26 2009

/images/harp.jpg


Uimhir 26 de 2009


AN tACHT CUANTA (LEASÚ) 2009

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1 . Míniú.

2 . Leasú ar alt 2 (léiriú) den Phríomh-Acht.

3 . Teorainneacha cuain cuideachta, etc.

4 . Leasú ar alt 11 (cuspóirí cuideachta) den Phríomh-Acht.

5 . Gníomhaíochtaí tráchtála lasmuigh de theorainneacha cuain ag cuideachta.

6 . Leasú ar alt 15 (forálacha maidir le talamh a dhíol, a léasú agus a fháil) den Phríomh-Acht.

7 . Feidhmeanna áirithe Aireachta a aistriú chuig an mBord Pleanála.

8 . Leasú ar alt 17 (airteagail chomhlachais) den Phríomh-Acht.

9 . Leasú ar alt 23 (cumhacht chun airgead a fháil ar iasacht) den Phríomh-Acht.

10 . Leasú ar alt 28 (tuarascálacha bliantúla, tuarascáil an chathaoirligh agus faisnéis a thabhairt don Aire) den Phríomh-Acht.

11 . Leasuithe ar an bPríomh-Acht a bhaineann le stiúrthóirí, etc.

12 . Teorainneacha ceantair píolótaíochta cuideachta.

13 . Leasú ar alt 64 (muirir phíolótaíochta) den Phríomh-Acht.

14 . Leasú ar alt 70 (dliteanas a theorannú i leith píolótaí) den Phríomh-Acht.

15 . Leasú ar alt 72 (deimhnithe díolúine píolótaíochta) den Phríomh-Acht.

16 . Leasú ar alt 79 (cumhacht an Aire chun soláthar seirbhísí píolótaíochta a atheagrú) den Phríomh-Acht.

17 . Leasú ar an bPríomh-Acht a bhaineann le cumhacht chun cuideachtaí a bhunú i leith cuanta nach luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

18 . Cuan Bhá Bheanntraí agus Piara agus Cuan Thrá Lí agus na Fianaite a aistriú, etc.

19 . Aisghairm iarmhartach agus leasuithe ilghnéitheacha a bhaineann le cuanta.

20 . Leasú ar alt 4A (Oifig Forbartha Muirí na hÉireann) den Acht um Fhoras na Mara 1991.

21 . Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

SCEIDEAL 1

Leasú ar an gCeathrú Sceideal (Forálacha a Bhaineann le Fáil Éigeantach) a ghabhann leis an bPríomh-Acht

SCEIDEAL 2

Leasuithe Iarmhartacha ar Chuanta Áirithe a Aistriú


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Iascaigh (Leasú) 1999

1999, Uimh. 35

An tAcht um Lárionaid Chuanta Iascaigh 1968

1968, Uimh. 18

An tAcht um Lárionaid Chuanta Iascaigh (Leasú) 1992

1992, Uimh. 10

An tAcht Imeall Trágha 1933

1933, Uimh. 12

An tAcht Cuanta 1946

1946, Uimh. 9

An tAcht Cuanta 1976

1976, Uimh. 5

An tAcht Cuanta 1996

1996, Uimh. 11

Na hAchtanna Cuanta 1996 go 2006

An tAcht um Fhoras na Mara 1991

1991, Uimh. 2

An tAcht Loingis Cheannaíochta (Deimhniúchán Mairnéalach) 1979

1979, Uimh. 37

An tAcht Loingis Cheannaíochta 1947

1947, Uimh. 46

An tAcht Loingis Cheannaíochta 1992

1992, Uimh. 2

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006

2006, Uimh. 27

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000

2000, Uimh. 30

Na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 go 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 26 de 2009


AN tACHT CUANTA (LEASÚ) 2009

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CUANTA 1996 GO 2006, D’AISGHAIRM AN ACHTA CUANTA 1976, D’AISTRIÚ FEIDHMEANNA ÁIRITHE DE CHUID AN AIRE IOMPAIR A BHAINEANN LE CUANTA CHUIG AN mBORD PLEANÁLA AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN AGUS CHUN CRÍOCH EILE DO LEASÚ AN ACHTA UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT 2000, DO DHÉANAMH FORÁLACHA ÁIRITHE A BHAINEANN LE hOIFIG FORBARTHA MUIRÍ NA hÉIREANN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA.

[21 Iúil, 2009]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1 .— San Acht seo ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Cuanta 1996.

Leasú ar alt 2 (léiriú) den Phríomh-Acht.

2 .— Leasaítear alt 2 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an tAire”:

“ciallaíonn ‘Aire’ an tAire Iompair;”.

Teorainneacha cuain cuideachta, etc.

3 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 9:

“Teorainneacha cuain cuideachta.

9.— (1) (a) Ach amháin má tá, agus a mhéid atá, ordú i bhfeidhm faoin alt seo i leith cuideachta, is iad teorainneacha cuain cuideachta na teorainneacha atá leagtha amach i gCuid I den Tríú Sceideal.

(b) Aon tagairt san Acht seo, nó in ordú faoin alt seo, do chuan cuideachta, déanfar í a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d’aon phointe laistigh de theorainneacha a cuain mar a dúradh nó, i gcás breis agus aon chuan amháin a bheith ag an gcuideachta, laistigh de theorainneacha gach ceann dá cuanta.

(2) (a) (i) Faoi réir fhorálacha eile an ailt seo, féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gcuideachta lena mbaineann, foráil a dhéanamh le hordú maidir le teorainneacha cuain cuideachta in ionad na dteorainneacha arna leagan amach i gCuid I den Tríú Sceideal agus, fad atá ordú den sórt sin i bhfeidhm, níl éifeacht leis an gCuid sin a mhéid a bhaineann sé le teorainneacha an chuain sin.

(ii) Déanfar an tagairt i bhfomhír (i) d’ordú atá i bhfeidhm, maidir le hordú den sórt sin a leasaítear le hordú atá i bhfeidhm faoi alt 3(4), a fhorléiriú mar thagairt don ordú céadluaite arna leasú amhlaidh.

(b) Féadfar ordú faoin alt seo a dhéanamh i leith cuideachta le haghaidh aon limistéir breise—

(i) cibé acu atá nó nach bhfuil sé tadhlach le teorainneacha cuain láithreacha na cuideachta lena mbaineann, nó

(ii) cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar é chun cuan cuideachta a athlonnú, go hiomlán nó go páirteach.

(c) I gcás ina ndéanfar foráil le hordú faoin bhfo-alt seo maidir le limistéar nach bhfuil tadhlach le cuan láithreach (mar a fhoráiltear le Cuid I den Tríú Sceideal nó le hordú nó le horduithe a rinneadh roimhe sin faoin alt seo), ansin is limistéar an limistéar sin i dteannta an limistéir, agus ní in ionad an limistéir, dá bhforáiltear—

(i) sa Tríú Sceideal, nó

(ii) ar shlí eile le hordú faoin bhfo-alt seo,

mura bhforáiltear a mhalairt ar shlí eile leis an ordú lena mbaineann.

(3) Le linn breith a thabhairt i dtaobh ordú faoin alt seo a dhéanamh nó gan é a dhéanamh, beidh aird ag an Aire ar an méid seo a leanas—

(a) toilleadh láithreach an chuain agus an toilleadh a shíltear a mbeidh gá leis, ag féachaint don chineál long a bheidh, nó a mheastar a bheidh, ag úsáid an chuain,

(b) sábháilteacht loingseoireachta, agus

(c) cibé nithe agus cibé líon nithe díobh seo a leanas is iomchuí, i dtuairim an Aire, maidir lena bhreith nó lena breith:

(i) léasanna arna ndéanamh faoi alt 2, ceadúnais arna ndeonú faoi alt 3, ceaduithe faoi alt 10 nó toilithe arna dtabhairt faoi alt 13 den Acht Imeall Trágha 1933 agus aon iarratas arna dhéanamh go cuí ar léas, ceadúnas, ceadú nó toiliú den sórt sin,

(ii) iarratais ar chead, nó ceadanna arna ndeonú, faoi na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 go 2009 i leith aon talamh a fhorbairt,

(iii) measúnachtaí tionchair timpeallachta arna ndéanamh faoi na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 go 2009,

(iv) aon phlean forbartha arna dhéanamh ag údarás pleanála de bhun ailt 9 agus 12 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, agus aon phlean limistéir áitiúil faoi alt 18 den Acht sin.”,

agus

(b) sa Tríú Sceideal—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (3), le héifeacht ón 30 Meitheamh 2004:

Cuideachta Phort Dhroichead Átha.

3. An teorainn thuaidh ag tosú ag uillinn thoir thuaidh an droichid ag Sráid na Siopaí agus ag rith soir feadh na gCéanna Thuaidh go dtí an foirceann thoir ag Faiche Uí Dhonnúir, as sin feadh Bhóthar Bhaile Trá go sráidbhaile Bhaile Trá, as sin go Rabhcán Aleria agus feadh na líne barr láin a theorannaíonn cladaí thoir bhaile fearainn Bhaile Trá go Feirm Dhuibh, as sin 090 céim ón treo fíor ó thuaidh ar feadh 5,380 méadar, as sin 180 céim ón treo fíor ó thuaidh ar feadh 7,271 méadar, agus as sin 270 céim ón treo fíor ó thuaidh ar feadh 5,120 méadar go teorainn theas bhaile fearainn Bhaile an Bhiataigh, as sin feadh líne barr láin chladach thoir bhaile fearainn Bhaile Uí Mhornáin, as sin feadh na líne barr láin go Túr na Maighdine, as sin siar feadh na líne barr láin go huillinn thoir theas an droichid ag Sráid na Siopaí agus ag rith ó thuaidh feadh thaobh thoir an droichid sin go huillinn thoir thuaidh an droichid.”,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (4), le héifeacht ón 4 Márta 1997:

Cuideachta Phort Bhaile Átha Cliath.

4. Teorainneacha arb éard iad agus lena n-áirítear—

(a) Abhainn na Life agus na céanna agus na ballaí atá mar theorainn leis an gcéanna,

(b) na ballaí ar a dtugtar an Port Thuaidh, Balla an Bhulla Theas agus an Port Thoir, faoi seach,

(c) na piaraí, na lamairní, na báisíní taoide agus na hoibreacha eile arna bhfoirgniú ag Bord Port agus Duganna Bhaile Átha Cliath, nó ar leis an mBord iad, roimh an lá dílseacháin iomchuí, agus

(d) cuan Bhaile Átha Cliath agus na tránna, na bánna, na crompáin agus na cuanta agus na huiscí go léir a bhaineann leis agus atá laistigh den limistéar sin,

ag tosú ó Dhroichead Ruaraí Uí Mhóra, agus á áireamh, ag Stáisiún Heuston i gcathair Bhaile Átha Cliath, agus ag síneadh go dtí líne dhíreach shamhailteach arna tarraingt ó Theach Solais Dhún Criofainn ar an taobh ó thuaidh i gContae Bhaile Átha Cliath agus a shíneann trí Bhaoi Bhanc Burford Thuaidh agus ansin trí Bhaoi Bhanc Burford Theas agus as sin go dtí Pointe Sorrento ar an taobh ó dheas, ag áireamh chuanta Bhlóic agus Chuas an Ghainimh, ach gan teorainneacha Chuideachta Chuan Dhún Laoghaire a áireamh agus gan cuanta an Chalaidh Mhóir ná Chill Fhionntain a áireamh ach oiread.”.

(2) Cúlghairtear an tOrdú um an Acht Cuanta 1996 (Teorainneacha Cuain Chuideachta Phort Bhaile Átha Cliath) (Athrú) 1997 (I.R. Uimh. 98 de 1997) agus an tOrdú um an Acht Cuanta 1996 (Teorainneacha Cuain Chuideachta Phort Dhroichead Átha) (Athrú) 2004 (I.R. Uimh. 238 de 2004).

Leasú ar alt 11 (cuspóirí cuideachta) den Phríomh-Acht.

4 .— (1) Leasaítear alt 11 den Phríomh-Acht trí fho-alt (4)(d) a scriosadh.

(2) Ní dhéanann aon ní in alt 12A (a chuirtear chur isteach le halt 5) den Phríomh-Acht difear do chonradh arna dhéanamh go cuí faoi alt 11(4)(d) den Acht sin roimh an Acht seo a rith.

Gníomhaíochtaí tráchtála lasmuigh de theorainneacha cuain ag cuideachta.

5 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 12:

“12A.— (1) Faoi réir fho-alt (2), i gcás inar dealraitheach do chuideachta go bhfuil sé riachtanach, buntáisteach nó teagmhasach i ndáil le comhlíonadh a feidhmeanna eile faoin Acht seo ag an gcuideachta maidir lena cuan, féadfaidh an chuideachta infheistiú a dhéanamh i ngníomhaíochtaí tráchtála, nó gabháil do ghníomhaíochtaí tráchtála, lasmuigh de theorainneacha a cuain.

(2) Ní ghabhfaidh cuideachta do ghníomhaíocht tráchtála lena mbaineann fo-alt (1) mura mbeidh ceadú i scríbhinn le haghaidh na gníomhaíochta sin faighte aici roimh ré ón Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.”.

Leasú ar alt 15 (forálacha maidir le talamh a dhíol, a léasú agus a fháil) den Phríomh-Acht.

6 .— Leasaítear alt 15 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Faoi réir fho-alt (4)(a), ní lú an chomaoin ar a ndíolfaidh cuideachta aon talamh, a mhéid is indéanta, ná a mhargadhluach oscailte.”,

agus

(b) i bhfo-alt (4) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) Le linn aon chinneadh a dhéanamh—

(i) maidir le talamh a fháil nó maidir leis an gcomaoin a bheidh le híoc ar an bhfáil sin, nó

(ii) maidir le haon talamh a dhiúscairt nó maidir leis an gcomaoin a bheidh le glacadh,

beidh aird ag cuideachta ar aon bheartas nó treoirlínte Rialtais, a bheidh ar marthain de thuras na huaire, i ndáil le fiontair Stáit d’fháil talún nó do dhiúscairt talún, de réir mar is cuí.”.

Feidhmeanna áirithe Aireachta a aistriú chuig an mBord Pleanála.

7 .— (1) San alt seo, ciallaíonn “Acht 2006” an tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006.

(2) Leasaítear an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000—

(a) in alt 2(1) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (h) den mhíniú ar “forbairt bonneagair straitéisigh” (a cuireadh isteach le halt 6 d’Acht 2006)—

“(h) aon fháil éigeantach talún dá dtagraítear in alt 214, 215A, 215B nó 215C is fáil a bhaineann le forbairt arna sonrú in aon cheann de na míreanna sin roimhe seo den mhíniú seo;”,

(b) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 215B:

“Feidhmeanna áirithe Aireachta faoin Acht Cuanta 1996 a aistriú.

215C.— (1) Déantar feidhmeanna an Aire Iompair faoi alt 16 den Acht Cuanta 1996, arna leasú, agus faoin gCeathrú Sceideal a ghabhann leis, i ndáil le talamh a fháil go héigeantach chun na gcríoch atá leagtha amach san alt sin, a aistriú chuig an mBord agus a dhílsiú dó agus, faoi réir alt 7(3) den Acht Cuanta (Leasú) 2009, forléireofar tagairtí iomchuí san Acht sin don Aire Iompair mar thagairtí don Bhord agus forléireofar aon tagairtí comhghaolmhara dá réir sin.

(2) Áireofar ar aistriú fheidhmeanna an Aire Iompair i ndáil le talamh a fháil go héigeantach de réir fho-alt (1) aistriú na gcumhachtaí coimhdeacha go léir is gá i ndáil le fo-strataim talún, éasúintí, cearta ar thalamh (lena n-áirítear ceadanna slí agus cearta slí poiblí), cearta ar thalamh nó uisce nó cibé feidhmeanna eile is gá chun a chinntiú go bhféadfaidh an Bord a fheidhmeanna i ndáil leis na hachtacháin dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a chomhlíonadh go hiomlán.”,

(c) in alt 217C (a cuireadh isteach le halt 38 d’Acht 2006) trí “alt 214, 215A, 215B nó 215C” a chur in ionad “alt 214, 215A nó 215B” i bhfo-alt (1),

(d) in alt 218 (a cuireadh isteach le halt 39 d’Acht 2006)—

(i) i bhfo-alt (1) trí “alt 214, 215, 215A, 215B nó 215C” a chur in ionad “alt 214, 215, 215A nó 215B”, agus

(ii) i bhfo-alt (4) trí “ailt 214 go 215C” a chur in ionad “ailt 214 go 215B”,

(e) in alt 219 (a cuireadh isteach le halt 40 d’Acht 2006)—

(i) trí “alt 214, 215, 215A, 215B nó 215C” a chur in ionad “alt 214, 215, 215A nó 215B”, agus

(ii) trí “alt 215A, 215B nó 215C” a chur in ionad “alt 215A nó 215B”,

(f) in alt 221—

(i) i bhfo-alt (1) trí “alt 214, 215, 215A, 215B nó 215C” a chur in ionad “alt 214, 215, 215A nó 215B” (a cuireadh isteach le halt 41 d’Acht 2006),

(ii) i bhfo-alt (2) trí “alt 214, 215, 215A, 215B nó 215C” a chur in ionad “alt 214, 215, 215A nó 215B” (arna chur isteach amhlaidh),

(iii) i bhfo-alt (5) trí “alt 214, 215, 215A, 215B nó 215C” a chur in ionad “alt 214, 215, 215A nó 215B” (arna chur isteach amhlaidh), agus

(iv) i bhfo-alt (7) trí “alt 214, 215, 215A, 215B nó 215C” a chur in ionad “alt 214, 215, 215A nó 215B” (arna chur isteach amhlaidh),

agus

(g) in alt 223—

(i) i bhfo-alt (1) trí “alt 214, 215, 215A, 215B nó 215C” a chur in ionad “alt 214, 215, 215A nó 215B” (arna chur isteach le halt 42 d’Acht 2006), agus

(ii) i bhfo-alt (2) trí “alt 214, 215, 215A, 215B nó 215C” a chur in ionad “alt 214, 215, 215A nó 215B” (arna chur isteach amhlaidh).

(3) I leith gach forála den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a shonraítear sa chéad cholún de Sceideal 1, déantar na focail atá leagtha amach sa tríú colún den Sceideal sin os coinne na bhfocal sa dara colún den Sceideal sin a chur in ionad na bhfocal atá leagtha amach sa dara colún den Sceideal sin os coinne na forála sin.

Leasú ar alt 17 (airteagail chomhlachais) den Phríomh-Acht.

8 .— Leasaítear alt 17 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) trí “nó do na stiúrthóirí údaráis áitiúil” a scriosadh i mír (b)(i), agus

(ii) tríd an míniú ar “stiúrthóir údaráis áitiúil” a scriosadh i mír (d),

agus

(b) i bhfo-alt (3), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) nach mó ná 8 líon stiúrthóirí na cuideachta;”.

Leasú ar alt 23 (cumhacht chun airgead a fháil ar iasacht) den Phríomh-Acht.

9 .— Leasaítear alt 23 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) Faoi réir fho-alt (2), ní mó aon tráth áirithe comhiomlán an airgid arna fháil ar iasacht faoi mhír (a) ag cuideachta agus fochuideachta nó ag ceachtar acu ná an méid is airde díobh seo a leanas—

(i) cibé méid a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, maidir le cuideachta nó fochuideachta áirithe agus nach mó ná €200,000,000, nó

(ii) 50 faoin gcéad de luach an oiread sin de shócmhainní na cuideachta nó na fochuideachta a ndéileáiltear leo mar shócmhainní dochta chun críocha a cuntas.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Maidir le cuideachta ainmnithe nó le fochuideachta ainmnithe agus chun críocha mhír (b) d’fho-alt (1),féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, foráil a dhéanamh le hordú maidir le céatadán a mbeidh feidhm leis, seachas 50 faoin gcéad, ag féachaint do na nithe seo a leanas—

(a) riachtanais na cuideachta nó na fochuideachta,

(b) an cuspóir atá leis an airgead a fháil ar iasacht agus cumas na cuideachta nó na fochuideachta aisíocaíochtaí a dhéanamh, agus

(c) cobhsaíocht airgeadais na cuideachta nó na fochuideachta i gcoitinne.”.

Leasú ar alt 28 (tuarascálacha bliantúla, tuarascáil an chathaoirligh agus faisnéis a thabhairt don Aire) den Phríomh-Acht.

10 .— Leasaítear alt 28 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), le héifeacht ó 6 mhí tar éis an tAcht seo a rith, trí “tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis dheireadh gach bliana cuntasaíochta de chuid na cuideachta” a chur in ionad “tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh gach bliana cuntasaíochta de chuid na cuideachta”, agus

(b) i bhfo-alt (4)—

(i) le héifeacht ó 6 mhí tar éis an tAcht seo a rith, trí “tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis dheireadh gach bliana cuntasaíochta de chuid na cuideachta” a chur in ionad “tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh gach bliana cuntasaíochta de chuid na cuideachta”, agus

(ii) trí “cloíodh leis,” a chur in ionad “cloíodh leis.” i mír (e) agus tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh na míre sin:

“(f) ráiteas—

(i) maidir leis an meánlíon fostaithe a mheastar a bheidh fostaithe le linn na bliana cuntasaíochta faoi chonarthaí seirbhíse tar éis na bliana cuntasaíochta lena mbaineann na cuntais, nó

(ii) gur dóigh go leanfaidh líon is mó ná 30 fostaí dá cuid fostaithe lánaimseartha reatha de bheith fostaithe amhlaidh go lánaimseartha faoi chonarthaí seirbhíse le linn na bliana cuntasaíochta tar éis na bliana cuntasaíochta lena mbaineann na cuntais,

de réir mar a chinnfear de réir alt 30(1)(a)(ii).”.

Leasuithe ar an bPríomh-Acht a bhaineann le stiúrthóirí, etc.

11 .— (1) Leasaítear alt 30 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) (a) (i) Ní dhéanfaidh cuideachta toghchán faoin gCúigiú Sceideal ach amháin i gcás inar dóigh, i dtuairim stiúrthóirí na cuideachta, gur líon is mó ná 30 meánlíon a fostaithe i mbliain chuntasaíochta na cuideachta díreach tar éis na bliana cuntasaíochta ina mbeidh an toghchán le déanamh faoi réir na fomhíre seo.

(ii) Chun críocha na míre seo, déanfar an meánlíon daoine a bheidh le fostú ag cuideachta i mbliain chuntasaíochta na cuideachta tar éis an toghcháin a mheas—

(I) tríd an líon bliantúil iomchuí a roinnt ar an méid réamh-mheasta seachtainí sa bhliain sin, i gcás ina bhfionntar an líon bliantúil iomchuí tríd an líon daoine a mheas, do gach seachtain de chuid bhliain chuntasaíochta na cuideachta tar éis an toghcháin, is dóigh a bheidh ar fostú faoi chonarthaí seirbhíse an tseachtain sin (cibé acu i rith na seachtaine go léir nó nach ea) agus na líonta seachtainiúla go léir a shuimiú le chéile, nó

(II) trína shuíomh gur dóigh go leanfaidh líon is mó ná 30 dá cuid fosaithe lánaimseartha reatha de bheith ar fostú go lánaimseartha amhlaidh faoi chonarthaí seirbhíse.

(iii) Beidh ar áireamh sna cuntais do gach bliain chuntasaíochta de chuid cuideachta—

(I) ráiteas ar an meánlíon fostaithe is dóigh a bheidh ar fostú faoi chonarthaí seirbhíse le linn na bliana cuntasaíochta tar éis na bliana cuntasaíochta lena mbaineann na cuntais, nó

(II) ráiteas á rá gur dócha go leanfaidh líon is mó ná 30 dá cuid fostaithe lánaimseartha reatha de bheith ar fostú go lánaimseartha amhlaidh faoi chonarthaí seirbhíse le linn na bliana cuntasaíochta tar éis na bliana cuntasaíochta lena mbaineann na cuntais.

(b) Faoi réir mhír (a), déanfaidh an tAire, maidir le cuideachta, an fostaí de chuid na cuideachta a thoghfar de réir an Chúigiú Sceideal a cheapadh chun bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta.

(c) Déanfaidh an tAire, maidir le cuideachta (seachas cuideachta lena mbaineann mír (b)), duine atá ionadaitheach, i dtuairim an Aire, do leasanna fhostaithe na cuideachta, a cheapadh chun bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta.

(d) Sula ndéanfaidh an tAire aon cheapachán faoi mhír (c) rachaidh sé nó sí i gcomhairle le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann agus féadfaidh an ceardchumann nó an comhlachas sin, tar éis na comhchomhairle sin, a mholadh don Aire go gceapfaí duine áirithe faoin mír sin agus déanfaidh an tAire moladh den sórt sin a bhreithniú.”,

(b) i bhfo-alt (3) trí “faoi mhír (b) d’fho-alt (1)” a chur in ionad “faoi mhír (a) nó (b) d’fho-alt (1)”,

(c) trí fho-alt (6) a scriosadh, agus

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(8) (a) San fho-alt seo—

ciallaíonn ‘seirbhís tráchtála’ seirbhís tráchtála do chuideachta (lena n-áirítear aon fhochuideachta) nó do phort nó do phoirt na cuideachta sin nó d’aon duine i dtaca le húsáid phort nó phoirt na cuideachta;

ciallaíonn ‘moltóir’ an duine a mholann duine lena cheapadh nó lena ceapadh faoi fho-alt (7) mar stiúrthóir ar an gcuideachta.

(b) Ach amháin i gcás go bhfuil feidhm ag mír (c), ní mholfaidh moltóir duine don Aire lena cheapadh nó lena ceapadh mar stiúrthóir ar an gcuideachta lena mbaineann más rud é, maidir leis an duine sin—

(i) gur fhorchuir an chuideachta sin muirear air nó uirthi faoi alt 13,

(ii) gurbh fhostaí é nó í de chuid duine ar forchuireadh muirear air nó uirthi amhlaidh,

(iii) go raibh, i dtuairim an duine a dhéanann an moladh, seirbhís tráchtála shuntasach soláthraithe aige nó aici, nó

(iv) gurbh fhostaí é nó í de chuid duine a sholáthair seirbhís den sórt sin,

aon tráth le linn na 3 bliana díreach roimh dháta an mholta.

(c) I gcás go bhfuil feidhm ag mír (b) ach go mbeadh an tréimhse 3 bliana dulta in éag dá mba í an tréimhse 3 bliana roimh dháta an cheapacháin (dá ndéanfaí é) seachas roimh dháta an mholta an tréimhse, ansin féadfar an duine lena mbaineann a mholadh lena cheapadh nó lena ceapadh ach ní fhéadfaidh an tAire é nó í a bhreithniú lena cheapadh nó lena ceapadh ach amháin más rud é, tar éis an moladh a bheith déanta, go gcomhlíonann an duine na ceanglais roghnóireachta a leagtar amach i mír (f). I gcás ina bhfuil feidhm ag an mír seo maidir le moladh, cuirfidh an moltóir na fíorais iomchuí in iúl i scríbhinn don Aire tráth nach déanaí ná an tráth a dhéantar an moladh.

(d) I gcás ina bhfuil breithniú á dhéanamh ag moltóir duine a mholadh faoi fho-alt (7) agus—

(i) maidir leis an duine atá á bhreithniú nó á breithniú amhlaidh—

(I) go raibh, sa tréimhse dá dtagraítear i mír (b), seirbhís tráchtála soláthraithe aige nó aici, nó

(II) go mba fhostaí, nó gur fostaí, é nó í de chuid an duine a sholáthair seirbhís den sórt sin,

agus

(ii) nach mbeidh an moltóir ábalta teacht ar thuairim i dtaobh ar cóir an tseirbhís a mheas mar sheirbhís tráchtála shuntasach don chuideachta,

ansin, féadfaidh an moltóir an duine lena mbaineann a mholadh don Aire ach sin sa chás amháin go ndéanfaidh an moltóir na fíorais iomchuí (lena n-áirítear neamhábaltacht tuairim a cheapadh) a chur in iúl i scríbhinn don Aire tráth nach déanaí ná an tráth a dhéanfar an moladh.

(e) I gcás gurb é tuairim moltóra maidir leis an duine atá á mholadh nó á moladh—

(i) gur sholáthair sé nó sí, laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír (b), seirbhís tráchtála seachas seirbhís tráchtála shuntasach, nó

(ii) go mba fhostaí nó gur fostaí é nó í de chuid duine a sholáthair seirbhís den sórt sin,

ansin, féadfaidh an moltóir na fíorais iomchuí (lena n-áirítear an tuairim sin) a chur in iúl i scríbhinn don Aire.

(f) Ní roghnófar duine lena cheapadh nó lena ceapadh faoi fho-alt (7) mar stiúrthóir ar an gcuideachta lena mbaineann más rud é, maidir leis an duine—

(i) gur fhorchuir an chuideachta sin muirear air nó uirthi faoi alt 13,

(ii) gurbh fhostaí é nó í de chuid duine ar forchuireadh muirear air nó uirthi amhlaidh,

(iii) go raibh, i dtuairim an Aire, seirbhís tráchtála shuntasach soláthraithe aige nó aici, nó

(iv) gurbh fhostaí é nó í de chuid duine a sholáthair seirbhís den sórt sin,

aon tráth le linn na 3 bliana díreach roimh an dáta ar a mbeidh leis an gceapachán.”.

(2) Leasaítear an Cúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (1) de mhír 2:

“(1) Déanfar vótaíocht chun críocha an toghcháin i gcás gur mó ná duine amháin líon na n-iarrthóirí a bheidh arna n-ainmniú de réir an Sceidil seo.”,

(b) trí fhomhír (1) de mhír 4 a scriosadh,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 6:

“6. Ar fhógra a fháil ón gceann comhairimh maidir le hainm an iarrthóra a toghadh nó a dearbhaíodh a bheith tofa faoi mhír 4, déanfaidh an tAire, de réir alt 30, an t-iarrthóir a cheapadh chun bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta.”,

agus

(d) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (3) de mhír 11:

“(3) Féadfaidh ceardchumann nó comhlachas foirne aitheanta, nó féadfaidh dhá chomhlacht nó níos mó den sórt sin i gcomhpháirt, iarrthóir a ainmniú ach ní bheidh aon chomhlacht den sórt sin i dteideal iarrthóir a ainmniú dá thoil féin agus iarrthóir a ainmniú i gcomhpháirt le comhlacht nó comhlachtaí eile den sórt sin.”.

(3) Faoi réir fho-ailt (4) agus (5), ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d’fhuílleach téarma oifige stiúrthóra cuideachta a cheapfar roimh an Acht seo a rith.

(4) I gcás gur stiúrthóir cuideachta duine díreach roimh an Acht seo a rith agus—

(a) go scoirfidh sé nó sí, tar éis an tAcht seo a rith, de bheith ina stiúrthóir sula gcríochnóidh sé nó sí a théarma oifige nó a téarma oifige mar stiúrthóir, agus

(b) gur de bhua a bheith ceaptha de bhun fho-alt (1) nó (3) d’alt 30 den Phríomh-Acht an téarma oifige sin,

ansin, ní cheapfar aon duine faoin bhfo-alt sin don mhéid a bheidh fágtha den téarma oifige sin más rud é, dá dhroim sin, go mbeadh níos mó ná aon stiúrthóir amháin ceaptha faoi ceachtar ceann de na fo-ailt sin nó fúthu araon.

(5) Más rud é, díreach roimh an Acht seo a rith, go raibh duine ina stiúrthóir ar chuideachta agus—

(a) go scoirfidh sé nó sí, tar éis an tAcht seo a rith, de bheith ina stiúrthóir sula mbeidh a théarma oifige nó a téarma oifige mar stiúrthóir curtha isteach aige nó aici, agus

(b) gur de bhua a bheith ceaptha de bhun fho-alt (6) d’alt 30 den Phríomh-Acht an téarma oifige sin,

ansin, ní cheapfar aon duine faoin bhfo-alt sin don mhéid a bheidh fágtha den téarma oifige sin.

(6) Cúlghairtear Rialacháin na gCuideachtaí Poirt (Stiúrthóirí Údaráis Áitiúil a Cheapadh) 1996 (I.R. Uimh. 335 de 1996).

Teorainneacha ceantair píolótaíochta cuideachta.

12 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 57:

“57.— (1) (a) Faoi réir fho-alt (2), is éard a bheidh i gceantar píolótaíochta cuideachta an ceantar píolótaíochta atá leagtha amach i gCuid II den Tríú Sceideal.

(b) Aon tagairt san Acht seo do cheantar píolótaíochta cuideachta, forléireofar í mar thagairt a fholaíonn tagairt d’aon phointe laistigh de theorainneacha a ceantair píolótaíochta mar a dúradh.

(2) (a) I gcás ina mbeidh ordú arna dhéanamh de bhua alt 79(1)(e), is ordú a bhaineann le cuan cuideachta, i bhfeidhm agus ina mbeidh ceantar píolótaíochta an chuain sin leagtha amach i gCuid II den Tríú Sceideal, ansin fad a bheidh an t-ordú i bhfeidhm, is iad teorainneacha an cheantair píolótaíochta sin na teorainneacha a bheidh leagtha amach san ordú sin in ionad na dteorainneacha atá leagtha amach amhlaidh sa Chuid sin II agus a bhaineann leis an gcuan lena mbaineann.

(b) Déanfar an tagairt i mír (a) d’ordú a bheidh i bhfeidhm a fhorléiriú, maidir le hordú den sórt sin a leasófar le hordú a bheidh i bhfeidhm faoi alt 3(4), mar thagairt don ordú céadluaite arna leasú amhlaidh.”.

Leasú ar alt 64 (muirir phíolótaíochta) den Phríomh-Acht.

13 .— Leasaítear alt 64 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) (a) Féadfaidh cuideachta rátaí éagsúla muirear píolótaíochta a fhorchur in imthosca éagsúla.

(b) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), féadfar muirir phíolótaíochta a fhorchur ar mhodh den tsamhail chéanna agus sna himthosca dá bhforáiltear faoi fho-alt (9) d’alt 13 i leith muirear cuain agus beidh feidhm freisin ag an bhfo-alt sin mar aon le fo-alt (10) den alt sin maidir le muirir phíolótaíochta ar an modh céanna a bhfuil feidhm acu maidir le muirir chuain amhail is dá mba thagairtí do mhuirir phíolótaíochta tagairtí do mhuirir chuain.”.

Leasú ar alt 70 (dliteanas a theorannú i leith píolótaí) den Phríomh-Acht.

14 .— Leasaítear alt 70 den Phríomh-Acht trí “€2,500” a chur in ionad “£100” i bhfo-ailt (1) agus (3).

Leasú ar alt 72 (deimhnithe díolúine píolótaíochta) den Phríomh-Acht.

15 .— Leasaítear alt 72 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (b) agus (c) d’fho-alt (1):

“(b) maidir leis an duine—

(i) gur sealbhóir é nó í ar dheimhniú inniúlachta marthanach, arna eisiúint de bhun rialachán arna ndéanamh faoi alt 3 den Acht Loingis Cheannaíochta (Deimhniúchán Mairnéalach) 1979, in aon cheann de na cáileanna seo a leanas:

(I) gur máistir é nó í,

(II) gur príomh-mháta é nó í, nó

(III) gur oifigeach i bhfeighil faire loingseoireachta é nó í,

(ii) gur sealbhóir é nó í ar dhoiciméad marthanach arna eisiúint ag Ballstát eile de na Comhphobail Eorpacha, ag Ríocht na hIorua nó ag Poblacht na hÍoslainne lena ndeimhnítear leibhéal inniúlachta a fhreagraíonn do dheimhniú inniúlachta lena mbaineann fomhír (i),

(c) maidir leis an duine, gur sealbhóir é nó í ar dheimhniú inniúlachta marthanach—

(i) is deimhniú lena mbaineann rialachán I/2 den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Chaighdeáin Oiliúna, Deimhnithe agus Faire do Mharaithe 1978, a rinneadh i Londain an 7 Iúil 1978, agus

(ii) a d’eisigh rialtas aon stáit eile nó a eisíodh faoi údarás rialtais aon stáit eile chuig máistir nó oifigeach léibhinn i gcás ina n-aithníonn an Stát an deimhniú sin chun críocha rialachán I/10 den Choinbhinsiún sin de bhua ordú arna dhéanamh faoi alt 7 (arna leasú le halt 28 den Acht Loingis Cheannaíochta 1992) den Acht Loingis Cheannaíochta 1947,”.

Leasú ar alt 79 (cumhacht an Aire chun soláthar seirbhísí píolótaíochta a atheagrú) den Phríomh-Acht.

16 .— Leasaítear alt 79 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1)(c):

“(c) deireadh a chur le ceantar píolótaíochta (is ceantar píolótaíochta a luaitear in alt 56 nó arna bhunú faoi mhír (a)),

(d) teorainneacha ceantair píolótaíochta lena mbaineann mír (a), (e) nó an mhír seo a athrú,

(e) faoi réir alt 57(2), foráil a dhéanamh maidir le teorainneacha ceantair píolótaíochta dá dtagraítear i gCuid II den Tríú Sceideal in ionad na dteorainneacha atá leagtha amach sa Chuid sin,”,

(b) i bhfo-alt (2)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) Déanfar le hordú faoi mhír (a) d’fho-alt (1), an fheidhm arb éard í soláthar seirbhísí píolótaíochta a eagrú agus a áirithiú sa cheantar píolótaíochta lena mbaineann an t-ordú a thabhairt do dhuine sonraithe. Comhlíonfaidh an duine sin an fheidhm sin ar cheann amháin de na modhanna a shonraítear in alt 56 (1). Tá feidhm ag an Acht seo, a mhéid a bhaineann sé le seirbhísí píolótaíochta thairis sin, maidir leis an gceantar píolótaíochta lena mbaineann ach tagairtí don duine sin a chur in ionad tagairtí do ‘cuideachta’ gach áit a bhfuil sé (seachas san fho-alt seo) agus aon mhodhnuithe eile a dhéanamh is gá.”.

agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) San fho-alt seo, folaíonn ‘duine sonraithe’ cuideachta, údarás cuain lena mbaineann alt 7 den Acht Cuanta 1946 agus údarás áitiúil.”,

agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh cibé acu a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh sé nó sí ordú faoin alt seo beidh aird ag an Aire ar na nithe seo a leanas:

(a) aon teorainneacha cuain atá ann nó atá beartaithe agus lena mbaineann nó lena mbainfeadh an ceantar píolótaíochta nó an ceantar píolótaíochta beartaithe, agus

(b) sábháilteacht loingseoireachta.”.

Leasú ar an bPríomh-Acht a bhaineann le cumhacht chun cuideachtaí a bhunú i leith cuanta nach luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

17 .— Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) sa Tábla a ghabhann le halt 87 trí “Coimisinéirí Cuain an Inbhir Mhóir” a chur isteach i ndiaidh “Coimisinéirí Piara Áth na gCasán”, agus

(b) sa Chéad Sceideal trí “Cuan an Inbhir Mhóir” a scriosadh as colún (1) agus “Cuideachta Cuain an Inbhir Mhóir” a scriosadh as colún (2).

Cuan Bhá Bheanntraí agus Piara agus Cuan Thrá Lí agus na Fianaite a aistriú, etc.

18 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 87:

“87A.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘coimisinéirí cuain iomchuí’—

(a) i ndáil le Cuideachta Phort Chorcaí, Coimisinéirí Cuain Bhá Bheanntraí, agus

(b) i ndáil le Cuideachta Phort na Sionainne agus Fhainge, Coimisinéirí Piara agus Cuain Thrá Lí agus na Fianaite;

ciallaíonn ‘cuideachta poirt iomchuí’—

(a) i ndáil le Coimisinéirí Cuain Bhá Bheanntraí, Cuideachta Phort Chorcaí, agus

(b) i ndáil le Coimisinéirí Piara agus Cuain Thrá Lí agus na Fianaite, Cuideachta Phort na Sionainne agus Fhainge;

ciallaíonn ‘lá an aistrithe’ an lá a cheapfaidh an tAire faoi mhír (a) nó (b) d’fho-alt (2).

(2) (a) Féadfaidh an tAire, faoi réir mhír (c) agus tar éis dul i gcomhairle le Coimisinéirí Cuain Bhá Bheanntraí, le Cuideachta Phort Chorcaí agus le cibé daoine eile (más ann) ar cuí leis an Aire dul i gcomhairle leo sna himthosca, le hordú, lá a cheapadh mar lá an aistrithe chun críocha an ailt seo i leith Chuan Bhá Bheanntraí agus, le héifeacht ón lá sin, beidh Coimisinéirí Cuain Bhá Bheanntraí díscaoilte.

(b) Féadfaidh an tAire, faoi réir mhír (c) agus tar éis dul i gcomhairle le Coimisinéirí Piara agus Cuain Thrá Lí agus na Fianaite, le Cuideachta Phort na Sionainne agus Fhainge agus le cibé daoine eile (más ann) ar cuí leis an Aire dul i gcomhairle leo sna himthosca, le hordú, lá a cheapadh mar lá an aistrithe chun críocha an ailt seo i leith Phiara agus Chuan Thrá Lí agus na Fianaite agus, le héifeacht ón lá sin, beidh Coimisinéirí Piara agus Cuain Thrá Lí agus na Fianaite díscaoilte.

(c) Ní dhéanfar ordú faoi mhír (a) nó (b) go dtí go mbeidh próiseas comhchomhairle poiblí déanta i leith Chuan Bhá Bheanntraí nó Phiara agus Chuan Thrá Lí agus na Fianaite, faoi seach, agus breithniú déanta ar gach aighneacht arna déanamh go cuí de réir an phróisis sin.

(d) I mír (c), ciallaíonn ‘próiseas comhchomhairle poiblí’, cuireadh ón Aire chuig an bpobal chun aighneachtaí a dhéanamh, laistigh de theorainn ama shonraithe, maidir le togra chun ordú a dhéanamh faoi mhír (a) nó (b) d’fho-alt (2) i gcás ina dtugtar cuireadh den sórt sin trí fhógra sa chéill sin arna fhoilsiú i nuachtán a scaiptear laistigh den Stát agus arna fhoilsiú ar an idirlíon.

(e) Is in ionad ordú a dhéanamh faoi alt 87(1) nó 88(2) i leith an chuain lena mbaineann a dhéantar ordú faoin bhfo-alt seo.

(3) Le héifeacht ó lá an aistrithe lena mbaineann, aistrítear—

(a) chuig Cuideachta Phort Chorcaí ó Choimisinéirí Cuain Bhá Bheanntraí, nó

(b) chuig Cuideachta Phort na Sionainne agus Fhainge ó Choimisinéirí Piara agus Cuain Thrá Lí agus na Fianaite,

an mhaoin (réadach agus pearsanta) agus na cearta go léir arna sealbhú nó arna dteachtadh roimh an lá sin ag na coimisinéirí cuain iomchuí agus na dliteanais go léir arna dtabhú roimh an lá sin acu agus nár urscaoileadh roimh an lá sin agus, dá réir sin, gan aon tíolacas, aistriú ná sannadh breise—

(i) maidir leis an maoin a bhí arna sealbhú nó arna teachtadh amhlaidh, idir réadach agus phearsanta, dílseoidh sí do Chuideachta Phort Chorcaí nó Cuideachta Phort na Sionainne agus Fhainge, de réir mar a bheidh, ar feadh an eastáit, an téarma nó an leasa go léir dá raibh sí, díreach roimh an lá sin, dílsithe do na coimisinéirí cuain iomchuí, ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don mhaoin agus atá inchomhlíonta,

(ii) maidir leis na cearta a bhí arna sealbhú nó arna dteachtadh amhlaidh, beidh siad, amhail ar agus ó lá an aistrithe, á sealbhú nó á dteachtadh ag Cuideachta Phort Chorcaí nó Cuideachta Phort na Sionainne agus Fhainge, de réir mar a bheidh, agus

(iii) maidir leis na dliteanais a tabhaíodh amhlaidh, is dliteanais iad, amhail ar agus ó lá an aistrithe, de chuid Chuideachta Phort Chorcaí nó Chuideachta Phort na Sionainne agus Fhainge, de réir mar a bheidh.

(4) Déanfar an t-airgead, na stoic, na scaireanna agus na hurrúis go léir a aistrítear chuig an gcuideachta poirt iomchuí leis an alt seo agus a bheidh, díreach roimh lá an aistrithe, in ainm na gcoimisinéirí cuain iomchuí, ar an gcuideachta poirt iomchuí é a iarraidh, a aistriú isteach in ainm na cuideachta sin.

(5) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear chuig an gcuideachta poirt iomchuí leis an alt seo, féadfaidh an chuideachta poirt iomchuí, lá an aistrithe agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú, nó féadfar agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú i gcoinne na cuideachta poirt iomchuí, ina hainm féin agus ní gá di fógra faoin aistriú a thabhairt don duine a n-aistrítear a cheart nó a ceart nó a dhliteanas nó a dliteanas leis an alt seo.

(6) Maidir le gach—

(a) banna, ráthaíocht nó urrús eile de chineál leanúnach, agus

(b) conradh nó comhaontú,

a bheidh déanta nó tugtha ag na coimisinéirí iomchuí nó thar a gceann d’aon duine nó a bheidh tugtha ag aon duine do na coimisinéirí cuain iomchuí agus a mbeidh glactha ag na coimisinéirí cuain iomchuí leis nó léi nó a mbeidh glactha leis nó léi thar a gceann—

(i) leanfaidh sé nó sí de bheith i bhfeidhm lá an aistrithe lena mbaineann agus dá éis,

(ii) léifear é nó í agus beidh éifeacht leis nó léi amhail is dá gcuirfí ainm na cuideachta iomchuí sa chonradh nó sa chomhaontú in ionad ainm na gcoimisinéirí cuain iomchuí lena mbaineann nó, de réir mar a bheidh, aon iontaobhaí nó gníomhaire a bheidh ag gníomhú thar a gceann, agus

(iii) beidh sé nó sí infhorfheidhmithe i gcoinne na cuideachta iomchuí.

(7) Más rud é, díreach roimh lá an aistrithe lena mbaineann go mbeidh aon imeachtaí dlí ar feitheamh ar páirtí iontu na coimisinéirí cuain iomchuí, déanfar ainm na cuideachta poirt iomchuí a chur in ionad ainm na gcoimisinéirí cuain iomchuí sna himeachtaí, agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an gcur in ionad.

(8) (a) Le héifeacht ó lá an aistrithe lena mbaineann, féadfaidh Cuideachta Phort Chorcaí i leith Chuan Bhá Bheanntraí agus Cuideachta Phort na Sionainne agus Fhainge i leith Phiara agus Chuan Thrá Lí agus na Fianaite fodhlíthe a dhéanamh faoi ailt 42 agus 71.

(b) Gan dochar d’fheidhmiú feidhmeanna faoi ailt 42 agus 71 (de bhua mhír (a)) chun críocha an Séú Sceideal, maidir leis na fodhlíthe go léir, agus leis na hionstraimí eile go léir a bhaineann le cuanrátaí, Chuan Bhá Bheanntraí nó Phiara agus Chuan Thrá Lí agus na Fianaite agus a bheidh ar marthain lá an aistrithe lena mbaineann, leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm agus féadfaidh an chuideachta poirt iomchuí iad a leasú nó a chúlghairm—

(i) ar an modh céanna a bhféadfadh na coimisinéirí cuain iomchuí iad a chúlghairm roimh an lá sin, nó

(ii) faoi alt 42 amhail is dá mba faoin alt sin a rinneadh iad.

(9) (a) Déanfaidh an chuideachta poirt iomchuí, a luaithe is indéanta tar éis lá an aistrithe, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar airgead a gheobhaidh na coimisinéirí cuain iomchuí nó a chaithfidh siad i mbliain chuntasaíochta na gcoimisinéirí sin, nó sa chuid de bhliain chuntasaíochta na gcoimisinéirí sin, dar críoch tráth díreach roimh lá an aistrithe, a ullmhú i cibé foirm a cheadóidh an tAire.

(b) Déanfaidh an chuideachta poirt iomchuí cuntais arna n-ullmhú faoin bhfo-alt seo a chur faoi bhráid iniúchóra lena n-iniúchadh faoi fho-alt (2) d’alt 27 amhail is dá mba chuntais arna gcoimeád chun críocha an ailt sin iad agus beidh feidhm ag na forálacha eile den fho-alt sin (2) maidir leis na cuntais sin.

(10) D’ainneoin aisghairm an Achta Cuanta 1976 faoi alt 19 den Acht Cuanta (Leasú) 2009, leanfaidh an tAire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia de bheith ag feidhmiú na bhfeidhmeanna, na ndualgas agus na gcumhachtaí i ndáil le Lárionad Chuan Iascaigh Bhaile Chaisleáin Bhéarra a thugtar don Aire sin den Rialtas leis an Acht um Lárionaid Chuanta Iascaigh 1968.”.

(2) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 87, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Is in ionad ordú a dhéanamh faoi alt 87A(2) nó 88(2) i leith an chuain lena mbaineann a dhéantar ordú faoin alt seo.”,

agus

(b) in alt 88(2)(a), trí “alt 87(1) nó 87A(2)” a chur in ionad “alt 87”.

Aisghairm iarmhartach agus leasuithe ilghnéitheacha a bhaineann le cuanta.

19 .— (1) Aisghairtear an tAcht Cuanta 1976 le héifeacht ó dháta an aistrithe arna cheapadh ag an Aire faoi alt 87A(2)(a) (arna chur isteach le halt 18) den Phríomh-Acht.

(2) Déantar na forálacha dá dtagraítear sa chéad cholún agus sa dara colún de Sceideal 2 a leasú nó a scriosadh mar a chuirtear in iúl sa tríú colún den Sceideal sin os coinne na dtagairtí sin—

(a) a mhéid a bhaineann sé le fo-ailt (1)(a) agus (6)(a) d’alt 134 den Acht Cuanta 1946, ar an Acht seo a rith,

(b) a mhéid a bhaineann sé le Cuan Bhá Bheanntraí, le héifeacht ó lá an aistrithe arna cheapadh ag an Aire faoi alt 87A(2)(a) (arna chur isteach le halt 18) den Phríomh-Acht, agus

(c) a mhéid a bhaineann sé le Piara agus Cuan Thrá Lí agus na Fianaite, le héifeacht ó lá an aistrithe arna cheapadh ag an Aire faoi alt 87A(2)(b) (arna chur isteach amhlaidh) den Phríomh-Acht.

Leasú ar alt 4A (Oifig Forbartha Muirí na hÉireann) den Acht um Fhoras na Mara 1991.

20 .— Leasaítear alt 4A (arna chur isteach le halt 30 den Acht Iascaigh (Leasú) 1999) den Acht um Fhoras na Mara 1991—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d):

“(da) comhairle a thabhairt don Aire Iompair maidir le forbairt agus comhordú beartais agus beartas a chur i gcrích, de réir mar a shonróidh an tAire sin, i ndáil leis an earnáil port agus seirbhísí port,”,

agus

(ii) trí “don Aire Iompair” a chur in ionad “don Aire” i mír (c) agus “an tAire Iompair” a chur in ionad “an tAire” i mír (d),

agus

(b) i bhfo-alt (2) trí “bealaí farraige” a chur isteach i ndiaidh “‘seirbhísí loingseoireachta’”.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

21 .— (1) Féadfar an tAcht Cuanta (Leasú) 2008 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Cuanta 1996 go 2009 a ghairm de na hAchtanna Cuanta 1996 go 2006 agus den Acht seo (seachas fo-ailt (1) agus (2) d’alt 7, alt 20 agus fo-alt (3)) le chéile agus léifear le chéile iad mar aon ní amháin.

(3) Féadfar na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 go 2009 a ghairm de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 go 2007, d’fho-ailt (1) agus (2) d’alt 7 agus den fho-alt seo le chéile agus léifear le chéile iad mar aon ní amháin.

SCEIDEAL 1

Leasú ar an gCeathrú Sceideal (Forálacha a Bhaineann le Fáil Éigeantach) a ghabhann leis an bPríomh-Acht

Alt 7.

An fhoráil den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht

Na focail atá le hionadú

Na focail atá le cur isteach

Mír 1(1)

chuig an Aire

chuig an mBord Pleanála (dá ngairtear an “Bord” anseo ina dhiaidh seo sa Sceideal seo)

Mír 1(2)

an tAire

an Bord

Mír 1(3)

leis an Aire

leis an mBord

Mír 1(4)

(4) Déanfaidh an tAire aon agóid i gcoinne iarratas na cuideachta a thaiscfear leis nó léi laistigh den tréimhse dá dtagraítear i bhfomhír (3) a bhreithniú agus a chinneadh agus féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis nó léi, comhairleoir a cheapadh chun cabhrú leis nó léi i ndáil leis an gcéanna.

(4) Déanfaidh an Bord aon agóid i gcoinne iarratas na cuideachta a thaiscfear leis laistigh den tréimhse dá dtagraítear i bhfomhír (3) a bhreithniú agus a chinneadh agus féadfaidh an Bord, más oiriúnach leis, comhairleoir a cheapadh chun cabhrú leis i ndáil leis an gcéanna.

Mír 2

Déanfaidh an tAire

Déanfaidh an Bord

Mír 2

iarratas na cuideachta leis nó léi

iarratas na cuideachta leis

Mír 2

ina ndiúltóidh sé nó sí

ina ndiúltóidh sé

Mír 2

a chinnfidh sé nó sí agus a shonróidh sé nó sí

a chinnfidh sé agus a shonróidh sé

Mír 5(4)

le toiliú an Aire

le toiliú an Bhoird

Mír 7(1)

gur deimhin leis an Aire

gur deimhin leis an mBord

Mír 7(1)

ansin féadfaidh an tAire

ansin féadfaidh an Bord

Mír 7(2)

go dtiocfaidh an tAire

go dtiocfaidh an Bord

Mír 7(2)

ar bhás aon duine, cuirfidh an tAire

ar bhás aon duine, cuirfidh an Bord

Mír 7(3)

ón Aire

ón mBord

Mír 8(3)

an tAire

an Bord

Mír 8(3)

cuirfidh sé nó sí faoi deara

cuirfidh sé faoi deara

SCEIDEAL 2

Leasuithe Iarmhartacha ar Chuanta Áirithe a Aistriú

Alt 19.

Gearrtheideal nó lua

An fhoráil dá ndéantar difear

Cineál an difir

An tAcht Cuanta 1946

Alt 134

An Chéad Sceideal

Mír (a) d’fho-alt (1) agus mír (a) d’fho-alt (6) a scriosadh.

An méid seo a leanas (a cuireadh isteach le halt 2 den Acht Cuanta 1976) a scriosadh:

Coimisinéirí Cuain Bhá Bheanntraí.

Comhairle chontae Chorcaí. Coimisinéirí Baile bhaile Bheanntraí.

Comhlachas Tráchtála Bheanntraí.

”.

An tAcht um Lárionaid Chuanta Iascaigh (Leasú) 1992

Fo-ailt (3) agus (4) d’alt 2

“Cuideachta Phort Chorcaí” a chur in ionad “Coimisinéirí Cuain Bhá Bheanntraí”.

Na Rialacháin Rialtais Áitiúil (Táillí Iniúchta) 2003 (I.R. Uimh. 622 de 2003)

An Sceideal

Na tagairtí i gcolún 1 do “Coimisinéirí Cuain Bhá Bheanntraí” agus do “Coimisinéirí Piara agus Cuain Thrá Lí agus na Fianaite” a scriosadh agus an táille iniúchta dá dtagraítear os coinne gach ceann de na tagairtí sin i gColún 2 a scriosadh.

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Córas Faireacháin agus Faisnéise um Thrácht Árthach) (I.R. Uimh. 81 de 2004)

An Sceideal

An méid seo a leanas a chur in ionad na hiontrála ag uimhir thagartha 2:

“2.

Beanntraí

Cuideachta Phort Chorcaí”.

An méid seo a leanas a chur in ionad na hiontrála ag uimhir thagartha 12:

“12.

Trá Lí agus an Fhianait

Cuideachta Phort na Sionainne agus Fhainge”.