1 1941


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1941.


ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SHEALADAIGH ÓN ROINN RIAGHALTAIS ÁITEAMHAIL AGUS SLÁINTE POIBLIDHE, 1941.

[An tionntódh oifigeamhail.]


ACHT CHUN DAINGNIÚ DO DHÉANAMH AR ORDÚ SEALADACH CHATHAIR BHAILE ATHÁ CLIATH (TEORA DO LEATHNÚ), 1941. [17adh Iúl, 1941.]

DE BHRÍ go bhfuil an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe tar éis Ordú Sealadach Chathair Bhaile Atha Cliath (Teora do Leathnú), 1941, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do dhéanamh go cuibhe fén Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930):

AGUS DE BHRÍ ná beidh éifeacht ag an Ordú san, fé fhorálacha an Achta san, mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh an tOireachtas é dhaingniú:

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

An t-Ordú sa Sceideal do dhaingniú.

1. —Daingnítear leis seo an tOrdú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus beidh lán-bhailíocht agus lán-fheidhm ag á fhorálacha uile.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht Daingnithe Orduithe Shealadaigh ón Roinn Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe, 1941 , do ghairm den Acht so.

SCEIDEAL.

AN ROINN RIAGHALTAIS AITEAMHAIL AGUS SLAINTE POIBLIDHE

ORDU SEALADACH CHUN TEORA CHATHAIR BHAILE ATHA CLIATH DO LEATHNU.

DE BHRÍ, de bhun fo-ailt (1) d'alt 27 den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 , go ndearna Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath agus iad ag gníomhú tríd an gComhairle, go ndearnadar ar an 18adh lá d'Eanar, 1941, a chur fé ndear go dtíolacfaí impí don Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe (dá ngairmtear “an tAire” anso feasta) á iarraidh go ndéanfaí ordú sealadach ag leathnú teora Chathair Bhaile Atha Cliath i slí go gcuirfear leis an gcathair an chuid de Chontae Riaracháin Bhaile Atha Cliath a tuairiscítear sa Sceideal a ghabhann leis seo:

AGUS DE BHRÍ nach cuid de Bhuirg Dhún Laoghaire an chuid sin den Chontae sin:

AGUS DE BHRÍ, tar éis don Aire an t-iarratas san d'fháil, gur chuir sé fé ndear go ndéanfaí fiosrúchán áitiúil i dtaobh abhar an iarratais agus gur bhreithnigh sé pé aithris chúise do rinne Comhairle Chontae Riaracháin Bhaile Atha Cliath leis:

AGUS DE BHRÍ gur dóich leis an Aire gur ceart éifeacht do thabhairt don mholadh atá san iarratas san gan atharú do dhéanamh air:

ANOIS AR AN ÁBHAR SAN i bhfeidhmiú na gcomhacht a dílsítear ann le halt 27 den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 , agus i bhfeidhmiú gach comhachta eile le n-a gcuirtear so ar a chumas, orduíonn an tAire leis seo mar leanas, sé sin le rá:—

1. Féadfar Ordú Sealadach Chathair Bhaile Atha Cliath (Teora do Leathnú), 1941, do ghairm den Ordú so.

2. Tiocfaidh an tOrdú so i bhfeidhm an lá déanfar dlí d'Acht daingnithe an Orduithe seo agus gairmtear “dáta tosach feidhme an Orduithe seo” den lá san san Ordú so.

3. San Ordú so, mara n-éilíonn an có-théacs a mhalairt:—

cialluíonn an abairt “an Bárdas” Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn an abairt “an Chomhairle Chontae” Comhairle Chontae Riaracháin Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn an abairt “an Bord Sláinte” Bord Sláinte Puiblí Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn an abairt “an Chathair” Contae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath; agus

cialluíonn an focal “Contae” Contae Riaracháin Bhaile Atha Cliath.

4. Ar dháta tosach feidhme an Orduithe seo agus ón dáta san amach beidh an líomatáiste tuairiscítear sa Sceideal a ghabhann leis seo gearrtha amach ón gContae agus o dhlighinse agus comhachta na Comhairle Contae agus an Bhúird Shláinte, agus cuirfear leis an gCathair é, agus as san amach beidh an líomatáiste sin sa Chathair agus ina chuid den Chathair chun gach críche agus leathnófar teora na Cathrach dá réir sin.

5. (1) Aon choigeartú ar ní no ar rud ar bith is gá do choigeartú idir an Bárdas agus an Chomhairle Chontae no an Bord Sláinte de dhruim an líomatáiste tuairiscítear sa Sceideal a ghabhann leis seo do chó-cheangal leis an gCathair tríd an Ordú so, déanfar é sa tslí foráltar le halt 19 den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 , chun aon ní no rud do choigeartú bhaineann leis an líomatáiste dá ngairmtear an “tuath-líomatáiste có-cheangailte” san alt san, agus beidh éifeacht ag forálacha an ailt sin dá réir sin ach na hatharuithe is gá do dhéanamh air.

(2) Féadfar socrú do dhéanamh le haon choigeartú den tsórt san i dtaobh aon cheann de sna nithe luaidhtear san alt san 19 den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 , go n-údaruítear socrú do dhéanamh ina thaobh le coigeartú aontuithe.

6. Ar dháta tosach feidhme an Orduithe seo agus ón dáta san amach scuirfidh an líomatáiste tuairiscítear sa Sceideal a ghabhann leis seo de bheith ina chuid de Líomatáiste Toghacháin Contae Uimh. 2 den Chontae, agus déanfar é do chur le Líomatáiste Toghacháin Buirge Uimh. 4 den Chathair agus as san amach beidh sé ina chuid den líomatáiste sin.

7. (1) Déanfar an líomatáiste tuairiscítear sa Sceideal a ghabhann leis seo do theasbáint ar leithligh, i pé slí ordóidh an tAire, sa Chlár de Thoghthóirí don Chontae do tháinig in éifeacht an 1adh lá de Mheitheamh díreach roimh dháta tosach feidhme an Orduithe seo.

(2) Chó luath agus a bheidh eaoi ann chuige sin tar éis dáta tosach feidhme an Orduithe seo, agus roimh an gcéad lá díreach tar éis dáta tosach feidhme an Orduithe seo bheidh ceaptha le dlí chun toghacháin áitiúla do chomóradh sa Chontae no sa Chathair, pé aca lá is túisce bheidh ann, leasóidh an t-oifigeach clárathachta don Chontae an clár de thoghthóirí don Chontae i slí a thabharfaidh éifeacht d'fhorálacha fo-ailt (1) den airteagal so agus, chun gach críche, isé an clár san de thoghthóirí, ar n-a leasú amhlaidh, an clár de thoghthóirí don Chontae bheidh i bhfeidhm go dtí an chéad lá de Mheitheamh díreach tar éis dáta tosach feidhme an Orduithe seo.

Sceideal da dTagartar san Ordu san roimhe seo.

TUAIRISC AR AN gCUID SIN DEN CHONTAE CUIRTEAR LEIS AN gCATHAIR TRID AN ORDU SO.

An chuid sin de thailte Chroimghlinne atá suidhte i bParóiste agus i mBaile Fearainn Chroimghlinne agus sa Chontae, agus atá thiar-theas o Theora na Cathrach atá ann anois agus idir an teorainn sin agus líne thosnuíonn ag an áit ina dteangmhuíonn Teora na Cathrach atá ann anois le Bóthar an Mhuilinn Gaoithe, agus a théigheann fan lár Bhóthar an Mhuilinn Gaoithe siar o dheas go dtí an áit ina dteangmhuíonn Bóthar an Mhuilinn Gaoithe le Bóthar San Una, agus ansan fan lár Bhóthar San Una o dheas go dtí an áit ina dteangmhuíonn Bóthar San Una le Páirc San Una, ba chuid roimhe seo de Bhóthar Ard Macha, ansan soir o thuaidh fan lár Pháirc San Una adubhradh go dtí an áit ina dteangmhuíonn Páirc San Una le Lána an Chaptaen, ansan soir o dheas fan lár Lána an Chaptaen go dtí Teora na Cathrach atá ann anois; agus tá 100 acra 2 cheathrú agus 0 péirse sa líomatáiste sin ar fad.

/images/seal.jpg

Ar n-a thabhairt fé Shéala Oifigiúil an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe an Seachtú lá déag so d'Aibreán, Míle Naoi gCéad a hAon is Dachad.

(Sighnithe) PáDRAIG RUITHLéIS,

An tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe.