56 (2) den Phríomh-Acht”.

CUID 4

Leasuithe ar Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 1992

Mír

An fhoráil dá ndéantar difear

An Leasú

(1)

(2)

(3)

1

Alt 1(1)

Na mínithe seo a leanas a chur isteach:

“tá le ‘fógra feabhsúcháin’ an bhrí a thugtar dó le halt 18A;

tá le ‘fógra toirmisc’ an bhrí a thugtar dó le halt 18B;”.

2

Alt 5

I bhfo-alt (2), an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) is duine a bheidh measúnaithe faoi alt 20 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009 mar dhuine atá cáilithe le haghaidh tacaíochta do thithíocht shóisialta, ach sin más rud é amháin gur deimhin leis an údarás, trí na feidhmeanna sin a fheidhmiú, go bhfreastalófar ar riachtanas an duine maidir le tacaíocht den sórt sin nó go dtiocfar roimhe, nó”.

3

Alt 18

(a) I bhfo-alt (1)—

(i) “, comhoibreacha agus comhsheirbhísí a chomhghabhann agus a theachtar leo” a scriosadh, agus

(ii) “nó atá ar fáil lena ligean” a chur isteach i ndiaidh “ligthe”.”

(b) Fo-ailt (3) go (6) a scriosadh.

(c) I bhfo-alt (7)(b), “agus aon chomhlimistéir” a chur isteach i ndiaidh “teach”.

(d) I bhfo-alt (7):

(i) i mír (g) “ullmhú;” a chur in ionad “ullmhú.”, agus

(ii) an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (g)

“(h) sábháilteacht ó dhóiteán.”.

(e) An méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (8):

“(8) Chun críocha fho-alt (7)(b), ciallaíonn “bailriocht cuí ó thaobh déanmhais” a bheith fónta laistigh agus lasmuigh, agus an díon, na tíleanna agus slinnte dín, na fuinneoga, na hurláir, na síleálacha, na ballaí, na staighrí, na doirse, na cláir sciorta, an t-éadan, na tíleanna ar aon urlár, síleáil agus balla, na gáitéir, na fánphíobáin, na feisteáin, an iarmhais, na gairdíní agus na comhlimistéir a bheith á gcothabháil i mbail agus i ndeis mhaith agus gan iad a bheith lochtach mar gheall ar thaise nó eile.”.

(f) An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(9) San alt seo agus in ailt 18A agus 18B—

ciallaíonn ‘comhlimistéir’ comhlimistéir, oibreacha agus seirbhísí a ghabhann le tithe agus a theachtar ina dteannta agus atá ar úinéireacht ag an tiarna talún nó faoi rialú aige nó aici;

ciallaíonn ‘tiarna talún’ an duine atá de thuras na huaire i dteideal an cíos a íocann tionónta tí i leith an tí a fháil (seachas mar ghníomhaire do dhuine eile);

folaíonn ‘tionóntacht’ tionóntacht thréimhsiúil agus tionóntacht go ceann téarma shocraithe, cibé acu ó bhéal nó i scríbhinn nó sainráite;

ciallaíonn ‘tionónta’ an duine atá de thuras na huaire i dteideal teach a áitiú faoi thionóntacht.”.

4

Ailt nua

Na hailt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 18:

“Fógra feabhsúcháin.

18A.—(1) Más rud é, i dtuairim údaráis tithíochta, go bhfuil ceanglas de chuid rialacháin arna dhéanamh faoi alt 18 á shárú nó sáraithe ag tiarna talún, féadfaidh an t-údarás fógra i scríbhinn (dá ngairtear “fógra feabhsúcháin” san Acht seo) a thabhairt do thiarna talún an tí lena mbaineann.

(2) Maidir le fógra feabhsúcháin—

(a) luafar ann go bhfuil an t-údarás tithíochta den tuairim dá dtagraítear i bhfo-alt (1),

(b) luafar ann na cúiseanna atá leis an tuairim sin,

(c) sainaithneofar ann an fhoráil den rialachán lena mbaineann ar ina leith atáthar den tuairim sin,

(d) ordófar leis don tiarna talún an sárú a leigheas laistigh den tréimhse a shonraítear san fhógra agus dar tosach an dáta a shonraítear san fhógra, ar dáta é nach luaithe ná deireadh na tréimhse ar laistigh di a fhéadfar agóid a chur isteach faoi fho-alt (6),

(e) beidh ar áireamh ann faisnéis maidir le hagóid a chur isteach agus achomharc a dhéanamh i ndáil leis an bhfógra ina sonrófar—

(i) foirm agus modh agóide,

(ii) foirm agus modh achomhairc, agus

(iii) seoladh an údaráis tithíochta d’fhonn agóid faoi fho-alt (6) a chur isteach nó fógra a thabhairt don údarás maidir le hachomharc faoi fho-alt (7), de réir mar a bheidh,

(f) beidh ráiteas ann á rá, mura ndéanfar agóid a chur isteach de réir fho-alt (6) agus laistigh den tréimhse a shonraítear san fho-alt sin, ansin—

(i) go bpléifear leis an bhfógra mar fhógra nach bhfuil á dhíospóid, agus

(ii) go measfar gur ghlac an tiarna talún an fógra agus gur chomhaontaigh sé nó sí an t-ordachán a chomhlíonadh laistigh den tréimhse a shonraítear san ordachán, agus

agus

(g) beidh sé sínithe agus dátaithe ag an údarás tithíochta.

(3) Féadfaidh ordacháin maidir leis na bearta a bheidh le déanamh chun an sárú lena mbaineann fógra feabhsúcháin a leigheas nó chun an fógra a chomhlíonadh ar shlí eile, a bheith ar áireamh san fhógra.

(4) I gcás go dtabharfar fógra feabhsúcháin faoi fho-alt (1), tabharfaidh an t-údarás tithíochta cóip do thionónta an tí lena mbaineann.

(5) (a) Aon tiarna talún dár tugadh fógra feabhsúcháin agus atá den tuairim gur comhlíonadh an fógra feabhsúcháin, déanfaidh sé nó sí, roimh dhul in éag don tréimhse a shonraítear san fhógra chun críche fho-alt (2)(d), a dhaingniú i scríbhinn don údarás tithíochta go bhfuil na nithe dá dtagraítear san fhógra leigheasta amhlaidh agus tabharfaidh sé nó sí cóip den daingniú don tionónta.

(b) I gcás go ndaingneoidh tiarna talún don údarás tithíochta de réir mhír (a) go bhfuil na nithe dá dtagraítear san fhógra feabhsúcháin leigheasta, déanfaidh an t-údarás tithíochta, ar bheith deimhin dó go bhfuil na nithe leigheasta amhlaidh, laistigh de 28 lá ón daingniú sin a fháil, fógra i scríbhinn a thabhairt don tiarna talún maidir le comhlíonadh an fhógra feabhsúcháin agus tabharfaidh sé nó sí cóip den fhógra don tionónta.

(c) Leis an bhfógra faoi mhír (b), ní chuirtear cosc ar aon iniúchadh a mheasann an t-údarás tithíochta is gá i ndáil leis an teach lena mbaineann ná ar sheirbheáil fógra feabhsúcháin eile a mheasfaidh an t-údarás is gá.

(6) Aon tiarna talún arb éagóir leis nó léi fógra feabhsúcháin, féadfaidh sé nó sí, laistigh de 14 lá dar tosach an lá a thabharfar an fógra dó nó di, agóid i gcoinne an fhógra a chur isteach san fhoirm agus ar an modh a bheidh sonraithe san fhógra, agus breithneoidh an t-údarás tithíochta an agóid agus, de réir mar is cuí leis, déanfaidh sé an fógra a athrú, a tharraingt siar, a chealú nó a dhaingniú agus tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don tiarna talún maidir leis an gcinneadh agus na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh laistigh de 14 lá tar éis an agóid a fháil.

(7)(a) Féadfaidh an tiarna talún, tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis don údarás tithíochta fógra faoin gcinneadh faoi fho-alt (6) a thabhairt dó nó di, achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh chuig breitheamh den Chúirt Dúiche sa dúiche chúirte dúiche inar seirbheáladh an fógra.

(b) Aon tiarna talún a dhéanfaidh achomharc faoi mhír (a), déanfaidh sé nó sí an tráth céanna fógra i scríbhinn a thabhairt don údarás tithíochta maidir leis an achomharc agus na forais ar a ndéantar an t-achomharc.

(c) Beidh an t-údarás tithíochta i dteideal láithriú, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ar an achomharc a éisteacht.

(d) Le linn don bhreitheamh den Chúirt Dúiche achomharc faoi mhír (a) a chinneadh, féadfaidh sé nó sí an fógra feabhsúcháin a dhaingniú, a athrú nó a chealú má mheasann sé nó sí gur réasúnach é sin a dhéanamh.

(8) I gcás go gcuirfear agóid isteach faoi fho-alt (6) agus nach mbeidh aon achomharc déanta faoi fho-alt (7) in aghaidh chinneadh an údaráis tithíochta agus nach dtarraingeofar siar nó nach gcealófar an fógra feabhsúcháin, beidh éifeacht leis an bhfógra cibé tráth díobh seo a leanas is déanaí:

(a) an lá tar éis an lae a dhaingnítear nó a athraítear an fógra;

(b) an lá tar éis don tiarna talún an agóid a tharraingt siar;

(c) an dáta a shonraítear san fhógra.

(9) I gcás go ndéanfar achomharc faoi fho-alt (7) agus nach dtarraingítear siar nó nach gcealaítear an fógra feabhsúcháin, beidh éifeacht leis an bhfógra cibé tráth díobh seo a leanas is déanaí:

(a) an lá tar éis an lae a dhaingnítear nó a athraítear an fógra ar achomharc;

(b) an lá tar éis don tiarna talún an t-achomharc a tharraingt siar;

(c) an dáta a shonraítear san fhógra.

(10) I gcás nach gcuirfear aon agóid isteach faoi fho-alt (6), beidh éifeacht leis an bhfógra feabhsúcháin an dáta a shonraítear san fhógra.

(11) Féadfaidh an t-údarás tithíochta—

(a) fógra feabhsúcháin a tharraingt siar tráth ar bith, nó

(b) i gcás nach gcuirfear aon agóid isteach nó nach mbeidh aon achomharc déanta ná ar feitheamh, an dáta a shonraítear san fhógra chun críocha fho-alt (2)(d) a fhadú.

(12) Má tharraingítear siar fógra feabhsúcháin faoi fho-alt (11), ní choisctear fógra feabhsúcháin eile a thabhairt, cibé acu i leith an ní chéanna nó i leith ní eile.

Fógra toirmisc.

18B.—(1) I gcás go mainneoidh tiarna talún fógra feabhsúcháin a chomhlíonadh de réir alt 18A, féadfaidh an t-údarás tithíochta fógra i scríbhinn (dá ngairtear “fógra toirmisc” san Acht seo) a thabhairt do thiarna talún an tí lena mbaineann.

(2) Maidir le fógra toirmisc—

(a) luafar ann go bhfuil an t-údarás tithíochta den tuairim gur mhainnigh an tiarna talún fógra feabhsúcháin a chomhlíonadh,

(b) ordófar leis nach ndéanfaidh an tiarna talún an teach a athligean ar cíos ná ar chomaoin luachmhar eile go dtí go mbeidh an sárú lena mbaineann an fógra feabhsúcháin leigheasta ag an tiarna talún,

(c) beidh ar áireamh ann faisnéis maidir le hachomharc a dhéanamh i ndáil leis an bhfógra, ina sonrófar—

(i) foirm agus modh achomhairc, agus

(ii) seoladh an údaráis tithíochta d’fhonn fógra a thabhairt don údarás maidir le hachomharc faoi fho-alt (4),

agus

(d) beidh sé sínithe agus dátaithe ag an údarás tithíochta.

(3) I gcás go dtabharfar fógra toirmisc faoi fho-alt (1), tabharfaidh an t-údarás tithíochta cóip do thionónta an tí lena mbaineann.

(4) (a) Aon tiarna talún arb éagóir leis nó léi fógra toirmisc, féadfaidh sé nó sí, laistigh de 14 lá dar tosach an lá a thabharfar an fógra dó nó di, achomharc a dhéanamh in aghaidh an fhógra chuig breitheamh den Chúirt Dúiche sa dúiche chúirte dúiche inar seirbheáladh an fógra.

(b) Aon tiarna talún a dhéanfaidh achomharc faoi mhír (a), déanfaidh sé nó sí an tráth céanna fógra i scríbhinn a thabhairt don údarás tithíochta maidir leis an achomharc agus na forais ar a ndéantar an t-achomharc.

(c) Beidh an t-údarás tithíochta i dteideal láithriú, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ar an achomharc a éisteacht.

(d) Le linn don bhreitheamh den Chúirt Dúiche achomharc faoi mhír (a) a chinneadh, féadfaidh sé nó sí an fógra toirmisc a dhaingniú, a athrú nó a chealú má mheasann sé nó sí gur réasúnach é sin a dhéanamh.

(5) Beidh éifeacht le fógra toirmisc—

(a) i gcás achomhairc faoi fho-alt (4), cibé tráth díobh seo a leanas is déanaí:

(i) an lá tar éis an lae a dhaingnítear nó a athraítear an fógra ar achomharc;

(ii) an lá tar éis don tiarna talún an t-achomharc a tharraingt siar;

(iii) ar dhul in éag, cibé acu trí fhoirceannadh nó ar shlí eile, don tionóntacht atá ann an lá a thugtar an fógra toirmisc don tiarna talún,

(b) in aon chás eile, cibé tráth díobh seo a leanas is déanaí:

(i) an lá tar éis dul in éag don tréimhse a cheadaítear le fo-alt (4)(a) chun achomharc a dhéanamh;

(ii) ar dhul in éag, cibé acu trí fhoirceannadh nó ar shlí eile, don tionóntacht atá ann an lá a thugtar an fógra toirmisc don tiarna talún.

(6) Aon tiarna talún dár tugadh fógra toirmisc agus atá den tuairim go bhfuil na nithe lena mbaineann an fógra leigheasta, daingneoidh sé nó sí i scríbhinn don údarás tithíochta go bhfuil na nithe sin leigheasta amhlaidh agus tabharfaidh sé nó sí cóip den daingniú don tionónta.

(7) I gcás go ndéanfaidh tiarna talún ar ar seirbheáladh fógra toirmisc a dhaingniú i scríbhinn don údarás tithíochta de réir fho-alt (6) go bhfuil na nithe lena mbaineann an fógra leigheasta, déanfaidh an t-údarás tithíochta, ar bheith deimhin dó go bhfuil na nithe leigheasta amhlaidh, laistigh de 28 lá ón daingniú sin, fógra i scríbhinn a thabhairt don tiarna talún maidir le comhlíonadh an fhógra toirmisc agus tabharfaidh sé cóip den fhógra do thionónta an tí lena mbaineann.

(8) Féadfaidh údarás tithíochta tráth ar bith fógra toirmisc a tharraingt siar trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don tiarna talún dár tugadh é.

(9) Ní hionann fógra toirmisc faoi fho-alt (8) a tharraingt siar agus cosc a chur le fógra toirmisc eile a thabhairt.

(10) Ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht an phobail, déanfaidh údarás tithíochta cibé socruithe a mheasann siad is cuí nó is gá chun aird an phobail a tharraingt ar ábhar fógra toirmisc.”.

5

Alt 23

An méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

“(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), ciallaíonn tagairt in Achtanna na dTithe 1966 go 2009 d’údarás tithíochta—

(a) i gcás contae, an chomhairle contae,

(b) i gcás cathrach, an chomhairle cathrach,

(c) i gcás buirge a luaitear i gCaibidil 1 de Chuid 1 de Sceideal 6 a ghabhann le hAcht 2001, seachas i leith na bhforálacha seo a leanas—

(i) alt 6 d’Acht 1979,

(ii) ailt 2 go 4, 6 agus 7 den Acht seo,

(iii) Cuid 2 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2002, agus

(iv) ailt 14 go 18 agus Caibidil 6 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009,

an chomhairle buirge agus, i leith gach ceann de na hailt sin, an chomhairle contae a bhfuil an bhuirg suite ina limistéar riaracháin,

(d) i gcás baile a luaitear i gCaibidil 2 de Chuid 1 de Sceideal 6 a ghabhann le hAcht 2001, seachas i leith na bhforálacha seo a leanas—

(i) alt 6 d’Acht 1979,

(ii) alt 16 d’Acht 1988,

(iii) ailt 2 go 4, 6, 7 agus 11 den Acht seo,

(iv) Cuid 2 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2002, agus

(v) ailt 14 go 18 agus Caibidil 6 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009,

an chomhairle baile agus, i leith gach ceann de na hailt sin, an chomhairle contae a bhfuil an baile suite ina limistéar riaracháin,

(e) i gcás baile a luaitear i gCuid 2 de Sceideal 6 a ghabhann le hAcht 2001, seachas i leith na bhforálacha seo a leanas—

(i) ailt 34 go 36 agus alt 41 den Phríomh-Acht,

(ii) alt 6 d’Acht 1979,

(iii) ailt 2, 6, 10, 13 agus 16 d’Acht 1988,

(iv) ailt 2 go 7, 10 go 12, 14, 17, 18, 20, 34 agus 35 den Acht seo,

(v) Cuid 2 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2002, agus

(vi) ailt 14 go 18 agus Caibidil 6 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009,

an chomhairle baile agus, i leith gach ceann de na hailt sin, an chomhairle contae a bhfuil an baile suite ina limistéar riaracháin,

agus déanfar tagairtí do limistéar feidhme údaráis tithíochta a fhorléiriú dá réir sin.

(2) Ciallaíonn tagairt in Achtanna na dTithe 1966 go 2009 d’údarás tithíochta—

(a) i gcás bhuirgí Dhroichead Átha, Shligigh agus Loch Garman, seachas i leith na bhforálacha seo a leanas—

(i) alt 6 d’Acht 1979,

(ii) ailt 6 agus 7 den Acht seo, agus

(iii) ailt 14 go 18 agus Caibidil 6 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009,

na comhairlí buirge faoi seach agus, i leith gach ceann de na hailt sin, na comhairlí contae faoi seach a bhfuil na buirgí sin suite ina limistéir riaracháin,

(b) i gcás bhaile Bhré, seachas i leith na bhforálacha seo a leanas—

(i) alt 6 d’Acht 1979,

(ii) ailt 2 go 4, 6 agus 7 den Acht seo,

(iii) Cuid 2 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2002, agus

(iv) ailt 14 go 18 agus Caibidil 6 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009,

an chomhairle baile agus, i leith gach ceann de na hailt sin, an chomhairle contae a bhfuil an baile sin suite ina limistéar riaracháin,

(c) i gcás bhailte Bhaile Átha Luain agus Dhún Dealgan, seachas i leith na bhforálacha seo a leanas—

(i) alt 6 d’Acht 1979,

(ii) ailt 6 agus 7 den Acht seo, agus

(iv) ailt 14 go 18 agus Caibidil 6 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009,

na comhairlí baile faoi seach agus, i leith gach ceann de na hailt sin, na comhairlí contae faoi seach a bhfuil na bailte sin suite ina limistéir riaracháin,

agus déanfar tagairtí do limistéar feidhme údaráis tithíochta a fhorléiriú dá réir sin.”.

6

Alt 34

(a) An méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1)—

“(1) Aon duine—

(a) a dhéanfaidh, trí ghníomh nó neamhghníomh, duine údaraithe a bhac le linn na cumhachtaí a fheidhmiú go dleathach a thugtar dó nó di le foráil de chuid alt 17, 18 nó 20, nó le rialachán arna dhéanamh faoi na hailt sin, nó a sháróidh foráil nó rialachán den sórt sin, nó

(b) a mhainneoidh fógra feabhsúcháin a chomhlíonadh, nó

(c) a athligfidh teach de shárú ar fhógra toirmisc,

beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó iad araon a chur air nó uirthi agus má leantar den bhac, den sárú, den mhainneachtain nó den athligean tar éis an chiontaithe beidh an duine ciontach i gcion breise gach lá a leantar den bhac, den sárú, den mhainneachtain nó den athligean agus in aghaidh gach ciona den sórt sin, dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €400 a chur air nó uirthi.”.

(b) An fo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(3) I gcás go gciontófar duine i gcion faoin Acht seo, déanfaidh an chúirt, mura deimhin léi go bhfuil cúiseanna speisialta agus substaintiúla ann gan déanamh amhlaidh, a ordú don duine na costais agus na caiteachais, arna dtomhas ag an gcúirt, a thabhaigh an t-údarás tithíochta i ndáil le himscrúdú, brath agus ionchúiseamh an chiona a íoc leis an údarás tithíochta.”.

CUID 5

Leasuithe ar Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 1997

Ítim

An fhoráil dá ndéantar difear

An Leasú

(1)

(2)

(3)

1

Alt 1(1)

(a) I mír (b) den mhíniú ar “iompar frithshóisialta”—

(i) “scaoll” a chur isteach i ndiaidh “damáiste,”, agus

(ii) an méid seo a leanas a chur in ionad na bhfocal ó “folaíonn sé” go dtí deireadh na míre:

“(i) foréigean, bagairtí, imeaglú, comhéigean, ciapadh nó bac tromaí a dhéanamh ar aon duine,

(ii) iompar is cúis le haon lagú suntasach nó leanúnach ar úsáid nó ar theachtadh a bhaile féin nó a baile féin ag duine, nó

(iii) damáiste d’aon mhaoin, lena n-áirítear baile duine, nó aghlot ar mhaoin den sórt sin trí scríobh nó trí mharcanna eile a chur uirthi;”.

(b) An méid seo a leanas a chur isteach sa mhíniú ar “tionónta” i ndiaidh “2000”:

“nó lena ligtear teaghais faoi chomhaontú tionóntachta Chaibidil 4 (de réir bhrí Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009)”.

2

Alt 3(1)

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(aa) arna ligean le tionónta faoi chomhaontú tionóntachta Chaibidil 4, nó”.

3

Alt 4A(b)

alt 30 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009” a chur in ionad “alt 9 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 1992”.

4

Alt 14

(a) I bhfo-alt (1)—

(i) na focail ó “D’ainneoin” síos go dtí “más rud é” agus na focail sin san áireamh a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad:

“D’ainneoin aon ní in Achtanna na dTithe 1966 go 2009, nó i scéim leithroinnte arna déanamh faoi alt 22 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009, féadfaidh údarás tithíochta diúltú teaghais a leithroinnt ar dhuine, nó leithroinnt na teaghaise air nó uirthi a iarchur, lena n-áirítear teaghais is ábhar do chomhaontú infhaighteachta cóiríochta cíosa (de réir bhrí an Achta sin), más rud é”,

(ii) i mír (a), “leithroinnt” a chur in ionad “ligean”, agus

(iii) i mír (b), “leithroinnt” a chur in ionad “iarratas ar an ligean”.

(b) An méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) D’ainneoin aon ní—

(a) i gCuid 3 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009 nó i socrú ceannaigh incrimintigh faoin gCuid 3 sin,

(b) i gCuid 4 den Acht sin, nó

(c) i gCuid 5 den Acht sin nó i socrú ceannaigh teaghaise incheannaithe faoin gCuid 5 sin, nó

(d) in alt 90 d’Acht na dTithe 1966 (a cuireadh isteach le halt 26 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 1992) nó i scéim ceannaigh faoin alt sin 90,

féadfaidh údarás tithíochta diúltú teaghais a dhíol—

(i) i gcás socrú ceannaigh incriminteach, le teaghlach incháilithe (de réir bhrí Chuid 3 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009),

(ii) i gcás Chuid 4 den Acht sin, le tionónta,

(iii) i gcás socrú ceannaigh teaghaise incheannaithe, le teaghlach incháilithe (de réir bhrí Chuid 5 den Acht sin), nó

(iv) i gcás alt 90 d’Acht na dTithe 1966, le tionónta,

i gcás go measann an t-údarás go bhfuil nó go raibh an tionónta sin nó an teaghlach incháilithe sin nó aon duine den teaghlach incháilithe nó de theaghlach an tionónta, de réir mar a bheidh, ag gabháil d’iompar frithshóisialta nó nár ar mhaithe le dea-bhainistiú eastáit é teaghais a dhíol leis an teaghlach incháilithe sin nó leis an tionónta sin.”.

5

Alt 15

An méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Féadfaidh údarás tithíochta, chun críocha aon cheann dá chuid feidhmeanna faoi Achtanna na dTithe, 1966 go 2009, nó faoi Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbartha 2000, faisnéis a iarraidh ar údarás tithíochta eile nó ar dhuine sonraithe ar faisnéis í a bhaineann le duine—

(a) atá ag iarraidh tí nó láithreáin ar an údarás nó ag iarraidh carbhán a áitiú ar láithreán nó a bhfuil cónaí air nó uirthi i dteach, nó a bheartaíonn cónaí a dhéanamh i dteach, arna sholáthar ag an údarás nó ag comhlacht ceadaithe, lena n[html]áirítear teach is ábhar do chomhaontú infhaighteachta cóiríochta cíosa, nó atá ag iarraidh nó ag fáil aon tacaíochta tithíochta eile (de réir bhrí Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009) faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009, nó

(b) nó a measann an t[html]údarás ina leith go bhféadfadh sé go bhfuil sé nó sí ag gabháil d’iompar frithshóisialta,

agus, d’ainneoin aon ní atá in aon achtachán, féadfaidh an t[html]údarás tithíochta eile sin nó an duine sonraithe eile an fhaisnéis a thabhairt don údarás tithíochta atá á hiarraidh.”.

CUID 6

Leasuithe ar Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil) 1998

Ítim

An fhoráil dá ndéantar difear

An Leasú

(1)

(2)

(3)

1

Alt 6

(a) An méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Déanfaidh údarás tithíochta iomchuí, chun clár a ullmhú faoi alt 7, agus cibé tráthanna eile a shonróidh an tAire le hordachán, i leith an limistéir feidhme lena mbaineann, measúnacht a dhéanamh ar riachtanais chóiríochta an luchta siúil a measúnaítear faoi alt 20 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009 mar dhaoine atá cáilithe le haghaidh tacaíochta do thithíocht shóisialta (de réir bhrí an Achta sin), ar a n-áirítear an riachtanas maidir le láithreáin.”.

(b) Fo-alt (2) a scriosadh.

(c) An méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Sula ndéantar measúnacht faoin alt seo, tabharfaidh an t-údarás tithíochta iomchuí fógra míosa go bhfuil sé ar intinn aige déanamh amhlaidh—

(a) do gach údarás áitiúil a bhfuil a limistéar riaracháin tadhlach le limistéar feidhme an údaráis a bheidh ag ullmhú cláir faoi alt 7 nó sa limistéar feidhme sin,

(b) d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte,

(c) do chomhlachtaí ceadaithe atá ag gabháil do chóiríocht nó dídean a sholáthar sa limistéar feidhme lena mbaineann,

(d) d’aon choiste comhairleach áitiúil sa limistéar feidhme lena mbaineann, agus

(e) do cibé comhlachtaí pobail áitiúla sa limistéar feidhme lena mbaineann agus d’aon duine eile is cuí leis an údarás tithíochta.”.

(d) I bhfo-alt (4), an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(aa) aon achoimre ar na measúnachtaí ar thithíocht shóisialta arna n-ullmhú faoi alt 21 (c) d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009,”.

(e) I bhfo-alt (6), “i ndáil le haon achoimre ar mheasúnachtaí ar thithíochta sóisialta dá dtagraítear i bhfo-alt 4(aa), cibé faisnéis maidir leis an lucht siúil, a shonróidh an tAire le hordachán, a chur ar fáil ” a chur in ionad “i ndáil le measúnacht arna déanamh acu faoi alt 9 d'Acht 1988, cibé faisnéis maidir leis an lucht siúil, a shonróidh an tAire le hordachán, a chur ar fáil ón measúnacht”.

(f) Fo-alt (7) a scriosadh.

2

Alt 10(2)

(a) I mír (a), na focail ó “agus aon” go dtí deireadh na míre a scriosadh.

(b) I mír (b), “san achoimre is déanaí ar mheasúnachtaí ar thithíocht shóisialta arna n-ullmhú ag údarás tithíochta faoi alt 21 (c) d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009” a chur in ionad “sa mheasúnacht is déanaí a rinne údarás tithíochta faoi alt 9 d’Acht 1998”.

CUID 7

Leasuithe ar an Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000

Ítim

An fhoráil dá ndéantar difear

An Leasú

(1)

(2)

(3)

1

Alt 93

(a) An méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Sa Chuid seo—

ciallaíonn ‘straitéis tithíochta’ straitéis atá san áireamh i bplean forbartha de réir alt 94(1);

ciallaíonn ‘margadhluach’, i ndáil le teach, an praghas a gheofaí ar fheo simplí neamhualaithe an tí dá ndíolfaí ar an margadh oscailte é;

ciallaíonn ‘morgáiste’ iasacht chun teach a cheannach a bheidh urraithe le morgáiste nach mó a méid ná 90 faoin gcéad de phraghas an tí.”.

(b) Fo-ailt (2) agus (3) a scriosadh.

2

Alt 94

(a) I bhfo-alt (2), “ar an achoimre is déanaí ar mheasúnachtaí ar thithíocht shóisialta a ullmhófar faoi alt 21 (a) d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009” a chur in ionad “ar an measúnacht nó ar na measúnachtaí ar thithíocht is déanaí a rinneadh faoi alt 9 d’ Acht na dTithe, 1988 ,”.

(b) I bhfo-alt (4)—

(i) i mír (a), an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (i) agus (ii):

“(i) ar an méid tithíochta d’fhonn tacaíocht do thithíocht shóisialta de réir bhrí Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009 a sholáthar, agus

(ii) ar an méid tithíochta do theaghlaigh incháilithe (de réir bhrí alt 78 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009,”,

agus

(ii) mír (b) a scriosadh,

(c) I bhfo-alt (5)(a), an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (v):

“(va) an líon teaghlach a rinne iarratas chun teaghais incheannaithe a cheannach faoi shocrú ceannaigh teaghaise incheannaithe faoi Chuid 5 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009;”.

3

Alt 96

(a) An méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (12)—

“(12) Déanfar cuntas ar leithligh a thabhairt ar aon mhéid dá dtagraítear i bhfo-alt (11) agus ar aon mhéid arna íoc le húdarás pleanála de réir fho-alt (3)(b)(vi), (vii) nó (viii) agus ní úsáidfear an céanna ach amháin mar chaipiteal le haghaidh a chuid feidhmeanna i ndáil le tithíocht a sholáthar faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009, lena n-áirítear íocaíochtaí a dhéanamh faoi alt 94 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009 isteach sa Chiste Teaghaisí Incheannaithe arna bhunú faoi Chuid 5 den Acht sin.”.

(b) I bhfo-alt (13)(a), “is gá le haghaidh teaghlach arna mheasúnú faoi alt 20 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009 mar theaghlaigh atá cáilithe le haghaidh tacaíochta do thithíocht shóisialta” a chur in ionad “do dhaoine dá dtagraítear in alt 9(2) d’ Acht na dTithe, 1988 ”.

CUID 8

Leasú ar an Acht um Chlárú Sibhialta 2004

Ítim

An fhoráil dá ndéantar difear

An Leasú

(1)

(2)

(3)

1

Alt 66(1)(j)

An méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii)—

“(ii) cíos nó íocaíocht eile faoi alt 31 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009 a chinneadh, nó”.

CUID 9

Leasú ar an Acht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005

Ítim

(1)

An fhoráil dá ndéantar difear

An leasú

(3)

1

Alt 265(1)

An méid seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (i), (ii) agus (iii) de mhír (b) den mhíniú ar “críoch iomchuí”—

“(i) measúnacht ar thithíocht shóisialta a dhéanamh faoi alt 20 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009,

(ii) teaghais a leithroinnt faoi alt 22 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009,

(iii) cíos nó aon mhuirear eile a chinneadh faoi alt 31 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009,”.

SCEIDEAL 3

Téarmaí agus Coinníollacha Comhaontaithe Tionóntachta

Alt 29 .

Déanfar na téarmaí agus na coinníollacha seo a leanas a chur san áireamh i ngach comhaontú tionóntachta:

(a) ainm an tionónta, nó i gcás níos mó ná aon tionónta amháin a bheith ann, ainmneacha na dtionóntaí sin;

(b) téarmaí an ligin lena n-áirítear srianta le ceannach agus le háitiú na teaghaise agus coinníollacha lena dtoirmisctear an teaghais a fhágáil folamh, a fholigean, a shannadh nó scaradh ar shlí eile le seilbh ar an teaghais nó ar aon chuid di;

(c) coinníollacha a bhaineann le foirceannadh na tionóntachta, agus nósanna imeachta ina chomhair sin, lena n-áirítear i gcomhair sárú ar aon cheann de théarmaí nó de choinníollacha an chomhaontaithe tionóntachta;

(d) mionsonraí an chíosa agus aon mhuirear eile is iníoctha, lena n-áirítear nósanna imeachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcíos;

(e) na tráthanna ar a mbeidh cíos agus aon mhuirir eile iníoctha agus an modh ar a n-íocfar iad;

(f) na nósanna imeachta chun riaráistí cíosa, mar aon le haon ús is iníoctha orthu sin, nó aon mhuirir eile is iníoctha a ghnóthú;

(g) na hoibleagáidí ar thionónta i ndáil leis an teaghais nó an láithreán a choimeád i mbailriocht agus i ndea-bhail, lena n-áirítear srianta le hainmhithe a choimeád, comharthaíocht a chur in airde nó an teaghais a oiriúnú nó a athrú ar shlí eile;

(h) srianta le haon athrú ar úsáid na teaghaise;

(i) socrú a dhéanamh maidir le cibé rochtain a mbeidh gá réasúnach léi ag oifigigh nó gníomhairí a bheidh údaraithe ag an údarás tithíochta chun críocha chomhlíonadh a fheidhmeanna ag an údarás tithíochta faoi Achtanna na dTithe 1966 go 2009;

(j) na hoibleagáidí ar thionónta aon núis ar áititheoirí aon teaghaise eile a sheachaint;

(k) na nósanna imeachta a bhfuil feidhm acu i gcás inar mian le tionónta aistriú go dtí teaghais eile arna soláthar ag an údarás;

(l) téarmaí agus coinníollacha—

(i) a bhaineann le hiompar frithshóisialta, sa teaghais nó i gcomharsanacht na teaghaise, ag tionónta nó ag aon duine dá theaghlach nó dá teaghlach nó ag aon duine eile a bhfuil cónaí air nó uirthi sa teaghais nó atá go dleathach sa teaghais, agus

(ii) lena dtoirmisctear ar an tionónta a cheadú go feasach do dhuine, is duine a bhfuil ordú eisiata faoi alt 3 d’Acht 1997 nó ordú eisiata eatramhach faoi alt 4 den Acht sin i bhfeidhm ina choinne nó ina coinne i leith na teaghaise lena mbaineann, dul isteach sa teaghais de shárú ar an ordú eisiata nó ar an ordú eisiata eatramhach, de réir mar a bheidh.

SCEIDEAL 4

Faisnéis a Bheidh le hÁireamh i gComhaontú Seirbhísí Maoine

Alt 73 .

Beidh na nithe seo a leanas ar áireamh i gcomhaontú seirbhísí maoine—

1. Ainm agus seoladh an chomhlachta shonraithe

2. Ainm agus oifig chláraithe na cuideachta bainistíochta

3. Mionsonraí faoin mórláthair árasán ainmnithe is ábhar don chomhaontú

4. Sonraí maidir leis na seirbhísí atá le soláthar ag an gcomhlacht sonraithe faoin gcomhaontú, lena n-áirítear seirbhísí bainistíochta maoine agus soláthar foirne

5. Méid na táille nó na dtáillí is iníoctha ag an gcuideachta bainistíochta faoin gcomhaontú agus na himthosca ina dtagann an táille nó na táillí chun bheith iníoctha, na nósanna imeachta a bhaineann leis an táille nó na táillí a bhailiú, lena n-áirítear nósanna imeachta chun aon táille den sórt sin a bhailiú i gcás nach ndéanann an chuideachta bainistíochta íocaíocht

6. An tréimhse ar lena linn a bheidh éifeacht leis an gcomhaontú

7. An tréimhse fógra atá le tabhairt i gcás an t-údarás tithíochta nó an chuideachta bainistíochta d’fhoirceannadh an chomhaontaithe

8. Mionsonraí maidir le hárachas slánaíochta gairmiúla an chomhlachta shonraithe

9. Mionsonraí maidir leis na taifid atá le coimeád ag an gcomhlacht sonraithe i leith na seirbhísí a sholáthar faoin gcomhaontú

10. Nósanna imeachta gearán agus sásamh arna mbunú ag an gcomhlacht sonraithe

11. Clár ama chun seirbhísí a sheachadadh faoin gcomhaontú

12. Sonraí maidir le seirbhísí lasmuigh de na gnáthuaireanta le haghaidh éigeandálaí

13. Oibleagáidí tuairiscithe an chomhlachta shonraithe don chuideachta bainistíochta.