1 1932


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1932.


ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SHEALADAIGH UM PIARA AGUS CUAN, 1932.


ACHT CHUN ORDÚ CHUAN LUIMNIGHE, 1932, DO DHAINGNIÚ.       [2adh Iúl, 1932.]

DE BHRÍ go bhfuil an tAire Tionnscail agus Tráchtála tar éis Ordú Chuan Luimnighe, 1932, atá leagtha amach sa Scéideal a ghabhann leis an Acht so, do dhéanamh go cuibhe fén General Pier and Harbour Act, 1861, agus fén General Pier and Harbour Act, 1861, Amendment Act, mar atáid san oiriúnuithe leis an Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimh. 2 de 1922):

AGUS DE BHRÍ fé fhorálacha na nAcht san ná beidh aon dleathacht ná feidhm in aon chor ag an Ordú san mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh an tOireachtas é do dhaingniú:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

An tOrdú sa Sceideal do dhaingniú.

1. —Daingnítear leis seo an tOrdú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus beidh lán-dleathacht agus lánfheidhm ag á fhorálacha uile.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht Daingnithe Orduithe Shealadaigh um Piara agus Cuan, 1932 , do ghairm den Acht so.

SCEIDEAL.

ORDU CHUAN LUIMNIGHE, 1932.

Ordu chun Comhachta Breise do Bhronnadh ar Choimisineiri Chuan Luimnighe agus chun Cricheanna Eile.

Gearr-theideal.

1.—(1) Féadfar Ordú Chuan Luimnighe, 1932, do ghairm den Ordú so.

(2) Déanfar an tAcht dar teideal “An Act for the erection of a bridge across the River Shannon and of a floating dock to accommodate Sharp vessels frequenting the port of Limerick, 1823”; an tAcht dar teideal “An Act to amend an Act passed in the fourth year of the reign of his late Majesty King George the Fourth, entitled An Act for the erection of a bridge across the River Shannon and of a floating dock to accommodate Sharp vessels frequenting the port of Limerick, 1834”; an Limerick Docks and Harbour Improvement Amendment Act, 1847; an Limerick Harbour (Composition of Debt) Act, 1867; an Limerick Harbour Act, 1867; an Limerick Harbour Act, 1888; an Limerick Harbour Order, 1903; an Limerick Harbour Order, 1921; Acht Chuan Luimnighe, 1926 ; Acht Trambhealach Chuan Luimnighe, 1931 agus an tOrdú so do léigheamh agus do léiriú le chéile mar aon scríbhinn amháin; agus féadfar Achtanna agus Orduithe Chuan Luimnighe, 1823 go 1932, do ghairm díobh.

Tosach feidhme.

2.—Tiocfaidh an tOrdú so i ngníomh an lá a rithfear an tAcht a dheineann daingniú ar an Ordú so.

Léiriú.

3.—San Ordú so beidh ag na focail agus ag na habairtí seo leanas, mara n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, na bríonna so leanas, sé sin le rá:—

cialluíonn “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn “na Coimisinéirí” Coimisinéirí Chuan Luimnighe;

cialluíonn agus foluíonn “ioncum an chuain” gach custum, ráta, éileamh, dleacht, agus cíos, agus gach airgead agus fáltas eile, fhéadfaidh na Coimisinéirí do ghlacadh no d'fháil i bhfuirm ioncuim fé fhorálacha Achtanna agus Orduithe Chuan Luimnighe, 1823 go 1932;

cialluíonn agus foluíonn “an cuan” an cuan atá ann cheana agus na tailte, na hoibreacha, na háitreibh, an gléasra agus na háiseanna do fuarthas no do rinneadh no a gheobhfar no a déanfar ina dhiaidh seo fé fhorálacha Achtanna agus Orduithe Chuan Luimnighe, 1823 go 1932;

cialluíonn “na hAchtanna agus na hOrduithe atá ann cheana” na hAchtanna agus na hOrduithe, seachas an tOrdú so, a luaidhtear i bhfo-alt (2) d'alt 1 den Ordú so.

Gnóthairí.

4.—Isiad na Coimisinéirí is gnóthairí chun an Orduithe seo do chur i ngníomh.

Cad déanfar leis an gCúl-Chiste.

5.—(1) Féadfaidh na Coimisinéirí o am go ham iomlán an chúl-chiste no aon chuid den chúl-chiste a húdaruítear do bhunú le fo-alt (1) d'alt 49 d'Acht Trambhealach Chuan Luimnighe, 1931 , do chur chun no mar chabhair chun íoctha costais na n-oibreacha, no chun no mar chabhair chun crícheanna eile, a húdaruítear le hAcht Chuan Luimnighe, 1926 , no chun no mar chabhair chun pé críche eile ar a gcinnfid le toiliú an Aire, ach ní chun aon chríche eile.

(2) Deintear leis seo fo-alt (2) d'alt 48 d'Acht Trambhealach Chuan Luimnighe, 1931 , d'athghairm, gan dochar d'éinní bheidh déanta ag na Coimisinéirí fén bhfo-alt san roimh an dáta ar a dtiocfaidh an tOrdú so i ngníomh.

Slí isteach chun Duga.

6.—Féadfaidh na Coimisinéirí, chó luath agus a bheidh an tslí nua isteach chun duga, a húdaruítear le halt 3 d'Acht Chuan Luimnighe, 1926 , críochnuithe agus in úsáid, an tslí chun duga, atá ann cheana, do dhúnadh agus do líonadh.

Síntiúisí do Chiste Sochair na bPíolóidí.

7.—Féadfaidh na Coimisinéirí o am go ham síntiús d'íoc isteach i gciste ar n-a bhunú fé fhorálacha an Pilotage Act, 1913, chun sochair phíolóidí fé dhlighinse. Údaráis Phíolóideachta Luimnighe, pé síntiús is oiriúnach leo agus le n-a dtoileoidh an tAire.

Cad déanfar le hIoncum.

8.—D'ainneoin éinní atá sna hAchtanna agus sna hOrduithe atá ann cheana déanfaidh na Coimisinéirí ioncum an chuain do chur chun na gcrícheanna agus san ord so leanas agus ní chun aon chríche ná in aon ord eile:—

(1) Chun na gcostaisí d'íoc a bhaineann agus a ghabhann leis an Ordú so d'ullamhú agus do dhéanamh.

(2) Chun an chostais d'íoc is ionchurtha le ceart i gcoinnibh Ioncuim agus a bhaineann leis an gcuan, maraon le gach áis a ghabhann leis an gcuan, do choimeád i dtreo, do dheisiú agus do bhainistí.

(3) Chun an úis d'íoc, fé mar agus nuair a thiocfa sé chun bheith dlite o am go ham, ar aon airgead do fuair na Coimisinéirí ar iasacht.

(4) Chun íoca do dhéanamh, ar aon tslí a húdaruítear leis na hAchtanna agus leis na hOrduithe atá ann cheana, in aon airgead colna do fuair na Coimisinéirí ar iasacht.

(5) Chun suimeanna airgid, más ann dóibh, d'íoc no do chur i leithreas, fé mar a húdaruítear leis na hAchtanna agus leis na hOrduithe atá ann cheana, isteach sa chúlchiste no le haghaidh an chúl-chiste a húdaruítear a bhunú le fo-alt (1) d'alt 49 d'Acht Trambhealach Chuan Luimnighe, 1931 .

(6) Chun síntiúisí, más ann dóibh, d'íoc a húdaruítear le halt 7 den Ordú so.

Déanfar an farasbarr (más ann do) a bheidh fágtha tar éis soláthair do sna crícheanna roimhráite do chur chun pé críche no crícheanna ordóidh an tAire.

Cosaint do chearta an Stáit.

9.—Ní dhéanfaidh éinní san Ordú so aon deifir d'aon mhaoin réalta ná pearsanta atá dílsithe i Saorstát Éireann no in aon Aire do Shaorstát Éireann no in aon bhord no cólucht a fheidhmíonn aon fheidhmeanna rialtais no riaracháin phuiblí ná ní léireofar é mar ní a theorannuíonn no a dhocharuíonn cearta Shaorstáit Éireann no aon cheart, comhacht, príbhléid no dualgas atá dílsithe do réir dlí in aon Aire no in aon oifigeach do Shaorstát Éireann agus go sonnrách ní déanfar aon chomhachta chun aon oibreacha do thógáil, do dhéanamh, d'atharú no do leathnú ar aon mhaoin den tsórt san roimhráite do léiriú mar nithe a bhronnann ar na Coimisinéirí aon cheart chun dul isteach in aon mhaoin den tsórt san no aon estát no leas inti ach ní oibreoidh an t-alt so chun na gCoimisinéirí do chosc ar na comhachta san d'fheidhmiú do réir an Orduithe seo má bhíonn agus nuair a bheidh an ceart san chun dul isteach mar adubhradh faighte go cuibhe do réir dlí ag na Coimisinéirí.

Costaisí an Orduithe.

10.—Na costaisí, na héilithe agus na caithteachaisí uile (fé mar a mheasfaidh an t-oifigeach ceart iad) a bhaineann agus a ghabhann le hullamhú an Orduithe seo agus gur gá, ar aon tslí eile, dul fútha mar gheall air, íocfaidh na gnóthairí iad.