25 2009

/images/harp.jpg


Uimhir 25 de 2009


AN tACHT SLÁINTE (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA) 2009

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1 . Gearrtheideal, lua, forléiriú agus tosach feidhme.

2 . Mínithe.

3 . Caiteachais.

CUID 2

An Chomhairle Náisiúnta um Dhul in Aois agus Daoine Scothaosta a Dhíscaoileadh

4 . Míniú.

5 . An Chomhairle a dhíscaoileadh.

6 . Cearta agus dliteanais a aistriú.

7 . Maoin áirithe a aistriú.

8 . Cuntais chríochnaitheacha.

9 . Tuarascáil chríochnaitheach.

10 . Imeachtaí dlí atá ar feitheamh.

11 . Conarthaí áirithe a choimeád ar marthain agus tagairtí áirithe don iarChomhairle a oiriúnú.

12 . Fostaithe a aistriú.

13 . Taifid na Comhairle.

14 . Cúlghairm.

CUID 3

Comhairle Sláinte na mBan a Dhíscaoileadh

15 . Míniú.

16 . An Chomhairle a dhíscaoileadh.

17 . Cearta agus dliteanais a aistriú.

18 . Maoin áirithe a aistriú.

19 . Cuntais chríochnaitheacha.

20 . Tuarascáil chríochnaitheach.

21 . Imeachtaí dlí atá ar feitheamh.

22 . Conarthaí áirithe a choimeád ar marthain agus tagairtí áirithe don iarChomhairle a oiriúnú.

23 . Oifigigh a aistriú.

24 . Taifid na Comhairle.

25 . Cúlghairm.

CUID 4

An Bord Náisiúnta um Sheirbhís Scagtha Ailse a Dhíscaoileadh

26 . Míniú.

27 . An Bord a dhíscaoileadh.

28 . Cearta agus dliteanais a aistriú.

29 . Maoin áirithe a aistriú.

30 . Cuntais chríochnaitheacha.

31 . Tuarascáil chríochnaitheach.

32 . Imeachtaí dlí atá ar feitheamh.

33 . Conarthaí áirithe a choimeád ar marthain agus tagairtí áirithe don iarBhord a oiriúnú.

34 . Foireann a aistriú.

35 . Taifid an Bhoird.

36 . Cúlghairm.

CUID 5

Bord an Lárionaid Cóireála Drugaí a Dhíscaoileadh

37 . Míniú.

38 . An Bord a dhíscaoileadh.

39 . Cearta agus dliteanais a aistriú.

40 . Maoin áirithe a aistriú.

41 . Cuntais chríochnaitheacha.

42 . Tuarascáil chríochnaitheach.

43 . Imeachtaí dlí atá ar feitheamh.

44 . Conarthaí áirithe a choimeád ar marthain agus tagairtí áirithe don iarBhord a oiriúnú.

45 . Fostaithe a aistriú.

46 . Taifid an Bhoird.

47 . Cúlghairm

CUID 6

An Ghníomhaireacht um Thoirchis Ghéarchéime a Dhíscaoileadh

48 . Mínithe.

49 . An Ghníomhaireacht a dhíscaoileadh.

50 . Feidhmeanna a aistriú.

51 . Cearta agus dliteanais a aistriú.

52 . Maoin áirithe a aistriú.

53 . Cuntais chríochnaitheacha.

54 . Tuarascáil chríochnaitheach.

55 . Imeachtaí dlí atá ar feitheamh.

56 . Conarthaí áirithe a choimeád ar marthain agus tagairtí áirithe don iarGhníomhaireacht a oiriúnú.

57 . Oifigigh a aistriú.

58 . Taifid na Gníomhaireachta.

59 . Cúlghairm.

CUID 7

An tAire d’Fheidhmiú Feidhmeanna Áirithe a Bhaineann le hAoisliúntas

60 . An tAire d’fheidhmiú feidhmeanna áirithe a bhaineann le haoisliúntas.

CUID 8

Leasuithe Ilghnéitheacha

61 . Leasú ar alt 53 den Acht Sláinte 1970.

62 . Leasú ar an Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997.

63 . Leasú ar an Acht Meabhair-Shláinte 2001.

64 . Leasú ar an Acht Sláinte 2007.

65 . Leasú ar an Ordú fán mBord um an gClárlann Náisiúnta Ailse (Bunú) 1991.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna um Shaoire Uchtaíoch 1995 agus 2005

An tAcht um Shaoire Cúramóra 2001

2001, Uimh. 19

Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse 1956 go 2005

An tAcht Sláinte 1970

1970, Uimh. 1

An tAcht Sláinte 2004

2004, Uimh. 42

An tAcht Sláinte 2007

2007, Uimh. 23

Na hAchtanna Sláinte 1947 go 2008

An tAcht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C (Leasú) 2006

2006, Uimh. 22

An tAcht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997

1997, Uimh. 34

An tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas) 1980

1980, Uimh. 8

Na hAchtanna um Chosaint Mháithreachais 1994 agus 2004

An tAcht Meabhair-Shláinte 2001

2001, Uimh. 25

Na hAchtanna Meabhair-Shláinte 2001 agus 2008

Na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta 1973 go 2005

An tAcht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009

2009, Uimh. 15

An tAcht um Eagrú Ama Oibre 1997

1997, Uimh. 20

Na hAchtanna um Shaoire do Thuismitheoirí 1998 agus 2006

An tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe) 2003

2003, Uimh. 29

An tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001

2001, Uimh. 45

An t Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004

2004, Uimh. 33

Na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967 go 2007

Na hAchtanna um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994 agus 2001

Na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 25 de 2009


AN tACHT SLÁINTE (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA) 2009

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AN CHOMHAIRLE NÁISIÚNTA UM DHUL IN AOIS AGUS DAOINE SCOTHAOSTA, COMHAIRLE SLÁINTE NA mBAN, AN BORD NÁISIÚNTA UM SHEIRBHÍS SCAGTHA AILSE, BORD AN LÁRIONAID CÓIREÁLA DRUGAÍ AGUS AN GHNÍOMHAIREACHT UM THOIRCHIS GHÉARCHÉIME A DHÍSCAOILEADH, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LEIS AN AIRE SLÁINTE AGUS LEANAÍ D’FHEIDHMIÚ FEIDHMEANNA ÁIRITHE A BHAINEANN LE hAOISLIÚNTAS, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AN tACHT SLÁINTE 1970, AN tACHT UM BINSE CÚITIMH I nDÁIL LE HEIPITÍTEAS C 1997, AN tACHT MEABHAIR-SHLÁINTE 2001, AN tACHT SLÁINTE 2007 AGUS AN tORDÚ FÁN mBORD UM AN gCLÁRLANN NÁISIÚNTA AILSE (BUNÚ) 1991 A LEASÚ AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[21 Iúil, 2009]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, lua, forléiriú agus tosach feidhme.

1 .— (1) Féadfar an tAcht Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Meabhair-Shláinte 2001 go 2009 a ghairm de na hAchtanna Meabhair-Shláinte 2001 agus 2008 agus d’alt 63 le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

(3) Féadfar na hAchtanna Sláinte 1947 go 2009 a ghairm de na hAchtanna Sláinte 1947 go 2008 agus d’alt 64 le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

(4) Tiocfaidh an tAcht seo, seachas ailt 60 go 64, i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Mínithe.

2 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Feidhmeannacht” Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte;

ciallaíonn “Aire” an tAire Sláinte agus Leanaí.

Caiteachais.

3 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID 2

An Chomhairle Náisiúnta um Dhul in Aois agus Daoine Scothaosta a Dhíscaoileadh

Míniú.

4 .— Sa Chuid seo, ciallaíonn “Comhairle” an Chomhairle Náisiúnta um Dhul in Aois agus Daoine Scothaosta.

An Chomhairle a dhíscaoileadh.

5 .— Díscaoiltear an Chomhairle.

Cearta agus dliteanais a aistriú.

6 .— (1) Gach ceart agus dliteanas de chuid na Comhairle a eascraíonn de bhua aon chonartha nó gealltanais (sainráite nó intuigthe) arna dhéanamh nó arna thabhairt ag an gComhairle roimh thosach feidhme na Coda seo, beidh sé, ar an tosach feidhme sin, arna aistriú chuig an Aire.

(2) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear le fo-alt (1), féadfaidh an tAire, ar dháta an aistrithe agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú ina ainm féin nó ina hainm féin nó féadfar agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm i gcoinne an Aire, ina ainm féin nó ina hainm féin agus ní gá don Aire fógra faoin aistriú sin a thabhairt don duine a ndéantar a cheart nó a ceart nó a dhliteanas nó a dliteanas a aistriú leis an bhfo-alt seo.

Maoin áirithe a aistriú.

7 .— (1) An talamh uile a bhí dílsithe, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, don Chomhairle agus gach ceart, gach cumhacht agus gach pribhléid a bhaineann nó a ghabhann leis an talamh sin, beidh siad, ar an tosach feidhme sin, arna n-aistriú chuig an Aire agus arna ndílsiú don Aire, gan aon tíolacadh nó sannadh.

(2) Gach maoin seachas talamh (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, ina maoin de chuid na Comhairle, beidh sí, ar an tosach feidhme sin, arna haistriú chuig an Aire gan aon sannadh.

(3) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear le fo-alt (2), féadfaidh an tAire, ar thosach feidhme na Coda seo agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú ina ainm nó ina hainm agus ní gá don Aire fógra faoin aistriú a dhéantar leis an bhfo-alt sin a thabhairt d’aon duine atá faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean.

(4) Aon airgead, stoic, scaireanna agus urrúis a aistrítear chuig an Aire le fo-alt (2) agus atá, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, in ainm na Comhairle, déanfar, ar an Aire á iarraidh sin, iad a aistriú isteach ina ainm nó ina hainm.

Cuntais chríochnaitheacha.

8 .— (1) A luaithe is féidir tar éis thosach feidhme na Coda seo, ach tráth nach déanaí ná bliain dá éis sin, cuirfidh an tAire faoi deara cuntais chríochnaitheacha na Comhairle a ullmhú, i leith bhliain chuntasaíochta nó i leith an chuid de bhliain chuntasaíochta na Comhairle dar críoch díreach roimh thosach feidhme na Coda seo.

(2) Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir, na cuntais a ullmhófar de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh, agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip de na cuntais arna n-iniúchadh agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a thíolacadh don Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de na cuntais iniúchta sin agus den tuarascáil sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil chríochnaitheach.

9 .— (1) A luaithe is féidir tar éis thosach feidhme na Coda seo, ach tráth nach déanaí ná bliain dá éis sin, cuirfidh an tAire faoi deara tuarascáil chríochnaitheach ar ghníomhaíochtaí na Comhairle a ullmhú i leith cibé tréimhse nach raibh ina hábhar do thuarascáil don Aire cheana féin agus ar tréimhse í dar críoch díreach roimh thosach feidhme na Coda seo.

(2) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Imeachtaí dlí atá ar feitheamh.

10 .— Más rud é, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, go mbeidh aon imeachtaí dlí a bhfuil an Chomhairle ina páirtí iontu ar feitheamh, déanfar ainm an Aire a chur in ionad ainm na Comhairle sna himeachtaí agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an gcur in ionad sin.

Conarthaí áirithe a choimeád ar marthain agus tagairtí áirithe don iarChomhairle a oiriúnú.

11 .— Gach conradh nó comhaontú a bheidh déanta idir an Chomhairle, nó aon iontaobhaí nó gníomhaire de chuid na Comhairle a bheidh ag gníomhú thar a ceann, agus aon duine eile, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm agus forléireofar é agus beidh éifeacht leis amhail is dá gcuirfí an tAire ann in ionad na Comhairle nó, de réir mar a bheidh, in ionad iontaobhaí nó ghníomhaire na Comhairle a bheidh ag gníomhú thar a ceann, agus beidh an conradh nó an comhaontú infhorfheidhmithe i gcoinne an Aire.

Fostaithe a aistriú.

12 .— (1) Gach duine a bheidh, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, ina fhostaí nó ina fostaí den Chomhairle, beidh, ar an tosach feidhme sin, post neamhbhunaithe sa Státseirbhís aige nó aici.

(2) Ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann, aon duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ní lú tairbhe dó nó di, ar thosach feidhme na Coda seo, na coinníollacha luacha saothair ar a gcuirfear é nó í ná na coinníollacha luacha saothair a raibh sé nó sí faoina réir díreach roimh thosach feidhme na Coda seo.

(3) Beidh seirbhís roimh ré de chuid duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ináirithe chun críocha na nAchtanna seo a leanas, ach sin faoi réir aon eisceachtaí nó eisiamh atá iontu:

(a) na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967 go 2007;

(b) an tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001;

(c) an tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe) 2003;

(d) an tAcht um Eagrú Ama Oibre 1997;

(e) na hAchtanna um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994 agus 2001;

(f) na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta 1973 go 2005;

(g) na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2007;

(h) na hAchtanna um Chosaint Mháithreachais 1994 agus 2004;

(i) na hAchtanna um Shaoire do Thuismitheoirí 1998 agus 2006;

(j) na hAchtanna um Shaoire Uchtaíoch 1995 agus 2005;

(k) an tAcht um Shaoire Cúramóra 2001.

(4) Maidir le haon sochair aoisliúntais a dhámhfar do dhuine nó i leith duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus leis na téarmaí a bhaineann leis na sochair sin, ní lú fabhar iad ná na sochair agus na téarmaí sin ab infheidhme maidir leis an duine sin nó i leith an duine sin díreach roimh thosach feidhme na Coda seo.

(5) Ar thosach feidhme na Coda seo, tiocfaidh íocaíochtaí pinsin agus dliteanais aoisliúntais eile na Comhairle i leith a hiarfhostaithe chun bheith ina ndliteanais de chuid an Aire Airgeadais.

(6) Déanfaidh duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) cibé dualgais a ghabháil de láimh a ordóidh an tAire ó am go ham.

(7) Aon duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1), beidh sé nó sí faoi réir Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse 1956 go 2005 agus ar fostú de réir na nAchtanna sin.

(8) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 2004” an tAcht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004;

tá le “Státseirbhís” an bhrí a shanntar dó le hAcht 2004;

ciallaíonn “ceardchumann nó comhlachas foirne aitheanta” ceardchumann nó comhlachas foirne atá aitheanta ag an Aire chun críocha caibidlí a bhaineann le luach saothair nó le coinníollacha fostaíochta nó coinníollacha oibre na ndaoine lena mbaineann;

tá le “post neamhbhunaithe” an bhrí a shanntar dó le hAcht 2004.

Taifid na Comhairle.

13 .— Gach taifead a shealbhóidh an Chomhairle díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, beidh sé, ar an tosach feidhme sin, arna aistriú chuig an Aire agus measfar, amhail ar an agus ón tosach feidhme sin, é a bheith i seilbh an Aire.

Cúlghairm.

14 .— Cúlghairtear an tOrdú fán gComhairle Náisiúnta um Dhul in Aois agus Daoine Scothaosta (Bunú) 1997 (I.R. Uimh. 120 de 1997).

CUID 3

Comhairle Sláinte na mBan a Dhíscaoileadh

Míniú.

15 .— Sa Chuid seo ciallaíonn “Comhairle” Comhairle Sláinte na mBan.

An Chomhairle a dhíscaoileadh.

16 .— Díscaoiltear an Chomhairle.

Cearta agus dliteanais a aistriú.

17 .— (1) Gach ceart agus dliteanas de chuid na Comhairle a eascraíonn de bhua aon chonartha nó gealltanais (sainráite nó intuigthe) arna dhéanamh nó arna thabhairt ag an gComhairle roimh thosach feidhme na Coda seo, beidh sé, ar an tosach feidhme sin, arna aistriú chuig an Aire.

(2) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear le fo-alt (1), féadfaidh an tAire, ar dháta an aistrithe agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú ina ainm féin nó ina hainm féin nó féadfar agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm i gcoinne an Aire, ina ainm féin nó ina hainm féin agus ní gá don Aire fógra faoin aistriú sin a thabhairt don duine a ndéantar a cheart nó a ceart nó a dhliteanas nó a dliteanas a aistriú leis an bhfo-alt seo.

Maoin áirithe a aistriú.

18 .— (1) An talamh uile a bhí dílsithe, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, don Chomhairle agus gach ceart, gach cumhacht agus gach pribhléid a bhaineann nó a ghabhann leis an talamh sin, beidh siad, ar an tosach feidhme sin, arna n-aistriú chuig an Aire agus arna ndílsiú don Aire, gan aon tíolacadh nó sannadh.

(2) Gach maoin seachas talamh (lena n-áirítear ábhair i gcaingean) a bhí, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, ina maoin de chuid na Comhairle, beidh sí, ar an tosach feidhme sin, arna haistriú chuig an Aire gan aon sannadh.

(3) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear le fo-alt (2) féadfaidh an tAire, ar thosach feidhme na Coda seo agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú ina ainm nó ina hainm féin agus ní gá don Aire fógra faoin aistriú a dhéantar leis an bhfo-alt sin a thabhairt d’aon duine atá faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean.

(4) Aon airgead, stoic, scaireanna agus urrúis a aistrítear chuig an Aire le fo-alt (2) agus atá, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, in ainm na Comhairle, déanfar, ar an Aire á iarraidh sin, iad a aistriú isteach ina ainm nó ina hainm.

Cuntais chríochnaitheacha.

19 .— (1) A luaithe is féidir tar éis thosach feidhme na Coda seo, ach tráth nach déanaí ná bliain dá éis sin, cuirfidh an tAire faoi deara cuntais chríochnaitheacha na Comhairle a ullmhú, i leith bhliain chuntasaíochta nó an chuid de bhliain chuntasaíochta na Comhairle dar críoch díreach roimh thosach feidhme na Coda seo.

(2) Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir, na cuntais a ullmhófar de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh, agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip de na cuntais arna n-iniúchadh agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a thíolacadh don Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de na cuntais iniúchta sin agus den tuarascáil sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil chríochnaitheach.

20 .— (1) A luaithe is féidir tar éis thosach feidhme na Coda seo, ach tráth nach déanaí ná bliain dá éis sin, cuirfidh an tAire faoi deara tuarascáil chríochnaitheach ar ghníomhaíochtaí na Comhairle a ullmhú i leith cibé tréimhse nach raibh ina hábhar do thuarascáil don Aire cheana féin agus ar tréimhse í dar críoch díreach roimh thosach feidhme na Coda seo.

(2) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Imeachtaí dlí atá ar feitheamh.

21 .— Más rud é, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, go mbeidh aon imeachtaí dlí a bhfuil an Chomhairle ina páirtí iontu ar feitheamh, déanfar ainm an Aire a chur in ionad ainm na Comhairle sna himeachtaí agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an gcur in ionad sin.

Conarthaí áirithe a choimeád ar marthain agus tagairtí áirithe don iarChomhairle a oiriúnú.

22 .— Gach conradh nó comhaontú a bheidh déanta idir an Chomhairle, nó aon iontaobhaí nó gníomhaire de chuid na Comhairle a bheidh ag gníomhú thar a ceann, agus aon duine eile, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm agus forléireofar é agus beidh éifeacht leis amhail is dá gcuirfí an tAire ann in ionad na Comhairle nó, de réir mar a bheidh, in ionad iontaobhaí nó ghníomhaire na Comhairle a bheidh ag gníomhú thar a ceann, agus beidh an conradh nó an comhaontú infhorfheidhmithe i gcoinne an Aire.

Oifigigh a aistriú.

23 .— (1) (a) Faoi réir mhír (b), gach duine a bheidh, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, ina oifigeach nó ina hoifigeach don Chomhairle, beidh, ar an tosach feidhme sin, post neamhbhunaithe sa Státseirbhís aige nó aici.

(b) Gach duine a bheidh, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, ina fhostaí nó ina fostaí téarma shocraithe den Chomhairle, beidh, ar an tosach feidhme sin, post neamhbhunaithe mar fhostaí téarma shocraithe den Aire aige nó aici ar feadh ré a chonartha nó a conartha fostaíochta.

(2) Ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann, aon duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ní lú tairbhe dó nó di, ar thosach feidhme na Coda, na coinníollacha luacha saothair ar a gcuirfear é nó í ná na coinníollacha luacha saothair a raibh sé nó sí faoina réir díreach roimh thosach feidhme na Coda seo.

(3) Beidh seirbhís roimh ré de chuid duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ináirithe chun críocha na nAchtanna seo a leanas, ach sin faoi réir aon eisceachtaí nó eisiamh atá iontu:

(a) na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967 go 2007;

(b) an tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001;

(c) an tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe) 2003;

(d) an tAcht um Eagrú Ama Oibre 1997;

(e) na hAchtanna um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994 agus 2001;

(f) na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta 1973 go 2005;

(g) na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2007;

(h) na hAchtanna um Chosaint Mháithreachais 1994 agus 2004;

(i) na hAchtanna um Shaoire do Thuismitheoirí 1998 agus 2006;

(j) na hAchtanna um Shaoire Uchtaíoch 1995 agus 2005;

(k) an tAcht um Shaoire Cúramóra 2001.

(4) Maidir le haon sochair aoisliúntais a dhámhfar do dhuine nó i leith duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus leis na téarmaí a bhaineann leis na sochair sin, ní lú fabhar iad ná na sochair agus na téarmaí sin ab infheidhme maidir leis an duine sin nó i leith an duine sin díreach roimh thosach feidhme na Coda seo.

(5) Ar thosach feidhme na Coda seo, tiocfaidh íocaíochtaí pinsin agus dliteanais aoisliúntais eile na Comhairle i leith a hiaroifigeach chun bheith ina ndliteanais de chuid an Aire Airgeadais.

(6) Déanfaidh duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) cibé dualgais a ghabháil de láimh a ordóidh an tAire ó am go ham.

(7) Aon duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1), beidh sé nó sí faoi réir Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse 1956 go 2005 agus ar fostú de réir na nAchtanna sin.

(8) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 2004” an tAcht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004;

tá le “ Státseirbhís ” an bhrí a shanntar dó le hAcht 2004;

tá le “ conradh fostaíochta ” an bhrí a shanntar dó leis an Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe) 2003;

tá le “ fostaí téarma shocraithe ” an bhrí a shanntar dó leis an Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe) 2003;

ciallaíonn “ ceardchumann nó comhlachas foirne aitheanta ” ceardchumann nó comhlachas foirne atá aitheanta ag an Aire chun críocha caibidlí a bhaineann le luach saothair nó le coinníollacha fostaíochta, nó le coinníollacha oibre na ndaoine lena mbaineann;

tá le “ post neamhbhunaithe ” an bhrí a shanntar dó le hAcht 2004.

Taifid na Comhairle.

24 .— Gach taifead a shealbhóidh an Chomhairle díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, beidh sé, ar an tosach feidhme sin, arna aistriú chuig an Aire agus measfar, amhail ar an agus ón tosach feidhme sin, é a bheith i seilbh an Aire.

Cúlghairm.

25 .— Cúlghairtear an tOrdú um Chomhairle Sláinte na mBan (Bunú) 1997 (I.R. Uimh. 278 de 1997).

CUID 4

An Bord Náisiúnta um Sheirbhís Scagtha Ailse a Dhíscaoileadh

Míniú.

26 .— Sa Chuid seo ciallaíonn “Bord” an Bord Náisiúnta um Sheirbhís Scagtha Ailse.

An Bord a dhíscaoileadh.

27 .— Díscaoiltear an Bord.

Cearta agus dliteanais a aistriú.

28 .— (1) Gach ceart agus dliteanas de chuid an Bhoird a eascraíonn de bhua aon chonartha nó gealltanais (sainráite nó intuigthe) arna dhéanamh nó arna thabhairt ag an mBord roimh thosach feidhme na Coda seo, beidh sé, ar an tosach feidhme sin, arna aistriú chuig an bhFeidhmeannacht.

(2) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear le fo-alt (1), féadfaidh an Fheidhmeannacht, ar dháta an aistrithe agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú ina hainm féin nó féadfar agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm i gcoinne na Feidhmeannachta ina hainm féin agus ní gá don Fheidhmeannacht fógra faoin aistriú sin a thabhairt don duine a ndéantar a cheart nó a ceart nó a dhliteanas nó a dliteanas a aistriú leis an bhfo-alt seo.

Maoin áirithe a aistriú.

29 .— (1) An talamh uile a bhí dílsithe, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, don Bhord agus gach ceart, gach cumhacht agus gach pribhléid a bhaineann nó a ghabhann leis an talamh sin, beidh siad, ar an tosach feidhme sin, arna n-aistriú chuig an bhFeidhmeannacht agus arna ndílsiú don Fheidhmeannacht, gan aon tíolacadh nó sannadh.

(2) Gach maoin seachas talamh (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, ina maoin de chuid an Bhoird, beidh sí, ar an tosach feidhme sin, arna haistriú chuig an bhFeidhmeannacht gan aon sannadh.

(3) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear le fo-alt (2), féadfaidh an Fheidhmeannacht, ar thosach feidhme na Coda seo agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú ina hainm féin agus ní gá don Fheidhmeannacht fógra faoin aistriú a dhéantar leis an bhfo-alt sin a thabhairt d’aon duine atá faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean.

(4) Aon airgead, stoic, scaireanna agus urrúis a aistrítear chuig an bhFeidhmeannacht le fo-alt (2) agus atá, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, in ainm an Bhoird déanfar, ar an bhFeidhmeannacht á iarraidh sin, iad a aistriú isteach ina hainm.

Cuntais chríochnaitheacha.

30 .— (1) A luaithe is féidir tar éis thosach feidhme na Coda seo, ach tráth nach déanaí ná bliain dá éis sin, cuirfidh an Fheidhmeannacht faoi deara cuntais chríochnaitheacha an Bhoird a ullmhú, i leith bhliain chuntasaíochta nó an chuid de bhliain chuntasaíochta an Bhoird dar críoch díreach roimh thosach feidhme na Coda seo.

(2) Déanfaidh an Fheidhmeannacht, a luaithe is féidir, na cuntais a ullmhófar de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh, agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip de na cuntais arna n-iniúchadh agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a thíolacadh don Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de na cuntais iniúchta sin agus den tuarascáil sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil chríochnaitheach.

31 .— (1) A luaithe is féidir tar éis thosach feidhme na Coda seo, ach tráth nach déanaí ná bliain dá éis sin, cuirfidh an Fheidhmeannacht faoi deara tuarascáil chríochnaitheach don Aire ar ghníomhaíochtaí an Bhoird, lena n-áirítear cuntas ar fheidhmíocht an Bhoird i gcomparáid leis an bplean seirbhíse arna tháirgeadh faoi Airteagal 12(3) den Ordú fán mBord Náisiúnta um Sheirbhís Scagtha Ailse (Bunú) 2006 (I.R. Uimh. 632 de 2006), a ullmhú, i leith cibé tréimhse nach raibh ina hábhar do thuarascáil don Aire cheana féin agus ar tréimhse í dar críoch díreach roimh thosach feidhme na Coda seo.

(2) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Imeachtaí dlí atá ar feitheamh.

32 .— Más rud é, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, go mbeidh aon imeachtaí dlí a bhfuil an Bord ina pháirtí iontu ar feitheamh, déanfar ainm na Feidhmeannachta a chur in ionad ainm an Bhoird sna himeachtaí agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an gcur in ionad sin.

Conarthaí áirithe a choimeád ar marthain agus tagairtí áirithe don iarBhord a oiriúnú.

33 .— Gach conradh nó comhaontú a bheidh déanta idir an Bord, nó aon iontaobhaí nó gníomhaire dá chuid a bheidh ag gníomhú thar a cheann, agus aon duine eile, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm agus forléireofar é agus beidh éifeacht leis amhail is dá gcuirfí an Fheidhmeannacht ann in ionad an Bhoird nó, de réir mar a bheidh, in ionad iontaobhaí nó ghníomhaire an Bhoird a bheidh ag gníomhú thar a cheann, agus beidh an conradh nó an comhaontú infhorfheidhmithe i gcoinne na Feidhmeannachta.

Foireann a aistriú.

34 .— (1) Gach duine a bheidh, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann an Bhoird, déanfar, ar an tosach feidhme sin, é nó í a aistriú chuig foireann na Feidhmeannachta agus tiocfaidh sé nó sí chun bheith ina fhostaí nó ina fostaí den Fheidhmeannacht.

(2) Ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann, aon duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ní lú tairbhe dó nó di, ar thosach feidhme na Coda seo, na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear coinníollacha i ndáil le seilbh oifige) nó luacha saothair ar a gcuirfear é nó í ná na coinníollacha seirbhíse (lenan-áirítear coinníollacha i ndáil le seilbh oifige) nó luacha saothair a raibh sé nó sí faoina réir díreach roimh thosach feidhme na Coda seo.

(3) Beidh seirbhís roimh ré de chuid duine a aistrítear faoi fho-alt (1) ináirithe chun críocha na nAchtanna seo a leanas, ach sin faoi réir aon eisceachtaí nó eisiamh atá iontu:

(a) na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967 go 2007;

(b) an tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001;

(c) an tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe) 2003;

(d) an tAcht um Eagrú Ama Oibre 1997;

(e) na hAchtanna um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994 agus 2001;

(f) na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta 1973 go 2005;

(g) na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2007;

(h) na hAchtanna um Chosaint Mháithreachais 1994 agus 2004;

(i) na hAchtanna um Shaoire do Thuismitheoirí 1998 agus 2006;

(j) na hAchtanna um Shaoire Uchtaíoch 1995 agus 2005;

(k) an tAcht um Shaoire Cúramóra 2001.

(4) Maidir le haon sochair aoisliúntais a dhámhfar do dhuine nó i leith duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus leis na téarmaí a bhaineann leis na sochair sin, ní lú fabhar iad ná na sochair agus na téarmaí sin ab infheidhme maidir leis an duine sin nó i leith an duine sin díreach roimh thosach feidhme na Coda seo.

(5) Ar thosach feidhme na Coda seo, tiocfaidh íocaíochtaí pinsin agus dliteanais aoisliúntais eile an Bhoird i leith a iarchomhaltaí foirne chun bheith ina ndliteanais de chuid na Feidhmeannachta.

(6) Aon duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1), beidh sé nó sí faoi réir na nAchtanna Sláinte 1947 go 2008 agus ar fostú de réir na nAchtanna sin.

(7) San alt seo, ciallaíonn “ceardchumann nó comhlachas foirne aitheanta” ceardchumann nó comhlachas foirne atá aitheanta ag an bhFeidhmeannacht chun críocha caibidlí a bhaineann le luach saothair nó le coinníollacha fostaíochta, nó le coinníollacha oibre na ndaoine lena mbaineann

Taifid an Bhoird.

35 .— Gach taifead a shealbhóidh an Bord díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, beidh sé, ar an tosach feidhme sin, arna aistriú chuig an bhFeidhmeannacht agus measfar, amhail ar an agus ón tosach feidhme sin, é a bheith i seilbh na Feidhmeannachta.

Cúlghairm.

36 .— Cúlghairtear an tOrdú fán mBord Náisiúnta um Sheirbhís Scagtha Ailse (Bunú) 2006 (I.R. Uimh. 632 de 2006).

CUID 5

Bord an Lárionaid Cóireála Drugaí a Dhíscaoileadh

Míniú.

37 .— Sa Chuid seo ciallaíonn “Bord” Bord an Lárionaid Cóireála Drugaí.

An Bord a dhíscaoileadh.

38 .— Díscaoiltear an Bord.

Cearta agus dliteanais a aistriú.

39 .— (1) Gach ceart agus dliteanas de chuid an Bhoird a eascraíonn de bhua aon chonartha nó gealltanais (sainráite nó intuigthe) arna dhéanamh nó arna thabhairt ag an mBord roimh thosach feidhme na Coda seo, beidh sé, ar an tosach feidhme sin, arna aistriú chuig an bhFeidhmeannacht.

(2) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear le fo-alt (1), féadfaidh an Fheidhmeannacht, ar dháta an aistrithe agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú ina hainm féin nó féadfar agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm i gcoinne na Feidhmeannachta ina hainm féin agus ní gá don Fheidhmeannacht fógra faoin aistriú sin a thabhairt don duine a ndéantar a cheart nó a ceart nó a dhliteanas nó a dliteanas a aistriú leis an bhfo-alt seo.

Maoin áirithe a aistriú.

40 .— (1) An talamh uile a bhí dílsithe, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, don Bhord agus gach ceart, gach cumhacht agus gach pribhléid a bhaineann nó a ghabhann leis an talamh sin, beidh siad, ar an tosach feidhme sin, arna n-aistriú chuig an bhFeidhmeannacht agus arna ndílsiú don Fheidhmeannacht, gan aon tíolacadh nó sannadh.

(2) Gach maoin seachas talamh (lena n-áirítear ábhair i gcaingean) a bhí, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, ina maoin de chuid an Bhoird, beidh sí, ar an tosach feidhme sin, arna haistriú chuig an bhFeidhmeannacht gan aon sannadh.

(3) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear le fo-alt (2), féadfaidh an Fheidhmeannacht, ar thosach feidhme na Coda seo agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fheidhmiú ina hainm féin, agus ní gá don Fheidhmeannacht fógra faoin aistriú a dhéantar leis an bhfo-alt sin a thabhairt d’aon duine atá faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean.

(4) Aon airgead, stoic, scaireanna agus urrúis a aistrítear chuig an bhFeidhmeannacht le fo-alt (2) agus atá, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, in ainm an Bhoird déanfar, ar an bhFeidhmeannacht á iarraidh sin, iad a aistriú isteach ina hainm.

Cuntais chríochnaitheacha.

41 .— (1) A luaithe is féidir tar éis thosach feidhme na Coda seo, ach tráth nach déanaí ná bliain dá éis sin, cuirfidh an Fheidhmeannacht faoi deara cuntais chríochnaitheacha an Bhoird a ullmhú, i leith bhliain chuntasaíochta nó i leith an chuid de bhliain chuntasaíochta an Bhoird dar críoch díreach roimh thosach feidhme na Coda seo.

(2) Déanfaidh an Fheidhmeannacht, a luaithe is féidir, na cuntais a ullmhófar de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh, agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip de na cuntais arna n-iniúchadh agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a thíolacadh don Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de na cuntais iniúchta sin agus den tuarascáil sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil chríochnaitheach.

42 .— (1) A luaithe is féidir tar éis thosach feidhme na Coda seo, ach tráth nach déanaí ná bliain amháin dá éis sin, cuirfidh an Fheidhmeannacht faoi deara tuarascáil chríochnaitheach don Aire ar ghníomhaíochtaí an Bhoird a ullmhú, i leith cibé tréimhse nach raibh ina hábhar do thuarascáil don Aire cheana féin agus ar tréimhse í dar críoch díreach roimh thosach feidhme na Coda seo.

(2) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Imeachtaí dlí atá ar feitheamh.

43 .— Más rud é, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, go mbeidh aon imeachtaí dlí a bhfuil an Bord ina pháirtí iontu ar feitheamh, déanfar ainm na Feidhmeannachta a chur in ionad ainm an Bhoird sna himeachtaí agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an gcur in ionad sin.

Conarthaí áirithe a choimeád ar marthain agus tagairtí áirithe don iarBhord a oiriúnú.

44 .— Gach conradh nó comhaontú a bheidh déanta idir an Bord, nó aon iontaobhaí nó gníomhaire de chuid an Bhoird a bheidh ag gníomhú thar a cheann, agus aon duine eile, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm agus forléireofar é agus beidh éifeacht leis amhail is dá gcuirfí an Fheidhmeannacht ann in ionad an Bhoird nó, de réir mar a bheidh, in ionad iontaobhaí nó ghníomhaire an Bhoird a bheidh ag gníomhú thar a cheann, agus beidh an conradh nó an comhaontú infhorfheidhmithe i gcoinne na Feidhmeannachta.

Fostaithe a aistriú.

45 .— (1) Gach duine a bheidh, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, ina fhostaí nó ina fostaí den Bhord, déanfar, ar an tosach feidhme sin, é nó í a aistriú chuig an bhFeidhmeannacht agus tiocfaidh sé nó sí chun bheith ina fhostaí nó ina fostaí den Fheidhmeannacht.

(2) Ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann, aon duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ní lú tairbhe dó nó di, ar thosach feidhme na Coda seo, na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear coinníollacha i ndáil le seilbh oifige) nó luacha saothair ar a gcuirfear é nó í ná na coinníollacha seirbhíse (lenan-áirítear coinníollacha i ndáil le seilbh oifige) nó luacha saothair a raibh sé nó sí faoina réir díreach roimh thosach feidhme na Coda seo.

(3) Beidh seirbhís roimh ré de chuid duine a aistrítear faoi fho-alt (1) ináirithe chun críocha na nAchtanna seo a leanas, ach sin faoi réir aon eisceachtaí nó eisiamh atá iontu:

(a) na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967 go 2007;

(b) an tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001;

(c) an tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe) 2003;

(d) an tAcht um Eagrú Ama Oibre 1997;

(e) na hAchtanna um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994 agus 2001;

(f) na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta 1973 go 2005;

(g) na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2007;

(h) na hAchtanna um Chosaint Mháithreachais 1994 agus 2004;

(i) na hAchtanna um Shaoire do Thuismitheoirí 1998 agus 2006;

(j) na hAchtanna um Shaoire Uchtaíoch 1995 agus 2005;

(k) an tAcht um Shaoire Cúramóra 2001.

(4) Maidir le haon sochair aoisliúntais a dhámhfar do dhuine nó i leith duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus leis na téarmaí a bhaineann leis na sochair sin, ní lú fabhar iad ná na sochair agus na téarmaí sin ab infheidhme maidir leis an duine sin nó i leith an duine sin díreach roimh thosach feidhme na Coda seo.

(5) Ar thosach feidhme na Coda seo, tiocfaidh íocaíochtaí pinsin agus dliteanais aoisliúntais eile an Bhoird i leith a iarfhostaithe chun bheith ina ndliteanais de chuid na Feidhmeannachta.

(6) Aon duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1), beidh sé nó sí faoi réir na nAchtanna Sláinte 1947 go 2008 agus ar fostú de réir na nAchtanna sin.

(7) San alt seo ciallaíonn “ceardchumann nó comhlachas foirne aitheanta” ceardchumann nó comhlachas foirne atá aitheanta ag an bhFeidhmeannacht chun críocha caibidlí a bhaineann le luach saothair nó le coinníollacha fostaíochta, nó le coinníollacha oibre na ndaoine lena mbaineann.

Taifid an Bhoird.

46 .— Gach taifead a shealbhóidh an Bord díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, beidh sé, ar an tosach feidhme sin, arna aistriú chuig an bhFeidhmeannacht agus measfar, amhail ar an agus ón tosach feidhme sin, é a bheith i seilbh na Feidhmeannachta.

Cúlghairm

47 .— Cúlghairtear an tOrdú um Bord an Lárionaid Cóireála Drugaí (Bunú) 1988 (I.R. Uimh. 76 de 1988).

CUID 6

An Ghníomhaireacht um Thoirchis Ghéarchéime a Dhíscaoileadh

Mínithe.

48 .— Sa Chuid seo—

ciallaíonn “Gníomhaireacht” an Ghníomhaireacht um Thoirchis Ghéarchéime;

ciallaíonn “Ordú” an tOrdú fán nGníomhaireacht um Thoirchis Ghéarchéime (Bunú) 2001 (I.R. Uimh. 446 de 2001).

An Ghníomhaireacht a dhíscaoileadh.

49 .— Díscaoiltear an Ghníomhaireacht.

Feidhmeanna a aistriú.

50 .— (1) Déantar an riaradh agus an gnó i dtaca le comhlíonadh aon cheann de na feidhmeanna a aistrítear le fo-alt (2) a aistriú, ar thosach feidhme na Coda seo, chuig an bhFeidhmeannacht.

(2) Beidh na feidhmeanna a dhílsítear don Ghníomhaireacht le míreanna (i), (ii), (v), (vi), (vii), (viii), (ix) agus (x) d’Airteagal 4 den Ordú, nó fúthu, arna n-aistriú, ar an tosach feidhme sin, chuig an bhFeidhmeannacht.

Cearta agus dliteanais a aistriú.

51 .— (1) Gach ceart agus dliteanas de chuid na Gníomhaireachta a eascraíonn de bhua aon chonartha nó gealltanais (sainráite nó intuigthe) arna dhéanamh nó arna thabhairt ag an nGníomhaireacht roimh thosach feidhme na Coda seo, beidh sé, ar an tosach feidhme sin, arna aistriú chuig an bhFeidhmeannacht.

(2) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear le fo-alt (1), féadfaidh an Fheidhmeannacht, ar dháta an aistrithe agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú ina hainm féin nó féadfar agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm i gcoinne na Feidhmeannachta ina hainm féin agus ní gá don Fheidhmeannacht fógra faoin aistriú sin a thabhairt don duine a ndéantar a cheart nó a ceart nó a dhliteanas nó a dliteanas a aistriú leis an bhfo-alt seo.

Maoin áirithe a aistriú.

52 .— (1) An talamh uile a bhí dílsithe, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, don Ghníomhaireacht agus gach ceart, gach cumhacht agus gach pribhléid a bhaineann nó a ghabhann leis an talamh sin, beidh siad, ar an tosach feidhme sin, arna n-aistriú chuig an bhFeidhmeannacht agus arna ndílsiú don Fheidhmeannacht, gan aon tíolacadh nó sannadh.

(2) Gach maoin seachas talamh (lena n-áirítear ábhair i gcaingean) a bhí, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, ina maoin de chuid na Gníomhaireachta, beidh sí, ar an tosach feidhme sin, arna haistriú chuig an bhFeidhmeannacht gan aon sannadh.

(3) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear le fo-alt (2), féadfaidh an Fheidhmeannacht, ar thosach feidhme na Coda seo agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fheidhmiú ina hainm féin, agus ní gá don Fheidhmeannacht fógra faoin aistriú a dhéantar leis an bhfo-alt sin a thabhairt d’aon duine atá faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean.

(4) Aon airgead, stoic, scaireanna agus urrúis a aistrítear chuig an bhFeidhmeannacht le fo-alt (2) agus atá, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, in ainm na Gníomhaireachta déanfar, ar an bhFeidhmeannacht á iarraidh sin, iad a aistriú isteach ina hainm.

Cuntais chríochnaitheacha.

53 .— (1) A luaithe is féidir tar éis thosach feidhme na Coda seo, ach tráth nach déanaí ná bliain dá éis sin, cuirfidh an Fheidhmeannacht faoi deara cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta a ullmhú, i leith bhliain chuntasaíochta nó i leith an chuid de bhliain chuntasaíochta na Gníomhaireachta dar críoch díreach roimh thosach feidhme na Coda seo.

(2) Déanfaidh an Fheidhmeannacht, a luaithe is féidir, na cuntais a ullmhófar de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh, agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip de na cuntais arna n-iniúchadh agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a thíolacadh don Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de na cuntais iniúchta sin agus den tuarascáil sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil chríochnaitheach.

54 .— (1) A luaithe is féidir tar éis thosach feidhme na Coda seo, ach tráth nach déanaí ná bliain amháin dá éis sin, cuirfidh an Fheidhmeannacht faoi deara tuarascáil chríochnaitheach don Aire ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a ullmhú, i leith cibé tréimhse nach raibh ina hábhar do thuarascáil don Aire cheana féin agus ar tréimhse í dar críoch díreach roimh thosach feidhme na Coda seo.

(2) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Imeachtaí dlí atá ar feitheamh.

55 .— Más rud é, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, go mbeidh aon imeachtaí dlí a bhfuil an Ghníomhaireacht ina páirtí iontu ar feitheamh, déanfar ainm na Feidhmeannachta a chur in ionad ainm na Gníomhaireachta sna himeachtaí agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an gcur in ionad sin.

Conarthaí áirithe a choimeád ar marthain agus tagairtí áirithe don iarGhníomhaireacht a oiriúnú.

56 .— Gach conradh nó comhaontú a bheidh déanta idir an Ghníomhaireacht, nó aon iontaobhaí nó gníomhaire de chuid na Gníomhaireachta a bheidh ag gníomhú thar a ceann, agus aon duine eile, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm agus forléireofar é agus beidh éifeacht leis amhail is dá gcuirfí an Fheidhmeannacht ann in ionad na Gníomhaireachta nó, de réir mar a bheidh, in ionad iontaobhaí nó ghníomhaire na Gníomhaireachta a bheidh ag gníomhú thar a ceann, agus beidh an conradh nó an comhaontú infhorfheidhmithe i gcoinne na Feidhmeannachta.

Oifigigh a aistriú.

57 .— (1) Aon duine a bheidh, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, ina oifigeach nó ina hoifigeach don Ghníomhaireacht, déanfar, ar an tosach feidhme sin, é nó í a aistriú chuig an bhFeidhmeannacht agus tiocfaidh sé nó sí chun bheith ina fhostaí nó ina fostaí den Fheidhmeannacht.

(2) Ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann, aon duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ní lú tairbhe dó nó di, ar thosach feidhme na Coda seo, na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear coinníollacha i ndáil le seilbh oifige) nó luacha saothair ar a gcuirfear é nó í ná na coinníollacha seirbhíse (lenan-áirítear coinníollacha i ndáil le seilbh oifige) nó luacha saothair a raibh sé nó sí faoina réir díreach roimh thosach feidhme na Coda seo.

(3) Beidh seirbhís roimh ré de chuid duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ináirithe chun críocha na nAchtanna seo a leanas, ach sin faoi réir aon eisceachtaí nó eisiamh atá iontu:

(a) na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967 go 2007;

(b) an tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001;

(c) an tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe) 2003;

(d) an tAcht um Eagrú Ama Oibre 1997;

(e) na hAchtanna um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994 agus 2001;

(f) na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta 1973 go 2005;

(g) na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2007;

(h) na hAchtanna um Chosaint Mháithreachais 1994 agus 2004;

(i) na hAchtanna um Shaoire do Thuismitheoirí 1998 agus 2006;

(j) na hAchtanna um Shaoire Uchtaíoch 1995 agus 2005;

(k) an tAcht um Shaoire Cúramóra 2001.

(4) Maidir le haon sochair aoisliúntais a dhámhfar do dhuine nó i leith duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus leis na téarmaí a bhaineann leis na sochair sin, ní lú fabhar iad ná na sochair agus na téarmaí sin ab infheidhme maidir leis an duine sin nó i leith an duine sin díreach roimh thosach feidhme na Coda seo.

(5) Ar thosach feidhme na Coda seo, tiocfaidh íocaíochtaí pinsin agus dliteanais aoisliúntais eile na Gníomhaireachta i leith a hiaroifigeach chun bheith ina ndliteanais de chuid na Feidhmeannachta.

(6) Aon duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1), beidh sé nó sí faoi réir na nAchtanna Sláinte 1947 go 2008 agus ar fostú de réir na nAchtanna sin.

(7) San alt seo ciallaíonn “ceardchumann nó comhlachas foirne aitheanta” ceardchumann nó comhlachas foirne atá aitheanta ag an bhFeidhmeannacht chun críocha caibidlí a bhaineann le luach saothair nó le coinníollacha fostaíochta, nó le coinníollacha oibre na ndaoine lena mbaineann.

Taifid na Gníomhaireachta.

58 .— Gach taifead a shealbhóidh an Ghníomhaireacht díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, beidh sé, ar an tosach feidhme sin, arna aistriú chuig an bhFeidhmeannacht agus measfar, amhail ar an agus ón tosach feidhme sin, é a bheith i seilbh na Feidhmeannachta.

Cúlghairm.

59 .— Cúlghairtear an tOrdú.

CUID 7

An tAire d’Fheidhmiú Feidhmeanna Áirithe a Bhaineann le hAoisliúntas

An tAire d’fheidhmiú feidhmeanna áirithe a bhaineann le haoisliúntas.

60 .— (1) Maidir leis na cumhachtaí a thugtar don Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil le hailt 2 agus 4 den Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas) 1980, measfar, a mhéid a bhaineann siad leo seo a leanas:

(a) bord sláinte;

(b) Bord Sláinte Limistéir;

(c) An Bord Altranais;

(d) Bord Ospidéal Beaumont;

(e) An Chomhairle Fiaclóireachta;

(f) Bord an Lárionaid Cóireála Drugaí;

(g) Bord Ospidéal Déidliachta Bhaile Átha Cliath;

(h) Údarás Sláinte Réigiúnach an Oirthir;

(i) an Bord Seirbhísí Liachta Ginearálta (Íocaíochtaí);

(j) Bord Leigheasra na hÉireann;

(k) Comhairle na nDochtúirí Leighis;

(l) an Bord Míochaine agus Déidliachta Iarchéime;

(m) Feidhmeannacht na mBord Sláinte;

(n) an Bord Taighde Sláinte;

(o) an Ghníomhaireacht um Fhostóirí Seirbhísí Sláinte;

(p) Biúró Riaracháin na gComhlachtaí Ospidéil;

(q) Bord Ospidéal Pháirc Bhaile na Lobhar;

(r) an Chomhairle Náisiúnta um Fhorbairt Ghairmiúil an Altranais agus an Chnáimhseachais;

(s) an Bord Náisiúnta Cíoch-Scrúdaithe;

(t) an Chomhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil;

(u) Bord Ospidéal San Séam; agus

(v) Comhairle Sláinte na mBan,

a bheith infheidhmithe freisin ag an Aire amhail ar an agus ón 1 Feabhra 2001 agus daingnítear na cumhachtaí go léir a d’fheidhmigh an tAire amhlaidh.

(2) Ní bheidh feidhm ag fomhíreanna (i) agus (ii) de mhír (c) d’alt 2(9) den Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas) 1980 maidir le comhlacht dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

CUID 8

Leasuithe Ilghnéitheacha

Leasú ar alt 53 den Acht Sláinte 1970.

61 .— (1) Leasaítear alt 53(1B) den Acht Sláinte 1970 (a cuireadh isteach le halt 34 den Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009) trí “d’alt 6(1)(c) den Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009” a chur in ionad “d’alt 6(2)(c) den Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009”.

(2) Measfar an leasú (a dhéantar le fo-alt (1)) ar alt 53(1B) den Acht Sláinte 1970 a bheith ar áireamh san fhoráil sin le héifeacht ó dháta rite an Achta fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009, agus tiocfaidh an fhoráil sin (arna leasú le fo-alt (1)) i ngníomh de réir alt 2 den Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009.

Leasú ar an Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997.

62 .— Leasaítear alt 7(1A) (a cuireadh isteach le halt 3 den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C (Leasú) 2006) den Acht um Binse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C 1997 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (n) agus (o):

“(n) chun a shonrú go ndiúltóidh an riarthóir scéime d’iarratas ar shochar, seachas sochar arna sholáthar faoi mhír (i), faoin scéim ar iarratas é—

(i) a dhéanann éilitheoir iomchuí nach bhfuil faoi bhun 65 bliana d’aois, agus

(ii) a dhéantar ar chothrom bliana an dáta iomchuí nó dá éis,

(o) chun a shonrú—

(i) nach ndéanfar aon sochar, seachas sochar arna sholáthar faoi mhír (i), a sholáthar faoin scéim, nó

(ii) nach leanfar d’aon sochar, seachas sochar arna sholáthar faoi mhír (i), a sholáthar faoin scéim,

d’éilitheoir iomchuí nach bhfuil faoi bhun 75 bliana d’aois.”.

Leasú ar an Acht Meabhair-Shláinte 2001.

63 .— (1) Leasaítear alt 2 den Acht Meabhair-Shláinte 2001, i bhfo-alt (1), tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “ionad ceadaithe”:

“ciallaíonn ‘ duine údaraithe ’—

(a) i ndáil le duine a aistriú de bhun alt 13 go dtí ionad ceadaithe, duine atá údaraithe de thuras na huaire de bhun alt 71A(2) chun seirbhísí a sholáthar a bhaineann leis an aistriú sin,

(b) i ndáil le hothar a thabhairt ar ais de bhun alt 27 go dtí ionad ceadaithe, duine atá údaraithe de thuras na huaire de bhun alt 71A(2) chun seirbhísí a sholáthar a bhaineann leis an tabhairt ar ais sin;”.

(2) Leasaítear alt 9 den Acht Meabhair-Shláinte 2001, i bhfo-alt (2), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(cc) duine údaraithe (ach sin gan dochar d’aon inniúlacht a bheidh ag an duine údaraithe iarratas den sórt sin a dhéanamh de bhua mhír (a), (b) nó (c) d’fho-alt (1)),”.

(3) Leasaítear alt 13 den Acht Meabhair-Shláinte 2001—

(a) i bhfo-alt (2), trí “nó daoine údaraithe” a chur isteach i ndiaidh “comhaltaí d’fhoireann an ionaid cheadaithe”, agus

(b) i bhfo-alt (3), trí “chun an duine sin a aistriú” a chur in ionad “leis na comhaltaí d’fhoireann an ionaid cheadaithe le linn don fhoireann an duine a aistriú”.

(4) Leasaítear alt 27 den Acht Meabhair-Shláinte 2001, i bhfo-alt (1)—

(a) trí “nó daoine údaraithe” a chur isteach i ndiaidh “comhaltaí d’fhoireann an ionaid”,

(b) trí “an t-othar” a chur in ionad “an duine lena mbaineann”,

(c) trí “do dhaoine eile” a chur in ionad “do na daoine eile”, agus

(d) trí “chun an duine sin a thabhairt ar ais” a chur in ionad “leis na comhaltaí d’fhoireann an ionaid cheadaithe an duine a aistriú”.

(5) Leasaítear an tAcht Meabhair-Shláinte 2001 tríd an alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 71:

“Daoine údaraithe nó daoine iomchuí d’aistriú daoine agus do thabhairt othair ar ais go dtí ionaid cheadaithe.

71A.— (1) Féadfaidh dílseánach cláraithe ionaid cheadaithe socrú a dhéanamh le duine d’fhonn a shocrú go soláthróidh daoine is comhaltaí d’fhoireann an duine sin seirbhísí a bhaineann leis na nithe seo a leanas—

(a) daoine a aistriú go dtí an t-ionad sin de bhun alt 13,

(b) othair a thabhairt ar ais go dtí an t-ionad sin de bhun alt 27, nó

(c) an t-aistriú sin agus an tabhairt ar ais sin.

(2) I gcás ina mbeidh socrú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) déanta ag dílseánach cláraithe ionaid cheadaithe le duine, féadfaidh stiúrthóir cliniciúil an ionaid sin a údarú i scríbhinn, agus i leith tréimhse nach faide ná 12 mhí mar a shonrófar san údarú, do cibé daoine agus do cibé líon daoine is comhaltaí d’fhoireann an duine sin na seirbhísí a sholáthar dá dtagraítear san fho-alt sin agus is ábhar don socrú sin.

(3) Más rud é, roimh dháta thosach feidhme an ailt seo, gur aistríodh duine go dtí ionad ceadaithe de bhun agus de réir alt 13 ach amháin a mhéid go ndearna duine iomchuí an t-aistriú (cibé acu go hiomlán nó go páirteach), measfar an t-aistriú sin, a mhéid gurb é nó gurb í an duine iomchuí a rinne é, a bheith déanta agus a bheith déanta riamh ag comhalta d’fhoireann an ionaid sin, seachas chun críocha aon imeachtaí a tionscnaíodh roimh an dáta sin.

(4) Más rud é, roimh thosach feidhme an ailt seo, gur tugadh duine ar ais go dtí ionad ceadaithe de bhun agus de réir alt 27 ach amháin a mhéid go ndearna duine iomchuí an tabhairt ar ais (cibé acu go hiomlán nó go páirteach), measfar an tabhairt ar ais sin, a mhéid gurb é nó gurb í an duine iomchuí a rinne é, a bheith déanta agus a bheith déanta riamh ag comhalta d’fhoireann an ionaid sin, seachas chun críocha aon imeachtaí a tionscnaíodh roimh an dáta sin.

(5) San alt seo—

ciallaíonn ‘duine iomchuí’—

(a) i ndáil le haistriú duine dá dtagraítear i bhfo-alt (3) go dtí ionad ceadaithe, duine a rinne an t-aistriú sin (cibé acu go hiomlán nó go páirteach) de bhun socrú arna dhéanamh ag dílseánach cláraithe an ionaid sin,

(b) i ndáil le tabhairt ar ais othair dá dtagraítear i bhfo-alt (4) go dtí ionad ceadaithe, duine a rinne an tabhairt ar ais sin (cibé acu go hiomlán nó go páirteach) de bhun socrú arna dhéanamh ag dílseánach cláraithe an ionaid sin.”.

Leasú ar an Acht Sláinte 2007.

64 .— (1) Leasaítear alt 2 den Acht Sláinte 2007 trí “alt 41(1)(b)” a chur in ionad “alt 41(b)” sa mhíniú ar “clár”.

(2) Leasaítear alt 8 den Acht Sláinte 2007 i bhfo-alt (1)(c) trí “alt 41(1)(a)” a chur in ionad “alt 41(a)”.

(3) Leasaítear alt 75 den Acht Sláinte 2007—

(a) i bhfo-alt (2)(b)(ii), trí “alt 41(1)(a)” a chur in ionad “alt 41(a)” sa dá áit a bhfuil sé, agus

(b) i bhfo-alt (2)(b)(iii), trí “alt 41(1)(c) nó (d)” a chur in ionad “alt 40(c) nó (d)” sa leagan Gaeilge agus “section 41(1)(c) or (d)” a chur in ionad “section 41(c) or (d)” sa leagan Béarla.

(4) Leasaítear alt 101 den Acht Sláinte 2007—

(a) i bhfo-alt (2)(j), trí “duine atá i bhfeighil” a chur in ionad “bainisteoir” sa dá áit ina bhfuil sé,

(b) i bhfo-alt (2)(k), trí “duine atá i bhfeighil” a chur in ionad “bainisteoir”,

(c) i bhfo-alt (3), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) féadfar a cheangal leo, faoi réir aon rialachán arna ndéanamh faoi Chuid 9 den Acht Sláinte 2004, ar sholáthraithe cláraithe—

(i) socruithe leordhóthanacha a dhéanamh chun déileáil le gearáin arna ndéanamh ag duine nó thar ceann duine, atá, nó a bhí, ag fáil aon cheann de na seirbhísí a sholáthraítear trí lárionad ainmnithe nó atá, nó a bhí, ag lorg aon seirbhís den sórt sin, agus

(ii) na socruithe a phoibliú,”.

Leasú ar an Ordú fán mBord um an gClárlann Náisiúnta Ailse (Bunú) 1991.

65 .— Leasaítear Airteagal 5 (arna leasú le hAirteagal 2 den Ordú um an Ordú fán mBord um an gClárlann Náisiúnta Ailse (Bunú) 1991 (Leasú) 1996 (I.R. Uimh. 293 de 1996)) den Ordú fán mBord um an gClárlann Náisiúnta Ailse (Bunú) 1991 (I.R. Uimh. 19 de 1991) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (1):

“(1) 7 gcomhalta a bheidh ar an mBord.

(1A) Le linn don Aire comhaltaí den Bhord a cheapadh, déanfaidh sé nó sí daoine a cheapadh—

(a) ag a bhfuil eolas nó taithí—

(i) ar fhaisnéis a bhailiú, a thaifeadadh agus a anailísiú, nó

(ii) ar fhaisnéis den sórt sin a úsáid i dtionscadail taighde agus ar sheirbhísí a bhainistiú agus a phleanáil,

(b) ag a bhfuil aon inniúlacht iomchuí eile a chuideodh leis an mBord i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.”.