|
||||
|
| ||||
Uimhir 35 de 2009 | ||||
AN tACHT COSANTA (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA) 2009 | ||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||
RIAR NA nALT | ||||
Alt | ||||
2. Rannpháirteachas ag an Stát i dtionscadail agus i gcláir áirithe . | ||||
3. Rannpháirteachas ag an Stát i mbuanchomhar struchtúrtha . | ||||
| ||||
| ||||
| ||||
Uimhir 35 de 2009 | ||||
AN tACHT COSANTA (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA) 2009 | ||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||
ACHT CHUN A CHEANGAL GO mBEIDH RANNPHÁIRTEACHAS AG AN STÁT I dTIONSCADAIL AGUS I gCLÁIR FAOI AIRTEAGAIL 20 AGUS 21 DE GHNÍOMHAÍOCHT CHOMHPHÁIRTEACH 2004/551/CFSP AN 12 IÚIL 2004 ÓN gCOMHAIRLE1 MAIDIR LE BUNÚ NA GNÍOMHAIREACHTA EORPAÍ UM CHOSAINT FAOI RÉIR A CHEADAITHE ROIMH RÉ AG AN RIALTAS AGUS AG DÁIL ÉIREANN; CHUN A CHEANGAL GO mBEIDH RANNPHÁIRTEACHAS AG AN STÁT I mBUANCHOMHAR STRUCHTÚRTHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 42 DEN CHONRADH AR AN AONTAS EORPACH FAOI RÉIR AN CHEADAITHE SIN FREISIN; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS AN MÉID SIN. | ||||
[24 Samhain, 2009] | ||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||
Mínithe. |
1 .— San Acht seo— | |||
ciallaíonn “Gníomhaíocht Chomhpháirteach ón gComhairle” Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/551/CFSP an 12 Iúil 2004 ón gComhairle maidir le bunú na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint; | ||||
ciallaíonn “Conradh ar an Aontas Eorpach” an Conradh ar an Aontas Eorpach arna leasú le Conradh Liospóin; | ||||
ciallaíonn “Conradh Liospóin” Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna shíniú i Liospóin an 13ú lá de Nollaig 2007; | ||||
ciallaíonn “misean arna shainordú ag na Náisiúin Aontaithe” misean a bhunófar, a shainordófar, a údarófar, a n-aontófar leis, a dtacófar leis, a fhormheasfar nó a cheadófar ar shlí eile le rún ó Chomhairle Slándála nó ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe. | ||||
Rannpháirteachas ag an Stát i dtionscadail agus i gcláir áirithe. |
2 .— (1) Beidh rannpháirteachas ag an Stát i dtionscadal nó i gclár lena mbaineann Airteagal 20 nó 21 den Ghníomhaíocht Chomhpháirteach ón gComhairle faoi réir a cheadaithe roimh ré ag an Rialtas agus a cheadaithe roimh ré ag Dáil Éireann. | |||
(2) Ní cheadóidh an Rialtas rannpháirteachas ag an Stát i dtionscadal nó i gclár dá dtagraítear i bhfo-alt (1) mura deimhin leis go gcuideodh an rannpháirteachas sin chun cumais a fheabhsú le haghaidh misean arna sainordú ag na Náisiúin Aontaithe ar misin iad a bheidh ag gabháil don tsíocháin a choimeád, do choinbhleacht a chosc nó don tslándáil idirnáisiúnta a neartú de réir phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe. | ||||
Rannpháirteachas ag an Stát i mbuanchomhar struchtúrtha. |
3 .— (1) Beidh fógra ón Stát faoi mhír 1 nó 3 d’Airteagal 46 den Chonradh ar an Aontas Eorpach i dtaobh é a bheith beartaithe ag an Stát a bheith rannpháirteach i mbuanchomhar struchtúrtha dá dtagraítear i mír 6 d’Airteagal 42 den chonradh sin faoi réir a cheadaithe roimh ré ag an Rialtas agus a cheadaithe roimh ré ag Dáil Éireann. | |||
(2) Ní cheadóidh an Rialtas fógra a bhfuil feidhm ag fo-alt (1) maidir leis a thabhairt mura deimhin leis go gcuideodh rannpháirteachas i mbuanchomhar struchtúrtha lena mbaineann an fógra chun cumais a fheabhsú le haghaidh misean arna sainordú ag na Náisiúin Aontaithe ar misin iad a bheidh ag gabháil don tsíocháin a choimeád, do choinbhleacht a chosc nó don tslándáil idirnáisiúnta a neartú de réir phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe. | ||||
Gearrtheideal. |
4 .— Féadfar an tAcht Cosanta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009 a ghairm den Acht seo. | |||