|
||||
|
[EN] | ||
[EN] |
AN tACHT UM AN gCÚIGIÚ LEASÚ AR AN mBUNREACHT, 1972 | |
ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ. [5 Eanáir, 1973] | ||
DE BHRÍ gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráileamh ar bith den Bhunreacht do leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin: | ||
AGUS DE BHRÍ go bhfuil beartaithe Airteagal 44 den Bhunreacht do leasú: | ||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Airteagal 44 den Bhunreacht do leasú. |
1. —Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 44 den Bhunreacht: |
[EN] | (a) scriosfar fo-ailt 2° agus 3° d'alt 1 den téacs Gaeilge, | |
[EN] | (b) scriosfar fo-ailt 2° agus 3° d'alt 1 den téacs Sacs-Bhéarla, | |
[EN] | (c) alt 1 a bheidh mar uimhir ar fho-alt 1° d'alt 1 den dá théacs. | |
[EN] |
Lua. |
2. —(1) An Cúigiú Leasú ar an mBunreacht a bhéarfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar an tAcht um an gCúigiú Leasú ar an mBunreacht, 1972 , a ghairm den Acht seo. |